Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Beatha an Athar Tiobóid Maitiú
Title
Beatha an Athar Tiobóid Maitiú
Author(s)
Ó Ceallaigh, Seán,
Pen Name
Sceilg
Composition Date
1909
Publisher
Mac Guill, M. H. agus a Mhac, Teoranta
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Caib. I. óige an abstail. Is beag ainm d'ainmneachaibh móra na hÉireann gur córa eolas do bheith againn air fé láthair ná ar ainm an Athar Tiobóid Maitiú. An té go mbeidh lán-eolas aige ar imtheachtaibh is ar shaothar an Athar Tiobóid le linn a ré ní baoghal dó gan bheith i n-a dheigh-fhear, agus ní fuláir dó gan feabhas do chur ar a chómhursain is ar a dhúthaigh. Tá cómhairle leasa le baint ag an té is géar-chúisighe againn as imtheachtaibh an Athar Tiobóid ó chorp a óige go ló a bháis; tá brigh fé leith lé n-a shaothar an aimsear so. Rugadh Tiobóid Maitiú i gCaisleán Bhaile Thomáis, chúig míle slighe ó Chaiseal Mumhan, an deicheamhadh lá de mhí deiridh an fhóghmhair i mbliadhain a 1790. Nuair bhí sé a chúig bliadhna d'aois d'aistrigheadh a mhuinntear go Ráith Chloichín tamaillín slighe ó'n gcaisleán. Bhí árus breagh fairsing
flaitheamhail aca annso. Ní fhacaidh Tiobóid ná éinne eile dá ochtar dearbhrathár spriúnlathacht ná gann- tanas ná éinnidh eile acht carthannacht is flúirse is croidhe na féile fé dhíon tighe a n-athar riamh. Bhí páistidhe uile an tighe go flaitheamhail raidhseamhail le bochtaibh is le lucht siubhail mar ba dhual dóibh. Acht ba fhlaitheamhla fé dhó mo Thiobóid grádhmhar ná éinne eile aca. Ní raibh aon iongnadh acht an croidhe mór ceanamhail ceannsa do bhí aige. Bhí cion fé leith aige ar a mháthair agus bhí an cion céadna ag a mháthair air. Cé gur bh'é Tiobóid an ceathramhadh duine dá naonbhar mac is dó is mó thugadh sí milseáin is pusó i didhe so-bhlasta is adhbhar fleidhe le roinnt ar an gcuid eile. Agus ní miste a rádh gur bh'é Tiobóid do roinneadh go raidhseamhail toilteanach lúthgháireach ortha gach nidh dá mbíodh aige. Ní raibh éinnidh eile is mó chuir- eadh áthas croidhe air agus é i n-a gharsún ná fleadh do thabhairt dá dhearbhratháireachaibh is dá dheirbhshéath- rachaibh. Lean an raidhseamhlacht so dhó go crích a shaoghail. Ní ar a mhuinntir féin amháin ba mhian leis nidhthe do roinnt. B'aoibhinn leis bheith ag cabhrughadh le bochtaibh agus ba thaithneamhach leis a dhicheall do dhéanamh do bhuachaillíbh is do chailíníbh aimsire an tighe. Go deimhin
níor mhaith leis aon bhuadhairt 'san mbreis do bheith ar lucht oibre a mhuinntire dá mbeadh dul ar a leaghas. Seo eachtra dheimhneochaidh é: Thárla srothán do bheith ag gluaiseacht fé scáth an tighe. Ní raibh d'uisce ag muinntir Thiobóid i gcómhair a ngnótha ná i gcómhair a gcuid stuic acht uisce an tsrotháin seo. Ba leor é le linn an gheimhridh. Acht nuair bheireadh an samhradh ortha bhíodh an t-uisce an-ghann de ghnáth. Éinne go bhfuil eolas aige ar chúrsaíbh feirm- eoireachta tuigfidh sé gur ciotach an rud gan go leor uisce do bheith ar fagháil i gcómhair an tighe. Thug Tiobóid so fé ndeara agus é ag eirghe suas, agus ní raibh éinnidh is mó bhí ag cur cúraim air ná an tslighe do b'fhearr chum lán-tairbhe do bhaint as an tsrothán. Bhíodh sé ag gabháilt de le n-a shluasaid moch diadhnach a d'iarraidh é dhoimhniughadh annso is é chasadh annsúd is é threoradh i slighe is ná imtheochadh oiread is deor de amugha. Is beag a shaoil éinne an uair úd go leaghasfadh sé mór-chuid de chraos an ólacháin is go múchfadh sé tart buile an tsluaigh le fíor-uisce sul a stadfadh sé. Mar adubhradh ní raibh acht tamaillín slighe idir Ráith Chloichín agus an cais- leán. Théidheadh Tiobóid go dtí an caisleán go minic, agus ba ghearr go
raibh Eibhlís Maitiú ban-fhlaith an chais- leáin chomh ceanamhail air is mar bhí a mháthair féin. Thugadh sí milseáin agus cístidhe agus seoda agus airgead dó go flúirseach. Agus ar an gcuma so thagadh leis fleadh do thabhairt go minic dá cháirdibh óga féin. Lá de sna laetheantaibh bhí an líon tighe i n-a suidhe timhcheall búird an bhidh. Dubh- airt a máthair leo gur bh'ait léi naonbhar mac aici agus gan fonn air éinne aca bheith i n-a shagart. Seoirse an duine ba shine aca bhí i n-a haigne. Acht, cé gur bhronn gaol dóibh éide luachmhar Aifrinn agus cailís ar Sheoirse agus súil aige gur adhbhar sagairt a bhí ann, ní raibh Seoirse féin toilteanach, ní raibh leagadh aige leis an tsagartacht, agus bhuail sé a cheann faoi ar chloisint cainnte a mháthar dó. Níor bh'amhlaidh do Thiobóid. "Ná bíodh imshníomh ort, a mháthair," arsa Tiobóid, "is mian liom-sa bheith im' shagart." Baineann sé le deallramh nár bh'fhada gur airigh Eibhlís Maitiú go raibh a peata ciuin fionn dathamhail le beith i n-a shagart. Gheall sí ar an dtoirt go gcuirfeadh sí ar scoil é ar a costas féin, agus ná leigfeadh sí d'einne eile piginn do chailleamh- aint leis no go mbeadh sé i n-a shagart. Bhí sé a dhá bhliadhain déag d'aois fé'n am so, agus is é an
scoil do cheap sí i n-a chómhair ná Agadamh Choinnigh i gCill Choinnigh. Seoladh Tiobóid go dtí an Colláiste seo i dtráth, agus ní call a rádh gur sileadh deora i Ráith Chloichín an lá bhí Tiobóid ag scaramhaint le n-a mháthair is le n-a mhuinntir. Is léir dúinn anois go raibh uaigneas ar Thiobóid féin, rud nár bh'iongnadh agus, gur lean an t-uaigneas soin dó go dtí an Cháisc ar a laighead de. Nuair bheir an Cháisc air mhothuigh sé air féin nár bh'fhéidir leis é féin d'iomchur no go bhfeicfeadh sé a mháthair is a mhuinn- tear. Is cad a dhein sé? Bhailigh sé leis ó'n Agadamh i gan fhios d'éinne, agus níor leig a scith gur bhuail sé an doras isteach i Ráith Chloichín is gan aon choinne ag a mhuinntir leis. Is iomdha athair is máthair go mbeadh fearg ortha dá ndéanfadh a mac a leithéid. Níor bh'amhlaidh d'athair is do mháthair Thiobóid. Is amhal a bhí áthas croidhe ortha súd an uair chonncadar é. Agus is beag baoghal ná go raibh áthas ar an aos óg. Is iomdha fuir- eann Agadaimh, leis, do dhíbreochadh mac léighinn ar fad dá ndéanfadh sé a leithéid ortha. Ní mar soin a dhein lucht ceannais Agadaimh Chille Coinnigh. Thuigeadar súd cia bhí aca. Thuig- eadar brigh an scéil. Thuigeadar nár ghnáthach buachaill gan tréithe buachalla ann, agus nár locht ar bhuachaill
ghrádhmhar fonn do bheith air an Cháisc do chaitheamh i bhfochair a mháthar. D'aithnigheadar ar ghnúis is ar scéimh is ar dheigh-iomchur Thiobóidh ó thúis go raibh adhbhar sagairt ann agus dá ndéanfadh sé dearmhad beag féin nár mhiste é mhaitheadh dhó. Bhí ríméad ortha nuair tháinig sé thar n-ais chúcha, agus bhí uaigneas agus aithreachas ortha nuair scar sé leo fé dheoidh i gcionn chúig mbliadhan. Buachaill ciuin carthannach dathamhail dúthrachtach raidhseamhail macánta bh'shin é a theist- eas 'san Agadamh, agus bhí meas air ag buachaillíbh is ag oidíbh dá réir. Chuaidh sé ó Agadamh Chille Coinnigh go colláiste Mhaighe Nuadhat i mbliadhain a 1807. Ní fada d'fhan sé annsúd. Samhluigheann sé dhúinn go raibh sé ró-shimplidhe ró-bhaoth do ghnásaibh an cholláiste sin agus gur shaoil sé ná raibh a bhac air beagáinín dá shlighe féin do bheith aige ann. Ar aon chuma is léir nár thuig sé go raibh lucht ceannais an cholláiste chomh dian ar na macaibh léighinn is mar a bhíd. Bhí sé féin chomh flaitheamhail is mar bhí sé riamh, agus dubhairt sé leis féin lá go dtabharfadh sé fleadh i n-a sheomra féin do thriúr no ceathrar de sna macaibh léighinn ba thaithneamhaighe leis. Nuair bhí an díoghbháil déanta aige, má ba dhíoghbháil é, cuireadh i n-umhail dó go raibh dlighe agus gnás
an cholláiste briste aige, agus go ndaorfaidhe é, agus nár mhóide scéal de ná go ndíbreochaidhe as an gcolláiste é. Tháinig náire chroidhe air, agus is é dhein sé ná bailiughadh leis abhaile i mbliadhain a 1808. B'fhearr leis so do dhéanamh i dtráth mhaith ná fuireach no go ndaorfaidhe é ar eagla go ndíbreochaidhe annsoin é is go gceapfaidhe cois baile gur coir éigin eile do bhí i n-a choinne. B'é seo an dara feacht aige ag teacht abhaile gan choinne leis. Níor bh'iongnadh dá mbeadh leath-eagla ar a cháirdibh ná eirgheochadh leis bheith i n-a shagart go bráth. Níor ghábhadh aon eagla go háirithe. Gheall sé féin dá mháthair agus é i n-a gharsún gur sagart a bheadh ann. B'fhíor dó. Cóimhlíonadh an gheallamhaint. Mar b'ádhmharaighe i nÉirinn é bhí eaglais ag Órd na gCapuisíneach i gCill Choinnigh agus é ar scoil ann i n-a óige. Chíodh sé manaigh mhúinte na mainistreach so go minic, agus ba mhór é a mheas ortha. Chomh luath agus scar sé le Colláiste Mhaighe Nuadhat cad a dhein sé ná é féin do chur fé chomairce na gCapuisíneach. Chuaidh sé go Baile Átha Cliath mar a raibh mainistir aca agus chuir sé fé cheannas an Athar Ceilistin Ua Cor- coráin é féin, agus d'fhan sé annsoin no gur dhein an Dochtúir Diadha Ua
Muireadhaigh sagart de Domhnach Cásca i mbliadhain a 1814. Ní raibh sé a cheithre bliadhna ficheadh d'aois nuair a cóimhlíonadh an gheallamhaint a thug sé dá mháthair i n-a óige. Thug sé a chéad seanmóin uaidh i n-a pharóiste dhúthchais i dTiobraid Árann. B'é Soiscéal an Domhnaigh áirithe sin ná gur fusa do chamail dul tré chró snáthaide ná do'n fhear saidhbhir dul go flaitheas Dé. Thárla go raibh an fear ba saidhbhre 'san dútháigh ag éisteacht leis an tseanmóin. Fear mór reamhar do b'eadh é i dteannta dhó bheith saidhbhir. Casadh é féin agus an manach óg ar a chéile tar éis Aifrinn. "Táim an-bhuidheach díot, a Athair Tiobóid," ar seisean, "toisc an iarracht do thugais fé mó sháthadh tré chró snáthaide." Caib. II. Tosach a shagartachta. Ba ró-ghearr i n-a mhanach m'Athair Tiobóid gur seoladh é go Cill Choinnigh. Ní fuláir no gur thaithn so leis. Ní raibh aon dream eile ba mhó do chuir ag machtnamh ar Rígh na nDúl é ná na manaigh chneasta do bhí i gCill Choinnigh agus eisean i n-a mhac léighinn ann beagán bliadhan roimis sin. Bhí
sé féin i n-a mhanach anois 'san inead chéadna, agus manach ní ba charthann- aighe ní raibh ann riamh. Bhí cion is meas is urraim ag gach éinne air. Bhí meas fé leith ag daoinibh bochta air. Cár bh'iongnadh? Manach ní ba dhéirc- eamhla níor rug riamh ar scilling. Agus bhí sé chomh umhal cneasta is dá mba adhbhar naoimh é. Bhí sé ar fhear- aibh dathamhla na dúthaighe fé'n am soin leis. Bhí aghaidh agus crot air d'oirfeadh do naomh. Bhíodh sé ar siubhal ó ghlaodhach an choilligh go meadhon oidhche nach mór. Bhíodh sluagh timcheall a áruis faoistine ó dhubh dubh, agus bhí de dhóchas ag an bpobal as nár bh'iongnadh dá mbeadh éad ag daoinibh eile leis. Lá áirithe agus sluagh daoine ag feitheamh le faoistin d'fhagháil uaidh bhuail sagart de shagartaibh Chille Coinnigh fé dhéin an áruis mar a raibh an manach óg ag cómhairliughadh is ag cneasughadh na bpeacach. Shín an sagart litir isteach 'san árus chum an Athar Tiobóid. Léigh an tAthair Tiobóid í agus is é bhí 'san litir ná órdughadh ó'n easbog gan faoistin d'éisteacht 'san áit sin feasta. Amach leis an Athair Tiobóid ar an láthair sin, agus dubhairt sé leis an bpobul go gcaith- fidís dul go dtí sagart éigin eile mar go rabhthas tar éis cosc do chur leis féin. Deineadh 'san éagcóir,
leis, é. Do réir deallraimh d'innis duine éigin do'n easbog gur riar an tAthair Tiobóid amach an Chomaoine Naomhtha i n-a mhainistir féin le linn na Cásca. Ní raib san ceadtha ag aon Órd. Ní cheaduightear d'éinne acht do gnáith-chléir na háite an Chomaoine Naomhta do riaradh amach Domhnach Cásca. Gnás é seo go ngéilltear do i nÉirinn le fada. Agus níor dhein an tAthair Tiobóid a mhalairt. Acht cuireadh bréag air pé nidh ba bhun leis. Fuair an tEasbog amach i dtráth go raibh an éagcóir aige féin, ámhthach, agus bhí áithmhéile chroidhe air, nidh nár bh'iongnadh. Mheas sé a leath-scéal do ghabáil leis an Athair Tiobóid as ucht a raibh déanta; acht ní bheadh a thuilleadh bainte ag an Athair Tiobóid leis. B'é seo an dara feacht go raibh saghas easaontais idir an manach dúthrachtach agus cléir Mhaighe Nuadhat, agus ba mór an truagh é. Ní raibh aon ghábhadh leis an easonóir an taca so. D'fhéach an manach óg timcheall air annsoin féachaint cá bfaghadh sé inead oireamhnach. B'é toil Dé gur seoladh go Mainistir na gCapuisíneach i gcathair Chorcaighe é gan mhoill. An tAthair Art Ua Laoghaire is eadh do chéad-chuir an mhainistir bheag so ar bun. Ní raibh de chléir 'san mhainistir acht an tAthair Domhnall Ua Donnabháin
uachtarán agus an tAthair Tiobóid mar shagart conganta. Sagart breagh grádhmar déirceamhail do b'eadh an tUachtarán so. Ba dhóbair nár díceannadh i bPárais é le linn an Sceoin. Bhí sé istigh i gceart-lár sluaigh dhaortha ar bhruach an árdáin agus an ghramraisc ag magadh is ag gáiridhe faoi agus gan acht cúpla neomat eile le caitheamh ar an saoghal so aige. Acht thug oifigeach airm fé ndeara é, agus d'aithin air gur bh'Éireannach a bhí ann. "An iomdha Éireannach eile annso?" ars' an t-oifigeach. D'innseadh dó, "Seadh, scaoilfear saor sibh-se," ar seisean, agus scaoileadh. Tháinig an tAb abhaile go hÉirinn i gcionn tamaill agus bhí sé i n-a Shéiplíneach i gcarcair Chorcaighe feasta. Dá bhfagadh sé a rogha de bheartaibh deasa an domhain b'é seo an ceann ba mó thaithnfeadh leis fé'n dtráth úd. An scriosadh agus an milleadh do chonnaic sé i bPárais níor ghlanadar as a chuimhne go bráth, agus ní raibh éinnidh eile ba mhó thug sólás dó ná daoine mí-ádhmharacha do bhí le crochadh d'ull- mhughadh i gcómhair a mbáis. Is aindeis an treo bhíodh ar chuid aca so, ní gábhadh a rádh. Ba mhinic do b'éigin dó a léine féin do chur ar dhuine bhocht aca i gcuma is ná beadh crot millte air ag dul ar árdán a
bháis. Dá bhrigh sin ba mhinic a bhí sé féin agus gan aige acht an t-aon léine amáin. Nuair tháinig an tAthair Tiobóid chuige b'éigin do'n Athair Domhnall éadach leabthan do sholáth- airt i n-a chómair ar iasacht. Mar a chéile b'éigin dó cleas grinn d'imirt ar chómhursain chum dínéar an chéad lae d'fhagháil do'n Athair Tiobóid. Tá athrugadh mór tagtha ar an saoghal ó shoin, agus ní miste é. Níor bh'iongnadh báidh do bheith ag an mbeirt manach le chéile sara fada agus so amhlaidh. Ní raibh an tUachtarán ró-dhathamhail ar fad; acht bhí sé díreach déirceamhail fáilteamhail, agus b'shin iad na tréithe do thaithn leis an Athair Tiobóid. Fé'n am soin ní raibh ag cur cúraim ar an Uachtarán acht ineall ceoil do soláthairt i gcómhair a shéipéil. Soláthruigheadh an t-ineall dó lá, agus, má bí áthas fé leith riamh air éinne, is ar an Uachtarán do bhí sé dá bharr so. Acht, fóirior! d'imir an t-ineall céadna cleas greannmhar air an chéad Domhnach le linn Aifrinn : i n-inead ceol diadha do sheinnim do sheinn sé fonn grinn nár airigeadh a leithéid fé dhíon séipéil riamh roimis sin ná ó shoin i leith. Acht da dhonacht é an t-ineall iasachta dhein sé a chion féin i dtráth, agus ní móide scéal de ná gur bh'é ba bhun leis an mhuinghin do bhí
ag an Athair Tiobóid féin as an gceol ní ba dhiadhnaighe. Níor bh'fada do'n Athair Tiobóid i gCorcaigh no go raibh an sluagh chomh ceanamhail air is mar bhíodar i gCill Choinnigh. Tá sé i mbéalaibh Gaedheal fós dá dtiócfadh tuatach ó Iarthar Chiarraidhe le ualach ime go margadh Corcaighe ná fillfeadh sé abhaile gan faoisidin d'fhagháil ó'n Athair Tiobóid. Dá bhrigh sin d'fhoghluim sé an Ghaedhealg i gcuma is go dhtuigfeadh sé faoisidin na dtuatach go soiléir is go mbeadh sé i n-a chumas teagasc is cómhairle leasa do thabhairt do lucht labhartha na Gaedhilge. Cár bh'iongnadh dóchas ag daoinibh simplidhe as? Agus do bhí dóchas as ag óg is aosta ag bocht is saidhbhir, agus cár bh'iongnadh so féin? Caib. III. Aicíd is galar is dobhrón I mbliadhain a 1817 thárla Droch- aicíd mhillte i gcathair Chorcaighe. Is iomdha duine d'fhágadh ar fleasc a dhroma leis an aicíd chéadna. D'fhág sé an t-ógánach i n-a luige chomh maith leis an seanduine, agus iad so na raibh i n-a luighe bhí scannradh saoghail ortha. Le linn na haicíde sin ní raibh
i gCorcaigh fear eile, ba chuma tuatach no liaigh no sagart é, d'oibrigh chomh dúthrachtach ar son na n-othrach is mar dhein an tAthair Tiobóid. Bhíodh sé ag gluaiseacht ar a dhicheall ó ghlaodhach an choilligh gach maidean, agus pé áit dá dtéidheadh sé bhíodh sólás agus leaghas i n-a threo. Fé'n am go raibh scartha aca leis an éagcruas soin ba bheag duine i gCorcaigh ná déanfadh rud ar an Athair Tiobóid dá n-iarradh sé ortha é. Agus is é d'iarr. Go deimhin níor bh'fhéidir leis é féin d'iomchur gan obair éigin fóghanta do bheith ar siubhal aige i gcómhnuidhe. Chuir sé scoileanna céard ar bun i gcómhair na n-ógbhan. Na hógánaigh agus na buachaillidhe do thagadh go dtí n-a mhainistir de ghnáth do dhlúith- cheangail sé i n-aon bhuidhin amháin iad. Chuir sé Cumann ar bun dóibh i mbliadhain a 1819. Cumann Seosaimh a thug sé mar ainm air seo. Sholáthruigh sé leabharla bhreagh dhóibh, agus léirigh sé dhóibh cionnus a thiocfadh leo maitheas do dhéanamh dá chéile i slighe is go rabhadar uile bocht saidhbhir eolach aineolach, ag cabhrughadh le chéile ar a ndicheall. An bhliadhain i n-a dhiadh san .i. bliadhain a 1812, cailleadh an tAthair Domhnall, agus do bhí de bhrón chroidhe ar an Athair Tiobóid i n-a dhiaidh ná féadfadh sé éinnidh do
dhéanamh acht bheith ag osnadhghail agus ag sileadh deor de ló is d'oidhche. Lá de sna laetheantaibh agus é ag brughadh a bhróin leis féin cois na teine shaoil sé go ndubhairt duine éigin leis go raibh buidéal dighe 'san gcófra agus go leaghasfadh san é. Phreab sé ar a bhonnaibh agus d'fhéach sé timcheall air, acht ní raibh éinne i n-a ghaor. Amach leis agus níor staid sé de'n stáir sin chum gur aimsigh sé a dhuine muinnteardha an Déin Ua Coilleáin. D'innis sé do'n Déin cionnus mar thuit amach. "An deamhan, a chroidhe! an deamhan," ars' an Déin. "Má's eadh," ars' an tAthair Tiobóid i n-a aigne féin, "ní hé an buidéal dighe a leaghasfaidh mise acht dian-obair." Agus seo ag dian-obair arís é láithreach. Bhí go leor le déanamh i n-a thimcheall. Níor mhór scoileanna céard na n-ógbhan d'fhairsingiughadh is do chur i bhfeabhas. Deineadh so. Bhí buidheanta ionnta i gcómhair léighinn; agus i dteannta an léighinn múineadh fuagháil agus obair snáthaide ionnta. Bhí tuarastal maith le fagháil as an obair seo. Bhí dá chéad ógbhan agus trí chéad cailínidhe 'san scoil i mbliadhain a 1824. Léirigheann so dhúinn, fé mar léirigh na scoileanna oidhche ní ba dhiadhnaighe, is mar léirigheann buidheanta Chonnartha na
Gaedhilge anois go raibh fonn riamh ar Ghaedhealaibh iad féin do chur chum cinn i gcúrsaíbh léighinn agus céarduidheachta dá mbeadh dul aca ar scoileannaibh. Léirigheann sé leis dúinn gur mhaith dob' eol do'n Athair Tiobóid so cé ná raibh aon chuimhneamh ar Chonnradh na Gaedhilge an uair úd. Fóirior, rug adhbhar eile bróin ar an Athair Tiobóid annsoin. Bhí a dhearbhratháir óg i n-a chómhnuidhe le n-a chois, agus bhí cion an domhain ag an mbeirt ar a chéile. Acht chuir an t-ógánach roimis féin dul go Deisceart Aifrice, agus ní ghéillfeadh sé d'éinne gan bailiughadh leis. Níor ró-fhada imthighthe é gur cailleadh i mBádh Beinin é i n-aois a shé bliadhna déag. D'fhág so go dobhrónach an tAthair Tiobóid, mór-mhór ó ba rud é gur fhág a máthair an dearbhratháir óg fé n-a chúram ar leithligh. Níor chuir an dobhrón é gan mórán maitheasa do dhéanamh dá phobul is dá chómharsanaibh an uair úd, ámh, agus is aca do bhí géar-ghábhadh le n-a chongnamh. Cuireadh dlighe ar bun i mbliadhain a 1825 agus do réir na dlighe sin ní fhéadfaidhe Caitliceach do chur 'san úir gan cead d'fhagháil ó'n gcléir Ghallda. Thug an Déin Gallda MagAoidh iarracht fé'n dlighe seo do chur i bhfeidhm i gCorcaigh lá dá raibh an Déin Urramach Ua
Coilleáin ag léigheamh paidreach ós cionn uaighe i gCill FionnBharra; acht sin a raibh aige dá bharr. Thug Déin na gCaitliceach freagra fir ar Dhéin na nGall, agus chuir san cosc le n-a eirghe i n-áirde. Rud eile, agus níor dhona nidh ná é: ní fhéadfaidhe corp do chur gan cáin trom do díoghal as, agus ní gábhadh a rádh go mbíodh sé dian go leor ar bhochtaibh an t-airgead do sholáthairt i gcómhair na cánach so. Chuir an tAthair Tiobóid deireadh leis an mbuadhairt ar fad. Cheannuigh sé stráice bláthmhar talmhan i mbliadhain a 1826, agus leag sé amach i n-a láthair cille é. Ós soin amach ní bhíodh air éinne cáin uaighe d'íoc, agus níor chuir Gaill sainnteacha isteach riamh ó shoin ar adlacadh na gCaitliceach i gCorcaigh. Um an dtaca so bhí an tAthair Tiobóid i n-a sheanmónuidhe río- bhlasta. Thagadh na sluaighte ag éisteacht leis, agus, mór-mhór, dá mbeadh sé ag seanmónuidheacht ar mhaithe le adhbhar éigin déirce. Bhí sé féin ar na fearaibh ba dhéirceamhla beo. Ní dócha gur eitigh sé duine riamh fé bheagán conganta. Níor bh'é sin amháin. Ní raibh aon iongnadh acht a mbíodh de daoinibh ag brath air: daoine gur dhual dóibh bheith bocht dealbh, daoine bhí go maith 'san tsaoghal tráth, no clann a leithéididhe,
lucht oibre agus a murgail, daoine thagadh a bhfad ó bhaile chum faoisidin d'fhagháil uaidh, agus mar soin de. Bhíodh súil aca go léir le cabhair ó'n Athair Tiobóid, agus níor mhiste dhóibh. Ní raibh i n-a shaothar ar fad acht neimhnidh go háirithe i gcomórtas le n-a raibh le teacht. I mbliadhain a 1832 bhris an galar buidhe amach i gcathair Chorcaighe. Tháinig scannradh báis ar mhuinntir na cathrach, agus níor bh'iongnadh san. Do leath an aicíd ó dhuine go duine ó thigh go tigh ó sráid go sráid, anonn is anall, soir siar. Ba chonntabharthach an saogal ag an gcléir é, agus ba dhian. Bhí na sagairt ag obair moch diadhnach mar ar chéad- bhris an aicíd amach. Níor leor a ndicheall, ámh. Bhí na daoine ag tuitim i n-a sluaightibh, agus níor bh'fhuláir gan eagla ar an gcléir ná féadfaidhe iad go léir d'ullmhughadh i gcómhair a mbáis. Ní raibh aon bhaint ag an Athair Tiobóid leis an gcuid de'n chathair mar a raibh an aicíd i dtosach. Ba chuma san. Bhí obair Dé le déanamh agus níor dhual do'n mhanach bheith díomhaoin agus san amhlaidh. Seo fé dhéin an tsagairt paróiste dá thoil féin é. Bhí fáilte roimis, ní call a rádh. Chuidigh sé go dicheallach leis an sagart paróiste agus le n-a lucht chonganta no go
raibh an aicíd ag déanamh an donais mór-dtimcheall a mhainistreach féin agus ar fuid na cathrach ar fad. Dá mhire é gluaiseacht na haicíde, ámhthach, ba mhíle mhire fós é gluaiseacht an Athar Tiobóid. Ní túisce bhuaileadh an aicíd ball áirithe ná eisean ann leis. Ba mhíorbhúilteach ar fad an obair a dhein sé. Bhíodh sé cois leabthan an bháis ag ullmhughadh othair i gcómhair an bhóthair fhada anois, abair, agus láithreach baill bhíodh sé ag cur a chómhbhróin i n-umhail do'n bhaintreabhaigh óig agus ag cabhrughadh le n-a díleachtaíbh d'aon iarracht. I gcionn neomait eile b'fhéidir gur ag cur gach nidhe i gcóir i n-otharlain a bheadh sé. Dhein sé obair mheithle de ló is d'oidhche. Ba dhóigh le duine go mbíodh sé annso is annsúd, thall is i bhfus 'san am chéadna. Níor leor leis obair an lae do dhéanamh go dicheallach déirceamhail neimh-eaglach gan é chur mar chúram air féin fuireach i n-othar- lain mhóir ó mheodhan oidhche go breacadh na maidne agus san do dhéanamh gach oidhche. Oidhche áirithe tugadh othar amach go tigh na marbh as an otharlain. Shaoil lucht freastail na hotharlan go raibh sé marbh, acht ní raibh. I gcionn tamaillín mhothuigh an tAthair Tiobóid imthighthe é mar go raibh suim fé leith aige 'san othar so. Seo amach go tigh na marbh ar a lorg
é. A leithéid de radharc is mar chonnaic sé annsúd i ndeireadh na hoidhche! Fuireann daoine ar leath- mheisce agus iad ag obair ar a ndicheall, carnán corp ós a gcómhair agus iad ag casadh na gcorp, i mbraitlinníbh agus dá sáthadh isteach i gcómhrannaibh cumhanga; soighthigh de tharra leaghta taobh leo agus iad ag dortadh an tarra so ar na corpaibh d'fhonn is máthair no eochair na haicíde do scólladh glan. Ní féidir cur síos go soiléir ar radharc dá leithéid. Acht istigh i lár na gcorp bhí an t-othar so go raibh an tAthair Tiobóid ar a lorg. Chonnaic sé láithreach é. "Ní éagtha fós dó," ar seisean, ag déanamh air anonn. Agus níor bh'eadh, cé ná raibh ann méar do bhagairt ná oiread is gíog do chur as. Tugadh thar n-ais go dtí an otharla é dá aindeoin san féin; ba ghearr go dtáinig sé chuige féin beagán; agus ó'n neomat soin amach bhí sé ag dul i bhfeabhas agus i bhfeabhas no go raibh a shláinte aige fé dheireadh chomh maith is mar bhí riamh. Níor theip ar an Athair Tiobóid cómhairle do thabhairt d'fhuirinn na hotharlan de dheascaibh an ghníomha so; agus ó'n oidhche úd amach ní raibh duine 'san otharlain ná lasmuigh dhi, ba chuma liaigh no fear conganta é, no buime, ná raibh chomh dúthrachtach aireach
is mar bhí an tAthair Tiobóid féin. Agus níor staid seisean dá dheagh- obair go dtí go raibh an chathair gan rian de'n aicíd ann. Caib. IV. Teacht na measardhachta. Ní raibh aon chur síos ar an meas a bhí ar an Athair Tiobóid as ucht ar dhein sé le linn an Ghalair. Bhí meas ag gach éinne air, ba chuma cad é a gcreideamh no a dtuairim no a stáid. B'é rogha na bhfear agus rogha na manach é i dtuairim gach éinne. Agus, dar ndóigh, níor bh'iongnadh é ar lucht ceannais Tighe na mBocht i gCorcaigh. Is beag ná raibh cúrsaidhe an tighe seo chomh dona is mar bhíodh cúrsaidhe na n-otharlan roimis sin. Ní raibh aon tseodh acht bochtaine agus aindeise na ndaoine ann. Ceárduighthe do b'eadh cuid aca so no gur beir an lá cruaidh ortha; tuataigh ghalánta do b'eadh cuid aca tráth: bhí gach saghas duine le fagháil i dTigh na mBocht agus an iomad aca ann mar leis sin de. Is níor bh'fhada an mhoill ar an Athair Tiobóid a dhéanamh amach gur dúil 'san ól ba bhun le aindeise a n-urmhór. Thiomáin an t-ólachán go Tigh na mBocht na sluaighte aca, d'fhág
sé mórán aca i gcarcair agus i dTigh na nGealt féin. D'fhág sé na céadta teinteán go dealbh anacrach, mór-mhór i sna bailtibh móra, agus is minic a dhein sé fear buile de'n tuatach simplidhe agus gan dúil na spéis i n-éinnidh ar domhan aige acht troid is tuaiplis is achrann millte. Is minic a chuireann duine mar cheist air féin cad ba bhun leis an gcraos mhí-ádhmharach do bhí ar mhuinntir na hÉireann 'san tsaoghal úd. Ní'l amhras ná gur dhein an daor-bhruid agus an cruadhtan agus an dubh- uaigneas a gcuid féin de. D'fhág na Dlighthe Pianamhla gan léigheann gan misneach gan caitheamh aimsire urmhór ár sínsear le sna céadtaibh bliadhan; agus ní raibh le déanamh aca dá dheascaibh acht aithris do dhéanamh ar bhéasaibh Gallda. Ní raibh árus cruinnighthe ná inead cruinnighthe aca acht i dtigh an tábhairne. Chuireadh an biotáille agus an chuideachta adhbhar bróin as a gcuimhne an fhaid is bhídís bog súgach, is, fóirior géar, chuireadh breis dhroich-bhiotáille go ro-mhinic ar buile iad. Droich-bhiotáille is bun le dhá dtrian a dheintear de dhroch- obair ar fuid na dúthaighe gus indiu féin, agus is ró-dheimhin gur amhlaidh do'n scéal le fada fada. Níor bh'fhéidir an droich-bhiotáille do sheachaint, ámh, an fhaid is bhí na daoine
bochta agus gan inead coinne aca acht i dtig an tábhairne. Mar, bíodh a fhios ag cách nach féidir Éireannaigh do dheaghailt ná do choimeád ó chéile coitchianta: bhíodar ro-thugtha ar chuaird is céilidh ar chuideachtain is ar sheanchuidheacht ó thúis. Is léir ó n-a bhfuil ráidhte go raibh cruinn-eolas ag an Athair Tiobóid ar an tubaiste do bhí ar siubhal de bharr an ólacháin sul ar chrom sé dá ríribh ar an obair do dhein sé i n-a choinne fé dheoidh. Bhí dóchas ag gach dream is aicme as, ba chuma cá ndeinidís Dia do mholadh is ba chuma cad é a slighe 'san tsaoghal. Dá bhrigh sin bhí Sasanaigh is Caocairidhe agus Giúdaidhthe, Easbuig Ghallda, flatha Gallda, deaghmhná agus mar soin dóibh ar a lucht caidrimh. Bhí togha na haithne aige ar Chaocaire dhúthrachtach de Chaocairíbh Chorcaighe 'san am soin. Liam Máirtín do b'ainm do so. Casadh Liam agus an tAthair Tiobóid go minic ar a chéile mar go rabhadar araon ar Chomhdhaltas Tighe na mBocht. Bhí baint ag Liam le Cumann na gCarad! Cumann Gallda do b'eadh é; acht ba chuma san, dar ndóigh! Bhí daltaidhe an Chumainn ar a ndicheall i gcoinne an ólacháin le bliadhantaibh roimh ré, cé nár ró-mhaith d'eirigh leo i n-aon chor chum gur casadh Liam Máirtín agus an
tAthair Tiobóid ar a chéile lá. "Tá a fhios ag an saoghal gur dheinis- se cion fir i gcoinne na droch-aicíde tamall ó shoin" arsa Liam leis an manach. Tá aicíd chomh dona céadna i n-ár láthair anois, - is é sin an mheisce, - agus is fada, fada tá sé ag rith orm gur tusa an t-aon fhear amháin i nÉirinn a leaghasfadh é dá gcuirfeá chuige. Ó, i gcunntas Dé ná heitigh sinn, a bhráthair ghrádhmhair ná dein san." Níor dh'eitigh is níor ghéill ar an láthair sin, acht chuir athchuinge an Chaocaire ag dian- mhachtnamh é, agus ba ró-ghearr gur chuir sé i n-a luighe air féin nár mhaith an mhaise air gan géilleadh dhó. Agus do ghéill go fonnmhar fé dheoidh, cé go raibh sé a sheacht mbliadhna agus dá fhichid d'aois fé'n am soin. Agus mór-mhór lucht déanta biotáille do b'eadh a ghaolta féin, agus bhí a ró- fhios aige go gcreachfaidhe iad de dheascaibh na hoibre do bhí curtha roimis aige. Pé scéal é tháinig tionól i gceann a chéile an deicheamhadh lá de mhí an Abráin i mbliadhain a 1838. 'San scoil do chuir an tAthair Tiobóid féin ar bun fiche bliadhan roimis sin is eadh do tionóladh an cruinniughadh. Ní ró- mhór na daoine bhí láithreach, acht ba ró-éachtach an toradh fuarthas de bharr a gcómhairle. Do mhínigh an tAthair
Tiobóid féin do'n chuideachtain cad é bhí rómpa. Nuair bhí san déanta do ghluais sé fé dhéin leabhair do tharla 'san tseomra agus an geall i gcoinne an ólacháin scríbhte ann. "Seo linn i n-ainm Dé!" ar seisean, ag cur a ainme leis an ngeall. Do dhein trí fichid éigin duine amhlaidh i gcaitheamh an tráthnóna, agus cuireadh an deagh- obair ar siubhal de'n iarracht soin. Is maith an obair do dhein Liam Máirtín i dtosach scéil. Ba dheocair a dheimhniughadh do mhuinntir an tsaoghail úd go bhféadfaidís a ngnó do dhéanamh gan biotáille aca: samhluigheann sé dhúinn gur mar soin a bhí an scéal aca ar aon chuma. B'é an cúram ba mhó bhíodh ar Liam ná a léiriughadh do sna daoinibh so ná raibh gábhadh ag éinne leis an mbiotáille. "Cad a bhíonn le n-a ól ag an gcapall ráis de ghnáth?" adeireadh sé, ag cur ceiste air féin, mar dheadh. "Uisce!" adeireadh sé, ós árd, ag tabhairt freagra air féin. "Is cad a bhíonn le n-a ól ag an leomhan de ghnáth? Uisce, dar ndóigh! fíor-uisce. Tá dóthain an daonnaidhe is an ainmhidhe is an éin, tá dóthain gach éinne is gach éinnidhe 'san uisce. Is é an rud is tairbhighe agus is oireamhnaighe dhúinn go léir é; is é an rud is folláine agus is áiseamhla againn é. Ólaimís uile é mar soin,
agus i n-ainm Dé caithimís uainn an biotáille feasta." Agus is é thagadh as an gcómhairle de ghnáth ná go dtógadh gasradh daoine an geall ó'n Athair Tiobóid. Bhí go leor leor eile i gCorcaigh agus fonn ortha cuidiughadh leis an obair. Mara mbeadh so ní fhéadfadh an tAthair Tiobóid féin teacht ar an obair go léir ná i n-aon ghaor di. Leath a cháil is a chómhairle chomh mear le gaoith, agus ba ró-ghearr go raibh daoine ag teacht fé n-a dhéin i n-a sluaightibh dubha. I gcionn tamaill bhíodh a dhá dhóthain le déanamh aige agus an geall do thabhairt do sna sluaightibh so. Shaoil daoine go deimhin gur bhain draoidheacht no comhacht éigin le n-a láimh bhí lucht séanta an ólacháin chomh líonmhar is chomh dílis san. Ó'n ló leagadh sé lámh ar ghualain ortha is tearc duine aca bhlaiseadh an biotáille. Cár bh'iongnadh má cheapadar gur bhain comhacht thar na comhachtaibh leis? Cár bh'iongnadh má thagadh na sluaighte fé n-a dhéin gach lá? Cár bh'iongnadh má bhíodh a sheomra lán de pheacaidhthibh ó dhubh dubh agus gan dhe chúram ortha acht an geall do thógaint uaidh féin ar leithligh? Cár bh'iongnadh daoine ghá rádh go mbíodh boladh an bhiotáille ó n-a sheomra i gcómhnuidhe toisc a
dtagadh de lucht meisce chuige ar lorg a leasa? Ba mhinic cuid aca so go dealbh, leis. Thagadh cuid aca na mílte slighe ó bhaile, agus theastuigheadh an oiread conganta uatha is do bhéarfadh thar n-ais abhaile arís iad. Theastuigheadh cabhair ó sna peacaidhthibh uile no ó n-a n-urmhór mór pé scéal é. Agus pé áit go solátruigheadh an tAthair Tiobóid dóibh é is fíor-annamh a shín sé lámh fhollamh chum duine aca, má shín riamh, go deimhin. "Dá mbeadh sráideanna Chorcaighe clúdaigthe le clochaibh óir agus dá mba leis an Athair Tiobóid féin amháin iad," ars' a chléireach tráth, "ní bheadh oiread is púirín aca le fagáil i n-a inead féin, ná aon tuairisc air acht chomh beag, i gcionn bliadhna." Flaith na ndeagh-fhlath do b'eadh é ó bhaois go bás gan aon agó. Caib. V. Ag taisteal na tíre. Go luath i mbliadhain a 1839 shar a raib an obair trí ráithche ar siubhal bhí an geall tógtha ag dha chéad míle duine. Bhí cáil an Athar Tiobóid i mbéal gach éinne feasta, agus cuireadh mar athchuinge air turas do thabhairt ar bhailtibh móra eile na Mumhan.
Ní raibh ann éinne d'eiteach, agus níor thúisce an cuireadh faghta aige ná é ag a ullmhughadh féin i gcómhair an bhóthair. Cé gur bh'é Easbog Phortláirge an chéad duine i nÉirinn do thug cuireadh dhó b'é an chéad aistear do chuir sé dhe ná cuaird ar chathair Luimnighe. I ndeireadh mí Nodlag i mbliadhain a 1839 do thárla so. Bhí a dheirbhshiúr óg pósta ar bruach Sionann agus do chómhnuigh sé i n-a tigh siúd an fhaid is d'fhan sé i Luimnigh. Níor thaithneamhaighe leis aon chompórd eile ná tamall do chaitheamh i bhfochair a mhuinntire féin anois is arís. Acht dá thaithneamhaighe leis féin is le n-a dheirbhshiuir an sealad do chaith sé i Luimnigh níor bh'aon chaitheamh aimsire ná lá saoire ag eisean é. Bhí sé ag obair gan staonadh gan sos moch diadhnach go ceann cheithre lá, agus tháinig na céadta míle duine fé n-a dhéin ann ós gach árd. Ní call a rádh ná raibh súil ag ostóiríbh na cathrach le n-a ndeicheamhadh cuid. Dá bhrigh sin ní raibh adhbhar bidh ná gléas fritheála aca i n-a gcómhair, agus ba dhá dhóbair nár cailleadh mórán aca leis an ocras. Mara mbeadh flaitheamhlacht na ndaoine, idir chléir is pobal, bheadh an scéal go hait aindeis aca so do tháinig a bhfad ó bhaile, go deimhin. Ní bheadh deoch ná díon le fagháil ag a dtrian. Acht
b'é toil an Tighearna gur réidhtigheadh is gur socruigheadh gach nidh. Agus b'é toradh an turais céad go leith míle duine 'san mbreis do bheith snaidhmthe le Cumann an Athar Tiobóid. Ghluais sé ó Luimnigh go Portláirge annsoin agus chaith sé trí no ceathair de laetheantaibh ann ag míniughadh do'n phobal cad é bhí mar chúram ar a Chumann. Le linn na haimsire sin thug sé an geall do cheithre fichid míle duine. D'fhill sé ar Chorcaigh i gcómhair na Nodlag tar éis an geall do thabhairt do cheathramhadh milleoin duine i n-aon trí seachtmhaine amháin. Beag iongnadh gur chuir muinntear na cathrach fáilte is fiche roimis. B'fhollus fé'n am so do chách go raibh an Cumann le dul chum cinn, agus ba léir leis dóibh go mbainfeadh costas mór leis. Cheap an tAthair Tiobóid agus a lucht cómhairle gur mhaith an rud cártaidhe agus buinn do sholáthairt is do dhíol agus go mbainfidhe an oiread airgid asta súd is do ghlanfadh an costas. Bhainfidhe leis dá gcuirfidhe chuige i gceart i n-inead na buinn do roinnt i n-aiscidh ar na míltibh fé mar deineadh ó thosach scéil. Is beag uain d'fhágadh ag an Athair Tiobóid feasta chum beith ag machtnamh ar na nidhthibh so ámhthach. Shar a raibh ráith féin de'n bhliadhain
nuaidh caithte b'éigin dó dul go Biorra. Ní raibh aon iongnadh acht an sluagh do chruinnigh timcheall air annsúd. Dubhairt duine dá raibh láithreach gur chuir glór an ghasraidh sin fothram na fairrge i gcumhne dhó, agus ná raibh de rian mhór-chuise ar an Athair Tiobóid dá bharr acht an oiread is dá mba é an fear ba lugha cáil agus clú i n-a measc. I ndeireadh an Mhárta i mbliadhain a 1840 tháinig sé go Baile Átha Cliath agus is ar an Áirdeasbog Ua Muireadhaigh bhí an t-áthas toisc a bheith i n-a chumas fáilte do chur roimis. B'é an tÁirdeasbog so féin do dhein sagart de sé bliadhna fichead roimis sin. Cár bh'iongnadh mórdháil air um an dtaca so agus an tAthair Tiobóid ar na fearaibh do b'fhearr cáil i nÉirinn. Óir ní raibh i nÉirinn fear eile go raibh an oiread ionntaoibhe ag an sluagh as. Shaoileadar go bhféadfadh sé gach nidh do dhéanamh, fiú na miorbhúiltidhe féin. Tháinig mairtínigh agus daoine leonta fé n-a dhéin i mBaile Átha Cliath agus súil aca go leaghasfadh sé a gceasnaidhe: b'éigin do a dheimhniughadh dhóibh ná raibh a leithéid de chomhacht aige, gur fé Dhia amháin a bhí an leaghas soin, agus ná raibh le déanamh aige féin acht a bheannacht do thabhairt dóibh. Shásuigh san iad uile; agus tháinig na Sasanaigh féin
ar lorg a bheannachta. Tháinig sluagh de mhacaibh léighinn Colláiste na Trionóide agus thógadar an geall uaidh, agus dhein céad ban amhlaidh i mBaile Átha Cliath amháin. Mar bharr ar gach nidh thug sé seanmóin uaidh ar mhaithe le tigh de tighthibh na ndíleachtaidhe agus fuarthas trí no ceathair de chéadtaibh púnt mar thoradh ar an tseanmóin. B'é críoch an scéil gur chuir an turas so daoine ag cainnt i dtaoibh an Athar Tiobóid ar fuid na dTrí Ríoghacht. I n-aon dá bhliadhain amháin tugadh dá mhilleon duine fé chomairce a Chumainn. Mar is gnáthach bhí daoine ag tnúth leis annsoin. Bhí éad aca leis agus dubhairt cuid aca go raibh sé ag déanamh saidhbhris as a shaothar. Ní fuláir no gur chuir so fearg mhór air. B'é fírinne an scéil go raibh a chuid oibre ag creachadh a ghaolta is a mhuinntire féin agus ag lot a shláinte is ag follmhughadh a sparáin. Acht má bhí daoine áirithe ag cúl-chainnt is ag cur éithigh air bhí daoine eile, is mór-chuid aca, go buidheach de. Is iomdha slighe gur cuireadh so i n-umhail. Thárla sean-eaglais na gCapuisíneach i gCorcaigh do bheith ró-chumhang do'n phobul a thagadh ag éisteacht leis an Athair Tioboid. Bhí an pobal soin ag dul i líonmhaire ó sheachtmhain go céile, go deimhin, agus chonnaic sé go gcaith-
feadh sé an eaglais do mhéidiughadh agus maise do chur uirthe ar chuma éigin. Níor mhór airgead chuige seo. Uair dá raibh sé i mBaile Átha Cliath chuaidh sé fé dhéin Sheoirse Mhic Ghiolla Ruaidh fear déanta biotáille agus d'iarr síntiús air i gcómhair dheise na heaglaise. "Seadh, a Athair Tiobóid," arsa Seoirse leis, "ní'l ar thalamh an domhain fear gur mó díoghbháil déanta aige orm ná mar tá déanta agat-sa; acht, dá mhéid é an díoghbháil sin, maithim duit é as ucht a bhfuil déanta agat ar son ár dtíre." Agus thug sé an síntiús dó. Mar a chéile le lucht déanta beorach is biotáille i gCorcaigh. Bhí móir-mheas aca súd leis air. Bhí meas is urraim air ag muinntir Mhurchadha is ag muinntir Dhálaigh is ag a lucht caidrimh i gCorcaigh agus i ndúithchíbh eile. Bhí meas air ag íseal is ag uasal, ag an ndream do b'aoirde cáil i nÉirinn is i dtíorthaibh nach í, ba chuma cad é a gcreideamh. Thagadh na daoine ba mhó comhacht agus cáil ar fuid an domhain go dtí n-a sheomra beag i gCorcaigh. Cé go dtagaidís ba bheag rian a bhí ar an seomra céadna acht rian dealbhais agus umhlachta. Gach nidh dá mbíodh aige agus mórán eile go deimhin roinneadh sé ar na bochtaibh é. Daoine bhíodh ag siubhal rómpa agus ar lorg déirce ní raibh ann riamh iad
d'eiteach. B'éigin dá mhuinntir cuidiughadh leis go minic: mara mbeadh gur dheineadar ní thiocfadh leis imtheacht ó áit go háit ar fuid na dúthaighe do réir mar thugtaidhe cuireadh dhó agus an déarc do roinnt go raidhseamhail 'san am chéadna. Níor bh'fhada ag obair i n-aghaidh an ólacháin é gur léirigheadh dó gur mhór an nidh dhó dá mbeadh sagairt is cléir na hÉireann go fonnmhar ar a thaoibh. Dá bhrigh sin is air a bhí an t-áthas ag dul go Colláiste Mhaighe Nuadhat dó i gcorp an tsamhraidh i mbliadhain a 1840. Thug sé óráid uaidh ag an gColláiste agus b'é bhí aige dá bharr ná gur thóg ochtar ollamh agus dhá chéad go leith mac léighinn agus chúig míle déag ar fhichid de mhuinntir na dúthaighe sin an geall uaidh. Bhí Diúc Laighean i n-a chómhnuidhe 'san dúthaigh agus thug sé cuireadh chum a thighe féin do'n Athair Tiobóid. Agus nuair thug an tAthair Tiobóid cuaird air ní mó fáilte chuirfidhe roimh rígh ná mar cuireadh roimis. Chuir na nidhthe so árd-anam agus árd-fhuinneamh ann. Bhí dóchas aige go ngéillfeadh muinn- tear na tíre go léir do ó thárla muinntear Mhuighe Nuadhat chomh mór san ar a thaoibh. Ba dhúthrachtaighe anois ná riamh é. Shiubhail sé síos suas soir siar. Bhí an oiread fáilte ag Gallaibh Uladh roimis is mar bhí ag
bádóiríbh Locha Léin. Dhein sé daoine muinnteardha dhó féin thall is i bhfus is níor bh'iongnadh é. Dhein a cháil daoine muinnteardha dhó i ngach ball roimh ré. Dhein a chainnt is a chómhairle daoine muinnteardha dhó. Dhein a umhlacht is a fhlaitheamhlacht daoine muinnteardha dhó; dhein a ghliocas daoine muinnteardha dhó. Agus géilleadh dá chómhairle agus fáiltigheadh roimis bha chuma cár ghaibh sé. Bhí na Gaill chomh ceanamhail sin air i nDoire Chuilm Cille gur chuireadar moill trí lá air. B'é an scéal céadna i Leith Mogha é, ní gábhadh a luadh: chuirtidhe moill air annsúd go minic leis. Maidean dá raibh sé ag dul ar charáiste na litreach tré Bhaile Átha Í i gCill Dara d'airigh muinntear na háite go raibh sé ann. Seo na sluaighte timcheall air agus níor thugadar sos neomait dó acht é ag riaradh geall ortha agus ag a mbeannachadh go ceann chúig n-uaire chluig. Cuireadh a fhaid sin de moill ar charáiste na litreach; acht ní raibh leaghas ag an Athair Tiobóid air. Ní bheadh daoine gnóthacha mór- chúiseacha sásta, ámhthach, gan bheith ag gearán mar gheall ar an mhoill do cuireadh ar litreachaibh an tsluaigh, agus dubhairt cuid aca nár cheart marcaigheacht do thabhairt dó ar na caráistíbh sin go bráth arís. Acht is é
an freagra do thug an Puirséalach, an fear gur bha leis na caráistidhe, ortha ná marcaigheacht do thabhairt i n-aiscidh do'n Athair Tiobóid ós soin amach. Bhí a leithéid eile de charáistíbh ag Bianconaí 'san am soin; agus nuair d'airigh Bianconaí cad a bhí déanta ag an bPuirséalach do dhein sé féin amhlaidh. B'é tháinig as ná go raibh marcaigheacht i n-aiscidh ar fuid na hÉireann ag an Athair Tiobóid chomh fada is chomh minic is ba mhian leis é ós soin amach. Caib. VI. Na buidheanta is a gcomhacht. Bhí dóchas mór ag an Athair Tiobóid as buidheantaibh ceoil i gcómhnuidhe. Cad i n-a thaoibh ná beadh? Chruinnigh- eadh an ceol na daoine le chéile dhó, mór-mhór ar fuid na tuatha, agus nuair a bhídís bailighthe os a chómhair dheimhnigheadh sé féin dóibh go mb'fearra dhóibh an t-ól do shéanadh. Is baoglach ná tuigtear comhacht an cheoil i nÉirinn i n-aon chor fé láthair. I sna bailtibh móra bíonn cluasa na ndaoine bodhar tuirseach ó fhothram na sráideann, agus is minic ná taithneann an ceol féin leis an gcluais tuirsigh. Acht amuig fé'n dtuaith bíonn cluasa
an tsluaigh go géar aireach aibidh fonnmhar i gcómhnuidhe, bíonn dúil aca i gceol agus bíonn fáilte aca roimis is cuma olc maith é. Dúisightear na daoine as a suan le ceol agus baintear preab as a bhféitheannaibh. Thuig an tAthair Tiobóid so go cruinn agus dhein sé lán-úsáid de comhacht an cheoil dá réir sin. Ba mhór é a dhóchas, leis, as seomraíbh le haghaidh léightheoireachta. Dá brigh sin cuireadh seomraidhe de'n tsaghas so ar bun chomh tiugh is mar leathadh géaga a Chumainn. Thuig sé fé mar thuigeann muinntear Chonnartha na Gaedhilge anois nár bh'fhuláir adhbhar grinn is caitheamh aimsire do sholáthairt do sna daoinibh shara bhféadfaidhe iad do chur ar bhealach a leasa. Thuig sé nár mhór inid choinne do sholáthairt dóibh seochas na tighthe tábhairne. Choimeád sé a Chumann deaghailte ó lucht polaitíochta is ó thuaiplis i dtaoibh cúrsaidhe creidimh amhail is mar deintear le Connradh na Gaedhilge anois. Ar nós Chonnartha na Gaedhilge leis bhí ionntaoibh aige as ár dteangain dúthchais, agus, cé gur bh'fhánach duine go raibh aon fhonn air an Ghaedhealg do chlódhbhualadh 'san tsaoghal úd, thug an tAthair Tiobóid síntiús beag uaidh i gcómhair craobhscaoilte Leabhair Urnaidhthe an Athar Furlong nuair a
bhítheas ar tí an leabhar soin do chéad- chur i gclódh. Ní'l d'ainmneachaibh sagart ar áireamh na ndaoine do thug airgead i n-a chómhair roimh ré mar seo acht ainm an Athar Tiobóid agus ainm an Áirdeasbuig dhílis Eoin MacÉil. Ní gábhadh a luadh go raibh ar an Athair Tiobóid na buidheanta ceoil do chothughadh no mórán airgid do bronnadh ar a lucht treortha ar an gcuid ba lugha dhe. Na seomraidhe mar a mbíodh a lucht leanamhna ag léigheamh agus ag seanchuidheacht bhíodh air airgead do thabhairt i n-a gcómhair so leis. Bhíodh air na buinn do tabhairt i n-aiscidh do sna míltibh i dteannta an scéil. Níor bh'iongnadh gur admhuigh gach éinne gur adhbhar taoisigh a bhí ann. Níor bh'iongnadh sluaighte móra ag coisidheacht agus ag cóimhshiubhal mar onóir dó pé áit dá dtéidheadh sé. Agus b'fhéidir nár bh'iongnadh gur tháinig eagla ar lucht treortha Chaisleáin Átha Cliath roimh a Chumann is roimh imteachtaibh an Chumainn. Pé scéal é cuireadh barántas amach i mbliadhain a 1840 ag bagairt ar lucht leanamhna an Athar Tiobóid iad féin d'iomchur do réir na dlighe. Níor ghábhadh é. Fé mar admhuigheadh 'san bharántas féin agus i Seanaid na dTighearnaidhe i Lunndain is é tháinig
coitchianta de bharr na gcóimhshiubhal a tionóladh fé chomairce Chumainn an Athar Tiobóid ná síothcháin is rath i n-inead buaidheartha is an mhí-áidh. Dá bhrigh sin is amhail a bhí cóimhshiubhalta an Chumainn ag dul i líonmhaire ó ló go ló agus an dúil 'san mbraon agus 'san achrann ag dul i ndísc agus i laighead dá réir. Cé gur tugadh ós cionn dhá mhíle déag geimhleach i láthair na gCúrt ar fuid na hÉireann an bhliadhain do thosnuigh an tAthair Tiobóid ar a chuid oibre níor tugadh an deich míle féin i láthair na gCúrt trí bliadhna ní ba dhiadhnaighe. Díbrigheadh ós cionn naoi gcéad geimhleach as Éirinn an bhliadhain do thosnuigh sé, níor dhíbrigheadh acht sé céad go leith éigin geimhleach trí bliadhna ní ba dhiadhnaighe. D'óladh ós cionn dhá mhilleon déag gallún biotáille i nÉirinn an bhliadhain do thosnuigh sé; trí bliadhna ní ba dhiadhnaighe níor óladh acht beagán ós cionn sé milleon gallún. B'shin cuid de thorad a shaothair i gcionn trí mbliadhan; agus, mar bharr air sin, laighdigheadh an cháin a bhí ar an mbiotáille ó 1,434,573 púnt airgid go 864,725 púnt. Acht do réir mar díbrigheadh an biotáille scaoileadh isteach an téa is an siuicre agus bhí cáin trom orta so chomh maith. Cé gur lugha conntabhairt a bhaineann le
téa ná le biotáille is baoghlach go bhfuil an iomad droich-théa dá ól i nÉirinn riamh ó shoin agus gurab é an téa céadna is bun le mór-chuid de'n ghealtacht atá i nÉirinn le fada. Is é an tslighe gur dhein Éireannaigh an dearmhad an uair úd ná gan leanamhaint do'n bhiadh is do'n digh ba ró-dhual dóibh. Acht ní fáidh gach abstal: "ní bhíonn saoi gan locht;" agus, fé mar adeir an sean-focal is furaiste na cártaidhe d'imirt an uair a bhíd ar an gclár. Caib. VII. I nAlbain is i Sasana. Chítear anois gur mór an feabhas a bhí tagtha ar chúrsaíbh na tíre de bharr saothair an Athar Tiobóid i gceann trí mbliadhan. I mbliadhain a 1842 tionóladh i gCorcaigh ceann de sna cóimhshiubhaltaibh ba mhó dá bhfeacathas i n-aon bhall riamh roimis sin. Bhí céad míle duine agus ós cionn dá fhichid buidhean ceoil láithreach. Tháinig Domhnall Ua Conaill ann, agus thóg sé an geall ó'n Athair Tiobóid i láthair an tsluaigh luthgháirigh sin. Daoine go raibh éad aca leis an Athair Tiobóid agus le n-a Chumann mheasadar a dhéanamh amach dá
deascaibh seo go raibh baint aige le polaitíocht. Deintear amlaidh le Connradh na Gaedhilge fé láthair. Acht bhí an tAthair Tiobóid ró-ghlic ró- fhonnmhar, bhí a chroidhe ró-mhór 'san obair, agus ní eirgheochadh le héinne bréag do chur air i láthair an phobuil. Tuigeadh cois baile agus i gcéin ná raibh uaidh acht cosc do chur leis an ól agus go raibh fáilte aige roimh gach duine do thabharfadh congnamh dó, ba chuma Gaedheal dílis é no Gall gan tuigsint. "Fear óráiste is eadh mise," arsa Gall-Ultac leis lá. "Ba chuma liom-sa tu id' fhear liomóide," ar seisean, ag tabhairt freagra air. "Is taithneamhaighe liom ceachtar agaibh míle uair ná fear biotáille, geallaim duit." 'San bhliadhain chéadna, b'é sin bliadhain a 1842, chuaidh sé go Glascú. Bhítheas ag taithint air le fada turas do thabhairt ar an gcathair sin. Thug easbuig is cléir is daoine móra is daoine gur mhian leo go séanmhar an cineadh daonna cuireadh go hAlbain dó. Agus thug dhá mhíle ban ó Dhún Éadain cuireadh dhó mar a chéile, agus bhronnadar dileagra air. Ní raibh aon iongnadh acht an fháilte do cuireadh roimis i nGlascú. Ní raibh aon teora leis an mhuinghin a bhí ag muinntir na cathrach soin as. Tugadh na céadta mairtíneach is othrach go
Margadh na mBeithidheach chuige agus súil ag a gcáirdibh is aca féin go bhféadfadh sé iad do leaghas. B'éigin dó a mhíniughadh, amhail is mar dhein sé i mBaile Átha Cliath, ná raibh aon bhuaidh de'n tsaghas soin aige, gur fé'n Uile-Chomhachtach amháin a bhí san do dhéanamh, acht go dtabharfadh sé a bheannacht dóibh go léir. Mhol páipéartha nuaidheachta Ghlascú a shaothar go hárd. Cia dhéanfadh a mhalairt? Thug sé seanmóin do phobul Éireannach i nEaglais Mhuire dia Domhnaigh. Thug sé an geall do mhíle go leith duine dia Luain. Tionóladh cóimhshiubhal mór dia Máirt agus thug sé an geall do dheich míle duine aca ar an gcuid ba lugha dhe. Bhí an sluagh chomh mór san dia Céadaoine ná raibh aon dul ar a gcóimhreamh. Bhí a rian air. Chuir a shaothar is a cháil ríméid chroidhe ar a cháirdibh is ar shluaightibh nach iadh. I dtosach bliadhna a 1843 tionóladh cruinniughadh mór 'san Amharclain Ríoghdha i mBaile Átha Cliath mar onóir do'n Athair Tiobóid agus chum a chur i n-umhail dó gur mór an spéis a chuir gach éinne i n-a imtheachtaibh. Cuireadh fógradh amach roimh ré chum a léiriughadh go raibh an cruinniughadh le beith ar siubhal. Chuir beirt dhiúc is ceathrar marcus is naoi n-iarlaidhe déag is deichneabhar barún agus dá
fhichid ridire agus suas le dá fhichid feisire agus daoine móra eile thar cóimhreamh a n-ainmneacha leis an bhfógradh. Bhí an saoghal go léir ar sodar i n-a dhiaidh. Agus mar bharr air seo bhí sé i n-a chumas a rádh i samhradh a 1843 go raibh a bhrat ar leathadh ós cionn gach paróiste i nÉirinn de dheoin Dé. Ní gan feabhas mór do chur ar mhuinntir na tíre do thárla so go léir, ní gan duadh agus dian-shaothar a deineadh é. Níor deineadh é gan duine do chreachadh annso is annsúd, leis. Agus ní raibh aon dream ba mhó creachadh dá bharr ná gaolta is muinntear an Athar Tiobóid féin. "Deineann duine dem' mhuinntir féin," ar seisean timcheall is an taca san, "an oiread biotáille i n-aon tseachtmhain amháin anois is ná díol- faidhe go ceann bliadhna. Fear déanta dighe i gCaiseal Mumhan is eadh é seo. Is mór an tuitim chum deiridh ar a ghnó é seochas mar dheineadh sé roimis seo. Cuireann san mór-áthas orm-sa ámh: an fhaidh is tá glóir le tabhairt do Dhia ní'l sé ceadtha againn bheith ag machtnamh ar ár ngaoltaibh ar leithligh." "Is mór an tairbhe tá déanta ag an Athair Tiobóid do lucht séanta an óil, dá sláinte, agus dá saoghal," arsa fear deirbhséathar an Mhanaigh; "acht,
fóirior, tá mo líon tighe-se creachta glan ag a chuid oibre." Uair eile bhí dearbhratháir agus fear deirbhshéathar an Athar Tiobóid ag gearán agus ag a rádh go rabhadar creachta ag a Chumann is a chómhairle. "Malartuigh bhur ngnó, mar soin," ar seisean, ag tabhairt freagra ortha. "Deinidh muilte plúir de mhonarchaibh an óil: ar aon chuma tá cúrsa mo shaoghail-se leagtha amach agam. Dá dtiocfadh neamh is talamh le chéile caithfeam an ceart do dhéanamh." Chuaidh sé go Sasana 'san samhradh i mbliadhain a 1843. Thug sé cuaird ar Libhearpúl ar Mhainseastar ar Leodus agus ar chaithreachaibh eile, agus tháinig sé fé dheireadh go cathair Lunndan. Chuir an saoghal i Lunndain cúram nuadh air. Bhí obair le déanamh annso aige má bhí riamh, agus do dhein sé, leis, é. Thug sé an geall do sé chéad míle duine 'san chathair seo. Ghéill na daoine móra dhó chomh toilteanach is mar ghéill na daoine bochta. An t-uasal ba mhó dúil 'san mbraon i Sasana d'fhan sé gan deor do bhlaiseadh go ceann oidhche mar onóir do'n Athair Tiobóid. Bhí an geall aige dá thabhairt lá do ghasradh fear n-oibre ó Éirinn agus cia bheadh ar a ghlúnaibh i measc na bhfear so acht oidhre Dhiuic Norfolk. Bhí dúil ag gach éinne, ba chuma saidhbhir daidhbhir íseal
uasal iad, i n-a chuideachtain, agus do ghéilleadar dá theagasc, leis. Fear galánta múinte léigheanta cneasta cráibhtheach ró-dhúthrachtach cár bh'fhéidir a mhalairt do dhéanamh le n-a chómhairle, dar ndóigh. D'eirigh chomh maith leis i gcuideachtain na n-uasal is mar d'eirigh leis i gcuideachtain na mbochtán gan stór gan chreideamh. Bhí fáilte roimis ag gach éinne thall acht amháin ag lucht na dtábhairne. Mheasadar súd é mhasladh is é ghortughadh. Chuireadar scata fear meisce go dtí n-a chruinniughadh lá agus mheas lucht na meisce é bhascadh. Níor eirigh leo. Mhothuigh sé siúd cad a bhí rómpa; d'éaluigh sé ó chúl an árdáin; phreab sé isteach i gcarbad, agus sciobadh ó bheárnain bhaoighil gan ró-mhoill é. Acht amháin lucht díolta an óil agus an ghramraisc seo bhí fé n-a riaradh annso is annsúd bhí fáilte ag gach éinne eile roimh an Athair Tiobóid. D'fháiltigh easbog na bProtastúnach i Norwich roimis amhail is dá mba bheirt bhráthar iad, cé gur admhuigh an t-easbog céadna ná raibh duine i Sasana chomh mhór i n-aghaidh an Athar Tiobóid is mar bhí sé féin tráth. Bhí áthas ar Wellington féin toisc bualadh leis. Chuir páipéartha nuaidheachta Lunndan 1 síos ar a shiubhaltaibh is ar a shaothar amhail is dá mba rí do bheadh
ag taisteal na tíre é. Is iomdha duine mór-cháile do mhol go hárd é. Dubhairt an Pápa go raibh lámh Dé i n-a chuid oibre fé mar adubhairt an tAthair Peadar Ua Laoghaire i dtaoibh Chonnartha na Gaedhilge uair. Chuir an Cáirdinéal Wiseman i gcómhnárd é le Peadar Dithreabhaigh fear gríosuighthe na gcríostuidhthe i gcoinne na dTurcach. Dubhairt Liam Mac Gabhann Ua Briain gur adhbhar naoim a bhí ann, agus dubhairt an Dochtúir Channing ó Bhoston gur bh'fhiú é inead do thabhairt dó i measc na nAbstal. Beirt Phrotastúnach do b'eadh iad so. Chuir Kohl scríobhnóir taistil o'n Rúise i gcomórtas le Bónapart é. Dubhairt sé go raibh an crot céadna ortha agus nach mó bhí buaidhte ag duine aca ná ag an dara duine. Dubhairt bean Carlyle ná raibh ar domhan a chomh-mhaith acht amháin a fear féin, - ba mhór an spéis a chuir sí i n-a fear féin, ní fuláir. Dhearbhuigh beirt bhan eile (a) ná raibh ar an saoghal fear ba mhó dhein maitheas dá thalamh dúthchais ná mar dhein sé. Dubhairt Tighearna Morpeth Árd- rúnaidhe Gallda na hÉireann agus Tighearna Lansdowne amhlaidh. D'fhéad- faidhe leabar do líonadh leis an teistiméireacht a fuair sé ó sna
saoithibh ba mhó cáil fé luighe na gréine le n-a linn. Thángadar ar a thuairisc ó gach árd agus d'admhuigheadar go toilteannach gur mhór aca a shaothar. Tháinig Meer Shamet Alli ar chuaird chuige ó'n Domhan Toir. Musalach breagh dathamhail léigheanta do b'eadh é seo. Shíolruigh sé ó phór sleachta Mhóguil agus is iomhdha teanga de theangchaibh binne na hEorpa do bhí ar a thoil aige. Tháinig an Cúintís Ida Hahn Hahn fé n-a dhéin, leis, agus bean uasal léigheanta (b) eile ó'n Eabhrach Nuadh. I n-a dteannta so tháinig Freidric Dubhglas "an Daor ar Teicheadh" (c) fé mar thugtaidhe air, agus sluagh eile de shaoithibh léigheanta; agus ní raibh oiread is duine aca nár mhol go hárd é ó chroidhe. Caib. VIII. An manach i gcruadh-chás. I n-aindeoin molta is teistiméir- eachta is gach nidhe eile d'admhuigh an tAthair Tiobóid tar éis teacht abhaile ó Shasana dhó go raibh a chroidhe scóllta loiscthe le cúram is le buaidhreamh is le faitcheas. Bhain cúram agus costas an Chumainn codladh na hoidhche dhé. Ní raibh sos ná suaimhneas le fagháil
aige gan tarrac ar carnánaibh airgid aige coitchianta. Airgead, airgead, airgead, airgead! theastuigh airgead i gcómhair gach nidhe. Níor bh'fhuláir do'n dúthaigh gan bheith go daidhbhir dealbh, ámhthach, agus cá raibh an t-airgead le fagháil? Seo costaisidhe an Chumainn ag dul i méid gach lá agus obair an Athar Tiobóid ag dul i mbreis dá réir. Airgead, airgead, airgead arís, is gan an t-airgead ar fagháil. Níor bh'é sin féin deireadh na buaidheartha. Ní raibh aon chóimhreamh ar a dteastuigheadh uaidh de bhonnaibh de réir mar chuaidh daltaidhe an Chumainn i líonmhaire, agus thugadh sé a n-urmhór so uaidh i n-aiscidh. Shaoil sé tráth nár mhiste dhó. Ar aon chuma ní leigfeadh a chroidhe dhó éinne d'eiteach i dtaoibh buinn no beagán airgid. "Ba ghrádhmhar geal gan mhanga rún a chroidhe, Is a lámh ar glaic do scaip i gcúntas Chríost." Ní raibh a fhios riamh roimis sin aige cad ba dhealbhas no easnamh no easba stóir ann, agus níor rith air go mbeadh maoin i n-easnamh air go bráth. Mór mhór bhí súil aige, de réir deallraimh, go bhfágfadh a bhean mhuinnteardha Eibhlis Maitiú na mílte púnt le udhacht aige, agus, dá bhrigh sin, ná raibh a bhac air bheith déirc-
eamhail flaitheamhail mar ba dhual dó is mar ba ghnáth. Shaoil sé, is ró- léir, nár mhiste dhó bheith ag bronnadh airgid ar cheallaibh go raidhseamhail. Dar ndóigh shaoilfeadh éinne ar an gcruinniughadh glórach do bhí 'san Amharclain Ríoghdha i mBaile Átha Cliath go mbeadh airgead go leor ar fagháil aige. Gealladh go dtógfaidhe carn breagh cuimhne as airgead an chruinnighthe sin, agus cheapfadh éinne go mbeadh an oiread eile airgid ar fagháil dá mothóchaidhe géar-ghábhadh do bheith leis. Dá réir sin cár locht ar an Athair Tiobóid má cheap sé ná raibh a bhach air bheith ag bronnadh airgid go tiugh flúirseach ar a bhuidheantaibh ceoil is ar lucht treortha a n-árus ar fuid na dúthaighe? Agus dhein sé amhlaidh. Seo ag leanamhaint dá dheagh- shaothar an manach ró-dhicheallach is ag gabháilt di gan staonadh. Acht, fóirior géar! agus é ag cur sluaig ar bhealach a leasa i mBaile Átha Cliath do gabhadh é mar gheall ar na fiachaibh do bhí amuigh ag ceannuidhe mhór i mBirmingh- eam as na bonnaibh. Gabhadh é, fóirior cráidhte, fear scaoilte na mílte ó chraos an óil. Ba bheag duine dár chualaidh an scéal acht duine gur ghoill sé ó chroidhe air. Cár bh'féidir a mhalairt, óir is iomdha duine do ghnóthuigh le saothar is le
cómhairle an mhanaigh chneasta. Sclábhuidhthe céasta, saighdiuiridhe anacracha, ceárduighthe meisce, ceann- uidhthe, uaisle, tighearnaidhe, gach cinéal duine, chuadar uile i bhfeabhas de bharr a chómhairle. Dá bhrigh sin chuireadar go léir mar athchuinge ar a chéile agus ar chách eile cabhrugadh leis i n-am an ghábhaidh. An saighdiuir a bhí ag dul amach chum na nIndiach thug sé a mhóide gur chóir cuidiughadh le "Abstal na Measardhachta." Dubhairt an Tighearna Seán Ruiséal amhlaidh, agus dubhairt sé ó chroidhe é. Fiú amáin "Puins" an ghrinn: dubhairt Puins gur mhór an náire do mhuinntir na hÉireann mara ndéanfadh gach críostuidhe aca ar son an mhanaigh dhúthrachtaigh a raibh ró-thuillte aige. B'é toradh na cainnte gur scaoileadh an sparán timcheall agus gur cuireadh an oiread airgid ann is do chuir ar a chosaibh é go ceann tamaill. Sin ar dhein. Ba ghearr le dul ar chothughadh a Chumainn a bhfuarthas, ámh. Agus dá réir sin níor bh'fhéidir leis na síntiúsa do thabhairt i gcómhair na mbuidhean is na seomraidhe mar ba gnáth. Deineadh imtheachta an Chumainn do mhoilliughad an uair ba mhó do bhí gábhadh le n-a ghríosughadh is a choimeád ar dian-shiubhal. Agus tháinig an gábhtar agus meath na bprátaidhe agus chuireadar san cosc dá ríribh leis an ngluaiseacht.
Is deimhin anois gur bh'iad na buinn do bhuail an chéad buille ar obair an Athar Tiobóid. Acht má b'iad féin is dócha gur dheineadar mórán maitheasa i n-a slighe féin. Is iomdha duine do choimeád a bhonn go ló a bháis, agus is iomdha duine ná hólfadh braon biotáille ar a anam an fhaid is bhí an bonn i n-a sheilbh gan cead d'fhagháil ó'n Athair Tiobóid no an bonn do thabhairt thar n-ais dó. Léirigheann so gur bhain buaidh fé leith leis an mbonn i dtuairim daoine. Is cóir a rádh nár bh'é an tAthair Tiobóid féin do chuimhnigh ar na bonnaibh so i n-aon chor i dtosach báire. Sasanach a bhíodh ag cainnt is ag cómhairliughadh daoine i n-aghaidh an óil an chéad duine do thug na buinn go hÉirinn. Seán Hockins (a) do b'ainm dó: "Gabha Birminghim" a thugtaidhe mar leas-ainm air. Thug sé seo beagán bonn leis ó Shasana agus dhíol sé i nÉirinn iad. Dhein sé beagán airgid asta leis. Dhein Séamus MacCoinnigh, an chéad Rúnaidhe a bhí ag Cumann na Measardhachta a leithéid chéadna ar a shon féin. I gcionn tamaill réidhtigh an tAthair Tiobóid leis an rúnaidhe so, agus ós soin amach dhíoltaidhe na buinn fé chomairce an Chumainn agus ar mhaithe
leis, mar dh'eadh. Do réir mar thárla fé dheireadh, ámh, ní móide ná gur b'fhearra do'n Atair Tiobóid dá mbeadh sé gan bonn aca d'fheicsint riamh. Caib. IX. An droch-shaoghal. Is beag má thug aon staruidhe fós fé dhealbas agus aindeise Bliadhna an Ghábhtair do nochtadh glan. An dubh do theacht ar na prátaíbh ba mhó ba bun leis an ngábhtar, mar is eol do'n saoghal. Tháinig an dubh ortha go minic le deich mbliadhna fichead roimis sin, agus tháinig droch-aicíd is ganntanas i n-a threo no dá dheas- caibh. Acht níor dhein sé an scrios millte go bliadhain a 1845. Tugadh a chómharthaidhe fé ndeara 'san bhfóghmhar agus ba ghearr go raibh an barra diadhnach de sna prátaíbh lobhtha aige. Bhíodh an tAthair Tiobóid coitchianta ag taisteal na tíre agus thug seisean fé ndeara go soiléir an díogbháil a bhí déanta. Mar ba ghnáth is iomdha cúram a bhí air an tráth céadna. Tionóladh cruinniughadh i n-aghaidh an Chrochta i gCorcaigh an bhliadhain sin agus dubhairt an manach i láthair an chruinnighthe ná raibh sé féin i bhfabhar chrochta cé go gcuirfeadh sé d'iachall ar chách díoghal as a chiontaibh. B'é a thuairim nár chuir eagla crochta
duine riamh gan duine eile do mharbhadh dá gcuimhneochadh sé air. Acht níor bh'iad lucht molta an chrochta do bhí le cómhrac aige feasta acht an gábhtar marbhtha. I mbliadhain a 1846 dhein sé cion sluaigh chum na daoine bochta do chosaint is do chothughadh is chum a dheimhniughadh do Sparánuidhe Shasana go raibh an dúthaigh beagnach caillte. Chuir sé an oiread litreach chuige is mar chuir an tÁirdeasbog Eoin MacÉil chum uaisle Shasana ní ba dhiadhnaighe. Agus fuair sé beagán conganta; cé gur bh'shin é an congnamh nár bronnadh ó chroidhe, is ná beadh gábhadh leis mara mbeadh an éagcóir. Fuarthas congnamh ó Aimeirce agus ó áiteannaibh eile, leis. Mór-chuid de'n chongnamh is de'n airgead so tháinig thar caladh anall, fágadh a riaradh fé'n Athair Tiobóid. Níor leor é, ámhthach, ná leath. Cailleadh na mílte i n-aindeoin na cabhrach agus na déirce. Cailleadh ós cionn dhá mhíle duine i dTigh na mBocht i gCorcaigh, gan dul lastmuigh dhe, shar a raibh an chéad ráithe de bhliadhain a 1847 caithte. Cuireadh seacht gcuirp is trí fichid i n-aon ló amháin i gcathair Chorcaighe. Ó dheireadh an fhóghmhair i mbliadhain a 1846 go tosach an Mheithimh i mbliadhain a 1847 do cuireadh ós cionn deich míle gcorp
i n-aon chill amháin i gCorcaigh. Bhí fiche peidhre tuireasc ar siubhal coitchianta i Muiltibh Gearrtha an Adhmaid i gcathair Chorcaighe. Theas- tuigh na mílte clárach is na mílte dubha i gcómhair na gcómhrann. Is mó ná san féin do bhí ag teastbháil i gcómhair na dtreasnán do sna bothaibh fiabhrais agus do sna hotharlaibh. Agus theastuigh an iomad eile aca i gcómhair na leabthach is na n-árus i sna longaibh imirce. Nár mhillte an saothar é, fiche pheidhre tuireasc ag gearradh adhmuid gan sos i n-aon chathair amháin is gan de ghnó dhe acht cómhrainn is otharlanna do dhéanamh as agus áruistidhe beaga do leagadh amach i longaibh i gcuma is go sáthfaidhe isteach ionnta is go sciobfaidhe thar fairrge no go híochtar puill gach a dtiocfadh saor ó ghábhtar is aicíd. Síor-machtnamh ar an gcruadhtan so is eadh do bhris croidhe Dhomhnaill Uí Chonaill. Agus dhein sé seanduine liath de'n Athair Tiobóid féin. Níor bh'fhéidir a mhalairt agus na céadta díbirtheach (a) do bíodh ag
imtheacht fé sheol ó Chóf Chorcaighe ós cómhair a shúl gach lá. Ní raibh de chompórd aige acht gur tug sé an geall mar aon le n-a bheannacht do gach duine aca dár casadh air i gcómhair an bhóthair conntabharthaigh do bhí rómpa. Acht ba bheag an sólás dhó so; óir is é bhíodh i n-urmhór na ndíbirtheach so ná daltaidhe na sean- bhuidhean ceoil agus na daoine dúthrachtacha eile do líonadh suas a sheomraidhe léightheoireachta tráth. Nach furas a thuigsint gur goill sé air togha is rogha a dheisciobal do bheith ag sír-imteacht chum fáin agus a Chumann do bheith ag dul go mear i ndísc dá n-éagmuis; agus cia thógfadh ar na deoraidhthibh aitreachas agus truime chroidhe do bheith ortha uile toisc a nAbstal grádhmhar do bheith ag dul i léithe chomh tapaidh is mar bí? I mbliadhain a 1847 moladh trí chéad púnt 'san mbliadhain ó'n Riaghaltas do'n Athair Tiobóid. Chuir an t-airgead so i n-a chumas a bheatha do chur i n-urrudhas i slighe is go mbeadh an oiread airgid ag teacht chum a dhaoine muinnteardha tar éis a bháis is do ghlanfadh pé fiacha bhí amuigh air. 'San mbliadhain chéadna, i mbliadhain a 1847, fuair Easbog na gCaitliceach i gCorcaigh bás; agus nuair a bhí sagairt na fairche ag toghadh comharba chuireadar an tAthair Tiobóid i
dtosach an áirimh. Chuireadar i dtuigsint do'n tsaoghal ná raibh adhbhar easbuig i n-a measc a thaithn chomh mór leo féin is mar thaithn an Capuisíneach leo. Ba mhór an onóir is an teistiméireacht é seo, agus ní fuláir no gur chuir sé áthas croidhe ar an Athair Tiobóid a leithéid sin de mheas is de chion do bheith ag cléir na dúthaige air. Níor aontuigheadh 'san Róimh le toghadh na sagart, ámhthach, agus coisrigeadh sagart eile i n-inead an mhanaigh i dtrát. Acht níor ghoill san ar rogha na cléire, cé nár bh'é an chéad éagcóir a deineadh air é, pé aca dá ríribh no gan choinne leo do deineadh iad. I gcaitheamh an Charrghais i mbliadhain a 1848 d'fágadh i n-a mairtíneach é le parailís. B'é seo toradh na dian- oibre i ndeireadh báire: níor bh'fuláir do gan teacht am éigin. Acht chuaidh sé i bhfeabhas go mear, agus is beag ná go raibh sé i n-a shláinte arís ar theacht na Bealtaine. Bhí dóchas fé'n am so aige go mbainfidhe barraidhe breaghtha as na prátaíbh síl a roinn sé féin ar an sluagh 'san Earrach. Acht léirigheadh do fé thosach an fhóghmhair ná bainfidhe oiread is práta asta. Loit an dubh millte iad glan amach; agus is beag nár bhris an scriosadh so a chroidhe. Tá a fhiadhnaise againn i litir dár chuir sé ag triall ar
mhuinntir Ráthbóin i Sasana: bhí an- mhuinnteardhas idir é féin agus na daoine so. "Im' thaoibh féin," ar seisean 'san litir sin, "ní'l agam le rádh acht go bhfuil mo shláinte ag dul i bhfeabhas, agus dá mbeadh cead mo chos agam go dtréigfinn an dúthaigh seo agus a bhfuil d'anacar agus d'aindeise ann." Ag bagairt mar seo fé dheoidh i n-aindeoin a dhúthrachta is a ghrádha dúthaighe go léir! Acht cár locht air é? Agus, cár rugadh an té ná déarfadh amhlaidh? Caib. X. Aistear i nAimeirce. Cé go raibh an taom parailíse ag cur fós air i mbliadhain a 1849 ghluais sé air go nAimeirce sa deireadh. Bhí a dhaoine muinnteardha go mór i gcoinne an turais seo. Acht níor b'aon mhaiteas dóibh é. Bhí geallta le fada aige go rachadh sé anonn, agus dhein, dá bhreoidhteacht é. Cuir- eadh fáilte is fiche roimis thall. Bhí loingeas ós gach crích fé'n spéir ar snámh i gcuan an Eabhraic Nuaidh agus é ag dul ar dtír agus bhí a brat dúthchais féin ar leathadh ós cionn gach luinge aca mar onóir is mar chómhartha urraim dó. Bhronn Seanóiridhe an Eabhraic Nuaidh dileagra air agus
dhein comhdhaltaisidhe eile amhlaidh 'san gcathair chéadna. Fuair sé cuireadh ó Sheanaid na Stát agus ceaduigheadh dó suidhe ar an dtaoibh istigh de'n Treasnán i measc Riagluightheoiridhe na tíre. Onóir é seo ná tugtar d'éinne acht go fíor-annamh. Is níor stadadh annso féin. Thug Uachtarán Aimeirce fleadh mhór uaidh mar onóir dó agus i gcuma is go gcasfaidhe é féin agus na daoine do b'fhearr cáil i nAimeirce ar a chéile. Agus an uair a bhí sé breoidhte caithte ó'n iomad oibre agus gan i n-a chumas eirghe as a leabaidh tháinig Leas-Uachtarán Aimeirce agus taoiseach Airm ar a thuairisc go dtí an seomra mar a raibh sé i n-a luighe thall. Mar a chéile thug taoiseach an Chobhlaigh cead do an tAifreann do léigheamh i nOtharlain Pheansacóla. Ghléas mná uaisle na háite altóir ann dó agus tháinig ós cionn sé chéad duine chum éisteachta leis, cé nár ghéill a lán aca dá chreid- eamh i n-aon chor. Go deimhin do chuir ministir na háite scéala go dtí n-a phobul féin 'ga rádh leo ná beadh aon phaidreacha aca an mhaidean úd i slighe is go bhféadfaidís teacht chum éis- teachta leis an Athair Tiobóid. Is iontuigthe ná raibh aon teora leis an bhfáilte do bhí ag deoraidhthibh na Fódla roimis, agus is ortha bhíodh an t-áthas an uair chuireadh sé i
gcuimhne do dhuine aca annso is annsúd tráth éigin dár bhuaileadar le chéile i n-iathaibh Éireann thar bóchna thall. Bhí fáilte beagnach ag gach éinne roimis agus bhí ionntaoibh is dóchas ag gach éinne as. Thárla dream áirithe, mar is gnáthach, agus mheasadar úsáid do dhéanamh dá cháil is dá shaothar ar mhaithe le n-a mbréithribh féin ar leithligh. Mheas lucht polaitíochta é chur i n-achrann i n-a náimhdibh féin i dtaoibh na Daoirse. Acht bí an tAthair Tiobóid ró-ghlic ró-ghasta dhóibh, agus d'fhág sé fútha féin an imreascáil. Bhí sé ag taisteal na Stát go ceann dhá bhliadhain go leith. I gcaith- eamh na haimsire sin do shiubhail sé chúig Stáit ar fhichid, thug sé cuaird ar thrí chéad baile mór, thaistil sé 37,000 de mhíltibh slighe ar fad, agus thug sé an geall do leath-mhilleon duine. Thóg naoi míle duine an geall uaidh i gCathair Sain Laoise féin, cé ná raibh sé ar a chumas óráid phuiblidhe do thabhairt uaidh i n-aon árus d'áruistíbh móra na cathrach toisc gan a bheith do réir a chos ná i n-aon ghaor do. Chaith sé tamall aimsire i gcoilltibh Árcansais ar mhaithe le n-a shláinte. Shaoil sé go rachadh na tobair leaghais go maith dhó; acht, mo chúig céad léan! An fhaid is bhí sé annsúd do
léigheadh sé an tAifreann Naomhtha fé'n spéir amuigh, agus gan de phobal aige acht ceathrar duine. Níor bh'fhuláir gan uaigneas croidhe air um an dtaca soin agus an taithighe do bhí aige tráth ar shluaightibh móra is ar phobalaibh líonmhara. Agus bhíodh an t-airgead chomh gann air go minic is mar bhíodh an pobal, mar nár scar an fhlathamhlacht croidhe leis go héag. Tráth agus é i mball éigin iargcúlta i nDeisceart na Stát cia chasfaidhe air acht ceathrar bráthar ó Éirinn agus iad ag gluaiseacht siar amach chum clochar agus mainistir do chur ar bun ann. Thárla gan oiread is feoirling ag éinne de'n cheathrar ná aon bhreith aca air go ceann níor bh'fhios cathain. Is cad a dhein m'Athair Tiobóid dóibh ná cúpla céad púnt do thabhairt ar iasacht dóibh cé nach móide gur fhan an oiread i n-a sheilbh i n-a ndiaidh is do chothóchadh é féin is a lucht freastail go ceann seachtmhaine. Saoileadh i nAimeirce, leis, go dtagadh leis taomanna agus aicíd do leaghas, agus tháinig mairtínigh agus othraigh ag triall air amhail is mar dheinidís i nÉirinn is i nAlbain is i Sasana na nGall. Fóirior! ní raibh de bhuaidh aige a phianta féin do leaghas ná do bhogadh; agus cé go raibh sé tuirseach corrtha sul ar fhág sé slán ag a thalamh dhúthchais bhí fonn
air filleadh arís is níor bh'fhonn go dtí é: "Ére go n-iomad a port Innte is áil liom bheith anocht," arsa Conghal Cláiringheach agus é ag filleadh fé dhíoghrais ar a Bhanbain dúthchais tá breis agus dhá mhíle bliadhan ó shoin ann. "Aoibhinn bheith i mBinn Éadair," arsa Colm Cille agus a bhuaidhreamh chroidhe aige dhá bhrughadh leis féin ar an dtaoibh thall de Sruth na Maoile tá suas le míle bliadhan ó shoin ann. Níor lugha ná san de uaigneas an deoraidhe do bhí ar Dhonatus Easbog Geadhealach Fiesole agus é ar siubhal i gcéin i gcúntas DÉ míle bliadhan ó shoin is breis. "Mo bheannacht leat, a scríbhinn Go hinis aoibhinn Ealga," arsa Seathrun Céitinn ó chroidhe amach agus é ag seoladh litre go hÉirinn ó Roinn na hEorpa trí chéad bliadhan ó shoin no mar soin. "Táim ag síor-chuimhneamh ar mo thalamh dhúthchais agus tá éad agam leis an litir seo agus a ghearracht is bhainfidh sé dhi dul go glas-feorthain na Fódla sall," ars' an tAthair Tiobóid agus é ag scríobhadh litre ó Aimeirce i mbliadhain a 1850. I mbliadhain a 1851 d'fhág sé míle slán ag muinntir na Stát. D'fhág
sé míle slán go grádhmar carthannach ag uaislibh uile an Oileáin Úir is ag deoraidhthibh dílse an Oileáin Iath-ghluis, má's ceadtha san do thabhairt mar bhaiste ar na deoraidhthibh a díbrigheadh ó "Éirinn ársaidh na n-ollamh is na naomh." D'fhág sé beannacht is míle slán ag a cháirdibh iomadamhla agus d'fill go thréith lag cortha thar muir anall. Caib. XI. Aistir eile. Ní raibh im' Athair Tiobóid acht othrach cromtha caithte ar a theacht thar n-ais go hÉirinn mí na Nodlag i mbliadhain a 1851. Acht ba thaithn- eamhach leis súil do leagadh ar shléibhtibh árda is ar iathaibh úra na hÉireann arís. Ba thaithneamhach leis spéar na Nodlag os a chionn agus aer na Nodlag timcheall air i n-a thalamh dhúthchais. Ba thaithneamhach leis cneastacht agus cráibtheacht Gaedheal neamh-loitthe do thabhairt fé ndeara. Ba thaithneamhach leis na sean-cháirde do bhualadh uime. Agus cé gur dhóigh le duine go bhfacaidh sé a dhá dhóthain díobh le linn a shaoghail, ba thaithneamhach fós le n-a chroidhe mhor lucht dealbhais agus cómharthaidhe aindeise d'fheicsint arís; mór-mhór ó ba rud é ná facaidh sé fear siubhail ná duine eile ar lorg déirce an fhaid is bhí sé i nAimeirce.
Tar éis tamaillín do chaitheamh i mBaile Átha Cliath do ghluais sé air ó dheas go Corcaigh. Chuaidh sé chum cómhnuidhthe i bhfochair a dhearbhrathára i Léithínigh; agus ní'l aon chall le n-a rádh go raibh aithreachas ar a mhuinntir is ar a ghaoltaibh is ar a cháirdibh uile 'san Mhumhain an uair chonncadar an t-athrughadh mór do bhí tagtha ar a chrot. Ní raibh ann i gcomórtas leis an manach aiclidhe do bhí ann tráth acht mar bheadh scáth i mbuidéal, díreach. Muna raibh, féin, níor shos dó acht ag obair chomh dúthrachtach is mar d'oibrigh sé riamh. Munar bh'fhéidir leis dul amach ar lorg na bpeacach amhail is mar dheineadh tháinig peacaigh agus othraigh agus lucht gábhtair chomh tiugh san ag triall air gur ghearr go raibh bolath na meisce chomh soiléir láidir i dtigh a dhearbhrathára is mar bhí sé riamh i n-a thigh féin i gcathair Chorcaighe. Agus níor scaoil sé oiread is duine aca uaidh gan an geall do thabhairt do gach críostuidhe aca mar aon le n-a bheannachtain, agus cabhair dá n-éagh- muis dá mbeadh gábhadh leis. Is furas a thuigsint gur fhág an dian-obair seo an sagart dúthrachtach ar lár arís sara fada. Lá Fhéile Brighde i mbliadhain a 1852 thuit sé as a sheasamh i n-a sheomra agus shaoil a cháirde go raibh sé marbh dá dheascaibh. Acht tháinig sé chuige féin i gcaitheamh
na hoidhce, agus ba mhian leis bheith ag obair fé bhreacadh an lae. Ar aon chuma chomh luath is chuaidh a shláinte i bhfeabhas chuir sé faoi i n-aice Eaglaise na Trionóide i gcathair Chorcaighe i gcuma is go bhféadfadh sé an tAifreann do léigheamh ann ós soin amach. Acht d'fhág a dhúthracht ar lár arís annso é láithreach, agus b'éigin dó bailiughadh leis go Maidéir ar mhaithe le n-a shláinte i ndeireadh an fhóghmhair i mbliadhain a 1854. Chomh- nuigh sé annsúd i bhFuinseal. Bhí sráideanna an bhaile seo chomh árd san, agus an manach féin chomh donaidhe tnáidhte, ná raibh sé i n-a chumas aon choisidheacht go mb'fhiú a áireamh do dhéanamh lastmuigh. Níor mhaith leis úsáid do dhéanam de charbadaibh na ndamh acht chomh beag. Carbaid sráide do b'eadh iad so, agus beithidhigh is eadh do tharraingigheadh iad ar fuid an bhaile mhóir. Bhí gléas iomchurtha eile i n-úsáid ann leis. Árus i bhfuirm cathaoireach do b'eadh é seo. Bhíodh sé ar iomchur ag daonnaidhthibh, agus othraigh ar a socaireacht istigh ann. Ba shuarach leis an Athair Tiobóid úsáid do dhéanamh de'n ineall so; agus dá bhrigh sin bhí sé ar bheagán siubhlóide an fhaid is bhí sé i Maidéir. Níor bh'iongnadh truime croidhe is uaigneas air is é caithte annsúd a bhfad i gcéin, gan ann corruidhe, no
beagnach de, gan gaolta gan cáirde i n-a chomhngar. Nuair chailltear daoine dá leithéid i mbláth na hóige, no idir chromadh is liathadh dhóibh, bíonn aithreachas ar a lucht aithne de ghnáth. Ní móide gur gábhadh ró-aithreachas, mar gur minic nár b'fhearra do lucht mór-cháile maireamhaint chum go mbéarfadh an aois ortha. Féach Bóna- part: cé nár rug an aois ar an leomhan úd nár thairbhighe dhó féin dá n-aimseochadh piléar i lár a chroidhe é i gcorp a shaothair ná mar d'imthigh air fé dheoidh. Féach Eimit is Teon is an tAthair Eoghan Ua Gramhnaigh: táid a dtriúr is mórán eile dá leithéid mar dheagh-shompla againn ó'n lá sciobadh uainn iad. Féach Domhnall Ua Conaill is Seán Mistéal, gan a thuilleadh do bhac: nár thruaighméileach an scéal aca súd é fé chrích a saoghail agus go leor Éireannach ag dul i n-a gcoinnibh go ró-dhian. Agus féach an tAthair Tiobóid féin! Tugann lucht eolais mar thuairim uatha gur thóg dhá mhilleon déag duine an geall uaidh i gc[h]aitheamh a ré, agus bhí sé le maoidheamh ag a n-urmhór nár bhriseadar an geall soin riamh. Níor bh'fhuláir no gur mór an compórd an méid sin ag an Abstal agus é go faon lag i Maidéir amuigh. Acht ar leor é chum é chosaint ar dhoilgheas is ar bhuaidhreamh aigne? Níor leor.
I n-a dhiadh san is uile chuaidh a shláinte beagán i bhfeabas ann. Tháinig sé abhaile i dtosach an fhóghmhair i mbliadhain a 1855 agus seo ag dian- obair arís é. Caib. XII. Deireadh a shaoghail. I dtosach an Earraigh i mbliadhain a 1856 ba dhóbair dó tuitim ag an altóir lá agus é ag léigheamh Aifrinn. Thug sé dian-iarracht fé'n Aifreann do chríochnughadh agus b'é toil Dé gur eirigh leis. Acht ba leor san mar fhógradh; agus choidhche arís níor thóg sé air féin an tAifreann do léigheamh. Ba ró-fhollus do'n tsluagh go raibh an lá breagh ag déanamh air feasta. An fhaid is bhí sé i n-a chómhnuidhe i Léithínigh tar a éis so ní raibh aon iongnadh acht an cion do bhí aige ar a ghaoltaibh. Phógadh sé gach oidhche iad roimh dul chum suain dó, ar eagla ná beadh sé i n-a bheathaidh ar maidin. Bhí sé ag dul i laige agus i laige agus b'éigin béilteach teine do bheith coitchianta i n-a sheomra. Níor leor so féin. Shaoil sé tar éis tamaill dá mbeadh sé i gCóf Chorcaighe gur fearr a rachad aer na háite sin dó, agus d'aistrigh sé ann i n-aindeoin a dhaoine muinnteardha. Moch diadhnach
bhí sé ag a ullmhughadh féin annso i gcómhair an tsaoghail eile. Bhí san ag druideamhaint leis gach neomat dá gcuireadh sé dhe; acht, má bhí féin, níor thréigh an tsean-fhlaitheamhlacht ná barr na féile fós é. Sé seachtmhaine roimh ló a bháis chuaidh a dhearbhratháir Cormac ar chuaird chuige go dtí an Cóf. Is air a bhí an iongnadh nuair a chonnaic sé bórd bidh leagtha amach aige i gcómhair sluaigh. Sholáthruigh an tAthair Tiobóid an fhleadh so mar dhíoghal ar ógánach a bhíodh ag freastal air. Níor bh'fhada uaidh deireadh a ré an uair úd ámh. Bhí sé ag dul as ó ló go ló. Cúpla lá sul a bhfuair sé bás do thuit sé ar an urlár. Bhain an tuisleadh soin a urlabhra dhe agus a mheabhair chinn. Tógadh láithreach é agus fágadh i n-a luighe é 'san leabaidh. I gcionn tamaill tháinig sé chuige féin beagán, agus bhailigh a ghaolta is a cháirde is a dhaoine muinnteardha timcheall air i ndiaidh ar ndiaidh. D'fháiltigh sé rómpa; thug sé cómhairle dhóibh; agus, an uair a bhí sé ró-lag chum san do dhéanamh, bhagair sé i leith ortha agus bhain sé fíoghar na croise de cheachtar aca. Seo é an obair bheannuighthe do bhí ar siubhal aige nuair tháinig an bás i gan fios air díreach fé mar thagann codladh na hoidhche ar an sclábhuidhe
corrtha. Mar adubhradh i dtaoibh deagh-shagairt Ghaedhealaigh eile tráth: D'fheoigh an teanga nár searbh i ráidhtibh, D'fheoigh an teachtaire ó fhlaitheas do tháinig, ..... Is do bhíodh ag cosnamh na bpeacach ó Sátan." Cailleadh é an t-ochtmhadh lá de mhí na Nodlag i mbliadhain a 1856. Tar éis a bháis bhí a chorp fé chlár i nEaglais Óird Fróinséis i gcathair Chorcaighe agus aibíd na gCapuisíneach uime. B'é féin fear tógbhála na hEaglaise seo. Mar a chéile, b'é féin fear soláthartha na roilige mar ar cuireadh fé'n bhfód é an dara lá déag de'n mhí céadna. Bhí leath-chéad míle duine ar a shochraid do réir mar innistear dúinn. Tugann othraigh agus mairtínigh turas ar a uaigh gus indiu agus súil aca go leaghasfaidh an turas san a ngalar is a gcréachta fé mar leaghas a bheannacht agus a chómhairle tart an tsluaigh tráth dá raibh. Níor bh'iongnadh bród go bruinn an bhrátha ar Órd ársa na gCapuisíneach is ar mhuinntir na hÉireann i gcoitchinne as an mbaint do bhí aca leis an manach so, mar nár rugadh riamh ar dhruim na Cruinne a chomh-
maith d'fhear chum troda i gcoinne an ólacháin agus i bhfabhar na meas- ardhachta. Admhuigheann an uile duine so, is cuma Gaedhil iad no Gaill. Is oireamhnach agus is creideamhnach an rud a dhealbh do bheith le feicsint i lár na cathrach i mBaile Átha Cliath mar ar deineadh sagart de i mbláth na hóige agus a leithéid eile do bheith i n-a sheasamh i gcathair Chorcaighe mar ar thuill a shaothar cáil Abstail dó. Gan dealbh gan carn aca le feicsint annso ná annsúd, ámhthach, chum ainm an Abstail do bhuanughadh mhairfeadh a cháil agus a chómhairle i gcuimhne Gaedheal an fhaid agus is buan an cion agus an dúthracht is dual dóibh riamh.
Caib. XIII. Toradh an tsaothair. Tá leath-chéad bliadhan is breis caithte ó cuireadh corp an Athar Tiobóid 'san úir. Ní'l indiu 'n-a chroidhe ná i n-a chnámhaibh na 'san intinn a bhí aibidh tráth acht dorn cré. Mara bhfuil, féin, ná saoileadh éinne ná fuil, fé'n dtráth so, i dtoradh a shaothair acht neimhnidh. An síol a chuirtear 'san ithir de ghnáth ní bhaintear barraidhe no toradh an tsíl sin chum go mbíonn an síol féin agus gan ann acht luaithre. Cuirtear síol agus cuirtear cuirp; acht ní gnáthach comórtas do dhéanamh eadartha, agus ní móide gur ró-oireamhnach an bheart a dhéanamh acht chomh beag. Acht ó's é toil agus deonughadh Dé go bhfásann is go n-aibidheann barraidhe díreach de réir mar deintear luaithre de'n tsíol ní féidir do lucht faire gan a thabhairt fé ndeara, mar a chéile, go bhfuil toradh saothair an Athar Tiobóid ag aiseirghe ó'n ló do síneadh a chorp fé dheoraibh sluaigh i gcómhrain chumhaing le hais na Laoi. An lá chuirtear síol i gcré ní gnáthach gas no bileog d'fheic- sint ag preabadh as tar gnúis talmhan; agus tar éis do'n bhileoig í féin do nochtadh ní ró-mhear a chuireann sí dhi go minic. An uair d'athfhás gas na Measardhachta go mall as luaithre an Athar Tiobóid, má's ceadtha an
comórtas so, thárla go raibh an droch- uain ag feitheamh léi. D'árduigh bileoga Gallda is bileoga bréige a gcinn nimhe mór-dtimcheall uirthe agus d'fhágadar gan teas is gan solas na gréine í. Acht níor ráinig leo í mhúcadh ná í crapadh, féin. I gcionn na haimsire cuireadh spéis innte. Níor bh'annamh an tAthair Urramach Tomás De Burc agus an tAirdeasbog* dúthrachtach deoradhta gur ionann a shloinne agus ainm a thíre dúthchais ag tagairt di agus ag a moladh go hárd. Bhí sí ag teacht chúiche féin fé'n mholadh so agus ag dul i bhfeabhas i ndiaidh ar ndiaidh, agus is iomdha fior-Ghaedheal a bhí ag freastal uirthe leis an aimsir. Scaipeadh a cumhar cneasta de réir mar bhí sí ag at agus ag borradh agus ag bláthughadh. Cuireadh mar chúram i dtráth ar Órd na gCapuisíneach an talamh do ghlanadh i n-a timcheall agus lán-aire do thabhairt di feasta mar ba dhual dóibh. Agus seo indiu í, céad moladh le Righ na nDúl, i n-a holl-chrann áluinn ag sileadh a síl bheannuighthe féin ar iathaibh ársa agus ag síneadh a leathan-ghéag thar cóigibh Fódla. Tá sé le maoidheamh ag Cumann na gCapuisíneach ná rabhadar thar bhliadhain ag obair an taca so no go raibh an
geall i gcoinne an óil tógtha ag dhá céad míle Éireannach uatha. Deimhnigh- eann so gur cruinn do thuig Easbuig na gCaitliceach cúrsaidhe an scéil an tan do thoghadar na Capuisínigh chum an mheasardhacht do leathadh ar fuid na tíre. Léirigheann sé dhúinn nár scaoil na Capuisínigh féin uatha le faillighe an oidhreacht oirdhearc is an mhór-cháil d'fhág an tAthair Tiobóid aca le cosaint is le buanughadh. Taisbeánann sé dhúinn ná fuil Éirean- naigh an lae indiu caillte thar fóir acht chomh beag le n-a sínsear a bhí suas i n-aimsir an Athar Tiobóid. Agus a bhuidhe le Dia indiu go bhfuil sé d'adhbhar luthgháire ag fo-dhuine de sna míltibh a thóg an geall ó lámaibh an Chapuisínigh dhúthrachtaigh an tsár-obair chéadna is mar bhi ar siubhal ag eisean d'fheicsint ag dul chum cinn arís fé threoradh is fé chomairce bráithre go bhfuil baint aca, mar a chéile, le Órd chúramach Sain Froinséis. Innistear dúinn go minic gurab é an tÉireannach an fear is mó dúil 'san ól i sna tíorthaibh so, agus is iomdha Éireannach agus Gall a chreid- eann é. Is é fírinne an scéil gur lugha de dhigh meisce ólann an tÉireannach ná mar ólann éinne dá bheirt chómhursan .i. an tAlbannach is an Sasanach. Agus is amhlaidh a bhí an scéal i gcómhnuidhe. Do dhearbhuigh
is do dheimhnigh Domhnall Ua Conaill so i láthair an Athar Tiobóid féin. Agus dá mba rud é go mbeadh Éireannaigh i gcoitchinne beagán tugtha do'n ól cia thógfadh ortha é? Ní raibh teora le n-a mbuaidhreamh ná le n-a gcruadhtan le ciantaibh agus is ar éigean d'fhágadh inead choinne aca acht árus an óil i ndeireadh báire. Mór-mhór níor dhual riamh do mhuinntir na hÉireann bheith spriúnlaighthe agus níor ceaduigheadh go ceann na gcian dóibh bheith críochnamhail baileach. Is beag Gaedheal nár airigh uair éigin an scéal úd a bhíodh go minic i mbéal Sheáin Uí Churráin an t-ollamh dlighe. Bhí fear eile dlighe i mBaile Átha Cliath an aimsear chéadna, agus bhí corn luachmhar airgid aige agus an abairt "Éire go Bráth" gearrtha go maiseamhail ar éadan an choirn. Bhuail saighdiuir Gallda chuige isteach lá, agus chonnaic sé an corn is an abairt. "Corn deas é sin," ar seisean. "An fada agat é; agus an fada an abairt sin air?" "Tá, leis an fhaid seo aimsire," ars' an fear dlighe. "Má tá," ars' an saigh- diuir, "tá sé fada go leor ag briseadh na dlighe agat, agus ní-fhág- fad-sa a leithéid id sheilbh feasta." Agus d'árduigh sé leis an corn gan focal eile do rádh. Nach ró-léir agus an saogal amhlaidh nár bh'fhéidir fonn
ar Ghaedhealaibh airgead ná stór do chur i dtaisce dá mbeadh an chaoi aca, féin. Ba mheasa bhí an cás ag Gaedhealaibh i gcoitchinne ná mar bhíonn ag an saighdiuir agus é ag dul isteach i bpáirc an bhuailte, no ag an máirnéalach bocht a bheadh i láthair na ngarbh-thonn agus an ghaoth mhór ag bagairt bháis air. Beag suim a chuir- eann a leithéididhe súd i n-airgead, agus, dá réir sin, cár bh'iongnadh gan Éireannaig chéasta do bheith só-chríoch- namhail ná fonn ortha fo-phinginidhe airgid do chur i dtaisce? Acht de réir mar scaoilfear Gaedhil ó smacht Gall is de réir mar tabharfar greim dóibh ar a gc[h]uid talmhan féin chifid agus tuigfid chomh cruinn le n-a gcómhursaibh cad is airgead agus cnuasughadh ann; ní thiocfaidh le héinne acht le cladhaire éithigh faillighe ná leisce do chasadh leo, agus mar dhíoghal ar a bhfeabhas fillfidh beannacht agus lán-rath Ríogh na bhFlaitheas i n-a bhfrasaibh ortha. Molfhar an mheasardhacht agus áirmheochar a buadha do'n aos óg i sna scoileannaibh; cuirfear an mheisce nimhe fé dhroich- mheas agus fé tharcuisne: beidh a fhios ag gach éinne, óg aosta, feasta nach adhbhar bidh an biotáille, acht, i n-a inead san, gur deoch chonntabharthach í, agus gur beag nach measa mór-chuid di ná an nimh mharbhtha féin. Beidh a
ró-fhios aca gur fearr an tslainte bhíonn aca so ná blaiseann í, agus gur sia mhairid ná mar mhaireann lucht taosctha na dighe. Beidh a fhios aca, fós, má bhíonn dúil 'san mbraon ag athair no máthair go mbeidh a gclann amhlaidh, fóirior. Cuirfear i n-umhail dóibh i ndiaidh ar ndiaidh go bhfaghann trí chéad éigin duine bás gach lá 'san tseachtmhain de dheascaibh na dighe i nImpreacht Shasana ar leithligh, agus gur mó díogbháil a dhéineann an t-ólachán do Shasana i gcaitheamh cúpla bliadhan ná mar dhein cogadh thuaisceirt Aifrice ó thosach deireadh. Agus déanfaidh an t-eolas so is eolas dá shaghas mór-mhaitheas i gcionn na haimsire. Ná bíodh éinne ag a chur i n-a luighe air féin gur dligthe iasachta dhéanfaidh an mheasardhacht do leathadh is do bhuanughadh i nÉirinn. Ní hiad. Séan- faidh Éireannaigh an t-ól ar mhaithe leo féin agus mar olc ar na reachtaibh nimhe ná molann de thuarastal i gcómhair ár n-oideachais acht de réir na cánach íocam as an mbiotáille. Séan- faidh Éireannaigh an t-ól ar mhaithe le n-a dtalamh dúthchais is le deag-cháil a sínsear. Séanfaidh Éireannaigh an t-ól chum a dheimhniughadh do lucht casta asmhuchán go bhfuil fír-mheas ag clannaibh Banban ortha féin mar ba dhual dóibh. Géillfidh Gaedhil do
chómhairle na cléire mar is gnáthach leo. Is é cómhairle na cléire an braon do shéanadh, agus is é tuairim na cléire ná fuil i n-ár measc indiu Cumann eile níos oireamhnaighe chum an braon do chur fé tháir ná Órd Fróinséis Naomhtha. Géillfidh Gaedhil do chómhairle an Chumainn seo i n-onóir an Uachtaráin a bhí ag sean- móireacht as Gaedhilg aca ar fuid Éireann uile 'san séamhadh aois déag agus i ndíl-chuimhne an Bhráthar bhith- dhílis Micheál Ua Cléirigh. Géillfidh Gaedhil, fós, do chómhairle na gCapuisíneach i gcuimhne an Athar Art Ua Laoghaire agus an Athar Tiobóid Maitiú féin. Géillfidh siad dóibh agus cuideochaidh leo go dicheallac mar dhíoghal ar an obair atá ar siubhal ag an Órd le bliadhantaibh ar son na Gaedhilge, ar son na measardhachta, ar son gach deigh-iarrachta dá dtugtar "Do chum glóire Dé agus Onóra na hÉireann." Mo chumann iad na Capuisínigh! Adhbhar uabhair dom réamhrádh ó láimh dheaghbhráthar aca mar maise ar an leabhrán so. 'San Irish People is eadh do cuireadh so i gclódh i dtosach.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services