Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. III - No.10 Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cct.

Title
Vol. III - No.10 Eoghan Ruadh Mac an Bhaird cct.
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1898
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE SHAN VAN VOCHT



Vol. III. — No. 10.


L. 182


Eoghan Ruadh Mac an Bhaird Cct.



A bhean fuair faill ar an bh-feart,
Truagh liom a bh-faghthaoi d' éisteacht;
Dá m-biaidh fiann Gaoidhiol ad ghar,
Do bhiaidh ad chaoineadh coghnamh.



Fada go bh-faghthaoi an fhaill,
Dá madh t-siar a d-Tir Chonaill;
Lámh le slugh Boirche da m-beath,
Ní faghthaoi an uaigh go h-uaigneach.



A n-Doire, a n-Druim-cliabh na g-cros,
An Ard Macha as mór cádhos;
Ní faghthaoi lá an feart ar faill
Gan mná do theacht fá a thuairm.



A n-Dun na n-Gall fá mín múir,
Nó an árus easboig Eoghuin;
Nó an Easruaidh is séimhe sáil
Ní ba réighe an uain d'fhághail.



Do thiocfadh ad chombáidh chaoine,
Bean ó'n Eirne iolmhaoine;
Bean o shlios bhinn-sreabh Banna,
'S inghíon o lios liath-droma.



Do thiocfadh bean o'n Maigh mhuill,
O Bhearbha, o Shiuir, o Shionuinn;
'San bhean o Chruachain na g-cath
'San bhean o thuathaibh Teamhrach.



Do h-ísleóchtaoi o ingnibh Sgor,
An cnoc' 'nar crochadh Peador;
Ní bhiaidh aen teach gan ghair guil,
Dá m-beith láimh le fiadh Fionntuin.



Ní bhiaidh láimh ris na leacaibh
Cead suaimhnis ná sailm-cheadail;
Ní bhiaidh bearna gan brón m-ban,
Ná dearna um nóin gan niamhadh.



Dá mhac rígh do'n réimsi Chuinn
Ata ar gach taoibh d' Ua Dhomhnuill.
Na trí cuirp re sininn sibh
Fír earr ar n-uilc a n-oighidh.



An dá chloich sin ós a g-cionn,
Dá bh-faicdís ógbhaidh Eirionn
Ar aoi a lineadh do léaghadh,
Caoi míle do mhuisgéaladh.



Dias do'n triúr sin tárladh astigh,
Clann Aodha árd-fhlaith Oiligh,
Ua do'n Aodha so duine díobh,
Cuire nár bh' aosda an imshníomh.



Ua thathar ar aoi do mháthar,
Mur aon red' dhís dearbhráthar;
Ní guth díbh gan chéill ad chaoi,
A bh-fuil nó a méinn dá measdaoi.



D'eis Uí Dhomhnuill dún ós sáimh
Dá d-táinig tús bhar d-torchráidh;
Ní guith truime do thuirsi
Uille na h-uile h-abairsi.



Triath Moghairne Mac Uí Néill,
Dá bh-feacthaoi a chraobha cinèil;
A chruth, a airrghe oile,
Ní guith aidhbhle h-eólchoire.



Dá bh-feacthaoi gan aon mhaith ann,
Mac rígh ó g-Conaill chathbharr;
I los ngnaoi no ngníomh ngoile
Gá díol caoi ba cosmoile.



Ní bhiaidh baile o thuinn go tuinn,
Dá d-tuitdís so i g-clar Criomhthuinn
Gan gáir fhaoilte nó gáir goil,
Le gáir caointe nó cosgoir.



'Sna cathaibh do curthaoi linn,
Ag cosnamh chríche Eirinn;
Dá d-tuiteadh duine dhíobh soin.
Dob' sníobh uile o Uilltoibh.



La ordhraic Atha Buidhe,
Inar lia leacht sochuidhe;
Dá d-tulteadh uainne Aodh O Néill,
Do'n taoibh thuaidh dob' toirléim.



La a m-bél bealaigh an Mhaighre
Dá d-tuiteadh triath Moghairne;
Bheith dob' aimhréidh d'iarraidh,
An dáigh fréimh Neill Naoighiallaigh.



I ló madhma an Mhullaigh Bhric,
Ní gheabhthaoi ann Aodh mar éiric;
Na cairn d'éachtaihh muin ar mhuin,
'San maidhm o éacht-fhuil Eóghuin.



Laithe dóibh ag gabháil giall,
An shluagh M?mhan Maicniadh;
Cionnus do gheabhthaoi ag crú g-Cuinn,
Dá sgarthaoi an chnu re crobhuinn.



Lá catha an Bhealaigh Bhuidhe,
Dá sgarthaoi rinn Rughruidhe;
Do bheidh gáir fhaoilte gach fir,
Na gáir chaointe gá cloinsin.



Dá d-tuithidh se ó'n tír thall,
A ló fhillte fhiann eachtrann;
Lá dob' áille ag ath Seannaidh,
Níor bh-fáth gáire ag Gaodhealaibh.



Lá a leithbhior 'nar loiteadh sinn,
No an lá láimh re gaillimh;
Do thiocfadh mna ag caoine Uí Chuinn,
Lá Búile, no la liath druim.



Da d-tíosadh a thuitim de
An lá do linge a bhaile;
A áth na ríogh a fhionn Eirne,
Ní bhiaidh bar síodh soidéinmhe.



Lá i n-Doire nar dearb a láimh,
Da d-tucthaoi leacht laoich iomdáin,
Do bhiaidh h-éanghol na gâir guil
Ar d-tearnamh dóibh ó'n n deabhuidh.



Dá d-tuiteadh sé re síol g-Cais,
Lá troda le taobh bh-Forghais;
Leis in sluaigh ar d-teacht i steach,
Buadh na h-eachtra dob' aithreach.



Lá an Chorr-shléibhe ar g-claoi na nGall,
Dá b'-facthaoi suil re Cathbharr,
Ba lór d'úrchrádh ar fheachain
Slogh Mhurbaid do mhúisgéalaidh.


L. 183


Do ruaimneóchthaoi ruisg ár niadh,
Dá d-tucthaoi a leacht lá ar Choirr-shliabh;
Dá d-tuchthaoi a leacht lá Sligigh
Nír lá budh eacht d'foighidin.



Níor bheag do léan re leath Chuinn,
Bás Aodha, oighidh Chathbhuirr;
Sgaradh do Rughraidhe rinn;
Rabhadh úrbhaidhe d' Eirinn.



Cia an Gaoidheal nach goilfeadh libh,
Blâth fréimhe mhaicne Mílidh;
Bar noire cia 'r nach g-cuirfeadh,
Cia an croidhe nach criothnuighfeadh.



Díbir, a Dhia! an tuirsi d-truim,
Uaibh a ingíon Uí Dhomhnuill;
Geárr go d-téighi ar sèd mar soin,
Féch na céime fád' chomhoir.



A láimh criadh na cuir do dhoigh,
Tuicthear libh lór do sheanmóir;
Do réir tógha an tí o bh-fuil,
Go ragha gach ní a n-dualuidh.



Smuain an chroich atá red' thaoibh,
An áit do dhoilghís díomhaoin;
Togaibh ó'n nuaighsi h-uille,
Fógair uaibhsi h-eólchuire.



Cuir, a Dhé! budh dheasta an d-tuinn,
Tar fhúighleach náir chru g-Conuill;
Ar chás ár longbhrisídhe luigh,
Bás na foirne sin féachuidh.



Tógaibh láimh a Mhic Muire,
Le taighde do thrócuire;
A naghadh na tuinne a d-tam,
Do chabhair luinge ár leanbán?



Bíodh an tucht dá naltromsá
Bíodh an lámh uaibh a Iosa;
Ag taltoghadh a d-taobh soin,
Glan-thoradh ár g-craobh g-cnuasoigh.



A ríoghain fhréimhe Dálaigh,
Táinigh ó'n d-tuinn n-iomarbhadhaidh;
Nach raibh ní sia a fhearg red' fhuil,
Fagh o Dhia an ceard rod chruthuidh.



Do shaoileamuir, do shaoil sibh,
Dáil cabhra ag macaibh Mílidh;
Treas an trian tharlaidh san uaigh,
Ag triall o'n mBanba bhead-fhuair.



AN CEANGAL.



A bhean atá go craidhte o chúmhaidh na bh-fear,
Dá madh láimh re h-árus Dhuin na sreabh;
Do gheabhdaoisbás, mo chrádh! a bh-fuil fúghaibh sa bh-feart
Go bh-faghtha mna gach la do chúghanfadh leat.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services