Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Vol. 2 No. 3: Teacht Naomh Phádraic go hÉirinn
Title
Vol. 2 No. 3: Teacht Naomh Phádraic go hÉirinn
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1897
Publisher
The Shan Van Vocht
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE SHAN VAN VOCHT VOL. II. — No. 3.
Seágan Ó Mathghamhna Taoiseach Fianna Eireann In do chroidhe, a Sheághain, rith an fhuil budh ghloine, Fos, budh bhráthair díl duit gach uile dhuine (Gan ceist ar chreideamn, 's gan ceist ar shloinne) Do ghrádhuigh Eire ar gach taoibh na Boinne. Arm Bráthair. Ar m Brathair! Le n-a macaibh bhidtheá go síor ag cánadh; "Má's mian libh saoirse, troididh go dána!" Gidh gur dubh ár n-dán tá do chlú níos láine. 'S deunann sin an croidhe in mo chliabh níos sláine. Má's trom é! Ma's Trom E!
Teacht Naomh Phádraic go h-Éirinn. DEIR an chuid is mó de na sean staruidhibh gur i n-Alcluith, i n-Albain, an áit a d-tuggan siad Dúinbréatan air anois a rugadh Naomh Pádraic. Deir sé féin gur i m-Bonabhain a rugadh é agus síleann móran daoineadh gur b'-ionnan an áit sin agus Beulabhain (Boulogne) anns an Fhráinc. Righneadh príosúnach de nuair a bhí sé sé blíadhna deug dhe aois agus díoladh é le Miolcho, ceannphort i n-Dalríada, le bheith 'na thrail aige. Chuir an fear so a g-aireachas caoiridhe agus muca é. D fhulaing sé móran cruadthan agus anró air feadh na sé m-bliadhan a chaith sé aig an obair so, amuigh air na sléibhtibh faoi shioc agus sneachta, faoi fhearthainn agus gaoith. Deir sé féin linn gur anns an am so a d'fhoghluim sé Dia do ghrâdhughadh agus do mholadh. Bhí a mhaighistir cruaidh-chroidheach agus doiligh a shásúghadh agus chuireadh sé móran oibre roimhe Phádraic le le deanadh, acht 'na dheigh sin agus eile, fuair sé faill Dia do ghuidhe ceud uair anns an lá agus ceud uair 'san oidhche, de gheimhreadh agus de shamradh. Fa dheireadh na sé m-bliadhain righne sé briongloid go rabh long aig feitheamh air, fa thuairim dha cheud míle air suíbhal ua, le na thabhairt ann a thíre féin agus gur bh' é toil Dé é imtheacht. Nuair a fuair sé é féin 'sa bhaile righne sé suas a inntinn a bheith 'na shagart agus chaith sé ocht m-blíadhna i g-colaisde aig foghluim, faoi Naomh Mhairtín, fear muinteardha dho fein. Fa an am so chonnarcas do oidhche amháin n-aisling, go d-tainic fear chuige le móran de litreacaibh agus é scríobhtha i g-ceann aca, "Guth na n-Eireannach" agus shaoil se nuair a bhí sé aig leigheadh nios fuide go-g-cualaidh sé an iomad daoineadh aig scairtidh air, a theacht air ais go h-Eirinn agus cómhnuidhe a dheanadh ann a measg. Spreag a chroidhe é gur ó Dhia thainic an taisbeanadh so agus ó sin amach chuir sé roimhe féin solus an fhíor-chreidimh a thabhairt go h-Eirinn agus grádh Dé a lasadh i g-croidhthibh na n-daoineadh a bhí go d tí sin 'na b-paganaigibh. Iudéigh an ollmhúghadh a bhí riachtanach a dheanadh thug sé cuairt air an Roimh agus righneadh easboc dhe ann. Thug an Pápa bheannacht do agus cead a theacht go-h-Eirinn leis an chreideamh Chríosdamhail a theagasg ameasg muintire na tire so. Nior éirigh mio-thapadh air bith dho fhein no do na cléirchibh a bhí leis air a d-turus fairge go dearn siad cnan agus caladh-phort aig Inbhir Dé, an taobh ó dheas de Bhaile-Atha-Cliath. Ní leig- feadh daoine na h-aite sin doibhthe fadchómhnuidhe a dheanadh ann a measg agus b'éigin doibh imtheacht air fairge air ais. Bhí Pádraic agus a chuideachta tursach sáruighthe agus bhain siad fuibhthe air oilean bheag go dearn siad a sgíthiste. 'Na dhéigh sin chur siad isteach a d-tir, aig Magh-Innis, i g-condaidh an Duín, agus chur Díocho, an taoiseach a bhí ós ceann na h-aite sin, fáilte mhór roimpe agus thionntuigh sé féin agus a theaglach a bheith 'aa g-Críostaidhibh. Thug sé sgíobol do Phádraic le teach-pobail a dheanadh dhe agus indéigh é a choisreacan bhí aifrionn aca ann an uile lá, chomh fad agus d'fhann siad anns an áit. Sabha Phádraic a tugadh air an teach-pobail sin agus Saul is ainm do'n áit ann a rabh sé go d-tí an lá indiú.
Fanamhaint Le Congnamh. Fanamhaint le congnamh ó'n bh Frainc, Fanamhaint le congnamh ó'n Spáin, Na daoine d' fhan Fad ó, leis sín, Fuair siad náire, amháin! Fanamhaint le congnamh arís, Congnamh ó 'Mericá, An drong anois Tá fanamhaint leis Mo ghráin orra go bráth! Is mithid fios do bheith Ag gach aon amadán Nach bhfuil gáir-faire Is fiú aon aire, Acht ceann, Sinn Féin amháin! AN CHRAOIBHIN AOIBHINN.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services