Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Irish Funeral Oration over Owen O'Neill
Title
An Irish Funeral Oration over Owen O'Neill
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Hyde, Douglas
Composition Date
1897
Publisher
(Béal Feirste: Ulster Archaeological Society, 1897)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Oratio Funebris Eoghain Ui Néill etc. Oroid no cómhradh triamhuineach eugcaointeach air bhás Eoghain óirirc I Néill; noch do tháinig agus do shíoluigh air threabha tighearnadh uasal áird-chéimeach Chlann-Aodh-Buidhe. A Shléibhte Gelboe nár tigidh drúcht fearthain oruibh; san áit air thuit tréan Laocroidh Israel.
Leughtear san 31 caibh do'n chéad leabhar do leabhraibh na ríogh air an bhás a fuair Saul árd-righ Israel, agus mar do marbhadh a mhac Ionatan. Air gcloistin na sgeul-sa do Daibhi an rígh do leig sé anuas na déara troma tuirseacha aig caoineadh Shauil agus a mhic, le caintigeadh triamhaineacha eugcaointeacha, agus aig strócadh a chuid éadaigh agus earruidh uime. Bhí a chúmhtha cúmha agus a throm-dhoighlios chomh mór agus sin gur mhalluidh agus gur easgain sé an áit thubuisteach mhíodh-ádhbhar ann air thuiteadar na fir sin, ag rádh "a Shléibhte Gelboe etc. An easgain agus an mallughadh a rigne an rígh Daibhi air shléibte Gelboe as siocair gur marbadh go míodh-ádhbhar an righ agus a mhac orra, nidhmíd-ne an easgain agus an mallughadh céadna air an áit mhallaidhthe mhíodh-ádhbhar ann air thuit Eóghan óirirc O Néill, laoch cródha air i.e. ár ttíre. Is air an duine uasal-sa a labhras an cómhrádh craidte noch do ranntar ann dá roinn. Tráchtar san céad roinn air na sinsireadh uasal áird-ghniomhach uadfa ó ttáinig an leómhan uasal onórach-sa, agus air na mór-mhaithe do rinneadar. Sandara roinn tráchtar air féin, air an mhaitheas ba dhual agus bu dhúthcas dó a deunamh, air a chailidheacht, air na talluin agus ar na tiodhlacaidh éfeachtach noch do shealbhuidhe sé ann a áird-chéim. "Arbor bona bonos fructus facit," a deir Críosta san tsoisgeul, Iodhoin, is dual do'n chrann mhaith tórtha maithe thabhairt. Aue Maria. Un Chéad Roinn. Réir mar atá dhá gné no chinneál uilc no peacuidh ann .I. peacadh na sinsire agus peacadh gníomha; is amhlaidh mar an gcéadna atá dhá gné no cineál maithis ann, .i. an maith dhúthchais is dual a theacht mar oighreacht ó'n tsinsireacht, agus an maith gníomha do nidh duine, é féin, maille re h-iom-chuidioghadh agus cúmhnughadh na ngrás neamhdha. Do bhí an dá chinneal tíodhlacaidh-se ag Eóghan óirdheirc O Néill; óir budh dual agus budh duthchas dó a bheith go maith a ttaoibh a shinsireadh, do bhrigh gur air sluct agus ais lorg ríogh agus ró-thighearnadh do tháinig siad réir seanchais fiosach fír-eólach na n-úghdar, agus gnáthchuimhne choitceanta na tíre sgríobhtha i gcroidhe agus i mbeul gach duine. Is ó Aodh buidhe a ghoirthear clann Aodh buidhe do'n tuaidh thíre atá
ó Loch Neathach go h-Athcat tré cheart-lár mheadhan na tíre go Loch Cuan agus ó sin go fairge a ttaoibh ó thuaidh. Do bhí tigheardas agus ceannas na críche-se uile ag Aodh-buidhe agus ag a chloinn go nuige Conn dar bha comh-ainm "Conn an aithnidh," agus is uime a tugadh an t-ainm sin air, cion go raibh sé fial fáiltheach flaitheamhail agus aithneach air anuile dhuine. Do ghin Aodh-buidhe Brian dar bh'ainm Brian chatha Dúin noch do thuit anaghaidh a námhad láimh le Dún réir innse agus sgeuluigheacht na stárthoir. Do ghinn Brian chatha Dúin Hainrigh, do ghinn Hainrigh Muircheartach ceannfhada, do ghinn Muircheartach ceann-fhada Brian Ballach, do ghinn Brian Ballach Aodh buidhe athair "Chuinn an aithnidh": sé an Connsa a bhí na thighearna a gclann Aodh-buidhe le Rée i.e., ré agus le linn Gall a theacht a neart a n-Eírinn, .i. le linn agus le reimheas bhanrioghan Isiobal, Eduard an sé, agus an chéad Righ Séamas. Is a n-aimsir agus a bhflathas Choinn a bhí an doctúir fóghlamtha diadhachta Aodh mhac Aingil ann, noch a d'fhág saothar agus uidios i.e., oideas maith sgríobhtha na dhiaidh ar Shacramaint na h-Aithrighe, agus a bhí na dhiaidh sin, é féin, na phríomh-fháidh ar Éirinn uile. Do b'fial fáilteach an flaith Conn réir mar chanadar fileadh fóghlamtha agus aois dána na Hiomsaora i.e., h-aimsire sin, ag radh.
Míle fáilte dhuit-se a Choinn Thugam i.e., Chugam air tuinn chum do thíre féin, U mhic onóra an abhra dhoinn U bhradain grinn do Chlanna Néill.
Ni breacóg a bhí ann do theach Acht mairt-fheóil chreach agus cuirm, Ól fíona agus mallairt each Buaidh do chinnidh leat-sa Choinn. Choinn etc.
Is amhlaidh do chuir an file fóghlamtha maitheas agus féile Choinn síos air ttoigheacht dó as Sagsana tar éis é a bheith a láthair an righ fá imreasan agus fá aithneas do bhí eidir é féin agus Gaill chluainteacha chlamparacha na himsiora i.e., h-aimsire sin, do thug iarraidh a dhuthaidh agus a thigheardas a bhuain dé, noch do criochnaighdar fá dheóidh faraor le feill moirt agus dithcheannadh daoine; le sgrios agus le díbirt a slóighte a muinntir agus a oighreadh, gan stad gan sgith gan chómhnaigh; go bás an tíreanaigh mhío-trocaraigh Crumuil. Is fiadhnaise air an fhírinne-se feall na Coinnleice agus Bhaille Dháibhi, láimh leis an Bhaille nuadh, a gclann Aodh-buidhe; feall Aird mhic Criosg, eidir Béalfairste agus Beanchor, anois Holywood. Feall an Chumair nuadh maille re h-áiteachuibh eile a chuaidh air dearmad. Ag an Chumair nuadh teilgeadh na slóighte síos le fánuidh a meadhan na fairge, ar mhódh gurab é is ainm do'n áit sin gus an ló niodh i.e., andhiu, "Lag-na-ngóstadh": d'á dhearbhugthadh so atá daoine fós beó do chonairc go minic cnámha agus cloigneadh na n daoine san áit sin ar ndul amach do'n lán-mara, agus atáid fós le faicsinn gus an ló niodh. Ann gach áit reamh-raidhte do marbhadh agus do di-ceannadh na mílte d'fearuibh do mhnáibh agus do leanbuibh, gan chádas, gan choigilt, gan taise, gan truaidhe, gan trócaire. An tan sin do díbreadh agus do di-cheannadh go sunradhach Cealladhaigh, cloinn Mhic I Ghabhanna, clann Ghiollmhuir, agus cloinn I
Mhaolchraoibhe .i. giolla óga agus lucht leanmhunta Chlann I Néill, maille re h-iol-umad i.e., il-iomad dronga do-airmthe do-innse eile, "Quam nemo numerare poterat." Agus fá dheóidh an méid nach ar díbreadh agus nach ar di-cheannadh díobh an tan sin, do theathadar i.e., theitheadar agus do chuadar ar seachrán go tíortha coigcrícheacha coimheacha, ag fágáil a bhfearuin agus á bhfineachuis, a mbailte agus a longpurtaibh ó'n ló sin gus aniodh, ag achtarnaidh i.e., eachtranaigh agus ag Albanaidh choimheacha mar ionad cuinne agus cómhnaidh re fóirneart. Do ghinn Conn an aithnidh Niall, do ghinn Niall Niall Óg. Ingen Macartain do bhí pósta ag Niall óg agus is uaidhche a tháinig Brian Faghartach, óir air ttoigheacht do inghean mhac Artain air cuairt go tigh a h-athara go cinneal fhaghartaigh do rugadh Brian agus is uime sin a goireadh Brian Faghartach dé. Do ghinn Brian Faghartach Neall lege Niall do ghinn Niall Tuathal, do ghinn Tuathal Feidhlim athair Aodmeirgidh do bhí 'na churuidh chródha cath-armach no gur fágadh 'san ár a n-Eachruim é ag troid ar son a chreidimh a righ agus a thíre re dúil fonn fearan agus fineachas a shinsireadh a bhuain do Ghallaibh dó féin agus d'á oighribh na dhiaidh. Do ghinn Aodh meirgeach Niall óg, Tuathal, Aodh óg, Feidhlim agus Eóghan. So iad na treabha agus na fréamha uaisle uadhfa o ttáinig Eoghan agus a dhearbhráithre, agus is mór agus budh mhaith na teachta agus na h-áird-gniomha do rinneadar réir sgríobhadh agus ágalladh na seannóir .i. do thógadar Baillte cuain agus Caislein, mharbh siod fearuin agus fineachuis do theampluibh do mainistreachaibh do manachaibh agus d'eagluis. Thugadar saoirse agus saidhbhreas do ghiolluibh óga, agus d'á luchtleanmhunta, .i. coillte Cealladhacha do Chealladhuchuibh, Purt-a-ghiolla ghruama agus na faireachadh ma gcuairt do Chloinn I Maolchraoibhe, Aird mhic-Criosg do chloinn Giollmhuir.
Rinneadar mórán daonacht agus deighgníomha do-innse eile, mar sin ni haonadh lege h-iongnadh tórtha maithe agus ceadach a teacht ó na crainn agus ó na fréamha fíor-uaisle-se .i. Niall óg an caiptín clúiteach onórach noch do chuaidh a gcáth agus a gcéim annsna reagúnaibh imchiana, agus annsna tíortha coigcricheacha coimheacha, eadhan, san talamh íochtarach, san bhFrainc, agus san Eadailte; ní do thaoibhcadhais no caradas daoine, acht le neart agus le treidhe a loinn agus a láimhe gaisgeamhail féin, maille re gach tiodhlacadh agus gach mór-thalluin eile dá raibh aige, mar cualuis dá dhearbhughadh go minic ag an muintir aca a raibh eoluis air. Ar sgáth Thuathail Fhéidhlim agus Eoghain orra ttráchtar san dara roinn do'n chómhradh-sa budh deacair agus bu doighlidh a maitheas a meas agus a mór-clúth a cheilt no a mhúcadh ann a ttír ndúthais féin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services