Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Vol. III - No.7
Title
Vol. III - No.7
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1898
Publisher
The Shan Van Vocht
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE SHAN VAN VOCHT VOL. III. — No. 7.
Feis Adhamhnain Agus Aonach Thirchonaill. Samhain, 1898. Cuirthear Féis Adhamhnain agus Aonach Thirchonaill ann tosaigh air dhá réasúin. Air d-tús, tá siad le h-airgead a chruin- niughadh le h-Ard-teampoll an-riachdanach do chriochnughadh a sheasfas a n-áit mílte de altóiribh sgriosta a d-tír Choluimcille, Adhamhnain, agus na g-Ceithre Maighistir, agus a bhéarfas dóchas, luthgháir diagantas, agus beannacht do chloinn ar g-cinidh chruadalaigh atá sgabtha air fud an domhain. Anns an dara h-áit tá siad le cuidiughadh nidh eile a dheanadh; sin le rádh, foghluim filidheachta, oibreacha saothair, agus Teanga na h-Eireann a chur air aghaidh. Go m-beannuighidh Dia an uile dhuine atá ag cuidiughadh linn PADRAIC UA DOMNHAILL, Easbog, Rath-bhoth. Leitir-Canain, Diardaoin Deasgabhala, 1898.
Cathair Corcaighe Ardchathair ar fhea- bus na h'Eireann. Is í tuairim a láin go mbeidh Cathair Chorcaighe 'n-a 'Ardchat- hair na h'Eireann i n-ionad Baile Atha Cliath 'nuair bheidh Eire i lánréim a saordhála ag Clannaibh Gaedhil. Dob' í riamh í 'Ardchahathair na nAllmhurach Baile Atha Cliath, agus ó thoghadar an áit sin mar mhaithe dhóibh féin is dual d'Eireannaighibh, d'á dheasgaibh sin díreach, gan suidhe a riaghaluighthe do chur ar bun innte. Tá, Baile Atha Cliath i ró-chomhfhogus ar fad do Shasanna agus bheadh sè í g-comhnaidhe ionghabhálta ag luingeas cogaidh na nGall, acht i d-taobh Corcaighe, tá cuan a dídin idir í agus an fhairrge, agus dob' fhéidir an cuan sain do dhaingeanugadh le h-oibreachaibh cosanta i d-treo ná beadh áit ba dothoghlaighthe 'ná í ar dhruim an domhain. Tá Cathair Chorcaighe suidhte ós comhair an dá mhoirthir sin Eoruip agus Ameirioca, agus féachann sí amach ar an dá thír muinnteardha Repoblachda sin, an Fhrainc agus na Stáit Aonduighthe. Tá daoine Gaedhealacha go lionmhar i g Corcaigh agus is gann Gaill innte, acht i d-taobh Baile Atha Cliath ní féidir Cathair Ghaedhealach do dheanamh di go deo agus caithfear Ardchathair Ghaedhealach do sholathair d'Eirinn Saordhálach. Tá tirshearcóiri maithe i n-Ath Cliath, com maith is táid le faghail i n-aon ait, acht is doibh is feasach, tar cách gur cathair Ghallda a gcathair féin agus tá tirshearc a ndoithin aca chum a gheillthe do Chorcaigh an réim bhus dual di 'nuair bheidh buaidhte slán ag Eirinn. Cailín óg a stóir." Cáilín, cáilín óg a stóir. Cáilín, cáilín óg a stóir. Cáilín, cáilín óg a stóir. Cáilín, cáilín óg a stóir. Cáilín, cáilín óg a stóir.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services