Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Daoine Beaga agus Daoine Móra - Donegal Folk Tales
Title
Daoine Beaga agus Daoine Móra - Donegal Folk Tales
Author(s)
In eagar ag Henry Morris,
Pen Name
Mac Róigh, Feargus (Bail. / Eag.)
Compiler/Editor
Morris, Henry
Composition Date
1915
Publisher
Dundalgan Press
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEÁN Ó BAOGHAILL AGUS NA DAOINE BEAGA Tá Seán Ó Baoghaill 'na chómhnuidhe ar an bhaile seo, agus is iomdha oidhche áirneáil a rinne sé i dtoigh 'sagainne. Oidhche fhuar gheimhridh amháin bhí muid uilig 'nar suidhe thart fá'n teinidh nuair a thainic Seán isteach. Thoisigh an cómhradh, agus isa' deireadh d'iarr m'athair ar Sheán sgéal a 'nnseach, nó go rabh muid tuirseach de'n chómhrádh. "Maise," arsa Seán, "ní sgéalaidhe ar bith mise, acht mar d'iarr tú orm innseóchaidh mé díbh fá rud a tharlaidh damh nuair a bhí mé 'mo ghasur. Ba ghnáthach leis na daoinibh an uair sin, mar bhí siad bocht, na páisdí a chur ar sheirbhis go hóg. Chuir mo athair mise ar sheirbhis ag fear amuigh i gConndae Thír-Eoghain. "Ní sásta a bhí mé an baile a fhágáil, acht ní rabh neart agam air. Sul a rabh an chead mhí thart dubhairt mé liom féin go bhfágfainn an áit sin, ba chuma goidé d'éireóchadh damh, agus go rachainn abhaile ionnsoir mo mhuinntir. "Tráthnóna amháin d'imthigh mé gan slán nó beannacht a fhágáil ag duine in mo dhiaidh. Ní rabh 'fhios agam an bealach, acht thug mé mo aghaidh do'n áird sin in a rabh beagán soluis fágtha ins an spéir. Cha dteachaidh mé i bhfad go dtainic an oidhche orm, agus chuaidh mé ar seachrán. "'Sa' deireadh chonnaic mé solus beag i bhfad uaim, agus tharraing mé air cómh tiugh géar is thainic liom.
"Casadh isteach i dteach theith sheascair mé, an t-urlár sguabtha go glan, sluagh mór fear beag in a suidhe thart fá'n teinidh, agus sean-chapall glas thíos i gcionn an toighe. "'Céad fáilte rómhat, a Sheáin Uí Bhaoghaill," ars' an capall. "Céad fáilte rómhat, a Sheáin Uí Bhaoghaill," arsa duine de na fearaibh beaga. "Céad fáilte rómhat, a Sheáin Uí Baoghaill," arsa gach duine 'sa' teach. "Thainic mé fhéin aníos agus shuidh mé. Ní rabh i bhfad go dteachaidh na fir a chainnt go gcaithfeadh siad imtheacht. "'Acht,' arsa duine aca, "béidh an capall fuar, agus béidh sé ag tarraingt ar an teinidh, agus mur bhfanaidh duine istoigh agus é a choimhead, béidh sé bruithte dóighte ag teacht dúinne arís. Cé fhanóchas istoigh?" "Cé a d'fhanóchadh istoigh acht Seán Ó Baoghaill," ars' an chuid eile. "Maith go leor," ars' an fear eile. "Anois, a Sheáin, éist liom. Má bhíonn ribe amháin de'n chapall le theinidh ag teacht dúinne béidh daor ort." "Níor leig an eagla damh cur suas dó fanacht istoigh, agus d'imthigh an sluagh amach ar an doras. Thainic an capall aníos, agus luigh sé síos i gcois na teineadh. Bhí mé fhéin tuirseach agus luigh mé 'sa' chlúdaigh, agus i gcúig bhomaite bhí mé 'mo chodladh. An chead rud a mhuscail mé an baladh a bhí as an chapall gá dhóghadh. "D'éirigh mé de léim 'mo sheasamh agus amach go bráth liom ar an doras, agus d'imthigh mé béal mo chinn fríd an dorachadas. Sgíth nó stad cha
dtearn mé go dtainic mé isteach i gcoillidh dhuibh dhorcha. "Leis sin mhothuigh mé an sluagh céadna a bhí 'san teach ag teacht i mo dhiaidh. Suas i gcrann árd liomsa. Thainic an sluagh isteach 'sa' choillidh agus cómhnair leobhtha. Go díreach mar bhí siad ag dul faoi 'n chrann a rabh mise ann, bhris ceann de na maidibh a bhí faoi'n chómhnair, agus chuaidh siad a chuartughadh craobh a dtiocfadh leo maide nua a dheanamh de. Ghearr siad an chraobh chéadna a rabh mise air, agus thuit mé síos ag talamh. "Céad fáilte rómhat, a Seáin Uí Bhaoghaill," arsa duine de'n tsluagh. "Céad fáilte rómhat, a Sheáin Uí Bhaoghaill," arsa na fir uilig. "Rinneadh an maide, agus nuair a bhí sé deanta d'fhiafraigh fear aca cé rachadh faoi'n mhaide seo. "Cé rachadh faoi acht Seán Ó Baoghaill," ars' an chuid eile. "Má bhí eagla orm nuair casadh an sluagh sin damh an chead uair, bhí dhá eagla orm anois. Chuaidh mé faoi'n mhaide gan focal a rádh, agus shiubhail muid linn go dtainic muid go dtí áit bheag dheas i lár na coilleadh. Bhí an ghealach ag soill- sigh 'san am seo. D'fhág siad síos an chómhnair agus rinne siad uaigh. "Annsin chuaidh fear aca go dtí'n chómhnair agus d'fhosgail sé í. "Cé rachas isteach 'sa' chomhnair seo? ar seisean. "Cé a rachadh inntí acht Seán Ó Baoghaill," arsa ua fir eile a bhí thart fá dtaobh dó. "Thosuigh mé fhéin ag sgreadaigh annsin agus thuit mé i laige. "Nuair a thainic mé chugam fhéin cé an áit a rabh mé acht ag doras m'athara. Bhuail mé ar an
doras agus leigeadh isteach mé. Bhí siad ag coigilt na teineadh ag fághail réidh a dhul a luighe. Chuir sé iongantas ortha uilig mé a fheiceáil cómh mall san oidhche. "D'innis mé dóbhtha cómh dona is bhí an áit ud a rabh mé ann, agus nach dtiocfadh liom a fhuilstin níos faide. "Éirigh agus marbh cearc," arsa m'athair le mo mháthair, "nó tá an gasur bocht tuirseach, agus ocrach." "Bhí mé amuigh i n-uaigneas na hoidhche go minic i ndiaidh sin, acht chan fhaca mé an sluagh sidhe ariamh níos mó. "Tá deireadh le mo sgéal anois, tá sé ag éirighe mall, agus caithfidh mé dhul na bhaile."
CEANN DAMHSA, CEANN DUITSE Bhí beirt ghasur ag imirt chraipi lá amháin. Bhí siad iongantach mór le chéile. An lá seo bhain gasur aca cuid mhór craipi. Ar an bhealach na bhaile ag teacht thart ag roilig daobhtha dubhairt siad go rachadh siad isteach 'san roilig go roinnfeadh siad na craipi le chéile. Isteach leobhtha acht ag dul trasna an bhalla dhóibh thuit beart de na craipibh taobh amuigh de'n bhalla. Shuidh siad taobh istoigh de'n bhalla ag roinnt ag gcraipi mar seo "ceann damhsa, ceann duitse; ceann damhsa, ceann duitse" agus a réir sin. Bhí sé gearr mhall, agus an dorachadas ag tuitim. Bhí fear ag dul thart taobh amuigh ar a bhealach mhór; chan fhaca sé na gasraí, acht chualaidh sé an glór beag íseal ag rádh i dtólamh "Ceann damhsa, ceann duitse, ceann damhsa, ceann duitse." Sgá' ruigh sé, agus as go bráth leis cómh gasta is thiocfadh leis rith. Casadh fear eile air. "An bhfaca tú taidhbhse, nó goidé an sgá'radh atá ort?" ars' an fear eile. "Chan fhaca, leóga," ars' an fear, "acht mur bhfaca chualaidh mé ceann aca ag labhairt." "Cé'n áit?" "Ins an t-sean roilig, is mé dhul thart, tá boimid ó shoin." "Och ná tabhair isteach do rudaibh mar sin," ars' an fear eile.
"Is furus sin a rádh, acht siubhail leat anois ar ais go dtí an roilig go bhfeicfidh tú fhéin an fíor nó bréag é." Ar ais leis an bheirt annsin, agus sheas siad le cois an bhalla taobh amuigh de'n roilig. Cha rabh dadaidh le cloisint acht glór beag íseal ag rádh na bhfocal céadna "ceann damhsa; ceann duitse" i dtólamh, go dtí go rabh an glór ag éirighe lag leis. 'Sa' deireadh stad an glór. Labhair an gasur eile annsin agus dubhairt sé "goidé fá'n bheirt atá taobh amuigh do'n bhalla?" Ag smaoi'tiughadh ar an dá chraipí a bhí an gasur, acht thuig na fir gurbh ortha fhéin a bhí an glór ag labhairt, agus d'imthigh siad ar sgaoll an méid a bhí 'na gcorp. Car stad siad go rabh siad níos mó ná leath- mhíle ó'n roilig. "Níl bréag ann," ars' an dara fear. "Nár dhubhairt mé sin leat," ars' an chead fhear, "acht goidé do bharramhail a bhí ann?" "Och," arsa seisean, "cé a bhéadh ann acht Dia agus an diabhal agus iad ag roinnt na n-anamnach le chéile."
BEIRT INGÉANACH Bhí greásaidhe bróg ann, agus fuair a bhean bás. Ní rabh de chlainn aige acht ingéan amháin. Chuir sé í seo 'na bhaile mhóir lá, agus ag teacht abhaile duithe cé casadh uirthi acht baintreabhach a bhí san chómhursanacht chéadna. Bhí ingéan ag an bhaintreabhaigh fósta. Dubhairt an bhaintreabhach le ingéan an ghréasaidhe a rádh le n-a h-athair ise a phósadh, agus arsa sise, "má phósann sé mé bhearaidh mé arán geal duitse i dtólamh is ní bhfuighidh mó ingéan fhéin acht arán buidhe." Chuaidh an ghirrseach na bhaile agus d'innis sí do n-a h-athair an méid is dubhairt an bhain- treabhach. Thug an gréasaidhe sean-bhróg duithe agus puill uirthi, agus dubhairt sé léithe dá gcongbóchadh an bhróg an t-uisge go bpósfadh sé í. Thug an ingéan an bhróg léithe is líon sí na puill le gach uile sheort, is chongbuigh an bhróg an t-uisge. Chonnaic an gréasaidhe annsin go rabh ciall ag a inghín. Pósadh an gréasaidhe agus an bhaintreabhach annsin. Nuair a bhí an pósadh thart tamall rinne an bhean dearmad ar an gheall a thug sí dó ingéan an gheásaidhe. Bheireadh sí arán buidhe duithe, agus arán geal dá ingín fhéin. Thainic an geimhreadh is thainic an sneachta. Chuir an bhean culaidh pháipéir ar ingéan an ghréasaidhe, agus chuir sí amach í ag iarraidh sméara dubha.
Shiubhail an ghirrseach léithi go dteachaidh sí isteach i dteach bheag ins an choillidh, agus bhí triúr fear cois na teineadh, agus ní rabh siad níos mó ná trí fhód mónadh. Shuidh sí síos ag an doras ag ithe giota aráin bhuidhe a bhí aici. D'iarr fear aca giota de'n arán uirthi. Dubhairt sí go dtabhrfadh agus fáilte. Thug sí dó é agus thug sí giotaí do'n bheirt eile fósta. D'iarr siad uirthi an teach a sguabadh, agus rinne sí sin. D'iarr siad uirthi pota beag a bhí ann a chrochadh ar an teinidh. Rinne sí seo. Nuair a chroch sí an pota d'iarr siad uirthi an sneachta a sguabadh de bhinn an toighe. Rinne sí seo, agus nuair a bhí an sneachta sguabtha aici chonnaic sí na sméara dubha ba deise chonnaic duine ariamh. Chuaidh sí isteach agus d'fhiafruigh sí dóibh an bpiocfadh sí na sméara dubha a bhí ar an tom ag binn an toighe. Dubhairt siad go rabh cead agus fáilte aici. Bhain sí iad, agus ag tionntughadh abhaile duithe annsin d'fhiafruigh duine de na fearaibh beaga goidé an pronntanas a bhearadh siad dí. Dubhairt fear aca an pronntanas a bhearadh seisean duithe í a bheith pósta ar mhac an duine ba saidhbhre ins an tír sin. Dubhairt fear eile léithe an uile uair dá n- amharcfadh sí ins an ghloine í a bheith níos deise ná an uair dheirionnach. Arsa tríomhadh fear, sé'n pronntanas a bhearas mise duithe saoghal fada sona ádhmharach. Chuaidh sí abhaile annsin agus chuir sé iongnadh
ar an leas-mháthair nuair a chonnaic sí na sméara dubha aici. Ag an am chéadna thug sí fá dear go rabh sí níos deise ag teacht ar ais duithe ná bhí sí ag imtheacht. Chuir sí ceisteanna gan áireamh ar an ghirrsigh, agus d'innis an cailin duithe go fírinneach fá dtaobh do na daoinibh beaga ins an choillidh, agus gach aon rud a tharlaidh duithe. Smaoi'tigh an bhean annsin nach dtiocfadh léithe rud níos fearr a dheanamh ná a ingéan fhéin a chur fá choinne sméara dubha fósta. Chuir sí culaidh mhaith bháinín uirthi, thug sí cliabh dí, agus chuir sí giota maith aráin ghil ann. Chuaidh sise amach na coilleadh ag iarraidh sméara dubha ins an tsneachta, agus chuaid sí go dtí'n teac a rabh an triúr fear beag ann. Shuidh sí ag taobh an dorais agus chuaidh sí adh'ithe an aráin. D'iarr fear aca giota de'n arán uirthi. Dubhairt sí nach dtabhrfadh, go rabh sé gann go leor aici fhéin. D'iarr siad uirthi an teach a sguabadh. D'fhiafruigh sí díobhtha cá rabh an cailin seirbhise a bhí aca anuraidh. D'iarr siad uirthi annsin a bheith dhul abhaile mur ndeanfadh sí é. Nuair a bhí sí ag imtheacht ó'n teach dubhairt fear aca gurab é an pronntanas a bhearadh seisean duithe í a bheith níos gráice an uile lá ná bhí sí indé roimhe sin. Dubhairt an dara fear go gcuirfeadh sé féasóg uirthi cómh fada is bhéadh ar smeigin gabhair. Dubhairt an tríomhadh fear gurab é an pronn- tanas a bhearadh seisean duithe í bás tobann a fhághail.
Chuaidh sí na bhaile annsin agus cha mhór nár aithin a máthair í, bhí sí cómh gránna míofar sin ó d'imthigh sí. Tharlaidh gac aon rud mar dubhairt na fir bheaga 'sa' choillidh. D'éirigh ingéan an ghréasaidhe cómh h-áluinn dóigheamhail sin go rabh trácht uirthi in gach aon áit, thall 's i bhfus, agus thainic an t-ogánach ba saidhbhre sa' tír agus phós sé í. D'éirigh ingéan na baintreabhaighe cómh gránna is comh huathbhásach sin gurbh éigin do'n mháthair í a chongbháil i bhfolach i dtólamh, agus i gcionn cúpla bliadhain d'éag sí go hobann. Sin an toradh a bhí ar dhroch mhéin na leas-mháthara.
NA TRÍ CHÓMHAIRLE Bhí lánamhain ann i bhfad ó shoin, agus is fada ó bhí. Nuair a bhí siad cúpla bliadhain pósta smaoi'tigh Tomás, an fear, go rachadh sé un an oileain úir. Nuair a chuaidh sé annsin rinne sé fastughadh le sgológ go cionn bliadhna. D'fhan sé ag an fhear seo bliadhain agus fiche. Níor thóg sé aon phighinn dá chuid airgid ar feadh an ama sin. Aon mhaidin amháin i ndiaidh an bhriocfasta ní rabh cuma ar Thomás go rabh sé ag dul amach i gcionn a chuid oibre. Nuair a thainic an maighistir fhad leis d'fhiafraigh sé dó "A Thomáis, goidé atá contráilte leat, nó an bhfuil tú tinn?" "Níl, leoga, buidheachas do Dhia," arsa Tomás, acht tá sé bliadhain agus fiche ó d'fhág mé Éire, agus indiu smaoi'tigh mé ar philleadh ar ais, nó d'fhág mé an t-am sin bean agus páisde beag in mo dhiaidh. D'fhiafraigh an maighistir dó cia aca a b'fheárr leis iomlán an méid airgid a shaothraigh sé annsin le bliadhain agus fiche ná trí chómhairle mhaithe a bhearadh seisean dó. Rinne Tomás moill, agus dubhairt sé go rabh an bealach fada, agus go mbféidir gur mhó luighfeadh na trí chómhairle air. "Sé an chead chómhairle," ars an maighistir, "cam, díreach an ród, sé an bealach mór an aithghiorra"; an dara cómhairle, gan codladh aon
oidhche i dteach a mbéadh cailín óg pósta ar shean- duine; an treas chómhairle, gan dadaidh go deóidh a dheánamh le feirg, acht do phíopa a tharraing as do phóca, agus é a dheargadh agus a chaitheamh, go mbféidir nuair a bhéadh an toit caithte agat go mbéadh an droch-uair thart." Annsin dhíol an maighistir bealach Thomáis, agus phronn an mhaighistreas bunnóg aráin air, mar phronntanas do bhean Thomáis. D'imthigh Tomás, agus ag dul na bhaile ar theacht go Doire dó, b'éigin dó siubhal, mar nach rabh traen ar bith i gConndae Dhúin na nGall 'san am sin. Casadh fear paca air, agus nuair a shiubhail siad tamall le chéile dubhairt fear an phaca gur ab í seo an aithghiorra. Smaoi'tigh Tomás ar an chead chómhairle, agus dubhairt sé "Cam díreac an ród 'sé an bealach mór an aithghiorra." "Má's é," arsa fear an phaca, "Congbhuigh tusa é," agus chuaidh sé fhéin an aithghiorra. Thainic an oidhche ar Thomás ag Srath an Urláir, agus casadh isteach é i dteach bheag. Cé bhí roimhe ins an teach seo acht fear an phaca acht cha rabh an paca aige, agus bhí sé fhéin loitthe go mór. "Goidé an taisme a thainic ort?" arsa Tomás. "Och, tharlaidh orm sgafta gadúidhe," arsa seisean, "agus ghoid siad mo phaca uaim, agus is meidhreach damh go dtainic mé beo as a lámhaibh." "Nár dhubhairt mé leat," arsa Tomás, "gur bh'fheárr duit an bealach mór a chongbhail." D'iarr Tomás lóisdín, agus fuair sé é. Cailín a bhí ins an teach seo, agus sean-duine, agus shaoil Tomás gurab í ingéan an duine aosta an cailín
seo, acht fuair sé amach ó fhear an phaca gur ab í bean an duine aosta a bhí innti. Smaoi'tigh seisean ar an dara cómhairle annsin, agus dubhairt sé i n-a intinn fhéin nach bhfuireóchadh seisean annseo go maidin. Chuaidh sé amach, acht bhí an oidhche dorcha, is chuaidh sé isteach i gcruaich chocain agus chodluigh innti go maidin. Thainic an bhean seo amach a chainnt le fear eile ag taoibh na cruaiche, agus dubhairt sí go dtabhradh sise nimh anocht do'n t-seanduine, agus go bhfuigfeadh sí ar fhear an phaca gur ab é a mharbh é. Chualaidh Tomás seo, acht cia ar bith bhí fear a' toighe marbh ar maidin, agus fuaras greim ar fhear an phaca, cionnus an fear seo a mharbhadh, agus cuireadh isteach i bpríosun i Leith-bhearr é go dtigeadh lá a bhreithe. Bhí sé gearr luath ar maidin nuair a d'imthigh Tomás a dhul abhaile. Shiubhail sé leis go dtainic sé fhad le Bealach na gCreach, an áit a rabh a bhean i n-a cómhnuidhe. Ag teacht chuig an teach dó cé chonnaic sé taobh amuigh de'n teach acht a bhean 'na suidhe ag blighean bó, agus bhí scafaire buachalla ag cainnt léithi. Cé bhí ins an scafaire acht a mhac fhéin, acht sé'n rud a shaoil Tomas go rabh a bhean pósta arís, agus gur seo an fear eile a fuair sí. D'éirigh sé go han-fheargach, agus fhad is bhí sé ag smaoi'tiughadh rud éinteacht a dheánamh leis an bhuachaill seo smaoi'tigh sé ar an treas chómhairle. Ní rabh cipíní soluis ar bith ann an t-am sin. Rinne sé teine chreasa, dhearg sé a phíopa, agus chaith sé toit. Fhad is bhí sé ag caitheamh thug an gasur fá dear é, agus thainic sé anall chuige. Adeir an sean-fhocal go n-aithnigheann an croidhe gaol,
agus d'aithnigh an gusur a athair. "A mháthair," ar seisean, "gabh annseo, seo mo athair ag caitheamh a phíopa." D'éirigh an bhean le lúthghair mhóir. "Maise," a Thomáis, a sheirce do chéad míle fáilte na bhaile; nár bh'iongantach nár sgríobh tú litir bheag." "Maise," arsa Tomás, "char smaoi'tigh mé ar bhaile nó ar áit go dtí an lá d'fhág mé an áit thall." Thoisigh an bhean ag deánamh réidh an bhriocfasta. "Seo bunnóg bheag," arsa Tomás, "a chuir an mhaighistreas thall chugat-sa mar phronntanas." "Mur mbéadh fhéin," ars an bhean, "is mór is fusa dúinne bunnóg bheag aráin a dheánamh anois ná an uair a d'fhág tusa sinn." Chuaidh sí annsoir an bhunnóig; an chead ghiota a gearradh dí bhí sé lán gíneacha; is innti seo a cuireadh tuarastal bliadhain agus fiche Thomáis gan fios ar bith a bheith aige fhéin air. Naoi nó deich de laethibh i ndiaidh seo mhothuigh Tomás iomrádh fá chás mharbhtha an duine aosta. Smaoi'tigh sé gur mhór an truaigh fear an phaca a bheith coirtheach ins an chás agus é neamh-choirtheach. Chuaidh Tomás isteach go teach na cúirte i Leith- Bhearr agus mhionnuigh sé an chainnt a chualaidh sé an bhean seo a rádh. Leigeadh amach fear an phaca, agus rinneadh príosunach do'n mhnaoi a fuaras cionntach. Phill Tomás abhaile annsin agus é lán chinnte gur mhór an bhrígh agus an chríonnacht a bhí ins na trí chómhairleachaibh, agus níor chorruigh sé as a bhaile ó'n lá sin go dtí lá a bháis.
TRÍ CHÓMHAIRLE EILE Casadh Mághnus mhac Fhionntaigh agus malcaire ar a chéile lá amháin. Bhí cliabh mór gloinní ag an mhalcaire a bhí sé a dhíol. Bhuail an bheirt ar chómhradh. D'fhiafraigh an malcaire de'n fhear eile goidé an chéird a bhí aige. "Maise," arsa Mágnus, "níl céird ar bith agam, acht ag iarraidh a bheith ag saothrughadh mo bheatha ar gach dóigh a bhfághaim sgilling le saothrughadh." "Bhearaidh mise sgilling dhuit má iomchrann tú an cliabh seo suas go barr an chnuic adaidh." Bhí cnoc mór árd romhpa sa' tslighe: "maith go leor," arsa Mághnus ag breith greama ar an chliabh agus dá iomchar suas go barr an chnuic. "Anois," ars' an malcaire, "bhearaidh mé trí chómhairle duit a bhéas i bhfad níos fearr dhuit-se ná an sgilling, agus seo iad - "Má innseann duine ar bit duit gur fearr duine aosta ná duine óg ná créid é. Má innseann duine ar bith duit gur fearr duine pósta ná duine díomhain ná creid é, agus má innseann duine ar bith dhuit gur fearr duine saidhbhir na duine bocht ná creid é." Bhí Mághnus ag smaoi'tiughadh. "An é sin an dóigh a bhfuil tú ag braith mé a dhíol ar son mo thrioblóide?" "'S eadh," ars' an malcaire; "nach deirim leat gur fearr i bhfad duitse na cómhairleacha seo ná an sgilling."
Thainic tallann corraighe ar Mhághnus agus shaoil sé leis fhéin "ní leigfidh mise do'n chleasaidhe seo amadán a dheanamh díom mar sin," is cha dtearn sé dadaidh acht an cliabh a thógailt go hárd, agus é a chaitheamh síos leis an fhánaidh. "Anois," arsa seisean leis an fhear eile, "má innseann duine ar bith dhuit nac bhfuil na gloinní seo briste ná creid é."
AN GASUR DEARMADACH Cuireadh gasur dearmadach 'na bhaile mhóir lá amháin fá choinne croidhe sgamhain, agus cruadh-ae caorach. Tugadh sgilling dó. Baintreabhach a bhí in a mháthair agus bhí sí bocht: ní rabh aici acht an sgilling amháin. "A mháthair," ars' an gasur, "ní bhéidh mé i n-innibh a chuimhniughadh ar na rudaibh seo nuair a bhéas mé 'sa' bhaile mhór. "Cad chuige nach mbéadh," ars' an mháthair. "Bí dá rádh i dtólamh agus ní dheanfaidh tú dearmad ortha." "Dheanfaidh mé sin, a mháthair," ars' an gasur. D'imthigh sé leis, agus é ag rádh "Croidhe, sgamhain, agus cruadh-ae, comh tiugh teith is thiocfadh leis. Thainic sé go dtí droichead, an áit a rabh fear in a shuidhe, agus glonn nó órla air. Cé gur dona a bhí sé, ar chloistin dó na focla a bhí an gasur ag rádh léim sé suas agus thainic sé aniar le rúide. "A bhítheamhnaigh óig," arsa seisean - "Croidhe, sgamhain, agus cruadh-ae," 'ars' an gasur. Thug an fear basóg dó: "Bhí do thost," arsa seisean, "nó má labhrann tú mar sin níos mó mairbhfidh mé thú." Thosuigh an gasur ag caoineadh. "Dubhairt mo mháthair liom sin a rádh," ars' an gasur. "Is cuma liomsa goidé dubhairt do mháthair,"
ars' an fear, "ná leig damh na focla ud a chloisint as do bhéal níos mó." "Is goidé déarfas mé anois," ars' an gasur. "Abair," ars' an fear, "nár thigidh siad aníos a choidhche." "Dheanfaidh mé sin," ars' an gasur, agus d'imthigh sé leis. Char bhfada go dtainic sé go dtí áit a rabh fear agus bean ag ciobáil phreataí. Nuair a chualaidh siad an gasur ag rádh "nár thigidh siad aníos a choidhche" bhí siad cinnte gur ar na preataibh a bhí sé ag trácht, agus léim an fear trasna an chlaidhe aniar agus an spád 'na láimh aige, is rith sé chuig an ghasur. Bhuail sé é gur fhág sé ag caoineadh é. "Anois," arsa seisean, "cha bhíonn tú ag mallachtaighe feasta ar mo chuid phreataí." "Is goidé ba chóir damh a rádh?" ars' an gasur. "Abair," ars' an fear, "ceann i mbliadna agus céad ceann ar an bhliadhain seo chugainn." "Adéarfaidh mé sin," ars' an gasur, agus d'imthigh sé leis agus é ag síor-rádh "ceann imbliadhna agus céad ceann ar an bhliadhain seo chugainn," go dtí gus casadh dó thórramh. Thuig lucht an tórraimh go raibh sé ag rádh go mbéadh céad tórramh ann ar an bhliadhain seo chugainn, is bhuail siad é, is dubhairt siad leis gan a labhairt mar sin níos mó. "Is goidé déarfas mé?" ars' an gasur. "Abair," arsa fear acá, "ceann i mbliadna agus gan ceann ar bith as an bhliadhain seo chugainn."
D'imthigh an gasur bocht leis dá rádh séo, go dtí gur casadh air fear ar leath-shúil. Nuair chualaidh sé seo an rud a bhí an gasur ag rádh shaoil sé gur ar a chuid 'súl a bhí sé labhairt, agus thug sé iarraidh air le bata a bhí aige, agus bhagair sé air é a mharbhadh dá gcluinfeadh sé a léitheid sin de chainnt aige arís a choidhche. "Is goidé déarfas mé," ars' an gasur. "Abair," arsa seisean, "an ceann a chaill sé go bhfághaidh sé arís é." D'imthigh sé annsin agus shiubhail sé leis go dtí go dtainic se cómh fada le teach ag a rabh fear agus bean a bhí thar éis tóir a chur ar shionnach, agus lachain a bhaint de. Nuair a chualaidh sí an gasur ag rádh "an ceann a chaill sé go bhfághaidh sé aríst é," thainic corraighe mhór ar an mhnaoi, chaith sí clocha ar an ghasur, agus dubhairt sí dá mbíodh greimh aici air go mbainfeadh sí an teangaidh as. "Is goidé ba chóir damh a rádh ars' an gasur. "Abair," arsa sise, "go dtachtar an beathach salach." "Déarfaidh mé sin," ars' an gasur, agus d'imthigh leis. Chuaidh sé giota eile, agus casadh air fear agus a bhean, agus an fear ar meisge. "Go dtachtar an beathach salach," ars' an gasur agus é ag dul thart. "Go dtachtar thú fhéin," ars' an bhean, ag fághail greama ar an ghasur. "Cad chuige an abair tú a léitheid sin do mo fhear chóir," agus chraith sí an gasur. Thosuigh sé ag caoineadh. "Chan fhuil 'fhios agam faoi'n ghréin," arsa seisean,
"goidé adéarfas mé. Char dhubhairt mé aon fhocal indiu nár buaileadh mé ar a shon." "Congbhuigh do bhéal druidthe annsin," ars' an bhean. "Mur bhfuil tú i n-innibh labhairt cosamhail le Críostaidhe is fearr dhuit a bheith in do thost." "Glacfaidh mé do chómhairle, a bhean," arsa seisean, agus d'imthigh sé leis. Char bhfada anois gur shroich sé an baile mór. Bhuail sé isteach i dteach an bhrothaire, is leag sé an sgilling ar an chúntar. "Goidé dheanfas mé dhuit?" ars' an brothaire. Ní labhróchadh an gasur. "Goidé atá a dhith ort fá'n sgilling?" ars' an brothaire arís. Chan fhosglóchadh an gasur a bhéal. Thug an brothaire an sgilling ar ais dó, is d'órduigh sé as a theach é. Thainic an gasur abhaile annsin gan an oiread le siolla a labhairt le duine ar bith a casadh dó. Nuair a thainic sé isteach chuig a mháthair, cha rabh na croidhe sgamhain agus cruadh-se aige, agus char bhfhiú dadaidh ar buaileadh air ar an bhealach mhór i bhfaras an ghriosáil a fuair sé ó n-a mháthair.
SEÓN AGUS SEÁN Fad ó shoin bhí beirt óganach 'na gcómhnuidhe cómhgarach dá chéile i nGleann na Fainne. Seón agus Seán a bhí ortha. Bhí Seán críonna, acht cha rabh Seón ró-chríonna. Chuaidh siad síos le chéile uair amháin un an tSráth-báin le fastughadh a dheanamh. D'fhastuigh an bheirt, is chuaidh siad a bhaile ó'n aonach le n-a maighistribh. Fuair siad amach annsin go rabh siad cómhgarach dá chéile arís anois i gConndae Thír-Eoghain. I gcionn cúpla lá shonnruigh Seón teach mór deas i ndeas do theach a mhaighistir. Cha rabh daoine ar bith 'na gcómhnuidhe ann. D'fhiafruigh Seón dá mhaighistir lá amháin cad chuige nach rabh daoine na gcómhnuidhe 'san teach seo. D'innis an maighistir dó go rabh taidhbhse ann, agus nach bhfanfadh duine ar bith ann, agus dá bhfanadh seisean trí h-oidhche ann go dtabharfadh sé cúig phunnta dhó. Dubhairt Seón go bhfanfadh, mar nach rabh eagla air roimh taidhbhse ar bith. Sócrughadh an margadh eatortha. An chead oidhche chaith Seón ann i dtráthaibh an mheadhon- oidhche thainic dá fhear dhéag isteach agus cómhnair leobhtha. Leag siad síos an chómhnair ar an urlár, bhain siad an clár di, agus léim fear mór dubh amach as, agus i bhfaiteadh na súl thosuigh and dá
fhear déag dá bhualadh le súistibh. Sgairt an fear mór dubh ar Sheón a chuidiughadh leis. "Maise, cuireóchaidh," arsa Seón, "ná is furus a fheiceail nach bhfuil comhthrom na féinne agatsa." Chuartaigh Seón thart, fuair sé cuaille sa' chlúid, agus chuidigh sé go croidheamhail cródha leis an fhear mhór dhubh, agus d'éirigh leo an dá fhear dhéag a chur amach ar an doras agus ruaig a chur ortha. Bhí an fear mór dubh buidheach go mór do Sheón. Tharlaidh an rud céadna an dara agus an tríomhadh hoidhche. An tríomhadh hoidhche dubhairt Seón leis an fhear mhór nach mbéadh sé ar ais níos mó, ná gur sin an margadh a rinne sé le n-a mhaighistir, trí hoidhche a chaitheamh 'san teach sin. "Má's mar sin atá," ars' an fear mór dubh "tá sé comh maith agam-sa cúiteamh a dheanamh duit fá do chuidiughadh" agus thaisbean sé dhó mála leathair lán d'ór is d'airgead, agus dubhairt sé le Seón sin a thabhairt leis. Chá rabh an dara h-órdughadh a dhíoghbháil ar Sheón, thug sé an mála leis, agus bhí sé comh saidhbhir sin anois nach bhfanfadh sé ar sheirbhis níos mó, agus d'imthigh sé leis, lá ar na bhárach, ar ais go dtí Gleann na Finne. Chuaidh an sgéal amach air fríd an tír uilig, agus chuailaidh Seán é cómh maith le duine eile. Shaoil Seán annsin nár bhféidir leis fhéin rud níos fearr a dheanamh ná dhul go dtí'n teach céadna go bhfeicfeadh sé an bhfuigheadh seisean mála óir agus airgid. Chuaidh.
I dtráthaibh an mheadhon oidhche thainic an dá fhear dhéag isteach is an chómhnair leobhtha, leag siad síos ar an urlár é, léim an fear mór dubh amach as, is thosuigh an dá fhear dhéag dá bhualadh le súistibh. Sgairt an fear mór dubh ar Sheán a chuidiughadh leis. Bhí Seán ró-chríonna: shaoil sé nach mbéadh seans ar bith ag beirt roimh dá fhear dhéag, agus char chuidigh sé leis, acht tharraing sé ar gcúl i gclúid ag coimhead. Ba roighin díbhirceach an troid, acht ins an deireadh fuair an fear mór dúbh an bhuaidh ar an cuid eile, is ruaig sé amach ar an doras iad. Thionntuigh sé annsin ar Sheán. "A chladhaire," arsa seisean, "sé do sheal-sa anois" agus thosaigh sé air le n-a shúiste, agus leag sé air gur thuit Seán bocht i laige. Ar maidin lá ar na bhárac nuair ná phill sé go teach a mhaighistir cuireadh duine fá na choinne go teach an taidhbhse, agus fuaras é leath-mharbh in a luighe ar an urlár, is a chuid chnámha uilig brúighte briste. Hiomcharadh ar ais go teach a mhaighstir é, agus i gcionn seachtmhaine tugadh go dtí Gleann na Finne é. Thainic biseach air go fadalach, acht bhí sé a choidhche in a bhacach, agus cha rabh sé ábalta lé maith oibre a dheanamh ní ba mhó. Is minic adeireadh sé go h-áithmhealach. "Och tugadh Seán críonna ormsa, agus Seón amaideach ar mo chomhursan amuigh annseo, acht is mise a bhí amaideach agus eisean a bhí críonna."
AN T-ÁDHBHAR NACH BHFUIL IASG INS AN MHAOIL RUAIDH Tá 'fhios ag an tsaoghal nach bhfuil iasg le fhághail ins an Mhaoil Ruaidh cé go bhfuil siad flúirseach i gceart san tSúiligh taoibh shoir de agus i gCuan na Long taoibh shiar de. Tá an sgéal mar seo ó aimsir Cholmcille, agus is amhlaidh mar tharlaidh, do réir seanchuis na ndaoine. Nuair a bhí Colmcille ag taisteal na tíre thainic sé, lá, go dtí an Mhaol Ruadh, agus é tuirseach, ocrach. Chonnaic iasgairí na Maoile Ruaidhe é ag teacht, agus cha rabh aca acht cúpla bradan. Dubhairt duine aca "foluigh iad; nach sin Colm ag teacht, agus níl aon cheann le sparáil dó má bhíonn sé dá n-iarraidh." Rinneadh seo. Ag teacht aniar do Cholmcille bheannuigh sé iad agus a gcuid oibre, agus d'fhiostruigh sé "An bhfuair sibh dadaidh?" Dubhairt siad nach bhfuair. Bhí 'fhios ag Colm gur bréag é seo, agus dubhairt sé "Mur bhfuair sibh go bhfághaidh sibh, acht má fuair sibh nár fhághaidh sibh a chroidhe," agus chan fhuaras breac nó bradan ó shoin in uisge na Maoile Ruaidhe, ón lá sin go dtí an lá indiu.
SGÉAL EILE AR CHOLMCILLE Lá eile thainic Colmcille go dtí baile éinteacht i dTír Chonaill. Chruinnigh muinntir an bhaile thart, agus thosuigh Colm ag innsigh dóibh gach aon rud fá dtaobh do Dhia agus do'n chreideamh. D'éist siad go modhamhail leis ar tús, acht i gcionn tamhaill thosuigh siad ag gáiridhe air, agus ag magadh faoi, agus i ndeireadh dubhairt cuid aca nach rabh ann acht amadán. Stad sé a chuid cainnte annsin agus dubhairt sé "bímsa in mo amadán nó ná bím, cha bhíonn an baile seo gan amadán ann go bráth," agus d'imthigh leis. B'fhíor dó. Chan fhacthas an baile sin ón lá sin go dtí an lá indiu gan amadán nó dhó bheith ann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services