Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Oidhche Áirneáil i dTír Chonaill
Title
Oidhche Áirneáil i dTír Chonaill
Author(s)
Enrí Ó Muirgheasa,
Pen Name
Mac Róigh, Feargus (Bail. / Eag.)
Compiler/Editor
Ó Muirgheasa, Enrí
Composition Date
1924
Publisher
Preas Dhún Dealgan
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Focal do’n léightheóir. Tá coim na hoidhche ag teacht anuas go dubh dorcha ar sgéalaidheacht i dTír Chonaill. Ce gur líonmhar flúirseach an méid de Chineil Chonaill a bhfuil Gaedhilg ó’n chliabhan aca go seadh, cha bhíonn sgéalaidheacht aca a choidhche níos mó mar a bhí ag a sinnséir ariamh anall. Bídh an t-áirneál aca go fóill, gach aon oidhche beagnach ins an gheimhreadh, ach má tá i n-ionad na sean-sgéal, na laoithe, agus seanchus a dtíre, is mion-chainnt a bhíos aca, trácht ar an aimsir, ar na barraí, na margaidhe, poiliteacht, agus an páipéar nuaidheachta. Sin a’ fath gur mór an gádh dúinne iarsma na sean- sgéal atá fágtha a sgríobh síos, agus a shábhail fán lá i mbárach nuair nach mbíonn a léitheid le cloisint níos mo. Ní hionnan furmór na sgéaltaí ins an leabhar seo agus na sgéaltaí eile ar chuireas i gcló roimhe leis seo. Tá sé sgéaltaí déag san leabhairín seo, agus bainidh mór-chuid aca le stair agus seanchus Thír Chonaill, a taoisigh, agus na daoine móra a bhí innti i n-allod. B’fhéidir go gcuirfeadh cuid de’n tseanchus seo ionghnadh ar chorr-léightheoir. Níl moladh mór no meas mór ann ar “Ó Domhnaill,” “Mac Suibhne,” agus daoine eile a bhfuil cáil agus óirdhearcas ortha ins na leabhraí. Daoine a léigh an leabhar úd a sgríobh an Sasanach. Roibeard Brúnaing, “an Fáinne agus an Leabhar,”
is cumhan leo an méid leagtha cuiridh sé síos ann ar aon sgéal amháin. Bíonn an oiread sin de leagthaí uaireanta ar stair. Ach dhá leagadh a bhíos ann i dtólaimh is iad leagadh na huaisle agus leagadh na hísle, na ndaoine atá i n-uachtar agus na mion-daoine atá futha. Chan ionnan iad na sgéil a bhíos ag an dá dhream seo i dtír ar bith nó i naois ar bith; agus chan ionnan iad i nÉirinn ach an oiread. Bíodh sompla amháin againn - teicheadh no éalodh na nIarla. Éist leis na Ceithre Maighistrí. “Is dearbh deimhin na ró thaosg muir agus na ró fogluais gaoth a hÉirinn is na déidheanchaibh lucht aon luinge báttar fearr agus báttar aireagdha agus ba huaisle ar aoi ngeinealaigh, bá fearr gníomh agus gart, eagnamh agus oirbheart i náitt dia ndeónaigheadh Dia airisiomh ina n-athardha go soiseadh lá a n-aois aordeadhach rochtain go haois fhearrdháta.” Cuirimís an giota seo i gcanamhaint an lae indiu. Is deimhin nár iomchair an mhuir agus nár seol an ghaoth thar lear ó hÉirinn le n-ar linn lucht aon luinge amháin a b’fhearr is a b’uaisle i dtaoibh a ngeinealach nó a b’fhearr gníomh, calmacht, crodhacht, agus eagna na iad féin, dá leigeadh Dia leo fuireach in a n- oighreacht go dtí go rabh a gclanna fásta is gur shroich siad aois na feardhachta. Sin cainnt na huaisle. Shaoilfeá as go rabh muinntir na hÉireann uilig ag sileadh na ndeor is ag briseadh a gcroidhe ar imtheacht na nIarla ó Éirinn. Ach dá saoiltheá sin is tú a bhéadh ar seachran. Éist le Ó Cianáin anois ag innsigh go lom fírinneach an dóigh a d’imthigh siad - “Téidid isteach ar bord luinge … tógbhaid a seolta innsin … agus cuirid lucht dá bhád do thógbhail uisge agus d’iarraidh connaidh (ádhbhar teineadh). Beiris mac mheic Suibhne Fanad agus drong do dhaoinibh na tíre i dtóraigheacht ortha: troidid le
chéile, agus is ar éigin thugadar fuirionn na mbád uisge agus connadh leo … measaid annsin dul isteach go hArainn a riachtanus a leas bidh agus dighe do thabhairt chuca. Éirgheas anfainne iomarcach agus doinionn dearmhair (= an-mhór)… gur h-ionnarbadh ó chomhgar na tíre iad.” Nach mór an difreacht idir an dá phioctúir seo. Agus dá mbíodh sgéalaidhe i bhFanaid indiu a rabh seanchus na linne sin aige, sé sgéal Uí Chianáin a bhéadh sé ag aithris. Tig linn a bheith cinnte fá sin. Agus ní mór dúinne an méid seo a thuigsint dá mba mhaith linn stair ar dtíre a fhoghluim i gceart. Ná is iomdhaidh rud i sgéal ar dtíre nach féidir a thuigsint go h-iomlán i neasbhaidh an eolais seo. Sgéal na huaisle - fadh is bhí uaisle againn - atá le léigheadh ins na leabhraí. Níl annsin ach leath an sgéil. Taoibh leis an tsruthan liteardha seanchuis sin bhí sruthan eile - sruthan béal-oideachais na ndaoine. Gheobhthar lán meadair as an dara sruthan seo ins an leabhairín seo. Sgéaltaí na ndaoine íochtranach nach rabh i réim ariamh iad seo: thainic siad anall ó na geinealaigh nach maireann, agus haithriseadh na mílte d’uairibh iad fá theaghlaighthe Thír Chonaill. Tá sgéaltaí eile agam fósta a dtig anuas níos truime ar na daoinibh móra, ach dheanfaidh siad cúis am eile. Feargus Mac Róigh.
Clár an Leabhair agus lucht inniste na sgéal. 1. 1. Ó Domhnaill agus an Comhursa 2. 4. Ó Domhnaill agus buachaill bó Connacht 3. 6. Buachaill bó Uí Dhomhnaill 4. 9. Ó Domhnaill agus an Cailin 10. 34. Ó Baoighill agus an Seasanach. Muiris Ó híocain Crannóg Buidhe in-aice Árd a' Ratha. [Duine Laoghach moranta a bhí ann: tá sé ar shlighe na fírinne anois: solus na bhflaitheas dá anam. Thigeadh leis áireamh a mhuinntir’ a dheanamh siar go dtí an naomhadh geinealach, go dtí an chead duine aca a thainic ó Chonnachta go dtí Tír Chonaill, is é ag marcuigheacht ar chapall, agus cú le na chois.] 5. 11. Cai leán Uí Dhomhnaill - Séamus Ó Míodhchain, an Mhagh, Árd a’ Ratha. [Tá sé imthighthe abhaile fósta: go ndeanaidh Dia trócaire air.] 6. 13. An Seiseadh glún déag - Bean Mhic Giolla Brighde, Árd a’ Ratha. 7. 15. Niall mac a’ Bháird - Domhnall Ó Baoighill, agus Niall mac a’ Bháird, Clasaigh comhgarach do’n Ghaoith Bearra.
15. 51. Bás Ghoill Mhic Mhóirne - an bheirt chéadna. 8. 26. Ó Baoighill agus mac Suibhne - Domhnall Ó Baoighill, Clasaigh. 9. 30. Conall Ó Baoighill - Doimhnic Ó Domhnaill. 11. 37. Ball Dearg Ó Domhnaill - Róis nic Amhal- ghaidh, Bean Uí Ghallchobhair, Clochan Liath. 12. 44. Cormac mac Airt - Doimnic Ó Beirn, Gleann a’ Bhaile Dhuibh, i naice Cille Carthach. 16. 54. Sgéal an Bholcáin Mhóir - an fear céadna. 13. 48. Colmcille, an Gréasaidhe, agus an Táilliúir - Gráinne ní hEarnáin, Mín a’ Dubhain, Baile na Finne. 14. 49 Fionn agus Diarmaid - Maighréad Bean Mhic Shuibhne, na Sailigh, Leitir Bearra. [Suaimhneas síorruidhe chuici: tá sí imthighthe na baile.]
Oidhche Áirneáil i dTír Chonaill. Ó DOMHNAILL AGUS AN COMHURSA. Bhí fear in a chomhursa ag Ó Domhnaill uair, agus bhí capall agus searrach aige. Théidheadh an searrach an uile lá fhad le gearran Uí Dhomhnaill: b fhearr leis a chuide- achta is dócha ná cuideachta a mháthara. I ndeireadh ama smaoi’tigh Ó Domhnaill gur chóir dó an searrach a choinneail, agus chongbhuigh sé é. Ní rabh fhios ag an fhear bhocht goidé’n dóigh a bhfuigheadh sé an searrach ar ais ó Ó Domhnaill. Chuaidh sé fhad le bean Uí Dhomhnaill agus d’innis a sgéal duithe. “Cuirfidh mise ar chaoi thú go bhfuighidh tú an searrach ar ais,” arsa sise - “tabhair leat slat iasgaireachta agus gabh síos un
na h-abhna. Tionnthuigh do chúl leis an abhainn agus gabh iasgaireacht ar an talamh.” Rinne sé seo. Thug Ó Domhnaill fá deara é. Chuaidh sé fhad leis, agus d’fhiostruigh sé dó goidé bhí sé a dheanamh, nó goidé ’n chiall a bhí aige. Dubhairt an fear go rabh sé ag iasgaireacht. “Is mór an t-iongantas,” arsa seisean, “thú a bheith ag iasgairacht agus do chúl leis an abhainn agus tú ag iasgaireacht isteach ar an talamh.” “Ní mó an t-iontantas é,” ars’ an fear, “ná an searrach a bhí ag gearran Uí Dhomhnaill.” Bhí baramhail ag Ó Domhnaill annsin gur ab í a bhean féin a chuir an cleas sin in a chionn, agus dar leis go ndíbróchadh sé í, cionnus an cleas a chur i gcionn an fhir. D’fhogair sé i imtheacht. Dubhairt sise go n-imtheóchadh, ach é a mhargadh a choimhlíonadh. Bhí margadh deanta ag Ó Domhnaill agus ise, s’ul má pósadh iad, le í trí ualach droma thabhairt léithe dá gcuireadh sé ar siubhal i.
Dubhairt Ó Domhnaill go líonfadh se an margadh. An chead ualach thug sí léithe a páisde, agus thug sí go toigh a h-athar’ é. An dara hualach, ualach óir agus airgid, agus thug sí go toigh a h-athar’ é. Ag teacht ar ais fan tríochadh hualach duithe d’órduigh sí dó fhéin a dhul ar a druim go dtugfadh sí léithe é. “Óch, má’s mar sin atá,” arsa seisean, “tabhair ar ais cibé a thug tú leat agus fan ’sa’ bhaile.” Thug sí ar ais an páisde, an t-ór, is an t-airgead, agus thug seisean an searrach ar ais do’n chomhursain.
Ó DOMHNAILL AGUS BUACHAILL BÓ CONNACHTACH. Uair amháin ghlac Ó Domhnaill smaoi’tiughadh gur chóir dó bean a fhághail dó féin. Dar leis go rachadh sé go Connachtaibh go bhfuigheadh sé cailin a bhí annsin a rabh ceim- eamhlacht aici. Ach chuala sé nach rabh gar do dhuine ar bith a dhul ann nach rabh i n-innibh trí cheist a fhuasgladh dá gcuirfeadh sí air. Thriall sé lá amháin ag marcuigheacht go Connachtaibh. Comhgarach do’n áit’ na rabh sí na cómhnuidhe casadh buachaill bó ’s aici-si dó. Chuir Ó Domhnaill ceist ar an bhuachaill bó go bhfeicfeadh sé as a fhreagra goidé n seort daoine a bhí thart fa’n áit. Cuirim ceist ort, a ghárlaigh, Ar ucht na mná a d’óil thú, Cá mhéad uisge a thig ’sa’ lá Anuas ag Áth an Fhiodha.
Dubhairt an buachaill Ní thig linn a thómhais ’na chártaí, Thig sé comh láidir luath Is nuair a thig sé go Béal an Átha Imthighidh sé le fánaidh uadh Chonnaiceas do Ó Domhnaill go rabh sé fada go leor, is phill sé na bhaile.
BUACHAILL BÓ UÍ DHOMHNAILL. Bhí fear uasal no taoiseach i gConnachtaibh ’san t-sean aimsir a dtugadh siad Ó Máinle air, aghus bhí sé fhéin agus Ó Domhnaill ag imirt cardaí uair i nDún na nGall. Bhain sé cibé airgead póca a bhí ag Ó Domhnaill ins an amh a bhí láthair, agus b’éigin do’n Dálach trí cinn eallaigh a thabhairt dó – trí bhó mhaol. Beagan laethe i ndiaidh an t-eallach imtheacht ghlach buachaill bó Uí Dhomhnaill cumhaidh ’na ndiaidh. Dar leis gur chóir dó dhul fhad le Ó Máinle, agus iad a thabhairt ar ais uaidh. Chuaidh sé. Ar shroichint teach Uí Mháinle dhó, bhí sé tuirseach i ndiaidh a shiubhail, agus shuidh suas leis an teinidh, agus nuair a bhí sé tamall ag an teinidh thainic néal codlata air, agus thosuigh sé ag sronnfaigh. Mhusgail cailin a’ toighe é, agus dubhairt sí gan a léitheid sin a dheanamh níos mo, ná nár mhaith leis an Mháinleach é.
I n-aimhdheoin sin thuit sé ’na chodladh arís agus bhí sé ag sronnfaigh. Mhusgail an cailin é an dara h-uair, agus dubhairt sí leis dá gcluineadh Ó Máinle é go gcroch- faidhe i mbárach é. D’imthigh an cailin, agus ar tharadh moille bhí an buachaill ’na chodladh arís agus é ag sronnfaigh go hárd. Chuir O Máinle a cheann aníos as a sheomra fhéin, agus d’fhiafruigh cé an malceadan sin a bhí ag buaidhreadh an toighe le n-a shronnfaigh. Taisbeanadh an gasur dó, agus h-innseadh dó gur fhéach an chailin fá dhó stad a chur air ach nár éirigh léithe. Thainic fearg ar an Mháinleach agus d’órduigh sé é bheith le crochadh ar chrann ’sa choill maidin i mbárach. Mhusgail an gasur annsin agus dubhairt sé, Tá crann ’sa’ choill mur gearradh é, Tá droichead ar an Éirne mur leagadh é, Tá féasóg ar Ó Domhnaill mur bearradh é Is béidh breall ar Ó Máinle mur stadaidh sé.
Chonnaic Ó Máinle annsin cé bhí aige, agus sgaoil sé amach an t-eallach. “Siúd agat iad,” ar seisean, “agus tabhair leat abhaile iad.” Thainic an buachaill abhaile go buadhach go Dún na nGall, agus an trí bhó mhaol dá dtiomaint roimhe.
Ó DOMHNAILL AGUS AN CAILIN. Bhí sé fhéin agus a ghiomanach amuigh ag seilg lá amháin, agus casadh cailin daobhtha ar thaoibh an chnuic. D’fhiafruigh siad duithe goidé an seort toighe é sin thíos, nó ’rabh tuighe air. “Tá,” arsa sise, “tuighe ar thaoibh amháin de,agus an taobh eile níl tuighe ar bith air.” Chuir sin iongnadh ar Ó Domhnaill agus dubhairt sé leis an ghiomanach go rachadh siad síos go bhfeicfeadh siad goidé ’n chosamhlacht toighe bhí ann. Thainic siad anuas fhad leis an teach, agus fuair siad i gcosamhlacht é mar theach ar bith eile. Chuaidh siad isteach ina toighe, agus bhí an cailin annsin romhpa. “A chailin bheag” ars’ Ó Domhnaill, “cad chuige ar dhubhairt tú linne go rabh tuighe ar thaoibh amháin de’n teach seo, agus an taobh eile gan tuighe ar bith?”
“Agus,” arsa sise, “nach bhfuil tuighe ar an taoibh amuigh de, agus gan tuighe ar bith ar an taoibh istoigh de?” Chuir sé ceisteanna eile ar an chailin agus thaiteann a clisteacht go mór leis. “Níl airgead ar bith liom anois” arsa Ó Domhnaill, “ach an chead uair eile tchífidh mé amuigh thú bheara mé pronntanas duit.” Chuaidh sé fhéin agus ghiomanach amach ar an doras a dtainic siad isteach air. D’fhosgail sise an cúl-doras agus casadh dó ag binn a’n toighe í. “Tá súil agam,” arsa sise, “a dhuine uasail, go bhfuil tú comh maith le do gheall- tanas.” Ní rabh aige ach an dé chapall ar a rabh siad ag marcuigheacht a thabhairt duithe ’na phronntanas, agus thug siad duithe iad, agus d’imthigh ’na bhaile ag coisigheacht.
CAISLEÁN UÍ DHOMHAILL. Nuair a bhí Rí Ó Domhnaill ag cur suas a chaisleáin i nDún na nGall an méid a thógadh sé rith an lae bhéadh sé ar lár maidin i mbárach. Bhí seisear saor cloiche aige. D’obair sé leis go dtí oidhche Aoine. Chuir sé in a chionn go gcuirfeadh sé trí saoir eile Dia Sathairn i gcuideachta an bhunaidh a bhí aige siocair an Domhnach a bheith ag teacht, no dar leis nach mbainfidhe leis ar an Domhnach. Agus bhí dúil aige go suidhfeadh sé fhéin ’na choimhead go mbéadh an mheadhon oidhche thart. Nuair a scap na saoir cloiche tráthnóna Dia Sathairn d’fhan Ó Domhnaill ’na ndéidh ag coimhead an chaisleáin. Bhí sé tamall in a shuidhe, a aghaidh ar an obair, agus a chúl ar an taoibh eile, agus nuair a thionntuigh
sé thart bhí bean ruadh in a seasamh ar a chúl, agus níor mhothuigh sé ag teacht í. “A Rí Uí Dhomhnaill,” adeir sí, “tá tú ag teacht un tosuigh go maith le do chaisleán.” “Níl, a bhean,” ars’ Ó Domhnaill, agus d’innis sé dí goidé mar rinne siad cúis rith na seachtmhaine. “Is tú fhéin ba chionntaigh,” ar sise. “Cad as adeir tú sin?” ars’ Ó Domhnaill. “Is tú féin ba chionntaigh,” adeir sí, “nuair nach suidheann tú fhéin in do shuidhe go bhfeiceas goidé an bunadh a bhíos dá leagadh. Fan in do shuidhe anocht, agus ar a haon déag ó chlog mothóchaidh tú sgafta ag teacht anall ar a’ chlochan ag dul an caisleán a leagadh ort, agus iad ag gáiridhe. Chuir a léitheid seo d’fháilte romhpa mar is cóir duit a dheanamh, agus ní leagfar an caisleán níos mó. Agus d’innis sí do an fháilte a chur romhpa. Rinne Ó Domhnaill seo, agus ón oidhche sin amach níor leagadh nó níor baineadh leis an chaisleán ní ba mhó.
AN SEISEADH GLÚN DÉAG. San am a rabh Ó Domhnaill ag tógailt Caisleáin Dhúin na nGall sí an dóigh a rinneadh an muirteal a cuireadh ann an t-aol is an gaineamh a fhliuchughadh le fuil eallaigh. Tugadh eallach na tíre go Dún na nGall indéidh a chéile, agus baineadh cuid fola as gach aon bheathach dóibh. Bhí baintreabhach bhocht ann an uair sin nach rabh aici ach bó amháin, agus fuiligheadh an bhó seo fá cheathair fé choinne tóghala an chaisleáin. Char b’fhiú moran annsin í. Cha rabh innti ach go rabh sí beo. Chuaidh an bhaintreabhach fhad le Ó Domhnaill agus rinne sí a gearan leis. Dubhairt sí gur mhór an náire dó leigint dá lucht freastail a léitheid sin a dheanamh uirthi nó “is duine de do ghaoltaibh mise” adeir si. Dhiúlt Ó Domhnaill sin duithe, go rabh gaol ar bith eatorra.
“Tá” arsa sise, “ná is mé an seiseadh glún déag duit-se.” “Och chan fhiú dadaidh sin,” adeir Ó Domhnaill, “chan fhuil gaol ar bith in a léitheid sin.” “Maise tá,” ars’ an bhaintreabhach “agus cruthóchaidh mé duit go bhfuil.” D’imthigh sí agus fuair sí mias mhór agus chuir sí innti cúig phiginn déag de uisge glan, agus annsin chuir sí innti piginn amháin bainne, agus chuir an piginn bainne amháin dath bán ar an mhéid a bhí san mhéis. “Och tchím anois go bhfuil rud éighinteacht ann," arsa Ó Domhnaill, agus d’fhogair sé dá lucht freastail gan baint le bó na baintreabhaighe ní ba mhó, agus bhí sé maith duithe fhéin ariamh i na dhéidh sin.
NIALL MAC A’ BHÁIRD. Ins an am a rabh Ó Domhnaill i nDún na nGall, agus duine de na rightibh ba mheasa a bhí i nÉirinn ariamh an Dálach céadna, fuair sé caisleán úr deantha. Saoirthi as Sasana a bhí dhá dheánamh. Bhí fear freastail aige fhéin ar bh’ainm dó Niall ’ac a’ Bháird. Chaith fear de na saoirthibh anuas gráinín muirteáil ar chloich, agus d’iarr sé ar Mhach a’ Bháird an chloch sin a thabhairt aníos chuige. Ar a ghabhail suas do Niall leis a chloich leag sé fhéin í ar a’ bhalla, leisg oiread do shásamh a thabhairt dó. Thionntuigh an saor í cúpla uair, ar a’ dhóigh fhéin, agus ní fhóghnóchadh sí. Chonnaic an saor go rabh Mac a’ Bháird comh maith leis fhéin, agus i ndeireadh an lae d’innis sé do Ó Domhnaill mur gcuireadh sé Mac a’ Bháird ar shiubhal go mbéadh an obair millte. Smaoi’tigh Ó Domhnaill gur bhfearr dó Mac a’ Bháird a chur ar shiubhal.
Sgríobh sé leitir, agus thug do Mhac a’ Bháird í, agus d’iarr sé air an leitir seo a thabhairt dá dheárthar a bhí ’na chomhnuidhe ag Caisleán na Finne. Smaoi’tigh Mac a’ Bháird, ar a ghabhail an bhealach dó, go bhfosglóchadh sé an leitir go bhfeicfeadh sé goidé bhí innti. Sé’n rud a bhí ins a’ leitir é fhéin a chur un báis nó go rabh sé ag milleadh na hoibre ar na saoirthibh Shasanach. Char chuir sin cliseadh ar Mhac a’ Bháird shiubhail sé leis. Nuair a chuaidh sé fhad leis an abhainn ag Caisleán na Finne bhí fear ’á bháthadh, agus bhí na h-iomadaí daoine ar dhá thaoibh na habhna le hamharc maith a fhághail air shiubhail Mac a’ Bháird isteach sa’ chladach ar bhruach na habhna. Nuair a chuaidh Mac a’ Bháird fhad le Ó Domhmaill d’fhiafraigh Ó Domhnaill de cá hfhad síos a bhí sé. “Fhad agus tchidh tú salach mé,” adeir Mac a’ Bháird. “Goidé na hiomadaí daoine chonnaic mé fá’n abhainn?” arsa seisean.
“Tá,” ars’ Ó Domhnaill, “fear a bhí ’á bháthadh: an fear críonna a bhí ann.” “Is mó dá chuid amaideachta chonnaic mise ná dá chuid chríonnacht’ é féin a bháthadh,” arsa Mac a’ Bháird. “Cá shloinneadh dhuit?” ars’ Ó Domhnaill. “Mac a’ Bháird mé,” ar seisean. “Ar bhárd d’athair,” ars’ Ó Domhnaill. “Cha rabh sé árd nó íseal, ach bhí sé ’na mhéid mheadhonaigh,” arsa Mac a’ Bháird. “Och, tchím,” ars’ Ó Domhnaill. Shín Mac a’ Bháird an leitir annsin chuige, agus léigh Ó Domhnaill í. “Amharcaigidh amuigh, a ghasraí,” ar Ó Domhnaill "ar éirigh an ghealach go fóill?” “Bhfuil tú ’braith luighe i n-a háit?” arsa Niall. “Ní headh,” ars’ Ó Domhnaill, “ach braith thusa a chrochadh le solus na gealaighe.” B’fhearr liom sin ná mé a chrochadh le gad” arsa Mac a’ Bháird. “Leigfidh muid cead do chinn leat go maidin ar scór ar bith” ar Ó Domhnaill.
Go moch maidin i mbárach tugadh amach é le n-a chrochadh. “A Uí Dhomhnaill,” arsa Niall, “tá athchuinge agam ort.” “Má’s athchuinge do shaoghail í,” ars’ Ó Domhnail, “níl féidhm léithi; chan fhághann tú sin. Ach athchuinge ar bith eile gheobhaidh tú í.” “Chan í athchuinge mo shaoghail í” arsa Niall, “ach tusa do mhuinneal buidhe a chur isteach ins an dul seo i mo chuideachta.” Sáruigheadh ar Ó Domhnaill leis sin, agus d’iarr sé air Niall imtheacht leis i mbéal a’ chinn, agus gan amharc fheiceail go bráth air, no iomrádh ar bith uaidh. Ins an am a rabh an caisleán críochnuigh’ ag Ó Domhnaill i nDún na nGall chuir na saoirthí cuaille mór maide amach os cionn na habhna fá choinne gléas iasgáireachta, agus shiubhail an maighistir a bhí ortha amach air, agus rinne sé poll toir síor fríd bhárr a’ mhaide, agus d’fhág sé an tor saithte ann. “Sin dubhslán na nÉireannach,” arsa seisean, “an tor sin a tharraing go n-ithidh an meirg é,” Chuaidh seo fríd chroidhe Uí Dhomhnaill, agus dubhairt sé- “A Mhic an Bháird, dá mbéitheá le fághail is tú a tharnóchadh an tor.”
Bhí Mac a Bháird ar a sheachnadh fá’n am seo. Ach bhí giolla ag Ó Domhnaill agus d’innis sé dó go rabh fhios aige an áit a rabh Niall Mhac a’ Bháird. “Cuir sgéal chuige,” ars’ Ó Domhnaill “thacht annseo, agus ní aifreóchaidh mé a ghroithe (= gnó) go deoidh air.” Cuireadh sgéal fá choinne Néill Mhic a Bháird, agus thainic sé go Dún na nGall. “A Néill” adeir Ó Domhnaill, “nach méa’ra dúinne 'a dtarrnóchthá an tor.” Shiubhal Niall amach ar an mhaide agus tharraing sé é. Shníomh sé a dhá chois ar a’ mhaide annsin, agus leig sé a cheann síos na habhna, agus pholl sé an maide ó’n taoibh íochtrach, agus d’fhág sé an tor saithte ann. Leig sé é fhéin síos na habhna annsin agus shnámh sé isteach. “Sin dubhshlán na Sasanach anois,” ar seisean, “an tor sin a tharraing go nithidh an mheirg é.” B’fhíor dó é. Níor tarraingeadh é a choidhche níos mó. Bhí Mac a’ Bháird annsin ag Ó Domhnaill mar dhuine dá bhunadh fhéin ar feadh ama
fhada, agus bhí Ó Domhnaill dhá uair déag níos fearr dó ná bhí ariamh: shuidheadh Niall ag an bhord amháin leis an righ, agus gheobhadh sé tús gach bidh agus tús gach dighe. Ins an am sin bhíodh na righte ag tógáil cíos-láimhe ar fud na ndúithche. Bhí cheannphort amuigh ag Ó Domhnall thíos ins na Rosaibh ag tógáil cíosa dhó. Sgríobh Ó Domhnaill leitir do Mhac a’ Bháird agus thug dó í. D’iarr sé air a bheith ag siubhal go gcas- faidhe fear tógala an chíosa dó. D’imthigh Mac a’ Bháird: chuaidh sé trasna ar a’ Ghaoith Bearra agus casadh dó fear an chíosa ag Abhainn na Marbh, eadar an Ghaoith Bearra agus an Clochan Liath. Thug sé an leitir do’n fhear agus léigh seisean í. “A dhuine dhona, is truagh nach rabh tú níos faide un tosuigh,” ar seisean; “tá órdughadh agam-sa ins an leitir seo an méid talaimh atá ó Ghaoith Bearra go dtí go gcastar mise ort a thabhairt duit, agus anois pronnaim-sa ort ó Ghaoith Bearra go dtí seo.”
Thainic Mac a Bháird anuas annsin agus chuaidh sé a chomhnuidhe i Leitir Mhic a’ Bháird ar baile a dtugthar anois Corr air. Annsin rinne sé teach. Sé’n cineal toighe a rinne sé, ghearr sé cleitheacha ins a’ choill, sháith sé a mbun ins a talamh, agus cheangail sé iad ar uachtar. Chuir sé sgraitheacha agus tuighe ortha annsin. Nuair a bhí an teach deánta aige phós sé, agus i n-am bhí clann aige. Ins an am sin bhí Ó Domhnaill pósta ar ingéan Uí Grúchair Shligigh, agus chuaidh sé siar ar cuairt go Sligeach. Casadh Ó Domhnaill agus Ó Grúchair i gcuideachta a chéile, agus bhí Ó Grúchair ag innsigh do Ó Domhnaill fá dtaoibh do file ceoil a bhí aige, dar bh’ainm dó Tadhg Ó hUigín, agus nach rabh a léitheid le fághail ó thaoibh a chuid rannuigheacht’. Bhuail Ó Domhnaill geall mór go rabh fear aige-sean ní b’fhearr ná é. Cuireadh na gealltaí. Chaith siad crainn cia aca a thiocfadh Tadhg Ó Uigín aniar chuig Mac a’ Bháird nó Mac a’ Bháird a ghabhail siar. Thainic sé ar chrann Tadhg Ó hUigín a theacht aniar. Tharlaidh nuair a
thainic sé aniar fhad le Mac a’ Bháird go rabh mach óg ag bean Néill, agus rinneadh cáirdeas Críosta do Thadhg. Baisteadh Ádhamh ar a’ naoidhnean. Bhí eagla ar Mhac a’ Bháird roimhe, agus d’imthigh Tadhg abhaile gan rannaigheact ar bith a dheanamh, siocair go dtug Mac a’ Bháird an oiread sin urraim dó. Bliadhantaí i na dhéidh sin casadh Ó Domhnaill agus Ó Grúchair ar a chéile arís, agus chuir siad na gealltaí as an nua arís. Thainic Tadhg anuas annsin ar air arís go dtí teach Néill. Rinne bean mhic a’ Bháird sráideóg dó agus dá beirt mhac fhéin. Nuair a thainic am codalta chuir sí an bheirt ghasúr - an mac ba shine agus Ádhamh - in a luighe aig Tadhg, fear aca ar gach taobh dó. I gcionn tamaill d’iarr fear de na gasraí tuilleadh den éadach a leigint leis. “Tá do cheart agat dó,” ars’ an gasúr eile. Thosuigh an dá ghasúr ag troid fá’n tsúisín. “Roinnigidh eadraibh fhéin é,” arsa Tadhg, “tá mise i lár eadraibh.” Bhí miodóg
crochtaí ar a mhuinneal ag an ghasúr ba shine fá choinne gearradh aráin agus feola. D’éirigh sé; chuir sé an mhiodóg i bhfasta i mbun a’ tsúisín agus rois sé go bárr é. Tharraing gach aon fhear do fhear do na gasraí a leath air fhéin, agus d’fhág Tadhg maol tárnocht i lár. Annsin chuir bean Mhic a’ Bháird fallaing Néill ar Thadhg le n-a choinneailt teith. Ach ghlac Tadhg an fhearg annsin, agus thosuigh sé ar a rannuigheacht, agus dubhairt sé mar leanas- Sé tchím eadaraim agus léas Ach sé cúpla dhéag, in a luighe ar bán; Agus sé shaoilim gur leor an tocht Do fear bocht do chlainn mhic a’ Báird. Cóirigh faoim agus tharam, Is íseal a clumh is ní hárd, ’S is fada ó bhí rí na bréid An fhailling seo Néill Mhic a’ Bháird. Níor labhair Niall leis seo agus dubhairt Tadhg arís: Clann mhic a’ Bháird Cúl lom carrach gan chuirlíní, Báthadh ortha, ach gan Ádhamh aca, Is mairg tharlaidh eatorra.
Smaoi’tigh Niall mac a’ Bháird san am sin go rabh sé fhéin fada go leor gan labhairt, agus dubhairt sé. Chan é sin iad ach Clann a’ Bháird Cul trom-dlaoidhtheach na gcuirlín Mar buaileadh deilbh ar a dán Nó mar thadhg a cheanglochaidhe ar uigín. Deir Tadhg leis - Glas seile go síor a’ tslugaire Sin fear do bheir do gach glagaire. Deir mac a’ Bháird annsin - Is géar bearradh do dheimis-se, Is ar do ghoile níl cuimse; Is tú an raimsgeach ar cheann beinnse Agus is mór do dhíoladh do bhiadh na bain’se. Deir Tadhg leis [bhí Niall ruadh] - Dheanfaidh mé rann do’n radaire Ruadh riabhach nach ridire Sladaidhe ar du al dó bréagóireacht. [Bragaire borrtha le bitheamhnacht.]
Deir mac a’ Bháird annsin - Bud é do athair fhéin fear suibhalta ’gus reatha Mar thafain na conairt’ i ndéidh na sealg An-Chríosta tíre na Banba Is mairg a chuimilfeadh a theangaidh dó Diabhal dall bhíos dá líomadh ar lic ifrinn, A shéad tú a Dhaill Uí hUigín. Stad Tadhg annsin agus thug Mac a’ Bháird rann eile dó. Is tú an finníneach fealltach fealltach finníneach, Sgeinnideach sgathmhar sgathmhar sgeinnideach Leisinneach gorrúnach gorrúnach gránda, Lom ladhrach leicinneach. Tachtadh Tadhg annsin, ná ní rabh sé abalta ní ba mhó a rádh. Phreab sé in a sheasamh, d’imthigh sé abhaile, agus bhí an bhuaidh le Niall. Tá cuid do oighre Mhic a’ Bháird na gcomhnuidhe i gCuirr ó’n lá sin go dtí’n lá indiu. Agus rud níos iongantaighe, fuair Séamus Ó Beirn bun na gcleitheach ins a’ talamh, cleitheacha toighe Mhic a’ Bháird, tá ceithre bliadhain ó shoin i mBaile Cuirre, agus fuaras leis an fhear chéadna fáinne óir fosgailte ar thaoibh amháin comhgarach do’n áit chéadna in a bhfuair sé na cleitheacha.
Ó BAOIGHILL AGUS MAC SUIBHNE. Bhí Maolmhuire dubh mhac Suibhne ’na chómhnuidhe thíos ins na Tuatha’. Chuir sé giolla aníos chuig Ó Baoighill aige Crannóig Uí Bhaoighill ag iarraidh iasacht cú air, agus mur dtugadh- Dubhairt Ó Baoighill leis an ghiolla nach rabh cú ar bith aige, agus dá mbíodh… Chuaidh an giolla annsin abhaile agus d’innis do Mhaolmhuire goidé mar bhí. Chuir Maol- mhuire teachtaire annsin chuig Ó Baoighill le cuireadh un dinéir annsoir. Chuaidh Ó Baoighill agus a ghiomanach síos. Ar a theacht fhad le Maolmhuire dóbhtha chuir sé fearadh na fáilte romhpa. D’iarr sé ar Ó Baoighill a theacht isteach agus na beath- aigh a chur ar stábla. Dubhairt Ó Baoighill nach bhfógnóchadh sin ró mhaith ná go rabh na beathaigh ró theith, agus d’iarr sé ar a ghiomanach iad a thiomaint siar is aniar an bóthar go bhfuarfadh siadh.
Chuaidh Ó Baoighill annsin isteach le Maol- mhuire. Nuair a chuaidh siad isteach ins an chead seomra chuir Maolmhuire an glas ar an doras i n-a dhéidh, agus rinne sé seo ó cheann go ceann go dteachaidh siad isteach ins an naomhadh seomra, agus ghlasaigh sé uilig iad na ndéidh. Nuair a chuaidh siad go dtí an naomhadh ceann bhí bunnóg aráin leis an teinidh dá cruadhchan. “Cá leis a bhfuil sin cosamhail?” adeir Maolmhuire le Ó Baoighill. “Tá sé cosamhail le bunnóg aráin” adeir Ó Baoighill. “Ní headh,” adeir sé, “ach tá sé cosamhail le ceithearnach bheadaidhe an Bhaoighilligh a thiocfadh ó shliabh agus ocras air.” [Bhí an bhunnóg iongantach caol]. Smaoi’tigh Ó Baoighill leis fhéin gur cuireadh fill a bhí ann, agus bheir sé greim ar an bhunnóig agus bhuail sé Maolmhuire eadar an dá shúil léi. Léim sé annsin fhad leis an chead doras agus bhris sé an glas le sál a bhróige, agus ó chionn go cionn go dteachaidh sé ar an taoibh amuigh.
Bhí an giomanach réidh fá n-a choinne agus léim siad a mharcuigheacht ar na beathaigh. Rinne siad na naoi dtráigheannaí ar fhreastal ar an trághadh amháin, agus sin an t-astar ba luthmhaire rinneadh i dTír Chonaill ariamh. Bhí Sean Ó Baoighill dall agus bhí sé amuigh ag éisteacht agus mhothuigh sé iad ag teacht. “Moth’uim an láir odhar agus an láir bhallach ag teacht agus aithnighim as torman a gcuid cos nach bhfuil a gcuid marcaigh sásta. Gabh isteach na stábla,” adeir sé leis an bhuachaill seirbhise, “agus cuir an diallaid ar an dá bheathach is fheárr ann.” Nuair a thainic Ó Baoighill ní thearn sé móran moille. D’athruigh sé a chapall, léim sé a mharcuigheacht, agus níor stad sé go rabh sé i nDoire. Bhí Mac Suibhne ar a lorg i dtólaimh. Bhí soitheach na luighe ag an chéidh; chuaidh Ó Baoighill ar bórd, agus thug sé duais do’n chaiphtín an soitheach a athrughadh giota amach ó’n chéidh. D’amharc sé amach annsin agus chonnaic sé duine bocht ag siubhal aniar siar ar an chéidh agus mála air. [B’éigin do Mhac
Suibhne bréig-riocht a chur air féin ag dul isteach i nDoire dó]. “A dhuine bhocht,” adeir sé, “dá mbéinn amuigh agat chuirfinn déirc in do phocan.” “Ná,” adeir Maolmhuire, “dá mbéinn istoigh agat-sa bheirfinn an mhiodóg duit-se.” Bhí buaidh ar Mhaolmhuire a bheith beo go gcasfaidhe fear air a gheobhadh an bhuaidh air. D’aithin sé anois go rabh sé buailte, agus tharraing sé ar a bhaile. Ar a theacht aníos dó fhad leis na Cléitheacha Dubha thainic an oidhche air, agus d’iarr sé órt na hoidhche ina dteach a bhí ann, agus fuair sé sin. “Anois,” adeir sé, “rud ar bith tchífidh sibh go maidin ná cuirigidh iongantas ar bith ann.” I dtrátha an mheadon oichche thoisigh na préacháin dubha a chruinniughadh, agus ní rabh aon chleith ins an teach nach rabh préachán dubh greamuigh’ air, agus ar maidin lá ar na bhárach bhí Maolmhuire dubh mhac Suibhne marbh. Chuaidh Ó Baoighill trasna go hAlbain agus thainic sé na bhaile arís nuair a chualaidh sé go rabh Maolmhuire dubh marbh, agus bhí suaimhneas aige ní ba mhó.
CONALL Ó BAOIGHILL. Bhí fear ins na Rosaibh ar bh’ainm dó Conall Ó Baoighill. Bhí cliobóg mhaith chapaill aige le díol agus chinn sé in a intinn go dtabhradh sé chuig aonach an Chlochain Léith í. D’imthigh sé go luath ar maidin roimh éirghe na gréine, agus an chliobóg leis. Nuair a bhí sé dó no trí mhílte de’n bhealach casadh marcach dó, agus bheannuigh gach aon duine aca dá chéile. D’fhiostruigh an marcach do’n Bhaoighilleach an ag dul a dhíol na cliobóige a bhí sé. Dubhairt an Baoighilleach leis gurbh eadh. Goidé’n luach atá in do chionn agat uirthi. “Bhí mé ag dréim,” ars’ an Baoighilleach, “go bhfuighinn seacht bpunt uirthi.” “Bhéaraidh mise sin duit uirthi” ars’ an marcach, “ná taitnighidh an chliobóg liom. Ach caithfidh tú dhul liom abhaile léithe.”
D’amharc an Baoighilleach go géar air agus thug sé fá dear go rabh sé cóirighth’ i n-éideadh choimhightheach. Agus d’fhiosruigh sé dó cá hfad a bhí aige le dul, “ná is fear thú nach bhfacas ariamh, agus níl aithne ar bith agam ort” adeir sé. “Ná bíodh eagla ar bith ort, siubhail leat, agus níl agam a dul ach beagan mílte” ars’ an marcach. “Nuair a rachas mé na bhaile béidh ’fhios agat cé mé fhéin.” Shiubhail siad leobhtha, go dtainic siad fhad le sgreig mhóir a bhí ar thaoibh a’ bhealaigh. Bhuail an marcach buille uirthi, agus d’fosgail doras isteach. Arsa seisean leis an Bhaoighilleach “ná bíodh iongantas nó uathbhas ar bith ort fá seo: lean damhsa isteach annseo. Nuair a rachas tú isteach tchífidh tú dhá shraith ar ’ach aon taoibh ’na luighe ’na gcodladh, agus gunna agus claidh- eamh ag taoibh an uile shaighdiúr aca. Tabhair faithcheall, agus ná baineadh do chosa fhéin ná cosa na cliobóige dhaobhtha, ná má bhaineann musglóchar iad agus béidh sé deacair a gcur na gcodladh.” Shiubhail siad leobhtha fríd theach mhór fhada,
agus chonnaic an Baoighilleach na saighdiúirí in a luighe le n-a gcionn leis a bhalla agus a gcosa i lár an urláir. Bhí iongantas mór ar an Bhaoighilleach fá dtaobh do seo agus d’fhiafraigh sé de’n mharcach goidé’n cíneal dream’ iad san. “Innseóchaidh me sin duit,” ars’ an marcach, “ach cuirim rún beatha is báis ort gan labhairt air.” “Deanfaidh mise sin,” ars’ an Baoighilleach. D’fhiafraigh sé dó annsin an gcualaidh sé iomrádh ariamh ar shaighdiúirí. Bhall-dearg Uí Dhomhnaill “Chualas, go cinnte,” ars’ an Baoighilleach. “Sin iad annsin,” ars’ an marcach, “agus mise atá ’na cheannphort ortha-san, agus béidh siad na gcodladh mar tchídh tú iad go dtí lá cogaidh Dhúin Chuirritín. Musglóchar iad an lá sin, agus mairbhfidh siad romhpa, agus saoróchadh siad Éire ó’n uair sin.” Nuair a chuaidh siad go dtí’n ceann eile do’n teach chuaidh siad amach ar a’ chúl-doras, agus chuir siad na beathaigh isteach sa’ stábla. Thug sé seacht nginidheacha óir do’n Bhaoighilleach.
“Siubhail leat anois,” ars seisean, “agus lean damhsa.” Ag teacht isteach, agus ag dul fríd an tseomra dóbhtha bhí an Baoighilleach ag amharc thart timcheall uilig agus char mhothuigh sé gur bhain sé le bárr coise duine de na saighdiúiribh. Leis sin mhusgail an saighdiúr. D’fhiostruigh sé de’n cheannphort an rabh an uair ann. “Níl go fóill,” arsa seisean, “luigh síos agus chodluigh.” Rinne sé sin. “Nár dhubhairt mé leat gan a léitheid sin a dheanamh?” ars’ an ceannphort. “Iarraim, maitheamhnas ort,” ars’ an Baoighilleach, “cha dtearn mé i n-aon toisc é.” Thainic an Baoighilleach amach annsin as an screig, agus d’fhág sé slán ag an mharcach. Nuair a bhí sé beagan coiscéim amach ó’n doras d’amharc sé ar ais agus ní rabh le feiceail aige ach an secrig. Chuaidh an Baoighilleach na bhaile agus char innis sé aon fhocal fá dtaodbh ó go rabh sé ar leabaidh a bháis.
Ó BAOIGHILL AGUS AN SEASANACH. Thainic an Seasanach go dtí Caisleán Uí Bhaoighill agus bhí sé ann ar feadh seacht mbliadhain. Ní thearn sé dadaidh ar feadh na seacht mbliadhain ach ag deanamh bogha agus saighdí. I gcionn na seacht mbliadhain thainic a náimhde ar Ó Baoighill, agus thóg siad a chuid eallaigh is thug siad leobhtha iad. Ar ndóiche bhí sé buaidheartha i ndéidh a stoc a chailleadh. Arsa Ó Baoighill leis a’ tSeasanach “tá tú annseo le seacht mbliadhain agus ní cafha mé goidé’n mhaitheas a rinne tú ó shoin, agus tá súil agam go ndeanfaidh tú rud éighinteacht indiu.” Chruinnigh an Seasanach suas a chuid saighead, cibé bhí deánta le seacht mbliadhain aige. Ag teacht go dtí Caisleán Uí Bhaoighill do’n tSeasanach bhí péire bróg
aige, agus chuir sé i dtaisge iad ar chúl na crúba, agus luigh siad annsin ar feadh an ama uilig. Thug sé anuas na bróga, agus chuir sé ar maos iad le haghaidh iad a dheanamh taisleach do na chosaibh. Nuair a bhí siad maochnaigh go leor, dar leis, chuir sé air iad, agus shiubhail sé fhéin agus Ó Baoighill go cliste no go dteachaidh siad fhad le Bealach na gCreach, agus thainic siad suas leis an chreach annsin. Ars’ an Seasanach le Ó Baoighill. “Cia aca an dtroidfidh tú anois nó an chreach a cheapadh.” “Ceapfaidh mé’n chreach,” ars Ó Baoighill. Sgairt an Seasanach annsin ar lucht na gnoc. Thainic siad ar a’ bponc, agus ní rabh aon tsaighead deánta aige le seacht mbliadhain nach rabh duine aige le sgaoileadh leis, gur bhuail siad an námhaid agus chuir siad ruaig air. Cheap Ó Baoghaill an chreach, agus arsa seisean leis an tSeasanach, “goidé thig liom a dheanamh dhuit cionnus thú a léitheid sin de mhaitheas a dheanamh damh?”
“Nílim ag iarraidh dadaidh ort ach an chead chuid de do bhiadh agus de do dheoch a fhághail,” ars an Seasanach. “Tá sé beag go leor agat agus sin a fhághail,” ars’ Ó Baoighill. Nuair a thainic siad anois go Gleann Mór na nGleanntach bhuail tart Ó Baoighill, agus chuaidh sé isteach i dteach agus d’iarr sé deoch ann. Fuair sé sin. Nuair a fuair sé an deoch d’ól sé é. Ars’ an Seasanach, “nach luath a rinne tú dearmad do do gheallstan damh? Tá mise gabhail d’fhágail anois, is ní fheicfidh tú níos mó mé go dti lá Thadhg na dTadhgan, agus béidh cath mór againn an lá sin ag Muileann na gCuirritín.” D’imthigh an Seasanach annsin agus ní fhacthas ní ba mhó é.
BALL DEARG Ó DOMHNAILL. Nuair a thainic an tóir ar an Dálach d’iarr sé ar Albanach a mhac a choinneailt. Ní rabh ag an Dálach ach aon ghasúr amháin. Ghlac an tAlbanach leis a’ bhuachaill, agus gheall sé go dtabhradh sé scoil agus léighinn dó. D’imthigh an Dálach ar shiubhal san oidhche annsin gan fhiosd’ ar eagla go bhfeicfidhe é. Bhíodh na hAlbanaigh eile ag teacht ’ach uile oidhche a fhéachadh an bhfuigh’ siad gléas báis a chur ar mhac an Dálaigh. Ní leigfeadh an t-Albanach dóibh gléas bháis a chur air. Oidhche amháin chruinnigh siad go dtí n teach a rabh an Dálach óg ann. “Támuid ag braith an gasúr a chur un áisb anocht,” adeir siad. “Táim ag iarraidh orraibh athchuinge amháin gan gléas báis a chur air annseo, san áit ar tógadh é,” ars’ an tAlbanach.
“Cuirfidh muid féachailt anocht ar an pheata seo atá agat, go bhfeicfidh muid goidé atá in a intinn.” Bhí beirt mhac ag an Albanach fhéin agus cuireadh an triúr amach. Fiostruigheadh de’n triúr annsin, ’ac aon duine fá leith, goidé bhí in a intinn nó goidé an athchuinge a d’iarrfadh sé. D’iarr an fear gallta ba shine bean dóigheamhail. D’iarr an dara hóganach saidhbhreas a sháith bheith aige fhad is bhéadh sé beo. Thainic an Dálach ar aghaidh annsin agus d’iarr sé claidheamh agus fear os coinne gach realtóg a bhí ’san spéir: bhí sin doimhin go leor. Bhí an fhuil ann, is bhí sí árd te. D’innis siad do’n Albanach annsin an athchuinge a d’iarr gach aon duine aca, agus dubhairt siad leis go rabh sé ag tógailt droch-pheatha. Ní rabh dadaidh annsin ach féachailt gléas báis a chur ar an Dálach. Sgríobh siad leitir annsin leis an Dálach a chrochadh i mBaile Átha Cliath, agus chuireadh
mac an Albanaigh leis an Dálach go Baile Átha Cliath ar an dá bheathach a bhfearr a bhí sa stábla. Cuireadh an leitir le mac an Albanaigh. Bhí pléisiúr agus cuideachta aca an chead lá a rabh siad ar a’ bhealach. Ach lá ar na bhárach cha rabh an Dálach ábalta a labhairt leis an mhéid iargnó is bhí air. D’fhiafruigh mac an Albanaigh air goidé bhí air. Dubhairt sé go rabh iargnó mór air. “Cé is measa leat i nÉirinn?” ars an tAlbanach leis. “Cé is measa liom ach tusa a bhí ’do luighe liom ar a leabaidh amháin,” ars’ an Dálach. “Má’s fiór sin,” ars’ an tAlbanach “dheanfaidh mise mo dhicheall duit. Gabh thusa isteach anois go Baile Átha Cliath is má tá an t-ádh ort soitheach a bheith ag imtheacht gheobhaidh tú ar siubhal. Agus mur bhfuil (= muna bhfuil) crochfar thú.” Chuaidh an Dálach isteach agus cha dtearn sé stad nó sgíste gur shroich sé an chéidh. Bhí sóitheach annsin agus i ar tí imtheacht.
Bhí an Dálach ar shiubhal ar a tsoitheach nuair a thainic an tAlbanach isteach go Baile Átha Cliath. Fosgladh an leitir i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus cuireadh saighdiúirí ar lorg an Dálaigh ó’n gach uile chearn san chathair: séideadh na stuic agus na hadharca dá chuartughadh, ach cha rabh aon mhaith ann. D’imthigh an Dálach gur bhain sé an Tuirc amach. Chuaidh sé isteach i dteach agus fuair sé lóisdín. Chuaidh an bhean a chaoineadh nuair a chonnaic sí é. Dubhairt sí go rabh sé cosamhail le n-a mac fhéin, gur imthigh sé ar bhád a dheanamh pléisiúr ar an fhairge agus nár phill sé. Dubhairt an Dálach go rabh an fhairge garbh, is go dtiocfadh sé. Dhá lá i ndéidh sin thainic an mac abhaile agus ba mhór an lughthair a bhí ar an mháthair. Baintreabhach a bhí innti. Fear urránta láidir a bhí san mhac. Chuir Rí an Tuirc leitir chuige ag iarraidh air theacht lá ar na bhárach go ndeanfadh sé troid le fathach coimhightheach a thainic isteach sa’ tír. Chuaidh an mac a luighe an oidhche sin. Ach leis an sgá’radh a bhí air roimh an fhathach bhí
sé ag léimnigh i náirde ar a leabaidh agus é in a chodladh. Char chodluigh an Dálach, is sgairt sé ar an mhathair a theacht go bhfeic- feadh sí a mac agus an sgá’radh bhí air in a chodladh. Dubhairt an mhathair nach ndeanfadh sé an groithe go deo. Dubhairt an Dálach nach rabh aon duine le hamharc na dhéidh go deo, agus go rachadh seisean agus go ndeanfadh sé troid leis an fhathach. Bhí stail ag an bhaintreabhaigh le seacht mbliadhain agus ní fhaca an stail grian no gealach ar feadh an ama sin. Dubhairt an bhaintreabhach go rabh sí istoigh agus seachtar fear ag tabhairt aire duithe. Chuaidh an Dálach isteach na stábla agus thug sé amach an stail. Chuaidh an stail ar a dá ghlúin agus d’umhluigh sí dhó. D’imthigh an Dálach, agus an stail agus a chlaidheamh leis, agus bhain sé an tráigh amach. Casadh an fathach air, is mharbh an Dálach é, bhain sé an cionn de, is chaith sé faoi theach a ríogh é. Bhí an rí is a theaghlach uilig ag amarc ar a’ troid. Bhí ingéan a’ ríogh geallta do’n fhear a mhairbhfeadh an fathach.
Chuaidh an Dálach annsin is d’iarr sé ar mhac na bainteabhaighe ingéan a’ ríogh a phósadh. Ghléas seisean carranaí is cóistí gur bhain sé amach teach a’ ríogh. D’fhiafruigh ingéan a’ ríogh cé an fear a rabh sise dhul a phósadh. Dubhairt mac na baintreabhaighe gurbh eisean an fear. D’iarr ingéan a’ ríogh air annsin a lámh dheas a thógailt go bhfeicfeadh sí an ball dearg a bhí faoi n-a ascall ar a thaoibh dheis. Bhí fhios aige nach rabh ball dearg air, agus d’imthigh seisean na bhaile is b’éigin do’n Dálach ghabhail un tosuigh agus ingean an ríogh a phósadh. Bhí an rí aosta agus thug sé suas a ríoghacht mar oighreacht do’n Dálach. Bhí fear ó Mhullach na Mine i bpríosún i dTuirc, agus an chloisint dó go rabh rí úr ar an Tuirc chuir sé teachtaireacht chuige. D’órduigh an Dálach do na saighdiúirí é a leigint amach as a’ phríosún agus é a thabhairt os a choinne. Rinneadh seo. D’fhiafraigh an Dálach cé an tír arbh as é. Dubhairt seisean gur as Tír Chonaill.
D’iarr an Dálach air annsin ghabhail ar ais go hÉirinn is an dá chapall a b’fhearr a bhí i dTír Chonaill a cheannacht, agus bliadhain o’n lá sin iad a bheith aige i gcuan Dhúin na nGall, ná go rachadh sé féin ar ais go hÉirinn fa’n am sin agus go mbéadh an dá bheathach a dhith air. Thainic an lá, is thainic an long is an Dálach uirthi go dtí cuan Dhúin na nGall. Bhí fear Mhullach na Mine annsin roimhe, agus an dá chapall aige. Chuaidh an bheirt aca ag marcuigheacht is chuaidh siad go dtí caisleán a athara, is chuaidh siad thart fá’n chaisleán fá thrí. Annsin bhain sé an cuan amach agus phill sé ar ais go dtí an Tuirc. Agus is é atá le theacht a chuidiughadh linne nuair a thiocfas cogadh na hÉireann orainn. Éireóchaidh sé annsin agus bainfidh sé an bhuaidh - Ball Dearg Ó Domhnaill.
AN DÓIGH A CHUAIDH CORMAC MAC AIRT UN NA BHFLAITHEAS. Le Linn Naoimh Pádraig i nÉirinn bhíodh sé ag taisteal na tíre i gcomhnuidhe ag glanadh na págantacht ás Éirinn. Nuair a d’éirigh sé aosta cha rabh sé i n-innibh siubhal, agus théidheadh sé thart i gcarbad. Bhíodh giolla aige san charbad ag tiomaint na n-each. Tráthnóna amháin bhí sé fhéin sa’ ghiolla ag teacht abhaile, agus leis an aois is leis an tuirse thainic néal codlata ar Phádraig san charbad. Thainic siad go dtí áth ar abhainn mhóir éiginteacht, is ní rachadh na heich trasna an átha. Rinne an giolla a dhicheall leis na heich a mhealladh thar an uisge ach chuir siad suas dó. Thosuigh se ortha annsin leis an tslait, agus thosuigh siad-san ag léimnigh, ach oiread is troigh ní rachadh siad trasna an átha. Leis an torman mhusgail Pádraig,
agus chonnaic sé ní rach bhfaca an giolla. Chonnaic sé samhail nó sgáil ins an aer ós cionn an átha. “Más duine thú bhí ariamh i gcolainn daonda ar an tsaoghal seo,” arsa Pádraig, “labhair liom anois i n-ainm Dé.” Labhair an scáil agus dubhairt sé gur bh eadh. “Cér bh’ainm duit nuair a bhí tú ar a’ tsaoghal?” arsa Pádraig. “Cormac mac Airt b’ainm agus ba shloinneadh damh,” ars an sgáil. “Is cad as a dtig tú annseo anois?” arsa Pádraig. “Tá me marbh níos mó ná dhá chéad bliadhain agus chan fhaca mé Dia nó na flaithis go fóill.” “Ó,” arsa Pádraig “goidé ba ádhbhar do sin?” “Ní fhuair mé an baisteadh,” ars an sgáil. “Och go cinnte,” arsa Pádraig “d’fhág sin as na flaithis thú mar atá tú. Ach anois bheirfidh mise un tsaoghail ar ais thú ins an
aithnid chéadna a rabh tú ann. Baistfidh mé thú, agus nuair a gheobhas tú bás arís annsin rachaidh tú go díreach na bhlaitheas.” “An mbéidh sé orm an bás a fhuilstin arís?” ars’ an sgáil. “Go cinnte,” arsa Pádraig, “caithfidh tú an bás fhuilstin arís.” “Más mar sin atá,” ars’ an sgáil, “go gcaithfinn-se dhul fríd phéin an bháis arís, is fhearr liom fanacht mar tá mé ar an fhásach go dtí lá an bhreitheamhnais ná sin a dheanamh.” Ar fheiceáilt do Pádraig comh cruaidh is bhí an bás, agus an eagla bhí ar an sgáil roimhe, líon a chuid súl lán deor, agus shil siad go frasach. Lá gaoithe móire a bhí ann is shéid an ghaoth na deora anonn ar a sgáil, agus thuit siad di síos ins an abhainn. “O, a Phádraig,” arsa seisean, “bhaist tú mé le do chuid deor. Tchím Dia anois, is tchím na flaithis. Táim ag imtheacht uait ann anois, is fágaim mo bheannacht go héag agat.”
“Beannacht leat,” arsa Pádraig, “is nuair a rachas tú ann bí ag guidhe orm-sa.” D’imthigh an sgáil as amharc, is chuaidh na heich go ciuin ceannsa trasna an átha. Agus sin a’ dóigh a chuaidh Cormac mac Airt un na bhflaitheas.
COLMCILLE, AN GRÉASAIDHE, AGUS AN TÁILLIÚIR. Nuair bhí Colmcille ag siubhal thart na háite seo i bhfad ó shoin, thuit cnaipe de a chóta lá amháin, agus chuaidh sé isteach i dteach go bhfuigheadh sé fuaighte arís é. Caidé bhí ag obair ’san teach seo ach táilliúir agus gréasaidhe. Chuaidh Colm a fhad leis an táilliúir, agus d’iarr air an cnaipe a fhuaghail dó, ach dubhairt an táilliúir nach ndeanfadh. Annsin d’iarr sé ar an ghréasaidhe an cnaipe a fhuaghail dó, agus dfuaigh an gréasaidhe an cnaipe le n-a chórdaí róisín. Bhí buidheachas mór ag Colmcille air, agus ag imtheacht dó dubhairt sé, “Nímh an pholladór’ ar a’ tsnáthaid, Agus fuacht an tonnadór’ ar a’ táilliúir.” O’n lá sin go dtí an lá indiu bíonn an táilliúir i gcomhnaidhe dhá fhleachadh, agus má shaitheann sé an tsnáthad in a mhéar, tá sé cinnte líonadh le sileadh agus a bheith fríthir, agus is cuma caidé’n poll a dheanas an gréasaidhe air fhéin leis an mheannaidh ní mó nach go mothuigheann sé é.
FIONN AGUS DIARMAID. Fhad is bhí Diarmaid agus Gráinne ag teicheadh roimh Fhionn thainic siad uair amháin go dtí Tír Chonaill, agus chomhnuigh siad seal i nGleann Éidhnigh, go dt go bhfuair Diarmad fios go rabh Fionn agus na Fianna ag tarraingt air. Chuaidh sé suas annsin go dtí Binn Bhán, an áit a bhfuil Leabaidh Dhiarmada agus Ghráinne go fóill. Ach bhí fhios go maith ag Diarmaid nach ndeanfadh sin cúis dó, ná go gcognóchadh Fionn a órdóg feasa, agus go mba heol dó n ar bith ar mhian leis. Sul a ndeachaidh Diarmad suas an cnoc chuaidh sé síos go dtí an fhairge, agus thug sé leis cúpla ualach droma gainimh na trágha, agus luigh sé féin agus Gráinne air san oidhche.
Ar chogaint a órdóige do Fionn chonnacthas dó go rabh Diarmaid agus Gráinne ar ghaineamh na trágha, agus char fhág sé cúil no cearn thart fán tráigh uilig nar chuartaigh sé, agus theip air Diarmaaid a fhághail. Chuaidh Fionn agus na Fianna suas Gleann Éidhnigh annsin, agus comh luath is fuair Diarmaid fios ar sin thainic seisean anuas go dtí Inbhear Náile, is thug sé leis ualach mór fraoigh, agus rinne sé leabaidh dó féin is do Ghráinne leis thíos ar a’ tráigh. An chead uair eile chognaigh Fionn a órdóg ba léir dhó go rabh Diarmaid agus Gráinne na luighe ar an fhraoch, agus cha dtearn sé sos no sgith, é féin is na Fianna, go dtí go rabh na sléibhte uilig cuartuighthe aca, is oiread le hamharc ar Dhiarmaid ní fhuair siad. Sin a’ dóigh chuireadh Diarmaid cluain ar Fhionn go minic i n-aimhdheoin a órdóige feasa.
BÁS GHOILL MHIC MHÓIRNE. Bhí na Fianna ag seilg lá iongantach fuar. Ar a theacht isteach dóibh ins an oidhche chuaidh Fionn dá théicheadh leis an teinidh. Bhí buaidh ar Chonan nach bhfacadh sé buille ariamh le bualadh nach mbuailfeadh sé, agus nach bhfuair sé ariamh focal le rádh nach ndéarfadh sé. Smaoi’tigh sé gur mhaith an buille sin, agus bhuail sé buille ar Fhionn ins an dá iosgaid agus lúb sé síos é. Theich Conan annsin agus ó sin amach d’imir Fionn ’ach uile feall ar chlannaibh Móirne. Bhí barraidheacht de Chlannaibh Baoisgne ann, agus mar sin b’éigin do Chlannaibh Móirne teicheadh. Chuaidh Goll isteach ar charraig taobh ó thuaidh do Thír Chonaill comhgarach do Ros Ghoill ag teicheadh roimh Chlannaibh Baoisgne.
Bhí sé beo seal aimsire istoigh annsin ar fhaochógaibh agus bháirnighibh. Bhí fhios ag Fionn gur mar seo bhí sé beo. Chuir sé sgéal isteach chuige ag iarraidh air gan na neitheannaí seo a dheánamh. Bhí buaidh ar Gholl rud ar bith a chrosfaidhe air sin an rud a chaithfeadh sé a dheánamh. “Och, tá fhios aige anois” arsa Goll, “go gcaithfidh mise a chul amach i n-éadan mo námhaid.” Nuair a bhí sé ag fágailt na carraige, “Seo anois,” adeir sé “naoi dtrátha fhichead gan biadh - rud nach rabh aon neach beo ariamh - ar an taoibh ó thuaidh do’n charraig bhuirb seo ag ól an tsáile sheirbhe ruaidhe.” Chualaidh sé ariamh fríd a shaoghal gur muc a chuirfeadh un báis é, agus ní fhaca sé an mhuc ariamh nach muir eadh sé. Cé casadh air ar a chul amach dó ach muc Smolach mac Smóil, fear do Chlannaibh Baoisgne. Bhí Goll lag leis an trosgadh agus thuit sé le muc Smolach mac Smóil agus thuit
Muc Smolach mac Smóil leis-sean. Bhí siad marbh taoibh le taoibh agus sin mar thuit Goll mac Móirne an gaisgidheach ba tránmhaire bhí i nÉirinn. Agus sin an t-ádhbhar a dtugtar Ros Goill ar an chean- ntar úd ó’n lá sin go dtí an lá indiu.
SGÉAL AN BHOLCAIN MHÓIR. Comhgarach do Chill Charthach i dTír Chonaill tá gleann ann ar bh’ainm dó Gleann Bholcain. Gleann cumhang atá ann imeasg na sléibhte, agus sgreigeacha ag éirighe go rithte is go hárd ar gach taoibh de. Am amháin fad ó shoin bhí lánamhain dóigheamhail ’na gcómhnuidhe i gCruaich i ndeas do Ghleann Bholcain. Micheal Ó Cannain a bhí ar an fhear, agus Nóra ar a mhnaoi. Fóghmhar amháin thainic an boglach agus cha dtiocfadh leis na daoinibh an féar a shábháil. Cibé ’s ar bith thainic lá amháin maith, gaoth mhaith anoir-ndeas, agus an ghrian ag deall- rughadh go glórmhar. “A Nóra,” arsa Micheal, “Sé Dia a chuir an lá maith seo chugainn, agus caithfidh tú theacht amach agus cuidiughadh liom an féar a shábhail.”
“Is goidé dheanfas mé leis an pháisde atá ’sa chliabhan,” arsa Nóra. “Beir amach an cliabhan is uilig leat go dtí ’n cuibhreann” arsa Micheal. Rinne Nóra seo. Thug sí an cliabhan síos na mhíodúin, agus d’fhág sí é comhgarach do’n áit a rabh siad ag obair. Bhí an páisde ’na chodladh rith an ama is char mhusgail sé go fóill. Chumhdaigh sí suas go téagarach é le héadaigh, agus d’fhág sí é, agus thúsaigh sí fhéin agus Micheal ag cruinniughadh an fhéir. Fhad is bhí siad ag obair bhí siad ag gluaiseacht níos fuide agus níos fuide ó’n chliabhan, ach bhí Nóra ag coinneailt a súile air ó am go h-am, ach uair amháin, leis an deifir a bhí uirthi rinne sí beagan fáillighe go ceann tamaill gan a súil a thabhairt ar an chliabhan. Agus nuair a thóg sí a súil goidé tchídh sí ach fear ag rith treasna an mhíodhúin agus an páisde leis faoi n-a asgall. Leis sin gháir sí ar Micheal. “Och, a Mhichil, a Mhichil, a sheirce bhfeiceann tú an fear a bhfuil an páisde leis. Rith, rith, a thaisge, is bain de é.”
Rith Micheal an rith a bhí in a chnámhaibh is an ráca leis in a láimh. As go brath leis i ndiaidh an fhir. Rith an bheirt suas an gleann ag tarraingt ar Ghleann Bholcain, agus fríd Ghleann Bholcain go dtainic siad fhad le Leabaidh Dhiarmada agus Ghráinne. Bhí sgolpaidh ins an sgreig ins an áit seo, agus labhair sé focal, an fear a rabh an páisde leis. Níor luaithe ar labhair sé an focal nár fosgail an sgreig, agus chuaidh sé isteach. Níor bh’ fhaillighe sin do Micheal. Sháith sé isteach an ráca agus chongbuigh sé an poll fosgailte gur léim sé fhéin isteach. Ag dul isteach dó bhí seomra mór ann, ach ní rabh an fear nó an páisde le feiceáil. Ach bhí seanduine mór fiadhanta, agus féasóg fhada liath air in a shuidhe ag an teinidh. Ba é an Bolcan mór fhéin. Bhí Micheal Ó Cannain tógtha, agus ar ndóiche ní rabh iongantas dó ann. D’fhiostruigh sé de’n tseanduine mhór cá dteachaidh an fear a rabh an páisde leis, agus bhí an ráca tógtha ag Micheal.
“Fóil, fóil,” ars an seanduine mór, “cuir síos an t-arm sin, agus ar do anam ná bain do’n chlog sin os cionn an dorais.” “Chan é go mbainfidh mé an clog, ach brisfidh mé agus réabfaidh mé a bhfuil istoigh mur bhfágh mé mo pháisde,” arsa Micheal. “Fóil go fóill ort” arsa Bolcan, “agus gheobhaidh tú sin, ach cuir síos an t-arm sin. A ghiolla adaidh shuas,” arsa seisean; “beir anuas an páise innseir an fhear seo.” Thug siad anuas páisde, ach má thug fhéin ní hé páisde Mhicil a bhí ann. D’aithin Micheal nár bh’é. “Ní hé seo mo pháisde,” arsa Micheal. “Tógaigidh libh mur bpáisde meirgeach amach as m’amharc, agus tabhairigidh chugam mo pháisde fhéin.” Leis sin sgáirt Bolcan suas leobhtha páisde Mhichil a thabhairt anuas. Thug siad anuas an dara páisde: “ní hé seo mo pháisde ach oiread,” arsa Micheal. “Tógaigidh as m’amharc é, tugaigidh chugam mo pháisde fhéin, agus stadaighidh de mur
gcuid bhaboireachta orm, nó dar Sliabh na Póla réabfaidh mé a bhfuil istoigh.” Leis sin labhair Bolcan mór go garbh crosta ag iarraidh ortha a pháisde fhéin a thabhairt don duine. Annsin thug siad anuas a pháisde fhéin do Micheal. “Och mo sheacht n-anam ort, a pháisde, tá tú agam fá dheireadh,” arsa Micheal, dá théannadh go téagarach isteach le n-a chroidhe, agus ag tabhairt a aghaidhe amach ar an doras. Bhí an ráca in a láimh dheis aige go fóill, agus shaoil Micheal ba chuma goidé an chros a chuir Bolcan Mór air fá dtaobh do’n chlog, go mbainfeadh sé sásamh amháin asta, agus bhuail sé pléasg ar an chlog, agus siúd amach é ar an dhoras, agus as go bráth abhaile leis an pháisde. Na daoine a bhí ann ’san am sin bhí siad comh láidir is comh ceannasach sin is nach gcuireadh an Piaras fhéin eagla ortha. Sé an bhrígh a bhí ins an chlog seo nuair a buaileadh é bheireadh sé cuireadh un catha nó
un féasta do na slóighte sidhe, agus bheireadh sé fios cia h-aca sluagh a rabh cuireadh ag dul air. Uaireanta chuireadh sé cuireadh go dtí Cruachan Chonnacht, agus uaireanta eile go dtí áiteacha eile. Ach an buille a thug Micheal dó an iarraidh seo bhain sé mac alla as an chlog a thug cuireadh un féasta do Chnapastun, rí sidhe an Mhucrois, agus an dream a bhí leis. Ar chloistin seo dóbhtha ghleas siad ortha, agus comh luath is thainic coim na hoidhche thriall Cnapastun agus a shluagh go slightheach ’s go for-mhothuigh’ ó Mhucrois frid Ghleann an Bhaile Dhuibh suas go Gleann Bholcain. Nuair a thainic siad annsin ní rabh fios ar bith ag Bolcan iad a bheith teacht, agus ní rabh a dhath réidh aige fá n-a gcoinne. “A Bholcain,” arsa Cnapastun, “an mar seo atá tú anois i ndiaidh cuireadh chur un féasta orainn.” “Char chuir mise cuireadh ariamh ort,” arsa Bolcan. “A bhréagóir thú,” arsa Cnapastun, “nár bhuail tú do chlog ag tabhairt sgéala dúinne’.”
“Níor bhuaileas ariamh,” arsa Bolcan, “ach bhuail Micheal Ó Cannain é leis a ráca,” ag innsigh dó goidé mar bhí an chúis. “Cha chreidim-sa thú,” arsa Cnapastun, “ag bualadh bab orainn atá tú, ach sin rud nach leigeann sinn duit a dheanamh a choidhche aríst.” “Leis sin thúsaigh an cath agus an troid a bhí mór. Mhair sé trí oidhche agus le breacadh an lae an ceithre lá, nuair a bhí a chuid mhuinntire uilig marbh theith Bolcan bocht suas an cnoc agus Cnapastun fhéin go tiugh teith ar a lorg. Nuair a rug sé air bhuail sé buille de shlaitin draoidheachta air agus rinne sé carnan de Bholcan mhór. Tá sé annsin ón lá seo go dtí an lá indiu, agus béidh go deireadh an tsaoghail. Ins an am siud bhí coill an deas ar dhá thaoibh Ghleanna Bholcain, agus le holc do Bholcan agus dá dhream níor stad Cnapastun agus a shluagh gur tharraing siad an crann deirionnach amach as a fhréamhachaibh agus ón lá sin go dtí’n lá seo níor fhás aon chrann ann.
Ach ní rabh Cnapastun fhéin comh buadhach is comh hadhmharach sin i gcómhnuidhe. Tamall i ndiaidh seo fuair sé dubhshlán ó shluagh sidhe Chonnacht agus chuaidh sé fhéin ’s a dhream na n-airicis ag Beinn Bulban. Bhí daoine i Mucrois an t-am sin a rabh sé mór leobhtha, agus a ghníodh sé cainnt leobhtha uaireanta ins an oidhche. D’innis sé do na daoinibh seo go rabh sé ag dul go dtí’n cath ag Beinn Bulban, agus dá gcailleadh sé an lá go bhfeic- fidhe deora fola ag a thobar. Facthas an fhuil thart fá dtaobh do’n tobar cúpla lá i ndiaidh sin, agus ón uair sin amach char mothuigheadh Cnapastun nó a chuid sidheógaí i Mucrois. Ach taisbeantar Tobar Chnapastuin i Malaidh na Bruidhne i Mucrois go fóill.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services