Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Vol. II - No.8. Is craibhtheach an cine an cine Gaodhalach
Title
Vol. II - No.8. Is craibhtheach an cine an cine Gaodhalach
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1897
Publisher
The Shan Van Vocht
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE SHAN VAN VOCHT VOL. II. — No.8.
IS craibhtheach an cine an cine Gaodhalach. Tá'n Gaodhal Eireannach craibhtheach ónádúir. Cidh sé lámh Dé ann s gach áit áit, ann s gach am, agus ann s gach nidh. Ní'l aon Eireannach anaghaidh ceud a bhfuil ádhbhar duine-gan- creideamh ann. Tá an spioraíd agus neithe an spioraid nios cum- hachtaighe air-sean 'ná an corp agus neithe an chuirp. An nidh nach bh-feiceann sé ní lughaide creidfidh sé ann; an nidh chid- heas sé, chidfidh sé níos mo ann 'ná fear de chine air bith eile. An rud atá doi-fheicthe do dhaoinibh eile is noi-theicthe dhó-san é. Tá Dia 'na sidh cinnte, fíor, so-thuighthe dhó san. Mothaigheann sé cúmhacht dho-fheicthe roimhe agus le n-a thaoibh agus air a chúl air feadh an lae agus air feadh na h-oidhche. Is ó'n mothughadh so thigeas ráidhte coitchionna agus forain na Gaed- hilge. Nuair castar duine air dhuine eile i n-áit "bon jour," no "good morning" mar na cinidhibh eile do rádh, is é deir se "go mbeannaighidh Dia dhuit." Má chidh sé duine ag obair deir sé "Bail ó Dhia ort;" má tá tú ag sgaramhaint leis deir sé "go seacht soirbhigh' Dia dhuit;" má tá sé do d' bheannughadh deir sé "go saoghalgidh Dia thú;" má ghnidheann tú srannfartaigh glaodhfaid sé "Dia linn; agus anuair chuireann tú forán air ag rádh "go m beannaighidh Dia dhuit," is é a fhreagradh-san "go mbeannaigh' Dia agus Muire dhuit." Nuair ghlacann sé snísín uait dearfaidh sé "Beannacht Dè le n-anam do mharbh;" má thagann iongantas obann air, dearfaidh sé "míle altughadh le Dhia;" má thaisbeabtar dhó leanbh óg no nidh eile an chèad uair deir sé "bail ó Dhia air;" má thagann buaidbreadh obann air deir sé "crois Críost orrainn; nuair ghoireann an coileach, sé an nidh chluineas seisean ann a ghlaodh "Mac na-h-óighe slán;" agus ma dheunann sé ceasacht, is e deir sé "A Mhuire is truagh," agus ní'l cine eile ann san domhan, mar thug, tráth, mo chara an t-Athair O Gramhna fá deara, a bh-fuil dá ainm aca ar Mharia, is e sin "Maire" nuain baistear e ar mhnaoi, acht "Muire" nuair labhrann siad i d-taoibh Mhathar an tSlanuightheóra. Tá Dia mar sin ann a bheatha agus ós comhair a shúl, do ló agus d'oidh- chide, agus is fíor-mhac na sean-naomh sin do sgap solas Chríost ar feadh an tsaoghail é. Is Críostaidhe nádúrtha é anois, ó lá a bhreithe go h uair a bháis. Is ionnann an spioraid atá ann agus an inntinn chidhmid ann san dá rádh sin, rádh da h-Eaglaise oigé "bíodh an bhuaidh ag an nidh tá ársa," "agus an rádh sin Naoimh Aibhstin credo quia impossible, "creidim é mar gheall ar é do bheith doi-dheunta." Nior chum an Nádúir é le duine gan creid- eamh do dheunamh dé; is anaghaidh a inntinne agus a chroidhe- sean sin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services