Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Vol. III - No.5. Amhráin
Title
Vol. III - No.5. Amhráin
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1898
Publisher
The Shan Van Vocht
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE SHAN VAN VOCHT VOL. III. — No. 5.
An Croppy, céad bliadhain ó shoin. I. Musglóchamaoid cogadh na Saoirseacht' arís, 'Oir sgriostar an tír go ro-dhona, Thabhair póg uait do d' mhnaoi a's do d' pháisde anois, Agus fáisg ann do láimh-se do ghunna. Tá an cogadh so naomh, agus lean do go bráth, Na tréig sinn, a Thighearna na m-buadh! Is ró-fhada támaoid ag trácht ar an n-Grádh Agus casfamaoid feasta ar an bh-Fuath! II. Tá cnámha na n-daoine dá m-bànughadh gan uaigh Ann a g-cárnánaibh, thimchioll na tíre, Agus iad tá beó, tá a g-cás-san chomh cruaidh Go m-b'fhearr dóibh bheith marbh dá-ríribh. Ní iompóchaidh an chaint uainn aon sgrios ná aon chrádh, (Ní'l trócaire ionnta ná truagh) Is ró-fhada támaoid ag tracht ar an n-Grádh Agus casfamaoid feast' ar an bh-Fuath. III. O! casfamaoid feast' ar an iarann geur, Fág bladar a's cainteoiridh ramhra, Ní bhristear le bladar aon t-slabhra faoi'n spéir, 'Sé an trom-bhuille bhriseas an slabhra. Tá naoimh agus fáidhe le fada 'ga rádh Fág liondubh a's ceasacht a's cumha, Oir is ró-fhada tamaoid ag tracht ar an n-Grádh A's go g-casamaois feast' ar an bh-Fuath. IV. A cháirde ní bh-fad uainn an uair anois, Agus bígidh go meisneamhail láidir, Ná meas go bh-fulóngamaoid feasta faoi sgrios, Acht déanfamaoid sgrios ar an námhaid. Ní bh-fad uainn an uair, ní fh-fad uainn an la, Ná tréig sinn, a Thighearna na m-buadh, 'Oir is ró fhada támaoid ag taobh leis an n-Grádh, Agus caithfimid triall ar an bh-Fuath! AN CRAOIBHIN AOIBHINN.
"SLAINTE NA H-EIREANN." A Machdaráin uasail agus a mhuintir mo thíre, atá rimhiadh mhór orm bheith annso anocht ag cruinniughadh breagh, mór, taisbeantach mar é so ag glórughadh na bliadhna "ocht g-céad deug acht do," agus buanughadh spioraid na laoch treunmhar do fuair bás ar son na h-Eireann céad bliadhain ó shoin. Taisbeánann an cruinniughadh mór so go dearbhtha go bh-fuil spiorad na h-Eireann anois chomh slán, chomh láidir, chomh beó agus bhí sé ariamh. Rinne na Sacsanaigh a n-dithchioll ó'n g-céad lá do chuireadar cos in ár d-tír ar spiorad na h-Eireann a bhriseadh agus a mhar- bhadh, acht buidheachas le Dia, níor éirigh sin leó fós agus ní éireóchaidh go bráth. Atá an oiread de dhroch-mheas agus de ghráin againn ar na Sacsanaighibh anois agus do bhí ag ár n-aithreachaibh ortha 'san am a chuaidh thart, nuair do chrochadar agus do chreachadar ár n-daoine agus do dhóghadar agus do do mhilleadar ár-d-tír. Níor admhuighmid riaghaltas Sacsanaigh i n-Eirinn ariamh agus ní admhóchaidh go deó. Támuid indiú chomh dána agus chomh dúlmhar ar ár d-tír a shaoradh a's bhídheamar ariamh, agus ní dhéanfaimid stad ná sgith a choidhche no go m-béidh riaghail Eireannach i n-Eirinn. Támuid annso anocht leis an spiorad sin do chongbháil beó agus do chur ar aghaidh mar is cóir. 'Siad na Sacsanaigh bun agus príomh-ádhbhar ár mí-ádh agus âr n-arnó, agus chomh fhad a's bheidheas dlighe Sacsanaigh i n-Eírinn béidh ár d-tír áluinn faoi leathtrom agus faoi chaoi. Mar sin de, budh chóir dúinn seasamh le chéile ar aon inntinn go dílis agus go rúnnhar agus ár n-dithchioll a dheanamh no go m-béidh na Sacsanaigh agus uile a bhaineas leó ruaghtha glan díreach amach as tír na h-Eireann.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services