Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Uimh. 19. Bealtaine, 31, 1924
Title
Uimh. 19. Bealtaine, 31, 1924
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1924
Publisher
Muintir an Sguab
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
AN SGUAB Im. II. Uimh. 19. BEALTAINE, 31, 1924. 3p. SA MHÍ RÉIM NA h-UIMHREACH SO. Leath. DÁ OLCAS É SEUMAS 123 DON LUCHT LÉIGHTE … PADRAIG O CADHLA 124 GIOTAÍ AS SEAN-LÁMH-SGRÍBHINN … “AN MADADH RUADH” 124 BEISÍN … “SAGART” 125 CÚRSAÍ NA mBÚRAIGH … AN CHU MHALL 127 SEACHT n-AICÍDÍ AN t-SLÉIBHE, &rl. 130 PISEOGA … PÁDRAIG Ó CADHLA 131 SEUDNA AR AN AIMSIR SEO … CÚ CHULAINN 132 AN STÁT GAEDHEALACH … LEON Ó BROIN 134 AN t-IMHNEALL IS AN t-OIBRIDHE … “SEOSAMH FIONN” 136 RUAIG GO POLL A' PHÚCA … SEÁN Ó RUADHÁIN 137 COSAINT NA SLÁINTE … TOMÁS MAC CIONASTA 138 M'ONCAIL SEÁRLAÍ … CLOCH LABHRAIS 140 LÉIRMHEAS 143 DEUNANN SCOTT & A CHOMH., TEÓ. Ráin, Sluasaid, Grafáin, Piocóid, Héatair, &rl. I MÓIN-ÁRD I gCO. CORCAIGHE. Oifig: Sráid Mhic Curtain i gCorcaigh. R. SCOTT & CO. LTD. MacCURTAIN ST. CORK. Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n Chumann Gaedhealach is Fearr AN CUMANN IBÉRNACH INSIÚRÁLA TEÓ. I n-AGHAIDH TOITEÁIN AGUS COITCHINNE. Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN DÁMA, ÁTH CLIATH. na polasaithe is iomláine le fagháil. NIGHEACHÁN RIABHACH AN tSATHAIRN NÍ BHÍONN SÉ GEAL DÉ DOMHNAIGH. Dá bhrigh sin Cuiridh bhúr gcuid nigheacháin chun TIGH NIGHEACHÁIN NA CÚIRTE (COURT LAUNDRY) SRÁID HARCOURT, BAILE ÁTHA CLIATH. TOBAR NA FIOR-GHAEDHILGE I RINN Ó gCUANACH I nDÚTHAIGH DÉISEACH. Caith do shaoire ar do shuaimhneas ann agus raghaidh sé chum tairbhe do shaoghail agus do shláinte. Tá tigh fada fairsing i gcomhaír bhidh, iostais, agus an mhúineadh ag lucht Iolscoile na Mumhan ann — an fharraige i mbeul an doiris aca. AN CÚRSA SPEISÍALTA D'OIDÍ SGOILE MÍ AN IÚIL. AN CÚRSA COITCHIANTA MÍ LUGHNASA Tá gach fios agus faisnéis le fagháil Ó'N bhFEAR MÓR I RINN Ó gCUANACH.
LEABHRA MAITHE GAEDHILGE AN BARRA: Leabhairín do Pháistí. Nioclás Tóibín an scríbhneóir. Leabhairín é seo do pháistí sa tríomhadh buidhin nó sa ceathrú buidhin do réir mar a thuigtear don múinteóir. Mar do dhein sé sa nGeamhar tá a dhícheall déanta ag Nioclás Tóibín ar adhbhar oiriúnach léighinn do sholáthar don pháiste, agus a bheith cothrom maidir le ciall agus cruadhas. Ocht leathanaigh agus dachad atá ann. Luach 6d. glan. ÓIR-CHISTE: Duanaire Liricí don aos Foghluma. Seamas Ó h-Aodha, M.A., do thoigh. Cnuasacht é seo desna dánta is mó clú agus cáil i nGaedhilg. Tá 45 cinn aca ann agus na filí is fearr abhí riamh againn a scríobh iad ó Oisín Mac Fhinn go dtí Pádraig Mac Piarais. Tá míniú nó argóint ag gabháil le gach aiste sa leabhar agus gach míniú aca i nGaedhilg bhlasta. Tá foclóir, agus gluais ag tabhairt eolais ar gach áit is ar gach duine atá luaidhte sa leabhar. Níl aon Bhéarla ann. 156 leathanaigh. Luach 5s. glan. BEIRT DHÉISEACH. Cnuasacht scéilíní le Seán Ó Cuirrín. Scéal acu ar a cheann féin; Eadartheangachd ar Bhéarla Washington Irving (Rip Van Winkle); Tolstoí (The Long Exile); Lorimer Stoddard (The Indian's Palm) an chuid eile. Tá adhbhar cleachta ar aistidheacht agus nótaí agus foclóirín ag gabháil leó. Luach 3s. 6d. glan. Agus na leabhra eile is fearr i nGaedhilg le fagháil ó CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN TEOR., 89 SRÁID AN TALBÓIDIGH I mBAILE ÁTHA CLIATH. WEST & SON SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS CLUIGEADÓIRÍ. Tigh Grafton, 102 & 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath Tá suas le ceud duine ag obair san gnó so. Déinimid duaiseanna óir agus airgid le h-aghaidh feiseanna &rl. agus deuntús fíor- Ghaedhealach ortha. Tagaidh isteach chun iad dh'fheiscint. AN GHAEDHEALG SNA SIOPAITHE. Má thá sé uait, a dhuine, an Ghaedhealg a bheith dá labhairt agat gach aon lá ceannuigh do chuid grósaereachta agus lóin-tighis uainn. Ní gádh dhuit Beurla do labhairt annso mar go bhfuil an Ghaedhealg ag gach aoinne sa t-siopa. Ó RAOGÁIN AGUS A CHOMH., TEO., SRÁID DÁSON, 54. AN ÍCE IS FEARR DÁ BHFUIL ANN. Ní túisge cuirtear Gibsol le áit tinn ná gheibhtear fuascailt. Cruthuigheann san ná fuil a shárú le fághailt. Dhéarfá gur draoidheacht atá ann agus an slighe a dhíbirigheann sé tochas is pian ar an nóimeant dearg. Tá ealadha cheart an dochtúra ann, dar ndóigh. FUIGH BOSGA GIBSOL INDIU. Níl a shárú ann le h-aghaidh fochmaí, oidhear, goráin, méiscrí, claimh, teinefhiadh, iosgóidí fola, gabhag, fuachtáin, croicinn briste, cosa tinne, &rl., &rl. Tá sé le fághailt ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1s.3d. GIBSOL AN ÍCE I GCÓIR GACH LÍON-TIGHE. Deuntar “Grania Tooth Paste” agus “Gibsol Veterinary Ointment” leis ag Gibsol, Teo., Lana an Chlair, Baile Atha Cliath.
DA OLCAS É SEUMAS IS MEASA A BHEITH 'NA EUGHMAIS. A Cháirde, Is éigin dom an leathanach so do sgríobhadh uaim fhéin an mí seo agus clóca an fhir eagair do chaitheamh díom. Mar caithfidh mé rudaí a bhaineann liom féin do mhíniú agus do chur i dtuisgint daoibh. Ar an gceud dul síos ní mór dom mo leath-sgeul do ghabhailt libh toisg gan aon “Sguab” a bheith dá chur amach i gcóir Mí Abráin agus toisg an uimhir seo (Beal- taine) a bheith chomh déidheanach san. Bhíos an- imshniomhach i gcomhnuidhe i dtaobh an “Sguab” a bheith i gcóir san am cheart gach aon mhí, agus is amhlaid a bhínn ag bóiceáil ná raibh sé oiread as lá déidheanach riamh ó cuireadh ar bun é, tá ag dul in dá bhliadhan anois. Do thuit amach, cúpla mí ó shoin, go bhfuaireas glaodhach obann, narbh féidir liom agus narbh achfuinn dom a dhiúltú, dul thar lear chun gnótha áirithe do dheunamh. A sgeul féin sgeul gach aoinne dar ndóig. Ní raibh d'uain agam socrú do dheunamh le h-aon duine obair na h-eagarthoireachta do thabhairt idir láimhibh im' áit-se, agus dá bhrígh sin fághadh gan deunamh í. Ní bheadh an oiread san díobhála sa méid sin, is dócha, mara mbeadh ann ach é. Ach tá ceacht foghlumtha agam óna thuit amach Cá bhfios dom ná béinn-sa sa chás cheudna arís. Ní maith liom rud a bheith ar siubhal agam gan é do dheunamh mar ba cheart. Le timpeall dhá bhliadhan anois táim ag caitheamh mórán aimsire ar obair an “Sguab.” Ní mar mhagadh d'aon duine amháin a bheith i mbun eagarthoireachta agus bainisteoireachta pái- péir agus a slighe maireachtana le baint amach aige in gnóthaí eile, chomh maith. Tá an iomarca iarrannaí sa teine agam, béidir, ach per' sa domhain de, chun breith gairid ar an sgeul ní féidir liom leanamhaint den obair a thuille. Is truagh liom á rádh, mar gur chuireas an-shuim san obair agus do dheineas mo lán-dhícheall i gcomhnuidhe páipeur maith so-léighte do sholáthar do Ghaedhealaibh. Níor éirigh liom uaireannta chomh maith as ba mhaith liom, agus mar is gnáthach le gach aon rud bhí daoine ann ná raibh sásta. An Sguab nuadh is fearr a sguabann an tigh, dar leo, is dóigh liom. Ach mar sin féin fuaireas an oiread san leitreacha ó dhaoine ná raibh aon aithne agam ortha ag moladh “An Sguab” gurb i gcoinne mo thola ar fad ar fad atáim á thabhairt suas anois. Táim-se ag eirghe as, ach ní fheadar fós an bhfuil an “Sguab” i riocht a bháis. Tá daoine áirithe tréis a rádh liom gur mór an truagh é gan é do choimeád beo, agus táthar adh iarraidh comhlucht nó chumann do chur ar bun chun tabhairt fén obair. Níl ann ach cainnt fós agus is minic gur fada ón luaithe an bocaire. Má dheuntar rud den chuimhneamh san tabhairfid don dream nuadh a bhfuil agam de shíntiúsaí agus de lámh-sgríbhinní fós. Ar an taobh eile, má's dóigh liom tréis cúpla mí ná fuil aon rud tairbheach chun teacht as cuirfid an t-airgead &rl thar nais chun na daoine gur leo é. Agus tréis an t-saoghail béidir gurbh amhlaidh ab fhearr, dréir deallraimh níl an glaodhach ceudna ar an bpáipeur so as do bhí. Má thá lucht na Gaedhilge ag eirghe cortha de tá sé in am agus thar am é do chur ar neamh-nidh. Ní bhfuaireas féin pingin ruadh de bhárr no shaothair as. Ba chuma liom é sin chomh fada as do dhíol sé as féin, leath is muigh de sin. Agus do dhíol go dtí an mí deire- annach. Níor glacadh le sgeul ná aiste riamh i gcóir an “Sguab” (ach amháin ó fó dhuine ná raibh an t-airgead uaidh) gan díol as, agus bhí costas na h-oifige le comhaireamh gan trácht ar costasaí an chlóbhuailte (rud nach suarach). Mar sin féin fuair an “Sguab” bocht a cheann do choimeád thar uisge, agus muireach an cúram nach é atá orm-sa ní raghadh sé go tonn poill anois ach an oiread. Ach is mairg a dhéineann deimhin dá dhóchas. Mar adubhart cheana má tá lucht léighte an “Sguabh” tuirseach de cuireann sé sin crut eile ar an sgeul. Ní ceist í, ámhthach, a bhainfidh liomsa as seo amach, agus níl le deunamh agam anois ach mo buidheachas do ghabhailt leis na daoine dílse a thug congnamh dom san deagh-obair agus mo shlán d' fhágaint acu. Mise, Eamonn Mac Giolla Iasachta, Fear an “Sguab.”
DON LUCHT LÉIGHTE. Is oth agus is uch liom an sceul so dá nochtadh ag an bhfear eagair; acht, mar adeir sé féin, “ní sheasann rioth leis an each i gcomhnuidhe.” Tá “An Scuab” anois againn gairid do dhá bhliadhain agus táimíd go léir sásta gur mhaith agus gur thairbheach an páipeur é do chúrsaí na Gaedhilge agus gur mí- ádhmharach an rud é anois é scaoileadh tré thóin na cise. Acht ní ceart an t-ualach go léir a leagaint anuas idir an dá shlinneán ar aoinne amháin. Bhí an obair go léir idir eagaireoireacht, bainisteoireacht, agus soláthar na n-aistí ar féin. Thug a chuid aimsire agus a chuid airgid dó agus tá a fhios agam go ndeaghadh sé thar a acmhuinn leo araon. Dá mbur bh'acmhuinn dó é tá a fhios agam go leanfadh sé air agus go gcoimeádfadh sé ar siubhal é. Tá sé sásta ar a chion féin a dheunamh don “Scuab” i gcomhnuidhe agus ní mar gheall air é bheith in a athair baistidhe aige é acht go gcreideann sé gur práinneach agus gur tairbheach an rud don Gaedhilg gan é leigint in éag. 'Sé rud atá uaim-se a chur in alt do na léightheoirí acht gur ceart dúinn iarracht threun a dheanamh an t-anam a choimeád ann. Tuigim go bhfuil roinnt mhaith léightheoirí ar aon aigne liom féin nár cheart “An Scuabh” a leigint cum deireadh. Dá bhfuighfí cuallacht de dhaoine a cheangal agus a shnamadh in a chéile a thógfadh a chúram orra féin is dóigh liom go n-eireochadh linn an obair a dheunamh as a bholg féin amach .i. go bhfuighfí é dheunamh 'sa tslighe go ndíolfadh sé as féin. Ba mhaith liom dá scríobhfadh daoine chugam agus a dtuairm a thabhairt dom. MISE, PÁDRAIG Ó CADHLA, Lúbán Díge, Co. an Chlair. Andiu an 12 V. '24. GIOTAÍ AS SEAN-LÁMH-SGRÍBHINN. ar leanamhaint. S. Ua Murchada na Raithineach Chum an athair Seósamh Mac Cartain. A Shagart an deagh-chroidhe, is maith gnaoi, méin, a's greann, Ná tagair dom' fhaillighe, tar fám' dhéin anall Ag baisteadh mo chailín, 'seadh í an seiseadh ceann Sin sgata maith bain-sidhe ar fuaid tighe i néinfheacht ann. Chum Thomáis de Barra. A Bharraig gan cháim, a's a sháir-fhir shoineanta, shuairc, A Thaca na dáimhe, a's a bhráthair ribirt na ruag, Do ghealluis dom bán-bhuig áluinn d'oirfeadh dom' chluais Ó sgaipeadh chum fáin gan fághail gach ruibe dom ghruaig. AN MADADH RUADH. MUINTIR MHIC EUMOINN Síolta le h-aghaidh an gháirdín (Bláthanna is uile) Síolta le h-aghaidh na feirme EDMUNDSON BROS., 10 DAME ST. Baile Átha Cliath. SCEULTA MHICIL (An Fear Mór do scríobh iad) Tá Gaedhealg Greann is Gáire ionnta. Tá Caint Chanta Cheolmhar ionnta. 'Sé an leabhar is oireamhnaighe ar an margadh é do scoláirí ná fuil an Ghaedhealg ró-láidir aca. Le Faghbháil ó Rúnaidhe, Coláiste na Rinne, Dún- garbhán, nó ó Chomhlucht Oideachais i mBaile Átha Chliath.
BEISÍN. Lá do's na laetheanta agus mise ag sglábhuigheact liom thall i nGlascú thárla dom a bheith ag gluaiseacht trí ceann do's na caol-sráideanna salacha úd ar ar thráchtas an mí seo caithte. Ránaigh go raibh árd- dhithineas orm an lá céadna bhíos díreach tar éis a bheith ag pleidhe le meisgeoir drúiseach mná ag iarraidh í mhealladh chun sacraimín na h-airthighe. Ní raibh de bhárr mo shaothair agam, ámhthach, ach mé bheith nách mór déanach do'n dhinnéar budh: chuma liom san, ach go raibh an sagart paróisde beagán géar i dtaobh sinn go léir a bheith istig i n-am an bhidh. B'shin riaghaill daingean docht a bhí riamh i dtigh na sagart i nGlascú, agus bhí deabha orm-sa an lá so d'fhonn gan é bhriseadh, ar an ádhbhar san bhíos ag gluaiseacht go mear fé dhein a bhaile, agus cá rithfinn ach isteach i lár sgata leanbhaí a bhí ag imirt i lár na sráide bige bréine. Ní fheadar conus do bfhéidir leo dúil a bheith i spórt ná i súgradh acu. Ní raibh ionnta ach cnámh a's croiceann agus deallramh an ocrais agus an uireasa agus na faillighe ortha, gioblacáin leath-nochtaighthe do b'eadh iad; básacháin droch-shláinteacha gan bhrígh, gan fuinneamh ná raibh 'on t-saoghal mór so ar fad acu ach a n-óige. Bhíodar go salach agus go straidhpeach agus go h-aindis, meatha- láiníní silte, loma-chnámhacha, smúrálta, gur dóig leat le feachaint ortha ná fuaireadar béile fóghanta bidh riamh 'na saoghal. Ní raibh ach na póirsí agus na póicéidíní déistineacha dorchadh fuar-bholathacha úd na droch-bheatha fágtha acu, tar éis sgéimhle agus sgannrad na h-oidhche aréir a bheith curtha díobh acu bhuaileadar fé'n sráidín dhona amach dóibh féin. Mo thruagh iad na créatúirí bochta! Bhí géar-ghádh acu le rud éigin a bhainfeadh cuimhne na bruighne agus na gaoin leoireachta agus na mionaí móra as a gcinn. Níor cuimhin le h-aon duine cathain a bhí an t-sráideoigín mhí-fhiortúnach úd gan achran agus clampar aon oidhche Shatharainn agus, dár ndóigh, níor thaise do'n oidhche aréir é. Má bhí na gioblacháin bochta ag iarraidh spóirt a dheunamh dóibh féin bhí dian-ghádh acu leis an spóirt. Ní bheadh acu sa bhaile ach spórt an diabhail agus spórt na troda agus spórt na meisgeóireachta. Sin iad na smaointe abhí ag rith trí m'aigne nuair a thógas fé ndeara i lár an sgata istig leanbh cailín bhig a chuir iongnadh mo chroidhe orm. Stadas ag féachaint uirri. Ní fhéadfainn gan stad. Ní fheadar ó thalamh a' domhain conus a thárla dhi a bheith i measg a leithéid de sgata mionn-amhais. Timcheall dá bliadhan go leith nú, b'féidir, trí bliadna d'aois a bhí sí, agus bhí aghaidhín aingil uirri agus ceann fada fionn gruaige ag sileadh síos go bachallach léi, ní cuimhin liom a leithéid de leanbh gleóite a fheiscint riamh roimhe sin ná ó shoin i leith. Níor thúisge a stadas na fhág sí na leanbhaí eile agus dhein sí chugham anall agus áthas an domhain 'na súilibh beaga gorma geala. Ansan shín sí chugham a láimhín a bhí chomh bog agus chómh bán leis an lile, agus d'fhéach sí suas orm gan focal do rádh. D'fhiafruigheas do 's na leanbhaibh cé'r bh'í féin í, ach dubhradar liom go dúr ná'r bh'eol dóibh sin agus leanadar ortha le na gcuid cluichí. Ansan do thógas chugham ar mo bhacalainn í agus do labharas go deas, lághach, reidh, léi. “Cad is ainim duit, a chuidín?” arsa mise. “Beisín” ar sise. “Cad é 'n Beisín?” ach níor dhein sí ach an ceann beag bachallach fionn do crothadh agus mé d'fhágaint dall. “Cá bhfuil do mhaimí, a pheata bhig?” arsa mise. “Ansan shuas,” ar sise ag síneadh a méirín chun bloc de tighthibh bríce a bhí ar cliathán sráide eile a bhí ní ba shia shuas uaim. “Beir mé ag triall uirri” arsa mise, á sgaoileadh uaim síos airís agus ag coimeád greama ar láimhín uirri. Siúd chun siubhail an bheirt againn i dtreo an bhloic, agus Beisín am ghiolluigheacht féin. Suas linn trí bhearna a bhí i lár an bhloic sin agus suas airís annsan nú gur bhuaileamar doras tighe a bhí tamall beag suas sa t-sráid. Bhí áthas an domhain ar leanbhaí na sráide sin ag féachaint ar Beisín ag giolluigheact an “mhinistreach.” “Ansan istigh,” arsa 'n leanbh nuair a shroiseamar doras áirighthe. Cnagas féin ach bhí breall ar mo ghiolla bheag. Níorbh eol d'aoinne san áit sin cé'rbh í Beisín nú cá raibh a máthair le fághail. Suas liom féin
agus an leanbh píosa beag eile do'n tsráid. Níor bhfada bhíomar imthighthe, ámh, nuair a chuir an giolla beag fionn liúigh áthais aisti. “Isteach anso” ar sise agus siúd isteach sinn trí áirse mór liathan nú go rabhamar istig i lár cearnóige móire fairsinge. Crosta na cearnóige sin linn agus níor bhfada gur glaoidh Beisín ag tigh eile, an doras a d'osgailt. D'osgaluigheadh. Speallán fuar leath-fhollamh tighe do b'eadh é. Bhí bolaith mí-fholláin ag eirighe amach an doras 'nar gcoinnibh. An fear a d'osgail an doras céadna san bhí cuma agus crot na h-aindise agus an ocrais air agus gearaba tinne amach trí's gach ao 'phioch d'á aghaidh. Agus b'shin í an aghaidh lom fada- choránach árd-leicineach. D'fhéachas féin suas i dtreo an teinteáin; b'é an teinteán gan teas é. Ní raibh fiú amháin spreidh 'on teine ann. Bhí bean shuas ar an dteinteán san i n-aice leis an hiarrta. Dá olcas deallramh an fhir, ba sheacht measa ná san deallramh na mná. Ní raibh spride fiadh anáirde ar a cnámha ach í chomh lom a's dá mbudh rud é nár chuaidh greidhm bidh 'na béal isteach le rátha roimhe sin. Bhí sí ar a cromadh ós cionn leinbh a bhí díreach ag dul chun báis 'na bacalainn ag máthair Bheisín. Druideas fein suas leo. Chonac go raibh an leanbh ag fágaint slán ag an saoghal so go mear; ná mairfeadh ceathrú uaire. Dh'iarras cead é bhaisteadh. Protastúnaig do b'eadh iad go léir agus ba leasg leo an cead san do thabhairt uatha. Ach ghéilleadar sa deire agus bhaisteas an leinbhín. Ní túisge a bhí san déanta agam ná sgar an t-anam leis an gcolainín bheag shuarach ocrach agus suas leis go rioghacht na glóire, suas i láthair Dé, suas i measg n-aingeal agus é ní ba gile ná lile na mbánta ní ba cúmhartha ná bláth na n-ubhall. Thuigeas go maith go raibh lámh Dé go láidir sa méid sin oibre. B'É Dia nGlóire do 'sheol mé i dtreo an sgata ocrach gioblachán sa tsráideoigín dorchadh aindis úd an lá san. B'é an leanbh glégeal Iosá do stiuirigh amach as an sgata gioblachán céadna san chugham-sa an bhláithín úd, Beisín, Aingilín Gleoidhte na gruaige finne, chun mé ghiolluigheacht i dtreo an leinbh protastúnach úd a bhí i mbaoghal an doireachadais shioraidhe. B'é Iosa, an leanbh gan smáil, a bhí i mbun na h-oibre go léir gan amhras. B'fhéidir gur b'amhlaidh a bhí cluiche beag éigin ar siubhal ag na h-aingealaibh i nGairdín cumhartha Pharathais agus go raibh páirtidhe beag i n-easnamh ortha. Ansan b'fhéidir gur b'amhlaidh a ghlac Iosa truagh ar an aindi- seoirín ocrach leinbh úd agus gur ghlaoidh Sé Chuige Féin í mar Pháirtidhe sa cluiche beag san. Ní'l amhras ná go bhfuil dlúth-charadas idir an bheirt, mar is clos dom go bhfuil teine agus teas anois sa Speallán tigh a bhí go fuar agus go follamh an lá úd fadó. Is clos dom leis go bhfuil raith agus sean ar a dtigh céadna san anois agus Peictiúirí do Leanbh Iosa ar crochad go fairsing ar fuaid na bhfallaí ann, agus gur bhí an duine a chuireann na peictiúirí sin ag triall ar an dtig ná Beisín féin agus gur b'é an áit go gcuireann sí as iad ná ó chlochar i nÉirinn, agus go dtagann a Máthair go minic chun an Chlochair sin chun a d'fhiscint. Is clos dom mara gcéadna go bhfuil an t-ól agus an droch-chuideacht tabharta suas ag fear an speallán tighe úd agus go bhfuil deallramh a choda anois air agus go bhfeictear go minic ag dul chun na h-altórach ag glacadh an Cuirp Naomhtha é, agus a bhean na theannta agus í ag féachaint go sásta sláinteamhail. I n-aon fhocal amháin is clos dom, agus is eol dom é, ná fuil duine dá raibh 'na sheasamh ar a' dtaobh istigh de thairsig sa speallán tighe úd an lá úd, as me ag baisteadh an leinbhín Phrotastúnach, ná fuil 'na Chaitiliceach breágh, glan, deagh-shomplach anois. Moladh as buidheachas leat, a Leinbh Iosa. Cé gur shuathrach ages na Beitilithimínigh tú an lá beannaigh úd a rugadh tú i mainsear fuar an asail, nách Agat-sa atá an uile chómhacht! Bailig chughat sinn go léir a Iosa Bháin, isteach ad' láthair. Díreach fé mar a bhailighis chugat an leinbhín ocrach an lá úd, bailigh chughat lá éigin an gasra beag go léir a bhí na seasamh timcheall uirri ar a imtheacht dí Chughat-sa; bailigh Beisín Chúghat, a Iosa Bháin, agus má's geal leat an leinbhín ocrach úd, cuimhnig gur 'na bacalainn ag máthair Bheisín a fuair sí a bás naomhtha gan pheaca. Cuimhnig go ceannsa ar athair agus ar mathair an leinbh bhoicht úd agus Ó, a Iosa, a chumann 'sa shearc, a rún chéile m'anama atá níos misle ná'n mhil agus na cíor mhealla, ná déin dearmhad orm-sa, do sglábhaidhe bocht umhall, an sagart a bhaist í. SAGART.
CÚRSAÍ NA MBÚRAIGH. Beidh an toghadh mór ar siubhal san Aifric Theas an mí seo chughainn. Cuirim-se suim ann mar go bhfuil an-chosamhlacht idir cúrsaí na h-Aifrice Theas agus cúrsaí na h-Éireann. Is fiú feuchaint isteach go géar ar sgéal na tíre sin agus béidir go mbainfimíd amach tairbhe dúinn féin má thuigimíd i gceart é, agus béidir go dtuitfidh amach luath no mall go mbeidh muintir na hÉireann agus muintir na h-Aifrice Theas ar aon aigne i dtaobh a lán ceisteanna tabhachtacha poiliti- dheachta, agus fós go bhfuigeadh an dá náisiún oibriú as lámh a chéile chun an cuspóir céadna do bhaint amach. Is dócha ná fuil eolas an-chruinn ag an gnáth-duine in Éirinn ar chúrsaí na h-Aifrice Theas nach mar a chéile as atá eolas cruinn acu thall annsan ar chúrsaí na hÉireann. Tá baint acu san agus tá baint againn- ne le h-Impireacht na Breataine — támuíd araon ceangailte de ar ais nó ar éigean. Ní mar sin don Ástraoil, do New Zealand ná do Chanada. Aon cine amháin iseadh muintir na dtiortha sin agus muintir Shean Shasana agus táid go léir toiltheannach a bheith páirteach san impireacht; seadh, agus mústarach as chomh maith — ní airighim na Franncaigh i Quebec: níl aon rud uatha san, dréir deallraimh ach go leigfidhe dóibh agus ná cuirfidhe isteach ortha; níl aon dúil sa neamh-spleádhachas acu ná ná fuil aon fhonn ortha baint a bheith acu le Frainnc na h-Eorpa. Nílim á rádh ná go bhfuil a lán Sasanaigh san Aifric Theas agus a lán daoine leis a rugadh san Aifric Theas a thugann Sasanaigh ortha féin dá aimhdheoin san. Tá abhfad níos mó Sasanaigh, nó abramuid lucht sprid Shean Shasasa san Aifric Theas ná mar atá i nÉirinn, dréir an mhéid daoine atá sa dá thír ar fad, pé sgeul é. Níl ach 11/2 miliún de daoine bhána san Aifric Theas, cuimhnigh, ach san am cheudna caithfimíd cuimhneamh air seo — ná fuil aon roinnt sa tír mar atá againn-ne — tá na sé condaethe gearrtha amach ón Saor Stát fós, ach chuaidh Natal isteach san Union nuair a cuireadh ar bun i 1910 é. Dá mhéid é an gráin a bhí acu san ar an socrú do ghlacadar leis — i gcoinne a dtola. Tá go maith, ach tá níos mó Bhúraigh ná Sasanaigh san Union, de chuid mhór; Agus na Búraigh atá na gcomhnuidhe sa Transvaal agus san Orange F.S., cuimhnigh go rabhadar san ag troid le h-impireacht na Breataine fiche bliadhan ó shoin agus nár buadhadh ortha go dtí go raibh Sasana ar a dhícheall cheart. Na Búraigh sa Cape, ámhthach, ní rabhadar páirteach san chogadh sin, pé slighe a mhothuigheadar 'na naigne féin. Lucht feirmeoireachta iseadh an chuid is mó desna Búraigh (is ionann Boer agus feirmeoir in Afrikaans) agus lucht gnótha sna bailte móra iseadh an chuid is mó desna Sasanaigh. Dá bhrigh sin ba dhóigh leat ar an gceud radharc gurb é an Beurla is mó a bhíonn ar siubhal ag muintir na hAifrice Theas ach ní fíor é sin, leath-is-muigh desna Cathraca, Capetown, Durban, Johannesburg, &rl. I bPretoria féin is ar éigin a cítear focal Afrikaans sgríobhta in áirde ar na siopaithe ná in aon áit ach amháin ar fógraí an Riaghaltais, agus tá siad an i mBeurla agus in Afrikaans in gach aon áit san Aifric Theas dá Shasanaighe é. Cúis argóint agus clampair iseadh i sin, ceist na teangan. Is dóigh leis na Sasanaigh san Aifric Theas, fé mar is dóigh leo in gach aon áit, gur dithchéille agus gur ráiméis an slighe atáthar ad' iarraidh “teanga suarach iargcúlta do choimeád beo, gur cheart do na daoine í do chaitheamh uatha agus glacadh leis an gceann breágh leathan atá tabhartha isteach sa tír acu féin. Ní mar a chéile Afrikaans agus an Holaindís a labhartar san Eoróip sa Tír fo Thuinn, agus is beag de litridheacht atá sgríobhta innti, agus fós ní féidir a rádh gurb í an Afrikaans theanga dhúthchais na hAifrice Theas. Teangacha na ndaoine ngorm — Zulu, &c., &c., na teangacha dúthchais san Aifric Theas. Ach mar sin féin 'sí teanga féin na mBúraig an Afrikaans, 'sí an teanga iasachta is mó atá ag na daoine gorma ann agus 'sí an teanga a bhíonn dá labhairt ó dhúthchas agesna daoine dathaighthe (.i. na Cape Boys) .i. an cine a tháinig ar an saoghal toisg an baint a bhí agesna fearaibh bána fadó leis na mnáibh gorma. Cine fé leith iseadh iad sin anois. Dála an sgéil, sin ceist thabhachtach atá ag baint codladh na hoidhche ó lucht stiúrtha na h-Aifrice Theas ceist na ndaoine ngorm, na ndaoine ndonn (.i. na h-Indiaigh agus na Malays) agus na ndaoine “ndathaighthe” úd, ach ós rud é
ná fuil aon rud dá shaghas ag deunamh cúraim dúinn annso i nÉirinn ní gádh a thuille do rádh mar gheall uirthi. Ach pé saghas teanga í teanga na mBúraigh 'sí a dteanga féin í agus tá gach saghas áthas orm go bhfuil de chéill agus de mhisneach acu troid ar a son agus a ceart féin do bhaint amach dí. Agus bh'fhusa dóibh a ceart féin do bhaint amach dí ná mar atá sé do lucht stiúrtha na tíre i nÉirinn. 'Dé chúis ? Ós rud é go labhartar go tiugh í. Tá sgothanna ann gan dabht agus is dóigh leo go bhfuil galántacht ag baint le daoine a labhrann Beurla agus dá bhrigh sin airightear “Afrikaanders” annso agus annsúd ag cainnt Beurla lena chéile, ach ní rud coitchianta é sin. Tá greidhm docht ag an Afrikaans ar na daoine. Is annamh a aireófá beirt phíléir, cuir i gcás, ag cainnt Beurla lena chéile nó beirt duine taobh thiar den gcúntar in oifig an phuist ná in aon oifig fé'n riaghaltas. Is éigin do gach aoinne fén riaghaltas an Afrikaans a bheith aige agus ní mar mhagadh an riaghal sin, ach an oiread. Ní bhíonn aon baothchainnt ar siubhal acu i dtaobh “essential Dutch.” Táthar dáríribh. Agus isé an S.A.P. atá i réim san Aifric Theas ó cuiread an Union ar bun ceithre bliadna deug ó shoin. Smuts atá mar cheann ortha san agus tá Búraig agus Sasanaig aonthighne in aon dream amháin fé. Saghas Mícheál Ó Coileáin ba dheadh Smuts le linn an chogaid Bhúraigh: chuaidh sé i gcontabhairt a anama níos mó ná aon ceann urraidh eile, agus eachtra na gaisgí a dhein se i gcoinne na Sasanaigh. Nuair a deineadh an socrú do lean sé Botha agus ba dóigh leis ná feudfaidhe téarmaí níos fearr d'fhághailt ó Shasana, go raibh náisiúntacht na mBúraig ó bhaoghal agus gur cheart go gcuirfeadh gach aoinne san Aifric Theas le chéile chun cúrsaí na tíre do chur chun cinn — in aon fhocal amháin gur cheart cúrsaí an lae indé do dhearmhad agus cuimhneamh ar an am a bhí le teacht amháin. Bhí a fhios ag na Sasanaig san Aifric Theas narbh fiú tráithnín an méid guthanna nó bhóthaí a bhí acu i gcoinne guthanna na mBúraigh, agus dá bhrigh sin do cuireadh an “Unionist Party” ar neamh- nidh, agus do deineadh aon dream amháin de lucht leanamhna Botha agus na Sasanaigh. Do fógriugheadh go raibh árd-chuspóir leathan- aigeanta rompa: .i. an dá chine bhán do shníomhadh 'na chéile agus go mbeadh náisiún nuadh ann — an Aifric Theas. D'éirigh leo in slighe; 'sé sin le rádh go raibh an oiread Búraig sásta ar Botha do leanamhaint go bhfuair sé riaghaltas do chur ar bun agus tá an dream ceudna i réim ó shoin i leith, pé rud a thuitfidh amach anois sa toghadh mór so. Ach in slighe eile níor eirigh leo: ní fheudfaidhe ola agus uisge do measgadh. Tá doicheall ag na Búraigh fós roimh na Sasanaigh; a's tá a lán Sasanaig ar an dul ceudna a's do bhíodar riamh (agus beidh go deo, is dócha). Tá a fhios againn annso go maith an slighe mór-chúiseach atá acu, iad chomh sásta leo féin agus lena bhfuil acu gur dóigh leat nach fiú dada aon rud ná fuil rian an t-sasanachais air. Ní maith leis na Búraigh é sin, nídh nach iongnadh, agus ní maith leis na Sasanaigh an “aigne cumhang íargcúltha” atá agesna Búraigh. 'Sé tuairm an gnáth duine ach go mbuaidh- fear ar an S.A.P. an babhta so. Tá siad chomh fada san i réim nach féidir leo gan mórán daoine do chur na gcoinnibh: ní bhíonn ar ao' rud ach tamall. Ach máseadh 'sé an rud adeirtear leis ach go mbéifidhe ag dul ó tigh an diabhal go dtí tigh an deamhain dá gcuirfidhe an dream eile isteach. Ba é an sgéal ceudna é i Sean Sasana sé mhí ó shoin, is mó duine a thabhairfeadh a ghuth do lucht oibreachais sa toghadh mór san, muireach an sgáth a bhí air roimh an deamhan ná raibh aithne aige air. Is mar san dóibh san Aifric Theas fé láthair; gráin acu ar an dream atá i réim agus sgáth acu roimh an dream eile. Agus cé hiad an dream eile? Siad lucht an “Pact” iad. Tá trí dreamanna politidheachta san Aifric Theas, ach tá socrú déanta le tamall anois idir na nationalists agus lucht Labour go n-oibreachaidís as lámh a chéile i gcoinne an S.A.P. Má eirighean leo sa toghadh mór so beidh an dá dream sa Riaghaltas. Coalition iseadh atá acu. Ní gádh dada a rádh i dtaobh lucht oibreachais. An rud céadna atá mar chuspóir achu i ngach aon tír, agus níl de difrigheacht eatorra ach amháin i dtaobh conus é bhaint amach; sé sin le rádh gur dóigh le cuid acu gur cheart a n-aimsir do thógaint agus rudaí d'fhághailt in áit a chéile, agus an buidhean eile ná fuil aon foidhne acu le ciuineas dá shaghas. Nuair a thóg lucht oibreachais riaghaltas Shasana idir lámhaibh bhí iongantas ar a lán daoine a reusúntacht agus a neamh
fhiadhaine a dhiompuigheadar amach. Ach ní hé Labour 'na aonar atá chun dul i réim san Aifric Theas ach Labour agus Nationalists lena chéile, nó ba chirte dom a rádh Nationalists agus Labour na dteannta. Dá bhrigh sin ní misde dúinn feuchaint cad an saghas iad Nationalists na h-Aifrice Theas. Do buaidheadh ar na Búraigh sa chogadh agus do deineadh síothcháin ag Vereeniging. Is suarach na téarmaí a fuair na Búraigh dá bhárr. Ach ocht mbliadna na dhiaidh sin do theasbáin Campbell Bannerman gurbh fíor fear stáit é agus tréis do comhdháil mór teacht le chéile san Aifric Theas do deineadh socrú, mar adubhart cheana, agus do cuireadh an Union nó Unie van Zuid Afrika ar bun. Le hocht mbliana roimhe sin bhí teanga na mBúraig á coimeád siar agus smacht ag an Sasanach buadhmhar ar gach aon rud. D'athruigh an socrú an sgéal ar fad. Tháinigh na Búraigh i réim don iarracht san. Bhí a lán acu sásta glacadh leis an méid saoirse a bhí fuighte acu. Ach bhí daoine eile ann a cheap narbh cheart dóibh aon bhaint a bheith acu le h-impireacht na Breataine lena dtoil féin — gurbh fhearr daoirse d'fhulang go deo ná a bheith mí- dhílis dá náisiúntacht féin agus mar sin de. Ba chuma leo ar dtúis, dréir deallraimh, dá raghadh an náisiúntacht san in éag, dá gcuirfidhe ar neamh-nidh os comhair a súl féin í, chomh fada as narbh iad féin a dhein an beart. Dréir tuairm lucht leanamhna Botha (agus Smuts) is iad an dream eile a bheadh cionntach i mbás a náisiúntacht maran nglacfaidís leis an gcaoi chun í do shábháilt. Aon Éireannach a bhfuil aigne osgailte aige is fuirist dó an sgéal do thuigsin. Riothann sé liom go bhfuil cuid den cheart ag an dá thaobh (mar is gnáthach in gach aon easaontas). Níl oiread na frighde difridheachta idir Nationalists na h-Aifrice Theas agus lucht leanamhna de Bhaléra annso againn i nÉirinn maidir leis an gcuspóir atá rompa .i. an neamhspleádhachas do bhaint amach ar fad ar fad chomh luath as is féidir é. Ar an taobh eile tá an S.A.P. níos sásta le bhaint a bheith acu leis an Impireacht ná mar atá lucht Cumann na nGaedheal in Éirinn — níl aon Unionist i gCumann na nGaedheal, nó ar lucht stiúrtha Chumainn na nGaedheal pé sgéal é, agus Unionists iseadh (nó badheadh) leath na n-airí atá ar Árd-chomhairle Smuts. Agus ag tagairt dosna Nationalists arís, pé cosamhlacht atá idir an rud atá ar aigne acu agus ag ár bpoblachánaidhthe féin ní mar a chéile an slighe a bhíd ag oibriú in ao' chor. Is fíor gur eirighdear amach fe Maritz agus De Wet sa mbliadhan 1915 ach nuair a bhí teipighthe ortha sa méid sin, agus is mó duine a thugann Nationalist air féin ná raibh páirteach san gníomh san ná ná raibh ro shásta leis ach an oiread, nuair a bhí teipighthe ortha níor chuireadar suas stailc ach do leanadar leis a dtroid comh maith as do bféidir leo sa Phairliment. Níor dhiúltuighdear suidhcheán do thógaint ann. Do thógadar an mion. Dubhradar gur ghránda leo é, ach gur dheineadar é toisg gan aon dul as a bheith acu, má bhíodar chun leanamhaint den obair in ao' chor; dá bhrigh sin tá baint acu leis an bparliment. Tá siad toiltheannach cúram an Riaghaltais do thógaint ortha féin, agus fós tá siad ag deunamh talaimh slán de. An mion úd a thógtar, tá sé abhfad níos daingnighe ná an mion atá le tógaint fé Saor Stát na hÉireann. Tá sé níos deacaire abhfad do dhuine ná fuil dílis 'na chroidhe féin do impireacht na Breataine baint a bheith aige le Pairliment na hAifrice Theas ná mar atá sé don Éireannach páirt do thógaint in obair na Dála. Cuimhnigh gur cine nach Sasanach na Búraigh nach mar cheile as gur Sasanaig sinne; go bhfuil an dá chine in achrann le na chéile go dian le tríchéad bliadhan, ón gcéad lá a chuaidh fear bán i dtír san Aifric Theas beagnach, ach ní h-amadáin ar fad iad agus tuigíd gurbh éigin do dhaoine lúb do leagaint uaireannta. Ní hé an mion amháin atá níos laige i nÉirinn, ach rudaí eile atá níos láidire leis, comharthaí náisiúntachta so-fheiscithe ar nós brait, stampaí phuist agus mar sin de. Is éigin do Hertzog, de Villiers agus iad sin a bheith 'na suidhe fé bhrat na Breataine, an Union Jack, agus an uaithne an bán a's an óir á shéideadh againn-ne in áirde ar na h-áruis puiblidhe i gcomhnuidhe; tá ceann an Ríogh ar stampaí na hAifrice Theas (agus Beurla ortha chomh maith le Afrikaans); Seinntear “God save the King” nuair ná bíonn againn ach — bhuel pé port gur dóigh le maighistir an bhuidhin ceoil gurb é ár n-anthem náisiúnta é! Má bhíonn an bhuaidh ag lucht an “Phact,” mar is dóigh le gach aoinne go mbeidh, níltear ag coinne go ndéanfaidh siad aon iarracht oban chun an snadhm do ghearradh agus sgaoileadh
leis an impireacht ar fad. Dob ionann san agus cogadh eile, cogadh eatorra féin san Aifric Theas pé slighe a d'fhéachfadh Sasana ar an sgéal. Tá a ndóthchaint den chogaidh fuighte acu. Tá muintir na h-Aifrice Theas tréis roinnt bliadhnta do chur tharsta leis, na bliadhanta ba mheasa gnó a's tráchtáil dá dtáinig le fada. Tá ag eirghe leo rud beag níos fearr le déidheannaighe. Dála na ndaoine tinne is éigin dóibh teacht chúcha féin ar dtúis fé mbéidis ag coinne le haon gaisge do dhéanamh. Is leor do Mhóir a dícheall. Níl a fhios ag aoinne cad a thuitfidh amach i gceann leath chéad bliadhan nó i gceann fiche bliadhan féin. Béidir ná beidh aon rí ar Shean Shasana fén am san. Mara mbíonn na Nationalists ag tabhairt fén gcuspóir mór fós (má bhíonn an Riaghaltas acu anois) is cinnte go nglacfaidh siad le gach aon seans gheobhfaid siad chun neamh-spléadhacas a dtíre do chur chun cinn. Níl aon rud tabhachtach ná fuil acu cheana dar ndóigh maidir leis na comhachtaí a bhaineann le neamh-spleádchas tíre mar níl sé ar chumas ríogh ná parliment Shasana chur isteach ortha, ach mar sin féin feuchfaidh na Nationalists cuige nach ag dul chun deire a bheidh cúrsaí neamh-spleádhcas na h-Aifrice Theas agus ná déanfar aon feall uirthi ag an “Impireacht.” Is sa rud sin a gheobhadh Éire agus an Aifric Theas a bheith ag tarraingt lena chéile agus dhearfainn gur cheart go mbeadh níos mó cimilt acu lena chéile mara mbeadh aon cúis eile ann ach í. Cifimíd conus a dh'eireoch leis an tir nuair a bheidh an riaghaltas nuadh i bhfeidhm ann. Is fada an rioth a bhí ag an S.A.P., ach más fada agus más ro-fhada féin é, caithfear admháil gur mó obair bhunúsach, thairbheach, náisiúnta atá curtha ar bun acu ó chuadar isteach an chéad lá, go mór mhór i gcúrsaí teangain. Ach is eagal le roinnt maith daoine go bhfuil an sprid mórchúiseach Sasanach ag brughadh isteach sa tír fé réim an S.A.P. mar sin féin. Bíodh san mar atá coimeádfaidh na Nationalists an sprid ceart beo inntí má chuirtear isteach iad an mí seo chughainn. AN CHÚ MHALL. SEACHT n-AICÍDÍ AN tSLÉIBHE. 1. Gúta. 2. Fochmaí. 3. Méiscrí. 4. Oidhear. 5. Lúidíní teine. 6. Mílcheárd. 7. Fríghde. Sa tsean shaol ba hana-ghnáthach iad so mar aicidí mar ní chaithtí bróga ná stocaí ar an dtuaith — nó sa Ghaedhealtacht ach go háirighthe an uair sin. Ceist a chuir tuata ar shagart agus do chuaidh de'n easpog í réiteach:— do bhí driotháir ag driotháir mh'athar agus arbh' úncail dómh-sa an té sin? Dob'é a athair féin é. A Thuille Tomhaiseanna. C. Do ruitheas agus do thógas Do shuídheas agus do loirgeas Dá bhfaghainn é d'fhágfainn é Agus nuair ná fuaireas é, thugas liom é. F. Dealg a bheadh ad' chois. C. Teachtaire beag a' tighe seo thiar Faghann sé biadh 'sa tigh seo thoir. F. Criathar ar iasacht. C. Bairille gan tóin is é lán d'fheóil bheó? F. Méaracán táilliúra. C. Duibhín Ó Duibh ar muin Duibhín Ó Duibh Agus Duibhín Ó Duibh ar mo strannda? F. Corcán ar an dteine, an drol agus an chroch. C. Cómh bán lé bainne, chómh hárd le falla, cómh dearg lé fuil, chómh milis le mil, chómh dubh le daol? F. Sméara dubha. Cad iad na trí neithe ná feicithear in-ao'chor? Faobhar, gaoth agus grádh. Cad iad na trí neithe is salaighe amuigh? Figheadóir, úcaire agus muc. Cad iad an dá nídh nár beireadh 'na gcodhla riamh orra? Sgeach agus uisge.
C. Fear fada dubh 'a sheasamh ins a' tsruth is gan focal 'na phluc acht dioda dó diod? F. Corcán datha ar friuchaigh. C. Tutailín tatailín is a thóin leis a' dteine? F. Máilín salann (nó cat etc.) C. Chuaidh biadh go dtí triúr Ar bhruach Locha Léin D'ith an biadh an triúr Agus tháinig sé féin? F. Bheir Fiolar cat chun a gheárrcach. D'ith an cat na geárrcaigh agus tháinig as slán. C. Bheist dharaighe agus cnapaí fuínnseóige peiribhic aitinn agus carabhat neanntóige? F. Gráinneóg. C. Tá tigh agam agus ní fhéadfadh an luch suidhe ann agus ní fhéadfadh aoinne a chóireamh cé méid fuinneóga atá ann? F. Méaracán. C. Teighim suas an bóthar agus tagaim anuas an bóthar agus beirim an bóthar abhaile ar mo dhrom? F. Dréimire. C. Bean fhada ghléigeal agus crios dá taobh féin uirri? F. Punnann coirce. C. Chím chugam anall inghean an rí agus í go teann Ubhaillín óir ar bharr a baise agus cúl a coise trí n-a ceann? F. Tuagh cogaidh. C. Sin é i n-áirde é m'athair mór agus a chaipín air? F. Deatach. C. Allabhaí, allabhaí, dhá chéad allabhaí agus an tseana-chaora chrón rómpa amach? F. A bhfuil do réilthíní 'ins a' spéir agus an spéir féin — sí an tseana-chaora chron í. C. Ubhaillín buidhe báidhte i lár na tuinne báinne? F. Rolla ime igcanna bláthaighe. C. Cheithre slata míne réidhe ag siubhal a' tsléibhe agus a mbeál fútha? F. Siní na bó. C. Giorrfhiadh ag ruith agus feircín ime ar a thoín. F. (Ní ceist in aon chor é seo!) Tá dha láir ruadh ar dhá ghruadh an mhóin- teáin. Tá láir ruadh aca is ruadha ná an ruadh-láir. 'Sé deir an láir ruadh leis a' ruadh-láir “háth a láir ruadh agus pruth a ruadh-láir!” (cf. “Sguab” Ean. 23, l. 79, Leagaínt ón Rinn). C. Siúd é anoir fear a' ré, fear a' ruith Fear na gcosa caola cruadha agus isé mo thruagh mo laogh gan ruith? F. Laogh bó go mbeadh an machtíre ag teacht chun é bhreith uaithi. C. Ceathrar ag ruith Ceathrar ar crith Beirt ag déanamh eólais agus Mac Uí Ghiobhlacháin ag ruith 'na ndiaid F. Bó. 4 ag ruith = cosa na bó 4 ar crith = shiní na bó 2 ag déanamh eólais = dá shúil na bó. Mac Uí Ghioblacháin = eirball na bó. Fuaireas iad so go léir ó Seán Ó Conaill, agus ó Seán Ó Séaghdha, Baile na Sgeilg, Uibh Ráthach, Nodlaig, 1923. Tá an beirt os cionn 70 bl. S. Ó D. PISEOGA. Maidin Dé Luain b'eadh é agus an chéad lá Bhealtaine; bhí táiliúir ag obair i dtigh feirmeora thiar i nDún na Gaoithe. Bhí sé in a shuidhe in áirde ar bhórd na cistine agus é ag deunamh bríste glún d'fhear an tighe. Bhí bean an tighe thiar sa seomra agus í ag deunamh cuigine. Bhuail bean de na comharsain isteach dála chuma léi agus thóg sí smeuróid as an teine agus chuir sí in a haprún chúiche é agus bhuail sí amach an dorus arís. Nuair a fuair an táiliúir imthighthe amach thar an tairsing í d'eirigh sé anuas den mbórd agus rug sé ar smeuróid as an teine agus chaith sé síos i mbuicéid fíor uisce í
a bhí leaghta ar steilling a bhí ar cliathán na cistine taobh thíos den soitil agus in áirde ar an mbórd arís leis agus chrom ar a chuid oibre. Níorbh' Fhada gur chas an bhean de na comh- arsain arís agus chuir smeuróid eile chúiche 'na haprún agus a bhailig léi gan aon rud a leigint uirre. Má dhein d'eirigh an táiliúir anuas den mbórd arís nuair d'airig sé a cos ar an bpáil taobh amuigh de'n dorus agus chuir sé smeuróid eile síos 'sa mbuicéid ceudna uisce. Chas sí an tríomhadh bobhta agus ghaibh a leith- sceul an iarracht so ná raibh an teine adhanta fós aici. Thug sí an tríomhadh smeuróid léi agus dhein an táiliúir an cleas ceudna gus a dhein sé cheana. Níor chas sí a thuille; is dócha gur dhein sí amach go rabhadh suas léi. Ní ró-fhada gur tháinig bean an tighe aniar as an seomra agus ar sí leis an dtáiliúir, “ní fheadair mé goidé an mí-ádh tá ar mo chuigionn andiu ní fhuil aon deallradh briste fós uirre, béidir go dtiocfá anuas agus go leagfá do lámh uirre in ainm an Athar, 'sa Mhic 'sa Sprid Naoimh.” “Feuch 'sa mbuicéid sin thíos ar an steiling,” arsan táiliúir, “feuch an ann a bheadh do chuid ime.” Chuaidh sí síos agus cad a gheobhadh sí ann acht trí mhioscáin bhreaghtha ime. “Bheirim-se un diabhal an saoghal,” ar sí sin, “agus í seo mar obair.” D'innis an táiliúir annsan dí gach aon rud mar a bhí agus conus mar abhí sé féin suas léi mar go raibh na casaí aige chomh maith léi féin. Dá n-eireochadh leis an mbean an smeuróid a bhreith leí gan í dhul in eug agus gan a haprún a dhóghadh agus a teine féin a adhaint léi bhí an t-im aici agus bheadh an bhean eile gan é. Acht, bhí cleas an mharbhtha ag an táiliúir agus bhí sé in iúil ar bhuadhchant uirre. Chuaidh bean an tighe siar 'sa seomra ag feuchaint ar a cuigionn féin agus nuair d'oscail sí í bhí gal amach aiste agus boladh breun uaithe 'sa tslighe gur dhóigh leat gur brimstiún a dóghadh istigh innte. Sin é mo sceul-sa agus má tá breug ann bíodh, acht speáinfidh gach aoinne i nDún na Gaoithe fós duit poll na móna in ar cuireadh an chuigionn agus faghtar boladh an bhrimstiún fós as gach aon cheud lá Beultaine a thuiteann ar an luan. PÁDRAIG Ó CADHLA. SÉADNA. AR AN AIMSIR SEO. Seo mar thárluigh. Ní rabh teachtaire agam leis na bróga a thabhairt siar go dtí an gréasaidhe. Chuir mé fhéin faoi m'asgail iad agus siar liom. B'fhearr go ndeanfainn sin ná go bhfuighinn na cosa fliuch agus annsin — cupla lá san leabaidh le slaghdán. Chonnaic mé an cnoc agus chonnaic mé an toigh beag clumhthar suidhte ag n-a bhun. Bhí an tráthnóna an-chiuin agus cha dtiocfadh liom a rádh cibé aca ar thaobh an fhasgaidh no ar thaobh na gaoithe é. B'ionann dó an tráthnóna sin. Bhuail mé isteach ar an doras. Shaoil mé go mbeadh Séadna ag obair ar a shean- dhicheall acht is amhlaidh bhí sé ná in a shuidhe agus é ag léigheadh an pháipéir nuaidheachta. Bhí sé chomh doimhin sin san léightheoracht nach dtug sé fa dtear mé no gur labhair mé. “Caidé an sgéal is fearr, a Shéadna?” “Ó — !” ars eisean, “ní rabh sé ar an chéad triur; — ar thóradh fir-an-rubaill go rabh sé? — agus fuair mé mar rud maith é.” “Diarmuid Liath, an eadh?” arsa mise. “Diarmuid do ghrannaí! An 'Seilite' — an capall úd go rabh trácht mór air.” “Uch, Uch!” arsa mise — “an mar sin atá agat! Ba dhóigh liom nach gcuirfeá spéis 'na léithid.” “Is iomdha ádhbhar spéise bhíos ag duine ar an aimsir seo. Mo mhallacht ar an t-Seilite! Tá mo thrí sgillinge breagha imthighthe gan aon mhaith!” “B'fhearr duit dá dtabharfá an t-airgead sin mar deirc do na bochtaibh.” “Na bochta! na bochta! Cé tá níos boichte ná mé féin! É thabhairt do na bochtaibh — an eadh? Hi! — na rógairí fall- sa sin nach ndeanfadh lá oibre dá bhfuigheadh siad céad punt ar a shon! Agus gan agam fhéin acht cor-thuistin a gheibhim ar son taoibhán a chur ar bhróig tuataigh!” “Is nach fíor a n-abrann na daoiní: go bhfuil sparán óir agat?” “Sparán óir! Tá bosca beag tairnéal — agus píosa beag céirigh — agus ceirtlín leath-chaithte de shnáith — agus tá casúr agus meannaidhe agus ceap bacach agam — sin a
bhfuil agam! Tá fhios agam cé chuir an sgéal sin amach orm — an rascal beag buidhe na méaracán agus na fiar-shúile!” “An dtiocfadh leat Job beag a dhéanamh damh, a Sheadna?” arsa mise ag iarraidh sgéal eíle a tharraint orainn, óir chonnaic mé nár dheas leis aon tagairt a dheanamh do'n sparán úd. “Tá fhios agam go mbíonn tú práinneach ó mhaidin go h-oidhche — acht dá ndeanfa é seo damh bhéinn faoi chomaoin mhór agat.” Thóg sé na bróga 'na láimh agus d'amharc ortha. “Hum,” ars eisean; “cabáisde! cá bhfuair tú iad sin?” agus thlig sé siar sa choirneal iad mar a rabh cupla péire de rudaí éigin a bhí 'na mbrógaibh uair amháin. “As America thug mé liom iad.” “Tchím,” ars eisean, agus fonn air, “go bhfuil capall maith rása agaibh thall annsin — gidh go bhfuil sé beagán mallradharcach agus go gcaithfidh sé spéicléirí a chur air chun an capall eile fheicint. Bhí mé ag súil leis an chapall Shasanach.” Mhínigh mé do Shéadna nach rabh aon eolas agam ar chapaill rása ná aon spéis agam ionnta. Gur iontach liom eisean bheith chomh h-aimideach 's bheith ag cur an ama amugha bheith ag cearbhaidheacht mar sin. Acht ní rabh sé ag éisteacht liom. Bhí a cheann saithte san pháipéar aríst agus é ag cainnt leis fhéin i gcogar. Níor chuir mé isteach no amach air. Bheadh faill agam amharc thart agus an chathaoir shugain agus an mheallbóg mine agus an crann ubhaill 'fheiceal. Acht dheamhan a chonnaic mé de rud a bheadh cosamhail le ceann ar bith aca siud. San áit gur chóir an chathaoir bheith bhí sínteán breagh nuadh, agus cupla ceann de pháipéirí a rabh pictiuirí ionnta 'na luighe air. D'amharc mé ar an bhalla mar a mbíodh an mheallbhóg, d'réir an sgéil, acht is é bhí ann ná trí pictiuirí de capaill rása agus dhá chionn de phictuirí agus fir dornaluighthe ortha. Ní rabh aon chrann le feiceal taobh na fuinneóige amuigh acht oirid. Chan fhaca mé rud ar bith a d'aithneóchainn gur i dtoigh Shéadna bhí mé acht amháin na h-uirlisí. Ba mhian liom seanchus bheith agam le mo shean-charaid acht d'réír deallraimh ba dhoiligh cainnt a bhaint as. Bhí an chuma air go rabh gnaithe éigin ag cur air acht níor dhóigh liom gur ceachtar de na néithibh a bhain leis cheana. Rinne mé tagairt do chuid de'n t-sean-sgéal. “Cá bhfuil Micheál indiu?” arsa mise; “tuige nach bhfuil sé ag cuidiú leat?” “Micheál, an eadh!” ars eisean. “Is aige Dia tá fios cá bhfuil an rácairneach. beag sin. Ní fhacas é ó tháinig sé a bhaile ó'n scoil. Agus, ár ndóigh, ní bhíonn Micilín ag cuidiú liom-sa! Is amhlaidh bíonn sé am' chur thríd-a-chéile gach tráthnóna; ag goid na dtairneal orm, no ag breith ar an chasúr, no ag deanamh puill san doras leis an meannaidhe. Is fearr i bhfad uaim é!” “Agus an bhfuil Micilín beag de do chuid fhéin agat, a Shéadna?” arsa mise. “Tá, bhail; agus triur i neínfheacht leis. An buachaill is sine tá sé pósta thiar in-aice na Céime.” “Agus nach rabh geallta agat gan aon bhean a phósadh?” “Bíodh ciall agat, a dhuine! Cha rabh aon dul as agam. Bhí sí siud — Peigí bhán — chomh deas, geal-gháiridheach agus chomh laghach liom gach uair a théidhinn isteach sa toigh tabhairne thíos ag an chúinne gur mealladh mé.” Thusaigh mé ag smaoitin ar an triur eile annsin — Nóra, Bab, Saidhbh — nuair a chuala mé an trup-trup anuas na staighre. Fosgladh an doras a bhí ar an taobh thiar de'n t-seomra bheag agus tháinig bean leath-bhealach isteach. Bhí girrseach bheag léithe agus bhí sí féin ag cur láimhiní urthí. “A Shéadna,” ars ise; “Ní bhéidhmid ró-fhada amuigh — támuid ag dul do'n “chead teach” chun an chuid dheireannach de'n “Réalt Bhuidhe” 'fheicsint. Tabhair aire do Éamonn Óg sa chliabhán!” — agus d'imthigh léithe. “CÚ CHULAINN.” Guthán: 603 Áth Cliath. Bunuighthe 1902. CLÓ-OIFIG UÍ MHATHGHAMHNA CLÓDÓIRÍ I gCOITCHINNE, CLÓDÓIRÍ TRÁCHDÁLA, CLÓDÓIRÍ IRISLEABHAIR Clódóireacht Dá-theangthach ar Fheabhas SRÁID YARNHALL, BAILE ÁTHA CLIATH Sé ár gcomhartha: gach rud i n-am tráth Bain triail-órdú asainn
AN STÁT GAEDHEALACH. Ins an aiste a sgríobhas i gcóir uimhreach Mí Eanair de'n “Sguab” ag cur síos ar an “Stát Gaedhealach,” is amhlaidh a rinneas léir-mheas agus mion-dealú ar na gnáth-thuairmí atá ag daoine mar gheall ar an gceist. Chomh maith is do b'fhéidir liom, chuireas na tuairmí údan chun faín agus mar chríoch ar an aiste mholas gan bacaint feasta ach le tárrtháil na teangan Gaedhilge: gurab í amháin atá reachtanach chun na tíre seo do ghaedhlú. Le cead an Eagarthóra, ba mhaith liom anois an téarma “Stát Gaedhealach” a mhion-bhriseadh agus é sgrúdú go ealadhanta féachaint an féidir an chríoch cheanann chéanna a bhaint amach is a bhaineas amach an chéad uair. Céard is “Stát” ann? De réir Cicero is í an chiall atá leis an bhfocal “stát” ná seo: “Respublica est coetus multi- tudinis, iuris consensu et utilitatis commun- ione sociatus” (De Rep. i. 25) nó má ghlacaimíd le míniú ughdair úghdarásaigh is é an saghas rud é “stát” “bailiú mór daoine go bhfuil comhnaí orra taobh istigh de limistéar áithrid agus go bhfuil rialú an iomláin agus rialú na tíre faoi 'n bhfurmhór.” Sin í an chiall a bhaineas dligheadóirí ead- arnáisiúnta as an téarma, an lá atá indiú ann. Tá fhios againn gur féidir le cinidh amháin seilbh stáit a bheith aca nó gur féidir le h-aon uimhir cineadh a bheith i stát. Sompla de'n chéad t-saghas is eadh an Fhrainnc agus luadhfaimid Ástría mar shompla de'n tarna saghas. Is mar a chéile cine (nó pobal) agus sluagh mór daoine atá ceangailte le chéile ag teangaidh agus gur ionann béasanna agus baramhla dóibh. Ionann de ghnáth na rudaí seo eatorra i ngeall ar chúrsaí staire nó cúrsaí creidimh na tíre. Rud nádúrtha is eadh an cine nó an pobal. Tá an Stát ar a mhalairt de chaoi: rud mí-nádúrtha é. Is féidir an Stát do roinnt agus dhá chuid do dhéanamh de (1) cuid an tighearnais agus (2) cuid an t-saoráin (subject). Anois is iomdha sin saghas stát atá ann: an ceann is comhachtaighe orra is é an ceann go bhfuil fiór-thighearnas aige istigh is amuigh — go bhfuil smacht iomlán aige ar imtheachtaí an phobuil ó theórainn go teórainn agus go mór-mór gur féidir leis bheith neamh-spleádhach ar stáit eile an domhain. Tugtar an “Stát Simplidhe” ar a leitheid sin de stát agus is ag an saghas sin stát amháin atá cead bheith páirteach i gConnradh na Náisiún. Gidh nach “Stát Simplidhe” Stáit Aontuighthe Aimeiriocá chomh fada is a théigeann riarú an náisiúin ó'n taobh istigh mar sin féin aithnightear mar ball de mhuirighín na náisiún é toisg gur deimhnightheach a neamh-spleádhchas. “Etat féderatif” is eadh Stáit Aontuighthe Aimeiriocá agus b' in é an status abhí ag Éirinn agus ag an mBreatain Mhóir i dteannta a chéile ó aimsir an Aontuighthe anuas go dtí an Connradh i Mí na Nodlag, 1921. Stát simplidhe is eadh Saorstát Éireann anois. Dá bhrígh sin, ar son argóna, déanfaimíd talamh slán de agus féacfamuid an féidir é dhéanamh “Gaedhealach” freisin. Nuair a déantar cainnt faoi “Sasanacas” cuimhnighimíd ar an toirt ar náisiúntacht Shasana agus chomh maith céanna nuair a luaidhtear an focal “Gaedhealachas” prea- bann smaoineadh ar náisiúntacht (nationality) na nGaedheal isteach már gceann. Na daoine atá i n-Éirinn fá láthair, ní “Gaedhil” iad ach measgán de Ghaedhil, Lochlannaigh, Normánaigh, Sasanaigh, Albanaigh, Breathnaigh agus eile. Mar a dubhairt G. K. Chesterton “Bhuaidh an Róimh ar náisiúin, ach fuair clanna Gaedheal buaidh ar chinidheacha iomlána.” Ach ná cuireadh sin aon doicheall orainn mar is beag tír san Euróip nach bhfuil an sgéal céanna aca. Támuidh chomh maith i dteidiol Gaedhil a thabhairt orainn féin — an méid againn a labhruigheas Gaedhilg agus a chreideas i náisiúntacht na nGaedheal — agus tá an fear thall i dteidiol Sasanach do ghairm de: eisean go bhfuil fuil na mBreathnach, na Romhánach, na n-Angles, na Sacsanach, na Jutes, na nDanar is na Normánach ann gan fuil na bhFranncach, na n-Éireannach is na n-Albanach do rádh. Dá bhrígh sin, gidh gur tearc “Gaedheal” — má tá duine — atá beo indiú, deirimíd gur Gaedhil sinn toisg go bhfuil an teanga Gaedhilge agus síbhíaltachas na sean-Ghaedheal gan a bheith marbh ar fad i n-ár measg. Agus nuair a luadhtaí an téarma “Náisiúntacht Gaedhealach” ins an aimsir atá caithte, an chiall a bhaineamar as ná síbíaltacht na sean-Ghaedheal, ag áireamh
isteach sa méid sin an teanga agus uile. Sin náisiúntacht nó “nationality.” Coinn- igheamar an rud sin i gcomhnuí ós comhair ár súl agus b' in í an bhun-chloch a bhí ag an tír nuair a d' éiligh sí a ceart is a saoirse phoilitidheach ar Shasana is ar an domhan. Ach é sin a bheith marbh, bhéadh deirc le h-Éirinn mar fhíor-náisiún gidh go mb' fhéidir go dtabharfaí náisiún uirri agus go n-áirmheóchaí í imeasg na náisiún dá mbaineadh sé saoirse phoilitidheach amach. Mar chruthú ar an méid sin is eadh dubhairt sgríobhnóir cáileamhail suim mhaith bhliadhanta ó shoin: “Bíodh an oiread saoirse ag Éirinn is a cuirfeas ar a cumas rí agus páirliméad neamh-spleadhach do bheith aici ach mar sin féin (gan an naísiún- tacht) bhéadh teanga agus síbhialtacht an ríogh agus na páirliméide sin go gallda. Ní bhéadh in-Éirinn ach Stát Sasanach, ba chuma, fiú amháin, dhá mbéadh siór-chogadh idir Éirinn agus Sasana, d'fhanfadh an tír seo ina Stát Sasanach.” Ní féadfaí an sgéal do mhíniú níos soiléire. Gan spioraid náisiúntachta na sean-Ghaedheal, bhéadh Éire ina Stát Sasanach. Ag labhairt dó ar an gceist chéanna dubhairt an Piarsach: “Is minic a shíleas gur mar a chéile spiorad Shasana agus spiorad na Stát Aontuighthe in Aimeiriocá gidh go bhfuilid sgartha ó chéile go h-inntleach- túil. Táim cinnte gurab é an náisiún céanna Bhálúin na Beilge agus muinntir na Frainnce de réir spioraid agus na h-Ástriánaigh agus na Gearmánaigh ar an gcuma gcéanna. De réir cosamhlachta is 'sa teangaidh is mó atá an rud spioradálta sin atá riachtanach chun náisiúntachta (sin má chialluigheann teanga — litridheacht, béal- oideas, fuaimeanna is corr-chainnteanna), agus gurab í an teanga is mó a chosnuigheas í … Sean-oideas ársa is eadh an náisiúntacht agus ní fhéadfadh an náisiún bás d'fhágháil an fhaid is a mhairfeadh an oideas sin i gcroidhe aon fhir dhílis nó i gcroidhe aon mhná dílse amháin. Ach dá mbeadh bás faighte ag an duine deiridh a choinnigh an oideas sin beo, nó ag an nGaedheal deiridh nár bhuaidh an Galldachas ariamh air, beadh deire go bráthach leis an náisiún Gaedhealach. Pé brí stát saor, a chuirfí ar bun ina dhiaidh sin in-Éirinn, ba chuma cé'n teidiol a baistfí air, ní h-é sean-náisiún na nGaedheal a bhéadh ann … Dá bhrígh sin, idtreó is go mairfidh an náisiún caithfidh beatha na nGaedheal, seanchas na nGaedheal, litridheacht na nGaedheal, ceól, ealadhain agus béasa na nGaedheal fanamhaint beó. Tá súil agam go bhfuil Gaedhil an lae indiú ar aon aigne leis an bPiarsach ins an méid sin thuas; go bhfuil an spiorad céanna ionnta gidh go mb'fhéidir dóibh gan a bheith ró-dheimhnighteach de bhrígh na bhfocal ealadhan agus béasa na nGaedheal. Níl aon aimhreas ach gurabh éard a theastuigh uaidh siúd Éire a bheith saor istigh is amuigh, agus Éire a bheith Gaedhealach .i. a teanga féin a bheith aici ar dtús. D'fhéadfadh Éire bheith in-a náisiún, mar atá Aimeiriocá, ach gan an náisiúntacht spioradálta a feictear tríd an teangaidh dúthchasaigh agus atá i gceist ag an bPiarsach ní fiór-náisiún a bhéadh ionainn. Bhéadh “nationhood” againn .i. status teicniceach náisiúin nó saoirse fisiceach ach bhéadh an “nationality” d'uirreasbhaidh orainn. Is fíor má choinnightear an t-saoirse Fisiceach sin ó thír ar feadh i bhfad go dtré- igeann an spioraid náisiúnta an tír. Meireach chomh tréan láidir do-sháruighthe is bhí síbhialtacht na nGaedheal, ní bhéadh tásg ar an náisiún Gaedhealach indiú. Nuair a chan Tomás Dáibhís na Focla “Ireland long a Province, be a nation once again,” ní h-amhlaidh a theastuigh uaidh a rádh go raibh Éire ar feadh sgathaimh gan a bheith ina fíor- náisiún (gan náisiúntacht) ach go raibh sí gan a rialtas féin agus gan a neamh-spleádhchas féin ar feadh i bhfadh .i. gan “nationhood.” Bhí tuisgint ag Tomás Dáibhís ar an sgéal gach aon phioc chomh maith is bhí ag Páraic Mac Piarais. B'é dubhairt nach bhfuil i gcinidh gan a dteangaidh féin ach leath-náisiún agus go mba chóir do náisiún a theanga do chosaint níos cúramaighe ná mar a chosnóchadh sí teórannacha na tíre. Lean an Piarsach do thuairmí Thomáis Dháibhís. Leanaimís-ne tuairmí na beirte agus ná bacaimís leis na daoine móra atá ag rádh faoi láthair gur cuma an teanga agus go sábháilfear an náisiún le “Litridheacht Gall-Ghaedhealach.” Is é a fhaid ar a ghiorracht má choinnighimíd an Ghaedhilg beo bríoghmhar agus leigint do'n teangaidh gach aon chor is casadh a chuirfeas an náisiún de a chur i n-iúl go mbeidh an Stát Gaedhealach againn dá ríríbh. Is féidir le h-Éirinn annsin na rudaí is fearr atá ag gach tír eile sa domhan do ghlacádh chuici féin nó má táid againn cheana iad
a choinneáil. Ní fiú trúmpa gan teangaidh a bhfuil de chainnt dhá déanamh i dtaoibh rinnci gallda, cluichí gallda &rl. Mura bhfuil aon locht orra, agus go mór-mhór má's fearr iad ná ár gcuid féin, ba chóir glacadh leó go fáilteach. Is fearr, cuir i gcás, “rugby” ná “an pheil ghaedhealach.” Ná déanaimís ath-smaoineadh ar an sgéal ach imrightear “rugby.” Agus an rud a deirim mar gheall ar chluichí agus rinncí, is féidir é rádh mar gheall ar gach rud. An teanga amháin a shocróchas an sgéal!! LEÓN Ó BROIN. AN t-INNEALL IS AN t-OIBRIDHE. De réir mar athá rudaí ag dul ar aghaidh fé láthair ní fada go mbeidh inneall déanta gacha rud againn, agus pé luath mall a thiocfas an lá san beidh trioblóid ann. Deirtar gurab ionnan comhacht capaill amháin (1h.p.) agus comhacht deichneabhair. Má's mar san athá, is féidir le fear ag obair le h-inneall chomhachta chapaill amháin obair deichneabhair a dhéanamh gan stró; sé sin le rádh go gcaithfear naonbhar a chaitheamh amach as obair ins chuile áit 'na gcuirtar inneall dá leithéid siúd i n-úsáid. Anois, ní maith le h-éinne d'fhiachaibh bheith air éirighe as a phost — nuair is é an t-aon tslighe bheathaidh amháin athá aige, ach go h-áirighthe — agus dá bhrígh sin, rachaidh an deichneabhar i gcomórtas le chéile, achan duine aca ad iarraidh tuarastail níos lugha ná an chéad duine eile i dtreo gurab eisean a choimeádfar ag obair. Tá's againn cad a thuitfidh amach i ndeire na dála, agus is furas a thuiscint cad chuige a' raibh na fir oibre ariamh i gcoinne na n-inneall. An raibh an ceart aca? An ionnan an t-inneall agus easba oibre do'n oibridhe? Tá daoine ann adeireas ná raibh an ceart aca, agus nach ionnan an dhá rud thuas. Téighid siad níos fuide ná san agus 'séard deireas siad nach easba oibre acht tuille dí a thagas de bhárr innleán a chur i n-úsáid i monarchain, as gur feirrde an t-oibridhe an t-inneall. Siad so leanas fáthanna na tuairme sin. (1) Saoire. Aon rud a deintar le h-inneall níl costas a dhéanta leath chomh mór is a bhéadh dá mba le láimh dhuine a deineadh é. De ghnáth is ionnan san agus ísliú fiacha do'n gceannuightheoir, eadhon, is féidir an rud a cheannac níos saoire ná mar a féadfaí é cheana. Mar san, adeireas lucht na tuairme seo, dá bhfuighbheadh fear oibre tuarastal níos lugha ná mar a fuair cheana, ní dhéanfadh sé mórán ceathaighe dó toisc go mbéadh ar a chumas rudaí 'fháilt níos saoire ná mar a fhéadadh go dtí sin. 'Na choinne sin, cuirimís i gceist ná ceannuigheann an t-oibridhe bocht an rud áirighthe a dheineas sé? Mar shompla: cleiteálas bean bhocht stócaí. Annsan tagann inneall agus cniotáiltar a seacht n-oiread stócaí ar an gcostas gcéadna i leath na h-aimsire gnáthaighe. Íslightear tuarastal na mná chomh maith le fiacha na stócaí, acht cad is fiú a leithéid do'n mhnaoi boicht? Ní cheannochaidh sé níos mó stócaí ná mar a cheannuigheadh. Bhéadh maitheas éigin ann dí dá n-ísleochtaoi fiacha gacha rud d'aon bhuille amháin. (2) Deirtar fós, ó's rud é go n-ísligheas úsáid na n-inneall praigheas na rud a deintar leis, go mbrostuigheas, dá dheascaibh sin, déantúisí; go dtugtar stimulus dóibh. Agus, má's mar san athá, i n-ionad daoine a chaitheamh as obair, go dtugann sé a thuilleadh le déanamh dóibh. Ár ndó cuirfear cuid des na fearaibh as a bpostanna go ceann scathaimh ghairid ar dtúis, acht i ndiaidh a chéile beidh siad ag teacht ar ais. Tugtar clódóireacht mar shompla. Féach, adeireas siad, a oiread clódóir is athá ann fé láthair. Shar ar tháinig inneall chlódóireachta is tearc duine a bhain slighe bheathaidh amach dó féin de bhárr cóipeanna do dhéanamh d'aon leabhar, acht anois táid na mílte is na céadta de mhíltibh ag gabháil a mbuidheachas leis an té a chéad-chuir inneall dá leithéid i n-úsáid. 'Na choinne sin aríst, deirimid nach i gcomnuidhe a thuiteas a leithéid amach. Dá mbéadh comhranna leath chomh saor is atáid fé lathair ní bhéadh a dhá oiread díobh a gceannach againn. Ní bhéadh dhá ceann le fáil ag an té a gheobhadh bás, agus mar san ní déanfaí níos mó díobh ná mar a déantar anois. Ní bhéadh a thuille oibre le fáil, mar san. Sé an rud céadna ag a lán rudaí eile, mar atá spréachlaí, bróg, &rl.
(3) Gach uair dá gcuirfí innleán i núsáid i monarchain, ní foláir nú go mbeidh obair le fáil ag oibridhe éigin, i n-ionad an té a chuirfí as a phost. Cuirimís i gcás go ndéanfaí úsáid as gluaisteán i n-inead cárr is capaill. Bhell, annsan má chaithfidh an tiománuidhe bocht imtheacht leis caithfear duine 'sholáirt le h-aghaidh an ghluaisteáin. Sin post do dhuine amháin. Anois, téighimís níos sia. Níl an gluaisteán chomh costasamhail leis an gcárr — do mhaighistear na monarchan, tá's agat — agus, dá bhrígh sin, beidh airgead á shábháilt aige. Cuirfidh sé an méid atá á sábháilt aige sa bhannc. Cuirfidh lucht an bhainnc amach ar iasacht é, is mar san rachaidh an t-airgead chun cabhruighthe le maighistear eile monarcha eile do chur ar bun. Tiubhrfaidh an mhonarcha so slighe bheathaidh do'n a lán daoine. Déanfaidh an tarna fear an rud céadna le n-a chuid airgid agus mar san de i gcearcal. Is ar an gcuma san a théigheas an t-airgead mór-thimcheall. 'Na choinne sin is féidir a lán a rádh ar a shon go bhfuil an fhírinne ann. Níl an fhírinne ar fad ann, acht thá cuidh mhaith di ar aon chuma. Is fíor go bhfuil an t-airgead ag dul thart-timcheall, acht cá bhfuil sé ag dul. B'fhéidir go rachaidh sé amach chomh fada leis an tSín, le h-America, le h-aon chuid iargcúltha den domhan so, ag tógáilt tighthe, bóthar iarrainn, canal, &rl. Agus ní féidir leis an oibridhe teacht suas leis. Ní féidir le gach Éireannach imtheacht as Éirinn chun páirt a ghlachadh i dtógáil na lighthe siúd nó i ndeunamh an bhóthair iarrain. Caithfidh sé fanacht sa bhaile, go díomhaoin daidhbhear, agus b'fhéidir clann aige gan aoinne aca infheadhma. Agus geallaim-se duit nách aon tsólás dó é a chloisint rud mar seo:— “Thá inneall id' ionad, a dhuine chóir; caithfidh tú imtheacht leat is obair fháilt duit féinig i náit eicínt eile. Acht ná bíodh ceist ort, mar atháimid a sábháilt airgid de bhárr thú dhíbirt. Rachaidh an t-airgead go 'meirice ag tógáilt tighthe is uile. Tiubhrfaidh sé sin slighe bheathaidh do dhaoine bochta thall.” Deirim nách mór an sásamh dó a leithéid a chloisint, agus nach féidir leis a thuiscint sa cheart gur feirrde an t-oibridhe an t-inneall. SEOSAMH FIONN. Tá adhbar díospóireachta, dar ndóigh, sa méid atá sgríobhta ag Seosamh. (F. E.). RUAIG GO POLL A' PHÚCA. B'fhada leagtha amach in m' inntinn agam turas a thabhairt ar Pholl a' Phúca. Shíleas go bhféadfainn ruaig a thabhairt amach chómh fhad's bhí an fóghmhar ann, ach níor éirigh liom, agus bhí an Geimhreadh sa mullach orm sul 'á raibh a fhios agam cá raibh mé. Budh é an Dómhnach a bhí ann, agus a leithide de lá níor shéid as aer ariamh le fuacht agus flích-shneachta. Níl aon challóg d'á raibh ag tuitim nach raibh leithead do bhoise inntí, agus bhí na sléibhte thart timhceall Bhaile Átha Cliath fá n-a gcuid caipíní geal. Ach ó thárla gur chuir mé in mo cheann dul amach an lá seo ní stadfainn go dtéighinn go ceann- sgríbe cébí súisín a d'íocfadh é. Chuadhas ar an trama ag Tír an Iúbhair ar leath-uair tar éis a h-aon-déag ar maidin, agus shíleas go mbéinn ag Poll a' Phúca i gceann uair' a chluig nó mar sin — sin é adubhairt duine eicínt liom. Bhí an trama lán de dhaoine, agus ní raibh duine aca sin nach raibh ag greadadh na bhfiacal leis an bhfuacht, ach amháin beirt naoidheanán a bhí ar a mbaclainn le n-a máithreacha, agus ní túisge a thosuigh an trama ag gluaiseacht ná thosuigh an bheirt ag sgreadach agus ag sgréachghail, go díreach mar bhéadh sé déanta suas eatortha roimh ré. Chuirfeá fód móna siar ar bhéal gach duine aca le gach glaim dá gcuireadh sé as. Ní chluinfeá méar i gcluais uatha; agus i leabhaidh bheith ag éirghe tuirseach budh ag neartú a bhíodar i rith an bhealaigh. Choinneochadh lacha bhacach leis an trama, agus stadadh sé go mion minic gan fios a shiocrach. Ar deireadh, fá cheann uair' a chluig nó mar sin, stad sé bun-barr, agus tháinic gach duine amach. Tháinic mé féin amach chomh maith le cách, mar gur shíl mé go rabhas ag ceann-sgríbe, ach budh í sin an t“Síle chaoch” agam. D'fhiafruigheas de'n tiom- ánaidhe ar bh'é sin Poll a' Púca. Dhearc sé go géar orm agus cuma air go raibh truaighe mhór aige dom, agus dúbhairt sé ná'r bh'é. Dhearc sé ar ghárda an trama sa tráth chéadna. Bhuail seisean cupla poiteadh d'á chorr-mhéir shalaigh air féin ins an mbathais, agus chraith a cheann in mo threo féin nuair a shíl sé nach rabhas 'ghá thabhairt fá deara. Is leor nod do'n eolach.
Fá cheann fiche nóiméad nó mar sin chonnaic mé go raibh an gárda ag éirghe mí-fhoighdeach, agus chuaidh sé isteach i dteach a bhí i leith- shlighe an bhóthair. Budh é sin an uair a thugas fá deara go mbudh teach ósta a bhí ann, agus budh gearr i n-adhiaidh sin go bhfaca mé ag filleadh é agus na taistealaidhthe ar fad amach roimhe aige, cuid aca ag argúint go h-árd-ghlórach agus go bagarthach leis, agus ag rádh gur theastuigh deoch eile uatha. Phlucht siad isteach sa trama aríst agus boladh ó n-a n-anáil a leagfadh stail. Annsin bhuaileamar ar aghaidh aríst, go roighin, réidh. I n-aice le Cros Bhaile Choimín thugas fá deara nach raibh ceathramha míle de'n bhóthar nach raibh leacht ann. Tuigim gur b'eo áiteacha ar mharbhuig an trama daoine, gidh nach dtuigfeá cé'n chaoi ar bh'fhéidir le n-a leithide a bheith amhlaidh, mar go ngluaiseann sé chomh mall sin go sílfeá nach marbhóchadh sé éan gé. Deirtear má tá olc ar bith ag muinntir na h-áite do dhuine nach ndeanann siad ach a thabhairt leo agus a chur ar meisge, agus annsin a sgaoileadh suas an bóthar nuair atá an trama ag teacht ins an oidhche. Fághthar annsin i n-a “Bhior seacha” ar maidin é. Annsin “tógtar a lia agus a leacht.” Níl ins an sgéal seo ach cúrsaí magaidh, nídh nach h-iongnadh, ach is cinnte nach bhfaca mé áit ariamh, taobh amuigh de'n chill, a bhfuil an oiread leacht ann agus atá annseo. Dá mhéad tóir d'á raibh agam ar Pholl a' Phúca a fheiceál, nuair a fuair mé mé féin ag Cros Bhaile Choimín bhí mé chomh tuirseach, traochta, préachta, púnáilte sin agus nach rachainn raimhe an ribe eile dá bhfaghainn Éire gan roinn. Ní thiocfainn ar ais aríst ar an trama sin, go mór-mhór dá mbudh rud é go mbéadh na glamairí páistí ag teacht ar ais, agus bronn Baile Átha Cliath orm. Fuaras iasacht rothair ó charaid, agus gidh gur fhág an trama amuigh romham, bhí mé sean-tuirseach istigh roimhe. 'Sí mo chomhairle duit-se a léightheoir, má tá fút dul go Poll a' Phúca, agus muna bhfuil aon ghléas mar- caidheachta agat ach an sean-trama a raibh mise air, glac mo chómhairle-sa, agus “cómhairle cheannuighthe' sí is fearr” — fan i mbonn do chos. SEÁN Ó RUADHÁIN. COSAINT NA SLAINTE. CÚRSA LÉIGHEACHT DÁ TUGADH I gCOL- ÁISDE NA h-OLLSCOILE, BAILE ATHÁ CLIATH 'SA t-SAMHRADH, 1922 Léigheacht a h-Aon. 'Sé an t-ainm atá ar an gcúrsa so léigheacht ná “Cosaint na Sláinte.” Is ionann an t-ainm sin agus an cheist “Cionnus is fearr an t-sláinte do chonghbháil?” ó's rud é gur beag nach mbíonn gach aoinne slán folláin ag teacht ar an t-saoghal so dhó. Ceist ana-thabhachtach an cheist so agus tá dhá roinn mhóir innti, .i. sláinte an duine fó-leith agus Sláinte Phuiblidhe. Leis na bliadhantaibh sí Éire an tír is mó atá chum deiridh ar Roinn na h-Eorpa maidir le sláinte na ndaoine do chosaint agus tá ráta an bháis níos aoirde innti ná i dtír eile, beag nach Céard fá ndeara sin? An sean-rialtas ag tabhairt faillighe (go lán- toiltheannach is dóigh) ar an t-Sláinte Phuiblidhe — agus ain-eolas an duine fó-leith ar riaghlach- aibh simplidhe na sláinte. Ní labhairfimid annso ar an t-Sláinte Phuiblidhe acht a rádh go bhfuil sé de dhualgas ar an Rialtas deigh- tighthe agus deigh-bhiadh (deagh-bháinne go h-áirithe) do sholáthar do na saoranachaibh, agus go mbeádh sé seacht n-uaire níos fearr galar mar eitinn nó fiabhras-builg do scrios amath go léir 'ná a bheith ag déanamh iarrachta (gan tairbhe go minic) ar a leigheas. Cuirimís na h-ainimhidhthe fiadhaine allta atá go díreach fá réim na Nádúire i gcom- práid leis na h-ainimhidhthibh tighe a bhíos fá smacht na ndaoine nó i gcompráid leis na daoinibh féin. Ní'l an oiread sin pláigheanna a's galar ar na h-ainimhidthibh allta. Toisc go bhfuil intleacht ghéar, inchinn mhór agus dhá fhoirbhthe ag an gcineál daonna do chuireadar soisialtas & sibhialtacht ar bun — acht nuair a rinneadar an méad so do thréigeadar coimirce na Nádúire agus tháinig pláigh agus galar ag briseadh isteach ortha ag déanamh iarrachta ar sibhial- tacht do treascairt agus soisialtas do leagan ar lár. Má bhaineann na daoine lán-úsáid as a n-intleacht, as a n-inchinn mhóir agus as a ndá lámh is féidir dhóibh
an troid do dhéanamh & buaidh do bhreith ar an ngalar agus sibhialtacht do déanamh go lán agus go foirbhthe. Ba chóir eólas a bheith ag gach aoinneach Cionnus is fearr troid do dhéanamh i n-aghaidh an ghalair .i. ba chóir eolas a bheith aige ar riaghlachaibh simp- lidhe na sláinte. Chum an eólais sin d'fhagháil go cruinn ní foláir dhúinn ar dtúis strach-fhéachaint a thabhairt ar dhéantas an chuirp daonna agus ar a chodchaibh agus a fhiafruighe cionnas a dhéanann na codcha sin a gcuid oibre nó i bhfoclaibh eile cionnus a comhlíonann siad a ndualgas. Má infhiúchamuid giota beag glasraidh (bíodh gas nó duilleóg mar sompla againn) fá'n ngloine mhéaduighthe (miondracán) do-chímid líonradh cosamhail le criathar meala. Ní'l na h-áiteanna 'sa líonradh go folamh; tá gach uile áit lán de ghlothaigh. 'Sé an t-ainm atá ar gach áit 'sa líonradh ná cillín (cellule). Tá snas cosamhail le feiscint má ghearrthar giota beag as an gcorp daonna agus má spíontar fá'n miondracán é; is cuma cadé an áit ó n-a ngearramuid é. Ní'l an líonradh chomh soiléir a's atá sé 'san nglasradh mar nach bhfuil na ballaí idir na cillíní comh láidir san — acht tá na cillíní ann. 'Sé an cillín an chuid is lugha de bheatha. Go díreach mar a dhéantar cathair nó baile mór de clochaibh déantar corp de chillíníbh I n-aon chorp amháin tá na milliúin agus na milliúin tar áireamh. Ba mhaith liom anois ainmhidhe beag a thais- beáint díbh — ainmhidhe beag a bhíos 'na chomhnuidhe i n-uisce shalach. Ní'l béal ná bolg aige, ní'l croidhe ná croiceann, ní'l súil ná fuil. 'Sé an t-ainmhidhe is simplidhe atá le fagháil. Dá mbéadh céad aca i ndiaidh a chéile ní dhéanfadh siad órlach ar faid. Ní'l ann acht aon chillín amháin. Tá sciolltán (nucleus) 'na lár, agus glothach (protoplasma) 'na thimcheall so. Is féidir leis gluaiseacht:— do ghní sé géag shealadach de'n ghlothaigh (pseudopodium an t-ainm atá uirthi) agus toisc go mbionn sé ag athrughadh a chrotha tugtar amoeba mar ainm air. Cothuigheann sé é féin ag cur cos sealadach timcheall ar giota bheag bidh agus sughtar nó deóltar an maitheas as so. Annsin tarraingthear na cosa sealadacha siar agus scaoiltear leis an bhfuighleach. Déanann sé análughadh tré mhion-phoillinibh ar fuid a chuirp. Fásann sé i rith na h-aimsire agus nuair a bhíos sé aibidh déantar síolradh; scoiltear an sciolltán. Cumhanguighthear an ghlothach agus fá dheireadh scoiltear í freisin. Bailighthear leath de'n ghlóthaigh timcheall ar a leith féin de'n sciolltán agus bíonn dhá ainmhidhe óg ann i n-ionad an t-sean-chinn. I gceann tamaill scoiltear an bheirt so agus mar sin de go deó. Ainmhidhe nach bhfuil ann acht aon chillín amháin is protozoon é. Cuir i gcás anois nách sgarthar na cillíní óga ó n-a chéile — acht go bhfanann siad dlúithte le chéile. Sin é go díreach mar a thuiteann sé amach i stáir na n-ainimhidhe atá níos aoirde i réim 'sa t-saoghal 'ná an amoeba .i. na h-ainimhidhthe go bhfuil tuilleadh agus aon chillín amháin ionnta (metazoa). Tosnuigheann gach ceann aca so a bheatha mar aon cillín amháin. I rith na h-aimsire scoiltear an cillín sin agus mar sin de, acht fanann na cillíní óga dlúithte le céile. Connacamar cheana ag tracht ar an amoeba go bhfuil gach uile comhacht ag an aon chillín amháin — mothughadh, analughadh, gluais- eacht, cothughadh, glantughadh, dála na n-ainimhide eille. Ní déanfadh sin an gnó. Adeir Nádúir “Nach caithteach díombaileach an rud so — gach uile Comhacht ag gach aon chillín.” Bhéidh sé níos fearr gan acht aon chomhacht amháin ag aon chillín amháin. Déan- tar beart dá réir. Roinntear an saothar, mar adéarfaidhe, agus tagann athrughadh crotha ar na cillíníbh do réir na h-oibre atá le déanamh aca. Fightear cillíní cosamhla le céile chumh figheachán a dhéanamh. Is iad is na trí figheacháin mhóra 'sa chorp:— I. Figheachán snaidhmthe (fuil, cnámh, smaosrach, fáscán) II. Figheachán Cumhdaigh (croiceann, meamram sleamhnach). III. Figheachán nearbhach (inchinn, téad an droma). Ceangailtear na figh- eacháin le céile chumh comh-fhigheachán nó orgán do chumadh:— teanga, croidhe &ml. Snadh- mthar orgáin le chéile chum gléas nó suisteam do dhéanamh — gléas na fola, gléas na bhfáscán, gléas análuighthe, gléas cothuighthe, gléas nearbhach, gléas glantuighthe an chuirp. Ní thráchtfamuid anois ar chimidheacht gloth- aighe acht a rádh go bhfuil uisce, salann mhianaigh, agus protein annti. 'Sé an protein an chuid de is mó le radh; rud mar gealachán uibhe atá ann. Ní féidir beatha a bheith ann gan glothach; bunadhas beatha 'seadh é. 'Sé an sciolltán an chuid is riachtanaighe de'n chillín; glothach atá ann.
— acht glothach spesialta. Is gearr an saoghal a bhíos ag cillín gan sciolltán. Nuair a dhathuighthear an cillín chumh a scrúduighthe is mór an deifrigheacht a bhíos idir dath na glothaighe agus dath an sciolltáin — ceann aca (an sciolltán) dathuighthe go trom, an ceann eile dathuighthe go faon lag. TOMÁS MAC CIONASTA. “ÉARNA” léigh “Éarna” a 4: a chuireadh amach lá 'le Pádraig. TAE. Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá againne, bíonn siad mar a chéile i gcomhnuide agus bíonn gach éinne sásta leo. Luach — 2/4, 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt. Tae ón t-Sín — 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt. BECKER BROS., LTD., Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mBaile Átha Cliath. TIGH-ÓSDA “CLARENS,” ag Cé Uellington i mBaile Átha Cliath. Tá gach aon chompórd ann agus é so-lámhach do gach áit is fiú le rádh 'sa Chathair. 70 Suainliosa. Solus Eleictric. An biadh — bog, soghmhail, so-bhlasta agus an freasdal ar fheabhus. An díol-fiach réasúnta. BÍONN TARRAING MHÓR DAOINE AR AN “RESTAURANT” atá ag gabháil leis. An Guthán 1217. Telegram: “Clarence Hotel, Dublin” TIGH-ÓSDA AN ROYAL EXCHANGE Sráid na Feise, i mBaile Átha Cliath. Tá sé seo ar cheann des na Tighthe-ósda is compórd- amhla 'sa Chathair. Tá gach aon chóir ann agus an díolfiach réasúnta. Guthán 2678. Telegram: “Comfort, Dublin.” M'ONCAIL SEÁRLAÍ. Tháinig sé fliuch an tráthnóna sin agus d'fhanamar istigh ins an tigh-ósda. Bhí an cailín-aimsire ag déanamh picil i gcóir muice do bhí marbh aca, agus nuair chaith sí sciolán isteach 'san uisce féachaint an raibh a dóthain salainn aici ann, d'fhiafruigh M'Oncail Seárlaí díom-sa a raibh a fhios agam 'd é chúis ar dhein sí é sin. “Féachaint an snámhfadh an sciolán;” arsa mise nuair shnámhfadh go 'speánfadh sin go raibh an picil láidir a dhóthain. “Seadh.” — ar seisean. —” agus sin é bhíos chum a innsint díbh: mar do bhain dom féin i Loch an tSalainn i Sasanna Nua. Is cuimhin libh, gur ar mo shlíghe dtí Sasanna Nua, do bhíos an lá úd d'fiadhach an eascú as Loch bhéil locha mé. Nuair chuaidh mé anonn, do bhí a lán daoine diamhaoin i Nua Eabhrach agus thuigeas nárbh' aon mhaith dhom fuireach ann. Do bhuaileas liom siar, agus bhíos ar feadh seachtmhaine nó mar sin ar an traen, agus ag teacht contha dí nuair tháinig fear agus ceathrar ban isteach 'sa chairéiste ag stáisiún lá, agus an domhan traidíní ag na mnáibh. Bhíos ag déanamh slíghe dóibh agus ag cur na traidíní as an tslighe fé'n suidhchán, agus thugas fé ndéar gurbh' í an tsloinne cheadhna do bhí scriobhtha ar na traidíníbh go léir. B'ait liom sin, nó b'fhéidir go mbadh deirbhséireacha iad, acht ní raibh pioc deallraimh aca le n-a chéile. Bhí duine aca gorm, duine eile aca dearg, agus an bheirt eile mar bheadh aon mhná, acht amháin ceann aca gruaigh dubh do bheith aici agus an ceann eile gruaigh ruadh. Nuair d'fhéachas ar na traidíníbh aris is eadh thuigeas an scéal. “Cathair Locha an tSalainn” do bhí orra go léir, agus chuimhnigh mé gur 'sa chathair sin chómhnuigheann an dream úd, na Mórmoin, a mbíonn oiread ban agus maith leis ag gach fear. Níor mhaith liom, mar sin féin, a fhiafruighe de'n bhfhear so ar leis féin an ceathrar ban, acht, d'fhan mé i m'thost i gcionn tamaill, do labhair seisean liom agus sa d'fhiafruigh díom cá raibh mo thriall. D'innis mé dó. Ní raibh a fhios agam féin adubhairt mé; siar i n-áit éigin a bhfuighinn obair, mar ná raibh
dada le fághail thoir. Agus arsa mise leis, — “An chathair seo ab as duit-se” — “an dóigh leat go mbeadh aon obair do'm leithéidibh le fághail innte?” “An bhfuil aon chéard agat?” — ar seisean. “Ní'l” — arsa mise, — “aon chéard acht amháin an fheirmeóireacht, acht, dar ndóigh, gheobhainn í fhoghluim.” “Ní thuigeann tú mé,” — ar seisean. “Ní'l aon chéardaighthe fir 'sa chathair seo againne ar aon chor: na mná dheineann gach aon rud ó thárla an bhreis mór aca againn. Sé chúis dom an cheist do chur chugat, mheasas, dá mbeadh céard agat, ná beitheá sásta ar aon saghas eile obair a dhéanamh. Seadh: cad adéartha leis seo mar obair — na leanbhaí do thiomáint amach domh-sa 'sa ghluaisteán gach lá?” “Do chuid féin leanbhaí, an eadh?” — arsa mise. “Seadh,” — ar seisean. “An mó ceann dhíobh bheadh agat?” — arsa mise. “An mó leanbh é siúd atá agaibh?” — ar seisean leis na mnáibh. “Ceathrar liom-sa” — ars an bheanghorm. “Agus ceathrar agam-sa” — ars an bhean ruadh. “Triúr an duine atá againne,” — ars an bheirt eile. “'Seadh,” — ar seisean, — “agus triúr, is dóigh liom, atá ag an mhnaoi sa mbaile; sin, abruighim, mór-sheisear nó octar déag a bheadh agat ag imtheacht gach lá. Is é atá i gcoinne na mban agam,” — ar seisean, — “ní'l lá dá dtéigheann ceann aca amach leis na leanbhaibh, ná eirigheann idir na cúig muintire ar chuma éigin agus fágann siad na gluaisteáin gan mhaith, gan trácht ar an mbruighin bhíonn idir na máithreachaibh nuair airigheann siad an scéal. An dtioc- faidh tú, agus triail do bhaint as?” B'ait liom mar obair é, dar ndóigh, bheith ag bobaireacht do mór-sheisear déag de leanbhaibh, acht ar ghrádh an chathair agus an saoghal ann d'fheiscint, chuaidh mé leis. Nuair thánamar amach as an traen, an chéad rud thug mé fé ndear acht na mná ag scuabadh na sráide agus obair mar sin, agus na fir n-a suidhe ins na fuinn- eóigibh ag caitheamh a bpíopaí agus ag féachaint amach orra. Tar éis té annsin, nuair do bhí an oidhche ag tuitim, do bhí soillse ar lasadh ins na seomraibh uachtracha go léir, agus níor airigh tú a leithéid de bhéiceadh riamh ag na leanbhaibh ghá gcur a chodhladh. Badh chuma liom sin, acht nuair do chuadhas féin a chodhladh ar ball do lean an t-éirleach, agus bheadh sé chómh maith agam bheith i m' shuide. Do bhí an teas go millteach leis, agus b' fhada liom go bhfeicinn an lá ag breacadh. Ar an gcéad amhsgarnach do bhíos amach, agus do shiubhail mé liom go dtí tháinig mé go dtí Loch an tSalainn. Loch an-mhór is ead é, acht tá a chuanta ag rioth i bhfad isteach ins an tír, mar an cuan so Eócháille annso, agus báid ionnta go léir. Níor bháid adhmuid iad, má 'seadh. D'iarann bíodar déanta, agus iad an-throm ar fad, badh dhóigh leat, acht, mar sin féin, ní rabhdar doimhin 'san uisce ar aon chor, acht iad ar snámh go h-éadtrom air mar bheadh cuirc. Do léimeas isteach i mbád aca, agus b'shin é uair d'aithnigheas gurbh' iarann iad, an fhuaim do bhaineas aiste, agus nár luaisc sí acht beagáinín ar fad fúm. Do rugas ar na maidíbh ramha agus b' shin é an spórt annsin. Maidí iarainn ba eadh na maidí, agus ní fhéadfainn aon lámh do dhéanamh díbh ar dtúis. Bhíodar ró-throm. Uaireannta théidís síos ró-dhoimhin 'san uisce agus d'fhóbair go dtarraingeoidís amach n-a ndiaidh mé. Ann- sin, an chéad iarracht eile, choimeádainn ró-árd as an uisce iad agus tóin thar ceann liom i ndiaidh mo chúil 'sa mbád. Act tháinig mé n-a dtaithighe i gcionn tamaill agus annsin bhí an scéal maith go leór agam, acht amháin ná fuighinn aon tsiubhal ceart do chur fé 'n mbád. Ach do lean mé air, agus bhíos an-thamall amach agus ag teacht gairid do'n taobh-thall de 'n chuan, nuair rith sé i m' cheann baint díom agus léim amach chum mé féin d' fhuaradh. Do chaitheas na maidí uaim, do bhaineas díom, agus do léimeas amach. Buel, a mhic ó! Bhíos ag trácht ar chorc ar snamh ar bharr uisce! Sin é díreach mar do bhíos-sa ar an uisce úd. Síos dtí mo chromáin d'fhéadfainn dul ann, sin an méid. Maidir le snamh, ba mhar a chéile é agus bheith d'iarradh snámh i bpraisigh mhine buidhe. Ag útamáil, agus ag únfairt timcheall bhíos, agus nuair do bhuailinn aon bhuille de m' chosaibh uaim, is amhlaidh léiminn aníos as an uisce ar fad, geall leis. B'ait
liom mar obair é; nó an fé dhraoidheact bhíos, bhí mé a rádh liom féin; go dtí gur chuaidh bolgam de 'n uisce isteach i m' bhéal, agus annsin thuigeas gurbh' é an tuisce do bhí bun ós chionn. A dhearbhráthair, nuair nár iompuig mo ghoile orm! agus ba mhaith an bhail orm é nár dhein, nó ní fios cad badh chor, ná cad badh chríoch, dom. Níor dhein, agus bhíos ag cuimhneamh ar chasadh ar an mbád nuair thug mé fé ndear go raibh sí imighthe i bhfad uaim. Geit! Maireach a láidreacht do bhí an t-uisce, rachainn go tóin puill, is dóigh liom. Ní raibh dada le déanamh acht í leanmhaint, dá mbféidir é, agus marar dheineas-sa mo dhícheall! Bhíos ag cur díom maith go leór leis, agus mo mhisneach ag casadh, orm, nuair airigh mé mar bheadh speach de d' mhéir agus do ghluais rud éigin thar mo cheann amach, agus do thuit san uisce thimcheall péirse uaim. Le n-a linn sin, d'airigh mé speach eile, agus thuit rud éigin taoibh thiar díom. D'fhéachas thar mo ghualainn síar agus cad do bheadh acht scata Indiacha Dearg ar an bport ag caitheamh saighead liom! Cad do dhein mé? Ní h-eadh, acht cad nár dhein mé! An chéad rud do chuimhnigh mé air, tumadh, acht mar adubhairt cheana, bhí an t-uisce ró-láidir: nuair bhíodh mo cheann síos bhíodh mo chosa agus cuid mhaith eile dhíom suas sa spéir. Nuair theip sin orm, do chaitheas mé féin cothrom ar mo dhrom chum ná fuighdís marc cruinn do thógaint orm, acht i maite! do ghluais saighead an-ghairid do m' chaincín agus do chuireas béic asam, agus do thosnuig ag liúirig, agus ag speachadh le m' chosaibh, agus ag bhagairt le m' lámhaibh chum a chur i n-iúl dóibh gur Críostuidhe mé agus nárbh' mhuc mara ná aon rud mar sin mé. De réir deallraimh leis, thuigeadar mé, agus ní bheadh aon mhaith annsin féin maireach gur cheapadar gur díobh féin mé — mar is tuisce chaithidís siúd le fear bán ná le muic mara féin. Pé rud do cheapadar; stadadar de'n lámhach, agus d'eirig liom an bád do bhaint amach fé raibh fhios a thuille aca mar gheall orm. Nuair bhí mé istigh 'sa mbád bhí mé ó bhaoghal. Do luigheas siar innte agus scaoileas léithi. Ba chuma liom cia an áit bhearfadh sí mé: aon rud acht ná fuighdís sin greim orm. Ar ádhbharaighe an tsaoghail thar n-ais dtí an chathair do thóg sí mé. Do bhí fear a' tighe a'm lorg agus na leanbhaí go léir 'sa ngluaisteán leasmuich de 'n dorus aige dhom, — iad buidhe, agus breach, agus dearg, agus gach aon dath. Do bhí eagla orm a innsint dó cad do bhí mé a dhéanamh i rith na maidne, agus, i n-éaghmuis sin, do bhí socair i m'aigne agam gan fuireach níos sia 'san áit. 'S é dhein mé, acht, suidhe isteach gan aon nidh do leigint orm, agus tiomáint liom. Anonn dtí an stáisiún do tiomáin mé, agus do bhí traen díreach ag fágaint. Do léimeas amach as an ngluaisteán agus isteach 'sa traen, agus as go bráth liom.” “Agus cionnus do bhí a fhios agat gur Indiacha Dearga na daoine do bhí ag caitheamh leat, a Oncail?” — arsa Ciarán. “Mar bhíodar dearg, a gharsúin.” — ar seisean; “agus, rud eile, dheineadar luigheachán ar an traen orrainn an chéad stáisiún amach as an gcathair. Inneósad díbh mar gheall air lá eile.” “CLOCH LABHRAIS.” BANNDAÍ GLUAISTEÁIN. AJAX TYRES Gheibhtear go díreach ó Shasana Nuadh iad gan aon bhaint le Sean-Shasana. Banndaí thar barr iseadh iad. Mara bhfuil siad ag gach aon siopa gluaisteáin ar fúd na hÉireann ba cheart go mbéidís. Seo an t-aon dream amháin de lucht díolta bannda san iomlán a chuireann suim i gcúrsaí na Gaedhilge. Oifig — Cae Eden, 7, Baile Átha Cliath.
MNÁ ÓGA AGUS AN DÚNMHARBHÚ Táim tréis leabhar d'fhághailt le h-aghaidh léir-mheasa — “Seán agus Nua.” — a sgríobh an t-áthair Gearóid ó Nualláin agus fear eile den treibh chéadna. Cúig cinn de sgéalta nua-cheapuighthe atá ann; agus aon duine a raibh sé de chrann air an leabhar eile ó pheann an athar uí Nualláin (Dia, Diabhail agus Daoine) do léigheamh ná bíodh eagla air go gcurfidh an leabhar so atá i gceist agam seirbhtheann agus tuirse air, mar a dhein an ceann eile ar a lán daoine toisg a bhaoithe agus a eugcosamhlacht a bhí sé. Níl mórán dithchéille ag baint leis an leabhar so, “Sean agus Nua.” Tá brígh ann ná raibh sa cheann eile agus maidir liom-sa, pér domhain é, nuair a chromas ar ceann desna sgéalta do léigheamh bhí fonn orm é críochnú. Is cuimhin liom gur dheacair dom gan tuitim dom chodladh agus mé ag léigheamh “Dia Diabhail agus Daoine” le neart mo neamh-shuim ann. Béidir gurb é an fhuil nuadh fé ndear ar feabhas so. Is fearr cinn ná ceann, dar ndóigh! Na cailiní, cuir i gcás, a gcuirtear aithne ortha sa leabhar so tá siad beo aibig seachas na taidhbhsithe sa leabhar eile. Ní thagaireochainn do san marab rud é go bhfuil na póganna chomh fluirseach sa leabhar as atá na dún-mharbhuighthe nach mór, agus má scríobhann duine i dtaobh póg agus grádh mná agus mar sin de is ionann san a's a rádh gur ceart don léightheoir taithneamh a bheith aige 'na aigne don óigbhean deaghchumtha sa sgéal, nó ar a luighead go dtuigfeadh sé 'na aigne gur cailín so-phógtha an cailín céadna. Agus ní déanfadh sé an gnó gan ach cur síos go bhfuil sí dathamail, álainn, deagh-chumhtha &rl., &rl., ní chuirfeadh na focail loma san 'na luighe ort go bhfuil sé amhlaidh. Tá rud éigin, cleas pínn, nó ealadha, rud nach fuirist focal do thabhairt air, a theasbánann an duine sa sgéal mar a bheadh duine ann 'na bheatha cheart. Fear óg iseadh mise (buidheachas le Dia) agus nuair a léighim sgéal cruthuigheann sé dom go bhfuil an chomhacht san ag an té a sgríobh é má bhíonn saghas báidh agam (ar feadh an nóimeaint) leis an gcailín sa sgéal nó má bhraithim ionnam féin gur mhaith le duine í phógadh, pér domhain é. 'Sé an rud atáim a rádh anois ach go bhfuil cailíní an athar uí Nualláin so-phógamhail, dar liom, agus molaim a shaothar (nó saothar na beirte ba chirte dom a rádh is dóca) dá bhárr. Máirín inghean an Ruadánaigh atá im' aigne ar feadh na h-aimsire. Is cuma mar gheall ar na ceannaibh eile. Maran mbeadh aon rud déanta ag an úghdar ach pictiúr d'aon cailín amháin dá saghas tarraingthe aige gheobhfaidhe a rádh nach inaisge a shaothar. Tá leitridheacht Gaedhilge an lae indiu ro-ghruamdha, ro-sholomanta agus teastuigheann brígh agus sult uainn. In ainm na pláige seachainimís an stuif sentimental a thugtar dúinn uaireannta. Ach mo dhearmhad — ba ghairid gur tháinigheas ar ath-snaoineamh idtaobh an cailín úd. Chonnaiceas pictúir dí ar leath. a 62.! Ní thuitfidhe i ngrádh léithi siúd dá mba í an bhean dheireanach a bheadh fágtha ar druim an domhain. Mill- eann an pictiúr an rud ar fad, saothar in aisge a bhí ag an athair Gearóid ag cur a bhaile orrainn gur cailín dathamhail so-fháisgte &rl., &rl., í mar breug- nuigheann an t-ealadhntóir an t-ughdar. Agus as a mhagadh féin isé an sgéal céadna é i gcomhuidhe maidir le pictiuirí i leabhair Gaedhilge. Do léigheas alt sa “Sguab” tamall ó shoin, a sgríobh “Cú Chulainn” i dtaobh na ceiste sin agus m'fhocal duit a léightheoir ach go raibh an ceart aige. Sí an Ghaedhealg atá ann ach Gaedhealg an athar Pheadair agus í fighte na chéile go breágh nádúrtha. Ní raibh de bhac ar na h-ughdair gan focail nár dhein an t-athair Peadar úsáid díobh riamh de ghlacadh isteach, cuid acu ó chanamhaintí eile nuair a bhíonn práidhinn acu leo, agus fo-fhocal fós, mar “nia,” cuir i gcás, atá marbh leis na céadta bliadhan. Ach 'na dhiaidh san as uile, 'Dé chúis ná déanfaidhe úsáid d'fhocal mhaith fíor- Ghaedhilge nuair is gádh dúinn — ós rud é gur thuit amach gur dhein ár sinnsear faillighe ann agus gur cuireadh ar neamh-nidh é. Ach dá bhreághthacht í an Ghaedhealg atá sa leabhar, agus nílim á caineadh in aon saghas slighe, mar sin féin thugas fé ndear comhartha annso a's annsúd a chuir ag machtnamh mé. Adeir na sgríobh- nóirí sa mbrollach: “Na sgéaltha so atá sa leabhar so táid siad le fagháil, i mBéarla, i leabhar eile. An léightheoir a chuireann suim i n-a leithéid de cheist fágfam fé sin a dhéanamh amach cia 'ca i nGaoluinn nó i mBéarla do céad-sgríobhadh na sgéaltha, agus cia 'ca de'n dá chrot an t-aistriúchán.” Muireach san ní dhearfainn ach gur sleamhnuigh cúpla abairt isteach sa leabhar agus dul an Béarla ortha. Cuirim i gcas:— “‘Ristéard’” do liuigh sí' (“Richard!” she cried); nó féach air seo mar theideal do sgéal — “An Staic Cearnógach.” Ní fhacaigheas an leabhar Bhéarla, ach is léir gur cuimhnigheadh ar “Square peg in round hole” ar dtúis agus gur cuireadh Gaedhealg air na dhiaidh san. Ach is beag leabhar an lae indiu ná fuil rian an Bhéarla in áit éigin air, agus dá bhrígh sin ní chruthuigheann na cainteanna sin a luadhas mar shompla gur i mBéarla a ceapadh na sgéalta so an chéad uair. Dhearfainn féin gurab i mBéarla a ceapadh cúpla ceann acu agus i nGaedhilg na ceannaibh eile. Brún agus ó Nóláin d'fhoillsigh; 1/6 a luach. C.M. DIXON & HEMPENSTALL Fir Deunta Speuclairi SEOMRAÍ UM TASTAIL RADHAIRC AR OSGAILT GACH LA Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud cuirimíd chugat é an lá ceudna. SRÁID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH.
BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA. ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE, BAILE ÁTHA CLIATH. DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT. Bun-airgead Geallta, £406,000. Bun-airgead Díolta, £203,000. Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1923, £1,650,000. BUNUIGHTHE 1920. BRAINNSÍ:— 68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh, Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis, Mathchromtha. THE NATIONAL LAND BANK LTD. Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason agus a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Uí Mhathghamhna, Áth Cliath agus foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services