Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
I dTaoibh na hOibre
Title
I dTaoibh na hOibre
Author(s)
Ó Neachtain, Eoghan,
Pen Name
Conn
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
I dTAOIBH NA hOIBRE. EOGHAN Ó NEACHTAIN DO SGRÍOBH. Is leas do dhuine corr-uair, nuair bhíos sé ar siubhal ar a mhine-géire & a cheann faoi aige, stadadh, & féachaint siar ar a chuid oibre, & fiafruighe dhe féin, cia mar tá sé 'déanamh, nó cá fhaide tá sé ar aghaidh. Is féidir leis anáil do thar- raing, & breathnughadh ar a shlighidh roimhe & na dhiaidh, cá ndearna sé earráid ina chúrsa annso, nó cá bhféadfadh sé buille ar aghaidh níos láidre 'thabhairt annsúd; cia bhí leis ar dtús, & cia d'éirigh suas i n-imtheacht a shaothair leis agus ina aghaidh, & cia as a mbéidh muinighin aige feasda. Is úsáideach an ní a leithéid seo do dhéanamh, ó am go ham, & b'fhéidir go dtiubhraidh an feuchaint seo, do Chonnradh na Gaedhilge, leide éigin dhí dhá mb'fhéidir léi úsáid do dheanamh nuair thiocfadh an t-am ceart. Is feasach a lán, & tá a lán eile nach dtugann an ní fá deara, gur aisteach an chaoi 'na gcuirtear, go minic, rud i n-iúl do dhuine, ionnus, do bhrígh an fheasa do cuirtear i n-iúl, go gcromfadh sé ar gnó áirithe éigin do thosughadh; & go mbéidh rún aige cur leis, go díograsach dícheallach, nó go gcuirfidh buaidh críoch le n-a shaothar. Is beag, bh'fhéidir suarach go leór le rádh, an ní é rann nó cúpla rann amhráin, & nach minic is cionntach iad le smaointe dhuine athrughadh ar fad ó'n mbealach ar a mbéidh a dtriall roimhe sin go réidh, socair, soineannta. Dubhairt duine críonna, fad-fheiceálach, aon uair amháin, “Leig dham-sa amhráin na ndaoine do dhéanamh, & ní misde liom cia dhéanfas a ndlighthe.” Is
ionann sin & a rádh gur mó an éifeacht atá i spiorad rainn amhráin leis an inntinn do bhrosdughadh, & do chorrughadh, ná tá i gcumhacht airm an ríogh, nuair nach bhfuil an aigneadh, ó nádúr, claon chum an dlighe do choimhlíonadh. Cluinfidh duine eile, nó léighfidh sé, sgéal do thiubhras air tuairisg do chur & eólas d'fhághail ar an bhfear so, nó ar an mbuidhin úd, nó ar an gcogadh eile; & do réir mar bhéas sé ag cruinniughadh eólais, & saoghal nua, glan, dar leis, ghá thais- beánadh féin amach ós a chomhair, ní aithneóchadh sé fá dheireadh gur b'é an duine céadna é do bhí ann sul fuair sé an chéad leide beag eólais, ar a bhfuil dearmad déanta anois aige b'fhéidir. Is mór do chaillfeadh daoine le greann; & ní hiongantach le rádh é dhá mbadh neithe fánacha mar iad so fá ndeara an Ghaedhilg, cuir i gcás, d'fhóghlaim. Bhí sean-fhear, tamall ó shoin, na chomhnaidhe i mbotháinín beag i n-aice thamhnaigh sléibhe, & bhí a shean-chéile na fhochair. Bhí an chlann ar fad imthighthe anonn 's anall uatha, acht bhíodh aos óg an bhaile ag tarraing ann, mar ba ghreannmhar na seanchaidhthe iad an bheirt. Bhí an fear n'fhear árd, Brian bhí mar ainm air, & níl 'fhios agam féin go dtí an lá tá indiu ann, cia an sloinneadh bhí air, — acht bhí sé 'teacht isteach ina theach lá mór báistighe, & ar theacht isteach dó, bhuail sé a chloigeann i n-aghaidh an bháirr-dorais. Rinne sé a éagcaoine nuair sheas sé ar an urlár, acht ní truaighe bhí ag an gcailligh dhó. “Tuilleadh tubaiste agad,” ars' ise, “is ísle an ghé ná thú, & cromann sí a ceann a'teacht isteach.” Bhí stócach as an mbaile istigh, & thosuigh seisean ghá saghadadh, 1 mar ní iarrfadh sé greann do b'fhearr ná iad fheicéál i muineilibh a chéile. Is gearr go raibh fóide móna, stólta, sguaba, & maididhe i n-áirde, & fá dheireadh bhí an teach faoi féin 2 ag mo Bhrian.
Ní mór le rádh an mhéid sin, acht nuair cuirfidhe le chéile é féin, & an smaoineadh go raibh tuilleadh grinn 'san áit a raibh an oiread soin, cia déarfadh nach leanfadh duine dhó, ar shúil le haiteas, siamsa, is spóirt, bheith ann. Agus is beag duine nach mbéadh dúil aige leanamhaint do sgéal, dá mbéadh níos mó dhe le fághail, fearacht an bhuachalla do casadh leis an bhfile lá. Bhí an sgurthach so ag tarraing amach ar thrí déag do bhliadhantaibh & bí sé “ag seóladh na ngamhna sa bhfásach,” lá fliuch, acht nach raibh aon fhuacht ann Bhí an casan 'na phuiteach fá lathaigh & uisge i n-áitibh nach raibh tuitim le fánaidh aige, acht ar fhilleadh abhaile do'n phataire, bhí iachtar a bhrístín fillte suas, & a chosa daite, salach, dubh go lár a loirgneadh, le láib & múnlach an chasáin. Casadh fear breágh, árd, leigthe, déanta, dhó, & bhreathnuigheadar go grinn ar a chéile. Labhair an fear, & d'fhiafruigh sé, “Cá fhaide síos a bhí tú, a stóicín?” & d'fhreagair an buachaill, “Chomh fada a's fheiceas tú salachar ar mo chosaibh.” Is iomdha duine cheapfadh go mb'fhiú aithne do chur ar a leithéid sin, acht is geall le bheith caitheamh péarlaidhe chum na muc aithne thabhairt do dhaoinibh air, atá lionta le meas ortha féin, is ortha féin amháin. Ba hé an buachaill céadna dubhairt leis an sagart nuair dubhairt an sagart leis, “Dhá mbéitheá isteach i n-am bhéarainn ubh dhuit,” “Maiseadh, níor bh'fhearr liom cearch 'ghá breith dham”; & so é an freagra thug sé ar fhear d'fhiafruigh dhe céard bhí a athair dhéanamh indiu: “Tá ag cur dhá dhonas i n-aon donas amháin, 'sé sin, dhá chasán bhí i ngarrdha linn, & tá sé ag cur sgeacha & driseacha ar cheann aca, le na daoine do chongbháil as soin.” B' iongantach do'n tsaoghal an inn- tleacht bhí san mbuachaill seo, & dá mbadh Gréigis nó Laidin an teanga bhí aige, bhéadh sé chomh hárd i réim le Demoste- nes, nó Ciceró, nó leis na hughdaraibh eile ar a bhfuil cáil ag aos óg an ama so. Is cinnte gur imthigh uainn báird filidh & daoine inntleachtamhla eile i litrídheacht i ngeill le heas-
baidh oideachais, & deise le sgríobhadh, agus le maireachtáil, go minic, go deimhin. Acht ní cabhair anois bheith 'ghá n-éag- caoineadh so, & ní dada an tairbhe dhúinn iad le hais gach a bhfuil againn fós. Do lom-aimhdheoin na ndlightheadh do cuireadh i bhfeidhm lé trí chéad bliadhain i n-aghaidh na Gaedhilge, tá sí beó bríogh- mhar indiu; & béidh go lá luain san litridheacht d'fhág maigh- istiridhe móra na teangan againn. Gan trácht ar na leabh- raibh dócamhla soin, Leabhair Laighean, Leabhar na hUidhre, & a leithéididhe, tá prós & filidheacht luachmhar againn ó na Ceithre Máighistiribh, ó Chéitinn, ó Mhícheál Coimín, ó Aodhagán Ua Rathaille, ó Dhonnchadh Ruadh, Dhonnchadh Mór, & na céadta eile, nach féidir áireamh anois. Is iomdha beart fealltach éagcórach, beart na láimhe láidre, d'imir Clanna Gall ar Ghaedhealaibh, ó chuireadar cos 'san tír ar dtús, & níor bh'é an chuid ba lúgha dhe, gach a ndearnadar i n-aghaidh na tean- gan; acht ó d'fháisgeadar a ngreim níos daingne tar éis chatha Chinn tSáile, mhéadaigh a ngangaid, & a bhfuath, & a ngráin ar mhuinntir na tíre & ar gach a bhain leó. Ní bréag, ná áithmhéil a rádh, acht lom-chlár na fírinne, gur dhá n-aimh- dheoin atámuid beó, chor ar bith. Do mhill, bhrúigh, bhasg, bháth, mhúch siad gach seilb shaoghalta dá raibh ag Éireannachaibh, & ní rabhadar sásta leis sin, nó go ngoidfidís, dá mbh'fhéidir é, a seilbh ar an saoghal eile. Baineadh dhíobh, ar dtús, a gcuid talmhan, & cuireadh rith & ruaig ortha, ionnus go bhfuighfidís bás le anshógh & gorta; dhá mbeidís le feiceál arís 'na dhiaidh sin, ní hé amháin go raibh cead a marbhtha a gcrochta, a mbáidhthe, nó a gcur do'n tsaoghal ar bhealach ar bith a thoghróchá, acht ba hionmholta an rud a dhéanamh. Tá sé i n-ar stair le léigheadh ag an domhan gurab amhlaidh do bhí an sgéal, gidh gur doi-chréidte, go leór, le n-aithris é, & do réir bun & príomh-ádhbhair mo chómhrádh, & mo bharamhla is eolais ar ar stáir — sár-eolas ar an bhfírinne — do chuirfeas i n-iúl do dhuine an riachtanas atá air i dtaoibh a thíre. Is
éigin a rádh nach mar a chéile atá an riachtanas so ar gach uile dhuine, mar nár cruithigheadh gach uile dhuine leis an inn- tinn, & leis an spiorad chéadna, acht bíodh an riachtanas so mór nó beag, tá a chionmhaireacht féin ar gach neach de. Nó is féidir a chur i bhfoirm eile, ar an mbealach so. Ba mhór an suaimhneas inntinne & cuirp dham é, dá gcru- thóchadh aon neach dham, go bhfuil lucht coimhéadta na Gaedhilge ar fad amugha, & bheith ag iarraidh an teanga chur ar bun arís. Agus céard do chaithfidhe thaisbeáint annsoin? I measg móráin eile, níor mhór a thaisbeáint nach tír ar leith an tír seo; nó má badh eadh, nach fiú trácht ar a raibh d'inntleacht, do Chríostaidheacht ná d'uaisleacht ina daoinibh riamh roimhe so; gur cuma dhúinn-ne indiu cia aca teanga labhróchas Éireannaigh, teanga a dtíre féin, no teanga tíre eile, óir muna ndéantar úsáid do'n Ghaedhilg, is cuma do'n náisiún dá mbadh i dteanga na bhfear ndubh, nó teanga na South Sea Islanders atá ar bun, sé an cás céadna é d'onóir & d'fhearamhlacht na tíre. Ní mór an litridheacht atá againn do sgriosadh amach, & a mhilleadh, mar síleadh a dhéanamh cheana léi, & an mhaise, & an ealadha 1 atá i n-ar leabhraibh ó chianaidheacht do strachailt as ar meabhairibh. Caithfidh freisin, cuimhne ar ndaoine, & gach ar chleachtamar nár n-óige dhul ar ceal & ar dearmad uainn & sgarfadh sé sin le n-ar nádúr go léir sinn; sé sin le rádh i ndeireadh na dála caillfidh sinn ar nádúr, béimid annsoin gan Murchadha gan Mághnus, mar deir an leath-fhocal. Is é sin go díreach bhí a' goilleadh orainn le tréimhse fhada; bhí aithris 'ghá déanamh ar dhaoinibh, & ar thíorthaibh eile, ar a nósaibh, a mbéasaibh, & a ngnásaibh, & idir iad-san & sinn-ne bhí an oiread do dhifir, nár mhór dhúinn ar nádúr féin do chailleadh go léir, is beag nach, le bheith mar iad. Dá bhrigh sin is beag nach raibh an tsean-tír so tachtuighthe & brúighte fá chois le nar ndíchéille féin.
Fiafróchadh siad b'fhéidir cá bhfuil an dhíchéille sin. Ag so é: neamh-shuim & dearmad do dhéanamh ortha féin, & ar gach a raibh slachtmhar riamh aca, & aithris ar gach a dtáinig tar lear má's maith nó olc é; & badh dhóthaididhe go holc é ná go maith. Go deimhin tá sé chomh holc soin, le goirid, gur beag nach bhfuil inntleacht na tíre plúchta, múchta aige. I n-áit úsáid do dhéanamh do'n mheabhair & do'n inntinn do thug Dia do gach aon neach, d'fhéach daoine suas ar an gcumhacht láidir bhí na dtimcheall (géilleann gach uile dhuine do'n chúmhacht tá 'na thimcheall) & d'umhluigheadar dó, gidh nach raibh ann go fíor-mhinic acht iodhal chriadh no fear bocht bréige. Bí a shliocht air, ní raibh ceólántacht, ná geóspal- tacht ná seafóid ba ghránamhla ná ba dhéisteanaighe ná an aithris do shíolruigh ón neamh-shuim seo. Ní chuala tú go hiomdha, rud is brónaighe ná an sompla do'n chineál so aithris bhí le feiceál an samhradh so chuaidh thart i mbarúntacht Mhag Uilinn, i gcondae na Gaillimhe. Bí foireann buachaillidhe óga i gceann a chéile tráthnóna lae saoire, ar leathtaobh an bhóthair, mar is gnáthach leó, & iad ag déanamh siamsa dhóibh féin. B'fhorus d'aithne ar dhéanamh a n-éadaigh, & ar an gcineál codáis do bhi ann nár bhain sé le n-a mbaile ó thús, mar rinne an táilliúr bocht iarracht ar a ghearradh 'sa' bhfaisean. Bhí “consurtíne” ag duine aca, acht ní chualas iad ag seinm cheóil; acht nuair dubhras leó “go mbean- nuighidh Dia dhibh,” ní tháinig smid as beul cheachtair aca. Nuair nár fhreagair siad dubhairt mé le mo charaid do bhí liom, & iad-san ag éisdeacht: “Shíl mé go raib Gaedhilg 'gá labhairt 'sa' bpáirt seo do'n tír?” Dubhairt seisean liom go raibh acht nár bh'onórach leo í labhairt. Annsoin arsa mise go hárd: “Dar fiadh, ní raibh a fhios agam nach i nÉirinn do bhí mé go dtí sin, & feicim anois gur i bpáirt an-bhoicht do Shasana atá mé fós.” “Ó,” arsa duine aca, “is that all you know?” “O ní hé,” arsa mise, “atá agam beagán níos mó.” “And if you have,” adeir sé, “why don't you
spake it?” “Cuirfear ciall, lá eile, 'do cheann-pota má's féidir,” a deirim-se leis, & tháinig falrach gáiridh ar chuid do'n mhuintir eile, leis sin, & fearg air-sean, & mar deir an t-amhrán “níor labhair sé gíog níos mó” liom-sa. Agus ag so iad an dream nár chaill an Ghaedhilg, má's fíor. Dar ndóigh níor chaill, ní chailleann duine an rud a chaitheas sé uaidh le na lán-thoil, & le na shúilibh osgailte. Acht 'sa' gcás so ní'l súile na ndaoine so osgailte; is fada uaidh sin iad. Ní'l a fhios aca nach é an ceart é, neamh-shuim & droch-mheas do thabhairt ar an teangaidh. Ó rugadh iad, & a n-athaireacha rómpa, ní raibh meas ná clú ná onóir le fagháil ag Ghaedhilgeóir 'na measg. Ba hé díogha na tíre é féin & gach ar bhain leis; ní raibh ciall ná tuigsint ann, na áird ar a ghlór ag úr-bhoicínibh na gcultacha-gallda, a mbíodh a mbuilg folamh go minic. Sin í an tseoinínteacht ina raibh an bhrígh, an cúmhacht, an fiúntas & an éirim, & ó nár luar le Éireannach méar a chur fá n-a shúil ná náire chur air i dtaoibh neithe spioradálta, fuair an Ghalldacht buaidh. Bhí siocair eile freisin ann, le tarcaisne do tharraing ar an teangaidh, acht bhí ciall éigin leis sin. Nuair thosuigh na daoine a' dul go 'Meiriocá (& is Gaedhil- geóiridhe bochta furmhór dár imthigh as iarthar na tíre) níor fhan níos mó measa ar aon ní acht ar Bhéarla. Is innti do sgríobhaidís a bhaile a ngníomhartha, a ngaisgeadh, & a n-iongan- tais, & mar bhíodh súil ag an aos-óg le dhul an bealach céadna lá éigin eile ní bhíodh tóir ar dhada acht ar Bhéarla. Níor mhilleán mhór ortha an ní bhíodh úsáideach & foghainteach dóibh d'fhóghlaim, acht nach mí-ádhamhail go mb'ionann leó meas do thabairt do theangaidh aca, & droch-mheas ar an gceann eile. Mo léan ghéar! is iomdha litridheacht uasal líomhtha ghasda — dán, amhrán, & seanchas — do cuireadh fá'n gcré le céad, go deimhin le leith-chéad, bliadhain anuas. Is dóigh liom gur cuireadh litridheacht na hÉireann ó chéad go leith go dtí dhá chéad bliadhain ar gcúl orainn le gach uile
bheart fealltach dár himrigheadh uirthi ó d'imthigh an teanga as usáid choitcheann trí no ceathair fíchead do bhliadhanthaibh ó shoin. Má d'fhan an t-ochtmhadh cuid di againn, ní hé an t-ochtmhadh cuid is fearr é, & do réir mar tá cuid againn ag iarraidh dhul ar aghaidh anois i ndeireadh na dála leis an obair tá tuilleadh againn ar nós na ngrabairidhe aga bhfuil an Béarla briste. Agus fairíor! is fíor-dhroch-thalamh síl é inntinn an dreama so. Is measa go mór ná an mhuinntir do chaill a meabhair & a leabhair bliadhanta fada ó shoin. Tá an dá theangaidh aca anois, ceann aca i bpreib dheiridh an bháis, dar leó, & ceann fá chlú, & fá chómharthaibh uaisleachta. Dá bhrígh sin tá a ngráin ar a gceann féin go húr, láidir, gidh nach bhfuil siad chomh daingean 'sa mbaramhail sin féin le goirid. Ní mar sin do'n dream nach gcuala focal riamh acht an Béarla. Is maith leó-san clostáil go raibh so nó súd ann fad ó ag a n-athaireachaib, & go mbadh chóir dhóibh-sean é bheith aca mar an gcéadna. Cuirfidh siad a thuairisg, le sgéal nua fhághail muna mbéadh a mhalairt ann, & is dóchaid- idh 1 dhóibh leanamhaint do'n fhirinne, & buille do thabhairt faoi n-a fóghlaim ná fanamhaint gá huireasbaidh. 2 D'á chruthúnas 3 sin, is feasach gur díograsaighe, & gur mó an uimhir daoine atá ag obair 'san bpáirt do'n tír nach labharthar Gaedhilg indiu ná san gceard a bhfuil sí fós go bíodhgamhail spreac- amhail cé smoite 4 b'fhéidir do Chorcaigh amháin. Do bhrígh nach dtig leis an dochtúir leigheas do dhéanamh gan fios iomlán fhághail ar an tinneas, is ionmholta an ní eólas iomlán thabhairt dó; & mar an gcéadna do'n chúis seo, is foghainteach an rud féachaint cia as ar fhás ní hé amháin neamh-shuim san teangaidh acht a dearmad go léir, & go toil- teannach, agus aithris ar gach aon ní do tháinig as tír nó as tíorthaibh eile — ar a dteangaidh, a mbéasaibh, a gcuid ceóil,
& go dtí amháin gearradh a gcuid éadaigh. Gan sgéal fada a bhaint as, cia is cionntach leis an nGalldact do bhí go dtí seo féin, dhar múchadh & dhar bplúchadh, & ag strachailt nádúir na nGaedheal asainn? Hoileadh sinn sna sgoilean- naibh náisiunta (mar dheadh), & is ionnta fuaramar an chéad oideas, an t-oideas ar a gcuimhneochamaoid go bráth, is ní le n-a fheabhas é. Is ag na mháighistiribh-sgoile, mar sin, do bhí cúmhacht an múnla do cheapadh, do réir mar fuair siad cead agus ordughad ó na máighistiribh féin. Ní hiondamhail go raibh focal Gaedhilge ag ceachtar aca so, & má bhí cúpla focal, ná cúpla focal ar fhichid Béarla ag na páisdibh níor chabhair ar bith dóibh sin, óir taobh amuigh do'n sgoil mhí-fhor- túnaigh sin bhain na páisdí seo áirnidhe, cnunaidh, sgiochóir- idhe & sméara i nGaedhilg, chuadar ar snámh, & chuireadar ortha a gcuid éadaigh i nGaedhilg, thiomáineadar an t-asal, & ruaigeadar na caoirigh & na préacháin, bhuaileadar báire, d'aithris sgéalta, & ghabh siad amhráin, & mhaireadar go léir san teangaidh chéadna. Acht nuair tháinig am na fóghlama, le haghaidh na sgoile, & ins an sgoil ní hé a mbeannacht do fuair na leabhra, ná an sgoil, ná an máighistir, ná aon neach dar bhain leó, ná le n-a ndream. Agus rinne an máighistir a chion féin do'n obair. Labhair sé Béarla — mar nár fhéad sé Fraincis ná Gaedhilg ná aon teanga eile do labhairt; thug sé modh & onóir, & fómós do'n Ghalldacht, & tugann fós, & shíl na páisdí bochta go raibh sé ceart. Ní gnáthach le páisdibh smaoineadh mar dhaoine críonna. Tháinig an sagart paráiste isteach corr-uair; go mion 's go minic i n-áiteachaib, & is cosmhail gur shíl seisean, ar nós na bpáiste, go raibh im- theacht na sgoile gan aon locht, & dar ndóigh nuair cheap duine chomh haibigh leis an sagart nach raibh aon locht le fagháil ar an ngléas oideachais, an máighistir Gallda, na leabhra & an teanga Ghallda, & na páisdídhe Gaedhealacha, bhí sé mór ag athair ná máthar bheith a' clamhsán. 1 Cia eile bhí
ann le áird do thabhairt ar an sgoil, muna raibh an sagart, & is mór atá le freagairt aige, os cómhair a thíre, fá'n gcion-faillighe do rinne sé 'san oideachas do fuair, nó nach bhfuair (b'áil liom rádh) an t-aos óg. Baineadh an spiorad, & an fhearamhlacht, as an aos óg, acht cia'n mhaith sin do luadh nuair nach dtuigfear é, ná brígh na fírinne atá ann, acht tuigtear nó ná tuigtear is dearbhtha cinnte é, nach bhfuil Éireannaigh do chaill a dteanga chomh fearamhail spiorad- mhail, misneamhail le daoinibh ag a bhfuil a dteanga féin. Ní'l le rádh acht nach bhfuil a fhios ag na sagartaibh nach é 'n ceart atá ar bun, nó má tá nach bhfuil aon locht aca ar na dlighthibh do dhíbir Seathrún Céitinn do Ghleann Eathar- laigh, & do chuir ar a dteicheamh a sinnsear leis na céadtaibh bliadhain. Is tig leó a rádh nach bhfuil na dlighthe sin ann anois, & gur mó an dochar ná an tairbhe bheith ghá dtarraing anuas, acht atá freagra le tabhairt ar an dá chaint seo: muna bhfuil na dlighthe sin ann anois is do bhrígh nach bhfuil siad a' teastáil, mar tá an Béarla, & flaitheas na nGall i gcumhachta; & más sochar nó dochar bheith ag á luadh ní'l sé i nádúr an duine gean ná grádh bheith aige ar lucht na héag- córa, ná ar an dream do ghnidheas gnás dá bheith dar maslughadh & ag caitheam droch-mheasa orainn. Seadh, agus céard tá uaim anois? Is iomdha rud sin, & is iomdha rud sin nach bhfuighfear go bráth; acht má's fada gearr go dtí é, & dá n-éagfadh gach uile bhall do Chonnradh na Gaedhilge ar maidin i mbárach, ní chreidfinn ó'n saoghal nach n-éireóchadh dream eile suas n-a ndiaidh do threibh & do phór na nGaedheal do thógfadh an obair ortha féin, & nach sguir- fidhe choidhche ná go deó nó go mbéadh Éire Gaedhealach arís. Acht ní bhaineann soin fá láthair, mar nach dóigh go dteip- fidh an obair ar an sinnsear atá beó anois. Ní'l fútha-san sguireadh, nó go bhfeicfidh siad teanga na bhFiann, teanga Oisín chaoimh, & Osgair thréin, & “Phádraig na mbachall mbán,” 'g á spreagadh arís ar shléibhtibh bhrollaigh-mhíne, & ar mhághaibh
fhairsinge, fhód-leathna, & i ngleanntaibh áilne na hÉireann; ag a macaibh-léighinn sna sgoileannaibh, & sna coláisdibh féin, ag an spealadóir, 's ag an “spailpín fánach,” ag an gcléir, & ag an bhfile. Bíonn gach uile ní suathantasach 1 nuair thosuigh- thear é, acht tar éis cleachtadh bliadhna nó mar sin do dhéanamh air ní ghnidhtear níos mó iongantais dhe, & an rud faoi a rabhamar faiteach tamall ó shoin, ní'l blas suime againn ann feasta. Chidhtear dhúinn go dteidheann an ghrian siar an spéir gach uile lá, & bíonn uaigneas orainn lá ar bith nach bhfeiceamuid í, acht muna mbíodh sí le feiceál acht uair no dhó ar feadh ar saoghail, ní thiocfadh iabh ná fosus 2 ar dhuine chomh fad 's bheadh sí i n'amharc acht 'gá síor-dhearcadh, & ag caint 's ag cur síos uirthi arís dhá lá a shaoghail. 3 Is iongantaighe go mór imtheacht na gréine, má's imtheacht atá fúithi, gidh go bhfuil sise go follasach gach uile lá, ná é theacht san tsaoghal le n-ar linn-ne, muinntir na tíre seo go léir ag admháil, go raibh mearbhall, & dí-chéille, & dailleacht ortha, nach bhfacadar roimhe seo go mb'fhéidir leó gnó a dtíre do dhéanamh go hiomlán, le géilleadh beag dhá chéile annso 's annsúd, i leabaidh bheith dul i muineilibh a chéile gan fáth gan ádhbhar, mar bhíonn go fír-mhinic, “beirt a' troid 's iad ar aon sgéal.” Is léir do dhuine an fhírinne tré pholl, & do dhuine eile an fhírinne chéadna tré pholl eile. Ní'l leigheas air seo acht smúid & dorchadas an aineólais do sgaipeadh roimh sholus an teagaisg. “Ní liathaigh 4 tír ná gnás,” & ní liathaigh inntinn daonna ná slighe chum a inntinne, & dá bhrígh sin, ní'l ród mór fairsing, ná casán aithghiorrach, ná slighe chlamparach, aimhréidhteach, ná bóthar áluinn le fánaidh, dhá dtiocfadh solus an teagaisg dhíog- rasaigh, nach sroichfeadh fá dheireadh ceann-sgríbe, & nach
feairrde duine éigin é. Seóltar amach teagasg, & tuilleadh i mbárach, & bíodh sé ar gach sgeith, & tulán san ríoghacht. Cuid dhe searbh, mar tá mar rinneadh faillighe fealltach, nó neamh-shuim thruailligheach i n-éag-thinneas ar máthair-theangadh; cuid dhe milis binn glórmhar mar tá eólas ar aoibhneacht ar bhfilidheacht, & ar mbárdaigheacht, gan dhul tharsta; cuid de glic, & cuid go han-tseafóideach, mhór mhór go han-tsea- fóideach. An fear nach ngoillfidh masladh air, rachaidh ag plámás air, nó an bhean nach ngéillfidh do bhladaireacht tasbáin laoch-ghníomh dhi & leaghfaidh tú a croidhe, nó i ndeireadh na dála, le gach uile chineál teagaisg dá mbéidh ar siubhal gur — “… Fear do bhéadh marbh 's nach n-éireóchadh na sheasamh Nach dtiocfadh le lúthgháir 's le háthas,” & an té nach bhfuil toilteannach ar a theacht ruaigfear síos é ar bharr tuinne & fuarlaigh 1 na baramhla coitcheanna. Acht ní'lmid gan comharthaidhe cheana, go bhfuil neamh-shuim & aineólas i dteangaidh na nGaedheal i ndeireadh na preibe 2; “aithnighim go bhfuil arrúintigh báis” ortha mar bhí ar Sheághan Bradach. Tá an fhearamhlacht & an chroidheamhlacht ag teacht ar ais i leabaidh a chéile (mar déantar na caisleáin), & tá leisge ar gcarad & gráin ar námhad ag éirghe mí-shuaimh- neach. Tá a n-aithrighe gá ngoineadh, & an t-aithmhéala 'gá mbualadh gur éistigheadar chomh fada, & tá siad lán-tsásta ar chuidiughadh leat, má ghnidheann tusa an obair ar a son. Acht is gearr nach gcluinfear an chaint seo níos mó, ó thosuigh na daoine ag leigeann an sgéil chuca, & ag athrughadh a mbaramhala ó bharamhail go gníomh, & go hobair. Is mithid brosdughaidh feasda & an t-airgead do chur síos ar an táirne. Tá a lán daoine ag a bhfuil an inntinn ar an nós soin, ní'l meas ar mhianach ar bith mar tá ar mhianach an óir,
& dar ndóigh ní cóir a cháineadh mar is úsáideach an ni é go minic. Acht bíodh leis sin. Is beag nár cailleadh an teanga go huile & go hiomlán, & le linn an chailleadh soin tháinig mór- thuile an Bhéarla, & gach anachain, & gach dróbhlás, gach ain- spiorad, & diabhalaidheacht dar hobair sinn do sgriosadh i n-anam & i gcorp, is tríd an mBéarla do foillsigheadh iad. Tugadh cóir & solus do thogha na tíre imtheacht go tíorthaibh eile, & an tír so do bhochtughadh, óir is iad na daoine an tír, & is iad na daoine saidhbhreas & ór na tíre. Níor fágadh annso acht an t-aos an-óg, agus na sean-daoine, & sguabadh chum bealaigh an cnámh & an féithe, an brígh, an spreac, an misneach, & an croidhe. Leis an tubaiste do mhéadughadh ar an bhfuighleach, stealladh isteach 'nar mullach go fairsing díogha na litridheachta, & an t-oideas is measa do b'éidir dhúinn-ne fhagháil, oideas & teagasg ar gach uile ní fá'n ngréin acht ní do bhain le n-ar ndúthaigh áirithe féin. Tar éis chomh follasach & cruithigheadh dhúinn, & chomh minic, nach raibh ionnainn acht amadáin, & creidsint go raibh Dia ar bith ann, nó má bhí nach do réir mar do cheapamar-ne é, is rígh-mhór an t-iongnadh nár imthigh ar gcreideamh leis an teangaidh. Is treise i gcomhnaidhe leis an mbaramhail (má's olc maith) atá ag furmhór na ndaoine — óir is dá réir do chaithid a mbeatha, & iomchruigheann siad iad féin — ná leis an bhfirinne, nó baramhail ionnraic ar bith eile dá ngeillfidh beagán daoine. Má's linn cosg do chur leis an oilbhéas atá san droch- theagasg so, ní fuláir dhúinn sinn féin do bhrosdughadh, & a bheódhughadh, agus comh-oibriughadh leis an gConnradh atá go saotharach dícheallach ag iarraidh na Gaedhilge do chur ar bun arís. D'aimhdheoin gach carad cealgach, neamh-shuimeamhuil & gach námhaid neimhneach, éireochaidh an lá fós leis an gConnradh, muna amadáin amach 's amach na daoine, & tiocfaidh ciall, tuigsint, & fearamhlacht ar ais arís, & onóir
& maoin-shaoghalta os comhair an domhain, meas againn orainn féin & ar an sliocht do chuaidh romhainn, & is le n-a tairbhidhibh seo do bheith againn atá saothar ar son na Gaedhilge ar bun. Má's mian leat mar sin, fá dheireadh thiar, t'fhaillighe do chúitiughadh leis an nGaedhilg, brostuigh ort, & bí beó. Tá go leór le déanamh, & tá an aimsir ag imtheacht. Tá tú i n-ann rud éigin do dhéanamh, & déan do dhícheall air. Fuagradh ort roimhe seo do theanga do shéanadh, nó fuagradh ar t'athaireachaibh é, & níor chionntach iad-san ar fad nuair do ghéilleadar; is minic nach raibh aon rogha aca acht géil- leadh, nó bás d'fhagháil. Nuair tá duine curtha le an-shógh, agus le an-bhroid, is forus dul chum cainte leis, acht míle buidheachas le Dia, tá athrughadh ag teacht níos mó & níos iongantaighe ná an t-athrughadh atá i láthair. Tá an t-ath- rughadh so ag tiúdhchan an aer n-ar dtimcheall, agus is beag duine nach bhfuil 'ghá shughadh isteach 'na ionathair. Ní neamh- chosmhail le tonn spioradálta soluis an tiúdhchan so atá ag tabhairt catha do cheó mhailisigh na Galldachta. Tá sé ag éirghe, ag borradh, ag neartughadh gach lá, & i n-achar níos goirde ná cheap duine dhá mhuinghínighe béidh an spiorad so ag sughadh isteach i gcroidhthibh & i smior na muintire nár shíl go dtiocfaidís go deó fá n-a chumhacht ná fá n-a chumas. Measann a lán do tháinig go haois críonnachta, agus ag nach raibh an Ghaedhilg ó thús, nach aon tairbhe dhóibh í d'fhogh- laim anois. Ní hamhlaidh atá, ar chor ar bith, mar is fear fá dhó an té aga mbéidh dhá theanga. Ag so sgéilín do dheimhneóchas fírinne na bréithre seo. Tamall gearr ó shoin bhí mé féin agus fear eile atá a' fóghlaim na Gaedhilge ag éisteacht le fear ag innsint sgéil & ag seanchas le fear eile. So é an cómhrádh bhí ar bun aca. “Má tá diabhal ann,” adeir duine aca, “le bheith ag cur cathughthe ar dhaoinibh, tá diabhal eile ann le cathughadh chur ar bheithighibh.
Nach bhfeicfidh tu bó, &, nuair bhéas sí ag dul thar ghort, nach féidir léi gan breathnughadh isteach thar an gclaidhe, & ailp do thabhairt léi, nó is cruadh an cás é? Feicfidh tú bó eile, agus béidh sí ag dul thar an ngort go bráth gan fhéacaint amháin isteach ann, acht 'na leabaidh sin, béidh sí ag dul ar aghaidh choidhche no go deó, go gcastar bó eile léi, agus ní sásta í go dtugaidh sí ropa breágh troda dhi. Céard é sin acht sprogadh ó'n diabhal?” Mhinigh mé an sgéal go leir do mo charaid (níor thuig sé féin iomlán na cainte), agus nuair chríochnuigh mé, dubhairt sé dá fhaide dá maireann sé gur amhlaidh is lugha atá meas ag fuireach aige ar an mBéarla. “Cia an fear riamh,” adeir sé, “do chuala a léithide sin do smuaineadh i mBéarla. Shíl mise i gcómhnaidhe go raibh an tAidhbheirseóir sáthach mailíseach, acht níor cheap mé go raibh sé chomh holc & go rachadh sé ag cur cathuighthe ar an mbeitheadhach atá gan chéill. Creidim gur mór an lear smuaintea do'n chinéal soin atá agaib-se nach bhfuil ag Béarlóir, agus má tá féin is orraib is fearr an aghaidh 1 iad.” Ní'l aimhreas ar bith nach mór an tairbhe do'n inntleacht dhá theanga seachas aon cheann amháin, thar é sin an fáth gur hiomdha smuaineadh & slighe a ráidhte tá i gceann nach bhfuil i gceann eile. An gcuala tú Gaedhilgeóir maith ag eas- gainidh ariamh? Seachain ar chroiceann do chluas an dtar- raingthá ort eisean, mar ní feairrde thú é, má tharraingir. Is féidir a rádh go deimhin nach bhfuil fuath ná gradh, dhá mhéidh ná dhá theo, atá do-ráidhte i nGaedhilg; is féidir, freisin, a rádh nach bhfuil mórán bealach is fearr le faobhar do chur ar an inntinn ná í fhóghluim. Gan aon ádhbhar eile do luadh, acht é sin amháin, an géireas do chuireas saothar na fógh-
lama ar an aigneadh, is sár-leór é chum an tsaothair a chaith- tear leis an teangaidh gá fóghluim, agus má fhéachtar ar an mbaramhail atá ag fás i bhfábhar na Gaedhilge, chífear gur leór í chum lucht a coimhéadta do mholadh.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services