Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Oidhche Áirneáil i dTír Chonaill

Title
Oidhche Áirneáil i dTír Chonaill
Author(s)
Enrí Ó Muirgheasa,
Pen Name
Mac Róigh, Feargus (Bail. / Eag.)
Compiler/Editor
Ó Muirgheasa, Enrí
Composition Date
1924
Publisher
Preas Dhún Dealgan

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Focal do’n léightheóir.



Tá coim na hoidhche ag teacht anuas go dubh dorcha
ar sgéalaidheacht i dTír Chonaill.



Ce gur líonmhar flúirseach an méid de Chineil
Chonaill a bhfuil Gaedhilg ó’n chliabhan aca go seadh,
cha bhíonn sgéalaidheacht aca a choidhche níos mó mar
a bhí ag a sinnséir ariamh anall.



Bídh an t-áirneál aca go fóill, gach aon oidhche beagnach
ins an gheimhreadh, ach má tá i n-ionad na sean-sgéal,
na laoithe, agus seanchus a dtíre, is mion-chainnt
a bhíos aca, trácht ar an aimsir, ar na barraí, na
margaidhe, poiliteacht, agus an páipéar nuaidheachta.



Sin a’ fath gur mór an gádh dúinne iarsma na sean-
sgéal atá fágtha a sgríobh síos, agus a shábhail fán
lá i mbárach nuair nach mbíonn a léitheid le cloisint
níos mo.



Ní hionnan furmór na sgéaltaí ins an leabhar seo
agus na sgéaltaí eile ar chuireas i gcló roimhe leis
seo. Tá sé sgéaltaí déag san leabhairín seo, agus
bainidh mór-chuid aca le stair agus seanchus Thír
Chonaill, a taoisigh, agus na daoine móra a bhí innti
i n-allod.



B’fhéidir go gcuirfeadh cuid de’n tseanchus seo
ionghnadh ar chorr-léightheoir. Níl moladh mór no
meas mór ann ar “Ó Domhnaill,” “Mac Suibhne,”
agus daoine eile a bhfuil cáil agus óirdhearcas ortha
ins na leabhraí.



Daoine a léigh an leabhar úd a sgríobh an Sasanach.
Roibeard Brúnaing, “an Fáinne agus an Leabhar,”


L. ii


is cumhan leo an méid leagtha cuiridh sé síos ann ar
aon sgéal amháin.



Bíonn an oiread sin de leagthaí uaireanta ar
stair. Ach dhá leagadh a bhíos ann i dtólaimh is iad
leagadh na huaisle agus leagadh na hísle, na ndaoine
atá i n-uachtar agus na mion-daoine atá futha.



Chan ionnan iad na sgéil a bhíos ag an dá dhream
seo i dtír ar bith nó i naois ar bith; agus chan ionnan
iad i nÉirinn ach an oiread.



Bíodh sompla amháin againn - teicheadh no éalodh na
nIarla. Éist leis na Ceithre Maighistrí.



“Is dearbh deimhin na ró thaosg muir agus na ró
fogluais gaoth a hÉirinn is na déidheanchaibh lucht aon
luinge báttar fearr agus báttar aireagdha agus ba huaisle
ar aoi ngeinealaigh, bá fearr gníomh agus gart, eagnamh
agus oirbheart i náitt dia ndeónaigheadh Dia airisiomh
ina n-athardha go soiseadh lá a n-aois aordeadhach
rochtain go haois fhearrdháta.”



Cuirimís an giota seo i gcanamhaint an lae indiu.



Is deimhin nár iomchair an mhuir agus nár seol an
ghaoth thar lear ó hÉirinn le n-ar linn lucht aon luinge
amháin a b’fhearr is a b’uaisle i dtaoibh a ngeinealach
nó a b’fhearr gníomh, calmacht, crodhacht, agus eagna
na iad féin, dá leigeadh Dia leo fuireach in a n-
oighreacht go dtí go rabh a gclanna fásta is gur
shroich siad aois na feardhachta.



Sin cainnt na huaisle. Shaoilfeá as go rabh
muinntir na hÉireann uilig ag sileadh na ndeor is
ag briseadh a gcroidhe ar imtheacht na nIarla ó Éirinn.
Ach dá saoiltheá sin is tú a bhéadh ar seachran. Éist
le Ó Cianáin anois ag innsigh go lom fírinneach an
dóigh a d’imthigh siad -



“Téidid isteach ar bord luinge … tógbhaid a
seolta innsin … agus cuirid lucht dá bhád do
thógbhail uisge agus d’iarraidh connaidh (ádhbhar teineadh).



Beiris mac mheic Suibhne Fanad agus drong do
dhaoinibh na tíre i dtóraigheacht ortha: troidid le


L. iii


chéile, agus is ar éigin thugadar fuirionn na mbád
uisge agus connadh leo … measaid annsin dul
isteach go hArainn a riachtanus a leas bidh agus dighe
do thabhairt chuca. Éirgheas anfainne iomarcach
agus doinionn dearmhair (= an-mhór)… gur
h-ionnarbadh ó chomhgar na tíre iad.”



Nach mór an difreacht idir an dá phioctúir seo.
Agus dá mbíodh sgéalaidhe i bhFanaid indiu a rabh
seanchus na linne sin aige, sé sgéal Uí Chianáin a
bhéadh sé ag aithris. Tig linn a bheith cinnte fá sin.
Agus ní mór dúinne an méid seo a thuigsint dá
mba mhaith linn stair ar dtíre a fhoghluim i gceart.
Ná is iomdhaidh rud i sgéal ar dtíre nach féidir a
thuigsint go h-iomlán i neasbhaidh an eolais seo.



Sgéal na huaisle - fadh is bhí uaisle againn - atá
le léigheadh ins na leabhraí. Níl annsin ach leath an
sgéil. Taoibh leis an tsruthan liteardha seanchuis
sin bhí sruthan eile - sruthan béal-oideachais na ndaoine.



Gheobhthar lán meadair as an dara sruthan seo ins
an leabhairín seo.



Sgéaltaí na ndaoine íochtranach nach rabh i réim
ariamh iad seo: thainic siad anall ó na geinealaigh
nach maireann, agus haithriseadh na mílte d’uairibh
iad fá theaghlaighthe Thír Chonaill. Tá sgéaltaí eile
agam fósta a dtig anuas níos truime ar na daoinibh
móra, ach dheanfaidh siad cúis am eile.



Feargus Mac Róigh.


L. iv


Clár an Leabhair
agus
lucht inniste na sgéal.



1. 1. Ó Domhnaill agus
an Comhursa



2. 4. Ó Domhnaill agus
buachaill bó Connacht



3. 6. Buachaill bó Uí
Dhomhnaill



4. 9. Ó Domhnaill agus
an Cailin



10. 34. Ó Baoighill agus an
Seasanach.



Muiris Ó híocain
Crannóg Buidhe
in-aice Árd a' Ratha.



[Duine Laoghach moranta a bhí ann:
tá sé ar shlighe na fírinne anois: solus na
bhflaitheas dá anam. Thigeadh leis áireamh a
mhuinntir’ a dheanamh siar go dtí an naomhadh
geinealach, go dtí an chead duine aca a
thainic ó Chonnachta go dtí Tír Chonaill, is
é ag marcuigheacht ar chapall, agus cú le na
chois.]



5. 11. Cai leán Uí Dhomhnaill - Séamus Ó Míodhchain,
an Mhagh, Árd a’ Ratha.
[Tá sé imthighthe abhaile fósta: go ndeanaidh
Dia trócaire air.]



6. 13. An Seiseadh glún déag - Bean Mhic Giolla
Brighde, Árd a’ Ratha.



7. 15. Niall mac a’ Bháird - Domhnall Ó Baoighill,
agus Niall mac a’ Bháird, Clasaigh
comhgarach do’n Ghaoith Bearra.


L. v


15. 51. Bás Ghoill Mhic Mhóirne - an bheirt chéadna.



8. 26. Ó Baoighill agus mac Suibhne - Domhnall Ó
Baoighill, Clasaigh.



9. 30. Conall Ó Baoighill - Doimhnic Ó Domhnaill.



11. 37. Ball Dearg Ó Domhnaill - Róis nic Amhal-
ghaidh, Bean Uí Ghallchobhair, Clochan Liath.



12. 44. Cormac mac Airt - Doimnic Ó Beirn, Gleann
a’ Bhaile Dhuibh, i naice Cille Carthach.



16. 54. Sgéal an Bholcáin Mhóir - an fear céadna.



13. 48. Colmcille, an Gréasaidhe, agus an Táilliúir -
Gráinne ní hEarnáin, Mín a’ Dubhain, Baile
na Finne.



14. 49 Fionn agus Diarmaid - Maighréad Bean Mhic
Shuibhne, na Sailigh, Leitir Bearra.
[Suaimhneas síorruidhe chuici: tá sí imthighthe
na baile.]


L. 1


Oidhche Áirneáil i dTír Chonaill.



Ó DOMHNAILL AGUS AN COMHURSA.



Bhí fear in a chomhursa ag Ó Domhnaill
uair, agus bhí capall agus searrach
aige.



Théidheadh an searrach an uile lá fhad le
gearran Uí Dhomhnaill: b fhearr leis a chuide-
achta is dócha ná cuideachta a mháthara.



I ndeireadh ama smaoi’tigh Ó Domhnaill
gur chóir dó an searrach a choinneail, agus
chongbhuigh sé é.



Ní rabh fhios ag an fhear bhocht goidé’n
dóigh a bhfuigheadh sé an searrach ar ais ó
Ó Domhnaill. Chuaidh sé fhad le bean Uí
Dhomhnaill agus d’innis a sgéal duithe.



“Cuirfidh mise ar chaoi thú go bhfuighidh tú
an searrach ar ais,” arsa sise - “tabhair
leat slat iasgaireachta agus gabh síos un


L. 2


na h-abhna. Tionnthuigh do chúl leis an abhainn
agus gabh iasgaireacht ar an talamh.”



Rinne sé seo.



Thug Ó Domhnaill fá deara é. Chuaidh sé
fhad leis, agus d’fhiostruigh sé dó goidé bhí
sé a dheanamh, nó goidé ’n chiall a bhí aige.



Dubhairt an fear go rabh sé ag iasgaireacht.



“Is mór an t-iongantas,” arsa seisean,
“thú a bheith ag iasgairacht agus do chúl
leis an abhainn agus tú ag iasgaireacht
isteach ar an talamh.”



“Ní mó an t-iontantas é,” ars’ an fear,
“ná an searrach a bhí ag gearran Uí
Dhomhnaill.”



Bhí baramhail ag Ó Domhnaill annsin gur
ab í a bhean féin a chuir an cleas sin in a
chionn, agus dar leis go ndíbróchadh sé í,
cionnus an cleas a chur i gcionn an fhir.
D’fhogair sé i imtheacht. Dubhairt sise go
n-imtheóchadh, ach é a mhargadh a choimhlíonadh.



Bhí margadh deanta ag Ó Domhnaill agus
ise, s’ul má pósadh iad, le í trí ualach droma
thabhairt léithe dá gcuireadh sé ar siubhal i.


L. 3


Dubhairt Ó Domhnaill go líonfadh se an
margadh. An chead ualach thug sí léithe a
páisde, agus thug sí go toigh a h-athar’ é.
An dara hualach, ualach óir agus airgid,
agus thug sí go toigh a h-athar’ é.



Ag teacht ar ais fan tríochadh hualach
duithe d’órduigh sí dó fhéin a dhul ar a druim
go dtugfadh sí léithe é.



“Óch, má’s mar sin atá,” arsa seisean,
“tabhair ar ais cibé a thug tú leat agus
fan ’sa’ bhaile.” Thug sí ar ais an páisde,
an t-ór, is an t-airgead, agus thug seisean
an searrach ar ais do’n chomhursain.


L. 4


Ó DOMHNAILL AGUS BUACHAILL BÓ
CONNACHTACH.



Uair amháin ghlac Ó Domhnaill smaoi’tiughadh
gur chóir dó bean a fhághail dó féin.



Dar leis go rachadh sé go Connachtaibh go
bhfuigheadh sé cailin a bhí annsin a rabh ceim-
eamhlacht aici. Ach chuala sé nach rabh gar
do dhuine ar bith a dhul ann nach rabh i n-innibh
trí cheist a fhuasgladh dá gcuirfeadh sí air.



Thriall sé lá amháin ag marcuigheacht go
Connachtaibh. Comhgarach do’n áit’ na rabh
sí na cómhnuidhe casadh buachaill bó ’s
aici-si dó. Chuir Ó Domhnaill ceist ar an
bhuachaill bó go bhfeicfeadh sé as a fhreagra
goidé n seort daoine a bhí thart fa’n áit.



Cuirim ceist ort, a ghárlaigh,
Ar ucht na mná a d’óil thú,
Cá mhéad uisge a thig ’sa’ lá
Anuas ag Áth an Fhiodha.


L. 5


Dubhairt an buachaill



Ní thig linn a thómhais ’na chártaí,
Thig sé comh láidir luath
Is nuair a thig sé go Béal an Átha
Imthighidh sé le fánaidh uadh



Chonnaiceas do Ó Domhnaill go rabh sé
fada go leor, is phill sé na bhaile.


L. 6


BUACHAILL BÓ UÍ DHOMHNAILL.



Bhí fear uasal no taoiseach i gConnachtaibh
’san t-sean aimsir a dtugadh siad Ó Máinle
air, aghus bhí sé fhéin agus Ó Domhnaill ag imirt
cardaí uair i nDún na nGall. Bhain sé
cibé airgead póca a bhí ag Ó Domhnaill ins
an amh a bhí láthair, agus b’éigin do’n Dálach
trí cinn eallaigh a thabhairt dó – trí bhó mhaol.



Beagan laethe i ndiaidh an t-eallach
imtheacht ghlach buachaill bó Uí Dhomhnaill
cumhaidh ’na ndiaidh. Dar leis gur chóir dó
dhul fhad le Ó Máinle, agus iad a thabhairt
ar ais uaidh. Chuaidh sé. Ar shroichint teach
Uí Mháinle dhó, bhí sé tuirseach i ndiaidh a
shiubhail, agus shuidh suas leis an teinidh,
agus nuair a bhí sé tamall ag an teinidh
thainic néal codlata air, agus thosuigh sé
ag sronnfaigh. Mhusgail cailin a’ toighe é,
agus dubhairt sí gan a léitheid sin a dheanamh
níos mo, ná nár mhaith leis an Mháinleach é.


L. 7


I n-aimhdheoin sin thuit sé ’na chodladh arís
agus bhí sé ag sronnfaigh. Mhusgail an
cailin é an dara h-uair, agus dubhairt sí
leis dá gcluineadh Ó Máinle é go gcroch-
faidhe i mbárach é.



D’imthigh an cailin, agus ar tharadh moille
bhí an buachaill ’na chodladh arís agus é ag
sronnfaigh go hárd.



Chuir O Máinle a cheann aníos as a sheomra
fhéin, agus d’fhiafruigh cé an malceadan sin
a bhí ag buaidhreadh an toighe le n-a shronnfaigh.



Taisbeanadh an gasur dó, agus h-innseadh
dó gur fhéach an chailin fá dhó stad a chur
air ach nár éirigh léithe.



Thainic fearg ar an Mháinleach agus
d’órduigh sé é bheith le crochadh ar chrann
’sa choill maidin i mbárach.



Mhusgail an gasur annsin agus dubhairt sé,



Tá crann ’sa’ choill mur gearradh é,
Tá droichead ar an Éirne mur leagadh é,
Tá féasóg ar Ó Domhnaill mur bearradh é
Is béidh breall ar Ó Máinle mur stadaidh sé.


L. 8


Chonnaic Ó Máinle annsin cé bhí aige,
agus sgaoil sé amach an t-eallach.



“Siúd agat iad,” ar seisean, “agus
tabhair leat abhaile iad.” Thainic an buachaill
abhaile go buadhach go Dún na nGall, agus
an trí bhó mhaol dá dtiomaint roimhe.


L. 9


Ó DOMHNAILL AGUS AN CAILIN.



Bhí sé fhéin agus a ghiomanach amuigh ag
seilg lá amháin, agus casadh cailin daobhtha
ar thaoibh an chnuic. D’fhiafruigh siad duithe
goidé an seort toighe é sin thíos, nó ’rabh
tuighe air.



“Tá,” arsa sise, “tuighe ar thaoibh amháin
de,agus an taobh eile níl tuighe ar bith air.”



Chuir sin iongnadh ar Ó Domhnaill agus
dubhairt sé leis an ghiomanach go rachadh siad
síos go bhfeicfeadh siad goidé ’n chosamhlacht
toighe bhí ann. Thainic siad anuas fhad leis
an teach, agus fuair siad i gcosamhlacht é
mar theach ar bith eile. Chuaidh siad isteach
ina toighe, agus bhí an cailin annsin romhpa.



“A chailin bheag” ars’ Ó Domhnaill,
“cad chuige ar dhubhairt tú linne go rabh
tuighe ar thaoibh amháin de’n teach seo, agus
an taobh eile gan tuighe ar bith?”


L. 10


“Agus,” arsa sise, “nach bhfuil tuighe
ar an taoibh amuigh de, agus gan tuighe ar
bith ar an taoibh istoigh de?” Chuir sé
ceisteanna eile ar an chailin agus thaiteann
a clisteacht go mór leis. “Níl airgead
ar bith liom anois” arsa Ó Domhnaill, “ach
an chead uair eile tchífidh mé amuigh thú bheara
mé pronntanas duit.”



Chuaidh sé fhéin agus ghiomanach amach ar
an doras a dtainic siad isteach air.



D’fhosgail sise an cúl-doras agus casadh
dó ag binn a’n toighe í.



“Tá súil agam,” arsa sise, “a dhuine
uasail, go bhfuil tú comh maith le do gheall-
tanas.”



Ní rabh aige ach an dé chapall ar a rabh
siad ag marcuigheacht a thabhairt duithe ’na
phronntanas, agus thug siad duithe iad, agus
d’imthigh ’na bhaile ag coisigheacht.


L. 11


CAISLEÁN UÍ DHOMHAILL.



Nuair a bhí Rí Ó Domhnaill ag cur suas a
chaisleáin i nDún na nGall an méid a thógadh
sé rith an lae bhéadh sé ar lár maidin i
mbárach.



Bhí seisear saor cloiche aige. D’obair sé
leis go dtí oidhche Aoine. Chuir sé in a
chionn go gcuirfeadh sé trí saoir eile Dia
Sathairn i gcuideachta an bhunaidh a bhí aige
siocair an Domhnach a bheith ag teacht, no
dar leis nach mbainfidhe leis ar an
Domhnach. Agus bhí dúil aige go suidhfeadh
sé fhéin ’na choimhead go mbéadh an mheadhon
oidhche thart.



Nuair a scap na saoir cloiche tráthnóna
Dia Sathairn d’fhan Ó Domhnaill ’na ndéidh
ag coimhead an chaisleáin. Bhí sé tamall in
a shuidhe, a aghaidh ar an obair, agus a chúl
ar an taoibh eile, agus nuair a thionntuigh


L. 12


sé thart bhí bean ruadh in a seasamh ar a
chúl, agus níor mhothuigh sé ag teacht í.



“A Rí Uí Dhomhnaill,” adeir sí, “tá tú
ag teacht un tosuigh go maith le do chaisleán.”



“Níl, a bhean,” ars’ Ó Domhnaill, agus
d’innis sé dí goidé mar rinne siad cúis
rith na seachtmhaine.



“Is tú fhéin ba chionntaigh,” ar sise.



“Cad as adeir tú sin?” ars’ Ó Domhnaill.



“Is tú féin ba chionntaigh,” adeir sí,
“nuair nach suidheann tú fhéin in do shuidhe
go bhfeiceas goidé an bunadh a bhíos dá
leagadh.



Fan in do shuidhe anocht, agus ar a haon
déag ó chlog mothóchaidh tú sgafta ag teacht
anall ar a’ chlochan ag dul an caisleán a
leagadh ort, agus iad ag gáiridhe. Chuir a
léitheid seo d’fháilte romhpa mar is cóir
duit a dheanamh, agus ní leagfar an caisleán
níos mó. Agus d’innis sí do an fháilte a
chur romhpa.



Rinne Ó Domhnaill seo, agus ón oidhche
sin amach níor leagadh nó níor baineadh leis
an chaisleán ní ba mhó.


L. 13


AN SEISEADH GLÚN DÉAG.



San am a rabh Ó Domhnaill ag tógailt
Caisleáin Dhúin na nGall sí an dóigh a rinneadh
an muirteal a cuireadh ann an t-aol is an
gaineamh a fhliuchughadh le fuil eallaigh.



Tugadh eallach na tíre go Dún na nGall
indéidh a chéile, agus baineadh cuid fola as
gach aon bheathach dóibh.



Bhí baintreabhach bhocht ann an uair sin
nach rabh aici ach bó amháin, agus fuiligheadh
an bhó seo fá cheathair fé choinne tóghala an
chaisleáin.



Char b’fhiú moran annsin í. Cha rabh innti
ach go rabh sí beo. Chuaidh an bhaintreabhach
fhad le Ó Domhnaill agus rinne sí a gearan
leis. Dubhairt sí gur mhór an náire dó
leigint dá lucht freastail a léitheid sin a
dheanamh uirthi nó “is duine de do ghaoltaibh
mise” adeir si. Dhiúlt Ó Domhnaill sin
duithe, go rabh gaol ar bith eatorra.


L. 14


“Tá” arsa sise, “ná is mé an seiseadh
glún déag duit-se.” “Och chan fhiú dadaidh
sin,” adeir Ó Domhnaill, “chan fhuil gaol
ar bith in a léitheid sin.”



“Maise tá,” ars’ an bhaintreabhach “agus
cruthóchaidh mé duit go bhfuil.”



D’imthigh sí agus fuair sí mias mhór agus
chuir sí innti cúig phiginn déag de uisge
glan, agus annsin chuir sí innti piginn
amháin bainne, agus chuir an piginn bainne
amháin dath bán ar an mhéid a bhí san mhéis.



“Och tchím anois go bhfuil rud éighinteacht
ann," arsa Ó Domhnaill, agus d’fhogair sé
dá lucht freastail gan baint le bó na
baintreabhaighe ní ba mhó, agus bhí sé maith
duithe fhéin ariamh i na dhéidh sin.


L. 15


NIALL MAC A’ BHÁIRD.



Ins an am a rabh Ó Domhnaill i nDún na
nGall, agus duine de na rightibh ba mheasa
a bhí i nÉirinn ariamh an Dálach céadna,
fuair sé caisleán úr deantha. Saoirthi as
Sasana a bhí dhá dheánamh. Bhí fear freastail
aige fhéin ar bh’ainm dó Niall ’ac a’ Bháird.
Chaith fear de na saoirthibh anuas gráinín
muirteáil ar chloich, agus d’iarr sé ar Mhach
a’ Bháird an chloch sin a thabhairt aníos chuige.
Ar a ghabhail suas do Niall leis a chloich leag
sé fhéin í ar a’ bhalla, leisg oiread do shásamh
a thabhairt dó. Thionntuigh an saor í cúpla
uair, ar a’ dhóigh fhéin, agus ní fhóghnóchadh sí.
Chonnaic an saor go rabh Mac a’ Bháird
comh maith leis fhéin, agus i ndeireadh an lae
d’innis sé do Ó Domhnaill mur gcuireadh
sé Mac a’ Bháird ar shiubhal go mbéadh an
obair millte. Smaoi’tigh Ó Domhnaill gur
bhfearr dó Mac a’ Bháird a chur ar shiubhal.


L. 16


Sgríobh sé leitir, agus thug do Mhac a’
Bháird í, agus d’iarr sé air an leitir seo
a thabhairt dá dheárthar a bhí ’na chomhnuidhe ag
Caisleán na Finne.



Smaoi’tigh Mac a’ Bháird, ar a ghabhail an
bhealach dó, go bhfosglóchadh sé an leitir go
bhfeicfeadh sé goidé bhí innti.



Sé’n rud a bhí ins a’ leitir é fhéin a chur
un báis nó go rabh sé ag milleadh na hoibre
ar na saoirthibh Shasanach.



Char chuir sin cliseadh ar Mhac a’ Bháird
shiubhail sé leis.



Nuair a chuaidh sé fhad leis an abhainn ag
Caisleán na Finne bhí fear ’á bháthadh, agus bhí
na h-iomadaí daoine ar dhá thaoibh na habhna
le hamharc maith a fhághail air shiubhail
Mac a’ Bháird isteach sa’ chladach ar bhruach
na habhna. Nuair a chuaidh Mac a’ Bháird
fhad le Ó Domhmaill d’fhiafraigh Ó Domhnaill
de cá hfhad síos a bhí sé.



“Fhad agus tchidh tú salach mé,” adeir
Mac a’ Bháird.



“Goidé na hiomadaí daoine chonnaic mé
fá’n abhainn?” arsa seisean.


L. 17


“Tá,” ars’ Ó Domhnaill, “fear a bhí ’á
bháthadh: an fear críonna a bhí ann.”



“Is mó dá chuid amaideachta chonnaic mise
ná dá chuid chríonnacht’ é féin a bháthadh,”
arsa Mac a’ Bháird.



“Cá shloinneadh dhuit?” ars’ Ó Domhnaill.



“Mac a’ Bháird mé,” ar seisean.



“Ar bhárd d’athair,” ars’ Ó Domhnaill.



“Cha rabh sé árd nó íseal, ach bhí sé ’na
mhéid mheadhonaigh,” arsa Mac a’ Bháird.



“Och, tchím,” ars’ Ó Domhnaill.



Shín Mac a’ Bháird an leitir annsin chuige,
agus léigh Ó Domhnaill í.



“Amharcaigidh amuigh, a ghasraí,” ar Ó
Domhnaill "ar éirigh an ghealach go fóill?”



“Bhfuil tú ’braith luighe i n-a háit?”
arsa Niall.



“Ní headh,” ars’ Ó Domhnaill, “ach braith
thusa a chrochadh le solus na gealaighe.”



B’fhearr liom sin ná mé a chrochadh le
gad” arsa Mac a’ Bháird.



“Leigfidh muid cead do chinn leat go
maidin ar scór ar bith” ar Ó Domhnaill.


L. 18


Go moch maidin i mbárach tugadh amach é
le n-a chrochadh.



“A Uí Dhomhnaill,” arsa Niall, “tá
athchuinge agam ort.”



“Má’s athchuinge do shaoghail í,” ars’
Ó Domhnail, “níl féidhm léithi; chan fhághann
tú sin. Ach athchuinge ar bith eile gheobhaidh tú í.”



“Chan í athchuinge mo shaoghail í” arsa Niall,
“ach tusa do mhuinneal buidhe a chur isteach
ins an dul seo i mo chuideachta.”



Sáruigheadh ar Ó Domhnaill leis sin, agus
d’iarr sé air Niall imtheacht leis i mbéal a’
chinn, agus gan amharc fheiceail go bráth air,
no iomrádh ar bith uaidh.



Ins an am a rabh an caisleán críochnuigh’
ag Ó Domhnaill i nDún na nGall chuir na
saoirthí cuaille mór maide amach os cionn
na habhna fá choinne gléas iasgáireachta,
agus shiubhail an maighistir a bhí ortha amach
air, agus rinne sé poll toir síor fríd bhárr
a’ mhaide, agus d’fhág sé an tor saithte ann.



“Sin dubhslán na nÉireannach,” arsa
seisean, “an tor sin a tharraing go n-ithidh
an meirg é,”



Chuaidh seo fríd chroidhe Uí Dhomhnaill,
agus dubhairt sé-



“A Mhic an Bháird, dá mbéitheá le fághail
is tú a tharnóchadh an tor.”


L. 19


Bhí Mac a Bháird ar a sheachnadh fá’n am
seo.



Ach bhí giolla ag Ó Domhnaill agus d’innis
sé dó go rabh fhios aige an áit a rabh Niall
Mhac a’ Bháird.



“Cuir sgéal chuige,” ars’ Ó Domhnaill
“thacht annseo, agus ní aifreóchaidh mé a
ghroithe (= gnó) go deoidh air.” Cuireadh
sgéal fá choinne Néill Mhic a Bháird, agus
thainic sé go Dún na nGall.



“A Néill” adeir Ó Domhnaill, “nach
méa’ra dúinne 'a dtarrnóchthá an tor.”
Shiubhal Niall amach ar an mhaide agus
tharraing sé é. Shníomh sé a dhá chois ar a’
mhaide annsin, agus leig sé a cheann síos
na habhna, agus pholl sé an maide ó’n taoibh
íochtrach, agus d’fhág sé an tor saithte ann.



Leig sé é fhéin síos na habhna annsin agus
shnámh sé isteach.



“Sin dubhshlán na Sasanach anois,” ar
seisean, “an tor sin a tharraing go nithidh
an mheirg é.” B’fhíor dó é.



Níor tarraingeadh é a choidhche níos mó.
Bhí Mac a’ Bháird annsin ag Ó Domhnaill
mar dhuine dá bhunadh fhéin ar feadh ama


L. 20


fhada, agus bhí Ó Domhnaill dhá uair déag
níos fearr dó ná bhí ariamh: shuidheadh Niall
ag an bhord amháin leis an righ, agus gheobhadh
sé tús gach bidh agus tús gach dighe.



Ins an am sin bhíodh na righte ag tógáil
cíos-láimhe ar fud na ndúithche.



Bhí cheannphort amuigh ag Ó Domhnall thíos
ins na Rosaibh ag tógáil cíosa dhó.



Sgríobh Ó Domhnaill leitir do Mhac a’
Bháird agus thug dó í.



D’iarr sé air a bheith ag siubhal go gcas-
faidhe fear tógala an chíosa dó. D’imthigh
Mac a’ Bháird: chuaidh sé trasna ar a’ Ghaoith
Bearra agus casadh dó fear an chíosa ag
Abhainn na Marbh, eadar an Ghaoith Bearra
agus an Clochan Liath. Thug sé an leitir
do’n fhear agus léigh seisean í.



“A dhuine dhona, is truagh nach rabh tú
níos faide un tosuigh,” ar seisean; “tá
órdughadh agam-sa ins an leitir seo an
méid talaimh atá ó Ghaoith Bearra go dtí
go gcastar mise ort a thabhairt duit, agus
anois pronnaim-sa ort ó Ghaoith Bearra go
dtí seo.”


L. 21


Thainic Mac a Bháird anuas annsin agus
chuaidh sé a chomhnuidhe i Leitir Mhic a’ Bháird
ar baile a dtugthar anois Corr air. Annsin
rinne sé teach. Sé’n cineal toighe a rinne
sé, ghearr sé cleitheacha ins a’ choill, sháith
sé a mbun ins a talamh, agus cheangail sé
iad ar uachtar. Chuir sé sgraitheacha agus
tuighe ortha annsin. Nuair a bhí an teach
deánta aige phós sé, agus i n-am bhí clann
aige.



Ins an am sin bhí Ó Domhnaill pósta ar
ingéan Uí Grúchair Shligigh, agus chuaidh sé
siar ar cuairt go Sligeach. Casadh Ó
Domhnaill agus Ó Grúchair i gcuideachta a
chéile, agus bhí Ó Grúchair ag innsigh do Ó
Domhnaill fá dtaoibh do file ceoil a bhí
aige, dar bh’ainm dó Tadhg Ó hUigín, agus
nach rabh a léitheid le fághail ó thaoibh a chuid
rannuigheacht’. Bhuail Ó Domhnaill geall
mór go rabh fear aige-sean ní b’fhearr ná é.
Cuireadh na gealltaí. Chaith siad crainn
cia aca a thiocfadh Tadhg Ó Uigín aniar
chuig Mac a’ Bháird nó Mac a’ Bháird a
ghabhail siar. Thainic sé ar chrann Tadhg Ó
hUigín a theacht aniar. Tharlaidh nuair a


L. 22


thainic sé aniar fhad le Mac a’ Bháird go rabh
mach óg ag bean Néill, agus rinneadh
cáirdeas Críosta do Thadhg. Baisteadh
Ádhamh ar a’ naoidhnean. Bhí eagla ar Mhac
a’ Bháird roimhe, agus d’imthigh Tadhg abhaile
gan rannaigheact ar bith a dheanamh, siocair
go dtug Mac a’ Bháird an oiread sin urraim
dó.



Bliadhantaí i na dhéidh sin casadh Ó
Domhnaill agus Ó Grúchair ar a chéile arís,
agus chuir siad na gealltaí as an nua arís.



Thainic Tadhg anuas annsin ar air arís
go dtí teach Néill.



Rinne bean mhic a’ Bháird sráideóg dó
agus dá beirt mhac fhéin. Nuair a thainic
am codalta chuir sí an bheirt ghasúr - an
mac ba shine agus Ádhamh - in a luighe aig
Tadhg, fear aca ar gach taobh dó.



I gcionn tamaill d’iarr fear de na
gasraí tuilleadh den éadach a leigint leis.
“Tá do cheart agat dó,” ars’ an gasúr eile.
Thosuigh an dá ghasúr ag troid fá’n tsúisín.



“Roinnigidh eadraibh fhéin é,” arsa Tadhg,
“tá mise i lár eadraibh.” Bhí miodóg


L. 23


crochtaí ar a mhuinneal ag an ghasúr ba shine
fá choinne gearradh aráin agus feola.
D’éirigh sé; chuir sé an mhiodóg i bhfasta i
mbun a’ tsúisín agus rois sé go bárr é.



Tharraing gach aon fhear do fhear do na gasraí a
leath air fhéin, agus d’fhág Tadhg maol
tárnocht i lár.



Annsin chuir bean Mhic a’ Bháird fallaing
Néill ar Thadhg le n-a choinneailt teith.



Ach ghlac Tadhg an fhearg annsin, agus
thosuigh sé ar a rannuigheacht, agus dubhairt
sé mar leanas-



Sé tchím eadaraim agus léas
Ach sé cúpla dhéag, in a luighe ar bán;
Agus sé shaoilim gur leor an tocht
Do fear bocht do chlainn mhic a’ Báird.
Cóirigh faoim agus tharam,
Is íseal a clumh is ní hárd,
’S is fada ó bhí rí na bréid
An fhailling seo Néill Mhic a’ Bháird.



Níor labhair Niall leis seo agus dubhairt
Tadhg arís:



Clann mhic a’ Bháird
Cúl lom carrach gan chuirlíní,
Báthadh ortha, ach gan Ádhamh aca,
Is mairg tharlaidh eatorra.


L. 24


Smaoi’tigh Niall mac a’ Bháird san am sin
go rabh sé fhéin fada go leor gan labhairt,
agus dubhairt sé.



Chan é sin iad ach Clann a’ Bháird
Cul trom-dlaoidhtheach na gcuirlín
Mar buaileadh deilbh ar a dán
Nó mar thadhg a cheanglochaidhe ar uigín.



Deir Tadhg leis -



Glas seile go síor a’ tslugaire
Sin fear do bheir do gach glagaire.



Deir mac a’ Bháird annsin -



Is géar bearradh do dheimis-se,
Is ar do ghoile níl cuimse;
Is tú an raimsgeach ar cheann beinnse
Agus is mór do dhíoladh do bhiadh na bain’se.



Deir Tadhg leis [bhí Niall ruadh] -



Dheanfaidh mé rann do’n radaire
Ruadh riabhach nach ridire
Sladaidhe ar du al dó bréagóireacht.
[Bragaire borrtha le bitheamhnacht.]


L. 25


Deir mac a’ Bháird annsin -



Bud é do athair fhéin fear suibhalta ’gus reatha
Mar thafain na conairt’ i ndéidh na sealg
An-Chríosta tíre na Banba
Is mairg a chuimilfeadh a theangaidh dó
Diabhal dall bhíos dá líomadh ar lic ifrinn,
A shéad tú a Dhaill Uí hUigín.



Stad Tadhg annsin agus thug Mac a’
Bháird rann eile dó.



Is tú an finníneach fealltach fealltach finníneach,
Sgeinnideach sgathmhar sgathmhar sgeinnideach
Leisinneach gorrúnach gorrúnach gránda,
Lom ladhrach leicinneach.



Tachtadh Tadhg annsin, ná ní rabh sé abalta
ní ba mhó a rádh.



Phreab sé in a sheasamh, d’imthigh sé abhaile,
agus bhí an bhuaidh le Niall.



Tá cuid do oighre Mhic a’ Bháird na
gcomhnuidhe i gCuirr ó’n lá sin go dtí’n
lá indiu. Agus rud níos iongantaighe,
fuair Séamus Ó Beirn bun na gcleitheach
ins a’ talamh, cleitheacha toighe Mhic a’ Bháird,
tá ceithre bliadhain ó shoin i mBaile Cuirre,
agus fuaras leis an fhear chéadna fáinne
óir fosgailte ar thaoibh amháin comhgarach
do’n áit chéadna in a bhfuair sé na cleitheacha.


L. 26


Ó BAOIGHILL AGUS MAC SUIBHNE.



Bhí Maolmhuire dubh mhac Suibhne ’na
chómhnuidhe thíos ins na Tuatha’. Chuir sé
giolla aníos chuig Ó Baoighill aige Crannóig
Uí Bhaoighill ag iarraidh iasacht cú air, agus
mur dtugadh-



Dubhairt Ó Baoighill leis an ghiolla nach
rabh cú ar bith aige, agus dá mbíodh…



Chuaidh an giolla annsin abhaile agus d’innis
do Mhaolmhuire goidé mar bhí. Chuir Maol-
mhuire teachtaire annsin chuig Ó Baoighill le
cuireadh un dinéir annsoir. Chuaidh Ó
Baoighill agus a ghiomanach síos. Ar a
theacht fhad le Maolmhuire dóbhtha chuir sé
fearadh na fáilte romhpa. D’iarr sé ar
Ó Baoighill a theacht isteach agus na beath-
aigh a chur ar stábla. Dubhairt Ó Baoighill
nach bhfógnóchadh sin ró mhaith ná go rabh na
beathaigh ró theith, agus d’iarr sé ar a
ghiomanach iad a thiomaint siar is aniar an
bóthar go bhfuarfadh siadh.


L. 27


Chuaidh Ó Baoighill annsin isteach le Maol-
mhuire. Nuair a chuaidh siad isteach ins an
chead seomra chuir Maolmhuire an glas ar
an doras i n-a dhéidh, agus rinne sé seo ó
cheann go ceann go dteachaidh siad isteach ins
an naomhadh seomra, agus ghlasaigh sé uilig
iad na ndéidh.



Nuair a chuaidh siad go dtí an naomhadh
ceann bhí bunnóg aráin leis an teinidh dá
cruadhchan.



“Cá leis a bhfuil sin cosamhail?” adeir
Maolmhuire le Ó Baoighill.



“Tá sé cosamhail le bunnóg aráin” adeir
Ó Baoighill.



“Ní headh,” adeir sé, “ach tá sé cosamhail
le ceithearnach bheadaidhe an Bhaoighilligh a
thiocfadh ó shliabh agus ocras air.” [Bhí an
bhunnóg iongantach caol].



Smaoi’tigh Ó Baoighill leis fhéin gur
cuireadh fill a bhí ann, agus bheir sé greim
ar an bhunnóig agus bhuail sé Maolmhuire
eadar an dá shúil léi. Léim sé annsin fhad
leis an chead doras agus bhris sé an glas le
sál a bhróige, agus ó chionn go cionn go
dteachaidh sé ar an taoibh amuigh.


L. 28


Bhí an giomanach réidh fá n-a choinne agus
léim siad a mharcuigheacht ar na beathaigh.
Rinne siad na naoi dtráigheannaí ar fhreastal
ar an trághadh amháin, agus sin an t-astar
ba luthmhaire rinneadh i dTír Chonaill ariamh.



Bhí Sean Ó Baoighill dall agus bhí sé amuigh
ag éisteacht agus mhothuigh sé iad ag teacht.



“Moth’uim an láir odhar agus an láir
bhallach ag teacht agus aithnighim as torman
a gcuid cos nach bhfuil a gcuid marcaigh
sásta. Gabh isteach na stábla,” adeir sé
leis an bhuachaill seirbhise, “agus cuir an
diallaid ar an dá bheathach is fheárr ann.”



Nuair a thainic Ó Baoighill ní thearn sé
móran moille. D’athruigh sé a chapall, léim
sé a mharcuigheacht, agus níor stad sé go
rabh sé i nDoire. Bhí Mac Suibhne ar a
lorg i dtólaimh. Bhí soitheach na luighe ag an
chéidh; chuaidh Ó Baoighill ar bórd, agus thug sé
duais do’n chaiphtín an soitheach a athrughadh
giota amach ó’n chéidh.



D’amharc sé amach annsin agus chonnaic sé
duine bocht ag siubhal aniar siar ar an
chéidh agus mála air. [B’éigin do Mhac


L. 29


Suibhne bréig-riocht a chur air féin ag dul
isteach i nDoire dó].



“A dhuine bhocht,” adeir sé, “dá mbéinn
amuigh agat chuirfinn déirc in do phocan.”



“Ná,” adeir Maolmhuire, “dá mbéinn
istoigh agat-sa bheirfinn an mhiodóg duit-se.”



Bhí buaidh ar Mhaolmhuire a bheith beo go
gcasfaidhe fear air a gheobhadh an bhuaidh air.



D’aithin sé anois go rabh sé buailte, agus
tharraing sé ar a bhaile.



Ar a theacht aníos dó fhad leis na Cléitheacha
Dubha thainic an oidhche air, agus d’iarr sé
órt na hoidhche ina dteach a bhí ann, agus
fuair sé sin.



“Anois,” adeir sé, “rud ar bith tchífidh
sibh go maidin ná cuirigidh iongantas ar bith
ann.”



I dtrátha an mheadon oichche thoisigh na
préacháin dubha a chruinniughadh, agus ní rabh
aon chleith ins an teach nach rabh préachán dubh
greamuigh’ air, agus ar maidin lá ar na
bhárach bhí Maolmhuire dubh mhac Suibhne marbh.
Chuaidh Ó Baoighill trasna go hAlbain agus
thainic sé na bhaile arís nuair a chualaidh sé
go rabh Maolmhuire dubh marbh, agus bhí
suaimhneas aige ní ba mhó.


L. 30


CONALL Ó BAOIGHILL.



Bhí fear ins na Rosaibh ar bh’ainm dó Conall
Ó Baoighill.



Bhí cliobóg mhaith chapaill aige le díol
agus chinn sé in a intinn go dtabhradh sé
chuig aonach an Chlochain Léith í.



D’imthigh sé go luath ar maidin roimh éirghe
na gréine, agus an chliobóg leis. Nuair a
bhí sé dó no trí mhílte de’n bhealach casadh
marcach dó, agus bheannuigh gach aon duine
aca dá chéile.



D’fhiostruigh an marcach do’n Bhaoighilleach
an ag dul a dhíol na cliobóige a bhí sé.



Dubhairt an Baoighilleach leis gurbh eadh.
Goidé’n luach atá in do chionn agat uirthi.
“Bhí mé ag dréim,” ars’ an Baoighilleach,
“go bhfuighinn seacht bpunt uirthi.”



“Bhéaraidh mise sin duit uirthi” ars’ an
marcach, “ná taitnighidh an chliobóg liom.
Ach caithfidh tú dhul liom abhaile léithe.”


L. 31


D’amharc an Baoighilleach go géar air agus
thug sé fá dear go rabh sé cóirighth’ i n-éideadh
choimhightheach. Agus d’fhiosruigh sé dó cá hfad
a bhí aige le dul, “ná is fear thú nach bhfacas
ariamh, agus níl aithne ar bith agam ort”
adeir sé. “Ná bíodh eagla ar bith ort,
siubhail leat, agus níl agam a dul ach beagan
mílte” ars’ an marcach. “Nuair a rachas
mé na bhaile béidh ’fhios agat cé mé fhéin.”



Shiubhail siad leobhtha, go dtainic siad fhad
le sgreig mhóir a bhí ar thaoibh a’ bhealaigh.



Bhuail an marcach buille uirthi, agus
d’fosgail doras isteach. Arsa seisean leis
an Bhaoighilleach “ná bíodh iongantas nó
uathbhas ar bith ort fá seo: lean damhsa
isteach annseo. Nuair a rachas tú isteach
tchífidh tú dhá shraith ar ’ach aon taoibh ’na
luighe ’na gcodladh, agus gunna agus claidh-
eamh ag taoibh an uile shaighdiúr aca.



Tabhair faithcheall, agus ná baineadh do
chosa fhéin ná cosa na cliobóige dhaobhtha, ná
má bhaineann musglóchar iad agus béidh sé
deacair a gcur na gcodladh.”



Shiubhail siad leobhtha fríd theach mhór fhada,


L. 32


agus chonnaic an Baoighilleach na saighdiúirí
in a luighe le n-a gcionn leis a bhalla agus
a gcosa i lár an urláir.



Bhí iongantas mór ar an Bhaoighilleach fá
dtaobh do seo agus d’fhiafraigh sé de’n
mharcach goidé’n cíneal dream’ iad san.



“Innseóchaidh me sin duit,” ars’ an
marcach, “ach cuirim rún beatha is báis ort
gan labhairt air.” “Deanfaidh mise sin,”
ars’ an Baoighilleach. D’fhiafraigh sé dó
annsin an gcualaidh sé iomrádh ariamh ar
shaighdiúirí. Bhall-dearg Uí Dhomhnaill
“Chualas, go cinnte,” ars’ an Baoighilleach.
“Sin iad annsin,” ars’ an marcach, “agus
mise atá ’na cheannphort ortha-san, agus
béidh siad na gcodladh mar tchídh tú iad go
dtí lá cogaidh Dhúin Chuirritín. Musglóchar
iad an lá sin, agus mairbhfidh siad romhpa,
agus saoróchadh siad Éire ó’n uair sin.”



Nuair a chuaidh siad go dtí’n ceann eile
do’n teach chuaidh siad amach ar a’ chúl-doras,
agus chuir siad na beathaigh isteach sa’ stábla.
Thug sé seacht nginidheacha óir do’n
Bhaoighilleach.


L. 33


“Siubhail leat anois,” ars seisean, “agus
lean damhsa.”



Ag teacht isteach, agus ag dul fríd an
tseomra dóbhtha bhí an Baoighilleach ag amharc
thart timcheall uilig agus char mhothuigh sé
gur bhain sé le bárr coise duine de na
saighdiúiribh.



Leis sin mhusgail an saighdiúr.



D’fhiostruigh sé de’n cheannphort an rabh
an uair ann.



“Níl go fóill,” arsa seisean, “luigh
síos agus chodluigh.”



Rinne sé sin.



“Nár dhubhairt mé leat gan a léitheid sin
a dheanamh?” ars’ an ceannphort.



“Iarraim, maitheamhnas ort,” ars’ an
Baoighilleach, “cha dtearn mé i n-aon toisc é.”



Thainic an Baoighilleach amach annsin as an
screig, agus d’fhág sé slán ag an mharcach.



Nuair a bhí sé beagan coiscéim amach ó’n
doras d’amharc sé ar ais agus ní rabh le
feiceail aige ach an secrig.



Chuaidh an Baoighilleach na bhaile agus char
innis sé aon fhocal fá dtaodbh ó go rabh sé
ar leabaidh a bháis.


L. 34


Ó BAOIGHILL AGUS AN SEASANACH.



Thainic an Seasanach go dtí Caisleán Uí
Bhaoighill agus bhí sé ann ar feadh seacht
mbliadhain.



Ní thearn sé dadaidh ar feadh na seacht
mbliadhain ach ag deanamh bogha agus saighdí.



I gcionn na seacht mbliadhain thainic a
náimhde ar Ó Baoighill, agus thóg siad a
chuid eallaigh is thug siad leobhtha iad.



Ar ndóiche bhí sé buaidheartha i ndéidh a
stoc a chailleadh.



Arsa Ó Baoighill leis a’ tSeasanach “tá
tú annseo le seacht mbliadhain agus ní
cafha mé goidé’n mhaitheas a rinne tú ó
shoin, agus tá súil agam go ndeanfaidh tú
rud éighinteacht indiu.”



Chruinnigh an Seasanach suas a chuid
saighead, cibé bhí deánta le seacht
mbliadhain aige. Ag teacht go dtí Caisleán
Uí Bhaoighill do’n tSeasanach bhí péire bróg


L. 35


aige, agus chuir sé i dtaisge iad ar chúl na
crúba, agus luigh siad annsin ar feadh an
ama uilig. Thug sé anuas na bróga, agus
chuir sé ar maos iad le haghaidh iad a
dheanamh taisleach do na chosaibh. Nuair a
bhí siad maochnaigh go leor, dar leis, chuir
sé air iad, agus shiubhail sé fhéin agus
Ó Baoighill go cliste no go dteachaidh siad
fhad le Bealach na gCreach, agus thainic siad
suas leis an chreach annsin.



Ars’ an Seasanach le Ó Baoighill.



“Cia aca an dtroidfidh tú anois nó an
chreach a cheapadh.”



“Ceapfaidh mé’n chreach,” ars Ó Baoighill.
Sgairt an Seasanach annsin ar lucht na
gnoc. Thainic siad ar a’ bponc, agus ní
rabh aon tsaighead deánta aige le seacht
mbliadhain nach rabh duine aige le sgaoileadh
leis, gur bhuail siad an námhaid agus chuir
siad ruaig air.



Cheap Ó Baoghaill an chreach, agus arsa
seisean leis an tSeasanach, “goidé thig
liom a dheanamh dhuit cionnus thú a léitheid
sin de mhaitheas a dheanamh damh?”


L. 36


“Nílim ag iarraidh dadaidh ort ach an
chead chuid de do bhiadh agus de do dheoch
a fhághail,” ars an Seasanach.



“Tá sé beag go leor agat agus sin a
fhághail,” ars’ Ó Baoighill. Nuair a thainic
siad anois go Gleann Mór na nGleanntach
bhuail tart Ó Baoighill, agus chuaidh sé
isteach i dteach agus d’iarr sé deoch ann.
Fuair sé sin. Nuair a fuair sé an deoch
d’ól sé é.



Ars’ an Seasanach, “nach luath a rinne
tú dearmad do do gheallstan damh? Tá
mise gabhail d’fhágail anois, is ní fheicfidh
tú níos mó mé go dti lá Thadhg na dTadhgan,
agus béidh cath mór againn an lá sin ag
Muileann na gCuirritín.”



D’imthigh an Seasanach annsin agus ní
fhacthas ní ba mhó é.


L. 37


BALL DEARG Ó DOMHNAILL.



Nuair a thainic an tóir ar an Dálach d’iarr
sé ar Albanach a mhac a choinneailt. Ní
rabh ag an Dálach ach aon ghasúr amháin.
Ghlac an tAlbanach leis a’ bhuachaill, agus
gheall sé go dtabhradh sé scoil agus léighinn
dó. D’imthigh an Dálach ar shiubhal san oidhche
annsin gan fhiosd’ ar eagla go bhfeicfidhe é.
Bhíodh na hAlbanaigh eile ag teacht ’ach uile
oidhche a fhéachadh an bhfuigh’ siad gléas báis
a chur ar mhac an Dálaigh. Ní leigfeadh an
t-Albanach dóibh gléas bháis a chur air.



Oidhche amháin chruinnigh siad go dtí n teach
a rabh an Dálach óg ann.



“Támuid ag braith an gasúr a chur un
áisb anocht,” adeir siad.



“Táim ag iarraidh orraibh athchuinge amháin
gan gléas báis a chur air annseo, san áit ar
tógadh é,” ars’ an tAlbanach.


L. 38


“Cuirfidh muid féachailt anocht ar an
pheata seo atá agat, go bhfeicfidh muid goidé
atá in a intinn.”



Bhí beirt mhac ag an Albanach fhéin agus
cuireadh an triúr amach. Fiostruigheadh de’n
triúr annsin, ’ac aon duine fá leith, goidé
bhí in a intinn nó goidé an athchuinge a
d’iarrfadh sé.



D’iarr an fear gallta ba shine bean
dóigheamhail.



D’iarr an dara hóganach saidhbhreas a sháith
bheith aige fhad is bhéadh sé beo.



Thainic an Dálach ar aghaidh annsin agus
d’iarr sé claidheamh agus fear os coinne
gach realtóg a bhí ’san spéir: bhí sin doimhin
go leor. Bhí an fhuil ann, is bhí sí árd te.



D’innis siad do’n Albanach annsin an
athchuinge a d’iarr gach aon duine aca, agus
dubhairt siad leis go rabh sé ag tógailt
droch-pheatha.



Ní rabh dadaidh annsin ach féachailt gléas
báis a chur ar an Dálach.



Sgríobh siad leitir annsin leis an Dálach
a chrochadh i mBaile Átha Cliath, agus chuireadh


L. 39


mac an Albanaigh leis an Dálach go Baile
Átha Cliath ar an dá bheathach a bhfearr a
bhí sa stábla.



Cuireadh an leitir le mac an Albanaigh.



Bhí pléisiúr agus cuideachta aca an chead
lá a rabh siad ar a’ bhealach. Ach lá ar na
bhárach cha rabh an Dálach ábalta a labhairt
leis an mhéid iargnó is bhí air.



D’fhiafruigh mac an Albanaigh air goidé
bhí air. Dubhairt sé go rabh iargnó mór air.



“Cé is measa leat i nÉirinn?” ars an
tAlbanach leis.



“Cé is measa liom ach tusa a bhí ’do luighe
liom ar a leabaidh amháin,” ars’ an Dálach.



“Má’s fiór sin,” ars’ an tAlbanach
“dheanfaidh mise mo dhicheall duit. Gabh
thusa isteach anois go Baile Átha Cliath is
má tá an t-ádh ort soitheach a bheith ag
imtheacht gheobhaidh tú ar siubhal. Agus mur
bhfuil (= muna bhfuil) crochfar thú.”



Chuaidh an Dálach isteach agus cha dtearn
sé stad nó sgíste gur shroich sé an chéidh.



Bhí sóitheach annsin agus i ar tí imtheacht.


L. 40


Bhí an Dálach ar shiubhal ar a tsoitheach
nuair a thainic an tAlbanach isteach go Baile
Átha Cliath. Fosgladh an leitir i gCaisleán
Bhaile Átha Cliath agus cuireadh saighdiúirí
ar lorg an Dálaigh ó’n gach uile chearn san
chathair: séideadh na stuic agus na hadharca
dá chuartughadh, ach cha rabh aon mhaith ann.
D’imthigh an Dálach gur bhain sé an Tuirc
amach.



Chuaidh sé isteach i dteach agus fuair sé
lóisdín. Chuaidh an bhean a chaoineadh nuair
a chonnaic sí é. Dubhairt sí go rabh sé
cosamhail le n-a mac fhéin, gur imthigh sé ar
bhád a dheanamh pléisiúr ar an fhairge agus
nár phill sé. Dubhairt an Dálach go rabh an
fhairge garbh, is go dtiocfadh sé. Dhá lá i
ndéidh sin thainic an mac abhaile agus ba
mhór an lughthair a bhí ar an mháthair.



Baintreabhach a bhí innti. Fear urránta
láidir a bhí san mhac. Chuir Rí an Tuirc
leitir chuige ag iarraidh air theacht lá ar na
bhárach go ndeanfadh sé troid le fathach
coimhightheach a thainic isteach sa’ tír.



Chuaidh an mac a luighe an oidhche sin. Ach
leis an sgá’radh a bhí air roimh an fhathach bhí


L. 41


sé ag léimnigh i náirde ar a leabaidh agus
é in a chodladh. Char chodluigh an Dálach,
is sgairt sé ar an mhathair a theacht go bhfeic-
feadh sí a mac agus an sgá’radh bhí air in a
chodladh. Dubhairt an mhathair nach ndeanfadh
sé an groithe go deo.



Dubhairt an Dálach nach rabh aon duine le
hamharc na dhéidh go deo, agus go rachadh
seisean agus go ndeanfadh sé troid leis an
fhathach.



Bhí stail ag an bhaintreabhaigh le seacht
mbliadhain agus ní fhaca an stail grian
no gealach ar feadh an ama sin.



Dubhairt an bhaintreabhach go rabh sí istoigh
agus seachtar fear ag tabhairt aire duithe.



Chuaidh an Dálach isteach na stábla agus
thug sé amach an stail. Chuaidh an stail ar
a dá ghlúin agus d’umhluigh sí dhó.



D’imthigh an Dálach, agus an stail agus a
chlaidheamh leis, agus bhain sé an tráigh amach.
Casadh an fathach air, is mharbh an Dálach é,
bhain sé an cionn de, is chaith sé faoi theach a
ríogh é. Bhí an rí is a theaghlach uilig ag
amarc ar a’ troid. Bhí ingéan a’ ríogh
geallta do’n fhear a mhairbhfeadh an fathach.


L. 42


Chuaidh an Dálach annsin is d’iarr sé ar
mhac na bainteabhaighe ingéan a’ ríogh a
phósadh.



Ghléas seisean carranaí is cóistí gur
bhain sé amach teach a’ ríogh. D’fhiafruigh
ingéan a’ ríogh cé an fear a rabh sise dhul
a phósadh. Dubhairt mac na baintreabhaighe
gurbh eisean an fear. D’iarr ingéan a’
ríogh air annsin a lámh dheas a thógailt go
bhfeicfeadh sí an ball dearg a bhí faoi n-a
ascall ar a thaoibh dheis.



Bhí fhios aige nach rabh ball dearg air,
agus d’imthigh seisean na bhaile is b’éigin
do’n Dálach ghabhail un tosuigh agus ingean
an ríogh a phósadh. Bhí an rí aosta agus thug
sé suas a ríoghacht mar oighreacht do’n
Dálach.



Bhí fear ó Mhullach na Mine i bpríosún i
dTuirc, agus an chloisint dó go rabh rí úr
ar an Tuirc chuir sé teachtaireacht chuige.
D’órduigh an Dálach do na saighdiúirí é a
leigint amach as a’ phríosún agus é a thabhairt
os a choinne. Rinneadh seo. D’fhiafraigh an
Dálach cé an tír arbh as é. Dubhairt seisean
gur as Tír Chonaill.


L. 43


D’iarr an Dálach air annsin ghabhail ar ais
go hÉirinn is an dá chapall a b’fhearr a bhí
i dTír Chonaill a cheannacht, agus bliadhain
o’n lá sin iad a bheith aige i gcuan Dhúin na
nGall, ná go rachadh sé féin ar ais go hÉirinn
fa’n am sin agus go mbéadh an dá bheathach
a dhith air.



Thainic an lá, is thainic an long is an
Dálach uirthi go dtí cuan Dhúin na nGall.



Bhí fear Mhullach na Mine annsin roimhe,
agus an dá chapall aige. Chuaidh an bheirt
aca ag marcuigheacht is chuaidh siad go dtí
caisleán a athara, is chuaidh siad thart fá’n
chaisleán fá thrí. Annsin bhain sé an cuan
amach agus phill sé ar ais go dtí an Tuirc.
Agus is é atá le theacht a chuidiughadh linne
nuair a thiocfas cogadh na hÉireann orainn.
Éireóchaidh sé annsin agus bainfidh sé an
bhuaidh - Ball Dearg Ó Domhnaill.


L. 44


AN DÓIGH A CHUAIDH CORMAC MAC
AIRT UN NA BHFLAITHEAS.



Le Linn Naoimh Pádraig i nÉirinn bhíodh
sé ag taisteal na tíre i gcomhnuidhe ag
glanadh na págantacht ás Éirinn. Nuair
a d’éirigh sé aosta cha rabh sé i n-innibh siubhal,
agus théidheadh sé thart i gcarbad. Bhíodh
giolla aige san charbad ag tiomaint na
n-each.



Tráthnóna amháin bhí sé fhéin sa’ ghiolla
ag teacht abhaile, agus leis an aois is leis
an tuirse thainic néal codlata ar Phádraig
san charbad.



Thainic siad go dtí áth ar abhainn mhóir
éiginteacht, is ní rachadh na heich trasna an
átha. Rinne an giolla a dhicheall leis na
heich a mhealladh thar an uisge ach chuir siad
suas dó. Thosuigh se ortha annsin leis an
tslait, agus thosuigh siad-san ag léimnigh,
ach oiread is troigh ní rachadh siad trasna
an átha. Leis an torman mhusgail Pádraig,


L. 45


agus chonnaic sé ní rach bhfaca an giolla.
Chonnaic sé samhail nó sgáil ins an aer ós
cionn an átha.



“Más duine thú bhí ariamh i gcolainn
daonda ar an tsaoghal seo,” arsa Pádraig,
“labhair liom anois i n-ainm Dé.”



Labhair an scáil agus dubhairt sé gur
bh eadh.



“Cér bh’ainm duit nuair a bhí tú ar a’
tsaoghal?” arsa Pádraig.



“Cormac mac Airt b’ainm agus ba
shloinneadh damh,” ars an sgáil.



“Is cad as a dtig tú annseo anois?”
arsa Pádraig.



“Tá me marbh níos mó ná dhá chéad bliadhain
agus chan fhaca mé Dia nó na flaithis go
fóill.”



“Ó,” arsa Pádraig “goidé ba ádhbhar do
sin?”



“Ní fhuair mé an baisteadh,” ars an
sgáil.



“Och go cinnte,” arsa Pádraig “d’fhág
sin as na flaithis thú mar atá tú. Ach anois
bheirfidh mise un tsaoghail ar ais thú ins an


L. 46


aithnid chéadna a rabh tú ann. Baistfidh mé
thú, agus nuair a gheobhas tú bás arís annsin
rachaidh tú go díreach na bhlaitheas.”



“An mbéidh sé orm an bás a fhuilstin
arís?” ars’ an sgáil.



“Go cinnte,” arsa Pádraig, “caithfidh tú
an bás fhuilstin arís.”



“Más mar sin atá,” ars’ an sgáil, “go
gcaithfinn-se dhul fríd phéin an bháis arís, is
fhearr liom fanacht mar tá mé ar an fhásach
go dtí lá an bhreitheamhnais ná sin a dheanamh.”



Ar fheiceáilt do Pádraig comh cruaidh is
bhí an bás, agus an eagla bhí ar an sgáil
roimhe, líon a chuid súl lán deor, agus shil
siad go frasach.



Lá gaoithe móire a bhí ann is shéid an ghaoth
na deora anonn ar a sgáil, agus thuit siad
di síos ins an abhainn.



“O, a Phádraig,” arsa seisean, “bhaist
tú mé le do chuid deor. Tchím Dia anois,
is tchím na flaithis. Táim ag imtheacht uait
ann anois, is fágaim mo bheannacht go héag
agat.”


L. 47


“Beannacht leat,” arsa Pádraig, “is
nuair a rachas tú ann bí ag guidhe orm-sa.”



D’imthigh an sgáil as amharc, is chuaidh na
heich go ciuin ceannsa trasna an átha.



Agus sin a’ dóigh a chuaidh Cormac mac
Airt un na bhflaitheas.


L. 48


COLMCILLE, AN GRÉASAIDHE, AGUS AN
TÁILLIÚIR.



Nuair bhí Colmcille ag siubhal thart na
háite seo i bhfad ó shoin, thuit cnaipe de a
chóta lá amháin, agus chuaidh sé isteach i dteach
go bhfuigheadh sé fuaighte arís é. Caidé bhí
ag obair ’san teach seo ach táilliúir agus
gréasaidhe. Chuaidh Colm a fhad leis an
táilliúir, agus d’iarr air an cnaipe a fhuaghail
dó, ach dubhairt an táilliúir nach ndeanfadh.



Annsin d’iarr sé ar an ghréasaidhe an
cnaipe a fhuaghail dó, agus dfuaigh an
gréasaidhe an cnaipe le n-a chórdaí róisín.
Bhí buidheachas mór ag Colmcille air, agus
ag imtheacht dó dubhairt sé,



“Nímh an pholladór’ ar a’ tsnáthaid,
Agus fuacht an tonnadór’ ar a’ táilliúir.”



O’n lá sin go dtí an lá indiu bíonn an
táilliúir i gcomhnaidhe dhá fhleachadh, agus má
shaitheann sé an tsnáthad in a mhéar, tá sé
cinnte líonadh le sileadh agus a bheith fríthir,
agus is cuma caidé’n poll a dheanas an
gréasaidhe air fhéin leis an mheannaidh ní mó
nach go mothuigheann sé é.


L. 49


FIONN AGUS DIARMAID.



Fhad is bhí Diarmaid agus Gráinne ag
teicheadh roimh Fhionn thainic siad uair amháin
go dtí Tír Chonaill, agus chomhnuigh siad
seal i nGleann Éidhnigh, go dt go bhfuair
Diarmad fios go rabh Fionn agus na Fianna
ag tarraingt air.



Chuaidh sé suas annsin go dtí Binn Bhán,
an áit a bhfuil Leabaidh Dhiarmada agus
Ghráinne go fóill.



Ach bhí fhios go maith ag Diarmaid nach
ndeanfadh sin cúis dó, ná go gcognóchadh
Fionn a órdóg feasa, agus go mba heol
dó n ar bith ar mhian leis.



Sul a ndeachaidh Diarmad suas an cnoc
chuaidh sé síos go dtí an fhairge, agus thug
sé leis cúpla ualach droma gainimh na
trágha, agus luigh sé féin agus Gráinne air
san oidhche.


L. 50


Ar chogaint a órdóige do Fionn chonnacthas
dó go rabh Diarmaid agus Gráinne ar
ghaineamh na trágha, agus char fhág sé cúil no
cearn thart fán tráigh uilig nar chuartaigh
sé, agus theip air Diarmaaid a fhághail.



Chuaidh Fionn agus na Fianna suas Gleann
Éidhnigh annsin, agus comh luath is fuair
Diarmaid fios ar sin thainic seisean anuas
go dtí Inbhear Náile, is thug sé leis ualach
mór fraoigh, agus rinne sé leabaidh dó féin
is do Ghráinne leis thíos ar a’ tráigh.



An chead uair eile chognaigh Fionn a órdóg
ba léir dhó go rabh Diarmaid agus Gráinne
na luighe ar an fhraoch, agus cha dtearn sé
sos no sgith, é féin is na Fianna, go dtí
go rabh na sléibhte uilig cuartuighthe aca, is
oiread le hamharc ar Dhiarmaid ní fhuair siad.



Sin a’ dóigh chuireadh Diarmaid cluain ar
Fhionn go minic i n-aimhdheoin a órdóige
feasa.


L. 51


BÁS GHOILL MHIC MHÓIRNE.



Bhí na Fianna ag seilg lá iongantach fuar.
Ar a theacht isteach dóibh ins an oidhche chuaidh
Fionn dá théicheadh leis an teinidh.



Bhí buaidh ar Chonan nach bhfacadh sé buille
ariamh le bualadh nach mbuailfeadh sé, agus
nach bhfuair sé ariamh focal le rádh nach
ndéarfadh sé.



Smaoi’tigh sé gur mhaith an buille sin,
agus bhuail sé buille ar Fhionn ins an dá
iosgaid agus lúb sé síos é.



Theich Conan annsin agus ó sin amach
d’imir Fionn ’ach uile feall ar chlannaibh
Móirne.



Bhí barraidheacht de Chlannaibh Baoisgne
ann, agus mar sin b’éigin do Chlannaibh
Móirne teicheadh.



Chuaidh Goll isteach ar charraig taobh ó
thuaidh do Thír Chonaill comhgarach do Ros
Ghoill ag teicheadh roimh Chlannaibh Baoisgne.


L. 52


Bhí sé beo seal aimsire istoigh annsin ar
fhaochógaibh agus bháirnighibh.



Bhí fhios ag Fionn gur mar seo bhí sé beo.
Chuir sé sgéal isteach chuige ag iarraidh air
gan na neitheannaí seo a dheánamh.



Bhí buaidh ar Gholl rud ar bith a chrosfaidhe
air sin an rud a chaithfeadh sé a dheánamh.



“Och, tá fhios aige anois” arsa Goll, “go
gcaithfidh mise a chul amach i n-éadan mo
námhaid.”



Nuair a bhí sé ag fágailt na carraige,
“Seo anois,” adeir sé “naoi dtrátha
fhichead gan biadh - rud nach rabh aon neach
beo ariamh - ar an taoibh ó thuaidh do’n
charraig bhuirb seo ag ól an tsáile sheirbhe
ruaidhe.”



Chualaidh sé ariamh fríd a shaoghal gur muc
a chuirfeadh un báis é, agus ní fhaca sé an
mhuc ariamh nach muir eadh sé.



Cé casadh air ar a chul amach dó ach muc
Smolach mac Smóil, fear do Chlannaibh
Baoisgne.



Bhí Goll lag leis an trosgadh agus thuit
sé le muc Smolach mac Smóil agus thuit


L. 53


Muc Smolach mac Smóil leis-sean. Bhí
siad marbh taoibh le taoibh agus sin mar
thuit Goll mac Móirne an gaisgidheach ba
tránmhaire bhí i nÉirinn. Agus sin an
t-ádhbhar a dtugtar Ros Goill ar an chean-
ntar úd ó’n lá sin go dtí an lá indiu.


L. 54


SGÉAL AN BHOLCAIN MHÓIR.



Comhgarach do Chill Charthach i dTír
Chonaill tá gleann ann ar bh’ainm dó
Gleann Bholcain. Gleann cumhang atá ann
imeasg na sléibhte, agus sgreigeacha ag
éirighe go rithte is go hárd ar gach taoibh
de. Am amháin fad ó shoin bhí lánamhain
dóigheamhail ’na gcómhnuidhe i gCruaich i ndeas
do Ghleann Bholcain. Micheal Ó Cannain a
bhí ar an fhear, agus Nóra ar a mhnaoi.



Fóghmhar amháin thainic an boglach agus cha
dtiocfadh leis na daoinibh an féar a shábháil.



Cibé ’s ar bith thainic lá amháin maith, gaoth
mhaith anoir-ndeas, agus an ghrian ag deall-
rughadh go glórmhar. “A Nóra,” arsa
Micheal, “Sé Dia a chuir an lá maith seo
chugainn, agus caithfidh tú theacht amach agus
cuidiughadh liom an féar a shábhail.”


L. 55


“Is goidé dheanfas mé leis an pháisde
atá ’sa chliabhan,” arsa Nóra.



“Beir amach an cliabhan is uilig leat go
dtí ’n cuibhreann” arsa Micheal. Rinne
Nóra seo. Thug sí an cliabhan síos na
mhíodúin, agus d’fhág sí é comhgarach do’n
áit a rabh siad ag obair. Bhí an páisde ’na
chodladh rith an ama is char mhusgail sé go
fóill. Chumhdaigh sí suas go téagarach é le
héadaigh, agus d’fhág sí é, agus thúsaigh sí
fhéin agus Micheal ag cruinniughadh an fhéir.
Fhad is bhí siad ag obair bhí siad ag gluaiseacht
níos fuide agus níos fuide ó’n chliabhan,
ach bhí Nóra ag coinneailt a súile air ó am
go h-am, ach uair amháin, leis an deifir a
bhí uirthi rinne sí beagan fáillighe go ceann
tamaill gan a súil a thabhairt ar an chliabhan.



Agus nuair a thóg sí a súil goidé tchídh
sí ach fear ag rith treasna an mhíodhúin agus
an páisde leis faoi n-a asgall.



Leis sin gháir sí ar Micheal. “Och, a
Mhichil, a Mhichil, a sheirce bhfeiceann tú an
fear a bhfuil an páisde leis. Rith, rith, a
thaisge, is bain de é.”


L. 56


Rith Micheal an rith a bhí in a chnámhaibh is
an ráca leis in a láimh. As go brath leis i
ndiaidh an fhir. Rith an bheirt suas an gleann
ag tarraingt ar Ghleann Bholcain, agus
fríd Ghleann Bholcain go dtainic siad fhad
le Leabaidh Dhiarmada agus Ghráinne.



Bhí sgolpaidh ins an sgreig ins an áit
seo, agus labhair sé focal, an fear a rabh
an páisde leis. Níor luaithe ar labhair sé
an focal nár fosgail an sgreig, agus
chuaidh sé isteach. Níor bh’ fhaillighe sin do
Micheal. Sháith sé isteach an ráca agus
chongbuigh sé an poll fosgailte gur léim
sé fhéin isteach.



Ag dul isteach dó bhí seomra mór ann,
ach ní rabh an fear nó an páisde le feiceáil.



Ach bhí seanduine mór fiadhanta, agus
féasóg fhada liath air in a shuidhe ag an teinidh.
Ba é an Bolcan mór fhéin. Bhí Micheal
Ó Cannain tógtha, agus ar ndóiche ní rabh
iongantas dó ann.



D’fhiostruigh sé de’n tseanduine mhór cá
dteachaidh an fear a rabh an páisde leis,
agus bhí an ráca tógtha ag Micheal.


L. 57


“Fóil, fóil,” ars an seanduine mór,
“cuir síos an t-arm sin, agus ar do anam
ná bain do’n chlog sin os cionn an dorais.”



“Chan é go mbainfidh mé an clog, ach
brisfidh mé agus réabfaidh mé a bhfuil
istoigh mur bhfágh mé mo pháisde,” arsa
Micheal.



“Fóil go fóill ort” arsa Bolcan,
“agus gheobhaidh tú sin, ach cuir síos an
t-arm sin. A ghiolla adaidh shuas,” arsa
seisean; “beir anuas an páise innseir
an fhear seo.”



Thug siad anuas páisde, ach má thug fhéin
ní hé páisde Mhicil a bhí ann. D’aithin
Micheal nár bh’é. “Ní hé seo mo pháisde,”
arsa Micheal. “Tógaigidh libh mur bpáisde
meirgeach amach as m’amharc, agus tabhairigidh
chugam mo pháisde fhéin.”



Leis sin sgáirt Bolcan suas leobhtha
páisde Mhichil a thabhairt anuas.



Thug siad anuas an dara páisde: “ní
hé seo mo pháisde ach oiread,” arsa Micheal.



“Tógaigidh as m’amharc é, tugaigidh chugam
mo pháisde fhéin, agus stadaighidh de mur


L. 58


gcuid bhaboireachta orm, nó dar Sliabh na
Póla réabfaidh mé a bhfuil istoigh.”



Leis sin labhair Bolcan mór go garbh
crosta ag iarraidh ortha a pháisde fhéin a
thabhairt don duine.



Annsin thug siad anuas a pháisde fhéin do
Micheal.



“Och mo sheacht n-anam ort, a pháisde,
tá tú agam fá dheireadh,” arsa Micheal,
dá théannadh go téagarach isteach le n-a
chroidhe, agus ag tabhairt a aghaidhe amach
ar an doras.



Bhí an ráca in a láimh dheis aige go fóill,
agus shaoil Micheal ba chuma goidé an chros
a chuir Bolcan Mór air fá dtaobh do’n
chlog, go mbainfeadh sé sásamh amháin asta,
agus bhuail sé pléasg ar an chlog, agus
siúd amach é ar an dhoras, agus as go bráth
abhaile leis an pháisde.



Na daoine a bhí ann ’san am sin bhí siad
comh láidir is comh ceannasach sin is nach
gcuireadh an Piaras fhéin eagla ortha.



Sé an bhrígh a bhí ins an chlog seo nuair a
buaileadh é bheireadh sé cuireadh un catha nó


L. 59


un féasta do na slóighte sidhe, agus bheireadh
sé fios cia h-aca sluagh a rabh cuireadh ag
dul air.



Uaireanta chuireadh sé cuireadh go dtí
Cruachan Chonnacht, agus uaireanta eile go
dtí áiteacha eile. Ach an buille a thug
Micheal dó an iarraidh seo bhain sé mac
alla as an chlog a thug cuireadh un féasta
do Chnapastun, rí sidhe an Mhucrois, agus
an dream a bhí leis.



Ar chloistin seo dóbhtha ghleas siad ortha,
agus comh luath is thainic coim na hoidhche
thriall Cnapastun agus a shluagh go slightheach
’s go for-mhothuigh’ ó Mhucrois frid Ghleann
an Bhaile Dhuibh suas go Gleann Bholcain.



Nuair a thainic siad annsin ní rabh fios
ar bith ag Bolcan iad a bheith teacht, agus ní
rabh a dhath réidh aige fá n-a gcoinne.
“A Bholcain,” arsa Cnapastun, “an mar
seo atá tú anois i ndiaidh cuireadh chur un
féasta orainn.”



“Char chuir mise cuireadh ariamh ort,”
arsa Bolcan.



“A bhréagóir thú,” arsa Cnapastun,
“nár bhuail tú do chlog ag tabhairt sgéala
dúinne’.”


L. 60


“Níor bhuaileas ariamh,” arsa Bolcan,
“ach bhuail Micheal Ó Cannain é leis a ráca,”
ag innsigh dó goidé mar bhí an chúis.



“Cha chreidim-sa thú,” arsa Cnapastun,
“ag bualadh bab orainn atá tú, ach sin rud
nach leigeann sinn duit a dheanamh a choidhche
aríst.”



“Leis sin thúsaigh an cath agus an troid a
bhí mór. Mhair sé trí oidhche agus le breacadh
an lae an ceithre lá, nuair a bhí a chuid
mhuinntire uilig marbh theith Bolcan bocht
suas an cnoc agus Cnapastun fhéin go
tiugh teith ar a lorg. Nuair a rug sé air
bhuail sé buille de shlaitin draoidheachta
air agus rinne sé carnan de Bholcan mhór.
Tá sé annsin ón lá seo go dtí an lá indiu,
agus béidh go deireadh an tsaoghail.



Ins an am siud bhí coill an deas ar dhá
thaoibh Ghleanna Bholcain, agus le holc do
Bholcan agus dá dhream níor stad Cnapastun
agus a shluagh gur tharraing siad an crann
deirionnach amach as a fhréamhachaibh agus
ón lá sin go dtí’n lá seo níor fhás aon
chrann ann.


L. 61


Ach ní rabh Cnapastun fhéin comh buadhach
is comh hadhmharach sin i gcómhnuidhe. Tamall
i ndiaidh seo fuair sé dubhshlán ó shluagh
sidhe Chonnacht agus chuaidh sé fhéin ’s a dhream
na n-airicis ag Beinn Bulban. Bhí daoine
i Mucrois an t-am sin a rabh sé mór leobhtha,
agus a ghníodh sé cainnt leobhtha uaireanta
ins an oidhche. D’innis sé do na daoinibh
seo go rabh sé ag dul go dtí’n cath ag Beinn
Bulban, agus dá gcailleadh sé an lá go bhfeic-
fidhe deora fola ag a thobar. Facthas an fhuil
thart fá dtaobh do’n tobar cúpla lá i
ndiaidh sin, agus ón uair sin amach char
mothuigheadh Cnapastun nó a chuid sidheógaí
i Mucrois. Ach taisbeantar Tobar
Chnapastuin i Malaidh na Bruidhne i Mucrois
go fóill.




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services