Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Irish Funeral Oration over Owen O'Neill

Title
An Irish Funeral Oration over Owen O'Neill
Author(s)
Anaithnid,
Compiler/Editor
Hyde, Douglas
Composition Date
1897
Publisher
(Béal Feirste: Ulster Archaeological Society, 1897)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Oratio Funebris Eoghain Ui Néill etc.



Oroid no cómhradh triamhuineach eugcaointeach air bhás Eoghain
óirirc I Néill; noch do tháinig agus do shíoluigh air threabha tighearnadh
uasal áird-chéimeach Chlann-Aodh-Buidhe.



A Shléibhte Gelboe nár tigidh drúcht fearthain oruibh; san áit air thuit
tréan Laocroidh Israel.


L. 263


Leughtear san 31 caibh do'n chéad leabhar do leabhraibh na ríogh air
an bhás a fuair Saul árd-righ Israel, agus mar do marbhadh a mhac
Ionatan. Air gcloistin na sgeul-sa do Daibhi an rígh do leig sé
anuas na déara troma tuirseacha aig caoineadh Shauil agus a mhic, le
caintigeadh triamhaineacha eugcaointeacha, agus aig strócadh a chuid
éadaigh agus earruidh uime. Bhí a chúmhtha cúmha agus a throm-dhoighlios
chomh mór agus sin gur mhalluidh agus gur easgain sé an áit thubuisteach
mhíodh-ádhbhar ann air thuiteadar na fir sin, ag rádh "a Shléibhte
Gelboe etc. An easgain agus an mallughadh a rigne an rígh Daibhi air
shléibte Gelboe as siocair gur marbadh go míodh-ádhbhar an righ agus
a mhac orra, nidhmíd-ne an easgain agus an mallughadh céadna air an
áit mhallaidhthe mhíodh-ádhbhar ann air thuit Eóghan óirirc O
Néill, laoch cródha air i.e. ár ttíre. Is air an duine uasal-sa a labhras an
cómhrádh craidte noch do ranntar ann dá roinn.



Tráchtar san céad roinn air na sinsireadh uasal áird-ghniomhach
uadfa ó ttáinig an leómhan uasal onórach-sa, agus air na mór-mhaithe
do rinneadar.



Sandara roinn tráchtar air féin, air an mhaitheas ba dhual agus
bu dhúthcas dó a deunamh, air a chailidheacht, air na talluin agus ar
na tiodhlacaidh éfeachtach noch do shealbhuidhe sé ann a áird-chéim.
"Arbor bona bonos fructus facit," a deir Críosta san tsoisgeul,
Iodhoin, is dual do'n chrann mhaith tórtha maithe thabhairt. Aue
Maria.



Un Chéad Roinn.



Réir mar atá dhá gné no chinneál uilc no peacuidh ann .I. peacadh
na sinsire agus peacadh gníomha; is amhlaidh mar an gcéadna atá dhá
gné no cineál maithis ann, .i. an maith dhúthchais is dual a theacht mar
oighreacht ó'n tsinsireacht, agus an maith gníomha do nidh duine, é féin,
maille re h-iom-chuidioghadh agus cúmhnughadh na ngrás neamhdha.



Do bhí an dá chinneal tíodhlacaidh-se ag Eóghan óirdheirc O Néill;
óir budh dual agus budh duthchas dó a bheith go maith a ttaoibh a
shinsireadh, do bhrigh gur air sluct agus ais lorg ríogh agus ró-thighearnadh
do tháinig siad réir seanchais fiosach fír-eólach na n-úghdar, agus
gnáthchuimhne choitceanta na tíre sgríobhtha i gcroidhe agus i mbeul gach
duine.



Is ó Aodh buidhe a ghoirthear clann Aodh buidhe do'n tuaidh thíre
atá


L. 265


ó Loch Neathach go h-Athcat tré cheart-lár mheadhan na tíre go Loch
Cuan agus ó sin go fairge a ttaoibh ó thuaidh.



Do bhí tigheardas agus ceannas na críche-se uile ag Aodh-buidhe
agus ag a chloinn go nuige Conn dar bha comh-ainm "Conn an aithnidh,"
agus is uime a tugadh an t-ainm sin air, cion go raibh sé fial fáiltheach
flaitheamhail agus aithneach air anuile dhuine. Do ghin Aodh-buidhe
Brian dar bh'ainm Brian chatha Dúin noch do thuit anaghaidh a námhad
láimh le Dún réir innse agus sgeuluigheacht na stárthoir. Do
ghinn Brian chatha Dúin Hainrigh, do ghinn Hainrigh Muircheartach
ceannfhada, do ghinn Muircheartach ceann-fhada Brian Ballach, do
ghinn Brian Ballach Aodh buidhe athair "Chuinn an aithnidh": sé an
Connsa a bhí na thighearna a gclann Aodh-buidhe le Rée i.e.,
ré agus le linn Gall a theacht a neart a n-Eírinn, .i. le linn agus le
reimheas bhanrioghan Isiobal, Eduard an sé, agus an chéad
Righ Séamas.



Is a n-aimsir agus a bhflathas Choinn a bhí an doctúir fóghlamtha
diadhachta Aodh mhac Aingil ann, noch a d'fhág saothar agus uidios
i.e., oideas maith sgríobhtha na dhiaidh ar Shacramaint na h-Aithrighe,
agus a bhí na dhiaidh sin, é féin, na phríomh-fháidh ar Éirinn
uile.



Do b'fial fáilteach an flaith Conn réir mar chanadar fileadh
fóghlamtha agus aois dána na Hiomsaora i.e., h-aimsire sin, ag
radh.




Míle fáilte dhuit-se a Choinn
Thugam i.e., Chugam air tuinn chum do thíre féin,
U mhic onóra an abhra dhoinn
U bhradain grinn do Chlanna Néill.


L. 267


Ni breacóg a bhí ann do theach
Acht mairt-fheóil chreach agus cuirm,
Ól fíona agus mallairt each
Buaidh do chinnidh leat-sa Choinn.
Choinn etc.




Is amhlaidh do chuir an file fóghlamtha maitheas agus féile Choinn
síos air ttoigheacht dó as Sagsana tar éis é a bheith a láthair an righ
fá imreasan agus fá aithneas do bhí eidir é féin agus Gaill
chluainteacha chlamparacha na himsiora i.e., h-aimsire sin, do thug
iarraidh a dhuthaidh agus a thigheardas a bhuain dé, noch do criochnaighdar
fá dheóidh faraor le feill moirt agus dithcheannadh daoine; le
sgrios agus le díbirt a slóighte a muinntir agus a oighreadh, gan
stad gan sgith gan chómhnaigh; go bás an tíreanaigh mhío-trocaraigh
Crumuil.



Is fiadhnaise air an fhírinne-se feall na Coinnleice agus Bhaille
Dháibhi, láimh leis an Bhaille nuadh, a gclann Aodh-buidhe; feall
Aird mhic Criosg, eidir Béalfairste agus Beanchor, anois Holywood.
Feall an Chumair nuadh maille re h-áiteachuibh eile a chuaidh air
dearmad. Ag an Chumair nuadh teilgeadh na slóighte síos le fánuidh a
meadhan na fairge, ar mhódh gurab é is ainm do'n áit sin gus an ló niodh
i.e., andhiu, "Lag-na-ngóstadh": d'á dhearbhugthadh so atá daoine fós
beó do chonairc go minic cnámha agus cloigneadh na n daoine san áit sin ar
ndul amach do'n lán-mara, agus atáid fós le faicsinn gus an ló
niodh. Ann gach áit reamh-raidhte do marbhadh agus do di-ceannadh
na mílte d'fearuibh do mhnáibh agus do leanbuibh, gan chádas, gan
choigilt, gan taise, gan truaidhe, gan trócaire.



An tan sin do díbreadh agus do di-cheannadh go sunradhach
Cealladhaigh, cloinn Mhic I Ghabhanna, clann Ghiollmhuir, agus cloinn
I


L. 269


Mhaolchraoibhe .i. giolla óga agus lucht leanmhunta Chlann I Néill,
maille re h-iol-umad i.e., il-iomad dronga do-airmthe do-innse
eile, "Quam nemo numerare poterat." Agus fá dheóidh an méid nach
ar díbreadh agus nach ar di-cheannadh díobh an tan sin, do theathadar
i.e., theitheadar agus do chuadar ar seachrán go tíortha coigcrícheacha
coimheacha, ag fágáil a bhfearuin agus á bhfineachuis, a mbailte agus a
longpurtaibh ó'n ló sin gus aniodh, ag achtarnaidh i.e., eachtranaigh
agus ag Albanaidh choimheacha mar ionad cuinne agus cómhnaidh re
fóirneart.



Do ghinn Conn an aithnidh Niall, do ghinn Niall Niall Óg. Ingen
Macartain do bhí pósta ag Niall óg agus is uaidhche a tháinig Brian
Faghartach, óir air ttoigheacht do inghean mhac Artain air cuairt go tigh
a h-athara go cinneal fhaghartaigh do rugadh Brian agus is uime sin a
goireadh Brian Faghartach dé. Do ghinn Brian Faghartach Neall lege
Niall do ghinn Niall Tuathal, do ghinn Tuathal Feidhlim athair
Aodmeirgidh do bhí 'na churuidh chródha cath-armach no gur fágadh
'san ár a n-Eachruim é ag troid ar son a chreidimh a righ agus a thíre
re dúil fonn fearan agus fineachas a shinsireadh a bhuain do Ghallaibh dó
féin agus d'á oighribh na dhiaidh.



Do ghinn Aodh meirgeach Niall óg, Tuathal, Aodh óg, Feidhlim
agus Eóghan. So iad na treabha agus na fréamha uaisle uadhfa o ttáinig
Eoghan agus a dhearbhráithre, agus is mór agus budh mhaith na teachta
agus na h-áird-gniomha do rinneadar réir sgríobhadh agus ágalladh
na seannóir .i. do thógadar Baillte cuain agus Caislein, mharbh siod
fearuin agus fineachuis do theampluibh do mainistreachaibh do manachaibh
agus d'eagluis.



Thugadar saoirse agus saidhbhreas do ghiolluibh óga, agus d'á
luchtleanmhunta, .i. coillte Cealladhacha do Chealladhuchuibh,
Purt-a-ghiolla ghruama agus na faireachadh ma gcuairt do Chloinn I
Maolchraoibhe, Aird mhic-Criosg do chloinn Giollmhuir.


L. 271


Rinneadar mórán daonacht agus deighgníomha do-innse eile, mar
sin ni haonadh lege h-iongnadh tórtha maithe agus ceadach a teacht ó na
crainn agus ó na fréamha fíor-uaisle-se .i. Niall óg an caiptín
clúiteach onórach noch do chuaidh a gcáth agus a gcéim annsna reagúnaibh
imchiana, agus annsna tíortha coigcricheacha coimheacha, eadhan, san
talamh íochtarach, san bhFrainc, agus san Eadailte; ní do thaoibhcadhais
no caradas daoine, acht le neart agus le treidhe a loinn agus a láimhe
gaisgeamhail féin, maille re gach tiodhlacadh agus gach mór-thalluin eile
dá raibh aige, mar cualuis dá dhearbhughadh go minic ag an muintir aca
a raibh eoluis air. Ar sgáth Thuathail Fhéidhlim agus Eoghain orra
ttráchtar san dara roinn do'n chómhradh-sa budh deacair agus bu
doighlidh a maitheas a meas agus a mór-clúth a cheilt no a mhúcadh ann
a ttír ndúthais féin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services