Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Vol. III - No.10 Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cct.
Title
Vol. III - No.10 Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cct.
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1898
Publisher
The Shan Van Vocht
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE SHAN VAN VOCHT Vol. III. — No. 10.
Eoghan Ruadh Mac an Bhaird Cct. A bhean fuair faill ar an bh-feart, Truagh liom a bh-faghthaoi d' éisteacht; Dá m-biaidh fiann Gaoidhiol ad ghar, Do bhiaidh ad chaoineadh coghnamh. Fada go bh-faghthaoi an fhaill, Dá madh t-siar a d-Tir Chonaill; Lámh le slugh Boirche da m-beath, Ní faghthaoi an uaigh go h-uaigneach. A n-Doire, a n-Druim-cliabh na g-cros, An Ard Macha as mór cádhos; Ní faghthaoi lá an feart ar faill Gan mná do theacht fá a thuairm. A n-Dun na n-Gall fá mín múir, Nó an árus easboig Eoghuin; Nó an Easruaidh is séimhe sáil Ní ba réighe an uain d'fhághail. Do thiocfadh ad chombáidh chaoine, Bean ó'n Eirne iolmhaoine; Bean o shlios bhinn-sreabh Banna, 'S inghíon o lios liath-droma. Do thiocfadh bean o'n Maigh mhuill, O Bhearbha, o Shiuir, o Shionuinn; 'San bhean o Chruachain na g-cath 'San bhean o thuathaibh Teamhrach. Do h-ísleóchtaoi o ingnibh Sgor, An cnoc' 'nar crochadh Peador; Ní bhiaidh aen teach gan ghair guil, Dá m-beith láimh le fiadh Fionntuin. Ní bhiaidh láimh ris na leacaibh Cead suaimhnis ná sailm-cheadail; Ní bhiaidh bearna gan brón m-ban, Ná dearna um nóin gan niamhadh. Dá mhac rígh do'n réimsi Chuinn Ata ar gach taoibh d' Ua Dhomhnuill. Na trí cuirp re sininn sibh Fír earr ar n-uilc a n-oighidh. An dá chloich sin ós a g-cionn, Dá bh-faicdís ógbhaidh Eirionn Ar aoi a lineadh do léaghadh, Caoi míle do mhuisgéaladh. Dias do'n triúr sin tárladh astigh, Clann Aodha árd-fhlaith Oiligh, Ua do'n Aodha so duine díobh, Cuire nár bh' aosda an imshníomh. Ua thathar ar aoi do mháthar, Mur aon red' dhís dearbhráthar; Ní guth díbh gan chéill ad chaoi, A bh-fuil nó a méinn dá measdaoi. D'eis Uí Dhomhnuill dún ós sáimh Dá d-táinig tús bhar d-torchráidh; Ní guith truime do thuirsi Uille na h-uile h-abairsi. Triath Moghairne Mac Uí Néill, Dá bh-feacthaoi a chraobha cinèil; A chruth, a airrghe oile, Ní guith aidhbhle h-eólchoire. Dá bh-feacthaoi gan aon mhaith ann, Mac rígh ó g-Conaill chathbharr; I los ngnaoi no ngníomh ngoile Gá díol caoi ba cosmoile. Ní bhiaidh baile o thuinn go tuinn, Dá d-tuitdís so i g-clar Criomhthuinn Gan gáir fhaoilte nó gáir goil, Le gáir caointe nó cosgoir. 'Sna cathaibh do curthaoi linn, Ag cosnamh chríche Eirinn; Dá d-tuiteadh duine dhíobh soin. Dob' sníobh uile o Uilltoibh. La ordhraic Atha Buidhe, Inar lia leacht sochuidhe; Dá d-tulteadh uainne Aodh O Néill, Do'n taoibh thuaidh dob' toirléim. La a m-bél bealaigh an Mhaighre Dá d-tuiteadh triath Moghairne; Bheith dob' aimhréidh d'iarraidh, An dáigh fréimh Neill Naoighiallaigh. I ló madhma an Mhullaigh Bhric, Ní gheabhthaoi ann Aodh mar éiric; Na cairn d'éachtaihh muin ar mhuin, 'San maidhm o éacht-fhuil Eóghuin. Laithe dóibh ag gabháil giall, An shluagh M?mhan Maicniadh; Cionnus do gheabhthaoi ag crú g-Cuinn, Dá sgarthaoi an chnu re crobhuinn. Lá catha an Bhealaigh Bhuidhe, Dá sgarthaoi rinn Rughruidhe; Do bheidh gáir fhaoilte gach fir, Na gáir chaointe gá cloinsin. Dá d-tuithidh se ó'n tír thall, A ló fhillte fhiann eachtrann; Lá dob' áille ag ath Seannaidh, Níor bh-fáth gáire ag Gaodhealaibh. Lá a leithbhior 'nar loiteadh sinn, No an lá láimh re gaillimh; Do thiocfadh mna ag caoine Uí Chuinn, Lá Búile, no la liath druim. Da d-tíosadh a thuitim de An lá do linge a bhaile; A áth na ríogh a fhionn Eirne, Ní bhiaidh bar síodh soidéinmhe. Lá i n-Doire nar dearb a láimh, Da d-tucthaoi leacht laoich iomdáin, Do bhiaidh h-éanghol na gâir guil Ar d-tearnamh dóibh ó'n n deabhuidh. Dá d-tuiteadh sé re síol g-Cais, Lá troda le taobh bh-Forghais; Leis in sluaigh ar d-teacht i steach, Buadh na h-eachtra dob' aithreach. Lá an Chorr-shléibhe ar g-claoi na nGall, Dá b'-facthaoi suil re Cathbharr, Ba lór d'úrchrádh ar fheachain Slogh Mhurbaid do mhúisgéalaidh.
Do ruaimneóchthaoi ruisg ár niadh, Dá d-tucthaoi a leacht lá ar Choirr-shliabh; Dá d-tuchthaoi a leacht lá Sligigh Nír lá budh eacht d'foighidin. Níor bheag do léan re leath Chuinn, Bás Aodha, oighidh Chathbhuirr; Sgaradh do Rughraidhe rinn; Rabhadh úrbhaidhe d' Eirinn. Cia an Gaoidheal nach goilfeadh libh, Blâth fréimhe mhaicne Mílidh; Bar noire cia 'r nach g-cuirfeadh, Cia an croidhe nach criothnuighfeadh. Díbir, a Dhia! an tuirsi d-truim, Uaibh a ingíon Uí Dhomhnuill; Geárr go d-téighi ar sèd mar soin, Féch na céime fád' chomhoir. A láimh criadh na cuir do dhoigh, Tuicthear libh lór do sheanmóir; Do réir tógha an tí o bh-fuil, Go ragha gach ní a n-dualuidh. Smuain an chroich atá red' thaoibh, An áit do dhoilghís díomhaoin; Togaibh ó'n nuaighsi h-uille, Fógair uaibhsi h-eólchuire. Cuir, a Dhé! budh dheasta an d-tuinn, Tar fhúighleach náir chru g-Conuill; Ar chás ár longbhrisídhe luigh, Bás na foirne sin féachuidh. Tógaibh láimh a Mhic Muire, Le taighde do thrócuire; A naghadh na tuinne a d-tam, Do chabhair luinge ár leanbán? Bíodh an tucht dá naltromsá Bíodh an lámh uaibh a Iosa; Ag taltoghadh a d-taobh soin, Glan-thoradh ár g-craobh g-cnuasoigh. A ríoghain fhréimhe Dálaigh, Táinigh ó'n d-tuinn n-iomarbhadhaidh; Nach raibh ní sia a fhearg red' fhuil, Fagh o Dhia an ceard rod chruthuidh. Do shaoileamuir, do shaoil sibh, Dáil cabhra ag macaibh Mílidh; Treas an trian tharlaidh san uaigh, Ag triall o'n mBanba bhead-fhuair. AN CEANGAL. A bhean atá go craidhte o chúmhaidh na bh-fear, Dá madh láimh re h-árus Dhuin na sreabh; Do gheabhdaoisbás, mo chrádh! a bh-fuil fúghaibh sa bh-feart Go bh-faghtha mna gach la do chúghanfadh leat.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services