Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Daoine Beaga agus Daoine Móra - Donegal Folk Tales

Title
Daoine Beaga agus Daoine Móra - Donegal Folk Tales
Author(s)
In eagar ag Henry Morris,
Pen Name
Mac Róigh, Feargus (Bail. / Eag.)
Compiler/Editor
Morris, Henry
Composition Date
1915
Publisher
Dundalgan Press

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SEÁN Ó BAOGHAILL AGUS NA
DAOINE BEAGA



Tá Seán Ó Baoghaill 'na chómhnuidhe ar an bhaile
seo, agus is iomdha oidhche áirneáil a rinne sé i
dtoigh 'sagainne. Oidhche fhuar gheimhridh amháin
bhí muid uilig 'nar suidhe thart fá'n teinidh nuair
a thainic Seán isteach. Thoisigh an cómhradh, agus
isa' deireadh d'iarr m'athair ar Sheán sgéal a
'nnseach, nó go rabh muid tuirseach de'n chómhrádh.



"Maise," arsa Seán, "ní sgéalaidhe ar bith
mise, acht mar d'iarr tú orm innseóchaidh mé
díbh fá rud a tharlaidh damh nuair a bhí mé 'mo
ghasur. Ba ghnáthach leis na daoinibh an uair sin,
mar bhí siad bocht, na páisdí a chur ar sheirbhis
go hóg. Chuir mo athair mise ar sheirbhis ag
fear amuigh i gConndae Thír-Eoghain.



"Ní sásta a bhí mé an baile a fhágáil, acht ní
rabh neart agam air. Sul a rabh an chead mhí thart
dubhairt mé liom féin go bhfágfainn an áit sin,
ba chuma goidé d'éireóchadh damh, agus go rachainn
abhaile ionnsoir mo mhuinntir.



"Tráthnóna amháin d'imthigh mé gan slán nó
beannacht a fhágáil ag duine in mo dhiaidh. Ní
rabh 'fhios agam an bealach, acht thug mé mo aghaidh
do'n áird sin in a rabh beagán soluis fágtha ins
an spéir. Cha dteachaidh mé i bhfad go dtainic
an oidhche orm, agus chuaidh mé ar seachrán.



"'Sa' deireadh chonnaic mé solus beag i
bhfad uaim, agus tharraing mé air cómh tiugh géar
is thainic liom.


L. 2


"Casadh isteach i dteach theith sheascair mé, an
t-urlár sguabtha go glan, sluagh mór fear beag
in a suidhe thart fá'n teinidh, agus sean-chapall
glas thíos i gcionn an toighe.



"'Céad fáilte rómhat, a Sheáin Uí Bhaoghaill,"
ars' an capall. "Céad fáilte rómhat, a Sheáin
Uí Bhaoghaill," arsa duine de na fearaibh beaga.
"Céad fáilte rómhat, a Sheáin Uí Baoghaill," arsa
gach duine 'sa' teach.



"Thainic mé fhéin aníos agus shuidh mé. Ní
rabh i bhfad go dteachaidh na fir a chainnt go
gcaithfeadh siad imtheacht.



"'Acht,' arsa duine aca, "béidh an capall
fuar, agus béidh sé ag tarraingt ar an teinidh,
agus mur bhfanaidh duine istoigh agus é a choimhead,
béidh sé bruithte dóighte ag teacht dúinne arís.
Cé fhanóchas istoigh?"



"Cé a d'fhanóchadh istoigh acht Seán Ó Baoghaill,"
ars' an chuid eile. "Maith go leor," ars' an
fear eile. "Anois, a Sheáin, éist liom. Má
bhíonn ribe amháin de'n chapall le theinidh ag teacht
dúinne béidh daor ort."



"Níor leig an eagla damh cur suas dó fanacht
istoigh, agus d'imthigh an sluagh amach ar an doras.
Thainic an capall aníos, agus luigh sé síos i gcois
na teineadh. Bhí mé fhéin tuirseach agus luigh mé
'sa' chlúdaigh, agus i gcúig bhomaite bhí mé 'mo
chodladh. An chead rud a mhuscail mé an baladh
a bhí as an chapall gá dhóghadh.



"D'éirigh mé de léim 'mo sheasamh agus amach
go bráth liom ar an doras, agus d'imthigh mé béal
mo chinn fríd an dorachadas. Sgíth nó stad cha


L. 3


dtearn mé go dtainic mé isteach i gcoillidh
dhuibh dhorcha.



"Leis sin mhothuigh mé an sluagh céadna a bhí
'san teach ag teacht i mo dhiaidh. Suas i gcrann
árd liomsa. Thainic an sluagh isteach 'sa' choillidh
agus cómhnair leobhtha. Go díreach mar bhí siad
ag dul faoi 'n chrann a rabh mise ann, bhris ceann
de na maidibh a bhí faoi'n chómhnair, agus chuaidh
siad a chuartughadh craobh a dtiocfadh leo maide
nua a dheanamh de. Ghearr siad an chraobh chéadna
a rabh mise air, agus thuit mé síos ag talamh.



"Céad fáilte rómhat, a Seáin Uí Bhaoghaill,"
arsa duine de'n tsluagh. "Céad fáilte rómhat,
a Sheáin Uí Bhaoghaill," arsa na fir uilig.



"Rinneadh an maide, agus nuair a bhí sé deanta
d'fhiafraigh fear aca cé rachadh faoi'n mhaide seo.
"Cé rachadh faoi acht Seán Ó Baoghaill," ars' an
chuid eile.



"Má bhí eagla orm nuair casadh an sluagh sin
damh an chead uair, bhí dhá eagla orm anois. Chuaidh
mé faoi'n mhaide gan focal a rádh, agus shiubhail
muid linn go dtainic muid go dtí áit bheag
dheas i lár na coilleadh. Bhí an ghealach ag soill-
sigh 'san am seo. D'fhág siad síos an chómhnair
agus rinne siad uaigh.



"Annsin chuaidh fear aca go dtí'n chómhnair
agus d'fhosgail sé í.



"Cé rachas isteach 'sa' chomhnair seo? ar seisean.



"Cé a rachadh inntí acht Seán Ó Baoghaill," arsa
ua fir eile a bhí thart fá dtaobh dó.



"Thosuigh mé fhéin ag sgreadaigh annsin agus
thuit mé i laige.



"Nuair a thainic mé chugam fhéin cé an áit a rabh
mé acht ag doras m'athara. Bhuail mé ar an


L. 4


doras agus leigeadh isteach mé. Bhí siad ag
coigilt na teineadh ag fághail réidh a dhul a luighe.
Chuir sé iongantas ortha uilig mé a fheiceáil cómh
mall san oidhche.



"D'innis mé dóbhtha cómh dona is bhí an áit ud
a rabh mé ann, agus nach dtiocfadh liom a fhuilstin
níos faide.



"Éirigh agus marbh cearc," arsa m'athair le mo
mháthair, "nó tá an gasur bocht tuirseach, agus
ocrach."



"Bhí mé amuigh i n-uaigneas na hoidhche go minic
i ndiaidh sin, acht chan fhaca mé an sluagh sidhe
ariamh níos mó.



"Tá deireadh le mo sgéal anois, tá sé ag
éirighe mall, agus caithfidh mé dhul na bhaile."


L. 5


CEANN DAMHSA, CEANN DUITSE



Bhí beirt ghasur ag imirt chraipi lá amháin. Bhí
siad iongantach mór le chéile. An lá seo bhain
gasur aca cuid mhór craipi.



Ar an bhealach na bhaile ag teacht thart ag roilig
daobhtha dubhairt siad go rachadh siad isteach 'san
roilig go roinnfeadh siad na craipi le chéile.



Isteach leobhtha acht ag dul trasna an bhalla
dhóibh thuit beart de na craipibh taobh amuigh de'n
bhalla. Shuidh siad taobh istoigh de'n bhalla ag
roinnt ag gcraipi mar seo "ceann damhsa, ceann
duitse; ceann damhsa, ceann duitse" agus a
réir sin.



Bhí sé gearr mhall, agus an dorachadas ag
tuitim. Bhí fear ag dul thart taobh amuigh ar a
bhealach mhór; chan fhaca sé na gasraí, acht chualaidh
sé an glór beag íseal ag rádh i dtólamh "Ceann
damhsa, ceann duitse, ceann damhsa, ceann
duitse."



Sgá' ruigh sé, agus as go bráth leis cómh gasta
is thiocfadh leis rith.



Casadh fear eile air. "An bhfaca tú taidhbhse,
nó goidé an sgá'radh atá ort?" ars' an fear eile.



"Chan fhaca, leóga," ars' an fear, "acht mur
bhfaca chualaidh mé ceann aca ag labhairt."



"Cé'n áit?"



"Ins an t-sean roilig, is mé dhul thart, tá
boimid ó shoin."



"Och ná tabhair isteach do rudaibh mar sin,"
ars' an fear eile.


L. 6


"Is furus sin a rádh, acht siubhail leat anois
ar ais go dtí an roilig go bhfeicfidh tú fhéin an
fíor nó bréag é."



Ar ais leis an bheirt annsin, agus sheas siad
le cois an bhalla taobh amuigh de'n roilig. Cha
rabh dadaidh le cloisint acht glór beag íseal
ag rádh na bhfocal céadna "ceann damhsa;
ceann duitse" i dtólamh, go dtí go rabh an
glór ag éirighe lag leis. 'Sa' deireadh stad an
glór. Labhair an gasur eile annsin agus dubhairt
sé "goidé fá'n bheirt atá taobh amuigh do'n
bhalla?"



Ag smaoi'tiughadh ar an dá chraipí a bhí an
gasur, acht thuig na fir gurbh ortha fhéin a bhí an
glór ag labhairt, agus d'imthigh siad ar sgaoll
an méid a bhí 'na gcorp.



Car stad siad go rabh siad níos mó ná leath-
mhíle ó'n roilig.



"Níl bréag ann," ars' an dara fear.



"Nár dhubhairt mé sin leat," ars' an chead
fhear, "acht goidé do bharramhail a bhí ann?"



"Och," arsa seisean, "cé a bhéadh ann acht Dia
agus an diabhal agus iad ag roinnt na n-anamnach
le chéile."


L. 7


BEIRT INGÉANACH



Bhí greásaidhe bróg ann, agus fuair a bhean
bás. Ní rabh de chlainn aige acht ingéan amháin.



Chuir sé í seo 'na bhaile mhóir lá, agus ag teacht
abhaile duithe cé casadh uirthi acht baintreabhach
a bhí san chómhursanacht chéadna. Bhí ingéan ag
an bhaintreabhaigh fósta.



Dubhairt an bhaintreabhach le ingéan an ghréasaidhe
a rádh le n-a h-athair ise a phósadh, agus arsa
sise, "má phósann sé mé bhearaidh mé arán geal
duitse i dtólamh is ní bhfuighidh mó ingéan fhéin
acht arán buidhe."



Chuaidh an ghirrseach na bhaile agus d'innis sí
do n-a h-athair an méid is dubhairt an bhain-
treabhach.



Thug an gréasaidhe sean-bhróg duithe agus puill
uirthi, agus dubhairt sé léithe dá gcongbóchadh
an bhróg an t-uisge go bpósfadh sé í. Thug an
ingéan an bhróg léithe is líon sí na puill le gach
uile sheort, is chongbuigh an bhróg an t-uisge.
Chonnaic an gréasaidhe annsin go rabh ciall ag a
inghín. Pósadh an gréasaidhe agus an bhaintreabhach
annsin. Nuair a bhí an pósadh thart tamall rinne
an bhean dearmad ar an gheall a thug sí dó ingéan
an gheásaidhe. Bheireadh sí arán buidhe duithe,
agus arán geal dá ingín fhéin.



Thainic an geimhreadh is thainic an sneachta.
Chuir an bhean culaidh pháipéir ar ingéan an
ghréasaidhe, agus chuir sí amach í ag iarraidh sméara
dubha.




L. 8


Shiubhail an ghirrseach léithi go dteachaidh sí isteach
i dteach bheag ins an choillidh, agus bhí triúr fear
cois na teineadh, agus ní rabh siad níos mó ná
trí fhód mónadh.



Shuidh sí síos ag an doras ag ithe giota aráin
bhuidhe a bhí aici.



D'iarr fear aca giota de'n arán uirthi.
Dubhairt sí go dtabhrfadh agus fáilte. Thug sí
dó é agus thug sí giotaí do'n bheirt eile fósta.



D'iarr siad uirthi an teach a sguabadh, agus
rinne sí sin. D'iarr siad uirthi pota beag a
bhí ann a chrochadh ar an teinidh. Rinne sí seo.



Nuair a chroch sí an pota d'iarr siad uirthi an
sneachta a sguabadh de bhinn an toighe. Rinne
sí seo, agus nuair a bhí an sneachta sguabtha aici
chonnaic sí na sméara dubha ba deise chonnaic
duine ariamh.



Chuaidh sí isteach agus d'fhiafruigh sí dóibh an
bpiocfadh sí na sméara dubha a bhí ar an tom ag
binn an toighe. Dubhairt siad go rabh cead agus
fáilte aici. Bhain sí iad, agus ag tionntughadh
abhaile duithe annsin d'fhiafruigh duine de na
fearaibh beaga goidé an pronntanas a bhearadh
siad dí.



Dubhairt fear aca an pronntanas a bhearadh
seisean duithe í a bheith pósta ar mhac an duine
ba saidhbhre ins an tír sin.



Dubhairt fear eile léithe an uile uair dá n-
amharcfadh sí ins an ghloine í a bheith níos deise
ná an uair dheirionnach. Arsa tríomhadh fear, sé'n
pronntanas a bhearas mise duithe saoghal fada
sona ádhmharach.



Chuaidh sí abhaile annsin agus chuir sé iongnadh


L. 9


ar an leas-mháthair nuair a chonnaic sí na sméara
dubha aici. Ag an am chéadna thug sí fá dear
go rabh sí níos deise ag teacht ar ais duithe ná
bhí sí ag imtheacht.



Chuir sí ceisteanna gan áireamh ar an ghirrsigh,
agus d'innis an cailin duithe go fírinneach fá
dtaobh do na daoinibh beaga ins an choillidh, agus
gach aon rud a tharlaidh duithe.



Smaoi'tigh an bhean annsin nach dtiocfadh léithe
rud níos fearr a dheanamh ná a ingéan fhéin a
chur fá choinne sméara dubha fósta.



Chuir sí culaidh mhaith bháinín uirthi, thug sí cliabh
dí, agus chuir sí giota maith aráin ghil ann.



Chuaidh sise amach na coilleadh ag iarraidh sméara
dubha ins an tsneachta, agus chuaid sí go dtí'n
teac a rabh an triúr fear beag ann. Shuidh sí
ag taobh an dorais agus chuaidh sí adh'ithe an aráin.



D'iarr fear aca giota de'n arán uirthi.
Dubhairt sí nach dtabhrfadh, go rabh sé gann go
leor aici fhéin.



D'iarr siad uirthi an teach a sguabadh.



D'fhiafruigh sí díobhtha cá rabh an cailin seirbhise
a bhí aca anuraidh. D'iarr siad uirthi annsin a
bheith dhul abhaile mur ndeanfadh sí é.



Nuair a bhí sí ag imtheacht ó'n teach dubhairt
fear aca gurab é an pronntanas a bhearadh
seisean duithe í a bheith níos gráice an uile lá
ná bhí sí indé roimhe sin.



Dubhairt an dara fear go gcuirfeadh sé féasóg
uirthi cómh fada is bhéadh ar smeigin gabhair.



Dubhairt an tríomhadh fear gurab é an pronn-
tanas a bhearadh seisean duithe í bás tobann a
fhághail.


L. 10


Chuaidh sí na bhaile annsin agus cha mhór nár
aithin a máthair í, bhí sí cómh gránna míofar sin ó
d'imthigh sí.



Tharlaidh gac aon rud mar dubhairt na fir
bheaga 'sa' choillidh. D'éirigh ingéan an ghréasaidhe
cómh h-áluinn dóigheamhail sin go rabh trácht uirthi
in gach aon áit, thall 's i bhfus, agus thainic an
t-ogánach ba saidhbhre sa' tír agus phós sé í.



D'éirigh ingéan na baintreabhaighe cómh gránna
is comh huathbhásach sin gurbh éigin do'n mháthair
í a chongbháil i bhfolach i dtólamh, agus i gcionn
cúpla bliadhain d'éag sí go hobann. Sin an
toradh a bhí ar dhroch mhéin na leas-mháthara.


L. 11


NA TRÍ CHÓMHAIRLE



Bhí lánamhain ann i bhfad ó shoin, agus is fada
ó bhí. Nuair a bhí siad cúpla bliadhain pósta
smaoi'tigh Tomás, an fear, go rachadh sé un an
oileain úir. Nuair a chuaidh sé annsin rinne sé
fastughadh le sgológ go cionn bliadhna. D'fhan
sé ag an fhear seo bliadhain agus fiche. Níor
thóg sé aon phighinn dá chuid airgid ar feadh an
ama sin. Aon mhaidin amháin i ndiaidh an
bhriocfasta ní rabh cuma ar Thomás go rabh sé ag
dul amach i gcionn a chuid oibre. Nuair a thainic
an maighistir fhad leis d'fhiafraigh sé dó "A
Thomáis, goidé atá contráilte leat, nó an bhfuil
tú tinn?"



"Níl, leoga, buidheachas do Dhia," arsa Tomás,
acht tá sé bliadhain agus fiche ó d'fhág mé Éire,
agus indiu smaoi'tigh mé ar philleadh ar ais, nó
d'fhág mé an t-am sin bean agus páisde beag in
mo dhiaidh.



D'fhiafraigh an maighistir dó cia aca a b'fheárr
leis iomlán an méid airgid a shaothraigh sé annsin
le bliadhain agus fiche ná trí chómhairle mhaithe a
bhearadh seisean dó.



Rinne Tomás moill, agus dubhairt sé go rabh
an bealach fada, agus go mbféidir gur mhó
luighfeadh na trí chómhairle air.



"Sé an chead chómhairle," ars an maighistir,
"cam, díreach an ród, sé an bealach mór an
aithghiorra"; an dara cómhairle, gan codladh aon


L. 12


oidhche i dteach a mbéadh cailín óg pósta ar shean-
duine; an treas chómhairle, gan dadaidh go
deóidh a dheánamh le feirg, acht do phíopa a tharraing
as do phóca, agus é a dheargadh agus a chaitheamh,
go mbféidir nuair a bhéadh an toit caithte agat
go mbéadh an droch-uair thart."



Annsin dhíol an maighistir bealach Thomáis,
agus phronn an mhaighistreas bunnóg aráin air,
mar phronntanas do bhean Thomáis.



D'imthigh Tomás, agus ag dul na bhaile ar
theacht go Doire dó, b'éigin dó siubhal, mar nach
rabh traen ar bith i gConndae Dhúin na nGall 'san
am sin. Casadh fear paca air, agus nuair a
shiubhail siad tamall le chéile dubhairt fear an
phaca gur ab í seo an aithghiorra. Smaoi'tigh
Tomás ar an chead chómhairle, agus dubhairt sé
"Cam díreac an ród 'sé an bealach mór an
aithghiorra."



"Má's é," arsa fear an phaca, "Congbhuigh
tusa é," agus chuaidh sé fhéin an aithghiorra.



Thainic an oidhche ar Thomás ag Srath an Urláir,
agus casadh isteach é i dteach bheag. Cé bhí roimhe
ins an teach seo acht fear an phaca acht cha rabh an
paca aige, agus bhí sé fhéin loitthe go mór.



"Goidé an taisme a thainic ort?" arsa Tomás.



"Och, tharlaidh orm sgafta gadúidhe," arsa
seisean, "agus ghoid siad mo phaca uaim, agus
is meidhreach damh go dtainic mé beo as a lámhaibh."



"Nár dhubhairt mé leat," arsa Tomás, "gur
bh'fheárr duit an bealach mór a chongbhail."



D'iarr Tomás lóisdín, agus fuair sé é. Cailín
a bhí ins an teach seo, agus sean-duine, agus shaoil
Tomás gurab í ingéan an duine aosta an cailín


L. 13


seo, acht fuair sé amach ó fhear an phaca gur ab í
bean an duine aosta a bhí innti. Smaoi'tigh
seisean ar an dara cómhairle annsin, agus dubhairt
sé i n-a intinn fhéin nach bhfuireóchadh seisean
annseo go maidin. Chuaidh sé amach, acht bhí an
oidhche dorcha, is chuaidh sé isteach i gcruaich chocain
agus chodluigh innti go maidin.



Thainic an bhean seo amach a chainnt le fear eile
ag taoibh na cruaiche, agus dubhairt sí go dtabhradh
sise nimh anocht do'n t-seanduine, agus go
bhfuigfeadh sí ar fhear an phaca gur ab é a mharbh é.



Chualaidh Tomás seo, acht cia ar bith bhí fear a'
toighe marbh ar maidin, agus fuaras greim ar
fhear an phaca, cionnus an fear seo a mharbhadh,
agus cuireadh isteach i bpríosun i Leith-bhearr é
go dtigeadh lá a bhreithe.



Bhí sé gearr luath ar maidin nuair a d'imthigh
Tomás a dhul abhaile. Shiubhail sé leis go dtainic
sé fhad le Bealach na gCreach, an áit a rabh a bhean
i n-a cómhnuidhe. Ag teacht chuig an teach dó cé
chonnaic sé taobh amuigh de'n teach acht a bhean 'na
suidhe ag blighean bó, agus bhí scafaire buachalla
ag cainnt léithi. Cé bhí ins an scafaire acht a mhac
fhéin, acht sé'n rud a shaoil Tomas go rabh a bhean
pósta arís, agus gur seo an fear eile a fuair sí.



D'éirigh sé go han-fheargach, agus fhad is bhí sé
ag smaoi'tiughadh rud éinteacht a dheánamh leis an
bhuachaill seo smaoi'tigh sé ar an treas chómhairle.
Ní rabh cipíní soluis ar bith ann an t-am sin.



Rinne sé teine chreasa, dhearg sé a phíopa, agus
chaith sé toit. Fhad is bhí sé ag caitheamh thug an
gasur fá dear é, agus thainic sé anall chuige. Adeir
an sean-fhocal go n-aithnigheann an croidhe gaol,


L. 14


agus d'aithnigh an gusur a athair. "A mháthair,"
ar seisean, "gabh annseo, seo mo athair
ag caitheamh a phíopa." D'éirigh an bhean le lúthghair
mhóir.



"Maise," a Thomáis, a sheirce do chéad míle
fáilte na bhaile; nár bh'iongantach nár sgríobh tú
litir bheag."



"Maise," arsa Tomás, "char smaoi'tigh mé
ar bhaile nó ar áit go dtí an lá d'fhág mé an áit
thall."



Thoisigh an bhean ag deánamh réidh an bhriocfasta.



"Seo bunnóg bheag," arsa Tomás, "a chuir
an mhaighistreas thall chugat-sa mar phronntanas."



"Mur mbéadh fhéin," ars an bhean, "is mór is
fusa dúinne bunnóg bheag aráin a dheánamh anois
ná an uair a d'fhág tusa sinn."



Chuaidh sí annsoir an bhunnóig; an chead ghiota
a gearradh dí bhí sé lán gíneacha; is innti seo
a cuireadh tuarastal bliadhain agus fiche Thomáis
gan fios ar bith a bheith aige fhéin air.



Naoi nó deich de laethibh i ndiaidh seo mhothuigh
Tomás iomrádh fá chás mharbhtha an duine aosta.
Smaoi'tigh sé gur mhór an truaigh fear an phaca a
bheith coirtheach ins an chás agus é neamh-choirtheach.
Chuaidh Tomás isteach go teach na cúirte i Leith-
Bhearr agus mhionnuigh sé an chainnt a chualaidh
sé an bhean seo a rádh. Leigeadh amach fear an phaca,
agus rinneadh príosunach do'n mhnaoi a fuaras
cionntach.



Phill Tomás abhaile annsin agus é lán chinnte
gur mhór an bhrígh agus an chríonnacht a bhí ins na
trí chómhairleachaibh, agus níor chorruigh sé as a
bhaile ó'n lá sin go dtí lá a bháis.


L. 15


TRÍ CHÓMHAIRLE EILE



Casadh Mághnus mhac Fhionntaigh agus malcaire
ar a chéile lá amháin. Bhí cliabh mór gloinní ag
an mhalcaire a bhí sé a dhíol. Bhuail an bheirt ar
chómhradh. D'fhiafraigh an malcaire de'n fhear
eile goidé an chéird a bhí aige.



"Maise," arsa Mágnus, "níl céird ar bith
agam, acht ag iarraidh a bheith ag saothrughadh mo
bheatha ar gach dóigh a bhfághaim sgilling le
saothrughadh."



"Bhearaidh mise sgilling dhuit má iomchrann tú
an cliabh seo suas go barr an chnuic adaidh." Bhí
cnoc mór árd romhpa sa' tslighe: "maith go
leor," arsa Mághnus ag breith greama ar an
chliabh agus dá iomchar suas go barr an chnuic.



"Anois," ars' an malcaire, "bhearaidh mé trí
chómhairle duit a bhéas i bhfad níos fearr dhuit-se
ná an sgilling, agus seo iad - "Má innseann
duine ar bit duit gur fearr duine aosta ná
duine óg ná créid é. Má innseann duine ar
bith duit gur fearr duine pósta ná duine díomhain
ná creid é, agus má innseann duine ar bith dhuit
gur fearr duine saidhbhir na duine bocht ná creid
é."



Bhí Mághnus ag smaoi'tiughadh. "An é sin an
dóigh a bhfuil tú ag braith mé a dhíol ar son mo
thrioblóide?" "'S eadh," ars' an malcaire;
"nach deirim leat gur fearr i bhfad duitse na
cómhairleacha seo ná an sgilling."




L. 16


Thainic tallann corraighe ar Mhághnus agus shaoil
sé leis fhéin "ní leigfidh mise do'n chleasaidhe
seo amadán a dheanamh díom mar sin," is cha
dtearn sé dadaidh acht an cliabh a thógailt go
hárd, agus é a chaitheamh síos leis an fhánaidh.



"Anois," arsa seisean leis an fhear eile,
"má innseann duine ar bith dhuit nac bhfuil na
gloinní seo briste ná creid é."


L. 17


AN GASUR DEARMADACH



Cuireadh gasur dearmadach 'na bhaile mhóir lá
amháin fá choinne croidhe sgamhain, agus cruadh-ae
caorach. Tugadh sgilling dó. Baintreabhach a bhí
in a mháthair agus bhí sí bocht: ní rabh aici acht an
sgilling amháin.



"A mháthair," ars' an gasur, "ní bhéidh mé i
n-innibh a chuimhniughadh ar na rudaibh seo nuair
a bhéas mé 'sa' bhaile mhór.



"Cad chuige nach mbéadh," ars' an mháthair.
"Bí dá rádh i dtólamh agus ní dheanfaidh tú
dearmad ortha."



"Dheanfaidh mé sin, a mháthair," ars' an gasur.
D'imthigh sé leis, agus é ag rádh "Croidhe, sgamhain,
agus cruadh-ae, comh tiugh teith is thiocfadh leis.
Thainic sé go dtí droichead, an áit a rabh fear in
a shuidhe, agus glonn nó órla air. Cé gur dona
a bhí sé, ar chloistin dó na focla a bhí an gasur
ag rádh léim sé suas agus thainic sé aniar le
rúide.



"A bhítheamhnaigh óig," arsa seisean -



"Croidhe, sgamhain, agus cruadh-ae," 'ars' an
gasur.



Thug an fear basóg dó: "Bhí do thost," arsa
seisean, "nó má labhrann tú mar sin níos mó
mairbhfidh mé thú." Thosuigh an gasur ag caoineadh.



"Dubhairt mo mháthair liom sin a rádh," ars'
an gasur.



"Is cuma liomsa goidé dubhairt do mháthair,"


L. 18


ars' an fear, "ná leig damh na focla ud a
chloisint as do bhéal níos mó."



"Is goidé déarfas mé anois," ars' an gasur.



"Abair," ars' an fear, "nár thigidh siad aníos
a choidhche."



"Dheanfaidh mé sin," ars' an gasur, agus
d'imthigh sé leis.



Char bhfada go dtainic sé go dtí áit a rabh fear
agus bean ag ciobáil phreataí.



Nuair a chualaidh siad an gasur ag rádh "nár
thigidh siad aníos a choidhche" bhí siad cinnte gur
ar na preataibh a bhí sé ag trácht, agus léim an
fear trasna an chlaidhe aniar agus an spád 'na
láimh aige, is rith sé chuig an ghasur. Bhuail sé é
gur fhág sé ag caoineadh é.



"Anois," arsa seisean, "cha bhíonn tú ag
mallachtaighe feasta ar mo chuid phreataí."



"Is goidé ba chóir damh a rádh?" ars' an
gasur.



"Abair," ars' an fear, "ceann i mbliadna
agus céad ceann ar an bhliadhain seo chugainn."



"Adéarfaidh mé sin," ars' an gasur, agus
d'imthigh sé leis agus é ag síor-rádh "ceann
imbliadhna agus céad ceann ar an bhliadhain seo
chugainn," go dtí gus casadh dó thórramh.



Thuig lucht an tórraimh go raibh sé ag rádh go
mbéadh céad tórramh ann ar an bhliadhain seo
chugainn, is bhuail siad é, is dubhairt siad leis
gan a labhairt mar sin níos mó.



"Is goidé déarfas mé?" ars' an gasur.



"Abair," arsa fear acá, "ceann i mbliadna
agus gan ceann ar bith as an bhliadhain seo
chugainn."


L. 19


D'imthigh an gasur bocht leis dá rádh séo, go
dtí gur casadh air fear ar leath-shúil. Nuair
chualaidh sé seo an rud a bhí an gasur ag rádh shaoil
sé gur ar a chuid 'súl a bhí sé labhairt, agus thug
sé iarraidh air le bata a bhí aige, agus bhagair sé
air é a mharbhadh dá gcluinfeadh sé a léitheid sin
de chainnt aige arís a choidhche.



"Is goidé déarfas mé," ars' an gasur.



"Abair," arsa seisean, "an ceann a chaill sé
go bhfághaidh sé arís é."



D'imthigh sé annsin agus shiubhail sé leis go
dtí go dtainic se cómh fada le teach ag a rabh
fear agus bean a bhí thar éis tóir a chur ar shionnach,
agus lachain a bhaint de.



Nuair a chualaidh sí an gasur ag rádh "an
ceann a chaill sé go bhfághaidh sé aríst é," thainic
corraighe mhór ar an mhnaoi, chaith sí clocha ar an
ghasur, agus dubhairt sí dá mbíodh greimh aici air
go mbainfeadh sí an teangaidh as.



"Is goidé ba chóir damh a rádh ars' an gasur.



"Abair," arsa sise, "go dtachtar an beathach
salach."



"Déarfaidh mé sin," ars' an gasur, agus
d'imthigh leis.



Chuaidh sé giota eile, agus casadh air fear agus
a bhean, agus an fear ar meisge.



"Go dtachtar an beathach salach," ars' an gasur
agus é ag dul thart.



"Go dtachtar thú fhéin," ars' an bhean, ag
fághail greama ar an ghasur. "Cad chuige an
abair tú a léitheid sin do mo fhear chóir," agus
chraith sí an gasur. Thosuigh sé ag caoineadh.
"Chan fhuil 'fhios agam faoi'n ghréin," arsa seisean,


L. 20


"goidé adéarfas mé. Char dhubhairt mé aon
fhocal indiu nár buaileadh mé ar a shon."



"Congbhuigh do bhéal druidthe annsin," ars'
an bhean. "Mur bhfuil tú i n-innibh labhairt
cosamhail le Críostaidhe is fearr dhuit a bheith
in do thost."



"Glacfaidh mé do chómhairle, a bhean," arsa
seisean, agus d'imthigh sé leis.



Char bhfada anois gur shroich sé an baile mór.
Bhuail sé isteach i dteach an bhrothaire, is leag
sé an sgilling ar an chúntar.



"Goidé dheanfas mé dhuit?" ars' an
brothaire.



Ní labhróchadh an gasur.



"Goidé atá a dhith ort fá'n sgilling?" ars'
an brothaire arís. Chan fhosglóchadh an gasur a
bhéal. Thug an brothaire an sgilling ar ais dó,
is d'órduigh sé as a theach é.



Thainic an gasur abhaile annsin gan an oiread
le siolla a labhairt le duine ar bith a casadh dó.



Nuair a thainic sé isteach chuig a mháthair, cha rabh
na croidhe sgamhain agus cruadh-se aige, agus
char bhfhiú dadaidh ar buaileadh air ar an bhealach
mhór i bhfaras an ghriosáil a fuair sé ó n-a mháthair.


L. 21


SEÓN AGUS SEÁN



Fad ó shoin bhí beirt óganach 'na gcómhnuidhe
cómhgarach dá chéile i nGleann na Fainne. Seón
agus Seán a bhí ortha. Bhí Seán críonna, acht cha
rabh Seón ró-chríonna.



Chuaidh siad síos le chéile uair amháin un an
tSráth-báin le fastughadh a dheanamh. D'fhastuigh
an bheirt, is chuaidh siad a bhaile ó'n aonach le n-a
maighistribh.



Fuair siad amach annsin go rabh siad cómhgarach
dá chéile arís anois i gConndae Thír-Eoghain.



I gcionn cúpla lá shonnruigh Seón teach mór
deas i ndeas do theach a mhaighistir. Cha rabh
daoine ar bith 'na gcómhnuidhe ann.



D'fhiafruigh Seón dá mhaighistir lá amháin cad
chuige nach rabh daoine na gcómhnuidhe 'san teach
seo.



D'innis an maighistir dó go rabh taidhbhse ann,
agus nach bhfanfadh duine ar bith ann, agus dá
bhfanadh seisean trí h-oidhche ann go dtabharfadh
sé cúig phunnta dhó.



Dubhairt Seón go bhfanfadh, mar nach rabh eagla
air roimh taidhbhse ar bith.



Sócrughadh an margadh eatortha. An chead
oidhche chaith Seón ann i dtráthaibh an mheadhon-
oidhche thainic dá fhear dhéag isteach agus cómhnair
leobhtha. Leag siad síos an chómhnair ar an urlár,
bhain siad an clár di, agus léim fear mór dubh
amach as, agus i bhfaiteadh na súl thosuigh and dá


L. 22


fhear déag dá bhualadh le súistibh. Sgairt an
fear mór dubh ar Sheón a chuidiughadh leis.



"Maise, cuireóchaidh," arsa Seón, "ná is
furus a fheiceail nach bhfuil comhthrom na féinne
agatsa."



Chuartaigh Seón thart, fuair sé cuaille sa'
chlúid, agus chuidigh sé go croidheamhail cródha
leis an fhear mhór dhubh, agus d'éirigh leo an dá
fhear dhéag a chur amach ar an doras agus ruaig a
chur ortha. Bhí an fear mór dubh buidheach go mór
do Sheón.



Tharlaidh an rud céadna an dara agus an
tríomhadh hoidhche.



An tríomhadh hoidhche dubhairt Seón leis an
fhear mhór nach mbéadh sé ar ais níos mó, ná gur
sin an margadh a rinne sé le n-a mhaighistir, trí
hoidhche a chaitheamh 'san teach sin.



"Má's mar sin atá," ars' an fear mór dubh
"tá sé comh maith agam-sa cúiteamh a dheanamh
duit fá do chuidiughadh" agus thaisbean sé dhó
mála leathair lán d'ór is d'airgead, agus
dubhairt sé le Seón sin a thabhairt leis. Chá rabh
an dara h-órdughadh a dhíoghbháil ar Sheón, thug sé
an mála leis, agus bhí sé comh saidhbhir sin anois
nach bhfanfadh sé ar sheirbhis níos mó, agus d'imthigh
sé leis, lá ar na bhárach, ar ais go dtí Gleann
na Finne.



Chuaidh an sgéal amach air fríd an tír uilig,
agus chuailaidh Seán é cómh maith le duine eile.



Shaoil Seán annsin nár bhféidir leis fhéin rud
níos fearr a dheanamh ná dhul go dtí'n teach
céadna go bhfeicfeadh sé an bhfuigheadh seisean
mála óir agus airgid. Chuaidh.


L. 23


I dtráthaibh an mheadhon oidhche thainic an dá
fhear dhéag isteach is an chómhnair leobhtha, leag
siad síos ar an urlár é, léim an fear mór dubh
amach as, is thosuigh an dá fhear dhéag dá bhualadh
le súistibh.



Sgairt an fear mór dubh ar Sheán a chuidiughadh
leis.



Bhí Seán ró-chríonna: shaoil sé nach mbéadh
seans ar bith ag beirt roimh dá fhear dhéag, agus
char chuidigh sé leis, acht tharraing sé ar gcúl i
gclúid ag coimhead.



Ba roighin díbhirceach an troid, acht ins an
deireadh fuair an fear mór dúbh an bhuaidh ar an
cuid eile, is ruaig sé amach ar an doras iad.



Thionntuigh sé annsin ar Sheán. "A chladhaire,"
arsa seisean, "sé do sheal-sa anois" agus
thosaigh sé air le n-a shúiste, agus leag sé air
gur thuit Seán bocht i laige.



Ar maidin lá ar na bhárac nuair ná phill sé
go teach a mhaighistir cuireadh duine fá na choinne
go teach an taidhbhse, agus fuaras é leath-mharbh in
a luighe ar an urlár, is a chuid chnámha uilig
brúighte briste.



Hiomcharadh ar ais go teach a mhaighstir é, agus
i gcionn seachtmhaine tugadh go dtí Gleann na
Finne é. Thainic biseach air go fadalach, acht bhí
sé a choidhche in a bhacach, agus cha rabh sé ábalta
lé maith oibre a dheanamh ní ba mhó. Is minic
adeireadh sé go h-áithmhealach. "Och tugadh Seán
críonna ormsa, agus Seón amaideach ar mo
chomhursan amuigh annseo, acht is mise a bhí
amaideach agus eisean a bhí críonna."




L. 24


AN T-ÁDHBHAR NACH BHFUIL IASG
INS AN MHAOIL RUAIDH



Tá 'fhios ag an tsaoghal nach bhfuil iasg le
fhághail ins an Mhaoil Ruaidh cé go bhfuil siad
flúirseach i gceart san tSúiligh taoibh shoir de
agus i gCuan na Long taoibh shiar de. Tá an
sgéal mar seo ó aimsir Cholmcille, agus is
amhlaidh mar tharlaidh, do réir seanchuis na ndaoine.
Nuair a bhí Colmcille ag taisteal na tíre thainic
sé, lá, go dtí an Mhaol Ruadh, agus é tuirseach,
ocrach.



Chonnaic iasgairí na Maoile Ruaidhe é ag teacht,
agus cha rabh aca acht cúpla bradan.



Dubhairt duine aca "foluigh iad; nach sin
Colm ag teacht, agus níl aon cheann le sparáil
dó má bhíonn sé dá n-iarraidh." Rinneadh seo.
Ag teacht aniar do Cholmcille bheannuigh sé iad
agus a gcuid oibre, agus d'fhiostruigh sé "An
bhfuair sibh dadaidh?" Dubhairt siad nach bhfuair.



Bhí 'fhios ag Colm gur bréag é seo, agus dubhairt
sé "Mur bhfuair sibh go bhfághaidh sibh, acht má
fuair sibh nár fhághaidh sibh a chroidhe," agus chan
fhuaras breac nó bradan ó shoin in uisge na
Maoile Ruaidhe, ón lá sin go dtí an lá indiu.


L. 25


SGÉAL EILE AR CHOLMCILLE



Lá eile thainic Colmcille go dtí baile éinteacht
i dTír Chonaill. Chruinnigh muinntir an bhaile
thart, agus thosuigh Colm ag innsigh dóibh gach aon
rud fá dtaobh do Dhia agus do'n chreideamh.
D'éist siad go modhamhail leis ar tús, acht i
gcionn tamhaill thosuigh siad ag gáiridhe air, agus
ag magadh faoi, agus i ndeireadh dubhairt cuid
aca nach rabh ann acht amadán.



Stad sé a chuid cainnte annsin agus dubhairt sé
"bímsa in mo amadán nó ná bím, cha bhíonn an
baile seo gan amadán ann go bráth," agus
d'imthigh leis.



B'fhíor dó. Chan fhacthas an baile sin ón lá
sin go dtí an lá indiu gan amadán nó dhó bheith
ann.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services