Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Bealltaine 1916 agus Dánta Eile le Piaras Béaslaí - Léirmheas
Title
Bealltaine 1916 agus Dánta Eile le Piaras Béaslaí - Léirmheas
Author(s)
L.F.,
Composition Date
1921
Publisher
The Irish Jesuits
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Celtica. BEALLTAINE 1916 AGUS DANTA EILE. Le Piaras Béaslaí. Ath Cliath : Cló na Saoirse. 1921. 2s. 6d. Is leasc linn "filíocht" a thabhairt mar ainm ar shaothar scriobh- nóirí ár linne féin. Nuair a bhuaileann file umainn ag gabháil an bhothair dúinn ní aithnighmid é mar fhile is ní chuirimid spéis fé leith ann. "Duine linn féin" is eadh é, ar ndóigh. "Tá ré na bhfilí mór caithte." Deirtear nac bhfuil éinne 'na fháidh 'na thír féin. Agus go deimhin ni bhíonn an file 'na fhile i measc a mhuin- tire ach chó bheag; 'Na thaobh san is uile, bionn árd-mheas ag cách ar cheól an fhile nuair a bhíonn a chorp 'na luaith fé 'n bhfód. Baineann na ollmhna abhar lectiúrí fada as a chuid bhéarsaí, molann siad a bhfuil ionmolta ionnta gan scáth, gan saint. Tá fás nua fé litriocht na nGael ó 'n Eirighe Amach i leith. Tá filíohct 'ga cumadh in Eirinn fe láthair gur fiú trácht uirthe mar fhilíocht. Do cuireadh amach "Cuisle na hEigse" ráithe ó shoin agus is breágh, ceolmhar, an cnuasach é. Níos déanaighe fós cuireadh i gcló "Bealltaine 1916 agus Dánta eile" le Piaras Béaslaí. Oirbheart mhór thairbheach i bhfás litríochta na hEireann is eadh teacht cun críche an leabhair seo "Bealltaine 1916." An saghas filíochta thugtai "lyric" air i dteangachaibh eile ní raibh sé i réim le linn ré na mBárd nGaelach insna meadhon- aoiseanna. Ba bheag an taithighe a bhí ages na filibh in aon bhall fé 'n am san, ar an "lyric" díreach mar is aithne dhuinn anois é. San tseana-litríocht Cheilteach ní 'l teora leis. Ní 'l a sharú' i sean- litríocht an domhain tá sé chó áluinn, chó simplidhe sin. Ta cuid de'n áilleacht céadna, is cuid de 'n simplídheacht céadna ag baint le furmhór na ndánta so "Bealltaine 1916" - cé go bhfuil rian litríochta na seachtmhadh aoise déag, is na h-ochtadh aoise déag, go soléir ortha. Sé sin le radh : tá an samhlú, is an fhirinne, is an fraochtacht a chuireann anam is éifeacht i bhfilíocht 'ga noch- tadh ionnta, i bhfuirm meadarachta na mbárd ba mhó aicillidheacht um an dtaca úd a raibh feabhas crota ag cur an cúraim go léir ar bhárdaibh na Scoile. Ní miste a rádh go dtuigeann an file seo "céard chruaidh an fhile" ó thuis go deire. Is beag duine a bhfuil tuigsint níos fearr aige anois, ar chúrsaibh meadarachta na sean. 'Seo sómpla a chuirfidh i-n-iúl nár theip fiú amháin an Deibhidhe air - Mairg mise aimsir na gile Sínte seal im thréith-chime Fada an téarma chaiteas thall Fe ghlasa géura dubh-Ghall. Do chum sé An Dóchas i bhfuirm Sheadna - So chuala do mharbh, a mhaighdean, O dhaoinibh már ghnathuigh gó Níor chreid mé an cuntas ó einne Níor dhúchas dom géille dhó.
Tá "An Sprid's an Cholann" cumtha i Seadna leis, ach chuir an file atharú i ngnáth cheól Shéadna agus is binnede an laoi an t-atharú san. Ach tá tréithe spéiseamhla, is buadha nach iad, sa duanaire. Ní leór binneas cheoil is deiseacht crota. Bhíodh "cion ar chéill i nduan" ann, aimsir na saoithe is na draoithe, agus tá an cion céadna ag lucht léighte indui. Fear mór-eachtra is eadh ughdar an leabhair seo. Ní gnáth leis cathaoir-uilleann cois teineadh agus dubhluachar na bliadhna amuigh; ba bheag a dhúil a suaimhneas is i síothcháin an fhaid is bhí Eamaonn ar fán "fé shneachta 's fé shioc." Ta a lán scéalta aige le h-innsint, agus ní scéalta fíannaidheachta iad. Dubhairt Wordsworth, uair, go ndeineann an file an obair is fearr nuair atá uain aige a chuid eachtra d' ath-fhuiling i gciúineas is i n-uaigneas, agus iad do scrí' sios annsan. Bhí breis is a dhá dhóthain d'uain machtnaimh is de chiúineas ag file na "laoithe gaisge" seo agus é - "Ag gallaphuic ghrána saitte i ndaorbhruid" - má's féidir ainm chó taithneamhach le "ciúineas a thabhairt ar dhíomhaointeas dithreórach an phríosiún. Tá rian a shaoghail bhuarta ar a shamlú is ar chasadh a smaointe. Luigheann sé go trom air, is cuireann sé sgáth ar mhire a aigne is ar ghile a mheóin. Ni locht in ao'chor é sin; dá léire peictiúr a cháis is eadh is fearr: filíocht "lyrical" atá 'ga chanadh aige - díreach mar an fhilíocht do chum Shelley nuair a bhí na slabhrai throma go tharraing síos, is réalta na spéire 'ga mhalladh nios giorra do'n bhflaitheas: - Ta mo cholann seal i gcarcair Ach lem sprid níl srian sa srang Beag mo bheann ar pheannaid géibheann Gearr a leanfaidh réimeas Gall. Ta súil ag lucht léighte na Dantá so go bhfuighidh an file tuille amhrán mar iad do sholáthar dóibh, nuair a bheidh deire le "réimeas Gall" san Saorstát Gaelach. L.F.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services