Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. II - No.5. Teacht Naomh Phádraic go hÉirinn (ar lean.)

Title
Vol. II - No.5. Teacht Naomh Phádraic go hÉirinn (ar lean.)
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1897
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE
SHAN VAN VOCHT



VOL. II. — No. 5.


L. 90


TEACHT NAOMH PHÁDRAIC GO h-ÉIRINN



Ann 'Ard-Macha a chur sé a ionaid 'Ard-Easboic air bun, i g-ceart-
lár na tíre, agus ó sin ó shoin tâ a chomharba 'na chómhnuidhe
anns an chathair sin. Air feadh a thuruis thríd 'Eirinn aig múnadh
agus aig craobhsgaoladh soluis an t-Soisgeil níor doirteadh aon
deór fola agus níor marbhadh aon duine acht fear amháin, gidh
budh mhinic a d-feuch na draoidhthe agus cuid de na ríightibh é a
mharbhadh acht chuidigh Dia leis agus níor éirigh leó dochar no
dioghbhail a dheanadh dhó. Am amháin bhí sé anns an áit a
d-tugthar anois condae an Rígh air agus thug paganach d'ar
bh'ainm dó Fáilge iarraidh air an naomh a mharbhadh acht fuair a
ghíomanach fios air an feall a bhídhthear a dhul a dheanadh air
agus righne sé suas dóigh le é shabhail. Dubhairt sé le Pádraic
agus iad aig tiomaint amach anns an charbaid nar shaoil sé aríamh
go rabh a mhaighistir chómh bródamhail agus bhí sé. D'fhiafruigh
an naomh dhe caid é chuir sin ann a cheann, agus do fhreagar
'Odran, budh é sin ainm an ghíomanaighe, go rabh sé aig tiomaint
leis na blíadhantaibh anois agus ríoth an ama sin nach d-tug a
mhaighistir oiread dhe sgíthiste dho agus tiomaint la amháin ann a
áit. D'éirigh naomh Pádraic agus shuidh ann áit an ghiomanaighe
agus shuidh 'Odran ann áit-sean agus marbhadh é mar shaoil na
marbhthoiridhe gur bh'e an maighistir a bhi ann. Deir na sean
staruide go bh-fuair Pádraic beatha shé scór bliadhan agus gur éug
sé aig Sabhall Phádraic i g-condaidh an Dúin air an seachtmhadh
lá deug de'n Mhárt anns an bhliadhain 493.



I m-beatha an duine naomhtha so chidhmid mar oibrigheas Día
a dhóigh fein thríd a shearbh-fhóghantaibh. Air feadh na sé
m-blíadhan a bhí Pádraic 'na sglábhuidhe aig Míolcho thug sé a
aghaidh air Dhía le h-úmhlacht agus foighid. D'fhoghluim sé
teanga na tíre agus thug sé grádh do'n mhuintir so a bhí i
n-dorchadas. Mar so chuir Día ann a cheann pilleadh orrtha agus
éolas air Dhía a thabhairt doibh. Míle moladh Dhuit, a
Thíghearna, air son Do 'thiodhlacaibh agus go h-áirighthe air son
go d-tug Tú Naomh Pádraic duinn le bheith 'na easbal agus 'na
chosantoir air "Oílean na Naomh agus na n-Ollamh."

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services