Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. III - No.7

Title
Vol. III - No.7
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1898
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE
SHAN VAN VOCHT



VOL. III. — No. 7.


L. 122


Feis Adhamhnain Agus Aonach
Thirchonaill.



Samhain, 1898.



Cuirthear Féis Adhamhnain agus Aonach Thirchonaill ann
tosaigh air dhá réasúin. Air d-tús, tá siad le h-airgead a chruin-
niughadh le h-Ard-teampoll an-riachdanach do chriochnughadh
a sheasfas a n-áit mílte de altóiribh sgriosta a d-tír Choluimcille,
Adhamhnain, agus na g-Ceithre Maighistir, agus a bhéarfas dóchas,
luthgháir diagantas, agus beannacht do chloinn ar g-cinidh
chruadalaigh atá sgabtha air fud an domhain. Anns an dara h-áit
tá siad le cuidiughadh nidh eile a dheanadh; sin le rádh, foghluim
filidheachta, oibreacha saothair, agus Teanga na h-Eireann a chur
air aghaidh.



Go m-beannuighidh Dia an uile dhuine atá ag cuidiughadh linn



PADRAIC UA DOMNHAILL,
Easbog, Rath-bhoth.



Leitir-Canain,
Diardaoin Deasgabhala, 1898.


L. 130


Cathair Corcaighe Ardchathair ar fhea-
bus na h'Eireann.



Is í tuairim a láin go mbeidh Cathair Chorcaighe 'n-a 'Ardchat-
hair na h'Eireann i n-ionad Baile Atha Cliath 'nuair bheidh Eire i
lánréim a saordhála ag Clannaibh Gaedhil.



Dob' í riamh í 'Ardchahathair na nAllmhurach Baile Atha
Cliath, agus ó thoghadar an áit sin mar mhaithe dhóibh féin is
dual d'Eireannaighibh, d'á dheasgaibh sin díreach, gan suidhe a
riaghaluighthe do chur ar bun innte.



Tá, Baile Atha Cliath i ró-chomhfhogus ar fad do Shasanna agus
bheadh sè í g-comhnaidhe ionghabhálta ag luingeas cogaidh na
nGall, acht i d-taobh Corcaighe, tá cuan a dídin idir í agus an
fhairrge, agus dob' fhéidir an cuan sain do dhaingeanugadh le
h-oibreachaibh cosanta i d-treo ná beadh áit ba dothoghlaighthe
'ná í ar dhruim an domhain.



Tá Cathair Chorcaighe suidhte ós comhair an dá mhoirthir sin
Eoruip agus Ameirioca, agus féachann sí amach ar an dá thír
muinnteardha Repoblachda sin, an Fhrainc agus na Stáit
Aonduighthe.



Tá daoine Gaedhealacha go lionmhar i g Corcaigh agus is gann
Gaill innte, acht i d-taobh Baile Atha Cliath ní féidir Cathair
Ghaedhealach do dheanamh di go deo agus caithfear Ardchathair
Ghaedhealach do sholathair d'Eirinn Saordhálach.



Tá tirshearcóiri maithe i n-Ath Cliath, com maith is táid le
faghail i n-aon ait, acht is doibh is feasach, tar cách gur cathair
Ghallda a gcathair féin agus tá tirshearc a ndoithin aca chum a
gheillthe do Chorcaigh an réim bhus dual di 'nuair bheidh buaidhte
slán ag Eirinn.



Cailín óg a stóir."



Cáilín, cáilín óg a stóir.



Cáilín, cáilín óg a stóir.



Cáilín, cáilín óg a stóir.



Cáilín, cáilín óg a stóir.



Cáilín, cáilín óg a stóir.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services