Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. II - No.8. Is craibhtheach an cine an cine Gaodhalach

Title
Vol. II - No.8. Is craibhtheach an cine an cine Gaodhalach
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1897
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE
SHAN VAN VOCHT



VOL. II. — No.8.


L. 147


IS craibhtheach an cine an cine Gaodhalach. Tá'n Gaodhal
Eireannach craibhtheach ónádúir. Cidh sé lámh Dé ann s
gach áit áit, ann s gach am, agus ann s gach nidh. Ní'l aon
Eireannach anaghaidh ceud a bhfuil ádhbhar duine-gan-
creideamh ann. Tá an spioraíd agus neithe an spioraid nios cum-
hachtaighe air-sean 'ná an corp agus neithe an chuirp. An nidh
nach bh-feiceann sé ní lughaide creidfidh sé ann; an nidh chid-
heas sé, chidfidh sé níos mo ann 'ná fear de chine air bith eile. An
rud atá doi-fheicthe do dhaoinibh eile is noi-theicthe dhó-san é.
Tá Dia 'na sidh cinnte, fíor, so-thuighthe dhó san. Mothaigheann
sé cúmhacht dho-fheicthe roimhe agus le n-a thaoibh agus air a
chúl air feadh an lae agus air feadh na h-oidhche. Is ó'n
mothughadh so thigeas ráidhte coitchionna agus forain na Gaed-
hilge. Nuair castar duine air dhuine eile i n-áit "bon jour," no
"good morning" mar na cinidhibh eile do rádh, is é deir se "go
mbeannaighidh Dia dhuit." Má chidh sé duine ag obair deir sé
"Bail ó Dhia ort;" má tá tú ag sgaramhaint leis deir sé "go
seacht soirbhigh' Dia dhuit;" má tá sé do d' bheannughadh deir
sé "go saoghalgidh Dia thú;" má ghnidheann tú srannfartaigh
glaodhfaid sé "Dia linn; agus anuair chuireann tú forán air ag
rádh "go m beannaighidh Dia dhuit," is é a fhreagradh-san "go
mbeannaigh' Dia agus Muire dhuit." Nuair ghlacann sé snísín
uait dearfaidh sé "Beannacht Dè le n-anam do mharbh;" má
thagann iongantas obann air, dearfaidh sé "míle altughadh le
Dhia;" má thaisbeabtar dhó leanbh óg no nidh eile an chèad uair
deir sé "bail ó Dhia air;" má thagann buaidbreadh obann air deir
sé "crois Críost orrainn; nuair ghoireann an coileach, sé an nidh
chluineas seisean ann a ghlaodh "Mac na-h-óighe slán;" agus ma
dheunann sé ceasacht, is e deir sé "A Mhuire is truagh," agus
ní'l cine eile ann san domhan, mar thug, tráth, mo chara an
t-Athair O Gramhna fá deara, a bh-fuil dá ainm aca ar Mharia, is
e sin "Maire" nuain baistear e ar mhnaoi, acht "Muire" nuair
labhrann siad i d-taoibh Mhathar an tSlanuightheóra. Tá Dia
mar sin ann a bheatha agus ós comhair a shúl, do ló agus d'oidh-
chide, agus is fíor-mhac na sean-naomh sin do sgap solas Chríost
ar feadh an tsaoghail é. Is Críostaidhe nádúrtha é anois, ó lá a
bhreithe go h uair a bháis. Is ionnann an spioraid atá ann agus an
inntinn chidhmid ann san dá rádh sin, rádh da h-Eaglaise oigé
"bíodh an bhuaidh ag an nidh tá ársa," "agus an rádh sin Naoimh
Aibhstin credo quia impossible, "creidim é mar gheall ar é do
bheith doi-dheunta." Nior chum an Nádúir é le duine gan creid-
eamh do dheunamh dé; is anaghaidh a inntinne agus a chroidhe-
sean sin.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services