Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Sgéal Chúchulainn ag Cuan Cárn

Title
Sgéal Chúchulainn ag Cuan Cárn
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Pen Name
Mac Tíre na Páirce
Composition Date
1906
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Bhí sin ann mar is fada ó shoin a bhí laoch mór
láidir i nÉirinn a dtugadh siad Cúchulainn mac
Sualtraigh air. Chuaidh Cúchulainn go Cuan Cárn.
Ní thug sé a airm ná a éideadh leis acht bior
cuilinn bhí leis i n-a láimh. Chuir sé a Laoghaire agus a charbad
timcheall agus a chuid arm agus éididh ins an charbad.



Ní fada bhí sé 'na sheasamh ag an chuan go dtainic bean
uasal i gcoite bheag. Chuir sé ceist uirthi cia aca de
uaislibh ná de anuaislibh an domhain í. Dubhairt sí gur
nighean do Rígh na hAntoile bhí innti, agus go dtug rudaire
gaisgidh searc agus síor-ghrádh dí go bhfuair sé í le pósadh :



2. "Oidhche mo bhainse agus mo phósta," ars' ise, "thainic an
Cítheach Árd, mac Ríogh an bhFear Borb, agus d'árduigh sé leis
mé i gclannóig a sgéithe. Chuir mé fá gheasaibh agus fá dhíomdha
na bliadhna é gan bean luighe a dheanamh díom 'fhad is
thiocfadh liom gaisgidheach ar bith eile ar bhruinn thall an
domhain fhághail a throidfeadh é. Chuala mé iomrádh ar
Chúchulainn; smaoi'tigh mé gur tusa an fear."



3. Ní rabh faill ag Cúchulainn a rádh cia aca is é ná nach é
go dtainic an Cítheach Árd, mac Ríogh na bhFear Borb.
Chuir sé ladhar a choise isteach i mbríste Chúchulainn gur chaith
sé i n-áirde ins na fiormailtíbh é. Bhí torn-chleas ag Cúchul-
ainn, dhá leigfidhe amach ins an spéir thuas é, go dtiocfadh
sé ar a dhá chois ar an talamh. Nuair a fuair sé a theacht
chuige féin annsin, bhí an Cítheach Árd amuigh ar an tsoitheach
agus an bhean uasal leis.



4. Bhí Cúchulainn buadhartha nach rabh arm ná éideadh aige
leis an fhathach a throid. Chaith sé urchar de'n bhior cuilinn


L. 2


air agus bhuail sé é faoi'n asgaill. Bhris sé trí hasnacha agus chuir
sé trí bholgam fola amach.



"Bheirim breathnughadh, a stócaigh," ars' an fathach, "má
haostar ort, go gcuirfe tú fearg ar dhuine ínnteach go
fóill, agus fágfa mise do mhúnadh ar dhuine ínnteach eile;
b'fhéidir nach dtiocfa tú trasna orm-sa choidhche aríst."



5. Bhí fearg ar Chúchulainn, agus stróc sé a chuid éadaigh féin,
mar nach rabh arm ná éideadh aige leis an fhathach a throid.
Chuaidh sé 'un a' bhaile tárnochttha. Ghlac sé a leabaidh ar
acht gan éirghe a choidhche bráthach, cion is nach rabh a chuid arm
ná éididh aige leis an fhathach a throid.



Thainic Laoghaire agus an carbad annsin. Fuair sé cuid
éadaigh a mhaighistir strócthaí. Thiomáin sé na beathaigh go
géar gasta 'un a' bhaile. D'fhiafruigh díobhtha :



"A' bhfaca sibh mo mhaighistir Cúchulainn?"



Dubhairt siad go dtainic sé tá tamall ó shoin tárnochttha
'un a' bhaile agus go rabh sé 'na luighe ar leabaidh ar tí gan
éirghe go bhfághadh sé bás.



6. Chuaidh an Laoghaire isteach annsin dh'ionnsuidhe ar a
mhaighistir Cúchulainn :



"A mhaighistir a b'fhearr a bhí ag duine riamh, goidé seo
thainic ort?"



D'innis Cúchulainn dó goidé d'éirigh dó ag Cuan Cárn :



"Tá mé ar tí luighe ar a' leabaidh seo go bhfágha mé bás."



"Ná deán sin, a mhaighistir, acht éirigh 'do sheasamh.
Cuireamuid biadh sheacht mbliadhan 'steach ar a' Bhric-
mharcaigh ná go gcuireamuid an domhan i bhfáinne ná go
bhfághmuid a' Cítheach Árd go mbaine tú sásadh do mhasla as."



7. Thóg siad annsin a seóltaí



Beaga bocóideacha bacóideacha
Coimhide cóimhdhíreacha
Ag dul i mbarr na gcrann,
Ag éisdeacht le lupadáin, le lapadáin,
Le guthaibh na róntach,
Le saghaitbheach na bhfaoileann fionn
Ag dul amach go fíor-ghlinnte an aodhair,
Nár fhág siad táirnge gan síneadh,


L. 3


Rópa gan suathadh,
Maide rámha gan ró-bhriseadh,
Ag cur i gcéill agus gur bh'iad fhéin
Caisleán an chogaidh,
Leomhantaí na troide,
Fir stiúrtha marcach,
Fir ollmhuighe gach catha,
Clann an ríogh leis an ríogh-mhnaoi,
Culaith dhíbeartha na ngallóglach,



gur stiuir siad an long isteach ag cuan ceangail ins an
áit nach rabh siad ariamh aroimhe.



Cheangail siad an long annsin agus chonnaic siad cúirt agus
caisleán ríogh. Ní fhaca siad oiread fear ariamh aroimhe agus
chonnaic siad annsin.



8. Bhí buaidh ar Chúchulainn nach bhfaca sé cúirt ná caisleán
ríogh riamh go gcaitheadh sé é fhéin a phuball agus a pháilliún a
dheánamh thuas os cionn caisleáin an ríogh.



Tharraing siad croinn as an talamh, chuir siad rinn ar a
mbun agus snaidhm ar a mbárr gur chumhduigh siad suas é le
sgraithe caonaigh gur bhuail siad suas sponc agus teine chreasa
go dtearn siad teinidh dóibh fhéin. Chaith siad biadh agus d'ól
siad deoch. A ráidhtigh Cúchulainn :



"A Laoghaire, coimheád thusa go gcodlaidh mise tamall,
agus coimheádfa mise tamall duit-se ar ball."



9. Chonnaic an rí an toit thuas ins an phubaill.



"Ní'l 'fhios agam cia na beadaidhe an-bheadaidhe chuir suas
a bpuball os cionn champa an ríogh. Gabhadh triúr agaibh
suas agus tugaigidh anuas gaibhte iad sin. Mur' dtigidh siad
libh anuas, bainigidh díobhtha an cionn."



Chuaidh triúr aca suas agus dubhairt siad le Laoghaire :



"Abair le do mhaighistir a theacht amach go dtéidh tú fhéin
agus do mhaighistir síos gaibhte, ná mur' dtéidhidh, bainfear an
cionn díobh."



"An é sin a rabh de ghnaithe ag teacht agaibh?" arsa
Laoghaire.



"'Sé," arsa iad-san.



10. Rug Laoghaire ar a chraoiseach agus ar a chloidheamh.


L. 4


Bhain sé an cionn de bheirt aca. Bhain sé a chuid éadaigh
de'n tríomhadh fear agus chuir sé cinn na beirte eile anuas ar
a mhuin. Ghlac sé fuip annsin agus sgiúr sé anuas go dtí
campa an ríogh é ag innse do'n rígh gur buachaill an fhir
thuas a chuir anuas é agus dhá chionn a chomrádaidhe leis ar a
mhuin.



"Gabhadh dáréag agaibh suas," arsa 'n rí, "agus tabhraigidh
anuas gaibhte iad."



11. D'imthigh dháréag aca suas le príosúnaigh a dheánamh
díobhtha. Nuair a chonnaic Laoghaire ag teacht iad, bheir sé
ar a chloidheamh, agus bhain sé an cionn de dheich gclaigne aca agus
bhain sé a gcuid éadaigh de'n bheirt eile ;chuir sé cúig cinn,
mar déarthá, ar dhruim ghach aon dhuine de'n bheirt. Ghlac
sé an fhuip annsin agus sgiúr sé anuas iad go campa an ríogh.



Nuair a chonnaic an rí goidé bhí an buachaill ábalta a
dheánamh, thug sé órdughadh d'á rabh ins an champa uili-g' a
dhul suas go ndeánadh siad príosúnaigh díobhtha.



12. Nuair a chonnaic Laoghaire an t-iomlán ag teacht,
d'aithin sé go mbéadh barraidheacht os a choinne. Mhusgail
sé Cúchulainn. D'éirigh Cúchulainn 'na sheasamh. Thug sé
sracadh ar a chloidheamh. Thug sé sgrábóg ar a shúlaibh.



"Bhfuil siad ag teacht?" a ráidhtigh Cúchulainn.



"Táid siad chugainn aníos annsoin," arsa Laoghaire.



13. Chuaidh Cúchulainn amach fá choinne thall i n-a n-airicis.



"Goidé tá tú a dheánamh, a mhaighistir?" arsa Laoghaire.



"Ná deán sin, a mhaighistir; seasuigh thall annsin taobh
thall de'n charraig sin thall, agus seasocha mise i bhfos annseo.
An fear imeochas ort-sa ceapfa mise é, agus an fear imeochas
orm-sa ceapfa tusa é, go dtéidhmid thríobhtha, fúbhtha agus
tharstú, go ndeánamuid trí chárnán díobhtha, cárnán
d'á gcinn, cárnán d'á gcuim, agus cárnán d'á gcuid arm agus
éididh."



"Luighim faoi m'airm," a ráidhtigh Cúchulainn, "a Laoghaire,
nach bhfuair mé fear mo chomhairleacha comh maith leat."



14. Thainic siad 'un tosaigh. Bhí triúr fathach ar thoiseach


L. 5


na bhfear a rabh lorgadán iarainn ar ghualainn ghach aon
dhuine acú a rabh buille 'gus sáthadh agus fastódh air.
Túsuigh Cúchulainn agus Laoghaire orthú go dteacha siad thríobhtha,
fúbhtha agus tharstú, mar rachadh seabhac thríd ailt ná préachán
geárr thríd sgaifte cearc, go dtearn siad trí cárnáin
díobhtha, cárnán d'á gcinn, cárnán d'á gcuim agus cárnán d'á
gcuid airm agus éididh go dtainic siad go dtí an sean-rí é
fhéin go dtug siad ceangal na gcúig gcaol air go dúr
daingean dócamhlach.



15. "Sgaoiligidh mé," arsa 'n rí, "agus dheánfa me báillidh
agus péidse dhíbh le bheith 'cruinniughadh isteach áird-chíos na
ríoghachta chugam."



"Do dhona agus do dhothairne ort!" a ráidhtigh Cúchulainn;
"goidé an fáth a mbéamuistinne 'ar mbáillíbh ná 'ar
bpéidsíbh agad? Céb' ar bith a dheánfá-sa, le bheith 'do
bháillídh agus 'do phéidse agam-sa, ní sgaoilfe mé thú," a
ráidhtigh Cúchulainn, "go n-innse tú damh goidé an t-ádhbhar
a rabh oiread fear cruinnighthe agad."



"Innseochaidh mé sin duid; tá mé ag glacadh isteach fear
le seacht mbliadhna," a ráidhtigh an rí, "fá choinne dhul go
hÉirinn, go marbhmuid an fear atá annsin, Conall Cearnach;
bhain se an cionn dem' athair mór agus dem' athair fhéin."



16. A ráidhtigh Cúchulainn: "Sin duine muinteardha
damh-sa, agus bhéarfa mé thusa gaibhte ceangailte go mbaine
sé an cionn díot fhéin mar an gcéadna."



"Guidhim thú, a ghaisgidhigh ab' fhearr a chonnaic me ariamh,"
a ráidhtigh an rí, "agus ná deán sin liom. Dhá bhfeiceadh an
fear sin mé, 'sé teicheadh mo chos nach dtabhairfeadh as
damh!"



"Maise, sgaoilfe mé thú," a ráidhtigh Cúchulainn.



17. Thug an rí isteach iad ar dhaighneacht na cúirte. Bhí
seacht ndoirse ar thaobh na sráide de'n chúirt a dtiocfadh
le marcach gan tuirlint theacht isteach orthú. Thainic an
biadh i n-ionad a chaithte, deoch i n-ionad a hólta, an t-ór
i n-ionad a phronnta, ceóltaí sídhe 'gus orgáin thríd an


L. 6


chúirt go dtainic moch lae agus luath éirghe gréine lá har n-a
bhárach. Thug an rí uisge agus tabhaill go dtí gach éan-fhear
acú gur nigh siad a n-aghaidh agus a lámha. Fuair siad a
mbricfeásta annsin. I ndéidh a mbricfeásta a ráidhtigh
Cúchulainn leis an rígh :-



18. "Mharbh mé do chuid fear uilig indé; má tá ní ar
bith 'sa' domhan ag cur buaidheartha ort, réidhteocha mise
duid sol a n-imthighe mé."



"Ní'l ní ar bith 'sa' domhan ag cur buaidheartha orm," a
ráidhtigh an rí, "acht nighean amháin a bhí agam. Thug fathach
draoidheachta grádh dí. Mar nach bhfuigheadh sé í le pósadh,
rinn sé péist dí le draoidheachta, agus tá sí 'na luighe ar a'
loch thiar ar íochtar a' bhaile. Ní thiocfadh an draoidheachta
bhaint dí, mur' bhfághthaoi gaisgidheach iongantach a rachadh
amach ar a' loch agus bhéarfadh trí póga dí ar thóin an locha.
I ndéidh sin 's uilig a dheánamh, ní bhéidheadh gar ann; thiocfadh
fathach na draoidheachta ort agus mhuir'feadh sé thú. Ní thainic
a'n fhear ariamh slán o n-a lámhaibh."



"Caillfear mise leis," a ráidhtigh Cúchulainn, "ná
saorthócha mé do nighean."



19. Chaith Cúchulainn de a chuid éadaigh. D'imthigh sé
amach 'sa' loch. Thainic sé ar an phéist 'na codladh agus thug sé
trí póga dí ar thóin an locha. Thuit an draoidheachta dí,
thainic sí leis ar uachtar an uisge ar ghreim bárr bosa agus
barróg coise go dtug sé isteach í. Chuir sé a chlóca thart
'na timcheall go dtug sé isteach 'un na cúirte í. Chuir sí a
culaith éadaigh fhéin uirthí. Bhí cuma uirthí annsin comh maith
agus bhí ariamh. A ráidhtigh an rí le Cúchulainn :



"Measaim nach bhfuil a'n bhean go fóill agat. Gheobha
tú mo nighean-sa le pósadh agus iomlán mo ríoghachta."



20. A ráidhtigh Cúchulainn: "Go rabh céad maith agat.
Níor chuir mé buaidhreadh mná orm ariamh. 'Sé an obair
atá agam troid le fathaigh, 'seasamh ceart do bhaintreachaibh
's do dhíleachtaíbh."


L. 7


A ráidhtigh an rí: "An misde damh a fhiafraighe cá bhfuil
do thoisg ná do shíor-imtheacht ag dul?"



21. "Ní misde go dearbhtha," a ráidhtigh Cúchulainn : "Bhí
mé aon uair amháin ag Cuan Cárn. Thainic bean uasal
isteach chugam i gcoite bheag ag Cuan Cárn. D'innis sí
damh gur'b í nighean ríogh na hAntoile 'sa' Domhan Thoir í.
Oidhche a bainse 's a pósta ar a' rudaire gaisgidh thainic a'
Cítheach Árd, mac ríogh na bhFear Borb, "d'árduigh sé leis
mé i gclannóig a sgéithe," ars' ise, "chuir mé fá gheasaibh fá
dhíomdha na bliadhna é, a' laoch ba mheasa agus ba mheaithtí 'ná
é fhéin, a chionn, a chosa agus a choimheád beatha bhaint de, gan
bean luighe a dheanamh díom fhad agus gheobhainn gaisgidheach
ar bith ar bhruinn thall an domhain a throidfeadh é. Chuala
mé iomrádh ar Chúchulainn i n-Éirinn ;smaoi'tigh mé gur
tusa an fear.' Ní rabh faill agam innse dí cia 'cú budh mé
ná nach mé go dtainic a' Cítheach Árd, mac ríogh na bhFear
Borb orm, rug sé ar a' mhnaoi uasail agus chuir sé faoi
n'asgaill í. Chuir se ladhar mór a choise isteach i bhforc mo
bhríste, chaith se i n-áirde mé ins na fiormailtíbh. Thainic
me ar mo dhá chois ar a' talamh. Bhí sé amuigh ar a luing
ins an am sain. Bhí mé buaidheartha mar nach rabh arm agus
éideadh agam a throidfeadh é. Chaith mé urchar de'n bhior
chuilinn a bhí in mo dhórn, bhuail mé faoi'n asgaill é, agus bhris
mé trí hasnacha ann. Chuir sé trí bholgam fola amach.
'Bheirim breathnughadh, a stócaigh," a ráidhtigh an fathach, "má
haostar ort, go gcuirfe tú fearg ar dhuine innteacht go
fóill; b'fhéidir nach dtiocfá trasna orm-sa choidhche aríst;
fágfa mé do mhúnadh ar dhuine innteach eile." Tá mé anois
ag cuartughadh a' Chíthigh Áird, mhac ríogh na bhFear Borb,
ariamh ó shoin, agus ní'l fhios agam cá bhfuil sé ná cé bhfuighe
mé é."



22. "Is maith mar thárlaidh," a ráidhtigh an rí, "tá a
ríoghachta ag críochantacht liom-sa. Thig liom-sa," a ráidhtigh
an rí, "do chur ar an eolus, agus is fheárr duid pilleadh 'un a'
bhaile; ní thainic aon fhear ariamh slán o n-a lámhaibh."


L. 8


"Ní feárr liom mo shiubhal uilig 'ná fios fhághail cá bhfuil
se," a ráidhtigh Cúchulainn.



23. D'éirigh an ghaoth, táirneach agus splanncach, thainic an
fathach anoir i n-i néal go rabh sé i bhfogus dóibh; chaith sé é
fhéin amach as an néal agus a chlaidheamh mór clais-leathan cinn
óir leis.



"A Chúchulainn as Éirinn," a ráidhtigh an fathach, "Bhí sé
beadaidhe iomarcach agad baint do mo ghnaithe-sa. Bhéarfa
mise ort nach duid is fheárrde. Tionntuigh anuas annseo
go mbaine me díod do chionn."



"B'fhéidir gur'b é do chionn fhéin a' chéad chionn a thiocfadh
anuas," a ráidhtigh Cúchulainn.



24. Thoisigh an dís ar a chéile mar bheadh dhá leómhan ann
go dtearn siad bogach de'n chreagach agus creagach de'n bhogach,
toibre glana fíoruisge i lár na gcloch glas ;dhá dtigeadh
éan beag ó íochtar an domhain go huachtar an domhain gura'
dh'amharc aeir agus iongantais ar an dís a bhí ann a thiocfadh.
Smaoi'tigh Cúchulainn gur bhocht an rud dó é fhéin fhághail
marbh le fathach mór i dtír choimhightheach, thóg sé a chroidhe suas
i meangán a chléibh, thóg sé a chlaidheamh agus bhain sé an cionn
de'n fhathach. Thuit an fhathach marbh.



"'Nois," a ráidhtigh Cúchulainn leis an rígh, "tá do nighean-
sa saor agat agus tá'n fathach marbh; is fheárr duid sin 'ná an
méid fear a mharbh mise indé uaid."



A ráidhtigh an rí: "Is fheárr liom é 'ná a mhíle oiread."



25. Thaisean an rí dó an bealach i rachadh sé go dtí an
Cítheach Árd. D'fhág Cúchulainn slán agus beannacht aige.
Shín leis i n-a thrí síomáin agus mar ruagaire reatha. D'innis
an rí dó go rabh beirt dhearbhráithreach ag an Chítheach Árd
taobh 'muigh de fhéin, an Garaidh Garbh-ghlúnach, mhac Ríogh na
bhFear Borb, agus an Dragún Teinntidhe, mac Ríogh na bhFear
Borb. Shín Cúchulainn leis annsin go rabh sé ag cuaille
comhraic an chéad fhir. Bhuail sé buille ar an chuaille
comhraic. Thainic an fathach mór amach:


L. 9


"'Dtig libh fios nó eolus a thabhairt damh cia an fathach a
bhuail an buille ar mo chuaille comhraic?"



"Thig linn," a ráidhtigh Cúchulainn; "gur mise an fear a
bhuail é agus go mbuailfinn a leitheid eile a bhuille ort-sa go
hárd-acfhainneach i mullaigh na claigne."



26. Thoisigh an dís ar a chéile, an fathach agus Cúchulainn, agus
bhí an bheirt cómh maith ag dhá chlaidheamh agus tráthnóna nach rabh
aon dheór fhola le ceachtar acú.



A ráidhtigh an fathach: "Tá mé 'g iarraidh fhosadh comhraic
ort go dtí maidin i mbárach. Gabh fhéin agus do bhuachaill
isteach ins an teach fholamh annsin thiar."



Stad an troid. Chuaidh an fathach 'un a chaisleáin. Chuaidh
Cúchulainn agus Laoghaire go dtí an teach folamh go maidin.



27. Le héirghe gréine lá har n-a bhárach chuaidh Cúchulainn
amach, bhuail sé buille ar an chuaille chomhraic nach gcualaidh
an fathach a leitheid ariamh aroimhe.



"A Chúchulainn," a ráidhtigh an fathach, "tá margáil deánta
agam-sa indiu; ní'l fhios agam an seasócha tusa dó: Gan
duine ar bith againn buille an duine eile cheapadh ná
chosnamh go dtí an oidhche."



"Tá mé sásta," a ráidhtigh Cúchulainn.



28. Thoisigh an dís ar a chéile. Ní luighfeadh teinidh ar an
fhathach agus ní dheargfadh arm air leis an draoidheacht. Gach
aon bhuille dh'á mbuaileadh sé ar Chúchulainn, théidheadh sé
isteach go dtí an chnámh ann.



"Tá mé 'g iarraidh fhosadh comhraic ort," a ráidhtigh
Cúchulainn.



"Bhéarfa mé sin duid," a ráidhtigh an fathach: "Ná
himthigh le do chionn go hÉirinn go bhfágha mise a bhaint díod
i mbárach."



"Ní imeochaidh," a ráidhtigh Cúchulainn.



29. Chuaidh an fathach isteach 'un a' chaisleáin. Chuaidh
Cúchulainn isteach 'un a' tighe.



"Beir ar do chlaidheamh," a ráidhtigh Cúchulainn le Laoghaire,
"agus bain díom mo chionn agus imthigh go gÉirinn leis, sol a rabh


L. 10


sé le rádh ag fathach i dtír choimhightheach gur bhain sé díom
mo chionn."



"Cha dteánaim," a ráidhtigh Laoghaire, "acht troidfe mé
an fathach i mbárach agus anóirthear agus ghach lá go mí ó 'ndiú :
cuirfe mé thusa faoi léigheas."



30. Leis sin fhéin buaileadh buille ar an dorus.



"Cia siud ag an dorus?" a ráidhtigh Cúchulainn.



"Mise Fuidí Faidí as Éirinn."



"Gur'b é feadhrom do bheatha agus do shláinte as Éirinn, a
Fhuidí Faidí; ní rabh mé riamh i gcruadh-chás cómh mór is
tá mé."



Thug Fuidí Faidí a' luibh gharbh ghlas as a phóca. Chumail
sé do chneadhachaibh Chúchulainn í. D'fhág sé slán folláin é.



31. "A Chúchulainn," a ráidhtigh Fuidí Faidí "rinn tú
margáil amaideach leis an fhathach. Bhí an fear sin ag
fathach draoidheachta seacht mbliadhna go dtug fabhairt dó
fhéin le huisge draoidheachta. Níor chuimhnigh sé an t-uisge
a chur suas ar a dhruim agus ní mhuirbhfe tú é acht mur
n-aimsighe tú ins an druim é. A' dara fathach mar an
gcéadna, fuair sé fabhairt de dh'uisge na draoidheachta;
níor chuimhnigh sé a chur suas ar phollán a shróna. An
tríomhadh fathach, fuair sé fabhairt do dh'uisge na draoidheachta
mar an gcéadna; níor chuimhnigh se a chur suas isteach i
bpoll a chluaise. Cuimhnigh ar na háiteacha ná ní bhfuighe tú
iad a choidhche. Anois, a Chúchulainn," a ráidhtigh Fuidí Faidí,
"am ar bith ar maith leat a' t-uisge fhághail, fágfa mise 'do
sheasamh i n-i ndam uisge thú. Nuair atchífeas an fathach go
bhfuil biseach ort i mbárach, éireocha sé i n-áirde mar bheadh
a préachán dubh ann le theacht anuas ort. Fágfa mise
triúr chloinne Thuath Dé Danann le trí fuipeannaíbh bhuail-
feas anuas 'un talaimh é. Slán agus beannacht agad, a
Chúchulainn. Caithfe mise codladh anocht ar shléibhtibh garbha
Conallacha i gCondae na nGall faoi mhaidin." Shín leis.



32. Níor chodluigh Cúchulainn aon néal go maidin lé
theacht ar an fhathach go luath ar maidin. Dhá luas dh'ar


L. 11


éirigh an ghrian, d'éirigh Cúchulainn, chuaidh sé go dtí an
cuaille comhraic, bhuail sé buille air nár fhág sé searrach i
gcapall ná uan i gcaoraigh ná páisde i mnaoi ná gamhan i
mboin thríd an ríoghacht nár chraith sé.



A ráidhtigh an fathach le n-a mhnaoi: "Má's é siud
Cúchulainn indiú ag mo chuaille comhraic, tá eagla orm go
dtuitfidh fear innteach againn le láimh an fhir eile, agus
b'fhéidir gur mise an fear."



33. Thainic an fathach amach annsoin :-



"Tá biseach ort, a Chúchulainn."



"Tá," a ráidhtigh Cúchulainn.



"A' dtroidfeamuid," a ráidhtigh an fathach, "mar throid
muid indé?"



"Ní throidfidh," a ráidhtigh Cúchulainn; "buailfe mise agus
coiseona mé. Troid thusa mar is mian leat."



34. Thoisigh an fathach agus Cúchulainn ar a chéile mar bheadh
dhá leómhan ann. Chonnaic an fathach nach ndeánfadh sé maith
le Cúchulainn. D'éirigh sé i n-áirde mar bheadh préachán ann
lé theacht anuas le goin bháis agus mharbhtha ar Chúchulainn.
D'amhairc Cúchulainn suas agus chonnaic sé an triúr os a chionn
le trí fuipeannaíbh gur bhain siad ceó cluimhrighe as a chorp
gur chuir siad anuas 'un talaimh é. Smaoi'tigh Cúchulainn
gur mhaith leis an t-uisge fhághail. Fuair sé é fhéin 'na
sheasamh i n-uisge. Sgaoil sé an gath leis gur chuir sé
isteach aige n-a dhruim é gur shroich sé suas ocht n-ailt déag
ar chnámh a dhroma gur thuit an fathach marbh. Bhain sé
de a chionn.



35. A ráidhtigh Cúchulainn: "A Laoghaire, cuir gamhnach
dharach isteach ar a' chluais agus amach ar a' chluais eile, caith a'
cionn ar do dhruim is siubhail leat, 'tarraint ar a' darna
fear."



Chuaidh siad go dtí cuaille comhraic an darna fir. Bhuail
Cúchulainn buille ar an chuaille comhraic. Thainic an
fathach amach.



"'Dtig libh fios ná eólus a thabhairt damh cia an fathach a


L. 12


bhuail an buille ar mo chuaille comhraic nach gcuala mé
ariamh a roimhe a leitheid eile buailte?"



"Thig linn," a ráidhtigh Cúchulainn, "gur mise an fear
a bhuail é."



"Goidé mar fuair tú isteach thaire ó mo dhearbhráthair?"



"A' n-aithneochthá cionn do dhearbhráthar? A Laoghaire,
caith anuas an cionn."



"'Sé sin cionn mo dhearbhráthar," a ráidhtigh an fathach;
"bhéarfa mise ort nach duid is fheárrde!"



36. Thoisigh an dís ar a chéile. Ba ghoirid gur éirigh an
fathach i n-áirde i n-a phréachán dhubh. Thainic an triúr a
bhí thuas air le n-a gcuid fuipeannaí gur bhuail siad anuas
'un talaimh é. Smaoi'tigh Cúchulainn gur mhaith leis an
t-uisge fhághail. Fuair sé é fhéin 'na sheasamh i n-uisge, is
sgaoil sé leis an gath isteach ar pholl a shróna agus amach ar
mhullaigh a chlaigne gur thuit an fathach marbh. Chaith Cúchulainn
de an cionn is d'fhág sé annsin iad.



37. Shín siad leóbhtha annsin ag tarraint ar bhun na gnaithe,
sin an Cítheach Árd. Nuair a thainic siad fá dhá mhíle do
chaisleán an fhathaigh sin, ní thiocfadh leis a chos a leagan ar
talamh acht i mullaigh corp fir. Ins an chionn ab' fhuide uadh
de'n ár chuala sé caoineadh mná. Dhruid sé léithi. Nuair
a chonnaic sí é ag teacht, rinne sí muthughadh gáire.



38. A ráidhtigh Cúchulainn leis an mnaoi: "Goidé fáth do
ghola ná do gháire?"



"'Sé fáth mo ghola, an méid de dh'fhir mhaithe a thainic liom
a chruinnuighadh. Tá a ndeireadh marbh annseo agus tá siad 'na
luighe marbh annseo anois. 'Sé fáth mo gháire, chuaidh mé
a'n uair amháin go hÉirinn dh'ionnsuidhe ar Chúchulainn.
Smaoi'tigh mé, nuair a chonnaic mé thusa gur tú an fear.
'S mé a' bhean bhocht agus b'fheárr damh gan d'fheiceáil ariam!"



"Cá bhfuil a' fathach anois?" do ráidhtigh Cúchulainn.



"Tá sé 'sa' tsruthán adaidh thall, 'nighe de deireadh na
fola. Tá sé le mise thabhairt 'un a' chaisleáin le bean
luighe a dheanamh díom."


L. 13


"Cuirfe mise moill air go fóill," a ráidhtigh Cúchulainn.



39. Bheir Cúchulainn ar chloich. Chaith sé urchar de'n chloich
amach as crann tábhaill, Bhuail sé an fathach faoi'n asgaill.
Chaith sé ar a leath-ghlúin 'sa' tsruthán é, agus chuir sé trí
bholgam fola amach. Thóg an fathach an chloch chéadna agus chaith
sé í anois ar ais as a dhórn. Buailfeadh sí Cúchulainn acht
go bhfuair sé í cheapadh leis an chrann tábhaill chéadna a
chuir sé uirri. D'imthigh an fathach isteach 'un a' chaisleáin
go dteacha sé faoi n-a chuid arm agus éididh.



40. Thoisigh sé agus Cúchulainn ar a chéile mar bheadh dhá
leómhan ann. Ba ghoirid a bhí siad ag troid gur éirigh an
fathach mar bheadh préachán dubh ann lé theacht anuas air le
goin bháis agus mharbhtha. Smaoi'tigh Cúchulainn gur mhaith leis
an t-uisge bheith aige. Fuair sé é fhéin 'na sheasamh 'san
uisge agus leig sé an gath leis an dhruim an uisge. Reath an
gath isteach ar an a chluais agus amach ar an chluais eile. Thuit
an fathach marbh. Chaith Cúchulainn de an cionn. Bhí an bhean
saor. Chuaidh siad isteach 'un an chaisleáin go dtug siad
leóbhtha an méid seóidí agus péarlaí bhí 'sa' chaisleán.



41. Thug siad annsoin leóbhtha an bhean go dteacha siad
go dtí an long, an Bhreac-mharcach, gur thóg siad a seóltaí



Beaga bocóideacha bacóideacha
Coimhde coimhdhíreacha
Ag dul i mbárr na gcrann,
Ag éisdeacht le lupadáin, le lapadáin,
Le guthaibh na róntach,
Le saghaitbheach na bhfaoileann fionn
ag dul amach go fíor-ghlinnte an aodair
Nár fhág siad táirnge gan síneadh,
Rópa gan suathadh,
Maide rámha gan ró-bhriseadh,
Ag cur i gcéill agus gur bh'iad féin
Caisleán an chogaidh,
Leomhantaí na troide,
Maca ríogh leis an ríogh-mhnaoi,
Fir sgiúrtha mharcach
Agus ollmhuighe gach fathaigh,
Culaith dhíbeartha na ngallóglach,



gur stríoc siad an long isteach ins an Domhan Thoir faoi


L. 14


chaisleán Ríogh na hAntoile go dtug sé suas a nighean slán
sábháilte dó.



42. Chuir Rí na hAontoile sgéala dh'ionnsuidhe ar an
rudaire gaisgidh theacht, go rabh an bhean annsin fá n-a choinne.
Thainic an rudaire gaisgidh annsin. Ní rabh bean ar bith
aige ó d'imthigh sé. Pósadh annsin an lánamhain. Rinn
siad bainis a mhair lá 'gus bliadhain, go mb'fheárr an lá
deireannach 'ná an chéad lá.



43. Bhí mise ar an bhainis. Fuair mé stocaí bainne
reamhair, bróga gloine agus bríste páipeir. 'Teacht anuas an
mhalaidh ud thall damh, thuit mé, briseadh mo bhróga, dórtadh
na stocaí, bhris mé mo bhríste, chonnaic mé solus annseo agus
tharraing mé air.



Ó bhéal-aithris Phádraig Uí Bheirn ar Mhín na Gualainne i nGleann Fhinne
i dtír Chonaill. Cuireadh corr-athrughadh ann. - S. L.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services