Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Cú na gCleas agus Scéalta Eile
Title
Cú na gCleas agus Scéalta Eile
Author(s)
Nic Néill, Íde / Ó Searcaigh, Séamus a chruinnigh,
Compiler/Editor
Nic Néill, Íde (Bail.) / Ó Searcaigh, Sé
Composition Date
1915
Publisher
Dundalgan Press
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
SEÁN AMAIDHEACH Bhí gasúr ann aon uair amháin. Bhí sé ina chomhnuidhe ag a mháthair. Ní rabh cleachtadh aige a dhath oibre a dheanamh. Bhí a mháthair iongantach bocht agus cha rabh a dhath aici le hithe. Dubhairt sé le n-a mháthair maidin amháin go rabh sé ag gabháil a dh'obair agus go mbéadh siad siadhbhir go fóil. "Seán a bhí ar an ghasúr seo. Chuaidh sé a dh'obair an lá sin. Ins an tráthnóna fuair sé pighinn; thug sé leis ina láimh í agus chaill sé í. "D'innis sé do n-a mháthair goidé d'éirigh dó; agus dubhairt a mháthair leis gur cheart dó an phighinn a chur ina phóca. Dubhairt seisean go ndeanfadh sé sin feasta. "An dara lá bhí sé ag obair fuair sé pigín bainne; agus chuir sé an pigín ina phóca agus dhóirt sé é. Dubhairt a mháthair leis gur cheart dó an pigín a thabhairt leis ar a chionn agus greim a choinneáil air le n-a dhá láimh. Dubhairt Seán go ndeanfadh sé sin an dara lá. "An dara lá bhí sé ag obair fuair sé cat; agus chuir sé suas ar a chionn é. Sgríob agus stróc an cat é agus bhí an fhuil ag rith ina shúilibh. 'Seo an rud a d'iarr mo mhathair orm a dheanamh," ar seisean. "Nuair a thainic sé 'un a' bhaile, bhí sé uilig stróctha ag an chat. Dubhairt a mháthair gur cheart dó córda a chur ar an chat agus é a tharraingt ina dhiaidh.
Dubhairt seisean go ndeanfadh sé sin an dara huair. "An dara lá bhí sé ag obair ag búisteoir; agus thug an búisteoir giota mór feola dó. Chuir sé córda ar an fheoil, agus tharraing ina dhiaidh í. "Nuair a thainic sé 'un a' bhaile, d'innis sé do n-a mháthair go rabh feoil leis chuici. Bhí lúthgháir mhór ar a mháthair nuair a chuala sí go rabh feoil leis, mar b'fhada roimhe ó d'ith sí a dhath feola. Acht bhí an fheoil comh salach sin gurbh' éigean dí a caitheamh ar shiubhal. Dubhairt a mháthair leis gur cheart dó an fheoil a chur ar a dhruim. Dubhairt Seán go ndeanfadh sé sin an dara huair. "An dara lá bhí sé ag obair fuair sé asal agus chuir sé ar a dhruim í. "Seo an rud a d'iarr mo mháthair orm a dheanamh," ar seisean. "Bhí sé ag gabháil thart ag pálás an Ríogh. Bhí nighean ag an Rígh agus bhí sí bodhar ó rugadh í. Bhí sí le biseach a fhagháil nuair a bhainfeadh duine ar bith gáire aisti. Bhí sí ag amharc amach ar an fhuinneoig nuair a chonnaic sí Seán agus an asal ar a dhruim leis. Thoisigh sí a gháiridhe. Fuair sí biseach nuair a fuair sí a gáire. "Bhí lúthgháir mhór ar an Rígh nuair a fuair a nighean biseach. Sgairt sé ar Sheán agus thug sé ór agus airgead dó. Agus pósadh Seán ar nighin an Ríogh; agus bhí dóigh mhaith air ó sin amach."
SCÉAL CHLAUID Bhí Claud ar fastódh ag maighistir ar fead sheacht mbliadhan. Maidin amháin dubhairt sé le n-a mhaighistir: "A mhaighistir, tá mé ag gabháil 'un a' bhaile agus badh mhaith liom dá dtabhairfeá mo chuid airgid damh. Caithfidh mé ghabháil 'un a' bhaile go bhfeice mé mo mháthair; agus tabhair damh mo chuid airgid uilig, agus fágfaidh mé slán agat, má 'sé do thoil é." "Chuaidh an maighistir isteach san tseomra agus thug sé amach mála mór de phighneachaibh is de leith- phighneachaibh agus thug sé do Chlaud é. "D'fhág Claud slán ag a mhaighistir agus d'imthigh leis ag tarraingt ar thoigh a mháthara. Bhí giota fada aige le ghabháil, agus bhí an mála iongantach trom. Nuair a chuaidh sé giota, casadh fear air ag marcaidheacht ar bheathadhach. "Ó, 'arsa sé, "is maith duit-se, tá dóigh bhreagh ort ar dhruim beathadhaigh, chan ionann sin agus mise a chaithfeas an mála mór airgid seo a iomchar 'un a' bhaile chuig mo mháthair. Is deas an rud beathadhach le taoibh mála mor airgid." "ÓÍ," ars'n fear, 'tabhair damh-sa an t-airgead agus bheirfidh mé an beathadhach duit.' "'Anois,' arsa Claud, "tá an mála seo trom agus béidh tú sáruighthe leis, agus má bhíonn, bheirfidh mé ar ais duit do bheathadhach - chan orm-sa bhéas an locht." 'Glacfaidh mé an mála cibé ar bith," arsa'n fear.
"Thug sé an mála dó; agus chuaidh Claud a mharcaidheacht ar an bheathadhach. 'An bhfuil sé suaimh- neach?' arsa Claud. 'Tá sé comh suaimhneach leis an mheadhon-oidhche agus ritheann sí mar bhéadh gearr-fhiadh ann,' arsa'n fear. "D'fhág siad slán ag a chéile agus d'imthigh siad leobhtha. "Bhí Claud ag cur an bheathadhaigh ina rith ar feadh tamaill bhig, acht fa dheireadh thainic fearg air leis agus bhauil sé a dhá sháil isteach 'sna cosaibh air. Le sin thóg an beathadhach a chuid cos i n-áirde agus chaith sé Claud isteach ar chúl an chlaidhe. Bhí sé ina luighe annsin ar feadh tamaill agus cha dtiocfadh leis bogadh. "'Ó,' arsa Claud, 'chan fheiceann aonduine mise ar a dhruim go bráth aríst. Dá mbadh duine ar bith eile bhéadh ann thuitfeadh sé marbh, acht bhí an t-ádh orm-sa riamh.' D'éirigh se suas fa dheireadh agus chuaidh i ndiaidh an bheathadhaigh. "Bhí fear ag teacht ar an bhealach mhór le bó agus bheir sé greim ar an bheathadhach. Agus nuair a thainic Claud a fhad leis, thoisigh sé a dh'innse dó goidé mar fuair sé an beathadhach agus mar thug sé a chuid airgid uilig air. 'Nár mhaith damh,' ar seisean, 'dá mbéadh bó agam i n-ait an bheathadhaigh seo. Chaith sé dá dhruim mé agus cha dtéighim air go bráth aríst. Nár dheas an rud bó. Thiocfadh leat a tiomáint romhat agus, nuair a bhéadh tart ort, thiocfadh leat braon bainne a bhaint dí agus é a ól.' 'Bheirfidh mise an bhó duit ar an bheathadhach,' arsa'n fear. 'Dar ndóigh,' arsa Claud, 'is fearr an bhó 'ná an beathadhach; agus béidh tusa ró-mhaith damh-sa má bheir tú damh an bhó ar an beathadhach.' 'Bheirfidh,' arsa'n fear; 'agus gheanfaidh
mé gur duit-se agus glacfaidh mé an droch-bheathadhach. 'Maith go leor,' arsa Claud, 'tabhair leat an beathadhach; is cuma liom-sa fa dtaobh de.' "Thug sé an beathadhach don fhear, agus thug siad dhá chúl a gcinn dá chéile. "Thug Claud leis an bhó ar ghiota rópa. Bhí sí ag siubhal ina dhiaidh go rabh an tráthnóna ann agus Claud iongantach sáruighthe. Fa dheireadh bhuail tart mór é. "Smaointigh sé gur ghreannmhar é sin, agus tart air, agus bó leis a rabh go leor bainne aici. Le sin cheangail sé an bhó de chrann a bhí ina aice. Chrom sé síos ar a dhá ghlúin. Chuir sé a bhéal isteach faoi an bhó agus chuaidh sé a blighe. Le sin thóg an bhó a cos agus bhuail sí a sean-chic air agus leag ar an bhealach mhór é. Bhí sé ina luighe annsin ar feadh tamaill. Sa deireadh d'éirigh sé suas agus thug leis an bhó giota eile. "Casadh fear air a raibh muc leis, agus thoisigh sé gur innis sé an sgéal dó ó n-a thús go dtí n-a dheireadh; agus dubhairt sé leis an fhear gur dheas an rud muc i n-áit bó. 'Tá dúil mhór agam i muic- fheoil,' ar seisean, 'agus thiocfadh liom fhéin is le mo mháthair féasta breagh a dheanamh uirthi.' Dubhairt an fear leis gur sean bhó ón díle a bhí leis agus gurbh' fhearr dó an mhuc. 'Ó,' arsa Claud, 'bhí na daoine eile go maith damh, acht tá tusa níos fearr 'ná an t-iomlán aca.' Thug sé dó an mhuc ar an bhó. Chuaidh sé a mharcaidheacht ar an mhuic agus leag an mhuc é. "Charbh' fhada chuaidh sé gur casadh fear air agus gé leis. D'innis sé don fhear gur leag an mhuc é. Arsa fear na gé: 'Is fearr duit an mhuc a thabhairt damh-sa ar an ghé seo.' 'Ó,' arsa Claud' 'bhí na
daoine eile go maith damh, acht tusa is fearr aca. 'Ar ndóigh is fearr an ghé 'ná an mhuc. Béidh lúthgháir ar mo mháthair nuair a gheobhas sí giota den ghé seo le hithe. Seo dhuit an mhuc agus tabhair damh-sa an ghé.' 'Maith go leor,' arsa'n fear, 'glacfaidh mé an mhuc uait.' "Thug Claud leis an ghé. Agus charbh' fhada chuaidh sé gur casadh fear air a rabh dhá chloich mhóra leis agus é ag cur faobhair ar rásúir leo. "Thainic Claud a fhad leis. Chuir an fear ceist air cá bhfuair sé an ghé dheas a bhí leis. D'innis Claud dó ó thús go deireadh mar tharla dó. 'Ó,' arsa'n fear, 'ná bí ag tiomáint na gé sin; níl maith ar bith innti. Is fearr í a thabhairt damh-sa agus bheirfidh mé an dá chloich mhóra seo dhuit uirthi. Rinne mise mo shaidhbhreas ar an dá chloich mhóra seo ag cur faobhair ar na rásúir seo. Is minic a ghnínn céad punta sa lá. Is fearr duit-se iad a thabhairt leat, agus b'fhéidir go ndeanfá do shaidhbhreas fosta.' "Thug Claud leis an dá chloich mhóra agus d'iomchar sé iad giota fada. "Tráthnóna nuair bhí sé ag éirghe mall, bhí ocras agus tart air. Thainic sé a fhad le sruthán. Chrom sé síos a dh'ól dighe. Thuit an dá chloich mhóra isteach sa tsruthán. "D'éirigh sé suas, i ndiaidh bheith tamall ag amharc ar na clochaibh sa tsruthán, agus d'imthigh leis ag tarrraingt ar a mháthair. Bhí sé mall nuair a thainic sé a fhad le n-a mháthair agus bhí ocras mór air. "Nuair a thainic sé isteach, bhí lúthgháir mhór ar a mháthair roimhe. Chuir sí céad míle fáilte roimhe agus dubhairt sí leis murab é go dtainic sé go gcuirfidhe
amach as an teach lá ar n-a bhárach í, mar gheall ar nach rabh airgead aici leis an chíos a dhíol. 'Agus,' ar sise, 'bhí siad ag gabháil 'mo chur amach indé acht dubhairt mise leobhtha go rabh mo mhac ag teacht i mbárach agus go mbéadh airgead go leor leis a dhíolfadh an cíos. 'Agus, a Chlauid, a mhic,' ar sise, is maith liom go dtainic tú.' 'Acht, a mháthair," arsa Claud, 'éist liom tamall beag agus innseochaidh mé duit an t-ádh a bhí orm.' "Thoisigh sé a dh'innse don mháthair goidé mar thug sé an t-airgead ar an chapall agus an capall ar an bhó agus an bhó ar an mhuic agus an mhuc ar an ghé agus an ghé ar and dá chloich mhóra. "Nuair a chuala an mháthair nach rabh airgead ar bith leis, chuir sí suas a naprún ar a cuid súl agus thoisigh sí a chaoineadh agus sgairt sí amach: 'A Chlauid amaidigh, a Chlauid amaidigh, cuirfear amach sinn, a rún, ar maidin i mbárach?'"
AN BUIDEÁL DRAOIDHEACHTA "San am a rabh na daoine maithe nó na daoine beaga gnaitheach i nÉirinn bhí sgológ ina chomhnuidhe i nAlbain. Micheál a bhí air. Bhí trí acra talaimh aige. Bhí a bhean agus a chuid páistí le coinneáil suas aige. Mollaí a bhí ar an mhnaoi; agus bhí triúr páistí ann. Bhíodh Micheál ag obair ar an talamh, agus bhíodh Mollaí ag iomchar ime agus uibheacha 'un an mhargaidh. "Bhí siad bocht is cha rabh airgead aca bliadhain amháin leis an chíos a dhíol. "'Goidé gheanfamuid, a Mhollaí? arsa Micheál.' 'Goidé gheanfamuid, a mhuirnín,' arsa sise, 'acht an bhó sin a thabhairt leat go haonach Chorcaighe agus í a dhíol. Dia Luain an t-aonach agus caithfidh tú imtheacht i mbárach n-ainm an Ríogh.' "Bhí go maith go dtainic a dó dhéag a chlog lá ar n-a bhárach nuair a thug Micheál leis an bhó go haonach Chorcaighe. B'éigean dó ghabháil fríd na sléibhtibh agus fríd na cnuic. "Smaointigh sé gur áit uaigneach é. Chuala sé glór ina dhiaidh. D'amharc sé thart agus chonnaic sé fear beag. 'Maidin mhaith dhuit, a Mhicheáil,' arsa'n fear beag. "Maidin mhaith dhuit fhéin,' arsa Micheál. Fear beag greannmhar a bhí ann. Bhí gruag bhán air agus súile dearga. Bhí eagla ar Mhicheál roimhe. "'Cá bhfuil tú ag gabháil leis an bhó?' arsa'n fear beag. 'Go haonach Chorcaighe,' arsa Micheál. 'An
bhfuil tú ag gabháil dhá díol?' arsa'n fear beag. 'Goidé eile bhéinn ag gahbáil a dheanamh léithe acht ag gabháil dhá díol!' arsa Micheál. "An ndíolfaidh tú liom-sa í?' arsa'n fear beag. "D'amharc Micheál air. Bhí iongantas air. D'amharc sé air agus leoga cha dtiocfadh leis stad de gháiridhe. 'Féadann tú gáire a dheanamh,' arsa'n fear beag 'acht innseochaidh mé duit gur fearr dhuit an buideál a ghlacadh agus an bhó a thabhairt damh-sa,' arsa'n fear beag. 'An bhfuil tú ag deanamh,' arsa Micheál, 'go nglacfainn do bhuideál ar mo bhó, agus buideál folamh fosta!' 'Innsim dhuit,' arsa'n fear beag, 'gur fearr an buideál 'ná an bhó. B'fhéidir go bhfuigheadh do bhó bás sul a mbéitheá ag aonach Chorcaighe, nó b'fhéidir go dtiocfadh gaduidhe ort is go ngoidfeadh sé do chuir airgid,' arsa'n fear beag. 'Go sabhála an Rí mé ar a leithéid theacht orm!' arsa Micheál. "Leis an sgéal fhada a dheanamh goirid, ghlac Micheál an buideál; agus d'iarr an fear beag air nuair a thoicfadh sé 'un a' bhaile dá mbéadh corruighe ar Mhollaí leis gur chuma dó, é fhéin a choinneáil go suaimhneach agus innse dí comh maith is thiocfadh leis fa'n bhuideál; 'agus abair léithe an seomra a sguabadh agus tábla a chur amach i lár an toighe agus éadach geal a chur air agus an buideál a fhágáil ar an tábla agus a rádh leis an bhuideál: "A bhuideáil, dean do ghnaithe."' 'An é sin a bhfuil agam le rádh?' arsa Micheál. 'Sin uilig é,' arsa'n fear beag. 'Slán agat, a Mhicheáil. Tá tú 'do fhear shaidhbhir anois.' 'Slán agat féin,' arsa Micheál. "D'imthigh Micheál leis. Thainic sé trasna na sléibhte agus tharraing sé ar an bhaile. Chonnaic sé Mollaí
amuigh agus chuir sí a sean-sgairt aisti: 'A Mhicheáil goidé an dóigh a bhfuil tú ar ais comh gasta - cinnte cha rabh tú ar an aonach agus sa bhaile aríst? Ghoidé d'éirigh duit? Cá bhfuil an bhó? Cá mhéad a fuair tú uirthi? Cé cheannuigh í? Cé rinne an margadh? An bhfuil sgéal nua agat? Innis damh 'ach a'n rud fa dtaobh de?' 'Gabh 'un toighe, a Mhollaí, agus inniseochaidh mé duit comh maith is thig liom. Ní thig liom innse duit cá bhfuil an bhó. Chan fhuil a fhios agam fhéin.' 'Ar dhíol tú í?' arsa Mollaí. 'Cá bhfuil an t-airgead, agus goidé an seort buideáil é sin atchím i do phóca?' 'Seo,' arsa Micheál ag tarraingt amach an bhuideáil, 'seo an rud a fuair mé ar an bhó.' "D'amharc Mollaí air agus bhí fearg mhór uirthi leis. Thoisigh sé a dh'innse do Mhollaí chomh maith is thiocfadh leis. "D'éirigh Mollaí fa dheireadh agus chuaidh suas 'un an tseomra. Chuir sí tábla amach i lár an toighe. Chuir sí éadach geal air agus chuir sí an buideál ar an tabhla agus sgairt sí amach: "A bhuideáil, dean do ghnaithe. 'Agus thainic dhá ógánach amach as an bhuideál agus thoisigh siad a chumhdach an tábla le plátaibh óir agus airgid gur fhág siad an tábla uilig cumhdaighthe le gach uile rud deas. "Bhí lúthgháir mhór ar Mhollaí nuair a chonnaic sí an rud a bhí ach ar son an bhuideáil. 'A Mhicheáil,' ar sise, 'suidhmid síos agus ithimid ar sáith. Badh cheart duit ocras a bheith ort i ndiaidh a leithéid de lá oibre.' "Shuid siad síos agus d'ith siad a sáith. "'Tá iongantas orm,' arsa Mollaí, an gcuirfidh
an dá ógánach seo ar siubhal na plátaí seo.' Acht char chorruigh siad iad. Chuir Mollaí i dtaisgidh iad, agus thug Micheál leis iad lá ar n-a bhárach go dtí an baile mór agus dhíol sé iad. Fuair sé mórán airgid ortha. Cheannuigh sé beathadhach agus carr agus eallach. "Bhí iongantas ar gach uile dhuine goidé mar fuair Micheál an t-airgead. Chuala an tighearna talaimh fhéin fa dtaobh de, agus chuir sé ceist ar Mhicheál goidé mar fuair sé an t-airgead. D'innis Micheál dó fan bhuideál, agus dubhairt an tighearna leis dá dtabhairfeadh sé an buideál dó-san go dtabhairfeadh sé a chuid talaimh saor dó a choidhche. "Thug Micheál an buideál dó go hamaideach; agus thoisigh a chuid saidhbhris ag imtheacht go dtainic an lá nach rabh aige acht bó amháin. 'Tabhair leat an bhó seo go haonach Chorcaighe,' arsa Mollaí, 'agus b'fhéidir go gcasfaidhe an fear beag ort agus go bhfuightheá buideál eile.' "D'imthigh Micheál leis trasna na sléibhte an casán a dteachaidh sé an chéad uair a bhfuair sé an buideál. Bhí súil aige go gcasfaidhe an fear beag air. Nuair a chuaidh sé giota, chuala sé an fear beag ag sgairtigh leis: 'Maidin mhaith dhuit, a Mhicheáil. Bhí a fhios agam go mbéitheá 'd'fhear shaidhbhir.' 'Bhí a fhios agam fhéin sin,' arsa Micheál. 'An bhfuil buideál eile agat? Má tá, seo dhuit an bhó agus tabhair damh é.' "Thug an fear beag an buideál dó, agus d'imthigh Micheál leis. 'Tá a fhios agat fhéin goidé gheanfas tú leis?' arsa'n fear beag ag sgairtigh 'na dhiaidh. 'Tá a fhios agam, leoga,' arsa Micheál. 'Slán agat go deo, a Mhicheáil,' arsa'n fear beag annsin. "Thainic Micheál 'un a' bhaile; agus nuair a bhí sé fa
ghiota den teach, connaic sé Mollaí amuigh agus chuir sí a sean sgairt aisti: 'A Mhicheáil, an bhfuair tú an buideál?' 'Fuair,' arsa Micheál. "Rith sí isteach agus bhí gach uile rud réidh aici nuair a thainic Micheál. Chuir sí an buideál ar an tábla agus sgairt sí amach: A bhuideáil, dean do ghnaithe.' "Thainic dhá ógánach amach as an bhuideál, agus bataí móra leobhtha, agus thoisigh siad ar Mhollaí gur bhuail siad a sáith uirthi. Thoisigh siad ar Mhicheál annsin agus ar na páistibh go dtearn siad leath-mharbhadh ortha. Chuaidh siad isteach san bhuideál annsin agus na bataí móra leobhtha. "D'éirigh Micheál agus chuir sé an buideál faoi n-a chóta agus chuaidh sé a fhad leis an tighearna talaimh. "Thainic an tighearna amach agus chuir sé ceist ar Mhicheál goidé bhí a dhíoghbháil air. 'Níl a dhath a dhíoghbháil orm,' arsa Micheál, 'acht buideál eile atá liom.' 'Ó,' arsa'n tighearna, 'an bhfuil sé comh maith leis an chéad bhuideál?' 'Tá,' arsa Micheál, 'agus i bhfad níos fearr; agus má tá dúil agat, teisbeánóchaidh mé sin duit roimhe do chuiD uaisle.' 'Maith thú!' arsa'n tighearna. 'Tá daoine uaisle istoigh ins an tseomra seo agus badh mhaith liom teisbeánadh dóbhtha an mhaith atá ins an bhuideál seo. Tar liom-sa isteach agus 'tchífimid an mhaith atá ins an bhuideál seo 'tá leat.' "Chuaidh Micheál isteach san tseomra, agus d'fhág sé an buideál ar an tábla agus sgairt sé amach: 'A bhuideáil, dean do ghnaithe.' "Thainic dhá ógánach bheaga amach, agus bataí leobhtha, agus thoisigh siad ar an tighearna talaimh agus ar na
daoinibh uaisle leis na bataibh gur bhuail siad a sáith ortha. "'Stop iad seo,' arsa'n tighearna. 'Cha stopaim-sa a choidhche iad,' arsa Micheál, 'go bhfuighe mé an buideál atchím ins an bhoCSa sin.' Tabhair amach chuige é,' arsa'n tighearna, 'sul a rabhmuid uilig marbh aca.' "Thug na searbhfhoghantuidhthe an buideál do Mhicheál agus d'imthigh sé leis. "Thoisigh sé dh'éirghe saidhbhir aríst: agus choinnigh sé an buideál go cúramach go dtí fa dheireadh go bhfuair Mollaí bás leis an aois agus bhí searbhfhoghantgidhthe aca ag cur gach roda ina áit fhéin. Bheir siad greim ar an dá bhuideál agus bhuail siad ceann aca i n-éadan an chinn eile agus bhris siad iad."
AN BHEAN GHLAS "Bhí fear uasal ann fad ó shoin agus bhí triúr mac aige. Bhí feirm mhór thalaimh aige agus bhí an fhairrge ag teacht uirthi. Rinne an fear ba shine de na mic badhbhdhún leis an fhairrge a choinneáil amuigh. Lá ar n-a bhárach an leithead a bhí deanta aige bhí sé leagtha 'un talaimh. "Dubhairt an dara fear go ndeanfadh seisean é. Rinne sé é ar ais. Lá ar n-a bhárach bhí sé leagtha go talamh aríst. "Dubhairt an fear a b'óige go ndeanfadh seasean anois é; agus sul a dtearn sé é rinne sé teach beag thíos ag a thaoibh. Shuidh sé go maidin 'gha choimheád agus deic cárdaí aige. Shuidh sé ag imirt leis fhéin. "Cá rabh i bhfad go bhfaca sé an bád caol dubh ag teacht isteach agus an bhean deas ina suidhe ar a deireadh. "Thainic sí isteach chuige. D'fhiafruigh sé dí an n-imreochadh sí cluiche. Dubhairt sí go n-imreochadh. "D'imir siad cupla cluiche gan geallta. Dubhairt sí leis go n-imreochadh siad anois cluiche le gealltaibh. An té a bhainfeadh an cluiche go gcaithfeadh an duine eile a chuartú roimhe lá agus bliadhain nó go gcaillfeadh sé an ceann. "D'imir siad an cluiche agus bhain an Bhean Ghlas é. Dubhairt sí leis go gcaithfeadh sé í a chuartú roimhe lá agus bliadhain nó go gcaillfeadh sé a cheann; agus d'imthigh sí ar ais 'un an bháid chaoil dhuibh. "Nuair a bhí lá agus bliadhain ag tarraingt air,
d'iarr sé ar a mháthair lón beag aráin a dheanamh dó; agus rinne. "D'imthigh sé leis a chuartú na Mná Glaise. Nuair a bhí neoin agus deireadh lae ann, chonnaic sé solas beag i bhfad uadh agus i neas dó; agus tharraing sé air. Bhí teach beag ann a rabh bun cleite amach agus barr cleite isteach agus cleite amháin ag coinneáil an tuighe 'sna súgáin. "Chuaidh sé isteach agus d'iarr sé lóistín. Dubhairt fear an toighe nach rabh áit aige dó. Acht fa dheireadh choinnigh sé é. "D'innis an buachaill d' fhear an toighe goidé thug ar shiubhal é; agus dubhairt seisean leis go rabh dearbhráthair dó-san ina leithéid seo d'áit agus bheith aige oidhche ar n-a bhárach. "Nuair d'éirigh fear an toighe ar maidin, bhí an buachaill ina shuidhe comh luath leis. Shéid sé fídeog. Cha rabh éan ar an tsaoghal nach rabh cruinnighthe aige i gcionn bomaite acht an Bhean Ghlas. Cha rabh an Bhean Ghlas le fagháil. "Shiubhail sé leis an lá sin; agus nuair a bhí neoin agus deireadh an lae ann, chonnaic sé solas i bhfad uadh agus i neas dó; agus tharraing sé ar an teach bheag. Bhí bun cleite amach ann agus barr cleite isteach agus cleite amháin ag coinneáil an tuighe 'sna súgáin. "Chuaidh sé isteach agus d'iarr sé lóistín. Dubhairt fear an toighe nach rabh aon áit dó. Dubhairt an buachaill leis go raibh sé ag a dhearbhráthair aréir. Annsin bhí míle fáilte aige roimhe "D'éirigh an fear ar maidin, agus bhí an buachaill ina shuidhe comh luath leis. Chuaidh sé amach agus shéid
an fhídeog. Cá rabh éan ar an tsaoghal nach rabh cruinnighthe acht an Bhean Ghlas. Cha rabh an Bhean Ghlas le fagháil. "D'innis fear an toighe dó go rabh dearbhráthair dó-san ina leithéid seo d'áit agus bheith aige oidhche ar n-a bhárach; agus, mura bhfuigheadh an Bhean Ghlas, gan amharc ina diaidh lá bán ná oidhche a fhad is bhéadh sé beo. "Shiubhail sé an lá sin go rabh neoin agus deireadh an lae ann. Chonnaic sé an solas i bhfad uadh agus i neas dó. Tharraing sé air. Bhí teach beag ann a rabh bun cleite amach agus barr cleite isteach agus cleite amháin ag coinneáil an tuighe 'sna súgáin. "Cuaidh sé isteach agus d'iarr sé lóistín. Dubhairt fear an toighe leis nach rabh áit aige dó. D'innis an buachaill dó go rabh sé ag a dhearbhráthair eile arthú aréir. Bhí míle fáilte aige roimhe annsin. D'innis sé dó goidé bhí sé a chuartú. "D'éirigh fear an toighe ar maidin, agus bhí an buachaill ina shuide comh luath leis. Nuair a chuaidh sé amach, shéid sé an fhídeog. Chá rabh éan ar an tsaoghal nach rabh cruinnighthe acht an Bhean Ghlas. Cha rabh an Bhean Ghlas le fagháil. "Nuair a bhí sé ag imtheacht, chuir fear an toighe sluasaid agus madadh beag leis. D'iarr sé air siubhal i ndiaidh an mhadaidh agus an áit a seasóchadh an madadh tochailt. "Sheasuigh an madadh ar mhéile gainimh. Thochail sé ann; agus phill an madadh 'un a' bhaile. "Chuaidh sé síos an bealach mór ba deise a chonnaic sé ariamh. Shiubhail sé leis air go dteachaidh sé go dtí an teach mór. Bhí an Bhean Ghlas ann agus í ag cur lásaí
síoda le fuinneogaibh. Thainic sí anuas agus chuir sí céad míle fáilte roimhe. Dubhairt sí leis go gcaithfeadh sí é a fholach anocht ar eagla go muirbhfeadh an fathach mór é. Chuir sí ina sheasamh é i gcúl an dorais. "Nuair a thainic an fathach mór isteach, dubhairt sé: 'Mothuighim boladh Éireannaigh bhréagaigh annseo anocht.' Dubhairt sise go rabh buachaill ann d'fhostuigh sí nuair a bhí sí i nÉirinn mar bhí barraidheacht aici le deanamh. Dubhairt seisean léithe gurab í an bhean is amaidighe a chonnaic sé ariamh í. "Ar maidin lá ar n-a bhárach, nuair d'éirigh an fathach, d'iarr sé ar an bhuachaill éirghe fosta. Dubhairt sé leis an bhuachaill go rabh bóitheach amuigh annsin nár cartuigheadh a'n phreab le seacht mbliadhnaibh as, agus mura mbéadh sé glan aige teacht 'un a' bhaile dó-san go gcaillfeadh sé a cheann. "D'imthigh an fathach a sheilg. "Chuaidh an buachaill amach; agus nuair a chaitheadh sé aon phreab amach thiocfadh dhá phreib isteach. "Nuair a chuaidh an Bhean Ghlas amach leis an dinneár, dubhairt sé léithe nach n-íosadh sé biadh ná deoch nó go gcaillfeadh sé an ceann. D'iarr sise air theacht chuig a dhinneár; agus thainic sé fa dheireadh. "A fhad is bhí seisean ag deanamh a dhinneára tharraing sí sluasaid bhriste bhearnach amach as faoi a naprún. Thoisigh sí a chartú an bhóithigh; agus nuair a bhí a dhinneár deanta aige, bhí an bóitheach cartuighthe aici. D'iarr sí air bheith ag spaisteoracht thart nuair a thiocfadh an fathach mór 'un a' bhaile; agus nuair a d'fhiafróchadh sé de an dtearn sé an gnaithe sin, a rádh go dtearn. "Rinne seisean mar hiarradh air. 'Maise is tú
an buachaill is fearr a casadh orm ariamh,' arsa'n fathach. "Lá ar n-a bhárach, nuair d'éirigh an fathach, d'iarr sé ar an bhuachaill éirghe fosta; agus dubhairt sé leis go rabh coillidh thiar annsin nár gearradh aon chrann istoigh innti le seacht mbliadhnaibh, agus mura mbéadh an choillidh leagtha 'un talaimh aige teacht 'un a' bhaile dó-san go gcaillfeadh sé an ceann. Agus d'imthigh an fathach. "Nuair a chuaidh an Bhean Ghlas amach le n-a dhinneár, cha rabh leagtha aige acht an dá chrann ba lugha sa choillidh. "D'iarr an Bhean Ghlas ar an bhuachaill theacht chuig a dhinneár. Dubhairt sé léithe nach n-íosadh sé biadh ná deoch nó go gcaillfeadh sé an ceann. Acht fa dheireadh thainic sé. "Tharraing sise annsin tuagh bhriste bhearnach amach as faoi a naprún. Bhuail sí buille thall agus buille i bhfos. Nuair a bhí a dhinneár deanta aige, bhí an coillidh leagtha aici. "D'iarr sí air bheith ag spaisteoracht thart nuair a thiocfadh an fathach mór 'un a' bhaile; agus nuair a d'fhiafróchadh an fathach an dtearn sé an gnaithe sin, a rádh leis go dtearn. "Rinne seisean sin; agus dubhairt an fathach: 'Is tú an buachaill is fearr a casadh orm ariamh.' "D'éirigh an fathach lá ar n-a bhárach agus d'iarr sé ar an bhuachaill éirghe comh luath leis; agus dubhairt sé leis go rabh sgioból aige nach dteachaidh a'n tuighe air le seacht mbliadhnaibh, agus go gcaithfeadh sé tuighe bheith aige air teacht 'un a' bhaile dó-san le cleiteachaibh ach a'n éin san aer agus gan dhá chleite bhaint as éan amháin. "Nuair a chuaidh an Bhean Ghlas amach le n-a dhinneár,
cha rabh marbh aige acht an broinndearg agus an dreolán. "D'iarr sí air theacht chuig a dhinneár. Dubhairt sé léithe nach n-íosadh sé biadh ná deoch nó go gcaillfeadh sé an ceann. Sa deireadh thainic sé chuig a dhinneár. "Shéid an Bhean Ghlas fídeog; agus nuair a bhí an dinneár deanta aige, bhí an tuighe ar an sgioból le cleite as 'ach a'n éan ar an aer. "Bhí an tráthnóna fliuch ina dhiaidh sin; agus bhí sé ag spairteoracht thart roimhe an fhathach mhór. D'fhiafruigh an fathach, nuair a thainic sé, an dtearn sé an gnaithe sin; agus dubhairt seisean go dtearn. Dubhairt an fathach leis annsin: "Is tú an buachaill is fearr a casadh orm ariamh." "Chuaidh an fathach isteach 'un toighe annsin agus d'fhiafruigh sé den Mhnaoi Ghlais cad chuige an rabh an bhraitlín amuigh ar an charraig sin thall. Dubhairt sí leis gur shíl sí gurab é sin an áit a rabh a chroidhe ann agus go bhfliuchfaidhe a chroidhe. "Dubhairt sé léithe narbh' é sin an áit a rabh a chroidhe ann, acht san chrann a bhí ag fás os coinne an doruis. Go rabh reithe istoigh i gcroidhe an chrainn agus lacha istoigh i gcroidhe an reithe agus uibh istoigh i gcroidhe na lachan agus croidhe an fhathaigh istoigh san uibh. Cha rabh an fathach le marbhadh go muirbhfidhe a chroidhe. "Nuair a fuair siad an fathach ar shiubhal, ghearr siad an crann agus mharbh siad an reithe. Nuair a d'fhosgail siad é, d'imthigh an lacha ar eiteoig agus sgaoil siad léithe. "Bhain siad an uibh as an lachain agus d'imthigh siad. Thug siad leobhtha an méid saidhbhris a thainic leobhtha. Thug siad leobhtha coileach óir agus cearc airgid agus trí graíníní cruithneachta agus d'imthigh siad leo san bhád chaol dhubh.
"Nuair a bhí siad giota maith ar shiubhal, d'iarr an Bhean Ghlas ar an bhuachaill amharc ina dhiaidh. D'amharc; agus chonnaic sé cnapán ceo ag teacht. "Fa chionn tamaill d'iarr sí air amharc ina dhiaidh aríst. Chonnaic sé cnapán teineadh ag teacht. Thug sí an uibh don bhuachaill. D'iarr sí air a cnagadh faoi chích dheis an fhathaigh. Chnag; agus thuit an fathach san fhairrge. "Thainic an Bhean Ghlas agus an buachaill isteach san áit a dtearn seisean an badhbhdhún ann. "D'fhág sí slán aige annsin agus d'iarr sí air, nuair a thoicfadh sé 'un toighe, gan póg a thabhairt d'aonduine; dá dtabhairfeadh nach smaointeachadh sé uirthi-se lá bán ná oidhche a fhad is bhéadh sé beo. "Bhí míle fáilte roimhe sa bhaile. Cha dtug sé póg d'aonduine. Ach nuair a bhí sé ina shuidhe ar a shuaimhneas a chois na teineadh, goidé rinne cú a bhí fríd an teach acht léim a thabhairt suas air agus póg a thabhairt dó. Rinne sé dearmad ar an Mhnaoi Ghlais; agus roimhe i bhfad bhí sé ag gabháil dhá phósadh ar chailín ar an bhaile. "Bhí tobar i n-aice an toighe agus bhí crann ag taoibh an tobair. Thainic an Bhean Ghlas agus chuaidh sí suas ar an chrann. Nuair a chuaidh deirbhshiúr na brighdeoige amach fa choinne uisge, d'amharc sí ins an tobar. Chonnaic sí sgáile na mná uaisle galánta agus shíl sí gurab é a sgáile féin é. Bhris sí na stópaí ionnus nach gcuirfidhe amach aríst í fa choinne uisge. "Chuir siad deirbhshiúr eile amach agus rinne sí an rud céadna. "Chuaidh Cailleach na gCearc amach annsin, agus
smaointigh sise nach rabh sí comh dóigheamhail leis an sgáile a bhí sa tobar. D'amharc sí suas ins an chrann agus chonnaic sí an bhean ghalánta ina suidhe ann. Thainic sí anuas a chaint léithe. D'fhiafruigh sí dí an dtabhairfeadh sí an coileach óir agus an chearc airgid isteach chuig an tábla a rabh an lánamhain óg ina suidhe aige. Dubhairt sí go dtabhairfeadh. D'iarr sí uirthi gráinín amháin den cruithneachta a chaitheamh chuca agus, nuair d'íosadh siad é, ceann eile a chaitheamh chuca. "Chaith sí amach an gráinín cruithneachta, agus sgiob an coileach ón chirc é. 'Cha dtearn tú sin,' arsa'n chearc, 'an lá cuireadh amach thú a chartú an bhoithigh. Nuair a chuaidh mise amach le do dhinneár, bhí dhá oiread istoigh is bhí amuigh.' "Chaith Cailleach na gCearc gráinín eile chuca, agus sgiob an coileach ón chirc é. 'Cha deanfá sin,' arsan' chearc, 'an lá cuireadh amach thú a ghearradh na coilleadh. Nuair a chuaidh mise amach le do dhinneár, cha rabh gearrtha agat acht an crann ba lugha sa choillidh.' "Chaith an Chailleach gráinín eile chuca, agus sgiob an coileach ón chirc é. 'Cha deanfá sin,' arsa'n chearc, 'an lá cuireadh amach thú a chur tuighe ar an sgioból. Nuair a chuaidh mise amach le do dhinneár, cha rabh marbh agat acht an broinndearg agus an dreolán.' "Smaointigh sé annsin ar an Mhnaoi Ghlais. Chuaidh sé amach agus thug isteach eadar a dhá láimh í. Pósadh é fhéin agus an Bhean Ghlas; agus choinnigh iad an cailín a rabh sé ina cuideachta choidhche. Rinne siad banais a mhair lá agus bliadhain, agus charbh' fhearr an chéad lá 'ná an lá deireannach."
AN LUCHÓG AGUS AN FHUISEOG "I bhfad ó shoin bhí luchóg istoigh i gcruaich choirce. Lá amháin san earrach bhí sí ag sgiobadh amach an choirce. "Bhí fuiseog ag gabháil thart ar eiteoig. Cha rabh a dhath le fagháil aici le hithe. D'iarr sí ar an luchóig coirce a sgiobadh amach dí a fhad is mhairfeadh an samhradh, agus nuair a thoicfadh an t-earrach go bhfuigheadh sise a cuid don luchóig. "Nuair a thainic an samhradh, bhí a sáith ag an fhuiseoig agus d'iarr an luchóg beagán uirthi. "Rinne an fhuiseog fead agus dubhairt sí nach rabh áird aici ar an luchóig. Dubhairt an luchóg go gcuir- feadh sí cogadh uirthi. Dubhairt an fhuiseog go rabh sin maith go leor. "Chruinnigh an luchóg na hainmhidhthe cheithre gcos, agus chruinnigh an fhuiseog na héanacha a bhí ar an aer. Bhí siad le cogadh a dheanamh os coinne doras Ríogh Éireann. "Bhí an luchóg trom go leor ag an fhuiseoig go dtainic an tráthnóna. Ba annsin a shéid Rí na hÉireann a fhídeog trí huaire ar an iolar mhór; agus thainic an t-iolar. "'C'áit a rabh tú nuair a shéid mé an fhídeog an chéad uair?' arsa'n Rí. 'Bhí mé sa Domhan Thoir,' arsa'n t-iolar. 'C'áit a rabh tú nuair a shéid mé í an dara huair?' arsa'n Rí. 'Bhí mé ag tarraingt ort go láidir; agus an tríomhadh huair bhí mé fa ghiota díot.' D'éirigh an t-iolar mór annsin ar eiteoig agus
thainic sé anuas ar an ealafant is mó ag an luchóig agus mharbh sé é. "Dubhairt Rí na hÉireann annsin go rabh an cogadh bainte ag an fhuiseoig. "Choinnigh Rí na hÉireann an t-iolar rith thrí seachtmhainí. Mharbh sé bológ 'ach a'n lá dó. Agus i gcoinn na dtrí seachtmhainí dubhairt an t-iolar go rabh sé i n-am aige ghabháil 'un a' bhaile. D'fhiafruigh sé den Rígh an rachadh sé leis. Dubhairt an Rí go rachadh. 'Thabhair ubhla agus áirne leat ar eagla go dtiocfadh tart nó ocras orainn.' "Chuaidh an Rí ar chúl eiteoige an iolair. Nuair a bhí said amuigh i lár na fairrge, dubhairt an t-iolar go rabh sé ag éirghe tuirseach. 'Caith amach an t-ubhla,' arsa'n t-iolar. Chaith sé amach an t-ubhla, agus d'éirigh coillidh ubhlaí. Bhain siad oiread is bhain tart agus ocras díobhtha. Chuaidh sé ar chúl eiteoige an iolair aríst annsin. "Nuair a chuaidh siad píosa fada eile, d'éirigh an t-iolar tuirseach aríst. 'Caith amach an t-áirne annsin.' D'éirigh coillidh áirní. Bhain siad oiread is bhain tart agus ocras díobhtha. "Chuaidh an Rí ar ais ar chúl eiteoige an iolair, agus thug sé leis an Rí go dteachaidh siad a fhad le tír an iolair. 'Téigh suas ins an teach sin thuas,' arsa'n t-iolar 'agus fiafruigh an bhfuil cupa dubh agus cupa bán ann.' "Chuaidh sé suas agus d'fhiafruigh sé an rabh cupa dubh agu cupa bán ann. Ní rabh duine ar bith istoigh acht sean-bhean; agus dubhairt sí leis nach rabh cupa dubh ná cupá bán ann. "Chuaidh sé síos chuig an iolar agus d'innis dó goidé
dubhairt an tsean-bhean. 'Téigh suas ins an dara teach,' adeir sé, 'agus fiafruigh an bhfuil cupa dubh agus cupa bán ann.' "Agus chuaidh an Rí suas a fhad leis an dara teach. Dubhairt bean an toighe nach rabh. 'Acht 'tchím,' adeir sí, 'go dtainic an t-iolar mór 'un a' bhaile.' "'Téigh suas,' arsa'n t-iolar, 'ins an tríomhadh teach; agus mura bhfuighe tú iad annsin, rachaidh mé fhéin ins an ceathramhadh teach.' "Agus chuaidh an Rí chuig an tríomhadh teach; agus fuair mé an cupa dubh agus an cupa bán ins an teach sin. Nuair a thug sé don iolar iad, bhain an t-iolar an clár den chupa dubh, agus d'éirigh cúirt agus caisleán ann. Bhain sé an clár den chupa bhán, agus thainic tábla bídh agus dighe ann. "Bhí an Rí tamall maith aige agus d'éirigh sé tuirseach agus badh mhaith leis ghabháil 'un a' bhaile. 'Tabhair leat an cupa bán agus an cupa dubh,' arsa'n t-iolar. 'Nuair a bhéas do chos ar an tráigh agus ar an tuinn, bain an clár den chupa dhubh agus tiocfaidh long seoltórachta chugat.' "Bhain sé an clár den chupa dhubh sul ar chuir sé cos ar tuinn, agus thainic caisleán i n-áit na luinge. Cha rabh a fhios aige goidé gheanfadh sé annsin. "Thainic fear ruadh isteach chuige ins an chaisleán. 'Bheirfidh mé bealach duit ghabháil go hÉirinn má thugann tú damh an mac is sine agat nuair a bhéas sé dhá bhliadhain déag d'aois.' Dubhairt an Rí go dtabhairfeadh. "Agus thug an fear ruadh long seoltórachta dó le n-a thabhairt go hÉirinn; agus chuaidh an Rí 'un a' bhaile. 'Nuair a bhí an mac a ba sine dhá bhliadhain déag
d'aois, thainic an fear ruadh fa n a choinne. Cha rabh a athair sásta é a leigean ar shiubhal; acht dubhairt sé leis go leigfeadh sé an gasúr dá bhfágadh sé é mar bhí sé ar dtús. "Thug sé dó an gasúr agus chuaidh sé leis giota den chasán. D'imthigh an fear ruadh agus an gasúr as amharc. "Nuair a thainic an fear ruadh 'un a' bhaile, dubhairt sé leis an ghasúr go gcaithfeadh sé stábla a ghlanadh amach nár cartuigheadh le seacht mbliadhnaibh, agus snáthad a chaill a mháthair mhór seacht mbliadhna ó shoin ins an stábla a fhagháil dó. "Chuaidh an gasúr amach a chartú an stábla. 'Ach a'n phreab a chaitheadh sé amach thiocfadh ceann eile isteach ina háit. "Chuaidh nighean an fhir ruaidh amach le n-a bhreicfeasta; agus d'fhiafruigh sí de goidé mar bhí sé ag gabháil ar aghaidh. D'innis sé dí. Thug sí sluasaid amach as faoi a naprún. Chaith sí amach preab amháin. Chuaidh preab i ndiaidh preibe gur glanadh an stábla uilig; agus dubhairt an nighean: 'Nuair a fhiafróchas an fear ruadh duit an dtearn tú sin, abair go dtearn; agus má iarrann sé ort snáithe a chur sa tsnáthaid, dean é.' Agus rinne sé sin. "''Tchím,' arsa'n fear ruadh, 'nach bhfuil tú níos measa 'ná an t-oide do mhúin thú. Caithfidh tú ghabháil i mbárach agus baraille gan tóin a líonadh de sháile le gabhal.' "Bhí sé ag líonadh an bharille go dteachaidh nighean an fhir ruaidh amach le n-a bhreicfeasta. D'fhiafruigh sí de goidé a bhí sé a dheanamh. D'innis sé dí. "Thóg sí deor ar bharr an ghabhail agus líon sí an
baraille; agus dubhairt sí nuair a d'fhiafróchadh an fear ruadh de an dtearn sé sin, a rádh go dtearn; agus dá n-iarradh sé air an baraille a thabhairt ar ais dó, a rádh go ndeanfadh. Agus rinne seisean sin. "''Tchím,' adeir an fear ruadh, 'nach bhfuil tú níos measa 'ná an t-oide do mhúin thú. Caithfidh tú ghabháil amach i mbárach agus caisleán a thógáil is fearr bhéas le fagháil. Cleite 'ach a'n éin bheith ina dhíon air; gan bun cleite a bheith amach ná barr cleite isteach agus cleite amháin ag coinneáil an tuighe 'sna súgáin.' "Thug sé leis casúr agus liaghán. Chuir sé ceithre clocha coirneáil. Cha rabh sé ábalta caisleán a thógáil. "Chuaidh nighean an fhir ruaidh amach le n-a bhreicfeasta. D'fhiafruigh sí de goidé bhí sé a dheanamh. D'innis sé dí. "Thug sí casúr agus liaghán amach as faoi a naprún, agus d'éirigh an caisleán. "Thainic an fear ruadh amach tráthnóna agus dubhairt sé: 'An dtearn tú sin?' 'Rinne,' arsa mac an Ríogh, 'agus dá n-iarrthá orm teine a chur ann, gheanfainn sin duit.' "''Tchím,' adeir an fear ruadh, 'nach bhfuil tú níos measa 'ná an t-oide do mhúin thú. Caithfidh tú ghabháil amach i mbárach agus nead préacháin a leagan atá cúig mhíle amuigh san fhairrge agus sluasaid a thabhairt leat agus bealach a dheanamh amach go dtí an crann.' "Thug sé leis sluasaid ar maidin. Thoisigh sé ar an bhealach. Bhí an fhairrge ag líonadh siar a fhad is bhí sé ag deanamh an chasáin. "Thainic nighean an fhir ruaidh amach le n-a bhreic feasta; agus d'fhiafruigh sí de goidé bhí sé a dheanamh. D'innis sé dí. Bhuail sí sluasaid ar an tuinn, agus thainic bealach amach go dtí an crann.
"Chá dtiocfadh leis ghabháil suas ins an chrann. Ghearr sise na méara dí agus rinne staighre i n-áirde go barr an chrainn. "Thug sé leis nead an phréacháin. Rinne sé dearmad d'alt an mhéir bhig ag teacht anuas dó. Dubhairt sise go bhfeicfeadh a hathair go rabh alt an mhéir bhig caillte aici. Rinne sí miotóg agus chuir sí ar a láimh í. "'Anois,' arsa'n fear ruadh, "tá mo nighean bainte agat.' 'Is minic a tharla rud níos measa 'ná sin,' arsa mac Ríogh na hÉireann.' "Go gearr ina dhiaidh sin rinne siad réidh le himtheacht go hÉirinn. B'fhearr leis an fhear ruadh iad a mharbhadh ina luighe. "Rinne an bhean óg trí toirtíní. D'fhág sí caint le slait dhraoidheachta ag 'ach a'n toirtín aca. "Ag imtheacht dóbhtha thug siad leobhtha snáthad mhór agus buideál uisge agus trí choileán con. "Nuair a mhusgail an fear ruadh, d'fhiafruigh sé an rabh siad ina luighe. Dubhairt an toirtín a bhí ar an dreisiúr go rabh siad ag nighe a gcos ag taoibh na teineadh. "Tamall beag eile ina dhiaidh sin labhair sí ar ais leobhtha. Dubhairt an toirtín a bhí ag an teinidh go rabh siad ag coigilt na teineadh. "I gcionn tamaill bhig eile labhair sé ar ais leobhtha; agus dubhairt an toirtín a bhí ag an doras go rabh siad ag cur an bholta ar an doras. "Nuair a mhusgail sé arais, ní rabh duine ar bith le freagra a thabhairt air. "Chuir sé an cú ina dhiaidh. Nuair a mhothuigh siad an cú, chaith siad ceann de na coileáin chuici. Nuair
a fuair an cú coileán i ndiaidh coileáin go rabh na trí coileáin aici, phill sí 'un a' bhaile agus cha rachadh sí amach ní ba mhó: bhí sí tuirseach. "D'imthigh an fear ruadh agus a bhean ina ndiaidh. Nuair a bhí siad fa ghiota díobhtha, thoisigh an talamh a chrith fútha. Chaith siad uatha an tsnáthad agus d'éirigh coillidh chnó. "Phill an fear ruadh agus a bhean 'un a' bhaile fa choinne tuaighe leis an choillidh a ghearradh. Agus nuair a thainic siad a fhad leobhtha aríst, chaith siad an buideál ina ndiaidh, agus d'éirigh abhainn uisge rompa agus báitheadh an fear ruadh agus a bhean. "Thainic mac Ríogh na hÉireann 'un a' bhaile agus nighean an fhir ruaidh leis. Nuair a bhí siad fa ghiota de theach an Ríogh, dubhairt an bhean óg nach rachadh sise isteach. 'Acht,' arsa sise, 'ná leig do dhuine ar bith póg a thabhairt duit ná cha bhíonn cumhacht agat orm níos mó.' "Nuair a chuaidh sé isteach, cha leigfeadh sé d'aonduine póg a thabhairt dó. Acht d'éirigh madadh beag agus chuir sé suas a theanga ar a bhéal agus char smaointigh sé níos mó uirthi-se. "Annsin d'iarr sé ar mhnaoi a bhí fa ghiota dó a phósadh. "Bhí féasta mór aca sul a bpósfaidhe iad; agus bhí inghean an fhir ruaidh ag an fhéasta. Agus adair sí: 'Badh mhaith liom sgéal a innse. Chan maith liom duine ar bith labhairt a fhad is bhéas mé ag innse an sgéil. An duine labhairfeas caithfidh sé duisín buideál fíona a thabhairt damh-sa.' "Thug sí léithe slat dhraoidheachta. Rinne sí coileach agus cearc. Chaith sí gráinín coirce chuca. Phioc an coileach é.
"'Mo bhrón ort, a choiligh an bhuilg mhóir!' arsa'n chearc. 'Nach bhfuil cuimhne agat ar an lá cuireadh amach thú a ghlanadh an stábla agus a bhfuair mé snáthad na mathara móire duit?' "Chaith sí gráinín eile chuca. D'ith an coileach é. "'Nach bhfuil cuimhne agat ar an lá a thóg mé an baraille de sháile le gabhal?' "Chaith sí grainín eile chuca. D'ith an coileach é. "'Nach bhfuil cuimhne agat ar an lá a thóg mé an caisleán duit?' "'Is deas é sgéal na mná óige,' arsa'n Rí óg; agus b'éigean dó duisín buideál fíona a thabhairt dí. "Chaith sí gráinín eile chuca; agus d'ith an coileach é. "'Nach bhfuil cuimhne agat go dtearn má an bealach amach cúig mhíle san fhairrge agus gur bhain mé na méara díom fhéin. D'fhág tú alt mo mhéir bhig 'do dhiaidh;' agus shín sí amach an chrúb. "Dubhairt sí annsin go rabh an sgéal críochnuighthe aici. "Dubhairt an Rí óg go n-inniseochadh seisean sgéal anois. "'Bhí bocsa agam-sa,' ar seisean. Bhí eochair leis an bhocsa a fhosgladh. Chaill mé an eochair. Cheannuigh mé eochair úr. Charbh' fhóirstineach an eochair í. Fuair mé an tsean-eochair ar ais. Cé aca is fearr damh an tsean-eachair a choinneáil 'ná an eochair úr?' 'Is fearr an tsean-eochair,' arsa fear an toighe. 'Sin an rud a chonnaiceas damh fhéin. Ar an adhbhar sin bíodh do nighean fhéin agat-sa agus mo bhean fhéin agam-sa.' "Pósadh é fhéin agus nighean an fhir ruaidh. Chaith siad banais a mhair lá agus bliadhain, agus b'fhearr an lá deireannach 'ná an chéad lá."
AN BHAINRÍOGHAN AGUS NA GÉACHA. Bhí rí agus bainríoghan ann aon uair amháin agus bhí gach uile rud aca ar mhian le duine ar bhith a fheiceáil. Bhí meas agus urraim fa n-a gcoinne sa chearn den domhan ina rabh siad. Bhí dha mhac déag aca a bhí iongantach deas. "Acht faraor! bhí rud amháin ag cur bhuadhartha ar an bhainríoghan, 'sé sin nach rabh nighean aici. Bhí sé ag cur bhuadhartha mhóir uirthi agus bheadh sí ag smaointiú air gach uile lá. "Aon lá amháin geimhridh bhí sioc ins an aer agus sneachta ar an talamh. Bhí an bhainríoghan ag amharc amach ar an fhuinneoig agus 'tchí sí préachan ina luighe ar an tsneachta agus a chuid fola thart fa dtaobh de. D'amharc an bhainríoghan agus shíl sí nach bhfaca sí amharc ariamh ba deise 'ná é. Smaointigh sí dá mbéadh nighean aici a mbéadh na trí dathanna uirthi - a cuid gruaige a bheith comh dubh le cleiteachaibh an phréacháin, a pluca a bheith comh dearg le n-a chuid fola, agus a croiceann comh geal leis an tsneachta. 'Bheirfinn mo chuid mac uirthi,' ar sise. 'Is olc an smaointiú é sin,' arsa'n glór i neas dí. "D'amharc sí amach agus 'tchí sí sean-bhean draoidh- eachta thíos fúithe. 'Gheobhaidh tú do thoil, a bhainríoghan,' ar sise. 'Bliadhain ó indiu béidh nighean óg agat a
mbéidh na trí dathanna seo uirthi, acht an lá thiocfas sí 'un an tsaoghail caillfidh tú do dhá mac déag.' "Bhí brón mór ar an bhainríoghan bheith ag gabháil a chailleadh a cuid mac, acht bhí luthgháir mhór uirthi fa'n nighin óig a bhí le bheith aici; agus smaointigh sí ina hintinn fhéin go dtiocfadh léithe a cuid mac a shábháil. "D'iarr sí cead ar an Rígh na mic a chur isteach i gcaisleáin an dúin. Chuir an Rí ceist uirthi goidé rinne na mic contráilte nuair a bhí sí ag brath ar a leithéid de phionnús a chur ortha. Dubhairt an bhainríoghan nach dtearn siad a dhath contráilte, acht go rabh siad ag gabháil faidhain agus gur mhaith léithe iad a chur isteach ins an chaisleán seo go socróchadh siad agus nach mbéadh pionnús ar bith ortha. Go dtabh- airfeadh sise a gcuid chuca le n-a láimh fhéin agus go mbéadh maighistir aca le hiad a theagasg. "Thug an Rí an cead dí. Cuireadh isteach iad ins an chaisleán seo. Ní rabh air acht aon fhuinneog amháin, agus bhí an fhuinneog sin i n-áirde ins na sglátaibh. "Bhí siad annsin go cionn bliadhna go rugadh nighean na bainríoghna. Bhí gach uile dhuine ag cruinniú chuig an fhéasta. Chonnaic duine éigin géacha fiadhna ag imtheacht as an chaisleán; agus cé a bhí ionnta acht mic an Ríogh. "D'imthigh siad leobhtha trasna na sléibhte agus ní fhacas iad ní ba mhó. Bhíodh siad fiadhain ina dhiaidh sin ar feadh an lae, agus thiocfadh leobhtha gabháil ina gcosamhlacht fhéin ins an oidhche. Bhí teach beag aca a bhfanadh siad ann san oidhche, agus chaithfeadh siad ghabháil amach ins na sléibhtibh ins an lá. "D'éirigh nighean an Ríogh suas agus bhí spéis mhór ag an bhainríoghan innti. Acht nuair a bhí sí dhá bliadhain
déag d'aois, d'fhiafruigh sí dá máthair an rabh dearbh- ráthair nó deirbhshiúr ar bith aici ariamh. Dubhairt an mháthair go rabh dhá dhearbhráthair déag aici, acht an lá thainic sise ar an tsaoghal gur imthigh siad agus nach bhfacas iad ní ba mhó. "Bhí brón mór ar an ghirrsigh nuair a chuala sí an sgéal aisteach seo; agus dubhairt sí go rachadh sise go bhfeicfeadh sí a cuid dearbhráithreacha. Ní rabh a máthair sásta ar í a leigean; acht leig sí í sa deireadh. "Thug sí léithe bunnóg agus d'imthigh léithe trasna na gcnoc. Shuidh sí síos sa deireadh go dtearn sí a sgíthiste. D'imthigh sí léithe annsin agus charbh 'fhada go dtainic sí a fhad le teach beag a bhí ag taoibh an bhóthair. "Chuaidh sí isteach ann, acht cha rabh duine ar bith ann. Thainic sí amach aríst agus 'tchí sí dhá ghasúr déag ag teacht aníos an garrdhadh. Bhí eagla uirthi ar dtús, nuair a chonnaic sí iad ag teacht ach smaointigh sí gurab iad a cuid dearbhráithreacha fhéin a bhí ann. D'fhan sí ag an doras go dtainic siad aníos. "Agus nuair a thainic siad, bhí siad ag brath ar í a chur 'un báis, ná mhionnuigh siad go gcuirfeadh siad an chéad chailín atchífeadh siad 'un báis. 'Ó, ná marbhaidh mise,' arsa'n cailín. Is mé mar ndeirbhshiúr agus tá mé ag teacht dh'amharc oraibh.' Bhí na gasraidh i gcruadh-chás. Ní rabh a fhios aca goidé a gheanfadh siad. Ní rabh dúil aca an mionna a bhriseadh agus ní rabh dúil aca an deirbhshiúr a chur 'un báis. "'Is fearr mionna a bhriseadh 'ná droch-ghníomh a dheanamh,' arsa glór ag a dtaoibh. "D'amharc siad thart agus 'tchí siad an bhean draoidheachta ina seasamh i neas dóbhtha. D'aithnigh
siad í; agus chuir siad ceist uirthi an dtiocfadh leo fagháil réidhtighthe as an draoidheacht a bhí ortha. Dubhairt sise leobhtha go dtiocfadh, agus gurab í a ndeirbhshiúr fhéin a bheirfeadh as an draoidheacht iad, acht go mbéadh sí dhá bhliadhain déag 'gha dtabhairt amach as. Agus nach dtiocfadh léithe labhairt ná gáire a dheanamh ar feadh an ama. Agus go gcaithfeadh sí olann a chruinniú ins na cnuic a gheanfadh léinte dóbhtha; agus go gcaith- feadh sí a cruinniú ins an lá agus a cárdáil ins an oidhche agus a sníomh ins an mheadhon lae. "D'éirigh na gasraidh ar maidin agus d'imthigh leobhtha trasna na gcnoc; agus d'imthigh an cailín a chuartú na holna. Chruinnigh sí lán basgáide dí agus thug léithe 'un a bhaile é. "D'éirigh sí lá ar n-a bhárach mar a gcéadna agus chruinnigh sí basgáide eile. Annsin chárdáil sí é ins an oidhche; agus d'oibrigh sí comh cruaidh sin go rabh sé léinte deanta aici ar maidin. "Bhí mac ríogh an Domhain Thoir amuigh ag seilg aon lá amháin agus bhuail sé thart fa'n áit a rabh sí ina suidhe. Labhair sé léithe agus ní thug sí freagra air; acht rinne sí comhartha dó suidhe síos. Bhí spéis mhór aige innti, agus badh mhaith leis í a phósadh; acht níor mhaith léithe-se a cuid dearbhráthair a fhágáil go dtabhairfeadh sí as an draoidheacht iad. Thainic bean na draoidheachta chuici aríst agus d'iarr sí uirthi mac an ríogh a phósadh agus go dtiocfadh léithe na léinte a dheanamh i gcaisleán an ríogh. "Chruinnigh sí dhá bhasgáid olna agus d'imthigh si leis an rígh óg; agus i gcoinn tamaill rugadh mac óg dí agus bhí spéis mhór aici ann; acht ba droch-bhean máthair an ríogh agus badh mhaith léithe deireadh a chur leis an mháthair agus leis an leanbh.
"Aon lá amháin te samhraidh bhí an bhainríoghan óg ina suidhe insan fhuinneoig agus an leanbh ar a glúin aici. Thainic máthair an ríogh isteach agus dubhairt leis an bhainríoghan óig go rabh cuma thuirseach uirthi agus go dtabhairfeadh sí deoch isteach chuici, ag deanamh freastála dí. "Rinne sí réidh an deoch annsin; agus comh luath is d'ól an bhainríoghan óg é thuit sí ina codladh. Thug an tsean-bhainríoghan léithe an leanbh annsin agus chaith sí amach ar an fhuinneoig é. "Thainic beathadhach allta thart agus thug leis an leanbh ina bhéal agus d'imthigh leis. "Annsin ghearr máthair an ríogh a méar fhéin agus chumail sí an fhuil ar láimh agus ar bhéal na bhainríoghna óige. Sgairt sí ar an rígh annsin agus d'fhiafruigh de goidé an seort mná í seo a fuair sé d'íosadh a clann fhéin. "Dubhairt an rí annsin gurbh' fhearr í a chur ar shiubhal; acht dubhairt a mháthair leis gurbh fhearr í a chrochadh. "Fuair siad daoine annsin le n-a crochadh; agus dhruid an rí é fhéin ina sheomra ar dhóigh nach mbéadh sé ag amharc uirthi ag gabháil 'un báis. "Chuir siad ar an ardán í annsin, agus bhí sí ag fuagháil comh gasta is thiocfadh léithe; agus nuair a bhí an slabhradh ag gabháil fa n-a muineál, thainic na géacha fiadhna thart agus deifre mhór ortha. Thainic bean na draoidheachta thart fosta agus an leanbh léithe ina dhá láimh agus shín sí dá mháthair é. D'iarr sí uirthi annsin léine a chaitheamh ar gach uile dhuine de na dearbhráithreachaibh. Rinne sí seo; agus thionntuigh siad uilig isteach ina gcosamhlacht fhéin.
"D'innis bean na draoidheachta an sgéal ó thús go deireadh, mar chaith máthair an ríogh amach as an fhuinneoig an leanbh, agus gurab ise an beathadhach allta a thóg 'un siubhail an leanbh. "Chuaidh teachtaire chuig an rígh agus d'innis an sgéal dó. Bhí siad ag brath ar mháthair an ríogh a chur 'un báis, acht ní leigfeadh an bhainríoghan óg sin a dheanamh. "Ach cuireadh ar shiubhal as an tír í; agus chuaidh an rí agus an bhainríoghan 'un a' bhaile agus luthgháir mhór ortha. Chuaidh a cuid dearbhráithreacha 'un a' bhaile fosta; agus sin a gcuala mise fa dtaobh díobhtha ón lá sin go dtí an lá indiu."
II EACHTRA CHLANN RÍOGH NA hIORUAIDHE. Bhí sin ann má's fad ó bhí. Dá mbínn-se anois mar bhí mé an uair sin, bhéadh sgéal úr agam nó sean-sgéal, nó bhéinn gan aon sgéal. Dá mbéinn bodhar ní chluinfinn é, agus dá mbéinn balbh ní innseochainn é. Agus má's olc atá sé agam-sa anocht is mile measa bhéas sé agat-sa san oidhche i mbárach; agus is maith an chuid den sgéal an mhéid sin fhéin. "Bhí rí aon uair amháin san Ioruaidh agus bhí triúr mac aige. Ba é an t-ainm bhí ortha Cod, Cead, agus Míchead. "D'éirigh siad lá amháin amach 'san Ioruaidh a sheilg agus thainig teas mór ortha. Bhí siad a chois na fairrge agus b'éigean dóbhtha éirghe suas ar an chnoc bhí os a gcionn le teas. Thoisigh siad a chaint ar Éirinn. Shocruigh siad sa deireadh imtheacht go hÉirinn leis an tír sin a bhaint amach agus a roinnt ina trí rannaibh. I lár na cainte 'tchí siad an soitheach chuca ag tarraingt ón fhairrge isteach ina trí crainn tárnochta. "'Anois,' arsa Cod le n-a dhearbhráithreachaibh, 'gabhaidh ibhse 'un a' bhaile agus béidh mé fhéin libh amach ar maidin lá ar n-a bhárach ar ais; agus fuireochaidh mise annseo go bhfeice mé goidé an soitheach í sin.' "Sheasuigh sé an talamh. Chonnaic sé chuige ag tarraingt air í; agus 'sé r'd a bhí ann curach agus bean uasal óg 'na seasamh i lár an churaigh. Bhí slat gheal ina
láimh aice agus dhá ubhal déag aice agus í 'gha gcaitheamh i n-áirde agus gan í ag leigint aon cheann amháin 'un talaimh aca. "Thainic sí isteach go dtainic go dtí an cladach agus tharraing an curach suas ar an chloich 'na diaidh. Shiubhail sí léithe go rabh sí thuas ag Cod. D'fhiafruigh sí de c'ainm a bhí air. Dubhairt seisean gur Cod mac Ríogh na hIoruaidhe. "'Maise, má's tú Cod mac Ríogh na hIoruaidhe, is tú árd-ghaisgidheach an domhain. Is mise nighean Ríogh na Gile. Anois cuirim-sa fa gheasaibh thú agus fa chrosaibh agus fa dhíombantas na bliadhna thú bheith ar siubhal a choidhche go bhfagha tú bean a dheanamh damh-sa.' "Thug sé síothadh anonn ag brath greim a fhagháil uirthi, agus d'imthigh sí uadh. D'fhiafruigh sé dí goidé an rud í. Dubhairt sí leis: - 'Bím seal 'm'eala caol cuain, Seal 'mo dhobhrán i n-easaibh, Seal 'm'each na saor-insí, Seal 'mo ghas raithnighe, Seal 'mo chnapán ceo, Seal 'mo shean-chailligh, Agus ní de na mnáibh is measa mé.' "Thug sí léim ar shiubhal agus chuaidh sí sa churach ar ais. D'imthigh sí léithe amach 'un na fairrge agus an tslat gheal ina láimh aice agus í ag caitheamh dhá ubhal déag roimhpe go dteachaidh sí amach as amharc san fhairrge. Phill sé 'un a' bhaile annsin agus thainic sé isteach go teach a athara. Shuidh sé síos i gcathaoir mhóir dhá láimh a bhí ann agus rinne sé osnadh. Níor fhan a'n chnaipe ar a corp nár réab, agus níor fhan a'n rungsa sa chathaoir nár phléasc fa dtaobh de. Thuit sé síos fríd an chathaoir.
Chuala a athair an tuaim a rinne sé. D'éirigh sé aníos a fhad leis. "'Is cosamhail d"osnadh le hosnadh mac ríogh fa gheasaibh." 'Sílim gur sin é a athair.' 'Goidé thainic ort?' arsa'n t-athair. D'innis sé dó goidé mar thainic an bhean a fhad leis agus mar chuir sí faoi gheasaibh é agus mar d'imthigh sí 'un na fairrge ar ais. 'Ó,' arsa'n t-athair, 'ná bíodh buaidhreadh ar bith ort. Cuirfimid an cabhlach amach i mbárach, agus má tá sí le fagháil, gheobhthar í.' "'Maise, a athair,' ar seisean, 'nuair a chluinfeas na righthe ar gach taoibh díot gur chuir tú amach do chabhlach 'un na fairrge, níl a fhios aca cé'n ríoghacht a bhfuil tú ag gabháil a throid léithe: rachaidh mé fhéin agus mo bheirt dhearbhráithreacha amach le n-ar soitheach fhéin agus rachamuid ar a lorg an bealach a dteachaidh sí.' "Ar maidin lá ar n-a bhárach rinne siad réidh. Ghléas siad suas a soitheach fhéin. Chuir siad lón seacht mbliadhan isteach innti. Thug siad a tús do mhuir agus a deireadh do thír. Thóg siad a cuid seolta Go bocaideach go bacaideach, Go bárr na gcrann coimheádach, Go rabh siad ag éisteacht Le lupadáin is le lapadáin, Le seitreach rónta, Le géimneach peistí mór, Le glór na bhfaoileán bhfionn, go dteachidh siad amach glan as amharc ar an chasán a dteachaidh sise roimhe sin - go dteachaidh siad amach as amharc talaimh agus áite. "Bhí seolteoracht shé seachtmhainí agus thrí lá deanta aca, agus Cod ag stiúradh ar an rotha, nuair d'iarr sé ar Chead ghabháil suas go barr an chrainn agus amharc a bhfeicfeadh sé a dhath ar thaoibh ar bith de.
"Dubhairt sé nach rabh a dhath ar bith le feiceáil aige acht an t-aer os cionn mhullach a chinn agus an fhairrge ar gach taoibh de, agus go rabh go leor de sin faoi n-a shúil. 'Thainic : sé anuas agus d'iarr Cod ar Mhí-chead ghabháil suas annsin; agus dubhairt seisean nach rabh a dhath le feiceáil aige acht an t-aer bhí os cionn mhullach a chinn agus an fhairrge ar gach taoibh de, agus go rabh go leor de sin faoi n-a shúil fhéin. "'Gabhaidh annseo go dté mé fhéin suas.' "Chuaidh sé fhéin suas ina an chrann agus chonnaic sé an soitheach ag tarraingt air as an áird anois. 'Ó', ar seisean, 'leigidh 'un na gaoithe ar an bhomaite - tá triúr chlann rí Buile agus triúr cheann rí File agus an Macán Mór, mac ríogh na Sorcha, a dhruim leis an chrann tosaigh agus dhá chois ag stiúradh an tsoithigh 'na dhiaidh, ag tarraingt orainn. Má's inar n-aghaidh tá sé ag teacht, is mór is measa dúinn é, agus má's inar leith tá sé ag teacht, is mór is fearr dúinn é.' "Thug siad iarraidh caitheamh 'un na gaoithe, acht bhí an Macán Mór ar an ghaoith rompa. Luigh sé anuas ar an mhullach ortha. D'éirigh sé ina seasamh annsin agus fuair sé greim ar an tsoitheach bhí aca agus d'fhág sé i gcrannóig a shoithigh fhéin í. "'Gabh síos," arsa Cod le Cead, 'níl sé seo acht gheall ar ar mbás a thabhairt den ocras annseo agus den anás, agus amharc an bhfuightheá réidhteach ar bith a dheanamh.' "Chuaidh sé síos agus bhuail sé 'na crann a rabh an soitheach ina luighe air agus níl ann acht gur fhág sé lorg a chlaidhimh insan chrann. 'Gabh síos,' ar seisean le Mí-chead, ' agus amharc a ndeanfá thusa níos fhearr.' Ní thearn sé ordlach ar bith níos fhearr é 'ná rinne an chéad fhear. Chuaidh
sé fhéin anuas ansin agus tharraing air a chlaidheamh. Bhuail sé an crann agus chaith sé a shoitheach naoi n-eitrin agus naoi n-iomaire amach ar an fhairrge. "Bhí sé 'un na gaoithe annsin ar an Mhacán Mhór. "Chuaidh sé de léim isteach ar an tsoitheach chuige agus fuair siad dhá ghreim go díbhirceach ar a chéile. Fuair Cod a chur faoi ar bord. Chuir sé a ghlún ina mhullach. "Nocht an spéir dubh os a chionn . . . Luigh sí anuas air. Bhí fathach mór ann. Thóg sé an Macán Mór i n-airde ins an spéir leis uadh. "Annsin chuaidh sé fhéin agus a bheirt dhearbhráithreacha ar a soitheach fhéin ar ais. "'Anois,' arsa Cod, 'dá nglacmuis comhairle ar n-athara bhéadh an cabhlach linn agus ní dheanfadh an Macán Mór dochar dhúinn, agus nuair nár ghlacamar a chomhairle caithfeamuid ghabháil ar ais agus a chomhairle a ghlacadh. "D'imthigh siad leobhtha ag tarraingt 'un na hIoruaidhe ar ais; agus chonnaic siad caisleán óir deanta i lár na fairrge rompa agus é 'na shuidhe ar thrí colamhnaibh airgid. "'Amharc romhat go bhfeicfimid an bhfuil doimhneacht romhainn isteach go dtí an caisleán.' "Chuaidh isteach go dtí é agus shín an soitheach le taoibh an chaisleáin. "Chuaidh siad amach annsin agus isteach sa chaisleán, agus bhí tábla annsin 'na luighe sa chaisleán - tábla bídh agus dighe. "Shuidh siad annsin agus rinne a gcuid an triúr. "Bhí leabaidh cóirighthe i dtaoibh an toighe. "'Éirighe,' adeir Cod le n-a dhearbhráithreachaibh, 'éirigh agus gabhaidh a luighe.' 'Cha dtéighmidh," arsa na dearbh- ráithreacha, 'is nach bhfuil a fhios agat nach ar thóin na
fairrge bhéamuis ar maidin.' 'Maise,' arsa seisean, 'dá mbíodh a fhios agam-sa go mbéinn a fhad eile faoi thóin na fairrge is tá tóin na fairrge uainn rachaidh mé fhéin a luighe, ná tá mé tuirseach i ndiaidh na troda.' "Chuaidh sé a luighe; agus san am a rabh sé 'na luighe sgiordas an cat beag ribeach ruadh aníos as an phárlúr. Níor smaointigh sé ariamh ar an chat agus chodluigh leis go maidin. Agus ar éirghe ar maidin dó, theann ortha agus chuaidh ar an tsoitheach ar ais agus níor stad go raibh ag a n-athair san Ioruaidh ar ais. D'innis siad don athair goidé d'éirigh dóbhtha. "'Ar maidin i mbárach,' ar seisean, 'cuirfimid an cabhlach amach uilig.' "Ghléas ortha lá ar n-a bhárach agus chuir amach trí fichid soitheach agus chuaidh siad amach ar an chúrsa chéadna a dteachaidh siad an lá roimhe sin go rabh siad amuigh fa'n tuairim chéadna a raibh siad ar an lá roimhe sin. Chonnaic siad cabhlach soitheach ag tarraingt ortha as an áird anoir. "Sgairt Cod le n-a chuid fear ghabháil 'un na gaoithe uilig, go rabh an Macán Mór ag tarraingt indiu ar ais ortha. Bhí siad réidh fa choinne cogaidh. "Arsa Cod: 'Seo an fear mór ag tarraingt orainn. Má's inar n-aghaidh tá sé ag teacht, is mór is measa dúinne é, agus má's inar leith atá sé ag teacht, is mór is fearr dúinn é.' "Sgairteas an Macán Mór leis: 'Ní fhaca mé aon fhear ariamh a bhfuil oiread dúile i gcogadh aige leat. Fa choinne cuidiú leat a thainic mise indiu agus ní fa choinne cogaidh, mar chuala mé go rabh tú i ngéibheann.' 'Má's eadh tá fáilte agat,' arsa Cod leis. 'Seo thall oileán agus tá saidhbhreas an domhain uilig ar an
oileán. Cuir thusa anois dhá fhichead soitheach aca sin agus cuirfidh mise isteach ceithre fichid soitheach agus bheirfidh siad leobhtha an saidhbhreas uilig amach chugainn.' "Chuaidh na sé fichid soitheach isteach; agus comh tiugh agus fuair an Macán Mór istoigh an dá fhichead soitheach bhí beirt os cionne an duine aca agus mharbh siad uilig iad. "'Anois,' arsa Cod, 'ní rabh mise i n-áit ariamh nach bhfuighinn sgéala goidé bhí mo chuid fear a dheanamh go dtí indiu. Níl mé ag fagháil feasa ar bith indiu,' adeir sé. "'Tá sé doiligh,' arsa'n Macá Mór, 'an saidhbhreas a chruinniú; agus cuir isteach na fiche soitheach sin agat agus cuirfidh mise isteach dhá fhichead. Tá sé doiligh an saidhbhreas a chruinniú.' "Chuir siad isteach ar ais iad; agus nuair fuair páirtidh an Mhacáin Mhóir istoigh iad, níor fhág siad a'nduine beo aca gan marbhadh. "D'imthigh Cod fhéin annsin ag tarraingt ar an oileán; agus bhí an Macán Mór istoigh roimhe. Bhí iomlán fear an Mhacáin Mhóir eadar é agus an talamh agus é fhéin thiar ar chúl na bhfear uilig. "Fuair Cod iomlán a chuid fear uile-go-léir marbh agus gan a'nduine beo aige acht é féin agus a bheirt dhearbh- ráithreacha. "'Goidé mar gcomhairle anois?' adeir sé leis na dearbhráithreachaibh. 'Tá,' ar siad-san, 'a fhad is rachamuid cead againn ghabháil.' 'Cé aca is fearr libh ghabháil leis an Mhacán Mhór 'ná ghabháil leis an tsluagh uilig?' arsa Cod. 'Is agat fhéin atá a fhios goidé an bhrigh atá i mbuille an Mhacáin Mhóir, agus gabh thusa leis an Mhacán Mhór agus rachamuid-ne leis an tsluagh uilig.' 'Gabhaidh annseo fear agaibh ar gach aon ghualainn de mo chuid,' arsa Cod.
"D'imthigh siad mar bhéadh trí speala ag baint ann fríd na fir. Ghearr siad rompa go dteachaidh siad a fhad leis an Mhacán Mhór a bhí amuigh ar an taoibh eile. "Thoisigh Cod annsin agus an Macán Mór ar a chéile; agus thoisigh an bheirt eile ar iomlán na bhfear ar an taoibh eile. "Bhí sé fhéin agus an Macán Mór ag gabháil dá chéile go dtí go bhfuair sé a chur 'un talaimh agus a ghlún a chur ar a mhullach. "Annsin nocht an spéir os a chionn dubh, agus thainic an fathach mór anuas agus thóg sé i n-áirde an Macán Mór. "Ar a éirghe i n-áirde ó thalamh dó, thuit ubhal dearg amach as a phóca. Fuair Cod greim ar an ubhal agus chaith sé suas air é agus thuit sé marbh ar an talamh. "Bhí an Macán Mór ina luighe marbh annsin aige. D'amharc sé thart fa dtaobh de go bhfeicfeadh sé goidé bhí a bheirt dhearbhráithreacha a dheanamh, agus ní fhuair aon duine beo ina sheasamh ar an talamh nach rabh marbh uilig. "Rinne sé both; agus bhí sé tuirseach marbh nuair a bhí sé deanta aige. Tharraing sé na cuirp isteach i mullach a chéile agus luigh sé fhéin istoigh ina lár. Chonnaic sé an fheannóg charrach ag tarraingt air. "'Goidé thug thusa annseo?' 'Tá,' ar sise, 'seo brat atá liom chugat, agus tochail uaigh agus cuir do bheirt dhearbhráithreacha san uaigh. Annsin spréidh an brat os a gcionn; agus dá mbéadh siad annsin go cionn chúig mbliadhan béidh siad chomh húr is tá siad indiu.' "Rinne sé sin leobhtha - chuir iad agus chuir an brat ortha. "Chuaidh sé isteach insan bhoith ar ais. Nuair a bhí sé istoigh ar ais ina luighe, chonnaic sé an cruitíneach ag teacht chuige.
"'Do dhona is do dhothairne ort, a chuitínigh bhig mhíofuir, goidé thug thusa annseo?' 'Tá,' ar seisean, 'mise cruitíneach d'athara, agus chuir sé annseo mé go bhfeicfinn goidé a bhí ag éirghe daoibh.' 'Maise,' ar seisean, 'thig leat a innse do m' athair go bhfuil mo bheirt dhearbhráithreacha marbh annseo agus nach bhfuil agam acht mé fhéin.' 'Cha dtig liom-sa ghabháil 'un a' bhaile,' arsa'n cruitíneach, 'agus sgéal bacach in mo bhéal liom go dtí go bhfeice mé fhéin marbh iad.' "Chuaidh sé amach agus d'fhosgail sé an uaigh ar ais don chruitíneach agus thóg sé an brat díobhtha. "Nuair a chonnaic an cruitíneach marbh an bheirt, thuit sé fhéin síos marbh 'na mullach. "'A chruitínigh bhig nádúrdha, cuirfidh mise do chuid den bhrat ort comh maith le duine.' "Chuir; agus dhruid suas an uaigh aríst. Chuaidh isteach annsin agus shuidh insan áit chéadna istoigh san bhoith. "Nuair a bhí sé istoigh, chonnaic sé an chailleach ag tarraingt air. Bhí dhá chlár-fhiacail a bhí aice ag deanamh croisíní dí agus an ghruag a bhí ar a cionn ag forsú an talaimh 'na diaidh. "'Do dhona agus do dhothairne ort a shean-chailleach mhíofur ba ghráice is ba mheirgighe chonnaic mé ariamh, goidé an trioblóid nó an buaidhreadh atá tú ag brath ar thabhairt damh-sa agus mé dona go leor?" 'Troid nó airgead.' 'Do dhona agus do dhothairne ort, a chailleach, má théighim a throid leat, deirfidh tú gur cruas póca atá orm; agus má bheirim airgead duit, deirfidh tú gur eagla atá orm romhat; agus do dhona agus do dhothairne ort, tóg fhéin do rogha, a chailleach. 'Níl ceachtar aca de dhíoghbháil orm, acht chuala mé go rabh tú san anás annseo, agus thainic mise le fuasgladh agus dídean na hoidhche anocht a thabhairt duit.
"Thug sí léithe é isteach i n-uamhaigh dhorcha; agus nocht an caisleán istoigh insan cheann eile de'n uamhaigh ba bhreaghtha thiocfadh leis a fheiceáil. "'A chailleach, goidé bheir istoigh annseo thú?' 'Tá,' adeir sise, "le heagla roimhe an Mhacán Mhór.' 'Maise,' adeir sé, 'tá an Macán Mór marbh. Mharbh mise é, agus má théid tú liom taisbeánfaidh mé duit an áit a bhfuil sé marbh.' 'Maise, dá rachamuis go dtí an áit a bhfuil sé, ní leigfeadh an fuath damh amharc air marbh.' 'Fuair sé a shuipeár annsin. "'Anois,' arsa'n chailleach, 'cé aca a b'fhearr leat cuideachta nó bheith mar atá tú go maidin?' 'Is fearr liom cuideachta,' arsa Cod. "Thug an chailleach léithe slabhradh agus bhuail sí i gclúdaigh na mónadh é. Rinne sí dhá cailligh dhéag ba ghráice is ba mheirgighe chonnaic sé ariamh. 'Tóg uaim iad sin go tapaidh ná bainfidh mé an ceann díobhtha,' arsa Cod. 'Ná bain an ceann díobhtha agus bheirfidh mise tuilleadh cuideachta duit.' "Bhuail sí an slabhradh i gclúdaigh na mónadh aríst; agus rinne sé dhá chailín déag de chailínibh dóigheamhla ba deise a chonnaic Cod ó d'fhág sé an baile. "'Coinnigh iad sin a fhad is mian leat agus bheirfidh mé do rogha aca duit,' arsa an chailleach. Rinne sé a rogha; agus goidé tharla air acht nighean Ríogh na Gile. "Chuaidh sé a luighe; agus nuair d'éirigh sé ar maidin, chuaidh sé a fhad leis an chailligh aríst: 'Nár chóir, a chailleach, tusa a bhfuil oiread agat is tá, go mbéadh íoc-shláinte agus a gheanfadh daoine a bhéadh marbh beo.' 'Maise, bhí sin agam,' adeir sí, 'acht goideadh uaim í.' 'Cé ghoid í?' arsa Cod. 'Ghoid Rí na Coilleadh uaim í.' 'Cá bhfuil Rí na Coilleadh 'na chomhnuidhe?' ar
seisean. 'Gabh go béal na huamhacha agus lean do lorg a chapaill agus bheirfidh sé go dtí an dorus chuige thú.' "D'imthigh leis ar lorg an chapaill; agus thainic sé go dtí an dorus agus d'amharc isteach ar pholl na heochrach agus chonnaic sé 'na shuidhe a chois na teineadh é. "Dar leis fhéin: 'Má iarraim fosgladh, béidh tú 'do sheasamh agus níl a fhios agam goidé an t-arm a bhéas leat'; agus chuir sé a ghualainn leis an doras agus chaith sé an chomhla an taobh eile den teach. "D'éirigh an fear a bhí istoigh ina sheasamh agus fuair an bheirt dhá ghreim ar a chéile. Chuir Cod 'un talaimh é agus chuir sé a ghlún ina mhullach. "'Árú"! arsa'n fear a bhí ina luighe, "is tú an fear ba tíoránta chonnaic mé ariamh. Char fhiafruigh tú dhíom goidé a bhí a dhíoghbháil ort acht ghabháil a throid ar an chéad iarraidh liom.' 'Tá mé ag iarraidh na híoc- shláinte ghoid tú ón chailligh,' arsa Cod. 'Níl sin agam nuair a goideadh uaim fhéin í,' arsa seisean. 'Ce ghoid í?' 'Rí an tSléibhe,' arsa'n fear eile. 'Cá bhfuil an áit a bhfuil Rí an tSléibhe 'na chomhnuidhe?' arsa Cod. 'Tá,' ar seisean, 'sin amuigh lorg a chapaill ag an dorus, agus má leanann tú lorg an chapaill, bheirfidh sí go dtí an dorus chuige thú.' "D'imthigh sé leis ag tarraingt air; agus thainic sé go dtí an dorus chuige. Bhí sé 'na shuidhe ag a shuipeár ag ithe an chuid a b'fhearr den fheoil agus ag caitheamh an chuid a ba mheasa thar a ghualainn. Bhí cailín óg 'na suidhe ar an taoibh eile den teinidh. Bhí lorgaid insan teinidh aige-sean agus seacht n-ubhal nimhe uirthi. "Chuir Cod a ghualainn leis an doras agus chaith sé an chomhla trasna an taobh eile.
"D'éirigh an fear a bhí istoigh 'na sheasamh agus bhí an lorgaid as an teinidh leis. Thoisigh Cod air agus chaith sé ubhal den lorgaid le n-a chlaidheamh agus níor stad sé gur chaith sé hubhla dí. Bhí sé ina sheasamh leis an bhac aige agus chuir fé a chlaidheamh roimhe trasna fríd a chorp. Thuit sé anuas sa mhullach air; agus an t-ubhal a bhí ar bharr na lorgaide bhuail sé isteach i meall na coise é agus thuit sé marbh i lár an toighe. "Dar leis an chailín óg bhí 'na suidhe ar an taoibh eile den teach: 'is mór an truaighe do bhás;' agus d'éirigh sí agus thug léithe an tubán a rabh an íoc-shláinte ann agus thom sí bratóg a bhí aici thart i bhfeireadh an tubáin agus chumail sí thart i meall choise Choid é. D'éirigh sé slán folláin aríst ina sheasamh. Shuidh sé síos agus d'fhiafruigh sé dí goidé thug ise annsin. "'Tá,' arsa sise, 'pósadh mise agus m'fhear ar a chéile a'n bhliadhain amháin; agus oidhche na bainse thainic an fear seo isteach, agus an fear a rabh an greim ina bhéal aige níor leig an eagla dó a shlugadh agus an fear a rabh an greim ina dhórn níor leig an eagla dó a chur ina bhéal; agus thóg sé seo mise amach ó ghualainn m'fhir fhéin agus thug sé leis annseo mé. Annsin chuir mise geasa air gan sgéal mná bheith aige orm go cionn lá-agus- bliadhain; agus tá an bhliadhain chóir istoigh anois, agus is maith liom marbh é. "'Anois,' arsa Cod, 'goidé d'éirigh den íoc-shláinte bhí aige?' 'Ó, aréir a bhí an cath mór annseo fa dtaobh dí,' arsa sise. 'Tugadh uadh uilig í acht an mhéid a bhí i bhfeireadh an tubáin a léigheas thusa.' 'An bhfuil a fhios agat cé thug leis í?' 'Níl a fhios agam acht gur ubhairt sé gurab é Rí na Foraoise a bhí ag tarraingt air.' 'Agus chan fhuil a fhios agat cá bhfuil
Rí na Foraoise?' 'Níl a fhios agam,' arsa sise. 'Rachaidh mé ar a lorg ar sgor ar bith; agus fan thusa annsin go bpille mise ar ais.' "Shiubhail sé leis; agus bhí páirc mhór mhiodúin taobh thiar den teach. Fuair sé seisear fear ina luighe ann agus iad ag saothrú an bháis. Bhí péire buatais ar fhear aca; agus bhí a chuid buatais fhéin chóir caithte ag Cod ó d'fhág sé an baile. Dar leis fhéin: 'D'fhóirfeadh siad seo damh.' "Chuir sé a lámh síos agus fuair sé greim ar bhuatais 'gha baint de. Tharraing sé sin a chos agus thug sé cic dó agus chaith sé ar chúl a chinn amach uadh é. "Dá mbítheá agam-sa fa'n am seo indé ní bhéitheá ábalta ar an bhuatais a bheith leat uaim. Níl sé sa domhan indiu fa'n am seo indé aon fhear a bhainfeadh an bhuatais de mo chois acht aon fhear amháin.' 'Cé an fear é sin?' arsa Cod. 'Tá, Cod mac Ríogh na hIoruaidhe.' 'Maise,' arsa Cod, 'sin an fear atá agat.' Má's tusa Cod mac Ríogh na hIoruaidhe is tú árd-ghaisgidheach an domhain; agus goidé a bhfuil tú 'na dhiaidh?" 'Tá, an íoc-shláinte atá ag Rígh na Foraoise.' 'Maise, tá dúil agam nac bhfágann tú mise in mo shuan annseo má fhaghann tú an íoc-shláinte. Tabhair leat na buataisí.' "'C'ainm thusa?' arsa Cod leis. 'Mise Cliabhán Ghúingheal mac Ríogh na Gile.' 'Anois,' adeir sé, 'níl agat acht seasamh os cionn na mbuatais agus ní heagal duit nach siubhailfidh siad fhéin.' "Chuir sé air na buataisí agus d'imthigh leis. Bheireadh sé cnoc de léim agus malaigh de thúslóig go dtí go dtainnic sé an bharr cnuic agus é tuirseach. Shuidh sé síos a dheanamh a sgíthiste. Bhí log thíos
faoi an chnoc; agus chonnaic sé an colmán geal ag éirghe aníos as lár locha a bhí ann agus ag imtheacht leis i n-áirde ins an spéir; agus ní fada go bhfaca sé ceann eile ar an tsiubhal chéadna. Dar leis fhéin: 'Caithfidh rud éighinteacht bheith ar thóin an locha.' "D'éirigh sé de léim ina sheasamh agus chuaidh de léim síos san áit a bhfaca sé an colmán ag teacht aníos; agus fuair sé caisleán thíos ar thóin an locha bhí deanta d'umha agus bean óg ina seasamh ag an teinidh agus sgian ina láimh agus maide adhmaid agus í ag gearradh slisneacha de. "D'fhiafruigh sé dí goidé thug annsin í; agus dubhairt 'si leis go rabh sí ag suirghe le beirt chlann ríghte. 'Agus,' ar sise, 'pósadh ar fhear aca mé; agus athair an bhuachalla eile d'imthigh agus chuir sé faoi gheasaibh é agus rinne sé colmán de agus d'fhág sé 'na shuidhe ar bharr gheabhta m'athara é. Agus,' ar sise, 'ní rabh mise a fhágháil oidhche ná lá acht 'mo shuidhe ag bun an gheabhta ag coimheád air. Annsin d'imthigh m'athair agus rinne se an caisleán seo damh agus d'fhág sé annseo mé ag gearradh slisneacha agus ag deanamh colmán díobhtha.' "C'ainm atá ar d'athair?" "Rí na Foraoise," ar sise. 'Anois,' adeir sé, 'bheirfidh mise m'fhocal ríoghamhail duit, má chuidigheann tú liomsa an íoc-shláinte atá ag d'athair a fhagháil, go gcuideochaidh mise leat na geasracha atá ar d'fhear a sgaoileadh.' 'Siubhail leat,' ar sise. "D'imthig an bheirt le chéile agus níor stad siad go rabh siad ag teach a hathara, Rí na Foraoise. "'Gabh isteach anois agus iarr buaidh na Foraoise. "Shin an Rí tuagh dó as a láimh.
"'Gabh amach anois,' adeir sé, 'agus bain slis den chrann sin amuigh.' "Chuaidh sé amach; agus an chéad shlis a bhain sé anuas thuit sé ar an talamh agus d'fhás crann i n-áirde aisti bhí comh ramhar leis an crann bhí sé a bhuaileadh. Bhuail sé slis eile anuas agus d'fhás crann eile an dóigh chéadna go rabhthar 'gha cheangal istoigh fa dtaobh den chrann. "Thainic sise isteach annsin a fhad leis agus sháith sí a naprún faoi an tslis agus thug sí dó i gcúl a dhuirn í. 'Gabh isteach anois,' ar sí, 'agus tá buaidh na foraoise leat.' "Chuaidh sé isteach agus shín sé dó as a láimh í. "'Tchím,' adeir sé, 'tá buaidh na foraoise anois agat. Goidé tá a dhíoghbháil anois ort?' 'Tá, an íoc-shláinte a ghoid tú ó Rígh na Coilleadh.' 'Maise, níl sin agam anois. Aréir ghoid cat na Saor-insí uaim í.' "Chuaidh sé amach agus d'innis sé don mhnaoi a bhí amuigh goidé hubhradh leis. "'Anois,' ar sise, 'tá cat na Saor-insí thall ag an chailligh san áit a d'fhág tú agus tá do bheirt dhearbh- ráithreacha deanta beo aici agus an cruitíneach; agus imthigh thusa anois comh tiugh is tigh leat agus gabh anonn a fhad leobhtha.' "D'imthigh sé leis agus níor stad go rabh sé ag an chailligh; agus bhí a bheirt dhearbhráithreacha 'na suidhe a chois na teineadh agus ise ar an mhnaoi ba dóigheamhla bhí sa domhan san am sin 'na suidhe fosta ann. "D'fhág sé annsin ise. Bhí iomlán na híoc-shláinte aici; agus d'fhan sé ann go maidin. "Ar maidin lá ar n-a bhárach bhog leis an casán céadna agus an íoc-shláinte leis go dtainic sé go
dti Cliabhán Glúingheal mhac Ríog na Gile bhí ina luighe marbh. Chumail sé an íoc-shláinte dó, agus d'éirigh sé 'na sheasamh slán folláin. "'Anois,' adeir sé le Cod, 'goide tá ag cur bhuadhartha ort?' "D'innis Cod dó go gcaithfeadh sé ghabháil agus na geasa a gheall sé a sgaoileadh. "'Béidh mise leat.' "'Shiubhail an bheirt leobhtha agus níor stad siad go rabh siad ag teach an ríogh a chuir geasa ar fhear nighean Ríogh na Foraoise. Chuaidh an bheirt isteach go cródha fríd arn a bhí fa'n teach aige agus char leig an eagla d'aonduine lámh a thógáil ina n-éadan. Chuaidh siad ar an dara lámh isteach go rabh siad istoigh ag an rígh ina phárlur, agus bhris siad rompa. Chuir siad an claidheamh ar a mhuineál agus d'iarr siad air na geasa sin a chuir sé a sgaoileadh. "Dubhairt sé leo gur sin rud a bhí doiligh a dheanamh: go rabh tobar sa domhán thoir agus cailleach 'na seasamh i lár an tobair agus go rabh trí ghráinín eorna ar thóin an tobair; agus go dtaomfaidhe iomlán an uisge aníos fríd an chailligh agus go dtriomóchaidhe an tobar; annsin go dtógfaidhe na trí ghráinín eorna bhí ar thóin an tobair agus go dtabhairfidhe le hithe don cholmán iad; agus annsin bhí na geasa sgaoilte. "'Anois,' arsa Cliabhán Glúin, gheal mhac Ríogh na Gile, 'tabhair damh-sa na buataisí agus ní bhéidh sé i bhfad go rabh mise ar ais.' "D'imthigh sé leis agus bhain sé an ceann den chailligh agus thaom an t-uisge aníos fríthe agus fuair na trí ghráinín eorna ar thóin an tobair agus thainic leis go géar gasta go rabh sé ag teach Ríogh na Foraoise. Thug
sé do Chod iad ar a bhois; agus chuaidh Cod go dtí an geabhta agus shín ar a bhois don cholmán iad; agus comh tiugh agus d'ith an colmán iad bhí na geasa sgaoilte. "Bhí sé annsin mar bhí sé an chéad lá ariamh. Bhí sise 'na suidhe ag bun an gheabhta agus d'éirigh an fear anuas chuici. "Bhí grádh mór aici ar a fear agus bhí oiread eile aici ar Chod as an ghaisgeamhlacht a rinne sé. "D'imthigh Cod leis annsin - é fhéin agus mac Ríogh na Gile - agus níor stad siad go rabh siad sa teach seo ar fhág siad an bhean óg 'na ndiaidh ann ag Rígh an tSléibhe. "'Cé aca is fearr leat ghabháil anois go dtí an ríoghacht a d'fhág tú nó fuireacht agam-sa?' 'Cha dtéighim a choidhche go dtí an ríoghacht sin a d'fhág mé.' 'Bí ag teacht,' ar seisean. "D'imthigh siad leobhtha agus níor stad go rabh siad ag an chailligh ar an oileán. Thug leis a bheirt dhearbhráith- reacha agus cat na Saor-insí agus cliabhán Glúin- gheal mhac Ríogh na Gile agus chuaidh siad go dtí an soitheach. Níor stad go rabh siad san Ioruaidh ar ais. "Pósadh é fhéin agus cat na Saor-insí ar a chéile. Phós sé Cliabhán Glúingheal mhac Ríogh na Gile agus an cailín seo thug sé leis as an teach. "Bhí banais aca a mhair lá agus bliadhain, agus bhí an lá deireannach comh maith leis an chéad lá."
CHÚCHULAINN. "Bhí sin ann agus má's fada ó bhí, dá mbéinn-se ann an uair sin ní bhéinn ann anois, dá mbéinn bodhar ní chluinfinn é, dá mbéinn balbh ní chanfainn é, acht mar nach rabhas ariamh gan sgéal úr nó sean-sgéal, mura gcluininn aon sgéal chumfainn fhéin sgéal; agus nár mhaith an chuid den sgéal sin! "Teacht dheirg an dá néal maidin shamhraidh a bhí ann insan aimsir chian-aosta. Níor luaithe chonnaic Conall Cearnach ball bán ar an lá 'ná sgairt ar a cheithre fearaibh déaga bheith léim 'na suidhe i bhfaiteadh na súl. Chroith siad-san iad fhéin suas as an tsuan ina rabh siad agus siud iad ag deanamh réidh fa choinne lá sealga. Nuair a bhí siad gléasta le haghaidh a n-astair, agus greim bídh caithte aici, bhí an lá go díreach glan. Maidin dheas ghruamdha a bhí ann. Bhí sé comh ciúin is nach mbogfadh ribe ar do chionn. Amach leis an tsluagh. Rinne Conall fead ghlaice ar an chonairt agus shín leo. "Shiubhail leo - seal ag sodar agus seal ag géar- choisidheacht - go dtainic siad go maol-chnoc beag glas. Sheasuigh siad annseo ar feadh tamaill bhig agus bhreathnuigh siad ins na ceithre háirdibh fichead. Ní rabh beo ná ceo le feiceáil aca ar a n-amharc nó ar a n-éisteacht. Fa dheireadh tugaidh Conall ruball a shúile síos gleann a bhí ina luighe rompa agus 'tchí sé eadar é agus léas an eilit mhaol ar chosaibh i n-áirde,
agus an gadhar caol sleamhain cluas-leathan donn ag tafann go géar ar a lorg. "Le sin d'imthigh siad - fir, agus conairt - sa tóir. Is cuma céaca, le sgéal fada a dheanamh goirid agus ceann goirid a dheanamh maith, lean siad an eilit fríd choilltibh is ghleanntáin go dteachaidh grian i bhfairrge tráthnóna, agus d'imthigh sí ortha dá n-aindeoin. "Nuair a bhí an rása tugtha shuidh siad síos agus a fhonn ortha, mar bhí siad tuirseach ocrach i ndiaidh an lae. Bhí sé ró-mhall le smaointiú ar an bhaile a bhaint amach ar shiubhal na hoidhche; agus rinne siad amach eatortha fhéin ghabháil go dtí an chéad teach a chasfaidhe ortha agus fosgadh na hoidhche a iarraidh. "Seal gearr dóbhtha ag tarraingt a gcos ina ndiaidh go bhfaca siad solus i bhfad uatha. Shiubhail leo go dtainnic go dtí an teach a rabh an solus ann. Chuaidh Conall suas agus d'iarr fosgladh. Thainic fear an toighe go dtí an doras agus chuir amach a cheann. 'A fheara breaghtha,' ar seisean, 'nach an-tráthach atá sibh ar mar gcois, nó an misde damh a fhiafruighe goidé an seachrán a sheol 'un mo thoighe sibh?' 'Maise, leoga ní miste,' arsa Conall, ag toiseacht agus aga innse dó goidé an taisme bhain díobhtha. 'Agus,' adeir sé, 'má thig leat a dheanamh ar dhóigh ar bith, ná heitigh sinn fá dhídean an toighe go dtara solus an lae. 'Maise,' arsa fear an toighe fríd a fhiaclaibh, 'ní mór mo ghléas le fosgadh a thabhairt daoibh anocht. Is truagh gurab í an oidhche chorr chointíneach a thainic sibh trasna orm. Tá bean an toighe ag éileamh nach n-aithnigheann sí í fhéin go maith anocht, agus ar an ádhbhar sin ní fhóireann sé truisgneach ar bith a chur ar bun fa'n áit. 'Na dhiaidh sin, is i ndiaidh gach ní, is deacair ordú daoibh an tslighe
a bheith agaibh an uair atá ann; ach gheanfad mar seo an sgéal; tá sgioból thíos annsin agus neart cocháin ann. Thig libh teine a bhuaileadh suas; agus má's fearr libh sin 'ná ghabháil i gcionn an bhealaigh 'un a' bhaile, tá sé le fagháil agaibh agus fáilte.' 'A sheacht n-anam do chliseog, a chuirp an duine uasail!' arsa Conall. "Nach sinn atá seasta acht coirneál ar bith a fhagháil le n-ar gcionn a leagan air agus ar sgíthiste a dheanamh go maidin.' "Chuaidh Conall agus na fir eile a bhí leis isteach san sgioból, chroch a gcuid claidhmhtheach thart ar na ballaibh, bhuail suas teine i lár an urláir, chóirigh sráideoga cocháin thart ina dtimcheall, shín iad féin síos, agus thoisigh an sgéalaidheacht. "Chuaidh gach seort ar aghaidh mar d'iarrfadh a mbéal a bheith nó go dtí i dtráthaibh an mheadhon-oidhche. Go díreach, nuair a bhí a leath 'gha socrú fhéin thart 'un suain, níor fhan aon chlaidheamh amháin ar an bhalla nár léim amach as a truaill go dtearn siad carnán i lár an toighe. "Croith 'ach a'n fhear é fhéin suas. Thochais cuid a súile ag sílstin gur ag brionglóidigh a bhí siad. Acht d'iarr Conall i mbomaite duine imtheacht agus tuairisg a thabhairt ionns'ortha goidé mar bhí bean an toighe. Amach leis an teachtaire, agus níorbh' fhada go dtainnic isteach ar ais le sgeala go rabh biseach ar an mhnaoi, go rugadh mac dí taobh istoig de cheathramha na huaire. "Ar a chluinstin seo do Chonall Chearnach, amach leis agus bhreathnuigh réalt a bhí, ó am go ham, ag cur a cinn amach fríd an cheo. Nuair a thainic sé isteach, fiafruigheadh de cé rabh sé. 'Tá,' ar seisean, 'bhíos amuigh ag breathnú uaim ins na spéarthaibh. Chonnaic
mé réalt eadar dall is dorchadas, agus má chonnaic fhéin is gruamdha a dreach.' 'Goidé a thuig tú aisti?' arsa'n chuid eile. 'Is ró-mhór m'eagla go ndóirtfear fuil go fras ar féar le linn an ógánaigh a thainic 'un tsaoghail anocht. Fásfaidh sé aníos ina laoch neartmhar thréan; agus nuair nach mbíonn ann acht mulachán gasúra béidh mórán de ghaisgidheachaibh Éireann ar fearr leo ghabháil le n-a thaoibh 'ná ghabháil ina dheabhaidh. Cinnte ní bhéidh sé saoghalach, acht rachaidh a gháir níos fuide 'ná rachas a chos. Is iomdha briseadh fuilteach a mbéidh lámh aige ann; agus níl feidhm a rádh an té a mbéidh sé ina leith gur fearrde dó é, agus an té a mbéidh sé ina aghaidh gur misde dó é.' "Nuair a chríochnuigh an chaint seo, chuir na fir a gcomhairleacha i gcionn a chéile agus rinne amach nach mbéadh dóigh ar bith leis an mhac óg seo bheith ina leith 'ná é a thabhairt leo agus a thógáil. Annsin dar leo fhéin: 'Béidh sé inar dtaoibh nuair a thiocfas ann dó sleagh agus claidheamh a láimhdeachas.' "Ní rabh de sin acht sin an oidhche sin go dtainic an mhaidin. Ar maidin chuaidh Conall a fhad le lánamhain an toighe agus d'iarr an leanbh ortha. 'Bhéarfad-sa,' ar seisean, 'tógáil mo chloinne fhéin dó; agus is maith liom agam é mar tá mé cinnte gur ádhbhar maith fir atá ann.' Bhí Conall Cearnach i n-árd-chéimidheacht san tír an tráth seo agus mórán sílte dó ag uasal agus ag íseal. Mar sin de fuair sé an leanbh, thug sé leis é 'un a' bhaile, agus d'fhág ar oileamhain é ag banaltra. "Ní rabh an leanbh i bhfad - dálta 'ach a'n leinbh - os cionn bliadhna nó mar sin - go dteachaidh sé a choisi- dheacht. Bhí Conall an-chúramach fa dtaobh de. Nuair
a bhíodh sé ag siubhal amuigh sa lá, bhíodh an leanbh leis ar a ghualainm nó ar ghreim láimhe. Ní rabh athair ariamh comh ceanamhail ar a mhac is bhí Conall Cearnach ar a dhálta. Ba é an t-ainm tugadh air ag na daoinibh 'leanbán Chonaill'; agus níor leas-ainm é, ná is annamh áit a mbéadh Conall nach mbéadh an tachrán ina chosamar. "D'éirigh an 'leanbán' aníos ins bhuachaill nó go rabh sé seacht mbliadhna d'aois; agus cheana féin ní rabh moill aithne go ndeanfadh sé fear maith nuair a thiocfadh tuilleadh dá bhliadhantaibh. "San am sin bhí nighean de Chulann gabha dá pósadh; agus fuair maithe agus mór-uaisle na Craobhruaidhe go huile cuireadh 'un ba bainse. Acht goidé rinneadh acht dearmad a dheanamh de 'leanbán Chonaill' nuair a bhí na curthacha dá dtabhairt. Níor samhluigheadh go mbéadh spéis nó suim ag an ghasúr óg seo bheith imeasg sean-laoch, nó go mbéadh toil ar bith aige go fóill dá gcuid comhráidh. "'A athair,' arsa'n gasúr - ná ní thugadh sé áthrach d'ainm ar Chonall an t-am seo - 'rachad-sa leat anocht 'un na bainse.' 'A thaisgidh,' arsa Conall, 'cá mbéitheá ag gabháil? Bhéitheá tuirseach ag éisteacht leo sul a mbéadh leath na hoidhche caithte.' 'Ní bhéinn,' arsa'n gasúr. 'Badh mhaith liom na laochraidh a chluinstin ag aithris a gcuid tréathra gan trácht ar Chulann a fheiceáil i gcionn uird ar inneoin.' 'A leinbh mo chroidhe,' arsa Conall, nuair a chonnaic sé nach rabh dul taobh anonn de aige, 'a leinbh mo chroidhe, ní fhuair tú cuireadh annseo agus ní thig leat ghabháil. Deirfidhe nach rabh ionnat acht stucaire dá smaointeochá ghabháil 'un cuirme gan cuireadh. Fan mar atá tú anocht
agus béidh tú lán comh fada ar aghaidh, ná deirtear gur deireadh gach cuirme a cáineadh.' "Ní rabh focal le rádh ag an ghasúr; agus b'éigean dó fanacht mar bhí tamall beag eile. "Le coim na hoidhche d'imthigh Conall agus na huaisle eile, ghléas a gcóiste, agus ní thearn stad mara ná mór-chomhnuidhe nó go dtainic go toigh an ghabha. Chuir an gabha fáilte charthannach rompa, agus leag isteach fútha bord bídh agus dighe. 'Sul a mblaisfimid biadh nó deoch,' ar seisean, 'an bhfuil sibh uilig istoigh?' Dubhairt Conall Cearnach go rabh, go dtainic iomlán isteach i gcuideachta a chéile. 'Ó tharla istoigh sibh,' arsa'n gabha. 'bhéarfad a ceann don choin, agus a'n uair amháin a gheobhas sise í fhéin sgaoilte taobh amuigh den dún is truagh liom-sa an té a thiocfas ina casán go maidin.' "Le sin sgaoileadh an cú agus amach léithe. Shuidh an bhuidhean thart. D'ith agus d'ól siad agus bhí ar a sáimhín suilt ag ceol, ag damhsa, agus ag gach seort eile spóirt agus grinn dá rabh i bhfeidhm san am. "Tá tamall ó shoin d'fhágamar 'leanbán Chonaill' leis fhéin agus é mí-shásta trom-chroidhtheach, oir ba é seo an chéad uair a chuaidh Conall 'un cuirme gan é. Acht dar leis fhéin nach mbéadh sé fágtha an oidhche seo acht oiread. Ní thearn sé acht smaointiú gur chóir dó lorg an chóiste a leanstan go toigh Chulainn gur éirigh sé 'na sheasamh, gur bheir greim ar a chamán agus ar a chnaig, agus gur imthigh 'sna feathaibh fásaigh ag tarraingt 'un na bainse. "Níorbh' fhada a bhí sé fa shiubhal ghéar go bhfuair sé é fhéin comhgarach do dhún Chulainn. Le sin 'tchí an
cú é, agus tugaidh sí léim ag fealltach air. Acht níor chríonna an cat 'ná 'n coimheádaidhe: bhuail an gasúr an chnag le buille dá chamán, chuir isteach i mbéal na con í agus amach thíos fríd a sgornaigh. Chuir an cú trí ghlaim aisti fhéin agus thuit sí marbh i n-áit na mbonn. "Mhoithigh an mhuintear a bhí istoigh an tamhach táisg amuigh agus dar leo fhéin go rabh racán éighinteacht ar cois. Amach leo go bhfeiceadh siad goidé an seort maicín a bhí ar siubhal, agus goidé an chéad rud atchí siad acht 'leanbán Chonaill' aníos chuca go neamh- bhuadhartha i gcosamhlacht, agus an cú ina luighe i ndiaidh an smeach deireannach a tharraingt. "Thainic lúthgháir ar Chonnall, acht thainic a mhilleadh sin ar Chulann. "Óchón!" ar seisean leis an ghasúr, 'is tú an t-aon a rinne mo chabhóg agus d'fhág mé 'mo thruaill bhocht sgaithte gan mo mhadadh a sheilgfeadh uaim mo námhaid.' 'Char mhór liom damh é,' arsa'n gasúr, 'acht mo cheann fhéin a leigean i nguais ar mhaithe le do choileán beag suarach madaidh.' ''Ar ndóigh,' arsa Culann, 'dá mbéadh a fhios agam, nó dá mbéadh a fhios ag éinneach a d'innseochadh damh é, go rabh tú le theacht ní sgaoilfinn an cú go dtiocfá.' "'Maise," arsa Conall Cearnach, 'ní rabh a fhios ag aonduine go rabh sé ag teacht. Bhagair mise air fanacht sa bhaile cionnus nach bhfuair sé cuireadh; agus is ró-bheag a shaoil mé ná bhéadh oiread de chomhairle air is sin a dheanamh.' "'Mo bhrón go deo deo! agus mo mhíle brón! agus mo chreach agus mo chrádh nár leig tú leat é!' arsa Culann. 'Dá leigfeá, ní rabh mo chú marbh anocht.
Faraor géar! is mé atá san ionad nach baoghal damh sogh ó chaill mé mo mhadadh beag díleas.' "'An bhfuil dochar ceist a chur cé roimhe a bhfuil eagla ort?' arsa'n gasúr. 'Ó faraor! goidé an mhaith bheith ag caint air,' arsa Culann. 'Tá trí fathaigh 'na gcomhnuidhe ar an oileán bheag ghlas atá ar an loch ud thall. Is minic a thug siad iarraidh ár agus creach a dheanamh orm fhéin agus a mbaineann damh; agus leoga b'fhada mo cheann agus mo cholann sgartha ó chéile murab é an cú. Acht faraor! tá an bealach fa réir aca anois; agus nuair atá, is gearr uaim-sa rud nach dtearnas margadh air.' "Bhí an gasúr ag éisteachT leis an ghabha ag mairgnigh rith an ama. Ba ghearr gur crothnuigheadh ar shiubhal é. D'imthigh sé leis go bruach an locha, chuaidh de léim ar an tsnámh eadar corp is cleiteachaibh, agus níor stad nó gur shroich sé an t-oileán. D'fháisg sé a chuid éadaigh comh maith agus thiocfadh leis, agus siud suas é go dtí an bhothóg ina rabh an fathaigh 'na gcomhnuidhe. Ar a ghabháil isteach dó, bhí an triúr 'na luighe na gcodladh san teallach agus a gcuid sleaghach dá ndeargadh aca sa teinidh ag brath comhrac a chur ar lucht na bainse nuair a bhí glincín sa ghrágán aca. "Suas leis an ghasúr comh fáithlighe is dá mbéadh sé ag gabháil a ghabhadh éin ar neid. Beiridh sé ar phéire de na sleaghachaibh - ceann in gach láimh - dearg te amach as an teinidh agus cuiridh sé beirt de na fathaigh eadar bás is beatha. An uaillfeartach a thóg siad nuair a chuaidh na sleaghacha ionnta mhusgail sí an tríomhadh fathach. D'éirigh sé sin de léim 'na sheasamh, tharraing leis an tsleagh a bhí fágtha sa teinidh, agus thug iarraidh ar an ghasúr. An áit ba tuigh ba tana,
shéid an ghriosáil eadar an dís. D'éirigh an truisneach agus thoisigh an cnagadh agus an polladh; throid siad ó choirneál go coirneál an toighe agus an bheirt eile ag fagháil bháis sa luaith. Fa dheireadh chuir an gasúr sucadh dá shleigh i súil an fhir mhóir agus thug anuas 'na bhráighe go talamh é. B'fhurus an cath a chríochnú 'na dhiaidh sin. Bhain an gasúr na cinn díobhtha a dtriúr, rinne gallach díobhtha, chaith ar a ghualainn iad, chuaidh ar an tsnámh ar ais agus tharraing ar an cheardcha. "Rith an am seo bhí lucht na bainse faoi ghruaim. Is cuma cé rachadh a chaint bhí a bhuaidhreadh fhéin le hinnse ag fear an toighe, agus d'fhág sin iad faoi smúid. Bhí siad 'na suidhe thart, agus an mhór-chuid aca agus a gceann ina gcamus aca, nuair a sgiordas an gasúr isteach agus fágann sé na trí cloigne síos i lár an urláir. 'Sin,' ar seisean, ag tabhairt aghaidhe ar an ghabha, 'cúis d'eagla. Má mharbh mise de chú, béad fhéin 'mo choin agat ina hionad; agus goidé níos mó a thig liom a dheanamh, nuair nach bhfuil léigheas ar a dteachaidh thart.' "Thainic iongantas agus uathbhás ar a rabh istoigh nuair a chonnaic siad an sracadh a bhí sa ghasúr. Thug siad é isteach ar fud na cúirte agus dubhairt d'aon-ghuth nach mbéadh a ainm fhéin air ní b'fhuide nuair a bhí sé i n-innibh an gabha a chosnú mar gheanfadh an cú, - agus ní b'fhearr 'ná í - go dtabhairfidhe mar ainm air go lá a bháis Cú Chulainn. Sin mar fuair sé an t-ainm a tugadh air ní ba mhó go dteachaidh sé i gcré. "D'éirigh sé aníos ina Chúchulainn éifeachtach, agus fuair sé gach seort oideachais dá mb'fhéidir a thabhairt dó i nÉirinn. Nuair a bhí sé seacht mbliadhna déag, ní rabh laoch ar bith san tír narbh' fhearr leis an bealach
a fhágáil aige 'ná dul ina chomhrac. Ní rabh a mhacas- amhail eile le fagháil thoir nó thiar, thall nó i bhfos, bhí sé comh leigthe gasta géar-chúiseach sin. "Lá amháin chuala sé na seanchaidhthe ag trácht ar mhnaoi a bhí ina comhnuidhe insan Domhan Thoir. Scathaigh Mhór b'ainm den bhan-laoch seo, agus bhí eolas aici ar a lán beartaidheachta agus cleas nach rabh ciall díobhtha i nÉirinn. Chuala Cúchulainn go rabh dornán gaisgidheach faoi n-a stiúradh ag foghluim cleasaidheachta. Sa bhomaite rinne sé suas a intinn go rachadh sé fhéin agus go bhfoghluimeochadh sé oiread is nach mbéadh fear a chomhraic i nÉirinn nuair a thiocfadh sé ar ais. D'fhéach a cháirde leis an rún a chaitheamh as a chionn, ach ní rabh maith ann. Ní bhéadh sé le sgaoileadh ná le ceangal mura dtéigheadh sé; agus leigeadh cead a chinn dó. "Ar maidin an lá ar n-a bhárach ag sgaradh oidhche agus lae ó chéile bhí sé ar a bhonnaibh. Chóirigh sé é fhéin suas, a chlogad cruaidhe fa n-a cionn agus a sgiath órdha crochta le n-a thaoibh, a chlaidheamh géar na lainne glaise ina láimh dheis agus a phéire sleaghach sa láimh eile. Bhí sé comh gasta is go mbeirfeadh sé ar an ghaoith Mhárta a bhí roimhe agus nach mbeirfeadh an ghaoth Mhárta a bhí 'na dhiaidh air. Nuair a d'fhéach feara Uladh air gléasta mar a bhí sé, dubhairt siad gur mhairg nach rabh sé ag fanacht sa bhaile, ná nach rabh sé ar dhruim an domhain chláir fear a chomhraic i n-aon chás. 'D'fhág Cúchulainn slán agus beannacht ag a bhunadh agus shín leis ag tarraingt ar an Domhan Thoir. B'achrannach agus b'aimhréidhteach an bealach a bhí roimhe, ach fríd sin fhéin bhog sé leis. Chuala sé gurab iomdha fear neartmhar a cailleadh ar an bhealach chéadna - fir a
shaoil nach mbéadh moill ortha an t-iomaire a bhí rompa a threabhadh. Acht níor chuir seo lá beag-uchtaighe ar Chúchulainn. D'imthigh sé leis fríd ghleanntaibh agus chnocaibh fiadhana - seal go hiosgadaibh, seal go hasgallaibh, i bhfraoch agus i bhfásaigh nó go rabh an neoin bheag agus deireadh an lae ann, éanacha beaga na coilleadh craobhaighe ag gabháil fa fhosgadh is dhídean, an capall beag bán ag gabháil faoi eiteoig na copóige, agus an chopóg 'gha dhiúltú fa dhídean na hoidhche. "Ag siubhal anonn is anall a bhí Cúchulainn ag féacháil an rachadh aige ar choirneál fhóirstineach a fhagháil leis an oidhche a leigean thairis ann nuair atchí sé chuige an cailín a b'áilne dá bhfacas ariamh. Bhí ór-fholt snaighte go féar léithe, bhí a pluca mar rós insan tsamhradh, agus a croiceann ní ba ghile 'ná sneachta na haon-oidhche. Ba ghile 'ná réalt na maidne a dhá súil; agus amach as a guailneachaibh bhí ag fás péire géag téachta geal dathamhail narbh' éadtrom, nár ramhar, is nár chaol. D'amharc Cúchulainn uirthi, agus nuair a d'amharc, chonnaiceas dó nach bhfaca sé a leithéid ar amharc a dhá shúil ó rinne slat cóta dó. Ar theacht don dís fa fhad comhráidh le chéile, bheannuigh an cailín dó-san insan chanamhaint a bhí ann san am. 'Nach an-tráthach a shiubhaileas tú agus nach easgáirdeach an áit a gcóirigheann tú do leabaidh,' ar sise go ciúin múinte macánta. 'Maise, a mhaighdeán spéireamhail,' arsa Cúchulainn, 'gha freagairt, "is tú nár chan acht an fhírinne, acht níl an dara suidhe sa bhuailidh ann: is fearr suidhe ar an sgáth 'ná ar an bhlár fholamh. 'An bhfuil sé iomarcach agam ceist a chur ort goidé an chineamhaint a sheol an bealach seo thú fa'n am seo de lá?' arsa'n cailín. 'Níl lá dochair duit do rogha ceist a chur
orm,' arsa Cúchulainn. 'Tá mé ar lorg an oileáin a bhfuil Scathaigh Mhór ina comhnuidhe ann,' ar seisean, ag toiseacht agus ag aithris dí cá rabh a thriall. 'Níl tú ró-fhada ar bith uaithe,' ar sise. 'Siud thiar an t-oileán agus é seacht míle i bhfairrge. Acht dá nglacfá mo chomhairle-sa, d'fhanóchá fad do sgiatháin uaithe. Is iomdha laoch calma mór-uchtamhail a chuaidh an bealach sin agus nach dtainic ar ais le n-a sgéala fhéin ná le sgéala fir eile.' 'Is cuma cé chuaidh nó nach dteachaidh rachaidh an mac seo an iarraidh seo bíodh sé síos nó suas leis an turus. Ach goidé mar gheobhas mé isteach 'un an oileán?' 'Fan amach as,' arsa'n cailín, 'agus béidh tú buidheach díot fhéin. Tá mé aga innse duit go dtabhairfidh tú do mhallacht lá is fuide anonn 'ná indiu don chuairt chéadna. Is mór an truaighe nach bhfuil ciall agat agus comhairle ort, ná is breagh an fear thú. Agus cé nach bhfaca mise thú ariamh gur casadh orm thú annseo anocht, thug mé toil duit comh mór is go mbéinn buadhartha dá dtigeadh géibheann ar bith ort - bhéinn go dearbhtha - cé nach dtig liom a innse duit cad chuige. Agus, a ógánaigh, focal nó dhó eile is tá deireadh ráite agam leat, b'fhéidir go deo: sé sin go dtug mé searc agus síor-ghrádh dhuit nuair a chonnaic mé thú. Is mise nighean Scathaighe a gcuala tú trácht uirthi. Cuireann mo mháthair cuid mhór de na fearaibh a thig 'un an oileáin 'un báis. Ar an ádhbhar sin mholfainn-se duit-se gan dánacht ar a dúithche acht éalódh liom-sa is bheith beo go séanmhar i nÉirinn ghlais.' 'A stáid-bhean áluinn,' arsa Cúchulainn, 'tá mé buidheach dhíot, is mar deir tú é, agus níl dadáidh agam le rádh i n-éadan thú a ghlacadh mar chéile. Acht fanóchaidh tú go dté mise isteach
'un an oileáin agus go sáirighe sé ar a bhfuil istoigh mo chur 'un na cille. Mura dtig liom sin a dheanamh, is mór an truaigh do leithéid de chailín a chur amudha liom.' ''Tchím," arsa'n cailín, 'níl tú ag brath ar d'intinn a athrú. Agus ó tharla nach bhfuil dul thairis agat, seolfad-sa ar an bhealach thú. Tá droicheadh ón oileán amach go tír mór. Tá an droichead comh caol is go mbéadh obair ag duine siubhal air. Mar sin fhéin b'fhéidir ghabháil isteach, acht thall i lár an droichid tá alt ar nach féidir le fear ar bith ghabháil trasna de léim. Is iomdha fear ariamh a fágadh thíos le léim Dhroichead na n-Alt. Acht tá geasa agam a bheirfeas isteach sábháilte sinn araon ó tharla go gcaithfidh tú bualadh ar aghaidh.' 'Ní rachad-sa isteach faoi gheasaibh ar bith,' arsa Cúchulainn. 'Murar féidir liom ghabháil mar badh chóir de ghaisgidheach, níl mé ag gabháil ar nós Chailleach na gCearc.' ''Ar ndóigh,' arsa'n cailín, 'ní bhéidh a fhios ag neach dá maireann acht thú fhéin is mise goidé mar fuair tú isteach.' 'Béidh a fhios ag an tsaoghal,' arsa Cúchulainn, 'má théighim isteach, go dteachaidh mé mar ba dúthcha de ghaisgidheach a dheanamh.' 'Tchím,' arsa'n cailín, 'caithfidh tú do dóigh fhéin bheith agat. Agus anois tá tú ar shiubal. Bain an droichead amach comh luath géar is thig leat. Agus má théid agat an droichead a shiubhal agus an léim a ghearradh, tá an báire leat. Béid mise istoigh níos luaithe 'ná thusa dá fheabhas a ndeanfaidh tú obair.' "D'fhág an dís slán ag a chéile;a gus d'imthigh Cúchu- lainn go dtí an drocheadh, chuaidh de léim air, agus shiubhail leis go rabh sé ag an alt. Nuair a bhreathnuigh sé goidé an seort áite a bhí ann, chuaidh sé cupla céim ar gcúl, thug rúideog, d'éirigh i n-áirde san aer, agus
thainic anuas ar a dhá cois ar an taobh eile gan truisliú, gan leagadh, gan leonadh. "Ní rabh moill ghabháil 'un an oileáin annsin. Ar a shiubhal aníos an t-oileán dó, ba ró-dheas an radharc a nocht chuige. Bhí céad sruthán, má bhí ceann amháin, ina rith anuas taobhanna na gcnoc agus ag deanamh locha i lár an oileáin. Bhí coillte deasa cumhdaighthe le bláthaibh agus le duilleabhar thart ina dtimcheall. Crónán ciúin na sruthán, ceol binn na n-éan, aoibhneas agus pléisiúr isé bhí le cluinstin agus le feiceáil na mílte ar gach taoibh. "Tógaidh Cúchulainn a shúil sa deireadh agus 'tchí sé caisleán áluinn fa ghiota dó. Ba é seo an teach comhnuighthe a bhí ag Scathaigh Mhóir. Suas leis, agus cé bhí istoigh acht an cailín óg a casadh dó ar tír mór. Chuir sí fáilte agus céad roimhe agus áthas an tsaoghail uirthi go bhfuair sé slán sábháilte thar Dhroichead na n-Alt. Ar sise le Cúchulainn: 'Chualas thú 'gha rádh gur a fhoghluim cleasaidheachta thainic tú annseo. Tá cleas ag mo mháthair is dá mbéadh sé agat níorbh' fhéidir do bhuaidh a fhagháil. Tá sí anois thiar ar barr na beinne ud thiar agus í istoigh i gcliabhán ag oibriú draoidheachta agus pisreog ort. Tá an cliabhán ceangailte le sreangachaibh de bharr na beinne. Gabh thusa, fagh greim ar na sgeangachaibh, agus bagair a leigean go tóin muna dtuga sí duit an Ga Builge agus eolas 'un a láimhdeachais.' "D'imthigh. Níorbh' fhada a chuaidh sé go bhfaca sé an chailleach sa chliabhán mar hinnseadh dó. Fuair sé greim ar na sreangachaibh agus dubhairt leis an chailligh rogha a dheanamh, a beo agus cleas an Gha Builge. Ní rabh a fhios ag an chailligh cá rabh sí 'na suidhe nó 'na
seasamh, thainiceas uirthi comh tobann sin. Bhí eagla ?? bháis mór, agus thoiligh sí an rud a d'iarr Cúchulainn a thabhairt dó. Thug. "D'fhan sé annsin ar an oileán, é fhéin agus cupla ridire, ag cleachtadh tuilleadh cleasaidheachta. Ní rabh lá ar bith nach mbíodh tamall comhráidh aige leis an mhnaoi óig. Ba é an mín is réidhteach a bhí ann gur pósadh an dís agus go rabh ach banais shuailceach ghreannmhar a mhair seacht lá agus seacht n-oidhche, agus a mb'fhearr an lá deireannach 'ná an chéad lá. "Bliadhain a bhí siad pósta go rabh mac aca; agus tugadh Connla mar ainm air - le dáimh le Conall Cearnach. Chuaidh gach seort seolta go leor ar feadh tamaill, acht bhí an nimh san fheoil ag an chailligh ar fad do Chúchulainn as siocair gur bhain sé dí an Ga Builge. Bhí sí ag clamhairt air ariamh gurbh' éigean dó slán a fhágáil ag a chéile agus ag a leanbh agus teacht ar ais 'un a' bhaile go hÉirinn. Nuair a bhí sé ag fágáil an oileáin, bhain sé fáinne anuas dá mhéar; agus ar seisean le n-a mhnaoi: 'Nuair a bhéas méar an leinbh i n-innibh an fáinne a líonadh, cuir 'mo dhiaidh-sa go nÉirinn é. Béidh sé ina fhear annsin agus b'fhéidir gur mhaith a chuidiú i gcuradh-chás.' Annsin d'imthigh Cúchulainn agus thainic caol díreach 'un a' bhaile. "D'éirigh Connla mór de réir mar bhí na bliadhanta dá gcaitheamh. Nuair a bhí sé i n-aois a hocht déag, chuir a mháthair an fáinne ar a mhéar agus líon an méar é. Annsin thug sí ordú dó ghabháil go hÉirinn; acht sul ar imthigh sé thainic a mháthair mhór, Scathaigh, thart agus dubhairt: 'Cuirim-sa de gheasaibh agus de mhór-ualach ort, nuair a rachas tú go hÉirinn, gan stad mara ná mór-chomhnuidhe a dheanamh go gcuire tú comhrac ar
Chúchulainn, agus gan d'ainm a innse d'éinneach fad is nach mbíonn sleagh sáithte fríd do chorp.' "Bhí a fhios aici go maith, nuair a rachadh Connla agus chuirfeadh sé troid ar Chúchulainn, go muirbhfeadh an Cú é, díoghbháil gan aithne bheith aige ar a mhac; agus thug sí cead dó innsint cé é fhéin nuair a bhéadh sé ag fagháil bháis ar dhóigh go gcuirfeadh sé brón ar an athair. Mar a gcéadna ba mhaith léithe a hua marbh mar thug sí fuath dó as siocair go rabh cuid fola Chúchulainn ann. "Bhí go maith is ní rabh go holc, ghléas Connla é fhéin agus thainic go hÉirinn. Tráthnóna beag ribeach fuar a bhí ann nuair a thainic sé a fhad le Conall Cearnach ar an tsliabh agus cheangail sé síos don talamh é. 'Cibé thú fhéin, a ógánaigh, sgaoil as an chuibhreach seo mé,' arsa Conall Cearnach. 'Fóil! Fóil!' arsa Connla, 'béidh tú annsin go dtige Cú na gCleas agus go sgaoile sé thú.' "Sa bhomaite d'ordaigh Conall dá ghiolla imtheacht chuig Cúchulainn agus a rádh leis goidé mar bhí. Chuaidh an giolla ionns'ar Chúchulainn. D'fhiafruigh Cúchulainn de goidé an sgéala a bhí leis. 'Tá,' arsa'n giolla, 'gaisgidheach lúthmhar óg a thainic 'un an tsléibhe tá tamall beag ó shoin agus cheangail sé Conall Cearnach agus d'fhag ina luighe annsin é. Nuair a d'iarr Conall a sgaoileadh, 'sé an freagra thug an t-óglach air go mbéadh sé annsin go dtigeadh Cú na nCleas le n-a sgaoileadh.' 'Maise,' arsa Cúchulainn, 'is doiligh liom Conall a fheiceáil i gcruadhchás, agus is doiligh damh ghabháil i ndeabhaidh lainne leis an fhear a cheangail é.' "Ina dhiaidh sin d'éirigh sé, chuir é fhéin i n-ordú troda
agus níor stad go dtainic go dtí an áit a rabh Conall ina luighe ceangailte. Chonnaic Connall ag teacht é. 'Is tú Cúchulainn,' arsa Conall. 'Is mé,' arsa'n fear eile. 'Beir mo bheannacht,' arsa Conall, 'oir ba é do chongnamh ariamh nach rabh ar deireadh nuair a bhí sé ag tastáil. Sgaoil mé anois agus leig mé sa tslighe amach.' "Rith an ama sin bhí Connla fa ghiota díobhtha agus gan é ag leigean dadaidh air fhéin. Sgaoileadh Conall; agus annsin chaithfeadh Cúchulainn, de réir riaghlacha na haimsire, comhrac a chur ar an allmhurach a fuair a chroidhe theacht go hÉirinn agus snaidhmeanna cruaidhe an bháis a chur ar Chonall Chearnach. "'Cad iad na hairm a bhéas agann?' arsa Cúchulainn. 'Dean fhéin rogha,' arsa Connla. 'Maith go leor,' arsa Cúchulainn. 'Caithfimid na sleaghacha gearra ar a chéile.' "D'aontuigh Connla leis an chineál seo troda - 'sé sin, seasamh amach dhá chéim dhéaga ó chéile. Ar chionn den tsleigh sin bhí urla agus ar an chionn eile barr géar. "Thoisigh an troid. Bhí a fhios ag Connla go rabh aige a athair, acht is beag a smaointigh Cúchulainn go rabh sé i gcionn airm ar a mhac. Rith an ama bhí Connla ag caitheamh na sleaghach ar lorg a n-urla fa choinne gan an t-athair a loit agus ag sílstin go dtuigfeadh Cúchulainn go rabh duine ag troid leis nach rabh i bhfáthach le n-a mharbhadh. Acht shíl Cúchulainn go mba é an rud nach rabh an fear a bhí ina aghaidh i n-innibh aimsiú mar ba chóir; agus throid leo. Fa dheireadh chaith Cúchulainn a shleagh go díbhirceach agus d'fhág foluighthe
i mbrollach a mhic í. Labhair Connla agus dubhairt: 'Leig damh tuitim ar m'aghaidh - Ná deir daoine liom gur tú m'athair - Ar fhaitchíos go ndéirfeadh feara Fáil Go mbéinn ag teicheadh as tiongmháil. Is mise Connla, caoin-mhac na Con - Nach mairg do lámh d'fhág mé ar lár - A Chúchuláinn chliste ba deise méin, Seo dhuit mo mhéar fa bhfuil an fáinne.' Amharcaidh Cúchulainn agus 'tchí sé an fáinne ar mhéar Chonnla. Bhí sé cinnte annsin gurab í a chuid fola fhéin bhí ag múchadh an fhraoich fa dtaobh de. Thoisigh sé a mhairgnigh mar leanas: 'Is truagh sin, a Chonnla chaoin, Ádhbhar an ríogh a bhí gan locht; Is truagh nach é mo bhás a dearbhadh Sul ar dhearg mé ar do chaoin-chorp. Bheirim-se mo mhallacht do mhnáibh an domhain, Agus go mór-mhór d'oide do mhúinte; Is ar mhéad is a bhí de lochtaighil innti D'fhág do shlinnte dearg. Dá mbínn-se agus mo Chonnla caoin Ag imirt ar gcleas d'aon-taoibh, Ar fhearaibh Éireann ó thuinn go tuinn, Dar liom gur linn badh threise. An t-athair sin a mhárbh a mhac, Go bhfaghá sé crádhú agus géar-loit; Ná rabh sé a'n lá go héag Gan a chreach cléibh bheith fá n-a mhotháin. Óch, óch! anocht is mór mo mhire Is mé ag tarraingt suas go Mogh Gine; Ceann mo mhic in mo láimh chlí, A arm agus a éideadh sa láimh eile.' "Bhí Cúchulainn faoi smúid ó seo ní ba mhó. Ní rabh maith bheith leis: ní tiocfadh tabhairt air bheith comh
croidheamhail ná comh haigeantach is bhí sé roimhe sin. Ina dhiaidh sin thug sé a cheann ariamh as gach gleo nó go dtí lá amháin a bhí sé fhéin agus fear darbh' ainm Laoghaire ag marcaidheacht ar chapall. Bhí Laoghaire ina shuide ar a chúlaibh ag Cúchulainn agus an capall ag siubhal go suaimhneach nuair atchí siad chuca triúr clainne Chailitine agus a gcuid sleaghach dearg réidh leo. Ar theacht dóbhtha fa fhad urchair, chaith fear aca a shleagh. Cheap Cúchulainn í, acht dóigheadh a lámh léithe. Chaith an dara fear a shleagh. Cheap Cúchulainn í, acht anois bhí an dá láimh dóighte aige. Ar seisean le Laoghaire: 'Tá mo lámha-sa dóighte agus mura gceapa tusa sleagh an treas fir gheanfaidh sí olc.' Ní rabh ann acht go rabh na focla as a bhéal nuair a thainic an tsleagh, bhuail sí Cúchulainn sa bhrollach, chuaidh trasna fríd, agus chuaidh a bárr go héadtrom i bhfastódh i Laoghaire taobh thiar dó. "Tá mé marbh," arsa Laoghaire. 'Is maith mar tá an té ar thomhais an tsleagh a bealach fríd a chorp sul a dtainic sí 'do chóir,' arsa Cúchulainn. "Le sin thainic mearbhlán ina chionn agus thuit sé ina chnap go talamh. 'Bheir leat mé,' ar seisean le Laoghaire, 'síos go dtí an loch sin thíos go nighe tú an fhuil díom sul a ngléastar mé fa choinne na huaighe.' Goidé bhí sa loch acht dobhar-chú agus chuir sé boladh na fola agus tarraing uirthi. Bhí amharc na súl caillte ag Cúchulainn an tráth seo. "'Tchím dobhar-chú ag tarraingt orainn,' arsa Laoghaire. 'Is fearr dúinn an bealach a fhágháil.' 'Céim ar gcúl roimhe mo námhaid ní theachaidh mé ariamh go fóill agus ní fiú damh toiseacht anois, marbh atá mé ar sgor ar bith,' arsa Cúchulainn. 'Leag mo lámh ar chloich,' ar seisean le Laoghaire. Leag. 'Innis damh,
ar seisean, 'nuair a bhéas sé fa dhá léim damh.' D'innis. Chaith Cúchulainn an chloch agus mharbh an dobhar-chú léithe. 'Goidé mar chuaidh an t-urchar sin?' ar seisean le Laoghaire. 'Goidé mar chuaidh gach urchar ariamh dár chaith tú?' arsa Laoghaire. 'Go díreach,' arsa Cúchu- lainn. 'Cú mó chéad éacht agus cú m'éacht deireannach.' Luigh sé síos annsin agus fuair bás. "Chuaidh an sgéala amach go rabh Cúchulainn marbh. Chruinnigh a bhunadh agus thóg siad uallán caointe nár cluineadh ariamh a leithéid i nÉirinn. Annsin tógadh an corp ar ghuailneachaibh fear. Tugadh 'un na huaighe é agus cuireadh é. "Dálta gach duine a innseas sgéal maith air fhéin, bhí mise ar an tórradh. Ag teacht 'un a' bhaile tráthnóna dúinn bhí sé ag tuitim síos le tráigh. An sgaifte bhí in mo chuideachta ní chuirfeadh seacht gcatha na Féine - agus bíodh siad ann - as a gcionn nach rabh sé tana go leor le fagháil trasna ar an fhearsaid. Chuaidh siad-san an t-áth, chuaidh mise an clochán, báitheadh iad-san agus thainic mise."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services