Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Cú na gCleas agus Scéalta Eile

Title
Cú na gCleas agus Scéalta Eile
Author(s)
Nic Néill, Íde / Ó Searcaigh, Séamus a chruinnigh,
Compiler/Editor
Nic Néill, Íde (Bail.) / Ó Searcaigh, Sé
Composition Date
1915
Publisher
Dundalgan Press

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


SEÁN AMAIDHEACH



Bhí gasúr ann aon uair amháin. Bhí sé ina
chomhnuidhe ag a mháthair. Ní rabh cleachtadh
aige a dhath oibre a dheanamh. Bhí a mháthair
iongantach bocht agus cha rabh a dhath aici le hithe.
Dubhairt sé le n-a mháthair maidin amháin go rabh sé
ag gabháil a dh'obair agus go mbéadh siad siadhbhir go
fóil.



"Seán a bhí ar an ghasúr seo. Chuaidh sé a dh'obair
an lá sin. Ins an tráthnóna fuair sé pighinn; thug
sé leis ina láimh í agus chaill sé í.



"D'innis sé do n-a mháthair goidé d'éirigh dó; agus
dubhairt a mháthair leis gur cheart dó an phighinn a chur
ina phóca. Dubhairt seisean go ndeanfadh sé sin feasta.



"An dara lá bhí sé ag obair fuair sé pigín bainne;
agus chuir sé an pigín ina phóca agus dhóirt sé é.
Dubhairt a mháthair leis gur cheart dó an pigín a
thabhairt leis ar a chionn agus greim a choinneáil air
le n-a dhá láimh. Dubhairt Seán go ndeanfadh sé
sin an dara lá.



"An dara lá bhí sé ag obair fuair sé cat; agus
chuir sé suas ar a chionn é. Sgríob agus stróc an
cat é agus bhí an fhuil ag rith ina shúilibh. 'Seo an rud
a d'iarr mo mhathair orm a dheanamh," ar seisean.



"Nuair a thainic sé 'un a' bhaile, bhí sé uilig stróctha
ag an chat. Dubhairt a mháthair gur cheart dó córda
a chur ar an chat agus é a tharraingt ina dhiaidh.


L. 2


Dubhairt seisean go ndeanfadh sé sin an dara huair.



"An dara lá bhí sé ag obair ag búisteoir; agus
thug an búisteoir giota mór feola dó. Chuir sé córda
ar an fheoil, agus tharraing ina dhiaidh í.



"Nuair a thainic sé 'un a' bhaile, d'innis sé do n-a
mháthair go rabh feoil leis chuici. Bhí lúthgháir mhór
ar a mháthair nuair a chuala sí go rabh feoil leis, mar
b'fhada roimhe ó d'ith sí a dhath feola. Acht bhí an fheoil
comh salach sin gurbh' éigean dí a caitheamh ar shiubhal.
Dubhairt a mháthair leis gur cheart dó an fheoil a chur
ar a dhruim. Dubhairt Seán go ndeanfadh sé sin
an dara huair.



"An dara lá bhí sé ag obair fuair sé asal agus
chuir sé ar a dhruim í. "Seo an rud a d'iarr mo
mháthair orm a dheanamh," ar seisean.



"Bhí sé ag gabháil thart ag pálás an Ríogh. Bhí nighean
ag an Rígh agus bhí sí bodhar ó rugadh í. Bhí sí le biseach
a fhagháil nuair a bhainfeadh duine ar bith gáire aisti.
Bhí sí ag amharc amach ar an fhuinneoig nuair a chonnaic
sí Seán agus an asal ar a dhruim leis. Thoisigh sí a
gháiridhe. Fuair sí biseach nuair a fuair sí a gáire.



"Bhí lúthgháir mhór ar an Rígh nuair a fuair a nighean
biseach. Sgairt sé ar Sheán agus thug sé ór agus
airgead dó. Agus pósadh Seán ar nighin an Ríogh;
agus bhí dóigh mhaith air ó sin amach."


L. 3


SCÉAL CHLAUID



Bhí Claud ar fastódh ag maighistir ar fead
sheacht mbliadhan. Maidin amháin dubhairt
sé le n-a mhaighistir: "A mhaighistir, tá mé
ag gabháil 'un a' bhaile agus badh mhaith liom dá
dtabhairfeá mo chuid airgid damh. Caithfidh mé ghabháil
'un a' bhaile go bhfeice mé mo mháthair; agus tabhair
damh mo chuid airgid uilig, agus fágfaidh mé slán
agat, má 'sé do thoil é."



"Chuaidh an maighistir isteach san tseomra agus
thug sé amach mála mór de phighneachaibh is de leith-
phighneachaibh agus thug sé do Chlaud é.



"D'fhág Claud slán ag a mhaighistir agus d'imthigh
leis ag tarraingt ar thoigh a mháthara. Bhí giota fada
aige le ghabháil, agus bhí an mála iongantach trom.
Nuair a chuaidh sé giota, casadh fear air ag marcaidheacht
ar bheathadhach. "Ó, 'arsa sé, "is maith duit-se, tá
dóigh bhreagh ort ar dhruim beathadhaigh, chan ionann sin
agus mise a chaithfeas an mála mór airgid seo a
iomchar 'un a' bhaile chuig mo mháthair. Is deas an
rud beathadhach le taoibh mála mor airgid." "ÓÍ," ars'n
fear, 'tabhair damh-sa an t-airgead agus bheirfidh mé
an beathadhach duit.'



"'Anois,' arsa Claud, "tá an mála seo trom
agus béidh tú sáruighthe leis, agus má bhíonn, bheirfidh
mé ar ais duit do bheathadhach - chan orm-sa bhéas an
locht." 'Glacfaidh mé an mála cibé ar bith," arsa'n
fear.


L. 4


"Thug sé an mála dó; agus chuaidh Claud a
mharcaidheacht ar an bheathadhach. 'An bhfuil sé suaimh-
neach?' arsa Claud. 'Tá sé comh suaimhneach
leis an mheadhon-oidhche agus ritheann sí mar bhéadh
gearr-fhiadh ann,' arsa'n fear.



"D'fhág siad slán ag a chéile agus d'imthigh siad
leobhtha.



"Bhí Claud ag cur an bheathadhaigh ina rith ar feadh
tamaill bhig, acht fa dheireadh thainic fearg air leis
agus bhauil sé a dhá sháil isteach 'sna cosaibh air. Le
sin thóg an beathadhach a chuid cos i n-áirde agus chaith
sé Claud isteach ar chúl an chlaidhe. Bhí sé ina luighe
annsin ar feadh tamaill agus cha dtiocfadh leis bogadh.



"'Ó,' arsa Claud, 'chan fheiceann aonduine mise
ar a dhruim go bráth aríst. Dá mbadh duine ar bith
eile bhéadh ann thuitfeadh sé marbh, acht bhí an t-ádh
orm-sa riamh.' D'éirigh se suas fa dheireadh agus
chuaidh i ndiaidh an bheathadhaigh.



"Bhí fear ag teacht ar an bhealach mhór le bó agus
bheir sé greim ar an bheathadhach. Agus nuair a thainic
Claud a fhad leis, thoisigh sé a dh'innse dó goidé mar
fuair sé an beathadhach agus mar thug sé a chuid airgid
uilig air. 'Nár mhaith damh,' ar seisean, 'dá mbéadh
bó agam i n-ait an bheathadhaigh seo. Chaith sé dá dhruim
mé agus cha dtéighim air go bráth aríst. Nár dheas
an rud bó. Thiocfadh leat a tiomáint romhat agus,
nuair a bhéadh tart ort, thiocfadh leat braon bainne
a bhaint dí agus é a ól.' 'Bheirfidh mise an bhó duit
ar an bheathadhach,' arsa'n fear. 'Dar ndóigh,' arsa
Claud, 'is fearr an bhó 'ná an beathadhach; agus béidh
tusa ró-mhaith damh-sa má bheir tú damh an bhó ar an
beathadhach.' 'Bheirfidh,' arsa'n fear; 'agus gheanfaidh


L. 5


mé gur duit-se agus glacfaidh mé an droch-bheathadhach.
'Maith go leor,' arsa Claud, 'tabhair leat an
beathadhach; is cuma liom-sa fa dtaobh de.'



"Thug sé an beathadhach don fhear, agus thug siad
dhá chúl a gcinn dá chéile.



"Thug Claud leis an bhó ar ghiota rópa. Bhí sí ag
siubhal ina dhiaidh go rabh an tráthnóna ann agus Claud
iongantach sáruighthe. Fa dheireadh bhuail tart mór é.



"Smaointigh sé gur ghreannmhar é sin, agus tart
air, agus bó leis a rabh go leor bainne aici. Le sin
cheangail sé an bhó de chrann a bhí ina aice. Chrom
sé síos ar a dhá ghlúin. Chuir sé a bhéal isteach faoi
an bhó agus chuaidh sé a blighe. Le sin thóg an bhó a
cos agus bhuail sí a sean-chic air agus leag ar an
bhealach mhór é. Bhí sé ina luighe annsin ar feadh
tamaill. Sa deireadh d'éirigh sé suas agus thug leis
an bhó giota eile.



"Casadh fear air a raibh muc leis, agus thoisigh sé
gur innis sé an sgéal dó ó n-a thús go dtí n-a
dheireadh; agus dubhairt sé leis an fhear gur dheas an
rud muc i n-áit bó. 'Tá dúil mhór agam i muic-
fheoil,' ar seisean, 'agus thiocfadh liom fhéin is le
mo mháthair féasta breagh a dheanamh uirthi.' Dubhairt
an fear leis gur sean bhó ón díle a bhí leis agus gurbh'
fhearr dó an mhuc. 'Ó,' arsa Claud, 'bhí na daoine
eile go maith damh, acht tá tusa níos fearr 'ná an
t-iomlán aca.' Thug sé dó an mhuc ar an bhó. Chuaidh
sé a mharcaidheacht ar an mhuic agus leag an mhuc é.



"Charbh' fhada chuaidh sé gur casadh fear air agus
gé leis. D'innis sé don fhear gur leag an mhuc é.
Arsa fear na gé: 'Is fearr duit an mhuc a thabhairt
damh-sa ar an ghé seo.' 'Ó,' arsa Claud' 'bhí na


L. 6


daoine eile go maith damh, acht tusa is fearr aca.
'Ar ndóigh is fearr an ghé 'ná an mhuc. Béidh lúthgháir
ar mo mháthair nuair a gheobhas sí giota den ghé seo
le hithe. Seo dhuit an mhuc agus tabhair damh-sa an
ghé.' 'Maith go leor,' arsa'n fear, 'glacfaidh mé
an mhuc uait.'



"Thug Claud leis an ghé. Agus charbh' fhada chuaidh
sé gur casadh fear air a rabh dhá chloich mhóra leis agus
é ag cur faobhair ar rásúir leo.



"Thainic Claud a fhad leis. Chuir an fear ceist
air cá bhfuair sé an ghé dheas a bhí leis. D'innis Claud
dó ó thús go deireadh mar tharla dó. 'Ó,' arsa'n
fear, 'ná bí ag tiomáint na gé sin; níl maith ar
bith innti. Is fearr í a thabhairt damh-sa agus bheirfidh
mé an dá chloich mhóra seo dhuit uirthi. Rinne mise
mo shaidhbhreas ar an dá chloich mhóra seo ag cur faobhair
ar na rásúir seo. Is minic a ghnínn céad punta sa
lá. Is fearr duit-se iad a thabhairt leat, agus
b'fhéidir go ndeanfá do shaidhbhreas fosta.'



"Thug Claud leis an dá chloich mhóra agus d'iomchar
sé iad giota fada.



"Tráthnóna nuair bhí sé ag éirghe mall, bhí ocras
agus tart air. Thainic sé a fhad le sruthán. Chrom
sé síos a dh'ól dighe. Thuit an dá chloich mhóra isteach
sa tsruthán.



"D'éirigh sé suas, i ndiaidh bheith tamall ag amharc
ar na clochaibh sa tsruthán, agus d'imthigh leis ag
tarrraingt ar a mháthair. Bhí sé mall nuair a thainic
sé a fhad le n-a mháthair agus bhí ocras mór air.



"Nuair a thainic sé isteach, bhí lúthgháir mhór ar a
mháthair roimhe. Chuir sí céad míle fáilte roimhe agus
dubhairt sí leis murab é go dtainic sé go gcuirfidhe


L. 7


amach as an teach lá ar n-a bhárach í, mar gheall ar nach
rabh airgead aici leis an chíos a dhíol. 'Agus,' ar
sise, 'bhí siad ag gabháil 'mo chur amach indé acht dubhairt
mise leobhtha go rabh mo mhac ag teacht i mbárach agus
go mbéadh airgead go leor leis a dhíolfadh an cíos.
'Agus, a Chlauid, a mhic,' ar sise, is maith liom go
dtainic tú.' 'Acht, a mháthair," arsa Claud, 'éist
liom tamall beag agus innseochaidh mé duit an t-ádh
a bhí orm.'



"Thoisigh sé a dh'innse don mháthair goidé mar thug
sé an t-airgead ar an chapall agus an capall ar an
bhó agus an bhó ar an mhuic agus an mhuc ar an ghé
agus an ghé ar and dá chloich mhóra.



"Nuair a chuala an mháthair nach rabh airgead ar
bith leis, chuir sí suas a naprún ar a cuid súl agus
thoisigh sí a chaoineadh agus sgairt sí amach: 'A Chlauid
amaidigh, a Chlauid amaidigh, cuirfear amach sinn,
a rún, ar maidin i mbárach?'"




L. 9


AN BUIDEÁL DRAOIDHEACHTA



"San am a rabh na daoine maithe nó na daoine
beaga gnaitheach i nÉirinn bhí sgológ ina
chomhnuidhe i nAlbain. Micheál a bhí air. Bhí
trí acra talaimh aige. Bhí a bhean agus a chuid páistí
le coinneáil suas aige. Mollaí a bhí ar an mhnaoi; agus
bhí triúr páistí ann. Bhíodh Micheál ag obair ar an
talamh, agus bhíodh Mollaí ag iomchar ime agus uibheacha
'un an mhargaidh.



"Bhí siad bocht is cha rabh airgead aca bliadhain amháin
leis an chíos a dhíol.



"'Goidé gheanfamuid, a Mhollaí? arsa Micheál.'
'Goidé gheanfamuid, a mhuirnín,' arsa sise, 'acht an
bhó sin a thabhairt leat go haonach Chorcaighe agus í
a dhíol. Dia Luain an t-aonach agus caithfidh tú imtheacht
i mbárach n-ainm an Ríogh.'



"Bhí go maith go dtainic a dó dhéag a chlog lá ar
n-a bhárach nuair a thug Micheál leis an bhó go haonach
Chorcaighe. B'éigean dó ghabháil fríd na sléibhtibh
agus fríd na cnuic.



"Smaointigh sé gur áit uaigneach é. Chuala sé
glór ina dhiaidh. D'amharc sé thart agus chonnaic sé
fear beag. 'Maidin mhaith dhuit, a Mhicheáil,' arsa'n
fear beag. "Maidin mhaith dhuit fhéin,' arsa Micheál.
Fear beag greannmhar a bhí ann. Bhí gruag bhán air
agus súile dearga. Bhí eagla ar Mhicheál roimhe.



"'Cá bhfuil tú ag gabháil leis an bhó?' arsa'n fear
beag. 'Go haonach Chorcaighe,' arsa Micheál. 'An


L. 10


bhfuil tú ag gabháil dhá díol?' arsa'n fear beag.
'Goidé eile bhéinn ag gahbáil a dheanamh léithe acht ag
gabháil dhá díol!' arsa Micheál. "An ndíolfaidh tú
liom-sa í?' arsa'n fear beag.



"D'amharc Micheál air. Bhí iongantas air. D'amharc
sé air agus leoga cha dtiocfadh leis stad de gháiridhe.
'Féadann tú gáire a dheanamh,' arsa'n fear beag
'acht innseochaidh mé duit gur fearr dhuit an buideál
a ghlacadh agus an bhó a thabhairt damh-sa,' arsa'n fear
beag. 'An bhfuil tú ag deanamh,' arsa Micheál, 'go
nglacfainn do bhuideál ar mo bhó, agus buideál folamh
fosta!' 'Innsim dhuit,' arsa'n fear beag, 'gur
fearr an buideál 'ná an bhó. B'fhéidir go bhfuigheadh
do bhó bás sul a mbéitheá ag aonach Chorcaighe, nó
b'fhéidir go dtiocfadh gaduidhe ort is go ngoidfeadh
sé do chuir airgid,' arsa'n fear beag. 'Go sabhála
an Rí mé ar a leithéid theacht orm!' arsa Micheál.



"Leis an sgéal fhada a dheanamh goirid, ghlac Micheál
an buideál; agus d'iarr an fear beag air nuair a
thoicfadh sé 'un a' bhaile dá mbéadh corruighe ar Mhollaí
leis gur chuma dó, é fhéin a choinneáil go suaimhneach
agus innse dí comh maith is thiocfadh leis fa'n bhuideál;
'agus abair léithe an seomra a sguabadh agus tábla
a chur amach i lár an toighe agus éadach geal a chur air
agus an buideál a fhágáil ar an tábla agus a rádh
leis an bhuideál: "A bhuideáil, dean do ghnaithe."'



'An é sin a bhfuil agam le rádh?' arsa Micheál.
'Sin uilig é,' arsa'n fear beag. 'Slán agat, a
Mhicheáil. Tá tú 'do fhear shaidhbhir anois.' 'Slán
agat féin,' arsa Micheál.



"D'imthigh Micheál leis. Thainic sé trasna na sléibhte
agus tharraing sé ar an bhaile. Chonnaic sé Mollaí


L. 11


amuigh agus chuir sí a sean-sgairt aisti: 'A Mhicheáil
goidé an dóigh a bhfuil tú ar ais comh gasta - cinnte
cha rabh tú ar an aonach agus sa bhaile aríst? Ghoidé
d'éirigh duit? Cá bhfuil an bhó? Cá mhéad a fuair
tú uirthi? Cé cheannuigh í? Cé rinne an margadh?
An bhfuil sgéal nua agat? Innis damh 'ach a'n rud
fa dtaobh de?' 'Gabh 'un toighe, a Mhollaí, agus
inniseochaidh mé duit comh maith is thig liom. Ní thig
liom innse duit cá bhfuil an bhó. Chan fhuil a fhios
agam fhéin.' 'Ar dhíol tú í?' arsa Mollaí. 'Cá
bhfuil an t-airgead, agus goidé an seort buideáil é
sin atchím i do phóca?' 'Seo,' arsa Micheál ag
tarraingt amach an bhuideáil, 'seo an rud a fuair mé
ar an bhó.'



"D'amharc Mollaí air agus bhí fearg mhór uirthi
leis. Thoisigh sé a dh'innse do Mhollaí chomh maith is
thiocfadh leis.



"D'éirigh Mollaí fa dheireadh agus chuaidh suas 'un
an tseomra. Chuir sí tábla amach i lár an toighe.
Chuir sí éadach geal air agus chuir sí an buideál ar an
tabhla agus sgairt sí amach: "A bhuideáil, dean do
ghnaithe. 'Agus thainic dhá ógánach amach as an bhuideál
agus thoisigh siad a chumhdach an tábla le plátaibh óir
agus airgid gur fhág siad an tábla uilig cumhdaighthe
le gach uile rud deas.



"Bhí lúthgháir mhór ar Mhollaí nuair a chonnaic sí
an rud a bhí ach ar son an bhuideáil. 'A Mhicheáil,'
ar sise, 'suidhmid síos agus ithimid ar sáith. Badh
cheart duit ocras a bheith ort i ndiaidh a leithéid de lá
oibre.'



"Shuid siad síos agus d'ith siad a sáith.



"'Tá iongantas orm,' arsa Mollaí, an gcuirfidh


L. 12


an dá ógánach seo ar siubhal na plátaí seo.' Acht
char chorruigh siad iad. Chuir Mollaí i dtaisgidh iad,
agus thug Micheál leis iad lá ar n-a bhárach go dtí an
baile mór agus dhíol sé iad. Fuair sé mórán airgid
ortha. Cheannuigh sé beathadhach agus carr agus eallach.



"Bhí iongantas ar gach uile dhuine goidé mar fuair
Micheál an t-airgead. Chuala an tighearna talaimh
fhéin fa dtaobh de, agus chuir sé ceist ar Mhicheál goidé
mar fuair sé an t-airgead. D'innis Micheál dó fan
bhuideál, agus dubhairt an tighearna leis dá
dtabhairfeadh sé an buideál dó-san go dtabhairfeadh
sé a chuid talaimh saor dó a choidhche.



"Thug Micheál an buideál dó go hamaideach; agus
thoisigh a chuid saidhbhris ag imtheacht go dtainic an lá
nach rabh aige acht bó amháin. 'Tabhair leat an bhó
seo go haonach Chorcaighe,' arsa Mollaí, 'agus b'fhéidir
go gcasfaidhe an fear beag ort agus go bhfuightheá
buideál eile.'



"D'imthigh Micheál leis trasna na sléibhte an casán
a dteachaidh sé an chéad uair a bhfuair sé an buideál.
Bhí súil aige go gcasfaidhe an fear beag air. Nuair a
chuaidh sé giota, chuala sé an fear beag ag sgairtigh
leis: 'Maidin mhaith dhuit, a Mhicheáil. Bhí a fhios agam
go mbéitheá 'd'fhear shaidhbhir.' 'Bhí a fhios agam fhéin
sin,' arsa Micheál. 'An bhfuil buideál eile agat?
Má tá, seo dhuit an bhó agus tabhair damh é.'



"Thug an fear beag an buideál dó, agus d'imthigh
Micheál leis. 'Tá a fhios agat fhéin goidé gheanfas
tú leis?' arsa'n fear beag ag sgairtigh 'na dhiaidh.
'Tá a fhios agam, leoga,' arsa Micheál. 'Slán agat
go deo, a Mhicheáil,' arsa'n fear beag annsin.



"Thainic Micheál 'un a' bhaile; agus nuair a bhí sé fa


L. 13


ghiota den teach, connaic sé Mollaí amuigh agus chuir
sí a sean sgairt aisti: 'A Mhicheáil, an bhfuair tú an
buideál?' 'Fuair,' arsa Micheál.



"Rith sí isteach agus bhí gach uile rud réidh aici nuair
a thainic Micheál. Chuir sí an buideál ar an tábla
agus sgairt sí amach: A bhuideáil, dean do ghnaithe.'



"Thainic dhá ógánach amach as an bhuideál, agus bataí
móra leobhtha, agus thoisigh siad ar Mhollaí gur bhuail
siad a sáith uirthi. Thoisigh siad ar Mhicheál annsin
agus ar na páistibh go dtearn siad leath-mharbhadh
ortha. Chuaidh siad isteach san bhuideál annsin agus
na bataí móra leobhtha.



"D'éirigh Micheál agus chuir sé an buideál faoi n-a
chóta agus chuaidh sé a fhad leis an tighearna talaimh.



"Thainic an tighearna amach agus chuir sé ceist ar
Mhicheál goidé bhí a dhíoghbháil air. 'Níl a dhath a
dhíoghbháil orm,' arsa Micheál, 'acht buideál eile atá
liom.' 'Ó,' arsa'n tighearna, 'an bhfuil sé comh
maith leis an chéad bhuideál?' 'Tá,' arsa Micheál,
'agus i bhfad níos fearr; agus má tá dúil agat,
teisbeánóchaidh mé sin duit roimhe do chuiD uaisle.'
'Maith thú!' arsa'n tighearna. 'Tá daoine uaisle
istoigh ins an tseomra seo agus badh mhaith liom
teisbeánadh dóbhtha an mhaith atá ins an bhuideál seo.
Tar liom-sa isteach agus 'tchífimid an mhaith atá ins
an bhuideál seo 'tá leat.'



"Chuaidh Micheál isteach san tseomra, agus d'fhág sé
an buideál ar an tábla agus sgairt sé amach: 'A
bhuideáil, dean do ghnaithe.'



"Thainic dhá ógánach bheaga amach, agus bataí leobhtha,
agus thoisigh siad ar an tighearna talaimh agus ar na


L. 14


daoinibh uaisle leis na bataibh gur bhuail siad a sáith
ortha.



"'Stop iad seo,' arsa'n tighearna. 'Cha stopaim-sa
a choidhche iad,' arsa Micheál, 'go bhfuighe mé an buideál
atchím ins an bhoCSa sin.' Tabhair amach chuige é,'
arsa'n tighearna, 'sul a rabhmuid uilig marbh aca.'



"Thug na searbhfhoghantuidhthe an buideál do Mhicheál
agus d'imthigh sé leis.



"Thoisigh sé dh'éirghe saidhbhir aríst: agus choinnigh sé
an buideál go cúramach go dtí fa dheireadh go bhfuair
Mollaí bás leis an aois agus bhí searbhfhoghantgidhthe
aca ag cur gach roda ina áit fhéin. Bheir siad greim
ar an dá bhuideál agus bhuail siad ceann aca i n-éadan
an chinn eile agus bhris siad iad."


L. 15


AN BHEAN GHLAS



"Bhí fear uasal ann fad ó shoin agus bhí triúr
mac aige. Bhí feirm mhór thalaimh aige agus
bhí an fhairrge ag teacht uirthi. Rinne an
fear ba shine de na mic badhbhdhún leis an fhairrge a
choinneáil amuigh. Lá ar n-a bhárach an leithead a bhí
deanta aige bhí sé leagtha 'un talaimh.



"Dubhairt an dara fear go ndeanfadh seisean é.
Rinne sé é ar ais. Lá ar n-a bhárach bhí sé leagtha go
talamh aríst.



"Dubhairt an fear a b'óige go ndeanfadh seasean
anois é; agus sul a dtearn sé é rinne sé teach beag
thíos ag a thaoibh. Shuidh sé go maidin 'gha choimheád
agus deic cárdaí aige. Shuidh sé ag imirt leis fhéin.



"Cá rabh i bhfad go bhfaca sé an bád caol dubh ag
teacht isteach agus an bhean deas ina suidhe ar a deireadh.



"Thainic sí isteach chuige. D'fhiafruigh sé dí an
n-imreochadh sí cluiche. Dubhairt sí go n-imreochadh.



"D'imir siad cupla cluiche gan geallta. Dubhairt
sí leis go n-imreochadh siad anois cluiche le gealltaibh.
An té a bhainfeadh an cluiche go gcaithfeadh an duine
eile a chuartú roimhe lá agus bliadhain nó go gcaillfeadh
sé an ceann.



"D'imir siad an cluiche agus bhain an Bhean Ghlas é.
Dubhairt sí leis go gcaithfeadh sé í a chuartú roimhe
lá agus bliadhain nó go gcaillfeadh sé a cheann; agus
d'imthigh sí ar ais 'un an bháid chaoil dhuibh.



"Nuair a bhí lá agus bliadhain ag tarraingt air,


L. 16


d'iarr sé ar a mháthair lón beag aráin a dheanamh dó;
agus rinne.



"D'imthigh sé leis a chuartú na Mná Glaise. Nuair
a bhí neoin agus deireadh lae ann, chonnaic sé solas
beag i bhfad uadh agus i neas dó; agus tharraing sé
air. Bhí teach beag ann a rabh bun cleite amach agus
barr cleite isteach agus cleite amháin ag coinneáil
an tuighe 'sna súgáin.



"Chuaidh sé isteach agus d'iarr sé lóistín. Dubhairt
fear an toighe nach rabh áit aige dó. Acht fa dheireadh
choinnigh sé é.



"D'innis an buachaill d' fhear an toighe goidé thug
ar shiubhal é; agus dubhairt seisean leis go rabh
dearbhráthair dó-san ina leithéid seo d'áit agus
bheith aige oidhche ar n-a bhárach.



"Nuair d'éirigh fear an toighe ar maidin, bhí an
buachaill ina shuidhe comh luath leis. Shéid sé fídeog.
Cha rabh éan ar an tsaoghal nach rabh cruinnighthe aige
i gcionn bomaite acht an Bhean Ghlas. Cha rabh an
Bhean Ghlas le fagháil.



"Shiubhail sé leis an lá sin; agus nuair a bhí neoin
agus deireadh an lae ann, chonnaic sé solas i bhfad
uadh agus i neas dó; agus tharraing sé ar an teach
bheag. Bhí bun cleite amach ann agus barr cleite
isteach agus cleite amháin ag coinneáil an tuighe 'sna
súgáin.



"Chuaidh sé isteach agus d'iarr sé lóistín. Dubhairt
fear an toighe nach rabh aon áit dó. Dubhairt an
buachaill leis go raibh sé ag a dhearbhráthair aréir.
Annsin bhí míle fáilte aige roimhe



"D'éirigh an fear ar maidin, agus bhí an buachaill
ina shuidhe comh luath leis. Chuaidh sé amach agus shéid


L. 17


an fhídeog. Cá rabh éan ar an tsaoghal nach rabh
cruinnighthe acht an Bhean Ghlas. Cha rabh an Bhean Ghlas
le fagháil.



"D'innis fear an toighe dó go rabh dearbhráthair
dó-san ina leithéid seo d'áit agus bheith aige oidhche
ar n-a bhárach; agus, mura bhfuigheadh an Bhean Ghlas,
gan amharc ina diaidh lá bán ná oidhche a fhad is bhéadh
sé beo.



"Shiubhail sé an lá sin go rabh neoin agus deireadh
an lae ann. Chonnaic sé an solas i bhfad uadh agus
i neas dó. Tharraing sé air. Bhí teach beag ann a
rabh bun cleite amach agus barr cleite isteach agus
cleite amháin ag coinneáil an tuighe 'sna súgáin.



"Cuaidh sé isteach agus d'iarr sé lóistín. Dubhairt
fear an toighe leis nach rabh áit aige dó. D'innis an
buachaill dó go rabh sé ag a dhearbhráthair eile arthú
aréir. Bhí míle fáilte aige roimhe annsin. D'innis
sé dó goidé bhí sé a chuartú.



"D'éirigh fear an toighe ar maidin, agus bhí an
buachaill ina shuide comh luath leis. Nuair a chuaidh sé
amach, shéid sé an fhídeog. Chá rabh éan ar an tsaoghal
nach rabh cruinnighthe acht an Bhean Ghlas. Cha rabh an
Bhean Ghlas le fagháil.



"Nuair a bhí sé ag imtheacht, chuir fear an toighe
sluasaid agus madadh beag leis. D'iarr sé air
siubhal i ndiaidh an mhadaidh agus an áit a seasóchadh an
madadh tochailt.



"Sheasuigh an madadh ar mhéile gainimh. Thochail sé
ann; agus phill an madadh 'un a' bhaile.



"Chuaidh sé síos an bealach mór ba deise a chonnaic
sé ariamh. Shiubhail sé leis air go dteachaidh sé go dtí an
teach mór. Bhí an Bhean Ghlas ann agus í ag cur lásaí


L. 18


síoda le fuinneogaibh. Thainic sí anuas agus chuir
sí céad míle fáilte roimhe. Dubhairt sí leis go
gcaithfeadh sí é a fholach anocht ar eagla go muirbhfeadh
an fathach mór é. Chuir sí ina sheasamh é i gcúl an dorais.



"Nuair a thainic an fathach mór isteach, dubhairt sé:
'Mothuighim boladh Éireannaigh bhréagaigh annseo anocht.'
Dubhairt sise go rabh buachaill ann d'fhostuigh sí nuair
a bhí sí i nÉirinn mar bhí barraidheacht aici le deanamh.
Dubhairt seisean léithe gurab í an bhean is amaidighe
a chonnaic sé ariamh í.



"Ar maidin lá ar n-a bhárach, nuair d'éirigh an fathach,
d'iarr sé ar an bhuachaill éirghe fosta. Dubhairt sé
leis an bhuachaill go rabh bóitheach amuigh annsin nár
cartuigheadh a'n phreab le seacht mbliadhnaibh as, agus
mura mbéadh sé glan aige teacht 'un a' bhaile dó-san
go gcaillfeadh sé a cheann.



"D'imthigh an fathach a sheilg.



"Chuaidh an buachaill amach; agus nuair a chaitheadh
sé aon phreab amach thiocfadh dhá phreib isteach.



"Nuair a chuaidh an Bhean Ghlas amach leis an dinneár,
dubhairt sé léithe nach n-íosadh sé biadh ná deoch nó go
gcaillfeadh sé an ceann. D'iarr sise air theacht chuig
a dhinneár; agus thainic sé fa dheireadh.



"A fhad is bhí seisean ag deanamh a dhinneára
tharraing sí sluasaid bhriste bhearnach amach as faoi a
naprún. Thoisigh sí a chartú an bhóithigh; agus nuair a bhí
a dhinneár deanta aige, bhí an bóitheach cartuighthe aici.
D'iarr sí air bheith ag spaisteoracht thart nuair a
thiocfadh an fathach mór 'un a' bhaile; agus nuair a
d'fhiafróchadh sé de an dtearn sé an gnaithe sin, a rádh
go dtearn.



"Rinne seisean mar hiarradh air. 'Maise is tú


L. 19


an buachaill is fearr a casadh orm ariamh,' arsa'n fathach.



"Lá ar n-a bhárach, nuair d'éirigh an fathach, d'iarr sé
ar an bhuachaill éirghe fosta; agus dubhairt sé leis
go rabh coillidh thiar annsin nár gearradh aon chrann
istoigh innti le seacht mbliadhnaibh, agus mura mbéadh
an choillidh leagtha 'un talaimh aige teacht 'un a' bhaile
dó-san go gcaillfeadh sé an ceann. Agus d'imthigh
an fathach.



"Nuair a chuaidh an Bhean Ghlas amach le n-a dhinneár,
cha rabh leagtha aige acht an dá chrann ba lugha sa choillidh.



"D'iarr an Bhean Ghlas ar an bhuachaill theacht chuig a
dhinneár. Dubhairt sé léithe nach n-íosadh sé biadh
ná deoch nó go gcaillfeadh sé an ceann. Acht fa
dheireadh thainic sé.



"Tharraing sise annsin tuagh bhriste bhearnach amach
as faoi a naprún. Bhuail sí buille thall agus buille
i bhfos. Nuair a bhí a dhinneár deanta aige, bhí an
coillidh leagtha aici.



"D'iarr sí air bheith ag spaisteoracht thart nuair
a thiocfadh an fathach mór 'un a' bhaile; agus nuair a
d'fhiafróchadh an fathach an dtearn sé an gnaithe sin, a
rádh leis go dtearn.



"Rinne seisean sin; agus dubhairt an fathach: 'Is
tú an buachaill is fearr a casadh orm ariamh.'



"D'éirigh an fathach lá ar n-a bhárach agus d'iarr sé
ar an bhuachaill éirghe comh luath leis; agus dubhairt
sé leis go rabh sgioból aige nach dteachaidh a'n tuighe
air le seacht mbliadhnaibh, agus go gcaithfeadh sé tuighe
bheith aige air teacht 'un a' bhaile dó-san le cleiteachaibh
ach a'n éin san aer agus gan dhá chleite bhaint as éan
amháin.



"Nuair a chuaidh an Bhean Ghlas amach le n-a dhinneár,


L. 20


cha rabh marbh aige acht an broinndearg agus an dreolán.



"D'iarr sí air theacht chuig a dhinneár. Dubhairt
sé léithe nach n-íosadh sé biadh ná deoch nó go gcaillfeadh
sé an ceann. Sa deireadh thainic sé chuig a dhinneár.



"Shéid an Bhean Ghlas fídeog; agus nuair a bhí an
dinneár deanta aige, bhí an tuighe ar an sgioból le
cleite as 'ach a'n éan ar an aer.



"Bhí an tráthnóna fliuch ina dhiaidh sin; agus bhí sé ag
spairteoracht thart roimhe an fhathach mhór. D'fhiafruigh
an fathach, nuair a thainic sé, an dtearn sé an gnaithe
sin; agus dubhairt seisean go dtearn. Dubhairt
an fathach leis annsin: "Is tú an buachaill is fearr
a casadh orm ariamh."



"Chuaidh an fathach isteach 'un toighe annsin agus
d'fhiafruigh sé den Mhnaoi Ghlais cad chuige an rabh an
bhraitlín amuigh ar an charraig sin thall. Dubhairt sí
leis gur shíl sí gurab é sin an áit a rabh a chroidhe ann
agus go bhfliuchfaidhe a chroidhe.



"Dubhairt sé léithe narbh' é sin an áit a rabh a chroidhe
ann, acht san chrann a bhí ag fás os coinne an doruis.
Go rabh reithe istoigh i gcroidhe an chrainn agus lacha
istoigh i gcroidhe an reithe agus uibh istoigh i gcroidhe
na lachan agus croidhe an fhathaigh istoigh san uibh. Cha
rabh an fathach le marbhadh go muirbhfidhe a chroidhe.



"Nuair a fuair siad an fathach ar shiubhal, ghearr siad
an crann agus mharbh siad an reithe. Nuair a d'fhosgail
siad é, d'imthigh an lacha ar eiteoig agus sgaoil siad
léithe.



"Bhain siad an uibh as an lachain agus d'imthigh siad.
Thug siad leobhtha an méid saidhbhris a thainic leobhtha.
Thug siad leobhtha coileach óir agus cearc airgid agus
trí graíníní cruithneachta agus d'imthigh siad leo san
bhád chaol dhubh.


L. 21


"Nuair a bhí siad giota maith ar shiubhal, d'iarr an
Bhean Ghlas ar an bhuachaill amharc ina dhiaidh. D'amharc;
agus chonnaic sé cnapán ceo ag teacht.



"Fa chionn tamaill d'iarr sí air amharc ina dhiaidh
aríst. Chonnaic sé cnapán teineadh ag teacht. Thug
sí an uibh don bhuachaill. D'iarr sí air a cnagadh faoi
chích dheis an fhathaigh. Chnag; agus thuit an fathach san
fhairrge.



"Thainic an Bhean Ghlas agus an buachaill isteach san
áit a dtearn seisean an badhbhdhún ann.



"D'fhág sí slán aige annsin agus d'iarr sí air, nuair
a thoicfadh sé 'un toighe, gan póg a thabhairt d'aonduine;
dá dtabhairfeadh nach smaointeachadh sé uirthi-se lá
bán ná oidhche a fhad is bhéadh sé beo.



"Bhí míle fáilte roimhe sa bhaile. Cha dtug sé póg
d'aonduine. Ach nuair a bhí sé ina shuidhe ar a
shuaimhneas a chois na teineadh, goidé rinne cú a bhí
fríd an teach acht léim a thabhairt suas air agus póg
a thabhairt dó. Rinne sé dearmad ar an Mhnaoi Ghlais;
agus roimhe i bhfad bhí sé ag gabháil dhá phósadh ar chailín
ar an bhaile.



"Bhí tobar i n-aice an toighe agus bhí crann ag taoibh
an tobair. Thainic an Bhean Ghlas agus chuaidh sí suas
ar an chrann.



Nuair a chuaidh deirbhshiúr na brighdeoige amach fa
choinne uisge, d'amharc sí ins an tobar. Chonnaic sí
sgáile na mná uaisle galánta agus shíl sí gurab é a
sgáile féin é. Bhris sí na stópaí ionnus nach gcuirfidhe
amach aríst í fa choinne uisge.



"Chuir siad deirbhshiúr eile amach agus rinne sí an
rud céadna.



"Chuaidh Cailleach na gCearc amach annsin, agus


L. 22


smaointigh sise nach rabh sí comh dóigheamhail leis an
sgáile a bhí sa tobar. D'amharc sí suas ins an chrann
agus chonnaic sí an bhean ghalánta ina suidhe ann.
Thainic sí anuas a chaint léithe. D'fhiafruigh sí dí an
dtabhairfeadh sí an coileach óir agus an chearc airgid
isteach chuig an tábla a rabh an lánamhain óg ina suidhe
aige. Dubhairt sí go dtabhairfeadh. D'iarr sí uirthi
gráinín amháin den cruithneachta a chaitheamh chuca agus,
nuair d'íosadh siad é, ceann eile a chaitheamh chuca.



"Chaith sí amach an gráinín cruithneachta, agus sgiob
an coileach ón chirc é. 'Cha dtearn tú sin,' arsa'n
chearc, 'an lá cuireadh amach thú a chartú an bhoithigh.
Nuair a chuaidh mise amach le do dhinneár, bhí dhá oiread
istoigh is bhí amuigh.'



"Chaith Cailleach na gCearc gráinín eile chuca, agus
sgiob an coileach ón chirc é. 'Cha deanfá sin,' arsan'
chearc, 'an lá cuireadh amach thú a ghearradh na coilleadh.
Nuair a chuaidh mise amach le do dhinneár, cha rabh gearrtha
agat acht an crann ba lugha sa choillidh.'



"Chaith an Chailleach gráinín eile chuca, agus sgiob
an coileach ón chirc é. 'Cha deanfá sin,' arsa'n chearc,
'an lá cuireadh amach thú a chur tuighe ar an sgioból.
Nuair a chuaidh mise amach le do dhinneár, cha rabh marbh
agat acht an broinndearg agus an dreolán.'



"Smaointigh sé annsin ar an Mhnaoi Ghlais. Chuaidh
sé amach agus thug isteach eadar a dhá láimh í. Pósadh
é fhéin agus an Bhean Ghlas; agus choinnigh iad an
cailín a rabh sé ina cuideachta choidhche. Rinne siad
banais a mhair lá agus bliadhain, agus charbh' fhearr an
chéad lá 'ná an lá deireannach."


L. 23


AN LUCHÓG AGUS AN FHUISEOG



"I bhfad ó shoin bhí luchóg istoigh i gcruaich choirce.
Lá amháin san earrach bhí sí ag sgiobadh amach
an choirce.



"Bhí fuiseog ag gabháil thart ar eiteoig. Cha
rabh a dhath le fagháil aici le hithe. D'iarr sí ar an
luchóig coirce a sgiobadh amach dí a fhad is mhairfeadh an
samhradh, agus nuair a thoicfadh an t-earrach go bhfuigheadh
sise a cuid don luchóig.



"Nuair a thainic an samhradh, bhí a sáith ag an fhuiseoig
agus d'iarr an luchóg beagán uirthi.



"Rinne an fhuiseog fead agus dubhairt sí nach rabh
áird aici ar an luchóig. Dubhairt an luchóg go gcuir-
feadh sí cogadh uirthi. Dubhairt an fhuiseog go rabh
sin maith go leor.



"Chruinnigh an luchóg na hainmhidhthe cheithre gcos,
agus chruinnigh an fhuiseog na héanacha a bhí ar an aer.
Bhí siad le cogadh a dheanamh os coinne doras Ríogh
Éireann.



"Bhí an luchóg trom go leor ag an fhuiseoig go
dtainic an tráthnóna. Ba annsin a shéid Rí na
hÉireann a fhídeog trí huaire ar an iolar mhór; agus
thainic an t-iolar.



"'C'áit a rabh tú nuair a shéid mé an fhídeog an
chéad uair?' arsa'n Rí. 'Bhí mé sa Domhan Thoir,'
arsa'n t-iolar. 'C'áit a rabh tú nuair a shéid mé í
an dara huair?' arsa'n Rí. 'Bhí mé ag tarraingt
ort go láidir; agus an tríomhadh huair bhí mé fa ghiota
díot.' D'éirigh an t-iolar mór annsin ar eiteoig agus


L. 24


thainic sé anuas ar an ealafant is mó ag an
luchóig agus mharbh sé é.



"Dubhairt Rí na hÉireann annsin go rabh an cogadh
bainte ag an fhuiseoig.



"Choinnigh Rí na hÉireann an t-iolar rith thrí
seachtmhainí. Mharbh sé bológ 'ach a'n lá dó. Agus
i gcoinn na dtrí seachtmhainí dubhairt an t-iolar go
rabh sé i n-am aige ghabháil 'un a' bhaile. D'fhiafruigh
sé den Rígh an rachadh sé leis. Dubhairt an Rí go
rachadh. 'Thabhair ubhla agus áirne leat ar eagla go
dtiocfadh tart nó ocras orainn.'



"Chuaidh an Rí ar chúl eiteoige an iolair. Nuair
a bhí said amuigh i lár na fairrge, dubhairt an t-iolar
go rabh sé ag éirghe tuirseach. 'Caith amach an t-ubhla,'
arsa'n t-iolar. Chaith sé amach an t-ubhla, agus d'éirigh
coillidh ubhlaí. Bhain siad oiread is bhain tart agus
ocras díobhtha. Chuaidh sé ar chúl eiteoige an iolair
aríst annsin.



"Nuair a chuaidh siad píosa fada eile, d'éirigh an
t-iolar tuirseach aríst. 'Caith amach an t-áirne
annsin.' D'éirigh coillidh áirní. Bhain siad oiread is
bhain tart agus ocras díobhtha.



"Chuaidh an Rí ar ais ar chúl eiteoige an iolair, agus
thug sé leis an Rí go dteachaidh siad a fhad le tír an
iolair. 'Téigh suas ins an teach sin thuas,' arsa'n
t-iolar 'agus fiafruigh an bhfuil cupa dubh agus cupa
bán ann.'



"Chuaidh sé suas agus d'fhiafruigh sé an rabh cupa
dubh agu cupa bán ann. Ní rabh duine ar bith istoigh
acht sean-bhean; agus dubhairt sí leis nach rabh cupa
dubh ná cupá bán ann.



"Chuaidh sé síos chuig an iolar agus d'innis dó goidé


L. 25


dubhairt an tsean-bhean. 'Téigh suas ins an dara
teach,' adeir sé, 'agus fiafruigh an bhfuil cupa dubh
agus cupa bán ann.'



"Agus chuaidh an Rí suas a fhad leis an dara teach.
Dubhairt bean an toighe nach rabh. 'Acht 'tchím,' adeir
sí, 'go dtainic an t-iolar mór 'un a' bhaile.'



"'Téigh suas,' arsa'n t-iolar, 'ins an tríomhadh
teach; agus mura bhfuighe tú iad annsin, rachaidh mé fhéin
ins an ceathramhadh teach.'



"Agus chuaidh an Rí chuig an tríomhadh teach; agus
fuair mé an cupa dubh agus an cupa bán ins an teach
sin. Nuair a thug sé don iolar iad, bhain an t-iolar
an clár den chupa dubh, agus d'éirigh cúirt agus
caisleán ann. Bhain sé an clár den chupa bhán, agus
thainic tábla bídh agus dighe ann.



"Bhí an Rí tamall maith aige agus d'éirigh sé tuirseach
agus badh mhaith leis ghabháil 'un a' bhaile. 'Tabhair
leat an cupa bán agus an cupa dubh,' arsa'n t-iolar.
'Nuair a bhéas do chos ar an tráigh agus ar an tuinn,
bain an clár den chupa dhubh agus tiocfaidh long
seoltórachta chugat.'



"Bhain sé an clár den chupa dhubh sul ar chuir sé cos
ar tuinn, agus thainic caisleán i n-áit na luinge. Cha
rabh a fhios aige goidé gheanfadh sé annsin.



"Thainic fear ruadh isteach chuige ins an chaisleán.
'Bheirfidh mé bealach duit ghabháil go hÉirinn má thugann
tú damh an mac is sine agat nuair a bhéas sé dhá
bhliadhain déag d'aois.' Dubhairt an Rí go dtabhairfeadh.



"Agus thug an fear ruadh long seoltórachta dó
le n-a thabhairt go hÉirinn; agus chuaidh an Rí 'un a'
bhaile.



'Nuair a bhí an mac a ba sine dhá bhliadhain déag


L. 26


d'aois, thainic an fear ruadh fa n a choinne. Cha rabh
a athair sásta é a leigean ar shiubhal; acht dubhairt sé
leis go leigfeadh sé an gasúr dá bhfágadh sé é mar
bhí sé ar dtús.



"Thug sé dó an gasúr agus chuaidh sé leis giota
den chasán. D'imthigh an fear ruadh agus an gasúr
as amharc.



"Nuair a thainic an fear ruadh 'un a' bhaile, dubhairt
sé leis an ghasúr go gcaithfeadh sé stábla a ghlanadh
amach nár cartuigheadh le seacht mbliadhnaibh, agus
snáthad a chaill a mháthair mhór seacht mbliadhna ó shoin
ins an stábla a fhagháil dó.



"Chuaidh an gasúr amach a chartú an stábla. 'Ach
a'n phreab a chaitheadh sé amach thiocfadh ceann eile
isteach ina háit.



"Chuaidh nighean an fhir ruaidh amach le n-a bhreicfeasta;
agus d'fhiafruigh sí de goidé mar bhí sé ag gabháil ar
aghaidh. D'innis sé dí. Thug sí sluasaid amach as
faoi a naprún. Chaith sí amach preab amháin. Chuaidh
preab i ndiaidh preibe gur glanadh an stábla uilig;
agus dubhairt an nighean: 'Nuair a fhiafróchas an
fear ruadh duit an dtearn tú sin, abair go dtearn;
agus má iarrann sé ort snáithe a chur sa tsnáthaid,
dean é.' Agus rinne sé sin.



"''Tchím,' arsa'n fear ruadh, 'nach bhfuil tú níos
measa 'ná an t-oide do mhúin thú. Caithfidh tú ghabháil
i mbárach agus baraille gan tóin a líonadh de sháile
le gabhal.'



"Bhí sé ag líonadh an bharille go dteachaidh nighean
an fhir ruaidh amach le n-a bhreicfeasta. D'fhiafruigh
sí de goidé a bhí sé a dheanamh. D'innis sé dí.



"Thóg sí deor ar bharr an ghabhail agus líon sí an


L. 27


baraille; agus dubhairt sí nuair a d'fhiafróchadh an
fear ruadh de an dtearn sé sin, a rádh go dtearn;
agus dá n-iarradh sé air an baraille a thabhairt ar ais
dó, a rádh go ndeanfadh. Agus rinne seisean sin.



"''Tchím,' adeir an fear ruadh, 'nach bhfuil tú níos
measa 'ná an t-oide do mhúin thú. Caithfidh tú ghabháil
amach i mbárach agus caisleán a thógáil is fearr bhéas
le fagháil. Cleite 'ach a'n éin bheith ina dhíon air; gan
bun cleite a bheith amach ná barr cleite isteach agus
cleite amháin ag coinneáil an tuighe 'sna súgáin.'



"Thug sé leis casúr agus liaghán. Chuir sé ceithre
clocha coirneáil. Cha rabh sé ábalta caisleán a thógáil.



"Chuaidh nighean an fhir ruaidh amach le n-a bhreicfeasta.
D'fhiafruigh sí de goidé bhí sé a dheanamh. D'innis sé dí.



"Thug sí casúr agus liaghán amach as faoi a naprún,
agus d'éirigh an caisleán.



"Thainic an fear ruadh amach tráthnóna agus
dubhairt sé: 'An dtearn tú sin?' 'Rinne,' arsa
mac an Ríogh, 'agus dá n-iarrthá orm teine a chur ann,
gheanfainn sin duit.'



"''Tchím,' adeir an fear ruadh, 'nach bhfuil tú níos
measa 'ná an t-oide do mhúin thú. Caithfidh tú ghabháil
amach i mbárach agus nead préacháin a leagan atá
cúig mhíle amuigh san fhairrge agus sluasaid a thabhairt
leat agus bealach a dheanamh amach go dtí an crann.'



"Thug sé leis sluasaid ar maidin. Thoisigh sé ar
an bhealach. Bhí an fhairrge ag líonadh siar a fhad is
bhí sé ag deanamh an chasáin.



"Thainic nighean an fhir ruaidh amach le n-a bhreic
feasta; agus d'fhiafruigh sí de goidé bhí sé a dheanamh.
D'innis sé dí. Bhuail sí sluasaid ar an tuinn, agus
thainic bealach amach go dtí an crann.


L. 28


"Chá dtiocfadh leis ghabháil suas ins an chrann.
Ghearr sise na méara dí agus rinne staighre i n-áirde go
barr an chrainn.



"Thug sé leis nead an phréacháin. Rinne sé dearmad
d'alt an mhéir bhig ag teacht anuas dó. Dubhairt
sise go bhfeicfeadh a hathair go rabh alt an mhéir bhig
caillte aici. Rinne sí miotóg agus chuir sí ar a láimh í.



"'Anois,' arsa'n fear ruadh, "tá mo nighean bainte
agat.' 'Is minic a tharla rud níos measa 'ná sin,'
arsa mac Ríogh na hÉireann.'



"Go gearr ina dhiaidh sin rinne siad réidh le himtheacht
go hÉirinn. B'fhearr leis an fhear ruadh iad a mharbhadh
ina luighe.



"Rinne an bhean óg trí toirtíní. D'fhág sí caint
le slait dhraoidheachta ag 'ach a'n toirtín aca.



"Ag imtheacht dóbhtha thug siad leobhtha snáthad mhór
agus buideál uisge agus trí choileán con.



"Nuair a mhusgail an fear ruadh, d'fhiafruigh sé an
rabh siad ina luighe. Dubhairt an toirtín a bhí ar an
dreisiúr go rabh siad ag nighe a gcos ag taoibh na
teineadh.



"Tamall beag eile ina dhiaidh sin labhair sí ar ais
leobhtha. Dubhairt an toirtín a bhí ag an teinidh go
rabh siad ag coigilt na teineadh.



"I gcionn tamaill bhig eile labhair sé ar ais leobhtha;
agus dubhairt an toirtín a bhí ag an doras go rabh
siad ag cur an bholta ar an doras.



"Nuair a mhusgail sé arais, ní rabh duine ar bith le
freagra a thabhairt air.



"Chuir sé an cú ina dhiaidh. Nuair a mhothuigh siad
an cú, chaith siad ceann de na coileáin chuici. Nuair


L. 29


a fuair an cú coileán i ndiaidh coileáin go rabh na trí
coileáin aici, phill sí 'un a' bhaile agus cha rachadh sí
amach ní ba mhó: bhí sí tuirseach.



"D'imthigh an fear ruadh agus a bhean ina ndiaidh.
Nuair a bhí siad fa ghiota díobhtha, thoisigh an talamh a
chrith fútha. Chaith siad uatha an tsnáthad agus d'éirigh
coillidh chnó.



"Phill an fear ruadh agus a bhean 'un a' bhaile fa
choinne tuaighe leis an choillidh a ghearradh. Agus
nuair a thainic siad a fhad leobhtha aríst, chaith siad an
buideál ina ndiaidh, agus d'éirigh abhainn uisge rompa
agus báitheadh an fear ruadh agus a bhean.



"Thainic mac Ríogh na hÉireann 'un a' bhaile agus
nighean an fhir ruaidh leis. Nuair a bhí siad fa ghiota
de theach an Ríogh, dubhairt an bhean óg nach rachadh sise
isteach. 'Acht,' arsa sise, 'ná leig do dhuine ar bith
póg a thabhairt duit ná cha bhíonn cumhacht agat orm
níos mó.'



"Nuair a chuaidh sé isteach, cha leigfeadh sé d'aonduine
póg a thabhairt dó. Acht d'éirigh madadh beag agus
chuir sé suas a theanga ar a bhéal agus char smaointigh
sé níos mó uirthi-se.



"Annsin d'iarr sé ar mhnaoi a bhí fa ghiota dó a phósadh.



"Bhí féasta mór aca sul a bpósfaidhe iad; agus bhí
inghean an fhir ruaidh ag an fhéasta. Agus adair sí:
'Badh mhaith liom sgéal a innse. Chan maith liom duine
ar bith labhairt a fhad is bhéas mé ag innse an sgéil.
An duine labhairfeas caithfidh sé duisín buideál fíona
a thabhairt damh-sa.'



"Thug sí léithe slat dhraoidheachta. Rinne sí coileach
agus cearc. Chaith sí gráinín coirce chuca. Phioc an
coileach é.


L. 30


"'Mo bhrón ort, a choiligh an bhuilg mhóir!' arsa'n
chearc. 'Nach bhfuil cuimhne agat ar an lá cuireadh
amach thú a ghlanadh an stábla agus a bhfuair mé snáthad
na mathara móire duit?'



"Chaith sí gráinín eile chuca. D'ith an coileach é.



"'Nach bhfuil cuimhne agat ar an lá a thóg mé an
baraille de sháile le gabhal?'



"Chaith sí grainín eile chuca. D'ith an coileach é.



"'Nach bhfuil cuimhne agat ar an lá a thóg mé an
caisleán duit?'



"'Is deas é sgéal na mná óige,' arsa'n Rí óg;
agus b'éigean dó duisín buideál fíona a thabhairt dí.



"Chaith sí gráinín eile chuca; agus d'ith an coileach é.



"'Nach bhfuil cuimhne agat go dtearn má an bealach
amach cúig mhíle san fhairrge agus gur bhain mé na
méara díom fhéin. D'fhág tú alt mo mhéir bhig 'do
dhiaidh;' agus shín sí amach an chrúb.



"Dubhairt sí annsin go rabh an sgéal críochnuighthe aici.



"Dubhairt an Rí óg go n-inniseochadh seisean sgéal
anois.



"'Bhí bocsa agam-sa,' ar seisean. Bhí eochair
leis an bhocsa a fhosgladh. Chaill mé an eochair.
Cheannuigh mé eochair úr. Charbh' fhóirstineach an eochair
í. Fuair mé an tsean-eochair ar ais. Cé aca is fearr
damh an tsean-eachair a choinneáil 'ná an eochair úr?'
'Is fearr an tsean-eochair,' arsa fear an toighe. 'Sin
an rud a chonnaiceas damh fhéin. Ar an adhbhar sin
bíodh do nighean fhéin agat-sa agus mo bhean fhéin
agam-sa.'



"Pósadh é fhéin agus nighean an fhir ruaidh. Chaith
siad banais a mhair lá agus bliadhain, agus b'fhearr
an lá deireannach 'ná an chéad lá."


L. 31


AN BHAINRÍOGHAN AGUS NA
GÉACHA.



Bhí rí agus bainríoghan ann aon uair amháin agus
bhí gach uile rud aca ar mhian le duine ar
bhith a fheiceáil. Bhí meas agus urraim fa n-a gcoinne
sa chearn den domhan ina rabh siad. Bhí dha mhac déag
aca a bhí iongantach deas.



"Acht faraor! bhí rud amháin ag cur bhuadhartha
ar an bhainríoghan, 'sé sin nach rabh nighean aici. Bhí
sé ag cur bhuadhartha mhóir uirthi agus bheadh sí ag
smaointiú air gach uile lá.



"Aon lá amháin geimhridh bhí sioc ins an aer agus
sneachta ar an talamh. Bhí an bhainríoghan ag amharc
amach ar an fhuinneoig agus 'tchí sí préachan ina luighe
ar an tsneachta agus a chuid fola thart fa dtaobh de.
D'amharc an bhainríoghan agus shíl sí nach bhfaca sí amharc
ariamh ba deise 'ná é. Smaointigh sí dá mbéadh nighean
aici a mbéadh na trí dathanna uirthi - a cuid gruaige
a bheith comh dubh le cleiteachaibh an phréacháin, a pluca
a bheith comh dearg le n-a chuid fola, agus a croiceann
comh geal leis an tsneachta. 'Bheirfinn mo chuid
mac uirthi,' ar sise. 'Is olc an smaointiú é sin,'
arsa'n glór i neas dí.



"D'amharc sí amach agus 'tchí sí sean-bhean draoidh-
eachta thíos fúithe. 'Gheobhaidh tú do thoil, a bhainríoghan,'
ar sise. 'Bliadhain ó indiu béidh nighean óg agat a


L. 32


mbéidh na trí dathanna seo uirthi, acht an lá thiocfas
sí 'un an tsaoghail caillfidh tú do dhá mac déag.'



"Bhí brón mór ar an bhainríoghan bheith ag gabháil
a chailleadh a cuid mac, acht bhí luthgháir mhór uirthi fa'n
nighin óig a bhí le bheith aici; agus smaointigh sí ina
hintinn fhéin go dtiocfadh léithe a cuid mac a shábháil.



"D'iarr sí cead ar an Rígh na mic a chur isteach i
gcaisleáin an dúin. Chuir an Rí ceist uirthi goidé
rinne na mic contráilte nuair a bhí sí ag brath ar a
leithéid de phionnús a chur ortha. Dubhairt an
bhainríoghan nach dtearn siad a dhath contráilte, acht go
rabh siad ag gabháil faidhain agus gur mhaith léithe iad
a chur isteach ins an chaisleán seo go socróchadh siad
agus nach mbéadh pionnús ar bith ortha. Go dtabh-
airfeadh sise a gcuid chuca le n-a láimh fhéin agus go
mbéadh maighistir aca le hiad a theagasg.



"Thug an Rí an cead dí. Cuireadh isteach iad ins
an chaisleán seo. Ní rabh air acht aon fhuinneog amháin,
agus bhí an fhuinneog sin i n-áirde ins na sglátaibh.



"Bhí siad annsin go cionn bliadhna go rugadh nighean
na bainríoghna. Bhí gach uile dhuine ag cruinniú chuig
an fhéasta. Chonnaic duine éigin géacha fiadhna ag
imtheacht as an chaisleán; agus cé a bhí ionnta acht
mic an Ríogh.



"D'imthigh siad leobhtha trasna na sléibhte agus ní
fhacas iad ní ba mhó. Bhíodh siad fiadhain ina dhiaidh sin
ar feadh an lae, agus thiocfadh leobhtha gabháil ina
gcosamhlacht fhéin ins an oidhche. Bhí teach beag aca a
bhfanadh siad ann san oidhche, agus chaithfeadh siad ghabháil
amach ins na sléibhtibh ins an lá.



"D'éirigh nighean an Ríogh suas agus bhí spéis mhór
ag an bhainríoghan innti. Acht nuair a bhí sí dhá bliadhain


L. 33


déag d'aois, d'fhiafruigh sí dá máthair an rabh dearbh-
ráthair nó deirbhshiúr ar bith aici ariamh. Dubhairt an
mháthair go rabh dhá dhearbhráthair déag aici, acht an lá
thainic sise ar an tsaoghal gur imthigh siad agus nach
bhfacas iad ní ba mhó.



"Bhí brón mór ar an ghirrsigh nuair a chuala sí an
sgéal aisteach seo; agus dubhairt sí go rachadh sise
go bhfeicfeadh sí a cuid dearbhráithreacha. Ní rabh a
máthair sásta ar í a leigean; acht leig sí í sa deireadh.



"Thug sí léithe bunnóg agus d'imthigh léithe trasna
na gcnoc. Shuidh sí síos sa deireadh go dtearn sí
a sgíthiste. D'imthigh sí léithe annsin agus charbh 'fhada
go dtainic sí a fhad le teach beag a bhí ag taoibh an
bhóthair.



"Chuaidh sí isteach ann, acht cha rabh duine ar bith ann.
Thainic sí amach aríst agus 'tchí sí dhá ghasúr déag ag
teacht aníos an garrdhadh. Bhí eagla uirthi ar dtús,
nuair a chonnaic sí iad ag teacht ach smaointigh sí
gurab iad a cuid dearbhráithreacha fhéin a bhí ann.
D'fhan sí ag an doras go dtainic siad aníos.



"Agus nuair a thainic siad, bhí siad ag brath ar í a
chur 'un báis, ná mhionnuigh siad go gcuirfeadh siad an
chéad chailín atchífeadh siad 'un báis. 'Ó, ná marbhaidh
mise,' arsa'n cailín. Is mé mar ndeirbhshiúr agus
tá mé ag teacht dh'amharc oraibh.' Bhí na gasraidh i
gcruadh-chás. Ní rabh a fhios aca goidé a gheanfadh siad.
Ní rabh dúil aca an mionna a bhriseadh agus ní rabh
dúil aca an deirbhshiúr a chur 'un báis.



"'Is fearr mionna a bhriseadh 'ná droch-ghníomh a
dheanamh,' arsa glór ag a dtaoibh.



"D'amharc siad thart agus 'tchí siad an bhean
draoidheachta ina seasamh i neas dóbhtha. D'aithnigh


L. 34


siad í; agus chuir siad ceist uirthi an dtiocfadh leo
fagháil réidhtighthe as an draoidheacht a bhí ortha. Dubhairt
sise leobhtha go dtiocfadh, agus gurab í a ndeirbhshiúr
fhéin a bheirfeadh as an draoidheacht iad, acht go mbéadh
sí dhá bhliadhain déag 'gha dtabhairt amach as. Agus
nach dtiocfadh léithe labhairt ná gáire a dheanamh ar
feadh an ama. Agus go gcaithfeadh sí olann a chruinniú
ins na cnuic a gheanfadh léinte dóbhtha; agus go gcaith-
feadh sí a cruinniú ins an lá agus a cárdáil ins an
oidhche agus a sníomh ins an mheadhon lae.



"D'éirigh na gasraidh ar maidin agus d'imthigh leobhtha
trasna na gcnoc; agus d'imthigh an cailín a chuartú
na holna. Chruinnigh sí lán basgáide dí agus thug
léithe 'un a bhaile é.



"D'éirigh sí lá ar n-a bhárach mar a gcéadna agus
chruinnigh sí basgáide eile. Annsin chárdáil sí é ins
an oidhche; agus d'oibrigh sí comh cruaidh sin go rabh sé
léinte deanta aici ar maidin.



"Bhí mac ríogh an Domhain Thoir amuigh ag seilg aon
lá amháin agus bhuail sé thart fa'n áit a rabh sí ina suidhe.
Labhair sé léithe agus ní thug sí freagra air; acht rinne
sí comhartha dó suidhe síos. Bhí spéis mhór aige innti,
agus badh mhaith leis í a phósadh; acht níor mhaith léithe-se
a cuid dearbhráthair a fhágáil go dtabhairfeadh sí as an
draoidheacht iad. Thainic bean na draoidheachta chuici
aríst agus d'iarr sí uirthi mac an ríogh a phósadh agus go
dtiocfadh léithe na léinte a dheanamh i gcaisleán an ríogh.



"Chruinnigh sí dhá bhasgáid olna agus d'imthigh si leis
an rígh óg; agus i gcoinn tamaill rugadh mac óg dí
agus bhí spéis mhór aici ann; acht ba droch-bhean máthair
an ríogh agus badh mhaith léithe deireadh a chur leis an
mháthair agus leis an leanbh.


L. 35


"Aon lá amháin te samhraidh bhí an bhainríoghan óg
ina suidhe insan fhuinneoig agus an leanbh ar a glúin
aici. Thainic máthair an ríogh isteach agus dubhairt
leis an bhainríoghan óig go rabh cuma thuirseach uirthi
agus go dtabhairfeadh sí deoch isteach chuici, ag deanamh
freastála dí.



"Rinne sí réidh an deoch annsin; agus comh luath is
d'ól an bhainríoghan óg é thuit sí ina codladh. Thug
an tsean-bhainríoghan léithe an leanbh annsin agus
chaith sí amach ar an fhuinneoig é.



"Thainic beathadhach allta thart agus thug leis an
leanbh ina bhéal agus d'imthigh leis.



"Annsin ghearr máthair an ríogh a méar fhéin agus
chumail sí an fhuil ar láimh agus ar bhéal na bhainríoghna
óige. Sgairt sí ar an rígh annsin agus d'fhiafruigh
de goidé an seort mná í seo a fuair sé d'íosadh a
clann fhéin.



"Dubhairt an rí annsin gurbh' fhearr í a chur ar shiubhal;
acht dubhairt a mháthair leis gurbh fhearr í a chrochadh.



"Fuair siad daoine annsin le n-a crochadh; agus
dhruid an rí é fhéin ina sheomra ar dhóigh nach mbéadh
sé ag amharc uirthi ag gabháil 'un báis.



"Chuir siad ar an ardán í annsin, agus bhí sí ag
fuagháil comh gasta is thiocfadh léithe; agus nuair a
bhí an slabhradh ag gabháil fa n-a muineál, thainic na
géacha fiadhna thart agus deifre mhór ortha. Thainic
bean na draoidheachta thart fosta agus an leanbh léithe
ina dhá láimh agus shín sí dá mháthair é. D'iarr sí uirthi
annsin léine a chaitheamh ar gach uile dhuine de na
dearbhráithreachaibh. Rinne sí seo; agus thionntuigh siad
uilig isteach ina gcosamhlacht fhéin.


L. 36


"D'innis bean na draoidheachta an sgéal ó thús go
deireadh, mar chaith máthair an ríogh amach as an
fhuinneoig an leanbh, agus gurab ise an beathadhach allta
a thóg 'un siubhail an leanbh.



"Chuaidh teachtaire chuig an rígh agus d'innis an
sgéal dó. Bhí siad ag brath ar mháthair an ríogh a chur
'un báis, acht ní leigfeadh an bhainríoghan óg sin a
dheanamh.



"Ach cuireadh ar shiubhal as an tír í; agus chuaidh
an rí agus an bhainríoghan 'un a' bhaile agus luthgháir
mhór ortha. Chuaidh a cuid dearbhráithreacha 'un a' bhaile
fosta; agus sin a gcuala mise fa dtaobh díobhtha ón
lá sin go dtí an lá indiu."


L. 37


II



EACHTRA CHLANN RÍOGH NA
hIORUAIDHE.



Bhí sin ann má's fad ó bhí. Dá mbínn-se
anois mar bhí mé an uair sin, bhéadh sgéal
úr agam nó sean-sgéal, nó bhéinn gan aon sgéal. Dá
mbéinn bodhar ní chluinfinn é, agus dá mbéinn balbh ní
innseochainn é. Agus má's olc atá sé agam-sa anocht
is mile measa bhéas sé agat-sa san oidhche i mbárach;
agus is maith an chuid den sgéal an mhéid sin fhéin.



"Bhí rí aon uair amháin san Ioruaidh agus bhí triúr mac
aige. Ba é an t-ainm bhí ortha Cod, Cead, agus Míchead.



"D'éirigh siad lá amháin amach 'san Ioruaidh a sheilg
agus thainig teas mór ortha. Bhí siad a chois na fairrge
agus b'éigean dóbhtha éirghe suas ar an chnoc bhí os a
gcionn le teas. Thoisigh siad a chaint ar Éirinn.
Shocruigh siad sa deireadh imtheacht go hÉirinn leis
an tír sin a bhaint amach agus a roinnt ina trí rannaibh.
I lár na cainte 'tchí siad an soitheach chuca ag tarraingt
ón fhairrge isteach ina trí crainn tárnochta.



"'Anois,' arsa Cod le n-a dhearbhráithreachaibh,
'gabhaidh ibhse 'un a' bhaile agus béidh mé fhéin libh amach ar
maidin lá ar n-a bhárach ar ais; agus fuireochaidh mise
annseo go bhfeice mé goidé an soitheach í sin.'



"Sheasuigh sé an talamh. Chonnaic sé chuige ag
tarraingt air í; agus 'sé r'd a bhí ann curach agus bean uasal
óg 'na seasamh i lár an churaigh. Bhí slat gheal ina


L. 38


láimh aice agus dhá ubhal déag aice agus í 'gha gcaitheamh i
n-áirde agus gan í ag leigint aon cheann amháin 'un
talaimh aca.



"Thainic sí isteach go dtainic go dtí an cladach agus
tharraing an curach suas ar an chloich 'na diaidh. Shiubhail
sí léithe go rabh sí thuas ag Cod. D'fhiafruigh sí de
c'ainm a bhí air. Dubhairt seisean gur Cod mac Ríogh
na hIoruaidhe.



"'Maise, má's tú Cod mac Ríogh na hIoruaidhe, is
tú árd-ghaisgidheach an domhain. Is mise nighean Ríogh
na Gile. Anois cuirim-sa fa gheasaibh thú agus fa chrosaibh
agus fa dhíombantas na bliadhna thú bheith ar siubhal a choidhche
go bhfagha tú bean a dheanamh damh-sa.'



"Thug sé síothadh anonn ag brath greim a fhagháil
uirthi, agus d'imthigh sí uadh. D'fhiafruigh sé dí goidé an
rud í. Dubhairt sí leis: -



'Bím seal 'm'eala caol cuain,
Seal 'mo dhobhrán i n-easaibh,
Seal 'm'each na saor-insí,
Seal 'mo ghas raithnighe,
Seal 'mo chnapán ceo,
Seal 'mo shean-chailligh,
Agus ní de na mnáibh is measa mé.'



"Thug sí léim ar shiubhal agus chuaidh sí sa churach ar
ais. D'imthigh sí léithe amach 'un na fairrge agus an tslat
gheal ina láimh aice agus í ag caitheamh dhá ubhal déag roimhpe
go dteachaidh sí amach as amharc san fhairrge. Phill
sé 'un a' bhaile annsin agus thainic sé isteach go teach a
athara. Shuidh sé síos i gcathaoir mhóir dhá láimh a bhí
ann agus rinne sé osnadh. Níor fhan a'n chnaipe ar a
corp nár réab, agus níor fhan a'n rungsa sa chathaoir nár
phléasc fa dtaobh de. Thuit sé síos fríd an chathaoir.


L. 39


Chuala a athair an tuaim a rinne sé. D'éirigh sé aníos
a fhad leis.



"'Is cosamhail d"osnadh le hosnadh mac ríogh fa
gheasaibh." 'Sílim gur sin é a athair.' 'Goidé thainic
ort?' arsa'n t-athair. D'innis sé dó goidé mar thainic
an bhean a fhad leis agus mar chuir sí faoi gheasaibh é agus mar
d'imthigh sí 'un na fairrge ar ais. 'Ó,' arsa'n t-athair,
'ná bíodh buaidhreadh ar bith ort. Cuirfimid an cabhlach
amach i mbárach, agus má tá sí le fagháil, gheobhthar í.'



"'Maise, a athair,' ar seisean, 'nuair a chluinfeas
na righthe ar gach taoibh díot gur chuir tú amach do chabhlach
'un na fairrge, níl a fhios aca cé'n ríoghacht a bhfuil
tú ag gabháil a throid léithe: rachaidh mé fhéin agus mo bheirt
dhearbhráithreacha amach le n-ar soitheach fhéin agus rachamuid
ar a lorg an bealach a dteachaidh sí.'



"Ar maidin lá ar n-a bhárach rinne siad réidh. Ghléas
siad suas a soitheach fhéin. Chuir siad lón seacht
mbliadhan isteach innti. Thug siad a tús do mhuir agus
a deireadh do thír. Thóg siad a cuid seolta



Go bocaideach go bacaideach,
Go bárr na gcrann coimheádach,
Go rabh siad ag éisteacht
Le lupadáin is le lapadáin,
Le seitreach rónta,
Le géimneach peistí mór,
Le glór na bhfaoileán bhfionn,



go dteachidh siad amach glan as amharc ar an chasán
a dteachaidh sise roimhe sin - go dteachaidh siad amach
as amharc talaimh agus áite.



"Bhí seolteoracht shé seachtmhainí agus thrí lá deanta
aca, agus Cod ag stiúradh ar an rotha, nuair d'iarr sé ar
Chead ghabháil suas go barr an chrainn agus amharc a bhfeicfeadh
sé a dhath ar thaoibh ar bith de.




L. 40


"Dubhairt sé nach rabh a dhath ar bith le feiceáil aige
acht an t-aer os cionn mhullach a chinn agus an fhairrge
ar gach taoibh de, agus go rabh go leor de sin faoi n-a shúil.



'Thainic : sé anuas agus d'iarr Cod ar Mhí-chead ghabháil
suas annsin; agus dubhairt seisean nach rabh a dhath le
feiceáil aige acht an t-aer bhí os cionn mhullach a chinn
agus an fhairrge ar gach taoibh de, agus go rabh go leor de sin
faoi n-a shúil fhéin.



"'Gabhaidh annseo go dté mé fhéin suas.'



"Chuaidh sé fhéin suas ina an chrann agus chonnaic sé an
soitheach ag tarraingt air as an áird anois. 'Ó', ar
seisean, 'leigidh 'un na gaoithe ar an bhomaite - tá
triúr chlann rí Buile agus triúr cheann rí File agus an Macán
Mór, mac ríogh na Sorcha, a dhruim leis an chrann
tosaigh agus dhá chois ag stiúradh an tsoithigh 'na dhiaidh,
ag tarraingt orainn. Má's inar n-aghaidh tá sé ag
teacht, is mór is measa dúinn é, agus má's inar leith tá sé
ag teacht, is mór is fearr dúinn é.'



"Thug siad iarraidh caitheamh 'un na gaoithe, acht bhí an
Macán Mór ar an ghaoith rompa. Luigh sé anuas ar
an mhullach ortha. D'éirigh sé ina seasamh annsin agus
fuair sé greim ar an tsoitheach bhí aca agus d'fhág sé i
gcrannóig a shoithigh fhéin í.



"'Gabh síos," arsa Cod le Cead, 'níl sé seo acht
gheall ar ar mbás a thabhairt den ocras annseo agus den
anás, agus amharc an bhfuightheá réidhteach ar bith a dheanamh.'



"Chuaidh sé síos agus bhuail sé 'na crann a rabh an soitheach
ina luighe air agus níl ann acht gur fhág sé lorg a chlaidhimh
insan chrann.



'Gabh síos,' ar seisean le Mí-chead, ' agus amharc a
ndeanfá thusa níos fhearr.' Ní thearn sé ordlach ar
bith níos fhearr é 'ná rinne an chéad fhear. Chuaidh


L. 41


sé fhéin anuas ansin agus tharraing air a chlaidheamh.
Bhuail sé an crann agus chaith sé a shoitheach naoi n-eitrin
agus naoi n-iomaire amach ar an fhairrge.



"Bhí sé 'un na gaoithe annsin ar an Mhacán Mhór.



"Chuaidh sé de léim isteach ar an tsoitheach chuige agus
fuair siad dhá ghreim go díbhirceach ar a chéile. Fuair
Cod a chur faoi ar bord. Chuir sé a ghlún ina mhullach.



"Nocht an spéir dubh os a chionn . . . Luigh sí anuas
air. Bhí fathach mór ann. Thóg sé an Macán Mór i
n-airde ins an spéir leis uadh.



"Annsin chuaidh sé fhéin agus a bheirt dhearbhráithreacha ar
a soitheach fhéin ar ais.



"'Anois,' arsa Cod, 'dá nglacmuis comhairle ar
n-athara bhéadh an cabhlach linn agus ní dheanfadh an Macán
Mór dochar dhúinn, agus nuair nár ghlacamar a chomhairle
caithfeamuid ghabháil ar ais agus a chomhairle a ghlacadh.



"D'imthigh siad leobhtha ag tarraingt 'un na
hIoruaidhe ar ais; agus chonnaic siad caisleán óir deanta
i lár na fairrge rompa agus é 'na shuidhe ar thrí colamhnaibh
airgid.



"'Amharc romhat go bhfeicfimid an bhfuil doimhneacht
romhainn isteach go dtí an caisleán.'



"Chuaidh isteach go dtí é agus shín an soitheach le taoibh
an chaisleáin.



"Chuaidh siad amach annsin agus isteach sa chaisleán, agus
bhí tábla annsin 'na luighe sa chaisleán - tábla bídh agus
dighe.



"Shuidh siad annsin agus rinne a gcuid an triúr.



"Bhí leabaidh cóirighthe i dtaoibh an toighe.



"'Éirighe,' adeir Cod le n-a dhearbhráithreachaibh, 'éirigh
agus gabhaidh a luighe.' 'Cha dtéighmidh," arsa na dearbh-
ráithreacha, 'is nach bhfuil a fhios agat nach ar thóin na


L. 42


fairrge bhéamuis ar maidin.' 'Maise,' arsa seisean,
'dá mbíodh a fhios agam-sa go mbéinn a fhad eile faoi
thóin na fairrge is tá tóin na fairrge uainn rachaidh
mé fhéin a luighe, ná tá mé tuirseach i ndiaidh na troda.'



"Chuaidh sé a luighe; agus san am a rabh sé 'na luighe
sgiordas an cat beag ribeach ruadh aníos as an phárlúr.
Níor smaointigh sé ariamh ar an chat agus chodluigh leis
go maidin. Agus ar éirghe ar maidin dó, theann ortha
agus chuaidh ar an tsoitheach ar ais agus níor stad go raibh
ag a n-athair san Ioruaidh ar ais. D'innis siad don
athair goidé d'éirigh dóbhtha.



"'Ar maidin i mbárach,' ar seisean, 'cuirfimid an
cabhlach amach uilig.'



"Ghléas ortha lá ar n-a bhárach agus chuir amach trí fichid
soitheach agus chuaidh siad amach ar an chúrsa chéadna a
dteachaidh siad an lá roimhe sin go rabh siad amuigh fa'n
tuairim chéadna a raibh siad ar an lá roimhe sin. Chonnaic
siad cabhlach soitheach ag tarraingt ortha as an áird anoir.



"Sgairt Cod le n-a chuid fear ghabháil 'un na gaoithe
uilig, go rabh an Macán Mór ag tarraingt indiu ar ais
ortha. Bhí siad réidh fa choinne cogaidh.



"Arsa Cod: 'Seo an fear mór ag tarraingt orainn.
Má's inar n-aghaidh tá sé ag teacht, is mór is measa
dúinne é, agus má's inar leith atá sé ag teacht, is mór
is fearr dúinn é.'



"Sgairteas an Macán Mór leis: 'Ní fhaca mé aon
fhear ariamh a bhfuil oiread dúile i gcogadh aige leat.
Fa choinne cuidiú leat a thainic mise indiu agus ní fa
choinne cogaidh, mar chuala mé go rabh tú i ngéibheann.'
'Má's eadh tá fáilte agat,' arsa Cod leis. 'Seo
thall oileán agus tá saidhbhreas an domhain uilig ar an


L. 43


oileán. Cuir thusa anois dhá fhichead soitheach aca sin
agus cuirfidh mise isteach ceithre fichid soitheach agus bheirfidh
siad leobhtha an saidhbhreas uilig amach chugainn.'



"Chuaidh na sé fichid soitheach isteach; agus comh tiugh agus
fuair an Macán Mór istoigh an dá fhichead soitheach
bhí beirt os cionne an duine aca agus mharbh siad uilig iad.



"'Anois,' arsa Cod, 'ní rabh mise i n-áit ariamh
nach bhfuighinn sgéala goidé bhí mo chuid fear a dheanamh
go dtí indiu. Níl mé ag fagháil feasa ar bith indiu,'
adeir sé.



"'Tá sé doiligh,' arsa'n Macá Mór, 'an saidhbhreas
a chruinniú; agus cuir isteach na fiche soitheach sin agat
agus cuirfidh mise isteach dhá fhichead. Tá sé doiligh an
saidhbhreas a chruinniú.'



"Chuir siad isteach ar ais iad; agus nuair fuair páirtidh
an Mhacáin Mhóir istoigh iad, níor fhág siad a'nduine
beo aca gan marbhadh.



"D'imthigh Cod fhéin annsin ag tarraingt ar an
oileán; agus bhí an Macán Mór istoigh roimhe. Bhí iomlán
fear an Mhacáin Mhóir eadar é agus an talamh agus é fhéin
thiar ar chúl na bhfear uilig.



"Fuair Cod iomlán a chuid fear uile-go-léir marbh
agus gan a'nduine beo aige acht é féin agus a bheirt dhearbh-
ráithreacha.



"'Goidé mar gcomhairle anois?' adeir sé leis
na dearbhráithreachaibh. 'Tá,' ar siad-san, 'a fhad is
rachamuid cead againn ghabháil.' 'Cé aca is fearr libh
ghabháil leis an Mhacán Mhór 'ná ghabháil leis an tsluagh
uilig?' arsa Cod. 'Is agat fhéin atá a fhios goidé an
bhrigh atá i mbuille an Mhacáin Mhóir, agus gabh thusa leis an
Mhacán Mhór agus rachamuid-ne leis an tsluagh uilig.'
'Gabhaidh annseo fear agaibh ar gach aon ghualainn
de mo chuid,' arsa Cod.


L. 44


"D'imthigh siad mar bhéadh trí speala ag baint ann
fríd na fir. Ghearr siad rompa go dteachaidh siad
a fhad leis an Mhacán Mhór a bhí amuigh ar an taoibh eile.



"Thoisigh Cod annsin agus an Macán Mór ar a chéile; agus
thoisigh an bheirt eile ar iomlán na bhfear ar an taoibh
eile.



"Bhí sé fhéin agus an Macán Mór ag gabháil dá chéile
go dtí go bhfuair sé a chur 'un talaimh agus a ghlún a chur
ar a mhullach.



"Annsin nocht an spéir os a chionn dubh, agus thainic
an fathach mór anuas agus thóg sé i n-áirde an Macán Mór.



"Ar a éirghe i n-áirde ó thalamh dó, thuit ubhal dearg
amach as a phóca. Fuair Cod greim ar an ubhal agus chaith
sé suas air é agus thuit sé marbh ar an talamh.



"Bhí an Macán Mór ina luighe marbh annsin aige.
D'amharc sé thart fa dtaobh de go bhfeicfeadh sé goidé
bhí a bheirt dhearbhráithreacha a dheanamh, agus ní fhuair aon
duine beo ina sheasamh ar an talamh nach rabh marbh
uilig.



"Rinne sé both; agus bhí sé tuirseach marbh nuair a bhí
sé deanta aige. Tharraing sé na cuirp isteach i mullach
a chéile agus luigh sé fhéin istoigh ina lár. Chonnaic sé an
fheannóg charrach ag tarraingt air.



"'Goidé thug thusa annseo?' 'Tá,' ar sise, 'seo
brat atá liom chugat, agus tochail uaigh agus cuir do bheirt
dhearbhráithreacha san uaigh. Annsin spréidh an brat
os a gcionn; agus dá mbéadh siad annsin go cionn chúig
mbliadhan béidh siad chomh húr is tá siad indiu.'



"Rinne sé sin leobhtha - chuir iad agus chuir an brat ortha.



"Chuaidh sé isteach insan bhoith ar ais. Nuair a bhí
sé istoigh ar ais ina luighe, chonnaic sé an cruitíneach
ag teacht chuige.


L. 45


"'Do dhona is do dhothairne ort, a chuitínigh bhig
mhíofuir, goidé thug thusa annseo?' 'Tá,' ar seisean,
'mise cruitíneach d'athara, agus chuir sé annseo mé go
bhfeicfinn goidé a bhí ag éirghe daoibh.' 'Maise,' ar
seisean, 'thig leat a innse do m' athair go bhfuil mo
bheirt dhearbhráithreacha marbh annseo agus nach bhfuil agam
acht mé fhéin.' 'Cha dtig liom-sa ghabháil 'un a' bhaile,'
arsa'n cruitíneach, 'agus sgéal bacach in mo bhéal liom
go dtí go bhfeice mé fhéin marbh iad.'



"Chuaidh sé amach agus d'fhosgail sé an uaigh ar ais don
chruitíneach agus thóg sé an brat díobhtha.



"Nuair a chonnaic an cruitíneach marbh an bheirt,
thuit sé fhéin síos marbh 'na mullach.



"'A chruitínigh bhig nádúrdha, cuirfidh mise do chuid
den bhrat ort comh maith le duine.'



"Chuir; agus dhruid suas an uaigh aríst. Chuaidh isteach
annsin agus shuidh insan áit chéadna istoigh san bhoith.



"Nuair a bhí sé istoigh, chonnaic sé an chailleach ag
tarraingt air. Bhí dhá chlár-fhiacail a bhí aice ag
deanamh croisíní dí agus an ghruag a bhí ar a cionn ag
forsú an talaimh 'na diaidh.



"'Do dhona agus do dhothairne ort a shean-chailleach
mhíofur ba ghráice is ba mheirgighe chonnaic mé ariamh,
goidé an trioblóid nó an buaidhreadh atá tú ag brath
ar thabhairt damh-sa agus mé dona go leor?" 'Troid nó
airgead.' 'Do dhona agus do dhothairne ort, a chailleach,
má théighim a throid leat, deirfidh tú gur cruas póca
atá orm; agus má bheirim airgead duit, deirfidh tú gur
eagla atá orm romhat; agus do dhona agus do dhothairne ort,
tóg fhéin do rogha, a chailleach. 'Níl ceachtar aca de
dhíoghbháil orm, acht chuala mé go rabh tú san anás
annseo, agus thainic mise le fuasgladh agus dídean na
hoidhche anocht a thabhairt duit.


L. 46


"Thug sí léithe é isteach i n-uamhaigh dhorcha; agus nocht
an caisleán istoigh insan cheann eile de'n uamhaigh ba
bhreaghtha thiocfadh leis a fheiceáil.



"'A chailleach, goidé bheir istoigh annseo thú?'
'Tá,' adeir sise, "le heagla roimhe an Mhacán
Mhór.' 'Maise,' adeir sé, 'tá an Macán Mór marbh.
Mharbh mise é, agus má théid tú liom taisbeánfaidh mé
duit an áit a bhfuil sé marbh.' 'Maise, dá rachamuis
go dtí an áit a bhfuil sé, ní leigfeadh an fuath damh
amharc air marbh.'



'Fuair sé a shuipeár annsin.



"'Anois,' arsa'n chailleach, 'cé aca a b'fhearr leat
cuideachta nó bheith mar atá tú go maidin?' 'Is fearr
liom cuideachta,' arsa Cod.



"Thug an chailleach léithe slabhradh agus bhuail sí i
gclúdaigh na mónadh é. Rinne sí dhá cailligh dhéag ba
ghráice is ba mheirgighe chonnaic sé ariamh. 'Tóg uaim
iad sin go tapaidh ná bainfidh mé an ceann díobhtha,'
arsa Cod. 'Ná bain an ceann díobhtha agus bheirfidh mise
tuilleadh cuideachta duit.'



"Bhuail sí an slabhradh i gclúdaigh na mónadh aríst;
agus rinne sé dhá chailín déag de chailínibh dóigheamhla ba
deise a chonnaic Cod ó d'fhág sé an baile.



"'Coinnigh iad sin a fhad is mian leat agus bheirfidh mé
do rogha aca duit,' arsa an chailleach. Rinne sé a
rogha; agus goidé tharla air acht nighean Ríogh na Gile.



"Chuaidh sé a luighe; agus nuair d'éirigh sé ar maidin,
chuaidh sé a fhad leis an chailligh aríst: 'Nár chóir, a
chailleach, tusa a bhfuil oiread agat is tá, go mbéadh
íoc-shláinte agus a gheanfadh daoine a bhéadh marbh beo.'
'Maise, bhí sin agam,' adeir sí, 'acht goideadh uaim í.'
'Cé ghoid í?' arsa Cod. 'Ghoid Rí na Coilleadh
uaim í.' 'Cá bhfuil Rí na Coilleadh 'na chomhnuidhe?' ar


L. 47


seisean. 'Gabh go béal na huamhacha agus lean do lorg a
chapaill agus bheirfidh sé go dtí an dorus chuige thú.'



"D'imthigh leis ar lorg an chapaill; agus thainic sé go
dtí an dorus agus d'amharc isteach ar pholl na heochrach
agus chonnaic sé 'na shuidhe a chois na teineadh é.



"Dar leis fhéin: 'Má iarraim fosgladh, béidh tú 'do
sheasamh agus níl a fhios agam goidé an t-arm a bhéas
leat'; agus chuir sé a ghualainn leis an doras agus chaith
sé an chomhla an taobh eile den teach.



"D'éirigh an fear a bhí istoigh ina sheasamh agus fuair
an bheirt dhá ghreim ar a chéile. Chuir Cod 'un talaimh
é agus chuir sé a ghlún ina mhullach.



"'Árú"! arsa'n fear a bhí ina luighe, "is tú an
fear ba tíoránta chonnaic mé ariamh. Char fhiafruigh
tú dhíom goidé a bhí a dhíoghbháil ort acht ghabháil a throid
ar an chéad iarraidh liom.' 'Tá mé ag iarraidh na híoc-
shláinte ghoid tú ón chailligh,' arsa Cod. 'Níl sin
agam nuair a goideadh uaim fhéin í,' arsa seisean.
'Ce ghoid í?' 'Rí an tSléibhe,' arsa'n fear eile.
'Cá bhfuil an áit a bhfuil Rí an tSléibhe 'na
chomhnuidhe?' arsa Cod. 'Tá,' ar seisean, 'sin amuigh
lorg a chapaill ag an dorus, agus má leanann tú lorg
an chapaill, bheirfidh sí go dtí an dorus chuige thú.'



"D'imthigh sé leis ag tarraingt air; agus thainic
sé go dtí an dorus chuige. Bhí sé 'na shuidhe ag a
shuipeár ag ithe an chuid a b'fhearr den fheoil agus ag
caitheamh an chuid a ba mheasa thar a ghualainn. Bhí
cailín óg 'na suidhe ar an taoibh eile den teinidh. Bhí
lorgaid insan teinidh aige-sean agus seacht n-ubhal nimhe
uirthi.



"Chuir Cod a ghualainn leis an doras agus chaith sé an
chomhla trasna an taobh eile.


L. 48


"D'éirigh an fear a bhí istoigh 'na sheasamh agus bhí an
lorgaid as an teinidh leis. Thoisigh Cod air agus
chaith sé ubhal den lorgaid le n-a chlaidheamh agus níor
stad sé gur chaith sé hubhla dí. Bhí sé ina sheasamh leis
an bhac aige agus chuir fé a chlaidheamh roimhe trasna fríd
a chorp. Thuit sé anuas sa mhullach air; agus an t-ubhal
a bhí ar bharr na lorgaide bhuail sé isteach i meall na
coise é agus thuit sé marbh i lár an toighe.



"Dar leis an chailín óg bhí 'na suidhe ar an taoibh
eile den teach: 'is mór an truaighe do bhás;' agus
d'éirigh sí agus thug léithe an tubán a rabh an íoc-shláinte
ann agus thom sí bratóg a bhí aici thart i bhfeireadh an
tubáin agus chumail sí thart i meall choise Choid é. D'éirigh
sé slán folláin aríst ina sheasamh. Shuidh sé síos
agus d'fhiafruigh sé dí goidé thug ise annsin.



"'Tá,' arsa sise, 'pósadh mise agus m'fhear ar a chéile
a'n bhliadhain amháin; agus oidhche na bainse thainic an fear
seo isteach, agus an fear a rabh an greim ina bhéal aige
níor leig an eagla dó a shlugadh agus an fear a rabh an
greim ina dhórn níor leig an eagla dó a chur ina bhéal;
agus thóg sé seo mise amach ó ghualainn m'fhir fhéin
agus thug sé leis annseo mé. Annsin chuir mise geasa
air gan sgéal mná bheith aige orm go cionn lá-agus-
bliadhain; agus tá an bhliadhain chóir istoigh anois, agus
is maith liom marbh é.



"'Anois,' arsa Cod, 'goidé d'éirigh den íoc-shláinte
bhí aige?' 'Ó, aréir a bhí an cath mór annseo fa
dtaobh dí,' arsa sise. 'Tugadh uadh uilig í acht an
mhéid a bhí i bhfeireadh an tubáin a léigheas thusa.' 'An
bhfuil a fhios agat cé thug leis í?' 'Níl a fhios agam
acht gur ubhairt sé gurab é Rí na Foraoise a bhí ag
tarraingt air.' 'Agus chan fhuil a fhios agat cá bhfuil


L. 49


Rí na Foraoise?' 'Níl a fhios agam,' arsa sise.
'Rachaidh mé ar a lorg ar sgor ar bith; agus fan thusa
annsin go bpille mise ar ais.'



"Shiubhail sé leis; agus bhí páirc mhór mhiodúin taobh
thiar den teach. Fuair sé seisear fear ina luighe ann
agus iad ag saothrú an bháis. Bhí péire buatais ar
fhear aca; agus bhí a chuid buatais fhéin chóir caithte ag
Cod ó d'fhág sé an baile. Dar leis fhéin: 'D'fhóirfeadh
siad seo damh.'



"Chuir sé a lámh síos agus fuair sé greim ar bhuatais
'gha baint de. Tharraing sé sin a chos agus thug sé cic
dó agus chaith sé ar chúl a chinn amach uadh é.



"Dá mbítheá agam-sa fa'n am seo indé ní bhéitheá
ábalta ar an bhuatais a bheith leat uaim. Níl sé sa
domhan indiu fa'n am seo indé aon fhear a bhainfeadh
an bhuatais de mo chois acht aon fhear amháin.'



'Cé an fear é sin?' arsa Cod. 'Tá, Cod mac
Ríogh na hIoruaidhe.' 'Maise,' arsa Cod, 'sin an fear
atá agat.' Má's tusa Cod mac Ríogh na hIoruaidhe is
tú árd-ghaisgidheach an domhain; agus goidé a bhfuil tú
'na dhiaidh?" 'Tá, an íoc-shláinte atá ag Rígh na
Foraoise.' 'Maise, tá dúil agam nac bhfágann tú
mise in mo shuan annseo má fhaghann tú an íoc-shláinte.
Tabhair leat na buataisí.'



"'C'ainm thusa?' arsa Cod leis. 'Mise Cliabhán
Ghúingheal mac Ríogh na Gile.' 'Anois,' adeir sé,
'níl agat acht seasamh os cionn na mbuatais agus ní
heagal duit nach siubhailfidh siad fhéin.'



"Chuir sé air na buataisí agus d'imthigh leis. Bheireadh
sé cnoc de léim agus malaigh de thúslóig go dtí go
dtainnic sé an bharr cnuic agus é tuirseach.



Shuidh sé síos a dheanamh a sgíthiste. Bhí log thíos


L. 50


faoi an chnoc; agus chonnaic sé an colmán geal ag
éirghe aníos as lár locha a bhí ann agus ag imtheacht leis
i n-áirde ins an spéir; agus ní fada go bhfaca sé
ceann eile ar an tsiubhal chéadna. Dar leis fhéin:
'Caithfidh rud éighinteacht bheith ar thóin an locha.'



"D'éirigh sé de léim ina sheasamh agus chuaidh de
léim síos san áit a bhfaca sé an colmán ag teacht
aníos; agus fuair sé caisleán thíos ar thóin an locha
bhí deanta d'umha agus bean óg ina seasamh ag an teinidh
agus sgian ina láimh agus maide adhmaid agus í ag
gearradh slisneacha de.



"D'fhiafruigh sé dí goidé thug annsin í; agus
dubhairt 'si leis go rabh sí ag suirghe le beirt chlann
ríghte. 'Agus,' ar sise, 'pósadh ar fhear aca mé; agus
athair an bhuachalla eile d'imthigh agus chuir sé faoi
gheasaibh é agus rinne sé colmán de agus d'fhág sé 'na shuidhe
ar bharr gheabhta m'athara é. Agus,' ar sise, 'ní rabh
mise a fhágháil oidhche ná lá acht 'mo shuidhe ag bun an
gheabhta ag coimheád air. Annsin d'imthigh m'athair agus
rinne se an caisleán seo damh agus d'fhág sé annseo mé
ag gearradh slisneacha agus ag deanamh colmán díobhtha.'
"C'ainm atá ar d'athair?" "Rí na Foraoise," ar sise.
'Anois,' adeir sé, 'bheirfidh mise m'fhocal ríoghamhail
duit, má chuidigheann tú liomsa an íoc-shláinte atá ag
d'athair a fhagháil, go gcuideochaidh mise leat na geasracha
atá ar d'fhear a sgaoileadh.' 'Siubhail leat,' ar sise.



"D'imthig an bheirt le chéile agus níor stad siad
go rabh siad ag teach a hathara, Rí na Foraoise.



"'Gabh isteach anois agus iarr buaidh na Foraoise.



"Shin an Rí tuagh dó as a láimh.


L. 51


"'Gabh amach anois,' adeir sé, 'agus bain slis den
chrann sin amuigh.'



"Chuaidh sé amach; agus an chéad shlis a bhain sé anuas
thuit sé ar an talamh agus d'fhás crann i n-áirde aisti
bhí comh ramhar leis an crann bhí sé a bhuaileadh. Bhuail
sé slis eile anuas agus d'fhás crann eile an dóigh chéadna
go rabhthar 'gha cheangal istoigh fa dtaobh den chrann.



"Thainic sise isteach annsin a fhad leis agus sháith
sí a naprún faoi an tslis agus thug sí dó i gcúl a dhuirn í.



'Gabh isteach anois,' ar sí, 'agus tá buaidh na foraoise
leat.'



"Chuaidh sé isteach agus shín sé dó as a láimh í.



"'Tchím,' adeir sé, 'tá buaidh na foraoise anois
agat. Goidé tá a dhíoghbháil anois ort?' 'Tá, an
íoc-shláinte a ghoid tú ó Rígh na Coilleadh.' 'Maise,
níl sin agam anois. Aréir ghoid cat na Saor-insí
uaim í.'



"Chuaidh sé amach agus d'innis sé don mhnaoi a bhí amuigh
goidé hubhradh leis.



"'Anois,' ar sise, 'tá cat na Saor-insí thall ag an
chailligh san áit a d'fhág tú agus tá do bheirt dhearbh-
ráithreacha deanta beo aici agus an cruitíneach; agus
imthigh thusa anois comh tiugh is tigh leat agus gabh anonn
a fhad leobhtha.'



"D'imthigh sé leis agus níor stad go rabh sé ag
an chailligh; agus bhí a bheirt dhearbhráithreacha 'na suidhe
a chois na teineadh agus ise ar an mhnaoi ba dóigheamhla
bhí sa domhan san am sin 'na suidhe fosta ann.



"D'fhág sé annsin ise. Bhí iomlán na híoc-shláinte
aici; agus d'fhan sé ann go maidin.



"Ar maidin lá ar n-a bhárach bhog leis an casán
céadna agus an íoc-shláinte leis go dtainic sé go


L. 52


dti Cliabhán Glúingheal mhac Ríog na Gile bhí ina luighe
marbh. Chumail sé an íoc-shláinte dó, agus d'éirigh
sé 'na sheasamh slán folláin.



"'Anois,' adeir sé le Cod, 'goide tá ag cur
bhuadhartha ort?'



"D'innis Cod dó go gcaithfeadh sé ghabháil agus
na geasa a gheall sé a sgaoileadh.



"'Béidh mise leat.'



"'Shiubhail an bheirt leobhtha agus níor stad siad go
rabh siad ag teach an ríogh a chuir geasa ar fhear nighean
Ríogh na Foraoise. Chuaidh an bheirt isteach go cródha
fríd arn a bhí fa'n teach aige agus char leig an eagla
d'aonduine lámh a thógáil ina n-éadan. Chuaidh siad
ar an dara lámh isteach go rabh siad istoigh ag an rígh
ina phárlur, agus bhris siad rompa. Chuir siad an
claidheamh ar a mhuineál agus d'iarr siad air na geasa
sin a chuir sé a sgaoileadh.



"Dubhairt sé leo gur sin rud a bhí doiligh a dheanamh:
go rabh tobar sa domhán thoir agus cailleach 'na seasamh
i lár an tobair agus go rabh trí ghráinín eorna ar thóin
an tobair; agus go dtaomfaidhe iomlán an uisge aníos
fríd an chailligh agus go dtriomóchaidhe an tobar;
annsin go dtógfaidhe na trí ghráinín eorna bhí ar thóin
an tobair agus go dtabhairfidhe le hithe don cholmán
iad; agus annsin bhí na geasa sgaoilte.



"'Anois,' arsa Cliabhán Glúin, gheal mhac Ríogh na
Gile, 'tabhair damh-sa na buataisí agus ní bhéidh sé i
bhfad go rabh mise ar ais.'



"D'imthigh sé leis agus bhain sé an ceann den chailligh
agus thaom an t-uisge aníos fríthe agus fuair na trí
ghráinín eorna ar thóin an tobair agus thainic leis go
géar gasta go rabh sé ag teach Ríogh na Foraoise. Thug


L. 53


sé do Chod iad ar a bhois; agus chuaidh Cod go dtí an
geabhta agus shín ar a bhois don cholmán iad; agus
comh tiugh agus d'ith an colmán iad bhí na geasa sgaoilte.



"Bhí sé annsin mar bhí sé an chéad lá ariamh. Bhí
sise 'na suidhe ag bun an gheabhta agus d'éirigh an fear
anuas chuici.



"Bhí grádh mór aici ar a fear agus bhí oiread eile
aici ar Chod as an ghaisgeamhlacht a rinne sé.



"D'imthigh Cod leis annsin - é fhéin agus mac Ríogh
na Gile - agus níor stad siad go rabh siad sa teach
seo ar fhág siad an bhean óg 'na ndiaidh ann ag Rígh
an tSléibhe.



"'Cé aca is fearr leat ghabháil anois go dtí an
ríoghacht a d'fhág tú nó fuireacht agam-sa?' 'Cha
dtéighim a choidhche go dtí an ríoghacht sin a d'fhág mé.'
'Bí ag teacht,' ar seisean.



"D'imthigh siad leobhtha agus níor stad go rabh siad
ag an chailligh ar an oileán. Thug leis a bheirt dhearbhráith-
reacha agus cat na Saor-insí agus cliabhán Glúin-
gheal mhac Ríogh na Gile agus chuaidh siad go dtí an
soitheach. Níor stad go rabh siad san Ioruaidh ar ais.



"Pósadh é fhéin agus cat na Saor-insí ar a chéile.
Phós sé Cliabhán Glúingheal mhac Ríogh na Gile agus
an cailín seo thug sé leis as an teach.



"Bhí banais aca a mhair lá agus bliadhain, agus bhí
an lá deireannach comh maith leis an chéad lá."


L. 55


CHÚCHULAINN.



"Bhí sin ann agus má's fada ó bhí, dá mbéinn-se
ann an uair sin ní bhéinn ann anois, dá
mbéinn bodhar ní chluinfinn é, dá mbéinn
balbh ní chanfainn é, acht mar nach rabhas ariamh gan
sgéal úr nó sean-sgéal, mura gcluininn aon sgéal
chumfainn fhéin sgéal; agus nár mhaith an chuid den
sgéal sin!



"Teacht dheirg an dá néal maidin shamhraidh a bhí ann
insan aimsir chian-aosta. Níor luaithe chonnaic Conall
Cearnach ball bán ar an lá 'ná sgairt ar a cheithre
fearaibh déaga bheith léim 'na suidhe i bhfaiteadh na súl.
Chroith siad-san iad fhéin suas as an tsuan ina rabh
siad agus siud iad ag deanamh réidh fa choinne lá
sealga. Nuair a bhí siad gléasta le haghaidh a n-astair,
agus greim bídh caithte aici, bhí an lá go díreach glan.
Maidin dheas ghruamdha a bhí ann. Bhí sé comh ciúin
is nach mbogfadh ribe ar do chionn. Amach leis an
tsluagh. Rinne Conall fead ghlaice ar an chonairt
agus shín leo.



"Shiubhail leo - seal ag sodar agus seal ag géar-
choisidheacht - go dtainic siad go maol-chnoc beag glas.
Sheasuigh siad annseo ar feadh tamaill bhig agus
bhreathnuigh siad ins na ceithre háirdibh fichead. Ní rabh
beo ná ceo le feiceáil aca ar a n-amharc nó ar a
n-éisteacht. Fa dheireadh tugaidh Conall ruball a
shúile síos gleann a bhí ina luighe rompa agus 'tchí sé
eadar é agus léas an eilit mhaol ar chosaibh i n-áirde,


L. 56


agus an gadhar caol sleamhain cluas-leathan donn
ag tafann go géar ar a lorg.



"Le sin d'imthigh siad - fir, agus conairt - sa tóir.
Is cuma céaca, le sgéal fada a dheanamh goirid agus
ceann goirid a dheanamh maith, lean siad an eilit
fríd choilltibh is ghleanntáin go dteachaidh grian i
bhfairrge tráthnóna, agus d'imthigh sí ortha dá n-aindeoin.



"Nuair a bhí an rása tugtha shuidh siad síos agus a
fhonn ortha, mar bhí siad tuirseach ocrach i ndiaidh an
lae. Bhí sé ró-mhall le smaointiú ar an bhaile a bhaint
amach ar shiubhal na hoidhche; agus rinne siad amach
eatortha fhéin ghabháil go dtí an chéad teach a chasfaidhe
ortha agus fosgadh na hoidhche a iarraidh.



"Seal gearr dóbhtha ag tarraingt a gcos ina ndiaidh
go bhfaca siad solus i bhfad uatha. Shiubhail leo go
dtainnic go dtí an teach a rabh an solus ann. Chuaidh
Conall suas agus d'iarr fosgladh. Thainic fear an
toighe go dtí an doras agus chuir amach a cheann. 'A
fheara breaghtha,' ar seisean, 'nach an-tráthach atá sibh
ar mar gcois, nó an misde damh a fhiafruighe goidé
an seachrán a sheol 'un mo thoighe sibh?' 'Maise, leoga
ní miste,' arsa Conall, ag toiseacht agus aga innse dó
goidé an taisme bhain díobhtha. 'Agus,' adeir sé,
'má thig leat a dheanamh ar dhóigh ar bith, ná heitigh sinn
fá dhídean an toighe go dtara solus an lae. 'Maise,'
arsa fear an toighe fríd a fhiaclaibh, 'ní mór mo ghléas
le fosgadh a thabhairt daoibh anocht. Is truagh gurab
í an oidhche chorr chointíneach a thainic sibh trasna orm.
Tá bean an toighe ag éileamh nach n-aithnigheann sí í
fhéin go maith anocht, agus ar an ádhbhar sin ní fhóireann
sé truisgneach ar bith a chur ar bun fa'n áit. 'Na dhiaidh
sin, is i ndiaidh gach ní, is deacair ordú daoibh an tslighe


L. 57


a bheith agaibh an uair atá ann; ach gheanfad mar seo
an sgéal; tá sgioból thíos annsin agus neart cocháin
ann. Thig libh teine a bhuaileadh suas; agus má's fearr
libh sin 'ná ghabháil i gcionn an bhealaigh 'un a' bhaile,
tá sé le fagháil agaibh agus fáilte.' 'A sheacht n-anam
do chliseog, a chuirp an duine uasail!' arsa Conall.
"Nach sinn atá seasta acht coirneál ar bith a fhagháil le
n-ar gcionn a leagan air agus ar sgíthiste a dheanamh
go maidin.'



"Chuaidh Conall agus na fir eile a bhí leis isteach
san sgioból, chroch a gcuid claidhmhtheach thart ar na
ballaibh, bhuail suas teine i lár an urláir, chóirigh
sráideoga cocháin thart ina dtimcheall, shín iad féin
síos, agus thoisigh an sgéalaidheacht.



"Chuaidh gach seort ar aghaidh mar d'iarrfadh a mbéal
a bheith nó go dtí i dtráthaibh an mheadhon-oidhche. Go
díreach, nuair a bhí a leath 'gha socrú fhéin thart 'un suain,
níor fhan aon chlaidheamh amháin ar an bhalla nár léim
amach as a truaill go dtearn siad carnán i lár an
toighe.



"Croith 'ach a'n fhear é fhéin suas. Thochais cuid a
súile ag sílstin gur ag brionglóidigh a bhí siad. Acht
d'iarr Conall i mbomaite duine imtheacht agus tuairisg
a thabhairt ionns'ortha goidé mar bhí bean an toighe.
Amach leis an teachtaire, agus níorbh' fhada go dtainnic
isteach ar ais le sgeala go rabh biseach ar an mhnaoi,
go rugadh mac dí taobh istoig de cheathramha na huaire.



"Ar a chluinstin seo do Chonall Chearnach, amach
leis agus bhreathnuigh réalt a bhí, ó am go ham, ag cur
a cinn amach fríd an cheo. Nuair a thainic sé isteach,
fiafruigheadh de cé rabh sé. 'Tá,' ar seisean, 'bhíos
amuigh ag breathnú uaim ins na spéarthaibh. Chonnaic


L. 58


mé réalt eadar dall is dorchadas, agus má chonnaic
fhéin is gruamdha a dreach.' 'Goidé a thuig tú aisti?'
arsa'n chuid eile. 'Is ró-mhór m'eagla go ndóirtfear
fuil go fras ar féar le linn an ógánaigh a thainic 'un
tsaoghail anocht. Fásfaidh sé aníos ina laoch neartmhar
thréan; agus nuair nach mbíonn ann acht mulachán gasúra
béidh mórán de ghaisgidheachaibh Éireann ar fearr leo
ghabháil le n-a thaoibh 'ná ghabháil ina dheabhaidh. Cinnte
ní bhéidh sé saoghalach, acht rachaidh a gháir níos fuide
'ná rachas a chos. Is iomdha briseadh fuilteach a mbéidh
lámh aige ann; agus níl feidhm a rádh an té a mbéidh
sé ina leith gur fearrde dó é, agus an té a mbéidh sé
ina aghaidh gur misde dó é.'



"Nuair a chríochnuigh an chaint seo, chuir na fir a
gcomhairleacha i gcionn a chéile agus rinne amach nach
mbéadh dóigh ar bith leis an mhac óg seo bheith ina leith
'ná é a thabhairt leo agus a thógáil. Annsin dar leo
fhéin: 'Béidh sé inar dtaoibh nuair a thiocfas ann dó
sleagh agus claidheamh a láimhdeachas.'



"Ní rabh de sin acht sin an oidhche sin go dtainic an
mhaidin. Ar maidin chuaidh Conall a fhad le lánamhain an
toighe agus d'iarr an leanbh ortha. 'Bhéarfad-sa,'
ar seisean, 'tógáil mo chloinne fhéin dó; agus is
maith liom agam é mar tá mé cinnte gur ádhbhar maith
fir atá ann.' Bhí Conall Cearnach i n-árd-chéimidheacht
san tír an tráth seo agus mórán sílte dó ag uasal
agus ag íseal. Mar sin de fuair sé an leanbh, thug
sé leis é 'un a' bhaile, agus d'fhág ar oileamhain é ag
banaltra.



"Ní rabh an leanbh i bhfad - dálta 'ach a'n leinbh - os
cionn bliadhna nó mar sin - go dteachaidh sé a choisi-
dheacht. Bhí Conall an-chúramach fa dtaobh de. Nuair


L. 59


a bhíodh sé ag siubhal amuigh sa lá, bhíodh an leanbh leis
ar a ghualainm nó ar ghreim láimhe. Ní rabh athair ariamh
comh ceanamhail ar a mhac is bhí Conall Cearnach ar a
dhálta. Ba é an t-ainm tugadh air ag na daoinibh
'leanbán Chonaill'; agus níor leas-ainm é, ná is
annamh áit a mbéadh Conall nach mbéadh an tachrán ina
chosamar.



"D'éirigh an 'leanbán' aníos ins bhuachaill nó go
rabh sé seacht mbliadhna d'aois; agus cheana féin ní
rabh moill aithne go ndeanfadh sé fear maith nuair a
thiocfadh tuilleadh dá bhliadhantaibh.



"San am sin bhí nighean de Chulann gabha dá pósadh;
agus fuair maithe agus mór-uaisle na Craobhruaidhe
go huile cuireadh 'un ba bainse. Acht goidé rinneadh
acht dearmad a dheanamh de 'leanbán Chonaill' nuair
a bhí na curthacha dá dtabhairt. Níor samhluigheadh go
mbéadh spéis nó suim ag an ghasúr óg seo bheith imeasg
sean-laoch, nó go mbéadh toil ar bith aige go fóill dá
gcuid comhráidh.



"'A athair,' arsa'n gasúr - ná ní thugadh sé áthrach
d'ainm ar Chonall an t-am seo - 'rachad-sa leat
anocht 'un na bainse.' 'A thaisgidh,' arsa Conall,
'cá mbéitheá ag gabháil? Bhéitheá tuirseach ag éisteacht
leo sul a mbéadh leath na hoidhche caithte.' 'Ní bhéinn,'
arsa'n gasúr. 'Badh mhaith liom na laochraidh a chluinstin
ag aithris a gcuid tréathra gan trácht ar Chulann a
fheiceáil i gcionn uird ar inneoin.' 'A leinbh mo
chroidhe,' arsa Conall, nuair a chonnaic sé nach rabh dul
taobh anonn de aige, 'a leinbh mo chroidhe, ní fhuair tú
cuireadh annseo agus ní thig leat ghabháil. Deirfidhe
nach rabh ionnat acht stucaire dá smaointeochá ghabháil
'un cuirme gan cuireadh. Fan mar atá tú anocht


L. 60


agus béidh tú lán comh fada ar aghaidh, ná deirtear
gur deireadh gach cuirme a cáineadh.'



"Ní rabh focal le rádh ag an ghasúr; agus b'éigean
dó fanacht mar bhí tamall beag eile.



"Le coim na hoidhche d'imthigh Conall agus na huaisle
eile, ghléas a gcóiste, agus ní thearn stad mara ná
mór-chomhnuidhe nó go dtainic go toigh an ghabha. Chuir
an gabha fáilte charthannach rompa, agus leag isteach
fútha bord bídh agus dighe. 'Sul a mblaisfimid biadh
nó deoch,' ar seisean, 'an bhfuil sibh uilig istoigh?'
Dubhairt Conall Cearnach go rabh, go dtainic iomlán
isteach i gcuideachta a chéile. 'Ó tharla istoigh sibh,'
arsa'n gabha. 'bhéarfad a ceann don choin, agus a'n
uair amháin a gheobhas sise í fhéin sgaoilte taobh amuigh
den dún is truagh liom-sa an té a thiocfas ina casán
go maidin.'



"Le sin sgaoileadh an cú agus amach léithe. Shuidh
an bhuidhean thart. D'ith agus d'ól siad agus bhí ar a
sáimhín suilt ag ceol, ag damhsa, agus ag gach seort
eile spóirt agus grinn dá rabh i bhfeidhm san am.



"Tá tamall ó shoin d'fhágamar 'leanbán Chonaill'
leis fhéin agus é mí-shásta trom-chroidhtheach, oir ba é
seo an chéad uair a chuaidh Conall 'un cuirme gan é.
Acht dar leis fhéin nach mbéadh sé fágtha an oidhche seo
acht oiread. Ní thearn sé acht smaointiú gur chóir dó
lorg an chóiste a leanstan go toigh Chulainn gur éirigh
sé 'na sheasamh, gur bheir greim ar a chamán agus ar a
chnaig, agus gur imthigh 'sna feathaibh fásaigh ag tarraingt
'un na bainse.



"Níorbh' fhada a bhí sé fa shiubhal ghéar go bhfuair
sé é fhéin comhgarach do dhún Chulainn. Le sin 'tchí an


L. 61


cú é, agus tugaidh sí léim ag fealltach air. Acht
níor chríonna an cat 'ná 'n coimheádaidhe: bhuail an
gasúr an chnag le buille dá chamán, chuir isteach i
mbéal na con í agus amach thíos fríd a sgornaigh.
Chuir an cú trí ghlaim aisti fhéin agus thuit sí marbh
i n-áit na mbonn.



"Mhoithigh an mhuintear a bhí istoigh an tamhach táisg
amuigh agus dar leo fhéin go rabh racán éighinteacht
ar cois. Amach leo go bhfeiceadh siad goidé an seort
maicín a bhí ar siubhal, agus goidé an chéad rud atchí
siad acht 'leanbán Chonaill' aníos chuca go neamh-
bhuadhartha i gcosamhlacht, agus an cú ina luighe i ndiaidh
an smeach deireannach a tharraingt.



"Thainic lúthgháir ar Chonnall, acht thainic a mhilleadh
sin ar Chulann. "Óchón!" ar seisean leis an
ghasúr, 'is tú an t-aon a rinne mo chabhóg
agus d'fhág mé 'mo thruaill bhocht sgaithte gan
mo mhadadh a sheilgfeadh uaim mo námhaid.' 'Char
mhór liom damh é,' arsa'n gasúr, 'acht mo cheann
fhéin a leigean i nguais ar mhaithe le do choileán beag
suarach madaidh.' ''Ar ndóigh,' arsa Culann, 'dá
mbéadh a fhios agam, nó dá mbéadh a fhios ag éinneach
a d'innseochadh damh é, go rabh tú le theacht ní sgaoilfinn
an cú go dtiocfá.'



"'Maise," arsa Conall Cearnach, 'ní rabh a fhios ag
aonduine go rabh sé ag teacht. Bhagair mise air
fanacht sa bhaile cionnus nach bhfuair sé cuireadh;
agus is ró-bheag a shaoil mé ná bhéadh oiread de
chomhairle air is sin a dheanamh.'



"'Mo bhrón go deo deo! agus mo mhíle brón! agus
mo chreach agus mo chrádh nár leig tú leat é!' arsa
Culann. 'Dá leigfeá, ní rabh mo chú marbh anocht.


L. 62


Faraor géar! is mé atá san ionad nach baoghal damh
sogh ó chaill mé mo mhadadh beag díleas.'



"'An bhfuil dochar ceist a chur cé roimhe a bhfuil
eagla ort?' arsa'n gasúr. 'Ó faraor! goidé an
mhaith bheith ag caint air,' arsa Culann. 'Tá trí
fathaigh 'na gcomhnuidhe ar an oileán bheag ghlas atá
ar an loch ud thall. Is minic a thug siad iarraidh ár
agus creach a dheanamh orm fhéin agus a mbaineann
damh; agus leoga b'fhada mo cheann agus mo cholann
sgartha ó chéile murab é an cú. Acht faraor! tá an
bealach fa réir aca anois; agus nuair atá, is gearr
uaim-sa rud nach dtearnas margadh air.'



"Bhí an gasúr ag éisteachT leis an ghabha ag mairgnigh
rith an ama. Ba ghearr gur crothnuigheadh ar shiubhal é.
D'imthigh sé leis go bruach an locha, chuaidh de léim ar
an tsnámh eadar corp is cleiteachaibh, agus níor stad
nó gur shroich sé an t-oileán. D'fháisg sé a chuid éadaigh
comh maith agus thiocfadh leis, agus siud suas é go
dtí an bhothóg ina rabh an fathaigh 'na gcomhnuidhe. Ar
a ghabháil isteach dó, bhí an triúr 'na luighe na gcodladh
san teallach agus a gcuid sleaghach dá ndeargadh
aca sa teinidh ag brath comhrac a chur ar lucht na bainse
nuair a bhí glincín sa ghrágán aca.



"Suas leis an ghasúr comh fáithlighe is dá mbéadh sé
ag gabháil a ghabhadh éin ar neid. Beiridh sé ar phéire
de na sleaghachaibh - ceann in gach láimh - dearg te
amach as an teinidh agus cuiridh sé beirt de na fathaigh
eadar bás is beatha. An uaillfeartach a thóg siad
nuair a chuaidh na sleaghacha ionnta mhusgail sí an
tríomhadh fathach. D'éirigh sé sin de léim 'na sheasamh,
tharraing leis an tsleagh a bhí fágtha sa teinidh, agus
thug iarraidh ar an ghasúr. An áit ba tuigh ba tana,


L. 63


shéid an ghriosáil eadar an dís. D'éirigh an truisneach
agus thoisigh an cnagadh agus an polladh; throid siad
ó choirneál go coirneál an toighe agus an bheirt eile
ag fagháil bháis sa luaith. Fa dheireadh chuir an gasúr
sucadh dá shleigh i súil an fhir mhóir agus thug anuas 'na
bhráighe go talamh é. B'fhurus an cath a chríochnú 'na
dhiaidh sin. Bhain an gasúr na cinn díobhtha a dtriúr,
rinne gallach díobhtha, chaith ar a ghualainn iad, chuaidh
ar an tsnámh ar ais agus tharraing ar an cheardcha.



"Rith an am seo bhí lucht na bainse faoi ghruaim.
Is cuma cé rachadh a chaint bhí a bhuaidhreadh fhéin le hinnse
ag fear an toighe, agus d'fhág sin iad faoi smúid.
Bhí siad 'na suidhe thart, agus an mhór-chuid aca agus
a gceann ina gcamus aca, nuair a sgiordas an gasúr
isteach agus fágann sé na trí cloigne síos i lár an
urláir. 'Sin,' ar seisean, ag tabhairt aghaidhe ar
an ghabha, 'cúis d'eagla. Má mharbh mise de chú, béad
fhéin 'mo choin agat ina hionad; agus goidé níos mó
a thig liom a dheanamh, nuair nach bhfuil léigheas ar a
dteachaidh thart.'



"Thainic iongantas agus uathbhás ar a rabh istoigh nuair
a chonnaic siad an sracadh a bhí sa ghasúr. Thug siad
é isteach ar fud na cúirte agus dubhairt d'aon-ghuth
nach mbéadh a ainm fhéin air ní b'fhuide nuair a bhí sé i
n-innibh an gabha a chosnú mar gheanfadh an cú, - agus
ní b'fhearr 'ná í - go dtabhairfidhe mar ainm air go lá
a bháis Cú Chulainn. Sin mar fuair sé an t-ainm a
tugadh air ní ba mhó go dteachaidh sé i gcré.



"D'éirigh sé aníos ina Chúchulainn éifeachtach, agus
fuair sé gach seort oideachais dá mb'fhéidir a thabhairt
dó i nÉirinn. Nuair a bhí sé seacht mbliadhna déag,
ní rabh laoch ar bith san tír narbh' fhearr leis an bealach


L. 64


a fhágáil aige 'ná dul ina chomhrac. Ní rabh a mhacas-
amhail eile le fagháil thoir nó thiar, thall nó i bhfos, bhí
sé comh leigthe gasta géar-chúiseach sin.



"Lá amháin chuala sé na seanchaidhthe ag trácht
ar mhnaoi a bhí ina comhnuidhe insan Domhan Thoir.
Scathaigh Mhór b'ainm den bhan-laoch seo, agus bhí eolas
aici ar a lán beartaidheachta agus cleas nach rabh ciall
díobhtha i nÉirinn. Chuala Cúchulainn go rabh dornán
gaisgidheach faoi n-a stiúradh ag foghluim cleasaidheachta.
Sa bhomaite rinne sé suas a intinn go rachadh sé fhéin
agus go bhfoghluimeochadh sé oiread is nach mbéadh
fear a chomhraic i nÉirinn nuair a thiocfadh sé ar ais.
D'fhéach a cháirde leis an rún a chaitheamh as a chionn,
ach ní rabh maith ann. Ní bhéadh sé le sgaoileadh ná
le ceangal mura dtéigheadh sé; agus leigeadh cead
a chinn dó.



"Ar maidin an lá ar n-a bhárach ag sgaradh oidhche
agus lae ó chéile bhí sé ar a bhonnaibh. Chóirigh sé é
fhéin suas, a chlogad cruaidhe fa n-a cionn agus a sgiath
órdha crochta le n-a thaoibh, a chlaidheamh géar na lainne
glaise ina láimh dheis agus a phéire sleaghach sa láimh
eile. Bhí sé comh gasta is go mbeirfeadh sé ar an
ghaoith Mhárta a bhí roimhe agus nach mbeirfeadh an ghaoth
Mhárta a bhí 'na dhiaidh air. Nuair a d'fhéach feara
Uladh air gléasta mar a bhí sé, dubhairt siad gur mhairg
nach rabh sé ag fanacht sa bhaile, ná nach rabh sé ar dhruim
an domhain chláir fear a chomhraic i n-aon chás.



'D'fhág Cúchulainn slán agus beannacht ag a bhunadh
agus shín leis ag tarraingt ar an Domhan Thoir.
B'achrannach agus b'aimhréidhteach an bealach a bhí roimhe,
ach fríd sin fhéin bhog sé leis. Chuala sé gurab iomdha
fear neartmhar a cailleadh ar an bhealach chéadna - fir a


L. 65


shaoil nach mbéadh moill ortha an t-iomaire a bhí rompa a
threabhadh. Acht níor chuir seo lá beag-uchtaighe ar
Chúchulainn. D'imthigh sé leis fríd ghleanntaibh agus
chnocaibh fiadhana - seal go hiosgadaibh, seal go
hasgallaibh, i bhfraoch agus i bhfásaigh nó go rabh an
neoin bheag agus deireadh an lae ann, éanacha beaga
na coilleadh craobhaighe ag gabháil fa fhosgadh is dhídean,
an capall beag bán ag gabháil faoi eiteoig na copóige,
agus an chopóg 'gha dhiúltú fa dhídean na hoidhche.



"Ag siubhal anonn is anall a bhí Cúchulainn ag féacháil
an rachadh aige ar choirneál fhóirstineach a fhagháil leis
an oidhche a leigean thairis ann nuair atchí sé chuige
an cailín a b'áilne dá bhfacas ariamh. Bhí ór-fholt
snaighte go féar léithe, bhí a pluca mar rós insan
tsamhradh, agus a croiceann ní ba ghile 'ná sneachta
na haon-oidhche. Ba ghile 'ná réalt na maidne a
dhá súil; agus amach as a guailneachaibh bhí ag fás péire
géag téachta geal dathamhail narbh' éadtrom, nár
ramhar, is nár chaol. D'amharc Cúchulainn uirthi, agus
nuair a d'amharc, chonnaiceas dó nach bhfaca sé a leithéid
ar amharc a dhá shúil ó rinne slat cóta dó. Ar
theacht don dís fa fhad comhráidh le chéile, bheannuigh an
cailín dó-san insan chanamhaint a bhí ann san am.
'Nach an-tráthach a shiubhaileas tú agus nach easgáirdeach
an áit a gcóirigheann tú do leabaidh,' ar sise go ciúin
múinte macánta. 'Maise, a mhaighdeán spéireamhail,'
arsa Cúchulainn, 'gha freagairt, "is tú nár chan acht an
fhírinne, acht níl an dara suidhe sa bhuailidh ann: is fearr
suidhe ar an sgáth 'ná ar an bhlár fholamh. 'An bhfuil
sé iomarcach agam ceist a chur ort goidé an chineamhaint
a sheol an bealach seo thú fa'n am seo de lá?' arsa'n
cailín. 'Níl lá dochair duit do rogha ceist a chur


L. 66


orm,' arsa Cúchulainn. 'Tá mé ar lorg an oileáin
a bhfuil Scathaigh Mhór ina comhnuidhe ann,' ar seisean,
ag toiseacht agus ag aithris dí cá rabh a thriall. 'Níl
tú ró-fhada ar bith uaithe,' ar sise. 'Siud thiar an
t-oileán agus é seacht míle i bhfairrge. Acht dá
nglacfá mo chomhairle-sa, d'fhanóchá fad do sgiatháin
uaithe. Is iomdha laoch calma mór-uchtamhail a chuaidh
an bealach sin agus nach dtainic ar ais le n-a sgéala
fhéin ná le sgéala fir eile.' 'Is cuma cé chuaidh nó
nach dteachaidh rachaidh an mac seo an iarraidh seo bíodh
sé síos nó suas leis an turus. Ach goidé mar gheobhas
mé isteach 'un an oileán?' 'Fan amach as,' arsa'n
cailín, 'agus béidh tú buidheach díot fhéin. Tá mé aga
innse duit go dtabhairfidh tú do mhallacht lá is fuide
anonn 'ná indiu don chuairt chéadna. Is mór an
truaighe nach bhfuil ciall agat agus comhairle ort, ná
is breagh an fear thú. Agus cé nach bhfaca mise thú
ariamh gur casadh orm thú annseo anocht, thug mé toil
duit comh mór is go mbéinn buadhartha dá dtigeadh
géibheann ar bith ort - bhéinn go dearbhtha - cé nach dtig
liom a innse duit cad chuige. Agus, a ógánaigh, focal
nó dhó eile is tá deireadh ráite agam leat, b'fhéidir
go deo: sé sin go dtug mé searc agus síor-ghrádh
dhuit nuair a chonnaic mé thú. Is mise nighean Scathaighe
a gcuala tú trácht uirthi. Cuireann mo mháthair cuid
mhór de na fearaibh a thig 'un an oileáin 'un báis. Ar
an ádhbhar sin mholfainn-se duit-se gan dánacht ar a
dúithche acht éalódh liom-sa is bheith beo go séanmhar
i nÉirinn ghlais.' 'A stáid-bhean áluinn,' arsa
Cúchulainn, 'tá mé buidheach dhíot, is mar deir tú é,
agus níl dadáidh agam le rádh i n-éadan thú a ghlacadh
mar chéile. Acht fanóchaidh tú go dté mise isteach


L. 67


'un an oileáin agus go sáirighe sé ar a bhfuil istoigh
mo chur 'un na cille. Mura dtig liom sin a dheanamh,
is mór an truaigh do leithéid de chailín a chur amudha
liom.' ''Tchím," arsa'n cailín, 'níl tú ag brath ar
d'intinn a athrú. Agus ó tharla nach bhfuil dul thairis
agat, seolfad-sa ar an bhealach thú. Tá droicheadh ón
oileán amach go tír mór. Tá an droichead comh caol
is go mbéadh obair ag duine siubhal air. Mar sin
fhéin b'fhéidir ghabháil isteach, acht thall i lár an droichid
tá alt ar nach féidir le fear ar bith ghabháil trasna de
léim. Is iomdha fear ariamh a fágadh thíos le léim
Dhroichead na n-Alt. Acht tá geasa agam a bheirfeas
isteach sábháilte sinn araon ó tharla go gcaithfidh tú
bualadh ar aghaidh.' 'Ní rachad-sa isteach faoi gheasaibh
ar bith,' arsa Cúchulainn. 'Murar féidir liom ghabháil
mar badh chóir de ghaisgidheach, níl mé ag gabháil ar
nós Chailleach na gCearc.' ''Ar ndóigh,' arsa'n cailín,
'ní bhéidh a fhios ag neach dá maireann acht thú fhéin is
mise goidé mar fuair tú isteach.' 'Béidh a fhios ag
an tsaoghal,' arsa Cúchulainn, 'má théighim isteach, go
dteachaidh mé mar ba dúthcha de ghaisgidheach a dheanamh.'
'Tchím,' arsa'n cailín, 'caithfidh tú do dóigh fhéin
bheith agat. Agus anois tá tú ar shiubal. Bain an
droichead amach comh luath géar is thig leat. Agus
má théid agat an droichead a shiubhal agus an léim a
ghearradh, tá an báire leat. Béid mise istoigh níos
luaithe 'ná thusa dá fheabhas a ndeanfaidh tú obair.'



"D'fhág an dís slán ag a chéile;a gus d'imthigh Cúchu-
lainn go dtí an drocheadh, chuaidh de léim air, agus
shiubhail leis go rabh sé ag an alt. Nuair a bhreathnuigh
sé goidé an seort áite a bhí ann, chuaidh sé cupla céim
ar gcúl, thug rúideog, d'éirigh i n-áirde san aer, agus


L. 68


thainic anuas ar a dhá cois ar an taobh eile gan
truisliú, gan leagadh, gan leonadh.



"Ní rabh moill ghabháil 'un an oileáin annsin. Ar a
shiubhal aníos an t-oileán dó, ba ró-dheas an radharc a
nocht chuige. Bhí céad sruthán, má bhí ceann amháin, ina
rith anuas taobhanna na gcnoc agus ag deanamh locha i
lár an oileáin. Bhí coillte deasa cumhdaighthe le
bláthaibh agus le duilleabhar thart ina dtimcheall.
Crónán ciúin na sruthán, ceol binn na n-éan, aoibhneas
agus pléisiúr isé bhí le cluinstin agus le feiceáil na
mílte ar gach taoibh.



"Tógaidh Cúchulainn a shúil sa deireadh agus 'tchí
sé caisleán áluinn fa ghiota dó. Ba é seo an teach
comhnuighthe a bhí ag Scathaigh Mhóir. Suas leis, agus cé
bhí istoigh acht an cailín óg a casadh dó ar tír mór. Chuir
sí fáilte agus céad roimhe agus áthas an tsaoghail
uirthi go bhfuair sé slán sábháilte thar Dhroichead na
n-Alt. Ar sise le Cúchulainn: 'Chualas thú 'gha rádh
gur a fhoghluim cleasaidheachta thainic tú annseo. Tá
cleas ag mo mháthair is dá mbéadh sé agat níorbh' fhéidir
do bhuaidh a fhagháil. Tá sí anois thiar ar barr na beinne
ud thiar agus í istoigh i gcliabhán ag oibriú draoidheachta
agus pisreog ort. Tá an cliabhán ceangailte le
sreangachaibh de bharr na beinne. Gabh thusa, fagh
greim ar na sgeangachaibh, agus bagair a leigean go
tóin muna dtuga sí duit an Ga Builge agus eolas
'un a láimhdeachais.'



"D'imthigh. Níorbh' fhada a chuaidh sé go bhfaca sé an
chailleach sa chliabhán mar hinnseadh dó. Fuair sé
greim ar na sreangachaibh agus dubhairt leis an chailligh
rogha a dheanamh, a beo agus cleas an Gha Builge. Ní
rabh a fhios ag an chailligh cá rabh sí 'na suidhe nó 'na


L. 69


seasamh, thainiceas uirthi comh tobann sin. Bhí eagla
?? bháis mór, agus thoiligh sí an rud a d'iarr Cúchulainn
a thabhairt dó. Thug.



"D'fhan sé annsin ar an oileán, é fhéin agus cupla
ridire, ag cleachtadh tuilleadh cleasaidheachta. Ní rabh
lá ar bith nach mbíodh tamall comhráidh aige leis an
mhnaoi óig. Ba é an mín is réidhteach a bhí ann gur
pósadh an dís agus go rabh ach banais shuailceach
ghreannmhar a mhair seacht lá agus seacht n-oidhche, agus
a mb'fhearr an lá deireannach 'ná an chéad lá.



"Bliadhain a bhí siad pósta go rabh mac aca; agus
tugadh Connla mar ainm air - le dáimh le Conall
Cearnach. Chuaidh gach seort seolta go leor ar feadh
tamaill, acht bhí an nimh san fheoil ag an chailligh ar fad
do Chúchulainn as siocair gur bhain sé dí an Ga Builge.
Bhí sí ag clamhairt air ariamh gurbh' éigean dó slán a
fhágáil ag a chéile agus ag a leanbh agus teacht ar ais
'un a' bhaile go hÉirinn. Nuair a bhí sé ag fágáil an
oileáin, bhain sé fáinne anuas dá mhéar; agus ar seisean
le n-a mhnaoi: 'Nuair a bhéas méar an leinbh i n-innibh
an fáinne a líonadh, cuir 'mo dhiaidh-sa go nÉirinn é.
Béidh sé ina fhear annsin agus b'fhéidir gur mhaith a
chuidiú i gcuradh-chás.' Annsin d'imthigh Cúchulainn agus
thainic caol díreach 'un a' bhaile.



"D'éirigh Connla mór de réir mar bhí na bliadhanta
dá gcaitheamh. Nuair a bhí sé i n-aois a hocht déag,
chuir a mháthair an fáinne ar a mhéar agus líon an méar é.
Annsin thug sí ordú dó ghabháil go hÉirinn; acht sul
ar imthigh sé thainic a mháthair mhór, Scathaigh, thart agus
dubhairt: 'Cuirim-sa de gheasaibh agus de mhór-ualach
ort, nuair a rachas tú go hÉirinn, gan stad mara
ná mór-chomhnuidhe a dheanamh go gcuire tú comhrac ar


L. 70


Chúchulainn, agus gan d'ainm a innse d'éinneach fad
is nach mbíonn sleagh sáithte fríd do chorp.'



"Bhí a fhios aici go maith, nuair a rachadh Connla agus
chuirfeadh sé troid ar Chúchulainn, go muirbhfeadh an
Cú é, díoghbháil gan aithne bheith aige ar a mhac; agus thug
sí cead dó innsint cé é fhéin nuair a bhéadh sé ag fagháil
bháis ar dhóigh go gcuirfeadh sé brón ar an athair. Mar
a gcéadna ba mhaith léithe a hua marbh mar thug sí fuath
dó as siocair go rabh cuid fola Chúchulainn ann.



"Bhí go maith is ní rabh go holc, ghléas Connla é
fhéin agus thainic go hÉirinn. Tráthnóna beag ribeach
fuar a bhí ann nuair a thainic sé a fhad le Conall
Cearnach ar an tsliabh agus cheangail sé síos don talamh
é. 'Cibé thú fhéin, a ógánaigh, sgaoil as an chuibhreach
seo mé,' arsa Conall Cearnach. 'Fóil! Fóil!' arsa
Connla, 'béidh tú annsin go dtige Cú na gCleas
agus go sgaoile sé thú.'



"Sa bhomaite d'ordaigh Conall dá ghiolla imtheacht
chuig Cúchulainn agus a rádh leis goidé mar bhí.



Chuaidh an giolla ionns'ar Chúchulainn. D'fhiafruigh
Cúchulainn de goidé an sgéala a bhí leis. 'Tá,' arsa'n
giolla, 'gaisgidheach lúthmhar óg a thainic 'un an tsléibhe
tá tamall beag ó shoin agus cheangail sé Conall Cearnach
agus d'fhag ina luighe annsin é. Nuair a d'iarr Conall
a sgaoileadh, 'sé an freagra thug an t-óglach air go
mbéadh sé annsin go dtigeadh Cú na nCleas le n-a
sgaoileadh.' 'Maise,' arsa Cúchulainn, 'is doiligh
liom Conall a fheiceáil i gcruadhchás, agus is doiligh
damh ghabháil i ndeabhaidh lainne leis an fhear a cheangail
é.'



"Ina dhiaidh sin d'éirigh sé, chuir é fhéin i n-ordú troda


L. 71


agus níor stad go dtainic go dtí an áit a rabh Conall
ina luighe ceangailte. Chonnaic Connall ag teacht é.
'Is tú Cúchulainn,' arsa Conall. 'Is mé,' arsa'n
fear eile. 'Beir mo bheannacht,' arsa Conall, 'oir
ba é do chongnamh ariamh nach rabh ar deireadh nuair
a bhí sé ag tastáil. Sgaoil mé anois agus leig mé
sa tslighe amach.'



"Rith an ama sin bhí Connla fa ghiota díobhtha agus
gan é ag leigean dadaidh air fhéin. Sgaoileadh Conall;
agus annsin chaithfeadh Cúchulainn, de réir riaghlacha
na haimsire, comhrac a chur ar an allmhurach a fuair a
chroidhe theacht go hÉirinn agus snaidhmeanna cruaidhe
an bháis a chur ar Chonall Chearnach.



"'Cad iad na hairm a bhéas agann?' arsa Cúchulainn.
'Dean fhéin rogha,' arsa Connla. 'Maith go leor,'
arsa Cúchulainn. 'Caithfimid na sleaghacha gearra
ar a chéile.'



"D'aontuigh Connla leis an chineál seo troda - 'sé
sin, seasamh amach dhá chéim dhéaga ó chéile. Ar chionn
den tsleigh sin bhí urla agus ar an chionn eile barr
géar.



"Thoisigh an troid. Bhí a fhios ag Connla go rabh
aige a athair, acht is beag a smaointigh Cúchulainn go
rabh sé i gcionn airm ar a mhac. Rith an ama bhí Connla
ag caitheamh na sleaghach ar lorg a n-urla fa choinne
gan an t-athair a loit agus ag sílstin go dtuigfeadh
Cúchulainn go rabh duine ag troid leis nach rabh i
bhfáthach le n-a mharbhadh. Acht shíl Cúchulainn go mba
é an rud nach rabh an fear a bhí ina aghaidh i n-innibh aimsiú
mar ba chóir; agus throid leo. Fa dheireadh chaith
Cúchulainn a shleagh go díbhirceach agus d'fhág foluighthe


L. 72


i mbrollach a mhic í. Labhair Connla agus dubhairt:



'Leig damh tuitim ar m'aghaidh -
Ná deir daoine liom gur tú m'athair -
Ar fhaitchíos go ndéirfeadh feara Fáil
Go mbéinn ag teicheadh as tiongmháil.



Is mise Connla, caoin-mhac na Con -
Nach mairg do lámh d'fhág mé ar lár -
A Chúchuláinn chliste ba deise méin,
Seo dhuit mo mhéar fa bhfuil an fáinne.'



Amharcaidh Cúchulainn agus 'tchí sé an fáinne ar mhéar
Chonnla. Bhí sé cinnte annsin gurab í a chuid fola
fhéin bhí ag múchadh an fhraoich fa dtaobh de. Thoisigh
sé a mhairgnigh mar leanas:



'Is truagh sin, a Chonnla chaoin,
Ádhbhar an ríogh a bhí gan locht;
Is truagh nach é mo bhás a dearbhadh
Sul ar dhearg mé ar do chaoin-chorp.



Bheirim-se mo mhallacht do mhnáibh an domhain,
Agus go mór-mhór d'oide do mhúinte;
Is ar mhéad is a bhí de lochtaighil innti
D'fhág do shlinnte dearg.



Dá mbínn-se agus mo Chonnla caoin
Ag imirt ar gcleas d'aon-taoibh,
Ar fhearaibh Éireann ó thuinn go tuinn,
Dar liom gur linn badh threise.



An t-athair sin a mhárbh a mhac,
Go bhfaghá sé crádhú agus géar-loit;
Ná rabh sé a'n lá go héag
Gan a chreach cléibh bheith fá n-a mhotháin.



Óch, óch! anocht is mór mo mhire
Is mé ag tarraingt suas go Mogh Gine;
Ceann mo mhic in mo láimh chlí,
A arm agus a éideadh sa láimh eile.'



"Bhí Cúchulainn faoi smúid ó seo ní ba mhó. Ní
rabh maith bheith leis: ní tiocfadh tabhairt air bheith comh


L. 73


croidheamhail ná comh haigeantach is bhí sé roimhe sin.
Ina dhiaidh sin thug sé a cheann ariamh as gach gleo nó
go dtí lá amháin a bhí sé fhéin agus fear darbh' ainm
Laoghaire ag marcaidheacht ar chapall. Bhí Laoghaire
ina shuide ar a chúlaibh ag Cúchulainn agus an capall
ag siubhal go suaimhneach nuair atchí siad chuca triúr
clainne Chailitine agus a gcuid sleaghach dearg réidh
leo. Ar theacht dóbhtha fa fhad urchair, chaith fear aca
a shleagh. Cheap Cúchulainn í, acht dóigheadh a lámh léithe.
Chaith an dara fear a shleagh. Cheap Cúchulainn í, acht
anois bhí an dá láimh dóighte aige. Ar seisean le
Laoghaire: 'Tá mo lámha-sa dóighte agus mura gceapa
tusa sleagh an treas fir gheanfaidh sí olc.' Ní rabh
ann acht go rabh na focla as a bhéal nuair a thainic an
tsleagh, bhuail sí Cúchulainn sa bhrollach, chuaidh trasna
fríd, agus chuaidh a bárr go héadtrom i bhfastódh i
Laoghaire taobh thiar dó. "Tá mé marbh," arsa Laoghaire.
'Is maith mar tá an té ar thomhais an tsleagh a bealach
fríd a chorp sul a dtainic sí 'do chóir,' arsa Cúchulainn.



"Le sin thainic mearbhlán ina chionn agus thuit sé
ina chnap go talamh. 'Bheir leat mé,' ar seisean le
Laoghaire, 'síos go dtí an loch sin thíos go nighe tú an
fhuil díom sul a ngléastar mé fa choinne na huaighe.'
Goidé bhí sa loch acht dobhar-chú agus chuir sé boladh
na fola agus tarraing uirthi. Bhí amharc na súl caillte
ag Cúchulainn an tráth seo.



"'Tchím dobhar-chú ag tarraingt orainn,' arsa
Laoghaire. 'Is fearr dúinn an bealach a fhágháil.'
'Céim ar gcúl roimhe mo námhaid ní theachaidh mé ariamh
go fóill agus ní fiú damh toiseacht anois, marbh atá mé
ar sgor ar bith,' arsa Cúchulainn. 'Leag mo lámh ar
chloich,' ar seisean le Laoghaire. Leag. 'Innis damh,


L. 74


ar seisean, 'nuair a bhéas sé fa dhá léim damh.' D'innis.
Chaith Cúchulainn an chloch agus mharbh an dobhar-chú léithe.
'Goidé mar chuaidh an t-urchar sin?' ar seisean le
Laoghaire. 'Goidé mar chuaidh gach urchar ariamh dár
chaith tú?' arsa Laoghaire. 'Go díreach,' arsa Cúchu-
lainn. 'Cú mó chéad éacht agus cú m'éacht deireannach.'
Luigh sé síos annsin agus fuair bás.



"Chuaidh an sgéala amach go rabh Cúchulainn marbh.
Chruinnigh a bhunadh agus thóg siad uallán caointe nár
cluineadh ariamh a leithéid i nÉirinn. Annsin tógadh
an corp ar ghuailneachaibh fear. Tugadh 'un na huaighe
é agus cuireadh é.



"Dálta gach duine a innseas sgéal maith air fhéin,
bhí mise ar an tórradh. Ag teacht 'un a' bhaile tráthnóna
dúinn bhí sé ag tuitim síos le tráigh. An sgaifte bhí
in mo chuideachta ní chuirfeadh seacht gcatha na Féine -
agus bíodh siad ann - as a gcionn nach rabh sé tana
go leor le fagháil trasna ar an fhearsaid. Chuaidh
siad-san an t-áth, chuaidh mise an clochán, báitheadh
iad-san agus thainic mise."

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services