Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Alasdair Mac Colla

Title
Alasdair Mac Colla
Author(s)
Laoide, Seosamh,
Pen Name
Mac Tíre na Páirce
Composition Date
1914
Publisher
Clódhanna Teo. do Chonradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


"Do mhéaduigh buaidh an dá chatha sin misneach agus
meanmna Ghaoidheal ó sin amach, ionnus nach tugdís cúl
dá námhaid ar chomhthrom ná ar anchomhthrom." — Niall Mac
Mhuireadhaigh


L. v


BROLLACH.



Ní rigmíd a leas mórán de leithsgéaltaibh do thabhairt
uainn fán leabhar so do chur le chéile. Thárla a ghein
ann na bliadhanta ó shoin nuair a bhí caint agus cogar
idir lucht leabhar na Gaedhilge fá dhéantúsaíbh "an
Ultaigh Bheadaidhe" i bhFáinne an Lae. Do caintigheadh
agus do cogradh eatorra súd gur mhaith an t-adhbhar leabhair
na déantúsaí seo do luaidheamar, acht beagán do chur
leó as "Leabhar Chloinne Raghnaill," ó thárla dhóibh féin
a bheith ró-ghiorrtach le n-a aghaidh sin. Ní dearnadh dadamh,
ámhthach. Dhá fháithchéill a bhí leis sin, is dócha: A haon díobh
.i. locht gnáthach na gcoisdí ar lucht leabhar na haimsire
sin mar a bhíos indiu féin ar a sliocht .i. cur ar cáirde
agus cur ar gcúl ó chruinniughadh go cruinniughadh nó go
gcailltear amharc agus smaoineadh ar an gcuspóir do
bhí rómpa agus le n-a linn sin sáirfhios aca ar bhrígh an
tseanfhocail "cur ar cáirde, cur nach feáirrde";
agus a dó .i. faillighe agus fuaire an ughdair féin i n-a
dhéantúsaíbh ar chuma nár chuir sé riamh isteach iad le
haghaidh a gclóbhuailte — tá an locht mór sain air fós go
dtí an lá atá indiu ann agus a rádh go bhfuilid fromhtha
a dhá dhéantús i n-a sheilbh gus an am so i láthair agus nár
smaoin sé riamh ar a gcur thar a n-ais chugainn cear-
tuighthe pioctha sgiomartha ó n-a láimh oilte féin!



Acht ní beag liom de sin. Ceist anois. Cé hé "An
tUltach Beadaidhe"? Tá, Eoin Mhac Néill, fear go
bhfuil a ainm i mbéal a láin. Do dheachtuigh sé sin
"Caithréim Alasdair Mhic Dhomhnaill" i gcomhair Fáinne
an Lae fá mar do tháinig amach ar na dátaíbh seo .i.
Aibreán 16 agus Bealtaine 14, 1898.


L. vi


Ní túisge do chonnaic an tAthair Eoghan Ó Gramhna iad
so fá chló ná do sgríobh sé litir chugainne ón Oileán Úr,
agus do mhol sé na haistí thar cionn. 'Sé dubhairt sé
san litir sin nár léigh sé riamh aistí dob' fhearr ná iad,
"agus," ar seisean, "'sé mheasaim féin gurab í an
Ghaedhilg is fearr do sgríobhadh ó aimsir an Chéitinnigh
anuas!"



Is leór liom do mholadh é sin, agus ní mheasaim féin
gur call dam cur leis, acht amháin a rádh gur bh'é rádh
an Athar Eoghain fá dheoidh an méid seo léightear i ndeireadh
a litre atá fá chló i bFáinne an lae darab dáta
Meitheamh 18, 1898:



"Nárab fada go gcluinimid arís ón Ultach Beadaidhe."



Maidir le "Caithréim Alasdair Mhic Dhomhnaill," is
beag d'athrughadh do chuireas-sa ann agá aithsgríobhadh
annso dham. Is féidir a rádh go bhfuil gach focal coit-
cheann gan athrughadh ar bith uaim. Ní mar sin, ámh, do
chuid de na hainmneachaibh áite atá ann, mar gur bh'éigean
dam an méid seo dhíobh do chur ar aon nós le Niall Mac
Mhuireadhaigh agus le hughdaraibh eile fuaras leo:—


L. vii


Ceist, cad chuige dham a n-athrughadh? Tá gur bh'éigean
dam é dhéanamh d'éis mo chuardaigh 'sna hughdaraibh. An
chéad 's an dara hainm, 'sí canamhaint Rachlann atá mar
ughdarthás agam leó; Gazetteer na hAlban agus léarsgáile
an lae indiu fá ndear Tiobar Mór; Gaedhilg na hAlban
ba bhun leis na trí hainmneachaibh atá 'na dhiaidh sin agus
le Struibhle mar an gcéadna; fuaras Alphort agus
Filipfách ag Niall Mac Mhuireadhaigh féin agus Cill
Saidhbhe 'sé rud atá ann acht beachtaidheacht do bhaint
as an gcuma d'fhág Niall air ó n-a láimh!



Nach léir as soin cad is féidir do dhéanamh le hainm-
neachaibh áite, má cuardaighthear dóigh agus an-dóigh mar
is indéanta do gach éinne? Níor éirigh liom Gaedhilg
d'fhagháil ar Selkirk, dá mhéad dár chuardaigheas, acht
dá mbeadh Gaedhilg air, is dócha gur "Cill Bhoth" a bheadh
ann, acht nuair nach fuaras ughdarthás ná baránta leis
sin, do leigeas dó. Ní'l Gaedhilg i nAlbain féin indiu
air, mar thuigim, agus é ar nós Williamstown i gCondae
na Gaillimhe agus áiteanna eile i nÉirinn fóiríor!



Anois i dtaobh ar baineadh as Leabhar Chloinne Raghnaill,
do leanas do chaint an leabhair sin comh dlúith agus
d'fhéadas, agus má sgaras léi i gcorr-áit, dob' éigean
dam é ar mhéad an Albanachais do thárla os mo chomhair,
rud do chuirfeadh as go mór don léightheoir Éireannach.
An tAlbanachas is mó bhí ann .i. na déidheanaigh -e, -a
ar lár ar uairibh: Cibé áit a raibh sin ann do rinneas
iad d'aiseag, agus go deimhin féin, dá mbeadh an cheist
fá Niall féin do mholfadh sé dham é dhéanamh, agus gurab
é an cuspóir do chuir sé sin roimhe Gaedhilg dhoimhin
Éireannach léighinn agus litridheachta do sgríobhadh, is
má theip sin air corr-am, b'é fá ndear é treise na
canamhna bhí air agus é i gcéin ó sgoiltibh na hÉireann
i gcás gur sgiorr agus gur shleamhnuigh canamhnachas air i


L. viii


n-a sgríbhinn uaireanta a gan-fhios dó féin. Acht tar
éis an tsaoghail, má cuirtear an leabhar so i gcoimhmeas
le Reliquiæ Celticæ is beag de dheithbhir gheobhthar
eatorra i n-aon áit, agus a fheabhas an t-eolus do bhí ag
Niall ar Ghaedhilg ughdarthásaigh Éireann agus Alban
fré chéile, do réir mar do bhí an sgéal san aimsir sin
agus go dtí an t-ochtmhadh ceannair (.i. sinseara, céad)
déag. 'Siad so na leathanaigh de Reliquiæ Celticæ II.,
i n-a bhfuil Leabhar Chloinne Raghnaill, .i. 138-309.



SEOSAMH LAOIDE.


L. xi


UGHDAIR AN LEABHAIR SEO.



Ní gádh dham trácht do dhéanamh ar Eoin Mhac Néill agus a fhios
ag an saoghal Fódlach cé hé féin. Tá 'fhios againn go léir gur
clisde an fear é agus nach ceart dúinn a thuilleadh cainte do
dhéanamh ar dhuine beó.



NIALL MAC MHUIREADHAIGH.



Do mhair an sgríbhneoir seo san seachtmhadh aois déag agus
i dtús na haoise 'na diaidh sin. An méid do bhaineamair-ne as
a leabhar staire, do sgríobhadh é, mar saoiltear, roimh an
mbliadhain 1700.



Síol Muireadhaigh ó' dtáinig an Niall so, do bhídís 'na sean-
chaidhthibh ag Cloinn Raghnaill (.i. Domhnallaigh na nOileán nó inse
Gall). Do bhíodh dúthaigh nó athardha aca i nUibhist Theas, oileán
d'Insibh Gall. Do shíolruigheadar ó Mhuireadhach Ó Dálaigh, file
mór do bhí i nÉirinn tuairim le tús na bliadhna 1200. Midheach
dob' eadh an file seo, agus nuair a bhí sé 'na chomhnuidhe i lios
an Doill i gCondae Shligigh tháinig idir é féin agus Ó Domhnaill,
i gcaoi gur bh'éigean dó teicheadh. D'éis Éire do shiubhal agus
gan cosnamh aige ar Ó nDomhnaill do chuaidh Muireadhach go
hAlbain agus tá sliocht air sa tír sin go dtí indiu féin. Innistear
gur mhaith Ó Domhnaill dó fá dheireadh, agus go dtáinig sé thar a
ais go hÉirinn.



'Sé an cuspóir do chuir Niall Mac Mhuireadhaigh roimhe, ag
sgríobhadh staire cogaidh Mhuntrós agus Alasdair dó, ceart do
sheasamh do Ghaedhealaibh, do bhrígh nár admhuigh sgríbhneoirí an
Bhéarla méad na seirbhíse do rinneadar Gaedhil Éireann agus
Alban ins an chogadh sain. Bhí sé ar a chumas, dá mb'áil leis é,
sgríobhadh i mBéarla, acht do ghabh sé do roghain úsáid do bhaint
as a theangaidh féin .i. an Ghaedhilg, agus is mór is ionmholta é
dá chionn.



Ba den treibh chéadna Cathal Mac Mhuireadhaigh go bhfuil cuid
dá dhéantúsaíbh i ndán san leabhar so. Do mhair sé seo sa chéad
leath den seachtmhadh aois déag.



S. L.


L. xiii


RÉIMHSGÉAL.



Ba mhór le rádh Alasdair mac Colla Mhic Dhomhnaill
lá dá raibh, agus máireann a cháil agus a chlú i Rachlainn
agus i nGaedhealtacht Alban go dtí indiu féin. Ba
de shean-bhunadh Íle Alasdair, agus ba mhac é do
Dhomhnallach ó Cholbhannsáigh. Ba shean-oncail dá athair.
Somhairle Buidhe Mac Domhnaill, athair chéad Iarla
Aontroma. Bhí Domhnallaigh Aontroma i ngaol gairid
dá mhuintir féin .i. do Dhomhnallaigh Íle agus Chinntíre,
agus an fóirneart agus an fóiréigean d'imir Clann
Duibhne nó na Caimbéalaigh ar an aith-fhine d'fhág sé rún
díoghaltais 'na n-aghaidh sin i gcroidhe na nDomhnallach ar
gach taobh de Shruth na Maoile.



Tá an méid sin eoluis agus tuilleadh ar fagháil go
réidh i leabhar an-deas do sgríobh ughdar Albanach Gallda
darab ainm as Béarla John Buchan. 'Sé an teideal
atá air The Marquis of Montrose agus i n-uraidh do
cuireadh amach é ó thigh Nelson and Sons. Ughdar cóir
ceart is eadh é, fear a mholas Alasdair agus a shaighdiúirí
Éireannacha go hárd agus nach faghann locht ar Alasdair
féin acht fá mar a thuill sé é. Ní leigim díom don chor
so gan roinnt dá adhmholtaibh do bhaint as a leabhar, ionnus
go dtuigfeadh Gaedhil Éireann caidé a mhéid de throid
agus de chalmacht a rinne na hÉireannaigh i nAlbain
agus Alasdair agus Maghnus Ó Catháin i n-a gceannas.



Seo mar thráchtann Buchan ar na saighdiúiríbh féin:



"Alastair's Ulstermen were regular soldiers, inured to dis-
cipline, and seasoned by hard campaigns, and they had the
advantage of bearing firearms. But these firearms were old
matchlocks, and the stock of ammunition was so low that only
one round remained for each man" (.i. roimh cath Thiobair Mhóir)
L. 85.


L. xiv


Agus seo mar chuireann sé iad sain agus saighdiúirí
an Choibhinint le taoibh a chéile:



Seo mar labhrann sé fós ar shaighdiúiríbh Mhuntrós fá
mar do bhíodar roimh cath Chille Saidhbhe:



Seo é a mheas ar na saighdiuiríbh do fríoth i nGaedhealtacht
Alban:



Bhí do locht ortha so go dtéidís a bhaile i gcomhnaidhe
d'éis an chatha chum a n-éadála do chur i dtaisge. Ní
hasta sain do bhíodh ionntaoibh ag Muntrós, acht as na
Gaedhealaibh Éireannacha, amhail mar adeir Buchan ann so:



(Tar éis catha Dhúin Dé)



Seo trácht beag ón ughdar gcéadna ar an gcalmacht
do rinne na hÉireannaigh:



(i gcath ObairDheadhain)



(i gcath na Fiodhbhaidhe)


L. xv


(i gcath Ailt Éirinn)



(i mbriseadh Filipfách)



Ba bhuidheach Muntrós de Alasdair. D'éis céime
d'fhagháil dó féin ón rígh, .i. liftenant goibhearnóra agus
caiptín sinireil do dhéanamh de, do rinne sé mar leanas,
fá mar innseann Buchan dúinn:



Ag so an bhreith thug Buchan ar Alasdair féin agus
ní féidir le héinne a rádh nach fuil lán an chirt aige:


L. xvi


Agus seo an trácht do-ní Buchan ar an gcath sin Ailt
Éirinn:



Is tuigthe dhúinn as sain caidé a mhéid de chalmacht a bhí
i nAlasdair. Tugann Buchan fathach fíochmhar fraochda
("fire-eating giant.) air, mar ní hé amháin go ndéanadh


L. xvii


sé cródhacht agus calmacht do ghnáth, acht ba mhór an fear
é i méad comh maith céadna. Dá bhfanadh sé i gcabhair
Mhuntrós go deireadh an téarma, ní baoghal nach buadh-
faidhe ag an mbeirt sin ar an námhaid fós i gcomhnaidhe.
Alasdair dá thréigean thug oidheadh Mhuntrós. Dá seasadh
sé taobh leis, bhí a mhalairt de chrích ar an marcós. Acht
ní faghtar saoi gan locht: an té atá láidir, ní bhíonn sé
glic i gcomhnaidhe; agus dá mhéad an locht sain ar
Alasdair, is fiú dhúinn cuimhniughadh do dhéanamh air, agus
a fheabhas de laoch é le n-a linn féin.



SEOSAMH LAOIDE.


L. xix


SÉAMUS GRAEM, MARCÓS MUNTRÓS.



Má ba mhór an fear é Alasdair mac Colla chiotaigh mar laoch
cogaidh agus mar churadh calma, agus é 'na mháidseoir sinireil
ag cabhrughadh le Marcós Muntrós, ba mhó ná é sin go mór Muntrós
féin mar thaoiseach cogaidh agus mar sinireil ar gach sluagh agus
gach arm dá mbíodh aige le cur ar aghaidh na námhad.



Ba bhreágh an t-eolus do bhí aige ar cheird agus ar ealadhain an
chogaidh. Ní'l d'fhearaibh a chomhaimsire le cur i gcomórtas leis
acht Crombhail agus Condé, agus admhuighthear nach díoghbháil ná
dolaidh do Mhuntrós an comórtas sain. As a stuaim féin is
mó bhí sé eolach i gcúrsaíbh cogaidh. Bhí sé ó fhréimh agus ó nádúir
ann, mar adeirtear.



Is dóigh liom go bhfuilid na sgríbhneoirí go léir, nó geall leis
iad go léir, ar aon fhocal i dtaobh ginléireachta Mhuntrós. Ní
gádh dham, ámhthach, acht Buchan do chur i gceist arís díobh. Seo
mar labhras sé sin ar an taithighe iongantach do bhí ag Muntrós
ar inneall agus ar ordughadh catha:—



Acht deir an t-ughdar céadna gur mhó go mór ná sain uile
an cumas iongantach taoisigheachta agus táithte bhí i Muntrós,
agus ní'l éinne dá dtuigfeadh an cás sain 'na cheart nach abróchadh
go bhfuil corp-lár an chirt aige. Seo mar labhair sé air sin:



Sgeallán d'uaislibh na hAlban dob' eadh é, de threibh na
nGraemach úd do measadh bheith 'na bhfine Ghallda Ghaedhealach
agus a rádh gur ar an teorainn do bhíodh comhnuidhe ortha. Fíor-
uasal do bhí ann dá réir sin agus é 'na dhuine uasal i ndáríribh.
Bhí sin ó fhréimh ann gan amhras. Ní'l lá dá dtagadh air nach
faghthaoi go caoin cneasda mín macánta é. Ní dheachaidh sé riamh
thar cóir i n-a bheathaidh ná thar ceart na riaghlach i gcúrsaíbh an
chogaidh. Ní misde liom 'na leith sin caint an fhir chéadna (.i.
Buchan) do thabhairt anuas arís:


L. xx


Is tuigthe dhúinn fós go raibh áirdmheas aige ar a shaighdiuiríbh
Éireannacha. féach mar do ghlaoidh sé ar Mhaghnus Ó Catháin i
gcath na Fiodhbhaidhe nuair dob' eagal leis go mbrisfidhe an cath
air agus a thaobh féin i nguais agus i ngábhadh. Féach leis mar
do labhair sé ar Alasdair i gcath Ailt Éirinn ar shlighe gur chuir
se oiread meisnigh agus meanman i n-a arm uile go léir is
gur bhuadhadar ar an námhaid: "Is mór an náire dúinn," ars'
eisean, "an t-aon duine ag tabhairt ar gclú dhínn do ghnáth,
inar bhristear ar an uile námhaid romhainn — ag sin Alasdair
ag breith buadha ar an mhuintir do bhí os a chomhair féin don chath
agus tugaidh-se an adbhannsa go gléasda grod-athlamh."



Ní hé gnó an leabhair seo Marcós Muntrós do mholadh, acht
dob' éigean dúinn an méid sin do chur síos 'na leith agus gurab
sgoth fir a bhí ann, fear nach tagann ar an tsaoghal acht go hannamh-
Agus cé gurab é ár ngnó-ne i láthair cuimhniughadh do dhéanamh
ar fhear eile, caithfimíd a admháil gur bh'fhearr d'fhear an Marcós
ná Alasdair féin. Níor bh'fhéidir "tochras ar a cheirtlín féin"
do chur i leith Muntrós, acht tá eagla orm gurab é an galar
intinne sin do bhain do mhac Colla ag dul go Cinntíre dhó chum
é bhaint de Chlainn Duibhne.



Níor bhuaidh Muntrós an cath deireannach tugadh i gCarbasdal,
toisg nach raibh arm ceart aige agus a rádh nach raibh Lochlannaigh
agus a sliocht i nInsibh Orc comh maith ná comh calma de shaigh-
diuiríbh le Gaedhealaibh Éireann agus Alban.



'Sé monuair é! Do milleadh go heasonórach le Comhairle na
hAlban é, a n-abair Niall Mac Mhuireadhaigh. Dá bhfanadh
Alasdair le n-a chois, ní gheobhadh an íde sin é.


L. 1


ALASDAIR MAC COLLA.



I. CAITHRÉIM ALASDAIR MHIC DHOMHNAILL.



Eoin Mac Néill do dheachtuigh



I.



Is beag ár mbeann san aimsir seo ar ghníomharthaibh
gaisgidh ár sean agus ár sinsear. Má léighmid trácht
orra ar aon chor, ní thugamuid géilleadh dhóibh. Na sgéalta
iongantais atá ar fagháil isna sean-leabhraibh fá laochraidh
na nGaedheal agus fá n-a mór-chalmacht, dar linn is
bréaga iad go léir, nó geall leis. Na tréithe calma
nach bhfuil againn féin, ní maith linn a admháil go bhféadfaidhe
a mbeith ag an muintir darab síolrach sinn. Maiseadh,
bíodh a bhfuil 'nár ndiaidh annso síos ina fhiadhnaise againn
ar an méid calmacht do bhí ag fear áirithe de laochraidh
na nGaedheal ar a bhfuil cuntas cruinn fírinneach
fóirleathan ag ughdaraibh Gaedhilge agus Béarla do mhair
le n-a linn féin.



Cuiream síos ar dtús geinealach an fhir seo do réir
mar fuaramar romhainn é.


L. 2


Colla Uais, iomorro, do bhain amach Cúigeadh Uladh ó
Chlannaibh Rudhraighe, is uaidh do shíolruigh an Chlann
Domhnaill seo ag a raibh Inse Gall agus seacht dtuatha na
nGlinne i nDáil Riada fá n-a smacht ar feadh na gcéadta
mbliadhan.



Is ag trácht ar Alasdar mac Colla mhic Gilleasbuig
Mhic Dhomhnaill do bhí an file Sasanach Milton, an uair
do sgríobh sé na focla so ag magadh faoi an ainm thug
ughdar éigin ar a leabhar .i. Tetrachordon,



— dá chur i gcéill dúinn gur deacra
leis féin an t-ainm sin Tetrachordon do rádh ná Makdonel
.i. Mac Domhnaill nó Colkitto .i. Colla Ciotach, athair an
Alasdair réamhráidhte, nó Galasp .i. Gilleasbuig, athair
an Cholla chéadna. "Colkitto" an t-ainm is mó thugaidís
Gaill ar Alasdar.



Ní raibh Alasdar acht ina ógánach sa bhliadhain 1641 an
uair "cuireadh an sop ar séideadh" i gCúigeadh Uladh
agus tógadh an cogadh mór i n-aghaidh na Sasanach. Bhí
sé ina chomhnuidhe i n-Albain fá'n am soin, agus tháinig
sé anall go hÉirinn. Bhí fear de Mhuintir Stiubhaird
annsoin ag cruinniughadh airm Ghallda i n-aghaidh Gaedheal
na hÉireann. Albanach b'eadh é seo agus ba ghaol dó
Alasdar mac Colla. Chuir sé Alasdar 'na chaiptín os
cionn buidhne dá chuid saighdiúirí. Ní luaithe bhris an
cogadh amach ná d'iompuigh Alasdar ar thaoibh na nGaedheal
agus thug leis drong bheag de shluagh an Stiubhardaigh.
D'fhág sé an Stiubhardach i gCúil Raithin agus d'imthigh
leis ó dheas sa Rúta (.i. clár Chonndae Aontroma ó thuaidh)



Annsoin bhí ag éirghe amach Fir na Craoibhe nó Muintir
Chatháin ar an taobh thoir de Bhanna. Tháinig a fhios go
Cúil-Raithin go raibh Fir na Craoibhe ag brath ar dhul


L. 3


trasna na Banna chum go gcabróchaidís le hAlasdar
mac Colla. Port an Átha ainm na háite i n-ar shaoil
siad dul trasna na habhann. Nuair a chuala an Stiubhardach
na sgéala soin, do ghluais sé roimhe ó Chuil Raithin agus
a lámh dheas leis an abhainn go dtáinig sé go Port an
Átha, gur ghabh sé longphort ar an áth idir Alasdar agus
Muintir Chatháin. Sé buidhne líon a shluaigh agus gan acht
dá bhuidhin ag Alasdar. 'Sé rud do rinne Alasdar
annsoin fanamhaint go meadhón oidhche an tráth do ling sé
i lár champa an Stiubhardaigh agus chuir ár agus dearg-
ruathar orra. Tháinig Muintir Chatháin tar sruth aniar
dá éis sin agus bhí Alasdar 'na cheannphort orra. B'é
sin tosach a ghníomhartha gaisgidh i n-aghaidh na nGall. Is
é adeir Froude agus staraidhthe na nGall uile gur bh'é
tosach ar an "massacre of 1641" é sin. "Massacre"
bhí i mbéal na nGall riamh nuair is orra briseadh an cath.
I mí na Nodlag sa bhliadhain 1641 is eadh thárla an gníomh
soin. Seal gearr 'na dhiaidh sin do ghabh Alasdar caisleán
Bhaile na Tuaighe ar mhuintir an Stiubhardaigh. Níor léig
an eagla do'n Stiubhardach féin teacht thar múrthaibh
Cúile Raithin amach go ceann i bhfad, nó go raibh sluagh
foghainteach cruinnighthe aige arís.



Dia hAoine an t-aonmhadh lá déag de mhí na bhFaoillidhe
sa bhliadhain 1642 (1641 sa tsean-áireamh), do ghluais an
Stiubhardach roimhe amach as Cúil Raithin, naoi gcéad
saighdiúir líon a shluaigh, i n-aghaidh Alasdair Mhic Dhomhnaill.
Sé chéad saighdiúir do bhí ag Alasdar sa longphort do
bhí aige i mBaile Mónaidh. Thárla an dá shluagh le chéile ar
an léana atá tuairim is míle ó'n mbaile sin. Alexander
Clogy, ministéire Sasanach, cliamhain do'n Easbog Bédel,
do bheir tuairisg ar an tachar soin mar leanas: "Sa
chéad ionnsaighe, agus gan aige acht buidhean bheag de
Ghaedhealaibh agus drong de mhéirleachaibh Iarla Aontroma,
do bhí i bpáirt leis sa n-olc, i n-aghaidh ocht gcéad Sasanach


L. 4


agus Albanach, tar a éis dó a ordughadh dá chuid básairí
("murderers!") a n-airm theineadh do chaitheadh uatha,
do thuit sé orra le lannaibh agus le sgeanaibh comh
fraochda feargach soin gurab é sgéal do chualamar nach
ndeachaidh fear aca beó uaidh de'n ocht gcéad soin."
Thug na Sasanaigh an "dubh-Aoine" ar an Aoine sin,
ní nár locht orra.



Seal 'na dhiaidh sin chuaidh Alasdar le Feidhlimidh Ruadh
Ó Néill i n-aghaidh an airm Ghallda bhí ag Sir Uilliam
Stiubhard i dTír Chonaill, agus do chuir Sir Uilliam
ruaig agus ár mór orra i nGleann Mac Cuinn, i n-aice
Rátha Bhoth an seiseadh lá déag de'n Mheitheamh, 1642.
Ní'l tuairisg ar imtheachaibh Alasdair go ceann dá bhliadhain
d'éis na ruaige sin, gur chuir a thighearna féin .i. Iarla
Aontroma le teachtaireacht go Baile-Átha-Cliath é chum
Iarla Urmhumhan. Do chruinnigh Iarla Aontroma a mhuintir
féin idir Dál Riada agus Clann Aodha Buidhe agus do
chruinnigh Mághnus Ó Catháin buidhean d'fhearibh na Craoibhe.
Thug Árd-Chomhairle na Confederation trí longa dhóibh
agus gléas cogaidh, agus chuireadar chum fairrge iad
i gCuan Phortláirge. Bhí Cúigeadh Uladh acht beag buaidhte
orra ag Sir David Leslie tháinig ann as Albain ó mhuintir
an Choibhinint, agus sluagh líonmhar Albanach aige. A
naoi a chlog ar maidin, an seachtmhadh lá de'n Mheitheamh,
1644, is eadh ghluais an cabhlach so as Cuan Phortláirge.
Ag taisdeal na fairrge dhóibh, do ghabhadar dhá shoightheach
bhí ag teacht le biadh fá dhéin airm na Párlamaide i gCúigeadh
Uladh, agus soightheach eile do bhí ag dul go hAlbain agus
complacht mhór Albanach ann bhí tar éis an Choibhinint do
chrobhsgaoileadh i dtuaisceart na hÉireann. Níor
cuireadh aon duine dhíobh so chum báis, siúd is gur gnáthach
leis na Gallaibh fá'n am soin an uile Éireannach dá
ngabhaidís ar muir do chaitheamh gan spás san bhfairrge.



Tráchtfam uair eile ar ghníomharthaibh Alasdair agus a
shluaigh i nAlbain. Ní beag linn do'n chor so.


L. 1



L. 5


II.



Cúig lá dhóibh ag taisdeal na fairrge gur ghabhadar
caladh i sunda na hÍle, agus roinnt laethe 'na dhiaidh
sin chuadar i dtír i nÁrd na Murchon. Shaoileadar ag
teacht i dtír dhóibh go n-éireochadh an Ghaedhealtacht go
léir amach i n-aghaidh an Choibhinint acht Clann Duibhne nó
Muintir Chaimbéil amháin. Ní mar sin thárla, ámh. Bhí
Mac Coinnigh Iarla Síothphuirt tar éis na síotha do
thréigean agus gabháil le muintir an Choibhinint. Rinne
Marcus Montrós agus Marcus Huntlí iarracht ar
chogadh do thógáil, acht do mheath orra araon agus ní raibh
cor asta an tráth tháinig Alasdar agus an bhuidhean
Éireannach i nAlbain, gurab í comhairle ar ar chinneadar
dul ar ais chum na long agus teacht a-bhaile go hÉirinn,



Is amhlaidh fuaradar na longa agus iad go léir dóighte
ag Mac Ailín Mór (Marcus Airir-Ghaedheal) ag féachaint
an bhfuigheadh sé na hÉireannaigh do ghabháil i sás agus do
sgrios amach go huilidhe. Níor bh'fheirrde dhó, ámh, an bheart
soin. Nuair chonncas d'Alasdar nach raibh dul as aige
is é rud do rinne sé ionnsaighe do thabhairt ar dhá chaisleán
bhí ag Mac Ailín Mór gur ghabh sé láithreach iad de ghin
chlaidhimh. Annsoin do ghluais sé roimhe soir fá'n tír
go rángadar Báideanach i gcríochaibh Cloinne Catáin gur
éirigh cách amach leó. As sin do chuadar go hÁth-Fódla,
an áit i dtáinig chuca Montrós do bhí ina árd-taoiseach
ar arm Ríogh Séarlus i nAlbain. Do dhírigh Montrós ar
Pheirt, agus ag teacht i ngar do'n chathair sin dó, fuair
sé arm na nGaedheal roimhe, ocht míle coisidhe agus ocht
gcéad marcach líon a sluaigh. Ní'l cunntas agam ar an
méad do bhí i n-arm na nGaedheal, acht ní baoghal a rádh
nach raibh a leath-oiread soin ann. Do chuir Montrós na
hÉireannaigh i gceart-lár an chatha agus iad roinnte i
dtrí buidhnibh, agus Alasdar mac Colla ina cheannphort


L. 6


orra. Ní raibh ag na saighdiúiríbh Éireannach' acht urchor
amháin ag an duine. Níor lámhuigh siad nó go dtángadar
i bhfogus do shluagh an Choibhinint, agus annsoin sgaoileadar
na piléir i n-aon phléasgadh amháin, chaitheadar uatha na
gunnaidhe, agus do ghabhadar de sgeanaibh ins an tsluagh
Ghallda. Ní mó ná go ndeárna na Gaill fuireach leó,
acht cúl do thabhairt leó i n-éinfheacht. DO THUIT AR
AN MACHAIRE SIN DHÁ MHÍLE GALL, AGUS NÍOR
CAILLEADH OIREAD AGUS DUINE DE'N ARM
GHAEDHEALACH. D'fhág na Gaill ina ndiaidh a gcuid
gunnaidhe móra, airm faobhair agus teineadh, púdar agus
piléir, bratacha, dromaidhe, puible agus trosgán, agus do
b'é luas an teichidh do rinneadar go bhfuair cuid aca bás
de bhárr an reatha soin gan fuiliughadh gan foirdheargadh
forra. Cath Thiobair Mhóir is ainm do'n chath soin, agus
an chéad lá de mhí mheadhóin fhoghmhair sa bhliadhain 1644
is eadh briseadh an cath soin.



Do ghluais an t-arm Gaedhealach as sin díreach go hObair
Dheadhain, mar a raibh sluagh bailighthe ag an gCoibhinint ó
thuaisceart na hAlban, trí mhíle coisidhe agus cúig céad
marcach. Do sgriosadh an t-arm so go huilidhe acht
beagán díobh do chuaidh i bhfolach. Níor cailleadh acht
ceathrar de'n tsluagh Ghaedhealach. An tríomhadh lá déag
de mheadhón fhoghmhair sa bhliadhain 1644 tugadh an cath soin.



Do chuadar isna Garbh-Chríochaibh d'éis an chatha soin,
agus d'fhanadar ionnta ar feadh míosa. Le n-a linn sin
do bhí Mac Ailín Mór ag cruinniughadh airm eile. Do
ghluais Montrós ina aghaidh, agus theangmhuigh an dá arm
le chéile ar aon láthair i n-áit darab ainm an Fhíodhbhadh.
Míle saighdiúir de Chloinn Duibhne, míle go leith de
Ghallaibh, agus seacht ndíorma marcach ba líon sluaigh
do Mhac Ailín Mór. Do chuir Montrós an coirnéal
Mághnus Ó Catháin agus Fir na Craoibhe i n-úrthosach an
chatha agus ba ghearr a mhoill orra muintir Mhic Ailín


L. 7


Mhóir do ghlanadh as an láthair. An t-ochtmhadh lá fichead
de dheireadh fhoghmhair is eadh tugadh an cath soin na
Fíodhbhaidhe, sa bhliadhain 1644. Annsoin do ghabh Montrós
anall go dúthaigh Mhic Ailín Mhóir féin. Do creachadh agus
do loisgeadh an tír sin leó gan truaighe gan trócaire.
Do ghabh Mac Ailín Mór 'gá leanamhaint go dtáinig go
hIubhear Lochaidh i gcríochaibh Locha-Ábair. D'iompuigh
Montrós air san áit sin agus do ghabh an dá arm fosadh
ann, leith ar leith, os comhair a chéile, Lá Fheile Brighde
sa bhliadhain 1645. Ní raibh i nAlbain le n-a linn taoiseach
ba chumhachtaighe ná ba threise sluagh ná Mac Ailín Mór,
acht dar linn is amhlaidh tháinig meatacht air tré iomad
comhluadair le Gallaibh. Chuaidh amach ar an loch i mbád
an oidhche sin agus d'fhág an cath fá Dhonnchadh Caimbéal,
tighearna Achaidh na mBreac. Bhí an Donnchadh so tar
éis teacht a hÉirinn. Do chreach sé Reachra ó thaoibh go
taoibh, agus níor fhág duine ná daonnaidhe, fear, bean
ná leanbh beó 'na dhiaidh ar an oileán soin.



Do cuireadh an cath lá ar n-a bhárach .i. Lá Fheile Muire
na gCoinneal, Dia Domhnaigh an dar lá de'n Fheabhra,
sa bhliadhain 1645. B'é críoch an sgéil gur chuir Montrós
agus Alasdar an ruaig ar mhuintir an Choibhinint d'aon
ruathar amháin. Seacht gcéad déag díobh do thuit san ár.
Maruigheadh dá fhichid tighearna de Mhuintir Chaimbéil,
agus gabhadh dias tighearna agus fiche. Thárla Alasdar
mac Colla agus tighearna Achaidh na mBreac i n-aghaidh
a chéile sa ngleó. Do chuimhnigh Alasdar ar gach olc dár
imir Donnchadh riamh ar a mhuintir. "A rogha agat,"
ar seisean leis an gCaimbéalach, "do chrochadh d'éis an
chatha nó do mharbhadh dhomh-sa mar a bhfuil tú." "Monuar!"
ars' an Caimbéalach, "is iad an dá dhíogha gan aon rogha
iad," go bhfuil an rádh soin 'na sheanfhocal go dtí indiu.
Ní dubhairt Alasdar a thuilleadh acht a chloidheamh do
thógáil agus an plaosg do lomadh dhe os cionn a dhá chluais


L. 8


d'aon bhuille amháin do rinne dhá leith de'n chlogad
iarainn do bhí air. Bhí bárd de Chloinn Domhnaill dar
bh' ainm Iain Lom Mac Domhnaill ag féachaint ar an
gcath soin gur chan sé an laoidh ag maoidheamh an chatha.
Níor cailleadh acht beirt nó triúr de shluagh Mhontrós,
siúd is nár mhó a raibh beó dhíobh roimh an gcath ná a raibh
marbh de mhuintir Mhic Ailín Mhóir 'na dhiaidh. Do rinne
Montrós máidseoir-gheinearál d'Alasdar an lá soin.



Annsoin chuaidh Montrós agus Alasdar soir go Dún
Dé agus thugadar amus ar an gcathair sin. Tháinig
sluagh mór de Ghallaibh 'na n-aghaidh agus b'éigean do
Mhontrós géilleadh rómpa agus dul ar ais isna Garbh-
Chríochaibh. D'imthigh Alasdar san áird thiar ag creachadh
dúithche Cloinne Caimbéal go dtáinig chuige Sir Lachlann
Mac Gilleáin, aon chéad déag líon a shluaigh. D'fhilleadar
soir i bhfochair Mhontrós. Casadh an t-arm Gallda leó
ar Alt Éirinn i n-aice Inbhir nArann. Thug Montrós an
bhratach ríoghdha le n-a choimhéad d'Alasdar mac Colla
Chiotaigh, agus thug ceithre chéad coisidhe dhó agus d'orduigh
dhó gan gluasacht as an láthair i raibh sé. Acht níor leig
a chroidhe dhó fuireach ó'n troid agus do chuaidh amach i
n-aghaidh na nGall. Acht cheana do luigh trom-shluagh na
nGall go dlúth air agus do thiomáin ar a chúlaibh é. B'é
dlús an chomhraic sin go raibh pícidhe na nGall i bhfastódh
i sgiath Alasdair nó gur ghearr sé na cinn díobh de bhéim
chlaidhimh. Do bhris sé an claidheamh agus tugadh claidheamh
eile dhó. Thug sé ionnsaighe ar na Gallaibh an ath-uair.
Fá dheireadh do bhris an cath ar Ghallaibh agus do thuit trí
míle fear aca san ár. An naomhadh lá de'n Bhealtaine,
sa bhliadhain 1645, do cuireadh an cath soin Ailt Éirinn.



An dar lá de mhí Iúil (nó deireadh samhraidh) do bhris
Montrós cath eile ar mhuintir an Choibhinint i nAlphort.
Ní raibh Alasdar Mac Domhnaill sa chath soin, acht bhí an
chuid eile de'n bhuidhin Éireannaigh ann, agus cailleadh


L. 9


caiptín díobh dar shloinneadh Mac Riocaird. D'á chéad
déag is eadh thuit de Ghallaibh sa chath soin agus fíor-
bheagán de'n tsluagh Ghaedhealach.



Do chruinnigh Mac Ailín Mór agus taoisigh an Choibhinint
sluagh eile fá cheann míosa. Seacht míle coisidhe agus
míle marcach líon an tsluaigh sin. Theangmhuigh an t-arm
Gaedhealach leó i gCill Saidhbhe i ngar do Struibhle.
Shaoil na Gaill go cinnte nach raibh dul uatha ag Montrós
an uair sin. Ní dheachaidh sé uatha. Bhíodar ag teacht go
dian air agus gan amhras ba chontabhairt cás na nGaedheal
ar feadh tamaill. Níor ghéill na hÉireannaigh agus
Alasdar troigh do na Gallaibh. 'San deireadh thiar, do
bhris ar an sluagh Gallda, agus níor stad na Gaedhil de'n
ruaig sin nó gur leanadar fad ceithre míle déag iad,
agus go dtugadar bás do shé mhíle dá sluagh. Rug a
chapall Mac Ailín Mór slán ó'n ruaig agus ní dhearna sé
stad ná fad-chomhnuidhe go raibh sé i mBaile an Chaisleáin
Nua i Sasanaibh. Lá Fheile Muire Mór sa bhfoghmhar, sa
bliadhain 1645, cuireadh an cath soin.



Seacht gcatha agus seacht ruaga thug an t-arm Gaedhealach
soin idir Ghaedhil Éireann agus Ghaedhil Alban. Ní
raibh riamh agus ní bheidh go deó arm ba chalma ná iad, agus
ní mó do mhair riamh taoiseach ba chalma ná Alasdar ma
Colla Chiotaigh. Rinne Montrós ridire dhe le hughdarthás
Ríogh Séarlus an tríomhadh lá de mheadhón fhoghmhair, sa
bhliadhain 1645. Deich lá dá éis sin, bhí seacht gcéad


L. 10


Éireannach ag Montrós i n-áit darab ainm Filipfách i
n-aice Selkirk. Thárla ceó ann. Tháinig arm an
Choibhinint 'na dtimcheall, agus Leslie 'na thaoiseach orra.
Bhí an bhuidhean Éireannach ag troid go calma agus gan
súil ag fear aca le teacht beó as. Gealladh cáirde
dhóibh agus a n-anam do thabhairt leó, acht a gcuid arm
do leagadh uatha. Rinneadar amhlaidh. Cuireadh chum
báis láithreach iad, cúig céad a líon, agus muintir an
champa. Trí chéad bean, agus drong mhór de pháisdíbh agus
de sheirbhíseachaibh bh'í dhá leanamhaint. Rug Éireannach
amháin ar bhratach an ríogh, chuir 'na thimcheall féin í, gearr
slighe roimhe, agus thug an rígh-mheirge slán leis go dtí
Montrós. Crochadh Mághnus Ó Catháin i nDún Éadain
gan fiú an dlighidh do chur air. Thug Párlamaid na
hAlban ordughadh ar an uile Éireannach dá raibh gabhtha i
bpríosúnaibh na hAlban d'éis an lae sin do chrochadh suas
gan cúirt gan dligheadh.



Ó'n uair do sgar Alasdar mac Colla le harm an
ríogh agus le Montrós d'éis catha Cille Saidhbhe, ní raibh
acht mí-ágh agus mí-rath orra go léir. Do ghabh Muintir
Chaimbéil Colla Ciotach, athair Alasdair, agus chrochadar
ar chrann a luinge féin é.



Tháinig Alasdar féin go hÉirinn i rith na bliadhna soin
.i. 1647. Bhí Murchadh na dtóiteán Ó Briain, tighearna
Inse Uí Chuinn, fá'n am soin ag cosnamh na Mumhan do
Phárlamaid na Sasan. An Tighearna Táfh ba cheannphort
ar an arm Éireannach ina aghaidh sin. Bhí buidhean choisidhe
ag Alasdar mac Colla san arm Éireannach. Thárla cath
idir an dá arm ar Chnoc na nOs i gConndae Chorcaighe,
idir Mágh Alla agus Ceann Tuirc. Thug Alasdar ruaig
ar an leith chlí d'arm Uí Bhriain, agus chuir chum teichidh iad.
Le n-a linn sin, do ghabh an leath eile d'arm Uí Bhriain i
dtimcheall ar Alasdar, agus gabhadh é. D'iarr sé a
anam ar an oifigeach do ghabh é, fear de Mhuintir Ghrádaigh


L. 11


dob' eadh é, agus fuair sin uaidh. Leis sin tháinig oifigeach
Sasanach, Major Purdon a ainm, agus d'fhiafruigh de'n
Ghrádach cia'rbh' é seo fuair a anam uaidh. D'innis sé dó
cia'rbh' é. D'iompuigh an Sasanach, thóg piostol agus
sgaoil an t-urchor tré inchinn Alasdair mhic Colla.



D'fhág Alasdar sliocht 'na dhiaidh agus tá an sliocht
soin isna Glinnibh i gConndae Aontroma go dtí an lá
atá indiu ann.



Séamus mac Mhichil Ruaidh mhic Alasdair mhic Colla
an Mhuilinn mhic Alasdair mhic Colla Chiotaigh, is é an
Dochtúir Mac Domhnaill úd do chuir ar bun feis na
gcláirseach i mBéal Feirsde tá breis agus céad bliadhain
ó shoin ann.



Tá cuimhne ar Alasdar mac Colla ag Gaedhealaibh na
hAlban go fóill, agus is iomdha sgéal atá ar innsint aca
ar a ghníomharthaibh gaisgidh agus ar a chalmacht. Is beag
dá chuimhne atá ar marthain i nÉirinn, acht tá port ann
darab ainm Mairseáil Alasdruim, agus is é tuairim na
ndaoine gurab é an port soin do seinneadh dhó an
tráth bhí sé ag gluasacht chum catha ar Chnoc na nOs.


L. 9


Is i gcath de na cathaibh sin thárla do Mhághnus Ó Catháin agus
d'Fhearaibh na Craoibhe ruathar do thabhairt fá na Gallaibh, go
rángadar go ceart-lár a gcampa, an áit i raibh mór-chuid arm
teineadh fá réir aca. Rug Fir na Craoibhe ar na harmaibh seo,
acht b'éigean dóibh cúlughadh roimh trom-shluagh de Ghallaibh. Nuair
tháinig siad ina n-áit féin, dubhairt fear aca, "Beag a mhaith
dhúinn airm theineadh gan púdar is piléir." "Is fíor duit,"
arsa Mághnus; "ní mór dúinn filleadh agus púdar is piléir
fhagháil." D'fhilleadar arís i lár an airm Ghallda agus thugadar
lón púdair is piléar amach ón gcampa leó.


L. 12


II. CAITHRÉIM CHLAINNE RAGHNAILL.



Niall Mac Mhuireadhaigh do dheachtuigh.



I.



Tráchtaim ar ní éigin dár éirigh re linn m'aimsire féin.
Is é fá rí re linn mo chéad chuimhne .i. an chéad Shéarlus
mac don tseiseadh Séamus don treibh Stiubhardaigh. Ag
so cuid do na huachtaránaibh do bhí ar Ghaoidhealaibh fán rígh
san aimsir sin .i. Raghnall Óg mac Raghnaill Arannaigh,
Marcós Aontroma ar an Rúta agus ar na Glinnibh i
nÉirinn, agus Giolla-Easbuig Caoch mac Giolla-Easbuig
Ghruamaigh mhic Giolla-Easbuig Dhuinn .i. Marcós
Earr-Ghaoidheal; Sir Lachluinn Mac Giolla Eóin, tighearna
Dhubhaird; Eoin Múideórdach mac Domhnaill mhic Ailín,
caiptín Cloinne Raghnaill agus tighearna Mhúideórd
agus Uibhist, Eoin mac Ruaidhrí Mhóir Mhic Leóid na
hEaradh; Sir Domhnall Gorm mac Giolla-Easbuig Mhic
Dhomhnaill triath Shléibhte agus Thróntarnis, cúirtéir mór
ag Rí Séarlus; agus Niall an Chaisléin mac Néill Mhic
Néill Bharraigh; Lachluinn mac Eóin Bhailbh Mhic Fhionghuine
an tSratha; Eoin Garbh mac Giolla Choluim Raarsaigh.
Eóin Garbh mac Eóin Abraigh, tighearna Chola agus
Murchadh Mac Giolla Eóin Locha Buidhe; Domhnall an
tSróim mac Aonghusa mhic Alasdair, tighearna Glinne
Garadh agus Cnoidebhart 'na shean-laoch i dtosach mo
chuimhne agus a ua 'na ógánach ar láimh i nDún Éadain
agus 'na dhiaidh sin 'na mhórmhaor Chloinne Domhnaill .i.
Aonghus mac Alasdair mhic Dhomhnaill; agus Ailín mac
Domhnaill duibh 'na uachtarán ar Chloinn Chamshróin agus
a ua sain 'na ógánach .i. Eoghan mac Eáain mhic Ailín
mhairfeas fós; agus Seorus Donn Mac Coinnigh Óig


L. 13


Iarla Síothphuirt, uachtarán Chloinne Coinnigh; agus
Domhnall Duabháil Mac Aodha, ua Mághnuis, .i. mórmhaor
Meghrath, 'na cheann ar Mhorgannachaibh; agus mórán do
dhaoinibh maithe oile do bhí 'na n-uachtaránaibh san aimsir
sin, acht nach sgríobhthar annso acht na daoine do chonnaic
mé féin agus feas coda dá ngníomharthaibh ar cuimhne agam.



Gidheadh, is furusda dhuit as an teangaidh choitchinn ina
bhfuilear ag sgríobhadh san ríoghacht fios ar thrioblóid
na haimsire d'fhagháil, acht so amháin, gurab cuimhneach
liom gurab iad na hAlbanaigh is taosga do thionnsgain an
cogadh so isna Trí Ríoghachtaibh agus nár bh'iad Sagsanaigh
nó Éireannaigh; óir, tar éis Coibhineant nó coimhcheangal
do dhéanamh i n-aghaidh an ríogh agus Shagsanach um na
heasbogaibh do chur ar gcúl agus Presbitrí do chur 'n a
n-ionad gur chuireadar fios ar a rabha d'oifigeachaibh
Albanacha isna ríoghachtaibh eile taobh thall d'fhairrge agus
go ndearnadar árd-chommandair d'Alasdar Leislí .i.
sean-saighdiúir do bhí <go> fada i gcogadh ar choigcrích.
Do ghluais an t-arm sin ar a n-aghaidh go Sagsain; is é
sin an chéad arm do cuireadh ar cois i n-aimsir Ríogh
Séarluis agus is 'na aghaidh do bhí sé. Do cháidh na ríoghachta
tré n-a chéile ó shin amach 's an bhliadhain don annálach
tárla sin 1639, agus i dteas na ngnóidhighe sin do chuir
Marcós Aontroma .i. Raghnall Óg mac Raghnaill Arannaigh
pártaigh airm a hÉirinn le hordughadh an ríogh go hAlbain
agus daoine uaisle dá chineadh leó .i. Alasdar mac Colla
mhic Giolla-Easbuig agus Coileneil Séamus mac Somhuirle
mhic Shéamuis na Banna agus daoine uaisle oile. Do
chuadar 'na loingeas i mBaile Shac i mí Iulí, 1644. Níor
ghabhadar caladh nó tír go rángadar Caol Muile agus do
chuireadar léigeir má chaislén Chinn Locha hAlann agus
do ghabhadar é agus do fhágsad bárdadha air. Do ghluais-
eadar as sin go caislén Mhíodhairidh; do ghabhadar é le
mór saothair; do fágbhadh daoine air dá mhuintir. Do


L. 14


ghluais Alasdar mac Colla agus an phártaigh dá gcois
go Caol Reithe. Do sheol an loingeas go Loch Eiseórd san
Srath go Sir Domhnall — do bhí ordughadh an ríogh agus an
Mharcóis Aontroma um cheannus na ndaoine do ghabháil
chuige agus d'éirghe leó agus gach duine do éirgheadh leó.



Leath-bhliadhain roimhe sin fuair Sir Domhnall bás.
Tairgeas Alasdar mac Colla ceannas na ndaoine do
Sir Séamus Mac Domhnaill agus diúltas Sir Séamus sin,
óir budh bheag leis an chuideachta agus an ríoghacht uile
'na n-aghaidh agus gan san chuideacht acht cúig céad déag
fear, gur b'é comhairle do chuir Alasdar roimhe filleadh
ar ais go hÉirinn, ó nár freagradh ordughadh an rí uatha.
Fán am sin tángadar trí longa móra do loingeas cogaidh
na Parlameinte Albanaighe timcheall ó Líte gur sheóladar
go rángadar bun Locha hEiseórd agus loingeas Alasdair
istigh san loch; tugadar troid dóibh, gidheadh do gabhadh
loingeas Alasdair, ionnus gur bh'éigean d'Alasdar
anmhain san ríoghacht ina dtárla, olc ar mhaith leis é.



Gluaisis roimhe tar Chaol Reithe, tar monadh Chuaich,
as sin dóibh go Gleann Garadh, go ndearnadar campa ann,
agus fuaradar martacht go saidhbhir dá mhuinntir agus
níor éirigh a bheag do dhaoinibh. As sin dóibh go Báideineach
agus do rinneadar campa ann soin. Do fógradar do
mhuinntir na tíre sin teacht isteach i n-arm an ríogh nó go
loisgfeadh agus go gcreachfadh an tír do taisbeánadh an
t-ordughadh dhóibh agus do thógbhadar leis an ordughadh sin
Clann Mhuireadhaigh Bháideineach agus caiptín agus ceann
feadhna maith dá bhfuil féin rómpa .i. Eoghan Óg mac
Andra mhic Eoghain tug trí chéad fear dá fhuil féin leis
i n-arm an ríogh agus do bhádar ro-sheasmach san arm
an feadh do mhair an cogadh. Do éirigh Clann Fhionnlaoigh
Bhráighe Mharr leó agus ceann feadhna dá bhfuil féin
rómpa .i. Domhnall Óg mac Domhnaill mhic Fhionnlaoigh.
Do ghluaiseadar as sin d'Áth-Fódla agus tárla Iarla


L. 15


Muntrós dóibh i mBlár an Átha-Fódla i gcruth ceannuidhe
cláraighe agus máilín fá n-a bhrághaid ar dteacht ó
Shagsain agus ordughadh an ríogh leis um ginléireacht
na harmáile do bheith aige agus Alasdar mac Colla
'na mháidseoir sinireal aige agus do ghlacadar go toil-
eamhail chuca é. Do ghabh urmhór fear Átha-Fódla leó,
Clann Donnchaidh agus Stiubhardaigh Átha-Fódla. Do
bhí tosach an fhoghmhair aca 'mun am sin, agus do ghluais do
chum an Mhachaire Ghallda. Tug armáil mhór do na
Coinbhineantairsi coinne dhóibh i ngar do Pheirt ina raibh
ocht míle fear agus ní rángadar féin dá mhíle coisidhe
do shluagh, acht gidheadh rugadar buaidh ortha; ní dheachaidh
as díobh acht a rug luas each uatha. Do ghabhadar Peart
agus do badh éadálach ionnmhusach iad tar éis an chatha
soin Pheirte. Ní rabha acht cúig lá déag eidir an cath sin
do thabhairt agus cath eile do bhriseadh ag Obair Dheadhain
ar na Coibhineantairsi, áit a bhfuaradar cumasg cruaidh
agus troid theann torann-bhorb. Do mhéaduigh buaidh an
dá chatha sin misneach agus meanmna Ghaoidheal ó sin amach,
ionnus nach tugdís cúl do námhaid ar chomthrom ná ar
anchomhthrom.



Tárla do Mhac Cailín, .i. Iarla Earr-Ghaoidheal, a bheith
'na cheann don Phresbitrí agus 'na urraidh mhóir do na
Coibhineantairsi agus i n-aghaidh an ríogh agus táinic sé
d'Árd na Murchon agus do chuir sídsi má chaislén
Míodhairidh agus níor chinn leis a thabhairt amach. Táinic
Eóin Múideórdach ón Chaislén Tirim d'ionnsaighe an champa
sin Mhic Cailín ar iarradas Mhic Cailín, óir fá dóigh le Mac
Cailín go n-éirgheadh Eóin Múideórdach agus Clann
Raghnaill leis 'na arm féin i n-aghaidh airm an ríogh.
Ní fada dó san champa: do fhill tar ais agus do thionóil
feacht Uibhist agus Eige, Mhúideórd agus Árasáig agus
is í céad sheirbhís do rinneadh leó .i. Súineórd do chreachadh
gan bhó gan chaora d'fhágbháil innte agus a dtabhairt go


L. 16


faithche an Chaisléin Tirim, agus do chuir sé Domhnall a
mhac le cuid don chreich sin do chum na mbárd do bhí ar
Chaislén Mhíodhairidh. Agus san am chéadna táinic Alasdar
mac Colla anuas ó Mhuntrós do thabhairt relís do Chaislén
Mhíodhairidh; agus tárla Alasdar agus Domhnall mac
Eóin Mhúideórdaigh dá chéile ann agus fá lúthgháireach iad
fá n-a chéile d'fhaicsin, óir do b'é sin tús a n-eólais ar a
chéile. Tángadar as sin don Chaislén Tirim. Ar bhfágbháil
athrughadh bárd ar Chaislén Mhíodhairidh, do ghluais Eóin
Múideórdach agus iad féin d'Árasáig agus do Mhórshrón
agus do chuireadar teachta d'ionnsaighe Mic Leóid dá
iarraidh air teacht isteach i n-arm an ríogh do réir a dhlighidh
agus do dhiúlt sé dhóibh agus tángadar do Chnóideórd agus
tárla Aonghus mac mic Alasdair riú annsin, agus do
bhádar ag iarraidh air éirghe agus ní dhearna san uair sin.
Giodh eadh, do éirigh Domhnall Gorm, dearbhráthair a athar,
leó agus an chuid budh mhó d'fhearibh Chnóideórd agus
Ghlinne Garadh. Do thrialladar ó cheann Locha Neimheis
amach Mám Chloch Árd go Loch hAbar agus don Bhráighe,
agus do éirigh Domhnaill glas mac mic Raghnaill agus fir
an Bhrághad leó, agus táinic Stiubhardaigh na hApan chuca
ann soin agus Clann Eaáin Ghlinne Comhan agus fir
Ghlinne Neimheis agus a raibh taobh thoir do Lóchaidh do
Chloinn Chamshróin. Do ghluaiseadar as soin go Báideineach
agus tar mhonadh Dhruim Uachtar agus go Blár na hÁtha-
Fódla, agus tárla Marcós Muntrós riú annsin agus
fá buidheach é don toicheastal sluaigh sin do cuireadh
le hEóin Múideórdach chuige do dhéanamh seirbhíse a ríogh
shaoghalta. Do cuireadh comhairle cogaidh 'na suidhe san
bhall sin d'fhéigsin c'áit a gcaithfeadh siad an geimhreadh.
Is é shaoileadh an sinireil gurb ar Ghalldacht dob'
ionchaithmhe an geimhreadh agus do mheas cách gurb ar
Ghaoidhealtacht fá daingne dhó an t-arm do bheith. Do
aontuigh Muntrós an ní sin ar choingheall go bhfuigheadh


L. 17


an t-arm biadh agus lóisdméad ann agus do chuireadar
fios ar Aonghus mhac Ailín Duibh go láthair na comhairle
.i. duine uasal d'fhearaibh Ghlinne Comhan. Do chuir
Muntrós ceist ar Aonghus nár bh'eólach ann i dtíorthaibh
Mhic Cailín nó an bhfuigheadh an sluagh biadh nó foslongphort
ionnta san gheimhreadh. Do freagair Aonghus an mórmhaor
agus is eadh adubhairt nach raibh baile ná leath-bhaile fá
thighearnas Mhic Cailín nár bh'eól dó agus, dá bhfóghnadh
tighthe díonacha agus ba reamhra mar bhiadh re caitheamh
ionnta, go bhfuigheadh dóibh é. Do thaitin an freagra ris
an marcós agus do aomh triall d'Earr-Ghaoidheal. Do
ghluais an sluagh a Bráighe Átha-Fódla agus do chuadar go
hApainn an Mheinnéinigh agus do loisgeadar í agus as
sin dóibh go ceann Locha Tátha agus do loisg siad ar gach
taobh dhe agus táinic Clann Ghriogóir agus Clann an Aba
chuca do chungnamh le harm an ríogh. Do cuireadh Eóin
Múideórdach agus a mhuinntir féin agus fir an Bhrághad
ar slighidh ar leith ón chuid eile don arm do dhéanamh creachadh
ar feadh gach tíre, ionnus nár thárla re Muntrós é go
rángadar Cill Mhártain i nGlasraidh, agus tug an
chuideachta sin míle bó ar aon-fhiubhadh do chreich isteach go
campa Mhuntrós. Ní fhuil re rádh air acht gur creachadh
agus gur loisgeadh tíortha Mhic Cailín don toisg-sin agus
gur marbhadh ocht gcéad agus ceithre fichid agus cúig fir
déag 'sna tíorthaibh gan bhlár gan mhachaire do thabhairt
ionnta. Do ghluais an t-arm a hEarr-Ghaoidheal tar
an Chonghail Ladharnaigh ag siubhal gach tíre go rángadar
Inbhear Lóchaidh i Loch hAbar.



Ní raibhe Mac Cailín díomhaoin, óir do chuir sé iarraidh
ar thighearna Achaidh na mBreac as Éirinn chuige, óir do bhí
i nÉirinn ó thosach an chogaidh agus dúthaigh Iarla Aontroma
aige agus a bailte móra ar a láimh agus arm 'na sheasamh
aige ionnta. Do chuaidh an marcós féin go Dún Éidin


L. 18


dá chasaoid re Comhairle na hAlban nach raibh Muntrós
nó Alasdair mac Colla ag fuireach ris do chum catha do
thabhairt dóibh agus do chuireadar reisimeint chúig céad
leis do shaighdiúiríbh mar chungnamh agus mar fiadhain.
Táinic tighearna Achaidh na mBreac as Éirinn chuca agus do
ghabh mire agus dásacht é mar fuair sé ar n-a losgadh agus
ar n-a creachadh a dhúthaigh ar a chionn. Do chruinnigh sé
Clann Mheig Dhuibhne go líonmhar léir-thionóilte agus do
thrialladar ar lorg an airm sin Mhuntrós agus Alasdar
mhic Colla, acht, ar dteacht do Mhuntrós go hInbhear
Lóchaidh, táinic Sir Lochlainn Mac Giolla Eóin chuca ann
agus Aonghus mac mic Alasdar, tighearna Glinne Garadh,
acht do bhí daoine mic mhic Alasdar san arm roimhe sin do
ghnáth agus, ar ngluasacht as Inbhear Lóchaidh don taobh tuaidh,
ní fada do chuadar anuair táinic sgéala chuca go dtáinic
Mac Cailín agus a mhór-shluagh sin go hInbhear Lóchaidh
agus gur loisgeadar Bráighe Locha hAbar. Do fhilleadar
a Cill Chuimín i n-Obair Thairbh an t-arm sin Ríogh Séarlus
san uair sin agus Marcós Muntrós 'na gheinilear aca
agus Alasdair mac Colla mhic Giolla-Easbuig 'na mhaigheor
ginireal agus na huaisle sin Chloinne Raghnaill agus
Chloinne Domhnaill .i. Eóin Múideórdach mac Domhnaill
mhic Ailín agus a mhac Domhnall agus Aonghus mac mic
Alasdar, tighearna Glinne Garadh, agus a gcineadh agus
a ndaoine muinntire féin leó, agus na trí reisimeinte
Éireannacha do dhearbh-dhaoine muinntire Iarla Aontroma
do bhí ann, a gcinn feadhna féin rompa .i. Corneil Séamus
mac Somhairle mhic Shéamuis na Banna mhic Shomhairle
Bhuidhe agus Raghnall Óg mac Alasdar mhic Alasdar
mhic Aonghuis Uaibhrigh, agus Mághnus mac an Ghiolla Dhuibh
Í Chatháin, dearbh-chomhalta Iarla Aontroma. Do thaobh
Mic Giolla Eóin Sir Lochlainn, ní raibhe do dhaoinibh 'na
fhochair acht tuairim dá fhear dhéag dá mhuinntir dá
choimhideacht. Do bhí duine maith ann d'uaislibh Alban .i.


L. 19


Mórmhaor Oglabí agus a mhac, duine gasda, .i. Sir Tómós
Do ghluaiseadar ó Chill Chuimín tar Láirc Thurraid agus
isteach go Gleann Ruaidh agus tairis an Sbeathain agus
tárla pártaigh don námhaid dhóibh ann soin agus do
leansad iad agus do marbhadh a n-urmhór agus an droig
do chuaidh as díobh tugadar sgéala don champa agus do
bhí anmoch Dia Sathrainn ar dteacht ortha an tráth rángadar
ar chomhair a námhad. Do chuaidh an sluagh [sin] Mhic Cailín
ar a gcoiméad agus do bhí foraire gach sluaigh dhíobh ag
lámhach ar a chéile ar feadh na hoidhche. Do chuaidh Mac
Cailín féin 'na luing agus do fhágaibh tighearna Achaidh
na mBreac re haghaidh na hiorghaile, acht i bhfíor-thosach
na maidne do cóirigheadh na catha i n-eagar agus i
n-órdughadh Dia Domhnaigh Lá Fhéile Brighde an chéad lá
d'earrach Anno Domini 1645. Do cuireadh amach a harm
an ríogh cuideachta agus Mághnus mac an Ghiolla Dhuibh
Í Chatháin rompa, agus do cuireadh cuideachta eile 'na
n-aghaidh as arm Mhic Cailín agus Giolla-Easbuig mac
Giolla-Easbuig Óig, tighearna na bPingingeadh. Tug
an dá phártaigh troid dá chéile. Níor bh'fhada gur briseadh
ar an phártaigh sin airm Mhic Cailín gur cuireadh 'na
gcorp féin go haimhdheónach iad. Do chuaidh corp an airm
tríd a chéile dhe sin, tugadh an adbhannsa ortha agus do
briseadh uile. Do marbhadh urmhór an tsluaigh agus do
báthadh iliomad díobh ar bhun Neimheis. Do marbhadh tighearna
Achaidh na mBreac agus tighearna Cháraduil agus Próbhisd
Chille Munna. Do gabhadh tighearna an Bháirr Bhric,
tighearna óg Cháraduil, Mac Íomhair na Pinginge Móire.
Do gabhadh an chuid nár marbhadh do chineadh Mhic Cailín
uile an lá sin. Easbhadh airm an ríogh .i. Tómós mac
Mórmhaoir Óglabí, Caiptín Brain agus seisear do
shaighdiúiríbh.



Gluaisis Muntrós tar éis an chatha sin agus arm an
ríogh don taobh a dtuaidh agus táinic Mac Coinnigh .i.


L. 20


Iarla Síothphort chuca agus tug a bhriathar go dtiocfadh féin
agus a dhaoine leis i n-arm an ríog dá chuidiughadh. Do
chuir sé tionól agus tiomsachadh ar a muinntir a Leodhús
agus as gach tír oile dá rabh aige. Iomthúsa Montrós do
chaith sé an t-earrach ins an taobh a dtuaidh ag neartughadh
a airm féin agus táinig na Górdónaigh dá gcomhmóradh
agus Mórmhaor Górdón mac Marcós Huntlí agus dob,
fheirrde iad. Fán am sin táinig arm na Comhairle Alban
as an taobh a ndeas; agus táinic Mac Coinnigh agus a
arm féin ó thráigh fear Leodhúis agus an oirir a dtuaidh.
Is é ní do rinne Mac Coinnigh féin agus a mhuinntir dol
d'ionnsaighe airm na Parlameinte agus a fhocal do bhriseadh
ar Muntrós agus ar arm an ríogh. Tárla ag Alt Éirinn
Muntrós agus arm an ríogh 'mán am sin agus Mórmhaor
Górdón agus a mhathshluagh agus a shluagh coise. Táinic
Natanial Górdón ón bh'foraire chuca agus tug sgéala
dhóibh go rabha an námhaid i ngar dóibh; marcach maith an
fear sin, lámh fhuilteach áthasach; an Górdónach Caoch ainm
eile dhó.



Do cóirigheadh catha gléasta glan-armacha Gaoidheal ar
chomair a n-eascarad agus tugadh an lámh dheas don mharc-
sluaigh ghloinn-mhir Ghórdónaigh agus dá mórmhaor agus
stiúradh cuirp an chatha don Mharcós mhear mhórdhálach
Muntrós agus gabhas Sir Alasdair arm-dhearg écht-
minic .i. mac calma curanta Colla Chiotaigh mhic Giolla
Easbuig mhic Colla mhic Alasdar mhic Eóin Chathánaigh lámh
chlé an airm chuige fá chomhair láimhe deise na námhad.
Agus ar mbeith d'Alasdair ag córughadh a mhuinntire,
táinic duine uasal ón mórmhaor le teachtaireacht chuige
agus do labhair san bhfoirm-se:



"Do chualamar, a Mhic Dhomhnaill, go rabha coimhcheangal
agus caradradh ag ár sinnsearaibh ré chéile agus nár
bhuaileadar buille i n-aghaidh a chéile gibé ar bith ceannarc
do bhiadh eidir an chuid eile d'Albanachaibh agus iad agus


L. 21


nár mhó clú chruadála ar threabhaibh oile ná ortha. Ar
an adhbhar sin, d'athnuadhadh an choimhcheangail badh mhian
liom a chongnadh d'fhaghbháil uaibh-se agus is í sin malairt
choisidheadh an chéad lá dom sheirbhís dom rígh shaoghalta — is
é sin, mo shluagh coise féin do ghabháil chugad agus do
choisidhthe-se do chur chugam."



Do rinneadh go hathlamh le hAlasdair mac Colla an ní
sin: Do chuir deichneabhar agus ceithre fichid d'ionnsaighe
Mórmhaoir Górdón do na sean-saighdiúiríbh ar n-a ndearbhadh
go minic i mór-dhochraibh i n-iomad d'áitibh; agus táinic
chuige 'na n-áit sin trí chéad coisidhe do mhuinntir Bhogaigh
na Gaoithe agus Sratha Bhalgaigh agus Bhráighe an Mhachaire
nár chleacht cumaisg na cruaidhe comhlann ná torann
treathan-gharbh troda. Acht gér bh'olc d'Alasdair an
mhalairt sin, fá maith dá mhuinntir í, óir ní rabhadar i
mblár ná i sgeirmis riamh fá saoire dhóibh ná é; dar leó
nach raibh do chúram ar mharcshluagh na nGórdónach acht
a bheith ag teasargain na gcoisidheadh ón uile chontabhairt.



Iomthúsa Alasdar, tairngeas a mhuinntir amach a garrdha
i n-a dtarladar agus níor chongaibh aige dá gnáth-mhuinntir
féin acht deichneabhar agus dá fhichid dá dhaoinibh uaisle;
agus cuiris cúigear ar fhichid díobh sin san chéad ranga
agus cúigear ar fhichid san ranga dhéidheanach dhíobh, agus
do tharraing a thrí céad coisidhe Górdónach 'na meadhón,
agus do ghluais féin rómpa. Agus is iad daoine tárla ar
a gcomhair réisimeint thighearna Labhair, daoine tréan-
ailte déanta agus daoine uaisle Leodhúis i gcuideacht
a chéile.



Do thionnsgain torann na troda, amhail is gnáth san
uile mhachaire, agus níor mhaith a fulang sin ag na
coisidhthibh do bhí i ndiaidh Alasdar mhic Colla, óir ní
chluinfeadh cuid díobh sionnsa saighde nó fead peiléir nach
déanadh cromadh cinn nó iomrall aisdir. Is é fá cosnamh
d'Alasdair an uair sin, ag imtheacht i ndiaidh a chúil, ag


L. 22


sméideadh a láimhe ar a mhuinntir misneach mhaith agus
máirseáil athlamh do dhéanamh, agus gan d'fheidhm ag á
dhaoinibh uaisle dá dhéanamh acht ag congbháil a gcuideachta
na n-ordughadh nó gur sháruigh ortha. Dob' aithnidh damh
daoine do rinne marbhadh ar na coisdhthibh Górdónacha, dá
gcongbháil ó briseadh do ghabháil. Mar do chonnaic an
námhaid an ní-se, d'éimhgheadar a n-ionnsaighe agus an
t-asált do thabhairt. Thug Alasdair ordughadh .i. an
garrdha as ar thrialladar roimhe sin do thabhairt ortha, agus
tángas ortha faoi sin le pícíbh agus le saighdibh. Do
bádhas ag déanamh marbhtha ortha ar gach taobh don gharrdha
má bhfuair an chuideachta isteach ann. Do bhris cloidheamh
Alasdar, agus fuair sé cloidheamh oile 'na láimh, agus ní
raibh cuimhne aige féin cia tug dó é, acht daoine ag tabhairt
baramhla gur b'é a chliamhain Mac Dháidhe Áird na Croise
tug dhó a chloidheamh féin, agus do thuit Mac Dháidhe san
uair sin, agus Feardorcha Mag Aodha, agus daoine uaisle
maithe oile má dhorus an gharrdha, do bhí ag fanmhain re
hAlasdair do chur isteach rómpa. Agus ar ndul
d'Alasdair isteach san gharrdha, do chuir gléas troda
ar a raibh istigh ann do thabhairt relífe dá mhuinntir do bhí
amuigh agus fá díobh Raghnall mac Domhnaill mhic Aonghuis
Mhuilig Mhic Ceanain. Ní léigim thorm an beagán so do
chur síos dá ghníomharthaibh:"



Do rala dhó a bheith ar siubhal imeasg na nGórdónach
(agus ní hionann taobh don gharrdha gus ar ghabh sé agus
an chuid eile do dhaoinibh uaisle Alasdar do bhí imeasg
na nGórdónach ar siubhal) nó gur mhothuigh sé an teapar
dá chur má na slinnénaibh aige. Do iompáigh a aghaidh re
n-a námhaid. Do bhí a chloidheamh 'má bhrághaid agus sgiath
ar a láimh chlé agus gunna glaice 'na láimh dheis. Do chuir
sé an gunna riú agus do stadar cuideacht do lucht píceadh
do bhí 'na dhiaidh, mar tárla slighe chumhang rómpa. Leis
sin ní rabha duine dá chuideacht féin do bhí 'na dhiaidh gan


L. 23


dul roimhe. Do bhí marbhadh tiugh ag lucht boghadh 'gá dhéanamh
ar na coisidhthibh Górdónacha. 'Mán am sin tárla d'fhior
bhogha a bheith ag rioth seachad ar Raghnall agus é ag cur
saighead ar Ghórdónachaibh; tug súil tar a ghualainn agus
do chonnaic an fuireach do chuir Raghnall ar lucht na
bpíceadh agus d'iompáigh a lámh ón bhfear do bhí roimhe, do
sheol a shaighead ar Raghnall, do bhuail san pheirceall, do
chuir dorn dí amach ar an bpeirceall oile. Annsin do
sgaoil Raghnall an t-urchar agus ní ar fhear an bhogha.
Teilgis an gunna uadha agus cuiris lámh i gceann a
chloidhimh. Do bhí a sgiath a bhfad uadha amach dá imdhídean
ar phícíbh. Tug iarraidh dá chloidheamh agus ní tháinic leis,
óir do rioth an crios timcheall leis agus ní tháinic an
cloidheamh amach. Tug an dara feacht agus ní thainic.
Tug an treas fheacht, ag leagadh láimhe na sgéithe fá n-a
asgaill ar thruaill an chloidhimh, agus tugadh amach é.
Gidheadh, do cuireadh cúig píce eidir an chíoch agus an
smeig ann leis an bhfolmhughadh sin, acht ní rabha orlach ar
doimhne i n-éan-áladh dá ndearnadar air annsoin. Seal
ar an seol soin ag gearradh phíceadh agus an méid do
churthaoi i sás na sgéithe dhíobh. Do tharr sé a dhruim ris
an ngarrdha do chum a choimhéada, agus do bhí ag déanamh
imtheachta ar éigin d'ionnsaighe an doruis. Do bhí lucht
na bpíceadh ag dul i n-éadánacht air, ón mhéad do bhí ag á
ngearradh dhíobh, acht aoin-fhear do bhí dá thuargain go
harrannta iomarcach; dar leis an bhfear sin go gcoimhéad-
fadh a phíce gan ghearradh agus go dtuitfeadh a fhear
comhlainn leis. Do bhí Raghnall ag éisteacht re hAlasdair
ag gabháil do bhata ar Ghórdónachaibh fá olcas an lámhaigh
do bhádar do dhéanamh do thabhairt relífe dhó féin as an
ionadh ina raibh, acht do bhí sé ag triall go dorus an gharrdha
céim ar chéim, agus an uair do shaoil bheith i ngar don dorus
tug léim árd athlamh ó fhear na píce agus tug a chúl dó
agus a aghaidh ar an dorus, agus do chrom a cheann.


L. 24


Leanais fear na píce é gur chrom a cheann faoi an dorus,
Do bhí Alasdair san uair sin dá bhfeithimh agus tug buille
d'fhior na píce, agus gér bh'athlamh do chum iompóidh arís,
is eadh tárla ceann an ógláigh do bhualadh fá na hiosgadaibh
ar Raghnall ón bhuille tug Alasdair dó. Tuiteas a chorp
san dorus agus a cheann san gharrdha. Ar ndírgheadh a
dhroma do Raghnall, agus ar n-amharc 'na dhiaidh ar an
dorus, ag sin mar chonnairc a chompánach. Do gearradh an
tsaighead do bhí i Raghnall agus tugadh as í agus fuair a
teanga go maith agus cumas labhra, ní nár shaoil.



Dob' fhurusda a rádh nach go tim-dhíomhaoin do bhádar
an chuid oile d'arm an ríogh san uair sin .i. Marcós mear
meanmnach misneach-mhór Muntrós agus Mórmhaor cródha
curanta gasda galánta gaisgeamhail Górdón go n-a
uaislibh 'na fharradh, agus an chuid oile don droing dhána
dhásachtaigh Dhomhnallaigh agus don réim rún-bhuirb ro-
chalma reacht-aigeantaigh Raghnallaigh, acht tugsad i
n-aghaidh a námhad go harrachta urrannta, gan uamhan, gan
imeagla buille ná urchair. Agus tárla do Mhuntrós, a
ngionarál, go rabha ré n-a shluaigh agus é ar árd chnuic,
agus do chonnairc an ghuasacht agus an gábhadh ina rabha
Alasdair, agus is é ní do rinne do léig glaodh mór as ag
brosnughadh na n-úaisle agus an tsluaigh do bhí i n-áit
éisteachta dhó, agus is eadh adubhairt:



"Is mór an náire dúinn an t-aon duine ag tabhairt
ár gclú dhínn do ghnáth, mar bhristear ar an uile námhaid
rómhainn; ag sin Alasdair ar mbreith buadha ar an
mhuinntir do bhí ós a chomhair féin don chath agus tugaidh-se
an adbhansa go gléasda grod-athlamh."



Do freagradh go fuireachair an fógra sin ón árd-
gheinirél, ionnus nach rabha marcach nár theann a shál re
hasgaill a eich ná coisidhe nár chruaidhigh a chéim go talcmhar
troigh-éasgaidh agus go sanntach so-lámhaigh, ionnus go
ndeachadar imeasg a námhad don ruathar sin, agus do


L. 25


briseadh ar mhathshluagh na námhad gur cuireadh imeasg na
gcoisidheadh iad.



Iomthúsa Alasdar, do mhothuigh do mheirge mhóir an ríog
ag teacht ar chúl an reidsimeint do bhí ag tabhairt troda
dhó. Annsin do chuir gléas ar a mhuinntir dá dtarraing
amach as an ngarrdha do chum troda, agus táinic marcach
ó Mhuntrós chuige faoi sin. Tug Alasdair a dhaoine as an
gharrdha, an mhéid do bhí infheadhma dhíobh; gidheadh, do
fhágaibh seacht bhfir dhéag do bhí buailte, istigh, dá dhaoinibh
uaisle nár fhéad teacht amach tairis ar marbhadh díobh.
Do chuir gléas troda ar an gcuideachta agus do ionnsaigh
a námhaid an feacht tanaiste agus do ionnsaigh Muntrós
ar an láimh oile iad, ionnus gur thuit an reidsimeint sin
tighearna Labhair agus urmhór fhear Leodhúis mar aon
riú 'na rangaibh. Do leanadh an ruaig ortha gur theasairg
Inbhear Nois an chuid do théarna as díobh, agus is ar éigin
do chuaidh Mac Coinnigh as ar each, ar gcall a dhaoine
agus a chlú. Dob' iomdha lámh áthasach do Dhomhnallachaibh
agus Ghórdónachaibh do bhí san láthair sin, gan iomrádh ar a
heangnamh ná ar a hárd-chosgar; amhail adeir Muntrós
ag teacht ar an lá i n-áit oile, gurab aige féin do
chonnaic an seisear is mó do ghabh mire agus dásacht catha
go marbhadh daoine dá bhfaca sé aige féin ná ag duine oile
roimhe nó 'na dhiaidh; agus fá díobh Nataniel Górdón agus
Raghnall óg mac Alasdar mhic Alasdar mhic Aonghuis
Uaibhrigh agus Mórmhaor Górdón féin, agus triúr oile
gibé iad. I dtús samhraidh tugadh an cath so Ailt Éirinn
san bhliadhain 1645. Tar éis cur an bhláir do léig siad
a sgíos tamall i ndúthaigh Mórmhaoir Marsail do bhí 'na
choibhineanntair agus 'na eascaraid dhóibh.



Táinic Alasdair mac Colla go tráigh do thógbháil daoine
ar Ghaoidhealtacht agus d'iarraidh Mic Giolla Eóin agus
Eóin Mhúideórdaigh. Is ann do chuir an Chomhairle Alban ach
arm ar a chois agus Sinireil Béillí rómpa agus Mac


L. 26


Cailín 'na gcuideacht. Do bhí sgéala aca sin go raibh
Alasdair ag tráigh. Do chuireadar rómpa coinne do
thabhairt do Mhuntrós ní is taosga ná thiocfadh Alasdair
agus an chuid oile do Ghaoidhealaibh dá chungnamh, agus
tárla an ní sin. Tugadar coinne dá chéile i nAlphort .i.
Sinireil Béillí agus Mac Cailín agus arm na Comhairle
Albanaighe go líonmhar léir-thionóilte. Agus is iad so
do bhí i bhfarradh Muntrós d'arm an ríogh .i. Mórmhaor
Górdón agus a mharcshluagh gléasta groigh-éasgaidh,
Górdónach 'na fhochair; agus Aonghus, mac mhic Alasdar
tighearna Ghlinne Garadh san uair sin, agus a rabha do
Chloinn Raghnaill 'na fhochair, agus fir Bháideineach agus
pártaigh d'fhearaibh Átha-Fódla. Agus, ar bhfaicsin a
chéile do na sluaghaibh, do chuireadar gléas fíochdha
fuathmhar fíor-athlamh ortha leith ar leith. Do cuireadh ó
arm an ríogh buidhean d'fhearaibh Bháideineach d'fhógra na
deabhtha agus do thionnsgnamh na troda agus do cuireadh
buidhean oile 'na n-aghaidh sin ó arm na Párlamainte.
Ann sin do labhair aon do na coibhineantairse re n-a
arm féin agus is eadh adubhairt: "Is gnáthach leis na
daoinibh atá in bhur n-aghaidh tús gach ionnsaighe do bheith
aca oraibh agus ná tugaidh-se an tosach sin dóibh indiu
acht ionnsuigidh iad go hathlamh aigeantach;" agus do
labhair fear oile i n-arm an ríogh .i. Mórmhaor Górdón:
"Ná bíodh faitcheas ar aon agaibh nach tiubhra mise Béillí
chugaibh ar mhuinéal a meadhón a chuideachta." Is annsoin
tug an dá chuideachta sin dá ruathar reachtmhar ro-
thinneasnach i gceart-chomhdháil a chéile. Baoi do luas na
mársála do rónsad go ndeachaidh cuirp an dá arm 'na
chéile sul loisg an dá phártaigh do chuaidh uatha do dhúsgadh
na troda aon urchar ar a chéile, gurab é ní do rónsad
béil a ngunnadh d'iompódh ar chorp an airm agus an lád
do bhí ionnta do thabhairt dóibh agus is uatha táinic an
t-urchar tubaisteach lér thuit Mórmhaor Górdón agus é


L. 27


ag cur a láimhe san chrios cloidhimh do bhí fá bhrághaid Sinireil
Béillí. Do bhádar na sluaigh i ndosánaibh a chéile san
uair sin, an mathshluagh agus a ngruaga i ndornaibh clé a
chéile agus iad ag gabháil dá bpiostalaibh i gcloignibh aroile
agus an sluagh coise gan fios aca créad do-ghéindís ó
bhuaidhreadh a n-each. Do b'fhiadhain air sin Alasdair mac
Raghnaill mhic Ailín, óir is é féin agus Ailín Óg mac mic
Alasdar do b'oifigigh don Chloinn Raghnaill do bhí san
láthair-se, óir do bhí mac mic Alasdar féin san trupa
fare Muntrós. Adeir Alasdair mac Raghnaill go rabha
féin tamall agus bior-dhias a chloidhimh re lár gan fios
aige cia ar a mbuailfeadh buille gan aithne aige ar
charaid seach námhaid. Do bhádar mar sin nó gur sgairt
an t-oifigeach tapaidh Maigher Lidas san teangaidh Bhéarla
na heich uile do shearrughadh. Níor chuala an focal sin aon
mharcach nár ghlan a each féin amach ó n-a coisidhthibh. Ó
sin amach fuair an uile dhuine cumas feadhma do dhéanamh
le n-a láimh agus le n-a loinn agus níor leigeadh aith-
iompódh do mharcshluagh na gcoibhineantairs acht a leanmhain
ar a ndruim dá síor-mharbhadh. Do chuir tuitim Mhórmhaoir
Górdón do chrádh ortha gur fhógradar gan ceathramha do
thabhairt do dhuine ar bith an lá sin. Níor fhill duine
ar bioth ón ruaig do mhaithshluagh Mhuntrós nó gur sgíth
a n-eachradh, agus do bhí tighearna Ghlinne Garadh 's an
ruaig aige ar Marcós Earr-Ghaoidheal nó gur sgíthigh
each faoi agus é i n-áite fradhairc dhó do ghnáth gur
mhalairt an Marcós trí heich an lá sin ag teicheadh roimhe
go ndeachaidh as le luas a eachraidhe.



Iomthúsa Alasdar mhic Colla do ghluais sé ó thráigh agus
ó na Garbh-chríochaibh agus cuideachta mhór mhaith leis, .i.
a rabha ag baile ag Eóin Múideórdach do dhaoinibh óga a
dhúthcha agus a chinidh agus Domhnall a mac rompa agus


L. 28


Clann Ghiolla Eóin ó Mhuile agus Stiubhardaigh na hApann
agus Clann Ghriogóir agus foireann oile. Ar riochtain
dóibh campa Muntrós do bhí fáilte mhór agus lúthgháir
ag Muntrós agus ag cách oile rómpa. Do taisbénadh gach
cuideacht ar leith d obh don Ghinireil agus tug an chuideacht
sin mic Eoin Mhúideórdaigh (do taisbénadh) .i. Domhnall,
fear mánda crothach nárach neamhshotalach i bhfiadhnaise a
charad an fear soin agus é neartmhar neamhsgáthmhar ar
aghaidh a eascarad agus i gceann a fhichead bliadhna dá
aois fán am soin. Tárla comhrádh an oidhche sin i dteint
an Ghinireil eidir an Ginireil agus an maigheir gionaral,
.i. Alasdair mac Colla, go ndubhairt Muntrós nár mhór
an chuideacht do Chaiptín Chloinne Raghnaill gan líon creiche
do thabhairt isteach go harm an ríogh [agus] do chur le n-a
mhac chuige. Do fhreagair Alasdair gur chuir sé sin leis.
Do éirigh Alasdair as an teint amach agus ráinic an
lóisdín ina rabha Domhnall agus do ráidh ris: "A Dhomhnaill,
a mhic," ar sé, "déin ullmhughadh do mhuinntre do chum
creach do thabhairt don champa agus bídís réidh agad go
gluasacht ar maidin amárach agus ní racha leat acht do
mhuinntir féin agus lucht eoluis don tír dá mbí ar
n-ordughadh." Do fuaradar a n-ordughadh ar maidin 'na
diaidh. Tugadar creacha móra don champa i n-aimsir
athghoirid dó. Do thaitin sin le Muntrós agus leis an arm
uile, ionnus gur b'é Domhnall agus a mhuinntir is mó do
rinn creacha dá raibh san arm uile. Cuid d'adhbharaibh
na gcreach sin do thuit air tar daoinibh oile, do bhíodh
mórán do Ghaoidhealaibh oile do churthaoi do thógbháil chreach
ag imtheacht leis na creachaibh do-nídís d'ionnsaighe a
dtíreadh féin gan chead dá nginiral. Ní dhéanadh mac Eóin
Mhúideórdaigh an ní sin, óir ní léigfeadh neach dá mhuinntir
le creich ná le cobhartach uadha, agus adhbhar oile, nár
bh'urusda da mhuinntir d'fhearaibh na n-oilén teacht le
creachaibh d'ionnsaighe a dtíortha féin ón Mhachaire Ghallda.


L. 29


Ó na hadhbharaibh-se do thuit trom na gcreach do chur don
champa ráithe an tsamhraidh sin air. Tug sé creach mhór a
dúthaigh Mhórmhaoir Mharsal agus creach ó Machaire Aonghuis
agus is é do chreach an Mhaoirne. Tárla seanduine onórach
dóibh agus iad ar an chreich sin do bhí ag innisin sgéala is
seanchais dóibh. I gceann gach sgéil eile dár innis dóibh
adubhairt nár creachadh an Mhaoirne ón aimsir do creachadh
le Domhnall a hÍle í an bhliadhain tug sé cath Garbhthoch do
Dhiúibhche Murchadh, "agus saoilim, a ógánaigh, gur ar
sliocht na ndaoine atá sibh-se, ma's sibh caiptín Chloinne
Raghnaill."



'Mán am so do chruinnigh Comhairle na hAlban i gceann
a chéile. Do mheas siad gur nár agus sgannalach dhóibh
pártaigh bheag airm do Ghaoidhealaibh do chíosachadh na
ríoghachta. Uime sin do chuireadar cruinniughadh ar
shluaghaibh na ríoghachta uile an mhéid do bhí ionairm dhíobh.
Do ghluaiseadar i ndiaidh Muntrós agus Ghaoidheal an
mórshluagh sin na hAlban, a n-uaisle agus a n-oifigigh,
a marrsceannuidhe agus mairnéalaigh, ionnus go raibhe
cúig míle maraidhe 'na gcuideachta nár throid ar tír riamh
gus an uair-se. Anuair do mhothuigh an beag-shluagh sin
Ríogh Breatan agus Ghaoidheal an ní sin do chuireadar
gléas coimhéada ortha féin dá ndídean ó thír go tír agus
ratréta ortha gach aon lá agus imtheacht ar éigin aca-san
'gá dhéanamh go hurrunnta eolgasach.



Lá dhóibh ó Choill Mheadhóin agus ratréta go teann agus
imtheacht ar éigin aca, do b'é lá fá mó an t-arm námhad do
chonncadar riamh 'na ndiaidh. Tárla do mhac Eóin
Mhúideórdaigh agus dá mhuinntir a bheith san rírar an lá
agus an maigheir sinireil ag seasamh a phosda féin ar aon
riú agus troid do ghnáth ag a námhaid do chongbháil ortha.
Do bhí aon mharcach arranta roimh chách ag teacht isteach do


L. 30


shíor ionnta ionnus nach teangmhadh béal átha nó abhainn
riú nach cuirfeadh an marcach sin buaidhreadh mór ionnta
agus dar le a mhuinntir agus leis féin gur bh'é aon lámh
fheadhma na hAlban é (Coirnilar do b'ainm agus do
b'oifig dhó). Tug sé a trí nó ceathair do na heachaibh
bagáisde díobh an lá sin. Do bhí Aonghus mac Ailín Duibh
ar deireadh a cuidheachta féin ar muin eich gan phillín gan
diallad agus gunna fada trasda 'na ucht ar a bhéalaibh;
ní do mhuin eich fá gnáth leis congnamh do dhéanamh acht dá
chois. Dar leis gur mhothuigh an marcach ag déanamh uair
nó dhó air. Uair d'uairibh dá dtáinic i ndiaidh Aonghuis tug
Aonghus an chos re lár agus do léig a each féin uaidh, do
chuir a ghunna ar chloich go hathlamh agus do loisg an
t-urchar agus do thuit fear an trusgáin deirg fó chosaibh
a eich le a sgarbaibh sróil agus le' lásdaibh airgid. Tug a
mhuinntir gáir mór dá chaoineadh; do faobhuigheadh é agus
fágbhadh ann sin, agus ní tháinig an námhaid ní budh dána
ná sin ortha an lá sin ná an lá 'na dhiaidh. Do bhádar ar
an ordughadh sin a trí déag ná ceithir déag do laoithibh
gan suaimhneas ar bioth acht ruaig do ghnáth ortha, Muntrós
ag déanamh díchill gliocais d'fhéachain an bhféadfadh an
t-arm mór do bhí 'na dhiaidh do sgíthiughadh ar bharamhail
go sgaoileadh cuid díobh uatha i ndóigh go bhféadadh blár
do thabhairt dóibh, gidheadh do bhí na saighdiuirí dá sgíthiughadh
le díth bídh agus codalta. Ar dteacht i ngar do Chill
Saidhbhe dóibh ar siubhal oidhche do ghabhadar campa agus
longphort san ionadh sin. Moch na maidne ar n-a mhárach
créad do-chídís acht an t-arm mór, eidir marcshluagh agus
coisidhthe. Is é ní do bhí ann gur bh'éigean d'arm an ríogh
an campa d'fhágbháil gan fheóil gan arán do chaitheamh, má
bhí sé aca, agus gléas troda nó teichidh do chur ortha. Ar
dtarraing na gcuideacht, do chuadar a n-uaisle agus a


L. 31


n-oifigigh i gcomhairle cia aca do-ghéanaidís blár do
thabhairt ná an rátrét. Do iarr Muntrós an chúis do
léigean faoi bhreitheamhnas na saighdiúire agus an airm
uile. Is é ní adubhairt an sluagh uile d'aitheasg aoinfhir
gur bh'fhearr blár do thabhairt ar mhéad a chunntabhairt ná
ruaig do bheith ortha do ló agus d'oidhche do ghnáth. Cuireas
Muntrós trompadóir d'ionnsaighe an airm mhóir le
sgéala go bhfaighdís machaire do chongbháil riú. Mar do
chuala an mórshluagh sin, budh mhór a meanmna, ionnus gur
léigeadar gártha móra aoibhnis agus lúthgháire ós áird
asta. Do cóirigheadh i n-eagar agus i n-ordughadh iad:
Do cuireadh trí mhíle do lucht píceadh agus mhosgadh ar a
mbéalaibh ar trí sgonnsaibh agus do táirngeadh aon mhíle
déag fear 'na mbataillénaibh ar a chúl sin, agus dar leat
budh cruaidh an obair do bheagán buidhne aghaidh do thabhairt
ortha 'mán am sin. Do cóirigheadh cath cosantach cruaidh-
chroidheach glan-armach Gaoidheal agus is é a n-uimhir
ceithre míle coisidhe agus cúig céad marcach. Is é inneall
do chuireadar ortha coslomnocht agus a léinte i ngabhal
gach aoin aca agus léinte geala ar uachtar earradh a
marcshluaigh.



Do ghluaiseadar na foirne fearamhla fearg-aidhbhseach sin
i n-aghaidh mhosgadh agus mhór-ghunnadh bádar re n-a n-ucht
san uair sin. Do thionnsgain an troid le togha reisimeinte
do Ghaoidhealaibh Éireannach agus Albanach do bhí tiúnta
ar lámhach agus teaghmha ar troid agus máidseoir Lachannáin
rompa agus Alasdair mac Colla 'gá ngreasacht. Do bhí
dá reidsiment oile re reilíf do thabhairt d'Alasdair agus
don bhuidhin do chuaidh síos ar dtús .i. reidsiment Mhic
Giolla Eoin agus reidsiment Dhomhnaill mhic Eoin
Mhúideórdaigh, acht do b'fhoisge do throid do thabhairt Clann
Ghiolla Eoin do thaobh a n-orduighthe ná Clann Raghnaill
agus do bhí do theas na troda ar Máidseoir Lachannáin
gur sgairt Alasdair mac Colla go deifireach reilíf.


L. 32


Tárla cáil fheicheamhnais san uair sin eidir Domhnall mac
Eoin Mhúideórdaigh agus Domhnall mac Eachain Óig Mhic
Giolla Eoin um thosach dul síos, gidheadh gearrais Clann
Raghnaill an tslighe tar bhrághaid Chlainne Giolla Eoin agus
do ionnsuigh na sgonnsaidhe ar a rabha an námhaid Domhnall
mac Eoin Mhúideórdaigh re n-a mhuinntir agus Pádraig
Caoch Mac Griogóir agus a mhuinntir i n-aon reidsimeint
agus Clann Raghnaill. Tugadh an t-asált d'aoinréim
le harm rathmhar Ríogh Breatan san uair sin agus is é
an mac sin Eoin Mhúideórdaigh chéad duine do léim
sgonnsa na námad díobh agus a mhuinntir 'na dhiaidh.
Do cuireadh 'na ruaig mhadhma imeasg an tsluaigh mhóir do
bhí re n-a gcúl iad agus do leanadar cách go dian
dásachtach iad agus do bhris ar an sluagh mhór uile go
rabhadar feadh an laoi i ruaig ortha dá leadairt agus dá
lán-chosgar agus ar gcríochnughadh ar gcur an bhláir do
ghabhadar campa in Hamaltún agus táinic eochracha an
chaisléin mhóir ó Dhún Éidin chuca agus do stríoc Alba
uile dhóibh.



Do gheibhinn mórán re n-a sgríobhadh do sgéalaibh ar
ghnóidhibh na haimsire dá gcuirfinn romham é, acht is é tug
orm an oiread so féin do sgríobhadh, mar do chonnairc
mé gan iomrádh ar bioth ar Ghaoidhealaibh ag an sgríobhnóiríbh
atá ag teacht ar ghnóidhibh na haimsire, an mhuinntir do rinne
an tseirbhís uile.



Iomthúsa Mharcóis Mhuntrós do ghluais agus cuid dá
arm leis ar slighidh dul go Sagsain do thabhairt reilíf
don rígh agus é i n-éigean ag Sagsanachaibh, agus do
briseadh ag Filipfách air agus níor fhéad furtacht do
thabhairt don rígh.



Táinic Alasdar mac Colla ó champa Hamaltún go
Cinntíre agus do ghlan dó féin í agus do fhógair aiste
Clann Mheig Dhuibhne. Do thógaibh Dún Ábhartaigh mar
dhaingean. Táinic Domhnall mac Eoin Mhúideórdaigh ón


L. 33


champa sin Hamaltún dá thír féin agus do bhí Muntrós
ag teacht ón bhriseadh [sin] Filipfách san taobh a dtuaidh agus
ar mhair aige do dhaoinibh. Ar an seol sin dóibh seal
d'aimsir: Muntrós san taobh thuaidh d'Albain agus
Alasdair mac Colla i gCinntíre ag cur díthe ar Earr-
Ghaoidheal agus ar Chomhghall agus ar na críochaibh agus
Eoin Múideórdach 'sna Garbh-chríochaibh i dteannta re
tráigh. Do chuaidh Eoin Múideórdach agus a mhac Domhnall
go hÍle agus a bhfeacht féin leó agus do fhógradar aiste
a rabha do Chloinn Mheig Dhuibhne innte.



Fán am sin táinig Iarla Aontroma a hÉirinn do
Chinntíre d'fhios an airm sin do bhí aige féin innte agus
do chuir fios ar a raibh mar aon re Muntrós agus tángadar
sin chuige don chéad iarraidh. Táinig dhe sin Muntrós do
dhul as an ríoghacht d'iarraidh conganta ar ríoghaibh agus ar
phrionnsaíbh oile do chongnamh le Rígh Séarlus agus ar
bhfilleadh dó ón turus sin do milleadh go heasonórach
le Comhairle na hAlban leis na Coibhineantairsi é féin
agus Marcós Hunntlí agus mórán d'uaislibh oile do bhí
ar thaobh an ríogh.



Do chruinnigh cuid mhaith d'uaislibh Inse Gall go hIarla
Aontroma, mar tá, Clann Ghiolla Eoin agus Clann
Raghnaill. Do bhádar ar tí airm do chur ar chois arís i
leith an ríogh. San aimsir chéadna táinic ordughadh an
ríogh go hIarla Aontroma sgaoileadh do léigean don
arm, óir do bhí an rí san am sin ar láimh ag á náimhdibh .i.
Párlameint Shagsan agus Alban d'aon-láimh 'na aghaidh.
Do Léig Iarla Aontroma sgaoileadh don arm, agus do
chuaidh féin d'Éirinn.



Do an Alasdair mac Colla i gCinntíre agus do-roighn dh
daighneach innte agus i nÍle. Do fhuidh na Gaoidhil oile
do bhí i leith an ríogh i dtimcheall a bhfearann féin 'gá
seasamh ar námhaid.


L. 34


Tángas 'má gcuairt ortha fá dheoidh le harm mór Sir
Dábhad Leislí agus Mhic Cailín. Go Cinntíre dhóibh gan
brath d'fhagháil ar a mbeith ag teacht nó go rángadar an
Learg, áit ina raibh Alasdair agus a mhuinntir sgaoilte
ó n-a chéile. Do cuireadh as a chéile an chuideacht sin
Alasdar. Do gabhadh Raghnall Óg mac Alasdar mhic
Aonghuis agus do cuireadh go bás i nInbhear Ághráth é
tamall 'na dhiaidh sin.



Do chuaidh Alasdair mac Colla go hÉirinn agus do
marbhadh i gCnoc na nDos é agus mórán d'uaislibh oile do
Chloinn Domhnaill san gcath tug Murchadh Ó Briain dóibh
san bhliadhna 1647.



Táinic an t-arm mór so Dhábhad Leislí agus Mhic
Cailín leo go hÍle agus go Muile agus do stríoc an
uile dhuine dhóibh acht Eóin Múideórdach 'na aonar agus
ar ghabh leis.


L. 34


II.



CATHAL MAC MHUIREADHAIGH cecinit:



[do Dhomhnall mac Eóin Mhúideórdaigh Mhic Dhomhnaill.]



Cóir fáilte re fear do sgéil,
A fhir [le'] dtángas ón tráigh:
Sgéala liom ós íosal uaibh,
Dá dtíosadh m'uaill ós cionn cháigh.



Binne ná ceol crot do sgéal,
A ghiolla gan lot gan leon:
Ataoi mar orgán ós fhíon,
Má's comhrádh fíor do bhaoi id bheol.


L. 35


Rom-fheirrde a n-éisteacht rem bheo
An sgéal-sin le a dtáinig tú:
Do mhéaduigh ceart leam gach la,
Teann ó tá mo neart a-nú.



Mo-ghéanar do riocht im riocht
D'éisteacht réd bhriathraibh go beacht:
Ód sgéal sídh ní thagraim thort —
Tríbh anocht cadlaim go ceart.



Fríth leat do nuaidhidheacht naoi,
A bhuachaill is gasda gné:
Séala ler ceangladh mo chlí,
Sgéala ón tí ler meadhradh mé.



Domhnall mac Eoin cúl na gcladh
Rún do sgeoil, a ghasda ghlan:
Teacht tar chuan iomlán don fhior
Cion dá iomrádh is dual damh.



A theacht slán go hearnaidh óg
Fáth sin dom mheanmain ar méad:
Slat i gcaoimh-lios crann nach lúb,
Ag súd m'aoibhnios ann gom' éag.



Dá fhéachain tiaghaim ar tús
Do riaghail má ghéabhaim gnás:
Mé im léim go' chaidreamh gan chruas
'S céim suas re m'aigneadh ag ás.



Do-chím é 'gá fhosgladh súl,
An té ler bronnadh mo bhríogh:
Do-ním tar muir d'aithne uaim
A ghruaidh ghaisthe d'fhuil mar fhíon.


L. 36


Créad nach n-aithninn a chúl cas
Do dhúl re' mhaicne do mheas?
Grádh troim-inghean ríoghna ó Ros,
Bos mhíonla dhoinn-ingneadh ndeas.



Aithneochad féin briathra a bheoil,
'S an déad mar néimhinn ar néimh
Nach nochta go duilbhir dhúin,
'S an tsúil shuilbhir sholta shéimh.



Aithnighim feadh n-urchair uaim
An malaidh gceirt gcumtha gcaoil:
Giolla saor ré a ndeacair dréim,
'S an taobh réidh mar eatail aoil.



Do aithneochainn céim a chos
Go hathlamh ag léim na lios:
Do bhréag croidhe na mbuadh mbras
Glas mo thoile uam gan fhios.



Ua Domhnaill mo mheisneach mhór,
Mo sheise comhlainn rém chúl:
Mo shéad é dá ngabham grádh,
Mo ré lán is m'abhall úr.



Mo bhile buadha fa mheas;
Mo chridhe-se an cuanna cas:
Mac flatha ar nár foilgheadh fios,
Mo chrios catha an boinn-gheal bras.



Ar n-uisge tobair nach tráigh,
Ar n-urra cogaidh do chlódh:
Fáth ar mire ['s] ar muirn shaor,
Ar gcuirm dhaor 'gá hibhe a hór.


L. 37


Mo chloideamh, mo chaoil-shleagh chorr,
Mo thogha Ghaoidheal is Ghall:
Atá ag taisgidh a run riom,
'S mo mhionn súl re' fhaicsin ann.



Sinn riamh re dúthchas ag dréim,
Do-niam as do dhúthracht dóigh:
Mo neart ní cheilim ód-chím —
Tríbh do-gheibhim ceart is cóir.



Cóir fáilte re fear do sgéil.


L. 37


III.



Iomthúsa Eoin Mhúideórdaigh mhic Dhomhnaill mhic Ailín,
tighearna Chloinne Raghnaill, ar n-a thréigsin don uile
dhuine tar éis Muntrós agus Mharcóis Huntlí do chur
chum bais agus ar mhair beó do na haislibh do bhí i leith an
ríogh ar díbreadh i gcríochaibh ciana comhaightheacha, do bí
seisean 'na aonar ag fanmhain amuigh ón ríoghacht agus an
t-iarsma do mhair don mhuinntir do bhí i leith an ríogh ar
dtionól 'má thicheall. Do bhí teachtaireacht le comhtha
do ghnáth ag teacht chuige ón ríoghacht dá atach um reite riú
agus níor ghabh, acht do chuir a mhac Domhnall go hÉirinn
agus ar mhair aige d'Éireannchaibh agus cuid dá dhaoinibh
uaisle Albanacha leó agus do fhan féin agus an chuid eile
don mhuinntir ag seasamh a dhúthcha.



Iomthúsa Dhomhnaill do ghluais sé a hUibhist ar fligeart
gléasta do luing Ghallda do bhí aige agus ar luing fhada
Ghaoidhealaigh i dtimcheall trí chéad do shaighdiuiríbh déanta
dulchannacha san bhliadhain 1648. As sin dóibh go Caol
Muile, go Colbhannsáigh agus go Caol Íle. Tárla long
mhór dóibh ann agus do ghabhadar í fá n-a lucht do shíol


L. 38


eórna. Do ghlacadar long oile san chuan. Ní fhuarsad
éadáil ar bioth innte. Do léigeadar uatha í. Do sheólsad
go hÉirinn. Rug stoirm ortha ar an oirear, ionnus gur
sgaradh ó chéile a n-árthraigh. Ráinic cuid aca cuan na
gCeall Beag. Do chuaidh Domhnall agus ar lean ris ar
tír ar chorrán Áird Mheig Giollagáin. Do léig uaidh na
hárthraigh go hAlbain. Do ghluais go hAchadh Dá Charadh,
áit ina dtárla geireasdon cáirdeamhail dóibh. As sin
dóibh go Cunntaoi an Chabháin, áit ina dtárla Filip Ó
Raibhill riú .i. tighearna na tíre sin agus cara dhóibh-sean
Do ghluais as sin go Muileann Cearr na Midhe agus do
fhágaibh a mhuinntir ar cheathramha san bhaile sin agus do
ghluais sé féin go Cill Choinnigh, baile ina raibhe Comhairle
na hÉireann 'na suidhe. Fuair sé ordughadh é féin agus a
mhuinntir do dhul isteach i n-arm na Comhairle fa chúmanda
Sinireil Priosdón. Is é sin arm ina raibh Alasdair
mac Iarla Aontroma agus ar mhair d'Albanachaibh agus
d'Éireannachaibh do chuaidh le hAlasdair mac Colla go
hÉirinn do Chloinn Domhnaill agus dá ndaoinibh muinn-
teardha. Ní raibhe an reidsimeint-se gan chúig céad déag
do thogha daoine uaisle innte. Domhnall mac Eóin
Mhúideórdaigh 'na liftenant coilineil innte, agus Aonghus
mac Alasdar tighearna na Leargan Ceinntírighe 'na chéad
chaiptín innte.



Seal san arm sin [dóibh] fá chlú agus fá onóir ag tabhairt
bhailte móra amach ó na náimhdibh nó gur bhris siad amach a
harm an Phriostúnaigh go rugadh ortha san Chunndaigh
Riabhaigh. Do bhí buidhean mhór d'Éireannachaibh do Chaomhána-
chaibh maille riú, agus iad fá lucht eoluis dóibh agus an
uair rángadar sin eolus a gcríoch féin agus fradharc
coilleadh do bhí i bhfoisge dhóibh do theicheadar agus do
fhágsad ris cách, ionnus go dtáinic an námhaid 'na measg
isteach ortha gur cuireadh as a chéile iad gur gabhadh
Domhnall, tighearna Chloinne Raghnaill, agus Aonghus,


L. 39


tighearna Ghlinne Garadh. Do cuireadh ar láimh do Chill
Choinnigh iad. Do bhádar sin seal i bpríosún nó go bhfuair
Marcós Aontroma slige ar a bhfuasgladh. Is luaithe táinic
mac mic Alasdair amach ná mac Eóin Mhúideórdaigh agus
do thriall mac mic Alasdar anonn ar fairrge i ndiaidh
an ríogh, agus do fhág Domhnall san phríosún agus do bhí
seal ann nó go ndeachaidh tuilleadh airgid dá fhuasgladh.
ó Dhuitseas Bucingeam .i. bean phósta Mharcóis Aontroma.
Do chuaidh sé as sin go Loch Garman. Do cuireadh long
le Marcós Aontroma leis nó gur chuir fá thír i gCaolas
Stáláigh i nUibhist é agus Aonghus mac mic Alasdair,
tighearna na Leargadh, mar aon fris. Fá lúthgháireach a
cháirde fá n-a theacht dá n-ionnsaighe. Tángadar a dhaoine
uaisle go grod 'na dhiaidh ar luing do ghabhadar ar an
oirear Éireannach. Dob' iad na daoine sin do chuaidh
leis d'Éirinn .i. Murchadh mac Mic Néill Bharraigh, duine
mór maiseach agus é tréightheach deagh-thabhartha suas,
Alasdair mac Eoin mhic Ailín 'na bhuachaill (?) óg,
Domhnall Gorm mac Ailín, Domhnall Ruadh mac Domhnaill
mheic Lochluinn Mhic Mhuireadhaigh, Eóin mac Domhnaill
Faghlach Mheig Beathadh, Aonghus mac Alasdar mhic Gothfraidh.
Táinic Eóin mac Briain Mheig Mhuireadhaig agus cuid
oile do na daoinibh ar slighidh eile dóibh féin.



Ar dteacht do Dhomhnall ón turus sin do chaith a athair
agus é féin a n-aimsir ag seasamh a ndúthcha nó go bhfuair
siad síothcháin ón ríoghacht. Gidheadh, do bhí ainbhfiacha ag a
n-eascáirdibh ag fás ortha feadh na haimsire sin, gur
fhágaibh fá leathtrom do ghnáth iad féin agus a sliocht 'na
ndiaidh.



Anno Domini 1670 an bhliadhna do theasda Eoin
Múideórdach i nÉirisgáigh i nUibhist agus do cuireadh a
chorp i dTogh Mór, ar bhfágbháil a mhic, .i. Domhnall,


L. 40


agus triúr inghean, .i. Mór, baintighearna Chola;
Caitríona, baintighearna Bharraigh; agus Anna, baintigh-
earna Bheinne Bhaghla. Domhnall mac Eoin Mhúideórdaigh,
sé bliadhna déag eidir bás a athar agus a bhás. Do chaith
sé na sé bliadhna déag sin ré gnóidhibh síothchána, seal ag
feitheamh cúirte lán do chion agus d'onóir tré fheabhas a
bhéas agus a dheagh-iomchuir agus seal oile ag baile ré
díol ainbhfiach. Do éag i gCannaigh san bhliadhna 1686
an bhliadhain chéadna teasda an dara Rí Séarlus. Do
cuireadh corp an Domhnaill-se i dTogh Mór i n-aon leabaidh
re a athair, ar bhfágbháil deise mac agus triúr inghean
'na dhiaidh .i. Ailín an tighearna agus Raghnall Mór,
agus Seonóid agus Máire na hingheana. Mór, inghean
Eóin Mhic Leóid, a máthair; agus Mór, inghean Ruaidhríogh
Mhóir, máthair a n-athar .i. Domhnall. Fá mór an truime
agus an t-urdhubhadh do chuir bás an deigh-fhir-se ar Innsibh
Gall amhail thaisbéntar 'na mharbhnaidh:


L. 40


IV.



MARBHNAIDH DHOMHNAILL MHIC EÓIN MHÚIDEÓRDAIGH
d'éag san bhliadhain 1686.



NIALL MAC MHUIREADHAIGH cct.



I.



Deireadh d'aoibhneas Innsi Gall
Éag aoin-fhir an losgadh lom
Tosach cumhadh gidh eadh ann
Dubhadh nach [fann] feadh na bhfonn.



II.



Ó bhás fhéinnidh fhola Chuinn
Ní fuil croidhe gan chneidh dtinn:
Gan anáir ó chách don chloinn
Soirbh go brách gabháil a ngill.


L. 41


III.



Mac Eóin Mhúideórdaigh mhóir mhir,
Giorra a ré is géar rom ghuin:
Truagh mo thoisg i ndeoidh an fhir —
Do loisg sin m'fheoil agus m'fhuil.



IV.



Nocha n-fhacas aon mar é
Ar ghasdacht, ar ghloine a ghné:
Ar fhéile, ar fheabhas um ní
'S réidhe ár rí (mo chreach!) san chré.



V.



An-altra é is oide ar sgol,
Ar n-antrom, a Dhé, a dhul:
Do ghéad a shaoghal mo sheadh,
Ceadh acht béad baoghail 'nar mbun.



VI.



Leomhan é ar ghairge a ghníomh,
Acht nach tadhladh ní budh nár:
Fear ceann ag seoladh na síodh,
M'annsa díon dheoradh is dhámh.



VII.



Leon ar mo chroidhe 'gá chaoi,
Deoraidh is duine gan ní:
Mise ar buile, gé bé mé,
A Dhé, 'mam ruire 's 'mam rí.



VIII.



Mear a meanma ar ghort ghliadh,
Ceann feadhna gan eiteach n-áigh:
Lámh nár thais san chomhlann chruaidh
Domhnall go mbuaidh 'na bhais bhán.


L. 42


IX.



Ar ionchaibh ro-dháimhe a ríogh
Arm d'iomchur ón uair do aomh,
Budh freaslach ar fraoch na mblár
Laoch mar mo ghrádh seasmhach saor.



X.



Coinnle budh braise 's gach blár
Budh soirbhe a thaise re truagh:
Ag so an croidhe budh ceart grádh
'Na loighe ar lár searc na suadh.



XI.



Eo seile 's an bradán bras
Is deireadh na ríogh ó Ros:
So an tír-se tiar na ngeann nglas
Mo gheall as is cian do clos.



XII.



Ón chorp-sa cuireadh i n-uaigh
Is bocht m'fhuireach ar bioth bán:
Nach féaghaim gur leam a luadh
Ceann na sluagh dá ndéanaim dán.



XIII.



Iomdha fear i nUibhist fhinn
Agus bean i mbuile bhróin
Má thriath do chleith isin chriaidh,
Sgiath na bhfian nár theich ó thóir.



XIV.



Níor bhac Domhnall díom re' dhul
Ní riamh do mhaoidhfinn mar mhodh:
I mbeirn bhaoghail ní bhiadh leamh
Mo ghrian gheal nár chaomhain crodh.



Deiread d'aoibhneas Innsi Gall.


L. 43


V.



NA TIGHEARNAIDHE BHÍ I gCOMHAIMSIR LEIS AN
UGHDAR (.i. LE NIALL MAC MHUI READHAIGH).



É féin dá n-áireamh.



Cuirfead ann so síos duit, a léightheoir, gach aon atá
i dtighearnas san aimsir-se ar sliocht Eoin mhic Aonghuis
Óig re' n-abarthaoi Mac Domhnaill agus Mórmhaor na
nOilén agus Rí Fionn-Ghall.



Sliocht Raghnaill céad-mhac Eóin, mar adubhramar
roimhe, Tighearna Chloinne Raghnaill.



Ailín mac Domhnaill mhic Eóin Mhúideórdaigh mhic
Domhnaill mhic Ailín mhic Eóin Mhúideórdaigh mhic Alasdair
mhic Ailín mhic Ruaidhrí mhic Ailín ó' n-abarthar Síol Ailín
mhic Raghnaill ó' ráidhtear Clann Raghnaill mhic Eoin mic
Aonghuis Óig.



TIGHEARNA GHLINNE GARADH.



TIGHEARNA MHÓIRÓIN.



TIGHEARNA BHINNE BHAGHLA.


L. 44


Ní fhuil do shliocht feardha agam re n-a chur síos ar
sliocht Dhomhnaill a hÍle ag a bhfuil tighearnas acht



MARCÓS AONTROMA:



Ní fhaicim do shliocht ag a bhfuil innmhe dár ghein ó
Eoin Mór acht Iarla Aontroma agus tighearna na Leargan
Ceinntírighe ar sliocht Raghnaill Bháin mhic Eoin Mhóir,
tighearna na bPingingeadh i gCinntíre, ar sliocht Aonghuis
Íligh mhic Eoin Chathánaigh.



SÍOL LEOID AGUS SÍOL TORMÓID.



Do b'eolach dhúinn cúigear mac an Ruaidhrí Mhóir sin
.i. Eoin an tighearna agus Ruaidhrí agus Tormód, Uilliam
agus Domhnall. Isibéal inghean Domhnaill mhic Aonghuis
do mháthair aca .i. Tighearna an tSróim agus Ghlinne
Garadh.


L. 45


NIALL MÓR MAC MUIREADHAIGH CCT.



do Ruaidhrí Mór Mac Leoid.



I.



Sé hoidhche dhamh-sa san dún —
Níor bh'é an coinnmhe fallsa fuar:
Cuirm líonmhar 'gá hibhe a hór —
Fíon-bhrugh mór is líonmhar sluagh.



II.



Teaghlach an tighe ar gach taobh,
Fá hí an fhine mheadhrach mhór:
Ferrde suaimhneas ratha an ríogh
Líon catha i n-uaigneas fá ól.



III.



Gáir na gcláirseach 's na gcuach dtrom,
Ag nach gnáthach fuath ná feall:
Gáir na mbleidhe bhfleasgach bhfionn,
Lionn measgach is teine theann.



IV.



Rí ó' n-olbhuir aigneadh úr,
Conghbhaidh a chaidreamh gach cliar:
'Na ríogh-bhrugh ní haisling ól
Dá shlógh líonmhar fhairsing fhial.



V.



Fiche meisge linn gach laoi —
Nochar leisge linn nó lé:
Fiú i neart ár mbeathaidh do bhí
Ceathair, a trí, a seacht le sé



Sé.


L. 46


III. SINNSEAR ACHT IS GAOL ALASDAIR
MHIC COLLA.



[Sliocht Leabhair Dhuibh Chlainne Raghnaill.]



Raghnall Arannach mhac Somhairle mhic Alasdair mhic
Eoin Chathánaigh do fuair ceannas shleachta Eoin Mhóir .i.
Iarla Aontroma. Do ghabh cóir ar a dhúthaigh ó Rígh Séamus
an seismheadh ó Bhun Banna go Corrán Latharna, obiit
1636, et sepultus Mergia.



Alasdair mac Somhairle ba duine cródha leoghanta an
gaisgeach soin, go háirighthe i n-aghaidh Sagsanach agus
Chloinne Uibhlin. Do chuaidh do chungnamh le hinghin
dhearbhráthar a athar .i. Inghin Duibh Shéamuis, an bhean do
bhí ag Ó Domhnaill .i. Aodh mhac Maghnuis i n-aghaidh
Shagsanach agus do thuit sé le Caiptín Marmél le hamus
oidhche agus do beanadh a cheann de ar chrannóig Abair
Locha Lapáin, agus do cuireadh go Baile Átha Cliath an
ceann agus do cuireadh a chorp i mainistir Beirt. Amhail
adeir Brian Ó Gnímh:



I.



Mionn súl Éireann i n-Áth Cliath —
Mo ghrádh don bhéil-dearg nár bhaoth:
Ceann go síodh-shnuadh céim ós chách;
A ghnáth féin 'gá mhíon-ghruadh mhaoth.


L. 47


II.



Do bhí d'airde i n-ua na gConn —
Rí díobh Cairbre na gcuach seang
'Gá raibhe ceart chláir na bhFionn —
Ós cionn cháigh gur chleacht a cheann.



III.



A bheith gan fhios níor bh'áill leis —
A ghnáth gus a-niugh a-nois
'Gá chéibh mhíon-mhaoith chlann-úir chais,
'Gá mhall-shúil ghlais ríogh-laoich rois.



IV.



An mian budh gnáth don gheal donn
Aniugh i n-Áth Cliath 'gá chionn:
Dob' é mian a mhalach seang
Gan cheann d'fhalach don fhial fhionn.



V.



Ceann an fhabhra dhosaigh dhlúith
Re frasaibh garbha, re gaoith:
Ciall mo mhí-mheanma ós cionn cháich
Mionn bhláith an mhín-earla mhaoith.



VI.



Fulang sneachta 'gá fholt fhiar
Do chleachtadh dá chruth mar smual:
Aoin-cheann dob' oirdhearca gníomh —
Síon fhraoich-theann oighreanta fhuar.



VII.



Ceann i n-airde ar fhioghraibh croinn,
A airde ní hiongnadh linn:
Díol a thoghtha i gcathaoir Chuinn
Níor thuill tathaoir cromtha cinn.


L. 48


VIII.



Um cheann ngeal í Fhiachadh úir
'Gá mbian-ghadh teas agus tuaidh
Minic brain-eoin ar fhud n-áigh
Go dtug dháibh glain-fheoil a ghruaidh.



IX.



Ceann í Cholla 'gá ngáth geall
Dob' fháth dó a chora ós a gcionn
Gur bh'ainibh dhóibh d'uaisle ann
Uaisle Ghall gur chóir fán gcionn.



X.



M'ionmhuine le hadhbhaidh shaoir
M'ionnmhas le Gallaibh 'na ghruaidh:
A fhiodh budh coill dagh-fhasgaidh dúinn
Le súil moill Alasdair uain.



XI.



Gnús nár go ndéad sliom-ghlan seang
Sgéal iongnadh le cách ón chionn:
Coill coimhéada chríche Gall
Foighéaga a chlann bhfíthe bhfionn.



XII.



Geall ón rós ag grís a ghruadh,
An ceann bhós mar do bhí slán:
Gan chleith do bhí-sean 's do bhiadh;
A bheith riamh íseal níor bh'ál.


L. 49


XIII.



Atá uaim i n-aol-mhúr Ghall
Mo cheann dá chaomh-chúl chuach bhfionn:
Bráighe rem bhreith-se 'na gceann
Ceann an mheic-se Máire ar mionn.



Mionn súl Éireann i nÁth Cliath.


L. 48


Bhaill, R.C.


L. 49


Do chuir an laoidh-se d'fhiachaibh ar Ghallaibh ceann
Alasdran do thabhairt anuas.



[Ba col ceathrair d'athair Alasdair mhic Colla an
t-Alasdar so.]



Cúigear mac do bhí ag Alasdair mhac Eoin Chathánaigh i
n-éagnais Dhomhnaill Bhallaigh do bhí dall. Triúr dhíobh
so do dhul sluagh mór dh'Éirinn .i. Séamus agus Aonghus
Uaibhreach agus Somhairle, go ndearnadh longport leo i
nGleann Seisg 'sna Glinnibh. Ó Néill .i. Seaán mhac
Chuinn Bhacaigh mhic Cuinn mhic Éinrí mhic Eoghain do thabhairt
amuis longphort orra agus Aonghus Uaibhreach do mharbhadh
ann. Séamus do ghabháil buailte ann agus do éag i
nDún Gheanainn agus do cuireadh i n-Árd Mhacha.
Somhairle, ar mbeith fada ar láimh dhó, do léigeadh as é,
agus do phós Máire, inghean Chuinn Bhacaigh.



Colla mhac Alasdair mhic Eoin Chathánaigh, an treas mac
fá seine dhíobh, do rug an Rúta as lámhaibh Chloinne Uibhlin.
Do éag i nDún Libhse, agus dá éis sin do ghabh Somhairle an
Rúta.


L. 50


IV. MOLADH SINNSEAR AGUS GAOIL
ALASDAIR MHIC COLLA.



Ó hÉANNA DO RINNE SO D'EOIN A HÍLE.



[Sliocht Leabhair Dhuibh Chloinne Raghnaill.]



I.



Ceannas Gaoidheal do Chlainn Cholla —
Cóir a fhógra:
Siad arís 'na gcathaibh céadna,
Flatha Fódla.



II.



Ceannas Éireann agus Alban
An fhuinn ghrianaigh
Atá ag an dreim fhuiligh fhaobhraigh —
Cuiridh cliaraidh.



III.



Fuair ceannas na haicme uile
Eoin a hÍle:
Fuair Alasdair flath na féile
Rath na ríghe.



IV.



Domhnall, Eoin agus dá Aonghus
'Mán fhial fhaoilidh:
Ceathrar do bhean riar do ríoghaibh
'S dár ghiall Gaoidhil.


L. 51


V.



Domhnall is Raghnall don ríoghraidh
Riamh nár tughadh:
Somhairle nár mheall a moladh
Ceann na gcuradh.



VI.



Ceathrar ó Shomhairle shúl-ghorm
Suas go Suibhne:
Ceathrar sin nár bh'fhóill n-innmhe —
Cóir a gcuimhne.



VII.



Seisear ó Shuibhne — ríomh rathmhar —
Go Rígh Colla:
Fíon aca fá bhruachaibh Banna
A cuachaibh corra.



VIII.



Dá n-áirmhinn a dtáinig uime
D'uaislibh Ghaoidheal,
Béim ar én-ghlúin uaidh go hÁdhaimh
Ní fhuair aoin-fhear.



IX.



Ag so treas do ghinealach Ghaoidheal,
Mar do gheallas:
An dream-sa ris nár chóir coimeas,
'S dár chóir ceannas.



TAGRA.



Dob' é Eoin a hÍle seo céad-Mhórmhaor Inse Gall;
d'éag sé tuairim 's an bhliadhain 1386. 'Sé Aonghus Ógh
Mac Domhnaill dob' athair dó, agus uaidh sin mar an
gcéadna do shíolruigh Clann Domhnaill Aontroma ar díobh
Alasdair mac Colla.


L. 52


V. MOLADH MHIC DHOMHNAILL.



File éigin ro chan.



[Sliocht Leabhair Dheirg Chloinne Raghnaill.]



I.



Fíor mo mholadh: ar Mhac Domhnaill,
Cur le' gceanglaim: cur gach comhlainn.



II.



Croidhe leomhain: lámh nár tughadh.
Guaire Gaoidheal: aoin-fhear Uladh.



III.



[Aoin-fhear Uladh]: táth na bpobal.
Rosg le' rugadh: cosg na gcogadh.



IV.



Grian na nGaoidheal: gnúis í Cholla;
Fa bhruach Banna: luath a longa.



V.



Cuilén confaidh: choisgeas foghla.
Croidhe cunnla: bile Banbha.



VI.



Tír 'na teannail: deirg 'na dheaghaidh.
A bheart bunaidh: teacht go Teamhair.



VII.



Measgadh Midhe: onchú Íle.
Fréimh na féile: tréan gach tíre.



VIII.



Níor éar aoin-fhear: nó dáimh doiligh
Craobh fhial oinigh: ó fhiadh n-Oiligh.



IX.



Níor fhás uime: acht ríoghna is ríogha —
Fuighle fíora: fíor mo mholadh.


L. 53


VI. BEAGÁN SGÉALAIDHEACHTA AR ALASDAIR
MAC COLLA.



Reachrannach .i. Glasba Beag Mac Giolla Mhuire d'innis.



I. Suipeár Alasdair.



Bhá 1 Colla Dubh ann agus bhá mac aige an 2 rabh Alasdair
mac Colla air agus fhuair a mháthair bás agus phós a athair
aríst agus cha rabh í 3 (.i. a mháthair chéile 4) maith dó agus
bhíodh é 5 a' dul a luighe má thuitim 6 na hoidhche. Ag am
suipeir rachadh ise le n-a shuipeár agus deireadh í go mór:



"Eírigh, a Alasdair, is glac do shuipeár."



Deireadh eisean: "Goidé thá 'nn?"



Deireadh ise go beag: "Feoil do chon chéir. 7"



Deireadh eisean: "Cha ghlac mí fhéin. 8"



Deireadh ise: "Thá 9 é bláth."



Deireadh eisean aríst: "Cad athá. 10"



Annsin deireadh ise go mór annsin, dóigh is go gcluineadh
a athair í 'gá chur ar a chois: "Eírigh! Eírigh!"



[D'fhoghlaim Glasba Beag an sgéilín sin ó Albanach, ar chuma
go raibh "glachc" aige ann i n-ionad "glac" atá ag na
Reachrannachaibh; mar sin do rudaíbh eile leis .i. "cad athá,"
agus rl.]



II. An Oidhche Iongantach.



Bhá Alasdar ag an dorus. Dubhairt a athair leis:



"Goidé an seórt oidhche atá ann anocht?"



"Tá," arsa Alasdar, "oidhche réabogach, róbogach
rialtogach, ghealaighe, gan turadh, gan uisge."



"Tá oidhche iongantach ann," ars' an t-athair.


L. 54


"Chan fhuil nas 11 iongantaighe ná molt m'athara bhíth 12
'gá úsáideachadh 13 agus 14é 'na aineol 14 dhamh-sa!"



Dh'aithnigh a athair annsin nach rabh é a' fagháil chirt. 15



III. Cosan an Tairbh.



Cé b'ar bith, bhá tarbh mór sticeach ag a athair agus
dubhairt a mháthair chéile leis go do 16 iarr a athair air
cosan 17 an tairbh a thabhairt isteach. Chuaidh Alasdar
amach agus tharraing é na cosan as an tarbh agus thug
é isteach 'uin toighe iad.



IV. Coimheád an Toighe.



Bá a athair stráiceil 18 go rabh é comh láidir agus
chuaidh é amach agus dh'iarr é ar Alasdar an toigh a
choimheád, 19 éagal 20 go dtigeadh robairean 21 ionnsuighe
an toighe, agus tháinigh é fhéin ins an dorus, a' leigean air
fhéin gur robair 22 a bhá ann, agus bhá eisean a' puiseadh 23
isteach an doruis, agus fhuair Alasdar cos grápa agus
phut 24 é fríd an dorus é agus chuir é an tsúil as a athair.



[Ní dócha go bhfuil cuma na fírinne ar na sgéilíníbh
sin tuas, acht cé chreidfeadh don tseansgéalaidheacht?
Ní'l innti acht sgéal.]


L. 55


VII. CEÓL FÁ ALASDAIR MAC COLLA.



Ní haon iongnadh, agus a raibh de cháil agus de chlú ar
Alasdair mhac Colla fá n-a ghníomharthaibh gaisge, go
bhfuil trácht ortha i roinn eile den ealadhain. Do
cuireadh iad, ní hé amháin i sgríbhinn, acht i gceól comh
maith céadna.



Tá dhá phíosa ceóil againn ar marthain go dtí an lá
indiu go bhfuil dlúth-bhaint aca le hAlasdair. De
shaghas éagsamhail gach ceann aca .i. amhrán agus máirseáil.
Rud eile, ní hi n-aon tír amháin do coimeádadh iad. Is
iad oileánaigh Inse Gall Alban do chaomhain an t-amhrán,
agus is iad Muimhnigh Chontae Chorchaighe do chéad-foghluim
an mháirseáil, is dócha, agus do choingibh cuimhne uirthi nó
gur leathadar ar fud na hÉireann í nó sa Mhumhain agus
i gConnachtaibh ar aon tslighe.



Tuigimíd dhá rud as an méid sin, .i., (1) gur choimh-dheas
agus gur chuma d'Alasdair 'na Albanach nó 'na Éireannach
— ba Ghaedheal é agus ba leór dó sin — agus dá bhrígh sin
gur fhág sé a lorg i gceól an dá thír den Tré-fhód go
mbíodh baint aige leó araon; (2) gur comhroinn dá chéile
Alba agus Éire ins an sgéal so Alasdair (nó Alasdruim
ar nós na Mumhan) ar chuma nach féidir cunntas iomlán
a bheith againn air ó thír amháin aca.



Cuirim síos annso i n-ár ndiaidh ar bhuail umam de
thuairisg ar an dá phíosa cheoil:



AN tAMHRÁN.



'Sí an Mhaighdean Uasal Franngóg Nic Tolmaigh do
thárrthuigh "Alasdair 'mhic ó-hó." I mBarra (.i. oileán


L. 56


d'Insibh Gall) 'seadh fuair sí é. Amhrán de roinn na
"luinneog" é, do rinneadh, b'fhéidir, le linn Alasdair
féin a bheith beó nó sgathaimhín beag 'na dhiaidh sin. Féach
mar labhairtear ann ar mharbhadh Thighearna Achaidh na
mBreac, ar losgadh Ghlaschó, agus ar Obair-Dheadhain a
bheith dá chreachadh, agus gur "indé" do chuala fear an
amhráin cuid de na sgéalaibh sin .i. "Glaschó a bheith ag
dul 'na lasair."



Ó thárla go bhfuil an Ghaedhilg bhunaidh ar caomhnadh ag
Inghin an Tolmaigh 'sé rud do rinneas-sa annso acht
déanamh an Éireannachais do chur ar an Albanachas. Acht
tuigthear uaim nach fuil oiread is focal athruighthe óm
láim-se, mar nach dearna acht gramadach (.i. nós graiméir)
na hÉireann do chur i n-ionad gramadaighe na hAlban.
Ná tógthar orm gur choingbheas trí focail nach fuil
coitcheann i nÉirinn, .i. "go n-earbainn" (.i. go mbeadh
súil agam le, go mbeadh ionntaoibh nó muinighin agam as) —
focal fíor-Shean-Ghaedhilge é seo nach féidir a shárughadh
ar mhéad a aoise agus a fhírinnighe, an té do chuardóchadh
Gluaiseanna an Strachánaigh, erbaid, no-m-erpimm, is,
má chailleamair-ne i bhfus é, ní misde é bheith beó thall;
"uir" (.i. bruach), sin focal bhíos go mion minic i sgéal-
aidheacht ár leabhar lámh; "ploc" (.i. torp, dairt, fód),
focal a thuigfeadh duine as an gcoibhghe, cé nach fuil sé
ar bail i bhfus againn, dom iúl féin.



'Sé rud do-ní an t-amhrán so caithréim Alasdair do
cheileabhradh dhúinn.


L. 55



L. 56


AN MHÁIRSEÁIL.



Is iomdha sgéal ar "Mháirseáil Alasdruim." Seo mar
do labhair Smith i n-a stair ar Chonntae Chorcaighe: "Tá
sadhas ceoil ann atá an-aisteach agus togha an eolais air
san Mhumhain ón ainm Máirseáil Alasdruim — rithlearg
fhiadhain é do rinneadh i n-onóir an taoisigh sin, agus é fá


L. 57


áird-mheas ag Gaedhealaibh go dtí an lá atá indiu ann,
go mbíonn dá sheinm ar a bhfleadhaibh go léir." Éist
fós le hAineisleis Ó Grádaigh ins an tagra do chuir sé le
"Tóruigheacht Dhiarmuda agus Ghráinne": "Tá cuimhne
ar chath Chnuic na n-Os (nDos) do bhárr puirt phíobaireachta,
le n-ar shiubhail sluagh Mhic Dhomhnaill an lá úd. Tá togha
an eoluis air i ndeisceart na hÉireann ón ainm Máir-
feáil Alasdruim .i. máirseáil nó triall Alasdair nó
Alexandair."



'Sé Éamonn Bunting do chuir an port so i sgríbhinn.
Deir sé ar l. ix de chlár ainmneacha Béarla na bhfonn is
na bport gur ó phíobaire i gCathair na Mart i gConndae
Mhuigheo i gConnachtaibh a fuair sé é. Fágann soin gur
nós píobaireachta na gConnachtach atá air fá mar atá
sé annso 'n-ár ndiaidh. Ní fios dúinn ar sgríobhadh nós
na Mumhan air fós riamh.



Ó's ní é gur chuir Bunting an mháirseáil seo i n-oirea-
mhaint don phianoforte le crónán uaidh féin, do mheasas
nár bh'fhearr dam rud do dhéanfainn ná an crónán soin
do chongbháil annso, mar gurab é an pianoforte, pé locht
atá air, an gléas ceoil is treise agus is iomláine agus
is coitchinne ar bith.



Ár rádh fá dheoidh 'na leith seo, gurab é an gnás a bhí
riamh ar bail tuireamh nó caoineadh ar an laoch i ndeireadh
an leabhair ina mbíonn an stair ar a bheathaidh. Ní
fhuaramar aon tuireamh ar Alasdrom mac Colla isna
leabhraibh, i gcló ná i sgríbhinn, acht cá fearr tuireamh
do bheadh ar a leithéid de thaoiseach "arm-dhearg éacht-
mhinic" agus ar "a thogha reisimeinte do Ghaoidhealaibh
Éireannach agus Albanach do bhí tiúnta ar lámhach agus
teaghmha ar troid" ná an mháirseáil seo 'n-ar ndiaidh le
n-ar thrialladar chum catha an lá deireannach dá saoghal
.i. lá Chnuic na nDos?


L. 57a



L. 57b


A ALASDAIR, MHIC, O-HO.



Bean Mhic Giolla-Eoin Tuathanaigh
do ghabh i n-oileán Bharra, sa bhl. 1902.



Modh 2. a.b. (fáradh agus nóta)
Go measardha árd
(Amhrán)



1. A-asdair 'mhic, Ó-Hó! Cholla ghasda, Ó-hó!
Crónán
As do láimh go n-, Ó-hó, Earbainn tapadh, trom eile.
(Luinneog)
Chall eilibh óhí, Chall ó hó ró, Chall eilibh óhao, Chall ó hó ró
Críoch.
Challail-ó, haorí ó, Chall ó hó ró, hao í ó hó, trom eile.


L. 57c


2. As do láimh go n-, Ó-hó!
Earbainn tapadh, Ó-hó!
Marbhadh Tighearna, Ó-hó!
Achaidh na mBreac leat, trom eile.
Luinneog: Chall eilibh, agus rl.



3. Marbhadh Tighearna, Ó-hó!
Achaidh na mBreac leat, Ó-hó!
Hadhlacadh i n-, Ó-hó!
Uir an loch' é, trom eile.
Luinneog: Chall eilibh, agus rl.



4. Hadhlacadh i n-, Ó-hó!
Uir an loch' é, Ó-hó!
'S gé beag mé fhéin, Ó-hó!
Bhuail mé ploc air, trom eile.
Luinneog: Call eilibh, agus rl.



5. 'S gé beag mé fhéin, Ó-hó!
Bhuail mé ploc air, Ó-hó!
Chuala mé indé, Ó-hó!
Sgéal nár bh'ait liom, trom eile.
Luinneog: Chall eilibh, agus rl.



6. Chuala mé indé, Ó-hó!
Sgeal nár bh'ait liom, Ó-hó!
Glaschú a bheith, Ó-hó!
Dul 'na lasair, trom eile.
Luinneog: Chall eilibh, agus rl.



7. Glaschó a bheith, Ó-hó!
'Dul 'na lasair, Ó-hó!
'S Obair-Dheadhain, Ó-hó!
I ndéidh chreachadh, trom eile.
Luinneog: Chall eilibh, agus rl.


L. 57d


MÁIRSEÁIL ALASDRUIM



Ughdar agus aimsir dó anaithnid, acht
a rádh gur cumadh é roimh an mbl. 1647.



Go héasgaidh aigeanta.





19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services