Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. III - No.5. Amhráin

Title
Vol. III - No.5. Amhráin
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1898
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE
SHAN VAN VOCHT



VOL. III. — No. 5.


L. 94


An Croppy, céad bliadhain ó shoin.



I.



Musglóchamaoid cogadh na Saoirseacht' arís,
'Oir sgriostar an tír go ro-dhona,
Thabhair póg uait do d' mhnaoi a's do d' pháisde anois,
Agus fáisg ann do láimh-se do ghunna.
Tá an cogadh so naomh, agus lean do go bráth,
Na tréig sinn, a Thighearna na m-buadh!
Is ró-fhada támaoid ag trácht ar an n-Grádh
Agus casfamaoid feasta ar an bh-Fuath!



II.



Tá cnámha na n-daoine dá m-bànughadh gan uaigh
Ann a g-cárnánaibh, thimchioll na tíre,
Agus iad tá beó, tá a g-cás-san chomh cruaidh
Go m-b'fhearr dóibh bheith marbh dá-ríribh.
Ní iompóchaidh an chaint uainn aon sgrios ná aon chrádh,
(Ní'l trócaire ionnta ná truagh)
Is ró-fhada támaoid ag tracht ar an n-Grádh
Agus casfamaoid feast' ar an bh-Fuath.



III.



O! casfamaoid feast' ar an iarann geur,
Fág bladar a's cainteoiridh ramhra,
Ní bhristear le bladar aon t-slabhra faoi'n spéir,
'Sé an trom-bhuille bhriseas an slabhra.
Tá naoimh agus fáidhe le fada 'ga rádh
Fág liondubh a's ceasacht a's cumha,
Oir is ró-fhada tamaoid ag tracht ar an n-Grádh
A's go g-casamaois feast' ar an bh-Fuath.



IV.



A cháirde ní bh-fad uainn an uair anois,
Agus bígidh go meisneamhail láidir,
Ná meas go bh-fulóngamaoid feasta faoi sgrios,
Acht déanfamaoid sgrios ar an námhaid.
Ní bh-fad uainn an uair, ní fh-fad uainn an la,
Ná tréig sinn, a Thighearna na m-buadh,
'Oir is ró fhada támaoid ag taobh leis an n-Grádh,
Agus caithfimid triall ar an bh-Fuath!



AN CRAOIBHIN AOIBHINN.


L. 95


"SLAINTE NA H-EIREANN."



A Machdaráin uasail agus a mhuintir mo thíre, atá rimhiadh
mhór orm bheith annso anocht ag cruinniughadh breagh, mór,
taisbeantach mar é so ag glórughadh na bliadhna "ocht g-céad
deug acht do," agus buanughadh spioraid na laoch treunmhar do
fuair bás ar son na h-Eireann céad bliadhain ó shoin.
Taisbeánann an cruinniughadh mór so go dearbhtha go bh-fuil
spiorad na h-Eireann anois chomh slán, chomh láidir, chomh beó
agus bhí sé ariamh.



Rinne na Sacsanaigh a n-dithchioll ó'n g-céad lá do chuireadar
cos in ár d-tír ar spiorad na h-Eireann a bhriseadh agus a mhar-
bhadh, acht buidheachas le Dia, níor éirigh sin leó fós agus ní
éireóchaidh go bráth. Atá an oiread de dhroch-mheas agus de
ghráin againn ar na Sacsanaighibh anois agus do bhí ag ár
n-aithreachaibh ortha 'san am a chuaidh thart, nuair do chrochadar
agus do chreachadar ár n-daoine agus do dhóghadar agus do
do mhilleadar ár-d-tír.



Níor admhuighmid riaghaltas Sacsanaigh i n-Eirinn ariamh
agus ní admhóchaidh go deó. Támuid indiú chomh dána agus
chomh dúlmhar ar ár d-tír a shaoradh a's bhídheamar ariamh,
agus ní dhéanfaimid stad ná sgith a choidhche no go m-béidh
riaghail Eireannach i n-Eirinn. Támuid annso anocht leis an
spiorad sin do chongbháil beó agus do chur ar aghaidh mar is cóir.



'Siad na Sacsanaigh bun agus príomh-ádhbhar ár mí-ádh agus
âr n-arnó, agus chomh fhad a's bheidheas dlighe Sacsanaigh i
n-Eírinn béidh ár d-tír áluinn faoi leathtrom agus faoi chaoi. Mar
sin de, budh chóir dúinn seasamh le chéile ar aon inntinn go
dílis agus go rúnnhar agus ár n-dithchioll a dheanamh no go
m-béidh na Sacsanaigh agus uile a bhaineas leó ruaghtha glan
díreach amach as tír na h-Eireann.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services