Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Belfast, 1st May, 1896
Title
Belfast, 1st May, 1896
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1896
Publisher
The Shan Van Vocht
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
THE SHAN VAN VOCHT BELFAST, 1ST MAY, 1896. PRICE TWOPENCE. VOL. I. — No. 5.
Mo Chailín Óg Deas Dílis Féin. Mo chailín óg deas dílis féin, Ní'l seod a gcoróin righ Do ghlacfeinn agus mé faoi leun In áit seirc fír do chridhe; Dá líonfaidhe domhsa ciste óir Do thréigean blas do phóg, D' fheárr liom do ghrádh, mo rún, mo stór, Mo sgoth 's mo chailín óg. Mo chailín óg deas dílis fein, Is bocht gan maoin an té Bheirfeas a ghrádh faoi locht a's péin, Do reult geal caoimh a lae; Acht tú do bheith láimh leis go deó, Budh thréine é 'na leómhan, Ní aireóchadh sé aon dith níos mó, Ná bochtanas ná brón. T.O.R.
An T-Sean Bhean Bhochd. Tá innis naomh na g-cian, Ar s an t-sean bhean bhochd Tá innis naomh na g-cian, Ar s an t-sean bhean bhochd Thug bíth do laochraibh dian As do bhérthib manla mín Ann a croidhe anois fuair críon Ar s an t-sean bhean bhochd. Tá'n gall's dánair déan Ar s an t-sean bhean bhochd Tá'n gall's dánair déan, Ar s an t-sean bhean bhochd, Tá'n gall's dánair déan Aig truailiughadh'r g-cnocúr féin O! trom-mhallachd orthú's léan Ar s an t-sean bhean bhochd. Cad é is cóir d'ar sluagh? Ar s an t-sean bhean bhochd. Cad é is cóir dár sluagh? Ar s an t-sean bhean bhochd. Cad é is cóir dár sluagh, Ach blas ghaisge Bhrian Borúmha A thabhairt do'n námh go cruadh? Ar s an t-sean bhean bhochd. Do tháinic thar an fhráigh, Ar s an t-sean bhean bhochd Do thainic thar an fhráigh, Ar s an t-sean bhean bhochd. Do tháinic thar an fhráigh, No gaill le gorta's crádh; Ann a bh-fuil is cóir a m-bách Ar s an t-sean bhean bhochd. Dá bhrígh sin bidheadh an lann Ar s an t-sean bhean bhochd. Dá bhrígh sin bidheadh an lann Ar s an t-sean bhean bhochd. Da bhrigh sin bidheadh an lann Ann gach láimh go cruadh' gus teann Agus ruag na gadaidhth' sean Ar s an t-sean bhean bhochd. Tá 'gainn misneach fós ás cliu, Ar s an t-sean bhean bhochd, Tá 'gainn misneach fós ás cliu, Ar s an t-sean bhean bhochd; Tá Dià na córa dlúth A's bidheadh geal ar g-cath nó dubh Ni beidh 'rainn slabhraidhe trúgh', Ar s an t-sean bhean bhochd. SEANDUN. Aig seo athrughadh do rinne an t-atar eadbhard Mac Cathaidhe aèr an t-sean bhean bhochd O'n m-beurla le Micheal Doitheamhnaigh.
Níor tug O'Domhnaill toradh air an gcomairle mheata na nuasal agus na naireach do bhi'na theannta, acht dubhairt leo gur bh'éigin an cath so do chur agus dubhairt go mór mhór go raibh sean rádh san aimsir fadó nách le h-iomad fear gaisge bristear cath, acht le neart Dé. Dubhairt sé fós go nbuaidheann dream dá gcuireas a ndóigh 'sa Trionoid agus chreideas go bhfuil an t-aon Dia amhán i n-aghaidh lucht déanta na h-eugcora. "Tamaoid," ar seisean, "cé nách fuil puínn againn ann, dar linn féin air bothar an chirt, acht tá na Sacsannaigh i na sochaidhe móir ar tí gaduiheacht agus éigin chum sibhse do chur air fán as seilbh bhúr sean. Is usa dhaoibh ar an adhbhair sin, cómhrac, treunmhar, calma buan, do chur anois ar son bhúr dtir dhùchais 'nuair atáthaoi saor agus airm in bhúr láimh, na ar ball 'nuair a bheidh sibh gabhtha i gcarcair gan airm gan brigh, gan luadháil baill, bhúr gcoirp ceangailte le teudánaibh righne, garbha, cnáibe; sibh briste, brúighte, bascaigthe Cuid agaibh Cath-mharbh o bheith tarraingthe air chartachaibh agus turcailibh thré shraidslighthibh Shacsanna fá tháir agus tharcuisne. Beannacht uaimsi orraibh a fhìormhuintir. Tabraidh in bhúr meanman an dutracht calma do bhí libh 'nuair a tugadh geurleannamhain orraibh agus air bhúr sinsear róimh gurab aniu lá in chatha, gurab anois an uair chum cómhraic fearamhail fiothmhar do dheunamh ag cosaint bhúr saoirse le neart bhur lámh agus cruas bhur gcroidhe. Tá airm in bhúr láimh agus bhur gcoirp air bhúr gcumus agus measaim go deimhin ná beidh sluagh gallda cosgrach. Ná bidheadh eagla ná uamhan orraibh roimh laochruidhe Lúndon ná ó neamhghnath- acht a narm, acht curidh bhúr ndóigh agus bhúr saoileachtain i Righ na cruinne. As dearbh liomsa dá dtabraidh bhur naoidh an abraimsi libh go sraoinfithe air ghallaibh agus go mba libh an buadh. Bhídear na sloigh ag eisteacht le fuighlibh na flatha. Níorbh' dheacair dóibh é chlos cé na rabhadar i n-athchomair do mar bhí fuaim le na guth agus le n a urlabra. Le h-aon inntinn amháin do ghealladar ós árd go ndeunfadais mar fhorchongair sé dhóibh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services