Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Bealltaine 1916 agus Dánta Eile le Piaras Béaslaí - Léirmheas

Title
Bealltaine 1916 agus Dánta Eile le Piaras Béaslaí - Léirmheas
Author(s)
L.F.,
Composition Date
1921
Publisher
The Irish Jesuits

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Celtica.



BEALLTAINE 1916 AGUS DANTA EILE. Le Piaras
Béaslaí. Ath Cliath : Cló na Saoirse. 1921. 2s. 6d.



Is leasc linn "filíocht" a thabhairt mar ainm ar shaothar scriobh-
nóirí ár linne féin. Nuair a bhuaileann file umainn ag gabháil
an bhothair dúinn ní aithnighmid é mar fhile is ní chuirimid spéis
fé leith ann. "Duine linn féin" is eadh é, ar ndóigh. "Tá ré na
bhfilí mór caithte." Deirtear nac bhfuil éinne 'na fháidh 'na thír
féin. Agus go deimhin ni bhíonn an file 'na fhile i measc a mhuin-
tire ach chó bheag; 'Na thaobh san is uile, bionn árd-mheas ag
cách ar cheól an fhile nuair a bhíonn a chorp 'na luaith fé 'n bhfód.
Baineann na ollmhna abhar lectiúrí fada as a chuid bhéarsaí,
molann siad a bhfuil ionmolta ionnta gan scáth, gan saint.



Tá fás nua fé litriocht na nGael ó 'n Eirighe Amach i leith.
Tá filíohct 'ga cumadh in Eirinn fe láthair gur fiú trácht uirthe
mar fhilíocht. Do cuireadh amach "Cuisle na hEigse" ráithe
ó shoin agus is breágh, ceolmhar, an cnuasach é. Níos déanaighe
fós cuireadh i gcló "Bealltaine 1916 agus Dánta eile" le Piaras
Béaslaí. Oirbheart mhór thairbheach i bhfás litríochta na hEireann
is eadh teacht cun críche an leabhair seo "Bealltaine 1916."



An saghas filíochta thugtai "lyric" air i dteangachaibh eile
ní raibh sé i réim le linn ré na mBárd nGaelach insna meadhon-
aoiseanna. Ba bheag an taithighe a bhí ages na filibh in aon
bhall fé 'n am san, ar an "lyric" díreach mar is aithne dhuinn anois é.
San tseana-litríocht Cheilteach ní 'l teora leis. Ní 'l a sharú' i sean-
litríocht an domhain tá sé chó áluinn, chó simplidhe sin. Ta cuid
de'n áilleacht céadna, is cuid de 'n simplídheacht céadna ag baint
le furmhór na ndánta so "Bealltaine 1916" - cé go bhfuil rian
litríochta na seachtmhadh aoise déag, is na h-ochtadh aoise déag,
go soléir ortha. Sé sin le radh : tá an samhlú, is an fhirinne, is
an fraochtacht a chuireann anam is éifeacht i bhfilíocht 'ga noch-
tadh ionnta, i bhfuirm meadarachta na mbárd ba mhó aicillidheacht
um an dtaca úd a raibh feabhas crota ag cur an cúraim go léir ar
bhárdaibh na Scoile. Ní miste a rádh go dtuigeann an file seo "céard
chruaidh an fhile" ó thuis go deire. Is beag duine a bhfuil tuigsint
níos fearr aige anois, ar chúrsaibh meadarachta na sean. 'Seo
sómpla a chuirfidh i-n-iúl nár theip fiú amháin an Deibhidhe air -



Mairg mise aimsir na gile
Sínte seal im thréith-chime
Fada an téarma chaiteas thall
Fe ghlasa géura dubh-Ghall.



Do chum sé An Dóchas i bhfuirm Sheadna -



So chuala do mharbh, a mhaighdean,
O dhaoinibh már ghnathuigh gó
Níor chreid mé an cuntas ó einne
Níor dhúchas dom géille dhó.


L. 310


Tá "An Sprid's an Cholann" cumtha i Seadna leis, ach chuir an
file atharú i ngnáth cheól Shéadna agus is binnede an laoi
an t-atharú san. Ach tá tréithe spéiseamhla, is buadha nach iad,
sa duanaire. Ní leór binneas cheoil is deiseacht crota. Bhíodh
"cion ar chéill i nduan" ann, aimsir na saoithe is na draoithe,
agus tá an cion céadna ag lucht léighte indui. Fear mór-eachtra
is eadh ughdar an leabhair seo. Ní gnáth leis cathaoir-uilleann
cois teineadh agus dubhluachar na bliadhna amuigh; ba bheag
a dhúil a suaimhneas is i síothcháin an fhaid is bhí Eamaonn
ar fán "fé shneachta 's fé shioc." Ta a lán scéalta aige le h-innsint,
agus ní scéalta fíannaidheachta iad.



Dubhairt Wordsworth, uair, go ndeineann an file an obair is
fearr nuair atá uain aige a chuid eachtra d' ath-fhuiling i gciúineas
is i n-uaigneas, agus iad do scrí' sios annsan. Bhí breis is a dhá
dhóthain d'uain machtnaimh is de chiúineas ag file na "laoithe
gaisge" seo agus é -



"Ag gallaphuic ghrána saitte i ndaorbhruid"



- má's féidir ainm chó taithneamhach le "ciúineas a thabhairt
ar dhíomhaointeas dithreórach an phríosiún. Tá rian a shaoghail
bhuarta ar a shamlú is ar chasadh a smaointe. Luigheann sé go
trom air, is cuireann sé sgáth ar mhire a aigne is ar ghile a mheóin.
Ni locht in ao'chor é sin; dá léire peictiúr a cháis is eadh is fearr:
filíocht "lyrical" atá 'ga chanadh aige - díreach mar an fhilíocht
do chum Shelley nuair a bhí na slabhrai throma go tharraing síos,
is réalta na spéire 'ga mhalladh nios giorra do'n bhflaitheas: -



Ta mo cholann seal i gcarcair
Ach lem sprid níl srian sa srang
Beag mo bheann ar pheannaid géibheann
Gearr a leanfaidh réimeas Gall.



Ta súil ag lucht léighte na Dantá so go bhfuighidh an file
tuille amhrán mar iad do sholáthar dóibh, nuair a bheidh deire le
"réimeas Gall" san Saorstát Gaelach. L.F.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services