Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Dublini, die 31 Decembris, 1920
Title
Dublini, die 31 Decembris, 1920
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1921
Publisher
Muintir Mhic an Ghiolla
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
“NÍ NEART GO CHOR LE CHÉILE.” COMHAR-CHUMANN UM ÉADACH GAEDHEALACH DO DHÉANAMH, TEÓ. DÉANFIMÍD AN GNÓ, A SHAGARTA, GO CRUINN TAITHNEAMHACH DHÍBH. CUIRIDH BHÚR N-ÓRDÚ AG TRIALL ORAINN.
AN SÍOLADÓIR CREIDEAMH TEANGA TÍR Ar n-a chur amach ag MUINTIR MHIC AN GHIOLLA, Sráid Uí Chonaill, Baile Átha Cliath. Ar n-a chur i gcló ag MUINTIR UÍ CHUINN, Sráid na h-Eaglaise, Béal Feirste.
CLÁR AN IRISLEABHAIR SEO. SEANMÓIN AR AN MBÁS. Fear gan ainim — 89 LUAS SAOGHAIL AN DUINE. An tAthair Micheál Mag Craith, C. Í. — 92 ÉIRE — NÁISIÚN CÉASTA. An Bráthair Benedict — 93 CNAMHA GAN FEOIL. — Críoch an Duine — 106 AN NODLAIG. Pádraig Ó Catháin — 107 MISNEACH. An tAthair Cathoir Ua Braonáin — 111 LEITIR-THIMPAIL AR STÁID LUCHT OIBRE. An tAthair Peadar Ua Laoghaire — 112 CÚINNE NA MAC LÉIGHINN. Sean-Mhaitias — 116 BUADH NA NODLAG. “Caoimhghin” — 118 NÓTAÍ 122 SOLUS NA H-ALTÓRA. Diarmuid Déid-gheal — 127 LÉIR-MHEAS AR LEABHAIR. ÁR gCÁIRDE — 132 RÍBÍL OBSTAT: GULIELMUS LANDERS, Censor Theol. Deput Imprímí potest: GULIELMUS ARCHIEP. DUBLINENSIS, HIBERNIAE PRIMAS. DUBLINI, die 31 Decembris, 1920.
SEANMÓIN AR AN MBÁS. Is de chré deineadh tu, agus id chré thar n-ais a chaithfir filleadh (Gen. iii. 19). Sid iad na focail do labhair Dia na n-uile chómhact le n-ár gcéad athair agus le n-ár gcéad mháthair i ngáirdín Pharrthais, agus i sna focail seo do thug sé breith bháis ortha féin agus ar a sliocht, is é sin le rádh, an chine daonna go h-uile. 'Ó n-a n-aimsir sin tá na milleóin ar mhilleónaibh pearsa tar éis a mbeatha do chaitheamh ar an saoghal so, agus cruadh-gheimhleacha an bháis, fuiligthe aca, agus iad fillthe thar n-ais ina gcré. An chuid aca ba shia mhair do fuaradar bás sa deireadh. Na h-árd-aithreacha a bhí ann sa trean-reacht do mhaireadar na céadta bliadhan, acht b-é a gcrích 'sa deireadh bás do fhaghbháil. Na fir ba mhó cómhacht sa domhan, na righthe agus na h-ímpiridhe go raibh an domhan fé n-a smacht, do cailleadh iad. Tá an bhreith as ciúnn an traoghail mhóir. Ní fhuil dul as ag aoinne. Fear an tsaidhbhris agus an fear siubhail, an fear eagna agus an t-amadán, tá sé i ndán dóibh bás do fhaghbháil. Agus sibh- se, a phobhal, sibh-se atá ag éisteacht liom anois, sibh-se atá annso i n-bhúr saóghal agus i n-bhúr sláinte, ní fhuil duine agaibh ná go gcaithfidh bás do fhaghbháil. Tá an bhreith tabhartha cheana féin ar gach duine agaibh. Tá an lá cheapthe. Tá an uair-an-chloig ceapthe. Tá an neómat ceapthe. Agus an túisge go dtiocfaidh an uair caithfir imtheacht. Ní fhuil cómhacht sa domhan do fhéadfadh thu shaoradh. Caithfidh tú bás do fhaghbháil chómh maith le cách. Beidh do chorp ann súd fuar marbh, gnúis uaigneach an bháis air, agus is gairid do mar sin nuair a thosnóchaidh sé ar dhreóghadh agus ar bheith ag lobhadh. Caithfidh do cháirde dlúithe féin é chuir i gcómhrainn, agús é thógaint leó, agus é chuir sa n-uaigh, agus é fhágaint annsan ag lobhadh leis, agus beidh sé mar bhiadh agus mar bheatha ag sna piastaidhibh. Tiocfaid siad ina saithidhibh tímcheall air agus íosfaid siad é go dtí na beidh pioc ina ndiaidh acht na cnámha. Acht t-anam. Raghaidh sé láithreach i láthair Dé chum a thriail do sheasamh. Ann san tabharfar an bhreith tu do dhul go Flaithis Dé chum bheith i gcomhluadar Dé agus na n-aingeal agus na naomh
i síor-aoibhneas, nú tu do dhul go teínteacha ifrinn dod shíor- sgóladh ameasg na ndiabhal n-úr-ghránna chonáideamhla, a bheidh ag déanamh gach uile shaghas fionómhaide fút i gcaitheamh na síorraidheachta. Agus ó is rod é gur lobhadh agus dreóghadh ídeamh do choirp, nách díth-céilleamhail an bheart doit bheith ag déanamh peataireachta air a d-iarraidh bheith á stupadh le sóghlthaistidhe agus le barra beatha. Nách leamh an gnó dhoit bheith ag faghbháil a dhuaidh ag lorg neithe i bhfuirm aóibhnistidhe dhó. Is é bainis na bpiastaidhe atá agat á mhéadughadh, mar íosfaid siad suas do chorp lá éigin. Ina theannta san is uile, ó chaithfidh tú bás do fhaghbháil, agus ó chaithfir an saoghal so fhágaint id dhiaidh, cad chuige go ndeineann an saoghal so oiread buaidheartha dhoit. Cad chuige dhoit do chroidhe chuir chómh mór ann. Caithfir gach aon rod fhágaint id dhiaidh, lá éigin, agus bfhéidir san go luath. Do bhí rí mór go léir ann fadó. Do bhí mórán dúithchidhe curtha fé chois aige. Nuair a bhí sé ag faghbháil bháis do thug sé órdughadh go gcaithfeadh fear an chloigín siubhal amach roime n-a chómhrainn, léine bheith ceangailte de bharra cleithe aige, agus bheith dá shíor- fhógairt “Seo a bhfuíl ag an rígh dá bhreith leis sa n-uaigh.” Agus tusa cad a bhéarfair leat. Ní bhéarfair leath t-fheirm, ná do bhólacht, ná do chuid airgid. Ní bhéarfair leat acht an aibíd a bheidh tímcheall ar do chorp. 'Ó, nách mairg doit a chuireann do lán fén saoghal. Tá an bás i ndán dúinn go léir. Caithfidh gach aoinne bás do fhaghbháil. Do-chífá an bhunóc tar éis teacht ar an saoghal. Ní fhéadfá a ínnsint conus a rithfadh an saoghal leis. A mbeadh sé adhmharach nú mí-adhmharach, nú saidhbhir nú bocht. Pioc ní fhéadfá a ínnsint acht an t-aoinní amháin, agus is é sin, go bhfaghaidh sé bás. Tánn tú feile-dheimhnightheach de sin. Tánn tú san. Mar caithfhidh gach aoinne bás do fhaghbháil. Acht fós, cathain a-gheabhair bás, nú cad é an áit n-a bhfaghair bás, nú conus a-geabhair bás. Á, ní fhéadfá a ínnsint mar ná feadraidhis, ná ní fheadair aoinne eile acht chómh beag leat. B-fhéidir go rithfadh leat maireachtaint deich mbliadhna ó indiubh, nú fiche bliadhan, nú deich mbhliadhna fichiod. Nú bh-fhéidir eile dhoit go bhfhaghfhá bás i mbliadhna, nú b-fhéidir an mí seo nú i mbáireach. Tá daoine ag éisteacht liom anois, agus ní misde dhúinn bheith deimhnightheach de go mbeidh cuid aca marbh sar a mbeidh an bhliadhain i leath-thaoibh. B-fhéidir gorb ort féin a buailfidhe crann. Táimíd dall air. Is ag Dia amháin atá fios gach uile nídh.
Cá bhfaghair bás? Ní fheadraidhis. An sa bhaile é ameasg do cháirde agus do dhaoine muínnteardha, nú i ndúthaigh iasachta gan cara agat a chanfadh focal compórdach id chluais ar uair do bháis? Ní fhuil a fhios agat ná ag aoinne eile acht ag Dia na glóire féin. Gadé an bás do-gheabhair? An ó bhreóidhteacht nú ó luigheachán do-gheabhair bás? An tionnóisg nú bárthan a bheidh mar thrúig bháis agat? A bhfaghair Ola agus aithrighe? Nú a bhfaghair bás obann, mar fhaghann a lán, gan uain ar ‘Dia lem anam’ a rádh? Tánn tú dall air. Ní fhuil a fhios ag aoinne acht ag Dia na glóire. Ó, a phobal, ní fhuil acht aoinní amháin budh cheart dúinn go léir a dhéanamh, agus is é nídh é sin ná bheith i gcómhnuidhe ullamh don bhás. Ní h-é am na cneadaighe am na h-aithrighe. Ní h-aon am dúinn tosnughadh ar bheith ag cuímhneamh ar an saoghal eile nuair a bheam i n-uadhacht bháis, agus fios curtha ar an sagart chúghainn. Go réidhidh Dia dhúinn, nách beag fhéadfidh aoinne a dhéanamh dá anam bocht i lár a theinnis, agus an bás ghá stalcadh agus ag baint freangaidhe as. Ar an dtaobh eile dhe, cá bhfios dúinn ná go sgiobfaidhe as an saoghal sinn go h-obann, agus go bhfaghaimís bás gan sagart? Ní fhuil againn acht bheith ullamh an uile thráth, agus bheith ullamh insa cheart, mar ní bhfagham bás acht an t-aon uair amháin. Ní bhfagham acht an t-aon bhreith amháin. Agus is ar an mbás agus ar an mbreith sin a bheidh a mbeidh i ndán dúinn i gcóir na síorraidheachta. FEAR GAN AINIM.
LUAS SAOGHAIL AN DUINE. I. Fé theas na h-oidche, i dtír i gcéin, Chuaidh mathair-nimhe ag sníomh le taobh Na leabthan scíth' nar luigh an macaomh Gan suim, ar shéan ag taidhbhreamh! Sé 'r mheas gur fhill na thír gil féin, 'S gur lean den aoibhneas chroidhe dár chlaon, Go leamh, tré bhaois, go scaoilte, saobh Go soillseach, aerach, taidhseach. II. Mo chreach! níor smaoin ar ghníomh fíréin, Ar leas ná dlighe ná crích a shaoghail, Acht ar “ghailtinn ghrinn” le n-a gclaoidhfeadh go h-éag Ar an “aoil-chreis” caomhnais, Sadhbh ghroidhe Tré 'n aiteas mhín a chroidhe do bhréag Beag cheap go millfeadh cnuímh na ndéad, — Ar a bhaint i scím na h-oidhche léi —, Na físe baotha thaidhbhrig! III. Nach aisling oidhch', cé bríoghmhar, tréan, Cé seascair, caoin, cé buidheanmhar, saor, Ré mhear gach n-aoin, má rí má laoch, Le claoine an tsaoghail tadhail seo? 'S an teallaire fíll,* dhímbrigheas ár séin, Ag faire ar ár dtí, ag síor-thidheacht nár ngaor! Is gairid fá shíth go luigheam le daol D'éis coímhdeacht' aonair creidhle! Micheál Mag Craith, C. Í. * An Bás.
Éire — Náisiún Céasta. Roimh Íosa Críost do theacht ar an saoghal so bhí an chine daonna fé scamall an bháis, i ndaor-bhruid an diabhail. An t-uabhar agus gach uile pheacadh eile dhá bhfásann as an uabhar, bhíodar ag dalladh croidhthe na ndaoine agus ghá gcur ar a n-aimhleas go tubaisteach. Bhíodar i n-umar na h-aimiléise. Theastuigh Slánuightheóir uatha, a d'fuasglóchadh ó'n ndaor-bhruid iad. Theastuigh duine uatha leis an solus do thabhairt dóíbh, agus le dorchadas an díomais do scaipeadh ó'n-a gcroidhthibh; duine a mhúinfeadh an fhírinne dhóibh agus do chuirfeadh ar bhealach a leasa iad. Do tháinic truagh ag Dia dhóibh, agus do chuir Sé a Aon-mhac féin uaidh ar an saoghal so. Do ghlac Mac Dé colann daonna agus do cheannuigh Sé an chine daonna le n-A chuid fola ró-luachmhaire ar Chrann na Croise, mar shásamh i bpeacadh an t-sinnsir agus i bpeacaíbh an uile dhuine d'ár rugadh agus d'á mbéarfar. Do chuaidh Íosa timcheall ag déanamh maitheasa do chách. Thugadh Sé éisteacht do'n bhodhar agus cainnt do'n bhalbh agus radharc do'n dall. Bhíodh truagh Aige do'n lag agus do'n bhaintreabhaigh — bhí Sé ceannsa agus úmhal ó chroidhe. Mar gheall air sin bhí na daoine ag fágáil gach nídh agus 'ghá leanamhaint. Bhí a cháil leathta ar fuaid na tíre go léir. Níor thaithn sin leis na Phairisínigh; chuir sé múisíam agus olc ortha, chuir sé ag éad le h-Íosa iad. Níl aon chall dom a innseacht daoibh-se cé'n cineál daoine a bhí ins na Phairisínigh sin. Lucht feille agus uabhair do b'eadh iad. Ní fhéadfainn a samhail do thabhairt duit láithreach ach an dream cealgach atá i gceannas thall i Sasana faoi láthair; is measa go mór an dream deireannach so, dar liom-sa. Ach, ar aon nós, tháinic fuath ag na Phairisínigh d'Íosa, agus do mhéaduigh ar an bhfuath sin in-a gcroidhthibh in-aimhdheóin gach a ndearna Sé chun iad do sheoladh ar a leas. Do dhalladar a súile agus do chruaidheadar a gcroidhthe i n-aghaidh na fírinne. Do chuireadar rómpa É do dhaoradh (1) “The Singer” (P. Mac Piarais do scríobh).
ar ais nó ar éigin agus É chur chun báis, ionnos go ndéanfaidhe dearmad De go bráth. Ach is amhlaidh a bhíodar, mar is eól dúinn, ag coimhlíonadh na dtairngirí a bhí scríobhtha i d-taobh Chríost. Do ghabhadhar É, agus rugadar leo i láthair na mbreitheamh É; ach níor fhéadadar siúd aon choir a fhághail Ann. Annsin tugadh fiadhnaise bréige 'n-a aghaidh, ach níor fhreagair Íosa focal eile (1); thug Sé cead a gcinn dóibh chun a d-toil d'imirt Air. Daoradh chun báis É, agus do chuaidh Sé amach go mall roighin go dtí an áit Golgota. Do shín Sé amach a ghéaga, agus do tarnáladh do'n Chrois É… Consummatum est. An obair a thug A Athair Dó le déanamh, bhí sí déanta Aige. Saoradh an chine daonna, fosgluigheadh geataí na bhflaitheas. Do h-adhlacadh Críost, agus d'aiseirigh Sé an tríomhadh lá go glórmhar do-mharbhthach. Cuireadh an Eaglais ar bun, lasadh solus na Fírinne, agus níor múchadh ó shoin é, ná ní múchfar go deó é. Ach, is í Íodhbairt na Croise an luach a b'éigean Dó a íoc. ‘Ceannuigheadh ar luach mór sinn.’… Tá míle agus naoi gcéad bliadhan ann anois ó céasadh Críost ar chrann na croise, agus an Solus a thug Sé do'n chine daonna tá sé ionann 's bheith múchta i gcroidhthibh a lán. Bhí solus bréagach d'á thabhairt do na daoinibh ag na Feallsamhnaibh bréagacha le trí chéad bliadhan anuas. Chuaidh an teagasg nimhneach urchóideach sin i n-achrann i n-a gcroidhthibh. Isé do mhill aigne na ndaoine, agus do chuir ar a n-aimhleas iad. Tá a rian le feiceál riamh ó shoin i mbeatha na ndaoine ins na tíorthaibh do ghéill do'n teagasg sin. Do thréigeadar Dia, agus thugadar druim láimhe le soisgéal Chríost. Bhí soisgéal nuadh acu, ar ndóig! Soisgéal an ‘Réasúin,’ a thabharfadh cead a gcinn dóibh i ngach nídh a bhaineann le creideamh agus le Dia, agus nach gcuirfeadh srian le ainmhiantaibh na colna ná na h-aigne. Sin é a bhí uatha. Ag dul i n-olchas a bhíodar i leabaidh a chéile. D'imthigh dhá chéad bliadhan, agus i d-tús na h-aoise seo bhíodar chomh dona agus do b'fhéidir leobhtha a bheith. Bhíodar i mbealach a mbasgtha. Bhí a gcroidhthe ag dul i ndúire le h-uabhar agus le craos agus le cúram an t-saoghail so, bhíodar gan beann ar Dhia ná ar dhaoinibh, ar cheart ná ar aincheart. B'ionann neart agus ceart, dar leó. An duine a bhéadh lag, nó an náisiún a bhéadh lag, buailfidhe cos ortha agus cuirfidhe fé smacht iad. Ní raibh uatha ach gach a bhféadfaidís de-mhaoin agus de shaidhbhreas do sgiobadh ó n-a chéile i bhfus ar an saoghal so i gcruth a's go d-tiocfadh leobhtha ainmhianta a gcroidhthe do shásamh; agus ba chuma leobhtha céard a dhéanfadh an saoghal eile, dá mbéadh a leithéid ann ar chor ar bith. Bhíodar báidhte i ndorchadas a gcuid peaca féin, agus ag sgiorradh go h-Ifreann an díth-chreidimh.
Cia bhéarfhadh an solus dóibh? Cia chuirfeadh an fhírinne ar a súilibh dóibh, i dtreó nách mbéadh aon leith-scéal aca? Cia scaipfeadh scamaill dubha dorcha an díth-chreidimh? B'é toil Dé go d-tug muinntir na h-Éireann solus an chreidimh do na tíorthaibh céadna sin i n-allód. Agus gur chuireadar síol an t-soisgéil i ngach tír ar fuaid an domhain, geall leis. Agus is cosamhail go gcaithfid siad an nídh céadna do dhéanamh anois freisin. 'Sé toil Dé é. D'fhéach Dia anuas ar mhuinntir na h-Éireann 'sa bhliadhain 1916. Theastuigh íodhbairt mhór Uaidh mar shásamh i bpeacaíbh na Náisún. D'iarr Sé ortha an íodhbairt sin do thabhairt Dó. “An féidir libh mo chailís d'ól?” Agus d'fhreagradar d'aon-ghuth: “Is féidir, agus is toil linn, a Dhia, má 'sé do thoil ró-naomhtha é, agus le congnamh ód naomh-ghrásta.” Chaithfeadh Éire an fhírinne do mhúineadh do'n chine daonna an ath-uair. Ach is fíor an nídh adubhairt Mac Dara: “The true teacher must suffer and do… He must go into Gethsemane and toil up the steep of Golgotha.” (1) Iseadh, bhéadh ar Éirinn a Páis d'fhulang sul dá bhféadfadh sí an obair mhór, a bhí ceapaithe ag Dia dhi, do dhéanamh. Tugadh radharc beag roimhré ar an bPáis sin do'n Phiarsach agus do'n dream beag a bhí i n-éin d-tigh leis i seomra na comhairle roimh an Eirghe-amach. Do chuir an radharc sin uamhan ortha. Ach, má chuir féin, níor tharraingeadar siar, dubhradar go léir an nídh adubhairt an Piarsach féin: — Do thugas mo ghnúis Ar an ród so rómham, Ar an ngníomh do-chím 'S ar an mbás do gheabhad. Do tóg Éire an chrois, agus do chuaidh amach go mall réidh ag triall ar an áit Golgota. Níl léigheamh ná innsint scéil ar an méid a dh'fhulaing sí ar an mbealach chruaidh chlochach rin. Na seadairí calma d'éirigh amach i n-aghaidh aindlighe na nGall, agus a thug iarracht ar a muinntir d'fhuascailt i mbliadhain ár dTighearna 1916, daoradh chun báis iad, cuireadh piléar tré chroidhe gach duine acu, agus caitheadh isteach i d-talamh iad, nár coisreacadh le láimh sagairt ariamh. Na daoine do lean iad, agus nár cuireadh chun báis, sáidheadh isteach i bpríosúnaibh dubha duaibhseacha iad. An droch-íde do tugadh ortha siúd, ní nochtfar go bráth ar an saoghal so í, muna n-innsighidh siad féin dúinn í; agus b'fhearr leobhtha gan an scéal sin a innseacht — do chuirfeadh sé uathbhás agus sgáth ar dhaoinibh, agus bhainfeadh deora as croidhe cloiche. — Nach iomdha buachaill breagh láidir gur ghoill an droch-úsáid chomh mór sin (1) “The Singer” (P. Mac Piarais do scríobh).
ortha, gur milleadh a sláinte agus a n-inntinn, gur chailleadar a meabhair chinn (slán beó mar a n-innstear é!), agus b'éigean iad do chur i d-tighthibh gealt i dtíorthaibh i gcéin! Nach iomdha fear óg sgafánta eile dhíobh do fágadh go tréith-lag traochta gan bhrígh gan bheódhacht de bhárr na bpríosún; i d-treó, tar éis filleadh go h-Éirinn dóibh, go rabhadar ag imtheacht as i n-aghaidh an lae, gur sgiob an bás uainn i mbláth na h-óige agus i mbéal a maitheasa iad! Ag dul i n-olcas a bhí an scéal ó lá go lá, go ndearnadh an gníomh uathbhásach sin — dúnmharbhú Thomáis Ághas — Tomás uasal na n-gníomhartha móra. Do gheall Dia léargus dó, nár bronnadh ar mhórán. Do b'eól dó go raibh lá mór na h-íodhbairte buailte le muinntir na h-Éireann: “The hour of her trial draws near.” D'iarr sé ar Dhia an chros do thabhairt dó le h-iomchar ar son na h-Éireann ar son na sean daoine, agus ar son aosa óig na tíre.: — “Leig dom do dhúr-chroch d'iomchur, a Dhia, Ar son Éireann atá i nguais, &rl.” (1) Chuaidh sé rómhainn amach ag iomchar na dúr chroise sin, ionnos go leanfaimís a lorg, agus go mbéimís go léir réidh le bás d'fhulang go fonnmhar ar son Dé agus ar son ár Róisín Duibhe, nuair a bhéarfadh an lá orainn. Marbhuigheadh gan chúis gan ádhbhar é. Cad í an choir a bhí déanta aige? Bhí grádh aige d'a thír agus thug sé iarracht ar í do shaoradh — sin é an peacadh mór do cuireadh in-a leith. Caoineadh ar fuid an domhain mhóir é. Badh gheall le rígh é, nuair a síneadh insan gcómhrainn i n-éadach Óglaigh é. Bhí sé saor annsin ó lámhaibh an námhad. “D'fhéadadar an corp do mharbhú,” agus bhí an t-anam imthighthe ag triall ar Dhia — agus tógfaidh Dia an corp ó'n d-talamh freisin an lá déidheanac… Bhí rún mór i gcroidhthibh na n-Gaedheal, ag breathnú ar an dtaoiseach caoin ceanasa sin dóibh agus é fuar marbh gan mothú gan preab an lá úd an bhróin. Do b'eól dóibh go gcaithfeadh cuid acu an bóthar céadna do ghabháil gan mórán achair, agus bás d'fhulang ar an gcuma gcéadna, agus gur iomdha laoch lúthmhar eile a rachadh fé'n gcréafóig sul dá mbéimís saor ó'n námhaid. Do chuireadar rómpa an lá sin nách stríocfaidís a choidhche fá leathtrom ná fá éag- cóir, ach go mbéidís ullamh ar gach pian, agus ar gach cruadhtan d'fhulang ins an gcogadh a bhí rómpa i n-aghaidh lucht an aindlighe. Chonnaic Éire a mac ionmhuin d'á mharbhú. Do chaoin sí go mór agus go deorach é, gur iomchruigheadh an chómhra go Glas-Naoidhean, gur cuireadh i measg laochraidh a thíre é.
Chuimhnigh Sí annsin ar an obair a bhí roimpi. D'iarr Sí ar Dhia neart a thabhairt di; “A Dhia, dein mé shaoradh ó'n uair seo.” Sin í an phaidir do chuir Sí suas chun an Athar síorruidhe. Thug Sí aghaidh ar an gcnoc aríst, agus do ghluais léithi go brónach. II. Anois, maidir le mnáibh na Fódla, an n-abróchad aon cheo 'n-a d-taobh? An n-innseóchad daoibh an méid a dh'fhulaing siad i gcai- theamh na h-aimsire sin? Níor mhór dhom binneas agus líomhthacht cainnte na h-éigse agus ná n-úghdar leis an sgéal sin d'innseacht mar badh chóir: Ach, féachfaidh mé leis, ar chaoi ar bith, mar ir fiú iad é. — Is mór é brón na mban, is mór é a misneach, ir mór é a gcreideamh, is mór í a bhfoighde! Go bhfóiridh Dia ar mhnáibh bochta na h-Éireann, óir is É a chíonn na croidhthe, agus is Aige atá a fhios cé mar d'fhulaingeadar le trí bhliadhain anuas! Tá lorg na ndeór i súilibh na máithreach agus ar a ngruadhnaibh bána — tá féachaint bhrónach ins na súilibh sin a bhainfeadh deóra as croidhe cloiche, ach deór níor bhain sí as croidhthibh fuara na nGall. — Is iomdha sin máthair gur sciobadh a clann mhac uaithi ó luan na Cásga 1916 go dtí an lá atá indiu ann; agus gan sólás i ndán dóibh feasta ach an sólás agus an neart a gheibhtear ó bheith ag machtnamh ar Mhuire 'n-a seasamh ag bun na Croise ar chnoc Chalbhaire. Agus tá baintreacha óga fágtha go h-aonraic! I d-tús a saoghail. Bhí bród agus lúthgháir ortha ó chianaibh, dóchas na h-óige 'n-a gcroidhthibh, agus iad ag smaoineamh ar an saoghal fada séanmhar a bhí sínte rómpa amach, i gcuideachta a bhfear ag obair ar son na h-Éireann. Ach séideadh an stoc ag gleadhach ar Ghaedhealaibh chun an chatha. Ní h-iad na mná do loicfeadh i n-am an ghátair. Thugadar póg a mbéil dóibh mar chómhartha a ndílseachta, agus do chuireadar uatha iad chun a dtíre do chosaint ar na Gallaibh. Do ghluais na fir óga sin amach i n-aghaidh an námhad, ach níor fhilleadar gur iomchruigheadh a bhaile fuar marbh sa chomhrainn iad… Tá mná óga na h-Éireann ag caoineadh na dtréan-fhear, d'á dtugadar grádh agus gean a gcroidhthe, agus atá sínte fé'n bhfód anois, toisg go raibh grádh aca d'á dtír dhúthchais, agus gur shíleadar í do shaoradh ó dhaor-bhruid na nGall. Chonnaic Muire a h-Aon-mhac ionmhuin d'á dhaoradh chum báis, agus d'á chéasadh ós cómhair a súl. Chuaidh claidheamh an bhróin tré 'n-a croidhe, ach do mhair sí mórán blianta 'n-a dhiaidh. Isé a fhearacht sin ag mnáibh ár dtíre anois é. Maireann siad i ndiaidh na bhfear, ach tá cumha agus brón i n-a gcroidhthibh, “You poor women suffer so much pain, so much sorrow, and yet you do not die until long after your strong young sons and lovers have died.” (1) Bhíos ag labhairt le sean-mhnaoi le goirid, nuair a bhí ainm
Th. Mhic Shuibhne agus a mhná agus a dhriféaracha i mbéal gac aoinne. “Is mór é misneach na mban sin,” arsa mise léithe. “Á, níl a fhios agaibh-se,” ar sise, “chomh misneamhail is atá na mná.” Agus b'fhíor di; “níor chodail mé néal ar bith le seachtmain, ach ag cuimhneamh air (1 T. Mac Suibhne),” ar sise annsin, agus na deora le n-a súilibh. Nach iomdha bean eile i n-Éirinn a dh'fhéadfadh an nídh céadna do rádh le linn Páise an laoich sin! Cuimhnighidh anois ar na páistí atá fágtha gan athair gan cosantóir ag na Gallaibh mío-thrócaireacha seo. Théigheann na páistí sin anonn mar a bhfuil a máthair bhocht 'n-a suidhe go brónach agus go smaointeach, agus fiafruigheann siad di cá bhfuil an t-athair, nó an fada go d-tagaidh sé a bhaile: — “Fiafróchaid díom go tapaidh Cár fhágas féin a n-athair. 'Neórad dóibh faoi mhairg Gur fhágas i g-Cill na Martar. Glaodhfaid ar a n-athair, 'S ní bhéidh sé acu le freagairt.” 'Seadh, agus is iomdha seadaire calma eile a fágfar í gCill na Martar, sul dá mbéimíd réidh leis an námhaid, agus is iomdha leanbh a bhéas ag glaodhach ar a n-athair, agus gan é aca le freagairt. Ach, béidh Dia na glóire acu le freagairt — closfidh Seisean glór truaig- mhéileach na leanbh, agus tabharfaidh Sé áird ortha. Is mairg do'n druing úd, ámhthach, do bhain an glaodhach sin asta. III. D'mthigh bliadhain agus dhá bhliadhain, agus bhí na Gaedhil ag fulang gan sos gan faoiseamh i gcaitheamh na h-aimsire sin. Bhí na Gaill ag beartú cé'n chaoi a dtiocsadh leobhtha ár muinntir do scaipeadh agus do chur fé smacht, nó do sguabadh as talamh na h-Éireann ar fad. Tháinic mí na Márta 1920, agus i lár na míosa sin, rinneadh gníomh fealltach a sháruigh gach droch-ghníomh d'á ndearnadh in-Éirinn nó in-aon tír eile, dá n-abruighinn é, le fada an lá — gníomh a chuir uamhan agus alltacht ar gach aoinne. Cuireadh gásra cuirptheach go teach Árd-Mhaoir Chorcaige (.i. Tomás Mac Curtain,) de shiubhal oidhche. Dhúisigheadar Tomás, agus adubhradar leis teacht anuas, mar go raibh gnó acu de. Ní túisge a tháinic sé, ná rugadar greim air, chuireadar a dhruim le falla, agus (go sábhálaidh Dia muid!) do radadar na piléir leis 'n-a sruthán. Dúisigheadh an bhean óg — leis an dtormán, agus rith sí anuas. Ach, bhí an gníomh déanta! Chuaidh sí anonn chuige, leig sí í féin ar a glúnaibh, agus thóg a cheann. Bí sé i ndeire na déithe, ach mar sin féin d'aithin sé í. Dubhairt sé na paidreacha i n-éinfheacht léithi, rinne sé gníomh croidhe-bhrúgha, d'fhéach
suas chun na bhslaitheas agus adubhairt: — “Cuirim m'anam isteach id'lámhaibh, a Íosa!” agus ag rádh na bhfocal sin dó, do shéaluigh sé — Bhí Tomás ar lár — an fear a bhí chomh h-úmhal agus chomh caoin le leanbh, go raibh meas agus cion ag an uile dhuine air, an fear nár staon agus nár stríoc roimh an namhaid ariamh, bhí sé marbh le buille feille an námhad sin, agus an bhean óg mhisneamhail ghrádhmhar úd ós a chionn, agus go mb 'fhearr léithi go mór gur tré 'n-a croidhe féin a cuireadh na h-urchair sin. — Agus cad í an choir a bhí déanta aige, do thuill an bás sin dó? Ar fheiceál an radhairt uathbhásaigh sin táinic sgeón i súilibh na mban agus na bpáistí, agus bí sgáth agus fiadhantas ortha. Ach feancadh mór baineadh as na fearaibh. Bhí lasadh na feirge agus na dúthrachta in-a súilibh agus 'n-a n-éadain, ag breathnú dóibh ar a dtaoiseach do marbhuigheadh go fealltach ortha. Bhí Éire 'n-a seasamh ós a chionn. Do chrom sí síos, agus do chuimil a lámh d'á mhín-chorp, gur fágadh rian na fola uirthi. Bhí buaidhirt ana-mhór uirthi. Leig sí osna. Annsin do tóg sí a súile suas chun na bhflathas, agus adubhairt: ‘A Athair, maith dhóibh; óir ní fios dóibh cad tá aca 'á dhéanamh? Ar chloisteáil glóir a máthar d'á muinntir, d'fhéachadar suas uirthi, agus ‘bhí a gnúis daingean ar dhul go Ierúsalem go Cnoc na h-íodhbairte.’ (1) Do ghluaiseadar leóbhtha aríst. Uaidh sin amach bhí an dearg-ár d'á dhéanamh ar a clainn, agus bhíodar ag tuitim mar a thuiteanns duilleabhar na gcrann i ndeire an fhóghmhair. Níor cuireadh siar í, ámhthach'. Do lean sí d'a siubhal gur shroich sí mullach an chnuic. Táimíd ann anois. “A planta pedis usque ad verticem capitis non est in ea sanitas” (níl ball di slán, ó bhárr go bun.) Tá a clann go léir ag fulang. Tá cuid d'á muinntir caithte amach ar leath-taoibh an bhótair agus ag imtheacht ar fán agus ar seachrán an t-saoghail gan biadh gan deoch, gan teach gan árus de bhárr géirléanmhna an námhad. — Mná agus páistí ag caoineadh. — Fir óga ar a gcoimeád ag imtheacht ó áit go h-áit gan sos gan suaimhneas de ló ná d'oidhche, agus an fhuil-chú ar a dtóir. Ní fhéadfainn-se an céadmhadh cuid de'n scéal uathbhásach sin a innseacht — cé mar do creachadh agus do sgriosadh bailtí móra gan chúis gan ádhbhar — laigeadh tighthe agus monarchana, i dtreó gur fágadh na mílte daoine gan obair — agus fós, go dtagann saighdúirí an námhad agus na síoth-mhaoir go tighthibh na ndaoine de shiubhal oidhche, go dtarraingeann siad na fir amach as a gcuid leapracha agus go marbhuigheann siad ar an láthair sin iad. — Agus ní raibh na fir sin ag cur chucha ná uatha, ach go raibh mac leobhtha, b'fhéidir, 'n-a Óglách, nó gur h-innsigheadh do'n námhaid go rabhadar
i leith na n-Óglách. Gur rugadh ar fhearaibh óga, agus gur tugadh an uile shaghas droch úsáide dhóibh, gur gabhadh do chosaibh ionta, gur briseadh a n-easnacha, gur gearradh a gcuirp le sciúirsibh, go dtí go rabhadar i mbéal an bháis, toisg nach sgéithfidís ar a gcomráduithibh, agus nach leigsidís a rún leis an námhaid — Ní scríobhfar an scéal sin ‘n-a iomlán i leabhar saoghalta a choidhche; ach scríobhfar i leabhar eile é — leabhar an Aon-Mhic — Is mairg a thug Air na neithe sin do scríobh,’ muna ndeinidh siad aithrighe! Tá Éire 'n-a seasamh as mhullach an Chnuic; ach cad fé ndeara an imnidhe agus an bhuaidhirt sin atá uirthi féin agus ar a clainn anois? Féach a dhúthrachtaighe ish atáid go léir ag guidhe, cé tá i gconntabhairth? Dháréag de thogha na bhfear do bheith ag saothrú an bháis go mall pianúil i bpríosún dorcha ar son an Chirt — siné an fáth go bhfuilid go léir ag paidreóracht. Táid i bhfochair a chéile, an phaidrín 'n-a ghlaic ag gach duine acu, agus iad ag cur a n-athchuinge suas chum Dé tré impidhe na Maighdine. Ba dhual dó Ghaedhealaibh teacht ag triall ar Mhuire i n-am an chatha agus an chruadhtain, agus níor chaill Sí ortha riamh fós. Ní chaillfidh Sí ortha anois. Táid á iarraidh ar Rígh na ngrást neart do thabhairt do'n dáréag úd le go bhféadfaidh siad gach pian, d'á ghéire, d'fhulang agus go mbeidh siad seasmhach amach go deire. Táid á iarraidh Air, freisin, grásta na foighde i n-aghaidh na h-éagcóra do thabhairt dóibh féin. Ní h-éol dóibh an lá ná an uair 'n-a gcaithfidh siad féin ionaid an dáréag do líonadh, agus an bóthar céadna do ghabháil — ní mór dóibh bheith ollamh — agus, ár ndóigh, táid ollamh, leis: “Is toil leo a gcolna do leagadh fé 'ngcré, D'fhonn Éire bheith saor go deó.” Tá an dáréag úd 'san bheárnain anois, ag tabhairt aghaidh ar an mbás gan scáth gan eagla. Ach céard a thug ortha a n-anmanna do chur igconntabhairt mar sin? Thug, a mhuinntir na h-Éireann, an grádh atá ar lasadh i n-a gcroidhthibh d'ár dtír, agus dúinn-ne, agus do Dhia. Is é toil Dé é. Is eól dóibh go bhfuil an ceart acu. “An saighdúir atá ag troid ar son na saoirse, caithfidh sé bheith ollamh chun gach uile nídh do thabhairt uaidh ar son na saoirse.” “An t-saoire atáimíd ag iarraidh a bhaint amach is rud naomhtha í, agus tá dlúth-bhaint aici leis an saoirse spsoradálta, go bhfuair ár Slánuightheóir bás ar a son… Agus ó's rud naomhtha í, ar an ádhbhar sin fuair togha agus sgoth ár muinntire bás ar a son i n-gach aois, fé mar a fuair Mac Dé Bás ar Chnoc Calbhaire… Níor chríochnuigheadar siúd an obair, ach leanfaimíd-ne di anois, le congnamh Dé, agus bheirimíd sinn féin mar íodhbairt ar a son… Táimíd anois
á iarraidh ar Dhia mhór na bhfeart neart do thabhairt dúinn 'sa troid atá rómhainn amach, d'á dhéine agus d'á ghéire é, i dtreó go dtiocfaidh linn saoirse a bhaint amach d'ár muinntir fá dheire.” Sin mar do labhair Toirdhéalbhac Mac Suibhne, Árd-Mhaor Chorcaighe, agus is é is fear cínn riain ar an dáréag úd. Beag baoghal ar a leithéidibh géilleadh do láimh-láidir an námhad, óir tuigeann siad gurab éigin dóibh an fód do sheasamh go dílis, pé ar bith céard a bhéas le fulang acu, go leagtar ar lár iad. Tá deich lá agus trí fiche ann anois ó gabhadh iad, agus táid 'n-a dtroscadh ó shoin. Ach ó'n lá sin go dtí an lá atá indiu ann, focal cruaidh, clamhsán ná casaoid ní tháinic ó'n a mbéalaibh. Níl olc acu i' na gcroidhthibh d'aoinne. Níl uatha ach an Ceart agus an Fhírinne do chosaint. Tá Toirdhéalbhach ibhfad uatha i measg na nGall, ach bíonn sé ag cuimhneamh ortha de ló agus d'oidhche. Cuireann sé misneach ortha le n-a bhréithribh agus le n-a shompla. Níl aon nídh ág déanamh imnidhe dhó, ach go mbeidís go léir dílis go deire, agus go mbeadh muinntir na h-Éireann réidh le n-a n-ionaid do líonadh, nuair a thuitfidís. Ag guidhe chun Dé ar son a thíre agus ar son a mhuinntire, sin mar a thugann sé a laetheanta. ‘Hic est qui multum orat pro populo’ (1. seo é an fear a bhíonns ag guidhe go dúthrachtach ar son a mhuinntire.) Tá a chorp bréag deagh-chúmtha claoidhte tnáithte anois, ach tá an toil chomh daingean do-lúbtha is a bhí sí aon lá ariamh. Tá a chuid fola ionann's a bheith ídighthe, agus tá a rian air, óir tá sé ag cailleamhaint a mheabhrach agus a chéille. Tosnigheann sé ag rámhailligh i n-a intinn. ‘As líonmhaireacht an croidhe iseadh do labhruigheann an béal.’ Bogann sé a bhéal mar bheadh sé ag féachaint le caint a dhéanamh, Cromann Éire síos ós a chionn, agus annsin deir sé go lag-ghlórach: “bead dílis duit, a chailín deas, bead dílis duit go deó.” Ar chloisteáil na bhfocal sin d'Eirinn, tagann buaidhist ana mhór uirthi. Tá a croidhe d'á réabadh. Ach fanann sí annsin i bhfogus do'n dáréag atá d'á gcéasadh… Tá duine acu i riocht an bháis anois. Cloiseann sí na paidreacha d'á rádh 'n-a chillín uaighneach. I gcionn tamaill bhig, tugtar scéal chúichi, go bhfuil an chéad fhear marbh fá dheoidh. Bheireann sí a bhuidheachas le Dia go bhfuil a mac múirneach saor ó lámhaibh an námhad, agus go raibh sé dílis go deire. Annsin leagtar an taoiseach. Tá (1) T. Mac Suibhne adubhairt na neithe sin.
Toirdhéalbhach Mac Suibhne ar lár. An tréan-fhear do briseadh ach nár féadadh a lúbadh, tá sé marbh. Tá a obair críochnuighthe. Tá sé saor fá dheire. Go ndéanaidh Dia maith ar a anam! Tugtar scéal a bháis chun a mháthar, Éire. Téidheann sí isteach, tógann sí an corp caol tanaidhe traochta sin, agus pógann ar a bhathais go díl agus go miochair aríst agus aríst eile. Tá brón agus bród uirthi i n-éinfheacht. Féachann sí suas chun na bhflaitheas, agus deir sí do ghuth árd: “A Íosa Críost, do céasadh ar chrann na croise ar ár son, glac uaim an íodhbairt seo mo mhic mhúirnigh, agus tabhair suaimhneas síorruidhe d'á anam. Maith do mo námhaid an choir seo atá déanta acu orm agus tabhair solus na ngrást dóibh chun iad do chur ar bhealach a leasa. Tabhair réidhteach agus faoiseamh agus saoirse do mo chlainn atá fágtha agam, má's é do thoil ró-naomhtha é!” Iomchruightear amach an corp ós cómhair a muinntire, agus annsin cluintear an gol agus an caoineadh agus an greadadh bas. Tá cumha agus buaidhirt ar gach aoinne. Ach, tá dóchas mór i n-a gcroidhthibh, freisin. Tá a fhios acu go bhfuil an t-anam glan gléigeal sin imthighthe ag triall ar Dhia, agus go mbéidh sé ag guidhe ar a son, agus ag cuidiú leobhtha 'sa troid. Tuitfidh na buachaillí eile indiaidh a chéile. Béidh a n-ionaid folamh; ach, líonfar aríst agus aríst eile iad, agus ní sguirfimíd de'n troid, go mbristear comhacht an Diabhail, nó go dtuitidh an duine deireannach de chlainn Gaedheal ar mhachaire an áir ag cosaint a chirt agus a chreidimh agus a mhuinntire. “Is aoibhinn do'n mhuinn- tir a dh'fhuilingeann crádh ar son na fíoraontachta, mar is leó san rígheact na bhflaitheas.” IV. Ach, déarfaidh duine, b'fhéidir, cad é an mhaith é? Tá ár muinntir d'á marbhú leis na ciantaibh, agus cad atá againn d'á bhárr? Nach mbéadh sé chomh maith againn géilleadh do neart an námhad, agus síothcháin agus suaimhneas a bheith againn? Duine gan creideamh is eadh an duine adéarfadh a leithéid sin. Fiafruighim de'n duine sin an leómhfadh sé a rádh go bhfuair ár Slánuightheóir, moladh go deó leis, bás i n-aistear, nuair do céasadh ar an gcrois fá dhroch-mheas agus fá tharcuisne é? Ní i n-aistear a fuair Sé bás. Ní lúgha ná mar a fuair na seadairí cródha bás i n-aistear ar son na h-Éireann i ngach aois. Ní i n-aistear atá ár muinntir ag fulang anois. Dubhairt Íosa, tráth: “Má árduíghthear mise ó'n dtalamh tarraingeóchad gach nídh chugham féin,” d'á chur i gcéill cad é bás a gheobhadh Sé (1); agus do tharraing Sé croidhthe an uile dhuine chuige féin i ngach aois, agus
tá Sé ag tarraint croidhthe na ndaoine chuige féin go fóill. Ar an gcuma gcéadna nírbh foláir Toirdhéalbhach Mac Suibhne agus an aoinne déag úd d'árdú ar altóir na h-íodhbairte, chun chroidhthe na ndaoine ar fuaid an domhain mhóir do tharraint chun an chirt agus chun an chreidimh. Is mairg, ámhthach, a dhallfadh a shúile i n-aghaidh na fírinne! Mar a dubhairt T. Mac Suibhne le n-a chomráduithibh: “Má théigheann an dáréag againn-ne féin gcréafóig anois, soillseóchaidh ainm na h-Éireann ar fuaid an domhain le misneach agus le dóchas do chur ar mhuinntir gach tíre, atá ag iarraidh a saoirse do bhaint amach. Glacaimís misneach, mar sin, agus ag fághail bháis dúinn, iarraimís ar Dhia neart do thabhairt dúinn féin agus d'ár muinntir, i dtreó go mbeimíd go léir réidh le gach uile nídh a fhuilinnt, agus annsin saor- faidh Dia ár dtír fá dheoidh.” Bíodh foighid againn go fóill beag. Bíodh muinighin as Dia againn. Deir Naomh Eóin ,san ‘Taisbeánadh’ go bhfeaca sé faoi'n altóir-’ anmanna na druinge do marbhuigheadh ar son bhréithre Dé, agus ar son na fiadhnaise do chosnadar: agus d'éigheadar do ghuch árd, á radh, cá fhaid a bhéas tú, a Thighearna (naomhtha fhírinnigh), gan breitheamhnas do bhreith agus díoghaltas do dhéanamh ar son ár bhfola ar an druing áitigheas ar an dtalamh? Agus tugadh do gach aoinne díobh éadaigh fhada ghléigeala: agus dubhradh leo sguireadh ar feadh tamaill bhig, nó go mbéadh (uimhir) a gcómh- shearbhfhóghantuidhthe agus a ndritháracha ar n-a cóimhlíonadh, a bhí le marbhú mar iad-san.” (1) Tá mairtíreacha ár dtíre i láthair Dé anois, ag éigheamh Air, “An fada a bhéas tú, a Dhia, gan díoghaltas do dhéanamh ar son ár bhfola?” Agus deir Sé leobhtha sguireadh ar feadh tamaill bhig. 'Seadh, tamall beag eile. B'fhéidir go gcaithfidh a thuille againn aghaidh a thabhairt ar an mbás, sul dá mbídh uimhir ár mairtíreacha ar n-a cóimhlíonadh, agus má's toil le Dia é sin, ní loicfimíd ar ár muinntir. ‘An uair is géire an pian, iseadh is giorra an chabhair.’ Is í Aoine an Chéasta anois í, agus is gearr go mbeiridh Domhnach Cásga orainn. Annsin aiseireóchaidh Éire go glórmhar do-mharbhthach, le congnamh Dé, agus bhéaraidh sí an Solus do chineadh- chaibh an domhain mhóir; agus gach duine d'ár muinntir d'ár marbhuighead agus d'á marbhóchar ar son an chirt, bhéidh sé “'n-a lóchrann ar lasadh agus ag taithneamh,” (2) ag tabhairt soluis na fírinne agus an chreidimh do'n chine daonna ar fuaid an domhain, agus do lucht a marbhtha féin… V. Ach an drong do chéas ár dtír, agus do chuir an droch-bhail sin uirthi, is eagal liom go bhfuil droch-chríoch i ndán dóibh, mura bhfuil ag
Dia. Tá peacaí ann a bhíonns ag éigheamh ar Dhia ag iarraidh dhioghaltais: “Na ceithre pheacadh-sa bíd I bhfiadhnaise an Áird-Rígh, Ag iarraidh géar-smacht do theacht, Ar dhroing dhéanta na bpeacadh; Peacadh Sodoim, peacadh feill, Éagnach baintreach fá einghreim, Bheith daor le dílleachta lag; Allus aisge na saothrach.” Is mairg do'n druing úd, do dhoirt amach fuil na nGaedheal gan chúis gan ádhbhar! Is mairg dóibh, a d'fhagh máithreacha bochta na h-Éireann fá bhrón ag caoineadh a gclainne! Is mairg dóibh, do bhrir croidhthe na mbaintreach agus na gcailíní óga! Is mairg do'n druing úd, a thug an uile shaghas droch-úsáide d'fhearaibh óga gan urchoíd gan choir i bpríosúnaibh na nGall! Is mairg dóibh siúd, do bhain an glaodhach bog brónach sin, ‘cá bhfuil m'athair' as dílleachtaibh laga, agus d'fhág go h-aonraic iad! B'fhearr linn go bhféadfaidhe an drong úd do smachtú anois, i gcruth 's go mbéadh faill acu a leas a dhéanamh. D'á bhrígh sin, bímís ag guidhe ar a son. Is treise le Dia ná le comhacht an dorchadais. Má chuirimíd le chéile, agus muinighin a bheith againn as Dia, agus cabhair agus congnamh do thabhairt d'á chéile le gníomharthaibh agus le h-urnuighthibh, béidh linn. 'S'é mo thuairm láidir gur choinnigh Dia T. Mac Suibhne agus na buachaillí eile an fhaid sin gan bás d'fhághail i n-aon turas féachaint an dtiocfadh aithreachas ar lucht a marbhtha. Ní tháinic, ámhthach. Fearacht Pharaoh an t-Sean-Reachta, do dhalladar a súile agus do dhúradar a gcroidhthe. Agus anois, níl aon áird acu ar chomhairle, ar cheart, nó ar ain-cheart. Go dtugaidh Dia radharc dóibh! Caithfear an t-uabhar agus an sotal do bhaint asta. Iarraimís, d'á bhrígh sin, ar Dhia na glóire tré imridhe Phádraig naomhtha, agus Cholm-cille, misneach agus meanma do chur i gcroidhthibh muintire na h-Éireann, agus a chur d' fhiachaibh ar lucht na h-éagcóra dhéanamh a rádh go h-úmhal i láthair Dé, ‘peccavimus’ (tá peacuighthe againn). Is cóir do gach uile dhuine againn bheith ag guidhe go dúthrachtach de ló is d'oidhche ar son ár muinntire féin, agus ar son an námhad.
Iarraimís ar Dhia, tré impidhe na Maighdine Muire agus Bríghde naomhtha, an brón agus an bhuaidhirt do thógáil de chroidhthibh na máith- reacha, na mbaintreach, agus na gcailíní, agus sólás agus sonas do thabhairt dóibh. Urnuighe. Go mbuanuighidh Dia Éire. Beannuighthe go raibh a h-easbuig, a sagairt' agus a h-eaglaisigh. Dia d'á seóladh go léir ar a leas, mar aon le n-a taoisigh, a cáirde, i's a muinntir. A Phádraig, a abstoil na h-Éireann, guidh orainn. A Bhríghde, a Mhuire na nGaedheal, guidh orainn. A Cholm-cille, a dheoraidhe uasail, guidh orainn. AN BRÁTHAIR BENEDICT. (A chríoch san.)
CNAMHA GAN FEOIL. CRÍOCH AN DUINE. Isé Dia an tobar as a dtáinig gach rud. Fillidh gach nídh air leis. (a) Cad chuige gur dhein sé an duine? (1) Chun a ghlóire féin. Dá shuaraighe thu is chuige sin a cru- thuigheadh thu. (2) Chun aoibhnis na bhFlathas do thabhairt duit. Nách trócaireach é Dia agus a rádh ná fuil uaidh ach tu chur ar do leas. (b) Cad na thaobh gur ceart duit beart a dheanamh dá réir. (1) Mar ná féadfá aoíbhneas i gceart a bheith agat ach ar an gcuma san. (2) Mar, mara ndeinean tu an méid sin, beidh brón agus díth i d'chóir go síoruidhe. (3) Mar ná fuil ach an dá taobh ann. Is ort féin atá taobh acu san do thoghadh agus do chur i n áirighthe dhuit féin. (4) Ní ró dheachair i n-aon chor é. Thug Dia gach cabhair a's congnamh duit chuige. Dein iad do chur i bhfeidhm. (c) Táid na constaicí romhat; ach ní ceart duit gan cur 'n-a gcoinnibh go fearamhail agus go seasamhach. A Thighearna cuir i n-úil dom cad í an chríoch a bhéarfidh me, agus an mór iad mo laetheanta, ionnus go mbeidh fhios agam cad tá i n-easnamh orm. — (Psalm xxxvii.i. 5.)
AN NODLAIG. Sneachta! Sneachta! Sneachta! Sneachta agus é ag tuitim 'na cháithníníbh — cáithníní móra, troma; cáithníní beaga, éadtroma; cáithníní boga, deasa, a cheangluigheann go grádhmhar dot' mhuineál agus dot' aghaidh; cáithníní cruadha, dána a thugann buille fan na sróna duit nó ar do phluic mar adéarfaidís, “Imthig as mo slíghe, a ropaire;” cáithníní tirme a bhriseann san aer agus a thuiteann síos chun tailimh i n-a smúid; cáithníní fliucha a leaghann ar an talamh! A! is aoibhinn teacht isteach as an stuirm agus suidhe síos cois teine, te, tuaichioll, tarruingeach, na lasracha lonnracha ann ag léimt suas an séimiléar, agus féachaint a thabhairt amach ar na daoinibh agus iad ag brostugadh abhaile tríd an stuirm, a gcinn ar cromadh, agus a mbeart bronntanas agus bídh i gcóir an lae bháraigh aca. Féach ar an bhfeirimeóir sin agus é ag gluaiseacht abhaile. Beidh sé air aige a thig a shroisint anocht. Leanaimís é ar a thriall.
Cheana féin tá an sneachta ag stad. Acht — rud is mheasa do'n fheirmeóir agus d'á chapall — tá sé ag cur sheaca go tiugh, chóm tiugh san, go deimhin, gur ar éigin is féidir leis an gcapall siubhal ar an mbóthar. Tá an ghealach na suidhe anois agus tá a solus fuar, bán ag lasadh an reóithín agus an sneachtaidh go glinn gléineach. Nach árd an fothrom a dhéineann gíoscán agus cnagarnach na trucailleach, agus srann agus saothar anála an chapaill in aer na h-oidhche! Suas síos na cnuic: an stadfaidh siad choidhche? Tarraingeann siad i n-aice a mbaile fé dheireadh. Cloiseann na buachaillí istigh iad agus amach leó. Stiúiríghid an capall isteach go dtí an macha. Isteach san tigh leis an bhfeirmeóir. Tá sonas agus suairceas ar lasadh i n-aghaidh gach uile dhuine ann. Agus cad na thaobh ná beadh? Nach í seo oidhche Nodlag — oidhche thar gach uile oidhche eile san mbliadhain. Féach ar an gcistin féin! Nach deas, glan í i gcóir an lae bháraigh! Teine mhór mhónadh ar dóigheadh ar an teinteán; an t-úrlár scuabtha go cúramach; cuileann agus eidhneán thar an doras agus ar na fallaíbh; agus — rud níos mó agus níos fearr ná iad seo go léir — an choinneal Nodlag agus í na seasamh ar an mbórd cois na fuinneóige. “Bain díot do chóta mór, a Shéamais, a chroidhe istigh,” arsa bean an tighe, “is dócha gur beag ná fuilir it' lic oidhre ó bheith it' shuidhe chómh fada san ar an trucaill úd. Téidh tú féin an fhaid is atá na buachaillí ag cur an chapaill agus na trucailleach isteach.” Suidheann sé síos go dtí go dtagann na buachaillí isteach. Annsan lasann sé coinneal bheag, múchtar gach solus eile agus tarraingeann sé i leith go dtí an choinneal Nodlag. “Go mbeirimíd beó ar an am seo arís,” adeir sé go cráibhtheach agus é ghá lasadh. “Amen, a Thíghearna,” adeir an chuid eile aca. Steallann sé uisce coisreacan ortha annsan, agus air féin. Deirtear an paidrín páirteach i n-a dhiaidh san. Agus ar feadh an phaidrín agus na h-oidhche ar fad, bíonn an choinneal sin ar lasadh go seasmhach, socair — cuireadh do'n teaglach naomhtha teacht isteach chúcha, má bíonn siad arís ag gabhail an bhóthair mar a bhíodar fadó i mBetlethem. Ní h-amhán sa tig seo, ámh, atá an cuireadh le feiscint. Amuigh ar na sléibhtibh loma, i ngleanntaibh foithneacha, cois abhann mór agus srotha ar a bhfuil an leac oidhre, tá coinneal na Nodlag le feiscint i bhfuinneóig gach cistin, agus tá doras gach tighe ar leath oscailt. San chathair féin is féidir iad d'fheiscint. Agus anois tá an uair sholamhanta naomhtha sin, an uair i n-a rugadh Íosa Críost féin — uair an mheadhan oidhche — ag déanamh orainn. Tá ciúineas an bháis ar gach aon rud: níl fothrom ar bíth le clos acht
an ghaoth ag déanamh ollagóin sa choill agus an abha ag déanamh dórd thar na clochaibh. Go h-obann cloistear na cloga agus iad ag bualadh. Sar i bhfad, tá figiúirí beaga dubha le feicsint ag druidim síos an bóthar, ag déanamh ar an séipéal beag atá ag lasadh le soillsibh. Ós a gcionn tá an spéir dhubh-ghoirm ar nós sróill, na réiltíní bána ag casadh go h-aoibhneasach ann, agus an ghealach bhán airgeadamhail ag taithneamh ar an sneachta fé na gcosaibh. Sroiseann síad an séipéal — isteach leó. Cheana féin, tá an “Adeste Fídélés” dá chánadh aca. Tagann an sagart isteach agus tosnuigheann an t-Aifreann. Ó! má theastuigheann uait an díadhasamhlacht agus an chráibhtheacht a bhí ag na mairtíreachaibh nó ag na príomh-Chríostaidhthibh, féach ar na daoinibh bochta seo, a gcinn ar cromadh, gan suim ar bith aca i n-aon rud acht amháin i nDia. Féach ortha anois, tar éis an Aifrinn, bailighthe mór dtimcheall “an Crib.” Ní Crib saidhbhir breágh atá ann — ní h-eadh. Tá sé bocht símplíghe acht is cuma leó san. Tógann sé a n-anam- nacha thar n-ais go laethantaibh Chríost. Bíonn sé mar chuimhneamh dóibh ar na rudaíbh a tuit amach an lá úd, na céadta blian ó shoin. Labhrann an Leinbhín sin leó, mar a labhair na h-aingil leis na haodhairibh: “Connus an bhféadfadh sibh droch-aigne nó mioscais a bheith i nbhúr gcroidhthibh d'éinne indiu? Bíodh siothcháin eatorraibh, a Chríostuidhthe,
agus na dearmhaididh na bochta.” Tagaid amach caradas agus siothcháin i n-a gcroidhthibh. Tá gach aoinne go sonasach, suairc. Fé scamall na h-oidche, cloistear ar gach taobh: “Nodlaig shona dhuit!” “Gurab amhlaidh dhuit!” “Go mbeirimíd beó ar an am seo arís!” agus mar sin de. Ar fuid na tíre, os comhair gach séipéail, tá rud éigin d'á leithéid ar siubhal. Tá na bochta ag imtheacht, agus a gcroidhthe lán de ghrádh agus de charadas chómh lán is a bhí a lámha le biadh agus le dígh le h-éadach agus le h-airgead roimhe sin. Tar éis tamaill tagann an lá. B'fhéidir go bhfuil féachaint fuar ar an ngréin, acht mar sin féin, is í maidean na Nodlag í, agus tá gach aoinne go samh, socair, suaimhneach. Téigheann na buachaillí ag tóruidheacht an dreóilín. Cloistear gach scread agus gach gáire uatha agus iad ag gluaiseacht cois na faille. Féach ar an éinín mbocht agus é ag déanamh iarracht ar éalughadh uatha. Acht, mo léan! Bheadh sé níos fearr dó an bás a ghlacadh gan mhoill, mar, pé áit i n-a bhfuil sé le feicsint, caithtear clocha, bataí, hataí — gach rud atá i n-a lámhaibh aca — leis. Fé dheireadh, marbhuightear é, agus tógtar abhaile é. Ar an tslíghe dóibh, castar an sagart ortha. “Anois, a bhuachaillí,” ar seisean “nach ait an rud é díbh-se bheith ag rith i ndiaidh ainmhídhe chómh beag, chómh neamhurchóideach san. Ná fuil aon náire orraibh ar aon chor?” Cromann síad a gcinn, acht tar éis tamaill bhig, labhrann duine aca leis. “Acht, a athair, deirtear gur scéith sé ar ár dTíghearna fad ó.” “Bíoch sin mar atá, ní agaibh-se atá cead díoghaltais. Agus ba cheart díbh cuimhneamh leis gur h-imreadh díoghaltais air, dálta an scéil úd.” Acht ní deir sé a thuille, acht siubhal leis, mar tá a fhios aige gur sean-nós é, agus go mba chruaidh an rud é stad a chur leis. Cuirtear an dreóilín i leath-thaoibh le h-aghaidh an lae bháraigh. Tá sean-nós eile Gaedhalach ann i dtaobh na Nodlag a gcaithfear trácht air. Ní bhíonn aoinne ag dul ar chuairt an lá so. Fanann gach aon teaghlach i n-a theach féin. Chuala leis le déidheanaighe go bhfuil nós eile aca annso agus annsúd ar fuid na tíre; sidé é, caithfidh gach líontighe biadh agus deoch a thabhairt do thriúr daoine, fear agus bean agus leanbh, a bhíonn ar lorg déirce, mar chuimhneamh ar an teaghlach naomhtha agus ar an dtreó i n-a rabhadar lá Nodlag. Is an-deas an nós é. Dá aindheóin seo, imthigheann an lá go tapaidh agus ní fada go dtagann an oidhche arís. Gabhaimís slán anois ag an teaghlach seo agus ag teaghlachaibh eile d'á leithéid. Beannacht libh, a theaghlachaí Gaedhlacha! Beannacht leat, a Nodlaig, go dtí tú chughainn arís! Beannacht leat! Pádraig Ó Catháin.
MISNEACH. Tá misneach le tamall ar fhearaibh na h-Éireann, Óró, corruigí, tiocfaidh an cath, Ní maith leo bheith feasta ag brath ar stróinséiribh, Molaim an scéal 'sis maith liom a bhlas. Corruigí, bailigí, 'fheara na h-Éireann, Óró 'n gleo 's tosnochaidh sara fad, Ní baoghal dúinn feasta ach seasamh le chéile 'S raghaidh an stróinséar an dorus amach. Bhí thiar ar an nduine nár dhein a ghnó féinig, Óró, corruigí, tiocfaidh an cath, Sin ceacht 'tá 'n-a teagasc le tamall i n-Éirinn, Molaim an scéal 'sis maith liom a bhlas. Corruigí, &rl. A misneach do mhúscailt ba mhithid do Ghaedhlaibh, Óró, corruigí, tiocfaidh an cath, 'S a náimhde do ghlanadh thar caladh as Éirinn, Molam an scéal 'sis maith liom a bhlas. Corruighí, &rl. Árdughadh ana a 's meas ortha féinig, Óró corruigí, tiocfaidh an cath, Ní'l siad i n-easnamh ar Fhearaibh na h-Éireann, Molaim an scéal 'sis maith liom a bhlas. Corruigí, &rl. Is gearr go mbeidh saoirse i n-uachtar ag Gaedhlaibh, Óró, corruighí, tiocfaidh an cath, 'S a mbratach go bríoghmhar ag luascadh le gaothaibh, Molaim an scéal, 'sis maith liom a bhlas. Corruigí, &rl. 'Sis gearr go mbeidh Seán Buidhe ag imtheacht as Éirinn, Óró, corruigí, tiocfaidh an cath, Sin réiteacas fáidh agus seanchas éigse, Molaim an scéal 'sis maith liom a bhlas. Corruigí, &rl. Cathoir Ua Braonáin.
LEITIR THIMPAIL AR STÁID LUCHT OIBRE; Ó N-ÁR N-ATHAIR RÓ-NAOMHTHA AN PÁPA, LEO A TRÍDÉAG. AR LEANMHAINT. [Fógarthar gach ceart ar cosnamh.] An tAthair Peadar Ua Laoghaire, Canónach, d'aistrigh. Thaisbeánamair thuas go bhfuil sé do réir dlíghe nádúra a chuid féin do bheith ag gach duine fé leith. Leanan an dlígh sin an duine nuair a bhíon sé 'n-a cheann ar líntíghe. Tá ceangailte ar athair clainne ar chlann do chothú agus éadach do chur ortha agus iad do thógaint mar is ceart. Tá an dligh sin daingean ar an athair do réir nádúra. Tá ceangailte air sligh mhaireachtaint do chur i n-áirighthe dhóibh, do réir a ghustail, i dtreo go mbeidh ar a gcumas iad féin do chimeád suas mar is cuibhe agus gan dul le fuacht a's le fán ar an saoghal. Ní féidir do'n athair an nídh sin a dhéanamh i n-aon chor mura n-admhuighthear gur leis fein fé leith pé fagháltas coda atá, go bhfuil neart dó úsáid a dhéanamh de do réir a thoile i gcaitheamh a bheatha agus é fhágaint le n-uadhacht agá chlainn. Societas i gceart iseadh an líntíghe, chómh maith leis an stát, agus tá a smacht féin air ó'n dtaobh istig, smacht an athar. D'á bhrígh sin, chómh fada agus a théidhan gach gnó a bhainean leis an líntíghe féin, do réir a nádúra féin, gan dul lasmuich des na gnóthíbh sin ar a bhfuil seasamh an líntíghe, agus a shaor-bheatha dhleaghthac, tá a cheart féin ag an línthíghe, chómh maith, an chuid is lugha dhe, agus atá ag an stát. Deirim an chuid is lúgha dhe chómh maith, mar, ó'tá an chualacht bheag ar a dtugtar líntíghe, níos sia ar an saoghal 'ná mar atá aon cheann des na cualuchtaíbh móra ar a dtugtar rígheachta poibilídhe, tá tusach do réir nádúra ag ceart an líntíghe ar cheart gach righeachta poibilídhe. Ach má's cosg i n-inead conganta, má's díobháil i n-inead tairbhthe, atá le teacht chun na ndaoine, chun lucht an líntíghe, ag dul isteach dóibh sa chualacht mhór, sa stát, is díreach gur b'é a leas fanmhaint lasmuich dhe. Dearmhad mór, d'á bhrigh sin, dearmhad tiubaisteach, iseadh a mheas go bhfuil sé dleaghthach, do'n stát a lámh do shádh isteach, do réir a thoile féin, i ngnóthíbh prímháideacha an líntíghe. Gan amhras, dá ráinígheadh líntíghe bheith i ngéibhinn chruaidh agus gan ar a gcumas iad féin
d'fhuasgailt as an ngéibhinn, bheadh sé ceart ag an stát cabhrú leó. Is cuid de'n stát gach líntíghe. Ar an gcuma gcéadna, dá ráinigheadh toirmeasg ag muintir an tíghe á dhéanamh éatartha féin agus éugcóir acu á dhéanamh ar a chóile, bhéadh sé ceangailte ar dhligh na rígheachta teacht agus a chur fheuchaint ar gach duine acu bheith sásta le n-a cheart féin. Ní baint ó cheart an duine é sin ach cabhrú leis. Tá cean- gailte ar dhligh na rígeachta, amhthach, gan dul a thuille ach stád ar an áit sin. Ní féidir do dhlígh na rígheachta úghdarás an athar do chur ar neamhnídh ná do thógaint chuige féin, mar do shíolruigh an t-úghdarás san as an dtobar gcéadna as ar shíolruigh an duine féin. “Is leis an athair an leanbh.” Isé pearsa an athar é, mar a déarfí, ar lean- mhaint, agus ag labhairt le cruinneas, ní de bhithinn a chirt féin a ghlacan an leanbh inead ameasg na poibilidheachta ac de bhithinn cirt an líntighe i n-ar rugadh agus i n-ar tógadh é. Is tré neart na fírinne sin díreach, .i. “Gur leis an athair an leanbh,” adeir Naomh Tomás; “sar a dtagan ciall agus saor thoil don chlainn táid siad socair fé chúram athar agus máthar.” An “Sucialist,” d'a bhrigh sin, nuair ba mhian leis an chlann do tharrac ó chúram athar agus máthar agus iad do chur fé chúram an stáit, is amhlaidh ba mhian leis gabháil i gcoinnibh dlighe nádúra an duine agus cómhcheangal an líntighe do bhrise as a chéile. Agus, i n-éaghmuis ná h-eugcóra a thiocfadh as a leithéid sin d'obair, is léir le feisgint cad é an suathadh, agus cur thré chéile, a dhéanfadh sé ar aicmeachaibh daoine an tsaoghail, agus conus mar a chuirfadh sé daoirse agus cruadhtan grána ar na daoine. Do h-osgalófí an tsligh do gach aon saghas formaid agus tromuigheachta agus imreasáin. Do stadfadh gach fás saidhbhris mar ní bheadh aon fhonn ar aoinne chun oibre dhéanamh, le neart cuirp ná le h-éirim aigne. Agus an “mar-a-chéile” seo a maoidhtear dúinn, do thiocfadh sé gan amhras, ach is amhlaidh a beadh na daoine go léir ar lár i n-aonfheacht, “mar-a-chéile” i n-oireasba, gan chlú gan cháil. Chítear as san, an chómhairle sin an tSocialist, .i. gur ceart saidhbhreas an domhain do bheith i gcómhsheilbh, .i. gan aon rud a bheith ag aoinne fé leith, ach seilbh i bpáirt ag na daoine go léir ins gach aon rud, gur ceart díultú dhí glan, mar gur b'amhlaidh a dhéanfadh a leithéid sin do shocarú díobháil thiobaisteach dos na daoine céadna so go meastar tairbhthe dhéanamh dóib leis; go mbeadh sé i gcoinnibh cirt nádúrtha gach duine fé leith agus go ndéanfadh sé an phoibilidheacht go léir do chur i n-aimhréidh agus i measgán mearaidhe. Da bhrígh sin, pé tairbhthe is áil a dhéanamh do'n phoibilidheacht, ní foláir an t-aon nídh amhain seo bheith mar chloch-bhuinn fé'n ngnó, sé sin a chuid féin fe leith, do chur i n-áirighthe agus do chosnamh, do gach duine fé leith. Ó tá san mar sin tabharfimíd aghaidh ar conus, agus ar cad as, a soláthrófar an tairbhthe seo atá ar iaraidh. Ní miste dhúinn aghaidh a thabhairt go dána ar an gceist sin. Is ceist í a bhainean, ó cheart, le
n-ár ngnó féin, óir is ceist í ná réidhteófar i gceart choidhthe mura nglaoidhtear isteach sa réidhteach an Eaglais agus a riaghalta. Agus, ó's againne is mó atá dlighthe agus riaghalta na h-Eagailse, agus an Eaglais féin, do chosnamh agus do riaradh, ba chailleamhaint ar ár ndualgas dúinn gan labhairt. Is fíor go bhfuil éileamh ag an nídh seo ar chúram ó dhaoinibh eile, leis; ó riaghaltóiribh stát; ó ríogra; ó mháighstiríbh; ó lucht saidhbhris; agus ó'n bproletariacht so féin go bhfuil an t-aighneas ar a son; ach deirimíd an méid seo gan amhras, is i n-aistear a bheidh gach saothar daoine ann má fágtar an Eaglais lasmuich dhe; óir is léir gur ag an Eaglais atá nochtadh do dhéanamh, as an Soisgéal, ar na teagasgaibh tré n-a bhféadfar deire chur leis an aighneas, nú ar aon chuma baint ó n-a ghéire agus é bhogadh. Isí an Eaglais a bhíon ag obair ní h-amháin chun aigne an duine do teagasg ach fós chun an duine do sheóladh ar a leas le riaghaltaibh maithe. Cuirean sí feabhas ar staid na proletariachta féin le mórchuid de chualachtaíbh tairbhtheacha do chur ar bun. Agus bíon sí i gcómhnuighe ag déanamh a díthil chun cómhairle agus cómhacht gach aicme do chur ag obair i n-aonfheacht, a d'iaraidh staid lucht oibse do chur i bhfeabhas. Agus isé a meas gur ceart, chuige sin, úsáid a dhéanamh, mar is cuibhe agus mar is cóir, de dhlighthibh agus d'úghdarás riagaltas poibilídhe. Deintear deimhin de'n meid seo ar dtúis, .i. nách foláir an chine daona do ghlacadh mar atá sí. Ní'l aon bhreith ar iachtar agus uachtar do chur ar aon dul amháin sa phoibilídheacht. Táid na Socialistigh ag tnúth chuige, ach tá a saothar i gcoinnibh nádúra, agus is saothar i n-aistear é. Nílid na daoine mar a chéile do réir a nádhúra. Tá deifrígheachtaí móra idir dhuine agus duine. Ní mar a chéile éirim aigne acu; ná fonn gnótha; ná sláinte; ná neart cuirp. Tagan as san, gan aon teip, nách mar a chéile saidhbhreas saoghalta acu. Agus ní díobháil, ach is tairbhthe, do gach duine fé leith agus do'n phoibilídheacht, a dheinean an deifrígheacht san a bheith, do réir nádúra, idir dhaoinibh. Oirean saighseana fé leith oibre do bheatha phoibilidhe na ndaoine. Leanan aoinne amháin an saghas oibre dhíobh san is feárr a thaithnean leis. Leanan duine eile saghas eile. Ansan bíon gach saghas toradh ag an bpoibilídheach, agus ag gach duine fé leith. Agus i dtaobh oibre cuirp, dá bhfanadh an duine ar a staid gan peaca ní gan saghas éigin oibre cuirp a bhéadh sé. Ach an obair a ghlacfadh sé an uair sin le lán-toil agus le taithneamh, dob éigin dó í ghlacadh 'na dhiaidh san i gcoinnibh a thoile, mas gheall ar a pheaca, mar phionós: — “Mallacht do ghnímh ar an dtalamh! Led' shaothar iseadh íosfir do chuidh bídh uaid i gcaitheamh laethanta do bheatha go léir.” Ar an gcuma gcéadna, ní'l aon deire ná aon stad le bheith ar phiantaibh ná ar chruadhtanaibh na beatha, ar an saoghal so, óir is teinn le fulag iad na h-uilc a thagan ó'n bpeaca, agus is deacair; agus ní sgarfid siad leis an nduine an fhaid a mhairfidh sé. Tá, d'á bhrígh sin, i ndán do'n duine bheith ag fulag trioblóidí, agus pé dítheal a
déanfar ar na trioblóidíbh sin do chur i leithtaoibh ó'n nduine ar an saoghal so is dítheal i n-aistear é. Agus má deir aoinne a mhalairt, má deir aon duine go bhfuil ar a chumas beatha shuairc, gan bhuairt gan trioblóid, do thabhairt do dhaoinibh bochta mífhoirtiúnacha, deir sé an t-éitheach; ag mealladh na ndaoine atá sé agus ag méadú na n-olc dóibh ar ball. Is feárr go mór aghaidh do thabhairt ar an bhfírinne agus an fhírinne dh' admháil i dtaobh an chuma 'n-a bhfuil an duine ar an saoghal, agus ansan, bogadh éigin ar an gcruadhtan do lorg ar a mhalaint de shligh seachas slígh an tSocialist. Dearmhad bunaidh sa ghnó so isteadh a mheas go bhfuil sé do réir nádúra aicme bheith i gcoinnibh aicme, gur namhaid aicionta dá chéile an aicme shaidhbhir agus an aicme bhocht, agus nách foláir an dá aicme sin a bheith coitchianta ag troid i gcoinnibh a chéile, do réir nádúra. Tá san chómh mór bun ós cionn leis an gceart gur 'n-a mhalairt ar fad atá an fhírinne. Fé mar a chabhruighid na balla beatha le chéile, i gcómhghleus, i gcorp an duine, agus nách féidir do bhall acu bheith beó agus a dhualgas aicionta do chómhlíonadh chun a shástachta féin, gan congnamh agus comh-obair ós na ballaibh eile, mar sin díreach atá ag an stát. Tá gádh ag gach aicme daoine le gach aicme eile daoine, agus ní bhíd na h-aicmeacha go léir ar a sástacht, agus an rath ar gach aicme agus ar an stát, ach nuair a chómhlíonan gach aicme a dualgas féin go dílis agus go macánta. Tá gádh ag gach aicme le gach aicme eile. Ní féidir lucht saidhbhris a bheith ann gan lucht oibre bheith ann. Agus ní féidir lucht oibre bheith ann mura mbeid daoine ann a dhíolfidh as an obair. Má oibirighid an dá aicme a' láimh a chéile, do thoil a chéile, beidh sástacht ar gach taobh go breágh réidh. Má bhíd an dá aicme sin ag gleic agus ag troid le n-a chéile coitchianta, ní bheidh sa dúthaigh ach círéip agus measgán mearaidhe. Chun imreasáin do chosg, ámhthach, agus chun préamhacha an imreasáin do ghearradh, ó iachtar, is ró thairbhtheach iad, agus is ró éifeachtamhail, na dlighthe agus na riaghalta atá ar bun ag Eaglais Chríost. Ar dtúis, isiad dlighthe agus riaghalta na h-Eagailse na neithe is feárr cumas ar aicme an tsaidhbhris agus an phróletáireait do thabhairt chun réidhtigh le n-a chéile, mar taisbheánaid siad do mhuinntir gach aicme dhíobh an rud atá ceangailte ortha a dhéanamh do'n aicme eile, go mór mór chómh fada agus a théidhean ceart. Taisbeánaid siad do'n fhear oibre agus dho'n cheárdaidhe, conus mar atá ceangailte ortha an obair ar ar shocaruighdar a dhéanamh go macánta, do réir chirt; gan díobháil a dhéanamh do chuid an mháighstir, ná d'á phearsain; a gceart féin do chosaint gan éiginn, gan bhruighean, gan acharan; gan aon chómhluadar a dhéanamh leis an lucht so a thugan cómhairle aimhleasta do dhaoine bochta, agus geallamhna móra, geallamhna nách féidir a chómhlíonadh, agus ná tagan asta choidhche ach an donas, agus ná tuigtear an t-olc a dheinid siad go dtí go mbíon sé ró dhéanach. [Ní Críoch.]
CÚINNE NA MAC LÉIGHINN. NA h-AISTIDHE. Tá an chéad chomórtas thart. Tá buaidhte ag Pádraig Ó Catháin ar a rabh ag iomaidheacht i n-a choinne. Fuair an t-aiste a scríobh seisean an chéad áit. Bhí iongnadh a chroidhe ar an Scrúduightheoir nuair a chonnaic sé gur buachaill as Béal Feirste a fuair an chéad duais. Bheadh iongnadh ba dhá mhó ná sin air dá mbeadh a fhios aige gur ab í Gaedhilg an ghnáth-theanga ag teaghlach Uí Chatháin. Bhronn an t-athair agus an mháthair ar na páistí an Ghaedhilg bhinn bhlasta a rug siad leobhtha ó shléibhtíbh Chorcaighe Duibhne go bun Bhinne Madagáin. Maith thú, a Phádraig! Ghním cómhgháirdeachas leat agus tá súil agam gur minich a tchífear thú i gCúinne na Mac Léighinn arís. Acht cogar i leith chugham, a Phádraig! Is iongnadh liom gur chuir an fear eagair an t-aiste úd i gcló ar chor ar bith i lár an gheimhridh agus an méad sneachta atá ann! Tá súil agam nach mbeidh sé de dhánuidheacht ag aonduine é a léigheamh gan cóta mór a chur air fhéin roimh ré. Bheadh slaghdán air i ndiaidh a léighte go ceann lae agus bliana. Ba bheag nach dtainig Dáithí Ó Cinnéide agus Énri Ó Luain suas leis ins an rása. Muna b'é go ndearnaidh an bheirt sin tuisleadh annsiúd agus annseo, bheadh an Scrúduightheoir i gcruadhchás eadar dhá chomairle ar ciaca a b'fhearr. Acht tuisligheann saoi, ar ndóighe. Bíodh misneach agaibh! Tá focal molta tuillte ag Seán Mac Énrí mar a gcéadna. B' an-bhreagh an t-aiste a scríobh seisean fósta. Beidh lá eile ag an Phaorach! Tá ar mbuidheachas ag dul do dhuine eile ar a dtugtar an t-ainm céadna. Tá Seán Mac Énrí a rinne an dá phictúir deasa úd le h-aghaidh an aiste ar díbirt ó Óileán na Bainríoghna fá láthair. Ar mhiste damh a fhiafruighe cá bhfuil na cailíní? An bhfuil faitchios orra teacht isteach i gCúinne na Mac Léighinn? Ná bíodh faitchios oraibh-se, a chailíní, teacht isteach agus suidhe síos cois na teine agus bhur scéal a innsint. Ní holc an saghas duine mé, cé go bhfuilim “i n-achrann daingean na mblianta.” “Is deas mo bhéal, mo dhéad, 's mo gháire, Is geal mo ghné is tá m' éadan tláith tais.”
Tigigí isteach i gCúinne na Mac Léighinn gan scáth gan eagla. Ná leigigí an chraobh leis na buachaillí ar fad. Oirfidh an chéad chomórtas eile daoibhse go háluinn. Seo é é: — An té is fearr a scríobhfas aiste ar Bhrighid na nGaedheal gheobhaidh sé púnt uaim. Coingeallacha: — 1. Leitir a chur isteach ó shagart nó ó mhúinteoir chun a chruthú go ndearnaidh an t-iomaidhtheoir an t-aiste as a stuaim fhéin. 2. An t-aiste bheith istigh ag an Fhear Eagair, 47 Westland Row, Baile Átha Cliath, roimh Lá Fhéile Pádraig. COMÓRTAS EILE. Cuirfidh mé os comhair bhur súl annseo comórtas eile a bhaineas leis an tSíoladóir. Ís beag buachaill nó cailín a thug fa dear é go fóil cé go rabh sé le feiceáil ins an dá uimhir atá i gcló cheana féin. Seo mar atá sé de. Ní mhairfidh an Síoladóir i bhfad gan a lán léigh- theoirí. Léightheoirí is mó atá uainn fá láthair. Caithfidh gach Gaedhilgeoir congnamh a thabhairt. Gach duine a thugas cogar i dtaobh an tSioladóra i gcluais a chomharsan agus a gheibh léightheoir nua dá bharr, tá an deagh- shíol craobhscaoilte aige. An té a sholathruigheas fiche léightheoir nó an deichniubhar féin, nach dóigh leat go bhfuil gníomh uasal déanta aige ar son an chreidimh agus ar son na teanga, muna mbíonn sé de shólás aige an duais atá geallta annseo a fhághail. Fuair Seán Mac Guaigín an duais i mí Lughnasa agus Seoirse Mac Gabhráin an duais i mí na Nodlag. Is as Béal Feirste do'n bheirt sin. Déarfainn nach bhfuil buachaillí Bhéal Feirste i n-a gcodladh. Nach bhfuil talamh maith i gceanntaraibh eile le h-aghaidh síl na Gaedhilge? Déanadh gach éinne a shean dícheall as seo amach. Seo é an comórtas: — Bhéarfar púnt mar dhuais do'n té a chuirfeas isteach chuig Muintir Mhic an Ghiolla an liosta is mó de cheannuightheoirí an tSíoladóra le haghaidh na bliana seo. Coingeallacha: — 1. Caithfidh gach liosta bheith istigh roimh Lá Fhéile Pádraig. 2. Caithfidh 10/— a bheith mar aon le gach liosta ar son gach ainme ann.
TUARISC NA MAC LEIGHEANN. BUADH. NA NODLAG. CEACHT A DH'FHOGHLUIMIGH ADHBHAR SAGAIRT. Ar maidin lae na Nodlag I mBethelem rugadh leanbh beag. Timcheall a chinn bhi lonnradh Is Iosa ab'ainm Do. D'a mhathair ar dtuis a dhinnis Se Muire a dh'innis d'Iosef e. O Iosef a fuair na h'aingil an sceal Is don tsaoghal o dh'innseadar san. Mac-leigeann crostaltha beadh Nioclas. Nior sasugheadh riamh do; nior thaithn formhor na mac-leigheann eile las. Bhiodar go ro mhinich ar a sochracht is ghelleadar do riaghlacha an cholaiste; dob eagal doibh a dtuairmeacha fein thabhairt uatha is seasamh ar a mbonna fein. Ni bheadh cail ag einne aca mur ar chuireadar slighe stiurtha a saoighil fein ar bun. Daoine gan beann aca, dar leis, ar chruadhtan an tsaoighil seo b iad lucht stuirtha a cholaiste a bhi lastuaidh den gcathair Baile atha Cliath. Nion dhein aon adhbhar sagairt eile aca da raibh sa cholairte ceangal charadais le Nioclas ach amhain beirt, o Bhaile atha Cliath duine aca is thriall an mac eile o Shasana. Mholadar san le na ghliocas is chuireadar dha fhocal le na bhfocal san. Daoine uaisle iad fein, beasanna is eadach na n-uaisle a chaitheamh aca; daoine gur fiu feachaint suas chucha gan dabht. “An Triur mhor” a ghlaodhtai ortha de bharr an uaisleachta a bhi aca mar dheadh. Nior bhain Nioclas no einne da bheirt chomradaidhe le cluicheanna is le sport na nadhbhar sagart ach bhi sede mhisneach ag Nioclas labhairt sa chumann dios-poireachta. Na h-adhbhair cainnte is mo gur thrachadar fein tharsa b'iad an grafadoireacht no na Radharcanna mora a chonnacathas; go bhfaca reachtaire an cholaiste e ag bualadh buille ar dhruim buachalla eile; cuireadch Nioclas go mor tre cheile. Com- hartha charadais do reir Nioclais e. Mar b'shin i an tslighe a bhiodh aige a charadas chur in iul do dhuine. Deargadh ar an aghaidh aige nuair a chonnaic se an Sagart is an tsuil thug se air. Ba dhobair go bplaosgeaidhe ar Nioclas leis an scannradh a bhi air. Focal ni dubhairt einne aca. Deidheanuch san oidhche ni raibh Nioclas istigh leis fein nuair a bhuail se ar dhoris an reachtaire. Diompugh se an lamh ar an ndorus is ar ball bhe se agaidh ar agaidh leis an Reachtaire fein. Chun eisteachta d'fhaghail
uaidh a thainigh se. Tugadh an ide do idtaobh gan srian do chur le na charadas is le na bhuilli troma ar dhromana daoine. Do lean na laetheannta ar a cheile is do lean Nioclas ar neamhshuim do chur i riaghlacha an cholaiste. Ba chuma leis cad do thuit amach. Ragadh se is dheanfadh se greas beag codlata igcaitheamh an stuideir do a gan fhios d'einne. Ar maidin dheanfadh se greas beag eile is ni raghadh ar an Aifreann “Do dhul amach as leabaidh a chomh fuar san de mhaidin, nach bog an croiceann ata ar dhaoine.” Mar sin do ghoill an leisge air o la go la is toisc nar bhain se le tuairimeacha na ndaoine chaitheadh se an oidche go leir is cuid mhaith den la is e na shamh chodladh. Ghoilleadh an droch aimsir is ni shasochadh an t ollamh so is an chead ollamh eile leis. Bhi olc aige sara fada do gach einne is do gach aon rud. Ag gearan a bhiodh se o mhaidin go h oidhche. San leitir a churfidhe chun a mhuinntire sa bhaile biodh lan leathanaigh de ghearain innti. Thuigh a mhathair is an chuid eile aca go raibh athrughadh tagaithe ar aigne Nioclais. Maidean fuair a dheirbshuir Neilli leitir uaidh a radh go gcuirfeadh se an bothar abhaile dhe an Satharn na dhiaidh sin. Laithreach tosnuig- headh ar bheith ag glanadh urlair is fallai is bheith a ndathughadh is ar an dtigh go leir do chur i gcrich. Bhi obair tri laetheannta aca. Chuireadar chun oibre go dian dicheallach is bhi an rian san ar thigh mhuinntire ui Haodha oidhche Dia h aoine. Bhi fuadar fe Neilli mar ba bhaoghal di go ndeanfaoi dearmhad ar rud eigin. Ar eagla na h eagla chuaidh si fein is seirbhiseach aici ag scrudughadh an tighe go leir is gha infhiuchadh is ambasa feinigh nior fhan aon dubhan fhalla a gan fhios i dtigh a h athar. La sneachtaidh Dia Satharn is chuaidh an maicin og o thigh mhuinntire Ui h Aodha leis au gcapall chun Nioclas do bhreith abhaile o stad na traenach. Is deallrathach gur bhain an sneachta an misneach de Nioclas mar thug se an-ide don dritharain de bhrigh an mhoille a dhein se is an bosca a chur isteach sa charr aige. Bhi an bosca ro mhor don mbuachaill bheag is ghortuidheadh an lamh air. Ach ni raibt de thruagh ag Nioclas ach a radh leis “a chonach san ort” is bagairt air brostughadh. Tughadh cead mile failte don gcollaisteanach ar dhul isteach sa tigh do is gabh tocht athais ar a mhathair. Ba ghearr go raibh an bord gleasta chun bhidh is tugadh fleath na tuatha do Nioclas. Thug se bas obann don ochras millteach a ghoill air deis an turais sa tsneachta. Bhi suidhte ag an liontighe morthimcheall na teine mona is chonnaic a mhathair na raibh an fheachaint athais ar bhiodh ann sar a dhfhag se an baile ar aghaidh a mic. Bhi feachaint dubhach bhronach an oidche seo air murab ionann a's na hoidhcheanta a chaith se sa bhaile sar a chuaidh se go Baile atha Cliath. Dheanfadh si iarracht fios an Sceil dh'fhagail. Bhi Nioclas fein ag miogharnaigh o theas na teine is e ag machtnamh ar an saoghal fad o nuair a bhi an oige aige is bheadh se fein is na garsuin eile thuas sa pharlus is sport an domhain aca d'eis teacht o scoil an pharoiste dhoibh. “Bhuil aon sceal nuadh o Bhail eatha Cliath agut a Nioclais” ars'a a athair.
“Nil” arsa Nioclas as ba leir na raibh fonn cainnte air. “Cerbh iad na daoine a thainigh sa traen” arsa an tathair arist. “Na raibh aithne agam ortha” ar seisean. “Ni fulair” arsa a mhathair leis “no b fhuar do dhuine bheith sa trean indiu is an sneachta a bhreith isteach ar a mbroga ag daoine.” “Bhi fuacht orm” a dh' fhreagair se. Tuigheadh da mhathair anois gur thug Nioclas a chomh ghearr d' fhreagra is d' fhead se. D' fhiaghruigh si dhe an raibh saoghal maith sa cholaiste aca. Thainigh an chainnt go h-obann go beal Nioclais is ni raibh na chumas gan tromaidheacht ar mhuinntire an cholaiste. Dh'innis se doibh cionnus a thog an Reachtaire is na buachailli air e toisc gur bhuail se buille ar an mbuachaill eile sin. Ni raibh meas ag einne air ach beirt is do sheas an triur aca an fod igcoinnibh an cholaiste ar fad. D'eist a athair go haireach leis an sceal is thuig a mhathair cad ba bhun leis an aghaidh dubhach a bhi air. “Dubhairt se na raibh aon smacht agam” arsa Nioclas is do phlaosg se ag gol go fuidheach. Bhi truagh ag a mhathair is dhein si iarracht sasamh aigne thabhairt do. Dubhairt leis narbh an ceart a rinne se is chur igcoinnibh na ndaoine a bhi os a gcionn. Caithfidh gach duine geilleadh do Dhia is ba choir go mbeadh gach duine againn ag cabhrughadh le na cheile chun tola De do chomlionadh is an bheatha shiorruidhe dheanamh amach. Biodh an gradh ata agat duit fein le tabhairt do dhaoine eile do reir Chriost, is bhi gradh do-choimsighthe ag Criost don domhain go leir mar thug se a bheatha ar a son is guidh sear son a naimhde. Focal ni dubhairt Nioclas ach be a adhicheall e gan labhairt go feargach no teicheadh as an ait. Gabh straidhn buile air. Thainigh gach uile smuaineam isteach na cheann. Dheanfadh se e seo seadh! ni headh. Dheanfadh se e sud. Cad adheanfadh se da gcuirfeadh a mhuinntir fein na choinnibh. Amach leis fen aer is isteach sa chlos a chuaidh. An raghadh se amach ar an saoghal is gno da chuid fein do chur chun siubhail; go direach beadh saoirse a thola fein aige. Ni chiurfeadh einne smacht air annsan. Dheanfadh se machtnamh air. Chuaidh se idtreo an tighe. D'fheadfadh se an lion-tighe d'fheicsint ag an dteine is bhi a athair ag labhaint ar nos duine go raibh buile air. Ba chuma leis, raghadh isteach is da bhaghadh se an chuis chuige raghadh se — chuaidh se an dorus isteach is bhi an paidrin idir lamhaibh ag a mhathair. Thug si an Choroinn Mhuire annsan. Chuaidh Nioclas ar troscadh don Aifreann ar maidin lae na Nodlag. Igcaitheamh na laetheannta dho, dhein se machtnamh ar an sceal a bhi le socrughadh an tseachtmhain roimhe sin. Bhi an cheist reidhtighthe is sean reidhtighte aige. Fanfadh se sa bhaile go deireadh na laethannta saoire. La sneachtaidh la na Nodlag. D'imthigh Nioclas leis fein de shiubhal a chos ar an Aifreann. Bhi an teampall lan de dhaoine roimhis. Seadh bheadh an fuireann cheoil ann ag gabhailt don gceol indui, is an “Adeste” a bheadh aca. Thainigh an sagart in eideadh is an cleireach is an leine bhan air go bun na h-altorach. Deineadh comhartha na croise. In Nomine Patris et Filii et Spiritus Sancti. — Amen. Is chuaidh na milte paidir suas
chun De is chun a mhathar. Thug an fuireann cheoil an Kyrie. Is annsan an sagart, gloria in excelsis Deo. Na ceoltoiri a lean do, et in terra pax hominibus honae voluntatis. D'eis togala na Naomh-Abhlainne is an Naoimh Chuirn thosnuigh an fuireann cheoil ar Adeste Fideles. Gabh tocht athais ar Nioclas. Nior fhead se gan gradh a chleibh a thabhairt d'a Shlan- uighteoir a bhi i ngiorracht cupla slat uaidh. Diarr se maitheamhnachas Air. “Venite, venite in Bethlehem. Natum videte regem angelorum. Venite adoremus. Venite adoremus Dominum. Ni fheadar cad e an sort aigne ata agam na raibh an fior gradh agam d' Iosa. Venite adoremus. O a Iosa cad fath gur bheag a bhi t'ainm ar an saoghal so nuair do rugadh tu i mainsear an asail. Natum videte regem angelorum. Taisbean damhsa umhluigheacht is cionnus Tu fein, Do chuid is gach rud do dheinis do ghradhughadh. Deanfad e a Thighearna liom go la mo bhais mas toil leat fein e.” Lean Nioclas ar bheith ag tabhairt a chroidhe uaidh go bhfuair se Iosa fein ag an gcomaoineach. Labhair se leis. “An Dia a chruthuig is a dhein me is thug a anam is a fhuil ar mo shon sa. Tog diom gach uile rud ata sa domhain uaim ach do gradh-sa ionnus na cuimhneochad ar aon nidh go brath ach Ort fein.” Chonnaic mathair Nioclais an taithneamh a bhi na ghnuis o bhun an teampaill ar thacht anuas on altoir do is thuigh si go raibh leigheas an bhroin faghalta aige. D'eis an Aifrinn ghabh beirt garsun beag amhran. Bhi na focail chomh milis chomh cruinn is bhi a mbinn ghutha is an ceol aca. Ar maidin lae na Nodlag, I mBethelem rugadh leanbh beag. Timcheall a chinn bhi lonnradh. Is Iosa ab' ainm do. D'a mhathair ar dtuis a dhinnis se Muire a dhinnis d'Iosef e. O Iosef fuair na h'aingil an sceal Is don tsaoghal a dhinnseadar san. D'ath-ghabhadar dos na focail. Luigh se go mor ar Nioclas gur isligh an Tighearna talmhan is neimhe e fein is teacht ar an saoghal so i mainsear fhuair an asail. “Nior ghlac se léas ar talamh.” “O a leinbh bhig, a Iosa muin dam bheith umhal is cennsa am chroide. Ta muinntir Ui h Aodha suidhte chun an bhuird d eis an aifrinn. “Ar thaithn an ceol a bhi sa teampall leat a Nioclais” arsa mathair Nioclais. “Thaithn se liom thar barr a mhathar. Ni dheanfad fearg do chur ar einne. Beidh gradh agam do gach einne is ni bheidh ach tuairim bheag lag orm fein agam. Toil De go ndeanfad de shior.” “Amen a Thighearna” arsa a mhathair. “Ba mhaith an cheacht a dh fholuighmis ar maidin lae na Nodlag a Mhic o” arsa athair leis. “CAOIMHGHIN.” [An Chrioch.]
NÓTAÍ. De réir gach tuairisce dá dtagan chúghainn, is soiléir go bhfuil obair “An tSíoladóra” ag dul chun cínn go mór. Tá sé ag dul thar fóir agus thar teorainn de choiscéimeanna fada i n-aghaidh an lae. Chítear é dá léigheamh ag cléireach agus ag tuathach comh maith. Ag dul i dtreise a bheidh sé leis an aimsir le congnamh an Aoin-Mhic. Sin é an dóchas is láidre againn. Is mór an bhail é beannacht na n-easbog a bheith air le h-aghaidh na hoibre. Ní foláir nó tá lucht “An tSíola- dóra” sásta leis an bhfás atá fé ar feadh an chéad tréimhse dá chúrsaíbh. Nílid dall, ámhthach, idtaobh a fhaid is atá an bóthar rómpa fós sar a mbeidh “An Síoladóir” suidhte go deingean san diallait. Tá obair na curadóireachta — obair saothruithe na teangan ana-dheacair. Tá a lán sagart fós ar fuid na tíre agus táid dall ar a riachtan- aighe is atá an Ghaedhilg mar úirlís chatha igcóir an Chreidimh agus an Athardha. Ac má's maith leo an Creideamh do bheith buan nea' truail- lithe 'sa tír seo san línn le teacht, aimsíghidís an sgiath cosanta so an teangan. Má bhí troid fé leith dá chur igcoinne an Chreidimh in gach aois fé leith do bhí arm chosanta fé leith dá bheartú leis chun an namhad de threacairt agus chun na díobhála do leigheas. Ach cad chuige go bhfuiltear? Tá; de réir gach aon deábhraimh go bhfuil sprid míchreidmheach na h-aoise seo ag greamú an duine idir chorp agus croidhe agus aigne. Tá a anam bocht sáithte folcaithe i neithe an tsaoghail seo gan aon fhonn air na neithe is fiú do agus is tairbhthighe do do chleachta ná machtnamh do dhéanamh ortha. Sí an Ghaedhlig an sgíath dhídin is fearr dá bhfuil againn le nár linn ar an saoghalachus sain. Tá aigne an Chreidmhigh ag rith go follasach trí dheilbh agus dlúth na lítríochta a tháinig anuas chúghainn os na sean-údair. Tá sprid an Chreidimh fighte fuaighte fuinnte ann, mar a déarfá. Ní ceart an ghráinn fhóghanta do mhalartú ar an meascán de dhíchreideamh agus d' fhírinne atá ag teacht isteach le teangain an namhad. Lochán iseadh furmhór dé sin. Ní féidir an aigeantacht úd na nGaedheal do thuisgint ná do shealbhú gan an teanga do bheith go maith ag duine. Tá breall ar aon t-sagart a cheapann go mbeidh sé ábalta ar a dhualgas sagairt agus Éireanaig do chóimhlíonadh i gceart ar a mhalairt-'aigne. Pé léigheann nó pé foghluim a bhíon agá leithéid, níl ach a leath den fhírinne aige. Agus a dhícheall do dhéanamh ní de bharr a éifeachta agus a nirt aigne ach a chuid gnóthá do bheith i na bhacaichín aige!
Tá an iomad sagart i bhfad ró-phatfhuar idtaobh na teangan indiu in Éirinn. Tá an iomad cainte agus an iomad smaointe gan éifeacht acu. Más maith leo éifeacht cainte agus éifeacht smaonte a bheith acu chun leasa an Chreidimh agus an Athardha, is féidir leo an dá thaobh do bhreith leo ach a chuid nirt agus comhachta do thuisgint agus é do chur i bhfeidhin. Ní ceaduithe dóibh an claidheamh do bhear- tughadh; níl a bhac ortha an peann do bheartughadh ámhthach ná téadáin an sparáin do scaoileadh. Sin dhá nídh a chabhrochaidh go seoidh leis “An Síoladóir” bocht idtreo go mbeidh obair thábhachtach á déanamh aige. De réir mar atá sagairt ghaolacha na h-Éireann dé thiar Dé, 'seadh is fearr a ghéarfaid iad féin chun na h-oibre, agus 'seadh is mó a bheidh sé fiúntach dóibh. Óir “gnítear de réir na h-uaisleachta!” Ós ag trácht dúinn ar an gcleite agus ar an sparán — an dá nídh is mó ar a bhfuilimíd ag brath — ní tógfar orainn focal nó dhó a bhreacadh ina dtaobh. Tá sé ráidhte gur treire an chleite ná an claidheamh. Má's fíor san, ní foláir í sin a bhreathnughadh go minic agus go bríogh- mhar. Úirlís catha na síothchána iseadh í leis. Nách eol dúinn, fairis sin, gur líonmhaire agus gur tairbhighe don chinidh dhaona na buadha i leith na síothchána i gcoitchinne ná a mbíonn de bhuadhaibh de dheascaibh cogaidh na bpiléir. Dubhairt údar léigheanta áirithe gur aoirde go mór do dhuine an t-aoibhneas as an litríocht agus í “in fieri” ná mar atá agus í “in facto esse” (má ceaduighthear dúinn na téarmaí fogh- lumanta san d'úsáid). Tá duine cosmhail le sciortán mara ndineann sé aoinnidh eile ach a bheith ag síorléigheamh saothair an fhir thall agus a bheith ag priocadh inchinne lucht na cleite, agus gan dadamh aige féin á dhéanamh chun an chairn do mhéadughadh. Is do-shéanta é go ndéanfar scríobhneoir toghtha de dhuine as ucht taithighe ach leanúint go dlúth ar an gcleite d'úsáid. Óir beidh sé ag teacht isteach ar an gcuma is oiriúnaighe dhó féin chun a smaointe do chur i bhfeidhm leis an aimsir. Maidir le adhbhar scríbhneorachta do dhuine atá i bhfuirm chun na cleite d'oibriúghadh, cá bhfaghfar an t-adhbhar? Airiú a dhuine, a chroidhe! Tá sé le fáil aige ar gach uile thaobh de. Nác bhfuil morán Éireann lón aigne idtaisce isna seanaleabhraibh ar stair agus ar seanachus an chreidimh… ach ní mór dó iad do scagadh agus deabhramh is deanamh na linne seo do chur ortha idtreo nách dáltha Oisín t'réis na bhfiann a bheadh ortha! Más duine léigheanta foghlumanta é, ná bíodh a thuille leathscéil á ghabháil aige feasta. Tá an talamh bainte glan uaidh! Cuarduigheadh sé na leabharlainn agus bíodh cuid de thora a chuarduíachta againn uaidh igcóir “An tSíoladóra.” Más ag
dul le sagartóireacht a bhíonn sé, ná fuil adhbhar aiste thar barr ag baint leis an slighebheathadh san? Tá na céadta ceist tábhachtach tair- bheach ag baint go dlúth leis an mbíobla, leis an ndiagacht, leis an ngabháilce, le dlighe Canónach, le cúrsai staire agus seanachuis na h-Eaglaise agus is fiú iad do shuathadh agus do shoillsiughadh dhúinn agus iad do chur ar shúilibh catoilicí na h-Éireann airís agus airís eile. Má's sagart i mbun paróiste é, cad é mar abhdhar scríobneoirachta a bhíonn aige! Bíonn mais'; go reidhseamhail agus go éagsamhlach mar atá, seanmóintí, teagasc críostaidhe, glaodhaigh ola, cúram na n-othar, riaradh na scol, agus tuairiscí ortha, cuallachtaí na mban agus Cumainn na bhfear arl!… Ní beag an méid sin idtaobh na cleite. Eirighidh as bhúr suan, a scríbhneoirí! Tá breaca an lae ann; tá “An Síoladóir” bocht amuigh san ngort agus é ag treabhadh agus ag fuirse agus ag scaipeadh an t-síl. Ní mór dó béile na maidne d'fháil! Béile na maidne don “Síoladóir” óg! Mara mbéadh san, ní sheasochaidh sé an lá; ní headh ná leath an lae! Bíodh a fhios ag gach n-aon a chuireann suim ann gur cuma nó biadh an t-airgead dón bhochtán atá luaidhte thuas. Óir ní féidir leis “An Síoladóir” aon obair throm do dhéanamh i na éaghmuis, go mór mór le nar línn-ne. Isna leitreacha a chuir na h-Easbuig ag triall orthain, dubhairt duine acu “nár mhór do dhuine misneach leomhain nó laoich do bheith aige agus tabhairt fé Irisleabhar do chur amach i láthair na huaire seo; a ghainne agus a dhaoire is atá páipéar!” Is fíor san! Ní raibh aon leigheas againn ar an scéal, afach. Bhí géarghádh leis an obair. Ba mhithid rud éigin do dhéanamh agus é do dhéanamh gan puinn moille. “Nuair is cruaidhe don chailligh, caithfidh sí rith.” Do b'éigin dúinn rith, fairis sin! Bhí na seanagaedhilgeoirí ag imtheacht in-aghaidh an lae agus is gairid chun go mbheadh tobar na Gaedhilge ag dul indísc. Dá bhrígh sin, táimíd ag brath air ná caillfear orthain ag lucht na sparán dteann n-acfuinneach san iarracht so againne. Ní fheadar an féidir iad do bhógadh agus do mhealladh chun cabhruighthe leis “An Síoladóir.” Ag féachaint amach ar a bhfuil d'fhaircheanaibh in Eirinn, tugaimíd fé ndeara nár dhein ach a dó no a trí díobh aon obair fhónta inár gcómhair i gcaitheamh na bliana seo' imthig tharainn. Ar a shon san is uile, ní mór dúinn focal molta do thabhairt do shagairt déósis Fearna, Dúna is Connaire agus Thuama ar shon an tsíntúis fhlaithiúla a thugadar dúinn. Togha na bhfear iseadh an triúr atá i gcúram na h-oibre is na trí fairchibh sin. Beidh súile in-áirde na faircí eile ag éad leo san feasta. Ní hiongna é go bfuilimíd á fhiafruighe cad tá dá dhéanamh ag baill an Chumainn isna faircheanna eile? An amhlaidh atáid i na
dtoirchim suain agus sámh-chodlata? Nách obair an Creidimh agus an athardha í? Ná fuil gach uile shagart in Éirinn ag obair ar son an chuspa chéadna? Seadh! Fogruigheann an sean-fhocal: “Éire ibpáirt, Éire ar lár” dúinn an díobháil so do sheachaint .i. gan a bheith ag brath ar an gcomharsain chun an ghnótha go léir do dhéanamh. Má dheineann gach éinne a chion féin don obair, níl pioch d'aon mhearathal ná go mbeidh rith an ráis leis an gcúis dá réir. Bhí cruinniú cínn bliana an Chumainn i seomra a 25 Cearnóg Phárnell le línn tionóla Chumainn na fírinne caitilcighe do beith ar suibhal i mbliana. Bhí roint mhaith de bhaill an Chumainn láithreach. Bhí an dá cheist atá luaidhte thuas — an scríbhneoracht agus an t-air- gead dá suathadh go mion acu. Moladh dos na baill a ndícheall do dhéanamh chun an dá nídh do chur chun cínn ina gceanntar féin. Toghadh na h-oifigigh chéadna le haghaidh na bliana atá rómhain. Uachtarán an Chumainn… Ant-Athair R. Pleimionn, D. Ph. Rúnaidhe… Ant-Athair U. Mac Domhnaill. I mBun “Ant-Síoladóir”… Ant-Athair R. Pleimionn — F. Eagar. Ant-Athair M. Ó Mathúna, C.SS.P. Leas-Rúnaidhe… Ant-Athair P. Ó Floinn. Bainnisteoir… Ant-Athair U. Mac Domhnaill. 'Sa chomórtas a mhol “Sean-Mhaitias” san uimhir dheirineach den “Síoladóir” igcóir na n-aosánach isna Coláisdibh agus isna acadamhaíbh agus isna daranaibh agus isna scoileanaibh — luach púint mar dhuais don t-é is fearr chun aiste do scríobhadh ar adhbhar ainimighthe roimré san “Síoladóir” — fuaireamair roint aistí igcóir an chomórtais. Ghnó- thuig Pádraig Ó Catháin ó Bhéalféirsde an chéad duais. Scríobh D. Ó Cinnéide ana-aiste leis agus ní raibh Énrí Ó Luain ibhfad ndiaidh na beirte — b'iad sin an triúr ab'fearr ortha. Ó “Aithne an Tuaiscirt” seadh an triúr! Cia dhearfaidh anois aoinnidh igcoinne Béalféirsde? Ná fuil an aosóg ann idtosach an chatha ar son a Mathar Éire. Tá an geamhar os cionn an talaimh cheana! Maith an áit go rabhais a Phádraig! Cad mar gheall ar na paidreacha i ndeire an aifrinn? Dá mb'iad na ceanntair Ghaedhealacha féin iad, níl na paidreacha san dá rádh as Gaedhilg ages na sagairt i mbun na bparóistí sa nGaedheal- tacht! Airiú! Cá bhfuilimíd in aon chor? An dóigh leis na sagairt bhreach-ghallda san gur fearr leis an bpobal gaedhealach beith ag guidhe chun dé as teangain gallda nác dtuigeann siad ró mhaith cad is brígh le cuid desna focalaibh 'ná bheith ag paidireoracht san urlabhra is dual agus is dúchas dóibh!
Nuair a bheidh breis bheag céille ag ár sagairt agus iarracht bheag de mhisneach acu chun chos-ar-bolg do bhualadh ar dhroch-bhéasa gallda atá fé réim in Éirinn, bhféidir gur fearrde an tír iad agus gur treiside a aimseochaid an tír an cuspa atá roímpa le baint amach. Sa gcéad uimhir den “Síoladóir,” chuireamair an reacht beag ó “Maynooth Statutes” idtaobh na ceiste sin igcló. Óir is ceart an méad seo do choimeád i gcuimhneamh gur cinneadh an reacht sin breis is 30 blian ó shoin agus is eol do chách gur mó cor atá curtha dhe ag saol Éireann ar feadh an tréimhse sin agus ní taise é de leathadh agus do labhairt na Gaedhilge leis. Ní ionnan stáid na teangan an uair sin agus an lá indiú. Ní mar a chéile na cúinsí agus na coingéalacha ach comh beag. Tá aithne ag gach uile shagart ar an rádh úd idtaobh mínighthe dlighthe: Odiosa sunt restringenda! Cia leomhfaidh a 'rádh gur nídh fuathmhar teanga na h-Éirean? Cad é an nídh eile mar sin? An riaghail nó an reacht? — nó an droch-bhéas gallda? Dar linn, is ceart an riaghail sin isna “Statutes” do thuigsint go neamh mion. Pé iarracht de leathsgéal bhreac a bhionn ag sagairt sa ghalldacht, níl pioc de ages na sagairt isna ceantaraibh gaédhealacha. Go sábhalaidh Dia sinn! Conus is féidir cur síos i bhfuar-fhuil ar an bfeile-bhirt úrghránna ifreanda a deineadh tamall de sheachtainíbh ó shoin fé scáth na h-oidhche ar an sagart grádhmhar neamhúrchóideach oirireach, ant-Athair M. Ó. Gríobhtha? Tháinig meithiol beag de mhad- raibh fola Shasana chun tighe an t-Sagairt. Mhealladar amach é le feall agus do dhúnmharbhadar é gan truagh gan taise! Sagart macánta nár dhein riamh ach maitheas dá chine agus dá phobal agus nár chuir gadhar le h-éinne! Ní féidir an choir do chur i leith aon dreama eile ach na sgriosadóirí agus na mbitheamhnac úd. “Is fada siar a théidhean iarsma na droch-bhirte.” Tá rian an díoghaltais ag teacht chun baile ar lucht gríosuighthe an fhill in aghaidh an lae! Tá muintir na hÉirean agus an domhain uile corruighthe suaithte go doimhin de dheascaibh an mhí-ghnímh igcoinne Seirbhísigh Dé! Ní eireochaidh leis an namhaid Éire do chur fé chois tré scannradh agus slad. Bhí an Eagalais saor ó bhaol go dtí so ós na bitheamhnaigh. Taisbeanan an ionnsaidhe nuadh a dhéine is a théidhean an troid 'na gcoinnibh. Ba dhóigh leis na machtírí go scaipfidhe agus go mbrúghfaidhe go luath an sgata dá curtí an cath ar na h-aodhairíbh! Tá breall ortha. Níor theip riam ar Easbuig ná ar shagairt na h-Éirean seasamh i mbéal an chatha chun a gcuid caorach do chosaint ar an namhaid agus níl aon lagmhisneach ortha i láthair na h-uaire seo. Ní ceart dúinn, mar Chríostaidhthe, aon ghuidhe eile do chur chun Dé — pé díoghaltas a dhéanfaidh Seisean ar an gcoir sin is aige féin is fearr a fhios, fágaimís fé — 'ná a dh'iarraidh ar Dhia tré impíghe a Sheir-
bhísigh, Mícheal Ó Gríobhtha, síothchán agus foidhne do bhronnadh ar Éirinn gan righneas. Ball dílis de Chuman na sagart ngaolach a b'eadh an sagart breagh san. Táimíd ana-bhuidheach den bheirt Shagart a scríobh chúghainn idtaobh an “an ego” a bhí sa dara uimhir den “tSíoladóir” agus an dá phoínnte áirithe a bhí i n-easnamh air do chur ar ár súilibh dúinn. Dob'é an t-Athair Peadar a dh'aistruigh é, agus ós rud é go raibh an t-Imprimatur ó Easbog Chluana curtha leis, níor mhaith linn aon fheabhas do chur air ach é do chlóbhuaileadh fé mar a tháinig an ghuidhe ó láimh an úghdair léigheanta. Ná bíodh aon eagla ná beidh sé n-a cheart nuair a thiocfaidh an ghuidhe sin amach sa leabrán úrnaithe. Is aoibhinn dúinn a chur i n-úil do léightheoiribh an Irisleabhair seo gur gairid go mbeidh an leabrán úrnaithe le fáil ón gclódóir fé dheire thiar thall! Is féidir leis an léightheoir tabhairt fé ndeara go bhfuil an t-aiste beag fé “chló Rómhánach” gan slacht. Na comharthaí abhí riach- tanach dó, bhíodar in-easnamh ar an gclódóir. SOLUS NA H-ALTÓRA. A lasair bheag dhearg nach aoibhinn duit Ag faire i maille le Rígh na Neamh Id' aonar! A sholuis na n-aingeal, Ag lonnradh 's ag taithneamh Ós cómhair Ríogh na bhflaitheas Led' ghaethaibh. A sholaoid ar mo bheathaidh, tabhair congnamh dom, A's mínigh go feasach 's go cúramach Do shaoghal-sa, Go bhfanfad-s' i n-aice Ard-thighearna na maitheas' Ghá adhradh lé caise Go h-éagfad. — Diarmuid Déid-gheal.
LÉIR-MHEAS AR LEABHAIR. Má's mian linn stuidéar a dheanamh ar Sheanchus na h-Eaglaise i n-Éirinn, caithfimid bheith ag brath ar leabhra atá scríobhtha ag Protes- tánaigh agus ag lucht an Ain-chreidimh. Nach greannmhar an scéal é! Daoine nach mbaineann leis an Eaglais ag tabhairt soluis dúinn ar chuimhneacháin Creidimh ár sinnsear! Ní abrochainn go bhfuil an locht ar fad ar an chléir ná ar na Caitlicigh i gcoitchinne. Níl, acht ar na droch-dhlighthe a rinneadh i n-aghaidh na h-Eaglaise agus i n-aghaidh na Scoltacha. Ní bheidh an leithscéal céadna againn feasta. Ba mhór an náire dúinn an scéal a fhágáil mar atá sé. Níor cheart dúinn an obair a fhágáil faoi strainsiúirí. Caithfidh ollamhain na tíre seo eadar cléir agus tuataí cromadh ar stuidéar a dhéanamh ar na sean- teampuill, ar na fotharaigh, ar na roiligí, agus ar na seanainmneacha. Is clos damh go bhfuil mórán cumann dá gcur ar bun ag na sagairt fá láthair le h-aghaidh na h-oibre sin. Tá an leabhar seo dar ab ainm Dysert-Diarmuda mar reamh-rádh do stuidéar an tSeanchuis. Tráchtann an t-ughdar ar bheagán ainmneacha i lár na h-Éireann agus cuireann sé i n-iúl dúinn go bhfuil stair agus filidheacht fighte fuaite leis na hainmneacha sin. Ins an tríomhadh caibideal cruthuigheann an Irish C. C. go mba mhór an truagh na seanainmneacha sin a leigint i bhfaillighe.
Taisbeanann sé dúinn fósta go bhfuil mórán bréag scríobhtha síos i dtaoibh ár Seanchuis agus gur mealladh go mór sinn i gan fhios ag na h-ughdair a rabh ainm an aird-léighinn ortha. Cuireann an leabhar seo i n-iúl dúinn gur ab iomdha naomh Éireannach a bhfuil a ainm — gan trácht ar ghníomhartha a bheatha — tar éis dul i bhfaillighe uainn. Molann an t-ughdar do na sagairt agus do na daoiní i gcoitchinne na h-ainmneacha sin a aithbheochaint agus úsáid a dheanamh díobhtha nuair bheirtear an gleoitín leinbh chun an toighe pobail le haghaid baiste. Iarrann sé orainn gabháil de chosaibh ins na high-sounding Christian (?) names atá i bhfáisiún indiú. Molamuid an leabhar seo do léightheoirí an t-Síoladóra eadar óg agus aosta. B'fhéidir gur minic a bhíodar ag éisteacht le tráchtas cliste foglumtha ar Sheanchus na tíre agus iad a rádh leobhtha fhéin gur adhbhar trom fadálach a bhí ann. Acht ní fhéadfaidís an leabhar seo a léigheamh gan suim a chur ann cé gur minic a bheadh amhras ort ci' aca ag magadh nó dáríríbh a bhí an t-ughdar. Cuirfidh an leabhar seo na deagh-smaointe ag rith isteach i n-a gceann thar bhraghaid a chéile. Tá súil agam go mbrostochaidh sé iad chun stuidéar a dheanamh ar na sean-fhotharaigh agus ar na sean-ainmneacha atá i n-a gcomharsanacht fhein. Agus geallaim go mbeidh fáilte agus fiche ag fear eagair an Irisleabhair seo roimh cibé toradh a thiocfas as a gcuid smaointe. Séamas Mac Leanacháin.
FATHER WILLIAM DOYLE, S.J. By Professor Alfred O'Rahilly. (Longmans & Co. 9/—) Dá n-abróchthaí linn go rabh naomh i n-a bheatha le n-ár linn fhéin, is dócha go rachaimís amach ins an fhásach ag féachaint an rabh fear críon seargtha ann agus é clumhduighthe i sacaibh agus luaithreán air. Ba mhór an t-iongantas dúinn a chlos é bheith i n-ar measc i gan fhios dúinn agus gan aon rian so-fheicsiona de throscadh ná de sciúrsáil air. Nochtuigheann an leabhar seo go rabh naomh ag obair i n-ár measc tamall beag ó shoin. Muna bhfuil dearmad mór orm, ní fada go n-innseochaidh an Eaglais dúinn gur naomh agus mairtír a bhí ins an Athair Liam Ó Dubhghaill, C. Í. Nuair a fuair sé bás thall i dTír na Beilge agus é i n-a Shéiplíneach ar an saighdiúirí, ní rabh a fhios ag an tsaoghal go mbíodh sé ag cleachtadh díthreabhachta a chuirfeadh iongantas ar aoinne beo. Choinnigh sé a chuid cráibhtheachta faoi cheilt. Ní bheadh a fhios againn anois féin gur fear naomhtha a bhí ann munab é go bhfuaradh i n-a dhiaidh beart nótaí a scríobh sé fhéin ó lá go lá. Chonnigh sé an láimhscríbhinn seo go cúramach mar leabhar cuimhne dó fhéin agus chuir sé d'oibliogóid ar aoinne a gheobhadh na nótaí seo i ndiaidh a bháis iad a dhóghadh gan léigheamh. Munab é gur marbhuigheadh é gan coinne is dócha go ndóghfadh sé fhéin na nótaí seo sul mbeadh seans ag aoinne iad a fheiceáil. B'é leamhnú Dé nár dóigheadh iad. Is léir ó'n leabhar seo atá scríobhtha ag A. Ó Raghallaigh go mba mhór an truagh dá gcaillfí iad. Stair an laoich mhóir spioradalta seo atá ins an leabhar seo ó thús go deireadh. Nuair a thug an buachaill seo é fhéin suas do Dhia rinne sé an íodhbairt go hiomlán. Seo nóta a scríobh sé síos nuair a ghlac sé air féin na trí móide i gCumann Íosa (bochtanas, geanmnaidheacht agus umhaluigheacht): — A.M.D.G. ac B.V.M. Scríobh sé na focla deiridh seo le n-a chuid fola. Rinne sé comhartha fa leith de'n fhuil ar gach taobh de'n fhocal martyr. Sin é an margadh a rinne an laoch spioradálta seo le n-a Mháthair Bheannuighthe. Ní thug sé a chúl do'n rún seo riamh ná níor tharraing sé siar. Choinnigh sé ós chomhair a shúl é go lá a bháis. Níor bhrionnglóid leanbhuidhe dó
é, acht roimh-chomhartha ar an bhás a bhí i ndán dó ag Dia. Cuireann an leabhar seo síos ar an ullmhú a rinne sé le haghaidh an bháis mairtír- eachta. Tchidh an leightheoir an searbhfhoghantuidhe Dé taobh amuigh agus taobh istoigh. Tchidh sé na gníomhartha uaisle a rinne sé agus tuigeann sé cad fá ndear iad. Tchidh sé na h-ain-mhianta nó na claonta mí- riaghalta a bhí ins an duine naomhtha seo ar dtúis agus nochtuightear dó caidé mar is féidir le duine ar bith a leithéidí a chur faoi smacht. Riaghail shimplidhe tarraingte as cúrsaí spiorádálta San Ignatius a bhí ag an Athair Liam: Agere contra. Sé sin le rádh: Dean a rud is lugha a thaitnigheas leat a thoghadh. Bhí sin mar bhun-riaghal aige. Is deacair leanamhaint di i gcomhnuidhe, ar ndóighe. Acht le grásta Dé lean sé di agus rinneadh naomh de dá bharr. Ba ghnáth leis, mar sin, mórán íodhbairt beag a thabhairt do Dhia gach lá. Ar an adhbhar sin, nuair a thainig an lá, níor staon sé nuair d'iarr Dia air an íodhbairt mhór dheireannach a thabhairt dó. Siomdha beatha naoimh a léigh mé, acht sáruigheann an leabhar seo ar léigh mé riamh. Is ionchleachttha ag na daoine i gcoitchinne gach nidh dá ndearnaidh an t-Athair Liam. Ní imthigheann sé suas as radharc ar nós an fhiolair ní h-ionann a's na naoimh eile. Acht taisbeanann sé dúinn cionnus is féidir linn an naomhthacht chéadna a chleachtadh má bhíonn rún daingean againn sinn fhéin a thabhairt suas ar fad do sheirbhís Dé. Séamas Mac Leanacháin. Focal nó dhó ar an leabhar seo. Tá úirscéalta uainn. Ní thig leis an aos óg maireachtaint gan iad. Ní taise do na daoiní fásta é. Ní féidir le gach Éireannach fós iad a léigheamh i nGaedhilg. Is mór an truagh é. Ní'l aon leigheas air anois. Acht tiocfaidh an lá, le cuidiú an Ríogh, agus, go dtí go dtiocfaidh an lá, caithfimid úirscéalta bheith againn i mbéarla. Caidé mar aithnighthear an t-úirscéal maith? Is ceist dheacair í sin. Ní mór do'n ghaiscidheach bheith cródha calma. Ní mór do'n bhan-laoch bheith múinte modhamhail. Ní mór do na heachtraí bheith uasal oirdhearc. Tá na deagh-thréartha sin ins an leabhar seo. Acht tá rud eile ann is mó á thaitnigheas liom ná iad sin go léir. Méaduigheann sé an tír- ghrádh i gcroidhe na léightheoirí. Ní fhéadfá a léigheamh gan rún daingean diongmhálta a cheapadh bheith níos dílse d'Éirinn ins am atá le theacht. Cuireann an leabhar síos ar thabhairt isteach na ngunna i Látharna. Nochtuigheann sé dúinn cealg agus clampar na mbuachaillí buidhe. Annsinn cuireann sé síos ar thabhairt isteach na ngunna i n-aice le Binn Éadair. Taisbeanann sé dúinn a dhílseacht is a throid
na hóglaoich ar son saoirse na hÉireann ins an Eirghe amach i mbliadhain a 1916. Sgéal Gaedhlach agus scéal spéiseamhail atá ann ó thúis go deireadh. Is scéal é nach gcuirfidh tuirse ná codladh ort acht scéal a chuirfidh misneach i gcroidhthibh Gaedhealacha agus a dhúiseochaidh smaointe uaisle i n-intinn na léightheoirí. Go neartuighidh Dia do pheann, a Chonchubhair na Gaillimhe! Tá súil agam nach fada go bhfeicfear úirscéal nua uait arís. Séamas Mac Leanacháin. ÁR GCÁIRDE. Fuaramar leath-phúnt ar son an “tSíoladóra” ó: — LUIMNEACH — An Dr. Ró-oirmhidneach Donncadh Ó h-Ailgheanáin. An t-Athair Diarmuid Ua Murchadha, S.P. An t-Athair Michéal Ó Maoldhomhnaigh, Tigh an Easbuig. An t-Athair Riobárd Dunworth. An t-Athair Séamas Ua h-Aodha, Paróiste Mhichíl Naomhtha. An t-Athair Michéal Ó Treasaigh, Paróiste Mhichíl Naomhtha. An t-Athair Donnchadh Ó Ceallaigh, Paróiste Eoin Naomhtha. AILFINN — An t-Athair Michéal Ó Flannagáin, Roscomáin. BAILE ÁTHA CLIATH — An t-Athair Michéal Mac Craith, C.I. An t-Athair Eamonn Ua Cathail, C.I. An t-Athair Séamus Sherwin, Faithche Stiobhna. An t-Athair Seosamh Ua Duibhir, Faithche Stiobhna. An t-Athair Diarmiud Ó Ceallacháin, Bothair Bherclé. An t-Athair Seán Ó Ceilleachair, Sráid an Mhidhe. CILL DARA — An t-Athair Tomás Burbage. ALBAN — An t-Athair Tomás Ó Seaghdha, Dundee. An t-Athair Pádraic Eric Mac Fhinn, D. D., Coláiste na nGaodhal, sa Róimh.
A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!
A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!
Tá gach aon tsaghas leabhair a bhaineann le h-Éirinn, pé 'cu sa Bhéarla, in ár nGaedhilg féin, nó i nGaedhilg na h-Alban le fagháil ó: MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH, 87 SRÁID UACHT. NA DRISEOIGE, ATH CLIATH. Scriobh chuichi i dtaobh aon leabhair nó páipéir ar bith a theastuigheann uait. TICÉIDÍ IGCÓIR AN PHÁIDRÍN PHÁIRTEACH BÉO, Boinn, Ribíní, & rl, igcóir Cualacht an Chroidhe ró-Naomhtha. Is féidir linn iad-so do sholáthar tríd a bpost céadna. DOLLARD, CLÓDÓIRÍ, TTA., Céibh Bellington, ÁTH-CLIATH. Cuidigh le Déantús in-Éirinn! M. R. LEATHLOBHAIR, 36 Sráid Nassau, Áth-Cliath. Tobac d'fhás in-Éirinn. M. R. LALOR, 36 Nassau Street, Dublin. TÍR & TEANGA! A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!
AR BUN Ó 1824. TOMÁS, LIAM & SEÁN Ó CEALLAIGH BAILE ÁTHA CLIATH, 89 Sráid Íochtarach Ghárdiner. Oifigí: 1 & 2 SRÁID AN FHEISTIGHE, BAILE ÁTHA CLIATH (Le h-ais Bhannc na h-Éireann). FÍOR-FHÍON ALTÓRA Iarramuid go h-umhal ar Uachtaráin na h-Eaglaise agus ar Chléir na h Éireann leanamhaint de cheannach ar gcuid Fíor-Fhíon Altóra mar san am atá thart. Is le h-aghaidh na h-Altóra a gheibhimid é, agus tá sé dá dhíol againn ar fud na h-Éireann, na Sasan, agus na gCoilíneacht le trí glúinibh. A luach ar fagháil uainn ach a iarraidh. 4/— an duisín ar na buideáil fholamha dá thabhairt againn nuair a chuirtear chugainn slán iad agus costas an iomchair díolta. Níl baint againn le dream ar bith eile ins an obair. Gothán: Baile Átha Cliath 1612. Sreang-Sgéalta & Cáblaí: “Threekays, Dublin.” A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!
DUAISEANNA. Bhéarfar dhá dhuais don bheirt a chuirfeas isteach chuig MUINTIR MHIC AN GHIOLLA 50 SRÁID UACHTARACH UÍ CHONAILL BAILE ATHA CLIATH AN DÁ LIOSTA Is mó d'ainmneachaibh cheannuightheoirí an tSÍOLADÓRA le haghaidh na bliadhna seo. Caithfidh gach liosta bheith istoigh roimh an chéad lá de mhí na Nodlag seo chugainn. Agus mar aon le gach liosta caithfidh 10/— a bheith ar son gach ainme ann. Punt an chéad duais. Deich Sgillinge an dara duais. Fuair Seán Mac Guaigín, Béal Feirste, an chéad duais i mí Lughnasa. AN SÍOLADÓIR ÚIMHIR A H-AON — CLAR. An Dord Fhian. Soisceul. Duan an tSlánuightheóra. An Ceacht deireannach. Marbh-chaoine ó Phortláirge Glaodhach Ola. An t-Athair Peadar O'Laoghaire. Leitir thimpall as stáid lucht oibre. Maynooth Statutes Nótaí. Ar gcáirde. UIMHIR A DO — CLAR. Dualgas na Cléire i ngnóthaibh na Gaedhilge. Seanmóin ar an Umhaluigheacht. “An t-En Ego.” Urnaighthe an Sgabail. Seanmóin ar ainm Íosa. Leitir thimpall ar stáid lucht oibre Cúinne na mac Léighinn. “Creidim i nDia.” Saighdiúir ag comhrádh le Dia An bosca daingean. Nótaí. An Geall Gaedhealach. Ar gcáirde. Leath-choróinn a luac. Síntúis bliadhna 10/— Le fághail ó: M. H. Guill & a mhac, SRÁID UACHT, UI CHONAILL, ATH-CLIATH. A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!
COINNLE IGCÓIR NA H-ALTÓRA 75%, 25%, 65% Céir na mBeach Ó leathlobhair, Tta., 14 CÉIBH ORMUIN, ÍOCHTAIR, ATH-CLIATH. DÉANTA IN-ÉIRINN. PICTIÚR NA MAIGHDINE SÍOR-CHABHRACH. Clóbhuailtear an pictiúr seo ar fheabhas IN-ÉIRINN. Fíor-chóip de'n phictiúir atá san Róimh 'seadh í. Sgilling a luach. Ag cur amach ag. UA FAOLÁIN & A MHAC, 17 Céibh Uacht. Ormuin, ATH-CLIATH. MAC AN IARLA & A CHUID. A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!
A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!
A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!
A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!
BA CHEART DO GACH AON tSagart i n-Eirinn na leabhair seo de leabhraibh an Athar Peadair a bheith aige: — NA CHEITHRE SOISGÉIL… 4/6 AITHRIS AR CHRÍOST… 6/— SEANMÓIN IS TRÍ FICHID I.… 4/6 Mara bhfuilid agut cheana cuir púnt airgid chun. BRÚN AGUS Ó NÓLÁIN, TEÓR., BAILE ÁTHA CLIATH, agus gheobhair láithreach bonn iad. MO SHLIGHE CHUN DÉ — Leabhair Úrnuighthé an Athar Peadair i lámhaibh na gclódóirí fé láthair. Ár gCeol Féinig — Ullamh anois. An t-Ath, P. Breathnach, C. M., do chruinnigh. 2/10 glan. AN GAEDHEAL TÚ? MÁ'SEADH BA CHÓIR DO CHUNNTAS BAINNC A BHEITH. I MBANNC NA TALMHAN, TTA. BANNC GAEDHEALACH MAR MHAITHE LE GAEDHLAIBH. £180,000,000. Tá an méad sin d'airgead na nGaedheal curtha i mBainnc na h-Éireann & gan aon phioc tairbhe ag teacht don dúthaigh as. Tá muinntir óg na tíre ag imtheacht i n-aghaidh an lae de ceal gnotha. Cuir do chuid airgid i mBannc na Talmhan & cabhruigh le h-iad a choiméad ag baile. ÚNCAMAS. Cúnntaisí Reaithe — 2% Cúnntaisí Taisge — 3½/% Cúnntaisí Taisge Bliana — % Cúnntaisí Taisge trí mBlian — 4½% Cúnntaisí Taisge cúig mBlian, 5%. Tá talamh na h-Éireann mar urradhas led chuid airgid. FÉADFAIR DO GHNÓ GO LÉIR A DHÉANAMH LINN AS GAEDHILG. GACH EOLAS Ó'N RÚNAIDHE — BANNC NA TALMHAN, TTA., 68, SRÁID IOCH, CHILL MHUIRE, ATH-CLIATH. A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!
CLÉIRIGH & A CHUIDEACHTA AN TIGH THAR BÁRR. Igcóir na Cléire is ar a bhfuil eolas maith aca. ATH-CLIATH. LEABHRA NUADHA. THREE HILLS — Le Eoin Ua Mordha. Aiste sár-chliste ar stair na tíre agus na daoine atá le feiscint ó bhárr tri cnoc i Laoighis, Ui bhFáilghe agus Lancashire. Clúdach páipéir agus pictiúir air. Luach 1/3d.; tríd an bpost 1/5d. CLONTARF — Dráma stariúl Gaodhalach go sgriobh Rev. J. B. Dollard ughdar: Irish Mist and Sunshine, The Gaels of Moondharrig, Irish Lyrics and Ballads, Collected Poems of Father Dollard, The Jesuit Trail, and other Poems of New France, etc. Clúdach clóbhuailte go deas agus pictiúir ó láimh Grace Plunkett air. Luach 1/3d.; tríd an bpost 1/5d. THE SOCIAL TEACHINGS OF JAMES CONNOLLY — Le Rev. Lambert McKenna, S. J. Leabhar gur ríachtanach do gach Éireannach an lae indiu é bheith leighte aige. Luach 1/3d.; tríd an bpost 1/5d. NELLIE M'MAHON, B.A. — Úrsgéal suimúil sár-dhéanta le Bessie O'Neill. Clúdach láidir agus páipéar le pictiúir tri dath mór-thimpeall air. Luach 2/6d.; tríd an bpost 2/9d. COMHLUCHT NA FÍRINNE CATOILICE IN ÉIRINN, 24 SRÁID UACH. UÍ CHONAILL, BAILE ATHA CLIATH. A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!
FEACH A CHÁIRDE! Ar mhaith libh £5,000,000 a choiméad in-Éirinn? Má's maith, deunidh sibh bhur geuid Urradhais leis. An Gaedheal Comhlucht Taighde Um Urradhas Náisiúnta, Tta. Ba chóir do gach aon tSagart a cuidíu linn! ÁRD-OIFIGH: 30 FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE-ATH-CLIATH. A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services