Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Sgéal Chúchulainn ag Cuan Cárn
Title
Sgéal Chúchulainn ag Cuan Cárn
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Pen Name
Mac Tíre na Páirce
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Bhí sin ann mar is fada ó shoin a bhí laoch mór láidir i nÉirinn a dtugadh siad Cúchulainn mac Sualtraigh air. Chuaidh Cúchulainn go Cuan Cárn. Ní thug sé a airm ná a éideadh leis acht bior cuilinn bhí leis i n-a láimh. Chuir sé a Laoghaire agus a charbad timcheall agus a chuid arm agus éididh ins an charbad. Ní fada bhí sé 'na sheasamh ag an chuan go dtainic bean uasal i gcoite bheag. Chuir sé ceist uirthi cia aca de uaislibh ná de anuaislibh an domhain í. Dubhairt sí gur nighean do Rígh na hAntoile bhí innti, agus go dtug rudaire gaisgidh searc agus síor-ghrádh dí go bhfuair sé í le pósadh : 2. "Oidhche mo bhainse agus mo phósta," ars' ise, "thainic an Cítheach Árd, mac Ríogh an bhFear Borb, agus d'árduigh sé leis mé i gclannóig a sgéithe. Chuir mé fá gheasaibh agus fá dhíomdha na bliadhna é gan bean luighe a dheanamh díom 'fhad is thiocfadh liom gaisgidheach ar bith eile ar bhruinn thall an domhain fhághail a throidfeadh é. Chuala mé iomrádh ar Chúchulainn; smaoi'tigh mé gur tusa an fear." 3. Ní rabh faill ag Cúchulainn a rádh cia aca is é ná nach é go dtainic an Cítheach Árd, mac Ríogh na bhFear Borb. Chuir sé ladhar a choise isteach i mbríste Chúchulainn gur chaith sé i n-áirde ins na fiormailtíbh é. Bhí torn-chleas ag Cúchul- ainn, dhá leigfidhe amach ins an spéir thuas é, go dtiocfadh sé ar a dhá chois ar an talamh. Nuair a fuair sé a theacht chuige féin annsin, bhí an Cítheach Árd amuigh ar an tsoitheach agus an bhean uasal leis. 4. Bhí Cúchulainn buadhartha nach rabh arm ná éideadh aige leis an fhathach a throid. Chaith sé urchar de'n bhior cuilinn
air agus bhuail sé é faoi'n asgaill. Bhris sé trí hasnacha agus chuir sé trí bholgam fola amach. "Bheirim breathnughadh, a stócaigh," ars' an fathach, "má haostar ort, go gcuirfe tú fearg ar dhuine ínnteach go fóill, agus fágfa mise do mhúnadh ar dhuine ínnteach eile; b'fhéidir nach dtiocfa tú trasna orm-sa choidhche aríst." 5. Bhí fearg ar Chúchulainn, agus stróc sé a chuid éadaigh féin, mar nach rabh arm ná éideadh aige leis an fhathach a throid. Chuaidh sé 'un a' bhaile tárnochttha. Ghlac sé a leabaidh ar acht gan éirghe a choidhche bráthach, cion is nach rabh a chuid arm ná éididh aige leis an fhathach a throid. Thainic Laoghaire agus an carbad annsin. Fuair sé cuid éadaigh a mhaighistir strócthaí. Thiomáin sé na beathaigh go géar gasta 'un a' bhaile. D'fhiafruigh díobhtha : "A' bhfaca sibh mo mhaighistir Cúchulainn?" Dubhairt siad go dtainic sé tá tamall ó shoin tárnochttha 'un a' bhaile agus go rabh sé 'na luighe ar leabaidh ar tí gan éirghe go bhfághadh sé bás. 6. Chuaidh an Laoghaire isteach annsin dh'ionnsuidhe ar a mhaighistir Cúchulainn : "A mhaighistir a b'fhearr a bhí ag duine riamh, goidé seo thainic ort?" D'innis Cúchulainn dó goidé d'éirigh dó ag Cuan Cárn : "Tá mé ar tí luighe ar a' leabaidh seo go bhfágha mé bás." "Ná deán sin, a mhaighistir, acht éirigh 'do sheasamh. Cuireamuid biadh sheacht mbliadhan 'steach ar a' Bhric- mharcaigh ná go gcuireamuid an domhan i bhfáinne ná go bhfághmuid a' Cítheach Árd go mbaine tú sásadh do mhasla as." 7. Thóg siad annsin a seóltaí Beaga bocóideacha bacóideacha Coimhide cóimhdhíreacha Ag dul i mbarr na gcrann, Ag éisdeacht le lupadáin, le lapadáin, Le guthaibh na róntach, Le saghaitbheach na bhfaoileann fionn Ag dul amach go fíor-ghlinnte an aodhair, Nár fhág siad táirnge gan síneadh,
Rópa gan suathadh, Maide rámha gan ró-bhriseadh, Ag cur i gcéill agus gur bh'iad fhéin Caisleán an chogaidh, Leomhantaí na troide, Fir stiúrtha marcach, Fir ollmhuighe gach catha, Clann an ríogh leis an ríogh-mhnaoi, Culaith dhíbeartha na ngallóglach, gur stiuir siad an long isteach ag cuan ceangail ins an áit nach rabh siad ariamh aroimhe. Cheangail siad an long annsin agus chonnaic siad cúirt agus caisleán ríogh. Ní fhaca siad oiread fear ariamh aroimhe agus chonnaic siad annsin. 8. Bhí buaidh ar Chúchulainn nach bhfaca sé cúirt ná caisleán ríogh riamh go gcaitheadh sé é fhéin a phuball agus a pháilliún a dheánamh thuas os cionn caisleáin an ríogh. Tharraing siad croinn as an talamh, chuir siad rinn ar a mbun agus snaidhm ar a mbárr gur chumhduigh siad suas é le sgraithe caonaigh gur bhuail siad suas sponc agus teine chreasa go dtearn siad teinidh dóibh fhéin. Chaith siad biadh agus d'ól siad deoch. A ráidhtigh Cúchulainn : "A Laoghaire, coimheád thusa go gcodlaidh mise tamall, agus coimheádfa mise tamall duit-se ar ball." 9. Chonnaic an rí an toit thuas ins an phubaill. "Ní'l 'fhios agam cia na beadaidhe an-bheadaidhe chuir suas a bpuball os cionn champa an ríogh. Gabhadh triúr agaibh suas agus tugaigidh anuas gaibhte iad sin. Mur' dtigidh siad libh anuas, bainigidh díobhtha an cionn." Chuaidh triúr aca suas agus dubhairt siad le Laoghaire : "Abair le do mhaighistir a theacht amach go dtéidh tú fhéin agus do mhaighistir síos gaibhte, ná mur' dtéidhidh, bainfear an cionn díobh." "An é sin a rabh de ghnaithe ag teacht agaibh?" arsa Laoghaire. "'Sé," arsa iad-san. 10. Rug Laoghaire ar a chraoiseach agus ar a chloidheamh.
Bhain sé an cionn de bheirt aca. Bhain sé a chuid éadaigh de'n tríomhadh fear agus chuir sé cinn na beirte eile anuas ar a mhuin. Ghlac sé fuip annsin agus sgiúr sé anuas go dtí campa an ríogh é ag innse do'n rígh gur buachaill an fhir thuas a chuir anuas é agus dhá chionn a chomrádaidhe leis ar a mhuin. "Gabhadh dáréag agaibh suas," arsa 'n rí, "agus tabhraigidh anuas gaibhte iad." 11. D'imthigh dháréag aca suas le príosúnaigh a dheánamh díobhtha. Nuair a chonnaic Laoghaire ag teacht iad, bheir sé ar a chloidheamh, agus bhain sé an cionn de dheich gclaigne aca agus bhain sé a gcuid éadaigh de'n bheirt eile ;chuir sé cúig cinn, mar déarthá, ar dhruim ghach aon dhuine de'n bheirt. Ghlac sé an fhuip annsin agus sgiúr sé anuas iad go campa an ríogh. Nuair a chonnaic an rí goidé bhí an buachaill ábalta a dheánamh, thug sé órdughadh d'á rabh ins an champa uili-g' a dhul suas go ndeánadh siad príosúnaigh díobhtha. 12. Nuair a chonnaic Laoghaire an t-iomlán ag teacht, d'aithin sé go mbéadh barraidheacht os a choinne. Mhusgail sé Cúchulainn. D'éirigh Cúchulainn 'na sheasamh. Thug sé sracadh ar a chloidheamh. Thug sé sgrábóg ar a shúlaibh. "Bhfuil siad ag teacht?" a ráidhtigh Cúchulainn. "Táid siad chugainn aníos annsoin," arsa Laoghaire. 13. Chuaidh Cúchulainn amach fá choinne thall i n-a n-airicis. "Goidé tá tú a dheánamh, a mhaighistir?" arsa Laoghaire. "Ná deán sin, a mhaighistir; seasuigh thall annsin taobh thall de'n charraig sin thall, agus seasocha mise i bhfos annseo. An fear imeochas ort-sa ceapfa mise é, agus an fear imeochas orm-sa ceapfa tusa é, go dtéidhmid thríobhtha, fúbhtha agus tharstú, go ndeánamuid trí chárnán díobhtha, cárnán d'á gcinn, cárnán d'á gcuim, agus cárnán d'á gcuid arm agus éididh." "Luighim faoi m'airm," a ráidhtigh Cúchulainn, "a Laoghaire, nach bhfuair mé fear mo chomhairleacha comh maith leat." 14. Thainic siad 'un tosaigh. Bhí triúr fathach ar thoiseach
na bhfear a rabh lorgadán iarainn ar ghualainn ghach aon dhuine acú a rabh buille 'gus sáthadh agus fastódh air. Túsuigh Cúchulainn agus Laoghaire orthú go dteacha siad thríobhtha, fúbhtha agus tharstú, mar rachadh seabhac thríd ailt ná préachán geárr thríd sgaifte cearc, go dtearn siad trí cárnáin díobhtha, cárnán d'á gcinn, cárnán d'á gcuim agus cárnán d'á gcuid airm agus éididh go dtainic siad go dtí an sean-rí é fhéin go dtug siad ceangal na gcúig gcaol air go dúr daingean dócamhlach. 15. "Sgaoiligidh mé," arsa 'n rí, "agus dheánfa me báillidh agus péidse dhíbh le bheith 'cruinniughadh isteach áird-chíos na ríoghachta chugam." "Do dhona agus do dhothairne ort!" a ráidhtigh Cúchulainn; "goidé an fáth a mbéamuistinne 'ar mbáillíbh ná 'ar bpéidsíbh agad? Céb' ar bith a dheánfá-sa, le bheith 'do bháillídh agus 'do phéidse agam-sa, ní sgaoilfe mé thú," a ráidhtigh Cúchulainn, "go n-innse tú damh goidé an t-ádhbhar a rabh oiread fear cruinnighthe agad." "Innseochaidh mé sin duid; tá mé ag glacadh isteach fear le seacht mbliadhna," a ráidhtigh an rí, "fá choinne dhul go hÉirinn, go marbhmuid an fear atá annsin, Conall Cearnach; bhain se an cionn dem' athair mór agus dem' athair fhéin." 16. A ráidhtigh Cúchulainn: "Sin duine muinteardha damh-sa, agus bhéarfa mé thusa gaibhte ceangailte go mbaine sé an cionn díot fhéin mar an gcéadna." "Guidhim thú, a ghaisgidhigh ab' fhearr a chonnaic me ariamh," a ráidhtigh an rí, "agus ná deán sin liom. Dhá bhfeiceadh an fear sin mé, 'sé teicheadh mo chos nach dtabhairfeadh as damh!" "Maise, sgaoilfe mé thú," a ráidhtigh Cúchulainn. 17. Thug an rí isteach iad ar dhaighneacht na cúirte. Bhí seacht ndoirse ar thaobh na sráide de'n chúirt a dtiocfadh le marcach gan tuirlint theacht isteach orthú. Thainic an biadh i n-ionad a chaithte, deoch i n-ionad a hólta, an t-ór i n-ionad a phronnta, ceóltaí sídhe 'gus orgáin thríd an
chúirt go dtainic moch lae agus luath éirghe gréine lá har n-a bhárach. Thug an rí uisge agus tabhaill go dtí gach éan-fhear acú gur nigh siad a n-aghaidh agus a lámha. Fuair siad a mbricfeásta annsin. I ndéidh a mbricfeásta a ráidhtigh Cúchulainn leis an rígh :- 18. "Mharbh mé do chuid fear uilig indé; má tá ní ar bith 'sa' domhan ag cur buaidheartha ort, réidhteocha mise duid sol a n-imthighe mé." "Ní'l ní ar bith 'sa' domhan ag cur buaidheartha orm," a ráidhtigh an rí, "acht nighean amháin a bhí agam. Thug fathach draoidheachta grádh dí. Mar nach bhfuigheadh sé í le pósadh, rinn sé péist dí le draoidheachta, agus tá sí 'na luighe ar a' loch thiar ar íochtar a' bhaile. Ní thiocfadh an draoidheachta bhaint dí, mur' bhfághthaoi gaisgidheach iongantach a rachadh amach ar a' loch agus bhéarfadh trí póga dí ar thóin an locha. I ndéidh sin 's uilig a dheánamh, ní bhéidheadh gar ann; thiocfadh fathach na draoidheachta ort agus mhuir'feadh sé thú. Ní thainic a'n fhear ariamh slán o n-a lámhaibh." "Caillfear mise leis," a ráidhtigh Cúchulainn, "ná saorthócha mé do nighean." 19. Chaith Cúchulainn de a chuid éadaigh. D'imthigh sé amach 'sa' loch. Thainic sé ar an phéist 'na codladh agus thug sé trí póga dí ar thóin an locha. Thuit an draoidheachta dí, thainic sí leis ar uachtar an uisge ar ghreim bárr bosa agus barróg coise go dtug sé isteach í. Chuir sé a chlóca thart 'na timcheall go dtug sé isteach 'un na cúirte í. Chuir sí a culaith éadaigh fhéin uirthí. Bhí cuma uirthí annsin comh maith agus bhí ariamh. A ráidhtigh an rí le Cúchulainn : "Measaim nach bhfuil a'n bhean go fóill agat. Gheobha tú mo nighean-sa le pósadh agus iomlán mo ríoghachta." 20. A ráidhtigh Cúchulainn: "Go rabh céad maith agat. Níor chuir mé buaidhreadh mná orm ariamh. 'Sé an obair atá agam troid le fathaigh, 'seasamh ceart do bhaintreachaibh 's do dhíleachtaíbh."
A ráidhtigh an rí: "An misde damh a fhiafraighe cá bhfuil do thoisg ná do shíor-imtheacht ag dul?" 21. "Ní misde go dearbhtha," a ráidhtigh Cúchulainn : "Bhí mé aon uair amháin ag Cuan Cárn. Thainic bean uasal isteach chugam i gcoite bheag ag Cuan Cárn. D'innis sí damh gur'b í nighean ríogh na hAntoile 'sa' Domhan Thoir í. Oidhche a bainse 's a pósta ar a' rudaire gaisgidh thainic a' Cítheach Árd, mac ríogh na bhFear Borb, "d'árduigh sé leis mé i gclannóig a sgéithe," ars' ise, "chuir mé fá gheasaibh fá dhíomdha na bliadhna é, a' laoch ba mheasa agus ba mheaithtí 'ná é fhéin, a chionn, a chosa agus a choimheád beatha bhaint de, gan bean luighe a dheanamh díom fhad agus gheobhainn gaisgidheach ar bith ar bhruinn thall an domhain a throidfeadh é. Chuala mé iomrádh ar Chúchulainn i n-Éirinn ;smaoi'tigh mé gur tusa an fear.' Ní rabh faill agam innse dí cia 'cú budh mé ná nach mé go dtainic a' Cítheach Árd, mac ríogh na bhFear Borb orm, rug sé ar a' mhnaoi uasail agus chuir sé faoi n'asgaill í. Chuir se ladhar mór a choise isteach i bhforc mo bhríste, chaith se i n-áirde mé ins na fiormailtíbh. Thainic me ar mo dhá chois ar a' talamh. Bhí sé amuigh ar a luing ins an am sain. Bhí mé buaidheartha mar nach rabh arm agus éideadh agam a throidfeadh é. Chaith mé urchar de'n bhior chuilinn a bhí in mo dhórn, bhuail mé faoi'n asgaill é, agus bhris mé trí hasnacha ann. Chuir sé trí bholgam fola amach. 'Bheirim breathnughadh, a stócaigh," a ráidhtigh an fathach, "má haostar ort, go gcuirfe tú fearg ar dhuine innteacht go fóill; b'fhéidir nach dtiocfá trasna orm-sa choidhche aríst; fágfa mé do mhúnadh ar dhuine innteach eile." Tá mé anois ag cuartughadh a' Chíthigh Áird, mhac ríogh na bhFear Borb, ariamh ó shoin, agus ní'l fhios agam cá bhfuil sé ná cé bhfuighe mé é." 22. "Is maith mar thárlaidh," a ráidhtigh an rí, "tá a ríoghachta ag críochantacht liom-sa. Thig liom-sa," a ráidhtigh an rí, "do chur ar an eolus, agus is fheárr duid pilleadh 'un a' bhaile; ní thainic aon fhear ariamh slán o n-a lámhaibh."
"Ní feárr liom mo shiubhal uilig 'ná fios fhághail cá bhfuil se," a ráidhtigh Cúchulainn. 23. D'éirigh an ghaoth, táirneach agus splanncach, thainic an fathach anoir i n-i néal go rabh sé i bhfogus dóibh; chaith sé é fhéin amach as an néal agus a chlaidheamh mór clais-leathan cinn óir leis. "A Chúchulainn as Éirinn," a ráidhtigh an fathach, "Bhí sé beadaidhe iomarcach agad baint do mo ghnaithe-sa. Bhéarfa mise ort nach duid is fheárrde. Tionntuigh anuas annseo go mbaine me díod do chionn." "B'fhéidir gur'b é do chionn fhéin a' chéad chionn a thiocfadh anuas," a ráidhtigh Cúchulainn. 24. Thoisigh an dís ar a chéile mar bheadh dhá leómhan ann go dtearn siad bogach de'n chreagach agus creagach de'n bhogach, toibre glana fíoruisge i lár na gcloch glas ;dhá dtigeadh éan beag ó íochtar an domhain go huachtar an domhain gura' dh'amharc aeir agus iongantais ar an dís a bhí ann a thiocfadh. Smaoi'tigh Cúchulainn gur bhocht an rud dó é fhéin fhághail marbh le fathach mór i dtír choimhightheach, thóg sé a chroidhe suas i meangán a chléibh, thóg sé a chlaidheamh agus bhain sé an cionn de'n fhathach. Thuit an fhathach marbh. "'Nois," a ráidhtigh Cúchulainn leis an rígh, "tá do nighean- sa saor agat agus tá'n fathach marbh; is fheárr duid sin 'ná an méid fear a mharbh mise indé uaid." A ráidhtigh an rí: "Is fheárr liom é 'ná a mhíle oiread." 25. Thaisean an rí dó an bealach i rachadh sé go dtí an Cítheach Árd. D'fhág Cúchulainn slán agus beannacht aige. Shín leis i n-a thrí síomáin agus mar ruagaire reatha. D'innis an rí dó go rabh beirt dhearbhráithreach ag an Chítheach Árd taobh 'muigh de fhéin, an Garaidh Garbh-ghlúnach, mhac Ríogh na bhFear Borb, agus an Dragún Teinntidhe, mac Ríogh na bhFear Borb. Shín Cúchulainn leis annsin go rabh sé ag cuaille comhraic an chéad fhir. Bhuail sé buille ar an chuaille comhraic. Thainic an fathach mór amach:
"'Dtig libh fios nó eolus a thabhairt damh cia an fathach a bhuail an buille ar mo chuaille comhraic?" "Thig linn," a ráidhtigh Cúchulainn; "gur mise an fear a bhuail é agus go mbuailfinn a leitheid eile a bhuille ort-sa go hárd-acfhainneach i mullaigh na claigne." 26. Thoisigh an dís ar a chéile, an fathach agus Cúchulainn, agus bhí an bheirt cómh maith ag dhá chlaidheamh agus tráthnóna nach rabh aon dheór fhola le ceachtar acú. A ráidhtigh an fathach: "Tá mé 'g iarraidh fhosadh comhraic ort go dtí maidin i mbárach. Gabh fhéin agus do bhuachaill isteach ins an teach fholamh annsin thiar." Stad an troid. Chuaidh an fathach 'un a chaisleáin. Chuaidh Cúchulainn agus Laoghaire go dtí an teach folamh go maidin. 27. Le héirghe gréine lá har n-a bhárach chuaidh Cúchulainn amach, bhuail sé buille ar an chuaille chomhraic nach gcualaidh an fathach a leitheid ariamh aroimhe. "A Chúchulainn," a ráidhtigh an fathach, "tá margáil deánta agam-sa indiu; ní'l fhios agam an seasócha tusa dó: Gan duine ar bith againn buille an duine eile cheapadh ná chosnamh go dtí an oidhche." "Tá mé sásta," a ráidhtigh Cúchulainn. 28. Thoisigh an dís ar a chéile. Ní luighfeadh teinidh ar an fhathach agus ní dheargfadh arm air leis an draoidheacht. Gach aon bhuille dh'á mbuaileadh sé ar Chúchulainn, théidheadh sé isteach go dtí an chnámh ann. "Tá mé 'g iarraidh fhosadh comhraic ort," a ráidhtigh Cúchulainn. "Bhéarfa mé sin duid," a ráidhtigh an fathach: "Ná himthigh le do chionn go hÉirinn go bhfágha mise a bhaint díod i mbárach." "Ní imeochaidh," a ráidhtigh Cúchulainn. 29. Chuaidh an fathach isteach 'un a' chaisleáin. Chuaidh Cúchulainn isteach 'un a' tighe. "Beir ar do chlaidheamh," a ráidhtigh Cúchulainn le Laoghaire, "agus bain díom mo chionn agus imthigh go gÉirinn leis, sol a rabh
sé le rádh ag fathach i dtír choimhightheach gur bhain sé díom mo chionn." "Cha dteánaim," a ráidhtigh Laoghaire, "acht troidfe mé an fathach i mbárach agus anóirthear agus ghach lá go mí ó 'ndiú : cuirfe mé thusa faoi léigheas." 30. Leis sin fhéin buaileadh buille ar an dorus. "Cia siud ag an dorus?" a ráidhtigh Cúchulainn. "Mise Fuidí Faidí as Éirinn." "Gur'b é feadhrom do bheatha agus do shláinte as Éirinn, a Fhuidí Faidí; ní rabh mé riamh i gcruadh-chás cómh mór is tá mé." Thug Fuidí Faidí a' luibh gharbh ghlas as a phóca. Chumail sé do chneadhachaibh Chúchulainn í. D'fhág sé slán folláin é. 31. "A Chúchulainn," a ráidhtigh Fuidí Faidí "rinn tú margáil amaideach leis an fhathach. Bhí an fear sin ag fathach draoidheachta seacht mbliadhna go dtug fabhairt dó fhéin le huisge draoidheachta. Níor chuimhnigh sé an t-uisge a chur suas ar a dhruim agus ní mhuirbhfe tú é acht mur n-aimsighe tú ins an druim é. A' dara fathach mar an gcéadna, fuair sé fabhairt de dh'uisge na draoidheachta; níor chuimhnigh sé a chur suas ar phollán a shróna. An tríomhadh fathach, fuair sé fabhairt do dh'uisge na draoidheachta mar an gcéadna; níor chuimhnigh se a chur suas isteach i bpoll a chluaise. Cuimhnigh ar na háiteacha ná ní bhfuighe tú iad a choidhche. Anois, a Chúchulainn," a ráidhtigh Fuidí Faidí, "am ar bith ar maith leat a' t-uisge fhághail, fágfa mise 'do sheasamh i n-i ndam uisge thú. Nuair atchífeas an fathach go bhfuil biseach ort i mbárach, éireocha sé i n-áirde mar bheadh a préachán dubh ann le theacht anuas ort. Fágfa mise triúr chloinne Thuath Dé Danann le trí fuipeannaíbh bhuail- feas anuas 'un talaimh é. Slán agus beannacht agad, a Chúchulainn. Caithfe mise codladh anocht ar shléibhtibh garbha Conallacha i gCondae na nGall faoi mhaidin." Shín leis. 32. Níor chodluigh Cúchulainn aon néal go maidin lé theacht ar an fhathach go luath ar maidin. Dhá luas dh'ar
éirigh an ghrian, d'éirigh Cúchulainn, chuaidh sé go dtí an cuaille comhraic, bhuail sé buille air nár fhág sé searrach i gcapall ná uan i gcaoraigh ná páisde i mnaoi ná gamhan i mboin thríd an ríoghacht nár chraith sé. A ráidhtigh an fathach le n-a mhnaoi: "Má's é siud Cúchulainn indiú ag mo chuaille comhraic, tá eagla orm go dtuitfidh fear innteach againn le láimh an fhir eile, agus b'fhéidir gur mise an fear." 33. Thainic an fathach amach annsoin :- "Tá biseach ort, a Chúchulainn." "Tá," a ráidhtigh Cúchulainn. "A' dtroidfeamuid," a ráidhtigh an fathach, "mar throid muid indé?" "Ní throidfidh," a ráidhtigh Cúchulainn; "buailfe mise agus coiseona mé. Troid thusa mar is mian leat." 34. Thoisigh an fathach agus Cúchulainn ar a chéile mar bheadh dhá leómhan ann. Chonnaic an fathach nach ndeánfadh sé maith le Cúchulainn. D'éirigh sé i n-áirde mar bheadh préachán ann lé theacht anuas le goin bháis agus mharbhtha ar Chúchulainn. D'amhairc Cúchulainn suas agus chonnaic sé an triúr os a chionn le trí fuipeannaíbh gur bhain siad ceó cluimhrighe as a chorp gur chuir siad anuas 'un talaimh é. Smaoi'tigh Cúchulainn gur mhaith leis an t-uisge fhághail. Fuair sé é fhéin 'na sheasamh i n-uisge. Sgaoil sé an gath leis gur chuir sé isteach aige n-a dhruim é gur shroich sé suas ocht n-ailt déag ar chnámh a dhroma gur thuit an fathach marbh. Bhain sé de a chionn. 35. A ráidhtigh Cúchulainn: "A Laoghaire, cuir gamhnach dharach isteach ar a' chluais agus amach ar a' chluais eile, caith a' cionn ar do dhruim is siubhail leat, 'tarraint ar a' darna fear." Chuaidh siad go dtí cuaille comhraic an darna fir. Bhuail Cúchulainn buille ar an chuaille comhraic. Thainic an fathach amach. "'Dtig libh fios ná eólus a thabhairt damh cia an fathach a
bhuail an buille ar mo chuaille comhraic nach gcuala mé ariamh a roimhe a leitheid eile buailte?" "Thig linn," a ráidhtigh Cúchulainn, "gur mise an fear a bhuail é." "Goidé mar fuair tú isteach thaire ó mo dhearbhráthair?" "A' n-aithneochthá cionn do dhearbhráthar? A Laoghaire, caith anuas an cionn." "'Sé sin cionn mo dhearbhráthar," a ráidhtigh an fathach; "bhéarfa mise ort nach duid is fheárrde!" 36. Thoisigh an dís ar a chéile. Ba ghoirid gur éirigh an fathach i n-áirde i n-a phréachán dhubh. Thainic an triúr a bhí thuas air le n-a gcuid fuipeannaí gur bhuail siad anuas 'un talaimh é. Smaoi'tigh Cúchulainn gur mhaith leis an t-uisge fhághail. Fuair sé é fhéin 'na sheasamh i n-uisge, is sgaoil sé leis an gath isteach ar pholl a shróna agus amach ar mhullaigh a chlaigne gur thuit an fathach marbh. Chaith Cúchulainn de an cionn is d'fhág sé annsin iad. 37. Shín siad leóbhtha annsin ag tarraint ar bhun na gnaithe, sin an Cítheach Árd. Nuair a thainic siad fá dhá mhíle do chaisleán an fhathaigh sin, ní thiocfadh leis a chos a leagan ar talamh acht i mullaigh corp fir. Ins an chionn ab' fhuide uadh de'n ár chuala sé caoineadh mná. Dhruid sé léithi. Nuair a chonnaic sí é ag teacht, rinne sí muthughadh gáire. 38. A ráidhtigh Cúchulainn leis an mnaoi: "Goidé fáth do ghola ná do gháire?" "'Sé fáth mo ghola, an méid de dh'fhir mhaithe a thainic liom a chruinnuighadh. Tá a ndeireadh marbh annseo agus tá siad 'na luighe marbh annseo anois. 'Sé fáth mo gháire, chuaidh mé a'n uair amháin go hÉirinn dh'ionnsuidhe ar Chúchulainn. Smaoi'tigh mé, nuair a chonnaic mé thusa gur tú an fear. 'S mé a' bhean bhocht agus b'fheárr damh gan d'fheiceáil ariam!" "Cá bhfuil a' fathach anois?" do ráidhtigh Cúchulainn. "Tá sé 'sa' tsruthán adaidh thall, 'nighe de deireadh na fola. Tá sé le mise thabhairt 'un a' chaisleáin le bean luighe a dheanamh díom."
"Cuirfe mise moill air go fóill," a ráidhtigh Cúchulainn. 39. Bheir Cúchulainn ar chloich. Chaith sé urchar de'n chloich amach as crann tábhaill, Bhuail sé an fathach faoi'n asgaill. Chaith sé ar a leath-ghlúin 'sa' tsruthán é, agus chuir sé trí bholgam fola amach. Thóg an fathach an chloch chéadna agus chaith sé í anois ar ais as a dhórn. Buailfeadh sí Cúchulainn acht go bhfuair sé í cheapadh leis an chrann tábhaill chéadna a chuir sé uirri. D'imthigh an fathach isteach 'un a' chaisleáin go dteacha sé faoi n-a chuid arm agus éididh. 40. Thoisigh sé agus Cúchulainn ar a chéile mar bheadh dhá leómhan ann. Ba ghoirid a bhí siad ag troid gur éirigh an fathach mar bheadh préachán dubh ann lé theacht anuas air le goin bháis agus mharbhtha. Smaoi'tigh Cúchulainn gur mhaith leis an t-uisge bheith aige. Fuair sé é fhéin 'na sheasamh 'san uisge agus leig sé an gath leis an dhruim an uisge. Reath an gath isteach ar an a chluais agus amach ar an chluais eile. Thuit an fathach marbh. Chaith Cúchulainn de an cionn. Bhí an bhean saor. Chuaidh siad isteach 'un an chaisleáin go dtug siad leóbhtha an méid seóidí agus péarlaí bhí 'sa' chaisleán. 41. Thug siad annsoin leóbhtha an bhean go dteacha siad go dtí an long, an Bhreac-mharcach, gur thóg siad a seóltaí Beaga bocóideacha bacóideacha Coimhde coimhdhíreacha Ag dul i mbárr na gcrann, Ag éisdeacht le lupadáin, le lapadáin, Le guthaibh na róntach, Le saghaitbheach na bhfaoileann fionn ag dul amach go fíor-ghlinnte an aodair Nár fhág siad táirnge gan síneadh, Rópa gan suathadh, Maide rámha gan ró-bhriseadh, Ag cur i gcéill agus gur bh'iad féin Caisleán an chogaidh, Leomhantaí na troide, Maca ríogh leis an ríogh-mhnaoi, Fir sgiúrtha mharcach Agus ollmhuighe gach fathaigh, Culaith dhíbeartha na ngallóglach, gur stríoc siad an long isteach ins an Domhan Thoir faoi
chaisleán Ríogh na hAntoile go dtug sé suas a nighean slán sábháilte dó. 42. Chuir Rí na hAontoile sgéala dh'ionnsuidhe ar an rudaire gaisgidh theacht, go rabh an bhean annsin fá n-a choinne. Thainic an rudaire gaisgidh annsin. Ní rabh bean ar bith aige ó d'imthigh sé. Pósadh annsin an lánamhain. Rinn siad bainis a mhair lá 'gus bliadhain, go mb'fheárr an lá deireannach 'ná an chéad lá. 43. Bhí mise ar an bhainis. Fuair mé stocaí bainne reamhair, bróga gloine agus bríste páipeir. 'Teacht anuas an mhalaidh ud thall damh, thuit mé, briseadh mo bhróga, dórtadh na stocaí, bhris mé mo bhríste, chonnaic mé solus annseo agus tharraing mé air. Ó bhéal-aithris Phádraig Uí Bheirn ar Mhín na Gualainne i nGleann Fhinne i dtír Chonaill. Cuireadh corr-athrughadh ann. - S. L.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services