Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
A Miracle of Our Lady
Title
A Miracle of Our Lady
Compiler/Editor
Grosjean, Paul
Composition Date
1782
Publisher
(B.Á.C.: An Cumann le Béaloideas Éireann, 1937)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N Béal07 195-196} {L 195} {B 1782ls 18D} {G L} {U 0201} {C Prós} {M 8} A MIRACLE OF OUR LADY SIOMPLADH DIADHA ANAIGH CAITHAIDH URCHOIDEACH AN DIABHAIL Do bhí dithreabhthach aithrighe ann
bhi ag fonamh do Dhia, agus thug moid Geanmnuidheachd do Mhuire bhaintiagharna. Do bhi arus uaigneach deanta ar fasach aige. Afad ó thaithig duine no ainmhidhe, do cuirfeabh toirmeasg air, airle do thabhairt do Dhía agus do Mhuire ghuidhe. Tharla dho bheith oidhche ag araibh duinnion mhor ann, aig cur sneachda go siabhrasach garb-shiantach, agus air mbeith dho ag triall dóchum a leapa. Do chualladh an guth truagh direoil díchoisgidhe aig an dorus, agus ro fhiarfuidh an dithreabhthach, cia bhí ann? Ro fhreagair an neach do bhí amuith agus adubhairt, bean bhocht do bhí ann docuaidh air seachran ar an bfasach, agus nach mbeith beó aon uair amhain mur leigfídh asteach í. "Maseadh," air an dithreabhthach, "ní fheudaimse aonduinne do leigionn anso, agus go haithrighe bean, oir threigios an saoghail uile do chuirfedh toirmiosg orrum ó m'urnaighthe." Acht ceanna labhrus an neach do bhi ag dorus an aruis go truagh-bheil, dear-shnoidhach ag iarradh a leigionn asteach, ionnus gur ghlach an dithreabhthach truaige dhí agus leighios isteach í. Agus air na faicsinn dó, lionnus dha searc imchealgach go hobon, oir do thaithnid a sceimh chomh-mor sin leis gur dearmuid a chuing chreididh agus chrabhadh, agus iarrus leis chum leaptha í. Agus do iontaigh sisi sin go fonmhar, easgaidh. Agus ar mbeith doibh ar aon ag triall dochum na leapta, do chúalladar an guth truagh, dithleora, tursach, meirbh, mi-theagantach aig an dorus, ag iarraidh a leigionn asteach as uchdh Dé. Adubhart an dithreabhach nach ttiucfadh si fein na neach ar bith eile isteach an oidhche sin. "Truad
sin," ar an t-aon do bhi ag labhairt amuidh, "oir ní beó is feidir dhamh do bheith le fuacht na hoidhche thinntidhe gairb-síantach, agus fos le huamhan na n-annspioraid uathfasach, ath-uathfar, dearg-shuileach na duibhe ata ag treun-thoriachd orrum." - "Ní heaguil duit," air an dithreabhthach, "ma ni tu comhartha na croiche ar air ceasam Criost ort fein." - "Ní fheadaim," ar an t-aon do bhi ag labhairt, "oir nir muinneamh as m'oige dhamh é." - "Muinfiad-sa duit é," ar an dithreabhthach, ag togbhail a láimhe súas agus ag rád: "A n-aimn an Aithar agus an Mhic agus an Spiorad Naomh." Air na clos sin don mhnaoi do bhi maille ris an dithreabhach, éirghios 'na meall uathbhasach teinniodh,
agus thug eadan an tighe leis ag imtheacht dho. Tiutios an dithreabhthach i ttais agus a ttaimhneul, agus tháinic an Bhan-rioghain ghlormhar .i. an Oigh Mhuirre isteach, agus líonus an teach uile do dheallradh taithneamhach agus radhus leis gurab í fein Muirre Bhan-tiagharna do thainic dha shabhail ó chaithid urchoideach an diabhail, a n-ionnad gach urnaighthe da ndearnaigh 'na honnoir roimhe sin 'na bheatha; agus radhus leis é fein do choimeud ó sin amach. Do sinnidh an dithreabhtach amhlaigh sin, air mhodh gur dhúinse dorsaibh na hintinne agus na han-toille, ó caithidh an t-saoighail, an diabhail, agus na codla, re gnath-urnaighthe umhal-aithreach croidhe-bhri
te, agus re geur-tadsgadh fada-foideach ag sior-mhuidhe deór go truadh turrsach a gnath-mholladh an Duilamhain, Rígh-tiagharna na sóilse agus na duibhe, agas fos ag sior-ghuidhe na Maigdeine glórmhaire, an Oigh Mhuire, no go bhfuair se bás annsan árus beag roimhraithe do bhí aige.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services