Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Beatha an Athar Tiobóid Maitiú

Title
Beatha an Athar Tiobóid Maitiú
Author(s)
Ó Ceallaigh, Seán,
Pen Name
Sceilg
Composition Date
1909
Publisher
Mac Guill, M. H. agus a Mhac, Teoranta

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Caib. I.



óige an abstail.



Is beag ainm d'ainmneachaibh móra
na hÉireann gur córa eolas do bheith
againn air fé láthair ná ar ainm an
Athar Tiobóid Maitiú. An té go
mbeidh lán-eolas aige ar imtheachtaibh
is ar shaothar an Athar Tiobóid le linn
a ré ní baoghal dó gan bheith i n-a
dheigh-fhear, agus ní fuláir dó gan
feabhas do chur ar a chómhursain is ar
a dhúthaigh. Tá cómhairle leasa le
baint ag an té is géar-chúisighe againn
as imtheachtaibh an Athar Tiobóid ó
chorp a óige go ló a bháis; tá brigh fé
leith lé n-a shaothar an aimsear so.



Rugadh Tiobóid Maitiú i gCaisleán
Bhaile Thomáis, chúig míle slighe ó
Chaiseal Mumhan, an deicheamhadh lá
de mhí deiridh an fhóghmhair i mbliadhain
a 1790. Nuair bhí sé a chúig bliadhna
d'aois d'aistrigheadh a mhuinntear go
Ráith Chloichín tamaillín slighe ó'n
gcaisleán. Bhí árus breagh fairsing


L. 2


flaitheamhail aca annso. Ní fhacaidh
Tiobóid ná éinne eile dá ochtar
dearbhrathár spriúnlathacht ná gann-
tanas ná éinnidh eile acht carthannacht
is flúirse is croidhe na féile fé dhíon
tighe a n-athar riamh. Bhí páistidhe uile
an tighe go flaitheamhail raidhseamhail
le bochtaibh is le lucht siubhail mar ba
dhual dóibh. Acht ba fhlaitheamhla fé
dhó mo Thiobóid grádhmhar ná éinne
eile aca. Ní raibh aon iongnadh acht
an croidhe mór ceanamhail ceannsa
do bhí aige. Bhí cion fé leith aige ar
a mháthair agus bhí an cion céadna ag a
mháthair air. Cé gur bh'é Tiobóid an
ceathramhadh duine dá naonbhar mac is
dó is mó thugadh sí milseáin is
pusó i didhe so-bhlasta is adhbhar fleidhe
le roinnt ar an gcuid eile. Agus ní
miste a rádh gur bh'é Tiobóid do
roinneadh go raidhseamhail toilteanach
lúthgháireach ortha gach nidh dá mbíodh
aige. Ní raibh éinnidh eile is mó chuir-
eadh áthas croidhe air agus é i n-a
gharsún ná fleadh do thabhairt dá
dhearbhratháireachaibh is dá dheirbhshéath-
rachaibh. Lean an raidhseamhlacht so
dhó go crích a shaoghail.



Ní ar a mhuinntir féin amháin ba
mhian leis nidhthe do roinnt. B'aoibhinn
leis bheith ag cabhrughadh le bochtaibh
agus ba thaithneamhach leis a dhicheall
do dhéanamh do bhuachaillíbh is do
chailíníbh aimsire an tighe. Go deimhin


L. 3


níor mhaith leis aon bhuadhairt 'san
mbreis do bheith ar lucht oibre a
mhuinntire dá mbeadh dul ar a leaghas.
Seo eachtra dheimhneochaidh é: Thárla
srothán do bheith ag gluaiseacht fé
scáth an tighe. Ní raibh d'uisce ag
muinntir Thiobóid i gcómhair a ngnótha
ná i gcómhair a gcuid stuic acht
uisce an tsrotháin seo. Ba leor é
le linn an gheimhridh. Acht nuair
bheireadh an samhradh ortha bhíodh an
t-uisce an-ghann de ghnáth. Éinne go
bhfuil eolas aige ar chúrsaíbh feirm-
eoireachta tuigfidh sé gur ciotach
an rud gan go leor uisce do bheith ar
fagháil i gcómhair an tighe. Thug
Tiobóid so fé ndeara agus é ag
eirghe suas, agus ní raibh éinnidh is mó
bhí ag cur cúraim air ná an tslighe do
b'fhearr chum lán-tairbhe do bhaint as
an tsrothán. Bhíodh sé ag gabháilt de
le n-a shluasaid moch diadhnach a
d'iarraidh é dhoimhniughadh annso is é
chasadh annsúd is é threoradh i slighe
is ná imtheochadh oiread is deor de
amugha. Is beag a shaoil éinne an
uair úd go leaghasfadh sé mór-chuid
de chraos an ólacháin is go múchfadh sé
tart buile an tsluaigh le fíor-uisce
sul a stadfadh sé.



Mar adubhradh ní raibh acht tamaillín
slighe idir Ráith Chloichín agus an cais-
leán. Théidheadh Tiobóid go dtí an
caisleán go minic, agus ba ghearr go


L. 4


raibh Eibhlís Maitiú ban-fhlaith an chais-
leáin chomh ceanamhail air is mar bhí a
mháthair féin. Thugadh sí milseáin
agus cístidhe agus seoda agus airgead
dó go flúirseach. Agus ar an gcuma
so thagadh leis fleadh do thabhairt go
minic dá cháirdibh óga féin. Lá de sna
laetheantaibh bhí an líon tighe i n-a
suidhe timhcheall búird an bhidh. Dubh-
airt a máthair leo gur bh'ait léi
naonbhar mac aici agus gan fonn air
éinne aca bheith i n-a shagart. Seoirse
an duine ba shine aca bhí i n-a haigne.
Acht, cé gur bhronn gaol dóibh éide
luachmhar Aifrinn agus cailís ar
Sheoirse agus súil aige gur adhbhar
sagairt a bhí ann, ní raibh Seoirse féin
toilteanach, ní raibh leagadh aige leis
an tsagartacht, agus bhuail sé a cheann
faoi ar chloisint cainnte a mháthar dó.
Níor bh'amhlaidh do Thiobóid. "Ná
bíodh imshníomh ort, a mháthair," arsa
Tiobóid, "is mian liom-sa bheith im'
shagart."



Baineann sé le deallramh nár
bh'fhada gur airigh Eibhlís Maitiú go
raibh a peata ciuin fionn dathamhail
le beith i n-a shagart. Gheall sí ar an
dtoirt go gcuirfeadh sí ar scoil é
ar a costas féin, agus ná leigfeadh
sí d'einne eile piginn do chailleamh-
aint leis no go mbeadh sé i n-a
shagart. Bhí sé a dhá bhliadhain déag
d'aois fé'n am so, agus is é an


L. 5


scoil do cheap sí i n-a chómhair ná
Agadamh Choinnigh i gCill Choinnigh.
Seoladh Tiobóid go dtí an Colláiste
seo i dtráth, agus ní call a rádh gur
sileadh deora i Ráith Chloichín an lá bhí
Tiobóid ag scaramhaint le n-a mháthair
is le n-a mhuinntir. Is léir dúinn
anois go raibh uaigneas ar Thiobóid
féin, rud nár bh'iongnadh agus, gur
lean an t-uaigneas soin dó go dtí
an Cháisc ar a laighead de. Nuair
bheir an Cháisc air mhothuigh sé air féin
nár bh'fhéidir leis é féin d'iomchur no
go bhfeicfeadh sé a mháthair is a mhuinn-
tear. Is cad a dhein sé? Bhailigh sé
leis ó'n Agadamh i gan fhios d'éinne,
agus níor leig a scith gur bhuail sé
an doras isteach i Ráith Chloichín is gan
aon choinne ag a mhuinntir leis.



Is iomdha athair is máthair go mbeadh
fearg ortha dá ndéanfadh a mac a
leithéid. Níor bh'amhlaidh d'athair is do
mháthair Thiobóid. Is amhal a bhí áthas
croidhe ortha súd an uair chonncadar
é. Agus is beag baoghal ná go raibh
áthas ar an aos óg. Is iomdha fuir-
eann Agadaimh, leis, do dhíbreochadh
mac léighinn ar fad dá ndéanfadh sé
a leithéid ortha. Ní mar soin a dhein
lucht ceannais Agadaimh Chille Coinnigh.
Thuigeadar súd cia bhí aca. Thuig-
eadar brigh an scéil. Thuigeadar nár
ghnáthach buachaill gan tréithe buachalla
ann, agus nár locht ar bhuachaill


L. 6


ghrádhmhar fonn do bheith air an Cháisc
do chaitheamh i bhfochair a mháthar.
D'aithnigheadar ar ghnúis is ar scéimh
is ar dheigh-iomchur Thiobóidh ó thúis go
raibh adhbhar sagairt ann agus dá
ndéanfadh sé dearmhad beag féin nár
mhiste é mhaitheadh dhó. Bhí ríméad
ortha nuair tháinig sé thar n-ais chúcha,
agus bhí uaigneas agus aithreachas
ortha nuair scar sé leo fé dheoidh i
gcionn chúig mbliadhan. Buachaill
ciuin carthannach dathamhail dúthrachtach
raidhseamhail macánta bh'shin é a theist-
eas 'san Agadamh, agus bhí meas air
ag buachaillíbh is ag oidíbh dá réir.



Chuaidh sé ó Agadamh Chille Coinnigh
go colláiste Mhaighe Nuadhat i
mbliadhain a 1807. Ní fada d'fhan sé
annsúd. Samhluigheann sé dhúinn go
raibh sé ró-shimplidhe ró-bhaoth do
ghnásaibh an cholláiste sin agus gur
shaoil sé ná raibh a bhac air beagáinín
dá shlighe féin do bheith aige ann. Ar
aon chuma is léir nár thuig sé go
raibh lucht ceannais an cholláiste chomh
dian ar na macaibh léighinn is mar a
bhíd. Bhí sé féin chomh flaitheamhail is
mar bhí sé riamh, agus dubhairt sé leis
féin lá go dtabharfadh sé fleadh i n-a
sheomra féin do thriúr no ceathrar de
sna macaibh léighinn ba thaithneamhaighe
leis. Nuair bhí an díoghbháil déanta
aige, má ba dhíoghbháil é, cuireadh i
n-umhail dó go raibh dlighe agus gnás


L. 7


an cholláiste briste aige, agus go
ndaorfaidhe é, agus nár mhóide scéal
de ná go ndíbreochaidhe as an
gcolláiste é. Tháinig náire chroidhe
air, agus is é dhein sé ná bailiughadh
leis abhaile i mbliadhain a 1808.
B'fhearr leis so do dhéanamh i dtráth
mhaith ná fuireach no go ndaorfaidhe é
ar eagla go ndíbreochaidhe annsoin é
is go gceapfaidhe cois baile gur coir
éigin eile do bhí i n-a choinne.



B'é seo an dara feacht aige ag
teacht abhaile gan choinne leis. Níor
bh'iongnadh dá mbeadh leath-eagla ar a
cháirdibh ná eirgheochadh leis bheith i n-a
shagart go bráth. Níor ghábhadh aon
eagla go háirithe. Gheall sé féin dá
mháthair agus é i n-a gharsún gur
sagart a bheadh ann. B'fhíor dó.
Cóimhlíonadh an gheallamhaint. Mar
b'ádhmharaighe i nÉirinn é bhí eaglais
ag Órd na gCapuisíneach i gCill
Choinnigh agus é ar scoil ann i n-a
óige. Chíodh sé manaigh mhúinte na
mainistreach so go minic, agus ba
mhór é a mheas ortha. Chomh luath agus
scar sé le Colláiste Mhaighe Nuadhat
cad a dhein sé ná é féin do chur fé
chomairce na gCapuisíneach. Chuaidh
sé go Baile Átha Cliath mar a raibh
mainistir aca agus chuir sé fé
cheannas an Athar Ceilistin Ua Cor-
coráin é féin, agus d'fhan sé annsoin
no gur dhein an Dochtúir Diadha Ua


L. 8


Muireadhaigh sagart de Domhnach
Cásca i mbliadhain a 1814. Ní raibh
sé a cheithre bliadhna ficheadh d'aois
nuair a cóimhlíonadh an gheallamhaint
a thug sé dá mháthair i n-a óige.



Thug sé a chéad seanmóin uaidh i n-a
pharóiste dhúthchais i dTiobraid Árann.
B'é Soiscéal an Domhnaigh áirithe sin
ná gur fusa do chamail dul tré chró
snáthaide ná do'n fhear saidhbhir dul
go flaitheas Dé. Thárla go raibh an
fear ba saidhbhre 'san dútháigh ag
éisteacht leis an tseanmóin. Fear
mór reamhar do b'eadh é i dteannta
dhó bheith saidhbhir. Casadh é féin agus
an manach óg ar a chéile tar éis Aifrinn.
"Táim an-bhuidheach díot, a Athair
Tiobóid," ar seisean, "toisc an
iarracht do thugais fé mó sháthadh tré
chró snáthaide."



Caib. II.



Tosach a shagartachta.



Ba ró-ghearr i n-a mhanach m'Athair
Tiobóid gur seoladh é go Cill Choinnigh.
Ní fuláir no gur thaithn so leis. Ní
raibh aon dream eile ba mhó do chuir
ag machtnamh ar Rígh na nDúl é ná
na manaigh chneasta do bhí i gCill
Choinnigh agus eisean i n-a mhac léighinn
ann beagán bliadhan roimis sin. Bhí


L. 9


sé féin i n-a mhanach anois 'san inead
chéadna, agus manach ní ba charthann-
aighe ní raibh ann riamh. Bhí cion is
meas is urraim ag gach éinne air. Bhí
meas fé leith ag daoinibh bochta air.
Cár bh'iongnadh? Manach ní ba dhéirc-
eamhla níor rug riamh ar scilling.
Agus bhí sé chomh umhal cneasta is dá
mba adhbhar naoimh é. Bhí sé ar fhear-
aibh dathamhla na dúthaighe fé'n am
soin leis. Bhí aghaidh agus crot air
d'oirfeadh do naomh. Bhíodh sé ar
siubhal ó ghlaodhach an choilligh go
meadhon oidhche nach mór. Bhíodh sluagh
timcheall a áruis faoistine ó dhubh
dubh, agus bhí de dhóchas ag an bpobal
as nár bh'iongnadh dá mbeadh éad
ag daoinibh eile leis. Lá áirithe
agus sluagh daoine ag feitheamh
le faoistin d'fhagháil uaidh bhuail
sagart de shagartaibh Chille Coinnigh
fé dhéin an áruis mar a raibh an manach
óg ag cómhairliughadh is ag cneasughadh
na bpeacach. Shín an sagart litir
isteach 'san árus chum an Athar
Tiobóid. Léigh an tAthair Tiobóid í
agus is é bhí 'san litir ná órdughadh
ó'n easbog gan faoistin d'éisteacht
'san áit sin feasta. Amach leis an
Athair Tiobóid ar an láthair sin, agus
dubhairt sé leis an bpobul go gcaith-
fidís dul go dtí sagart éigin eile
mar go rabhthas tar éis cosc do chur
leis féin. Deineadh 'san éagcóir,


L. 10


leis, é. Do réir deallraimh d'innis
duine éigin do'n easbog gur riar an
tAthair Tiobóid amach an Chomaoine
Naomhtha i n-a mhainistir féin le linn
na Cásca. Ní raib san ceadtha ag
aon Órd. Ní cheaduightear d'éinne
acht do gnáith-chléir na háite an
Chomaoine Naomhta do riaradh amach
Domhnach Cásca. Gnás é seo go
ngéilltear do i nÉirinn le fada.
Agus níor dhein an tAthair Tiobóid a
mhalairt. Acht cuireadh bréag air pé
nidh ba bhun leis. Fuair an tEasbog
amach i dtráth go raibh an éagcóir aige
féin, ámhthach, agus bhí áithmhéile chroidhe
air, nidh nár bh'iongnadh. Mheas sé a
leath-scéal do ghabáil leis an Athair
Tiobóid as ucht a raibh déanta; acht
ní bheadh a thuilleadh bainte ag an
Athair Tiobóid leis. B'é seo an dara
feacht go raibh saghas easaontais idir
an manach dúthrachtach agus cléir
Mhaighe Nuadhat, agus ba mór an
truagh é. Ní raibh aon ghábhadh leis an
easonóir an taca so.



D'fhéach an manach óg timcheall air
annsoin féachaint cá bfaghadh sé inead
oireamhnach. B'é toil Dé gur seoladh
go Mainistir na gCapuisíneach i
gcathair Chorcaighe é gan mhoill. An
tAthair Art Ua Laoghaire is eadh do
chéad-chuir an mhainistir bheag so ar bun.
Ní raibh de chléir 'san mhainistir acht
an tAthair Domhnall Ua Donnabháin


L. 11


uachtarán agus an tAthair Tiobóid mar
shagart conganta. Sagart breagh
grádhmar déirceamhail do b'eadh an
tUachtarán so. Ba dhóbair nár
díceannadh i bPárais é le linn an
Sceoin. Bhí sé istigh i gceart-lár
sluaigh dhaortha ar bhruach an árdáin
agus an ghramraisc ag magadh is ag
gáiridhe faoi agus gan acht cúpla
neomat eile le caitheamh ar an saoghal
so aige. Acht thug oifigeach airm
fé ndeara é, agus d'aithin air
gur bh'Éireannach a bhí ann. "An
iomdha Éireannach eile annso?" ars'
an t-oifigeach. D'innseadh dó, "Seadh,
scaoilfear saor sibh-se," ar seisean,
agus scaoileadh. Tháinig an tAb
abhaile go hÉirinn i gcionn tamaill
agus bhí sé i n-a Shéiplíneach i gcarcair
Chorcaighe feasta. Dá bhfagadh sé a
rogha de bheartaibh deasa an domhain
b'é seo an ceann ba mó thaithnfeadh
leis fé'n dtráth úd. An scriosadh
agus an milleadh do chonnaic sé i
bPárais níor ghlanadar as a chuimhne
go bráth, agus ní raibh éinnidh eile ba
mhó thug sólás dó ná daoine
mí-ádhmharacha do bhí le crochadh d'ull-
mhughadh i gcómhair a mbáis. Is
aindeis an treo bhíodh ar chuid aca
so, ní gábhadh a rádh. Ba mhinic
do b'éigin dó a léine féin do chur ar
dhuine bhocht aca i gcuma is ná beadh
crot millte air ag dul ar árdán a


L. 12


bháis. Dá bhrigh sin ba mhinic a bhí sé
féin agus gan aige acht an t-aon
léine amáin. Nuair tháinig an tAthair
Tiobóid chuige b'éigin do'n Athair
Domhnall éadach leabthan do sholáth-
airt i n-a chómair ar iasacht. Mar a
chéile b'éigin dó cleas grinn d'imirt
ar chómhursain chum dínéar an chéad
lae d'fhagháil do'n Athair Tiobóid. Tá
athrugadh mór tagtha ar an saoghal ó
shoin, agus ní miste é.



Níor bh'iongnadh báidh do bheith ag an
mbeirt manach le chéile sara fada
agus so amhlaidh. Ní raibh an
tUachtarán ró-dhathamhail ar fad; acht
bhí sé díreach déirceamhail fáilteamhail,
agus b'shin iad na tréithe do thaithn
leis an Athair Tiobóid. Fé'n am soin
ní raibh ag cur cúraim ar an Uachtarán
acht ineall ceoil do soláthairt i
gcómhair a shéipéil. Soláthruigheadh
an t-ineall dó lá, agus, má bí áthas
fé leith riamh air éinne, is ar an
Uachtarán do bhí sé dá bharr so. Acht,
fóirior! d'imir an t-ineall céadna
cleas greannmhar air an chéad
Domhnach le linn Aifrinn : i n-inead
ceol diadha do sheinnim do sheinn sé
fonn grinn nár airigeadh a leithéid fé
dhíon séipéil riamh roimis sin ná ó
shoin i leith. Acht da dhonacht é an
t-ineall iasachta dhein sé a chion féin
i dtráth, agus ní móide scéal de ná
gur bh'é ba bhun leis an mhuinghin do bhí


L. 13


ag an Athair Tiobóid féin as an gceol
ní ba dhiadhnaighe.



Níor bh'fada do'n Athair Tiobóid i
gCorcaigh no go raibh an sluagh chomh
ceanamhail air is mar bhíodar i gCill
Choinnigh. Tá sé i mbéalaibh Gaedheal
fós dá dtiócfadh tuatach ó Iarthar
Chiarraidhe le ualach ime go margadh
Corcaighe ná fillfeadh sé abhaile gan
faoisidin d'fhagháil ó'n Athair Tiobóid.
Dá bhrigh sin d'fhoghluim sé an
Ghaedhealg i gcuma is go dhtuigfeadh
sé faoisidin na dtuatach go soiléir
is go mbeadh sé i n-a chumas teagasc
is cómhairle leasa do thabhairt do
lucht labhartha na Gaedhilge. Cár
bh'iongnadh dóchas ag daoinibh simplidhe
as? Agus do bhí dóchas as ag óg is
aosta ag bocht is saidhbhir, agus cár
bh'iongnadh so féin?



Caib. III.



Aicíd is galar is dobhrón



I mbliadhain a 1817 thárla Droch-
aicíd mhillte i gcathair Chorcaighe. Is
iomdha duine d'fhágadh ar fleasc a
dhroma leis an aicíd chéadna. D'fhág
sé an t-ógánach i n-a luige chomh maith
leis an seanduine, agus iad so na
raibh i n-a luighe bhí scannradh saoghail
ortha. Le linn na haicíde sin ní raibh


L. 14


i gCorcaigh fear eile, ba chuma tuatach
no liaigh no sagart é, d'oibrigh chomh
dúthrachtach ar son na n-othrach is mar
dhein an tAthair Tiobóid. Bhíodh sé
ag gluaiseacht ar a dhicheall ó ghlaodhach
an choilligh gach maidean, agus pé áit
dá dtéidheadh sé bhíodh sólás agus
leaghas i n-a threo. Fé'n am go raibh
scartha aca leis an éagcruas soin ba
bheag duine i gCorcaigh ná déanfadh rud
ar an Athair Tiobóid dá n-iarradh sé
ortha é. Agus is é d'iarr. Go
deimhin níor bh'fhéidir leis é féin
d'iomchur gan obair éigin fóghanta do
bheith ar siubhal aige i gcómhnuidhe.
Chuir sé scoileanna céard ar bun
i gcómhair na n-ógbhan. Na hógánaigh
agus na buachaillidhe do thagadh go
dtí n-a mhainistir de ghnáth do dhlúith-
cheangail sé i n-aon bhuidhin amháin iad.
Chuir sé Cumann ar bun dóibh i
mbliadhain a 1819. Cumann Seosaimh
a thug sé mar ainm air seo.
Sholáthruigh sé leabharla bhreagh dhóibh,
agus léirigh sé dhóibh cionnus a thiocfadh
leo maitheas do dhéanamh dá chéile i
slighe is go rabhadar uile bocht saidhbhir
eolach aineolach, ag cabhrughadh le chéile
ar a ndicheall.



An bhliadhain i n-a dhiadh san .i.
bliadhain a 1812, cailleadh an tAthair
Domhnall, agus do bhí de bhrón
chroidhe ar an Athair Tiobóid i n-a
dhiaidh ná féadfadh sé éinnidh do


L. 15


dhéanamh acht bheith ag osnadhghail agus
ag sileadh deor de ló is d'oidhche. Lá
de sna laetheantaibh agus é ag brughadh
a bhróin leis féin cois na teine shaoil
sé go ndubhairt duine éigin leis go
raibh buidéal dighe 'san gcófra agus
go leaghasfadh san é. Phreab sé ar
a bhonnaibh agus d'fhéach sé timcheall
air, acht ní raibh éinne i n-a ghaor.
Amach leis agus níor staid sé de'n
stáir sin chum gur aimsigh sé a dhuine
muinnteardha an Déin Ua Coilleáin.
D'innis sé do'n Déin cionnus mar
thuit amach. "An deamhan, a chroidhe!
an deamhan," ars' an Déin. "Má's
eadh," ars' an tAthair Tiobóid i n-a
aigne féin, "ní hé an buidéal dighe
a leaghasfaidh mise acht dian-obair."
Agus seo ag dian-obair arís é
láithreach.



Bhí go leor le déanamh i n-a
thimcheall. Níor mhór scoileanna
céard na n-ógbhan d'fhairsingiughadh
is do chur i bhfeabhas. Deineadh so.
Bhí buidheanta ionnta i gcómhair
léighinn; agus i dteannta an léighinn
múineadh fuagháil agus obair snáthaide
ionnta. Bhí tuarastal maith le fagháil
as an obair seo. Bhí dá chéad ógbhan
agus trí chéad cailínidhe 'san scoil i
mbliadhain a 1824. Léirigheann so
dhúinn, fé mar léirigh na scoileanna
oidhche ní ba dhiadhnaighe, is mar
léirigheann buidheanta Chonnartha na


L. 16


Gaedhilge anois go raibh fonn riamh
ar Ghaedhealaibh iad féin do chur
chum cinn i gcúrsaíbh léighinn agus
céarduidheachta dá mbeadh dul aca
ar scoileannaibh. Léirigheann sé leis
dúinn gur mhaith dob' eol do'n Athair
Tiobóid so cé ná raibh aon chuimhneamh
ar Chonnradh na Gaedhilge an uair úd.



Fóirior, rug adhbhar eile bróin ar
an Athair Tiobóid annsoin. Bhí a
dhearbhratháir óg i n-a chómhnuidhe le
n-a chois, agus bhí cion an domhain ag
an mbeirt ar a chéile. Acht chuir an
t-ógánach roimis féin dul go
Deisceart Aifrice, agus ní ghéillfeadh
sé d'éinne gan bailiughadh leis. Níor
ró-fhada imthighthe é gur cailleadh i
mBádh Beinin é i n-aois a shé bliadhna
déag. D'fhág so go dobhrónach an
tAthair Tiobóid, mór-mhór ó ba rud é
gur fhág a máthair an dearbhratháir óg
fé n-a chúram ar leithligh.



Níor chuir an dobhrón é gan mórán
maitheasa do dhéanamh dá phobul is dá
chómharsanaibh an uair úd, ámh, agus
is aca do bhí géar-ghábhadh le n-a
chongnamh. Cuireadh dlighe ar bun i
mbliadhain a 1825 agus do réir na
dlighe sin ní fhéadfaidhe Caitliceach
do chur 'san úir gan cead d'fhagháil
ó'n gcléir Ghallda. Thug an Déin
Gallda MagAoidh iarracht fé'n dlighe
seo do chur i bhfeidhm i gCorcaigh lá
dá raibh an Déin Urramach Ua


L. 17


Coilleáin ag léigheamh paidreach ós
cionn uaighe i gCill FionnBharra; acht
sin a raibh aige dá bharr. Thug Déin
na gCaitliceach freagra fir ar Dhéin
na nGall, agus chuir san cosc le n-a
eirghe i n-áirde. Rud eile, agus níor
dhona nidh ná é: ní fhéadfaidhe corp
do chur gan cáin trom do díoghal as,
agus ní gábhadh a rádh go mbíodh sé
dian go leor ar bhochtaibh an t-airgead
do sholáthairt i gcómhair na cánach so.
Chuir an tAthair Tiobóid deireadh leis
an mbuadhairt ar fad. Cheannuigh sé
stráice bláthmhar talmhan i mbliadhain
a 1826, agus leag sé amach i n-a
láthair cille é. Ós soin amach ní bhíodh
air éinne cáin uaighe d'íoc, agus níor
chuir Gaill sainnteacha isteach riamh ó
shoin ar adlacadh na gCaitliceach i
gCorcaigh.



Um an dtaca so bhí an tAthair
Tiobóid i n-a sheanmónuidhe río-
bhlasta. Thagadh na sluaighte ag
éisteacht leis, agus, mór-mhór, dá
mbeadh sé ag seanmónuidheacht ar
mhaithe le adhbhar éigin déirce. Bhí sé
féin ar na fearaibh ba dhéirceamhla beo.
Ní dócha gur eitigh sé duine riamh fé
bheagán conganta. Níor bh'é sin
amháin. Ní raibh aon iongnadh acht a
mbíodh de daoinibh ag brath air:
daoine gur dhual dóibh bheith bocht
dealbh, daoine bhí go maith 'san
tsaoghal tráth, no clann a leithéididhe,


L. 18


lucht oibre agus a murgail, daoine
thagadh a bhfad ó bhaile chum faoisidin
d'fhagháil uaidh, agus mar soin de.
Bhíodh súil aca go léir le cabhair ó'n
Athair Tiobóid, agus níor mhiste dhóibh.
Ní raibh i n-a shaothar ar fad acht
neimhnidh go háirithe i gcomórtas le
n-a raibh le teacht.



I mbliadhain a 1832 bhris an galar
buidhe amach i gcathair Chorcaighe.
Tháinig scannradh báis ar mhuinntir na
cathrach, agus níor bh'iongnadh san.
Do leath an aicíd ó dhuine go duine ó
thigh go tigh ó sráid go sráid, anonn is
anall, soir siar. Ba chonntabharthach
an saogal ag an gcléir é, agus
ba dhian. Bhí na sagairt ag
obair moch diadhnach mar ar chéad-
bhris an aicíd amach. Níor leor a
ndicheall, ámh. Bhí na daoine ag
tuitim i n-a sluaightibh, agus níor
bh'fhuláir gan eagla ar an gcléir ná
féadfaidhe iad go léir d'ullmhughadh
i gcómhair a mbáis. Ní raibh aon bhaint
ag an Athair Tiobóid leis an gcuid
de'n chathair mar a raibh an aicíd i
dtosach. Ba chuma san. Bhí obair Dé
le déanamh agus níor dhual do'n
mhanach bheith díomhaoin agus san
amhlaidh. Seo fé dhéin an tsagairt
paróiste dá thoil féin é. Bhí fáilte
roimis, ní call a rádh. Chuidigh sé go
dicheallach leis an sagart paróiste
agus le n-a lucht chonganta no go


L. 19


raibh an aicíd ag déanamh an donais
mór-dtimcheall a mhainistreach féin
agus ar fuid na cathrach ar fad.



Dá mhire é gluaiseacht na haicíde,
ámhthach, ba mhíle mhire fós é gluaiseacht
an Athar Tiobóid. Ní túisce bhuaileadh
an aicíd ball áirithe ná eisean ann
leis. Ba mhíorbhúilteach ar fad an
obair a dhein sé. Bhíodh sé cois
leabthan an bháis ag ullmhughadh othair i
gcómhair an bhóthair fhada anois, abair,
agus láithreach baill bhíodh sé ag cur a
chómhbhróin i n-umhail do'n bhaintreabhaigh
óig agus ag cabhrughadh le n-a
díleachtaíbh d'aon iarracht. I gcionn
neomait eile b'fhéidir gur ag cur gach
nidhe i gcóir i n-otharlain a bheadh sé.
Dhein sé obair mheithle de ló is
d'oidhche. Ba dhóigh le duine go mbíodh
sé annso is annsúd, thall is i bhfus
'san am chéadna. Níor leor leis
obair an lae do dhéanamh go dicheallach
déirceamhail neimh-eaglach gan é chur
mar chúram air féin fuireach i n-othar-
lain mhóir ó mheodhan oidhche go
breacadh na maidne agus san do
dhéanamh gach oidhche. Oidhche áirithe
tugadh othar amach go tigh na marbh as
an otharlain. Shaoil lucht freastail
na hotharlan go raibh sé marbh, acht
ní raibh. I gcionn tamaillín mhothuigh
an tAthair Tiobóid imthighthe é mar go
raibh suim fé leith aige 'san othar so.
Seo amach go tigh na marbh ar a lorg


L. 20


é. A leithéid de radharc is mar
chonnaic sé annsúd i ndeireadh na
hoidhche! Fuireann daoine ar leath-
mheisce agus iad ag obair ar a
ndicheall, carnán corp ós a gcómhair
agus iad ag casadh na gcorp, i
mbraitlinníbh agus dá sáthadh isteach
i gcómhrannaibh cumhanga; soighthigh de
tharra leaghta taobh leo agus iad
ag dortadh an tarra so ar na corpaibh
d'fhonn is máthair no eochair na
haicíde do scólladh glan. Ní féidir
cur síos go soiléir ar radharc dá
leithéid. Acht istigh i lár na gcorp bhí
an t-othar so go raibh an tAthair
Tiobóid ar a lorg. Chonnaic sé
láithreach é. "Ní éagtha fós dó," ar
seisean, ag déanamh air anonn. Agus
níor bh'eadh, cé ná raibh ann méar do
bhagairt ná oiread is gíog do chur as.
Tugadh thar n-ais go dtí an otharla
é dá aindeoin san féin; ba ghearr go
dtáinig sé chuige féin beagán; agus
ó'n neomat soin amach bhí sé ag dul
i bhfeabhas agus i bhfeabhas no go raibh
a shláinte aige fé dheireadh chomh maith
is mar bhí riamh.



Níor theip ar an Athair Tiobóid
cómhairle do thabhairt d'fhuirinn na
hotharlan de dheascaibh an ghníomha
so; agus ó'n oidhche úd amach ní raibh
duine 'san otharlain ná lasmuigh dhi,
ba chuma liaigh no fear conganta é, no
buime, ná raibh chomh dúthrachtach aireach


L. 21


is mar bhí an tAthair Tiobóid féin.
Agus níor staid seisean dá dheagh-
obair go dtí go raibh an chathair gan
rian de'n aicíd ann.



Caib. IV.



Teacht na measardhachta.



Ní raibh aon chur síos ar an meas a
bhí ar an Athair Tiobóid as ucht ar
dhein sé le linn an Ghalair. Bhí meas
ag gach éinne air, ba chuma cad é a
gcreideamh no a dtuairim no a stáid.
B'é rogha na bhfear agus rogha na
manach é i dtuairim gach éinne. Agus,
dar ndóigh, níor bh'iongnadh é ar lucht
ceannais Tighe na mBocht i gCorcaigh.
Is beag ná raibh cúrsaidhe an tighe seo
chomh dona is mar bhíodh cúrsaidhe na
n-otharlan roimis sin. Ní raibh aon
tseodh acht bochtaine agus aindeise
na ndaoine ann. Ceárduighthe do
b'eadh cuid aca so no gur beir an lá
cruaidh ortha; tuataigh ghalánta do
b'eadh cuid aca tráth: bhí gach saghas
duine le fagháil i dTigh na mBocht
agus an iomad aca ann mar leis sin
de. Is níor bh'fhada an mhoill ar an
Athair Tiobóid a dhéanamh amach gur
dúil 'san ól ba bhun le aindeise a
n-urmhór. Thiomáin an t-ólachán go
Tigh na mBocht na sluaighte aca, d'fhág


L. 22


sé mórán aca i gcarcair agus i dTigh
na nGealt féin. D'fhág sé na céadta
teinteán go dealbh anacrach, mór-mhór
i sna bailtibh móra, agus is minic a
dhein sé fear buile de'n tuatach
simplidhe agus gan dúil na spéis i
n-éinnidh ar domhan aige acht troid is
tuaiplis is achrann millte.



Is minic a chuireann duine mar
cheist air féin cad ba bhun leis an
gcraos mhí-ádhmharach do bhí ar mhuinntir
na hÉireann 'san tsaoghal úd. Ní'l
amhras ná gur dhein an daor-bhruid
agus an cruadhtan agus an dubh-
uaigneas a gcuid féin de. D'fhág
na Dlighthe Pianamhla gan léigheann
gan misneach gan caitheamh aimsire
urmhór ár sínsear le sna céadtaibh
bliadhan; agus ní raibh le déanamh aca
dá dheascaibh acht aithris do dhéanamh
ar bhéasaibh Gallda. Ní raibh árus
cruinnighthe ná inead cruinnighthe aca
acht i dtigh an tábhairne. Chuireadh an
biotáille agus an chuideachta adhbhar
bróin as a gcuimhne an fhaid is bhídís
bog súgach, is, fóirior géar, chuireadh
breis dhroich-bhiotáille go ro-mhinic ar
buile iad. Droich-bhiotáille is bun
le dhá dtrian a dheintear de dhroch-
obair ar fuid na dúthaighe gus indiu
féin, agus is ró-dheimhin gur amhlaidh
do'n scéal le fada fada. Níor
bh'fhéidir an droich-bhiotáille do
sheachaint, ámh, an fhaid is bhí na daoine


L. 23


bochta agus gan inead coinne aca
acht i dtig an tábhairne. Mar, bíodh
a fhios ag cách nach féidir Éireannaigh
do dheaghailt ná do choimeád ó chéile
coitchianta: bhíodar ro-thugtha ar
chuaird is céilidh ar chuideachtain is ar
sheanchuidheacht ó thúis.



Is léir ó n-a bhfuil ráidhte go raibh
cruinn-eolas ag an Athair Tiobóid
ar an tubaiste do bhí ar siubhal
de bharr an ólacháin sul ar chrom
sé dá ríribh ar an obair do dhein
sé i n-a choinne fé dheoidh. Bhí dóchas
ag gach dream is aicme as, ba chuma
cá ndeinidís Dia do mholadh is ba
chuma cad é a slighe 'san tsaoghal.
Dá bhrigh sin bhí Sasanaigh is Caocairidhe
agus Giúdaidhthe, Easbuig Ghallda,
flatha Gallda, deaghmhná agus mar
soin dóibh ar a lucht caidrimh. Bhí
togha na haithne aige ar Chaocaire
dhúthrachtach de Chaocairíbh Chorcaighe
'san am soin. Liam Máirtín do
b'ainm do so. Casadh Liam agus an
tAthair Tiobóid go minic ar a chéile
mar go rabhadar araon ar Chomhdhaltas
Tighe na mBocht. Bhí baint ag Liam
le Cumann na gCarad! Cumann
Gallda do b'eadh é; acht ba chuma san,
dar ndóigh! Bhí daltaidhe an Chumainn
ar a ndicheall i gcoinne an ólacháin
le bliadhantaibh roimh ré, cé nár
ró-mhaith d'eirigh leo i n-aon chor chum
gur casadh Liam Máirtín agus an


L. 24


tAthair Tiobóid ar a chéile lá.
"Tá a fhios ag an saoghal gur dheinis-
se cion fir i gcoinne na droch-aicíde
tamall ó shoin" arsa Liam leis an
manach. Tá aicíd chomh dona céadna
i n-ár láthair anois, - is é sin an
mheisce, - agus is fada, fada tá sé
ag rith orm gur tusa an t-aon fhear
amháin i nÉirinn a leaghasfadh é dá
gcuirfeá chuige. Ó, i gcunntas Dé
ná heitigh sinn, a bhráthair ghrádhmhair
ná dein san." Níor dh'eitigh is níor
ghéill ar an láthair sin, acht chuir
athchuinge an Chaocaire ag dian-
mhachtnamh é, agus ba ró-ghearr gur
chuir sé i n-a luighe air féin nár mhaith
an mhaise air gan géilleadh dhó. Agus
do ghéill go fonnmhar fé dheoidh, cé
go raibh sé a sheacht mbliadhna agus
dá fhichid d'aois fé'n am soin. Agus
mór-mhór lucht déanta biotáille do
b'eadh a ghaolta féin, agus bhí a ró-
fhios aige go gcreachfaidhe iad de
dheascaibh na hoibre do bhí curtha
roimis aige.



Pé scéal é tháinig tionól i gceann
a chéile an deicheamhadh lá de mhí an
Abráin i mbliadhain a 1838. 'San
scoil do chuir an tAthair Tiobóid féin
ar bun fiche bliadhan roimis sin is eadh
do tionóladh an cruinniughadh. Ní ró-
mhór na daoine bhí láithreach, acht ba
ró-éachtach an toradh fuarthas de bharr
a gcómhairle. Do mhínigh an tAthair


L. 25


Tiobóid féin do'n chuideachtain cad é
bhí rómpa. Nuair bhí san déanta do
ghluais sé fé dhéin leabhair do tharla
'san tseomra agus an geall i gcoinne
an ólacháin scríbhte ann. "Seo linn
i n-ainm Dé!" ar seisean, ag cur a
ainme leis an ngeall. Do dhein trí
fichid éigin duine amhlaidh i gcaitheamh
an tráthnóna, agus cuireadh an deagh-
obair ar siubhal de'n iarracht soin.



Is maith an obair do dhein Liam
Máirtín i dtosach scéil. Ba dheocair
a dheimhniughadh do mhuinntir an
tsaoghail úd go bhféadfaidís a ngnó
do dhéanamh gan biotáille aca:
samhluigheann sé dhúinn gur mar soin
a bhí an scéal aca ar aon chuma. B'é
an cúram ba mhó bhíodh ar Liam ná a
léiriughadh do sna daoinibh so ná raibh
gábhadh ag éinne leis an mbiotáille.
"Cad a bhíonn le n-a ól ag an
gcapall ráis de ghnáth?" adeireadh
sé, ag cur ceiste air féin, mar dheadh.
"Uisce!" adeireadh sé, ós árd, ag
tabhairt freagra air féin. "Is cad
a bhíonn le n-a ól ag an leomhan de
ghnáth? Uisce, dar ndóigh! fíor-uisce.
Tá dóthain an daonnaidhe is an
ainmhidhe is an éin, tá dóthain gach
éinne is gach éinnidhe 'san uisce. Is
é an rud is tairbhighe agus is
oireamhnaighe dhúinn go léir é; is é
an rud is folláine agus is áiseamhla
againn é. Ólaimís uile é mar soin,


L. 26


agus i n-ainm Dé caithimís uainn an
biotáille feasta." Agus is é thagadh
as an gcómhairle de ghnáth ná go
dtógadh gasradh daoine an geall ó'n
Athair Tiobóid.



Bhí go leor leor eile i gCorcaigh
agus fonn ortha cuidiughadh leis
an obair. Mara mbeadh so ní
fhéadfadh an tAthair Tiobóid féin
teacht ar an obair go léir ná
i n-aon ghaor di. Leath a cháil is a
chómhairle chomh mear le gaoith, agus
ba ró-ghearr go raibh daoine ag teacht
fé n-a dhéin i n-a sluaightibh dubha. I
gcionn tamaill bhíodh a dhá dhóthain le
déanamh aige agus an geall do
thabhairt do sna sluaightibh so. Shaoil
daoine go deimhin gur bhain
draoidheacht no comhacht éigin le n-a
láimh bhí lucht séanta an ólacháin chomh
líonmhar is chomh dílis san. Ó'n ló
leagadh sé lámh ar ghualain ortha is
tearc duine aca bhlaiseadh an
biotáille. Cár bh'iongnadh má
cheapadar gur bhain comhacht thar na
comhachtaibh leis? Cár bh'iongnadh má
thagadh na sluaighte fé n-a dhéin gach
lá? Cár bh'iongnadh má bhíodh a
sheomra lán de pheacaidhthibh ó dhubh
dubh agus gan dhe chúram ortha acht an
geall do thógaint uaidh féin ar
leithligh? Cár bh'iongnadh daoine ghá
rádh go mbíodh boladh an bhiotáille ó
n-a sheomra i gcómhnuidhe toisc a


L. 27


dtagadh de lucht meisce chuige ar
lorg a leasa? Ba mhinic cuid aca
so go dealbh, leis. Thagadh cuid aca
na mílte slighe ó bhaile, agus
theastuigheadh an oiread conganta
uatha is do bhéarfadh thar n-ais abhaile
arís iad. Theastuigheadh cabhair ó sna
peacaidhthibh uile no ó n-a n-urmhór
mór pé scéal é. Agus pé áit go
solátruigheadh an tAthair Tiobóid
dóibh é is fíor-annamh a shín sé lámh
fhollamh chum duine aca, má shín riamh,
go deimhin. "Dá mbeadh sráideanna
Chorcaighe clúdaigthe le clochaibh óir
agus dá mba leis an Athair Tiobóid
féin amháin iad," ars' a chléireach
tráth, "ní bheadh oiread is púirín aca
le fagáil i n-a inead féin, ná aon
tuairisc air acht chomh beag, i gcionn
bliadhna." Flaith na ndeagh-fhlath do
b'eadh é ó bhaois go bás gan aon agó.



Caib. V.



Ag taisteal na tíre.



Go luath i mbliadhain a 1839 shar a
raib an obair trí ráithche ar siubhal
bhí an geall tógtha ag dha chéad míle
duine. Bhí cáil an Athar Tiobóid i
mbéal gach éinne feasta, agus cuireadh
mar athchuinge air turas do thabhairt
ar bhailtibh móra eile na Mumhan.


L. 28


Ní raibh ann éinne d'eiteach, agus
níor thúisce an cuireadh faghta aige
ná é ag a ullmhughadh féin i gcómhair
an bhóthair. Cé gur bh'é Easbog
Phortláirge an chéad duine i nÉirinn
do thug cuireadh dhó b'é an chéad
aistear do chuir sé dhe ná cuaird ar
chathair Luimnighe. I ndeireadh mí
Nodlag i mbliadhain a 1839 do thárla
so. Bhí a dheirbhshiúr óg pósta ar
bruach Sionann agus do chómhnuigh sé
i n-a tigh siúd an fhaid is d'fhan sé i
Luimnigh. Níor thaithneamhaighe leis
aon chompórd eile ná tamall do
chaitheamh i bhfochair a mhuinntire féin
anois is arís. Acht dá thaithneamhaighe
leis féin is le n-a dheirbhshiuir an
sealad do chaith sé i Luimnigh níor
bh'aon chaitheamh aimsire ná lá saoire ag
eisean é. Bhí sé ag obair gan staonadh
gan sos moch diadhnach go ceann
cheithre lá, agus tháinig na céadta míle
duine fé n-a dhéin ann ós gach árd.
Ní call a rádh ná raibh súil ag ostóiríbh
na cathrach le n-a ndeicheamhadh cuid.
Dá bhrigh sin ní raibh adhbhar bidh ná
gléas fritheála aca i n-a gcómhair,
agus ba dhá dhóbair nár cailleadh
mórán aca leis an ocras. Mara
mbeadh flaitheamhlacht na ndaoine,
idir chléir is pobal, bheadh an scéal go
hait aindeis aca so do tháinig a bhfad
ó bhaile, go deimhin. Ní bheadh deoch
ná díon le fagháil ag a dtrian. Acht


L. 29


b'é toil an Tighearna gur réidhtigheadh
is gur socruigheadh gach nidh. Agus
b'é toradh an turais céad go leith
míle duine 'san mbreis do bheith
snaidhmthe le Cumann an Athar
Tiobóid.



Ghluais sé ó Luimnigh go Portláirge
annsoin agus chaith sé trí no ceathair
de laetheantaibh ann ag míniughadh
do'n phobal cad é bhí mar chúram ar a
Chumann. Le linn na haimsire sin
thug sé an geall do cheithre fichid míle
duine. D'fhill sé ar Chorcaigh i
gcómhair na Nodlag tar éis an geall
do thabhairt do cheathramhadh milleoin
duine i n-aon trí seachtmhaine amháin.
Beag iongnadh gur chuir muinntear
na cathrach fáilte is fiche roimis.



B'fhollus fé'n am so do chách go raibh
an Cumann le dul chum cinn, agus ba
léir leis dóibh go mbainfeadh costas
mór leis. Cheap an tAthair Tiobóid
agus a lucht cómhairle gur mhaith an
rud cártaidhe agus buinn do sholáthairt
is do dhíol agus go mbainfidhe an
oiread airgid asta súd is do
ghlanfadh an costas. Bhainfidhe leis dá
gcuirfidhe chuige i gceart i n-inead
na buinn do roinnt i n-aiscidh ar na
míltibh fé mar deineadh ó thosach scéil.
Is beag uain d'fhágadh ag an Athair
Tiobóid feasta chum beith ag machtnamh
ar na nidhthibh so ámhthach.



Shar a raibh ráith féin de'n bhliadhain


L. 30


nuaidh caithte b'éigin dó dul go
Biorra. Ní raibh aon iongnadh acht an
sluagh do chruinnigh timcheall air
annsúd. Dubhairt duine dá raibh
láithreach gur chuir glór an ghasraidh
sin fothram na fairrge i gcumhne dhó,
agus ná raibh de rian mhór-chuise ar
an Athair Tiobóid dá bharr acht an
oiread is dá mba é an fear ba lugha
cáil agus clú i n-a measc.



I ndeireadh an Mhárta i mbliadhain
a 1840 tháinig sé go Baile Átha Cliath
agus is ar an Áirdeasbog Ua
Muireadhaigh bhí an t-áthas toisc a bheith
i n-a chumas fáilte do chur roimis.
B'é an tÁirdeasbog so féin do dhein
sagart de sé bliadhna fichead roimis
sin. Cár bh'iongnadh mórdháil air um
an dtaca so agus an tAthair Tiobóid
ar na fearaibh do b'fhearr cáil i
nÉirinn. Óir ní raibh i nÉirinn fear
eile go raibh an oiread ionntaoibhe ag
an sluagh as. Shaoileadar go bhféadfadh
sé gach nidh do dhéanamh, fiú na
miorbhúiltidhe féin. Tháinig mairtínigh
agus daoine leonta fé n-a dhéin i
mBaile Átha Cliath agus súil aca go
leaghasfadh sé a gceasnaidhe: b'éigin
do a dheimhniughadh dhóibh ná raibh a
leithéid de chomhacht aige, gur fé Dhia
amháin a bhí an leaghas soin, agus ná
raibh le déanamh aige féin acht a
bheannacht do thabhairt dóibh. Shásuigh san
iad uile; agus tháinig na Sasanaigh féin


L. 31


ar lorg a bheannachta. Tháinig sluagh
de mhacaibh léighinn Colláiste na
Trionóide agus thógadar an geall
uaidh, agus dhein céad ban amhlaidh i
mBaile Átha Cliath amháin. Mar
bharr ar gach nidh thug sé seanmóin
uaidh ar mhaithe le tigh de tighthibh na
ndíleachtaidhe agus fuarthas trí no
ceathair de chéadtaibh púnt mar thoradh
ar an tseanmóin. B'é críoch an
scéil gur chuir an turas so daoine
ag cainnt i dtaoibh an Athar Tiobóid
ar fuid na dTrí Ríoghacht. I n-aon
dá bhliadhain amháin tugadh dá mhilleon
duine fé chomairce a Chumainn.



Mar is gnáthach bhí daoine ag tnúth
leis annsoin. Bhí éad aca leis agus
dubhairt cuid aca go raibh sé ag
déanamh saidhbhris as a shaothar. Ní
fuláir no gur chuir so fearg mhór air.
B'é fírinne an scéil go raibh a chuid
oibre ag creachadh a ghaolta is a
mhuinntire féin agus ag lot a shláinte
is ag follmhughadh a sparáin. Acht
má bhí daoine áirithe ag cúl-chainnt is
ag cur éithigh air bhí daoine eile, is
mór-chuid aca, go buidheach de. Is
iomdha slighe gur cuireadh so i n-umhail.
Thárla sean-eaglais na gCapuisíneach
i gCorcaigh do bheith ró-chumhang do'n
phobul a thagadh ag éisteacht leis an
Athair Tioboid. Bhí an pobal soin ag
dul i líonmhaire ó sheachtmhain go céile,
go deimhin, agus chonnaic sé go gcaith-


L. 32


feadh sé an eaglais do mhéidiughadh
agus maise do chur uirthe ar chuma
éigin. Níor mhór airgead chuige seo.
Uair dá raibh sé i mBaile Átha Cliath
chuaidh sé fé dhéin Sheoirse Mhic Ghiolla
Ruaidh fear déanta biotáille agus
d'iarr síntiús air i gcómhair dheise na
heaglaise. "Seadh, a Athair Tiobóid,"
arsa Seoirse leis, "ní'l ar thalamh
an domhain fear gur mó díoghbháil
déanta aige orm ná mar tá déanta
agat-sa; acht, dá mhéid é an díoghbháil
sin, maithim duit é as ucht a bhfuil
déanta agat ar son ár dtíre." Agus
thug sé an síntiús dó. Mar a chéile
le lucht déanta beorach is biotáille i
gCorcaigh. Bhí móir-mheas aca súd
leis air. Bhí meas is urraim air ag
muinntir Mhurchadha is ag muinntir
Dhálaigh is ag a lucht caidrimh i
gCorcaigh agus i ndúithchíbh eile. Bhí
meas air ag íseal is ag uasal, ag an
ndream do b'aoirde cáil i nÉirinn is
i dtíorthaibh nach í, ba chuma cad é a
gcreideamh. Thagadh na daoine ba mhó
comhacht agus cáil ar fuid an domhain
go dtí n-a sheomra beag i gCorcaigh.
Cé go dtagaidís ba bheag rian a bhí
ar an seomra céadna acht rian
dealbhais agus umhlachta. Gach nidh
dá mbíodh aige agus mórán eile go
deimhin roinneadh sé ar na bochtaibh é.
Daoine bhíodh ag siubhal rómpa agus
ar lorg déirce ní raibh ann riamh iad


L. 33


d'eiteach. B'éigin dá mhuinntir
cuidiughadh leis go minic: mara
mbeadh gur dheineadar ní thiocfadh
leis imtheacht ó áit go háit ar fuid
na dúthaighe do réir mar thugtaidhe
cuireadh dhó agus an déarc do roinnt
go raidhseamhail 'san am chéadna.



Níor bh'fhada ag obair i n-aghaidh an
ólacháin é gur léirigheadh dó gur mhór
an nidh dhó dá mbeadh sagairt is cléir
na hÉireann go fonnmhar ar a thaoibh.
Dá bhrigh sin is air a bhí an t-áthas ag
dul go Colláiste Mhaighe Nuadhat dó
i gcorp an tsamhraidh i mbliadhain a
1840. Thug sé óráid uaidh ag an
gColláiste agus b'é bhí aige dá bharr
ná gur thóg ochtar ollamh agus dhá
chéad go leith mac léighinn agus chúig
míle déag ar fhichid de mhuinntir na
dúthaighe sin an geall uaidh. Bhí Diúc
Laighean i n-a chómhnuidhe 'san dúthaigh
agus thug sé cuireadh chum a thighe féin
do'n Athair Tiobóid. Agus nuair thug
an tAthair Tiobóid cuaird air ní mó
fáilte chuirfidhe roimh rígh ná mar
cuireadh roimis. Chuir na nidhthe so
árd-anam agus árd-fhuinneamh ann.
Bhí dóchas aige go ngéillfeadh muinn-
tear na tíre go léir do ó thárla
muinntear Mhuighe Nuadhat chomh mór
san ar a thaoibh. Ba dhúthrachtaighe
anois ná riamh é. Shiubhail sé síos
suas soir siar. Bhí an oiread fáilte
ag Gallaibh Uladh roimis is mar bhí ag


L. 34


bádóiríbh Locha Léin. Dhein sé daoine
muinnteardha dhó féin thall is i bhfus
is níor bh'iongnadh é. Dhein a cháil
daoine muinnteardha dhó i ngach ball
roimh ré. Dhein a chainnt is a chómhairle
daoine muinnteardha dhó. Dhein a
umhlacht is a fhlaitheamhlacht daoine
muinnteardha dhó; dhein a ghliocas
daoine muinnteardha dhó. Agus
géilleadh dá chómhairle agus fáiltigheadh
roimis bha chuma cár ghaibh sé. Bhí na
Gaill chomh ceanamhail sin air i nDoire
Chuilm Cille gur chuireadar moill trí
lá air. B'é an scéal céadna i Leith
Mogha é, ní gábhadh a luadh: chuirtidhe
moill air annsúd go minic leis.
Maidean dá raibh sé ag dul ar
charáiste na litreach tré Bhaile Átha Í
i gCill Dara d'airigh muinntear na
háite go raibh sé ann. Seo na
sluaighte timcheall air agus níor
thugadar sos neomait dó acht é ag
riaradh geall ortha agus ag a
mbeannachadh go ceann chúig n-uaire
chluig. Cuireadh a fhaid sin de moill
ar charáiste na litreach; acht ní raibh
leaghas ag an Athair Tiobóid air.
Ní bheadh daoine gnóthacha mór-
chúiseacha sásta, ámhthach, gan bheith ag
gearán mar gheall ar an mhoill do
cuireadh ar litreachaibh an tsluaigh,
agus dubhairt cuid aca nár cheart
marcaigheacht do thabhairt dó ar na
caráistíbh sin go bráth arís. Acht is é


L. 35


an freagra do thug an Puirséalach,
an fear gur bha leis na caráistidhe,
ortha ná marcaigheacht do thabhairt i
n-aiscidh do'n Athair Tiobóid ós soin
amach. Bhí a leithéid eile de charáistíbh
ag Bianconaí 'san am soin; agus
nuair d'airigh Bianconaí cad a bhí
déanta ag an bPuirséalach do dhein
sé féin amhlaidh. B'é tháinig as ná
go raibh marcaigheacht i n-aiscidh ar
fuid na hÉireann ag an Athair Tiobóid
chomh fada is chomh minic is ba mhian
leis é ós soin amach.



Caib. VI.



Na buidheanta is a gcomhacht.



Bhí dóchas mór ag an Athair Tiobóid
as buidheantaibh ceoil i gcómhnuidhe.
Cad i n-a thaoibh ná beadh? Chruinnigh-
eadh an ceol na daoine le chéile dhó,
mór-mhór ar fuid na tuatha, agus
nuair a bhídís bailighthe os a chómhair
dheimhnigheadh sé féin dóibh go
mb'fearra dhóibh an t-ól do shéanadh.
Is baoglach ná tuigtear comhacht an
cheoil i nÉirinn i n-aon chor fé láthair.
I sna bailtibh móra bíonn cluasa na
ndaoine bodhar tuirseach ó fhothram na
sráideann, agus is minic ná taithneann
an ceol féin leis an gcluais tuirsigh.
Acht amuig fé'n dtuaith bíonn cluasa


L. 36


an tsluaigh go géar aireach aibidh
fonnmhar i gcómhnuidhe, bíonn dúil aca
i gceol agus bíonn fáilte aca roimis
is cuma olc maith é. Dúisightear na
daoine as a suan le ceol agus
baintear preab as a bhféitheannaibh.
Thuig an tAthair Tiobóid so go cruinn
agus dhein sé lán-úsáid de comhacht
an cheoil dá réir sin.



Ba mhór é a dhóchas, leis, as
seomraíbh le haghaidh léightheoireachta.
Dá brigh sin cuireadh seomraidhe de'n
tsaghas so ar bun chomh tiugh is mar
leathadh géaga a Chumainn. Thuig sé
fé mar thuigeann muinntear Chonnartha
na Gaedhilge anois nár bh'fhuláir
adhbhar grinn is caitheamh aimsire do
sholáthairt do sna daoinibh shara
bhféadfaidhe iad do chur ar bhealach a
leasa. Thuig sé nár mhór inid
choinne do sholáthairt dóibh seochas na
tighthe tábhairne. Choimeád sé a
Chumann deaghailte ó lucht polaitíochta
is ó thuaiplis i dtaoibh cúrsaidhe
creidimh amhail is mar deintear le
Connradh na Gaedhilge anois. Ar nós
Chonnartha na Gaedhilge leis bhí
ionntaoibh aige as ár dteangain
dúthchais, agus, cé gur bh'fhánach duine
go raibh aon fhonn air an Ghaedhealg do
chlódhbhualadh 'san tsaoghal úd, thug an
tAthair Tiobóid síntiús beag uaidh i
gcómhair craobhscaoilte Leabhair
Urnaidhthe an Athar Furlong nuair a


L. 37


bhítheas ar tí an leabhar soin do chéad-
chur i gclódh. Ní'l d'ainmneachaibh
sagart ar áireamh na ndaoine do thug
airgead i n-a chómhair roimh ré mar
seo acht ainm an Athar Tiobóid agus
ainm an Áirdeasbuig dhílis Eoin
MacÉil.



Ní gábhadh a luadh go raibh ar an
Athair Tiobóid na buidheanta ceoil
do chothughadh no mórán airgid do
bronnadh ar a lucht treortha ar an
gcuid ba lugha dhe. Na seomraidhe
mar a mbíodh a lucht leanamhna ag
léigheamh agus ag seanchuidheacht bhíodh
air airgead do thabhairt i n-a gcómhair
so leis. Bhíodh air na buinn do
tabhairt i n-aiscidh do sna míltibh i
dteannta an scéil. Níor bh'iongnadh
gur admhuigh gach éinne gur adhbhar
taoisigh a bhí ann. Níor bh'iongnadh
sluaighte móra ag coisidheacht agus
ag cóimhshiubhal mar onóir dó pé áit
dá dtéidheadh sé. Agus b'fhéidir nár
bh'iongnadh gur tháinig eagla ar lucht
treortha Chaisleáin Átha Cliath roimh a
Chumann is roimh imteachtaibh an
Chumainn.



Pé scéal é cuireadh barántas amach
i mbliadhain a 1840 ag bagairt ar
lucht leanamhna an Athar Tiobóid iad
féin d'iomchur do réir na dlighe. Níor
ghábhadh é. Fé mar admhuigheadh 'san
bharántas féin agus i Seanaid na
dTighearnaidhe i Lunndain is é tháinig


L. 38


coitchianta de bharr na gcóimhshiubhal a
tionóladh fé chomairce Chumainn an
Athar Tiobóid ná síothcháin is rath i
n-inead buaidheartha is an mhí-áidh.
Dá bhrigh sin is amhail a bhí cóimhshiubhalta
an Chumainn ag dul i líonmhaire ó ló
go ló agus an dúil 'san mbraon agus
'san achrann ag dul i ndísc agus i
laighead dá réir. Cé gur tugadh ós
cionn dhá mhíle déag geimhleach i láthair
na gCúrt ar fuid na hÉireann an
bhliadhain do thosnuigh an tAthair
Tiobóid ar a chuid oibre níor tugadh
an deich míle féin i láthair na gCúrt
trí bliadhna ní ba dhiadhnaighe.
Díbrigheadh ós cionn naoi gcéad
geimhleach as Éirinn an bhliadhain do
thosnuigh sé, níor dhíbrigheadh acht sé
céad go leith éigin geimhleach trí
bliadhna ní ba dhiadhnaighe. D'óladh
ós cionn dhá mhilleon déag gallún
biotáille i nÉirinn an bhliadhain do
thosnuigh sé; trí bliadhna ní ba
dhiadhnaighe níor óladh acht beagán
ós cionn sé milleon gallún. B'shin
cuid de thorad a shaothair i gcionn trí
mbliadhan; agus, mar bharr air sin,
laighdigheadh an cháin a bhí ar an
mbiotáille ó 1,434,573 púnt airgid
go 864,725 púnt. Acht do réir mar
díbrigheadh an biotáille scaoileadh
isteach an téa is an siuicre agus bhí
cáin trom orta so chomh maith. Cé
gur lugha conntabhairt a bhaineann le


L. 39


téa ná le biotáille is baoghlach go
bhfuil an iomad droich-théa dá ól i
nÉirinn riamh ó shoin agus gurab é an
téa céadna is bun le mór-chuid de'n
ghealtacht atá i nÉirinn le fada. Is
é an tslighe gur dhein Éireannaigh an
dearmhad an uair úd ná gan
leanamhaint do'n bhiadh is do'n digh ba
ró-dhual dóibh. Acht ní fáidh gach
abstal: "ní bhíonn saoi gan locht;"
agus, fé mar adeir an sean-focal is
furaiste na cártaidhe d'imirt an uair
a bhíd ar an gclár.



Caib. VII.



I nAlbain is i Sasana.



Chítear anois gur mór an feabhas
a bhí tagtha ar chúrsaíbh na tíre de
bharr saothair an Athar Tiobóid i
gceann trí mbliadhan. I mbliadhain
a 1842 tionóladh i gCorcaigh ceann de
sna cóimhshiubhaltaibh ba mhó dá
bhfeacathas i n-aon bhall riamh roimis
sin. Bhí céad míle duine agus ós
cionn dá fhichid buidhean ceoil láithreach.
Tháinig Domhnall Ua Conaill ann, agus
thóg sé an geall ó'n Athair Tiobóid
i láthair an tsluaigh luthgháirigh sin.
Daoine go raibh éad aca leis an Athair
Tiobóid agus le n-a Chumann
mheasadar a dhéanamh amach dá


L. 40


deascaibh seo go raibh baint aige le
polaitíocht. Deintear amlaidh le
Connradh na Gaedhilge fé láthair. Acht
bhí an tAthair Tiobóid ró-ghlic ró-
fhonnmhar, bhí a chroidhe ró-mhór 'san
obair, agus ní eirgheochadh le héinne
bréag do chur air i láthair an phobuil.
Tuigeadh cois baile agus i gcéin ná
raibh uaidh acht cosc do chur leis an
ól agus go raibh fáilte aige roimh
gach duine do thabharfadh congnamh dó,
ba chuma Gaedheal dílis é no Gall
gan tuigsint. "Fear óráiste is eadh
mise," arsa Gall-Ultac leis lá.
"Ba chuma liom-sa tu id' fhear
liomóide," ar seisean, ag tabhairt
freagra air. "Is taithneamhaighe liom
ceachtar agaibh míle uair ná fear
biotáille, geallaim duit."



'San bhliadhain chéadna, b'é sin
bliadhain a 1842, chuaidh sé go Glascú.
Bhítheas ag taithint air le fada turas
do thabhairt ar an gcathair sin. Thug
easbuig is cléir is daoine móra is
daoine gur mhian leo go séanmhar an
cineadh daonna cuireadh go hAlbain
dó. Agus thug dhá mhíle ban ó Dhún
Éadain cuireadh dhó mar a chéile,
agus bhronnadar dileagra air. Ní
raibh aon iongnadh acht an fháilte do
cuireadh roimis i nGlascú. Ní raibh
aon teora leis an mhuinghin a bhí ag
muinntir na cathrach soin as. Tugadh
na céadta mairtíneach is othrach go


L. 41


Margadh na mBeithidheach chuige agus
súil ag a gcáirdibh is aca féin go
bhféadfadh sé iad do leaghas. B'éigin
dó a mhíniughadh, amhail is mar dhein sé
i mBaile Átha Cliath, ná raibh aon
bhuaidh de'n tsaghas soin aige, gur
fé'n Uile-Chomhachtach amháin a bhí san
do dhéanamh, acht go dtabharfadh sé a
bheannacht dóibh go léir. Mhol
páipéartha nuaidheachta Ghlascú a
shaothar go hárd. Cia dhéanfadh
a mhalairt? Thug sé seanmóin
do phobul Éireannach i nEaglais
Mhuire dia Domhnaigh. Thug sé an
geall do mhíle go leith duine dia
Luain. Tionóladh cóimhshiubhal mór
dia Máirt agus thug sé an geall do
dheich míle duine aca ar an gcuid ba
lugha dhe. Bhí an sluagh chomh mór san
dia Céadaoine ná raibh aon dul ar a
gcóimhreamh. Bhí a rian air. Chuir a
shaothar is a cháil ríméid chroidhe ar a
cháirdibh is ar shluaightibh nach iadh.



I dtosach bliadhna a 1843 tionóladh
cruinniughadh mór 'san Amharclain
Ríoghdha i mBaile Átha Cliath mar
onóir do'n Athair Tiobóid agus chum
a chur i n-umhail dó gur mór an spéis
a chuir gach éinne i n-a imtheachtaibh.
Cuireadh fógradh amach roimh ré chum a
léiriughadh go raibh an cruinniughadh le
beith ar siubhal. Chuir beirt dhiúc is
ceathrar marcus is naoi n-iarlaidhe
déag is deichneabhar barún agus dá


L. 42


fhichid ridire agus suas le dá fhichid
feisire agus daoine móra eile thar
cóimhreamh a n-ainmneacha leis an
bhfógradh. Bhí an saoghal go léir ar
sodar i n-a dhiaidh. Agus mar bharr
air seo bhí sé i n-a chumas a rádh i
samhradh a 1843 go raibh a bhrat ar
leathadh ós cionn gach paróiste i
nÉirinn de dheoin Dé.



Ní gan feabhas mór do chur ar
mhuinntir na tíre do thárla so go léir,
ní gan duadh agus dian-shaothar a
deineadh é. Níor deineadh é gan
duine do chreachadh annso is annsúd,
leis. Agus ní raibh aon dream ba
mhó creachadh dá bharr ná gaolta is
muinntear an Athar Tiobóid féin.
"Deineann duine dem' mhuinntir
féin," ar seisean timcheall is an taca
san, "an oiread biotáille i n-aon
tseachtmhain amháin anois is ná díol-
faidhe go ceann bliadhna. Fear
déanta dighe i gCaiseal Mumhan is
eadh é seo. Is mór an tuitim chum
deiridh ar a ghnó é seochas mar
dheineadh sé roimis seo. Cuireann
san mór-áthas orm-sa ámh: an fhaidh is tá
glóir le tabhairt do Dhia ní'l sé
ceadtha againn bheith ag machtnamh ar
ár ngaoltaibh ar leithligh."



"Is mór an tairbhe tá déanta ag an
Athair Tiobóid do lucht séanta an óil,
dá sláinte, agus dá saoghal," arsa
fear deirbhséathar an Mhanaigh; "acht,


L. 43


fóirior, tá mo líon tighe-se creachta
glan ag a chuid oibre."



Uair eile bhí dearbhratháir agus
fear deirbhshéathar an Athar Tiobóid
ag gearán agus ag a rádh go rabhadar
creachta ag a Chumann is a chómhairle.
"Malartuigh bhur ngnó, mar soin,"
ar seisean, ag tabhairt freagra ortha.
"Deinidh muilte plúir de mhonarchaibh
an óil: ar aon chuma tá cúrsa mo
shaoghail-se leagtha amach agam. Dá
dtiocfadh neamh is talamh le chéile
caithfeam an ceart do dhéanamh."



Chuaidh sé go Sasana 'san samhradh
i mbliadhain a 1843. Thug sé cuaird
ar Libhearpúl ar Mhainseastar ar
Leodus agus ar chaithreachaibh eile,
agus tháinig sé fé dheireadh go cathair
Lunndan. Chuir an saoghal i Lunndain
cúram nuadh air. Bhí obair le déanamh
annso aige má bhí riamh, agus do dhein
sé, leis, é. Thug sé an geall do sé
chéad míle duine 'san chathair seo.
Ghéill na daoine móra dhó chomh
toilteanach is mar ghéill na daoine
bochta. An t-uasal ba mhó dúil 'san
mbraon i Sasana d'fhan sé gan deor
do bhlaiseadh go ceann oidhche mar
onóir do'n Athair Tiobóid. Bhí an
geall aige dá thabhairt lá do ghasradh
fear n-oibre ó Éirinn agus cia bheadh
ar a ghlúnaibh i measc na bhfear so acht
oidhre Dhiuic Norfolk. Bhí dúil ag gach
éinne, ba chuma saidhbhir daidhbhir íseal


L. 44


uasal iad, i n-a chuideachtain, agus do
ghéilleadar dá theagasc, leis. Fear
galánta múinte léigheanta cneasta
cráibhtheach ró-dhúthrachtach cár bh'fhéidir
a mhalairt do dhéanamh le n-a
chómhairle, dar ndóigh. D'eirigh chomh
maith leis i gcuideachtain na n-uasal
is mar d'eirigh leis i gcuideachtain na
mbochtán gan stór gan chreideamh.
Bhí fáilte roimis ag gach éinne thall
acht amháin ag lucht na dtábhairne.
Mheasadar súd é mhasladh is é
ghortughadh. Chuireadar scata fear
meisce go dtí n-a chruinniughadh lá
agus mheas lucht na meisce é bhascadh.
Níor eirigh leo. Mhothuigh sé siúd cad
a bhí rómpa; d'éaluigh sé ó chúl an
árdáin; phreab sé isteach i gcarbad,
agus sciobadh ó bheárnain bhaoighil gan
ró-mhoill é.



Acht amháin lucht díolta an óil agus
an ghramraisc seo bhí fé n-a riaradh
annso is annsúd bhí fáilte ag gach
éinne eile roimh an Athair Tiobóid.
D'fháiltigh easbog na bProtastúnach i
Norwich roimis amhail is dá mba bheirt
bhráthar iad, cé gur admhuigh an
t-easbog céadna ná raibh duine i
Sasana chomh mhór i n-aghaidh an Athar
Tiobóid is mar bhí sé féin tráth. Bhí
áthas ar Wellington féin toisc bualadh
leis. Chuir páipéartha nuaidheachta
Lunndan 1 síos ar a shiubhaltaibh is ar a
shaothar amhail is dá mba rí do bheadh


L. 45


ag taisteal na tíre é. Is iomdha
duine mór-cháile do mhol go hárd é.
Dubhairt an Pápa go raibh lámh Dé i
n-a chuid oibre fé mar adubhairt an
tAthair Peadar Ua Laoghaire i dtaoibh
Chonnartha na Gaedhilge uair. Chuir
an Cáirdinéal Wiseman i gcómhnárd
é le Peadar Dithreabhaigh fear
gríosuighthe na gcríostuidhthe i gcoinne
na dTurcach. Dubhairt Liam Mac
Gabhann Ua Briain gur adhbhar naoim
a bhí ann, agus dubhairt an Dochtúir
Channing ó Bhoston gur bh'fhiú é inead
do thabhairt dó i measc na nAbstal.
Beirt Phrotastúnach do b'eadh iad so.
Chuir Kohl scríobhnóir taistil o'n
Rúise i gcomórtas le Bónapart é.
Dubhairt sé go raibh an crot céadna
ortha agus nach mó bhí buaidhte ag
duine aca ná ag an dara duine.
Dubhairt bean Carlyle ná raibh ar
domhan a chomh-mhaith acht amháin a fear
féin, - ba mhór an spéis a chuir sí i
n-a fear féin, ní fuláir. Dhearbhuigh
beirt bhan eile (a) ná raibh ar an
saoghal fear ba mhó dhein maitheas dá
thalamh dúthchais ná mar dhein sé.
Dubhairt Tighearna Morpeth Árd-
rúnaidhe Gallda na hÉireann agus
Tighearna Lansdowne amhlaidh. D'fhéad-
faidhe leabar do líonadh leis an
teistiméireacht a fuair sé ó sna


L. 46


saoithibh ba mhó cáil fé luighe na gréine
le n-a linn. Thángadar ar a thuairisc
ó gach árd agus d'admhuigheadar go
toilteannach gur mhór aca a shaothar.
Tháinig Meer Shamet Alli ar chuaird
chuige ó'n Domhan Toir. Musalach
breagh dathamhail léigheanta do b'eadh
é seo. Shíolruigh sé ó phór sleachta
Mhóguil agus is iomhdha teanga de
theangchaibh binne na hEorpa do bhí ar
a thoil aige. Tháinig an Cúintís Ida
Hahn Hahn fé n-a dhéin, leis, agus
bean uasal léigheanta (b) eile ó'n
Eabhrach Nuadh. I n-a dteannta so
tháinig Freidric Dubhglas "an Daor
ar Teicheadh" (c) fé mar thugtaidhe air,
agus sluagh eile de shaoithibh léigheanta;
agus ní raibh oiread is duine aca nár
mhol go hárd é ó chroidhe.



Caib. VIII.



An manach i gcruadh-chás.



I n-aindeoin molta is teistiméir-
eachta is gach nidhe eile d'admhuigh an
tAthair Tiobóid tar éis teacht abhaile
ó Shasana dhó go raibh a chroidhe scóllta
loiscthe le cúram is le buaidhreamh is
le faitcheas. Bhain cúram agus costas
an Chumainn codladh na hoidhche dhé.
Ní raibh sos ná suaimhneas le fagháil


L. 47


aige gan tarrac ar carnánaibh airgid
aige coitchianta. Airgead, airgead,
airgead, airgead! theastuigh airgead
i gcómhair gach nidhe. Níor bh'fhuláir
do'n dúthaigh gan bheith go daidhbhir
dealbh, ámhthach, agus cá raibh an
t-airgead le fagháil? Seo costaisidhe
an Chumainn ag dul i méid gach lá
agus obair an Athar Tiobóid ag
dul i mbreis dá réir. Airgead,
airgead, airgead arís, is gan an
t-airgead ar fagháil. Níor bh'é sin
féin deireadh na buaidheartha. Ní raibh
aon chóimhreamh ar a dteastuigheadh
uaidh de bhonnaibh de réir mar chuaidh
daltaidhe an Chumainn i líonmhaire,
agus thugadh sé a n-urmhór so uaidh i
n-aiscidh. Shaoil sé tráth nár mhiste
dhó. Ar aon chuma ní leigfeadh a
chroidhe dhó éinne d'eiteach i dtaoibh
buinn no beagán airgid.



"Ba ghrádhmhar geal gan mhanga rún
a chroidhe,
Is a lámh ar glaic do scaip i gcúntas
Chríost."



Ní raibh a fhios riamh roimis sin
aige cad ba dhealbhas no easnamh
no easba stóir ann, agus níor
rith air go mbeadh maoin i n-easnamh
air go bráth. Mór mhór bhí súil aige,
de réir deallraimh, go bhfágfadh a
bhean mhuinnteardha Eibhlis Maitiú na
mílte púnt le udhacht aige, agus, dá
bhrigh sin, ná raibh a bhac air bheith déirc-


L. 48


eamhail flaitheamhail mar ba dhual dó
is mar ba ghnáth. Shaoil sé, is ró-
léir, nár mhiste dhó bheith ag bronnadh
airgid ar cheallaibh go raidhseamhail.
Dar ndóigh shaoilfeadh éinne ar an
gcruinniughadh glórach do bhí 'san
Amharclain Ríoghdha i mBaile Átha
Cliath go mbeadh airgead go leor ar
fagháil aige. Gealladh go dtógfaidhe
carn breagh cuimhne as airgead an
chruinnighthe sin, agus cheapfadh éinne
go mbeadh an oiread eile airgid ar
fagháil dá mothóchaidhe géar-ghábhadh do
bheith leis. Dá réir sin cár locht ar
an Athair Tiobóid má cheap sé ná raibh
a bhach air bheith ag bronnadh airgid go
tiugh flúirseach ar a bhuidheantaibh
ceoil is ar lucht treortha a n-árus ar
fuid na dúthaighe? Agus dhein sé
amhlaidh.



Seo ag leanamhaint dá dheagh-
shaothar an manach ró-dhicheallach is ag
gabháilt di gan staonadh. Acht, fóirior
géar! agus é ag cur sluaig ar bhealach
a leasa i mBaile Átha Cliath do gabhadh
é mar gheall ar na fiachaibh do bhí
amuigh ag ceannuidhe mhór i mBirmingh-
eam as na bonnaibh. Gabhadh é,
fóirior cráidhte, fear scaoilte na
mílte ó chraos an óil. Ba bheag
duine dár chualaidh an scéal acht
duine gur ghoill sé ó chroidhe air.
Cár bh'féidir a mhalairt, óir is iomdha
duine do ghnóthuigh le saothar is le


L. 49


cómhairle an mhanaigh chneasta.
Sclábhuidhthe céasta, saighdiuiridhe
anacracha, ceárduighthe meisce, ceann-
uidhthe, uaisle, tighearnaidhe, gach
cinéal duine, chuadar uile i bhfeabhas
de bharr a chómhairle. Dá bhrigh sin
chuireadar go léir mar athchuinge ar a
chéile agus ar chách eile cabhrugadh leis
i n-am an ghábhaidh. An saighdiuir a
bhí ag dul amach chum na nIndiach thug
sé a mhóide gur chóir cuidiughadh le
"Abstal na Measardhachta." Dubhairt
an Tighearna Seán Ruiséal amhlaidh,
agus dubhairt sé ó chroidhe é. Fiú
amáin "Puins" an ghrinn: dubhairt
Puins gur mhór an náire do mhuinntir
na hÉireann mara ndéanfadh gach
críostuidhe aca ar son an mhanaigh
dhúthrachtaigh a raibh ró-thuillte aige.
B'é toradh na cainnte gur scaoileadh
an sparán timcheall agus gur cuireadh
an oiread airgid ann is do chuir ar a
chosaibh é go ceann tamaill. Sin ar
dhein. Ba ghearr le dul ar chothughadh
a Chumainn a bhfuarthas, ámh. Agus
dá réir sin níor bh'fhéidir leis na
síntiúsa do thabhairt i gcómhair na
mbuidhean is na seomraidhe mar ba
gnáth. Deineadh imtheachta an Chumainn
do mhoilliughad an uair ba mhó do bhí
gábhadh le n-a ghríosughadh is a choimeád
ar dian-shiubhal. Agus tháinig an
gábhtar agus meath na bprátaidhe
agus chuireadar san cosc dá ríribh
leis an ngluaiseacht.


L. 50


Is deimhin anois gur bh'iad na buinn
do bhuail an chéad buille ar obair an
Athar Tiobóid. Acht má b'iad féin
is dócha gur dheineadar mórán
maitheasa i n-a slighe féin. Is iomdha
duine do choimeád a bhonn go ló a
bháis, agus is iomdha duine ná hólfadh
braon biotáille ar a anam an fhaid is
bhí an bonn i n-a sheilbh gan cead
d'fhagháil ó'n Athair Tiobóid no an
bonn do thabhairt thar n-ais dó.
Léirigheann so gur bhain buaidh fé
leith leis an mbonn i dtuairim daoine.
Is cóir a rádh nár bh'é an tAthair
Tiobóid féin do chuimhnigh ar na
bonnaibh so i n-aon chor i dtosach báire.
Sasanach a bhíodh ag cainnt is ag
cómhairliughadh daoine i n-aghaidh an óil
an chéad duine do thug na buinn go
hÉirinn. Seán Hockins (a) do b'ainm
dó: "Gabha Birminghim" a thugtaidhe
mar leas-ainm air. Thug sé seo
beagán bonn leis ó Shasana agus dhíol
sé i nÉirinn iad. Dhein sé beagán
airgid asta leis. Dhein Séamus
MacCoinnigh, an chéad Rúnaidhe a bhí
ag Cumann na Measardhachta a
leithéid chéadna ar a shon féin. I
gcionn tamaill réidhtigh an tAthair
Tiobóid leis an rúnaidhe so, agus ós
soin amach dhíoltaidhe na buinn fé
chomairce an Chumainn agus ar mhaithe


L. 51


leis, mar dh'eadh. Do réir mar thárla
fé dheireadh, ámh, ní móide ná gur
b'fhearra do'n Atair Tiobóid dá
mbeadh sé gan bonn aca d'fheicsint
riamh.



Caib. IX.



An droch-shaoghal.



Is beag má thug aon staruidhe fós
fé dhealbas agus aindeise Bliadhna
an Ghábhtair do nochtadh glan. An
dubh do theacht ar na prátaíbh ba mhó
ba bun leis an ngábhtar, mar is eol
do'n saoghal. Tháinig an dubh ortha go
minic le deich mbliadhna fichead
roimis sin, agus tháinig droch-aicíd is
ganntanas i n-a threo no dá dheas-
caibh. Acht níor dhein sé an scrios
millte go bliadhain a 1845. Tugadh
a chómharthaidhe fé ndeara 'san
bhfóghmhar agus ba ghearr go raibh an
barra diadhnach de sna prátaíbh lobhtha
aige. Bhíodh an tAthair Tiobóid
coitchianta ag taisteal na tíre agus
thug seisean fé ndeara go soiléir an
díogbháil a bhí déanta. Mar ba ghnáth
is iomdha cúram a bhí air an tráth
céadna. Tionóladh cruinniughadh i
n-aghaidh an Chrochta i gCorcaigh an
bhliadhain sin agus dubhairt an manach
i láthair an chruinnighthe ná raibh sé féin
i bhfabhar chrochta cé go gcuirfeadh sé
d'iachall ar chách díoghal as a chiontaibh.
B'é a thuairim nár chuir eagla crochta


L. 52


duine riamh gan duine eile do mharbhadh
dá gcuimhneochadh sé air. Acht níor
bh'iad lucht molta an chrochta do bhí le
cómhrac aige feasta acht an gábhtar
marbhtha.



I mbliadhain a 1846 dhein sé cion
sluaigh chum na daoine bochta do
chosaint is do chothughadh is chum a
dheimhniughadh do Sparánuidhe Shasana
go raibh an dúthaigh beagnach caillte.
Chuir sé an oiread litreach chuige is
mar chuir an tÁirdeasbog Eoin
MacÉil chum uaisle Shasana ní ba
dhiadhnaighe. Agus fuair sé beagán
conganta; cé gur bh'shin é an
congnamh nár bronnadh ó chroidhe, is
ná beadh gábhadh leis mara mbeadh an
éagcóir. Fuarthas congnamh ó
Aimeirce agus ó áiteannaibh eile,
leis. Mór-chuid de'n chongnamh is
de'n airgead so tháinig thar caladh
anall, fágadh a riaradh fé'n Athair
Tiobóid. Níor leor é, ámhthach, ná
leath. Cailleadh na mílte i n-aindeoin
na cabhrach agus na déirce. Cailleadh
ós cionn dhá mhíle duine i dTigh na
mBocht i gCorcaigh, gan dul lastmuigh
dhe, shar a raibh an chéad ráithe de
bhliadhain a 1847 caithte. Cuireadh
seacht gcuirp is trí fichid i n-aon ló
amháin i gcathair Chorcaighe. Ó dheireadh
an fhóghmhair i mbliadhain a 1846 go
tosach an Mheithimh i mbliadhain a 1847
do cuireadh ós cionn deich míle gcorp


L. 53


i n-aon chill amháin i gCorcaigh. Bhí
fiche peidhre tuireasc ar siubhal
coitchianta i Muiltibh Gearrtha an
Adhmaid i gcathair Chorcaighe. Theas-
tuigh na mílte clárach is na mílte
dubha i gcómhair na gcómhrann. Is mó
ná san féin do bhí ag teastbháil i
gcómhair na dtreasnán do sna bothaibh
fiabhrais agus do sna hotharlaibh.
Agus theastuigh an iomad eile aca i
gcómhair na leabthach is na n-árus i
sna longaibh imirce.



Nár mhillte an saothar é, fiche
pheidhre tuireasc ag gearradh adhmuid
gan sos i n-aon chathair amháin is gan
de ghnó dhe acht cómhrainn is otharlanna
do dhéanamh as agus áruistidhe beaga
do leagadh amach i longaibh i gcuma
is go sáthfaidhe isteach ionnta is go
sciobfaidhe thar fairrge no go híochtar
puill gach a dtiocfadh saor ó ghábhtar
is aicíd. Síor-machtnamh ar an
gcruadhtan so is eadh do bhris croidhe
Dhomhnaill Uí Chonaill. Agus dhein sé
seanduine liath de'n Athair Tiobóid
féin. Níor bh'fhéidir a mhalairt agus
na céadta díbirtheach (a) do bíodh ag


L. 54


imtheacht fé sheol ó Chóf Chorcaighe ós
cómhair a shúl gach lá. Ní raibh de
chompórd aige acht gur tug sé an
geall mar aon le n-a bheannacht do
gach duine aca dár casadh air i
gcómhair an bhóthair conntabharthaigh do
bhí rómpa. Acht ba bheag an sólás dhó
so; óir is é bhíodh i n-urmhór na
ndíbirtheach so ná daltaidhe na sean-
bhuidhean ceoil agus na daoine
dúthrachtacha eile do líonadh suas
a sheomraidhe léightheoireachta tráth.
Nach furas a thuigsint gur goill sé air
togha is rogha a dheisciobal do bheith ag
sír-imteacht chum fáin agus a Chumann
do bheith ag dul go mear i ndísc
dá n-éagmuis; agus cia thógfadh ar
na deoraidhthibh aitreachas agus truime
chroidhe do bheith ortha uile toisc a
nAbstal grádhmhar do bheith ag dul i
léithe chomh tapaidh is mar bí?



I mbliadhain a 1847 moladh trí chéad
púnt 'san mbliadhain ó'n Riaghaltas
do'n Athair Tiobóid. Chuir an
t-airgead so i n-a chumas a bheatha do
chur i n-urrudhas i slighe is go mbeadh
an oiread airgid ag teacht chum a
dhaoine muinnteardha tar éis a bháis is
do ghlanfadh pé fiacha bhí amuigh air.



'San mbliadhain chéadna, i mbliadhain
a 1847, fuair Easbog na gCaitliceach
i gCorcaigh bás; agus nuair a bhí
sagairt na fairche ag toghadh comharba
chuireadar an tAthair Tiobóid i


L. 55


dtosach an áirimh. Chuireadar i
dtuigsint do'n tsaoghal ná raibh
adhbhar easbuig i n-a measc a thaithn
chomh mór leo féin is mar thaithn an
Capuisíneach leo. Ba mhór an onóir
is an teistiméireacht é seo, agus ní
fuláir no gur chuir sé áthas croidhe
ar an Athair Tiobóid a leithéid sin de
mheas is de chion do bheith ag cléir na
dúthaige air. Níor aontuigheadh 'san
Róimh le toghadh na sagart, ámhthach,
agus coisrigeadh sagart eile i n-inead
an mhanaigh i dtrát. Acht níor ghoill
san ar rogha na cléire, cé nár bh'é an
chéad éagcóir a deineadh air é, pé
aca dá ríribh no gan choinne leo do
deineadh iad.



I gcaitheamh an Charrghais i mbliadhain
a 1848 d'fágadh i n-a mairtíneach é
le parailís. B'é seo toradh na dian-
oibre i ndeireadh báire: níor bh'fuláir
do gan teacht am éigin. Acht chuaidh
sé i bhfeabhas go mear, agus is beag
ná go raibh sé i n-a shláinte arís ar
theacht na Bealtaine. Bhí dóchas fé'n
am so aige go mbainfidhe barraidhe
breaghtha as na prátaíbh síl a roinn sé
féin ar an sluagh 'san Earrach. Acht
léirigheadh do fé thosach an fhóghmhair
ná bainfidhe oiread is práta asta.
Loit an dubh millte iad glan amach;
agus is beag nár bhris an scriosadh
so a chroidhe. Tá a fhiadhnaise againn
i litir dár chuir sé ag triall ar


L. 56


mhuinntir Ráthbóin i Sasana: bhí an-
mhuinnteardhas idir é féin agus na
daoine so. "Im' thaoibh féin," ar
seisean 'san litir sin, "ní'l agam le
rádh acht go bhfuil mo shláinte ag dul
i bhfeabhas, agus dá mbeadh cead mo
chos agam go dtréigfinn an dúthaigh
seo agus a bhfuil d'anacar agus
d'aindeise ann." Ag bagairt mar
seo fé dheoidh i n-aindeoin a dhúthrachta
is a ghrádha dúthaighe go léir! Acht
cár locht air é? Agus, cár rugadh an
té ná déarfadh amhlaidh?



Caib. X.



Aistear i nAimeirce.



Cé go raibh an taom parailíse ag
cur fós air i mbliadhain a 1849 ghluais
sé air go nAimeirce sa deireadh. Bhí
a dhaoine muinnteardha go mór i
gcoinne an turais seo. Acht níor
b'aon mhaiteas dóibh é. Bhí geallta
le fada aige go rachadh sé anonn,
agus dhein, dá bhreoidhteacht é. Cuir-
eadh fáilte is fiche roimis thall. Bhí
loingeas ós gach crích fé'n spéir ar
snámh i gcuan an Eabhraic Nuaidh agus
é ag dul ar dtír agus bhí a brat
dúthchais féin ar leathadh ós cionn gach
luinge aca mar onóir is mar chómhartha
urraim dó. Bhronn Seanóiridhe an
Eabhraic Nuaidh dileagra air agus


L. 57


dhein comhdhaltaisidhe eile amhlaidh 'san
gcathair chéadna. Fuair sé cuireadh
ó Sheanaid na Stát agus ceaduigheadh
dó suidhe ar an dtaoibh istigh de'n
Treasnán i measc Riagluightheoiridhe
na tíre. Onóir é seo ná tugtar
d'éinne acht go fíor-annamh. Is níor
stadadh annso féin. Thug Uachtarán
Aimeirce fleadh mhór uaidh mar onóir
dó agus i gcuma is go gcasfaidhe é
féin agus na daoine do b'fhearr cáil i
nAimeirce ar a chéile. Agus an uair
a bhí sé breoidhte caithte ó'n iomad
oibre agus gan i n-a chumas eirghe
as a leabaidh tháinig Leas-Uachtarán
Aimeirce agus taoiseach Airm ar a
thuairisc go dtí an seomra mar a
raibh sé i n-a luighe thall. Mar a chéile
thug taoiseach an Chobhlaigh cead do an
tAifreann do léigheamh i nOtharlain
Pheansacóla. Ghléas mná uaisle na
háite altóir ann dó agus tháinig ós
cionn sé chéad duine chum éisteachta
leis, cé nár ghéill a lán aca dá chreid-
eamh i n-aon chor. Go deimhin do chuir
ministir na háite scéala go dtí n-a
phobul féin 'ga rádh leo ná beadh aon
phaidreacha aca an mhaidean úd i slighe
is go bhféadfaidís teacht chum éis-
teachta leis an Athair Tiobóid.



Is iontuigthe ná raibh aon teora
leis an bhfáilte do bhí ag deoraidhthibh
na Fódla roimis, agus is ortha bhíodh
an t-áthas an uair chuireadh sé i


L. 58


gcuimhne do dhuine aca annso is
annsúd tráth éigin dár bhuaileadar
le chéile i n-iathaibh Éireann thar bóchna
thall. Bhí fáilte beagnach ag gach
éinne roimis agus bhí ionntaoibh is
dóchas ag gach éinne as. Thárla
dream áirithe, mar is gnáthach, agus
mheasadar úsáid do dhéanamh dá cháil
is dá shaothar ar mhaithe le n-a
mbréithribh féin ar leithligh. Mheas
lucht polaitíochta é chur i n-achrann
i n-a náimhdibh féin i dtaoibh na
Daoirse. Acht bí an tAthair Tiobóid
ró-ghlic ró-ghasta dhóibh, agus d'fhág sé
fútha féin an imreascáil.



Bhí sé ag taisteal na Stát go
ceann dhá bhliadhain go leith. I gcaith-
eamh na haimsire sin do shiubhail sé
chúig Stáit ar fhichid, thug sé cuaird
ar thrí chéad baile mór, thaistil sé
37,000 de mhíltibh slighe ar fad, agus
thug sé an geall do leath-mhilleon
duine. Thóg naoi míle duine an
geall uaidh i gCathair Sain Laoise
féin, cé ná raibh sé ar a chumas óráid
phuiblidhe do thabhairt uaidh i n-aon
árus d'áruistíbh móra na cathrach toisc
gan a bheith do réir a chos ná i n-aon
ghaor do.



Chaith sé tamall aimsire i gcoilltibh
Árcansais ar mhaithe le n-a shláinte.
Shaoil sé go rachadh na tobair leaghais
go maith dhó; acht, mo chúig céad
léan! An fhaid is bhí sé annsúd do


L. 59


léigheadh sé an tAifreann Naomhtha
fé'n spéir amuigh, agus gan de phobal
aige acht ceathrar duine. Níor
bh'fhuláir gan uaigneas croidhe air um
an dtaca soin agus an taithighe do bhí
aige tráth ar shluaightibh móra is ar
phobalaibh líonmhara. Agus bhíodh an
t-airgead chomh gann air go minic is
mar bhíodh an pobal, mar nár scar an
fhlathamhlacht croidhe leis go héag.
Tráth agus é i mball éigin iargcúlta
i nDeisceart na Stát cia chasfaidhe
air acht ceathrar bráthar ó Éirinn agus
iad ag gluaiseacht siar amach chum
clochar agus mainistir do chur ar bun
ann. Thárla gan oiread is feoirling
ag éinne de'n cheathrar ná aon bhreith
aca air go ceann níor bh'fhios cathain.
Is cad a dhein m'Athair Tiobóid dóibh
ná cúpla céad púnt do thabhairt ar
iasacht dóibh cé nach móide gur fhan an
oiread i n-a sheilbh i n-a ndiaidh is do
chothóchadh é féin is a lucht freastail
go ceann seachtmhaine.



Saoileadh i nAimeirce, leis, go
dtagadh leis taomanna agus aicíd
do leaghas, agus tháinig mairtínigh
agus othraigh ag triall air amhail is
mar dheinidís i nÉirinn is i nAlbain
is i Sasana na nGall. Fóirior! ní
raibh de bhuaidh aige a phianta féin do
leaghas ná do bhogadh; agus cé go
raibh sé tuirseach corrtha sul ar fhág
sé slán ag a thalamh dhúthchais bhí fonn


L. 60


air filleadh arís is níor bh'fhonn go
dtí é:



"Ére go n-iomad a port
Innte is áil liom bheith anocht,"



arsa Conghal Cláiringheach agus é ag
filleadh fé dhíoghrais ar a Bhanbain
dúthchais tá breis agus dhá mhíle
bliadhan ó shoin ann. "Aoibhinn bheith
i mBinn Éadair," arsa Colm Cille
agus a bhuaidhreamh chroidhe aige dhá
bhrughadh leis féin ar an dtaoibh thall
de Sruth na Maoile tá suas le míle
bliadhan ó shoin ann. Níor lugha ná
san de uaigneas an deoraidhe do bhí
ar Dhonatus Easbog Geadhealach
Fiesole agus é ar siubhal i gcéin i
gcúntas DÉ míle bliadhan ó shoin is
breis.



"Mo bheannacht leat, a scríbhinn
Go hinis aoibhinn Ealga,"



arsa Seathrun Céitinn ó chroidhe amach
agus é ag seoladh litre go hÉirinn ó
Roinn na hEorpa trí chéad bliadhan
ó shoin no mar soin. "Táim ag
síor-chuimhneamh ar mo thalamh dhúthchais
agus tá éad agam leis an litir seo
agus a ghearracht is bhainfidh sé dhi dul
go glas-feorthain na Fódla sall,"
ars' an tAthair Tiobóid agus é ag
scríobhadh litre ó Aimeirce i mbliadhain
a 1850.



I mbliadhain a 1851 d'fhág sé míle
slán ag muinntir na Stát. D'fhág


L. 61


sé míle slán go grádhmar carthannach
ag uaislibh uile an Oileáin Úir is ag
deoraidhthibh dílse an Oileáin Iath-ghluis,
má's ceadtha san do thabhairt mar
bhaiste ar na deoraidhthibh a díbrigheadh
ó "Éirinn ársaidh na n-ollamh is na
naomh." D'fhág sé beannacht is míle
slán ag a cháirdibh iomadamhla agus
d'fill go thréith lag cortha thar muir
anall.



Caib. XI.



Aistir eile.



Ní raibh im' Athair Tiobóid acht
othrach cromtha caithte ar a theacht thar
n-ais go hÉirinn mí na Nodlag i
mbliadhain a 1851. Acht ba thaithn-
eamhach leis súil do leagadh ar
shléibhtibh árda is ar iathaibh úra na
hÉireann arís. Ba thaithneamhach leis
spéar na Nodlag os a chionn agus
aer na Nodlag timcheall air i n-a
thalamh dhúthchais. Ba thaithneamhach leis
cneastacht agus cráibtheacht Gaedheal
neamh-loitthe do thabhairt fé ndeara.
Ba thaithneamhach leis na sean-cháirde
do bhualadh uime. Agus cé gur dhóigh
le duine go bhfacaidh sé a dhá dhóthain
díobh le linn a shaoghail, ba thaithneamhach
fós le n-a chroidhe mhor lucht dealbhais
agus cómharthaidhe aindeise d'fheicsint
arís; mór-mhór ó ba rud é ná facaidh
sé fear siubhail ná duine eile ar lorg
déirce an fhaid is bhí sé i nAimeirce.


L. 62


Tar éis tamaillín do chaitheamh i
mBaile Átha Cliath do ghluais sé air ó
dheas go Corcaigh. Chuaidh sé chum
cómhnuidhthe i bhfochair a dhearbhrathára
i Léithínigh; agus ní'l aon chall le n-a
rádh go raibh aithreachas ar a mhuinntir
is ar a ghaoltaibh is ar a cháirdibh uile
'san Mhumhain an uair chonncadar an
t-athrughadh mór do bhí tagtha ar a
chrot. Ní raibh ann i gcomórtas leis
an manach aiclidhe do bhí ann tráth acht
mar bheadh scáth i mbuidéal, díreach.
Muna raibh, féin, níor shos dó acht ag
obair chomh dúthrachtach is mar d'oibrigh
sé riamh. Munar bh'fhéidir leis dul
amach ar lorg na bpeacach amhail is
mar dheineadh tháinig peacaigh agus
othraigh agus lucht gábhtair chomh tiugh
san ag triall air gur ghearr go raibh
bolath na meisce chomh soiléir láidir i
dtigh a dhearbhrathára is mar bhí sé riamh
i n-a thigh féin i gcathair Chorcaighe.
Agus níor scaoil sé oiread is duine
aca uaidh gan an geall do thabhairt do
gach críostuidhe aca mar aon le n-a
bheannachtain, agus cabhair dá n-éagh-
muis dá mbeadh gábhadh leis.



Is furas a thuigsint gur fhág an
dian-obair seo an sagart dúthrachtach
ar lár arís sara fada. Lá Fhéile
Brighde i mbliadhain a 1852 thuit sé as
a sheasamh i n-a sheomra agus shaoil a
cháirde go raibh sé marbh dá dheascaibh.
Acht tháinig sé chuige féin i gcaitheamh


L. 63


na hoidhce, agus ba mhian leis bheith ag
obair fé bhreacadh an lae. Ar aon
chuma chomh luath is chuaidh a shláinte i
bhfeabhas chuir sé faoi i n-aice Eaglaise
na Trionóide i gcathair Chorcaighe i
gcuma is go bhféadfadh sé an
tAifreann do léigheamh ann ós soin
amach. Acht d'fhág a dhúthracht ar lár
arís annso é láithreach, agus b'éigin
dó bailiughadh leis go Maidéir ar
mhaithe le n-a shláinte i ndeireadh an
fhóghmhair i mbliadhain a 1854. Chomh-
nuigh sé annsúd i bhFuinseal. Bhí
sráideanna an bhaile seo chomh árd
san, agus an manach féin chomh donaidhe
tnáidhte, ná raibh sé i n-a chumas aon
choisidheacht go mb'fhiú a áireamh do
dhéanamh lastmuigh. Níor mhaith leis
úsáid do dhéanam de charbadaibh na
ndamh acht chomh beag. Carbaid sráide
do b'eadh iad so, agus beithidhigh is eadh
do tharraingigheadh iad ar fuid an bhaile
mhóir. Bhí gléas iomchurtha eile i
n-úsáid ann leis. Árus i bhfuirm
cathaoireach do b'eadh é seo. Bhíodh sé
ar iomchur ag daonnaidhthibh, agus
othraigh ar a socaireacht istigh ann.
Ba shuarach leis an Athair Tiobóid
úsáid do dhéanamh de'n ineall so;
agus dá bhrigh sin bhí sé ar bheagán
siubhlóide an fhaid is bhí sé i Maidéir.
Níor bh'iongnadh truime croidhe is
uaigneas air is é caithte annsúd a
bhfad i gcéin, gan ann corruidhe, no


L. 64


beagnach de, gan gaolta gan cáirde
i n-a chomhngar. Nuair chailltear
daoine dá leithéid i mbláth na hóige,
no idir chromadh is liathadh dhóibh, bíonn
aithreachas ar a lucht aithne de ghnáth.
Ní móide gur gábhadh ró-aithreachas,
mar gur minic nár b'fhearra do lucht
mór-cháile maireamhaint chum go
mbéarfadh an aois ortha. Féach Bóna-
part: cé nár rug an aois ar an
leomhan úd nár thairbhighe dhó féin dá
n-aimseochadh piléar i lár a chroidhe é
i gcorp a shaothair ná mar d'imthigh air
fé dheoidh. Féach Eimit is Teon is
an tAthair Eoghan Ua Gramhnaigh: táid
a dtriúr is mórán eile dá leithéid
mar dheagh-shompla againn ó'n lá
sciobadh uainn iad. Féach Domhnall
Ua Conaill is Seán Mistéal, gan a
thuilleadh do bhac: nár thruaighméileach
an scéal aca súd é fé chrích a saoghail
agus go leor Éireannach ag dul i n-a
gcoinnibh go ró-dhian. Agus féach an
tAthair Tiobóid féin! Tugann lucht
eolais mar thuairim uatha gur thóg dhá
mhilleon déag duine an geall uaidh
i gc[h]aitheamh a ré, agus bhí sé le
maoidheamh ag a n-urmhór nár
bhriseadar an geall soin riamh. Níor
bh'fhuláir no gur mór an compórd an
méid sin ag an Abstal agus é go
faon lag i Maidéir amuigh. Acht ar
leor é chum é chosaint ar dhoilgheas is
ar bhuaidhreamh aigne? Níor leor.


L. 65


I n-a dhiadh san is uile chuaidh a shláinte
beagán i bhfeabas ann. Tháinig sé
abhaile i dtosach an fhóghmhair i
mbliadhain a 1855 agus seo ag dian-
obair arís é.



Caib. XII.



Deireadh a shaoghail.



I dtosach an Earraigh i mbliadhain
a 1856 ba dhóbair dó tuitim ag an
altóir lá agus é ag léigheamh Aifrinn.
Thug sé dian-iarracht fé'n Aifreann
do chríochnughadh agus b'é toil Dé gur
eirigh leis. Acht ba leor san mar
fhógradh; agus choidhche arís níor thóg
sé air féin an tAifreann do léigheamh.
Ba ró-fhollus do'n tsluagh go raibh an
lá breagh ag déanamh air feasta.



An fhaid is bhí sé i n-a chómhnuidhe i
Léithínigh tar a éis so ní raibh aon
iongnadh acht an cion do bhí aige ar a
ghaoltaibh. Phógadh sé gach oidhche iad
roimh dul chum suain dó, ar eagla ná
beadh sé i n-a bheathaidh ar maidin. Bhí
sé ag dul i laige agus i laige agus
b'éigin béilteach teine do bheith
coitchianta i n-a sheomra. Níor leor
so féin. Shaoil sé tar éis tamaill
dá mbeadh sé i gCóf Chorcaighe gur
fearr a rachad aer na háite sin dó,
agus d'aistrigh sé ann i n-aindeoin a
dhaoine muinnteardha. Moch diadhnach


L. 66


bhí sé ag a ullmhughadh féin annso i
gcómhair an tsaoghail eile. Bhí san
ag druideamhaint leis gach neomat
dá gcuireadh sé dhe; acht, má bhí féin,
níor thréigh an tsean-fhlaitheamhlacht ná
barr na féile fós é. Sé seachtmhaine
roimh ló a bháis chuaidh a dhearbhratháir
Cormac ar chuaird chuige go dtí an
Cóf. Is air a bhí an iongnadh nuair a
chonnaic sé bórd bidh leagtha amach
aige i gcómhair sluaigh. Sholáthruigh
an tAthair Tiobóid an fhleadh so mar
dhíoghal ar ógánach a bhíodh ag freastal
air.



Níor bh'fhada uaidh deireadh a ré an
uair úd ámh. Bhí sé ag dul as ó ló
go ló. Cúpla lá sul a bhfuair sé bás
do thuit sé ar an urlár. Bhain an
tuisleadh soin a urlabhra dhe agus a
mheabhair chinn. Tógadh láithreach é
agus fágadh i n-a luighe é 'san
leabaidh. I gcionn tamaill tháinig sé
chuige féin beagán, agus bhailigh a
ghaolta is a cháirde is a dhaoine
muinnteardha timcheall air i ndiaidh
ar ndiaidh. D'fháiltigh sé rómpa; thug
sé cómhairle dhóibh; agus, an uair a
bhí sé ró-lag chum san do dhéanamh,
bhagair sé i leith ortha agus bhain sé
fíoghar na croise de cheachtar aca.
Seo é an obair bheannuighthe do bhí
ar siubhal aige nuair tháinig an bás i
gan fios air díreach fé mar thagann
codladh na hoidhche ar an sclábhuidhe


L. 67


corrtha. Mar adubhradh i dtaoibh
deagh-shagairt Ghaedhealaigh eile tráth:



D'fheoigh an teanga nár searbh i
ráidhtibh,



D'fheoigh an teachtaire ó fhlaitheas do
tháinig,
.....



Is do bhíodh ag cosnamh na bpeacach ó
Sátan."



Cailleadh é an t-ochtmhadh lá de mhí
na Nodlag i mbliadhain a 1856.



Tar éis a bháis bhí a chorp fé chlár i
nEaglais Óird Fróinséis i gcathair
Chorcaighe agus aibíd na gCapuisíneach
uime. B'é féin fear tógbhála na
hEaglaise seo. Mar a chéile, b'é
féin fear soláthartha na roilige mar ar
cuireadh fé'n bhfód é an dara lá déag
de'n mhí céadna. Bhí leath-chéad míle
duine ar a shochraid do réir mar
innistear dúinn. Tugann othraigh
agus mairtínigh turas ar a uaigh gus
indiu agus súil aca go leaghasfaidh
an turas san a ngalar is a gcréachta
fé mar leaghas a bheannacht agus a
chómhairle tart an tsluaigh tráth dá
raibh.



Níor bh'iongnadh bród go bruinn an
bhrátha ar Órd ársa na gCapuisíneach
is ar mhuinntir na hÉireann i
gcoitchinne as an mbaint do bhí aca
leis an manach so, mar nár rugadh
riamh ar dhruim na Cruinne a chomh-


L. 68


maith d'fhear chum troda i gcoinne
an ólacháin agus i bhfabhar na meas-
ardhachta. Admhuigheann an uile duine
so, is cuma Gaedhil iad no Gaill. Is
oireamhnach agus is creideamhnach an
rud a dhealbh do bheith le feicsint i
lár na cathrach i mBaile Átha Cliath
mar ar deineadh sagart de i mbláth
na hóige agus a leithéid eile do bheith
i n-a sheasamh i gcathair Chorcaighe mar
ar thuill a shaothar cáil Abstail dó.
Gan dealbh gan carn aca le feicsint
annso ná annsúd, ámhthach, chum ainm
an Abstail do bhuanughadh mhairfeadh
a cháil agus a chómhairle i gcuimhne
Gaedheal an fhaid agus is buan an
cion agus an dúthracht is dual dóibh
riamh.


L. 69


Caib. XIII.



Toradh an tsaothair.



Tá leath-chéad bliadhan is breis
caithte ó cuireadh corp an Athar Tiobóid
'san úir. Ní'l indiu 'n-a chroidhe ná i
n-a chnámhaibh na 'san intinn a bhí aibidh
tráth acht dorn cré. Mara bhfuil, féin,
ná saoileadh éinne ná fuil, fé'n dtráth
so, i dtoradh a shaothair acht neimhnidh.
An síol a chuirtear 'san ithir de ghnáth
ní bhaintear barraidhe no toradh an
tsíl sin chum go mbíonn an síol féin
agus gan ann acht luaithre. Cuirtear
síol agus cuirtear cuirp; acht ní
gnáthach comórtas do dhéanamh eadartha,
agus ní móide gur ró-oireamhnach an
bheart a dhéanamh acht chomh beag. Acht
ó's é toil agus deonughadh Dé go
bhfásann is go n-aibidheann barraidhe
díreach de réir mar deintear luaithre
de'n tsíol ní féidir do lucht faire gan
a thabhairt fé ndeara, mar a chéile, go
bhfuil toradh saothair an Athar Tiobóid
ag aiseirghe ó'n ló do síneadh a chorp
fé dheoraibh sluaigh i gcómhrain chumhaing
le hais na Laoi. An lá chuirtear síol
i gcré ní gnáthach gas no bileog d'fheic-
sint ag preabadh as tar gnúis
talmhan; agus tar éis do'n bhileoig í
féin do nochtadh ní ró-mhear a chuireann
sí dhi go minic. An uair d'athfhás gas
na Measardhachta go mall as luaithre
an Athar Tiobóid, má's ceadtha an


L. 70


comórtas so, thárla go raibh an droch-
uain ag feitheamh léi. D'árduigh bileoga
Gallda is bileoga bréige a gcinn
nimhe mór-dtimcheall uirthe agus
d'fhágadar gan teas is gan solas na
gréine í. Acht níor ráinig leo í
mhúcadh ná í crapadh, féin. I gcionn
na haimsire cuireadh spéis innte.
Níor bh'annamh an tAthair Urramach
Tomás De Burc agus an tAirdeasbog*
dúthrachtach deoradhta gur ionann a
shloinne agus ainm a thíre dúthchais ag
tagairt di agus ag a moladh go hárd.
Bhí sí ag teacht chúiche féin fé'n mholadh
so agus ag dul i bhfeabhas i ndiaidh ar
ndiaidh, agus is iomdha fior-Ghaedheal
a bhí ag freastal uirthe leis an aimsir.
Scaipeadh a cumhar cneasta de réir
mar bhí sí ag at agus ag borradh agus
ag bláthughadh. Cuireadh mar chúram i
dtráth ar Órd na gCapuisíneach an
talamh do ghlanadh i n-a timcheall
agus lán-aire do thabhairt di feasta
mar ba dhual dóibh. Agus seo indiu
í, céad moladh le Righ na nDúl, i n-a
holl-chrann áluinn ag sileadh a síl
bheannuighthe féin ar iathaibh ársa agus
ag síneadh a leathan-ghéag thar cóigibh
Fódla.



Tá sé le maoidheamh ag Cumann na
gCapuisíneach ná rabhadar thar bhliadhain
ag obair an taca so no go raibh an


L. 71


geall i gcoinne an óil tógtha ag dhá
céad míle Éireannach uatha. Deimhnigh-
eann so gur cruinn do thuig Easbuig
na gCaitliceach cúrsaidhe an scéil an
tan do thoghadar na Capuisínigh chum
an mheasardhacht do leathadh ar fuid
na tíre. Léirigheann sé dhúinn nár
scaoil na Capuisínigh féin uatha le
faillighe an oidhreacht oirdhearc is an
mhór-cháil d'fhág an tAthair Tiobóid
aca le cosaint is le buanughadh.
Taisbeánann sé dhúinn ná fuil Éirean-
naigh an lae indiu caillte thar fóir acht
chomh beag le n-a sínsear a bhí suas i
n-aimsir an Athar Tiobóid. Agus a
bhuidhe le Dia indiu go bhfuil sé
d'adhbhar luthgháire ag fo-dhuine de sna
míltibh a thóg an geall ó lámaibh an
Chapuisínigh dhúthrachtaigh an tsár-obair
chéadna is mar bhi ar siubhal ag eisean
d'fheicsint ag dul chum cinn arís fé
threoradh is fé chomairce bráithre go
bhfuil baint aca, mar a chéile, le Órd
chúramach Sain Froinséis.



Innistear dúinn go minic gurab é
an tÉireannach an fear is mó dúil
'san ól i sna tíorthaibh so, agus is
iomdha Éireannach agus Gall a chreid-
eann é. Is é fírinne an scéil gur
lugha de dhigh meisce ólann an
tÉireannach ná mar ólann éinne dá
bheirt chómhursan .i. an tAlbannach is
an Sasanach. Agus is amhlaidh a bhí
an scéal i gcómhnuidhe. Do dhearbhuigh


L. 72


is do dheimhnigh Domhnall Ua Conaill
so i láthair an Athar Tiobóid féin.
Agus dá mba rud é go mbeadh
Éireannaigh i gcoitchinne beagán
tugtha do'n ól cia thógfadh ortha é?
Ní raibh teora le n-a mbuaidhreamh ná
le n-a gcruadhtan le ciantaibh agus
is ar éigean d'fhágadh inead choinne
aca acht árus an óil i ndeireadh báire.
Mór-mhór níor dhual riamh do mhuinntir
na hÉireann bheith spriúnlaighthe agus
níor ceaduigheadh go ceann na
gcian dóibh bheith críochnamhail baileach.
Is beag Gaedheal nár airigh uair
éigin an scéal úd a bhíodh go minic i
mbéal Sheáin Uí Churráin an t-ollamh
dlighe. Bhí fear eile dlighe i mBaile
Átha Cliath an aimsear chéadna, agus
bhí corn luachmhar airgid aige agus an
abairt "Éire go Bráth" gearrtha go
maiseamhail ar éadan an choirn.
Bhuail saighdiuir Gallda chuige isteach
lá, agus chonnaic sé an corn is an
abairt. "Corn deas é sin," ar
seisean. "An fada agat é; agus
an fada an abairt sin air?" "Tá,
leis an fhaid seo aimsire," ars' an
fear dlighe. "Má tá," ars' an saigh-
diuir, "tá sé fada go leor ag
briseadh na dlighe agat, agus ní-fhág-
fad-sa a leithéid id sheilbh feasta."
Agus d'árduigh sé leis an corn gan
focal eile do rádh. Nach ró-léir agus
an saogal amhlaidh nár bh'fhéidir fonn


L. 73


ar Ghaedhealaibh airgead ná stór do
chur i dtaisce dá mbeadh an chaoi aca,
féin. Ba mheasa bhí an cás ag
Gaedhealaibh i gcoitchinne ná mar
bhíonn ag an saighdiuir agus é ag dul
isteach i bpáirc an bhuailte, no ag an
máirnéalach bocht a bheadh i láthair na
ngarbh-thonn agus an ghaoth mhór ag
bagairt bháis air. Beag suim a chuir-
eann a leithéididhe súd i n-airgead,
agus, dá réir sin, cár bh'iongnadh gan
Éireannaig chéasta do bheith só-chríoch-
namhail ná fonn ortha fo-phinginidhe
airgid do chur i dtaisce? Acht de
réir mar scaoilfear Gaedhil ó smacht
Gall is de réir mar tabharfar greim
dóibh ar a gc[h]uid talmhan féin chifid
agus tuigfid chomh cruinn le n-a
gcómhursaibh cad is airgead agus
cnuasughadh ann; ní thiocfaidh le
héinne acht le cladhaire éithigh faillighe
ná leisce do chasadh leo, agus mar
dhíoghal ar a bhfeabhas fillfidh beannacht
agus lán-rath Ríogh na bhFlaitheas i
n-a bhfrasaibh ortha. Molfhar an
mheasardhacht agus áirmheochar a buadha
do'n aos óg i sna scoileannaibh;
cuirfear an mheisce nimhe fé dhroich-
mheas agus fé tharcuisne: beidh a fhios
ag gach éinne, óg aosta, feasta nach
adhbhar bidh an biotáille, acht, i n-a
inead san, gur deoch chonntabharthach í,
agus gur beag nach measa mór-chuid
di ná an nimh mharbhtha féin. Beidh a


L. 74


ró-fhios aca gur fearr an tslainte
bhíonn aca so ná blaiseann í, agus
gur sia mhairid ná mar mhaireann lucht
taosctha na dighe. Beidh a fhios aca,
fós, má bhíonn dúil 'san mbraon ag
athair no máthair go mbeidh a gclann
amhlaidh, fóirior. Cuirfear i n-umhail
dóibh i ndiaidh ar ndiaidh go bhfaghann
trí chéad éigin duine bás gach lá 'san
tseachtmhain de dheascaibh na dighe i
nImpreacht Shasana ar leithligh, agus
gur mó díogbháil a dhéineann an
t-ólachán do Shasana i gcaitheamh
cúpla bliadhan ná mar dhein cogadh
thuaisceirt Aifrice ó thosach deireadh.
Agus déanfaidh an t-eolas so is eolas
dá shaghas mór-mhaitheas i gcionn na
haimsire.



Ná bíodh éinne ag a chur i n-a luighe
air féin gur dligthe iasachta dhéanfaidh
an mheasardhacht do leathadh is do
bhuanughadh i nÉirinn. Ní hiad. Séan-
faidh Éireannaigh an t-ól ar mhaithe leo
féin agus mar olc ar na reachtaibh
nimhe ná molann de thuarastal i
gcómhair ár n-oideachais acht de réir na
cánach íocam as an mbiotáille. Séan-
faidh Éireannaigh an t-ól ar mhaithe le
n-a dtalamh dúthchais is le deag-cháil
a sínsear. Séanfaidh Éireannaigh an
t-ól chum a dheimhniughadh do lucht
casta asmhuchán go bhfuil fír-mheas ag
clannaibh Banban ortha féin mar ba
dhual dóibh. Géillfidh Gaedhil do


L. 75


chómhairle na cléire mar is gnáthach
leo. Is é cómhairle na cléire an
braon do shéanadh, agus is é tuairim
na cléire ná fuil i n-ár measc indiu
Cumann eile níos oireamhnaighe chum
an braon do chur fé tháir ná Órd
Fróinséis Naomhtha. Géillfidh Gaedhil
do chómhairle an Chumainn seo i
n-onóir an Uachtaráin a bhí ag sean-
móireacht as Gaedhilg aca ar fuid
Éireann uile 'san séamhadh aois déag
agus i ndíl-chuimhne an Bhráthar bhith-
dhílis Micheál Ua Cléirigh. Géillfidh
Gaedhil, fós, do chómhairle na
gCapuisíneach i gcuimhne an Athar Art
Ua Laoghaire agus an Athar Tiobóid
Maitiú féin. Géillfidh siad dóibh
agus cuideochaidh leo go dicheallac
mar dhíoghal ar an obair atá ar siubhal
ag an Órd le bliadhantaibh ar son na
Gaedhilge, ar son na measardhachta,
ar son gach deigh-iarrachta dá dtugtar
"Do chum glóire Dé agus Onóra na
hÉireann."



Mo chumann iad na Capuisínigh!
Adhbhar uabhair dom réamhrádh ó láimh
dheaghbhráthar aca mar maise ar an
leabhrán so.



'San Irish People is eadh do cuireadh so i
gclódh i dtosach.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services