Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Dublini, die 31 Decembris, 1920

Title
Dublini, die 31 Decembris, 1920
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1921
Publisher
Muintir Mhic an Ghiolla

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


“NÍ NEART GO CHOR LE CHÉILE.”



COMHAR-CHUMANN
UM ÉADACH GAEDHEALACH
DO DHÉANAMH, TEÓ.



DÉANFIMÍD AN GNÓ, A SHAGARTA,
GO CRUINN TAITHNEAMHACH DHÍBH.



CUIRIDH BHÚR N-ÓRDÚ AG TRIALL
ORAINN.


L. 87


AN SÍOLADÓIR



CREIDEAMH
TEANGA
TÍR



Ar n-a chur amach ag



MUINTIR MHIC AN GHIOLLA,
Sráid Uí Chonaill,
Baile Átha Cliath.



Ar n-a chur i gcló ag



MUINTIR UÍ CHUINN,
Sráid na h-Eaglaise,
Béal Feirste.


L. 88


CLÁR AN IRISLEABHAIR SEO.



SEANMÓIN AR AN MBÁS.
Fear gan ainim — 89



LUAS SAOGHAIL AN DUINE.
An tAthair Micheál Mag Craith, C. Í. — 92



ÉIRE — NÁISIÚN CÉASTA.
An Bráthair Benedict — 93



CNAMHA GAN FEOIL. — Críoch an Duine — 106



AN NODLAIG.
Pádraig Ó Catháin — 107



MISNEACH.
An tAthair Cathoir Ua Braonáin — 111



LEITIR-THIMPAIL AR STÁID LUCHT OIBRE.
An tAthair Peadar Ua Laoghaire — 112



CÚINNE NA MAC LÉIGHINN.
Sean-Mhaitias — 116



BUADH NA NODLAG.
“Caoimhghin” — 118



NÓTAÍ 122



SOLUS NA H-ALTÓRA.
Diarmuid Déid-gheal — 127



LÉIR-MHEAS AR LEABHAIR.



ÁR gCÁIRDE — 132



RÍBÍL OBSTAT:



GULIELMUS LANDERS,
Censor Theol. Deput



Imprímí potest:



GULIELMUS
ARCHIEP. DUBLINENSIS,
HIBERNIAE PRIMAS.



DUBLINI, die 31 Decembris, 1920.


L. 89


SEANMÓIN AR AN MBÁS.



Is de chré deineadh tu, agus id chré thar n-ais a chaithfir filleadh
(Gen. iii. 19).



Sid iad na focail do labhair Dia na n-uile chómhact le n-ár
gcéad athair agus le n-ár gcéad mháthair i ngáirdín Pharrthais, agus
i sna focail seo do thug sé breith bháis ortha féin agus ar a sliocht,
is é sin le rádh, an chine daonna go h-uile.



'Ó n-a n-aimsir sin tá na milleóin ar mhilleónaibh pearsa tar éis
a mbeatha do chaitheamh ar an saoghal so, agus cruadh-gheimhleacha an
bháis, fuiligthe aca, agus iad fillthe thar n-ais ina gcré. An chuid aca
ba shia mhair do fuaradar bás sa deireadh. Na h-árd-aithreacha a bhí
ann sa trean-reacht do mhaireadar na céadta bliadhan, acht b-é a
gcrích 'sa deireadh bás do fhaghbháil. Na fir ba mhó cómhacht sa
domhan, na righthe agus na h-ímpiridhe go raibh an domhan fé n-a
smacht, do cailleadh iad.



Tá an bhreith as ciúnn an traoghail mhóir. Ní fhuil dul as ag
aoinne. Fear an tsaidhbhris agus an fear siubhail, an fear eagna
agus an t-amadán, tá sé i ndán dóibh bás do fhaghbháil. Agus sibh-
se, a phobhal, sibh-se atá ag éisteacht liom anois, sibh-se atá annso i
n-bhúr saóghal agus i n-bhúr sláinte, ní fhuil duine agaibh ná go
gcaithfidh bás do fhaghbháil. Tá an bhreith tabhartha cheana féin ar gach
duine agaibh. Tá an lá cheapthe. Tá an uair-an-chloig ceapthe. Tá
an neómat ceapthe. Agus an túisge go dtiocfaidh an uair caithfir
imtheacht. Ní fhuil cómhacht sa domhan do fhéadfadh thu shaoradh.
Caithfidh tú bás do fhaghbháil chómh maith le cách.



Beidh do chorp ann súd fuar marbh, gnúis uaigneach an bháis air,
agus is gairid do mar sin nuair a thosnóchaidh sé ar dhreóghadh agus
ar bheith ag lobhadh. Caithfidh do cháirde dlúithe féin é chuir i
gcómhrainn, agús é thógaint leó, agus é chuir sa n-uaigh, agus é
fhágaint annsan ag lobhadh leis, agus beidh sé mar bhiadh agus mar
bheatha ag sna piastaidhibh. Tiocfaid siad ina saithidhibh tímcheall air
agus íosfaid siad é go dtí na beidh pioc ina ndiaidh acht na cnámha.



Acht t-anam. Raghaidh sé láithreach i láthair Dé chum a thriail
do sheasamh. Ann san tabharfar an bhreith tu do dhul go Flaithis
Dé chum bheith i gcomhluadar Dé agus na n-aingeal agus na naomh


L. 90


i síor-aoibhneas, nú tu do dhul go teínteacha ifrinn dod shíor-
sgóladh ameasg na ndiabhal n-úr-ghránna chonáideamhla, a bheidh ag
déanamh gach uile shaghas fionómhaide fút i gcaitheamh na síorraidheachta.



Agus ó is rod é gur lobhadh agus dreóghadh ídeamh do choirp, nách
díth-céilleamhail an bheart doit bheith ag déanamh peataireachta air a
d-iarraidh bheith á stupadh le sóghlthaistidhe agus le barra beatha. Nách
leamh an gnó dhoit bheith ag faghbháil a dhuaidh ag lorg neithe i bhfuirm
aóibhnistidhe dhó. Is é bainis na bpiastaidhe atá agat á mhéadughadh,
mar íosfaid siad suas do chorp lá éigin.



Ina theannta san is uile, ó chaithfidh tú bás do fhaghbháil, agus ó
chaithfir an saoghal so fhágaint id dhiaidh, cad chuige go ndeineann an
saoghal so oiread buaidheartha dhoit. Cad chuige dhoit do chroidhe chuir
chómh mór ann. Caithfir gach aon rod fhágaint id dhiaidh, lá éigin,
agus bfhéidir san go luath.



Do bhí rí mór go léir ann fadó. Do bhí mórán dúithchidhe curtha
fé chois aige. Nuair a bhí sé ag faghbháil bháis do thug sé órdughadh go
gcaithfeadh fear an chloigín siubhal amach roime n-a chómhrainn,
léine bheith ceangailte de bharra cleithe aige, agus bheith dá shíor-
fhógairt “Seo a bhfuíl ag an rígh dá bhreith leis sa n-uaigh.”



Agus tusa cad a bhéarfair leat. Ní bhéarfair leath t-fheirm, ná
do bhólacht, ná do chuid airgid. Ní bhéarfair leat acht an aibíd a
bheidh tímcheall ar do chorp. 'Ó, nách mairg doit a chuireann do lán
fén saoghal.



Tá an bás i ndán dúinn go léir. Caithfidh gach aoinne bás do
fhaghbháil. Do-chífá an bhunóc tar éis teacht ar an saoghal. Ní fhéadfá
a ínnsint conus a rithfadh an saoghal leis. A mbeadh sé adhmharach
nú mí-adhmharach, nú saidhbhir nú bocht. Pioc ní fhéadfá a ínnsint acht
an t-aoinní amháin, agus is é sin, go bhfaghaidh sé bás. Tánn tú
feile-dheimhnightheach de sin. Tánn tú san. Mar caithfhidh gach aoinne
bás do fhaghbháil.



Acht fós, cathain a-gheabhair bás, nú cad é an áit n-a bhfaghair
bás, nú conus a-geabhair bás. Á, ní fhéadfá a ínnsint mar ná
feadraidhis, ná ní fheadair aoinne eile acht chómh beag leat. B-fhéidir
go rithfadh leat maireachtaint deich mbliadhna ó indiubh, nú fiche
bliadhan, nú deich mbhliadhna fichiod. Nú bh-fhéidir eile dhoit go bhfhaghfhá
bás i mbliadhna, nú b-fhéidir an mí seo nú i mbáireach.



Tá daoine ag éisteacht liom anois, agus ní misde dhúinn bheith
deimhnightheach de go mbeidh cuid aca marbh sar a mbeidh an bhliadhain
i leath-thaoibh. B-fhéidir gorb ort féin a buailfidhe crann. Táimíd
dall air. Is ag Dia amháin atá fios gach uile nídh.


L. 91


Cá bhfaghair bás? Ní fheadraidhis. An sa bhaile é ameasg do
cháirde agus do dhaoine muínnteardha, nú i ndúthaigh iasachta gan cara
agat a chanfadh focal compórdach id chluais ar uair do bháis? Ní
fhuil a fhios agat ná ag aoinne eile acht ag Dia na glóire féin.



Gadé an bás do-gheabhair? An ó bhreóidhteacht nú ó luigheachán
do-gheabhair bás? An tionnóisg nú bárthan a bheidh mar thrúig bháis
agat? A bhfaghair Ola agus aithrighe? Nú a bhfaghair bás obann, mar
fhaghann a lán, gan uain ar ‘Dia lem anam’ a rádh? Tánn tú dall
air. Ní fhuil a fhios ag aoinne acht ag Dia na glóire.



Ó, a phobal, ní fhuil acht aoinní amháin budh cheart dúinn go léir
a dhéanamh, agus is é nídh é sin ná bheith i gcómhnuidhe ullamh don
bhás. Ní h-é am na cneadaighe am na h-aithrighe. Ní h-aon am dúinn
tosnughadh ar bheith ag cuímhneamh ar an saoghal eile nuair a bheam i
n-uadhacht bháis, agus fios curtha ar an sagart chúghainn. Go réidhidh
Dia dhúinn, nách beag fhéadfidh aoinne a dhéanamh dá anam bocht i
lár a theinnis, agus an bás ghá stalcadh agus ag baint freangaidhe as.



Ar an dtaobh eile dhe, cá bhfios dúinn ná go sgiobfaidhe as an
saoghal sinn go h-obann, agus go bhfaghaimís bás gan sagart? Ní
fhuil againn acht bheith ullamh an uile thráth, agus bheith ullamh insa
cheart, mar ní bhfagham bás acht an t-aon uair amháin. Ní bhfagham
acht an t-aon bhreith amháin. Agus is ar an mbás agus ar an mbreith
sin a bheidh a mbeidh i ndán dúinn i gcóir na síorraidheachta.



FEAR GAN AINIM.


L. 92


LUAS SAOGHAIL AN DUINE.



I.



Fé theas na h-oidche, i dtír i gcéin,
Chuaidh mathair-nimhe ag sníomh le taobh
Na leabthan scíth' nar luigh an macaomh
Gan suim, ar shéan ag taidhbhreamh!
Sé 'r mheas gur fhill na thír gil féin,
'S gur lean den aoibhneas chroidhe dár chlaon,
Go leamh, tré bhaois, go scaoilte, saobh
Go soillseach, aerach, taidhseach.



II.



Mo chreach! níor smaoin ar ghníomh fíréin,
Ar leas ná dlighe ná crích a shaoghail,
Acht ar “ghailtinn ghrinn” le n-a gclaoidhfeadh go h-éag
Ar an “aoil-chreis” caomhnais, Sadhbh ghroidhe
Tré 'n aiteas mhín a chroidhe do bhréag
Beag cheap go millfeadh cnuímh na ndéad, —
Ar a bhaint i scím na h-oidhche léi —,
Na físe baotha thaidhbhrig!



III.



Nach aisling oidhch', cé bríoghmhar, tréan,
Cé seascair, caoin, cé buidheanmhar, saor,
Ré mhear gach n-aoin, má rí má laoch,
Le claoine an tsaoghail tadhail seo?
'S an teallaire fíll,* dhímbrigheas ár séin,
Ag faire ar ár dtí, ag síor-thidheacht nár ngaor!
Is gairid fá shíth go luigheam le daol
D'éis coímhdeacht' aonair creidhle!



Micheál Mag Craith, C. Í.



* An Bás.


L. 93


Éire — Náisiún Céasta.



Roimh Íosa Críost do theacht ar an saoghal so bhí an chine daonna fé
scamall an bháis, i ndaor-bhruid an diabhail. An t-uabhar agus gach
uile pheacadh eile dhá bhfásann as an uabhar, bhíodar ag dalladh croidhthe
na ndaoine agus ghá gcur ar a n-aimhleas go tubaisteach. Bhíodar i
n-umar na h-aimiléise. Theastuigh Slánuightheóir uatha, a d'fuasglóchadh
ó'n ndaor-bhruid iad. Theastuigh duine uatha leis an solus do thabhairt
dóíbh, agus le dorchadas an díomais do scaipeadh ó'n-a gcroidhthibh;
duine a mhúinfeadh an fhírinne dhóibh agus do chuirfeadh ar bhealach a leasa
iad. Do tháinic truagh ag Dia dhóibh, agus do chuir Sé a Aon-mhac
féin uaidh ar an saoghal so. Do ghlac Mac Dé colann daonna agus
do cheannuigh Sé an chine daonna le n-A chuid fola ró-luachmhaire ar
Chrann na Croise, mar shásamh i bpeacadh an t-sinnsir agus i bpeacaíbh
an uile dhuine d'ár rugadh agus d'á mbéarfar.



Do chuaidh Íosa timcheall ag déanamh maitheasa do chách. Thugadh Sé
éisteacht do'n bhodhar agus cainnt do'n bhalbh agus radharc do'n dall.
Bhíodh truagh Aige do'n lag agus do'n bhaintreabhaigh — bhí Sé ceannsa
agus úmhal ó chroidhe. Mar gheall air sin bhí na daoine ag fágáil
gach nídh agus 'ghá leanamhaint. Bhí a cháil leathta ar fuaid na tíre
go léir. Níor thaithn sin leis na Phairisínigh; chuir sé múisíam agus olc
ortha, chuir sé ag éad le h-Íosa iad. Níl aon chall dom a innseacht
daoibh-se cé'n cineál daoine a bhí ins na Phairisínigh sin. Lucht feille
agus uabhair do b'eadh iad. Ní fhéadfainn a samhail do thabhairt duit
láithreach ach an dream cealgach atá i gceannas thall i Sasana faoi
láthair; is measa go mór an dream deireannach so, dar liom-sa. Ach,
ar aon nós, tháinic fuath ag na Phairisínigh d'Íosa, agus do mhéaduigh
ar an bhfuath sin in-a gcroidhthibh in-aimhdheóin gach a ndearna Sé chun
iad do sheoladh ar a leas. Do dhalladar a súile agus do chruaidheadar
a gcroidhthe i n-aghaidh na fírinne. Do chuireadar rómpa É do dhaoradh



(1) “The Singer” (P. Mac Piarais do scríobh).


L. 94


ar ais nó ar éigin agus É chur chun báis, ionnos go ndéanfaidhe
dearmad De go bráth. Ach is amhlaidh a bhíodar, mar is eól dúinn, ag
coimhlíonadh na dtairngirí a bhí scríobhtha i d-taobh Chríost. Do ghabhadhar
É, agus rugadar leo i láthair na mbreitheamh É; ach níor fhéadadar siúd
aon choir a fhághail Ann. Annsin tugadh fiadhnaise bréige 'n-a aghaidh,
ach níor fhreagair Íosa focal eile (1); thug Sé cead a gcinn dóibh
chun a d-toil d'imirt Air. Daoradh chun báis É, agus do chuaidh Sé amach
go mall roighin go dtí an áit Golgota. Do shín Sé amach a ghéaga,
agus do tarnáladh do'n Chrois É… Consummatum est. An
obair a thug A Athair Dó le déanamh, bhí sí déanta Aige. Saoradh an
chine daonna, fosgluigheadh geataí na bhflaitheas. Do h-adhlacadh Críost,
agus d'aiseirigh Sé an tríomhadh lá go glórmhar do-mharbhthach. Cuireadh
an Eaglais ar bun, lasadh solus na Fírinne, agus níor múchadh ó shoin
é, ná ní múchfar go deó é. Ach, is í Íodhbairt na Croise an luach a
b'éigean Dó a íoc. ‘Ceannuigheadh ar luach mór sinn.’…



Tá míle agus naoi gcéad bliadhan ann anois ó céasadh Críost ar
chrann na croise, agus an Solus a thug Sé do'n chine daonna tá sé
ionann 's bheith múchta i gcroidhthibh a lán. Bhí solus bréagach d'á
thabhairt do na daoinibh ag na Feallsamhnaibh bréagacha le trí chéad
bliadhan anuas. Chuaidh an teagasg nimhneach urchóideach sin i n-achrann
i n-a gcroidhthibh. Isé do mhill aigne na ndaoine, agus do chuir ar a
n-aimhleas iad.



Tá a rian le feiceál riamh ó shoin i mbeatha na ndaoine ins na
tíorthaibh do ghéill do'n teagasg sin. Do thréigeadar Dia, agus
thugadar druim láimhe le soisgéal Chríost. Bhí soisgéal nuadh acu, ar
ndóig! Soisgéal an ‘Réasúin,’ a thabharfadh cead a gcinn dóibh i
ngach nídh a bhaineann le creideamh agus le Dia, agus nach gcuirfeadh
srian le ainmhiantaibh na colna ná na h-aigne. Sin é a bhí uatha. Ag
dul i n-olchas a bhíodar i leabaidh a chéile. D'imthigh dhá chéad bliadhan,
agus i d-tús na h-aoise seo bhíodar chomh dona agus do b'fhéidir leobhtha
a bheith. Bhíodar i mbealach a mbasgtha. Bhí a gcroidhthe ag dul i
ndúire le h-uabhar agus le craos agus le cúram an t-saoghail so, bhíodar
gan beann ar Dhia ná ar dhaoinibh, ar cheart ná ar aincheart. B'ionann
neart agus ceart, dar leó. An duine a bhéadh lag, nó an náisiún a
bhéadh lag, buailfidhe cos ortha agus cuirfidhe fé smacht iad. Ní raibh
uatha ach gach a bhféadfaidís de-mhaoin agus de shaidhbhreas do sgiobadh
ó n-a chéile i bhfus ar an saoghal so i gcruth a's go d-tiocfadh
leobhtha ainmhianta a gcroidhthe do shásamh; agus ba chuma leobhtha céard a
dhéanfadh an saoghal eile, dá mbéadh a leithéid ann ar chor ar bith.
Bhíodar báidhte i ndorchadas a gcuid peaca féin, agus ag sgiorradh
go h-Ifreann an díth-chreidimh.


L. 95


Cia bhéarfhadh an solus dóibh? Cia chuirfeadh an fhírinne ar a
súilibh dóibh, i dtreó nách mbéadh aon leith-scéal aca? Cia scaipfeadh
scamaill dubha dorcha an díth-chreidimh? B'é toil Dé go d-tug
muinntir na h-Éireann solus an chreidimh do na tíorthaibh céadna sin
i n-allód. Agus gur chuireadar síol an t-soisgéil i ngach tír ar fuaid
an domhain, geall leis. Agus is cosamhail go gcaithfid siad an nídh
céadna do dhéanamh anois freisin. 'Sé toil Dé é. D'fhéach Dia anuas
ar mhuinntir na h-Éireann 'sa bhliadhain 1916. Theastuigh íodhbairt
mhór Uaidh mar shásamh i bpeacaíbh na Náisún. D'iarr Sé ortha an
íodhbairt sin do thabhairt Dó. “An féidir libh mo chailís d'ól?”
Agus d'fhreagradar d'aon-ghuth: “Is féidir, agus is toil linn, a Dhia,
má 'sé do thoil ró-naomhtha é, agus le congnamh ód naomh-ghrásta.”
Chaithfeadh Éire an fhírinne do mhúineadh do'n chine daonna an ath-uair.



Ach is fíor an nídh adubhairt Mac Dara: “The true teacher must
suffer and do… He must go into Gethsemane and toil up the
steep of Golgotha.” (1) Iseadh, bhéadh ar Éirinn a Páis d'fhulang sul dá
bhféadfadh sí an obair mhór, a bhí ceapaithe ag Dia dhi, do dhéanamh.



Tugadh radharc beag roimhré ar an bPáis sin do'n Phiarsach agus
do'n dream beag a bhí i n-éin d-tigh leis i seomra na comhairle roimh
an Eirghe-amach. Do chuir an radharc sin uamhan ortha. Ach, má chuir
féin, níor tharraingeadar siar, dubhradar go léir an nídh adubhairt an
Piarsach féin: —



Do thugas mo ghnúis
Ar an ród so rómham,
Ar an ngníomh do-chím
'S ar an mbás do gheabhad.



Do tóg Éire an chrois, agus do chuaidh amach go mall réidh ag
triall ar an áit Golgota.



Níl léigheamh ná innsint scéil ar an méid a dh'fhulaing sí ar an
mbealach chruaidh chlochach rin. Na seadairí calma d'éirigh amach
i n-aghaidh aindlighe na nGall, agus a thug iarracht ar a muinntir
d'fhuascailt i mbliadhain ár dTighearna 1916, daoradh chun báis iad,
cuireadh piléar tré chroidhe gach duine acu, agus caitheadh isteach i
d-talamh iad, nár coisreacadh le láimh sagairt ariamh. Na daoine do
lean iad, agus nár cuireadh chun báis, sáidheadh isteach i bpríosúnaibh
dubha duaibhseacha iad. An droch-íde do tugadh ortha siúd, ní nochtfar
go bráth ar an saoghal so í, muna n-innsighidh siad féin dúinn í; agus
b'fhearr leobhtha gan an scéal sin a innseacht — do chuirfeadh sé uathbhás
agus sgáth ar dhaoinibh, agus bhainfeadh deora as croidhe cloiche. — Nach
iomdha buachaill breagh láidir gur ghoill an droch-úsáid chomh mór sin



(1) “The Singer” (P. Mac Piarais do scríobh).


L. 96


ortha, gur milleadh a sláinte agus a n-inntinn, gur chailleadar a
meabhair chinn (slán beó mar a n-innstear é!), agus b'éigean iad do
chur i d-tighthibh gealt i dtíorthaibh i gcéin! Nach iomdha fear óg
sgafánta eile dhíobh do fágadh go tréith-lag traochta gan bhrígh gan
bheódhacht de bhárr na bpríosún; i d-treó, tar éis filleadh go
h-Éirinn dóibh, go rabhadar ag imtheacht as i n-aghaidh an lae, gur sgiob
an bás uainn i mbláth na h-óige agus i mbéal a maitheasa iad!



Ag dul i n-olcas a bhí an scéal ó lá go lá, go ndearnadh an gníomh
uathbhásach sin — dúnmharbhú Thomáis Ághas — Tomás uasal na n-gníomhartha
móra. Do gheall Dia léargus dó, nár bronnadh ar mhórán. Do b'eól
dó go raibh lá mór na h-íodhbairte buailte le muinntir na h-Éireann:
“The hour of her trial draws near.” D'iarr sé ar Dhia an chros do
thabhairt dó le h-iomchar ar son na h-Éireann ar son na sean daoine,
agus ar son aosa óig na tíre.: —



“Leig dom do dhúr-chroch d'iomchur, a Dhia,
Ar son Éireann atá i nguais, &rl.” (1)



Chuaidh sé rómhainn amach ag iomchar na dúr chroise sin, ionnos go
leanfaimís a lorg, agus go mbéimís go léir réidh le bás d'fhulang
go fonnmhar ar son Dé agus ar son ár Róisín Duibhe, nuair a bhéarfadh
an lá orainn. Marbhuigheadh gan chúis gan ádhbhar é. Cad í an choir a
bhí déanta aige? Bhí grádh aige d'a thír agus thug sé iarracht ar
í do shaoradh — sin é an peacadh mór do cuireadh in-a leith. Caoineadh
ar fuid an domhain mhóir é. Badh gheall le rígh é, nuair a síneadh
insan gcómhrainn i n-éadach Óglaigh é. Bhí sé saor annsin ó lámhaibh
an námhad. “D'fhéadadar an corp do mharbhú,” agus bhí an t-anam
imthighthe ag triall ar Dhia — agus tógfaidh Dia an corp ó'n d-talamh
freisin an lá déidheanac…



Bhí rún mór i gcroidhthibh na n-Gaedheal, ag breathnú ar an
dtaoiseach caoin ceanasa sin dóibh agus é fuar marbh gan mothú gan
preab an lá úd an bhróin. Do b'eól dóibh go gcaithfeadh cuid acu
an bóthar céadna do ghabháil gan mórán achair, agus bás d'fhulang
ar an gcuma gcéadna, agus gur iomdha laoch lúthmhar eile a rachadh
fé'n gcréafóig sul dá mbéimís saor ó'n námhaid. Do chuireadar
rómpa an lá sin nách stríocfaidís a choidhche fá leathtrom ná fá éag-
cóir, ach go mbéidís ullamh ar gach pian, agus ar gach cruadhtan
d'fhulang ins an gcogadh a bhí rómpa i n-aghaidh lucht an aindlighe.



Chonnaic Éire a mac ionmhuin d'á mharbhú. Do chaoin sí go mór
agus go deorach é, gur iomchruigheadh an chómhra go Glas-Naoidhean,
gur cuireadh i measg laochraidh a thíre é.


L. 97


Chuimhnigh Sí annsin ar an obair a bhí roimpi. D'iarr Sí ar Dhia
neart a thabhairt di; “A Dhia, dein mé shaoradh ó'n uair seo.” Sin
í an phaidir do chuir Sí suas chun an Athar síorruidhe.



Thug Sí aghaidh ar an gcnoc aríst, agus do ghluais léithi go
brónach.



II.



Anois, maidir le mnáibh na Fódla, an n-abróchad aon cheo 'n-a
d-taobh? An n-innseóchad daoibh an méid a dh'fhulaing siad i gcai-
theamh na h-aimsire sin? Níor mhór dhom binneas agus líomhthacht
cainnte na h-éigse agus ná n-úghdar leis an sgéal sin d'innseacht
mar badh chóir: Ach, féachfaidh mé leis, ar chaoi ar bith, mar ir fiú iad é.
— Is mór é brón na mban, is mór é a misneach, ir mór é a gcreideamh,
is mór í a bhfoighde! Go bhfóiridh Dia ar mhnáibh bochta na h-Éireann,
óir is É a chíonn na croidhthe, agus is Aige atá a fhios cé mar
d'fhulaingeadar le trí bhliadhain anuas! Tá lorg na ndeór i súilibh na
máithreach agus ar a ngruadhnaibh bána — tá féachaint bhrónach ins na
súilibh sin a bhainfeadh deóra as croidhe cloiche, ach deór níor bhain sí
as croidhthibh fuara na nGall. — Is iomdha sin máthair gur sciobadh a clann
mhac uaithi ó luan na Cásga 1916 go dtí an lá atá indiu ann; agus
gan sólás i ndán dóibh feasta ach an sólás agus an neart a gheibhtear
ó bheith ag machtnamh ar Mhuire 'n-a seasamh ag bun na Croise ar
chnoc Chalbhaire. Agus tá baintreacha óga fágtha go h-aonraic! I
d-tús a saoghail. Bhí bród agus lúthgháir ortha ó chianaibh, dóchas na
h-óige 'n-a gcroidhthibh, agus iad ag smaoineamh ar an saoghal fada
séanmhar a bhí sínte rómpa amach, i gcuideachta a bhfear ag obair ar son
na h-Éireann. Ach séideadh an stoc ag gleadhach ar Ghaedhealaibh chun
an chatha. Ní h-iad na mná do loicfeadh i n-am an ghátair. Thugadar
póg a mbéil dóibh mar chómhartha a ndílseachta, agus do chuireadar uatha
iad chun a dtíre do chosaint ar na Gallaibh. Do ghluais na fir óga sin
amach i n-aghaidh an námhad, ach níor fhilleadar gur iomchruigheadh a
bhaile fuar marbh sa chomhrainn iad…



Tá mná óga na h-Éireann ag caoineadh na dtréan-fhear, d'á
dtugadar grádh agus gean a gcroidhthe, agus atá sínte fé'n bhfód
anois, toisg go raibh grádh aca d'á dtír dhúthchais, agus gur shíleadar í
do shaoradh ó dhaor-bhruid na nGall. Chonnaic Muire a h-Aon-mhac
ionmhuin d'á dhaoradh chum báis, agus d'á chéasadh ós cómhair a súl.
Chuaidh claidheamh an bhróin tré 'n-a croidhe, ach do mhair sí mórán
blianta 'n-a dhiaidh. Isé a fhearacht sin ag mnáibh ár dtíre anois é.
Maireann siad i ndiaidh na bhfear, ach tá cumha agus brón i n-a
gcroidhthibh, “You poor women suffer so much pain, so much sorrow, and
yet you do not die until long after your strong young sons and lovers have
died.” (1) Bhíos ag labhairt le sean-mhnaoi le goirid, nuair a bhí ainm


L. 98


Th. Mhic Shuibhne agus a mhná agus a dhriféaracha i mbéal gac aoinne.
“Is mór é misneach na mban sin,” arsa mise léithe. “Á, níl a fhios
agaibh-se,” ar sise, “chomh misneamhail is atá na mná.” Agus b'fhíor
di; “níor chodail mé néal ar bith le seachtmain, ach ag cuimhneamh air
(1 T. Mac Suibhne),” ar sise annsin, agus na deora le n-a súilibh.
Nach iomdha bean eile i n-Éirinn a dh'fhéadfadh an nídh céadna do rádh
le linn Páise an laoich sin!



Cuimhnighidh anois ar na páistí atá fágtha gan athair gan cosantóir
ag na Gallaibh mío-thrócaireacha seo. Théigheann na páistí sin anonn
mar a bhfuil a máthair bhocht 'n-a suidhe go brónach agus go smaointeach,
agus fiafruigheann siad di cá bhfuil an t-athair, nó an fada go
d-tagaidh sé a bhaile: —



“Fiafróchaid díom go tapaidh
Cár fhágas féin a n-athair.
'Neórad dóibh faoi mhairg
Gur fhágas i g-Cill na Martar.
Glaodhfaid ar a n-athair,
'S ní bhéidh sé acu le freagairt.”



'Seadh, agus is iomdha seadaire calma eile a fágfar í gCill na
Martar, sul dá mbéimíd réidh leis an námhaid, agus is iomdha leanbh
a bhéas ag glaodhach ar a n-athair, agus gan é aca le freagairt. Ach,
béidh Dia na glóire acu le freagairt — closfidh Seisean glór truaig-
mhéileach na leanbh, agus tabharfaidh Sé áird ortha. Is mairg do'n
druing úd, ámhthach, do bhain an glaodhach sin asta.



III.



D'mthigh bliadhain agus dhá bhliadhain, agus bhí na Gaedhil ag
fulang gan sos gan faoiseamh i gcaitheamh na h-aimsire sin. Bhí na
Gaill ag beartú cé'n chaoi a dtiocsadh leobhtha ár muinntir do
scaipeadh agus do chur fé smacht, nó do sguabadh as talamh na
h-Éireann ar fad. Tháinic mí na Márta 1920, agus i lár na míosa
sin, rinneadh gníomh fealltach a sháruigh gach droch-ghníomh d'á ndearnadh
in-Éirinn nó in-aon tír eile, dá n-abruighinn é, le fada an lá — gníomh
a chuir uamhan agus alltacht ar gach aoinne. Cuireadh gásra cuirptheach
go teach Árd-Mhaoir Chorcaige (.i. Tomás Mac Curtain,) de shiubhal
oidhche. Dhúisigheadar Tomás, agus adubhradar leis teacht anuas, mar
go raibh gnó acu de. Ní túisge a tháinic sé, ná rugadar greim air,
chuireadar a dhruim le falla, agus (go sábhálaidh Dia muid!) do
radadar na piléir leis 'n-a sruthán. Dúisigheadh an bhean óg — leis
an dtormán, agus rith sí anuas. Ach, bhí an gníomh déanta! Chuaidh
sí anonn chuige, leig sí í féin ar a glúnaibh, agus thóg a cheann. Bí sé
i ndeire na déithe, ach mar sin féin d'aithin sé í. Dubhairt sé na
paidreacha i n-éinfheacht léithi, rinne sé gníomh croidhe-bhrúgha, d'fhéach


L. 99


suas chun na bhslaitheas agus adubhairt: — “Cuirim m'anam isteach
id'lámhaibh, a Íosa!” agus ag rádh na bhfocal sin dó, do shéaluigh
sé — Bhí Tomás ar lár — an fear a bhí chomh h-úmhal agus chomh caoin le
leanbh, go raibh meas agus cion ag an uile dhuine air, an fear nár
staon agus nár stríoc roimh an namhaid ariamh, bhí sé marbh le buille
feille an námhad sin, agus an bhean óg mhisneamhail ghrádhmhar úd ós a
chionn, agus go mb 'fhearr léithi go mór gur tré 'n-a croidhe féin a
cuireadh na h-urchair sin. — Agus cad í an choir a bhí déanta aige,
do thuill an bás sin dó?



Ar fheiceál an radhairt uathbhásaigh sin táinic sgeón i súilibh na
mban agus na bpáistí, agus bí sgáth agus fiadhantas ortha. Ach
feancadh mór baineadh as na fearaibh. Bhí lasadh na feirge agus na
dúthrachta in-a súilibh agus 'n-a n-éadain, ag breathnú dóibh ar a
dtaoiseach do marbhuigheadh go fealltach ortha. Bhí Éire 'n-a seasamh
ós a chionn. Do chrom sí síos, agus do chuimil a lámh d'á mhín-chorp,
gur fágadh rian na fola uirthi. Bhí buaidhirt ana-mhór uirthi. Leig sí
osna. Annsin do tóg sí a súile suas chun na bhflathas, agus adubhairt:
‘A Athair, maith dhóibh; óir ní fios dóibh cad tá aca 'á dhéanamh?
Ar chloisteáil glóir a máthar d'á muinntir, d'fhéachadar suas uirthi,
agus ‘bhí a gnúis daingean ar dhul go Ierúsalem go Cnoc na
h-íodhbairte.’ (1) Do ghluaiseadar leóbhtha aríst.



Uaidh sin amach bhí an dearg-ár d'á dhéanamh ar a clainn, agus
bhíodar ag tuitim mar a thuiteanns duilleabhar na gcrann i ndeire an
fhóghmhair. Níor cuireadh siar í, ámhthach'. Do lean sí d'a siubhal gur
shroich sí mullach an chnuic. Táimíd ann anois.



“A planta pedis usque ad verticem capitis non est in ea sanitas”
(níl ball di slán, ó bhárr go bun.) Tá a clann go léir ag
fulang. Tá cuid d'á muinntir caithte amach ar leath-taoibh an
bhótair agus ag imtheacht ar fán agus ar seachrán an t-saoghail gan
biadh gan deoch, gan teach gan árus de bhárr géirléanmhna an námhad.
— Mná agus páistí ag caoineadh. — Fir óga ar a gcoimeád ag
imtheacht ó áit go h-áit gan sos gan suaimhneas de ló ná d'oidhche,
agus an fhuil-chú ar a dtóir. Ní fhéadfainn-se an céadmhadh cuid de'n
scéal uathbhásach sin a innseacht — cé mar do creachadh agus do sgriosadh
bailtí móra gan chúis gan ádhbhar — laigeadh tighthe agus monarchana,
i dtreó gur fágadh na mílte daoine gan obair — agus fós, go dtagann
saighdúirí an námhad agus na síoth-mhaoir go tighthibh na ndaoine de
shiubhal oidhche, go dtarraingeann siad na fir amach as a gcuid
leapracha agus go marbhuigheann siad ar an láthair sin iad. — Agus ní
raibh na fir sin ag cur chucha ná uatha, ach go raibh mac leobhtha,
b'fhéidir, 'n-a Óglách, nó gur h-innsigheadh do'n námhaid go rabhadar


L. 100


i leith na n-Óglách. Gur rugadh ar fhearaibh óga, agus gur tugadh
an uile shaghas droch úsáide dhóibh, gur gabhadh do chosaibh ionta, gur
briseadh a n-easnacha, gur gearradh a gcuirp le sciúirsibh, go dtí go
rabhadar i mbéal an bháis, toisg nach sgéithfidís ar a gcomráduithibh,
agus nach leigsidís a rún leis an námhaid — Ní scríobhfar an scéal
sin ‘n-a iomlán i leabhar saoghalta a choidhche; ach scríobhfar i leabhar
eile é — leabhar an Aon-Mhic — Is mairg a thug Air na neithe sin do
scríobh,’ muna ndeinidh siad aithrighe!



Tá Éire 'n-a seasamh as mhullach an Chnuic; ach cad fé ndeara an
imnidhe agus an bhuaidhirt sin atá uirthi féin agus ar a clainn anois?
Féach a dhúthrachtaighe ish atáid go léir ag guidhe, cé tá i
gconntabhairth? Dháréag de thogha na bhfear do bheith ag saothrú an
bháis go mall pianúil i bpríosún dorcha ar son an Chirt — siné an fáth
go bhfuilid go léir ag paidreóracht. Táid i bhfochair a chéile, an
phaidrín 'n-a ghlaic ag gach duine acu, agus iad ag cur a n-athchuinge
suas chum Dé tré impidhe na Maighdine. Ba dhual dó Ghaedhealaibh
teacht ag triall ar Mhuire i n-am an chatha agus an chruadhtain, agus
níor chaill Sí ortha riamh fós. Ní chaillfidh Sí ortha anois. Táid á
iarraidh ar Rígh na ngrást neart do thabhairt do'n dáréag úd le go
bhféadfaidh siad gach pian, d'á ghéire, d'fhulang agus go mbeidh siad
seasmhach amach go deire. Táid á iarraidh Air, freisin, grásta na
foighde i n-aghaidh na h-éagcóra do thabhairt dóibh féin. Ní h-éol dóibh
an lá ná an uair 'n-a gcaithfidh siad féin ionaid an dáréag do líonadh,
agus an bóthar céadna do ghabháil — ní mór dóibh bheith ollamh — agus, ár
ndóigh, táid ollamh, leis:



“Is toil leo a gcolna do leagadh fé 'ngcré,
D'fhonn Éire bheith saor go deó.”



Tá an dáréag úd 'san bheárnain anois, ag tabhairt aghaidh ar an
mbás gan scáth gan eagla. Ach céard a thug ortha a n-anmanna do
chur igconntabhairt mar sin? Thug, a mhuinntir na h-Éireann, an grádh
atá ar lasadh i n-a gcroidhthibh d'ár dtír, agus dúinn-ne, agus do Dhia.
Is é toil Dé é. Is eól dóibh go bhfuil an ceart acu.



“An saighdúir atá ag troid ar son na saoirse, caithfidh sé bheith
ollamh chun gach uile nídh do thabhairt uaidh ar son na saoirse.” “An
t-saoire atáimíd ag iarraidh a bhaint amach is rud naomhtha í, agus tá
dlúth-bhaint aici leis an saoirse spsoradálta, go bhfuair ár Slánuightheóir
bás ar a son… Agus ó's rud naomhtha í, ar an ádhbhar sin fuair
togha agus sgoth ár muinntire bás ar a son i n-gach aois, fé mar a
fuair Mac Dé Bás ar Chnoc Calbhaire… Níor chríochnuigheadar
siúd an obair, ach leanfaimíd-ne di anois, le congnamh Dé, agus
bheirimíd sinn féin mar íodhbairt ar a son… Táimíd anois


L. 101


á iarraidh ar Dhia mhór na bhfeart neart do thabhairt dúinn 'sa troid
atá rómhainn amach, d'á dhéine agus d'á ghéire é, i dtreó go dtiocfaidh
linn saoirse a bhaint amach d'ár muinntir fá dheire.”



Sin mar do labhair Toirdhéalbhac Mac Suibhne, Árd-Mhaor Chorcaighe,
agus is é is fear cínn riain ar an dáréag úd. Beag baoghal ar a
leithéidibh géilleadh do láimh-láidir an námhad, óir tuigeann siad gurab
éigin dóibh an fód do sheasamh go dílis, pé ar bith céard a bhéas le
fulang acu, go leagtar ar lár iad. Tá deich lá agus trí fiche ann
anois ó gabhadh iad, agus táid 'n-a dtroscadh ó shoin. Ach ó'n lá sin
go dtí an lá atá indiu ann, focal cruaidh, clamhsán ná casaoid ní
tháinic ó'n a mbéalaibh. Níl olc acu i' na gcroidhthibh d'aoinne. Níl
uatha ach an Ceart agus an Fhírinne do chosaint.



Tá Toirdhéalbhach ibhfad uatha i measg na nGall, ach bíonn sé ag
cuimhneamh ortha de ló agus d'oidhche. Cuireann sé misneach ortha le
n-a bhréithribh agus le n-a shompla. Níl aon nídh ág déanamh imnidhe dhó,
ach go mbeidís go léir dílis go deire, agus go mbeadh muinntir na
h-Éireann réidh le n-a n-ionaid do líonadh, nuair a thuitfidís. Ag
guidhe chun Dé ar son a thíre agus ar son a mhuinntire, sin mar a
thugann sé a laetheanta. ‘Hic est qui multum orat pro populo’
(1. seo é an fear a bhíonns ag guidhe go dúthrachtach ar son a
mhuinntire.) Tá a chorp bréag deagh-chúmtha claoidhte tnáithte anois,
ach tá an toil chomh daingean do-lúbtha is a bhí sí aon lá ariamh. Tá a
chuid fola ionann's a bheith ídighthe, agus tá a rian air, óir tá sé ag
cailleamhaint a mheabhrach agus a chéille. Tosnigheann sé ag
rámhailligh i n-a intinn. ‘As líonmhaireacht an croidhe iseadh do
labhruigheann an béal.’ Bogann sé a bhéal mar bheadh sé ag féachaint
le caint a dhéanamh, Cromann Éire síos ós a chionn, agus annsin deir
sé go lag-ghlórach: “bead dílis duit, a chailín deas, bead dílis duit
go deó.” Ar chloisteáil na bhfocal sin d'Eirinn, tagann buaidhist ana
mhór uirthi. Tá a croidhe d'á réabadh. Ach fanann sí annsin i bhfogus
do'n dáréag atá d'á gcéasadh…



Tá duine acu i riocht an bháis anois. Cloiseann sí na paidreacha
d'á rádh 'n-a chillín uaighneach. I gcionn tamaill bhig, tugtar scéal
chúichi, go bhfuil an chéad fhear marbh fá dheoidh. Bheireann sí a
bhuidheachas le Dia go bhfuil a mac múirneach saor ó lámhaibh an námhad,
agus go raibh sé dílis go deire. Annsin leagtar an taoiseach. Tá



(1) T. Mac Suibhne adubhairt na neithe sin.


L. 102


Toirdhéalbhach Mac Suibhne ar lár. An tréan-fhear do briseadh ach
nár féadadh a lúbadh, tá sé marbh. Tá a obair críochnuighthe. Tá sé
saor fá dheire. Go ndéanaidh Dia maith ar a anam!



Tugtar scéal a bháis chun a mháthar, Éire. Téidheann sí isteach,
tógann sí an corp caol tanaidhe traochta sin, agus pógann ar a
bhathais go díl agus go miochair aríst agus aríst eile. Tá brón agus
bród uirthi i n-éinfheacht. Féachann sí suas chun na bhflaitheas, agus
deir sí do ghuth árd: “A Íosa Críost, do céasadh ar chrann na croise
ar ár son, glac uaim an íodhbairt seo mo mhic mhúirnigh, agus tabhair
suaimhneas síorruidhe d'á anam. Maith do mo námhaid an choir seo
atá déanta acu orm agus tabhair solus na ngrást dóibh chun iad do
chur ar bhealach a leasa. Tabhair réidhteach agus faoiseamh agus
saoirse do mo chlainn atá fágtha agam, má's é do thoil ró-naomhtha é!”



Iomchruightear amach an corp ós cómhair a muinntire, agus
annsin cluintear an gol agus an caoineadh agus an greadadh bas.
Tá cumha agus buaidhirt ar gach aoinne. Ach, tá dóchas mór i n-a
gcroidhthibh, freisin. Tá a fhios acu go bhfuil an t-anam glan gléigeal
sin imthighthe ag triall ar Dhia, agus go mbéidh sé ag guidhe ar a son,
agus ag cuidiú leobhtha 'sa troid.



Tuitfidh na buachaillí eile indiaidh a chéile. Béidh a n-ionaid
folamh; ach, líonfar aríst agus aríst eile iad, agus ní sguirfimíd
de'n troid, go mbristear comhacht an Diabhail, nó go dtuitidh an
duine deireannach de chlainn Gaedheal ar mhachaire an áir ag cosaint
a chirt agus a chreidimh agus a mhuinntire. “Is aoibhinn do'n mhuinn-
tir a dh'fhuilingeann crádh ar son na fíoraontachta, mar is leó san
rígheact na bhflaitheas.”



IV.



Ach, déarfaidh duine, b'fhéidir, cad é an mhaith é? Tá ár muinntir
d'á marbhú leis na ciantaibh, agus cad atá againn d'á bhárr? Nach
mbéadh sé chomh maith againn géilleadh do neart an námhad, agus
síothcháin agus suaimhneas a bheith againn? Duine gan creideamh is eadh
an duine adéarfadh a leithéid sin. Fiafruighim de'n duine sin an
leómhfadh sé a rádh go bhfuair ár Slánuightheóir, moladh go deó leis, bás
i n-aistear, nuair do céasadh ar an gcrois fá dhroch-mheas agus fá
tharcuisne é? Ní i n-aistear a fuair Sé bás. Ní lúgha ná mar a
fuair na seadairí cródha bás i n-aistear ar son na h-Éireann i ngach
aois. Ní i n-aistear atá ár muinntir ag fulang anois. Dubhairt
Íosa, tráth: “Má árduíghthear mise ó'n dtalamh tarraingeóchad gach
nídh chugham féin,” d'á chur i gcéill cad é bás a gheobhadh Sé (1); agus
do tharraing Sé croidhthe an uile dhuine chuige féin i ngach aois, agus


L. 103


tá Sé ag tarraint croidhthe na ndaoine chuige féin go fóill. Ar an
gcuma gcéadna nírbh foláir Toirdhéalbhach Mac Suibhne agus an
aoinne déag úd d'árdú ar altóir na h-íodhbairte, chun chroidhthe na
ndaoine ar fuaid an domhain mhóir do tharraint chun an chirt agus chun
an chreidimh. Is mairg, ámhthach, a dhallfadh a shúile i n-aghaidh na
fírinne!



Mar a dubhairt T. Mac Suibhne le n-a chomráduithibh: “Má
théigheann an dáréag againn-ne féin gcréafóig anois, soillseóchaidh
ainm na h-Éireann ar fuaid an domhain le misneach agus le dóchas do
chur ar mhuinntir gach tíre, atá ag iarraidh a saoirse do bhaint amach.
Glacaimís misneach, mar sin, agus ag fághail bháis dúinn, iarraimís ar
Dhia neart do thabhairt dúinn féin agus d'ár muinntir, i dtreó go
mbeimíd go léir réidh le gach uile nídh a fhuilinnt, agus annsin saor-
faidh Dia ár dtír fá dheoidh.” Bíodh foighid againn go fóill beag.
Bíodh muinighin as Dia againn. Deir Naomh Eóin ,san ‘Taisbeánadh’
go bhfeaca sé faoi'n altóir-’ anmanna na druinge do marbhuigheadh
ar son bhréithre Dé, agus ar son na fiadhnaise do chosnadar: agus
d'éigheadar do ghuch árd, á radh, cá fhaid a bhéas tú, a Thighearna
(naomhtha fhírinnigh), gan breitheamhnas do bhreith agus díoghaltas do
dhéanamh ar son ár bhfola ar an druing áitigheas ar an dtalamh? Agus
tugadh do gach aoinne díobh éadaigh fhada ghléigeala: agus dubhradh leo
sguireadh ar feadh tamaill bhig, nó go mbéadh (uimhir) a gcómh-
shearbhfhóghantuidhthe agus a ndritháracha ar n-a cóimhlíonadh, a bhí le
marbhú mar iad-san.” (1) Tá mairtíreacha ár dtíre i láthair Dé anois,
ag éigheamh Air, “An fada a bhéas tú, a Dhia, gan díoghaltas do
dhéanamh ar son ár bhfola?” Agus deir Sé leobhtha sguireadh ar feadh
tamaill bhig. 'Seadh, tamall beag eile. B'fhéidir go gcaithfidh a
thuille againn aghaidh a thabhairt ar an mbás, sul dá mbídh uimhir ár
mairtíreacha ar n-a cóimhlíonadh, agus má's toil le Dia é sin, ní
loicfimíd ar ár muinntir. ‘An uair is géire an pian, iseadh is giorra
an chabhair.’ Is í Aoine an Chéasta anois í, agus is gearr go mbeiridh
Domhnach Cásga orainn. Annsin aiseireóchaidh Éire go glórmhar
do-mharbhthach, le congnamh Dé, agus bhéaraidh sí an Solus do chineadh-
chaibh an domhain mhóir; agus gach duine d'ár muinntir d'ár marbhuighead
agus d'á marbhóchar ar son an chirt, bhéidh sé “'n-a lóchrann ar lasadh
agus ag taithneamh,” (2) ag tabhairt soluis na fírinne agus an chreidimh
do'n chine daonna ar fuaid an domhain, agus do lucht a marbhtha
féin…



V.



Ach an drong do chéas ár dtír, agus do chuir an droch-bhail sin
uirthi, is eagal liom go bhfuil droch-chríoch i ndán dóibh, mura bhfuil ag


L. 104


Dia. Tá peacaí ann a bhíonns ag éigheamh ar Dhia ag iarraidh
dhioghaltais:



“Na ceithre pheacadh-sa bíd
I bhfiadhnaise an Áird-Rígh,
Ag iarraidh géar-smacht do theacht,
Ar dhroing dhéanta na bpeacadh;
Peacadh Sodoim, peacadh feill,
Éagnach baintreach fá einghreim,
Bheith daor le dílleachta lag;
Allus aisge na saothrach.”



Is mairg do'n druing úd, do dhoirt amach fuil na nGaedheal gan chúis
gan ádhbhar!



Is mairg dóibh, a d'fhagh máithreacha bochta na h-Éireann fá bhrón ag
caoineadh a gclainne!



Is mairg dóibh, do bhrir croidhthe na mbaintreach agus na gcailíní
óga!



Is mairg do'n druing úd, a thug an uile shaghas droch-úsáide d'fhearaibh
óga gan urchoíd gan choir i bpríosúnaibh na nGall!



Is mairg dóibh siúd, do bhain an glaodhach bog brónach sin, ‘cá bhfuil
m'athair' as dílleachtaibh laga, agus d'fhág go h-aonraic iad!



B'fhearr linn go bhféadfaidhe an drong úd do smachtú anois,
i gcruth 's go mbéadh faill acu a leas a dhéanamh. D'á bhrígh sin,
bímís ag guidhe ar a son. Is treise le Dia ná le comhacht an
dorchadais. Má chuirimíd le chéile, agus muinighin a bheith againn as
Dia, agus cabhair agus congnamh do thabhairt d'á chéile le gníomharthaibh
agus le h-urnuighthibh, béidh linn. 'S'é mo thuairm láidir gur choinnigh
Dia T. Mac Suibhne agus na buachaillí eile an fhaid sin gan bás
d'fhághail i n-aon turas féachaint an dtiocfadh aithreachas ar lucht a
marbhtha. Ní tháinic, ámhthach. Fearacht Pharaoh an t-Sean-Reachta, do
dhalladar a súile agus do dhúradar a gcroidhthe. Agus anois, níl aon
áird acu ar chomhairle, ar cheart, nó ar ain-cheart. Go dtugaidh Dia
radharc dóibh! Caithfear an t-uabhar agus an sotal do bhaint asta.
Iarraimís, d'á bhrígh sin, ar Dhia na glóire tré imridhe Phádraig
naomhtha, agus Cholm-cille, misneach agus meanma do chur i gcroidhthibh
muintire na h-Éireann, agus a chur d' fhiachaibh ar lucht na h-éagcóra
dhéanamh a rádh go h-úmhal i láthair Dé, ‘peccavimus’ (tá peacuighthe
againn). Is cóir do gach uile dhuine againn bheith ag guidhe go
dúthrachtach de ló is d'oidhche ar son ár muinntire féin, agus ar son
an námhad.


L. 105


Iarraimís ar Dhia, tré impidhe na Maighdine Muire agus Bríghde
naomhtha, an brón agus an bhuaidhirt do thógáil de chroidhthibh na máith-
reacha, na mbaintreach, agus na gcailíní, agus sólás agus sonas do
thabhairt dóibh.



Urnuighe.



Go mbuanuighidh Dia Éire. Beannuighthe go raibh a h-easbuig, a
sagairt' agus a h-eaglaisigh. Dia d'á seóladh go léir ar a leas, mar
aon le n-a taoisigh, a cáirde, i's a muinntir.



A Phádraig, a abstoil na h-Éireann, guidh orainn.



A Bhríghde, a Mhuire na nGaedheal, guidh orainn.



A Cholm-cille, a dheoraidhe uasail, guidh orainn.



AN BRÁTHAIR BENEDICT.



(A chríoch san.)


L. 106


CNAMHA GAN FEOIL.



CRÍOCH AN DUINE.



Isé Dia an tobar as a dtáinig gach rud. Fillidh gach nídh air leis.



(a) Cad chuige gur dhein sé an duine?



(1) Chun a ghlóire féin. Dá shuaraighe thu is chuige sin a cru-
thuigheadh thu.



(2) Chun aoibhnis na bhFlathas do thabhairt duit. Nách trócaireach
é Dia agus a rádh ná fuil uaidh ach tu chur ar do leas.



(b) Cad na thaobh gur ceart duit beart a dheanamh dá réir.



(1) Mar ná féadfá aoíbhneas i gceart a bheith agat ach ar an
gcuma san.



(2) Mar, mara ndeinean tu an méid sin, beidh brón agus díth
i d'chóir go síoruidhe.



(3) Mar ná fuil ach an dá taobh ann. Is ort féin atá taobh
acu san do thoghadh agus do chur i n áirighthe dhuit féin.



(4) Ní ró dheachair i n-aon chor é. Thug Dia gach cabhair a's
congnamh duit chuige. Dein iad do chur i bhfeidhm.



(c) Táid na constaicí romhat; ach ní ceart duit gan cur 'n-a gcoinnibh
go fearamhail agus go seasamhach.



A Thighearna cuir i n-úil dom cad í an chríoch a bhéarfidh me, agus
an mór iad mo laetheanta, ionnus go mbeidh fhios agam cad tá i
n-easnamh orm. — (Psalm xxxvii.i. 5.)


L. 107


AN NODLAIG.



Sneachta! Sneachta! Sneachta! Sneachta agus é ag tuitim
'na cháithníníbh — cáithníní móra, troma; cáithníní beaga, éadtroma;
cáithníní boga, deasa, a cheangluigheann go grádhmhar dot' mhuineál
agus dot' aghaidh; cáithníní cruadha, dána a thugann buille fan na
sróna duit nó ar do phluic mar adéarfaidís, “Imthig as mo slíghe, a
ropaire;” cáithníní tirme a bhriseann san aer agus a thuiteann síos
chun tailimh i n-a smúid; cáithníní fliucha a leaghann ar an talamh! A!
is aoibhinn teacht isteach as an stuirm agus suidhe síos cois teine,
te, tuaichioll, tarruingeach, na lasracha lonnracha ann ag léimt
suas an séimiléar, agus féachaint a thabhairt amach ar na daoinibh
agus iad ag brostugadh abhaile tríd an stuirm, a gcinn ar cromadh,
agus a mbeart bronntanas agus bídh i gcóir an lae bháraigh aca.
Féach ar an bhfeirimeóir sin agus é ag gluaiseacht abhaile. Beidh sé
air aige a thig a shroisint anocht. Leanaimís é ar a thriall.


L. 108


Cheana féin tá an sneachta ag stad. Acht — rud is mheasa do'n
fheirmeóir agus d'á chapall — tá sé ag cur sheaca go tiugh, chóm tiugh
san, go deimhin, gur ar éigin is féidir leis an gcapall siubhal ar an
mbóthar. Tá an ghealach na suidhe anois agus tá a solus fuar, bán
ag lasadh an reóithín agus an sneachtaidh go glinn gléineach. Nach
árd an fothrom a dhéineann gíoscán agus cnagarnach na trucailleach,
agus srann agus saothar anála an chapaill in aer na h-oidhche! Suas
síos na cnuic: an stadfaidh siad choidhche? Tarraingeann siad i n-aice
a mbaile fé dheireadh. Cloiseann na buachaillí istigh iad agus amach
leó. Stiúiríghid an capall isteach go dtí an macha. Isteach san
tigh leis an bhfeirmeóir. Tá sonas agus suairceas ar lasadh i n-aghaidh
gach uile dhuine ann. Agus cad na thaobh ná beadh? Nach í seo
oidhche Nodlag — oidhche thar gach uile oidhche eile san mbliadhain.



Féach ar an gcistin féin! Nach deas, glan í i gcóir an lae
bháraigh! Teine mhór mhónadh ar dóigheadh ar an teinteán; an t-úrlár
scuabtha go cúramach; cuileann agus eidhneán thar an doras agus ar
na fallaíbh; agus — rud níos mó agus níos fearr ná iad seo go léir
— an choinneal Nodlag agus í na seasamh ar an mbórd cois na
fuinneóige.



“Bain díot do chóta mór, a Shéamais, a chroidhe istigh,” arsa bean
an tighe, “is dócha gur beag ná fuilir it' lic oidhre ó bheith it' shuidhe
chómh fada san ar an trucaill úd. Téidh tú féin an fhaid is atá na
buachaillí ag cur an chapaill agus na trucailleach isteach.”



Suidheann sé síos go dtí go dtagann na buachaillí isteach.
Annsan lasann sé coinneal bheag, múchtar gach solus eile agus
tarraingeann sé i leith go dtí an choinneal Nodlag. “Go mbeirimíd
beó ar an am seo arís,” adeir sé go cráibhtheach agus é ghá lasadh.
“Amen, a Thíghearna,” adeir an chuid eile aca. Steallann sé uisce
coisreacan ortha annsan, agus air féin. Deirtear an paidrín
páirteach i n-a dhiaidh san. Agus ar feadh an phaidrín agus na
h-oidhche ar fad, bíonn an choinneal sin ar lasadh go seasmhach, socair —
cuireadh do'n teaglach naomhtha teacht isteach chúcha, má bíonn siad
arís ag gabhail an bhóthair mar a bhíodar fadó i mBetlethem. Ní
h-amhán sa tig seo, ámh, atá an cuireadh le feiscint. Amuigh ar na
sléibhtibh loma, i ngleanntaibh foithneacha, cois abhann mór agus
srotha ar a bhfuil an leac oidhre, tá coinneal na Nodlag le feiscint
i bhfuinneóig gach cistin, agus tá doras gach tighe ar leath oscailt.
San chathair féin is féidir iad d'fheiscint.



Agus anois tá an uair sholamhanta naomhtha sin, an uair i n-a
rugadh Íosa Críost féin — uair an mheadhan oidhche — ag déanamh orainn.
Tá ciúineas an bháis ar gach aon rud: níl fothrom ar bíth le clos acht


L. 109


an ghaoth ag déanamh ollagóin sa choill agus an abha ag déanamh dórd
thar na clochaibh. Go h-obann cloistear na cloga agus iad ag bualadh.
Sar i bhfad, tá figiúirí beaga dubha le feicsint ag druidim síos an
bóthar, ag déanamh ar an séipéal beag atá ag lasadh le soillsibh. Ós
a gcionn tá an spéir dhubh-ghoirm ar nós sróill, na réiltíní bána ag
casadh go h-aoibhneasach ann, agus an ghealach bhán airgeadamhail ag
taithneamh ar an sneachta fé na gcosaibh. Sroiseann síad an séipéal
— isteach leó. Cheana féin, tá an “Adeste Fídélés” dá chánadh aca.
Tagann an sagart isteach agus tosnuigheann an t-Aifreann.



Ó! má theastuigheann uait an díadhasamhlacht agus an chráibhtheacht
a bhí ag na mairtíreachaibh nó ag na príomh-Chríostaidhthibh, féach ar na
daoinibh bochta seo, a gcinn ar cromadh, gan suim ar bith aca i n-aon
rud acht amháin i nDia. Féach ortha anois, tar éis an Aifrinn, bailighthe
mór dtimcheall “an Crib.” Ní Crib saidhbhir breágh atá ann — ní h-eadh.
Tá sé bocht símplíghe acht is cuma leó san. Tógann sé a n-anam-
nacha thar n-ais go laethantaibh Chríost. Bíonn sé mar chuimhneamh
dóibh ar na rudaíbh a tuit amach an lá úd, na céadta blian ó shoin.
Labhrann an Leinbhín sin leó, mar a labhair na h-aingil leis na haodhairibh:
“Connus an bhféadfadh sibh droch-aigne nó mioscais a bheith i nbhúr
gcroidhthibh d'éinne indiu? Bíodh siothcháin eatorraibh, a Chríostuidhthe,


L. 110


agus na dearmhaididh na bochta.” Tagaid amach caradas agus siothcháin
i n-a gcroidhthibh. Tá gach aoinne go sonasach, suairc. Fé scamall na
h-oidche, cloistear ar gach taobh: “Nodlaig shona dhuit!” “Gurab
amhlaidh dhuit!” “Go mbeirimíd beó ar an am seo arís!” agus mar
sin de. Ar fuid na tíre, os comhair gach séipéail, tá rud éigin d'á
leithéid ar siubhal. Tá na bochta ag imtheacht, agus a gcroidhthe lán
de ghrádh agus de charadas chómh lán is a bhí a lámha le biadh agus le
dígh le h-éadach agus le h-airgead roimhe sin.



Tar éis tamaill tagann an lá. B'fhéidir go bhfuil féachaint fuar
ar an ngréin, acht mar sin féin, is í maidean na Nodlag í, agus tá gach
aoinne go samh, socair, suaimhneach. Téigheann na buachaillí ag
tóruidheacht an dreóilín. Cloistear gach scread agus gach gáire
uatha agus iad ag gluaiseacht cois na faille. Féach ar an éinín mbocht
agus é ag déanamh iarracht ar éalughadh uatha. Acht, mo léan! Bheadh
sé níos fearr dó an bás a ghlacadh gan mhoill, mar, pé áit i n-a bhfuil
sé le feicsint, caithtear clocha, bataí, hataí — gach rud atá i n-a
lámhaibh aca — leis. Fé dheireadh, marbhuightear é, agus tógtar abhaile
é. Ar an tslíghe dóibh, castar an sagart ortha. “Anois, a bhuachaillí,”
ar seisean “nach ait an rud é díbh-se bheith ag rith i ndiaidh ainmhídhe
chómh beag, chómh neamhurchóideach san. Ná fuil aon náire orraibh ar aon
chor?” Cromann síad a gcinn, acht tar éis tamaill bhig, labhrann
duine aca leis. “Acht, a athair, deirtear gur scéith sé ar ár
dTíghearna fad ó.” “Bíoch sin mar atá, ní agaibh-se atá cead
díoghaltais. Agus ba cheart díbh cuimhneamh leis gur h-imreadh
díoghaltais air, dálta an scéil úd.” Acht ní deir sé a thuille,
acht siubhal leis, mar tá a fhios aige gur sean-nós é, agus go mba
chruaidh an rud é stad a chur leis. Cuirtear an dreóilín i leath-thaoibh
le h-aghaidh an lae bháraigh.



Tá sean-nós eile Gaedhalach ann i dtaobh na Nodlag a gcaithfear
trácht air. Ní bhíonn aoinne ag dul ar chuairt an lá so. Fanann gach
aon teaghlach i n-a theach féin. Chuala leis le déidheanaighe go bhfuil nós
eile aca annso agus annsúd ar fuid na tíre; sidé é, caithfidh gach
líontighe biadh agus deoch a thabhairt do thriúr daoine, fear agus bean
agus leanbh, a bhíonn ar lorg déirce, mar chuimhneamh ar an teaghlach
naomhtha agus ar an dtreó i n-a rabhadar lá Nodlag. Is an-deas an
nós é. Dá aindheóin seo, imthigheann an lá go tapaidh agus ní fada
go dtagann an oidhche arís.



Gabhaimís slán anois ag an teaghlach seo agus ag teaghlachaibh
eile d'á leithéid. Beannacht libh, a theaghlachaí Gaedhlacha! Beannacht
leat, a Nodlaig, go dtí tú chughainn arís! Beannacht leat!



Pádraig Ó Catháin.


L. 111


MISNEACH.



Tá misneach le tamall ar fhearaibh na h-Éireann,
Óró, corruigí, tiocfaidh an cath,
Ní maith leo bheith feasta ag brath ar stróinséiribh,
Molaim an scéal 'sis maith liom a bhlas.
Corruigí, bailigí, 'fheara na h-Éireann,
Óró 'n gleo 's tosnochaidh sara fad,
Ní baoghal dúinn feasta ach seasamh le chéile
'S raghaidh an stróinséar an dorus amach.



Bhí thiar ar an nduine nár dhein a ghnó féinig,
Óró, corruigí, tiocfaidh an cath,
Sin ceacht 'tá 'n-a teagasc le tamall i n-Éirinn,
Molaim an scéal 'sis maith liom a bhlas.
Corruigí, &rl.



A misneach do mhúscailt ba mhithid do Ghaedhlaibh,
Óró, corruigí, tiocfaidh an cath,
'S a náimhde do ghlanadh thar caladh as Éirinn,
Molam an scéal 'sis maith liom a bhlas.
Corruighí, &rl.



Árdughadh ana a 's meas ortha féinig,
Óró corruigí, tiocfaidh an cath,
Ní'l siad i n-easnamh ar Fhearaibh na h-Éireann,
Molaim an scéal 'sis maith liom a bhlas.
Corruigí, &rl.



Is gearr go mbeidh saoirse i n-uachtar ag Gaedhlaibh,
Óró, corruighí, tiocfaidh an cath,
'S a mbratach go bríoghmhar ag luascadh le gaothaibh,
Molaim an scéal, 'sis maith liom a bhlas.
Corruigí, &rl.



'Sis gearr go mbeidh Seán Buidhe ag imtheacht as Éirinn,
Óró, corruigí, tiocfaidh an cath,
Sin réiteacas fáidh agus seanchas éigse,
Molaim an scéal 'sis maith liom a bhlas.
Corruigí, &rl.



Cathoir Ua Braonáin.


L. 112


LEITIR THIMPAIL AR STÁID LUCHT OIBRE;



Ó N-ÁR N-ATHAIR RÓ-NAOMHTHA AN PÁPA, LEO A TRÍDÉAG.



AR LEANMHAINT.



[Fógarthar gach ceart ar cosnamh.]



An tAthair Peadar Ua Laoghaire, Canónach, d'aistrigh.



Thaisbeánamair thuas go bhfuil sé do réir dlíghe nádúra a chuid
féin do bheith ag gach duine fé leith. Leanan an dlígh sin an duine
nuair a bhíon sé 'n-a cheann ar líntíghe. Tá ceangailte ar athair
clainne ar chlann do chothú agus éadach do chur ortha agus iad do
thógaint mar is ceart. Tá an dligh sin daingean ar an athair do réir
nádúra. Tá ceangailte air sligh mhaireachtaint do chur i n-áirighthe
dhóibh, do réir a ghustail, i dtreo go mbeidh ar a gcumas iad féin do
chimeád suas mar is cuibhe agus gan dul le fuacht a's le fán ar an
saoghal. Ní féidir do'n athair an nídh sin a dhéanamh i n-aon chor mura
n-admhuighthear gur leis fein fé leith pé fagháltas coda atá, go bhfuil
neart dó úsáid a dhéanamh de do réir a thoile i gcaitheamh a bheatha
agus é fhágaint le n-uadhacht agá chlainn. Societas i gceart iseadh
an líntíghe, chómh maith leis an stát, agus tá a smacht féin air ó'n
dtaobh istig, smacht an athar. D'á bhrígh sin, chómh fada agus a théidhan
gach gnó a bhainean leis an líntíghe féin, do réir a nádúra féin, gan
dul lasmuich des na gnóthíbh sin ar a bhfuil seasamh an líntíghe, agus a
shaor-bheatha dhleaghthac, tá a cheart féin ag an línthíghe, chómh maith, an
chuid is lugha dhe, agus atá ag an stát. Deirim an chuid is lúgha dhe
chómh maith, mar, ó'tá an chualacht bheag ar a dtugtar líntíghe, níos sia
ar an saoghal 'ná mar atá aon cheann des na cualuchtaíbh móra ar a
dtugtar rígheachta poibilídhe, tá tusach do réir nádúra ag ceart an
líntíghe ar cheart gach righeachta poibilídhe. Ach má's cosg i n-inead
conganta, má's díobháil i n-inead tairbhthe, atá le teacht chun na
ndaoine, chun lucht an líntíghe, ag dul isteach dóibh sa chualacht mhór, sa
stát, is díreach gur b'é a leas fanmhaint lasmuich dhe.



Dearmhad mór, d'á bhrigh sin, dearmhad tiubaisteach, iseadh a mheas
go bhfuil sé dleaghthach, do'n stát a lámh do shádh isteach, do réir a thoile
féin, i ngnóthíbh prímháideacha an líntíghe. Gan amhras, dá ráinígheadh
líntíghe bheith i ngéibhinn chruaidh agus gan ar a gcumas iad féin


L. 113


d'fhuasgailt as an ngéibhinn, bheadh sé ceart ag an stát cabhrú leó. Is
cuid de'n stát gach líntíghe. Ar an gcuma gcéadna, dá ráinigheadh
toirmeasg ag muintir an tíghe á dhéanamh éatartha féin agus éugcóir
acu á dhéanamh ar a chóile, bhéadh sé ceangailte ar dhligh na rígheachta
teacht agus a chur fheuchaint ar gach duine acu bheith sásta le n-a cheart
féin. Ní baint ó cheart an duine é sin ach cabhrú leis. Tá cean-
gailte ar dhligh na rígeachta, amhthach, gan dul a thuille ach stád ar an
áit sin. Ní féidir do dhlígh na rígheachta úghdarás an athar do chur ar
neamhnídh ná do thógaint chuige féin, mar do shíolruigh an t-úghdarás
san as an dtobar gcéadna as ar shíolruigh an duine féin. “Is leis
an athair an leanbh.” Isé pearsa an athar é, mar a déarfí, ar lean-
mhaint, agus ag labhairt le cruinneas, ní de bhithinn a chirt féin a
ghlacan an leanbh inead ameasg na poibilidheachta ac de bhithinn cirt
an líntighe i n-ar rugadh agus i n-ar tógadh é. Is tré neart na fírinne
sin díreach, .i. “Gur leis an athair an leanbh,” adeir Naomh Tomás;
“sar a dtagan ciall agus saor thoil don chlainn táid siad socair fé
chúram athar agus máthar.” An “Sucialist,” d'a bhrigh sin, nuair ba
mhian leis an chlann do tharrac ó chúram athar agus máthar agus iad do
chur fé chúram an stáit, is amhlaidh ba mhian leis gabháil i gcoinnibh dlighe
nádúra an duine agus cómhcheangal an líntighe do bhrise as a chéile.



Agus, i n-éaghmuis ná h-eugcóra a thiocfadh as a leithéid sin
d'obair, is léir le feisgint cad é an suathadh, agus cur thré chéile, a
dhéanfadh sé ar aicmeachaibh daoine an tsaoghail, agus conus mar a
chuirfadh sé daoirse agus cruadhtan grána ar na daoine. Do
h-osgalófí an tsligh do gach aon saghas formaid agus tromuigheachta
agus imreasáin. Do stadfadh gach fás saidhbhris mar ní bheadh aon
fhonn ar aoinne chun oibre dhéanamh, le neart cuirp ná le h-éirim
aigne. Agus an “mar-a-chéile” seo a maoidhtear dúinn, do thiocfadh
sé gan amhras, ach is amhlaidh a beadh na daoine go léir ar lár i
n-aonfheacht, “mar-a-chéile” i n-oireasba, gan chlú gan cháil.



Chítear as san, an chómhairle sin an tSocialist, .i. gur ceart
saidhbhreas an domhain do bheith i gcómhsheilbh, .i. gan aon rud a bheith ag
aoinne fé leith, ach seilbh i bpáirt ag na daoine go léir ins gach aon
rud, gur ceart díultú dhí glan, mar gur b'amhlaidh a dhéanfadh a
leithéid sin do shocarú díobháil thiobaisteach dos na daoine céadna so
go meastar tairbhthe dhéanamh dóib leis; go mbeadh sé i gcoinnibh cirt
nádúrtha gach duine fé leith agus go ndéanfadh sé an phoibilidheacht
go léir do chur i n-aimhréidh agus i measgán mearaidhe. Da bhrígh sin,
pé tairbhthe is áil a dhéanamh do'n phoibilidheacht, ní foláir an t-aon nídh
amhain seo bheith mar chloch-bhuinn fé'n ngnó, sé sin a chuid féin fe leith,
do chur i n-áirighthe agus do chosnamh, do gach duine fé leith.



Ó tá san mar sin tabharfimíd aghaidh ar conus, agus ar cad as, a
soláthrófar an tairbhthe seo atá ar iaraidh. Ní miste dhúinn aghaidh a
thabhairt go dána ar an gceist sin. Is ceist í a bhainean, ó cheart, le


L. 114


n-ár ngnó féin, óir is ceist í ná réidhteófar i gceart choidhthe mura
nglaoidhtear isteach sa réidhteach an Eaglais agus a riaghalta. Agus,
ó's againne is mó atá dlighthe agus riaghalta na h-Eagailse, agus an
Eaglais féin, do chosnamh agus do riaradh, ba chailleamhaint ar ár
ndualgas dúinn gan labhairt. Is fíor go bhfuil éileamh ag an nídh seo
ar chúram ó dhaoinibh eile, leis; ó riaghaltóiribh stát; ó ríogra; ó
mháighstiríbh; ó lucht saidhbhris; agus ó'n bproletariacht so féin go
bhfuil an t-aighneas ar a son; ach deirimíd an méid seo gan amhras,
is i n-aistear a bheidh gach saothar daoine ann má fágtar an Eaglais
lasmuich dhe; óir is léir gur ag an Eaglais atá nochtadh do dhéanamh,
as an Soisgéal, ar na teagasgaibh tré n-a bhféadfar deire chur leis
an aighneas, nú ar aon chuma baint ó n-a ghéire agus é bhogadh. Isí an
Eaglais a bhíon ag obair ní h-amháin chun aigne an duine do teagasg
ach fós chun an duine do sheóladh ar a leas le riaghaltaibh maithe.
Cuirean sí feabhas ar staid na proletariachta féin le mórchuid de
chualachtaíbh tairbhtheacha do chur ar bun. Agus bíon sí i gcómhnuighe
ag déanamh a díthil chun cómhairle agus cómhacht gach aicme do chur
ag obair i n-aonfheacht, a d'iaraidh staid lucht oibse do chur i bhfeabhas.
Agus isé a meas gur ceart, chuige sin, úsáid a dhéanamh, mar is cuibhe
agus mar is cóir, de dhlighthibh agus d'úghdarás riagaltas poibilídhe.



Deintear deimhin de'n meid seo ar dtúis, .i. nách foláir an chine
daona do ghlacadh mar atá sí. Ní'l aon bhreith ar iachtar agus uachtar
do chur ar aon dul amháin sa phoibilídheacht. Táid na Socialistigh ag
tnúth chuige, ach tá a saothar i gcoinnibh nádúra, agus is saothar i
n-aistear é. Nílid na daoine mar a chéile do réir a nádhúra. Tá
deifrígheachtaí móra idir dhuine agus duine. Ní mar a chéile éirim
aigne acu; ná fonn gnótha; ná sláinte; ná neart cuirp. Tagan
as san, gan aon teip, nách mar a chéile saidhbhreas saoghalta acu.
Agus ní díobháil, ach is tairbhthe, do gach duine fé leith agus do'n
phoibilídheacht, a dheinean an deifrígheacht san a bheith, do réir nádúra,
idir dhaoinibh. Oirean saighseana fé leith oibre do bheatha phoibilidhe na
ndaoine. Leanan aoinne amháin an saghas oibre dhíobh san is feárr a
thaithnean leis. Leanan duine eile saghas eile. Ansan bíon gach
saghas toradh ag an bpoibilídheach, agus ag gach duine fé leith.



Agus i dtaobh oibre cuirp, dá bhfanadh an duine ar a staid gan
peaca ní gan saghas éigin oibre cuirp a bhéadh sé. Ach an obair a
ghlacfadh sé an uair sin le lán-toil agus le taithneamh, dob éigin dó í
ghlacadh 'na dhiaidh san i gcoinnibh a thoile, mas gheall ar a pheaca, mar
phionós: — “Mallacht do ghnímh ar an dtalamh! Led' shaothar iseadh
íosfir do chuidh bídh uaid i gcaitheamh laethanta do bheatha go léir.”
Ar an gcuma gcéadna, ní'l aon deire ná aon stad le bheith ar
phiantaibh ná ar chruadhtanaibh na beatha, ar an saoghal so, óir is teinn
le fulag iad na h-uilc a thagan ó'n bpeaca, agus is deacair; agus ní
sgarfid siad leis an nduine an fhaid a mhairfidh sé. Tá, d'á bhrígh sin,
i ndán do'n duine bheith ag fulag trioblóidí, agus pé dítheal a


L. 115


déanfar ar na trioblóidíbh sin do chur i leithtaoibh ó'n nduine ar an
saoghal so is dítheal i n-aistear é. Agus má deir aoinne a mhalairt,
má deir aon duine go bhfuil ar a chumas beatha shuairc, gan bhuairt gan
trioblóid, do thabhairt do dhaoinibh bochta mífhoirtiúnacha, deir sé an
t-éitheach; ag mealladh na ndaoine atá sé agus ag méadú na n-olc
dóibh ar ball. Is feárr go mór aghaidh do thabhairt ar an bhfírinne
agus an fhírinne dh' admháil i dtaobh an chuma 'n-a bhfuil an duine ar
an saoghal, agus ansan, bogadh éigin ar an gcruadhtan do lorg ar a
mhalaint de shligh seachas slígh an tSocialist.



Dearmhad bunaidh sa ghnó so isteadh a mheas go bhfuil sé do réir
nádúra aicme bheith i gcoinnibh aicme, gur namhaid aicionta dá chéile
an aicme shaidhbhir agus an aicme bhocht, agus nách foláir an dá aicme
sin a bheith coitchianta ag troid i gcoinnibh a chéile, do réir nádúra.
Tá san chómh mór bun ós cionn leis an gceart gur 'n-a mhalairt ar
fad atá an fhírinne. Fé mar a chabhruighid na balla beatha le chéile, i
gcómhghleus, i gcorp an duine, agus nách féidir do bhall acu bheith beó
agus a dhualgas aicionta do chómhlíonadh chun a shástachta féin, gan
congnamh agus comh-obair ós na ballaibh eile, mar sin díreach atá ag
an stát. Tá gádh ag gach aicme daoine le gach aicme eile daoine,
agus ní bhíd na h-aicmeacha go léir ar a sástacht, agus an rath ar gach
aicme agus ar an stát, ach nuair a chómhlíonan gach aicme a dualgas
féin go dílis agus go macánta. Tá gádh ag gach aicme le gach aicme
eile. Ní féidir lucht saidhbhris a bheith ann gan lucht oibre bheith ann.
Agus ní féidir lucht oibre bheith ann mura mbeid daoine ann a dhíolfidh
as an obair. Má oibirighid an dá aicme a' láimh a chéile, do thoil a
chéile, beidh sástacht ar gach taobh go breágh réidh. Má bhíd an dá
aicme sin ag gleic agus ag troid le n-a chéile coitchianta, ní bheidh sa
dúthaigh ach círéip agus measgán mearaidhe.



Chun imreasáin do chosg, ámhthach, agus chun préamhacha an imreasáin
do ghearradh, ó iachtar, is ró thairbhtheach iad, agus is ró éifeachtamhail,
na dlighthe agus na riaghalta atá ar bun ag Eaglais Chríost. Ar
dtúis, isiad dlighthe agus riaghalta na h-Eagailse na neithe is feárr
cumas ar aicme an tsaidhbhris agus an phróletáireait do thabhairt chun
réidhtigh le n-a chéile, mar taisbheánaid siad do mhuinntir gach aicme
dhíobh an rud atá ceangailte ortha a dhéanamh do'n aicme eile, go mór
mór chómh fada agus a théidhean ceart. Taisbeánaid siad do'n fhear
oibre agus dho'n cheárdaidhe, conus mar atá ceangailte ortha an obair
ar ar shocaruighdar a dhéanamh go macánta, do réir chirt; gan díobháil
a dhéanamh do chuid an mháighstir, ná d'á phearsain; a gceart féin do
chosaint gan éiginn, gan bhruighean, gan acharan; gan aon chómhluadar
a dhéanamh leis an lucht so a thugan cómhairle aimhleasta do dhaoine
bochta, agus geallamhna móra, geallamhna nách féidir a chómhlíonadh,
agus ná tagan asta choidhche ach an donas, agus ná tuigtear an t-olc
a dheinid siad go dtí go mbíon sé ró dhéanach.



[Ní Críoch.]


L. 116


CÚINNE NA MAC LÉIGHINN.



NA h-AISTIDHE.



Tá an chéad chomórtas thart. Tá buaidhte ag Pádraig Ó Catháin
ar a rabh ag iomaidheacht i n-a choinne. Fuair an t-aiste a scríobh
seisean an chéad áit. Bhí iongnadh a chroidhe ar an Scrúduightheoir
nuair a chonnaic sé gur buachaill as Béal Feirste a fuair an chéad
duais. Bheadh iongnadh ba dhá mhó ná sin air dá mbeadh a fhios aige
gur ab í Gaedhilg an ghnáth-theanga ag teaghlach Uí Chatháin. Bhronn an
t-athair agus an mháthair ar na páistí an Ghaedhilg bhinn bhlasta a rug
siad leobhtha ó shléibhtíbh Chorcaighe Duibhne go bun Bhinne Madagáin.
Maith thú, a Phádraig! Ghním cómhgháirdeachas leat agus tá súil agam
gur minich a tchífear thú i gCúinne na Mac Léighinn arís. Acht cogar i
leith chugham, a Phádraig! Is iongnadh liom gur chuir an fear eagair
an t-aiste úd i gcló ar chor ar bith i lár an gheimhridh agus an méad
sneachta atá ann! Tá súil agam nach mbeidh sé de dhánuidheacht ag
aonduine é a léigheamh gan cóta mór a chur air fhéin roimh ré. Bheadh
slaghdán air i ndiaidh a léighte go ceann lae agus bliana.



Ba bheag nach dtainig Dáithí Ó Cinnéide agus Énri Ó Luain suas
leis ins an rása. Muna b'é go ndearnaidh an bheirt sin tuisleadh
annsiúd agus annseo, bheadh an Scrúduightheoir i gcruadhchás eadar dhá
chomairle ar ciaca a b'fhearr. Acht tuisligheann saoi, ar ndóighe.
Bíodh misneach agaibh! Tá focal molta tuillte ag Seán Mac Énrí
mar a gcéadna. B' an-bhreagh an t-aiste a scríobh seisean fósta.
Beidh lá eile ag an Phaorach! Tá ar mbuidheachas ag dul do dhuine
eile ar a dtugtar an t-ainm céadna. Tá Seán Mac Énrí a rinne
an dá phictúir deasa úd le h-aghaidh an aiste ar díbirt ó Óileán na
Bainríoghna fá láthair.



Ar mhiste damh a fhiafruighe cá bhfuil na cailíní? An bhfuil
faitchios orra teacht isteach i gCúinne na Mac Léighinn? Ná bíodh
faitchios oraibh-se, a chailíní, teacht isteach agus suidhe síos cois na
teine agus bhur scéal a innsint. Ní holc an saghas duine mé, cé go
bhfuilim “i n-achrann daingean na mblianta.”



“Is deas mo bhéal, mo dhéad, 's mo gháire,
Is geal mo ghné is tá m' éadan tláith tais.”


L. 117


Tigigí isteach i gCúinne na Mac Léighinn gan scáth gan eagla. Ná
leigigí an chraobh leis na buachaillí ar fad. Oirfidh an chéad chomórtas
eile daoibhse go háluinn. Seo é é: —



An té is fearr a scríobhfas aiste ar Bhrighid na nGaedheal gheobhaidh
sé púnt uaim.



Coingeallacha: —



1. Leitir a chur isteach ó shagart nó ó mhúinteoir chun a chruthú
go ndearnaidh an t-iomaidhtheoir an t-aiste as a stuaim
fhéin.



2. An t-aiste bheith istigh ag an Fhear Eagair, 47 Westland Row,
Baile Átha Cliath, roimh Lá Fhéile Pádraig.



COMÓRTAS EILE.



Cuirfidh mé os comhair bhur súl annseo comórtas eile a bhaineas
leis an tSíoladóir. Ís beag buachaill nó cailín a thug fa dear é go
fóil cé go rabh sé le feiceáil ins an dá uimhir atá i gcló cheana féin.
Seo mar atá sé de. Ní mhairfidh an Síoladóir i bhfad gan a lán léigh-
theoirí. Léightheoirí is mó atá uainn fá láthair. Caithfidh gach Gaedhilgeoir
congnamh a thabhairt. Gach duine a thugas cogar i dtaobh an tSioladóra
i gcluais a chomharsan agus a gheibh léightheoir nua dá bharr, tá an deagh-
shíol craobhscaoilte aige. An té a sholathruigheas fiche léightheoir nó an
deichniubhar féin, nach dóigh leat go bhfuil gníomh uasal déanta aige ar
son an chreidimh agus ar son na teanga, muna mbíonn sé de shólás
aige an duais atá geallta annseo a fhághail. Fuair Seán Mac Guaigín
an duais i mí Lughnasa agus Seoirse Mac Gabhráin an duais i mí na
Nodlag. Is as Béal Feirste do'n bheirt sin. Déarfainn nach bhfuil
buachaillí Bhéal Feirste i n-a gcodladh. Nach bhfuil talamh maith i
gceanntaraibh eile le h-aghaidh síl na Gaedhilge? Déanadh gach éinne
a shean dícheall as seo amach. Seo é an comórtas: —



Bhéarfar púnt mar dhuais do'n té a chuirfeas isteach chuig
Muintir Mhic an Ghiolla an liosta is mó de cheannuightheoirí an
tSíoladóra le haghaidh na bliana seo.



Coingeallacha: —



1. Caithfidh gach liosta bheith istigh roimh Lá Fhéile Pádraig.



2. Caithfidh 10/— a bheith mar aon le gach liosta ar son gach
ainme ann.


L. 118


TUARISC NA MAC LEIGHEANN.



BUADH. NA NODLAG.



CEACHT A DH'FHOGHLUIMIGH ADHBHAR SAGAIRT.



Ar maidin lae na Nodlag
I mBethelem rugadh leanbh beag.
Timcheall a chinn bhi lonnradh
Is Iosa ab'ainm Do.
D'a mhathair ar dtuis a dhinnis Se
Muire a dh'innis d'Iosef e.
O Iosef a fuair na h'aingil an sceal
Is don tsaoghal o dh'innseadar san.



Mac-leigeann crostaltha beadh Nioclas. Nior sasugheadh riamh do;
nior thaithn formhor na mac-leigheann eile las. Bhiodar go ro mhinich
ar a sochracht is ghelleadar do riaghlacha an cholaiste; dob eagal doibh a
dtuairmeacha fein thabhairt uatha is seasamh ar a mbonna fein. Ni
bheadh cail ag einne aca mur ar chuireadar slighe stiurtha a saoighil fein
ar bun. Daoine gan beann aca, dar leis, ar chruadhtan an tsaoighil seo
b iad lucht stuirtha a cholaiste a bhi lastuaidh den gcathair Baile atha
Cliath.



Nion dhein aon adhbhar sagairt eile aca da raibh sa cholairte ceangal
charadais le Nioclas ach amhain beirt, o Bhaile atha Cliath duine aca is
thriall an mac eile o Shasana. Mholadar san le na ghliocas is chuireadar
dha fhocal le na bhfocal san. Daoine uaisle iad fein, beasanna is eadach
na n-uaisle a chaitheamh aca; daoine gur fiu feachaint suas chucha gan
dabht. “An Triur mhor” a ghlaodhtai ortha de bharr an uaisleachta a
bhi aca mar dheadh. Nior bhain Nioclas no einne da bheirt chomradaidhe
le cluicheanna is le sport na nadhbhar sagart ach bhi sede mhisneach ag
Nioclas labhairt sa chumann dios-poireachta. Na h-adhbhair cainnte is mo
gur thrachadar fein tharsa b'iad an grafadoireacht no na Radharcanna
mora a chonnacathas; go bhfaca reachtaire an cholaiste e ag bualadh buille
ar dhruim buachalla eile; cuireadch Nioclas go mor tre cheile. Com-
hartha charadais do reir Nioclais e. Mar b'shin i an tslighe a bhiodh aige
a charadas chur in iul do dhuine. Deargadh ar an aghaidh aige nuair a
chonnaic se an Sagart is an tsuil thug se air. Ba dhobair go bplaosgeaidhe
ar Nioclas leis an scannradh a bhi air. Focal ni dubhairt einne aca.
Deidheanuch san oidhche ni raibh Nioclas istigh leis fein nuair a bhuail
se ar dhoris an reachtaire. Diompugh se an lamh ar an ndorus is ar ball
bhe se agaidh ar agaidh leis an Reachtaire fein. Chun eisteachta d'fhaghail


L. 119


uaidh a thainigh se. Tugadh an ide do idtaobh gan srian do chur le na
charadas is le na bhuilli troma ar dhromana daoine. Do lean na laetheannta
ar a cheile is do lean Nioclas ar neamhshuim do chur i riaghlacha an
cholaiste. Ba chuma leis cad do thuit amach. Ragadh se is dheanfadh
se greas beag codlata igcaitheamh an stuideir do a gan fhios d'einne. Ar
maidin dheanfadh se greas beag eile is ni raghadh ar an Aifreann “Do
dhul amach as leabaidh a chomh fuar san de mhaidin, nach bog an
croiceann ata ar dhaoine.” Mar sin do ghoill an leisge air o la go la is
toisc nar bhain se le tuairimeacha na ndaoine chaitheadh se an oidche go
leir is cuid mhaith den la is e na shamh chodladh. Ghoilleadh an droch
aimsir is ni shasochadh an t ollamh so is an chead ollamh eile leis. Bhi
olc aige sara fada do gach einne is do gach aon rud. Ag gearan a bhiodh
se o mhaidin go h oidhche. San leitir a churfidhe chun a mhuinntire sa
bhaile biodh lan leathanaigh de ghearain innti. Thuigh a mhathair is an
chuid eile aca go raibh athrughadh tagaithe ar aigne Nioclais.



Maidean fuair a dheirbshuir Neilli leitir uaidh a radh go gcuirfeadh
se an bothar abhaile dhe an Satharn na dhiaidh sin. Laithreach tosnuig-
headh ar bheith ag glanadh urlair is fallai is bheith a ndathughadh is ar
an dtigh go leir do chur i gcrich. Bhi obair tri laetheannta aca. Chuireadar
chun oibre go dian dicheallach is bhi an rian san ar thigh mhuinntire ui
Haodha oidhche Dia h aoine. Bhi fuadar fe Neilli mar ba bhaoghal di go
ndeanfaoi dearmhad ar rud eigin. Ar eagla na h eagla chuaidh si fein is
seirbhiseach aici ag scrudughadh an tighe go leir is gha infhiuchadh is
ambasa feinigh nior fhan aon dubhan fhalla a gan fhios i dtigh a h athar.
La sneachtaidh Dia Satharn is chuaidh an maicin og o thigh mhuinntire
Ui h Aodha leis au gcapall chun Nioclas do bhreith abhaile o stad na
traenach. Is deallrathach gur bhain an sneachta an misneach de Nioclas
mar thug se an-ide don dritharain de bhrigh an mhoille a dhein se is an
bosca a chur isteach sa charr aige. Bhi an bosca ro mhor don mbuachaill
bheag is ghortuidheadh an lamh air. Ach ni raibt de thruagh ag Nioclas
ach a radh leis “a chonach san ort” is bagairt air brostughadh. Tughadh
cead mile failte don gcollaisteanach ar dhul isteach sa tigh do is gabh tocht
athais ar a mhathair. Ba ghearr go raibh an bord gleasta chun bhidh
is tugadh fleath na tuatha do Nioclas. Thug se bas obann don ochras
millteach a ghoill air deis an turais sa tsneachta.



Bhi suidhte ag an liontighe morthimcheall na teine mona is chonnaic
a mhathair na raibh an fheachaint athais ar bhiodh ann sar a dhfhag se
an baile ar aghaidh a mic. Bhi feachaint dubhach bhronach an oidche seo
air murab ionann a's na hoidhcheanta a chaith se sa bhaile sar a chuaidh
se go Baile atha Cliath. Dheanfadh si iarracht fios an Sceil dh'fhagail.
Bhi Nioclas fein ag miogharnaigh o theas na teine is e ag machtnamh ar
an saoghal fad o nuair a bhi an oige aige is bheadh se fein is na garsuin
eile thuas sa pharlus is sport an domhain aca d'eis teacht o scoil an
pharoiste dhoibh.



“Bhuil aon sceal nuadh o Bhail eatha Cliath agut a Nioclais” ars'a
a athair.


L. 120


“Nil” arsa Nioclas as ba leir na raibh fonn cainnte air.



“Cerbh iad na daoine a thainigh sa traen” arsa an tathair arist.



“Na raibh aithne agam ortha” ar seisean.



“Ni fulair” arsa a mhathair leis “no b fhuar do dhuine bheith sa
trean indiu is an sneachta a bhreith isteach ar a mbroga ag daoine.”



“Bhi fuacht orm” a dh' fhreagair se. Tuigheadh da mhathair
anois gur thug Nioclas a chomh ghearr d' fhreagra is d' fhead se. D'
fhiaghruigh si dhe an raibh saoghal maith sa cholaiste aca. Thainigh
an chainnt go h-obann go beal Nioclais is ni raibh na chumas gan
tromaidheacht ar mhuinntire an cholaiste. Dh'innis se doibh cionnus a
thog an Reachtaire is na buachailli air e toisc gur bhuail se buille ar
an mbuachaill eile sin. Ni raibh meas ag einne air ach beirt is do sheas an
triur aca an fod igcoinnibh an cholaiste ar fad. D'eist a athair go haireach
leis an sceal is thuig a mhathair cad ba bhun leis an aghaidh dubhach a bhi
air. “Dubhairt se na raibh aon smacht agam” arsa Nioclas is do phlaosg
se ag gol go fuidheach. Bhi truagh ag a mhathair is dhein si iarracht
sasamh aigne thabhairt do. Dubhairt leis narbh an ceart a rinne se is chur
igcoinnibh na ndaoine a bhi os a gcionn. Caithfidh gach duine geilleadh
do Dhia is ba choir go mbeadh gach duine againn ag cabhrughadh le na
cheile chun tola De do chomlionadh is an bheatha shiorruidhe dheanamh
amach. Biodh an gradh ata agat duit fein le tabhairt do dhaoine eile do
reir Chriost, is bhi gradh do-choimsighthe ag Criost don domhain go leir mar
thug se a bheatha ar a son is guidh sear son a naimhde.



Focal ni dubhairt Nioclas ach be a adhicheall e gan labhairt go feargach
no teicheadh as an ait. Gabh straidhn buile air. Thainigh gach uile
smuaineam isteach na cheann. Dheanfadh se e seo seadh! ni headh.
Dheanfadh se e sud. Cad adheanfadh se da gcuirfeadh a mhuinntir fein na
choinnibh. Amach leis fen aer is isteach sa chlos a chuaidh. An raghadh
se amach ar an saoghal is gno da chuid fein do chur chun siubhail; go direach
beadh saoirse a thola fein aige. Ni chiurfeadh einne smacht air annsan.
Dheanfadh se machtnamh air. Chuaidh se idtreo an tighe. D'fheadfadh
se an lion-tighe d'fheicsint ag an dteine is bhi a athair ag labhaint ar nos
duine go raibh buile air. Ba chuma leis, raghadh isteach is da bhaghadh se
an chuis chuige raghadh se — chuaidh se an dorus isteach is bhi an paidrin
idir lamhaibh ag a mhathair. Thug si an Choroinn Mhuire annsan.



Chuaidh Nioclas ar troscadh don Aifreann ar maidin lae na Nodlag.
Igcaitheamh na laetheannta dho, dhein se machtnamh ar an sceal a bhi le
socrughadh an tseachtmhain roimhe sin. Bhi an cheist reidhtighthe is
sean reidhtighte aige. Fanfadh se sa bhaile go deireadh na laethannta
saoire. La sneachtaidh la na Nodlag. D'imthigh Nioclas leis fein de shiubhal
a chos ar an Aifreann. Bhi an teampall lan de dhaoine roimhis. Seadh
bheadh an fuireann cheoil ann ag gabhailt don gceol indui, is an “Adeste”
a bheadh aca. Thainigh an sagart in eideadh is an cleireach is an leine bhan
air go bun na h-altorach. Deineadh comhartha na croise. In Nomine
Patris et Filii et Spiritus Sancti. — Amen. Is chuaidh na milte paidir suas


L. 121


chun De is chun a mhathar. Thug an fuireann cheoil an Kyrie. Is annsan
an sagart, gloria in excelsis Deo. Na ceoltoiri a lean do, et in terra pax
hominibus honae voluntatis. D'eis togala na Naomh-Abhlainne is an Naoimh
Chuirn thosnuigh an fuireann cheoil ar Adeste Fideles. Gabh tocht
athais ar Nioclas. Nior fhead se gan gradh a chleibh a thabhairt d'a Shlan-
uighteoir a bhi i ngiorracht cupla slat uaidh. Diarr se maitheamhnachas
Air. “Venite, venite in Bethlehem. Natum videte regem angelorum.
Venite adoremus. Venite adoremus Dominum. Ni fheadar cad e an sort
aigne ata agam na raibh an fior gradh agam d' Iosa. Venite adoremus. O
a Iosa cad fath gur bheag a bhi t'ainm ar an saoghal so nuair do rugadh tu i
mainsear an asail. Natum videte regem angelorum. Taisbean damhsa
umhluigheacht is cionnus Tu fein, Do chuid is gach rud do dheinis do
ghradhughadh. Deanfad e a Thighearna liom go la mo bhais mas toil leat
fein e.” Lean Nioclas ar bheith ag tabhairt a chroidhe uaidh go bhfuair se
Iosa fein ag an gcomaoineach. Labhair se leis. “An Dia a chruthuig is a
dhein me is thug a anam is a fhuil ar mo shon sa. Tog diom gach uile rud
ata sa domhain uaim ach do gradh-sa ionnus na cuimhneochad ar aon nidh
go brath ach Ort fein.” Chonnaic mathair Nioclais an taithneamh a bhi
na ghnuis o bhun an teampaill ar thacht anuas on altoir do is thuigh si go
raibh leigheas an bhroin faghalta aige.



D'eis an Aifrinn ghabh beirt garsun beag amhran. Bhi na focail chomh
milis chomh cruinn is bhi a mbinn ghutha is an ceol aca.



Ar maidin lae na Nodlag,
I mBethelem rugadh leanbh beag.
Timcheall a chinn bhi lonnradh.
Is Iosa ab' ainm do.
D'a mhathair ar dtuis a dhinnis se
Muire a dhinnis d'Iosef e.
O Iosef fuair na h'aingil an sceal
Is don tsaoghal a dhinnseadar san.



D'ath-ghabhadar dos na focail. Luigh se go mor ar Nioclas gur isligh
an Tighearna talmhan is neimhe e fein is teacht ar an saoghal so i mainsear
fhuair an asail. “Nior ghlac se léas ar talamh.” “O a leinbh bhig, a Iosa
muin dam bheith umhal is cennsa am chroide.



Ta muinntir Ui h Aodha suidhte chun an bhuird d eis an aifrinn.



“Ar thaithn an ceol a bhi sa teampall leat a Nioclais” arsa mathair
Nioclais.



“Thaithn se liom thar barr a mhathar. Ni dheanfad fearg do chur
ar einne. Beidh gradh agam do gach einne is ni bheidh ach tuairim
bheag lag orm fein agam. Toil De go ndeanfad de shior.”



“Amen a Thighearna” arsa a mhathair.



“Ba mhaith an cheacht a dh fholuighmis ar maidin lae na Nodlag
a Mhic o” arsa athair leis.



“CAOIMHGHIN.”



[An Chrioch.]


L. 122


NÓTAÍ.



De réir gach tuairisce dá dtagan chúghainn, is soiléir go bhfuil
obair “An tSíoladóra” ag dul chun cínn go mór. Tá sé ag dul
thar fóir agus thar teorainn de choiscéimeanna fada i n-aghaidh an lae.
Chítear é dá léigheamh ag cléireach agus ag tuathach comh maith. Ag
dul i dtreise a bheidh sé leis an aimsir le congnamh an Aoin-Mhic. Sin
é an dóchas is láidre againn. Is mór an bhail é beannacht na n-easbog
a bheith air le h-aghaidh na hoibre. Ní foláir nó tá lucht “An tSíola-
dóra” sásta leis an bhfás atá fé ar feadh an chéad tréimhse dá
chúrsaíbh. Nílid dall, ámhthach, idtaobh a fhaid is atá an bóthar rómpa
fós sar a mbeidh “An Síoladóir” suidhte go deingean san diallait.
Tá obair na curadóireachta — obair saothruithe na teangan ana-dheacair.
Tá a lán sagart fós ar fuid na tíre agus táid dall ar a riachtan-
aighe is atá an Ghaedhilg mar úirlís chatha igcóir an Chreidimh agus an
Athardha. Ac má's maith leo an Creideamh do bheith buan nea' truail-
lithe 'sa tír seo san línn le teacht, aimsíghidís an sgiath cosanta so an
teangan. Má bhí troid fé leith dá chur igcoinne an Chreidimh in gach
aois fé leith do bhí arm chosanta fé leith dá bheartú leis chun an
namhad de threacairt agus chun na díobhála do leigheas. Ach cad
chuige go bhfuiltear? Tá; de réir gach aon deábhraimh go bhfuil sprid
míchreidmheach na h-aoise seo ag greamú an duine idir chorp agus
croidhe agus aigne. Tá a anam bocht sáithte folcaithe i neithe an
tsaoghail seo gan aon fhonn air na neithe is fiú do agus is tairbhthighe
do do chleachta ná machtnamh do dhéanamh ortha. Sí an Ghaedhlig an
sgíath dhídin is fearr dá bhfuil againn le nár linn ar an saoghalachus
sain. Tá aigne an Chreidmhigh ag rith go follasach trí dheilbh agus
dlúth na lítríochta a tháinig anuas chúghainn os na sean-údair. Tá
sprid an Chreidimh fighte fuaighte fuinnte ann, mar a déarfá. Ní
ceart an ghráinn fhóghanta do mhalartú ar an meascán de dhíchreideamh
agus d' fhírinne atá ag teacht isteach le teangain an namhad. Lochán
iseadh furmhór dé sin. Ní féidir an aigeantacht úd na nGaedheal do
thuisgint ná do shealbhú gan an teanga do bheith go maith ag duine.
Tá breall ar aon t-sagart a cheapann go mbeidh sé ábalta ar a
dhualgas sagairt agus Éireanaig do chóimhlíonadh i gceart ar a
mhalairt-'aigne. Pé léigheann nó pé foghluim a bhíon agá leithéid, níl
ach a leath den fhírinne aige. Agus a dhícheall do dhéanamh ní de bharr
a éifeachta agus a nirt aigne ach a chuid gnóthá do bheith i na bhacaichín
aige!


L. 123


Tá an iomad sagart i bhfad ró-phatfhuar idtaobh na teangan indiu
in Éirinn. Tá an iomad cainte agus an iomad smaointe gan
éifeacht acu. Más maith leo éifeacht cainte agus éifeacht smaonte
a bheith acu chun leasa an Chreidimh agus an Athardha, is féidir leo an
dá thaobh do bhreith leo ach a chuid nirt agus comhachta do thuisgint
agus é do chur i bhfeidhin. Ní ceaduithe dóibh an claidheamh do bhear-
tughadh; níl a bhac ortha an peann do bheartughadh ámhthach ná téadáin
an sparáin do scaoileadh. Sin dhá nídh a chabhrochaidh go seoidh leis
“An Síoladóir” bocht idtreo go mbeidh obair thábhachtach á déanamh
aige.



De réir mar atá sagairt ghaolacha na h-Éireann dé thiar Dé,
'seadh is fearr a ghéarfaid iad féin chun na h-oibre, agus 'seadh is
mó a bheidh sé fiúntach dóibh. Óir “gnítear de réir na h-uaisleachta!”



Ós ag trácht dúinn ar an gcleite agus ar an sparán — an dá nídh is
mó ar a bhfuilimíd ag brath — ní tógfar orainn focal nó dhó a bhreacadh
ina dtaobh. Tá sé ráidhte gur treire an chleite ná an claidheamh.
Má's fíor san, ní foláir í sin a bhreathnughadh go minic agus go bríogh-
mhar. Úirlís catha na síothchána iseadh í leis. Nách eol dúinn, fairis
sin, gur líonmhaire agus gur tairbhighe don chinidh dhaona na buadha i
leith na síothchána i gcoitchinne ná a mbíonn de bhuadhaibh de dheascaibh
cogaidh na bpiléir. Dubhairt údar léigheanta áirithe gur aoirde go
mór do dhuine an t-aoibhneas as an litríocht agus í “in fieri” ná mar
atá agus í “in facto esse” (má ceaduighthear dúinn na téarmaí fogh-
lumanta san d'úsáid). Tá duine cosmhail le sciortán mara
ndineann sé aoinnidh eile ach a bheith ag síorléigheamh saothair an fhir
thall agus a bheith ag priocadh inchinne lucht na cleite, agus gan dadamh
aige féin á dhéanamh chun an chairn do mhéadughadh. Is do-shéanta é go
ndéanfar scríobhneoir toghtha de dhuine as ucht taithighe ach leanúint go
dlúth ar an gcleite d'úsáid. Óir beidh sé ag teacht isteach ar an
gcuma is oiriúnaighe dhó féin chun a smaointe do chur i bhfeidhm leis an
aimsir.



Maidir le adhbhar scríbhneorachta do dhuine atá i bhfuirm chun na
cleite d'oibriúghadh, cá bhfaghfar an t-adhbhar? Airiú a dhuine, a chroidhe!
Tá sé le fáil aige ar gach uile thaobh de. Nác bhfuil morán Éireann
lón aigne idtaisce isna seanaleabhraibh ar stair agus ar seanachus an
chreidimh… ach ní mór dó iad do scagadh agus deabhramh is
deanamh na linne seo do chur ortha idtreo nách dáltha Oisín t'réis
na bhfiann a bheadh ortha! Más duine léigheanta foghlumanta é, ná
bíodh a thuille leathscéil á ghabháil aige feasta. Tá an talamh bainte
glan uaidh! Cuarduigheadh sé na leabharlainn agus bíodh cuid de
thora a chuarduíachta againn uaidh igcóir “An tSíoladóra.” Más ag


L. 124


dul le sagartóireacht a bhíonn sé, ná fuil adhbhar aiste thar barr ag
baint leis an slighebheathadh san? Tá na céadta ceist tábhachtach tair-
bheach ag baint go dlúth leis an mbíobla, leis an ndiagacht, leis an
ngabháilce, le dlighe Canónach, le cúrsai staire agus seanachuis
na h-Eaglaise agus is fiú iad do shuathadh agus do shoillsiughadh dhúinn
agus iad do chur ar shúilibh catoilicí na h-Éireann airís agus airís eile.
Má's sagart i mbun paróiste é, cad é mar abhdhar scríobneoirachta a
bhíonn aige! Bíonn mais'; go reidhseamhail agus go éagsamhlach
mar atá, seanmóintí, teagasc críostaidhe, glaodhaigh ola, cúram na
n-othar, riaradh na scol, agus tuairiscí ortha, cuallachtaí na mban
agus Cumainn na bhfear arl!…



Ní beag an méid sin idtaobh na cleite. Eirighidh as bhúr suan, a
scríbhneoirí! Tá breaca an lae ann; tá “An Síoladóir” bocht
amuigh san ngort agus é ag treabhadh agus ag fuirse agus ag
scaipeadh an t-síl. Ní mór dó béile na maidne d'fháil!



Béile na maidne don “Síoladóir” óg! Mara mbéadh san, ní
sheasochaidh sé an lá; ní headh ná leath an lae! Bíodh a fhios ag gach
n-aon a chuireann suim ann gur cuma nó biadh an t-airgead dón
bhochtán atá luaidhte thuas. Óir ní féidir leis “An Síoladóir” aon
obair throm do dhéanamh i na éaghmuis, go mór mór le nar línn-ne.
Isna leitreacha a chuir na h-Easbuig ag triall orthain, dubhairt duine
acu “nár mhór do dhuine misneach leomhain nó laoich do bheith aige
agus tabhairt fé Irisleabhar do chur amach i láthair na huaire seo; a
ghainne agus a dhaoire is atá páipéar!” Is fíor san!



Ní raibh aon leigheas againn ar an scéal, afach. Bhí géarghádh leis
an obair. Ba mhithid rud éigin do dhéanamh agus é do dhéanamh gan
puinn moille. “Nuair is cruaidhe don chailligh, caithfidh sí rith.” Do
b'éigin dúinn rith, fairis sin! Bhí na seanagaedhilgeoirí ag imtheacht
in-aghaidh an lae agus is gairid chun go mbheadh tobar na Gaedhilge ag
dul indísc. Dá bhrígh sin, táimíd ag brath air ná caillfear orthain ag
lucht na sparán dteann n-acfuinneach san iarracht so againne. Ní
fheadar an féidir iad do bhógadh agus do mhealladh chun cabhruighthe leis
“An Síoladóir.”



Ag féachaint amach ar a bhfuil d'fhaircheanaibh in Eirinn, tugaimíd
fé ndeara nár dhein ach a dó no a trí díobh aon obair fhónta inár
gcómhair i gcaitheamh na bliana seo' imthig tharainn. Ar a shon san is
uile, ní mór dúinn focal molta do thabhairt do shagairt déósis Fearna,
Dúna is Connaire agus Thuama ar shon an tsíntúis fhlaithiúla a thugadar
dúinn. Togha na bhfear iseadh an triúr atá i gcúram na h-oibre is na
trí fairchibh sin. Beidh súile in-áirde na faircí eile ag éad leo san
feasta. Ní hiongna é go bfuilimíd á fhiafruighe cad tá dá dhéanamh
ag baill an Chumainn isna faircheanna eile? An amhlaidh atáid i na


L. 125


dtoirchim suain agus sámh-chodlata? Nách obair an Creidimh agus an
athardha í? Ná fuil gach uile shagart in Éirinn ag obair ar son an
chuspa chéadna? Seadh! Fogruigheann an sean-fhocal: “Éire ibpáirt,
Éire ar lár” dúinn an díobháil so do sheachaint .i. gan a bheith ag
brath ar an gcomharsain chun an ghnótha go léir do dhéanamh. Má
dheineann gach éinne a chion féin don obair, níl pioch d'aon mhearathal
ná go mbeidh rith an ráis leis an gcúis dá réir.



Bhí cruinniú cínn bliana an Chumainn i seomra a 25 Cearnóg
Phárnell le línn tionóla Chumainn na fírinne caitilcighe do beith
ar suibhal i mbliana. Bhí roint mhaith de bhaill an Chumainn láithreach.
Bhí an dá cheist atá luaidhte thuas — an scríbhneoracht agus an t-air-
gead dá suathadh go mion acu. Moladh dos na baill a ndícheall do
dhéanamh chun an dá nídh do chur chun cínn ina gceanntar féin. Toghadh
na h-oifigigh chéadna le haghaidh na bliana atá rómhain.



Uachtarán an Chumainn… Ant-Athair R. Pleimionn, D. Ph.



Rúnaidhe… Ant-Athair U. Mac Domhnaill.



I mBun “Ant-Síoladóir”… Ant-Athair R. Pleimionn — F. Eagar.



Ant-Athair M. Ó Mathúna, C.SS.P.



Leas-Rúnaidhe… Ant-Athair P. Ó Floinn.



Bainnisteoir… Ant-Athair U. Mac Domhnaill.



'Sa chomórtas a mhol “Sean-Mhaitias” san uimhir dheirineach den
“Síoladóir” igcóir na n-aosánach isna Coláisdibh agus isna acadamhaíbh
agus isna daranaibh agus isna scoileanaibh — luach púint mar dhuais don
t-é is fearr chun aiste do scríobhadh ar adhbhar ainimighthe roimré san
“Síoladóir” — fuaireamair roint aistí igcóir an chomórtais. Ghnó-
thuig Pádraig Ó Catháin ó Bhéalféirsde an chéad duais. Scríobh D. Ó
Cinnéide ana-aiste leis agus ní raibh Énrí Ó Luain ibhfad ndiaidh na
beirte — b'iad sin an triúr ab'fearr ortha. Ó “Aithne an Tuaiscirt”
seadh an triúr! Cia dhearfaidh anois aoinnidh igcoinne Béalféirsde?
Ná fuil an aosóg ann idtosach an chatha ar son a Mathar Éire. Tá
an geamhar os cionn an talaimh cheana! Maith an áit go rabhais a
Phádraig!



Cad mar gheall ar na paidreacha i ndeire an aifrinn? Dá
mb'iad na ceanntair Ghaedhealacha féin iad, níl na paidreacha san dá
rádh as Gaedhilg ages na sagairt i mbun na bparóistí sa nGaedheal-
tacht! Airiú! Cá bhfuilimíd in aon chor? An dóigh leis na sagairt
bhreach-ghallda san gur fearr leis an bpobal gaedhealach beith ag
guidhe chun dé as teangain gallda nác dtuigeann siad ró mhaith cad is
brígh le cuid desna focalaibh 'ná bheith ag paidireoracht san urlabhra is
dual agus is dúchas dóibh!


L. 126


Nuair a bheidh breis bheag céille ag ár sagairt agus iarracht bheag
de mhisneach acu chun chos-ar-bolg do bhualadh ar dhroch-bhéasa gallda
atá fé réim in Éirinn, bhféidir gur fearrde an tír iad agus gur
treiside a aimseochaid an tír an cuspa atá roímpa le baint amach.



Sa gcéad uimhir den “Síoladóir,” chuireamair an reacht beag ó
“Maynooth Statutes” idtaobh na ceiste sin igcló. Óir is ceart an
méad seo do choimeád i gcuimhneamh gur cinneadh an reacht sin breis
is 30 blian ó shoin agus is eol do chách gur mó cor atá curtha dhe ag
saol Éireann ar feadh an tréimhse sin agus ní taise é de leathadh agus
do labhairt na Gaedhilge leis. Ní ionnan stáid na teangan an uair
sin agus an lá indiú. Ní mar a chéile na cúinsí agus na coingéalacha
ach comh beag. Tá aithne ag gach uile shagart ar an rádh úd idtaobh
mínighthe dlighthe: Odiosa sunt restringenda! Cia leomhfaidh a 'rádh gur
nídh fuathmhar teanga na h-Éirean? Cad é an nídh eile mar sin? An
riaghail nó an reacht? — nó an droch-bhéas gallda? Dar linn, is ceart
an riaghail sin isna “Statutes” do thuigsint go neamh mion. Pé iarracht
de leathsgéal bhreac a bhionn ag sagairt sa ghalldacht, níl pioc de
ages na sagairt isna ceantaraibh gaédhealacha.



Go sábhalaidh Dia sinn! Conus is féidir cur síos i bhfuar-fhuil ar
an bfeile-bhirt úrghránna ifreanda a deineadh tamall de sheachtainíbh ó
shoin fé scáth na h-oidhche ar an sagart grádhmhar neamhúrchóideach
oirireach, ant-Athair M. Ó. Gríobhtha? Tháinig meithiol beag de mhad-
raibh fola Shasana chun tighe an t-Sagairt. Mhealladar amach é le feall
agus do dhúnmharbhadar é gan truagh gan taise! Sagart macánta
nár dhein riamh ach maitheas dá chine agus dá phobal agus nár chuir
gadhar le h-éinne! Ní féidir an choir do chur i leith aon dreama eile
ach na sgriosadóirí agus na mbitheamhnac úd. “Is fada siar a théidhean
iarsma na droch-bhirte.” Tá rian an díoghaltais ag teacht chun baile
ar lucht gríosuighthe an fhill in aghaidh an lae! Tá muintir na hÉirean
agus an domhain uile corruighthe suaithte go doimhin de dheascaibh an
mhí-ghnímh igcoinne Seirbhísigh Dé! Ní eireochaidh leis an namhaid Éire
do chur fé chois tré scannradh agus slad. Bhí an Eagalais saor ó
bhaol go dtí so ós na bitheamhnaigh. Taisbeanan an ionnsaidhe nuadh a
dhéine is a théidhean an troid 'na gcoinnibh. Ba dhóigh leis na machtírí
go scaipfidhe agus go mbrúghfaidhe go luath an sgata dá curtí an cath
ar na h-aodhairíbh! Tá breall ortha. Níor theip riam ar Easbuig ná
ar shagairt na h-Éirean seasamh i mbéal an chatha chun a gcuid caorach
do chosaint ar an namhaid agus níl aon lagmhisneach ortha i láthair na
h-uaire seo.



Ní ceart dúinn, mar Chríostaidhthe, aon ghuidhe eile do chur chun Dé
— pé díoghaltas a dhéanfaidh Seisean ar an gcoir sin is aige féin is
fearr a fhios, fágaimís fé — 'ná a dh'iarraidh ar Dhia tré impíghe a Sheir-


L. 127


bhísigh, Mícheal Ó Gríobhtha, síothchán agus foidhne do bhronnadh ar Éirinn
gan righneas. Ball dílis de Chuman na sagart ngaolach a b'eadh an
sagart breagh san.



Táimíd ana-bhuidheach den bheirt Shagart a scríobh chúghainn idtaobh
an “an ego” a bhí sa dara uimhir den “tSíoladóir” agus an dá phoínnte
áirithe a bhí i n-easnamh air do chur ar ár súilibh dúinn. Dob'é an t-Athair
Peadar a dh'aistruigh é, agus ós rud é go raibh an t-Imprimatur ó Easbog
Chluana curtha leis, níor mhaith linn aon fheabhas do chur air ach é do
chlóbhuaileadh fé mar a tháinig an ghuidhe ó láimh an úghdair léigheanta.



Ná bíodh aon eagla ná beidh sé n-a cheart nuair a thiocfaidh an
ghuidhe sin amach sa leabrán úrnaithe. Is aoibhinn dúinn a chur i n-úil
do léightheoiribh an Irisleabhair seo gur gairid go mbeidh an leabrán
úrnaithe le fáil ón gclódóir fé dheire thiar thall!



Is féidir leis an léightheoir tabhairt fé ndeara go bhfuil an
t-aiste beag fé “chló Rómhánach” gan slacht. Na comharthaí abhí riach-
tanach dó, bhíodar in-easnamh ar an gclódóir.



SOLUS NA H-ALTÓRA.



A lasair bheag dhearg nach aoibhinn duit
Ag faire i maille le Rígh na Neamh
Id' aonar!
A sholuis na n-aingeal,
Ag lonnradh 's ag taithneamh
Ós cómhair Ríogh na bhflaitheas
Led' ghaethaibh.



A sholaoid ar mo bheathaidh, tabhair congnamh dom,
A's mínigh go feasach 's go cúramach
Do shaoghal-sa,
Go bhfanfad-s' i n-aice
Ard-thighearna na maitheas'
Ghá adhradh lé caise
Go h-éagfad.



— Diarmuid Déid-gheal.


L. 128


LÉIR-MHEAS AR LEABHAIR.



Má's mian linn stuidéar a dheanamh ar Sheanchus na h-Eaglaise
i n-Éirinn, caithfimid bheith ag brath ar leabhra atá scríobhtha ag Protes-
tánaigh agus ag lucht an Ain-chreidimh. Nach greannmhar an scéal é!
Daoine nach mbaineann leis an Eaglais ag tabhairt soluis dúinn ar
chuimhneacháin Creidimh ár sinnsear! Ní abrochainn go bhfuil an locht
ar fad ar an chléir ná ar na Caitlicigh i gcoitchinne. Níl, acht ar na
droch-dhlighthe a rinneadh i n-aghaidh na h-Eaglaise agus i n-aghaidh na
Scoltacha. Ní bheidh an leithscéal céadna againn feasta. Ba mhór
an náire dúinn an scéal a fhágáil mar atá sé. Níor cheart dúinn an
obair a fhágáil faoi strainsiúirí. Caithfidh ollamhain na tíre seo eadar
cléir agus tuataí cromadh ar stuidéar a dhéanamh ar na sean-
teampuill, ar na fotharaigh, ar na roiligí, agus ar na seanainmneacha.
Is clos damh go bhfuil mórán cumann dá gcur ar bun ag na sagairt
fá láthair le h-aghaidh na h-oibre sin. Tá an leabhar seo dar ab
ainm Dysert-Diarmuda mar reamh-rádh do stuidéar an tSeanchuis.
Tráchtann an t-ughdar ar bheagán ainmneacha i lár na h-Éireann agus
cuireann sé i n-iúl dúinn go bhfuil stair agus filidheacht fighte fuaite
leis na hainmneacha sin.



Ins an tríomhadh caibideal cruthuigheann an Irish C. C. go mba
mhór an truagh na seanainmneacha sin a leigint i bhfaillighe.




L. 129


Taisbeanann sé dúinn fósta go bhfuil mórán bréag scríobhtha
síos i dtaoibh ár Seanchuis agus gur mealladh go mór sinn i gan fhios
ag na h-ughdair a rabh ainm an aird-léighinn ortha.




Cuireann an leabhar seo i n-iúl dúinn gur ab iomdha naomh
Éireannach a bhfuil a ainm — gan trácht ar ghníomhartha a bheatha — tar éis
dul i bhfaillighe uainn. Molann an t-ughdar do na sagairt agus do
na daoiní i gcoitchinne na h-ainmneacha sin a aithbheochaint agus úsáid
a dheanamh díobhtha nuair bheirtear an gleoitín leinbh chun an toighe
pobail le haghaid baiste. Iarrann sé orainn gabháil de chosaibh ins na
high-sounding Christian (?) names atá i bhfáisiún indiú.



Molamuid an leabhar seo do léightheoirí an t-Síoladóra eadar
óg agus aosta. B'fhéidir gur minic a bhíodar ag éisteacht le tráchtas
cliste foglumtha ar Sheanchus na tíre agus iad a rádh leobhtha fhéin gur
adhbhar trom fadálach a bhí ann. Acht ní fhéadfaidís an leabhar seo a
léigheamh gan suim a chur ann cé gur minic a bheadh amhras ort ci' aca
ag magadh nó dáríríbh a bhí an t-ughdar. Cuirfidh an leabhar seo na
deagh-smaointe ag rith isteach i n-a gceann thar bhraghaid a chéile. Tá
súil agam go mbrostochaidh sé iad chun stuidéar a dheanamh ar na
sean-fhotharaigh agus ar na sean-ainmneacha atá i n-a gcomharsanacht
fhein. Agus geallaim go mbeidh fáilte agus fiche ag fear eagair an
Irisleabhair seo roimh cibé toradh a thiocfas as a gcuid smaointe.



Séamas Mac Leanacháin.


L. 130


FATHER WILLIAM DOYLE, S.J. By Professor Alfred
O'Rahilly. (Longmans & Co. 9/—)



Dá n-abróchthaí linn go rabh naomh i n-a bheatha le n-ár linn fhéin,
is dócha go rachaimís amach ins an fhásach ag féachaint an rabh fear críon
seargtha ann agus é clumhduighthe i sacaibh agus luaithreán air. Ba
mhór an t-iongantas dúinn a chlos é bheith i n-ar measc i gan fhios
dúinn agus gan aon rian so-fheicsiona de throscadh ná de sciúrsáil
air. Nochtuigheann an leabhar seo go rabh naomh ag obair i n-ár measc
tamall beag ó shoin. Muna bhfuil dearmad mór orm, ní fada go
n-innseochaidh an Eaglais dúinn gur naomh agus mairtír a bhí ins an
Athair Liam Ó Dubhghaill, C. Í. Nuair a fuair sé bás thall i dTír na
Beilge agus é i n-a Shéiplíneach ar an saighdiúirí, ní rabh a fhios ag an
tsaoghal go mbíodh sé ag cleachtadh díthreabhachta a chuirfeadh iongantas
ar aoinne beo. Choinnigh sé a chuid cráibhtheachta faoi cheilt. Ní bheadh
a fhios againn anois féin gur fear naomhtha a bhí ann munab é go
bhfuaradh i n-a dhiaidh beart nótaí a scríobh sé fhéin ó lá go lá. Chonnigh
sé an láimhscríbhinn seo go cúramach mar leabhar cuimhne dó
fhéin agus chuir sé d'oibliogóid ar aoinne a gheobhadh na nótaí seo i
ndiaidh a bháis iad a dhóghadh gan léigheamh. Munab é gur marbhuigheadh
é gan coinne is dócha go ndóghfadh sé fhéin na nótaí seo sul mbeadh
seans ag aoinne iad a fheiceáil. B'é leamhnú Dé nár dóigheadh iad.
Is léir ó'n leabhar seo atá scríobhtha ag A. Ó Raghallaigh go mba mhór
an truagh dá gcaillfí iad. Stair an laoich mhóir spioradalta seo atá
ins an leabhar seo ó thús go deireadh.



Nuair a thug an buachaill seo é fhéin suas do Dhia rinne sé an
íodhbairt go hiomlán. Seo nóta a scríobh sé síos nuair a ghlac sé
air féin na trí móide i gCumann Íosa (bochtanas, geanmnaidheacht
agus umhaluigheacht): —



A.M.D.G. ac B.V.M.



Scríobh sé na focla deiridh seo le n-a chuid fola. Rinne sé
comhartha fa leith de'n fhuil ar gach taobh de'n fhocal martyr. Sin é an
margadh a rinne an laoch spioradálta seo le n-a Mháthair Bheannuighthe.
Ní thug sé a chúl do'n rún seo riamh ná níor tharraing sé siar. Choinnigh
sé ós chomhair a shúl é go lá a bháis. Níor bhrionnglóid leanbhuidhe dó


L. 131


é, acht roimh-chomhartha ar an bhás a bhí i ndán dó ag Dia. Cuireann an
leabhar seo síos ar an ullmhú a rinne sé le haghaidh an bháis mairtír-
eachta. Tchidh an leightheoir an searbhfhoghantuidhe Dé taobh amuigh agus
taobh istoigh. Tchidh sé na gníomhartha uaisle a rinne sé agus tuigeann
sé cad fá ndear iad. Tchidh sé na h-ain-mhianta nó na claonta mí-
riaghalta a bhí ins an duine naomhtha seo ar dtúis agus nochtuightear
dó caidé mar is féidir le duine ar bith a leithéidí a chur faoi smacht.
Riaghail shimplidhe tarraingte as cúrsaí spiorádálta San Ignatius a
bhí ag an Athair Liam: Agere contra. Sé sin le rádh: Dean a rud is
lugha a thaitnigheas leat a thoghadh. Bhí sin mar bhun-riaghal aige. Is
deacair leanamhaint di i gcomhnuidhe, ar ndóighe. Acht le grásta Dé
lean sé di agus rinneadh naomh de dá bharr. Ba ghnáth leis, mar sin,
mórán íodhbairt beag a thabhairt do Dhia gach lá. Ar an adhbhar sin,
nuair a thainig an lá, níor staon sé nuair d'iarr Dia air an íodhbairt
mhór dheireannach a thabhairt dó.



Siomdha beatha naoimh a léigh mé, acht sáruigheann an leabhar seo
ar léigh mé riamh. Is ionchleachttha ag na daoine i gcoitchinne gach nidh
dá ndearnaidh an t-Athair Liam. Ní imthigheann sé suas as radharc
ar nós an fhiolair ní h-ionann a's na naoimh eile. Acht taisbeanann
sé dúinn cionnus is féidir linn an naomhthacht chéadna a chleachtadh
má bhíonn rún daingean againn sinn fhéin a thabhairt suas ar fad do
sheirbhís Dé.



Séamas Mac Leanacháin.



Focal nó dhó ar an leabhar seo.



Tá úirscéalta uainn. Ní thig leis an aos óg maireachtaint gan
iad. Ní taise do na daoiní fásta é. Ní féidir le gach Éireannach
fós iad a léigheamh i nGaedhilg. Is mór an truagh é. Ní'l aon leigheas
air anois. Acht tiocfaidh an lá, le cuidiú an Ríogh, agus, go dtí go
dtiocfaidh an lá, caithfimid úirscéalta bheith againn i mbéarla. Caidé
mar aithnighthear an t-úirscéal maith? Is ceist dheacair í sin. Ní
mór do'n ghaiscidheach bheith cródha calma. Ní mór do'n bhan-laoch
bheith múinte modhamhail. Ní mór do na heachtraí bheith uasal oirdhearc.
Tá na deagh-thréartha sin ins an leabhar seo. Acht tá rud eile ann is
mó á thaitnigheas liom ná iad sin go léir. Méaduigheann sé an tír-
ghrádh i gcroidhe na léightheoirí. Ní fhéadfá a léigheamh gan rún
daingean diongmhálta a cheapadh bheith níos dílse d'Éirinn ins am atá
le theacht. Cuireann an leabhar síos ar thabhairt isteach na ngunna i
Látharna. Nochtuigheann sé dúinn cealg agus clampar na mbuachaillí
buidhe. Annsinn cuireann sé síos ar thabhairt isteach na ngunna i
n-aice le Binn Éadair. Taisbeanann sé dúinn a dhílseacht is a throid


L. 132


na hóglaoich ar son saoirse na hÉireann ins an Eirghe amach i
mbliadhain a 1916. Sgéal Gaedhlach agus scéal spéiseamhail atá
ann ó thúis go deireadh. Is scéal é nach gcuirfidh tuirse ná codladh
ort acht scéal a chuirfidh misneach i gcroidhthibh Gaedhealacha agus a
dhúiseochaidh smaointe uaisle i n-intinn na léightheoirí. Go neartuighidh
Dia do pheann, a Chonchubhair na Gaillimhe! Tá súil agam nach fada
go bhfeicfear úirscéal nua uait arís.



Séamas Mac Leanacháin.



ÁR GCÁIRDE.



Fuaramar leath-phúnt ar son an “tSíoladóra” ó: —



LUIMNEACH —



An Dr. Ró-oirmhidneach Donncadh Ó h-Ailgheanáin.



An t-Athair Diarmuid Ua Murchadha, S.P.



An t-Athair Michéal Ó Maoldhomhnaigh, Tigh an Easbuig.



An t-Athair Riobárd Dunworth.



An t-Athair Séamas Ua h-Aodha, Paróiste Mhichíl Naomhtha.



An t-Athair Michéal Ó Treasaigh, Paróiste Mhichíl Naomhtha.



An t-Athair Donnchadh Ó Ceallaigh, Paróiste Eoin Naomhtha.



AILFINN —



An t-Athair Michéal Ó Flannagáin, Roscomáin.



BAILE ÁTHA CLIATH —



An t-Athair Michéal Mac Craith, C.I.



An t-Athair Eamonn Ua Cathail, C.I.



An t-Athair Séamus Sherwin, Faithche Stiobhna.



An t-Athair Seosamh Ua Duibhir, Faithche Stiobhna.



An t-Athair Diarmiud Ó Ceallacháin, Bothair Bherclé.



An t-Athair Seán Ó Ceilleachair, Sráid an Mhidhe.



CILL DARA —



An t-Athair Tomás Burbage.



ALBAN —



An t-Athair Tomás Ó Seaghdha, Dundee.



An t-Athair Pádraic Eric Mac Fhinn, D. D., Coláiste na nGaodhal, sa
Róimh.


L. 133


A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 134


A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 135


Tá gach aon tsaghas leabhair a bhaineann le h-Éirinn,
pé 'cu sa Bhéarla, in ár nGaedhilg féin, nó i nGaedhilg
na h-Alban le fagháil ó:



MHÁIRE NÍ RAGHALLAIGH,
87 SRÁID UACHT. NA DRISEOIGE, ATH CLIATH.



Scriobh chuichi i dtaobh aon leabhair nó páipéir ar bith
a theastuigheann uait.



TICÉIDÍ IGCÓIR AN PHÁIDRÍN PHÁIRTEACH BÉO,
Boinn, Ribíní, & rl, igcóir Cualacht
an Chroidhe ró-Naomhtha.



Is féidir linn iad-so do sholáthar tríd a bpost céadna.



DOLLARD, CLÓDÓIRÍ, TTA.,
Céibh Bellington,
ÁTH-CLIATH.



Cuidigh le Déantús in-Éirinn!



M. R. LEATHLOBHAIR,
36 Sráid Nassau, Áth-Cliath.



Tobac d'fhás in-Éirinn.
M. R. LALOR,
36 Nassau Street, Dublin.



TÍR & TEANGA!



A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 136


AR BUN Ó 1824.



TOMÁS,
LIAM & SEÁN
Ó CEALLAIGH



BAILE ÁTHA CLIATH,
89 Sráid Íochtarach
Ghárdiner.



Oifigí: 1 & 2 SRÁID AN FHEISTIGHE, BAILE ÁTHA CLIATH



(Le h-ais Bhannc na h-Éireann).



FÍOR-FHÍON ALTÓRA



Iarramuid go h-umhal ar Uachtaráin na h-Eaglaise agus ar Chléir na
h Éireann leanamhaint de cheannach ar gcuid Fíor-Fhíon Altóra
mar san am atá thart.



Is le h-aghaidh na h-Altóra a gheibhimid é, agus tá sé dá dhíol againn ar
fud na h-Éireann, na Sasan, agus na gCoilíneacht le trí glúinibh.



A luach ar fagháil uainn ach a iarraidh.



4/— an duisín ar na buideáil fholamha dá thabhairt againn nuair a
chuirtear chugainn slán iad agus costas an iomchair díolta.



Níl baint againn le dream ar bith eile ins an obair.



Gothán: Baile Átha Cliath 1612.



Sreang-Sgéalta & Cáblaí: “Threekays, Dublin.”



A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 137


DUAISEANNA.



Bhéarfar dhá dhuais don bheirt a chuirfeas isteach chuig



MUINTIR MHIC AN GHIOLLA
50 SRÁID UACHTARACH UÍ CHONAILL
BAILE ATHA CLIATH AN DÁ LIOSTA



Is mó d'ainmneachaibh cheannuightheoirí an tSÍOLADÓRA le haghaidh na
bliadhna seo.



Caithfidh gach liosta bheith istoigh roimh an chéad lá de mhí na Nodlag seo
chugainn.



Agus mar aon le gach liosta caithfidh 10/— a bheith ar son gach ainme ann.



Punt an chéad duais.



Deich Sgillinge an dara duais.



Fuair Seán Mac Guaigín, Béal Feirste, an chéad duais i mí Lughnasa.



AN SÍOLADÓIR



ÚIMHIR A H-AON — CLAR.



An Dord Fhian.



Soisceul.



Duan an tSlánuightheóra.



An Ceacht deireannach.



Marbh-chaoine ó Phortláirge



Glaodhach Ola.



An t-Athair Peadar
O'Laoghaire.



Leitir thimpall as stáid
lucht oibre.



Maynooth Statutes



Nótaí.



Ar gcáirde.



UIMHIR A DO — CLAR.



Dualgas na Cléire i
ngnóthaibh na Gaedhilge.



Seanmóin ar an
Umhaluigheacht.



“An t-En Ego.”



Urnaighthe an Sgabail.



Seanmóin ar ainm Íosa.



Leitir thimpall ar stáid
lucht oibre



Cúinne na mac Léighinn.



“Creidim i nDia.”



Saighdiúir ag comhrádh le Dia



An bosca daingean.



Nótaí.



An Geall Gaedhealach.



Ar gcáirde.



Leath-choróinn a luac. Síntúis bliadhna 10/— Le fághail ó:



M. H. Guill & a mhac,



SRÁID UACHT, UI CHONAILL, ATH-CLIATH.



A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 138


COINNLE IGCÓIR NA H-ALTÓRA



75%, 25%, 65% Céir na mBeach



Ó leathlobhair, Tta.,



14 CÉIBH ORMUIN, ÍOCHTAIR,
ATH-CLIATH.



DÉANTA IN-ÉIRINN.



PICTIÚR NA MAIGHDINE SÍOR-CHABHRACH.



Clóbhuailtear an pictiúr seo ar fheabhas IN-ÉIRINN.



Fíor-chóip de'n phictiúir atá san Róimh 'seadh í. Sgilling
a luach. Ag cur amach ag.



UA FAOLÁIN & A MHAC,
17 Céibh Uacht. Ormuin,
ATH-CLIATH.



MAC AN IARLA & A CHUID.



A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 139


A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 140


A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 141


A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 142


BA CHEART DO GACH AON



tSagart i n-Eirinn na leabhair seo de leabhraibh an Athar Peadair
a bheith aige: —



NA CHEITHRE SOISGÉIL… 4/6



AITHRIS AR CHRÍOST… 6/—



SEANMÓIN IS TRÍ FICHID I.… 4/6



Mara bhfuilid agut cheana cuir púnt airgid chun.



BRÚN AGUS Ó NÓLÁIN, TEÓR.,
BAILE ÁTHA CLIATH,



agus gheobhair láithreach bonn iad.



MO SHLIGHE CHUN DÉ — Leabhair Úrnuighthé an Athar Peadair i lámhaibh
na gclódóirí fé láthair.



Ár gCeol Féinig — Ullamh anois. An t-Ath, P. Breathnach, C. M.,
do chruinnigh. 2/10 glan.



AN GAEDHEAL TÚ?



MÁ'SEADH BA CHÓIR DO CHUNNTAS BAINNC A BHEITH.



I MBANNC NA TALMHAN, TTA.



BANNC GAEDHEALACH MAR MHAITHE LE GAEDHLAIBH.



£180,000,000.



Tá an méad sin d'airgead na nGaedheal curtha i mBainnc na
h-Éireann & gan aon phioc tairbhe ag teacht don dúthaigh as.



Tá muinntir óg na tíre ag imtheacht i n-aghaidh an lae de ceal gnotha.



Cuir do chuid airgid i mBannc na Talmhan & cabhruigh le h-iad a
choiméad ag baile.



ÚNCAMAS.



Cúnntaisí Reaithe — 2%
Cúnntaisí Taisge — 3½/%
Cúnntaisí Taisge Bliana — %
Cúnntaisí Taisge trí mBlian — 4½%



Cúnntaisí Taisge cúig mBlian, 5%.



Tá talamh na h-Éireann mar urradhas led chuid airgid.



FÉADFAIR DO GHNÓ GO LÉIR A DHÉANAMH LINN AS GAEDHILG.



GACH EOLAS Ó'N RÚNAIDHE —



BANNC NA TALMHAN, TTA.,
68, SRÁID IOCH, CHILL MHUIRE, ATH-CLIATH.



A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 143


CLÉIRIGH & A CHUIDEACHTA



AN TIGH THAR BÁRR.



Igcóir na Cléire is ar
a bhfuil eolas maith
aca.



ATH-CLIATH.



LEABHRA NUADHA.



THREE HILLS — Le Eoin Ua Mordha.



Aiste sár-chliste ar stair na tíre agus na daoine atá le feiscint ó bhárr
tri cnoc i Laoighis, Ui bhFáilghe agus Lancashire. Clúdach páipéir
agus pictiúir air.



Luach 1/3d.; tríd an bpost 1/5d.



CLONTARF — Dráma stariúl Gaodhalach go sgriobh Rev. J. B. Dollard
ughdar: Irish Mist and Sunshine, The Gaels of Moondharrig, Irish
Lyrics and Ballads, Collected Poems of Father Dollard, The Jesuit
Trail, and other Poems of New France, etc. Clúdach clóbhuailte go
deas agus pictiúir ó láimh Grace Plunkett air.



Luach 1/3d.; tríd an bpost 1/5d.



THE SOCIAL TEACHINGS OF JAMES CONNOLLY — Le Rev.
Lambert McKenna, S. J. Leabhar gur ríachtanach do gach Éireannach
an lae indiu é bheith leighte aige.



Luach 1/3d.; tríd an bpost 1/5d.



NELLIE M'MAHON, B.A. — Úrsgéal suimúil sár-dhéanta le Bessie
O'Neill. Clúdach láidir agus páipéar le pictiúir tri dath mór-thimpeall air.



Luach 2/6d.; tríd an bpost 2/9d.



COMHLUCHT NA FÍRINNE CATOILICE IN ÉIRINN,
24 SRÁID UACH. UÍ CHONAILL,
BAILE ATHA CLIATH.



A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!


L. 144


FEACH A CHÁIRDE!



Ar mhaith libh £5,000,000 a choiméad in-Éirinn?



Má's maith, deunidh sibh bhur geuid Urradhais leis.



An Gaedheal Comhlucht Taighde Um
Urradhas Náisiúnta, Tta.



Ba chóir do gach aon tSagart a cuidíu linn!



ÁRD-OIFIGH: 30 FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE-ATH-CLIATH.



A léighthéoirí! Ná déinidh dearmhad ar ár gcáirdibh thuas!

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services