Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Alasdair Mac Colla
Title
Alasdair Mac Colla
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Pen Name
Mac Tíre na Páirce
Composition Date
1914
Publisher
Clódhanna Teo. do Chonradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
"Do mhéaduigh buaidh an dá chatha sin misneach agus meanmna Ghaoidheal ó sin amach, ionnus nach tugdís cúl dá námhaid ar chomhthrom ná ar anchomhthrom." — Niall Mac Mhuireadhaigh
BROLLACH. Ní rigmíd a leas mórán de leithsgéaltaibh do thabhairt uainn fán leabhar so do chur le chéile. Thárla a ghein ann na bliadhanta ó shoin nuair a bhí caint agus cogar idir lucht leabhar na Gaedhilge fá dhéantúsaíbh "an Ultaigh Bheadaidhe" i bhFáinne an Lae. Do caintigheadh agus do cogradh eatorra súd gur mhaith an t-adhbhar leabhair na déantúsaí seo do luaidheamar, acht beagán do chur leó as "Leabhar Chloinne Raghnaill," ó thárla dhóibh féin a bheith ró-ghiorrtach le n-a aghaidh sin. Ní dearnadh dadamh, ámhthach. Dhá fháithchéill a bhí leis sin, is dócha: A haon díobh .i. locht gnáthach na gcoisdí ar lucht leabhar na haimsire sin mar a bhíos indiu féin ar a sliocht .i. cur ar cáirde agus cur ar gcúl ó chruinniughadh go cruinniughadh nó go gcailltear amharc agus smaoineadh ar an gcuspóir do bhí rómpa agus le n-a linn sin sáirfhios aca ar bhrígh an tseanfhocail "cur ar cáirde, cur nach feáirrde"; agus a dó .i. faillighe agus fuaire an ughdair féin i n-a dhéantúsaíbh ar chuma nár chuir sé riamh isteach iad le haghaidh a gclóbhuailte — tá an locht mór sain air fós go dtí an lá atá indiu ann agus a rádh go bhfuilid fromhtha a dhá dhéantús i n-a sheilbh gus an am so i láthair agus nár smaoin sé riamh ar a gcur thar a n-ais chugainn cear- tuighthe pioctha sgiomartha ó n-a láimh oilte féin! Acht ní beag liom de sin. Ceist anois. Cé hé "An tUltach Beadaidhe"? Tá, Eoin Mhac Néill, fear go bhfuil a ainm i mbéal a láin. Do dheachtuigh sé sin "Caithréim Alasdair Mhic Dhomhnaill" i gcomhair Fáinne an Lae fá mar do tháinig amach ar na dátaíbh seo .i. Aibreán 16 agus Bealtaine 14, 1898.
Ní túisge do chonnaic an tAthair Eoghan Ó Gramhna iad so fá chló ná do sgríobh sé litir chugainne ón Oileán Úr, agus do mhol sé na haistí thar cionn. 'Sé dubhairt sé san litir sin nár léigh sé riamh aistí dob' fhearr ná iad, "agus," ar seisean, "'sé mheasaim féin gurab í an Ghaedhilg is fearr do sgríobhadh ó aimsir an Chéitinnigh anuas!" Is leór liom do mholadh é sin, agus ní mheasaim féin gur call dam cur leis, acht amháin a rádh gur bh'é rádh an Athar Eoghain fá dheoidh an méid seo léightear i ndeireadh a litre atá fá chló i bFáinne an lae darab dáta Meitheamh 18, 1898: "Nárab fada go gcluinimid arís ón Ultach Beadaidhe." Maidir le "Caithréim Alasdair Mhic Dhomhnaill," is beag d'athrughadh do chuireas-sa ann agá aithsgríobhadh annso dham. Is féidir a rádh go bhfuil gach focal coit- cheann gan athrughadh ar bith uaim. Ní mar sin, ámh, do chuid de na hainmneachaibh áite atá ann, mar gur bh'éigean dam an méid seo dhíobh do chur ar aon nós le Niall Mac Mhuireadhaigh agus le hughdaraibh eile fuaras leo:—
Ceist, cad chuige dham a n-athrughadh? Tá gur bh'éigean dam é dhéanamh d'éis mo chuardaigh 'sna hughdaraibh. An chéad 's an dara hainm, 'sí canamhaint Rachlann atá mar ughdarthás agam leó; Gazetteer na hAlban agus léarsgáile an lae indiu fá ndear Tiobar Mór; Gaedhilg na hAlban ba bhun leis na trí hainmneachaibh atá 'na dhiaidh sin agus le Struibhle mar an gcéadna; fuaras Alphort agus Filipfách ag Niall Mac Mhuireadhaigh féin agus Cill Saidhbhe 'sé rud atá ann acht beachtaidheacht do bhaint as an gcuma d'fhág Niall air ó n-a láimh! Nach léir as soin cad is féidir do dhéanamh le hainm- neachaibh áite, má cuardaighthear dóigh agus an-dóigh mar is indéanta do gach éinne? Níor éirigh liom Gaedhilg d'fhagháil ar Selkirk, dá mhéad dár chuardaigheas, acht dá mbeadh Gaedhilg air, is dócha gur "Cill Bhoth" a bheadh ann, acht nuair nach fuaras ughdarthás ná baránta leis sin, do leigeas dó. Ní'l Gaedhilg i nAlbain féin indiu air, mar thuigim, agus é ar nós Williamstown i gCondae na Gaillimhe agus áiteanna eile i nÉirinn fóiríor! Anois i dtaobh ar baineadh as Leabhar Chloinne Raghnaill, do leanas do chaint an leabhair sin comh dlúith agus d'fhéadas, agus má sgaras léi i gcorr-áit, dob' éigean dam é ar mhéad an Albanachais do thárla os mo chomhair, rud do chuirfeadh as go mór don léightheoir Éireannach. An tAlbanachas is mó bhí ann .i. na déidheanaigh -e, -a ar lár ar uairibh: Cibé áit a raibh sin ann do rinneas iad d'aiseag, agus go deimhin féin, dá mbeadh an cheist fá Niall féin do mholfadh sé dham é dhéanamh, agus gurab é an cuspóir do chuir sé sin roimhe Gaedhilg dhoimhin Éireannach léighinn agus litridheachta do sgríobhadh, is má theip sin air corr-am, b'é fá ndear é treise na canamhna bhí air agus é i gcéin ó sgoiltibh na hÉireann i gcás gur sgiorr agus gur shleamhnuigh canamhnachas air i
n-a sgríbhinn uaireanta a gan-fhios dó féin. Acht tar éis an tsaoghail, má cuirtear an leabhar so i gcoimhmeas le Reliquiæ Celticæ is beag de dheithbhir gheobhthar eatorra i n-aon áit, agus a fheabhas an t-eolus do bhí ag Niall ar Ghaedhilg ughdarthásaigh Éireann agus Alban fré chéile, do réir mar do bhí an sgéal san aimsir sin agus go dtí an t-ochtmhadh ceannair (.i. sinseara, céad) déag. 'Siad so na leathanaigh de Reliquiæ Celticæ II., i n-a bhfuil Leabhar Chloinne Raghnaill, .i. 138-309. SEOSAMH LAOIDE.
UGHDAIR AN LEABHAIR SEO. Ní gádh dham trácht do dhéanamh ar Eoin Mhac Néill agus a fhios ag an saoghal Fódlach cé hé féin. Tá 'fhios againn go léir gur clisde an fear é agus nach ceart dúinn a thuilleadh cainte do dhéanamh ar dhuine beó. NIALL MAC MHUIREADHAIGH. Do mhair an sgríbhneoir seo san seachtmhadh aois déag agus i dtús na haoise 'na diaidh sin. An méid do bhaineamair-ne as a leabhar staire, do sgríobhadh é, mar saoiltear, roimh an mbliadhain 1700. Síol Muireadhaigh ó' dtáinig an Niall so, do bhídís 'na sean- chaidhthibh ag Cloinn Raghnaill (.i. Domhnallaigh na nOileán nó inse Gall). Do bhíodh dúthaigh nó athardha aca i nUibhist Theas, oileán d'Insibh Gall. Do shíolruigheadar ó Mhuireadhach Ó Dálaigh, file mór do bhí i nÉirinn tuairim le tús na bliadhna 1200. Midheach dob' eadh an file seo, agus nuair a bhí sé 'na chomhnuidhe i lios an Doill i gCondae Shligigh tháinig idir é féin agus Ó Domhnaill, i gcaoi gur bh'éigean dó teicheadh. D'éis Éire do shiubhal agus gan cosnamh aige ar Ó nDomhnaill do chuaidh Muireadhach go hAlbain agus tá sliocht air sa tír sin go dtí indiu féin. Innistear gur mhaith Ó Domhnaill dó fá dheireadh, agus go dtáinig sé thar a ais go hÉirinn. 'Sé an cuspóir do chuir Niall Mac Mhuireadhaigh roimhe, ag sgríobhadh staire cogaidh Mhuntrós agus Alasdair dó, ceart do sheasamh do Ghaedhealaibh, do bhrígh nár admhuigh sgríbhneoirí an Bhéarla méad na seirbhíse do rinneadar Gaedhil Éireann agus Alban ins an chogadh sain. Bhí sé ar a chumas, dá mb'áil leis é, sgríobhadh i mBéarla, acht do ghabh sé do roghain úsáid do bhaint as a theangaidh féin .i. an Ghaedhilg, agus is mór is ionmholta é dá chionn. Ba den treibh chéadna Cathal Mac Mhuireadhaigh go bhfuil cuid dá dhéantúsaíbh i ndán san leabhar so. Do mhair sé seo sa chéad leath den seachtmhadh aois déag. S. L.
RÉIMHSGÉAL. Ba mhór le rádh Alasdair mac Colla Mhic Dhomhnaill lá dá raibh, agus máireann a cháil agus a chlú i Rachlainn agus i nGaedhealtacht Alban go dtí indiu féin. Ba de shean-bhunadh Íle Alasdair, agus ba mhac é do Dhomhnallach ó Cholbhannsáigh. Ba shean-oncail dá athair. Somhairle Buidhe Mac Domhnaill, athair chéad Iarla Aontroma. Bhí Domhnallaigh Aontroma i ngaol gairid dá mhuintir féin .i. do Dhomhnallaigh Íle agus Chinntíre, agus an fóirneart agus an fóiréigean d'imir Clann Duibhne nó na Caimbéalaigh ar an aith-fhine d'fhág sé rún díoghaltais 'na n-aghaidh sin i gcroidhe na nDomhnallach ar gach taobh de Shruth na Maoile. Tá an méid sin eoluis agus tuilleadh ar fagháil go réidh i leabhar an-deas do sgríobh ughdar Albanach Gallda darab ainm as Béarla John Buchan. 'Sé an teideal atá air The Marquis of Montrose agus i n-uraidh do cuireadh amach é ó thigh Nelson and Sons. Ughdar cóir ceart is eadh é, fear a mholas Alasdair agus a shaighdiúirí Éireannacha go hárd agus nach faghann locht ar Alasdair féin acht fá mar a thuill sé é. Ní leigim díom don chor so gan roinnt dá adhmholtaibh do bhaint as a leabhar, ionnus go dtuigfeadh Gaedhil Éireann caidé a mhéid de throid agus de chalmacht a rinne na hÉireannaigh i nAlbain agus Alasdair agus Maghnus Ó Catháin i n-a gceannas. Seo mar thráchtann Buchan ar na saighdiúiríbh féin: "Alastair's Ulstermen were regular soldiers, inured to dis- cipline, and seasoned by hard campaigns, and they had the advantage of bearing firearms. But these firearms were old matchlocks, and the stock of ammunition was so low that only one round remained for each man" (.i. roimh cath Thiobair Mhóir) L. 85.
Agus seo mar chuireann sé iad sain agus saighdiúirí an Choibhinint le taoibh a chéile: Seo mar labhrann sé fós ar shaighdiúiríbh Mhuntrós fá mar do bhíodar roimh cath Chille Saidhbhe: Seo é a mheas ar na saighdiuiríbh do fríoth i nGaedhealtacht Alban: Bhí do locht ortha so go dtéidís a bhaile i gcomhnaidhe d'éis an chatha chum a n-éadála do chur i dtaisge. Ní hasta sain do bhíodh ionntaoibh ag Muntrós, acht as na Gaedhealaibh Éireannacha, amhail mar adeir Buchan ann so: (Tar éis catha Dhúin Dé) Seo trácht beag ón ughdar gcéadna ar an gcalmacht do rinne na hÉireannaigh: (i gcath ObairDheadhain) (i gcath na Fiodhbhaidhe)
(i gcath Ailt Éirinn) (i mbriseadh Filipfách) Ba bhuidheach Muntrós de Alasdair. D'éis céime d'fhagháil dó féin ón rígh, .i. liftenant goibhearnóra agus caiptín sinireil do dhéanamh de, do rinne sé mar leanas, fá mar innseann Buchan dúinn: Ag so an bhreith thug Buchan ar Alasdair féin agus ní féidir le héinne a rádh nach fuil lán an chirt aige:
Agus seo an trácht do-ní Buchan ar an gcath sin Ailt Éirinn: Is tuigthe dhúinn as sain caidé a mhéid de chalmacht a bhí i nAlasdair. Tugann Buchan fathach fíochmhar fraochda ("fire-eating giant.) air, mar ní hé amháin go ndéanadh
sé cródhacht agus calmacht do ghnáth, acht ba mhór an fear é i méad comh maith céadna. Dá bhfanadh sé i gcabhair Mhuntrós go deireadh an téarma, ní baoghal nach buadh- faidhe ag an mbeirt sin ar an námhaid fós i gcomhnaidhe. Alasdair dá thréigean thug oidheadh Mhuntrós. Dá seasadh sé taobh leis, bhí a mhalairt de chrích ar an marcós. Acht ní faghtar saoi gan locht: an té atá láidir, ní bhíonn sé glic i gcomhnaidhe; agus dá mhéad an locht sain ar Alasdair, is fiú dhúinn cuimhniughadh do dhéanamh air, agus a fheabhas de laoch é le n-a linn féin. SEOSAMH LAOIDE.
SÉAMUS GRAEM, MARCÓS MUNTRÓS. Má ba mhór an fear é Alasdair mac Colla chiotaigh mar laoch cogaidh agus mar churadh calma, agus é 'na mháidseoir sinireil ag cabhrughadh le Marcós Muntrós, ba mhó ná é sin go mór Muntrós féin mar thaoiseach cogaidh agus mar sinireil ar gach sluagh agus gach arm dá mbíodh aige le cur ar aghaidh na námhad. Ba bhreágh an t-eolus do bhí aige ar cheird agus ar ealadhain an chogaidh. Ní'l d'fhearaibh a chomhaimsire le cur i gcomórtas leis acht Crombhail agus Condé, agus admhuighthear nach díoghbháil ná dolaidh do Mhuntrós an comórtas sain. As a stuaim féin is mó bhí sé eolach i gcúrsaíbh cogaidh. Bhí sé ó fhréimh agus ó nádúir ann, mar adeirtear. Is dóigh liom go bhfuilid na sgríbhneoirí go léir, nó geall leis iad go léir, ar aon fhocal i dtaobh ginléireachta Mhuntrós. Ní gádh dham, ámhthach, acht Buchan do chur i gceist arís díobh. Seo mar labhras sé sin ar an taithighe iongantach do bhí ag Muntrós ar inneall agus ar ordughadh catha:— Acht deir an t-ughdar céadna gur mhó go mór ná sain uile an cumas iongantach taoisigheachta agus táithte bhí i Muntrós, agus ní'l éinne dá dtuigfeadh an cás sain 'na cheart nach abróchadh go bhfuil corp-lár an chirt aige. Seo mar labhair sé air sin: Sgeallán d'uaislibh na hAlban dob' eadh é, de threibh na nGraemach úd do measadh bheith 'na bhfine Ghallda Ghaedhealach agus a rádh gur ar an teorainn do bhíodh comhnuidhe ortha. Fíor- uasal do bhí ann dá réir sin agus é 'na dhuine uasal i ndáríribh. Bhí sin ó fhréimh ann gan amhras. Ní'l lá dá dtagadh air nach faghthaoi go caoin cneasda mín macánta é. Ní dheachaidh sé riamh thar cóir i n-a bheathaidh ná thar ceart na riaghlach i gcúrsaíbh an chogaidh. Ní misde liom 'na leith sin caint an fhir chéadna (.i. Buchan) do thabhairt anuas arís:
Is tuigthe dhúinn fós go raibh áirdmheas aige ar a shaighdiuiríbh Éireannacha. féach mar do ghlaoidh sé ar Mhaghnus Ó Catháin i gcath na Fiodhbhaidhe nuair dob' eagal leis go mbrisfidhe an cath air agus a thaobh féin i nguais agus i ngábhadh. Féach leis mar do labhair sé ar Alasdair i gcath Ailt Éirinn ar shlighe gur chuir se oiread meisnigh agus meanman i n-a arm uile go léir is gur bhuadhadar ar an námhaid: "Is mór an náire dúinn," ars' eisean, "an t-aon duine ag tabhairt ar gclú dhínn do ghnáth, inar bhristear ar an uile námhaid romhainn — ag sin Alasdair ag breith buadha ar an mhuintir do bhí os a chomhair féin don chath agus tugaidh-se an adbhannsa go gléasda grod-athlamh." Ní hé gnó an leabhair seo Marcós Muntrós do mholadh, acht dob' éigean dúinn an méid sin do chur síos 'na leith agus gurab sgoth fir a bhí ann, fear nach tagann ar an tsaoghal acht go hannamh- Agus cé gurab é ár ngnó-ne i láthair cuimhniughadh do dhéanamh ar fhear eile, caithfimíd a admháil gur bh'fhearr d'fhear an Marcós ná Alasdair féin. Níor bh'fhéidir "tochras ar a cheirtlín féin" do chur i leith Muntrós, acht tá eagla orm gurab é an galar intinne sin do bhain do mhac Colla ag dul go Cinntíre dhó chum é bhaint de Chlainn Duibhne. Níor bhuaidh Muntrós an cath deireannach tugadh i gCarbasdal, toisg nach raibh arm ceart aige agus a rádh nach raibh Lochlannaigh agus a sliocht i nInsibh Orc comh maith ná comh calma de shaigh- diuiríbh le Gaedhealaibh Éireann agus Alban. 'Sé monuair é! Do milleadh go heasonórach le Comhairle na hAlban é, a n-abair Niall Mac Mhuireadhaigh. Dá bhfanadh Alasdair le n-a chois, ní gheobhadh an íde sin é.
ALASDAIR MAC COLLA. I. CAITHRÉIM ALASDAIR MHIC DHOMHNAILL. Eoin Mac Néill do dheachtuigh I. Is beag ár mbeann san aimsir seo ar ghníomharthaibh gaisgidh ár sean agus ár sinsear. Má léighmid trácht orra ar aon chor, ní thugamuid géilleadh dhóibh. Na sgéalta iongantais atá ar fagháil isna sean-leabhraibh fá laochraidh na nGaedheal agus fá n-a mór-chalmacht, dar linn is bréaga iad go léir, nó geall leis. Na tréithe calma nach bhfuil againn féin, ní maith linn a admháil go bhféadfaidhe a mbeith ag an muintir darab síolrach sinn. Maiseadh, bíodh a bhfuil 'nár ndiaidh annso síos ina fhiadhnaise againn ar an méid calmacht do bhí ag fear áirithe de laochraidh na nGaedheal ar a bhfuil cuntas cruinn fírinneach fóirleathan ag ughdaraibh Gaedhilge agus Béarla do mhair le n-a linn féin. Cuiream síos ar dtús geinealach an fhir seo do réir mar fuaramar romhainn é.
Colla Uais, iomorro, do bhain amach Cúigeadh Uladh ó Chlannaibh Rudhraighe, is uaidh do shíolruigh an Chlann Domhnaill seo ag a raibh Inse Gall agus seacht dtuatha na nGlinne i nDáil Riada fá n-a smacht ar feadh na gcéadta mbliadhan. Is ag trácht ar Alasdar mac Colla mhic Gilleasbuig Mhic Dhomhnaill do bhí an file Sasanach Milton, an uair do sgríobh sé na focla so ag magadh faoi an ainm thug ughdar éigin ar a leabhar .i. Tetrachordon, — dá chur i gcéill dúinn gur deacra leis féin an t-ainm sin Tetrachordon do rádh ná Makdonel .i. Mac Domhnaill nó Colkitto .i. Colla Ciotach, athair an Alasdair réamhráidhte, nó Galasp .i. Gilleasbuig, athair an Cholla chéadna. "Colkitto" an t-ainm is mó thugaidís Gaill ar Alasdar. Ní raibh Alasdar acht ina ógánach sa bhliadhain 1641 an uair "cuireadh an sop ar séideadh" i gCúigeadh Uladh agus tógadh an cogadh mór i n-aghaidh na Sasanach. Bhí sé ina chomhnuidhe i n-Albain fá'n am soin, agus tháinig sé anall go hÉirinn. Bhí fear de Mhuintir Stiubhaird annsoin ag cruinniughadh airm Ghallda i n-aghaidh Gaedheal na hÉireann. Albanach b'eadh é seo agus ba ghaol dó Alasdar mac Colla. Chuir sé Alasdar 'na chaiptín os cionn buidhne dá chuid saighdiúirí. Ní luaithe bhris an cogadh amach ná d'iompuigh Alasdar ar thaoibh na nGaedheal agus thug leis drong bheag de shluagh an Stiubhardaigh. D'fhág sé an Stiubhardach i gCúil Raithin agus d'imthigh leis ó dheas sa Rúta (.i. clár Chonndae Aontroma ó thuaidh) Annsoin bhí ag éirghe amach Fir na Craoibhe nó Muintir Chatháin ar an taobh thoir de Bhanna. Tháinig a fhios go Cúil-Raithin go raibh Fir na Craoibhe ag brath ar dhul
trasna na Banna chum go gcabróchaidís le hAlasdar mac Colla. Port an Átha ainm na háite i n-ar shaoil siad dul trasna na habhann. Nuair a chuala an Stiubhardach na sgéala soin, do ghluais sé roimhe ó Chuil Raithin agus a lámh dheas leis an abhainn go dtáinig sé go Port an Átha, gur ghabh sé longphort ar an áth idir Alasdar agus Muintir Chatháin. Sé buidhne líon a shluaigh agus gan acht dá bhuidhin ag Alasdar. 'Sé rud do rinne Alasdar annsoin fanamhaint go meadhón oidhche an tráth do ling sé i lár champa an Stiubhardaigh agus chuir ár agus dearg- ruathar orra. Tháinig Muintir Chatháin tar sruth aniar dá éis sin agus bhí Alasdar 'na cheannphort orra. B'é sin tosach a ghníomhartha gaisgidh i n-aghaidh na nGall. Is é adeir Froude agus staraidhthe na nGall uile gur bh'é tosach ar an "massacre of 1641" é sin. "Massacre" bhí i mbéal na nGall riamh nuair is orra briseadh an cath. I mí na Nodlag sa bhliadhain 1641 is eadh thárla an gníomh soin. Seal gearr 'na dhiaidh sin do ghabh Alasdar caisleán Bhaile na Tuaighe ar mhuintir an Stiubhardaigh. Níor léig an eagla do'n Stiubhardach féin teacht thar múrthaibh Cúile Raithin amach go ceann i bhfad, nó go raibh sluagh foghainteach cruinnighthe aige arís. Dia hAoine an t-aonmhadh lá déag de mhí na bhFaoillidhe sa bhliadhain 1642 (1641 sa tsean-áireamh), do ghluais an Stiubhardach roimhe amach as Cúil Raithin, naoi gcéad saighdiúir líon a shluaigh, i n-aghaidh Alasdair Mhic Dhomhnaill. Sé chéad saighdiúir do bhí ag Alasdar sa longphort do bhí aige i mBaile Mónaidh. Thárla an dá shluagh le chéile ar an léana atá tuairim is míle ó'n mbaile sin. Alexander Clogy, ministéire Sasanach, cliamhain do'n Easbog Bédel, do bheir tuairisg ar an tachar soin mar leanas: "Sa chéad ionnsaighe, agus gan aige acht buidhean bheag de Ghaedhealaibh agus drong de mhéirleachaibh Iarla Aontroma, do bhí i bpáirt leis sa n-olc, i n-aghaidh ocht gcéad Sasanach
agus Albanach, tar a éis dó a ordughadh dá chuid básairí ("murderers!") a n-airm theineadh do chaitheadh uatha, do thuit sé orra le lannaibh agus le sgeanaibh comh fraochda feargach soin gurab é sgéal do chualamar nach ndeachaidh fear aca beó uaidh de'n ocht gcéad soin." Thug na Sasanaigh an "dubh-Aoine" ar an Aoine sin, ní nár locht orra. Seal 'na dhiaidh sin chuaidh Alasdar le Feidhlimidh Ruadh Ó Néill i n-aghaidh an airm Ghallda bhí ag Sir Uilliam Stiubhard i dTír Chonaill, agus do chuir Sir Uilliam ruaig agus ár mór orra i nGleann Mac Cuinn, i n-aice Rátha Bhoth an seiseadh lá déag de'n Mheitheamh, 1642. Ní'l tuairisg ar imtheachaibh Alasdair go ceann dá bhliadhain d'éis na ruaige sin, gur chuir a thighearna féin .i. Iarla Aontroma le teachtaireacht go Baile-Átha-Cliath é chum Iarla Urmhumhan. Do chruinnigh Iarla Aontroma a mhuintir féin idir Dál Riada agus Clann Aodha Buidhe agus do chruinnigh Mághnus Ó Catháin buidhean d'fhearibh na Craoibhe. Thug Árd-Chomhairle na Confederation trí longa dhóibh agus gléas cogaidh, agus chuireadar chum fairrge iad i gCuan Phortláirge. Bhí Cúigeadh Uladh acht beag buaidhte orra ag Sir David Leslie tháinig ann as Albain ó mhuintir an Choibhinint, agus sluagh líonmhar Albanach aige. A naoi a chlog ar maidin, an seachtmhadh lá de'n Mheitheamh, 1644, is eadh ghluais an cabhlach so as Cuan Phortláirge. Ag taisdeal na fairrge dhóibh, do ghabhadar dhá shoightheach bhí ag teacht le biadh fá dhéin airm na Párlamaide i gCúigeadh Uladh, agus soightheach eile do bhí ag dul go hAlbain agus complacht mhór Albanach ann bhí tar éis an Choibhinint do chrobhsgaoileadh i dtuaisceart na hÉireann. Níor cuireadh aon duine dhíobh so chum báis, siúd is gur gnáthach leis na Gallaibh fá'n am soin an uile Éireannach dá ngabhaidís ar muir do chaitheamh gan spás san bhfairrge. Tráchtfam uair eile ar ghníomharthaibh Alasdair agus a shluaigh i nAlbain. Ní beag linn do'n chor so.
II. Cúig lá dhóibh ag taisdeal na fairrge gur ghabhadar caladh i sunda na hÍle, agus roinnt laethe 'na dhiaidh sin chuadar i dtír i nÁrd na Murchon. Shaoileadar ag teacht i dtír dhóibh go n-éireochadh an Ghaedhealtacht go léir amach i n-aghaidh an Choibhinint acht Clann Duibhne nó Muintir Chaimbéil amháin. Ní mar sin thárla, ámh. Bhí Mac Coinnigh Iarla Síothphuirt tar éis na síotha do thréigean agus gabháil le muintir an Choibhinint. Rinne Marcus Montrós agus Marcus Huntlí iarracht ar chogadh do thógáil, acht do mheath orra araon agus ní raibh cor asta an tráth tháinig Alasdar agus an bhuidhean Éireannach i nAlbain, gurab í comhairle ar ar chinneadar dul ar ais chum na long agus teacht a-bhaile go hÉirinn, Is amhlaidh fuaradar na longa agus iad go léir dóighte ag Mac Ailín Mór (Marcus Airir-Ghaedheal) ag féachaint an bhfuigheadh sé na hÉireannaigh do ghabháil i sás agus do sgrios amach go huilidhe. Níor bh'fheirrde dhó, ámh, an bheart soin. Nuair chonncas d'Alasdar nach raibh dul as aige is é rud do rinne sé ionnsaighe do thabhairt ar dhá chaisleán bhí ag Mac Ailín Mór gur ghabh sé láithreach iad de ghin chlaidhimh. Annsoin do ghluais sé roimhe soir fá'n tír go rángadar Báideanach i gcríochaibh Cloinne Catáin gur éirigh cách amach leó. As sin do chuadar go hÁth-Fódla, an áit i dtáinig chuca Montrós do bhí ina árd-taoiseach ar arm Ríogh Séarlus i nAlbain. Do dhírigh Montrós ar Pheirt, agus ag teacht i ngar do'n chathair sin dó, fuair sé arm na nGaedheal roimhe, ocht míle coisidhe agus ocht gcéad marcach líon a sluaigh. Ní'l cunntas agam ar an méad do bhí i n-arm na nGaedheal, acht ní baoghal a rádh nach raibh a leath-oiread soin ann. Do chuir Montrós na hÉireannaigh i gceart-lár an chatha agus iad roinnte i dtrí buidhnibh, agus Alasdar mac Colla ina cheannphort
orra. Ní raibh ag na saighdiúiríbh Éireannach' acht urchor amháin ag an duine. Níor lámhuigh siad nó go dtángadar i bhfogus do shluagh an Choibhinint, agus annsoin sgaoileadar na piléir i n-aon phléasgadh amháin, chaitheadar uatha na gunnaidhe, agus do ghabhadar de sgeanaibh ins an tsluagh Ghallda. Ní mó ná go ndeárna na Gaill fuireach leó, acht cúl do thabhairt leó i n-éinfheacht. DO THUIT AR AN MACHAIRE SIN DHÁ MHÍLE GALL, AGUS NÍOR CAILLEADH OIREAD AGUS DUINE DE'N ARM GHAEDHEALACH. D'fhág na Gaill ina ndiaidh a gcuid gunnaidhe móra, airm faobhair agus teineadh, púdar agus piléir, bratacha, dromaidhe, puible agus trosgán, agus do b'é luas an teichidh do rinneadar go bhfuair cuid aca bás de bhárr an reatha soin gan fuiliughadh gan foirdheargadh forra. Cath Thiobair Mhóir is ainm do'n chath soin, agus an chéad lá de mhí mheadhóin fhoghmhair sa bhliadhain 1644 is eadh briseadh an cath soin. Do ghluais an t-arm Gaedhealach as sin díreach go hObair Dheadhain, mar a raibh sluagh bailighthe ag an gCoibhinint ó thuaisceart na hAlban, trí mhíle coisidhe agus cúig céad marcach. Do sgriosadh an t-arm so go huilidhe acht beagán díobh do chuaidh i bhfolach. Níor cailleadh acht ceathrar de'n tsluagh Ghaedhealach. An tríomhadh lá déag de mheadhón fhoghmhair sa bhliadhain 1644 tugadh an cath soin. Do chuadar isna Garbh-Chríochaibh d'éis an chatha soin, agus d'fhanadar ionnta ar feadh míosa. Le n-a linn sin do bhí Mac Ailín Mór ag cruinniughadh airm eile. Do ghluais Montrós ina aghaidh, agus theangmhuigh an dá arm le chéile ar aon láthair i n-áit darab ainm an Fhíodhbhadh. Míle saighdiúir de Chloinn Duibhne, míle go leith de Ghallaibh, agus seacht ndíorma marcach ba líon sluaigh do Mhac Ailín Mór. Do chuir Montrós an coirnéal Mághnus Ó Catháin agus Fir na Craoibhe i n-úrthosach an chatha agus ba ghearr a mhoill orra muintir Mhic Ailín
Mhóir do ghlanadh as an láthair. An t-ochtmhadh lá fichead de dheireadh fhoghmhair is eadh tugadh an cath soin na Fíodhbhaidhe, sa bhliadhain 1644. Annsoin do ghabh Montrós anall go dúthaigh Mhic Ailín Mhóir féin. Do creachadh agus do loisgeadh an tír sin leó gan truaighe gan trócaire. Do ghabh Mac Ailín Mór 'gá leanamhaint go dtáinig go hIubhear Lochaidh i gcríochaibh Locha-Ábair. D'iompuigh Montrós air san áit sin agus do ghabh an dá arm fosadh ann, leith ar leith, os comhair a chéile, Lá Fheile Brighde sa bhliadhain 1645. Ní raibh i nAlbain le n-a linn taoiseach ba chumhachtaighe ná ba threise sluagh ná Mac Ailín Mór, acht dar linn is amhlaidh tháinig meatacht air tré iomad comhluadair le Gallaibh. Chuaidh amach ar an loch i mbád an oidhche sin agus d'fhág an cath fá Dhonnchadh Caimbéal, tighearna Achaidh na mBreac. Bhí an Donnchadh so tar éis teacht a hÉirinn. Do chreach sé Reachra ó thaoibh go taoibh, agus níor fhág duine ná daonnaidhe, fear, bean ná leanbh beó 'na dhiaidh ar an oileán soin. Do cuireadh an cath lá ar n-a bhárach .i. Lá Fheile Muire na gCoinneal, Dia Domhnaigh an dar lá de'n Fheabhra, sa bhliadhain 1645. B'é críoch an sgéil gur chuir Montrós agus Alasdar an ruaig ar mhuintir an Choibhinint d'aon ruathar amháin. Seacht gcéad déag díobh do thuit san ár. Maruigheadh dá fhichid tighearna de Mhuintir Chaimbéil, agus gabhadh dias tighearna agus fiche. Thárla Alasdar mac Colla agus tighearna Achaidh na mBreac i n-aghaidh a chéile sa ngleó. Do chuimhnigh Alasdar ar gach olc dár imir Donnchadh riamh ar a mhuintir. "A rogha agat," ar seisean leis an gCaimbéalach, "do chrochadh d'éis an chatha nó do mharbhadh dhomh-sa mar a bhfuil tú." "Monuar!" ars' an Caimbéalach, "is iad an dá dhíogha gan aon rogha iad," go bhfuil an rádh soin 'na sheanfhocal go dtí indiu. Ní dubhairt Alasdar a thuilleadh acht a chloidheamh do thógáil agus an plaosg do lomadh dhe os cionn a dhá chluais
d'aon bhuille amháin do rinne dhá leith de'n chlogad iarainn do bhí air. Bhí bárd de Chloinn Domhnaill dar bh' ainm Iain Lom Mac Domhnaill ag féachaint ar an gcath soin gur chan sé an laoidh ag maoidheamh an chatha. Níor cailleadh acht beirt nó triúr de shluagh Mhontrós, siúd is nár mhó a raibh beó dhíobh roimh an gcath ná a raibh marbh de mhuintir Mhic Ailín Mhóir 'na dhiaidh. Do rinne Montrós máidseoir-gheinearál d'Alasdar an lá soin. Annsoin chuaidh Montrós agus Alasdar soir go Dún Dé agus thugadar amus ar an gcathair sin. Tháinig sluagh mór de Ghallaibh 'na n-aghaidh agus b'éigean do Mhontrós géilleadh rómpa agus dul ar ais isna Garbh- Chríochaibh. D'imthigh Alasdar san áird thiar ag creachadh dúithche Cloinne Caimbéal go dtáinig chuige Sir Lachlann Mac Gilleáin, aon chéad déag líon a shluaigh. D'fhilleadar soir i bhfochair Mhontrós. Casadh an t-arm Gallda leó ar Alt Éirinn i n-aice Inbhir nArann. Thug Montrós an bhratach ríoghdha le n-a choimhéad d'Alasdar mac Colla Chiotaigh, agus thug ceithre chéad coisidhe dhó agus d'orduigh dhó gan gluasacht as an láthair i raibh sé. Acht níor leig a chroidhe dhó fuireach ó'n troid agus do chuaidh amach i n-aghaidh na nGall. Acht cheana do luigh trom-shluagh na nGall go dlúth air agus do thiomáin ar a chúlaibh é. B'é dlús an chomhraic sin go raibh pícidhe na nGall i bhfastódh i sgiath Alasdair nó gur ghearr sé na cinn díobh de bhéim chlaidhimh. Do bhris sé an claidheamh agus tugadh claidheamh eile dhó. Thug sé ionnsaighe ar na Gallaibh an ath-uair. Fá dheireadh do bhris an cath ar Ghallaibh agus do thuit trí míle fear aca san ár. An naomhadh lá de'n Bhealtaine, sa bhliadhain 1645, do cuireadh an cath soin Ailt Éirinn. An dar lá de mhí Iúil (nó deireadh samhraidh) do bhris Montrós cath eile ar mhuintir an Choibhinint i nAlphort. Ní raibh Alasdar Mac Domhnaill sa chath soin, acht bhí an chuid eile de'n bhuidhin Éireannaigh ann, agus cailleadh
caiptín díobh dar shloinneadh Mac Riocaird. D'á chéad déag is eadh thuit de Ghallaibh sa chath soin agus fíor- bheagán de'n tsluagh Ghaedhealach. Do chruinnigh Mac Ailín Mór agus taoisigh an Choibhinint sluagh eile fá cheann míosa. Seacht míle coisidhe agus míle marcach líon an tsluaigh sin. Theangmhuigh an t-arm Gaedhealach leó i gCill Saidhbhe i ngar do Struibhle. Shaoil na Gaill go cinnte nach raibh dul uatha ag Montrós an uair sin. Ní dheachaidh sé uatha. Bhíodar ag teacht go dian air agus gan amhras ba chontabhairt cás na nGaedheal ar feadh tamaill. Níor ghéill na hÉireannaigh agus Alasdar troigh do na Gallaibh. 'San deireadh thiar, do bhris ar an sluagh Gallda, agus níor stad na Gaedhil de'n ruaig sin nó gur leanadar fad ceithre míle déag iad, agus go dtugadar bás do shé mhíle dá sluagh. Rug a chapall Mac Ailín Mór slán ó'n ruaig agus ní dhearna sé stad ná fad-chomhnuidhe go raibh sé i mBaile an Chaisleáin Nua i Sasanaibh. Lá Fheile Muire Mór sa bhfoghmhar, sa bliadhain 1645, cuireadh an cath soin. Seacht gcatha agus seacht ruaga thug an t-arm Gaedhealach soin idir Ghaedhil Éireann agus Ghaedhil Alban. Ní raibh riamh agus ní bheidh go deó arm ba chalma ná iad, agus ní mó do mhair riamh taoiseach ba chalma ná Alasdar ma Colla Chiotaigh. Rinne Montrós ridire dhe le hughdarthás Ríogh Séarlus an tríomhadh lá de mheadhón fhoghmhair, sa bhliadhain 1645. Deich lá dá éis sin, bhí seacht gcéad
Éireannach ag Montrós i n-áit darab ainm Filipfách i n-aice Selkirk. Thárla ceó ann. Tháinig arm an Choibhinint 'na dtimcheall, agus Leslie 'na thaoiseach orra. Bhí an bhuidhean Éireannach ag troid go calma agus gan súil ag fear aca le teacht beó as. Gealladh cáirde dhóibh agus a n-anam do thabhairt leó, acht a gcuid arm do leagadh uatha. Rinneadar amhlaidh. Cuireadh chum báis láithreach iad, cúig céad a líon, agus muintir an champa. Trí chéad bean, agus drong mhór de pháisdíbh agus de sheirbhíseachaibh bh'í dhá leanamhaint. Rug Éireannach amháin ar bhratach an ríogh, chuir 'na thimcheall féin í, gearr slighe roimhe, agus thug an rígh-mheirge slán leis go dtí Montrós. Crochadh Mághnus Ó Catháin i nDún Éadain gan fiú an dlighidh do chur air. Thug Párlamaid na hAlban ordughadh ar an uile Éireannach dá raibh gabhtha i bpríosúnaibh na hAlban d'éis an lae sin do chrochadh suas gan cúirt gan dligheadh. Ó'n uair do sgar Alasdar mac Colla le harm an ríogh agus le Montrós d'éis catha Cille Saidhbhe, ní raibh acht mí-ágh agus mí-rath orra go léir. Do ghabh Muintir Chaimbéil Colla Ciotach, athair Alasdair, agus chrochadar ar chrann a luinge féin é. Tháinig Alasdar féin go hÉirinn i rith na bliadhna soin .i. 1647. Bhí Murchadh na dtóiteán Ó Briain, tighearna Inse Uí Chuinn, fá'n am soin ag cosnamh na Mumhan do Phárlamaid na Sasan. An Tighearna Táfh ba cheannphort ar an arm Éireannach ina aghaidh sin. Bhí buidhean choisidhe ag Alasdar mac Colla san arm Éireannach. Thárla cath idir an dá arm ar Chnoc na nOs i gConndae Chorcaighe, idir Mágh Alla agus Ceann Tuirc. Thug Alasdar ruaig ar an leith chlí d'arm Uí Bhriain, agus chuir chum teichidh iad. Le n-a linn sin, do ghabh an leath eile d'arm Uí Bhriain i dtimcheall ar Alasdar, agus gabhadh é. D'iarr sé a anam ar an oifigeach do ghabh é, fear de Mhuintir Ghrádaigh
dob' eadh é, agus fuair sin uaidh. Leis sin tháinig oifigeach Sasanach, Major Purdon a ainm, agus d'fhiafruigh de'n Ghrádach cia'rbh' é seo fuair a anam uaidh. D'innis sé dó cia'rbh' é. D'iompuigh an Sasanach, thóg piostol agus sgaoil an t-urchor tré inchinn Alasdair mhic Colla. D'fhág Alasdar sliocht 'na dhiaidh agus tá an sliocht soin isna Glinnibh i gConndae Aontroma go dtí an lá atá indiu ann. Séamus mac Mhichil Ruaidh mhic Alasdair mhic Colla an Mhuilinn mhic Alasdair mhic Colla Chiotaigh, is é an Dochtúir Mac Domhnaill úd do chuir ar bun feis na gcláirseach i mBéal Feirsde tá breis agus céad bliadhain ó shoin ann. Tá cuimhne ar Alasdar mac Colla ag Gaedhealaibh na hAlban go fóill, agus is iomdha sgéal atá ar innsint aca ar a ghníomharthaibh gaisgidh agus ar a chalmacht. Is beag dá chuimhne atá ar marthain i nÉirinn, acht tá port ann darab ainm Mairseáil Alasdruim, agus is é tuairim na ndaoine gurab é an port soin do seinneadh dhó an tráth bhí sé ag gluasacht chum catha ar Chnoc na nOs.
Is i gcath de na cathaibh sin thárla do Mhághnus Ó Catháin agus d'Fhearaibh na Craoibhe ruathar do thabhairt fá na Gallaibh, go rángadar go ceart-lár a gcampa, an áit i raibh mór-chuid arm teineadh fá réir aca. Rug Fir na Craoibhe ar na harmaibh seo, acht b'éigean dóibh cúlughadh roimh trom-shluagh de Ghallaibh. Nuair tháinig siad ina n-áit féin, dubhairt fear aca, "Beag a mhaith dhúinn airm theineadh gan púdar is piléir." "Is fíor duit," arsa Mághnus; "ní mór dúinn filleadh agus púdar is piléir fhagháil." D'fhilleadar arís i lár an airm Ghallda agus thugadar lón púdair is piléar amach ón gcampa leó.
II. CAITHRÉIM CHLAINNE RAGHNAILL. Niall Mac Mhuireadhaigh do dheachtuigh. I. Tráchtaim ar ní éigin dár éirigh re linn m'aimsire féin. Is é fá rí re linn mo chéad chuimhne .i. an chéad Shéarlus mac don tseiseadh Séamus don treibh Stiubhardaigh. Ag so cuid do na huachtaránaibh do bhí ar Ghaoidhealaibh fán rígh san aimsir sin .i. Raghnall Óg mac Raghnaill Arannaigh, Marcós Aontroma ar an Rúta agus ar na Glinnibh i nÉirinn, agus Giolla-Easbuig Caoch mac Giolla-Easbuig Ghruamaigh mhic Giolla-Easbuig Dhuinn .i. Marcós Earr-Ghaoidheal; Sir Lachluinn Mac Giolla Eóin, tighearna Dhubhaird; Eoin Múideórdach mac Domhnaill mhic Ailín, caiptín Cloinne Raghnaill agus tighearna Mhúideórd agus Uibhist, Eoin mac Ruaidhrí Mhóir Mhic Leóid na hEaradh; Sir Domhnall Gorm mac Giolla-Easbuig Mhic Dhomhnaill triath Shléibhte agus Thróntarnis, cúirtéir mór ag Rí Séarlus; agus Niall an Chaisléin mac Néill Mhic Néill Bharraigh; Lachluinn mac Eóin Bhailbh Mhic Fhionghuine an tSratha; Eoin Garbh mac Giolla Choluim Raarsaigh. Eóin Garbh mac Eóin Abraigh, tighearna Chola agus Murchadh Mac Giolla Eóin Locha Buidhe; Domhnall an tSróim mac Aonghusa mhic Alasdair, tighearna Glinne Garadh agus Cnoidebhart 'na shean-laoch i dtosach mo chuimhne agus a ua 'na ógánach ar láimh i nDún Éadain agus 'na dhiaidh sin 'na mhórmhaor Chloinne Domhnaill .i. Aonghus mac Alasdair mhic Dhomhnaill; agus Ailín mac Domhnaill duibh 'na uachtarán ar Chloinn Chamshróin agus a ua sain 'na ógánach .i. Eoghan mac Eáain mhic Ailín mhairfeas fós; agus Seorus Donn Mac Coinnigh Óig
Iarla Síothphuirt, uachtarán Chloinne Coinnigh; agus Domhnall Duabháil Mac Aodha, ua Mághnuis, .i. mórmhaor Meghrath, 'na cheann ar Mhorgannachaibh; agus mórán do dhaoinibh maithe oile do bhí 'na n-uachtaránaibh san aimsir sin, acht nach sgríobhthar annso acht na daoine do chonnaic mé féin agus feas coda dá ngníomharthaibh ar cuimhne agam. Gidheadh, is furusda dhuit as an teangaidh choitchinn ina bhfuilear ag sgríobhadh san ríoghacht fios ar thrioblóid na haimsire d'fhagháil, acht so amháin, gurab cuimhneach liom gurab iad na hAlbanaigh is taosga do thionnsgain an cogadh so isna Trí Ríoghachtaibh agus nár bh'iad Sagsanaigh nó Éireannaigh; óir, tar éis Coibhineant nó coimhcheangal do dhéanamh i n-aghaidh an ríogh agus Shagsanach um na heasbogaibh do chur ar gcúl agus Presbitrí do chur 'n a n-ionad gur chuireadar fios ar a rabha d'oifigeachaibh Albanacha isna ríoghachtaibh eile taobh thall d'fhairrge agus go ndearnadar árd-chommandair d'Alasdar Leislí .i. sean-saighdiúir do bhí
fada i gcogadh ar choigcrích. Do ghluais an t-arm sin ar a n-aghaidh go Sagsain; is é sin an chéad arm do cuireadh ar cois i n-aimsir Ríogh Séarluis agus is 'na aghaidh do bhí sé. Do cháidh na ríoghachta tré n-a chéile ó shin amach 's an bhliadhain don annálach tárla sin 1639, agus i dteas na ngnóidhighe sin do chuir Marcós Aontroma .i. Raghnall Óg mac Raghnaill Arannaigh pártaigh airm a hÉirinn le hordughadh an ríogh go hAlbain agus daoine uaisle dá chineadh leó .i. Alasdar mac Colla mhic Giolla-Easbuig agus Coileneil Séamus mac Somhuirle mhic Shéamuis na Banna agus daoine uaisle oile. Do chuadar 'na loingeas i mBaile Shac i mí Iulí, 1644. Níor ghabhadar caladh nó tír go rángadar Caol Muile agus do chuireadar léigeir má chaislén Chinn Locha hAlann agus do ghabhadar é agus do fhágsad bárdadha air. Do ghluais- eadar as sin go caislén Mhíodhairidh; do ghabhadar é le mór saothair; do fágbhadh daoine air dá mhuintir. Do
ghluais Alasdar mac Colla agus an phártaigh dá gcois go Caol Reithe. Do sheol an loingeas go Loch Eiseórd san Srath go Sir Domhnall — do bhí ordughadh an ríogh agus an Mharcóis Aontroma um cheannus na ndaoine do ghabháil chuige agus d'éirghe leó agus gach duine do éirgheadh leó. Leath-bhliadhain roimhe sin fuair Sir Domhnall bás. Tairgeas Alasdar mac Colla ceannas na ndaoine do Sir Séamus Mac Domhnaill agus diúltas Sir Séamus sin, óir budh bheag leis an chuideachta agus an ríoghacht uile 'na n-aghaidh agus gan san chuideacht acht cúig céad déag fear, gur b'é comhairle do chuir Alasdar roimhe filleadh ar ais go hÉirinn, ó nár freagradh ordughadh an rí uatha. Fán am sin tángadar trí longa móra do loingeas cogaidh na Parlameinte Albanaighe timcheall ó Líte gur sheóladar go rángadar bun Locha hEiseórd agus loingeas Alasdair istigh san loch; tugadar troid dóibh, gidheadh do gabhadh loingeas Alasdair, ionnus gur bh'éigean d'Alasdar anmhain san ríoghacht ina dtárla, olc ar mhaith leis é. Gluaisis roimhe tar Chaol Reithe, tar monadh Chuaich, as sin dóibh go Gleann Garadh, go ndearnadar campa ann, agus fuaradar martacht go saidhbhir dá mhuinntir agus níor éirigh a bheag do dhaoinibh. As sin dóibh go Báideineach agus do rinneadar campa ann soin. Do fógradar do mhuinntir na tíre sin teacht isteach i n-arm an ríogh nó go loisgfeadh agus go gcreachfadh an tír do taisbeánadh an t-ordughadh dhóibh agus do thógbhadar leis an ordughadh sin Clann Mhuireadhaigh Bháideineach agus caiptín agus ceann feadhna maith dá bhfuil féin rómpa .i. Eoghan Óg mac Andra mhic Eoghain tug trí chéad fear dá fhuil féin leis i n-arm an ríogh agus do bhádar ro-sheasmach san arm an feadh do mhair an cogadh. Do éirigh Clann Fhionnlaoigh Bhráighe Mharr leó agus ceann feadhna dá bhfuil féin rómpa .i. Domhnall Óg mac Domhnaill mhic Fhionnlaoigh. Do ghluaiseadar as sin d'Áth-Fódla agus tárla Iarla
Muntrós dóibh i mBlár an Átha-Fódla i gcruth ceannuidhe cláraighe agus máilín fá n-a bhrághaid ar dteacht ó Shagsain agus ordughadh an ríogh leis um ginléireacht na harmáile do bheith aige agus Alasdar mac Colla 'na mháidseoir sinireal aige agus do ghlacadar go toil- eamhail chuca é. Do ghabh urmhór fear Átha-Fódla leó, Clann Donnchaidh agus Stiubhardaigh Átha-Fódla. Do bhí tosach an fhoghmhair aca 'mun am sin, agus do ghluais do chum an Mhachaire Ghallda. Tug armáil mhór do na Coinbhineantairsi coinne dhóibh i ngar do Pheirt ina raibh ocht míle fear agus ní rángadar féin dá mhíle coisidhe do shluagh, acht gidheadh rugadar buaidh ortha; ní dheachaidh as díobh acht a rug luas each uatha. Do ghabhadar Peart agus do badh éadálach ionnmhusach iad tar éis an chatha soin Pheirte. Ní rabha acht cúig lá déag eidir an cath sin do thabhairt agus cath eile do bhriseadh ag Obair Dheadhain ar na Coibhineantairsi, áit a bhfuaradar cumasg cruaidh agus troid theann torann-bhorb. Do mhéaduigh buaidh an dá chatha sin misneach agus meanmna Ghaoidheal ó sin amach, ionnus nach tugdís cúl do námhaid ar chomthrom ná ar anchomhthrom. Tárla do Mhac Cailín, .i. Iarla Earr-Ghaoidheal, a bheith 'na cheann don Phresbitrí agus 'na urraidh mhóir do na Coibhineantairsi agus i n-aghaidh an ríogh agus táinic sé d'Árd na Murchon agus do chuir sídsi má chaislén Míodhairidh agus níor chinn leis a thabhairt amach. Táinic Eóin Múideórdach ón Chaislén Tirim d'ionnsaighe an champa sin Mhic Cailín ar iarradas Mhic Cailín, óir fá dóigh le Mac Cailín go n-éirgheadh Eóin Múideórdach agus Clann Raghnaill leis 'na arm féin i n-aghaidh airm an ríogh. Ní fada dó san champa: do fhill tar ais agus do thionóil feacht Uibhist agus Eige, Mhúideórd agus Árasáig agus is í céad sheirbhís do rinneadh leó .i. Súineórd do chreachadh gan bhó gan chaora d'fhágbháil innte agus a dtabhairt go
faithche an Chaisléin Tirim, agus do chuir sé Domhnall a mhac le cuid don chreich sin do chum na mbárd do bhí ar Chaislén Mhíodhairidh. Agus san am chéadna táinic Alasdar mac Colla anuas ó Mhuntrós do thabhairt relís do Chaislén Mhíodhairidh; agus tárla Alasdar agus Domhnall mac Eóin Mhúideórdaigh dá chéile ann agus fá lúthgháireach iad fá n-a chéile d'fhaicsin, óir do b'é sin tús a n-eólais ar a chéile. Tángadar as sin don Chaislén Tirim. Ar bhfágbháil athrughadh bárd ar Chaislén Mhíodhairidh, do ghluais Eóin Múideórdach agus iad féin d'Árasáig agus do Mhórshrón agus do chuireadar teachta d'ionnsaighe Mic Leóid dá iarraidh air teacht isteach i n-arm an ríogh do réir a dhlighidh agus do dhiúlt sé dhóibh agus tángadar do Chnóideórd agus tárla Aonghus mac mic Alasdair riú annsin, agus do bhádar ag iarraidh air éirghe agus ní dhearna san uair sin. Giodh eadh, do éirigh Domhnall Gorm, dearbhráthair a athar, leó agus an chuid budh mhó d'fhearibh Chnóideórd agus Ghlinne Garadh. Do thrialladar ó cheann Locha Neimheis amach Mám Chloch Árd go Loch hAbar agus don Bhráighe, agus do éirigh Domhnaill glas mac mic Raghnaill agus fir an Bhrághad leó, agus táinic Stiubhardaigh na hApan chuca ann soin agus Clann Eaáin Ghlinne Comhan agus fir Ghlinne Neimheis agus a raibh taobh thoir do Lóchaidh do Chloinn Chamshróin. Do ghluaiseadar as soin go Báideineach agus tar mhonadh Dhruim Uachtar agus go Blár na hÁtha- Fódla, agus tárla Marcós Muntrós riú annsin agus fá buidheach é don toicheastal sluaigh sin do cuireadh le hEóin Múideórdach chuige do dhéanamh seirbhíse a ríogh shaoghalta. Do cuireadh comhairle cogaidh 'na suidhe san bhall sin d'fhéigsin c'áit a gcaithfeadh siad an geimhreadh. Is é shaoileadh an sinireil gurb ar Ghalldacht dob' ionchaithmhe an geimhreadh agus do mheas cách gurb ar Ghaoidhealtacht fá daingne dhó an t-arm do bheith. Do aontuigh Muntrós an ní sin ar choingheall go bhfuigheadh
an t-arm biadh agus lóisdméad ann agus do chuireadar fios ar Aonghus mhac Ailín Duibh go láthair na comhairle .i. duine uasal d'fhearaibh Ghlinne Comhan. Do chuir Muntrós ceist ar Aonghus nár bh'eólach ann i dtíorthaibh Mhic Cailín nó an bhfuigheadh an sluagh biadh nó foslongphort ionnta san gheimhreadh. Do freagair Aonghus an mórmhaor agus is eadh adubhairt nach raibh baile ná leath-bhaile fá thighearnas Mhic Cailín nár bh'eól dó agus, dá bhfóghnadh tighthe díonacha agus ba reamhra mar bhiadh re caitheamh ionnta, go bhfuigheadh dóibh é. Do thaitin an freagra ris an marcós agus do aomh triall d'Earr-Ghaoidheal. Do ghluais an sluagh a Bráighe Átha-Fódla agus do chuadar go hApainn an Mheinnéinigh agus do loisgeadar í agus as sin dóibh go ceann Locha Tátha agus do loisg siad ar gach taobh dhe agus táinic Clann Ghriogóir agus Clann an Aba chuca do chungnamh le harm an ríogh. Do cuireadh Eóin Múideórdach agus a mhuinntir féin agus fir an Bhrághad ar slighidh ar leith ón chuid eile don arm do dhéanamh creachadh ar feadh gach tíre, ionnus nár thárla re Muntrós é go rángadar Cill Mhártain i nGlasraidh, agus tug an chuideachta sin míle bó ar aon-fhiubhadh do chreich isteach go campa Mhuntrós. Ní fhuil re rádh air acht gur creachadh agus gur loisgeadh tíortha Mhic Cailín don toisg-sin agus gur marbhadh ocht gcéad agus ceithre fichid agus cúig fir déag 'sna tíorthaibh gan bhlár gan mhachaire do thabhairt ionnta. Do ghluais an t-arm a hEarr-Ghaoidheal tar an Chonghail Ladharnaigh ag siubhal gach tíre go rángadar Inbhear Lóchaidh i Loch hAbar. Ní raibhe Mac Cailín díomhaoin, óir do chuir sé iarraidh ar thighearna Achaidh na mBreac as Éirinn chuige, óir do bhí i nÉirinn ó thosach an chogaidh agus dúthaigh Iarla Aontroma aige agus a bailte móra ar a láimh agus arm 'na sheasamh aige ionnta. Do chuaidh an marcós féin go Dún Éidin
dá chasaoid re Comhairle na hAlban nach raibh Muntrós nó Alasdair mac Colla ag fuireach ris do chum catha do thabhairt dóibh agus do chuireadar reisimeint chúig céad leis do shaighdiúiríbh mar chungnamh agus mar fiadhain. Táinic tighearna Achaidh na mBreac as Éirinn chuca agus do ghabh mire agus dásacht é mar fuair sé ar n-a losgadh agus ar n-a creachadh a dhúthaigh ar a chionn. Do chruinnigh sé Clann Mheig Dhuibhne go líonmhar léir-thionóilte agus do thrialladar ar lorg an airm sin Mhuntrós agus Alasdar mhic Colla, acht, ar dteacht do Mhuntrós go hInbhear Lóchaidh, táinic Sir Lochlainn Mac Giolla Eóin chuca ann agus Aonghus mac mic Alasdar, tighearna Glinne Garadh, acht do bhí daoine mic mhic Alasdar san arm roimhe sin do ghnáth agus, ar ngluasacht as Inbhear Lóchaidh don taobh tuaidh, ní fada do chuadar anuair táinic sgéala chuca go dtáinic Mac Cailín agus a mhór-shluagh sin go hInbhear Lóchaidh agus gur loisgeadar Bráighe Locha hAbar. Do fhilleadar a Cill Chuimín i n-Obair Thairbh an t-arm sin Ríogh Séarlus san uair sin agus Marcós Muntrós 'na gheinilear aca agus Alasdair mac Colla mhic Giolla-Easbuig 'na mhaigheor ginireal agus na huaisle sin Chloinne Raghnaill agus Chloinne Domhnaill .i. Eóin Múideórdach mac Domhnaill mhic Ailín agus a mhac Domhnall agus Aonghus mac mic Alasdar, tighearna Glinne Garadh, agus a gcineadh agus a ndaoine muinntire féin leó, agus na trí reisimeinte Éireannacha do dhearbh-dhaoine muinntire Iarla Aontroma do bhí ann, a gcinn feadhna féin rompa .i. Corneil Séamus mac Somhairle mhic Shéamuis na Banna mhic Shomhairle Bhuidhe agus Raghnall Óg mac Alasdar mhic Alasdar mhic Aonghuis Uaibhrigh, agus Mághnus mac an Ghiolla Dhuibh Í Chatháin, dearbh-chomhalta Iarla Aontroma. Do thaobh Mic Giolla Eóin Sir Lochlainn, ní raibhe do dhaoinibh 'na fhochair acht tuairim dá fhear dhéag dá mhuinntir dá choimhideacht. Do bhí duine maith ann d'uaislibh Alban .i.
Mórmhaor Oglabí agus a mhac, duine gasda, .i. Sir Tómós Do ghluaiseadar ó Chill Chuimín tar Láirc Thurraid agus isteach go Gleann Ruaidh agus tairis an Sbeathain agus tárla pártaigh don námhaid dhóibh ann soin agus do leansad iad agus do marbhadh a n-urmhór agus an droig do chuaidh as díobh tugadar sgéala don champa agus do bhí anmoch Dia Sathrainn ar dteacht ortha an tráth rángadar ar chomhair a námhad. Do chuaidh an sluagh [sin] Mhic Cailín ar a gcoiméad agus do bhí foraire gach sluaigh dhíobh ag lámhach ar a chéile ar feadh na hoidhche. Do chuaidh Mac Cailín féin 'na luing agus do fhágaibh tighearna Achaidh na mBreac re haghaidh na hiorghaile, acht i bhfíor-thosach na maidne do cóirigheadh na catha i n-eagar agus i n-órdughadh Dia Domhnaigh Lá Fhéile Brighde an chéad lá d'earrach Anno Domini 1645. Do cuireadh amach a harm an ríogh cuideachta agus Mághnus mac an Ghiolla Dhuibh Í Chatháin rompa, agus do cuireadh cuideachta eile 'na n-aghaidh as arm Mhic Cailín agus Giolla-Easbuig mac Giolla-Easbuig Óig, tighearna na bPingingeadh. Tug an dá phártaigh troid dá chéile. Níor bh'fhada gur briseadh ar an phártaigh sin airm Mhic Cailín gur cuireadh 'na gcorp féin go haimhdheónach iad. Do chuaidh corp an airm tríd a chéile dhe sin, tugadh an adbhannsa ortha agus do briseadh uile. Do marbhadh urmhór an tsluaigh agus do báthadh iliomad díobh ar bhun Neimheis. Do marbhadh tighearna Achaidh na mBreac agus tighearna Cháraduil agus Próbhisd Chille Munna. Do gabhadh tighearna an Bháirr Bhric, tighearna óg Cháraduil, Mac Íomhair na Pinginge Móire. Do gabhadh an chuid nár marbhadh do chineadh Mhic Cailín uile an lá sin. Easbhadh airm an ríogh .i. Tómós mac Mórmhaoir Óglabí, Caiptín Brain agus seisear do shaighdiúiríbh. Gluaisis Muntrós tar éis an chatha sin agus arm an ríogh don taobh a dtuaidh agus táinic Mac Coinnigh .i.
Iarla Síothphort chuca agus tug a bhriathar go dtiocfadh féin agus a dhaoine leis i n-arm an ríog dá chuidiughadh. Do chuir sé tionól agus tiomsachadh ar a muinntir a Leodhús agus as gach tír oile dá rabh aige. Iomthúsa Montrós do chaith sé an t-earrach ins an taobh a dtuaidh ag neartughadh a airm féin agus táinig na Górdónaigh dá gcomhmóradh agus Mórmhaor Górdón mac Marcós Huntlí agus dob, fheirrde iad. Fán am sin táinig arm na Comhairle Alban as an taobh a ndeas; agus táinic Mac Coinnigh agus a arm féin ó thráigh fear Leodhúis agus an oirir a dtuaidh. Is é ní do rinne Mac Coinnigh féin agus a mhuinntir dol d'ionnsaighe airm na Parlameinte agus a fhocal do bhriseadh ar Muntrós agus ar arm an ríogh. Tárla ag Alt Éirinn Muntrós agus arm an ríogh 'mán am sin agus Mórmhaor Górdón agus a mhathshluagh agus a shluagh coise. Táinic Natanial Górdón ón bh'foraire chuca agus tug sgéala dhóibh go rabha an námhaid i ngar dóibh; marcach maith an fear sin, lámh fhuilteach áthasach; an Górdónach Caoch ainm eile dhó. Do cóirigheadh catha gléasta glan-armacha Gaoidheal ar chomair a n-eascarad agus tugadh an lámh dheas don mharc- sluaigh ghloinn-mhir Ghórdónaigh agus dá mórmhaor agus stiúradh cuirp an chatha don Mharcós mhear mhórdhálach Muntrós agus gabhas Sir Alasdair arm-dhearg écht- minic .i. mac calma curanta Colla Chiotaigh mhic Giolla Easbuig mhic Colla mhic Alasdar mhic Eóin Chathánaigh lámh chlé an airm chuige fá chomhair láimhe deise na námhad. Agus ar mbeith d'Alasdair ag córughadh a mhuinntire, táinic duine uasal ón mórmhaor le teachtaireacht chuige agus do labhair san bhfoirm-se: "Do chualamar, a Mhic Dhomhnaill, go rabha coimhcheangal agus caradradh ag ár sinnsearaibh ré chéile agus nár bhuaileadar buille i n-aghaidh a chéile gibé ar bith ceannarc do bhiadh eidir an chuid eile d'Albanachaibh agus iad agus
nár mhó clú chruadála ar threabhaibh oile ná ortha. Ar an adhbhar sin, d'athnuadhadh an choimhcheangail badh mhian liom a chongnadh d'fhaghbháil uaibh-se agus is í sin malairt choisidheadh an chéad lá dom sheirbhís dom rígh shaoghalta — is é sin, mo shluagh coise féin do ghabháil chugad agus do choisidhthe-se do chur chugam." Do rinneadh go hathlamh le hAlasdair mac Colla an ní sin: Do chuir deichneabhar agus ceithre fichid d'ionnsaighe Mórmhaoir Górdón do na sean-saighdiúiríbh ar n-a ndearbhadh go minic i mór-dhochraibh i n-iomad d'áitibh; agus táinic chuige 'na n-áit sin trí chéad coisidhe do mhuinntir Bhogaigh na Gaoithe agus Sratha Bhalgaigh agus Bhráighe an Mhachaire nár chleacht cumaisg na cruaidhe comhlann ná torann treathan-gharbh troda. Acht gér bh'olc d'Alasdair an mhalairt sin, fá maith dá mhuinntir í, óir ní rabhadar i mblár ná i sgeirmis riamh fá saoire dhóibh ná é; dar leó nach raibh do chúram ar mharcshluagh na nGórdónach acht a bheith ag teasargain na gcoisidheadh ón uile chontabhairt. Iomthúsa Alasdar, tairngeas a mhuinntir amach a garrdha i n-a dtarladar agus níor chongaibh aige dá gnáth-mhuinntir féin acht deichneabhar agus dá fhichid dá dhaoinibh uaisle; agus cuiris cúigear ar fhichid díobh sin san chéad ranga agus cúigear ar fhichid san ranga dhéidheanach dhíobh, agus do tharraing a thrí céad coisidhe Górdónach 'na meadhón, agus do ghluais féin rómpa. Agus is iad daoine tárla ar a gcomhair réisimeint thighearna Labhair, daoine tréan- ailte déanta agus daoine uaisle Leodhúis i gcuideacht a chéile. Do thionnsgain torann na troda, amhail is gnáth san uile mhachaire, agus níor mhaith a fulang sin ag na coisidhthibh do bhí i ndiaidh Alasdar mhic Colla, óir ní chluinfeadh cuid díobh sionnsa saighde nó fead peiléir nach déanadh cromadh cinn nó iomrall aisdir. Is é fá cosnamh d'Alasdair an uair sin, ag imtheacht i ndiaidh a chúil, ag
sméideadh a láimhe ar a mhuinntir misneach mhaith agus máirseáil athlamh do dhéanamh, agus gan d'fheidhm ag á dhaoinibh uaisle dá dhéanamh acht ag congbháil a gcuideachta na n-ordughadh nó gur sháruigh ortha. Dob' aithnidh damh daoine do rinne marbhadh ar na coisdhthibh Górdónacha, dá gcongbháil ó briseadh do ghabháil. Mar do chonnaic an námhaid an ní-se, d'éimhgheadar a n-ionnsaighe agus an t-asált do thabhairt. Thug Alasdair ordughadh .i. an garrdha as ar thrialladar roimhe sin do thabhairt ortha, agus tángas ortha faoi sin le pícíbh agus le saighdibh. Do bádhas ag déanamh marbhtha ortha ar gach taobh don gharrdha má bhfuair an chuideachta isteach ann. Do bhris cloidheamh Alasdar, agus fuair sé cloidheamh oile 'na láimh, agus ní raibh cuimhne aige féin cia tug dó é, acht daoine ag tabhairt baramhla gur b'é a chliamhain Mac Dháidhe Áird na Croise tug dhó a chloidheamh féin, agus do thuit Mac Dháidhe san uair sin, agus Feardorcha Mag Aodha, agus daoine uaisle maithe oile má dhorus an gharrdha, do bhí ag fanmhain re hAlasdair do chur isteach rómpa. Agus ar ndul d'Alasdair isteach san gharrdha, do chuir gléas troda ar a raibh istigh ann do thabhairt relífe dá mhuinntir do bhí amuigh agus fá díobh Raghnall mac Domhnaill mhic Aonghuis Mhuilig Mhic Ceanain. Ní léigim thorm an beagán so do chur síos dá ghníomharthaibh:" Do rala dhó a bheith ar siubhal imeasg na nGórdónach (agus ní hionann taobh don gharrdha gus ar ghabh sé agus an chuid eile do dhaoinibh uaisle Alasdar do bhí imeasg na nGórdónach ar siubhal) nó gur mhothuigh sé an teapar dá chur má na slinnénaibh aige. Do iompáigh a aghaidh re n-a námhaid. Do bhí a chloidheamh 'má bhrághaid agus sgiath ar a láimh chlé agus gunna glaice 'na láimh dheis. Do chuir sé an gunna riú agus do stadar cuideacht do lucht píceadh do bhí 'na dhiaidh, mar tárla slighe chumhang rómpa. Leis sin ní rabha duine dá chuideacht féin do bhí 'na dhiaidh gan
dul roimhe. Do bhí marbhadh tiugh ag lucht boghadh 'gá dhéanamh ar na coisidhthibh Górdónacha. 'Mán am sin tárla d'fhior bhogha a bheith ag rioth seachad ar Raghnall agus é ag cur saighead ar Ghórdónachaibh; tug súil tar a ghualainn agus do chonnaic an fuireach do chuir Raghnall ar lucht na bpíceadh agus d'iompáigh a lámh ón bhfear do bhí roimhe, do sheol a shaighead ar Raghnall, do bhuail san pheirceall, do chuir dorn dí amach ar an bpeirceall oile. Annsin do sgaoil Raghnall an t-urchar agus ní ar fhear an bhogha. Teilgis an gunna uadha agus cuiris lámh i gceann a chloidhimh. Do bhí a sgiath a bhfad uadha amach dá imdhídean ar phícíbh. Tug iarraidh dá chloidheamh agus ní tháinic leis, óir do rioth an crios timcheall leis agus ní tháinic an cloidheamh amach. Tug an dara feacht agus ní thainic. Tug an treas fheacht, ag leagadh láimhe na sgéithe fá n-a asgaill ar thruaill an chloidhimh, agus tugadh amach é. Gidheadh, do cuireadh cúig píce eidir an chíoch agus an smeig ann leis an bhfolmhughadh sin, acht ní rabha orlach ar doimhne i n-éan-áladh dá ndearnadar air annsoin. Seal ar an seol soin ag gearradh phíceadh agus an méid do churthaoi i sás na sgéithe dhíobh. Do tharr sé a dhruim ris an ngarrdha do chum a choimhéada, agus do bhí ag déanamh imtheachta ar éigin d'ionnsaighe an doruis. Do bhí lucht na bpíceadh ag dul i n-éadánacht air, ón mhéad do bhí ag á ngearradh dhíobh, acht aoin-fhear do bhí dá thuargain go harrannta iomarcach; dar leis an bhfear sin go gcoimhéad- fadh a phíce gan ghearradh agus go dtuitfeadh a fhear comhlainn leis. Do bhí Raghnall ag éisteacht re hAlasdair ag gabháil do bhata ar Ghórdónachaibh fá olcas an lámhaigh do bhádar do dhéanamh do thabhairt relífe dhó féin as an ionadh ina raibh, acht do bhí sé ag triall go dorus an gharrdha céim ar chéim, agus an uair do shaoil bheith i ngar don dorus tug léim árd athlamh ó fhear na píce agus tug a chúl dó agus a aghaidh ar an dorus, agus do chrom a cheann.
Leanais fear na píce é gur chrom a cheann faoi an dorus, Do bhí Alasdair san uair sin dá bhfeithimh agus tug buille d'fhior na píce, agus gér bh'athlamh do chum iompóidh arís, is eadh tárla ceann an ógláigh do bhualadh fá na hiosgadaibh ar Raghnall ón bhuille tug Alasdair dó. Tuiteas a chorp san dorus agus a cheann san gharrdha. Ar ndírgheadh a dhroma do Raghnall, agus ar n-amharc 'na dhiaidh ar an dorus, ag sin mar chonnairc a chompánach. Do gearradh an tsaighead do bhí i Raghnall agus tugadh as í agus fuair a teanga go maith agus cumas labhra, ní nár shaoil. Dob' fhurusda a rádh nach go tim-dhíomhaoin do bhádar an chuid oile d'arm an ríogh san uair sin .i. Marcós mear meanmnach misneach-mhór Muntrós agus Mórmhaor cródha curanta gasda galánta gaisgeamhail Górdón go n-a uaislibh 'na fharradh, agus an chuid oile don droing dhána dhásachtaigh Dhomhnallaigh agus don réim rún-bhuirb ro- chalma reacht-aigeantaigh Raghnallaigh, acht tugsad i n-aghaidh a námhad go harrachta urrannta, gan uamhan, gan imeagla buille ná urchair. Agus tárla do Mhuntrós, a ngionarál, go rabha ré n-a shluaigh agus é ar árd chnuic, agus do chonnairc an ghuasacht agus an gábhadh ina rabha Alasdair, agus is é ní do rinne do léig glaodh mór as ag brosnughadh na n-úaisle agus an tsluaigh do bhí i n-áit éisteachta dhó, agus is eadh adubhairt: "Is mór an náire dúinn an t-aon duine ag tabhairt ár gclú dhínn do ghnáth, mar bhristear ar an uile námhaid rómhainn; ag sin Alasdair ar mbreith buadha ar an mhuinntir do bhí ós a chomhair féin don chath agus tugaidh-se an adbhansa go gléasda grod-athlamh." Do freagradh go fuireachair an fógra sin ón árd- gheinirél, ionnus nach rabha marcach nár theann a shál re hasgaill a eich ná coisidhe nár chruaidhigh a chéim go talcmhar troigh-éasgaidh agus go sanntach so-lámhaigh, ionnus go ndeachadar imeasg a námhad don ruathar sin, agus do
briseadh ar mhathshluagh na námhad gur cuireadh imeasg na gcoisidheadh iad. Iomthúsa Alasdar, do mhothuigh do mheirge mhóir an ríog ag teacht ar chúl an reidsimeint do bhí ag tabhairt troda dhó. Annsin do chuir gléas ar a mhuinntir dá dtarraing amach as an ngarrdha do chum troda, agus táinic marcach ó Mhuntrós chuige faoi sin. Tug Alasdair a dhaoine as an gharrdha, an mhéid do bhí infheadhma dhíobh; gidheadh, do fhágaibh seacht bhfir dhéag do bhí buailte, istigh, dá dhaoinibh uaisle nár fhéad teacht amach tairis ar marbhadh díobh. Do chuir gléas troda ar an gcuideachta agus do ionnsaigh a námhaid an feacht tanaiste agus do ionnsaigh Muntrós ar an láimh oile iad, ionnus gur thuit an reidsimeint sin tighearna Labhair agus urmhór fhear Leodhúis mar aon riú 'na rangaibh. Do leanadh an ruaig ortha gur theasairg Inbhear Nois an chuid do théarna as díobh, agus is ar éigin do chuaidh Mac Coinnigh as ar each, ar gcall a dhaoine agus a chlú. Dob' iomdha lámh áthasach do Dhomhnallachaibh agus Ghórdónachaibh do bhí san láthair sin, gan iomrádh ar a heangnamh ná ar a hárd-chosgar; amhail adeir Muntrós ag teacht ar an lá i n-áit oile, gurab aige féin do chonnaic an seisear is mó do ghabh mire agus dásacht catha go marbhadh daoine dá bhfaca sé aige féin ná ag duine oile roimhe nó 'na dhiaidh; agus fá díobh Nataniel Górdón agus Raghnall óg mac Alasdar mhic Alasdar mhic Aonghuis Uaibhrigh agus Mórmhaor Górdón féin, agus triúr oile gibé iad. I dtús samhraidh tugadh an cath so Ailt Éirinn san bhliadhain 1645. Tar éis cur an bhláir do léig siad a sgíos tamall i ndúthaigh Mórmhaoir Marsail do bhí 'na choibhineanntair agus 'na eascaraid dhóibh. Táinic Alasdair mac Colla go tráigh do thógbháil daoine ar Ghaoidhealtacht agus d'iarraidh Mic Giolla Eóin agus Eóin Mhúideórdaigh. Is ann do chuir an Chomhairle Alban ach arm ar a chois agus Sinireil Béillí rómpa agus Mac
Cailín 'na gcuideacht. Do bhí sgéala aca sin go raibh Alasdair ag tráigh. Do chuireadar rómpa coinne do thabhairt do Mhuntrós ní is taosga ná thiocfadh Alasdair agus an chuid oile do Ghaoidhealaibh dá chungnamh, agus tárla an ní sin. Tugadar coinne dá chéile i nAlphort .i. Sinireil Béillí agus Mac Cailín agus arm na Comhairle Albanaighe go líonmhar léir-thionóilte. Agus is iad so do bhí i bhfarradh Muntrós d'arm an ríogh .i. Mórmhaor Górdón agus a mharcshluagh gléasta groigh-éasgaidh, Górdónach 'na fhochair; agus Aonghus, mac mhic Alasdar tighearna Ghlinne Garadh san uair sin, agus a rabha do Chloinn Raghnaill 'na fhochair, agus fir Bháideineach agus pártaigh d'fhearaibh Átha-Fódla. Agus, ar bhfaicsin a chéile do na sluaghaibh, do chuireadar gléas fíochdha fuathmhar fíor-athlamh ortha leith ar leith. Do cuireadh ó arm an ríogh buidhean d'fhearaibh Bháideineach d'fhógra na deabhtha agus do thionnsgnamh na troda agus do cuireadh buidhean oile 'na n-aghaidh sin ó arm na Párlamainte. Ann sin do labhair aon do na coibhineantairse re n-a arm féin agus is eadh adubhairt: "Is gnáthach leis na daoinibh atá in bhur n-aghaidh tús gach ionnsaighe do bheith aca oraibh agus ná tugaidh-se an tosach sin dóibh indiu acht ionnsuigidh iad go hathlamh aigeantach;" agus do labhair fear oile i n-arm an ríogh .i. Mórmhaor Górdón: "Ná bíodh faitcheas ar aon agaibh nach tiubhra mise Béillí chugaibh ar mhuinéal a meadhón a chuideachta." Is annsoin tug an dá chuideachta sin dá ruathar reachtmhar ro- thinneasnach i gceart-chomhdháil a chéile. Baoi do luas na mársála do rónsad go ndeachaidh cuirp an dá arm 'na chéile sul loisg an dá phártaigh do chuaidh uatha do dhúsgadh na troda aon urchar ar a chéile, gurab é ní do rónsad béil a ngunnadh d'iompódh ar chorp an airm agus an lád do bhí ionnta do thabhairt dóibh agus is uatha táinic an t-urchar tubaisteach lér thuit Mórmhaor Górdón agus é
ag cur a láimhe san chrios cloidhimh do bhí fá bhrághaid Sinireil Béillí. Do bhádar na sluaigh i ndosánaibh a chéile san uair sin, an mathshluagh agus a ngruaga i ndornaibh clé a chéile agus iad ag gabháil dá bpiostalaibh i gcloignibh aroile agus an sluagh coise gan fios aca créad do-ghéindís ó bhuaidhreadh a n-each. Do b'fhiadhain air sin Alasdair mac Raghnaill mhic Ailín, óir is é féin agus Ailín Óg mac mic Alasdar do b'oifigigh don Chloinn Raghnaill do bhí san láthair-se, óir do bhí mac mic Alasdar féin san trupa fare Muntrós. Adeir Alasdair mac Raghnaill go rabha féin tamall agus bior-dhias a chloidhimh re lár gan fios aige cia ar a mbuailfeadh buille gan aithne aige ar charaid seach námhaid. Do bhádar mar sin nó gur sgairt an t-oifigeach tapaidh Maigher Lidas san teangaidh Bhéarla na heich uile do shearrughadh. Níor chuala an focal sin aon mharcach nár ghlan a each féin amach ó n-a coisidhthibh. Ó sin amach fuair an uile dhuine cumas feadhma do dhéanamh le n-a láimh agus le n-a loinn agus níor leigeadh aith- iompódh do mharcshluagh na gcoibhineantairs acht a leanmhain ar a ndruim dá síor-mharbhadh. Do chuir tuitim Mhórmhaoir Górdón do chrádh ortha gur fhógradar gan ceathramha do thabhairt do dhuine ar bith an lá sin. Níor fhill duine ar bioth ón ruaig do mhaithshluagh Mhuntrós nó gur sgíth a n-eachradh, agus do bhí tighearna Ghlinne Garadh 's an ruaig aige ar Marcós Earr-Ghaoidheal nó gur sgíthigh each faoi agus é i n-áite fradhairc dhó do ghnáth gur mhalairt an Marcós trí heich an lá sin ag teicheadh roimhe go ndeachaidh as le luas a eachraidhe. Iomthúsa Alasdar mhic Colla do ghluais sé ó thráigh agus ó na Garbh-chríochaibh agus cuideachta mhór mhaith leis, .i. a rabha ag baile ag Eóin Múideórdach do dhaoinibh óga a dhúthcha agus a chinidh agus Domhnall a mac rompa agus
Clann Ghiolla Eóin ó Mhuile agus Stiubhardaigh na hApann agus Clann Ghriogóir agus foireann oile. Ar riochtain dóibh campa Muntrós do bhí fáilte mhór agus lúthgháir ag Muntrós agus ag cách oile rómpa. Do taisbénadh gach cuideacht ar leith d obh don Ghinireil agus tug an chuideacht sin mic Eoin Mhúideórdaigh (do taisbénadh) .i. Domhnall, fear mánda crothach nárach neamhshotalach i bhfiadhnaise a charad an fear soin agus é neartmhar neamhsgáthmhar ar aghaidh a eascarad agus i gceann a fhichead bliadhna dá aois fán am soin. Tárla comhrádh an oidhche sin i dteint an Ghinireil eidir an Ginireil agus an maigheir gionaral, .i. Alasdair mac Colla, go ndubhairt Muntrós nár mhór an chuideacht do Chaiptín Chloinne Raghnaill gan líon creiche do thabhairt isteach go harm an ríogh [agus] do chur le n-a mhac chuige. Do fhreagair Alasdair gur chuir sé sin leis. Do éirigh Alasdair as an teint amach agus ráinic an lóisdín ina rabha Domhnall agus do ráidh ris: "A Dhomhnaill, a mhic," ar sé, "déin ullmhughadh do mhuinntre do chum creach do thabhairt don champa agus bídís réidh agad go gluasacht ar maidin amárach agus ní racha leat acht do mhuinntir féin agus lucht eoluis don tír dá mbí ar n-ordughadh." Do fuaradar a n-ordughadh ar maidin 'na diaidh. Tugadar creacha móra don champa i n-aimsir athghoirid dó. Do thaitin sin le Muntrós agus leis an arm uile, ionnus gur b'é Domhnall agus a mhuinntir is mó do rinn creacha dá raibh san arm uile. Cuid d'adhbharaibh na gcreach sin do thuit air tar daoinibh oile, do bhíodh mórán do Ghaoidhealaibh oile do churthaoi do thógbháil chreach ag imtheacht leis na creachaibh do-nídís d'ionnsaighe a dtíreadh féin gan chead dá nginiral. Ní dhéanadh mac Eóin Mhúideórdaigh an ní sin, óir ní léigfeadh neach dá mhuinntir le creich ná le cobhartach uadha, agus adhbhar oile, nár bh'urusda da mhuinntir d'fhearaibh na n-oilén teacht le creachaibh d'ionnsaighe a dtíortha féin ón Mhachaire Ghallda.
Ó na hadhbharaibh-se do thuit trom na gcreach do chur don champa ráithe an tsamhraidh sin air. Tug sé creach mhór a dúthaigh Mhórmhaoir Mharsal agus creach ó Machaire Aonghuis agus is é do chreach an Mhaoirne. Tárla seanduine onórach dóibh agus iad ar an chreich sin do bhí ag innisin sgéala is seanchais dóibh. I gceann gach sgéil eile dár innis dóibh adubhairt nár creachadh an Mhaoirne ón aimsir do creachadh le Domhnall a hÍle í an bhliadhain tug sé cath Garbhthoch do Dhiúibhche Murchadh, "agus saoilim, a ógánaigh, gur ar sliocht na ndaoine atá sibh-se, ma's sibh caiptín Chloinne Raghnaill." 'Mán am so do chruinnigh Comhairle na hAlban i gceann a chéile. Do mheas siad gur nár agus sgannalach dhóibh pártaigh bheag airm do Ghaoidhealaibh do chíosachadh na ríoghachta. Uime sin do chuireadar cruinniughadh ar shluaghaibh na ríoghachta uile an mhéid do bhí ionairm dhíobh. Do ghluaiseadar i ndiaidh Muntrós agus Ghaoidheal an mórshluagh sin na hAlban, a n-uaisle agus a n-oifigigh, a marrsceannuidhe agus mairnéalaigh, ionnus go raibhe cúig míle maraidhe 'na gcuideachta nár throid ar tír riamh gus an uair-se. Anuair do mhothuigh an beag-shluagh sin Ríogh Breatan agus Ghaoidheal an ní sin do chuireadar gléas coimhéada ortha féin dá ndídean ó thír go tír agus ratréta ortha gach aon lá agus imtheacht ar éigin aca-san 'gá dhéanamh go hurrunnta eolgasach. Lá dhóibh ó Choill Mheadhóin agus ratréta go teann agus imtheacht ar éigin aca, do b'é lá fá mó an t-arm námhad do chonncadar riamh 'na ndiaidh. Tárla do mhac Eóin Mhúideórdaigh agus dá mhuinntir a bheith san rírar an lá agus an maigheir sinireil ag seasamh a phosda féin ar aon riú agus troid do ghnáth ag a námhaid do chongbháil ortha. Do bhí aon mharcach arranta roimh chách ag teacht isteach do
shíor ionnta ionnus nach teangmhadh béal átha nó abhainn riú nach cuirfeadh an marcach sin buaidhreadh mór ionnta agus dar le a mhuinntir agus leis féin gur bh'é aon lámh fheadhma na hAlban é (Coirnilar do b'ainm agus do b'oifig dhó). Tug sé a trí nó ceathair do na heachaibh bagáisde díobh an lá sin. Do bhí Aonghus mac Ailín Duibh ar deireadh a cuidheachta féin ar muin eich gan phillín gan diallad agus gunna fada trasda 'na ucht ar a bhéalaibh; ní do mhuin eich fá gnáth leis congnamh do dhéanamh acht dá chois. Dar leis gur mhothuigh an marcach ag déanamh uair nó dhó air. Uair d'uairibh dá dtáinic i ndiaidh Aonghuis tug Aonghus an chos re lár agus do léig a each féin uaidh, do chuir a ghunna ar chloich go hathlamh agus do loisg an t-urchar agus do thuit fear an trusgáin deirg fó chosaibh a eich le a sgarbaibh sróil agus le' lásdaibh airgid. Tug a mhuinntir gáir mór dá chaoineadh; do faobhuigheadh é agus fágbhadh ann sin, agus ní tháinig an námhaid ní budh dána ná sin ortha an lá sin ná an lá 'na dhiaidh. Do bhádar ar an ordughadh sin a trí déag ná ceithir déag do laoithibh gan suaimhneas ar bioth acht ruaig do ghnáth ortha, Muntrós ag déanamh díchill gliocais d'fhéachain an bhféadfadh an t-arm mór do bhí 'na dhiaidh do sgíthiughadh ar bharamhail go sgaoileadh cuid díobh uatha i ndóigh go bhféadadh blár do thabhairt dóibh, gidheadh do bhí na saighdiuirí dá sgíthiughadh le díth bídh agus codalta. Ar dteacht i ngar do Chill Saidhbhe dóibh ar siubhal oidhche do ghabhadar campa agus longphort san ionadh sin. Moch na maidne ar n-a mhárach créad do-chídís acht an t-arm mór, eidir marcshluagh agus coisidhthe. Is é ní do bhí ann gur bh'éigean d'arm an ríogh an campa d'fhágbháil gan fheóil gan arán do chaitheamh, má bhí sé aca, agus gléas troda nó teichidh do chur ortha. Ar dtarraing na gcuideacht, do chuadar a n-uaisle agus a
n-oifigigh i gcomhairle cia aca do-ghéanaidís blár do thabhairt ná an rátrét. Do iarr Muntrós an chúis do léigean faoi bhreitheamhnas na saighdiúire agus an airm uile. Is é ní adubhairt an sluagh uile d'aitheasg aoinfhir gur bh'fhearr blár do thabhairt ar mhéad a chunntabhairt ná ruaig do bheith ortha do ló agus d'oidhche do ghnáth. Cuireas Muntrós trompadóir d'ionnsaighe an airm mhóir le sgéala go bhfaighdís machaire do chongbháil riú. Mar do chuala an mórshluagh sin, budh mhór a meanmna, ionnus gur léigeadar gártha móra aoibhnis agus lúthgháire ós áird asta. Do cóirigheadh i n-eagar agus i n-ordughadh iad: Do cuireadh trí mhíle do lucht píceadh agus mhosgadh ar a mbéalaibh ar trí sgonnsaibh agus do táirngeadh aon mhíle déag fear 'na mbataillénaibh ar a chúl sin, agus dar leat budh cruaidh an obair do bheagán buidhne aghaidh do thabhairt ortha 'mán am sin. Do cóirigheadh cath cosantach cruaidh- chroidheach glan-armach Gaoidheal agus is é a n-uimhir ceithre míle coisidhe agus cúig céad marcach. Is é inneall do chuireadar ortha coslomnocht agus a léinte i ngabhal gach aoin aca agus léinte geala ar uachtar earradh a marcshluaigh. Do ghluaiseadar na foirne fearamhla fearg-aidhbhseach sin i n-aghaidh mhosgadh agus mhór-ghunnadh bádar re n-a n-ucht san uair sin. Do thionnsgain an troid le togha reisimeinte do Ghaoidhealaibh Éireannach agus Albanach do bhí tiúnta ar lámhach agus teaghmha ar troid agus máidseoir Lachannáin rompa agus Alasdair mac Colla 'gá ngreasacht. Do bhí dá reidsiment oile re reilíf do thabhairt d'Alasdair agus don bhuidhin do chuaidh síos ar dtús .i. reidsiment Mhic Giolla Eoin agus reidsiment Dhomhnaill mhic Eoin Mhúideórdaigh, acht do b'fhoisge do throid do thabhairt Clann Ghiolla Eoin do thaobh a n-orduighthe ná Clann Raghnaill agus do bhí do theas na troda ar Máidseoir Lachannáin gur sgairt Alasdair mac Colla go deifireach reilíf.
Tárla cáil fheicheamhnais san uair sin eidir Domhnall mac Eoin Mhúideórdaigh agus Domhnall mac Eachain Óig Mhic Giolla Eoin um thosach dul síos, gidheadh gearrais Clann Raghnaill an tslighe tar bhrághaid Chlainne Giolla Eoin agus do ionnsuigh na sgonnsaidhe ar a rabha an námhaid Domhnall mac Eoin Mhúideórdaigh re n-a mhuinntir agus Pádraig Caoch Mac Griogóir agus a mhuinntir i n-aon reidsimeint agus Clann Raghnaill. Tugadh an t-asált d'aoinréim le harm rathmhar Ríogh Breatan san uair sin agus is é an mac sin Eoin Mhúideórdaigh chéad duine do léim sgonnsa na námad díobh agus a mhuinntir 'na dhiaidh. Do cuireadh 'na ruaig mhadhma imeasg an tsluaigh mhóir do bhí re n-a gcúl iad agus do leanadar cách go dian dásachtach iad agus do bhris ar an sluagh mhór uile go rabhadar feadh an laoi i ruaig ortha dá leadairt agus dá lán-chosgar agus ar gcríochnughadh ar gcur an bhláir do ghabhadar campa in Hamaltún agus táinic eochracha an chaisléin mhóir ó Dhún Éidin chuca agus do stríoc Alba uile dhóibh. Do gheibhinn mórán re n-a sgríobhadh do sgéalaibh ar ghnóidhibh na haimsire dá gcuirfinn romham é, acht is é tug orm an oiread so féin do sgríobhadh, mar do chonnairc mé gan iomrádh ar bioth ar Ghaoidhealaibh ag an sgríobhnóiríbh atá ag teacht ar ghnóidhibh na haimsire, an mhuinntir do rinne an tseirbhís uile. Iomthúsa Mharcóis Mhuntrós do ghluais agus cuid dá arm leis ar slighidh dul go Sagsain do thabhairt reilíf don rígh agus é i n-éigean ag Sagsanachaibh, agus do briseadh ag Filipfách air agus níor fhéad furtacht do thabhairt don rígh. Táinic Alasdar mac Colla ó champa Hamaltún go Cinntíre agus do ghlan dó féin í agus do fhógair aiste Clann Mheig Dhuibhne. Do thógaibh Dún Ábhartaigh mar dhaingean. Táinic Domhnall mac Eoin Mhúideórdaigh ón
champa sin Hamaltún dá thír féin agus do bhí Muntrós ag teacht ón bhriseadh [sin] Filipfách san taobh a dtuaidh agus ar mhair aige do dhaoinibh. Ar an seol sin dóibh seal d'aimsir: Muntrós san taobh thuaidh d'Albain agus Alasdair mac Colla i gCinntíre ag cur díthe ar Earr- Ghaoidheal agus ar Chomhghall agus ar na críochaibh agus Eoin Múideórdach 'sna Garbh-chríochaibh i dteannta re tráigh. Do chuaidh Eoin Múideórdach agus a mhac Domhnall go hÍle agus a bhfeacht féin leó agus do fhógradar aiste a rabha do Chloinn Mheig Dhuibhne innte. Fán am sin táinig Iarla Aontroma a hÉirinn do Chinntíre d'fhios an airm sin do bhí aige féin innte agus do chuir fios ar a raibh mar aon re Muntrós agus tángadar sin chuige don chéad iarraidh. Táinig dhe sin Muntrós do dhul as an ríoghacht d'iarraidh conganta ar ríoghaibh agus ar phrionnsaíbh oile do chongnamh le Rígh Séarlus agus ar bhfilleadh dó ón turus sin do milleadh go heasonórach le Comhairle na hAlban leis na Coibhineantairsi é féin agus Marcós Hunntlí agus mórán d'uaislibh oile do bhí ar thaobh an ríogh. Do chruinnigh cuid mhaith d'uaislibh Inse Gall go hIarla Aontroma, mar tá, Clann Ghiolla Eoin agus Clann Raghnaill. Do bhádar ar tí airm do chur ar chois arís i leith an ríogh. San aimsir chéadna táinic ordughadh an ríogh go hIarla Aontroma sgaoileadh do léigean don arm, óir do bhí an rí san am sin ar láimh ag á náimhdibh .i. Párlameint Shagsan agus Alban d'aon-láimh 'na aghaidh. Do Léig Iarla Aontroma sgaoileadh don arm, agus do chuaidh féin d'Éirinn. Do an Alasdair mac Colla i gCinntíre agus do-roighn dh daighneach innte agus i nÍle. Do fhuidh na Gaoidhil oile do bhí i leith an ríogh i dtimcheall a bhfearann féin 'gá seasamh ar námhaid.
Tángas 'má gcuairt ortha fá dheoidh le harm mór Sir Dábhad Leislí agus Mhic Cailín. Go Cinntíre dhóibh gan brath d'fhagháil ar a mbeith ag teacht nó go rángadar an Learg, áit ina raibh Alasdair agus a mhuinntir sgaoilte ó n-a chéile. Do cuireadh as a chéile an chuideacht sin Alasdar. Do gabhadh Raghnall Óg mac Alasdar mhic Aonghuis agus do cuireadh go bás i nInbhear Ághráth é tamall 'na dhiaidh sin. Do chuaidh Alasdair mac Colla go hÉirinn agus do marbhadh i gCnoc na nDos é agus mórán d'uaislibh oile do Chloinn Domhnaill san gcath tug Murchadh Ó Briain dóibh san bhliadhna 1647. Táinic an t-arm mór so Dhábhad Leislí agus Mhic Cailín leo go hÍle agus go Muile agus do stríoc an uile dhuine dhóibh acht Eóin Múideórdach 'na aonar agus ar ghabh leis.
II. CATHAL MAC MHUIREADHAIGH cecinit: [do Dhomhnall mac Eóin Mhúideórdaigh Mhic Dhomhnaill.] Cóir fáilte re fear do sgéil, A fhir [le'] dtángas ón tráigh: Sgéala liom ós íosal uaibh, Dá dtíosadh m'uaill ós cionn cháigh. Binne ná ceol crot do sgéal, A ghiolla gan lot gan leon: Ataoi mar orgán ós fhíon, Má's comhrádh fíor do bhaoi id bheol.
Rom-fheirrde a n-éisteacht rem bheo An sgéal-sin le a dtáinig tú: Do mhéaduigh ceart leam gach la, Teann ó tá mo neart a-nú. Mo-ghéanar do riocht im riocht D'éisteacht réd bhriathraibh go beacht: Ód sgéal sídh ní thagraim thort — Tríbh anocht cadlaim go ceart. Fríth leat do nuaidhidheacht naoi, A bhuachaill is gasda gné: Séala ler ceangladh mo chlí, Sgéala ón tí ler meadhradh mé. Domhnall mac Eoin cúl na gcladh Rún do sgeoil, a ghasda ghlan: Teacht tar chuan iomlán don fhior Cion dá iomrádh is dual damh. A theacht slán go hearnaidh óg Fáth sin dom mheanmain ar méad: Slat i gcaoimh-lios crann nach lúb, Ag súd m'aoibhnios ann gom' éag. Dá fhéachain tiaghaim ar tús Do riaghail má ghéabhaim gnás: Mé im léim go' chaidreamh gan chruas 'S céim suas re m'aigneadh ag ás. Do-chím é 'gá fhosgladh súl, An té ler bronnadh mo bhríogh: Do-ním tar muir d'aithne uaim A ghruaidh ghaisthe d'fhuil mar fhíon.
Créad nach n-aithninn a chúl cas Do dhúl re' mhaicne do mheas? Grádh troim-inghean ríoghna ó Ros, Bos mhíonla dhoinn-ingneadh ndeas. Aithneochad féin briathra a bheoil, 'S an déad mar néimhinn ar néimh Nach nochta go duilbhir dhúin, 'S an tsúil shuilbhir sholta shéimh. Aithnighim feadh n-urchair uaim An malaidh gceirt gcumtha gcaoil: Giolla saor ré a ndeacair dréim, 'S an taobh réidh mar eatail aoil. Do aithneochainn céim a chos Go hathlamh ag léim na lios: Do bhréag croidhe na mbuadh mbras Glas mo thoile uam gan fhios. Ua Domhnaill mo mheisneach mhór, Mo sheise comhlainn rém chúl: Mo shéad é dá ngabham grádh, Mo ré lán is m'abhall úr. Mo bhile buadha fa mheas; Mo chridhe-se an cuanna cas: Mac flatha ar nár foilgheadh fios, Mo chrios catha an boinn-gheal bras. Ar n-uisge tobair nach tráigh, Ar n-urra cogaidh do chlódh: Fáth ar mire ['s] ar muirn shaor, Ar gcuirm dhaor 'gá hibhe a hór.
Mo chloideamh, mo chaoil-shleagh chorr, Mo thogha Ghaoidheal is Ghall: Atá ag taisgidh a run riom, 'S mo mhionn súl re' fhaicsin ann. Sinn riamh re dúthchas ag dréim, Do-niam as do dhúthracht dóigh: Mo neart ní cheilim ód-chím — Tríbh do-gheibhim ceart is cóir. Cóir fáilte re fear do sgéil.
III. Iomthúsa Eoin Mhúideórdaigh mhic Dhomhnaill mhic Ailín, tighearna Chloinne Raghnaill, ar n-a thréigsin don uile dhuine tar éis Muntrós agus Mharcóis Huntlí do chur chum bais agus ar mhair beó do na haislibh do bhí i leith an ríogh ar díbreadh i gcríochaibh ciana comhaightheacha, do bí seisean 'na aonar ag fanmhain amuigh ón ríoghacht agus an t-iarsma do mhair don mhuinntir do bhí i leith an ríogh ar dtionól 'má thicheall. Do bhí teachtaireacht le comhtha do ghnáth ag teacht chuige ón ríoghacht dá atach um reite riú agus níor ghabh, acht do chuir a mhac Domhnall go hÉirinn agus ar mhair aige d'Éireannchaibh agus cuid dá dhaoinibh uaisle Albanacha leó agus do fhan féin agus an chuid eile don mhuinntir ag seasamh a dhúthcha. Iomthúsa Dhomhnaill do ghluais sé a hUibhist ar fligeart gléasta do luing Ghallda do bhí aige agus ar luing fhada Ghaoidhealaigh i dtimcheall trí chéad do shaighdiuiríbh déanta dulchannacha san bhliadhain 1648. As sin dóibh go Caol Muile, go Colbhannsáigh agus go Caol Íle. Tárla long mhór dóibh ann agus do ghabhadar í fá n-a lucht do shíol
eórna. Do ghlacadar long oile san chuan. Ní fhuarsad éadáil ar bioth innte. Do léigeadar uatha í. Do sheólsad go hÉirinn. Rug stoirm ortha ar an oirear, ionnus gur sgaradh ó chéile a n-árthraigh. Ráinic cuid aca cuan na gCeall Beag. Do chuaidh Domhnall agus ar lean ris ar tír ar chorrán Áird Mheig Giollagáin. Do léig uaidh na hárthraigh go hAlbain. Do ghluais go hAchadh Dá Charadh, áit ina dtárla geireasdon cáirdeamhail dóibh. As sin dóibh go Cunntaoi an Chabháin, áit ina dtárla Filip Ó Raibhill riú .i. tighearna na tíre sin agus cara dhóibh-sean Do ghluais as sin go Muileann Cearr na Midhe agus do fhágaibh a mhuinntir ar cheathramha san bhaile sin agus do ghluais sé féin go Cill Choinnigh, baile ina raibhe Comhairle na hÉireann 'na suidhe. Fuair sé ordughadh é féin agus a mhuinntir do dhul isteach i n-arm na Comhairle fa chúmanda Sinireil Priosdón. Is é sin arm ina raibh Alasdair mac Iarla Aontroma agus ar mhair d'Albanachaibh agus d'Éireannachaibh do chuaidh le hAlasdair mac Colla go hÉirinn do Chloinn Domhnaill agus dá ndaoinibh muinn- teardha. Ní raibhe an reidsimeint-se gan chúig céad déag do thogha daoine uaisle innte. Domhnall mac Eóin Mhúideórdaigh 'na liftenant coilineil innte, agus Aonghus mac Alasdar tighearna na Leargan Ceinntírighe 'na chéad chaiptín innte. Seal san arm sin [dóibh] fá chlú agus fá onóir ag tabhairt bhailte móra amach ó na náimhdibh nó gur bhris siad amach a harm an Phriostúnaigh go rugadh ortha san Chunndaigh Riabhaigh. Do bhí buidhean mhór d'Éireannachaibh do Chaomhána- chaibh maille riú, agus iad fá lucht eoluis dóibh agus an uair rángadar sin eolus a gcríoch féin agus fradharc coilleadh do bhí i bhfoisge dhóibh do theicheadar agus do fhágsad ris cách, ionnus go dtáinic an námhaid 'na measg isteach ortha gur cuireadh as a chéile iad gur gabhadh Domhnall, tighearna Chloinne Raghnaill, agus Aonghus,
tighearna Ghlinne Garadh. Do cuireadh ar láimh do Chill Choinnigh iad. Do bhádar sin seal i bpríosún nó go bhfuair Marcós Aontroma slige ar a bhfuasgladh. Is luaithe táinic mac mic Alasdair amach ná mac Eóin Mhúideórdaigh agus do thriall mac mic Alasdar anonn ar fairrge i ndiaidh an ríogh, agus do fhág Domhnall san phríosún agus do bhí seal ann nó go ndeachaidh tuilleadh airgid dá fhuasgladh. ó Dhuitseas Bucingeam .i. bean phósta Mharcóis Aontroma. Do chuaidh sé as sin go Loch Garman. Do cuireadh long le Marcós Aontroma leis nó gur chuir fá thír i gCaolas Stáláigh i nUibhist é agus Aonghus mac mic Alasdair, tighearna na Leargadh, mar aon fris. Fá lúthgháireach a cháirde fá n-a theacht dá n-ionnsaighe. Tángadar a dhaoine uaisle go grod 'na dhiaidh ar luing do ghabhadar ar an oirear Éireannach. Dob' iad na daoine sin do chuaidh leis d'Éirinn .i. Murchadh mac Mic Néill Bharraigh, duine mór maiseach agus é tréightheach deagh-thabhartha suas, Alasdair mac Eoin mhic Ailín 'na bhuachaill (?) óg, Domhnall Gorm mac Ailín, Domhnall Ruadh mac Domhnaill mheic Lochluinn Mhic Mhuireadhaigh, Eóin mac Domhnaill Faghlach Mheig Beathadh, Aonghus mac Alasdar mhic Gothfraidh. Táinic Eóin mac Briain Mheig Mhuireadhaig agus cuid oile do na daoinibh ar slighidh eile dóibh féin. Ar dteacht do Dhomhnall ón turus sin do chaith a athair agus é féin a n-aimsir ag seasamh a ndúthcha nó go bhfuair siad síothcháin ón ríoghacht. Gidheadh, do bhí ainbhfiacha ag a n-eascáirdibh ag fás ortha feadh na haimsire sin, gur fhágaibh fá leathtrom do ghnáth iad féin agus a sliocht 'na ndiaidh. Anno Domini 1670 an bhliadhna do theasda Eoin Múideórdach i nÉirisgáigh i nUibhist agus do cuireadh a chorp i dTogh Mór, ar bhfágbháil a mhic, .i. Domhnall,
agus triúr inghean, .i. Mór, baintighearna Chola; Caitríona, baintighearna Bharraigh; agus Anna, baintigh- earna Bheinne Bhaghla. Domhnall mac Eoin Mhúideórdaigh, sé bliadhna déag eidir bás a athar agus a bhás. Do chaith sé na sé bliadhna déag sin ré gnóidhibh síothchána, seal ag feitheamh cúirte lán do chion agus d'onóir tré fheabhas a bhéas agus a dheagh-iomchuir agus seal oile ag baile ré díol ainbhfiach. Do éag i gCannaigh san bhliadhna 1686 an bhliadhain chéadna teasda an dara Rí Séarlus. Do cuireadh corp an Domhnaill-se i dTogh Mór i n-aon leabaidh re a athair, ar bhfágbháil deise mac agus triúr inghean 'na dhiaidh .i. Ailín an tighearna agus Raghnall Mór, agus Seonóid agus Máire na hingheana. Mór, inghean Eóin Mhic Leóid, a máthair; agus Mór, inghean Ruaidhríogh Mhóir, máthair a n-athar .i. Domhnall. Fá mór an truime agus an t-urdhubhadh do chuir bás an deigh-fhir-se ar Innsibh Gall amhail thaisbéntar 'na mharbhnaidh:
IV. MARBHNAIDH DHOMHNAILL MHIC EÓIN MHÚIDEÓRDAIGH d'éag san bhliadhain 1686. NIALL MAC MHUIREADHAIGH cct. I. Deireadh d'aoibhneas Innsi Gall Éag aoin-fhir an losgadh lom Tosach cumhadh gidh eadh ann Dubhadh nach [fann] feadh na bhfonn. II. Ó bhás fhéinnidh fhola Chuinn Ní fuil croidhe gan chneidh dtinn: Gan anáir ó chách don chloinn Soirbh go brách gabháil a ngill.
III. Mac Eóin Mhúideórdaigh mhóir mhir, Giorra a ré is géar rom ghuin: Truagh mo thoisg i ndeoidh an fhir — Do loisg sin m'fheoil agus m'fhuil. IV. Nocha n-fhacas aon mar é Ar ghasdacht, ar ghloine a ghné: Ar fhéile, ar fheabhas um ní 'S réidhe ár rí (mo chreach!) san chré. V. An-altra é is oide ar sgol, Ar n-antrom, a Dhé, a dhul: Do ghéad a shaoghal mo sheadh, Ceadh acht béad baoghail 'nar mbun. VI. Leomhan é ar ghairge a ghníomh, Acht nach tadhladh ní budh nár: Fear ceann ag seoladh na síodh, M'annsa díon dheoradh is dhámh. VII. Leon ar mo chroidhe 'gá chaoi, Deoraidh is duine gan ní: Mise ar buile, gé bé mé, A Dhé, 'mam ruire 's 'mam rí. VIII. Mear a meanma ar ghort ghliadh, Ceann feadhna gan eiteach n-áigh: Lámh nár thais san chomhlann chruaidh Domhnall go mbuaidh 'na bhais bhán.
IX. Ar ionchaibh ro-dháimhe a ríogh Arm d'iomchur ón uair do aomh, Budh freaslach ar fraoch na mblár Laoch mar mo ghrádh seasmhach saor. X. Coinnle budh braise 's gach blár Budh soirbhe a thaise re truagh: Ag so an croidhe budh ceart grádh 'Na loighe ar lár searc na suadh. XI. Eo seile 's an bradán bras Is deireadh na ríogh ó Ros: So an tír-se tiar na ngeann nglas Mo gheall as is cian do clos. XII. Ón chorp-sa cuireadh i n-uaigh Is bocht m'fhuireach ar bioth bán: Nach féaghaim gur leam a luadh Ceann na sluagh dá ndéanaim dán. XIII. Iomdha fear i nUibhist fhinn Agus bean i mbuile bhróin Má thriath do chleith isin chriaidh, Sgiath na bhfian nár theich ó thóir. XIV. Níor bhac Domhnall díom re' dhul Ní riamh do mhaoidhfinn mar mhodh: I mbeirn bhaoghail ní bhiadh leamh Mo ghrian gheal nár chaomhain crodh. Deiread d'aoibhneas Innsi Gall.
V. NA TIGHEARNAIDHE BHÍ I gCOMHAIMSIR LEIS AN UGHDAR (.i. LE NIALL MAC MHUI READHAIGH). É féin dá n-áireamh. Cuirfead ann so síos duit, a léightheoir, gach aon atá i dtighearnas san aimsir-se ar sliocht Eoin mhic Aonghuis Óig re' n-abarthaoi Mac Domhnaill agus Mórmhaor na nOilén agus Rí Fionn-Ghall. Sliocht Raghnaill céad-mhac Eóin, mar adubhramar roimhe, Tighearna Chloinne Raghnaill. Ailín mac Domhnaill mhic Eóin Mhúideórdaigh mhic Domhnaill mhic Ailín mhic Eóin Mhúideórdaigh mhic Alasdair mhic Ailín mhic Ruaidhrí mhic Ailín ó' n-abarthar Síol Ailín mhic Raghnaill ó' ráidhtear Clann Raghnaill mhic Eoin mic Aonghuis Óig. TIGHEARNA GHLINNE GARADH. TIGHEARNA MHÓIRÓIN. TIGHEARNA BHINNE BHAGHLA.
Ní fhuil do shliocht feardha agam re n-a chur síos ar sliocht Dhomhnaill a hÍle ag a bhfuil tighearnas acht MARCÓS AONTROMA: Ní fhaicim do shliocht ag a bhfuil innmhe dár ghein ó Eoin Mór acht Iarla Aontroma agus tighearna na Leargan Ceinntírighe ar sliocht Raghnaill Bháin mhic Eoin Mhóir, tighearna na bPingingeadh i gCinntíre, ar sliocht Aonghuis Íligh mhic Eoin Chathánaigh. SÍOL LEOID AGUS SÍOL TORMÓID. Do b'eolach dhúinn cúigear mac an Ruaidhrí Mhóir sin .i. Eoin an tighearna agus Ruaidhrí agus Tormód, Uilliam agus Domhnall. Isibéal inghean Domhnaill mhic Aonghuis do mháthair aca .i. Tighearna an tSróim agus Ghlinne Garadh.
NIALL MÓR MAC MUIREADHAIGH CCT. do Ruaidhrí Mór Mac Leoid. I. Sé hoidhche dhamh-sa san dún — Níor bh'é an coinnmhe fallsa fuar: Cuirm líonmhar 'gá hibhe a hór — Fíon-bhrugh mór is líonmhar sluagh. II. Teaghlach an tighe ar gach taobh, Fá hí an fhine mheadhrach mhór: Ferrde suaimhneas ratha an ríogh Líon catha i n-uaigneas fá ól. III. Gáir na gcláirseach 's na gcuach dtrom, Ag nach gnáthach fuath ná feall: Gáir na mbleidhe bhfleasgach bhfionn, Lionn measgach is teine theann. IV. Rí ó' n-olbhuir aigneadh úr, Conghbhaidh a chaidreamh gach cliar: 'Na ríogh-bhrugh ní haisling ól Dá shlógh líonmhar fhairsing fhial. V. Fiche meisge linn gach laoi — Nochar leisge linn nó lé: Fiú i neart ár mbeathaidh do bhí Ceathair, a trí, a seacht le sé Sé.
III. SINNSEAR ACHT IS GAOL ALASDAIR MHIC COLLA. [Sliocht Leabhair Dhuibh Chlainne Raghnaill.] Raghnall Arannach mhac Somhairle mhic Alasdair mhic Eoin Chathánaigh do fuair ceannas shleachta Eoin Mhóir .i. Iarla Aontroma. Do ghabh cóir ar a dhúthaigh ó Rígh Séamus an seismheadh ó Bhun Banna go Corrán Latharna, obiit 1636, et sepultus Mergia. Alasdair mac Somhairle ba duine cródha leoghanta an gaisgeach soin, go háirighthe i n-aghaidh Sagsanach agus Chloinne Uibhlin. Do chuaidh do chungnamh le hinghin dhearbhráthar a athar .i. Inghin Duibh Shéamuis, an bhean do bhí ag Ó Domhnaill .i. Aodh mhac Maghnuis i n-aghaidh Shagsanach agus do thuit sé le Caiptín Marmél le hamus oidhche agus do beanadh a cheann de ar chrannóig Abair Locha Lapáin, agus do cuireadh go Baile Átha Cliath an ceann agus do cuireadh a chorp i mainistir Beirt. Amhail adeir Brian Ó Gnímh: I. Mionn súl Éireann i n-Áth Cliath — Mo ghrádh don bhéil-dearg nár bhaoth: Ceann go síodh-shnuadh céim ós chách; A ghnáth féin 'gá mhíon-ghruadh mhaoth.
II. Do bhí d'airde i n-ua na gConn — Rí díobh Cairbre na gcuach seang 'Gá raibhe ceart chláir na bhFionn — Ós cionn cháigh gur chleacht a cheann. III. A bheith gan fhios níor bh'áill leis — A ghnáth gus a-niugh a-nois 'Gá chéibh mhíon-mhaoith chlann-úir chais, 'Gá mhall-shúil ghlais ríogh-laoich rois. IV. An mian budh gnáth don gheal donn Aniugh i n-Áth Cliath 'gá chionn: Dob' é mian a mhalach seang Gan cheann d'fhalach don fhial fhionn. V. Ceann an fhabhra dhosaigh dhlúith Re frasaibh garbha, re gaoith: Ciall mo mhí-mheanma ós cionn cháich Mionn bhláith an mhín-earla mhaoith. VI. Fulang sneachta 'gá fholt fhiar Do chleachtadh dá chruth mar smual: Aoin-cheann dob' oirdhearca gníomh — Síon fhraoich-theann oighreanta fhuar. VII. Ceann i n-airde ar fhioghraibh croinn, A airde ní hiongnadh linn: Díol a thoghtha i gcathaoir Chuinn Níor thuill tathaoir cromtha cinn.
VIII. Um cheann ngeal í Fhiachadh úir 'Gá mbian-ghadh teas agus tuaidh Minic brain-eoin ar fhud n-áigh Go dtug dháibh glain-fheoil a ghruaidh. IX. Ceann í Cholla 'gá ngáth geall Dob' fháth dó a chora ós a gcionn Gur bh'ainibh dhóibh d'uaisle ann Uaisle Ghall gur chóir fán gcionn. X. M'ionmhuine le hadhbhaidh shaoir M'ionnmhas le Gallaibh 'na ghruaidh: A fhiodh budh coill dagh-fhasgaidh dúinn Le súil moill Alasdair uain. XI. Gnús nár go ndéad sliom-ghlan seang Sgéal iongnadh le cách ón chionn: Coill coimhéada chríche Gall Foighéaga a chlann bhfíthe bhfionn. XII. Geall ón rós ag grís a ghruadh, An ceann bhós mar do bhí slán: Gan chleith do bhí-sean 's do bhiadh; A bheith riamh íseal níor bh'ál.
XIII. Atá uaim i n-aol-mhúr Ghall Mo cheann dá chaomh-chúl chuach bhfionn: Bráighe rem bhreith-se 'na gceann Ceann an mheic-se Máire ar mionn. Mionn súl Éireann i nÁth Cliath.
Bhaill, R.C.
Do chuir an laoidh-se d'fhiachaibh ar Ghallaibh ceann Alasdran do thabhairt anuas. [Ba col ceathrair d'athair Alasdair mhic Colla an t-Alasdar so.] Cúigear mac do bhí ag Alasdair mhac Eoin Chathánaigh i n-éagnais Dhomhnaill Bhallaigh do bhí dall. Triúr dhíobh so do dhul sluagh mór dh'Éirinn .i. Séamus agus Aonghus Uaibhreach agus Somhairle, go ndearnadh longport leo i nGleann Seisg 'sna Glinnibh. Ó Néill .i. Seaán mhac Chuinn Bhacaigh mhic Cuinn mhic Éinrí mhic Eoghain do thabhairt amuis longphort orra agus Aonghus Uaibhreach do mharbhadh ann. Séamus do ghabháil buailte ann agus do éag i nDún Gheanainn agus do cuireadh i n-Árd Mhacha. Somhairle, ar mbeith fada ar láimh dhó, do léigeadh as é, agus do phós Máire, inghean Chuinn Bhacaigh. Colla mhac Alasdair mhic Eoin Chathánaigh, an treas mac fá seine dhíobh, do rug an Rúta as lámhaibh Chloinne Uibhlin. Do éag i nDún Libhse, agus dá éis sin do ghabh Somhairle an Rúta.
IV. MOLADH SINNSEAR AGUS GAOIL ALASDAIR MHIC COLLA. Ó hÉANNA DO RINNE SO D'EOIN A HÍLE. [Sliocht Leabhair Dhuibh Chloinne Raghnaill.] I. Ceannas Gaoidheal do Chlainn Cholla — Cóir a fhógra: Siad arís 'na gcathaibh céadna, Flatha Fódla. II. Ceannas Éireann agus Alban An fhuinn ghrianaigh Atá ag an dreim fhuiligh fhaobhraigh — Cuiridh cliaraidh. III. Fuair ceannas na haicme uile Eoin a hÍle: Fuair Alasdair flath na féile Rath na ríghe. IV. Domhnall, Eoin agus dá Aonghus 'Mán fhial fhaoilidh: Ceathrar do bhean riar do ríoghaibh 'S dár ghiall Gaoidhil.
V. Domhnall is Raghnall don ríoghraidh Riamh nár tughadh: Somhairle nár mheall a moladh Ceann na gcuradh. VI. Ceathrar ó Shomhairle shúl-ghorm Suas go Suibhne: Ceathrar sin nár bh'fhóill n-innmhe — Cóir a gcuimhne. VII. Seisear ó Shuibhne — ríomh rathmhar — Go Rígh Colla: Fíon aca fá bhruachaibh Banna A cuachaibh corra. VIII. Dá n-áirmhinn a dtáinig uime D'uaislibh Ghaoidheal, Béim ar én-ghlúin uaidh go hÁdhaimh Ní fhuair aoin-fhear. IX. Ag so treas do ghinealach Ghaoidheal, Mar do gheallas: An dream-sa ris nár chóir coimeas, 'S dár chóir ceannas. TAGRA. Dob' é Eoin a hÍle seo céad-Mhórmhaor Inse Gall; d'éag sé tuairim 's an bhliadhain 1386. 'Sé Aonghus Ógh Mac Domhnaill dob' athair dó, agus uaidh sin mar an gcéadna do shíolruigh Clann Domhnaill Aontroma ar díobh Alasdair mac Colla.
V. MOLADH MHIC DHOMHNAILL. File éigin ro chan. [Sliocht Leabhair Dheirg Chloinne Raghnaill.] I. Fíor mo mholadh: ar Mhac Domhnaill, Cur le' gceanglaim: cur gach comhlainn. II. Croidhe leomhain: lámh nár tughadh. Guaire Gaoidheal: aoin-fhear Uladh. III. [Aoin-fhear Uladh]: táth na bpobal. Rosg le' rugadh: cosg na gcogadh. IV. Grian na nGaoidheal: gnúis í Cholla; Fa bhruach Banna: luath a longa. V. Cuilén confaidh: choisgeas foghla. Croidhe cunnla: bile Banbha. VI. Tír 'na teannail: deirg 'na dheaghaidh. A bheart bunaidh: teacht go Teamhair. VII. Measgadh Midhe: onchú Íle. Fréimh na féile: tréan gach tíre. VIII. Níor éar aoin-fhear: nó dáimh doiligh Craobh fhial oinigh: ó fhiadh n-Oiligh. IX. Níor fhás uime: acht ríoghna is ríogha — Fuighle fíora: fíor mo mholadh.
VI. BEAGÁN SGÉALAIDHEACHTA AR ALASDAIR MAC COLLA. Reachrannach .i. Glasba Beag Mac Giolla Mhuire d'innis. I. Suipeár Alasdair. Bhá 1 Colla Dubh ann agus bhá mac aige an 2 rabh Alasdair mac Colla air agus fhuair a mháthair bás agus phós a athair aríst agus cha rabh í 3 (.i. a mháthair chéile 4) maith dó agus bhíodh é 5 a' dul a luighe má thuitim 6 na hoidhche. Ag am suipeir rachadh ise le n-a shuipeár agus deireadh í go mór: "Eírigh, a Alasdair, is glac do shuipeár." Deireadh eisean: "Goidé thá 'nn?" Deireadh ise go beag: "Feoil do chon chéir. 7" Deireadh eisean: "Cha ghlac mí fhéin. 8" Deireadh ise: "Thá 9 é bláth." Deireadh eisean aríst: "Cad athá. 10" Annsin deireadh ise go mór annsin, dóigh is go gcluineadh a athair í 'gá chur ar a chois: "Eírigh! Eírigh!" [D'fhoghlaim Glasba Beag an sgéilín sin ó Albanach, ar chuma go raibh "glachc" aige ann i n-ionad "glac" atá ag na Reachrannachaibh; mar sin do rudaíbh eile leis .i. "cad athá," agus rl.] II. An Oidhche Iongantach. Bhá Alasdar ag an dorus. Dubhairt a athair leis: "Goidé an seórt oidhche atá ann anocht?" "Tá," arsa Alasdar, "oidhche réabogach, róbogach rialtogach, ghealaighe, gan turadh, gan uisge." "Tá oidhche iongantach ann," ars' an t-athair.
"Chan fhuil nas 11 iongantaighe ná molt m'athara bhíth 12 'gá úsáideachadh 13 agus 14é 'na aineol 14 dhamh-sa!" Dh'aithnigh a athair annsin nach rabh é a' fagháil chirt. 15 III. Cosan an Tairbh. Cé b'ar bith, bhá tarbh mór sticeach ag a athair agus dubhairt a mháthair chéile leis go do 16 iarr a athair air cosan 17 an tairbh a thabhairt isteach. Chuaidh Alasdar amach agus tharraing é na cosan as an tarbh agus thug é isteach 'uin toighe iad. IV. Coimheád an Toighe. Bá a athair stráiceil 18 go rabh é comh láidir agus chuaidh é amach agus dh'iarr é ar Alasdar an toigh a choimheád, 19 éagal 20 go dtigeadh robairean 21 ionnsuighe an toighe, agus tháinigh é fhéin ins an dorus, a' leigean air fhéin gur robair 22 a bhá ann, agus bhá eisean a' puiseadh 23 isteach an doruis, agus fhuair Alasdar cos grápa agus phut 24 é fríd an dorus é agus chuir é an tsúil as a athair. [Ní dócha go bhfuil cuma na fírinne ar na sgéilíníbh sin tuas, acht cé chreidfeadh don tseansgéalaidheacht? Ní'l innti acht sgéal.]
VII. CEÓL FÁ ALASDAIR MAC COLLA. Ní haon iongnadh, agus a raibh de cháil agus de chlú ar Alasdair mhac Colla fá n-a ghníomharthaibh gaisge, go bhfuil trácht ortha i roinn eile den ealadhain. Do cuireadh iad, ní hé amháin i sgríbhinn, acht i gceól comh maith céadna. Tá dhá phíosa ceóil againn ar marthain go dtí an lá indiu go bhfuil dlúth-bhaint aca le hAlasdair. De shaghas éagsamhail gach ceann aca .i. amhrán agus máirseáil. Rud eile, ní hi n-aon tír amháin do coimeádadh iad. Is iad oileánaigh Inse Gall Alban do chaomhain an t-amhrán, agus is iad Muimhnigh Chontae Chorchaighe do chéad-foghluim an mháirseáil, is dócha, agus do choingibh cuimhne uirthi nó gur leathadar ar fud na hÉireann í nó sa Mhumhain agus i gConnachtaibh ar aon tslighe. Tuigimíd dhá rud as an méid sin, .i., (1) gur choimh-dheas agus gur chuma d'Alasdair 'na Albanach nó 'na Éireannach — ba Ghaedheal é agus ba leór dó sin — agus dá bhrígh sin gur fhág sé a lorg i gceól an dá thír den Tré-fhód go mbíodh baint aige leó araon; (2) gur comhroinn dá chéile Alba agus Éire ins an sgéal so Alasdair (nó Alasdruim ar nós na Mumhan) ar chuma nach féidir cunntas iomlán a bheith againn air ó thír amháin aca. Cuirim síos annso i n-ár ndiaidh ar bhuail umam de thuairisg ar an dá phíosa cheoil: AN tAMHRÁN. 'Sí an Mhaighdean Uasal Franngóg Nic Tolmaigh do thárrthuigh "Alasdair 'mhic ó-hó." I mBarra (.i. oileán
d'Insibh Gall) 'seadh fuair sí é. Amhrán de roinn na "luinneog" é, do rinneadh, b'fhéidir, le linn Alasdair féin a bheith beó nó sgathaimhín beag 'na dhiaidh sin. Féach mar labhairtear ann ar mharbhadh Thighearna Achaidh na mBreac, ar losgadh Ghlaschó, agus ar Obair-Dheadhain a bheith dá chreachadh, agus gur "indé" do chuala fear an amhráin cuid de na sgéalaibh sin .i. "Glaschó a bheith ag dul 'na lasair." Ó thárla go bhfuil an Ghaedhilg bhunaidh ar caomhnadh ag Inghin an Tolmaigh 'sé rud do rinneas-sa annso acht déanamh an Éireannachais do chur ar an Albanachas. Acht tuigthear uaim nach fuil oiread is focal athruighthe óm láim-se, mar nach dearna acht gramadach (.i. nós graiméir) na hÉireann do chur i n-ionad gramadaighe na hAlban. Ná tógthar orm gur choingbheas trí focail nach fuil coitcheann i nÉirinn, .i. "go n-earbainn" (.i. go mbeadh súil agam le, go mbeadh ionntaoibh nó muinighin agam as) — focal fíor-Shean-Ghaedhilge é seo nach féidir a shárughadh ar mhéad a aoise agus a fhírinnighe, an té do chuardóchadh Gluaiseanna an Strachánaigh, erbaid, no-m-erpimm, is, má chailleamair-ne i bhfus é, ní misde é bheith beó thall; "uir" (.i. bruach), sin focal bhíos go mion minic i sgéal- aidheacht ár leabhar lámh; "ploc" (.i. torp, dairt, fód), focal a thuigfeadh duine as an gcoibhghe, cé nach fuil sé ar bail i bhfus againn, dom iúl féin. 'Sé rud do-ní an t-amhrán so caithréim Alasdair do cheileabhradh dhúinn.
AN MHÁIRSEÁIL. Is iomdha sgéal ar "Mháirseáil Alasdruim." Seo mar do labhair Smith i n-a stair ar Chonntae Chorcaighe: "Tá sadhas ceoil ann atá an-aisteach agus togha an eolais air san Mhumhain ón ainm Máirseáil Alasdruim — rithlearg fhiadhain é do rinneadh i n-onóir an taoisigh sin, agus é fá
áird-mheas ag Gaedhealaibh go dtí an lá atá indiu ann, go mbíonn dá sheinm ar a bhfleadhaibh go léir." Éist fós le hAineisleis Ó Grádaigh ins an tagra do chuir sé le "Tóruigheacht Dhiarmuda agus Ghráinne": "Tá cuimhne ar chath Chnuic na n-Os (nDos) do bhárr puirt phíobaireachta, le n-ar shiubhail sluagh Mhic Dhomhnaill an lá úd. Tá togha an eoluis air i ndeisceart na hÉireann ón ainm Máir- feáil Alasdruim .i. máirseáil nó triall Alasdair nó Alexandair." 'Sé Éamonn Bunting do chuir an port so i sgríbhinn. Deir sé ar l. ix de chlár ainmneacha Béarla na bhfonn is na bport gur ó phíobaire i gCathair na Mart i gConndae Mhuigheo i gConnachtaibh a fuair sé é. Fágann soin gur nós píobaireachta na gConnachtach atá air fá mar atá sé annso 'n-ár ndiaidh. Ní fios dúinn ar sgríobhadh nós na Mumhan air fós riamh. Ó's ní é gur chuir Bunting an mháirseáil seo i n-oirea- mhaint don phianoforte le crónán uaidh féin, do mheasas nár bh'fhearr dam rud do dhéanfainn ná an crónán soin do chongbháil annso, mar gurab é an pianoforte, pé locht atá air, an gléas ceoil is treise agus is iomláine agus is coitchinne ar bith. Ár rádh fá dheoidh 'na leith seo, gurab é an gnás a bhí riamh ar bail tuireamh nó caoineadh ar an laoch i ndeireadh an leabhair ina mbíonn an stair ar a bheathaidh. Ní fhuaramar aon tuireamh ar Alasdrom mac Colla isna leabhraibh, i gcló ná i sgríbhinn, acht cá fearr tuireamh do bheadh ar a leithéid de thaoiseach "arm-dhearg éacht- mhinic" agus ar "a thogha reisimeinte do Ghaoidhealaibh Éireannach agus Albanach do bhí tiúnta ar lámhach agus teaghmha ar troid" ná an mháirseáil seo 'n-ar ndiaidh le n-ar thrialladar chum catha an lá deireannach dá saoghal .i. lá Chnuic na nDos?
A ALASDAIR, MHIC, O-HO. Bean Mhic Giolla-Eoin Tuathanaigh do ghabh i n-oileán Bharra, sa bhl. 1902. Modh 2. a.b. (fáradh agus nóta) Go measardha árd (Amhrán) 1. A-asdair 'mhic, Ó-Hó! Cholla ghasda, Ó-hó! Crónán As do láimh go n-, Ó-hó, Earbainn tapadh, trom eile. (Luinneog) Chall eilibh óhí, Chall ó hó ró, Chall eilibh óhao, Chall ó hó ró Críoch. Challail-ó, haorí ó, Chall ó hó ró, hao í ó hó, trom eile.
2. As do láimh go n-, Ó-hó! Earbainn tapadh, Ó-hó! Marbhadh Tighearna, Ó-hó! Achaidh na mBreac leat, trom eile. Luinneog: Chall eilibh, agus rl. 3. Marbhadh Tighearna, Ó-hó! Achaidh na mBreac leat, Ó-hó! Hadhlacadh i n-, Ó-hó! Uir an loch' é, trom eile. Luinneog: Chall eilibh, agus rl. 4. Hadhlacadh i n-, Ó-hó! Uir an loch' é, Ó-hó! 'S gé beag mé fhéin, Ó-hó! Bhuail mé ploc air, trom eile. Luinneog: Call eilibh, agus rl. 5. 'S gé beag mé fhéin, Ó-hó! Bhuail mé ploc air, Ó-hó! Chuala mé indé, Ó-hó! Sgéal nár bh'ait liom, trom eile. Luinneog: Chall eilibh, agus rl. 6. Chuala mé indé, Ó-hó! Sgeal nár bh'ait liom, Ó-hó! Glaschú a bheith, Ó-hó! Dul 'na lasair, trom eile. Luinneog: Chall eilibh, agus rl. 7. Glaschó a bheith, Ó-hó! 'Dul 'na lasair, Ó-hó! 'S Obair-Dheadhain, Ó-hó! I ndéidh chreachadh, trom eile. Luinneog: Chall eilibh, agus rl.
MÁIRSEÁIL ALASDRUIM Ughdar agus aimsir dó anaithnid, acht a rádh gur cumadh é roimh an mbl. 1647. Go héasgaidh aigeanta.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services