Historical Irish Corpus
1600 - 1926

A Miracle of Our Lady

Title
A Miracle of Our Lady
Compiler/Editor
Grosjean, Paul
Composition Date
1782
Publisher
(B.Á.C.: An Cumann le Béaloideas Éireann, 1937)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



A MIRACLE OF OUR LADY



SIOMPLADH DIADHA ANAIGH CAITHAIDH URCHOIDEACH
AN DIABHAIL



Do bhí dithreabhthach aithrighe ann <feacht naill> bhi ag fonamh
do Dhia, agus thug moid Geanmnuidheachd do Mhuire bhaintiagharna.
Do bhi arus uaigneach deanta ar fasach aige. Afad ó thaithig duine no
ainmhidhe, do cuirfeabh toirmeasg air, airle do thabhairt do Dhía agus
do Mhuire ghuidhe. Tharla dho bheith oidhche ag araibh duinnion mhor ann,
aig cur sneachda go siabhrasach garb-shiantach, agus air mbeith dho ag
triall dóchum a leapa. Do chualladh an guth truagh direoil díchoisgidhe aig
an dorus, agus ro fhiarfuidh an dithreabhthach, cia bhí ann? Ro fhreagair
an neach do bhí amuith agus adubhairt, bean bhocht do bhí ann docuaidh air
seachran ar an bfasach, agus nach mbeith beó aon uair amhain mur leigfídh
asteach í. "Maseadh," air an dithreabhthach, "ní fheudaimse aonduinne do
leigionn anso, agus go haithrighe bean, oir
threigios an saoghail uile do chuirfedh toirmiosg orrum ó m'urnaighthe."
Acht ceanna labhrus an neach do bhi ag dorus an aruis go truagh-bheil,
dear-shnoidhach ag iarradh a leigionn asteach, ionnus gur ghlach an
dithreabhthach truaige dhí agus leighios isteach í. Agus air na faicsinn
dó, lionnus dha searc imchealgach go hobon, oir do thaithnid a sceimh
chomh-mor sin leis gur dearmuid a chuing chreididh
agus chrabhadh, agus iarrus leis chum leaptha í. Agus do
iontaigh sisi sin go fonmhar, easgaidh. Agus ar mbeith doibh ar aon ag
triall dochum na leapta, do chúalladar an guth truagh, dithleora, tursach,
meirbh, mi-theagantach aig an dorus, ag iarraidh a leigionn asteach as uchdh
Dé. Adubhart an dithreabhach nach ttiucfadh si fein na neach ar bith eile
isteach an oidhche sin. "Truad<h> sin," ar an t-aon do bhi ag labhairt
amuidh, "oir ní beó is feidir dhamh do bheith le fuacht na hoidhche
thinntidhe gairb-síantach, agus fos le huamhan na n-annspioraid uathfasach,
ath-uathfar, dearg-shuileach na duibhe ata ag treun-thoriachd orrum." - "Ní
heaguil duit," air an dithreabhthach, "ma ni tu comhartha na croiche ar air
ceasam Criost ort fein." - "Ní fheadaim," ar an t-aon do bhi ag labhairt,
"oir nir muinneamh as m'oige dhamh é." - "Muinfiad-sa duit é," ar an
dithreabhthach, ag togbhail a láimhe súas agus ag rád: "A n-aimn
an Aithar agus an Mhic agus an Spiorad Naomh." Air na clos
sin don mhnaoi do bhi maille ris an dithreabhach, éirghios 'na meall
uathbhasach teinniodh,


L. 196


agus thug eadan an tighe leis ag imtheacht dho. Tiutios
an dithreabhthach i ttais agus a ttaimhneul, agus tháinic an
Bhan-rioghain ghlormhar .i. an Oigh Mhuirre isteach, agus líonus an teach
uile do dheallradh taithneamhach agus radhus leis gurab í fein Muirre
Bhan-tiagharna do thainic dha shabhail ó chaithid urchoideach an diabhail,
a n-ionnad gach urnaighthe da ndearnaigh 'na honnoir roimhe sin 'na bheatha;
agus radhus leis é fein do choimeud ó sin amach. Do sinnidh an
dithreabhtach amhlaigh sin, air mhodh gur dhúinse dorsaibh na hintinne agus
na han-toille, ó caithidh an t-saoighail, an diabhail, agus na codla, re
gnath-urnaighthe umhal-aithreach croidhe-bhri<s>te, agus re geur-tadsgadh
fada-foideach ag sior-mhuidhe deór go truadh turrsach a gnath-mholladh an
Duilamhain, Rígh-tiagharna na sóilse agus na duibhe, agas fos ag
sior-ghuidhe na Maigdeine glórmhaire, an Oigh Mhuire, no go bhfuair se bás
annsan árus beag roimhraithe do bhí aige.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services