Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Vol. 2 No. 3: Teacht Naomh Phádraic go hÉirinn

Title
Vol. 2 No. 3: Teacht Naomh Phádraic go hÉirinn
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1897
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE
SHAN VAN VOCHT



VOL. II. — No. 3.


L. 2


Seágan Ó Mathghamhna
Taoiseach Fianna Eireann



In do chroidhe, a Sheághain, rith an fhuil budh ghloine,
Fos, budh bhráthair díl duit gach uile dhuine
(Gan ceist ar chreideamn, 's gan ceist ar shloinne)
Do ghrádhuigh Eire ar gach taoibh na Boinne.



Arm Bráthair.



Ar m Brathair!



Le n-a macaibh bhidtheá go síor ag cánadh;
"Má's mian libh saoirse, troididh go dána!"
Gidh gur dubh ár n-dán tá do chlú níos láine.
'S deunann sin an croidhe in mo chliabh níos sláine.



Má's trom é!



Ma's Trom E!


L. 48


Teacht Naomh Phádraic go h-Éirinn.



DEIR an chuid is mó de na sean staruidhibh gur i n-Alcluith,
i n-Albain, an áit a d-tuggan siad Dúinbréatan air anois a
rugadh Naomh Pádraic. Deir sé féin gur i m-Bonabhain
a rugadh é agus síleann móran daoineadh gur b'-ionnan an
áit sin agus Beulabhain (Boulogne) anns an Fhráinc. Righneadh
príosúnach de nuair a bhí sé sé blíadhna deug dhe aois agus
díoladh é le Miolcho, ceannphort i n-Dalríada, le bheith 'na thrail
aige. Chuir an fear so a g-aireachas caoiridhe agus muca é. D
fhulaing sé móran cruadthan agus anró air feadh na sé m-bliadhan
a chaith sé aig an obair so, amuigh air na sléibhtibh faoi shioc
agus sneachta, faoi fhearthainn agus gaoith. Deir sé féin linn
gur anns an am so a d'fhoghluim sé Dia do ghrâdhughadh agus do
mholadh. Bhí a mhaighistir cruaidh-chroidheach agus doiligh a
shásúghadh agus chuireadh sé móran oibre roimhe Phádraic le
le deanadh, acht 'na dheigh sin agus eile, fuair sé faill Dia do
ghuidhe ceud uair anns an lá agus ceud uair 'san oidhche, de
gheimhreadh agus de shamradh. Fa dheireadh na sé m-bliadhain
righne sé briongloid go rabh long aig feitheamh air, fa thuairim
dha cheud míle air suíbhal ua, le na thabhairt ann a thíre féin agus
gur bh' é toil Dé é imtheacht.



Nuair a fuair sé é féin 'sa bhaile righne sé suas a inntinn a bheith
'na shagart agus chaith sé ocht m-blíadhna i g-colaisde aig
foghluim, faoi Naomh Mhairtín, fear muinteardha dho fein.
Fa an am so chonnarcas do oidhche amháin n-aisling, go d-tainic
fear chuige le móran de litreacaibh agus é scríobhtha i g-ceann aca,
"Guth na n-Eireannach" agus shaoil se nuair a bhí sé aig
leigheadh nios fuide go-g-cualaidh sé an iomad daoineadh aig
scairtidh air, a theacht air ais go h-Eirinn agus cómhnuidhe a
dheanadh ann a measg. Spreag a chroidhe é gur ó Dhia thainic
an taisbeanadh so agus ó sin amach chuir sé roimhe féin solus an
fhíor-chreidimh a thabhairt go h-Eirinn agus grádh Dé a lasadh i
g-croidhthibh na n-daoineadh a bhí go d tí sin 'na b-paganaigibh.
Iudéigh an ollmhúghadh a bhí riachtanach a dheanadh thug sé
cuairt air an Roimh agus righneadh easboc dhe ann. Thug an
Pápa bheannacht do agus cead a theacht go-h-Eirinn leis an
chreideamh Chríosdamhail a theagasg ameasg muintire na tire so.
Nior éirigh mio-thapadh air bith dho fhein no do na cléirchibh a
bhí leis air a d-turus fairge go dearn siad cnan agus caladh-phort
aig Inbhir Dé, an taobh ó dheas de Bhaile-Atha-Cliath. Ní leig-
feadh daoine na h-aite sin doibhthe fadchómhnuidhe a dheanadh
ann a measg agus b'éigin doibh imtheacht air fairge air ais. Bhí
Pádraic agus a chuideachta tursach sáruighthe agus bhain siad
fuibhthe air oilean bheag go dearn siad a sgíthiste. 'Na dhéigh
sin chur siad isteach a d-tir, aig Magh-Innis, i g-condaidh an
Duín, agus chur Díocho, an taoiseach a bhí ós ceann na h-aite sin,
fáilte mhór roimpe agus thionntuigh sé féin agus a theaglach a bheith
'aa g-Críostaidhibh. Thug sé sgíobol do Phádraic le teach-pobail
a dheanadh dhe agus indéigh é a choisreacan bhí aifrionn aca ann
an uile lá, chomh fad agus d'fhann siad anns an áit. Sabha
Phádraic a tugadh air an teach-pobail sin agus Saul is ainm do'n
áit ann a rabh sé go d-tí an lá indiú.


L. 50


Fanamhaint Le Congnamh.



Fanamhaint le congnamh ó'n bh Frainc,
Fanamhaint le congnamh ó'n Spáin,
Na daoine d' fhan
Fad ó, leis sín,
Fuair siad náire, amháin!



Fanamhaint le congnamh arís,
Congnamh ó 'Mericá,
An drong anois
Tá fanamhaint leis
Mo ghráin orra go bráth!



Is mithid fios do bheith
Ag gach aon amadán
Nach bhfuil gáir-faire
Is fiú aon aire,
Acht ceann, Sinn Féin amháin!



AN CHRAOIBHIN AOIBHINN.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services