Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Vol. II - No.5. Teacht Naomh Phádraic go hÉirinn (ar lean.)
Title
Vol. II - No.5. Teacht Naomh Phádraic go hÉirinn (ar lean.)
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1897
Publisher
The Shan Van Vocht
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE SHAN VAN VOCHT VOL. II. — No. 5.
TEACHT NAOMH PHÁDRAIC GO h-ÉIRINN Ann 'Ard-Macha a chur sé a ionaid 'Ard-Easboic air bun, i g-ceart- lár na tíre, agus ó sin ó shoin tâ a chomharba 'na chómhnuidhe anns an chathair sin. Air feadh a thuruis thríd 'Eirinn aig múnadh agus aig craobhsgaoladh soluis an t-Soisgeil níor doirteadh aon deór fola agus níor marbhadh aon duine acht fear amháin, gidh budh mhinic a d-feuch na draoidhthe agus cuid de na ríightibh é a mharbhadh acht chuidigh Dia leis agus níor éirigh leó dochar no dioghbhail a dheanadh dhó. Am amháin bhí sé anns an áit a d-tugthar anois condae an Rígh air agus thug paganach d'ar bh'ainm dó Fáilge iarraidh air an naomh a mharbhadh acht fuair a ghíomanach fios air an feall a bhídhthear a dhul a dheanadh air agus righne sé suas dóigh le é shabhail. Dubhairt sé le Pádraic agus iad aig tiomaint amach anns an charbaid nar shaoil sé aríamh go rabh a mhaighistir chómh bródamhail agus bhí sé. D'fhiafruigh an naomh dhe caid é chuir sin ann a cheann, agus do fhreagar 'Odran, budh é sin ainm an ghíomanaighe, go rabh sé aig tiomaint leis na blíadhantaibh anois agus ríoth an ama sin nach d-tug a mhaighistir oiread dhe sgíthiste dho agus tiomaint la amháin ann a áit. D'éirigh naomh Pádraic agus shuidh ann áit an ghiomanaighe agus shuidh 'Odran ann áit-sean agus marbhadh é mar shaoil na marbhthoiridhe gur bh'e an maighistir a bhi ann. Deir na sean staruide go bh-fuair Pádraic beatha shé scór bliadhan agus gur éug sé aig Sabhall Phádraic i g-condaidh an Dúin air an seachtmhadh lá deug de'n Mhárt anns an bhliadhain 493. I m-beatha an duine naomhtha so chidhmid mar oibrigheas Día a dhóigh fein thríd a shearbh-fhóghantaibh. Air feadh na sé m-blíadhan a bhí Pádraic 'na sglábhuidhe aig Míolcho thug sé a aghaidh air Dhía le h-úmhlacht agus foighid. D'fhoghluim sé teanga na tíre agus thug sé grádh do'n mhuintir so a bhí i n-dorchadas. Mar so chuir Día ann a cheann pilleadh orrtha agus éolas air Dhía a thabhairt doibh. Míle moladh Dhuit, a Thíghearna, air son Do 'thiodhlacaibh agus go h-áirighthe air son go d-tug Tú Naomh Pádraic duinn le bheith 'na easbal agus 'na chosantoir air "Oílean na Naomh agus na n-Ollamh."
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services