Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Belfast, 1st May, 1896

Title
Belfast, 1st May, 1896
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1896
Publisher
The Shan Van Vocht

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


THE
SHAN VAN VOCHT



BELFAST, 1ST MAY, 1896.



PRICE TWOPENCE.



VOL. I. — No. 5.


L. 86


Mo Chailín Óg Deas Dílis Féin.



Mo chailín óg deas dílis féin,
Ní'l seod a gcoróin righ
Do ghlacfeinn agus mé faoi leun
In áit seirc fír do chridhe;
Dá líonfaidhe domhsa ciste óir
Do thréigean blas do phóg,
D' fheárr liom do ghrádh, mo rún, mo stór,
Mo sgoth 's mo chailín óg.



Mo chailín óg deas dílis fein,
Is bocht gan maoin an té
Bheirfeas a ghrádh faoi locht a's péin,
Do reult geal caoimh a lae;
Acht tú do bheith láimh leis go deó,
Budh thréine é 'na leómhan,
Ní aireóchadh sé aon dith níos mó,
Ná bochtanas ná brón.



T.O.R.


L. 87


An T-Sean Bhean Bhochd.



Tá innis naomh na g-cian,
Ar s an t-sean bhean bhochd
Tá innis naomh na g-cian,
Ar s an t-sean bhean bhochd
Thug bíth do laochraibh dian
As do bhérthib manla mín
Ann a croidhe anois fuair críon
Ar s an t-sean bhean bhochd.



Tá'n gall's dánair déan
Ar s an t-sean bhean bhochd
Tá'n gall's dánair déan,
Ar s an t-sean bhean bhochd,
Tá'n gall's dánair déan
Aig truailiughadh'r g-cnocúr féin
O! trom-mhallachd orthú's léan
Ar s an t-sean bhean bhochd.



Cad é is cóir d'ar sluagh?
Ar s an t-sean bhean bhochd.
Cad é is cóir dár sluagh?
Ar s an t-sean bhean bhochd.
Cad é is cóir dár sluagh,
Ach blas ghaisge Bhrian Borúmha
A thabhairt do'n námh go cruadh?
Ar s an t-sean bhean bhochd.



Do tháinic thar an fhráigh,
Ar s an t-sean bhean bhochd
Do thainic thar an fhráigh,
Ar s an t-sean bhean bhochd.
Do tháinic thar an fhráigh,
No gaill le gorta's crádh;
Ann a bh-fuil is cóir a m-bách
Ar s an t-sean bhean bhochd.



Dá bhrígh sin bidheadh an lann
Ar s an t-sean bhean bhochd.
Dá bhrígh sin bidheadh an lann
Ar s an t-sean bhean bhochd.
Da bhrigh sin bidheadh an lann
Ann gach láimh go cruadh' gus teann
Agus ruag na gadaidhth' sean
Ar s an t-sean bhean bhochd.



Tá 'gainn misneach fós ás cliu,
Ar s an t-sean bhean bhochd,
Tá 'gainn misneach fós ás cliu,
Ar s an t-sean bhean bhochd;
Tá Dià na córa dlúth
A's bidheadh geal ar g-cath nó dubh
Ni beidh 'rainn slabhraidhe trúgh',
Ar s an t-sean bhean bhochd.



SEANDUN.



Aig seo athrughadh do rinne an t-atar eadbhard
Mac Cathaidhe aèr an t-sean bhean bhochd
O'n m-beurla le Micheal Doitheamhnaigh.


L. 95


Níor tug O'Domhnaill toradh air an gcomairle mheata
na nuasal agus na naireach do bhi'na theannta, acht
dubhairt leo gur bh'éigin an cath so do chur agus
dubhairt go mór mhór go raibh sean rádh san aimsir
fadó nách le h-iomad fear gaisge bristear cath, acht le
neart Dé.



Dubhairt sé fós go nbuaidheann dream dá gcuireas a
ndóigh 'sa Trionoid agus chreideas go bhfuil an t-aon
Dia amhán i n-aghaidh lucht déanta na h-eugcora.
"Tamaoid," ar seisean, "cé nách fuil puínn againn ann,
dar linn féin air bothar an chirt, acht tá na Sacsannaigh
i na sochaidhe móir ar tí gaduiheacht agus éigin chum
sibhse do chur air fán as seilbh bhúr sean. Is usa
dhaoibh ar an adhbhair sin, cómhrac, treunmhar, calma
buan, do chur anois ar son bhúr dtir dhùchais 'nuair
atáthaoi saor agus airm in bhúr láimh, na ar ball 'nuair
a bheidh sibh gabhtha i gcarcair gan airm gan brigh,
gan luadháil baill, bhúr gcoirp ceangailte le teudánaibh
righne, garbha, cnáibe; sibh briste, brúighte, bascaigthe
Cuid agaibh Cath-mharbh o bheith tarraingthe air
chartachaibh agus turcailibh thré shraidslighthibh
Shacsanna fá tháir agus tharcuisne.



Beannacht uaimsi orraibh a fhìormhuintir. Tabraidh
in bhúr meanman an dutracht calma do bhí libh 'nuair
a tugadh geurleannamhain orraibh agus air bhúr sinsear
róimh gurab aniu lá in chatha, gurab anois an uair
chum cómhraic fearamhail fiothmhar do dheunamh ag
cosaint bhúr saoirse le neart bhur lámh agus cruas bhur
gcroidhe.



Tá airm in bhúr láimh agus bhur gcoirp air bhúr
gcumus agus measaim go deimhin ná beidh sluagh
gallda cosgrach. Ná bidheadh eagla ná uamhan
orraibh roimh laochruidhe Lúndon ná ó neamhghnath-
acht a narm, acht curidh bhúr ndóigh agus bhúr
saoileachtain i Righ na cruinne.



As dearbh liomsa dá dtabraidh bhur naoidh an
abraimsi libh go sraoinfithe air ghallaibh agus go mba
libh an buadh. Bhídear na sloigh ag eisteacht le
fuighlibh na flatha. Níorbh' dheacair dóibh é chlos cé
na rabhadar i n-athchomair do mar bhí fuaim le na
guth agus le n a urlabra.



Le h-aon inntinn amháin do ghealladar ós árd go
ndeunfadais mar fhorchongair sé dhóibh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services