Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Uimh. 19. Bealtaine, 31, 1924

Title
Uimh. 19. Bealtaine, 31, 1924
Author(s)
Údair éagsúla,
Composition Date
1924
Publisher
Muintir an Sguab

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


AN SGUAB



Im. II. Uimh. 19. BEALTAINE, 31, 1924. 3p. SA MHÍ



RÉIM NA h-UIMHREACH SO. Leath.



DÁ OLCAS É SEUMAS 123



DON LUCHT LÉIGHTE … PADRAIG O CADHLA 124



GIOTAÍ AS SEAN-LÁMH-SGRÍBHINN … “AN MADADH RUADH” 124



BEISÍN … “SAGART” 125



CÚRSAÍ NA mBÚRAIGH … AN CHU MHALL 127



SEACHT n-AICÍDÍ AN t-SLÉIBHE, &rl. 130



PISEOGA … PÁDRAIG Ó CADHLA 131



SEUDNA AR AN AIMSIR SEO … CÚ CHULAINN 132



AN STÁT GAEDHEALACH … LEON Ó BROIN 134



AN t-IMHNEALL IS AN t-OIBRIDHE … “SEOSAMH FIONN” 136



RUAIG GO POLL A' PHÚCA … SEÁN Ó RUADHÁIN 137



COSAINT NA SLÁINTE … TOMÁS MAC CIONASTA 138



M'ONCAIL SEÁRLAÍ … CLOCH LABHRAIS 140



LÉIRMHEAS 143



DEUNANN



SCOTT & A CHOMH., TEÓ.



Ráin, Sluasaid, Grafáin, Piocóid, Héatair,
&rl.



I MÓIN-ÁRD I gCO. CORCAIGHE.



Oifig: Sráid Mhic Curtain i gCorcaigh.



R. SCOTT & CO. LTD. MacCURTAIN ST.
CORK.



Tugaidh bhúr gcuid Árachais do'n
Chumann Gaedhealach is Fearr



AN CUMANN IBÉRNACH
INSIÚRÁLA TEÓ.



I n-AGHAIDH TOITEÁIN AGUS
COITCHINNE.



Príomh-Oifig — 48 & 49 SRÁID AN
DÁMA, ÁTH CLIATH.



na polasaithe is iomláine le
fagháil.



NIGHEACHÁN RIABHACH AN tSATHAIRN
NÍ BHÍONN SÉ GEAL DÉ DOMHNAIGH.



Dá bhrigh sin



Cuiridh bhúr gcuid nigheacháin chun



TIGH NIGHEACHÁIN NA CÚIRTE
(COURT LAUNDRY)



SRÁID HARCOURT, BAILE ÁTHA CLIATH.



TOBAR NA FIOR-GHAEDHILGE
I RINN Ó gCUANACH
I nDÚTHAIGH DÉISEACH.



Caith do shaoire ar do shuaimhneas
ann agus raghaidh sé chum tairbhe
do shaoghail agus do shláinte.



Tá tigh fada fairsing i gcomhaír bhidh, iostais,
agus an mhúineadh ag lucht Iolscoile na Mumhan
ann — an fharraige i mbeul an doiris aca.



AN CÚRSA SPEISÍALTA
D'OIDÍ SGOILE
MÍ AN IÚIL.



AN CÚRSA COITCHIANTA
MÍ LUGHNASA



Tá gach fios agus faisnéis le fagháil
Ó'N bhFEAR MÓR
I RINN Ó gCUANACH.


L. 122


LEABHRA MAITHE GAEDHILGE



AN BARRA: Leabhairín do Pháistí. Nioclás Tóibín
an scríbhneóir.



Leabhairín é seo do pháistí sa tríomhadh buidhin nó sa
ceathrú buidhin do réir mar a thuigtear don múinteóir.
Mar do dhein sé sa nGeamhar tá a dhícheall déanta ag
Nioclás Tóibín ar adhbhar oiriúnach léighinn do sholáthar
don pháiste, agus a bheith cothrom maidir le ciall agus
cruadhas. Ocht leathanaigh agus dachad atá ann.
Luach 6d. glan.



ÓIR-CHISTE: Duanaire Liricí don aos Foghluma.



Seamas Ó h-Aodha, M.A., do thoigh.



Cnuasacht é seo desna dánta is mó clú agus cáil i
nGaedhilg. Tá 45 cinn aca ann agus na filí is fearr abhí
riamh againn a scríobh iad ó Oisín Mac Fhinn go dtí
Pádraig Mac Piarais. Tá míniú nó argóint ag gabháil
le gach aiste sa leabhar agus gach míniú aca i nGaedhilg
bhlasta. Tá foclóir, agus gluais ag tabhairt eolais ar
gach áit is ar gach duine atá luaidhte sa leabhar. Níl
aon Bhéarla ann. 156 leathanaigh. Luach 5s. glan.



BEIRT DHÉISEACH. Cnuasacht scéilíní le Seán Ó
Cuirrín. Scéal acu ar a cheann féin; Eadartheangachd
ar Bhéarla Washington Irving (Rip Van Winkle);
Tolstoí (The Long Exile); Lorimer Stoddard (The
Indian's Palm) an chuid eile. Tá adhbhar cleachta ar
aistidheacht agus nótaí agus foclóirín ag gabháil leó.
Luach 3s. 6d. glan.



Agus na leabhra eile is fearr i nGaedhilg le fagháil ó
CHOMHLUCHT OIDEACHAIS NA hÉIREANN TEOR.,
89 SRÁID AN TALBÓIDIGH I mBAILE ÁTHA CLIATH.



WEST & SON



SEODÓIRÍ, GAIBHNE AIRGID, AGUS
CLUIGEADÓIRÍ.



Tigh Grafton,
102 & 103 Sráid Grafton, Baile Átha Cliath



Tá suas le ceud duine ag
obair san gnó so. Déinimid
duaiseanna óir agus airgid
le h-aghaidh feiseanna &rl.
agus deuntús fíor-
Ghaedhealach ortha.



Tagaidh isteach chun iad dh'fheiscint.



AN GHAEDHEALG SNA SIOPAITHE.



Má thá sé uait, a dhuine, an Ghaedhealg a bheith dá labhairt agat gach aon lá
ceannuigh do chuid grósaereachta agus lóin-tighis uainn. Ní gádh dhuit Beurla do
labhairt annso mar go bhfuil an Ghaedhealg ag gach aoinne sa t-siopa.



Ó RAOGÁIN AGUS A CHOMH., TEO., SRÁID DÁSON, 54.



AN ÍCE IS FEARR DÁ BHFUIL ANN.



Ní túisge cuirtear Gibsol le áit tinn ná gheibhtear fuascailt. Cruthuigheann san
ná fuil a shárú le fághailt.



Dhéarfá gur draoidheacht atá ann agus an slighe a dhíbirigheann sé tochas is pian
ar an nóimeant dearg. Tá ealadha cheart an dochtúra ann, dar ndóigh.



FUIGH BOSGA GIBSOL INDIU.



Níl a shárú ann le h-aghaidh fochmaí, oidhear, goráin, méiscrí, claimh, teinefhiadh,
iosgóidí fola, gabhag, fuachtáin, croicinn briste, cosa tinne, &rl., &rl.



Tá sé le fághailt ósna drugadóirí ar fúd na tíre ar 1s.3d.



GIBSOL



AN ÍCE I GCÓIR GACH LÍON-TIGHE.



Deuntar “Grania Tooth Paste” agus “Gibsol Veterinary Ointment” leis
ag Gibsol, Teo., Lana an Chlair, Baile Atha Cliath.


L. 123


DA OLCAS É SEUMAS IS MEASA A BHEITH 'NA EUGHMAIS.



A Cháirde,



Is éigin dom an leathanach so do sgríobhadh
uaim fhéin an mí seo agus clóca an fhir
eagair do chaitheamh díom. Mar caithfidh mé
rudaí a bhaineann liom féin do mhíniú agus
do chur i dtuisgint daoibh.



Ar an gceud dul síos ní mór dom mo
leath-sgeul do ghabhailt libh toisg gan aon
“Sguab” a bheith dá chur amach i gcóir
Mí Abráin agus toisg an uimhir seo (Beal-
taine) a bheith chomh déidheanach san. Bhíos an-
imshniomhach i gcomhnuidhe i dtaobh an “Sguab”
a bheith i gcóir san am cheart gach aon mhí,
agus is amhlaid a bhínn ag bóiceáil ná raibh
sé oiread as lá déidheanach riamh ó cuireadh ar
bun é, tá ag dul in dá bhliadhan anois.



Do thuit amach, cúpla mí ó shoin, go bhfuaireas
glaodhach obann, narbh féidir liom agus narbh
achfuinn dom a dhiúltú, dul thar lear chun
gnótha áirithe do dheunamh. A sgeul féin
sgeul gach aoinne dar ndóig. Ní raibh
d'uain agam socrú do dheunamh le h-aon
duine obair na h-eagarthoireachta do thabhairt
idir láimhibh im' áit-se, agus dá bhrígh sin
fághadh gan deunamh í.



Ní bheadh an oiread san díobhála sa méid
sin, is dócha, mara mbeadh ann ach é. Ach
tá ceacht foghlumtha agam óna thuit amach
Cá bhfios dom ná béinn-sa sa chás cheudna
arís. Ní maith liom rud a bheith ar siubhal
agam gan é do dheunamh mar ba cheart. Le
timpeall dhá bhliadhan anois táim ag caitheamh
mórán aimsire ar obair an “Sguab.” Ní
mar mhagadh d'aon duine amháin a bheith i mbun
eagarthoireachta agus bainisteoireachta pái-
péir agus a slighe maireachtana le baint
amach aige in gnóthaí eile, chomh maith. Tá
an iomarca iarrannaí sa teine agam, béidir,
ach per' sa domhain de, chun breith gairid
ar an sgeul ní féidir liom leanamhaint
den obair a thuille. Is truagh liom á
rádh, mar gur chuireas an-shuim san obair
agus do dheineas mo lán-dhícheall i gcomhnuidhe
páipeur maith so-léighte do sholáthar do
Ghaedhealaibh. Níor éirigh liom uaireannta
chomh maith as ba mhaith liom, agus mar is
gnáthach le gach aon rud bhí daoine ann ná
raibh sásta. An Sguab nuadh is fearr a
sguabann an tigh, dar leo, is dóigh liom.
Ach mar sin féin fuaireas an oiread san
leitreacha ó dhaoine ná raibh aon aithne agam
ortha ag moladh “An Sguab” gurb i gcoinne
mo thola ar fad ar fad atáim á thabhairt
suas anois.



Táim-se ag eirghe as, ach ní fheadar fós
an bhfuil an “Sguab” i riocht a bháis. Tá
daoine áirithe tréis a rádh liom gur mór
an truagh é gan é do choimeád beo, agus
táthar adh iarraidh comhlucht nó chumann do
chur ar bun chun tabhairt fén obair. Níl
ann ach cainnt fós agus is minic gur fada
ón luaithe an bocaire. Má dheuntar rud
den chuimhneamh san tabhairfid don dream
nuadh a bhfuil agam de shíntiúsaí agus de
lámh-sgríbhinní fós. Ar an taobh eile, má's
dóigh liom tréis cúpla mí ná fuil aon
rud tairbheach chun teacht as cuirfid an
t-airgead &rl thar nais chun na daoine
gur leo é.



Agus tréis an t-saoghail béidir gurbh amhlaidh
ab fhearr, dréir deallraimh níl an glaodhach
ceudna ar an bpáipeur so as do bhí. Má
thá lucht na Gaedhilge ag eirghe cortha de
tá sé in am agus thar am é do chur ar neamh-nidh.
Ní bhfuaireas féin pingin ruadh de bhárr no
shaothair as. Ba chuma liom é sin chomh
fada as do dhíol sé as féin, leath is muigh
de sin. Agus do dhíol go dtí an mí deire-
annach. Níor glacadh le sgeul ná aiste riamh i
gcóir an “Sguab” (ach amháin ó fó dhuine ná
raibh an t-airgead uaidh) gan díol as, agus
bhí costas na h-oifige le comhaireamh gan
trácht ar costasaí an chlóbhuailte (rud nach
suarach). Mar sin féin fuair an “Sguab”
bocht a cheann do choimeád thar uisge, agus
muireach an cúram nach é atá orm-sa ní
raghadh sé go tonn poill anois ach an oiread.
Ach is mairg a dhéineann deimhin dá dhóchas.
Mar adubhart cheana má tá lucht léighte an
“Sguabh” tuirseach de cuireann sé sin crut
eile ar an sgeul. Ní ceist í, ámhthach, a bhainfidh
liomsa as seo amach, agus níl le deunamh
agam anois ach mo buidheachas do ghabhailt leis
na daoine dílse a thug congnamh dom san
deagh-obair agus mo shlán d' fhágaint acu.



Mise,



Eamonn Mac Giolla Iasachta,
Fear an “Sguab.”


L. 124


DON LUCHT LÉIGHTE.



Is oth agus is uch liom an sceul so dá
nochtadh ag an bhfear eagair; acht, mar
adeir sé féin, “ní sheasann rioth leis an
each i gcomhnuidhe.”



Tá “An Scuab” anois againn gairid
do dhá bhliadhain agus táimíd go léir sásta
gur mhaith agus gur thairbheach an páipeur
é do chúrsaí na Gaedhilge agus gur mí-
ádhmharach an rud é anois é scaoileadh tré
thóin na cise. Acht ní ceart an t-ualach
go léir a leagaint anuas idir an dá shlinneán
ar aoinne amháin. Bhí an obair go léir
idir eagaireoireacht, bainisteoireacht, agus
soláthar na n-aistí ar féin. Thug a chuid
aimsire agus a chuid airgid dó agus tá a
fhios agam go ndeaghadh sé thar a acmhuinn
leo araon. Dá mbur bh'acmhuinn dó é tá
a fhios agam go leanfadh sé air agus go
gcoimeádfadh sé ar siubhal é. Tá sé sásta
ar a chion féin a dheunamh don “Scuab” i
gcomhnuidhe agus ní mar gheall air é bheith
in a athair baistidhe aige é acht go gcreideann
sé gur práinneach agus gur tairbheach an rud
don Gaedhilg gan é leigint in éag.



'Sé rud atá uaim-se a chur in alt do na
léightheoirí acht gur ceart dúinn iarracht
threun a dheanamh an t-anam a choimeád ann.
Tuigim go bhfuil roinnt mhaith léightheoirí ar
aon aigne liom féin nár cheart “An Scuabh”
a leigint cum deireadh.



Dá bhfuighfí cuallacht de dhaoine a cheangal
agus a shnamadh in a chéile a thógfadh a chúram
orra féin is dóigh liom go n-eireochadh linn
an obair a dheunamh as a bholg féin amach .i.
go bhfuighfí é dheunamh 'sa tslighe go ndíolfadh
sé as féin. Ba mhaith liom dá scríobhfadh
daoine chugam agus a dtuairm a thabhairt dom.



MISE, PÁDRAIG Ó CADHLA,
Lúbán Díge,
Co. an Chlair.



Andiu an 12 V. '24.



GIOTAÍ AS SEAN-LÁMH-SGRÍBHINN.
ar leanamhaint.



S. Ua Murchada na Raithineach
Chum an athair Seósamh Mac Cartain.



A Shagart an deagh-chroidhe, is maith gnaoi,
méin, a's greann,
Ná tagair dom' fhaillighe, tar fám' dhéin
anall
Ag baisteadh mo chailín, 'seadh í an seiseadh
ceann
Sin sgata maith bain-sidhe ar fuaid tighe
i néinfheacht ann.



Chum Thomáis de Barra.



A Bharraig gan cháim, a's a sháir-fhir shoineanta,
shuairc,
A Thaca na dáimhe, a's a bhráthair ribirt na
ruag,
Do ghealluis dom bán-bhuig áluinn d'oirfeadh
dom' chluais



Ó sgaipeadh chum fáin gan fághail gach ruibe
dom ghruaig.



AN MADADH RUADH.



MUINTIR MHIC EUMOINN



Síolta le h-aghaidh an gháirdín
(Bláthanna is uile)



Síolta le h-aghaidh na feirme



EDMUNDSON BROS., 10 DAME ST.
Baile Átha Cliath.



SCEULTA MHICIL
(An Fear Mór do scríobh iad)



Tá Gaedhealg Greann is Gáire ionnta.



Tá Caint Chanta Cheolmhar ionnta.



'Sé an leabhar is oireamhnaighe ar an
margadh é do scoláirí ná fuil an
Ghaedhealg ró-láidir aca.



Le Faghbháil ó



Rúnaidhe, Coláiste na Rinne, Dún-
garbhán, nó ó Chomhlucht Oideachais i
mBaile Átha Chliath.


L. 125


BEISÍN.



Lá do's na laetheanta agus mise ag
sglábhuigheact liom thall i nGlascú thárla
dom a bheith ag gluaiseacht trí ceann do's
na caol-sráideanna salacha úd ar ar thráchtas
an mí seo caithte. Ránaigh go raibh árd-
dhithineas orm an lá céadna bhíos díreach
tar éis a bheith ag pleidhe le meisgeoir
drúiseach mná ag iarraidh í mhealladh chun
sacraimín na h-airthighe. Ní raibh de bhárr
mo shaothair agam, ámhthach, ach mé bheith nách
mór déanach do'n dhinnéar budh: chuma liom
san, ach go raibh an sagart paróisde beagán
géar i dtaobh sinn go léir a bheith istig i n-am
an bhidh. B'shin riaghaill daingean docht a
bhí riamh i dtigh na sagart i nGlascú, agus
bhí deabha orm-sa an lá so d'fhonn gan é
bhriseadh, ar an ádhbhar san bhíos ag gluaiseacht
go mear fé dhein a bhaile, agus cá rithfinn
ach isteach i lár sgata leanbhaí a bhí ag imirt
i lár na sráide bige bréine. Ní fheadar
conus do bfhéidir leo dúil a bheith i spórt
ná i súgradh acu. Ní raibh ionnta ach cnámh
a's croiceann agus deallramh an ocrais
agus an uireasa agus na faillighe ortha,
gioblacáin leath-nochtaighthe do b'eadh iad;
básacháin droch-shláinteacha gan bhrígh, gan
fuinneamh ná raibh 'on t-saoghal mór so ar
fad acu ach a n-óige. Bhíodar go salach agus
go straidhpeach agus go h-aindis, meatha-
láiníní silte, loma-chnámhacha, smúrálta, gur
dóig leat le feachaint ortha ná fuaireadar
béile fóghanta bidh riamh 'na saoghal. Ní
raibh ach na póirsí agus na póicéidíní
déistineacha dorchadh fuar-bholathacha úd na
droch-bheatha fágtha acu, tar éis sgéimhle agus
sgannrad na h-oidhche aréir a bheith curtha
díobh acu bhuaileadar fé'n sráidín dhona
amach dóibh féin. Mo thruagh iad na créatúirí
bochta! Bhí géar-ghádh acu le rud éigin a
bhainfeadh cuimhne na bruighne agus na gaoin
leoireachta agus na mionaí móra as a gcinn.
Níor cuimhin le h-aon duine cathain a bhí an
t-sráideoigín mhí-fhiortúnach úd gan achran
agus clampar aon oidhche Shatharainn agus,
dár ndóigh, níor thaise do'n oidhche aréir
é. Má bhí na gioblacháin bochta ag iarraidh
spóirt a dheunamh dóibh féin bhí dian-ghádh acu
leis an spóirt. Ní bheadh acu sa bhaile ach
spórt an diabhail agus spórt na troda agus
spórt na meisgeóireachta. Sin iad na
smaointe abhí ag rith trí m'aigne nuair a
thógas fé ndeara i lár an sgata istig leanbh
cailín bhig a chuir iongnadh mo chroidhe orm.
Stadas ag féachaint uirri. Ní fhéadfainn
gan stad. Ní fheadar ó thalamh a' domhain
conus a thárla dhi a bheith i measg a leithéid
de sgata mionn-amhais. Timcheall dá
bliadhan go leith nú, b'féidir, trí bliadna
d'aois a bhí sí, agus bhí aghaidhín aingil uirri
agus ceann fada fionn gruaige ag sileadh
síos go bachallach léi, ní cuimhin liom a
leithéid de leanbh gleóite a fheiscint riamh
roimhe sin ná ó shoin i leith. Níor thúisge
a stadas na fhág sí na leanbhaí eile agus
dhein sí chugham anall agus áthas an domhain
'na súilibh beaga gorma geala. Ansan shín
sí chugham a láimhín a bhí chomh bog agus chómh
bán leis an lile, agus d'fhéach sí suas orm
gan focal do rádh. D'fhiafruigheas do 's na
leanbhaibh cé'r bh'í féin í, ach dubhradar liom
go dúr ná'r bh'eol dóibh sin agus leanadar
ortha le na gcuid cluichí. Ansan do thógas
chugham ar mo bhacalainn í agus do labharas
go deas, lághach, reidh, léi.



“Cad is ainim duit, a chuidín?” arsa
mise.



“Beisín” ar sise. “Cad é 'n Beisín?”
ach níor dhein sí ach an ceann beag bachallach
fionn do crothadh agus mé d'fhágaint dall.



“Cá bhfuil do mhaimí, a pheata bhig?”
arsa mise. “Ansan shuas,” ar sise ag
síneadh a méirín chun bloc de tighthibh bríce
a bhí ar cliathán sráide eile a bhí ní ba shia
shuas uaim.



“Beir mé ag triall uirri” arsa mise, á
sgaoileadh uaim síos airís agus ag coimeád
greama ar láimhín uirri. Siúd chun siubhail
an bheirt againn i dtreo an bhloic, agus
Beisín am ghiolluigheacht féin. Suas linn
trí bhearna a bhí i lár an bhloic sin agus suas
airís annsan nú gur bhuaileamar doras tighe
a bhí tamall beag suas sa t-sráid. Bhí
áthas an domhain ar leanbhaí na sráide sin
ag féachaint ar Beisín ag giolluigheact an
“mhinistreach.”



“Ansan istigh,” arsa 'n leanbh nuair a
shroiseamar doras áirighthe. Cnagas féin
ach bhí breall ar mo ghiolla bheag. Níorbh eol
d'aoinne san áit sin cé'rbh í Beisín nú cá
raibh a máthair le fághail. Suas liom féin


L. 126


agus an leanbh píosa beag eile do'n tsráid.
Níor bhfada bhíomar imthighthe, ámh, nuair a
chuir an giolla beag fionn liúigh áthais aisti.



“Isteach anso” ar sise agus siúd isteach
sinn trí áirse mór liathan nú go rabhamar
istig i lár cearnóige móire fairsinge.
Crosta na cearnóige sin linn agus níor
bhfada gur glaoidh Beisín ag tigh eile, an
doras a d'osgailt. D'osgaluigheadh.



Speallán fuar leath-fhollamh tighe do b'eadh
é. Bhí bolaith mí-fholláin ag eirighe amach
an doras 'nar gcoinnibh. An fear a
d'osgail an doras céadna san bhí cuma agus
crot na h-aindise agus an ocrais air agus
gearaba tinne amach trí's gach ao 'phioch d'á
aghaidh. Agus b'shin í an aghaidh lom fada-
choránach árd-leicineach. D'fhéachas féin suas
i dtreo an teinteáin; b'é an teinteán gan
teas é. Ní raibh fiú amháin spreidh 'on teine
ann. Bhí bean shuas ar an dteinteán san i
n-aice leis an hiarrta. Dá olcas deallramh
an fhir, ba sheacht measa ná san deallramh na
mná. Ní raibh spride fiadh anáirde ar a
cnámha ach í chomh lom a's dá mbudh rud é
nár chuaidh greidhm bidh 'na béal isteach le
rátha roimhe sin. Bhí sí ar a cromadh ós
cionn leinbh a bhí díreach ag dul chun báis 'na
bacalainn ag máthair Bheisín. Druideas
fein suas leo. Chonac go raibh an leanbh ag
fágaint slán ag an saoghal so go mear; ná
mairfeadh ceathrú uaire. Dh'iarras cead é
bhaisteadh. Protastúnaig do b'eadh iad go
léir agus ba leasg leo an cead san do
thabhairt uatha. Ach ghéilleadar sa deire
agus bhaisteas an leinbhín. Ní túisge a bhí
san déanta agam ná sgar an t-anam leis
an gcolainín bheag shuarach ocrach agus suas
leis go rioghacht na glóire, suas i láthair Dé,
suas i measg n-aingeal agus é ní ba gile
ná lile na mbánta ní ba cúmhartha ná bláth
na n-ubhall.



Thuigeas go maith go raibh lámh Dé go láidir
sa méid sin oibre. B'É Dia nGlóire do
'sheol mé i dtreo an sgata ocrach gioblachán
sa tsráideoigín dorchadh aindis úd an lá
san. B'é an leanbh glégeal Iosá do
stiuirigh amach as an sgata gioblachán
céadna san chugham-sa an bhláithín úd, Beisín,
Aingilín Gleoidhte na gruaige finne, chun mé
ghiolluigheacht i dtreo an leinbh protastúnach
úd a bhí i mbaoghal an doireachadais shioraidhe.
B'é Iosa, an leanbh gan smáil, a bhí i mbun
na h-oibre go léir gan amhras. B'fhéidir
gur b'amhlaidh a bhí cluiche beag éigin ar
siubhal ag na h-aingealaibh i nGairdín
cumhartha Pharathais agus go raibh páirtidhe
beag i n-easnamh ortha. Ansan b'fhéidir gur
b'amhlaidh a ghlac Iosa truagh ar an aindi-
seoirín ocrach leinbh úd agus gur ghlaoidh Sé
Chuige Féin í mar Pháirtidhe sa cluiche beag
san. Ní'l amhras ná go bhfuil dlúth-charadas
idir an bheirt, mar is clos dom go bhfuil
teine agus teas anois sa Speallán tigh a
bhí go fuar agus go follamh an lá úd fadó.
Is clos dom leis go bhfuil raith agus sean ar
a dtigh céadna san anois agus Peictiúirí
do Leanbh Iosa ar crochad go fairsing ar
fuaid na bhfallaí ann, agus gur bhí an duine
a chuireann na peictiúirí sin ag triall ar
an dtig ná Beisín féin agus gur b'é an áit
go gcuireann sí as iad ná ó chlochar i
nÉirinn, agus go dtagann a Máthair go minic
chun an Chlochair sin chun a d'fhiscint. Is
clos dom mara gcéadna go bhfuil an t-ól
agus an droch-chuideacht tabharta suas ag fear
an speallán tighe úd agus go bhfuil deallramh
a choda anois air agus go bhfeictear go minic
ag dul chun na h-altórach ag glacadh an Cuirp
Naomhtha é, agus a bhean na theannta agus í
ag féachaint go sásta sláinteamhail. I
n-aon fhocal amháin is clos dom, agus is
eol dom é, ná fuil duine dá raibh 'na
sheasamh ar a' dtaobh istigh de thairsig sa
speallán tighe úd an lá úd, as me ag baisteadh
an leinbhín Phrotastúnach, ná fuil 'na
Chaitiliceach breágh, glan, deagh-shomplach anois.
Moladh as buidheachas leat, a Leinbh Iosa.
Cé gur shuathrach ages na Beitilithimínigh tú an
lá beannaigh úd a rugadh tú i mainsear fuar
an asail, nách Agat-sa atá an uile chómhacht!
Bailig chughat sinn go léir a Iosa Bháin,
isteach ad' láthair. Díreach fé mar a
bhailighis chugat an leinbhín ocrach an lá úd,
bailigh chughat lá éigin an gasra beag go
léir a bhí na seasamh timcheall uirri ar a
imtheacht dí Chughat-sa; bailigh Beisín Chúghat,
a Iosa Bháin, agus má's geal leat an leinbhín
ocrach úd, cuimhnig gur 'na bacalainn ag
máthair Bheisín a fuair sí a bás naomhtha
gan pheaca. Cuimhnig go ceannsa ar athair
agus ar mathair an leinbh bhoicht úd agus Ó,
a Iosa, a chumann 'sa shearc, a rún chéile
m'anama atá níos misle ná'n mhil agus na
cíor mhealla, ná déin dearmhad orm-sa, do
sglábhaidhe bocht umhall, an sagart a bhaist í.



SAGART.


L. 127


CÚRSAÍ NA MBÚRAIGH.



Beidh an toghadh mór ar siubhal san Aifric
Theas an mí seo chughainn. Cuirim-se suim
ann mar go bhfuil an-chosamhlacht idir cúrsaí
na h-Aifrice Theas agus cúrsaí na h-Éireann.
Is fiú feuchaint isteach go géar ar sgéal
na tíre sin agus béidir go mbainfimíd amach
tairbhe dúinn féin má thuigimíd i gceart é,
agus béidir go dtuitfidh amach luath no
mall go mbeidh muintir na hÉireann agus
muintir na h-Aifrice Theas ar aon aigne i
dtaobh a lán ceisteanna tabhachtacha poiliti-
dheachta, agus fós go bhfuigeadh an dá náisiún
oibriú as lámh a chéile chun an cuspóir céadna
do bhaint amach.



Is dócha ná fuil eolas an-chruinn ag an
gnáth-duine in Éirinn ar chúrsaí na h-Aifrice
Theas nach mar a chéile as atá eolas cruinn
acu thall annsan ar chúrsaí na hÉireann.



Tá baint acu san agus tá baint againn-
ne le h-Impireacht na Breataine — támuíd
araon ceangailte de ar ais nó ar éigean.
Ní mar sin don Ástraoil, do New Zealand
ná do Chanada. Aon cine amháin iseadh
muintir na dtiortha sin agus muintir Shean
Shasana agus táid go léir toiltheannach a
bheith páirteach san impireacht; seadh, agus
mústarach as chomh maith — ní airighim na
Franncaigh i Quebec: níl aon rud uatha
san, dréir deallraimh ach go leigfidhe dóibh
agus ná cuirfidhe isteach ortha; níl aon
dúil sa neamh-spleádhachas acu ná ná fuil aon
fhonn ortha baint a bheith acu le Frainnc na
h-Eorpa.



Nílim á rádh ná go bhfuil a lán Sasanaigh
san Aifric Theas agus a lán daoine leis
a rugadh san Aifric Theas a thugann Sasanaigh
ortha féin dá aimhdheoin san. Tá abhfad níos
mó Sasanaigh, nó abramuid lucht sprid Shean
Shasasa san Aifric Theas ná mar atá i
nÉirinn, dréir an mhéid daoine atá sa dá
thír ar fad, pé sgeul é. Níl ach 11/2 miliún
de daoine bhána san Aifric Theas, cuimhnigh,
ach san am cheudna caithfimíd cuimhneamh air
seo — ná fuil aon roinnt sa tír mar atá
againn-ne — tá na sé condaethe gearrtha amach
ón Saor Stát fós, ach chuaidh Natal isteach
san Union nuair a cuireadh ar bun i 1910 é.
Dá mhéid é an gráin a bhí acu san ar an
socrú do ghlacadar leis — i gcoinne a dtola.
Tá go maith, ach tá níos mó Bhúraigh ná Sasanaigh
san Union, de chuid mhór; Agus na Búraigh
atá na gcomhnuidhe sa Transvaal agus san
Orange F.S., cuimhnigh go rabhadar san ag
troid le h-impireacht na Breataine fiche
bliadhan ó shoin agus nár buadhadh ortha go
dtí go raibh Sasana ar a dhícheall cheart.
Na Búraigh sa Cape, ámhthach, ní rabhadar
páirteach san chogadh sin, pé slighe a
mhothuigheadar 'na naigne féin.



Lucht feirmeoireachta iseadh an chuid is
mó desna Búraigh (is ionann Boer agus
feirmeoir in Afrikaans) agus lucht gnótha
sna bailte móra iseadh an chuid is mó desna
Sasanaigh. Dá bhrigh sin ba dhóigh leat ar an
gceud radharc gurb é an Beurla is mó a
bhíonn ar siubhal ag muintir na hAifrice
Theas ach ní fíor é sin, leath-is-muigh desna
Cathraca, Capetown, Durban, Johannesburg,
&rl. I bPretoria féin is ar éigin a cítear
focal Afrikaans sgríobhta in áirde ar na
siopaithe ná in aon áit ach amháin ar fógraí
an Riaghaltais, agus tá siad an i mBeurla
agus in Afrikaans in gach aon áit san Aifric
Theas dá Shasanaighe é.



Cúis argóint agus clampair iseadh i sin,
ceist na teangan. Is dóigh leis na Sasanaigh
san Aifric Theas, fé mar is dóigh leo in gach
aon áit, gur dithchéille agus gur ráiméis
an slighe atáthar ad' iarraidh “teanga
suarach iargcúlta do choimeád beo, gur
cheart do na daoine í do chaitheamh uatha agus
glacadh leis an gceann breágh leathan atá
tabhartha isteach sa tír acu féin. Ní mar
a chéile Afrikaans agus an Holaindís a
labhartar san Eoróip sa Tír fo Thuinn, agus
is beag de litridheacht atá sgríobhta innti,
agus fós ní féidir a rádh gurb í an Afrikaans
theanga dhúthchais na hAifrice Theas. Teangacha
na ndaoine ngorm — Zulu, &c., &c., na teangacha
dúthchais san Aifric Theas. Ach mar sin
féin 'sí teanga féin na mBúraig an Afrikaans,
'sí an teanga iasachta is mó atá ag na daoine
gorma ann agus 'sí an teanga a bhíonn dá
labhairt ó dhúthchas agesna daoine dathaighthe
(.i. na Cape Boys) .i. an cine a tháinig ar
an saoghal toisg an baint a bhí agesna fearaibh
bána fadó leis na mnáibh gorma. Cine fé
leith iseadh iad sin anois. Dála an sgéil,
sin ceist thabhachtach atá ag baint codladh na
hoidhche ó lucht stiúrtha na h-Aifrice Theas
ceist na ndaoine ngorm, na ndaoine ndonn
(.i. na h-Indiaigh agus na Malays) agus na
ndaoine “ndathaighthe” úd, ach ós rud é


L. 128


ná fuil aon rud dá shaghas ag deunamh cúraim
dúinn annso i nÉirinn ní gádh a thuille do
rádh mar gheall uirthi.



Ach pé saghas teanga í teanga na mBúraigh
'sí a dteanga féin í agus tá gach saghas áthas
orm go bhfuil de chéill agus de mhisneach acu
troid ar a son agus a ceart féin do bhaint
amach dí. Agus bh'fhusa dóibh a ceart féin
do bhaint amach dí ná mar atá sé do lucht
stiúrtha na tíre i nÉirinn. 'Dé chúis ?
Ós rud é go labhartar go tiugh í. Tá
sgothanna ann gan dabht agus is dóigh leo
go bhfuil galántacht ag baint le daoine a
labhrann Beurla agus dá bhrigh sin
airightear “Afrikaanders” annso agus
annsúd ag cainnt Beurla lena chéile, ach ní
rud coitchianta é sin. Tá greidhm docht
ag an Afrikaans ar na daoine. Is annamh
a aireófá beirt phíléir, cuir i gcás, ag
cainnt Beurla lena chéile nó beirt duine
taobh thiar den gcúntar in oifig an phuist
ná in aon oifig fé'n riaghaltas. Is éigin
do gach aoinne fén riaghaltas an Afrikaans
a bheith aige agus ní mar mhagadh an riaghal
sin, ach an oiread. Ní bhíonn aon baothchainnt
ar siubhal acu i dtaobh “essential Dutch.”
Táthar dáríribh.



Agus isé an S.A.P. atá i réim san Aifric
Theas ó cuiread an Union ar bun ceithre
bliadna deug ó shoin. Smuts atá mar cheann
ortha san agus tá Búraig agus Sasanaig
aonthighne in aon dream amháin fé. Saghas
Mícheál Ó Coileáin ba dheadh Smuts le linn
an chogaid Bhúraigh: chuaidh sé i gcontabhairt
a anama níos mó ná aon ceann urraidh eile,
agus eachtra na gaisgí a dhein se i gcoinne
na Sasanaigh. Nuair a deineadh an socrú
do lean sé Botha agus ba dóigh leis ná
feudfaidhe téarmaí níos fearr d'fhághailt ó
Shasana, go raibh náisiúntacht na mBúraig
ó bhaoghal agus gur cheart go gcuirfeadh gach
aoinne san Aifric Theas le chéile chun cúrsaí
na tíre do chur chun cinn — in aon fhocal
amháin gur cheart cúrsaí an lae indé do
dhearmhad agus cuimhneamh ar an am a bhí
le teacht amháin. Bhí a fhios ag na Sasanaig
san Aifric Theas narbh fiú tráithnín an méid
guthanna nó bhóthaí a bhí acu i gcoinne
guthanna na mBúraigh, agus dá bhrigh sin do
cuireadh an “Unionist Party” ar neamh-
nidh, agus do deineadh aon dream amháin de
lucht leanamhna Botha agus na Sasanaigh.
Do fógriugheadh go raibh árd-chuspóir leathan-
aigeanta rompa: .i. an dá chine bhán do
shníomhadh 'na chéile agus go mbeadh náisiún
nuadh ann — an Aifric Theas. D'éirigh leo in
slighe; 'sé sin le rádh go raibh an oiread
Búraig sásta ar Botha do leanamhaint go
bhfuair sé riaghaltas do chur ar bun agus
tá an dream ceudna i réim ó shoin i leith,
pé rud a thuitfidh amach anois sa toghadh
mór so. Ach in slighe eile níor eirigh leo:
ní fheudfaidhe ola agus uisge do measgadh.
Tá doicheall ag na Búraigh fós roimh na
Sasanaigh; a's tá a lán Sasanaig ar an
dul ceudna a's do bhíodar riamh (agus beidh
go deo, is dócha). Tá a fhios againn annso
go maith an slighe mór-chúiseach atá acu,
iad chomh sásta leo féin agus lena bhfuil
acu gur dóigh leat nach fiú dada aon rud
ná fuil rian an t-sasanachais air. Ní
maith leis na Búraigh é sin, nídh nach iongnadh,
agus ní maith leis na Sasanaigh an “aigne
cumhang íargcúltha” atá agesna Búraigh.



'Sé tuairm an gnáth duine ach go mbuaidh-
fear ar an S.A.P. an babhta so. Tá siad
chomh fada san i réim nach féidir leo gan
mórán daoine do chur na gcoinnibh: ní bhíonn
ar ao' rud ach tamall. Ach máseadh 'sé an
rud adeirtear leis ach go mbéifidhe ag dul
ó tigh an diabhal go dtí tigh an deamhain dá
gcuirfidhe an dream eile isteach. Ba é an
sgéal ceudna é i Sean Sasana sé mhí ó shoin,
is mó duine a thabhairfeadh a ghuth do lucht
oibreachais sa toghadh mór san, muireach an
sgáth a bhí air roimh an deamhan ná raibh aithne
aige air. Is mar san dóibh san Aifric Theas
fé láthair; gráin acu ar an dream atá i
réim agus sgáth acu roimh an dream eile.
Agus cé hiad an dream eile? Siad lucht
an “Pact” iad. Tá trí dreamanna
politidheachta san Aifric Theas, ach tá socrú
déanta le tamall anois idir na nationalists
agus lucht Labour go n-oibreachaidís as lámh
a chéile i gcoinne an S.A.P. Má eirighean
leo sa toghadh mór so beidh an dá dream
sa Riaghaltas. Coalition iseadh atá acu.



Ní gádh dada a rádh i dtaobh lucht
oibreachais. An rud céadna atá mar chuspóir
achu i ngach aon tír, agus níl de difrigheacht
eatorra ach amháin i dtaobh conus é bhaint
amach; sé sin le rádh gur dóigh le cuid acu
gur cheart a n-aimsir do thógaint agus rudaí
d'fhághailt in áit a chéile, agus an buidhean
eile ná fuil aon foidhne acu le ciuineas dá
shaghas. Nuair a thóg lucht oibreachais
riaghaltas Shasana idir lámhaibh bhí iongantas
ar a lán daoine a reusúntacht agus a neamh


L. 129


fhiadhaine a dhiompuigheadar amach. Ach ní
hé Labour 'na aonar atá chun dul i réim san
Aifric Theas ach Labour agus Nationalists
lena chéile, nó ba chirte dom a rádh Nationalists
agus Labour na dteannta.



Dá bhrigh sin ní misde dúinn feuchaint cad
an saghas iad Nationalists na h-Aifrice
Theas.



Do buaidheadh ar na Búraigh sa chogadh agus
do deineadh síothcháin ag Vereeniging. Is
suarach na téarmaí a fuair na Búraigh dá
bhárr. Ach ocht mbliadna na dhiaidh sin do
theasbáin Campbell Bannerman gurbh fíor
fear stáit é agus tréis do comhdháil mór
teacht le chéile san Aifric Theas do deineadh
socrú, mar adubhart cheana, agus do cuireadh
an Union nó Unie van Zuid Afrika ar bun.
Le hocht mbliana roimhe sin bhí teanga na
mBúraig á coimeád siar agus smacht ag an
Sasanach buadhmhar ar gach aon rud. D'athruigh
an socrú an sgéal ar fad. Tháinigh na Búraigh
i réim don iarracht san. Bhí a lán acu sásta
glacadh leis an méid saoirse a bhí fuighte acu.
Ach bhí daoine eile ann a cheap narbh cheart
dóibh aon bhaint a bheith acu le h-impireacht
na Breataine lena dtoil féin — gurbh fhearr
daoirse d'fhulang go deo ná a bheith mí-
dhílis dá náisiúntacht féin agus mar sin
de. Ba chuma leo ar dtúis, dréir deallraimh,
dá raghadh an náisiúntacht san in éag, dá
gcuirfidhe ar neamh-nidh os comhair a súl
féin í, chomh fada as narbh iad féin a dhein
an beart. Dréir tuairm lucht leanamhna
Botha (agus Smuts) is iad an dream eile
a bheadh cionntach i mbás a náisiúntacht maran
nglacfaidís leis an gcaoi chun í do shábháilt.
Aon Éireannach a bhfuil aigne osgailte aige
is fuirist dó an sgéal do thuigsin. Riothann
sé liom go bhfuil cuid den cheart ag an dá
thaobh (mar is gnáthach in gach aon easaontas).
Níl oiread na frighde difridheachta idir
Nationalists na h-Aifrice Theas agus lucht
leanamhna de Bhaléra annso againn i nÉirinn
maidir leis an gcuspóir atá rompa .i. an
neamhspleádhachas do bhaint amach ar fad ar
fad chomh luath as is féidir é. Ar an taobh
eile tá an S.A.P. níos sásta le bhaint a bheith
acu leis an Impireacht ná mar atá lucht
Cumann na nGaedheal in Éirinn — níl aon
Unionist i gCumann na nGaedheal, nó ar lucht
stiúrtha Chumainn na nGaedheal pé sgéal é,
agus Unionists iseadh (nó badheadh) leath na
n-airí atá ar Árd-chomhairle Smuts. Agus
ag tagairt dosna Nationalists arís, pé
cosamhlacht atá idir an rud atá ar aigne acu
agus ag ár bpoblachánaidhthe féin ní mar a
chéile an slighe a bhíd ag oibriú in ao' chor.
Is fíor gur eirighdear amach fe Maritz agus
De Wet sa mbliadhan 1915 ach nuair a bhí
teipighthe ortha sa méid sin, agus is mó
duine a thugann Nationalist air féin ná raibh
páirteach san gníomh san ná ná raibh ro shásta
leis ach an oiread, nuair a bhí teipighthe ortha
níor chuireadar suas stailc ach do leanadar
leis a dtroid comh maith as do bféidir leo
sa Phairliment. Níor dhiúltuighdear suidhcheán
do thógaint ann. Do thógadar an mion.
Dubhradar gur ghránda leo é, ach gur dheineadar
é toisg gan aon dul as a bheith acu, má bhíodar
chun leanamhaint den obair in ao' chor; dá
bhrigh sin tá baint acu leis an bparliment.
Tá siad toiltheannach cúram an Riaghaltais
do thógaint ortha féin, agus fós tá siad ag
deunamh talaimh slán de.



An mion úd a thógtar, tá sé abhfad níos
daingnighe ná an mion atá le tógaint fé
Saor Stát na hÉireann. Tá sé níos deacaire
abhfad do dhuine ná fuil dílis 'na chroidhe
féin do impireacht na Breataine baint a
bheith aige le Pairliment na hAifrice Theas
ná mar atá sé don Éireannach páirt do
thógaint in obair na Dála. Cuimhnigh gur cine
nach Sasanach na Búraigh nach mar cheile as
gur Sasanaig sinne; go bhfuil an dá
chine in achrann le na chéile go dian le tríchéad
bliadhan, ón gcéad lá a chuaidh fear bán i
dtír san Aifric Theas beagnach, ach ní
h-amadáin ar fad iad agus tuigíd gurbh
éigin do dhaoine lúb do leagaint uaireannta.
Ní hé an mion amháin atá níos laige i nÉirinn,
ach rudaí eile atá níos láidire leis,
comharthaí náisiúntachta so-fheiscithe ar nós
brait, stampaí phuist agus mar sin de.
Is éigin do Hertzog, de Villiers agus iad
sin a bheith 'na suidhe fé bhrat na Breataine,
an Union Jack, agus an uaithne an bán a's
an óir á shéideadh againn-ne in áirde ar na
h-áruis puiblidhe i gcomhnuidhe; tá ceann
an Ríogh ar stampaí na hAifrice Theas (agus
Beurla ortha chomh maith le Afrikaans);
Seinntear “God save the King” nuair ná
bíonn againn ach — bhuel pé port gur dóigh
le maighistir an bhuidhin ceoil gurb é ár
n-anthem náisiúnta é!



Má bhíonn an bhuaidh ag lucht an “Phact,”
mar is dóigh le gach aoinne go mbeidh, níltear
ag coinne go ndéanfaidh siad aon iarracht oban
chun an snadhm do ghearradh agus sgaoileadh


L. 130


leis an impireacht ar fad. Dob ionann san
agus cogadh eile, cogadh eatorra féin san
Aifric Theas pé slighe a d'fhéachfadh Sasana
ar an sgéal. Tá a ndóthchaint den chogaidh
fuighte acu. Tá muintir na h-Aifrice Theas
tréis roinnt bliadhnta do chur tharsta leis,
na bliadhanta ba mheasa gnó a's tráchtáil dá
dtáinig le fada. Tá ag eirghe leo rud beag
níos fearr le déidheannaighe. Dála na ndaoine
tinne is éigin dóibh teacht chúcha féin ar
dtúis fé mbéidis ag coinne le haon gaisge
do dhéanamh. Is leor do Mhóir a dícheall.



Níl a fhios ag aoinne cad a thuitfidh amach
i gceann leath chéad bliadhan nó i gceann fiche
bliadhan féin. Béidir ná beidh aon rí ar
Shean Shasana fén am san. Mara mbíonn na
Nationalists ag tabhairt fén gcuspóir mór
fós (má bhíonn an Riaghaltas acu anois) is
cinnte go nglacfaidh siad le gach aon seans
gheobhfaid siad chun neamh-spléadhacas a dtíre
do chur chun cinn. Níl aon rud tabhachtach ná
fuil acu cheana dar ndóigh maidir leis na
comhachtaí a bhaineann le neamh-spleádchas tíre
mar níl sé ar chumas ríogh ná parliment
Shasana chur isteach ortha, ach mar sin féin
feuchfaidh na Nationalists cuige nach ag dul
chun deire a bheidh cúrsaí neamh-spleádhcas
na h-Aifrice Theas agus ná déanfar aon
feall uirthi ag an “Impireacht.” Is sa rud
sin a gheobhadh Éire agus an Aifric Theas a
bheith ag tarraingt lena chéile agus dhearfainn
gur cheart go mbeadh níos mó cimilt acu
lena chéile mara mbeadh aon cúis eile ann
ach í.



Cifimíd conus a dh'eireoch leis an tir
nuair a bheidh an riaghaltas nuadh i bhfeidhm
ann. Is fada an rioth a bhí ag an S.A.P.,
ach más fada agus más ro-fhada féin é,
caithfear admháil gur mó obair bhunúsach,
thairbheach, náisiúnta atá curtha ar bun acu ó
chuadar isteach an chéad lá, go mór mhór i
gcúrsaí teangain. Ach is eagal le roinnt
maith daoine go bhfuil an sprid mórchúiseach
Sasanach ag brughadh isteach sa tír fé réim
an S.A.P. mar sin féin. Bíodh san mar
atá coimeádfaidh na Nationalists an sprid
ceart beo inntí má chuirtear isteach iad
an mí seo chughainn.



AN CHÚ MHALL.



SEACHT n-AICÍDÍ AN
tSLÉIBHE.



1. Gúta.



2. Fochmaí.



3. Méiscrí.



4. Oidhear.



5. Lúidíní teine.



6. Mílcheárd.



7. Fríghde.



Sa tsean shaol ba hana-ghnáthach iad so mar
aicidí mar ní chaithtí bróga ná stocaí ar an
dtuaith — nó sa Ghaedhealtacht ach go háirighthe
an uair sin.



Ceist a chuir tuata ar shagart agus do
chuaidh de'n easpog í réiteach:— do
bhí driotháir ag driotháir mh'athar agus
arbh' úncail dómh-sa an té sin?



Dob'é a athair féin é.



A Thuille Tomhaiseanna.



C. Do ruitheas agus do thógas
Do shuídheas agus do loirgeas
Dá bhfaghainn é d'fhágfainn é
Agus nuair ná fuaireas é, thugas liom é.



F. Dealg a bheadh ad' chois.



C. Teachtaire beag a' tighe seo thiar
Faghann sé biadh 'sa tigh seo thoir.



F. Criathar ar iasacht.



C. Bairille gan tóin is é lán d'fheóil bheó?



F. Méaracán táilliúra.



C. Duibhín Ó Duibh ar muin Duibhín Ó Duibh
Agus Duibhín Ó Duibh ar mo strannda?



F. Corcán ar an dteine, an drol agus an chroch.



C. Cómh bán lé bainne, chómh hárd le falla,
cómh dearg lé fuil, chómh milis le mil,
chómh dubh le daol?



F. Sméara dubha.



Cad iad na trí neithe ná feicithear in-ao'chor?



Faobhar, gaoth agus grádh.



Cad iad na trí neithe is salaighe amuigh?



Figheadóir, úcaire agus muc.



Cad iad an dá nídh nár beireadh 'na gcodhla
riamh orra?



Sgeach agus uisge.


L. 131


C. Fear fada dubh 'a sheasamh ins a' tsruth
is gan focal 'na phluc acht dioda dó diod?



F. Corcán datha ar friuchaigh.



C. Tutailín tatailín is a thóin leis a' dteine?



F. Máilín salann (nó cat etc.)



C. Chuaidh biadh go dtí triúr
Ar bhruach Locha Léin
D'ith an biadh an triúr
Agus tháinig sé féin?



F. Bheir Fiolar cat chun a gheárrcach. D'ith
an cat na geárrcaigh agus tháinig as slán.



C. Bheist dharaighe agus cnapaí fuínnseóige
peiribhic aitinn agus carabhat neanntóige?



F. Gráinneóg.



C. Tá tigh agam agus ní fhéadfadh an luch
suidhe ann agus ní fhéadfadh aoinne a
chóireamh cé méid fuinneóga atá ann?



F. Méaracán.



C. Teighim suas an bóthar agus tagaim anuas
an bóthar agus beirim an bóthar abhaile ar
mo dhrom?



F. Dréimire.



C. Bean fhada ghléigeal agus crios dá taobh
féin uirri?



F. Punnann coirce.



C. Chím chugam anall inghean an rí agus í go
teann Ubhaillín óir ar bharr a baise
agus cúl a coise trí n-a ceann?



F. Tuagh cogaidh.



C. Sin é i n-áirde é m'athair mór agus a
chaipín air?



F. Deatach.



C. Allabhaí, allabhaí, dhá chéad allabhaí agus
an tseana-chaora chrón rómpa amach?



F. A bhfuil do réilthíní 'ins a' spéir agus an
spéir féin — sí an tseana-chaora chron í.



C. Ubhaillín buidhe báidhte i lár na tuinne
báinne?



F. Rolla ime igcanna bláthaighe.



C. Cheithre slata míne réidhe ag siubhal a'
tsléibhe agus a mbeál fútha?



F. Siní na bó.



C. Giorrfhiadh ag ruith agus feircín ime ar a
thoín.



F. (Ní ceist in aon chor é seo!)



Tá dha láir ruadh ar dhá ghruadh an mhóin-
teáin. Tá láir ruadh aca is ruadha ná
an ruadh-láir. 'Sé deir an láir ruadh
leis a' ruadh-láir “háth a láir ruadh
agus pruth a ruadh-láir!” (cf. “Sguab”
Ean. 23, l. 79, Leagaínt ón Rinn).



C. Siúd é anoir fear a' ré, fear a' ruith
Fear na gcosa caola cruadha agus isé mo
thruagh mo laogh gan ruith?



F. Laogh bó go mbeadh an machtíre ag teacht
chun é bhreith uaithi.



C. Ceathrar ag ruith
Ceathrar ar crith
Beirt ag déanamh eólais
agus Mac Uí Ghiobhlacháin ag ruith 'na ndiaid



F. Bó.



4 ag ruith = cosa na bó
4 ar crith = shiní na bó
2 ag déanamh eólais = dá shúil na bó.
Mac Uí Ghioblacháin = eirball na bó.



Fuaireas iad so go léir ó Seán Ó Conaill, agus ó Seán
Ó Séaghdha, Baile na Sgeilg, Uibh Ráthach, Nodlaig,
1923. Tá an beirt os cionn 70 bl. S. Ó D.



PISEOGA.



Maidin Dé Luain b'eadh é agus an chéad
lá Bhealtaine; bhí táiliúir ag obair i dtigh
feirmeora thiar i nDún na Gaoithe. Bhí
sé in a shuidhe in áirde ar bhórd na cistine
agus é ag deunamh bríste glún d'fhear an
tighe. Bhí bean an tighe thiar sa seomra
agus í ag deunamh cuigine. Bhuail bean de
na comharsain isteach dála chuma léi agus
thóg sí smeuróid as an teine agus chuir sí
in a haprún chúiche é agus bhuail sí amach an
dorus arís.



Nuair a fuair an táiliúir imthighthe amach
thar an tairsing í d'eirigh sé anuas den
mbórd agus rug sé ar smeuróid as an teine
agus chaith sé síos i mbuicéid fíor uisce í


L. 132


a bhí leaghta ar steilling a bhí ar cliathán
na cistine taobh thíos den soitil agus in
áirde ar an mbórd arís leis agus chrom ar
a chuid oibre.



Níorbh' Fhada gur chas an bhean de na comh-
arsain arís agus chuir smeuróid eile chúiche 'na
haprún agus a bhailig léi gan aon rud a leigint
uirre. Má dhein d'eirigh an táiliúir anuas
den mbórd arís nuair d'airig sé a cos
ar an bpáil taobh amuigh de'n dorus agus
chuir sé smeuróid eile síos 'sa mbuicéid
ceudna uisce.



Chas sí an tríomhadh bobhta agus ghaibh a leith-
sceul an iarracht so ná raibh an teine adhanta
fós aici. Thug sí an tríomhadh smeuróid léi
agus dhein an táiliúir an cleas ceudna
gus a dhein sé cheana.



Níor chas sí a thuille; is dócha gur dhein
sí amach go rabhadh suas léi.



Ní ró-fhada gur tháinig bean an tighe aniar
as an seomra agus ar sí leis an dtáiliúir,
“ní fheadair mé goidé an mí-ádh tá ar mo
chuigionn andiu ní fhuil aon deallradh briste
fós uirre, béidir go dtiocfá anuas agus go
leagfá do lámh uirre in ainm an Athar, 'sa
Mhic 'sa Sprid Naoimh.”



“Feuch 'sa mbuicéid sin thíos ar an
steiling,” arsan táiliúir, “feuch an ann
a bheadh do chuid ime.”



Chuaidh sí síos agus cad a gheobhadh sí ann
acht trí mhioscáin bhreaghtha ime. “Bheirim-se
un diabhal an saoghal,” ar sí sin, “agus
í seo mar obair.”



D'innis an táiliúir annsan dí gach aon
rud mar a bhí agus conus mar abhí sé féin
suas léi mar go raibh na casaí aige chomh
maith léi féin. Dá n-eireochadh leis an
mbean an smeuróid a bhreith leí gan í dhul
in eug agus gan a haprún a dhóghadh agus a
teine féin a adhaint léi bhí an t-im aici agus
bheadh an bhean eile gan é. Acht, bhí cleas an
mharbhtha ag an táiliúir agus bhí sé in iúil
ar bhuadhchant uirre.



Chuaidh bean an tighe siar 'sa seomra
ag feuchaint ar a cuigionn féin agus nuair
d'oscail sí í bhí gal amach aiste agus boladh
breun uaithe 'sa tslighe gur dhóigh leat gur
brimstiún a dóghadh istigh innte.



Sin é mo sceul-sa agus má tá breug ann
bíodh, acht speáinfidh gach aoinne i nDún na
Gaoithe fós duit poll na móna in ar cuireadh
an chuigionn agus faghtar boladh an bhrimstiún
fós as gach aon cheud lá Beultaine a thuiteann
ar an luan.



PÁDRAIG Ó CADHLA.



SÉADNA.



AR AN AIMSIR SEO.



Seo mar thárluigh. Ní rabh teachtaire agam
leis na bróga a thabhairt siar go dtí an
gréasaidhe. Chuir mé fhéin faoi m'asgail
iad agus siar liom. B'fhearr go ndeanfainn
sin ná go bhfuighinn na cosa fliuch agus annsin —
cupla lá san leabaidh le slaghdán.



Chonnaic mé an cnoc agus chonnaic mé
an toigh beag clumhthar suidhte ag n-a bhun.
Bhí an tráthnóna an-chiuin agus cha dtiocfadh
liom a rádh cibé aca ar thaobh an fhasgaidh
no ar thaobh na gaoithe é. B'ionann dó
an tráthnóna sin.



Bhuail mé isteach ar an doras. Shaoil
mé go mbeadh Séadna ag obair ar a shean-
dhicheall acht is amhlaidh bhí sé ná in a shuidhe
agus é ag léigheadh an pháipéir nuaidheachta.
Bhí sé chomh doimhin sin san léightheoracht nach
dtug sé fa dtear mé no gur labhair mé.



“Caidé an sgéal is fearr, a Shéadna?”
“Ó — !” ars eisean, “ní rabh sé ar an
chéad triur; — ar thóradh fir-an-rubaill go
rabh sé? — agus fuair mé mar rud maith é.”



“Diarmuid Liath, an eadh?” arsa mise.
“Diarmuid do ghrannaí! An 'Seilite' —
an capall úd go rabh trácht mór air.”



“Uch, Uch!” arsa mise — “an mar sin
atá agat! Ba dhóigh liom nach gcuirfeá
spéis 'na léithid.”



“Is iomdha ádhbhar spéise bhíos ag duine
ar an aimsir seo. Mo mhallacht ar an
t-Seilite! Tá mo thrí sgillinge breagha
imthighthe gan aon mhaith!”



“B'fhearr duit dá dtabharfá an t-airgead
sin mar deirc do na bochtaibh.”



“Na bochta! na bochta! Cé tá níos
boichte ná mé féin! É thabhairt do na
bochtaibh — an eadh? Hi! — na rógairí fall-
sa sin nach ndeanfadh lá oibre dá bhfuigheadh
siad céad punt ar a shon! Agus gan agam
fhéin acht cor-thuistin a gheibhim ar son taoibhán
a chur ar bhróig tuataigh!”



“Is nach fíor a n-abrann na daoiní:
go bhfuil sparán óir agat?”



“Sparán óir! Tá bosca beag tairnéal
— agus píosa beag céirigh — agus ceirtlín
leath-chaithte de shnáith — agus tá casúr agus
meannaidhe agus ceap bacach agam — sin a


L. 133


bhfuil agam! Tá fhios agam cé chuir an
sgéal sin amach orm — an rascal beag buidhe
na méaracán agus na fiar-shúile!”



“An dtiocfadh leat Job beag a dhéanamh
damh, a Sheadna?” arsa mise ag iarraidh
sgéal eíle a tharraint orainn, óir chonnaic
mé nár dheas leis aon tagairt a dheanamh
do'n sparán úd. “Tá fhios agam go
mbíonn tú práinneach ó mhaidin go h-oidhche —
acht dá ndeanfa é seo damh bhéinn faoi
chomaoin mhór agat.”



Thóg sé na bróga 'na láimh agus d'amharc
ortha. “Hum,” ars eisean; “cabáisde!
cá bhfuair tú iad sin?” agus thlig sé siar
sa choirneal iad mar a rabh cupla péire de
rudaí éigin a bhí 'na mbrógaibh uair amháin.



“As America thug mé liom iad.”
“Tchím,” ars eisean, agus fonn air, “go
bhfuil capall maith rása agaibh thall annsin —
gidh go bhfuil sé beagán mallradharcach agus
go gcaithfidh sé spéicléirí a chur air chun
an capall eile fheicint. Bhí mé ag súil leis
an chapall Shasanach.”



Mhínigh mé do Shéadna nach rabh aon eolas
agam ar chapaill rása ná aon spéis agam
ionnta. Gur iontach liom eisean bheith chomh
h-aimideach 's bheith ag cur an ama amugha
bheith ag cearbhaidheacht mar sin.



Acht ní rabh sé ag éisteacht liom. Bhí
a cheann saithte san pháipéar aríst agus é
ag cainnt leis fhéin i gcogar. Níor chuir
mé isteach no amach air. Bheadh faill agam
amharc thart agus an chathaoir shugain agus
an mheallbóg mine agus an crann ubhaill
'fheiceal.



Acht dheamhan a chonnaic mé de rud a bheadh
cosamhail le ceann ar bith aca siud.



San áit gur chóir an chathaoir bheith bhí sínteán
breagh nuadh, agus cupla ceann de pháipéirí
a rabh pictiuirí ionnta 'na luighe air.



D'amharc mé ar an bhalla mar a mbíodh
an mheallbhóg, d'réir an sgéil, acht is é bhí
ann ná trí pictiuirí de capaill rása agus
dhá chionn de phictuirí agus fir dornaluighthe
ortha.



Ní rabh aon chrann le feiceal taobh na
fuinneóige amuigh acht oirid.



Chan fhaca mé rud ar bith a d'aithneóchainn
gur i dtoigh Shéadna bhí mé acht amháin na
h-uirlisí.



Ba mhian liom seanchus bheith agam le mo
shean-charaid acht d'réír deallraimh ba dhoiligh
cainnt a bhaint as. Bhí an chuma air go
rabh gnaithe éigin ag cur air acht níor dhóigh
liom gur ceachtar de na néithibh a bhain leis
cheana. Rinne mé tagairt do chuid de'n
t-sean-sgéal.



“Cá bhfuil Micheál indiu?” arsa mise;
“tuige nach bhfuil sé ag cuidiú leat?”



“Micheál, an eadh!” ars eisean. “Is
aige Dia tá fios cá bhfuil an rácairneach.
beag sin. Ní fhacas é ó tháinig sé a bhaile
ó'n scoil. Agus, ár ndóigh, ní bhíonn Micilín
ag cuidiú liom-sa! Is amhlaidh bíonn sé
am' chur thríd-a-chéile gach tráthnóna; ag
goid na dtairneal orm, no ag breith ar
an chasúr, no ag deanamh puill san doras
leis an meannaidhe. Is fearr i bhfad uaim
é!”



“Agus an bhfuil Micilín beag de do
chuid fhéin agat, a Shéadna?” arsa mise.
“Tá, bhail; agus triur i neínfheacht leis.
An buachaill is sine tá sé pósta thiar in-aice
na Céime.”



“Agus nach rabh geallta agat gan aon
bhean a phósadh?”



“Bíodh ciall agat, a dhuine! Cha rabh
aon dul as agam. Bhí sí siud — Peigí bhán —
chomh deas, geal-gháiridheach agus chomh laghach
liom gach uair a théidhinn isteach sa toigh
tabhairne thíos ag an chúinne gur mealladh mé.”



Thusaigh mé ag smaoitin ar an triur eile
annsin — Nóra, Bab, Saidhbh — nuair a chuala
mé an trup-trup anuas na staighre. Fosgladh
an doras a bhí ar an taobh thiar de'n t-seomra
bheag agus tháinig bean leath-bhealach isteach.
Bhí girrseach bheag léithe agus bhí sí féin ag
cur láimhiní urthí.



“A Shéadna,” ars ise; “Ní bhéidhmid
ró-fhada amuigh — támuid ag dul do'n “chead
teach” chun an chuid dheireannach de'n
“Réalt Bhuidhe” 'fheicsint. Tabhair aire
do Éamonn Óg sa chliabhán!” — agus d'imthigh
léithe.



“CÚ CHULAINN.”



Guthán: 603 Áth Cliath. Bunuighthe 1902.



CLÓ-OIFIG UÍ MHATHGHAMHNA



CLÓDÓIRÍ I gCOITCHINNE, CLÓDÓIRÍ
TRÁCHDÁLA, CLÓDÓIRÍ IRISLEABHAIR



Clódóireacht Dá-theangthach ar Fheabhas



SRÁID YARNHALL, BAILE ÁTHA CLIATH



Sé ár gcomhartha: gach rud i n-am tráth



Bain triail-órdú asainn


L. 134


AN STÁT GAEDHEALACH.



Ins an aiste a sgríobhas i gcóir uimhreach
Mí Eanair de'n “Sguab” ag cur síos
ar an “Stát Gaedhealach,” is amhlaidh a
rinneas léir-mheas agus mion-dealú ar na
gnáth-thuairmí atá ag daoine mar gheall ar
an gceist. Chomh maith is do b'fhéidir liom,
chuireas na tuairmí údan chun faín agus
mar chríoch ar an aiste mholas gan bacaint
feasta ach le tárrtháil na teangan Gaedhilge:
gurab í amháin atá reachtanach chun na tíre
seo do ghaedhlú. Le cead an Eagarthóra,
ba mhaith liom anois an téarma “Stát
Gaedhealach” a mhion-bhriseadh agus é sgrúdú
go ealadhanta féachaint an féidir an chríoch
cheanann chéanna a bhaint amach is a bhaineas
amach an chéad uair.



Céard is “Stát” ann? De réir Cicero
is í an chiall atá leis an bhfocal “stát”
ná seo: “Respublica est coetus multi-
tudinis, iuris consensu et utilitatis commun-
ione sociatus” (De Rep. i. 25) nó má
ghlacaimíd le míniú ughdair úghdarásaigh is
é an saghas rud é “stát” “bailiú mór
daoine go bhfuil comhnaí orra taobh istigh de
limistéar áithrid agus go bhfuil rialú an
iomláin agus rialú na tíre faoi 'n bhfurmhór.”
Sin í an chiall a bhaineas dligheadóirí ead-
arnáisiúnta as an téarma, an lá atá indiú
ann.



Tá fhios againn gur féidir le cinidh amháin
seilbh stáit a bheith aca nó gur féidir le
h-aon uimhir cineadh a bheith i stát. Sompla
de'n chéad t-saghas is eadh an Fhrainnc agus
luadhfaimid Ástría mar shompla de'n tarna
saghas. Is mar a chéile cine (nó pobal)
agus sluagh mór daoine atá ceangailte le
chéile ag teangaidh agus gur ionann béasanna
agus baramhla dóibh. Ionann de ghnáth na
rudaí seo eatorra i ngeall ar chúrsaí staire
nó cúrsaí creidimh na tíre. Rud nádúrtha
is eadh an cine nó an pobal. Tá an Stát
ar a mhalairt de chaoi: rud mí-nádúrtha é.



Is féidir an Stát do roinnt agus dhá
chuid do dhéanamh de (1) cuid an tighearnais
agus (2) cuid an t-saoráin (subject). Anois
is iomdha sin saghas stát atá ann: an ceann
is comhachtaighe orra is é an ceann go bhfuil
fiór-thighearnas aige istigh is amuigh — go bhfuil
smacht iomlán aige ar imtheachtaí an phobuil
ó theórainn go teórainn agus go mór-mór
gur féidir leis bheith neamh-spleádhach ar
stáit eile an domhain. Tugtar an “Stát
Simplidhe” ar a leitheid sin de stát agus
is ag an saghas sin stát amháin atá cead
bheith páirteach i gConnradh na Náisiún. Gidh
nach “Stát Simplidhe” Stáit Aontuighthe
Aimeiriocá chomh fada is a théigeann riarú
an náisiúin ó'n taobh istigh mar sin féin
aithnightear mar ball de mhuirighín na náisiún
é toisg gur deimhnightheach a neamh-spleádhchas.
“Etat féderatif” is eadh Stáit Aontuighthe
Aimeiriocá agus b' in é an status abhí ag
Éirinn agus ag an mBreatain Mhóir i
dteannta a chéile ó aimsir an Aontuighthe
anuas go dtí an Connradh i Mí na Nodlag,
1921. Stát simplidhe is eadh Saorstát
Éireann anois. Dá bhrígh sin, ar son
argóna, déanfaimíd talamh slán de agus
féacfamuid an féidir é dhéanamh “Gaedhealach”
freisin.



Nuair a déantar cainnt faoi “Sasanacas”
cuimhnighimíd ar an toirt ar náisiúntacht
Shasana agus chomh maith céanna nuair a
luaidhtear an focal “Gaedhealachas” prea-
bann smaoineadh ar náisiúntacht (nationality)
na nGaedheal isteach már gceann. Na
daoine atá i n-Éirinn fá láthair, ní “Gaedhil”
iad ach measgán de Ghaedhil, Lochlannaigh,
Normánaigh, Sasanaigh, Albanaigh, Breathnaigh
agus eile. Mar a dubhairt G. K. Chesterton
“Bhuaidh an Róimh ar náisiúin, ach fuair
clanna Gaedheal buaidh ar chinidheacha iomlána.”
Ach ná cuireadh sin aon doicheall orainn mar
is beag tír san Euróip nach bhfuil an sgéal
céanna aca. Támuidh chomh maith i dteidiol
Gaedhil a thabhairt orainn féin — an méid
againn a labhruigheas Gaedhilg agus a chreideas
i náisiúntacht na nGaedheal — agus tá an
fear thall i dteidiol Sasanach do ghairm de:
eisean go bhfuil fuil na mBreathnach, na
Romhánach, na n-Angles, na Sacsanach, na
Jutes, na nDanar is na Normánach ann gan
fuil na bhFranncach, na n-Éireannach is na
n-Albanach do rádh. Dá bhrígh sin, gidh gur
tearc “Gaedheal” — má tá duine — atá beo
indiú, deirimíd gur Gaedhil sinn toisg go
bhfuil an teanga Gaedhilge agus síbhíaltachas
na sean-Ghaedheal gan a bheith marbh ar fad
i n-ár measg. Agus nuair a luadhtaí an
téarma “Náisiúntacht Gaedhealach” ins an
aimsir atá caithte, an chiall a bhaineamar
as ná síbíaltacht na sean-Ghaedheal, ag áireamh


L. 135


isteach sa méid sin an teanga agus uile.
Sin náisiúntacht nó “nationality.” Coinn-
igheamar an rud sin i gcomhnuí ós comhair
ár súl agus b' in í an bhun-chloch a bhí ag an
tír nuair a d' éiligh sí a ceart is a saoirse
phoilitidheach ar Shasana is ar an domhan.
Ach é sin a bheith marbh, bhéadh deirc le h-Éirinn
mar fhíor-náisiún gidh go mb' fhéidir go
dtabharfaí náisiún uirri agus go n-áirmheóchaí
í imeasg na náisiún dá mbaineadh sé saoirse
phoilitidheach amach. Mar chruthú ar an méid
sin is eadh dubhairt sgríobhnóir cáileamhail
suim mhaith bhliadhanta ó shoin: “Bíodh an
oiread saoirse ag Éirinn is a cuirfeas ar
a cumas rí agus páirliméad neamh-spleadhach
do bheith aici ach mar sin féin (gan an naísiún-
tacht) bhéadh teanga agus síbhialtacht an ríogh
agus na páirliméide sin go gallda. Ní
bhéadh in-Éirinn ach Stát Sasanach, ba chuma,
fiú amháin, dhá mbéadh siór-chogadh idir Éirinn
agus Sasana, d'fhanfadh an tír seo ina Stát
Sasanach.” Ní féadfaí an sgéal do mhíniú
níos soiléire. Gan spioraid náisiúntachta
na sean-Ghaedheal, bhéadh Éire ina Stát
Sasanach.



Ag labhairt dó ar an gceist chéanna
dubhairt an Piarsach: “Is minic a shíleas
gur mar a chéile spiorad Shasana agus
spiorad na Stát Aontuighthe in Aimeiriocá
gidh go bhfuilid sgartha ó chéile go h-inntleach-
túil. Táim cinnte gurab é an náisiún
céanna Bhálúin na Beilge agus muinntir na
Frainnce de réir spioraid agus na
h-Ástriánaigh agus na Gearmánaigh ar an
gcuma gcéanna. De réir cosamhlachta is
'sa teangaidh is mó atá an rud spioradálta
sin atá riachtanach chun náisiúntachta (sin
má chialluigheann teanga — litridheacht, béal-
oideas, fuaimeanna is corr-chainnteanna),
agus gurab í an teanga is mó a chosnuigheas í
… Sean-oideas ársa is eadh an
náisiúntacht agus ní fhéadfadh an náisiún bás
d'fhágháil an fhaid is a mhairfeadh an oideas
sin i gcroidhe aon fhir dhílis nó i gcroidhe
aon mhná dílse amháin. Ach dá mbeadh bás
faighte ag an duine deiridh a choinnigh an
oideas sin beo, nó ag an nGaedheal deiridh
nár bhuaidh an Galldachas ariamh air, beadh
deire go bráthach leis an náisiún Gaedhealach.
Pé brí stát saor, a chuirfí ar bun ina dhiaidh
sin in-Éirinn, ba chuma cé'n teidiol a baistfí
air, ní h-é sean-náisiún na nGaedheal a
bhéadh ann … Dá bhrígh sin,
idtreó is go mairfidh an náisiún caithfidh
beatha na nGaedheal, seanchas na nGaedheal,
litridheacht na nGaedheal, ceól, ealadhain agus
béasa na nGaedheal fanamhaint beó.



Tá súil agam go bhfuil Gaedhil an lae
indiú ar aon aigne leis an bPiarsach ins
an méid sin thuas; go bhfuil an spiorad
céanna ionnta gidh go mb'fhéidir dóibh gan
a bheith ró-dheimhnighteach de bhrígh na bhfocal
ealadhan agus béasa na nGaedheal. Níl
aon aimhreas ach gurabh éard a theastuigh
uaidh siúd Éire a bheith saor istigh is amuigh,
agus Éire a bheith Gaedhealach .i. a teanga
féin a bheith aici ar dtús. D'fhéadfadh Éire
bheith in-a náisiún, mar atá Aimeiriocá,
ach gan an náisiúntacht spioradálta a feictear
tríd an teangaidh dúthchasaigh agus atá i
gceist ag an bPiarsach ní fiór-náisiún a
bhéadh ionainn. Bhéadh “nationhood” againn
.i. status teicniceach náisiúin nó saoirse
fisiceach ach bhéadh an “nationality”
d'uirreasbhaidh orainn.



Is fíor má choinnightear an t-saoirse
Fisiceach sin ó thír ar feadh i bhfad go dtré-
igeann an spioraid náisiúnta an tír.
Meireach chomh tréan láidir do-sháruighthe is
bhí síbhialtacht na nGaedheal, ní bhéadh tásg
ar an náisiún Gaedhealach indiú. Nuair a
chan Tomás Dáibhís na Focla “Ireland long
a Province, be a nation once again,” ní
h-amhlaidh a theastuigh uaidh a rádh go raibh
Éire ar feadh sgathaimh gan a bheith ina fíor-
náisiún (gan náisiúntacht) ach go raibh sí
gan a rialtas féin agus gan a neamh-spleádhchas
féin ar feadh i bhfadh .i. gan “nationhood.”
Bhí tuisgint ag Tomás Dáibhís ar an sgéal
gach aon phioc chomh maith is bhí ag Páraic
Mac Piarais. B'é dubhairt nach bhfuil i
gcinidh gan a dteangaidh féin ach leath-náisiún
agus go mba chóir do náisiún a theanga do
chosaint níos cúramaighe ná mar a chosnóchadh
sí teórannacha na tíre. Lean an Piarsach
do thuairmí Thomáis Dháibhís. Leanaimís-ne
tuairmí na beirte agus ná bacaimís leis
na daoine móra atá ag rádh faoi láthair
gur cuma an teanga agus go sábháilfear
an náisiún le “Litridheacht Gall-Ghaedhealach.”
Is é a fhaid ar a ghiorracht má choinnighimíd
an Ghaedhilg beo bríoghmhar agus leigint do'n
teangaidh gach aon chor is casadh a chuirfeas
an náisiún de a chur i n-iúl go mbeidh an
Stát Gaedhealach againn dá ríríbh. Is
féidir le h-Éirinn annsin na rudaí is fearr
atá ag gach tír eile sa domhan do ghlacádh
chuici féin nó má táid againn cheana iad


L. 136


a choinneáil. Ní fiú trúmpa gan teangaidh
a bhfuil de chainnt dhá déanamh i dtaoibh rinnci
gallda, cluichí gallda &rl. Mura bhfuil
aon locht orra, agus go mór-mhór má's fearr
iad ná ár gcuid féin, ba chóir glacadh leó
go fáilteach. Is fearr, cuir i gcás,
“rugby” ná “an pheil ghaedhealach.” Ná
déanaimís ath-smaoineadh ar an sgéal ach
imrightear “rugby.” Agus an rud a
deirim mar gheall ar chluichí agus rinncí,
is féidir é rádh mar gheall ar gach rud. An
teanga amháin a shocróchas an sgéal!!



LEÓN Ó BROIN.



AN t-INNEALL IS AN
t-OIBRIDHE.



De réir mar athá rudaí ag dul ar aghaidh
fé láthair ní fada go mbeidh inneall déanta
gacha rud againn, agus pé luath mall a
thiocfas an lá san beidh trioblóid ann.



Deirtar gurab ionnan comhacht capaill
amháin (1h.p.) agus comhacht deichneabhair.
Má's mar san athá, is féidir le fear ag
obair le h-inneall chomhachta chapaill amháin
obair deichneabhair a dhéanamh gan stró;
sé sin le rádh go gcaithfear naonbhar a
chaitheamh amach as obair ins chuile áit 'na
gcuirtar inneall dá leithéid siúd i n-úsáid.
Anois, ní maith le h-éinne d'fhiachaibh bheith
air éirighe as a phost — nuair is é an t-aon
tslighe bheathaidh amháin athá aige, ach go
h-áirighthe — agus dá bhrígh sin, rachaidh an
deichneabhar i gcomórtas le chéile, achan duine
aca ad iarraidh tuarastail níos lugha ná an
chéad duine eile i dtreo gurab eisean a
choimeádfar ag obair. Tá's againn cad a
thuitfidh amach i ndeire na dála, agus is
furas a thuiscint cad chuige a' raibh na fir
oibre ariamh i gcoinne na n-inneall. An
raibh an ceart aca? An ionnan an t-inneall
agus easba oibre do'n oibridhe?



Tá daoine ann adeireas ná raibh an ceart
aca, agus nach ionnan an dhá rud thuas.
Téighid siad níos fuide ná san agus 'séard
deireas siad nach easba oibre acht tuille
dí a thagas de bhárr innleán a chur i n-úsáid
i monarchain, as gur feirrde an t-oibridhe
an t-inneall. Siad so leanas fáthanna na
tuairme sin.



(1) Saoire. Aon rud a deintar le
h-inneall níl costas a dhéanta leath chomh
mór is a bhéadh dá mba le láimh dhuine a
deineadh é. De ghnáth is ionnan san agus
ísliú fiacha do'n gceannuightheoir, eadhon, is
féidir an rud a cheannac níos saoire ná
mar a féadfaí é cheana. Mar san, adeireas
lucht na tuairme seo, dá bhfuighbheadh fear
oibre tuarastal níos lugha ná mar a fuair
cheana, ní dhéanfadh sé mórán ceathaighe dó
toisc go mbéadh ar a chumas rudaí 'fháilt
níos saoire ná mar a fhéadadh go dtí sin.



'Na choinne sin, cuirimís i gceist ná
ceannuigheann an t-oibridhe bocht an rud
áirighthe a dheineas sé? Mar shompla:
cleiteálas bean bhocht stócaí. Annsan
tagann inneall agus cniotáiltar a seacht
n-oiread stócaí ar an gcostas gcéadna i
leath na h-aimsire gnáthaighe. Íslightear
tuarastal na mná chomh maith le fiacha na
stócaí, acht cad is fiú a leithéid do'n
mhnaoi boicht? Ní cheannochaidh sé níos mó
stócaí ná mar a cheannuigheadh. Bhéadh maitheas
éigin ann dí dá n-ísleochtaoi fiacha gacha
rud d'aon bhuille amháin.



(2) Deirtar fós, ó's rud é go n-ísligheas
úsáid na n-inneall praigheas na rud a
deintar leis, go mbrostuigheas, dá dheascaibh
sin, déantúisí; go dtugtar stimulus dóibh.
Agus, má's mar san athá, i n-ionad daoine
a chaitheamh as obair, go dtugann sé a
thuilleadh le déanamh dóibh. Ár ndó cuirfear
cuid des na fearaibh as a bpostanna go
ceann scathaimh ghairid ar dtúis, acht i ndiaidh
a chéile beidh siad ag teacht ar ais.



Tugtar clódóireacht mar shompla. Féach,
adeireas siad, a oiread clódóir is athá
ann fé láthair. Shar ar tháinig inneall
chlódóireachta is tearc duine a bhain slighe
bheathaidh amach dó féin de bhárr cóipeanna
do dhéanamh d'aon leabhar, acht anois táid
na mílte is na céadta de mhíltibh ag gabháil
a mbuidheachas leis an té a chéad-chuir inneall
dá leithéid i n-úsáid.



'Na choinne sin aríst, deirimid nach i
gcomnuidhe a thuiteas a leithéid amach. Dá
mbéadh comhranna leath chomh saor is atáid
fé lathair ní bhéadh a dhá oiread díobh a
gceannach againn. Ní bhéadh dhá ceann le fáil
ag an té a gheobhadh bás, agus mar san ní
déanfaí níos mó díobh ná mar a déantar
anois. Ní bhéadh a thuille oibre le fáil, mar
san. Sé an rud céadna ag a lán rudaí eile,
mar atá spréachlaí, bróg, &rl.


L. 137


(3) Gach uair dá gcuirfí innleán i núsáid
i monarchain, ní foláir nú go mbeidh obair
le fáil ag oibridhe éigin, i n-ionad an té
a chuirfí as a phost. Cuirimís i gcás go
ndéanfaí úsáid as gluaisteán i n-inead
cárr is capaill. Bhell, annsan má chaithfidh
an tiománuidhe bocht imtheacht leis caithfear
duine 'sholáirt le h-aghaidh an ghluaisteáin.
Sin post do dhuine amháin. Anois, téighimís
níos sia. Níl an gluaisteán chomh costasamhail
leis an gcárr — do mhaighistear na monarchan,
tá's agat — agus, dá bhrígh sin, beidh airgead
á shábháilt aige. Cuirfidh sé an méid atá
á sábháilt aige sa bhannc. Cuirfidh lucht an
bhainnc amach ar iasacht é, is mar san rachaidh
an t-airgead chun cabhruighthe le maighistear
eile monarcha eile do chur ar bun. Tiubhrfaidh
an mhonarcha so slighe bheathaidh do'n a lán
daoine. Déanfaidh an tarna fear an rud
céadna le n-a chuid airgid agus mar san de
i gcearcal. Is ar an gcuma san a théigheas
an t-airgead mór-thimcheall.



'Na choinne sin is féidir a lán a rádh ar
a shon go bhfuil an fhírinne ann. Níl an
fhírinne ar fad ann, acht thá cuidh mhaith di ar
aon chuma. Is fíor go bhfuil an t-airgead
ag dul thart-timcheall, acht cá bhfuil sé ag
dul. B'fhéidir go rachaidh sé amach chomh
fada leis an tSín, le h-America, le h-aon
chuid iargcúltha den domhan so, ag tógáilt
tighthe, bóthar iarrainn, canal, &rl. Agus
ní féidir leis an oibridhe teacht suas leis.
Ní féidir le gach Éireannach imtheacht as
Éirinn chun páirt a ghlachadh i dtógáil na lighthe
siúd nó i ndeunamh an bhóthair iarrain.
Caithfidh sé fanacht sa bhaile, go díomhaoin
daidhbhear, agus b'fhéidir clann aige gan
aoinne aca infheadhma. Agus geallaim-se
duit nách aon tsólás dó é a chloisint rud
mar seo:—



“Thá inneall id' ionad, a dhuine chóir;
caithfidh tú imtheacht leat is obair fháilt duit
féinig i náit eicínt eile. Acht ná bíodh ceist
ort, mar atháimid a sábháilt airgid de bhárr
thú dhíbirt. Rachaidh an t-airgead go 'meirice
ag tógáilt tighthe is uile. Tiubhrfaidh sé
sin slighe bheathaidh do dhaoine bochta thall.”



Deirim nách mór an sásamh dó a leithéid
a chloisint, agus nach féidir leis a thuiscint
sa cheart gur feirrde an t-oibridhe an
t-inneall.



SEOSAMH FIONN.



Tá adhbar díospóireachta, dar ndóigh, sa méid atá
sgríobhta ag Seosamh. (F. E.).



RUAIG GO POLL A' PHÚCA.



B'fhada leagtha amach in m' inntinn agam
turas a thabhairt ar Pholl a' Phúca. Shíleas
go bhféadfainn ruaig a thabhairt amach chómh
fhad's bhí an fóghmhar ann, ach níor éirigh liom,
agus bhí an Geimhreadh sa mullach orm sul
'á raibh a fhios agam cá raibh mé. Budh
é an Dómhnach a bhí ann, agus a leithide de
lá níor shéid as aer ariamh le fuacht agus
flích-shneachta. Níl aon challóg d'á raibh
ag tuitim nach raibh leithead do bhoise inntí,
agus bhí na sléibhte thart timhceall Bhaile
Átha Cliath fá n-a gcuid caipíní geal. Ach
ó thárla gur chuir mé in mo cheann dul amach
an lá seo ní stadfainn go dtéighinn go ceann-
sgríbe cébí súisín a d'íocfadh é.



Chuadhas ar an trama ag Tír an Iúbhair
ar leath-uair tar éis a h-aon-déag ar maidin,
agus shíleas go mbéinn ag Poll a' Phúca i
gceann uair' a chluig nó mar sin — sin é
adubhairt duine eicínt liom. Bhí an trama
lán de dhaoine, agus ní raibh duine aca sin
nach raibh ag greadadh na bhfiacal leis an
bhfuacht, ach amháin beirt naoidheanán a bhí
ar a mbaclainn le n-a máithreacha, agus
ní túisge a thosuigh an trama ag gluaiseacht
ná thosuigh an bheirt ag sgreadach agus ag
sgréachghail, go díreach mar bhéadh sé déanta
suas eatortha roimh ré. Chuirfeá fód móna
siar ar bhéal gach duine aca le gach glaim
dá gcuireadh sé as. Ní chluinfeá méar i
gcluais uatha; agus i leabhaidh bheith ag
éirghe tuirseach budh ag neartú a bhíodar
i rith an bhealaigh.



Choinneochadh lacha bhacach leis an trama,
agus stadadh sé go mion minic gan fios a
shiocrach. Ar deireadh, fá cheann uair' a
chluig nó mar sin, stad sé bun-barr, agus
tháinic gach duine amach. Tháinic mé féin amach
chomh maith le cách, mar gur shíl mé go rabhas
ag ceann-sgríbe, ach budh í sin an t“Síle
chaoch” agam. D'fhiafruigheas de'n tiom-
ánaidhe ar bh'é sin Poll a' Púca. Dhearc
sé go géar orm agus cuma air go raibh truaighe
mhór aige dom, agus dúbhairt sé ná'r bh'é.
Dhearc sé ar ghárda an trama sa tráth
chéadna. Bhuail seisean cupla poiteadh d'á
chorr-mhéir shalaigh air féin ins an mbathais,
agus chraith a cheann in mo threo féin nuair
a shíl sé nach rabhas 'ghá thabhairt fá deara.
Is leor nod do'n eolach.


L. 138


Fá cheann fiche nóiméad nó mar sin chonnaic
mé go raibh an gárda ag éirghe mí-fhoighdeach,
agus chuaidh sé isteach i dteach a bhí i leith-
shlighe an bhóthair. Budh é sin an uair a
thugas fá deara go mbudh teach ósta a bhí
ann, agus budh gearr i n-adhiaidh sin go bhfaca
mé ag filleadh é agus na taistealaidhthe
ar fad amach roimhe aige, cuid aca ag argúint
go h-árd-ghlórach agus go bagarthach leis,
agus ag rádh gur theastuigh deoch eile uatha.
Phlucht siad isteach sa trama aríst agus
boladh ó n-a n-anáil a leagfadh stail.
Annsin bhuaileamar ar aghaidh aríst, go roighin,
réidh.



I n-aice le Cros Bhaile Choimín thugas fá
deara nach raibh ceathramha míle de'n bhóthar
nach raibh leacht ann. Tuigim gur b'eo
áiteacha ar mharbhuig an trama daoine, gidh
nach dtuigfeá cé'n chaoi ar bh'fhéidir le n-a
leithide a bheith amhlaidh, mar go ngluaiseann sé
chomh mall sin go sílfeá nach marbhóchadh sé
éan gé. Deirtear má tá olc ar bith
ag muinntir na h-áite do dhuine nach ndeanann
siad ach a thabhairt leo agus a chur ar meisge,
agus annsin a sgaoileadh suas an bóthar
nuair atá an trama ag teacht ins an oidhche.
Fághthar annsin i n-a “Bhior seacha” ar
maidin é. Annsin “tógtar a lia agus
a leacht.” Níl ins an sgéal seo ach cúrsaí
magaidh, nídh nach h-iongnadh, ach is cinnte
nach bhfaca mé áit ariamh, taobh amuigh de'n
chill, a bhfuil an oiread leacht ann agus atá
annseo.



Dá mhéad tóir d'á raibh agam ar Pholl a'
Phúca a fheiceál, nuair a fuair mé mé féin
ag Cros Bhaile Choimín bhí mé chomh tuirseach,
traochta, préachta, púnáilte sin agus nach
rachainn raimhe an ribe eile dá bhfaghainn
Éire gan roinn. Ní thiocfainn ar ais aríst
ar an trama sin, go mór-mhór dá mbudh
rud é go mbéadh na glamairí páistí ag teacht
ar ais, agus bronn Baile Átha Cliath orm.
Fuaras iasacht rothair ó charaid, agus gidh
gur fhág an trama amuigh romham, bhí mé
sean-tuirseach istigh roimhe. 'Sí mo chomhairle
duit-se a léightheoir, má tá fút dul go Poll
a' Phúca, agus muna bhfuil aon ghléas mar-
caidheachta agat ach an sean-trama a raibh
mise air, glac mo chómhairle-sa, agus
“cómhairle cheannuighthe' sí is fearr” — fan
i mbonn do chos.



SEÁN Ó RUADHÁIN.



COSAINT NA SLAINTE.



CÚRSA LÉIGHEACHT DÁ TUGADH I gCOL-
ÁISDE NA h-OLLSCOILE, BAILE
ATHÁ CLIATH 'SA t-SAMHRADH, 1922



Léigheacht a h-Aon.



'Sé an t-ainm atá ar an gcúrsa so léigheacht
ná “Cosaint na Sláinte.” Is ionann an
t-ainm sin agus an cheist “Cionnus is
fearr an t-sláinte do chonghbháil?” ó's
rud é gur beag nach mbíonn gach aoinne
slán folláin ag teacht ar an t-saoghal so
dhó. Ceist ana-thabhachtach an cheist so agus
tá dhá roinn mhóir innti, .i. sláinte an
duine fó-leith agus Sláinte Phuiblidhe. Leis
na bliadhantaibh sí Éire an tír is mó atá
chum deiridh ar Roinn na h-Eorpa maidir
le sláinte na ndaoine do chosaint agus tá
ráta an bháis níos aoirde innti ná i dtír eile,
beag nach Céard fá ndeara sin? An
sean-rialtas ag tabhairt faillighe (go lán-
toiltheannach is dóigh) ar an t-Sláinte Phuiblidhe
— agus ain-eolas an duine fó-leith ar riaghlach-
aibh simplidhe na sláinte. Ní labhairfimid
annso ar an t-Sláinte Phuiblidhe acht a rádh go
bhfuil sé de dhualgas ar an Rialtas deigh-
tighthe agus deigh-bhiadh (deagh-bháinne go
h-áirithe) do sholáthar do na saoranachaibh,
agus go mbeádh sé seacht n-uaire níos fearr
galar mar eitinn nó fiabhras-builg do scrios
amath go léir 'ná a bheith ag déanamh iarrachta
(gan tairbhe go minic) ar a leigheas.



Cuirimís na h-ainimhidhthe fiadhaine allta
atá go díreach fá réim na Nádúire i gcom-
práid leis na h-ainimhidhthibh tighe a bhíos
fá smacht na ndaoine nó i gcompráid leis
na daoinibh féin. Ní'l an oiread sin
pláigheanna a's galar ar na h-ainimhidthibh
allta. Toisc go bhfuil intleacht ghéar,
inchinn mhór agus dhá fhoirbhthe ag an gcineál
daonna do chuireadar soisialtas & sibhialtacht
ar bun — acht nuair a rinneadar an méad
so do thréigeadar coimirce na Nádúire
agus tháinig pláigh agus galar ag briseadh
isteach ortha ag déanamh iarrachta ar sibhial-
tacht do treascairt agus soisialtas do
leagan ar lár. Má bhaineann na daoine
lán-úsáid as a n-intleacht, as a n-inchinn
mhóir agus as a ndá lámh is féidir dhóibh


L. 139


an troid do dhéanamh & buaidh do bhreith ar
an ngalar agus sibhialtacht do déanamh go
lán agus go foirbhthe. Ba chóir eólas a
bheith ag gach aoinneach Cionnus is fearr
troid do dhéanamh i n-aghaidh an ghalair .i. ba
chóir eolas a bheith aige ar riaghlachaibh simp-
lidhe na sláinte.



Chum an eólais sin d'fhagháil go cruinn
ní foláir dhúinn ar dtúis strach-fhéachaint
a thabhairt ar dhéantas an chuirp daonna
agus ar a chodchaibh agus a fhiafruighe cionnas
a dhéanann na codcha sin a gcuid oibre nó
i bhfoclaibh eile cionnus a comhlíonann siad
a ndualgas. Má infhiúchamuid giota beag
glasraidh (bíodh gas nó duilleóg mar sompla
againn) fá'n ngloine mhéaduighthe (miondracán)
do-chímid líonradh cosamhail le criathar meala.
Ní'l na h-áiteanna 'sa líonradh go folamh;
tá gach uile áit lán de ghlothaigh. 'Sé an
t-ainm atá ar gach áit 'sa líonradh ná cillín
(cellule). Tá snas cosamhail le feiscint
má ghearrthar giota beag as an gcorp daonna
agus má spíontar fá'n miondracán é;
is cuma cadé an áit ó n-a ngearramuid é.
Ní'l an líonradh chomh soiléir a's atá sé
'san nglasradh mar nach bhfuil na ballaí
idir na cillíní comh láidir san — acht tá na
cillíní ann. 'Sé an cillín an chuid is
lugha de bheatha. Go díreach mar a dhéantar
cathair nó baile mór de clochaibh déantar
corp de chillíníbh I n-aon chorp amháin
tá na milliúin agus na milliúin tar áireamh.



Ba mhaith liom anois ainmhidhe beag a thais-
beáint díbh — ainmhidhe beag a bhíos 'na
chomhnuidhe i n-uisce shalach. Ní'l béal ná
bolg aige, ní'l croidhe ná croiceann, ní'l
súil ná fuil. 'Sé an t-ainmhidhe is simplidhe
atá le fagháil. Dá mbéadh céad aca i
ndiaidh a chéile ní dhéanfadh siad órlach ar
faid. Ní'l ann acht aon chillín amháin.
Tá sciolltán (nucleus) 'na lár, agus glothach
(protoplasma) 'na thimcheall so. Is féidir
leis gluaiseacht:— do ghní sé géag shealadach
de'n ghlothaigh (pseudopodium an t-ainm atá
uirthi) agus toisc go mbionn sé ag athrughadh
a chrotha tugtar amoeba mar ainm air.
Cothuigheann sé é féin ag cur cos sealadach
timcheall ar giota bheag bidh agus sughtar
nó deóltar an maitheas as so. Annsin
tarraingthear na cosa sealadacha siar agus
scaoiltear leis an bhfuighleach. Déanann sé
análughadh tré mhion-phoillinibh ar fuid a
chuirp. Fásann sé i rith na h-aimsire agus
nuair a bhíos sé aibidh déantar síolradh;
scoiltear an sciolltán. Cumhanguighthear an
ghlothach agus fá dheireadh scoiltear í freisin.
Bailighthear leath de'n ghlóthaigh timcheall ar
a leith féin de'n sciolltán agus bíonn dhá
ainmhidhe óg ann i n-ionad an t-sean-chinn.
I gceann tamaill scoiltear an bheirt so
agus mar sin de go deó. Ainmhidhe nach
bhfuil ann acht aon chillín amháin is protozoon
é.



Cuir i gcás anois nách sgarthar na cillíní
óga ó n-a chéile — acht go bhfanann siad
dlúithte le chéile. Sin é go díreach mar a
thuiteann sé amach i stáir na n-ainimhidhe
atá níos aoirde i réim 'sa t-saoghal 'ná
an amoeba .i. na h-ainimhidhthe go bhfuil
tuilleadh agus aon chillín amháin ionnta
(metazoa). Tosnuigheann gach ceann aca so
a bheatha mar aon cillín amháin. I rith na
h-aimsire scoiltear an cillín sin agus mar
sin de, acht fanann na cillíní óga dlúithte
le céile. Connacamar cheana ag tracht ar
an amoeba go bhfuil gach uile comhacht ag an
aon chillín amháin — mothughadh, analughadh, gluais-
eacht, cothughadh, glantughadh, dála na
n-ainimhide eille. Ní déanfadh sin an gnó.
Adeir Nádúir “Nach caithteach díombaileach
an rud so — gach uile Comhacht ag gach aon
chillín.” Bhéidh sé níos fearr gan acht aon
chomhacht amháin ag aon chillín amháin. Déan-
tar beart dá réir. Roinntear an saothar,
mar adéarfaidhe, agus tagann athrughadh crotha
ar na cillíníbh do réir na h-oibre atá le
déanamh aca.



Fightear cillíní cosamhla le céile chumh
figheachán a dhéanamh. Is iad is na trí
figheacháin mhóra 'sa chorp:— I. Figheachán
snaidhmthe (fuil, cnámh, smaosrach, fáscán)
II. Figheachán Cumhdaigh (croiceann, meamram
sleamhnach). III. Figheachán nearbhach (inchinn,
téad an droma). Ceangailtear na figh-
eacháin le céile chumh comh-fhigheachán nó orgán
do chumadh:— teanga, croidhe &ml. Snadh-
mthar orgáin le chéile chum gléas nó suisteam
do dhéanamh — gléas na fola, gléas na
bhfáscán, gléas análuighthe, gléas cothuighthe,
gléas nearbhach, gléas glantuighthe an chuirp.



Ní thráchtfamuid anois ar chimidheacht gloth-
aighe acht a rádh go bhfuil uisce, salann
mhianaigh, agus protein annti. 'Sé an
protein an chuid de is mó le radh; rud mar
gealachán uibhe atá ann. Ní féidir beatha
a bheith ann gan glothach; bunadhas beatha
'seadh é. 'Sé an sciolltán an chuid is
riachtanaighe de'n chillín; glothach atá ann.


L. 140


— acht glothach spesialta. Is gearr an
saoghal a bhíos ag cillín gan sciolltán.



Nuair a dhathuighthear an cillín chumh a
scrúduighthe is mór an deifrigheacht a bhíos
idir dath na glothaighe agus dath an sciolltáin —
ceann aca (an sciolltán) dathuighthe go trom,
an ceann eile dathuighthe go faon lag.



TOMÁS MAC CIONASTA.



“ÉARNA”



léigh “Éarna” a 4: a chuireadh amach lá
'le Pádraig.



TAE.



Togha an mhargadh gach aon tSórt Tae atá
againne, bíonn siad mar a chéile i gcomhnuide
agus bíonn gach éinne sásta leo.



Luach — 2/4, 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.



Tae ón t-Sín — 2/8, 3/- agus 3/4 an púnt.



BECKER BROS., LTD.,
Sráid Seoirse Mór Theas a 8 agus
Sráid an Iarla Thuaidh a 17, i mBaile Átha Cliath.



TIGH-ÓSDA “CLARENS,” ag Cé Uellington
i mBaile Átha Cliath.



Tá gach aon chompórd ann agus é so-lámhach do gach áit
is fiú le rádh 'sa Chathair.



70 Suainliosa.



Solus Eleictric.



An biadh — bog, soghmhail, so-bhlasta
agus an freasdal ar fheabhus.



An díol-fiach réasúnta.



BÍONN TARRAING MHÓR DAOINE AR AN
“RESTAURANT” atá ag gabháil leis.



An Guthán 1217. Telegram: “Clarence Hotel, Dublin”



TIGH-ÓSDA AN ROYAL EXCHANGE
Sráid na Feise, i mBaile Átha Cliath.



Tá sé seo ar cheann des na Tighthe-ósda is compórd-
amhla 'sa Chathair.



Tá gach aon chóir ann agus an díolfiach réasúnta.



Guthán 2678. Telegram: “Comfort, Dublin.”



M'ONCAIL SEÁRLAÍ.



Tháinig sé fliuch an tráthnóna sin agus
d'fhanamar istigh ins an tigh-ósda. Bhí an
cailín-aimsire ag déanamh picil i gcóir
muice do bhí marbh aca, agus nuair chaith sí
sciolán isteach 'san uisce féachaint an raibh
a dóthain salainn aici ann, d'fhiafruigh
M'Oncail Seárlaí díom-sa a raibh a fhios
agam 'd é chúis ar dhein sí é sin. “Féachaint
an snámhfadh an sciolán;” arsa mise nuair
shnámhfadh go 'speánfadh sin go raibh an picil
láidir a dhóthain.



“Seadh.” — ar seisean. —” agus sin
é bhíos chum a innsint díbh: mar do bhain
dom féin i Loch an tSalainn i Sasanna Nua.
Is cuimhin libh, gur ar mo shlíghe dtí Sasanna
Nua, do bhíos an lá úd d'fiadhach an eascú
as Loch bhéil locha mé. Nuair chuaidh mé
anonn, do bhí a lán daoine diamhaoin i Nua
Eabhrach agus thuigeas nárbh' aon mhaith dhom
fuireach ann. Do bhuaileas liom siar, agus
bhíos ar feadh seachtmhaine nó mar sin ar an
traen, agus ag teacht contha dí nuair tháinig
fear agus ceathrar ban isteach 'sa chairéiste
ag stáisiún lá, agus an domhan traidíní
ag na mnáibh. Bhíos ag déanamh slíghe dóibh
agus ag cur na traidíní as an tslighe fé'n
suidhchán, agus thugas fé ndéar gurbh' í an
tsloinne cheadhna do bhí scriobhtha ar na
traidíníbh go léir. B'ait liom sin, nó
b'fhéidir go mbadh deirbhséireacha iad, acht
ní raibh pioc deallraimh aca le n-a chéile.
Bhí duine aca gorm, duine eile aca dearg,
agus an bheirt eile mar bheadh aon mhná, acht
amháin ceann aca gruaigh dubh do bheith aici
agus an ceann eile gruaigh ruadh. Nuair
d'fhéachas ar na traidíníbh aris is eadh thuigeas
an scéal. “Cathair Locha an tSalainn”
do bhí orra go léir, agus chuimhnigh mé gur 'sa
chathair sin chómhnuigheann an dream úd, na
Mórmoin, a mbíonn oiread ban agus maith
leis ag gach fear.



Níor mhaith liom, mar sin féin, a fhiafruighe
de'n bhfhear so ar leis féin an ceathrar ban,
acht, d'fhan mé i m'thost i gcionn tamaill,
do labhair seisean liom agus sa d'fhiafruigh
díom cá raibh mo thriall. D'innis mé dó.
Ní raibh a fhios agam féin adubhairt mé; siar
i n-áit éigin a bhfuighinn obair, mar ná raibh


L. 141


dada le fághail thoir. Agus arsa mise leis,
— “An chathair seo ab as duit-se” —
“an dóigh leat go mbeadh aon obair do'm
leithéidibh le fághail innte?”



“An bhfuil aon chéard agat?” — ar
seisean.



“Ní'l” — arsa mise, — “aon chéard
acht amháin an fheirmeóireacht, acht, dar ndóigh,
gheobhainn í fhoghluim.”



“Ní thuigeann tú mé,” — ar seisean.
“Ní'l aon chéardaighthe fir 'sa chathair seo
againne ar aon chor: na mná dheineann gach
aon rud ó thárla an bhreis mór aca againn.
Sé chúis dom an cheist do chur chugat, mheasas,
dá mbeadh céard agat, ná beitheá sásta
ar aon saghas eile obair a dhéanamh. Seadh:
cad adéartha leis seo mar obair — na leanbhaí
do thiomáint amach domh-sa 'sa ghluaisteán
gach lá?”



“Do chuid féin leanbhaí, an eadh?” —
arsa mise.



“Seadh,” — ar seisean.



“An mó ceann dhíobh bheadh agat?” —
arsa mise.



“An mó leanbh é siúd atá agaibh?” —
ar seisean leis na mnáibh.



“Ceathrar liom-sa” — ars an bheanghorm.



“Agus ceathrar agam-sa” — ars an bhean
ruadh.



“Triúr an duine atá againne,” — ars
an bheirt eile.



“'Seadh,” — ar seisean, — “agus triúr,
is dóigh liom, atá ag an mhnaoi sa mbaile;
sin, abruighim, mór-sheisear nó octar déag
a bheadh agat ag imtheacht gach lá. Is é atá
i gcoinne na mban agam,” — ar seisean, —
“ní'l lá dá dtéigheann ceann aca amach
leis na leanbhaibh, ná eirigheann idir na
cúig muintire ar chuma éigin agus fágann
siad na gluaisteáin gan mhaith, gan trácht
ar an mbruighin bhíonn idir na máithreachaibh
nuair airigheann siad an scéal. An dtioc-
faidh tú, agus triail do bhaint as?”



B'ait liom mar obair é, dar ndóigh, bheith
ag bobaireacht do mór-sheisear déag de
leanbhaibh, acht ar ghrádh an chathair agus an
saoghal ann d'fheiscint, chuaidh mé leis.



Nuair thánamar amach as an traen,
an chéad rud thug mé fé ndear acht na
mná ag scuabadh na sráide agus obair
mar sin, agus na fir n-a suidhe ins na fuinn-
eóigibh ag caitheamh a bpíopaí agus ag féachaint
amach orra. Tar éis té annsin, nuair do
bhí an oidhche ag tuitim, do bhí soillse ar
lasadh ins na seomraibh uachtracha go léir,
agus níor airigh tú a leithéid de bhéiceadh riamh
ag na leanbhaibh ghá gcur a chodhladh. Badh chuma
liom sin, acht nuair do chuadhas féin a chodhladh
ar ball do lean an t-éirleach, agus bheadh sé
chómh maith agam bheith i m' shuide. Do
bhí an teas go millteach leis, agus b' fhada
liom go bhfeicinn an lá ag breacadh. Ar
an gcéad amhsgarnach do bhíos amach, agus
do shiubhail mé liom go dtí tháinig mé go dtí
Loch an tSalainn.



Loch an-mhór is ead é, acht tá a chuanta
ag rioth i bhfad isteach ins an tír, mar an
cuan so Eócháille annso, agus báid ionnta
go léir. Níor bháid adhmuid iad, má 'seadh.
D'iarann bíodar déanta, agus iad an-throm
ar fad, badh dhóigh leat, acht, mar sin féin,
ní rabhdar doimhin 'san uisce ar aon chor,
acht iad ar snámh go h-éadtrom air mar
bheadh cuirc. Do léimeas isteach i mbád
aca, agus b'shin é uair d'aithnigheas gurbh'
iarann iad, an fhuaim do bhaineas aiste,
agus nár luaisc sí acht beagáinín ar fad fúm.
Do rugas ar na maidíbh ramha agus b' shin é
an spórt annsin.



Maidí iarainn ba eadh na maidí, agus ní
fhéadfainn aon lámh do dhéanamh díbh ar dtúis.
Bhíodar ró-throm. Uaireannta théidís síos
ró-dhoimhin 'san uisce agus d'fhóbair go
dtarraingeoidís amach n-a ndiaidh mé. Ann-
sin, an chéad iarracht eile, choimeádainn
ró-árd as an uisce iad agus tóin thar ceann
liom i ndiaidh mo chúil 'sa mbád. Act
tháinig mé n-a dtaithighe i gcionn tamaill
agus annsin bhí an scéal maith go leór agam,
acht amháin ná fuighinn aon tsiubhal ceart
do chur fé 'n mbád. Ach do lean mé air,
agus bhíos an-thamall amach agus ag teacht
gairid do'n taobh-thall de 'n chuan, nuair
rith sé i m' cheann baint díom agus léim
amach chum mé féin d' fhuaradh. Do chaitheas
na maidí uaim, do bhaineas díom, agus do
léimeas amach.



Buel, a mhic ó! Bhíos ag trácht ar chorc
ar snamh ar bharr uisce! Sin é díreach
mar do bhíos-sa ar an uisce úd. Síos
dtí mo chromáin d'fhéadfainn dul ann, sin
an méid. Maidir le snamh, ba mhar a chéile
é agus bheith d'iarradh snámh i bpraisigh mhine
buidhe. Ag útamáil, agus ag únfairt
timcheall bhíos, agus nuair do bhuailinn aon
bhuille de m' chosaibh uaim, is amhlaidh léiminn
aníos as an uisce ar fad, geall leis. B'ait


L. 142


liom mar obair é; nó an fé dhraoidheact
bhíos, bhí mé a rádh liom féin; go dtí gur
chuaidh bolgam de 'n uisce isteach i m' bhéal,
agus annsin thuigeas gurbh' é an tuisce
do bhí bun ós chionn. A dhearbhráthair, nuair
nár iompuig mo ghoile orm! agus ba mhaith
an bhail orm é nár dhein, nó ní fios cad badh
chor, ná cad badh chríoch, dom. Níor dhein,
agus bhíos ag cuimhneamh ar chasadh ar an
mbád nuair thug mé fé ndear go raibh sí
imighthe i bhfad uaim. Geit! Maireach a
láidreacht do bhí an t-uisce, rachainn go
tóin puill, is dóigh liom.



Ní raibh dada le déanamh acht í leanmhaint,
dá mbféidir é, agus marar dheineas-sa mo
dhícheall! Bhíos ag cur díom maith go leór
leis, agus mo mhisneach ag casadh, orm, nuair
airigh mé mar bheadh speach de d' mhéir agus
do ghluais rud éigin thar mo cheann amach,
agus do thuit san uisce thimcheall péirse
uaim. Le n-a linn sin, d'airigh mé speach
eile, agus thuit rud éigin taoibh thiar díom.
D'fhéachas thar mo ghualainn síar agus cad
do bheadh acht scata Indiacha Dearg ar an
bport ag caitheamh saighead liom!



Cad do dhein mé? Ní h-eadh, acht cad
nár dhein mé! An chéad rud do chuimhnigh
mé air, tumadh, acht mar adubhairt cheana,
bhí an t-uisce ró-láidir: nuair bhíodh mo
cheann síos bhíodh mo chosa agus cuid mhaith
eile dhíom suas sa spéir. Nuair theip sin
orm, do chaitheas mé féin cothrom ar mo
dhrom chum ná fuighdís marc cruinn do thógaint
orm, acht i maite! do ghluais saighead
an-ghairid do m' chaincín agus do chuireas
béic asam, agus do thosnuig ag liúirig,
agus ag speachadh le m' chosaibh, agus ag bhagairt
le m' lámhaibh chum a chur i n-iúl dóibh gur
Críostuidhe mé agus nárbh' mhuc mara ná aon
rud mar sin mé. De réir deallraimh leis,
thuigeadar mé, agus ní bheadh aon mhaith annsin
féin maireach gur cheapadar gur díobh féin
mé — mar is tuisce chaithidís siúd le fear
bán ná le muic mara féin. Pé rud do
cheapadar; stadadar de'n lámhach, agus
d'eirig liom an bád do bhaint amach fé raibh
fhios a thuille aca mar gheall orm.



Nuair bhí mé istigh 'sa mbád bhí mé
ó bhaoghal. Do luigheas siar innte agus
scaoileas léithi. Ba chuma liom cia an
áit bhearfadh sí mé: aon rud acht ná fuighdís
sin greim orm.



Ar ádhbharaighe an tsaoghail thar n-ais dtí
an chathair do thóg sí mé. Do bhí fear a'
tighe a'm lorg agus na leanbhaí go léir 'sa
ngluaisteán leasmuich de 'n dorus aige
dhom, — iad buidhe, agus breach, agus dearg,
agus gach aon dath. Do bhí eagla orm a
innsint dó cad do bhí mé a dhéanamh i rith
na maidne, agus, i n-éaghmuis sin, do bhí
socair i m'aigne agam gan fuireach níos
sia 'san áit. 'S é dhein mé, acht, suidhe
isteach gan aon nidh do leigint orm, agus
tiomáint liom. Anonn dtí an stáisiún
do tiomáin mé, agus do bhí traen díreach
ag fágaint. Do léimeas amach as an
ngluaisteán agus isteach 'sa traen, agus
as go bráth liom.”



“Agus cionnus do bhí a fhios agat gur
Indiacha Dearga na daoine do bhí ag caitheamh
leat, a Oncail?” — arsa Ciarán.



“Mar bhíodar dearg, a gharsúin.” — ar
seisean; “agus, rud eile, dheineadar
luigheachán ar an traen orrainn an chéad
stáisiún amach as an gcathair. Inneósad
díbh mar gheall air lá eile.”



“CLOCH LABHRAIS.”



BANNDAÍ GLUAISTEÁIN.



AJAX TYRES



Gheibhtear go díreach ó Shasana Nuadh iad
gan aon bhaint le Sean-Shasana.



Banndaí thar barr iseadh iad.



Mara bhfuil siad ag gach aon siopa
gluaisteáin ar fúd na hÉireann ba
cheart go mbéidís.



Seo an t-aon dream amháin de lucht
díolta bannda san iomlán a chuireann
suim i gcúrsaí na Gaedhilge.



Oifig — Cae Eden, 7, Baile Átha Cliath.


L. 143


MNÁ ÓGA AGUS AN DÚNMHARBHÚ



Táim tréis leabhar d'fhághailt le h-aghaidh léir-mheasa
— “Seán agus Nua.” — a sgríobh an t-áthair Gearóid
ó Nualláin agus fear eile den treibh chéadna. Cúig
cinn de sgéalta nua-cheapuighthe atá ann; agus aon
duine a raibh sé de chrann air an leabhar eile ó pheann
an athar uí Nualláin (Dia, Diabhail agus Daoine) do
léigheamh ná bíodh eagla air go gcurfidh an leabhar so atá
i gceist agam seirbhtheann agus tuirse air, mar a dhein
an ceann eile ar a lán daoine toisg a bhaoithe agus a
eugcosamhlacht a bhí sé. Níl mórán dithchéille ag baint
leis an leabhar so, “Sean agus Nua.” Tá brígh ann
ná raibh sa cheann eile agus maidir liom-sa, pér domhain
é, nuair a chromas ar ceann desna sgéalta do léigheamh
bhí fonn orm é críochnú. Is cuimhin liom gur dheacair
dom gan tuitim dom chodladh agus mé ag léigheamh
“Dia Diabhail agus Daoine” le neart mo neamh-shuim
ann. Béidir gurb é an fhuil nuadh fé ndear ar feabhas
so. Is fearr cinn ná ceann, dar ndóigh!



Na cailiní, cuir i gcás, a gcuirtear aithne ortha sa
leabhar so tá siad beo aibig seachas na taidhbhsithe sa
leabhar eile. Ní thagaireochainn do san marab rud é
go bhfuil na póganna chomh fluirseach sa leabhar as atá
na dún-mharbhuighthe nach mór, agus má scríobhann duine
i dtaobh póg agus grádh mná agus mar sin de is ionann
san a's a rádh gur ceart don léightheoir taithneamh a
bheith aige 'na aigne don óigbhean deaghchumtha sa sgéal,
nó ar a luighead go dtuigfeadh sé 'na aigne gur cailín
so-phógtha an cailín céadna. Agus ní déanfadh sé
an gnó gan ach cur síos go bhfuil sí dathamail, álainn,
deagh-chumhtha &rl., &rl., ní chuirfeadh na focail loma
san 'na luighe ort go bhfuil sé amhlaidh. Tá rud éigin,
cleas pínn, nó ealadha, rud nach fuirist focal do thabhairt
air, a theasbánann an duine sa sgéal mar a bheadh duine
ann 'na bheatha cheart. Fear óg iseadh mise (buidheachas
le Dia) agus nuair a léighim sgéal cruthuigheann sé
dom go bhfuil an chomhacht san ag an té a sgríobh é
má bhíonn saghas báidh agam (ar feadh an nóimeaint)
leis an gcailín sa sgéal nó má bhraithim ionnam féin
gur mhaith le duine í phógadh, pér domhain é. 'Sé an
rud atáim a rádh anois ach go bhfuil cailíní an athar
uí Nualláin so-phógamhail, dar liom, agus molaim a
shaothar (nó saothar na beirte ba chirte dom a rádh
is dóca) dá bhárr. Máirín inghean an Ruadánaigh
atá im' aigne ar feadh na h-aimsire. Is cuma mar
gheall ar na ceannaibh eile. Maran mbeadh aon rud
déanta ag an úghdar ach pictiúr d'aon cailín amháin
dá saghas tarraingthe aige gheobhfaidhe a rádh nach inaisge
a shaothar. Tá leitridheacht Gaedhilge an lae indiu
ro-ghruamdha, ro-sholomanta agus teastuigheann brígh
agus sult uainn. In ainm na pláige seachainimís an
stuif sentimental a thugtar dúinn uaireannta. Ach
mo dhearmhad — ba ghairid gur tháinigheas ar ath-snaoineamh
idtaobh an cailín úd. Chonnaiceas pictúir dí ar leath.
a 62.!



Ní thuitfidhe i ngrádh léithi siúd dá mba í an bhean
dheireanach a bheadh fágtha ar druim an domhain. Mill-
eann an pictiúr an rud ar fad, saothar in aisge a bhí
ag an athair Gearóid ag cur a bhaile orrainn gur
cailín dathamhail so-fháisgte &rl., &rl., í mar breug-
nuigheann an t-ealadhntóir an t-ughdar. Agus as
a mhagadh féin isé an sgéal céadna é i gcomhuidhe
maidir le pictiuirí i leabhair Gaedhilge. Do léigheas
alt sa “Sguab” tamall ó shoin, a sgríobh “Cú Chulainn”
i dtaobh na ceiste sin agus m'fhocal duit a léightheoir ach
go raibh an ceart aige.



Sí an Ghaedhealg atá ann ach Gaedhealg an athar Pheadair
agus í fighte na chéile go breágh nádúrtha. Ní raibh
de bhac ar na h-ughdair gan focail nár dhein an t-athair
Peadar úsáid díobh riamh de ghlacadh isteach, cuid acu
ó chanamhaintí eile nuair a bhíonn práidhinn acu leo,
agus fo-fhocal fós, mar “nia,” cuir i gcás, atá marbh
leis na céadta bliadhan. Ach 'na dhiaidh san as uile,
'Dé chúis ná déanfaidhe úsáid d'fhocal mhaith fíor-
Ghaedhilge nuair is gádh dúinn — ós rud é gur thuit amach
gur dhein ár sinnsear faillighe ann agus gur cuireadh
ar neamh-nidh é. Ach dá bhreághthacht í an Ghaedhealg
atá sa leabhar, agus nílim á caineadh in aon saghas
slighe, mar sin féin thugas fé ndear comhartha annso
a's annsúd a chuir ag machtnamh mé. Adeir na sgríobh-
nóirí sa mbrollach:



“Na sgéaltha so atá sa leabhar so táid siad le
fagháil, i mBéarla, i leabhar eile. An léightheoir
a chuireann suim i n-a leithéid de cheist fágfam
fé sin a dhéanamh amach cia 'ca i nGaoluinn nó i
mBéarla do céad-sgríobhadh na sgéaltha, agus cia 'ca
de'n dá chrot an t-aistriúchán.”



Muireach san ní dhearfainn ach gur sleamhnuigh cúpla
abairt isteach sa leabhar agus dul an Béarla ortha.
Cuirim i gcas:—



“‘Ristéard’” do liuigh sí' (“Richard!” she cried);
nó féach air seo mar theideal do sgéal — “An Staic
Cearnógach.” Ní fhacaigheas an leabhar Bhéarla, ach
is léir gur cuimhnigheadh ar “Square peg in round
hole” ar dtúis agus gur cuireadh Gaedhealg air na
dhiaidh san. Ach is beag leabhar an lae indiu ná fuil
rian an Bhéarla in áit éigin air, agus dá bhrígh sin ní
chruthuigheann na cainteanna sin a luadhas mar shompla
gur i mBéarla a ceapadh na sgéalta so an chéad uair.
Dhearfainn féin gurab i mBéarla a ceapadh cúpla ceann
acu agus i nGaedhilg na ceannaibh eile.



Brún agus ó Nóláin d'fhoillsigh; 1/6 a luach.



C.M.



DIXON & HEMPENSTALL



Fir Deunta Speuclairi



SEOMRAÍ UM TASTAIL RADHAIRC AR OSGAILT GACH LA



Cuirimíd shuim speisiáltha in oideasaí liagh-súl



Nuair a chuireann tú fios ón dtuaith ar rud
cuirimíd chugat é an lá ceudna.



SRÁID SUFFOLK, 12, ATH CLIATH.


L. 144


BANNC NÁISIÚNTA NA TALMHAN, TTA.



ÁRD-OIFIG:— FAITHCHE AN CHOLÁISTE,
BAILE ÁTHA CLIATH.



DEINEANN AN BANNC GACH AON T-SÓRT
GNÓTHA BHAINEAS LE BANNCAEREACHT.



Bun-airgead Geallta, £406,000.



Bun-airgead Díolta, £203,000.



Maoin Iomlán 30adh Meitheamh, 1923, £1,650,000.



BUNUIGHTHE 1920.



BRAINNSÍ:—



68 Sráid Chille Mhuire, Baile Átha Cliath; Corcaigh,
Luimneach, Portláirge, Tráighlí, Áth Luain, Inis,
Mathchromtha.



THE
NATIONAL
LAND BANK
LTD.



Lucht Díolta “An Sguab” 'san iomlán:— Eason agus a Chomh. Cuirtear cló air seo ag Cló-Oifig Uí Mhathghamhna, Áth Cliath
agus foillsigheann Muintir “An Sguab” é ag Cearnóg Montseoighe 24, Áth Cliath.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services