Historical Irish Corpus
1600 - 1926

I dTaoibh na hOibre

Title
I dTaoibh na hOibre
Author(s)
Ó Neachtain, Eoghan,
Pen Name
Conn
Composition Date
1901
Publisher
Connradh na Gaedhilge

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


I dTAOIBH NA hOIBRE.



EOGHAN Ó NEACHTAIN DO SGRÍOBH.



Is leas do dhuine corr-uair, nuair bhíos sé ar siubhal ar a
mhine-géire & a cheann faoi aige, stadadh, & féachaint siar ar
a chuid oibre, & fiafruighe dhe féin, cia mar tá sé 'déanamh,
nó cá fhaide tá sé ar aghaidh. Is féidir leis anáil do thar-
raing, & breathnughadh ar a shlighidh roimhe & na dhiaidh, cá
ndearna sé earráid ina chúrsa annso, nó cá bhféadfadh sé
buille ar aghaidh níos láidre 'thabhairt annsúd; cia bhí leis
ar dtús, & cia d'éirigh suas i n-imtheacht a shaothair leis agus
ina aghaidh, & cia as a mbéidh muinighin aige feasda. Is
úsáideach an ní a leithéid seo do dhéanamh, ó am go ham, &
b'fhéidir go dtiubhraidh an feuchaint seo, do Chonnradh na
Gaedhilge, leide éigin dhí dhá mb'fhéidir léi úsáid do dheanamh
nuair thiocfadh an t-am ceart.



Is feasach a lán, & tá a lán eile nach dtugann an ní fá
deara, gur aisteach an chaoi 'na gcuirtear, go minic, rud
i n-iúl do dhuine, ionnus, do bhrígh an fheasa do cuirtear
i n-iúl, go gcromfadh sé ar gnó áirithe éigin do thosughadh;
& go mbéidh rún aige cur leis, go díograsach dícheallach, nó
go gcuirfidh buaidh críoch le n-a shaothar. Is beag, bh'fhéidir
suarach go leór le rádh, an ní é rann nó cúpla rann amhráin,
& nach minic is cionntach iad le smaointe dhuine athrughadh ar
fad ó'n mbealach ar a mbéidh a dtriall roimhe sin go réidh,
socair, soineannta. Dubhairt duine críonna, fad-fheiceálach,
aon uair amháin, “Leig dham-sa amhráin na ndaoine do
dhéanamh, & ní misde liom cia dhéanfas a ndlighthe.” Is


L. 2


ionann sin & a rádh gur mó an éifeacht atá i spiorad
rainn amhráin leis an inntinn do bhrosdughadh, & do chorrughadh,
ná tá i gcumhacht airm an ríogh, nuair nach bhfuil an aigneadh,
ó nádúr, claon chum an dlighe do choimhlíonadh. Cluinfidh
duine eile, nó léighfidh sé, sgéal do thiubhras air tuairisg
do chur & eólas d'fhághail ar an bhfear so, nó ar an mbuidhin
úd, nó ar an gcogadh eile; & do réir mar bhéas sé ag
cruinniughadh eólais, & saoghal nua, glan, dar leis, ghá thais-
beánadh féin amach ós a chomhair, ní aithneóchadh sé fá dheireadh
gur b'é an duine céadna é do bhí ann sul fuair sé an chéad
leide beag eólais, ar a bhfuil dearmad déanta anois aige
b'fhéidir. Is mór do chaillfeadh daoine le greann; & ní
hiongantach le rádh é dhá mbadh neithe fánacha mar iad so fá
ndeara an Ghaedhilg, cuir i gcás, d'fhóghlaim.



Bhí sean-fhear, tamall ó shoin, na chomhnaidhe i mbotháinín
beag i n-aice thamhnaigh sléibhe, & bhí a shean-chéile na fhochair.
Bhí an chlann ar fad imthighthe anonn 's anall uatha, acht bhíodh
aos óg an bhaile ag tarraing ann, mar ba ghreannmhar na
seanchaidhthe iad an bheirt. Bhí an fear n'fhear árd, Brian bhí
mar ainm air, & níl 'fhios agam féin go dtí an lá tá indiu
ann, cia an sloinneadh bhí air, — acht bhí sé 'teacht isteach ina
theach lá mór báistighe, & ar theacht isteach dó, bhuail sé a
chloigeann i n-aghaidh an bháirr-dorais. Rinne sé a éagcaoine
nuair sheas sé ar an urlár, acht ní truaighe bhí ag an gcailligh
dhó. “Tuilleadh tubaiste agad,” ars' ise, “is ísle an ghé ná
thú, & cromann sí a ceann a'teacht isteach.” Bhí stócach as
an mbaile istigh, & thosuigh seisean ghá saghadadh, 1 mar ní
iarrfadh sé greann do b'fhearr ná iad fheicéál i muineilibh a
chéile. Is gearr go raibh fóide móna, stólta, sguaba, &
maididhe i n-áirde, & fá dheireadh bhí an teach faoi féin 2 ag
mo Bhrian.


L. 3


Ní mór le rádh an mhéid sin, acht nuair cuirfidhe le chéile
é féin, & an smaoineadh go raibh tuilleadh grinn 'san áit a raibh
an oiread soin, cia déarfadh nach leanfadh duine dhó, ar shúil
le haiteas, siamsa, is spóirt, bheith ann. Agus is beag duine
nach mbéadh dúil aige leanamhaint do sgéal, dá mbéadh
níos mó dhe le fághail, fearacht an bhuachalla do
casadh leis an bhfile lá. Bhí an sgurthach so ag tarraing
amach ar thrí déag do bhliadhantaibh & bí sé “ag seóladh na
ngamhna sa bhfásach,” lá fliuch, acht nach raibh aon fhuacht ann
Bhí an casan 'na phuiteach fá lathaigh & uisge i n-áitibh nach raibh
tuitim le fánaidh aige, acht ar fhilleadh abhaile do'n phataire,
bhí iachtar a bhrístín fillte suas, & a chosa daite, salach, dubh go
lár a loirgneadh, le láib & múnlach an chasáin. Casadh fear
breágh, árd, leigthe, déanta, dhó, & bhreathnuigheadar go grinn
ar a chéile. Labhair an fear, & d'fhiafruigh sé, “Cá fhaide síos
a bhí tú, a stóicín?” & d'fhreagair an buachaill, “Chomh fada
a's fheiceas tú salachar ar mo chosaibh.” Is iomdha duine
cheapfadh go mb'fhiú aithne do chur ar a leithéid sin, acht is geall
le bheith caitheamh péarlaidhe chum na muc aithne thabhairt do
dhaoinibh air, atá lionta le meas ortha féin, is ortha féin
amháin. Ba hé an buachaill céadna dubhairt leis an sagart
nuair dubhairt an sagart leis, “Dhá mbéitheá isteach i n-am
bhéarainn ubh dhuit,” “Maiseadh, níor bh'fhearr liom cearch 'ghá
breith dham”; & so é an freagra thug sé ar fhear d'fhiafruigh
dhe céard bhí a athair dhéanamh indiu: “Tá ag cur dhá dhonas
i n-aon donas amháin, 'sé sin, dhá chasán bhí i ngarrdha linn, &
tá sé ag cur sgeacha & driseacha ar cheann aca, le na daoine
do chongbháil as soin.” B' iongantach do'n tsaoghal an inn-
tleacht bhí san mbuachaill seo, & dá mbadh Gréigis nó Laidin
an teanga bhí aige, bhéadh sé chomh hárd i réim le Demoste-
nes, nó Ciceró, nó leis na hughdaraibh eile ar a bhfuil cáil ag
aos óg an ama so. Is cinnte gur imthigh uainn báird filidh
& daoine inntleachtamhla eile i litrídheacht i ngeill le heas-


L. 4


baidh oideachais, & deise le sgríobhadh, agus le maireachtáil,
go minic, go deimhin. Acht ní cabhair anois bheith 'ghá n-éag-
caoineadh so, & ní dada an tairbhe dhúinn iad le hais gach a
bhfuil againn fós.



Do lom-aimhdheoin na ndlightheadh do cuireadh i bhfeidhm lé
trí chéad bliadhain i n-aghaidh na Gaedhilge, tá sí beó bríogh-
mhar indiu; & béidh go lá luain san litridheacht d'fhág maigh-
istiridhe móra na teangan againn. Gan trácht ar na leabh-
raibh dócamhla soin, Leabhair Laighean, Leabhar na hUidhre, &
a leithéididhe, tá prós & filidheacht luachmhar againn ó na
Ceithre Máighistiribh, ó Chéitinn, ó Mhícheál Coimín, ó Aodhagán
Ua Rathaille, ó Dhonnchadh Ruadh, Dhonnchadh Mór, & na céadta
eile, nach féidir áireamh anois. Is iomdha beart fealltach
éagcórach, beart na láimhe láidre, d'imir Clanna Gall ar
Ghaedhealaibh, ó chuireadar cos 'san tír ar dtús, & níor bh'é
an chuid ba lúgha dhe, gach a ndearnadar i n-aghaidh na tean-
gan; acht ó d'fháisgeadar a ngreim níos daingne tar éis
chatha Chinn tSáile, mhéadaigh a ngangaid, & a bhfuath, & a
ngráin ar mhuinntir na tíre & ar gach a bhain leó. Ní bréag,
ná áithmhéil a rádh, acht lom-chlár na fírinne, gur dhá n-aimh-
dheoin atámuid beó, chor ar bith. Do mhill, bhrúigh, bhasg, bháth,
mhúch siad gach seilb shaoghalta dá raibh ag Éireannachaibh, & ní
rabhadar sásta leis sin, nó go ngoidfidís, dá mbh'fhéidir é,
a seilbh ar an saoghal eile. Baineadh dhíobh, ar dtús, a
gcuid talmhan, & cuireadh rith & ruaig ortha, ionnus go
bhfuighfidís bás le anshógh & gorta; dhá mbeidís le feiceál
arís 'na dhiaidh sin, ní hé amháin go raibh cead a marbhtha a
gcrochta, a mbáidhthe, nó a gcur do'n tsaoghal ar bhealach ar
bith a thoghróchá, acht ba hionmholta an rud a dhéanamh. Tá
sé i n-ar stair le léigheadh ag an domhan gurab amhlaidh do
bhí an sgéal, gidh gur doi-chréidte, go leór, le n-aithris é, &
do réir bun & príomh-ádhbhair mo chómhrádh, & mo bharamhla is
eolais ar ar stáir — sár-eolas ar an bhfírinne — do chuirfeas
i n-iúl do dhuine an riachtanas atá air i dtaoibh a thíre. Is


L. 5


éigin a rádh nach mar a chéile atá an riachtanas so ar gach
uile dhuine, mar nár cruithigheadh gach uile dhuine leis an inn-
tinn, & leis an spiorad chéadna, acht bíodh an riachtanas so
mór nó beag, tá a chionmhaireacht féin ar gach neach de.



Nó is féidir a chur i bhfoirm eile, ar an mbealach so.
Ba mhór an suaimhneas inntinne & cuirp dham é, dá gcru-
thóchadh aon neach dham, go bhfuil lucht coimhéadta na
Gaedhilge ar fad amugha, & bheith ag iarraidh an teanga chur
ar bun arís. Agus céard do chaithfidhe thaisbeáint annsoin?
I measg móráin eile, níor mhór a thaisbeáint nach tír ar leith
an tír seo; nó má badh eadh, nach fiú trácht ar a raibh
d'inntleacht, do Chríostaidheacht ná d'uaisleacht ina daoinibh
riamh roimhe so; gur cuma dhúinn-ne indiu cia aca teanga
labhróchas Éireannaigh, teanga a dtíre féin, no teanga tíre
eile, óir muna ndéantar úsáid do'n Ghaedhilg, is cuma do'n
náisiún dá mbadh i dteanga na bhfear ndubh, nó teanga na
South Sea Islanders atá ar bun, sé an cás céadna é
d'onóir & d'fhearamhlacht na tíre. Ní mór an litridheacht
atá againn do sgriosadh amach, & a mhilleadh, mar síleadh
a dhéanamh cheana léi, & an mhaise, & an ealadha 1 atá i n-ar
leabhraibh ó chianaidheacht do strachailt as ar meabhairibh.
Caithfidh freisin, cuimhne ar ndaoine, & gach ar chleachtamar
nár n-óige dhul ar ceal & ar dearmad uainn & sgarfadh sé
sin le n-ar nádúr go léir sinn; sé sin le rádh i ndeireadh
na dála caillfidh sinn ar nádúr, béimid annsoin gan
Murchadha gan Mághnus, mar deir an leath-fhocal. Is é sin
go díreach bhí a' goilleadh orainn le tréimhse fhada; bhí aithris
'ghá déanamh ar dhaoinibh, & ar thíorthaibh eile, ar a nósaibh, a
mbéasaibh, & a ngnásaibh, & idir iad-san & sinn-ne bhí an
oiread do dhifir, nár mhór dhúinn ar nádúr féin do chailleadh
go léir, is beag nach, le bheith mar iad. Dá bhrigh sin is beag
nach raibh an tsean-tír so tachtuighthe & brúighte fá chois le
nar ndíchéille féin.


L. 6


Fiafróchadh siad b'fhéidir cá bhfuil an dhíchéille sin. Ag
so é: neamh-shuim & dearmad do dhéanamh ortha féin, & ar
gach a raibh slachtmhar riamh aca, & aithris ar gach a dtáinig
tar lear má's maith nó olc é; & badh dhóthaididhe go holc é
ná go maith. Go deimhin tá sé chomh holc soin, le goirid, gur
beag nach bhfuil inntleacht na tíre plúchta, múchta aige. I
n-áit úsáid do dhéanamh do'n mheabhair & do'n inntinn do
thug Dia do gach aon neach, d'fhéach daoine suas ar an
gcumhacht láidir bhí na dtimcheall (géilleann gach uile dhuine
do'n chúmhacht tá 'na thimcheall) & d'umhluigheadar dó, gidh nach
raibh ann go fíor-mhinic acht iodhal chriadh no fear bocht
bréige. Bí a shliocht air, ní raibh ceólántacht, ná geóspal-
tacht ná seafóid ba ghránamhla ná ba dhéisteanaighe ná an
aithris do shíolruigh ón neamh-shuim seo. Ní chuala tú go
hiomdha, rud is brónaighe ná an sompla do'n chineál so aithris
bhí le feiceál an samhradh so chuaidh thart i mbarúntacht Mhag
Uilinn, i gcondae na Gaillimhe. Bí foireann buachaillidhe
óga i gceann a chéile tráthnóna lae saoire, ar leathtaobh an
bhóthair, mar is gnáthach leó, & iad ag déanamh siamsa dhóibh
féin. B'fhorus d'aithne ar dhéanamh a n-éadaigh, & ar an
gcineál codáis do bhi ann nár bhain sé le n-a mbaile ó thús,
mar rinne an táilliúr bocht iarracht ar a ghearradh 'sa'
bhfaisean. Bhí “consurtíne” ag duine aca, acht ní chualas
iad ag seinm cheóil; acht nuair dubhras leó “go mbean-
nuighidh Dia dhibh,” ní tháinig smid as beul cheachtair aca.
Nuair nár fhreagair siad dubhairt mé le mo charaid do bhí
liom, & iad-san ag éisdeacht: “Shíl mé go raib Gaedhilg 'gá
labhairt 'sa' bpáirt seo do'n tír?” Dubhairt seisean liom
go raibh acht nár bh'onórach leo í labhairt. Annsoin arsa mise
go hárd: “Dar fiadh, ní raibh a fhios agam nach i nÉirinn do
bhí mé go dtí sin, & feicim anois gur i bpáirt an-bhoicht do
Shasana atá mé fós.” “Ó,” arsa duine aca, “is that all
you know?” “O ní hé,” arsa mise, “atá agam beagán
níos mó.” “And if you have,” adeir sé, “why don't you


L. 7


spake it?” “Cuirfear ciall, lá eile, 'do cheann-pota má's
féidir,” a deirim-se leis, & tháinig falrach gáiridh ar chuid
do'n mhuintir eile, leis sin, & fearg air-sean, & mar deir
an t-amhrán “níor labhair sé gíog níos mó” liom-sa. Agus
ag so iad an dream nár chaill an Ghaedhilg, má's fíor. Dar
ndóigh níor chaill, ní chailleann duine an rud a chaitheas sé
uaidh le na lán-thoil, & le na shúilibh osgailte. Acht 'sa' gcás
so ní'l súile na ndaoine so osgailte; is fada uaidh sin
iad. Ní'l a fhios aca nach é an ceart é, neamh-shuim &
droch-mheas do thabhairt ar an teangaidh. Ó rugadh iad,
& a n-athaireacha rómpa, ní raibh meas ná clú ná onóir le
fagháil ag Ghaedhilgeóir 'na measg. Ba hé díogha na tíre é
féin & gach ar bhain leis; ní raibh ciall ná tuigsint ann, na
áird ar a ghlór ag úr-bhoicínibh na gcultacha-gallda, a mbíodh
a mbuilg folamh go minic. Sin í an tseoinínteacht ina
raibh an bhrígh, an cúmhacht, an fiúntas & an éirim, & ó nár
luar le Éireannach méar a chur fá n-a shúil ná náire chur air
i dtaoibh neithe spioradálta, fuair an Ghalldacht buaidh. Bhí
siocair eile freisin ann, le tarcaisne do tharraing ar an
teangaidh, acht bhí ciall éigin leis sin.



Nuair thosuigh na daoine a' dul go 'Meiriocá (& is Gaedhil-
geóiridhe bochta furmhór dár imthigh as iarthar na tíre) níor
fhan níos mó measa ar aon ní acht ar Bhéarla. Is innti do
sgríobhaidís a bhaile a ngníomhartha, a ngaisgeadh, & a n-iongan-
tais, & mar bhíodh súil ag an aos-óg le dhul an bealach
céadna lá éigin eile ní bhíodh tóir ar dhada acht ar Bhéarla.
Níor mhilleán mhór ortha an ní bhíodh úsáideach & foghainteach
dóibh d'fhóghlaim, acht nach mí-ádhamhail go mb'ionann leó
meas do thabairt do theangaidh aca, & droch-mheas ar an
gceann eile. Mo léan ghéar! is iomdha litridheacht uasal
líomhtha ghasda — dán, amhrán, & seanchas — do cuireadh fá'n
gcré le céad, go deimhin le leith-chéad, bliadhain anuas. Is
dóigh liom gur cuireadh litridheacht na hÉireann ó chéad go
leith go dtí dhá chéad bliadhain ar gcúl orainn le gach uile


L. 8


bheart fealltach dár himrigheadh uirthi ó d'imthigh an teanga
as usáid choitcheann trí no ceathair fíchead do bhliadhanthaibh
ó shoin. Má d'fhan an t-ochtmhadh cuid di againn, ní hé an
t-ochtmhadh cuid is fearr é, & do réir mar tá cuid againn
ag iarraidh dhul ar aghaidh anois i ndeireadh na dála leis an
obair tá tuilleadh againn ar nós na ngrabairidhe aga bhfuil
an Béarla briste.



Agus fairíor! is fíor-dhroch-thalamh síl é inntinn an
dreama so. Is measa go mór ná an mhuinntir do chaill a
meabhair & a leabhair bliadhanta fada ó shoin. Tá an dá
theangaidh aca anois, ceann aca i bpreib dheiridh an bháis,
dar leó, & ceann fá chlú, & fá chómharthaibh uaisleachta. Dá
bhrígh sin tá a ngráin ar a gceann féin go húr, láidir,
gidh nach bhfuil siad chomh daingean 'sa mbaramhail sin féin
le goirid. Ní mar sin do'n dream nach gcuala focal riamh
acht an Béarla. Is maith leó-san clostáil go raibh so nó
súd ann fad ó ag a n-athaireachaib, & go mbadh chóir dhóibh-sean
é bheith aca mar an gcéadna. Cuirfidh siad a thuairisg, le
sgéal nua fhághail muna mbéadh a mhalairt ann, & is dóchaid-
idh 1 dhóibh leanamhaint do'n fhirinne, & buille do thabhairt faoi
n-a fóghlaim ná fanamhaint gá huireasbaidh. 2 D'á chruthúnas 3
sin, is feasach gur díograsaighe, & gur mó an uimhir daoine
atá ag obair 'san bpáirt do'n tír nach labharthar Gaedhilg
indiu ná san gceard a bhfuil sí fós go bíodhgamhail spreac-
amhail cé smoite 4 b'fhéidir do Chorcaigh amháin.



Do bhrígh nach dtig leis an dochtúir leigheas do dhéanamh
gan fios iomlán fhághail ar an tinneas, is ionmholta an ní
eólas iomlán thabhairt dó; & mar an gcéadna do'n chúis seo,
is foghainteach an rud féachaint cia as ar fhás ní hé amháin
neamh-shuim san teangaidh acht a dearmad go léir, & go toil-
teannach, agus aithris ar gach aon ní do tháinig as tír nó as
tíorthaibh eile — ar a dteangaidh, a mbéasaibh, a gcuid ceóil,


L. 9


& go dtí amháin gearradh a gcuid éadaigh. Gan sgéal fada
a bhaint as, cia is cionntach leis an nGalldact do bhí go dtí
seo féin, dhar múchadh & dhar bplúchadh, & ag strachailt
nádúir na nGaedheal asainn? Hoileadh sinn sna sgoilean-
naibh náisiunta (mar dheadh), & is ionnta fuaramar an chéad
oideas, an t-oideas ar a gcuimhneochamaoid go bráth, is ní
le n-a fheabhas é. Is ag na mháighistiribh-sgoile, mar sin, do
bhí cúmhacht an múnla do cheapadh, do réir mar fuair siad
cead agus ordughad ó na máighistiribh féin. Ní hiondamhail
go raibh focal Gaedhilge ag ceachtar aca so, & má bhí cúpla
focal, ná cúpla focal ar fhichid Béarla ag na páisdibh níor
chabhair ar bith dóibh sin, óir taobh amuigh do'n sgoil mhí-fhor-
túnaigh sin bhain na páisdí seo áirnidhe, cnunaidh, sgiochóir-
idhe & sméara i nGaedhilg, chuadar ar snámh, & chuireadar
ortha a gcuid éadaigh i nGaedhilg, thiomáineadar an t-asal,
& ruaigeadar na caoirigh & na préacháin, bhuaileadar báire,
d'aithris sgéalta, & ghabh siad amhráin, & mhaireadar go léir
san teangaidh chéadna. Acht nuair tháinig am na fóghlama,
le haghaidh na sgoile, & ins an sgoil ní hé a mbeannacht do
fuair na leabhra, ná an sgoil, ná an máighistir, ná aon neach
dar bhain leó, ná le n-a ndream. Agus rinne an máighistir
a chion féin do'n obair. Labhair sé Béarla — mar nár fhéad
sé Fraincis ná Gaedhilg ná aon teanga eile do labhairt;
thug sé modh & onóir, & fómós do'n Ghalldacht, & tugann fós,
& shíl na páisdí bochta go raibh sé ceart. Ní gnáthach le
páisdibh smaoineadh mar dhaoine críonna. Tháinig an sagart
paráiste isteach corr-uair; go mion 's go minic i n-áiteachaib,
& is cosmhail gur shíl seisean, ar nós na bpáiste, go raibh im-
theacht na sgoile gan aon locht, & dar ndóigh nuair cheap
duine chomh haibigh leis an sagart nach raibh aon locht le
fagháil ar an ngléas oideachais, an máighistir Gallda, na
leabhra & an teanga Ghallda, & na páisdídhe Gaedhealacha, bhí
sé mór ag athair ná máthar bheith a' clamhsán. 1 Cia eile bhí


L. 10


ann le áird do thabhairt ar an sgoil, muna raibh an sagart,
& is mór atá le freagairt aige, os cómhair a thíre, fá'n
gcion-faillighe do rinne sé 'san oideachas do fuair, nó nach
bhfuair (b'áil liom rádh) an t-aos óg. Baineadh an spiorad,
& an fhearamhlacht, as an aos óg, acht cia'n mhaith sin do luadh
nuair nach dtuigfear é, ná brígh na fírinne atá ann, acht
tuigtear nó ná tuigtear is dearbhtha cinnte é, nach bhfuil
Éireannaigh do chaill a dteanga chomh fearamhail spiorad-
mhail, misneamhail le daoinibh ag a bhfuil a dteanga féin.



Ní'l le rádh acht nach bhfuil a fhios ag na sagartaibh nach é
'n ceart atá ar bun, nó má tá nach bhfuil aon locht aca ar
na dlighthibh do dhíbir Seathrún Céitinn do Ghleann Eathar-
laigh, & do chuir ar a dteicheamh a sinnsear leis na céadtaibh
bliadhain. Is tig leó a rádh nach bhfuil na dlighthe sin ann
anois, & gur mó an dochar ná an tairbhe bheith ghá dtarraing
anuas, acht atá freagra le tabhairt ar an dá chaint seo:
muna bhfuil na dlighthe sin ann anois is do bhrígh nach bhfuil
siad a' teastáil, mar tá an Béarla, & flaitheas na nGall
i gcumhachta; & más sochar nó dochar bheith ag á luadh ní'l sé i
nádúr an duine gean ná grádh bheith aige ar lucht na héag-
córa, ná ar an dream do ghnidheas gnás dá bheith dar
maslughadh & ag caitheam droch-mheasa orainn.



Seadh, agus céard tá uaim anois? Is iomdha rud sin,
& is iomdha rud sin nach bhfuighfear go bráth; acht má's fada
gearr go dtí é, & dá n-éagfadh gach uile bhall do Chonnradh
na Gaedhilge ar maidin i mbárach, ní chreidfinn ó'n saoghal
nach n-éireóchadh dream eile suas n-a ndiaidh do threibh & do
phór na nGaedheal do thógfadh an obair ortha féin, & nach sguir-
fidhe choidhche ná go deó nó go mbéadh Éire Gaedhealach arís.



Acht ní bhaineann soin fá láthair, mar nach dóigh go dteip-
fidh an obair ar an sinnsear atá beó anois. Ní'l fútha-san
sguireadh, nó go bhfeicfidh siad teanga na bhFiann, teanga
Oisín chaoimh, & Osgair thréin, & “Phádraig na mbachall mbán,”
'g á spreagadh arís ar shléibhtibh bhrollaigh-mhíne, & ar mhághaibh


L. 11


fhairsinge, fhód-leathna, & i ngleanntaibh áilne na hÉireann;
ag a macaibh-léighinn sna sgoileannaibh, & sna coláisdibh féin,
ag an spealadóir, 's ag an “spailpín fánach,” ag an gcléir,
& ag an bhfile. Bíonn gach uile ní suathantasach 1 nuair thosuigh-
thear é, acht tar éis cleachtadh bliadhna nó mar sin do
dhéanamh air ní ghnidhtear níos mó iongantais dhe, & an rud
faoi a rabhamar faiteach tamall ó shoin, ní'l blas suime
againn ann feasta. Chidhtear dhúinn go dteidheann an ghrian
siar an spéir gach uile lá, & bíonn uaigneas orainn lá ar
bith nach bhfeiceamuid í, acht muna mbíodh sí le feiceál acht
uair no dhó ar feadh ar saoghail, ní thiocfadh iabh ná fosus 2
ar dhuine chomh fad 's bheadh sí i n'amharc acht 'gá síor-dhearcadh,
& ag caint 's ag cur síos uirthi arís dhá lá a shaoghail. 3 Is
iongantaighe go mór imtheacht na gréine, má's imtheacht atá
fúithi, gidh go bhfuil sise go follasach gach uile lá, ná é
theacht san tsaoghal le n-ar linn-ne, muinntir na tíre seo go
léir ag admháil, go raibh mearbhall, & dí-chéille, & dailleacht
ortha, nach bhfacadar roimhe seo go mb'fhéidir leó gnó a
dtíre do dhéanamh go hiomlán, le géilleadh beag dhá chéile
annso 's annsúd, i leabaidh bheith dul i muineilibh a chéile gan
fáth gan ádhbhar, mar bhíonn go fír-mhinic, “beirt a' troid 's
iad ar aon sgéal.” Is léir do dhuine an fhírinne tré pholl,
& do dhuine eile an fhírinne chéadna tré pholl eile.



Ní'l leigheas air seo acht smúid & dorchadas an aineólais
do sgaipeadh roimh sholus an teagaisg. “Ní liathaigh 4 tír
ná gnás,” & ní liathaigh inntinn daonna ná slighe chum a
inntinne, & dá bhrígh sin, ní'l ród mór fairsing, ná casán
aithghiorrach, ná slighe chlamparach, aimhréidhteach, ná bóthar
áluinn le fánaidh, dhá dtiocfadh solus an teagaisg dhíog-
rasaigh, nach sroichfeadh fá dheireadh ceann-sgríbe, & nach


L. 12


feairrde duine éigin é. Seóltar amach teagasg, & tuilleadh
i mbárach, & bíodh sé ar gach sgeith, & tulán san ríoghacht.
Cuid dhe searbh, mar tá mar rinneadh faillighe fealltach, nó
neamh-shuim thruailligheach i n-éag-thinneas ar máthair-theangadh;
cuid dhe milis binn glórmhar mar tá eólas ar aoibhneacht ar
bhfilidheacht, & ar mbárdaigheacht, gan dhul tharsta; cuid de
glic, & cuid go han-tseafóideach, mhór mhór go han-tsea-
fóideach. An fear nach ngoillfidh masladh air, rachaidh ag
plámás air, nó an bhean nach ngéillfidh do bhladaireacht
tasbáin laoch-ghníomh dhi & leaghfaidh tú a croidhe, nó i ndeireadh
na dála, le gach uile chineál teagaisg dá mbéidh ar siubhal
gur —



“… Fear do bhéadh marbh 's nach n-éireóchadh na sheasamh
Nach dtiocfadh le lúthgháir 's le háthas,”
& an té nach bhfuil toilteannach ar a theacht ruaigfear síos é
ar bharr tuinne & fuarlaigh 1 na baramhla coitcheanna.



Acht ní'lmid gan comharthaidhe cheana, go bhfuil neamh-shuim
& aineólas i dteangaidh na nGaedheal i ndeireadh na preibe 2;
“aithnighim go bhfuil arrúintigh báis” ortha mar bhí ar Sheághan
Bradach. Tá an fhearamhlacht & an chroidheamhlacht ag teacht
ar ais i leabaidh a chéile (mar déantar na caisleáin), & tá
leisge ar gcarad & gráin ar námhad ag éirghe mí-shuaimh-
neach. Tá a n-aithrighe gá ngoineadh, & an t-aithmhéala 'gá
mbualadh gur éistigheadar chomh fada, & tá siad lán-tsásta
ar chuidiughadh leat, má ghnidheann tusa an obair ar a son.
Acht is gearr nach gcluinfear an chaint seo níos mó, ó
thosuigh na daoine ag leigeann an sgéil chuca, & ag athrughadh
a mbaramhala ó bharamhail go gníomh, & go hobair. Is mithid
brosdughaidh feasda & an t-airgead do chur síos ar an
táirne. Tá a lán daoine ag a bhfuil an inntinn ar an nós
soin, ní'l meas ar mhianach ar bith mar tá ar mhianach an óir,


L. 13


& dar ndóigh ní cóir a cháineadh mar is úsáideach an ni é go
minic.



Acht bíodh leis sin. Is beag nár cailleadh an teanga go
huile & go hiomlán, & le linn an chailleadh soin tháinig mór-
thuile an Bhéarla, & gach anachain, & gach dróbhlás, gach ain-
spiorad, & diabhalaidheacht dar hobair sinn do sgriosadh i
n-anam & i gcorp, is tríd an mBéarla do foillsigheadh iad.
Tugadh cóir & solus do thogha na tíre imtheacht go tíorthaibh
eile, & an tír so do bhochtughadh, óir is iad na daoine an tír,
& is iad na daoine saidhbhreas & ór na tíre. Níor fágadh
annso acht an t-aos an-óg, agus na sean-daoine, & sguabadh
chum bealaigh an cnámh & an féithe, an brígh, an spreac, an
misneach, & an croidhe. Leis an tubaiste do mhéadughadh ar
an bhfuighleach, stealladh isteach 'nar mullach go fairsing
díogha na litridheachta, & an t-oideas is measa do b'éidir
dhúinn-ne fhagháil, oideas & teagasg ar gach uile ní fá'n
ngréin acht ní do bhain le n-ar ndúthaigh áirithe féin. Tar éis
chomh follasach & cruithigheadh dhúinn, & chomh minic, nach raibh
ionnainn acht amadáin, & creidsint go raibh Dia ar bith ann,
nó má bhí nach do réir mar do cheapamar-ne é, is rígh-mhór an
t-iongnadh nár imthigh ar gcreideamh leis an teangaidh. Is
treise i gcomhnaidhe leis an mbaramhail (má's olc maith) atá
ag furmhór na ndaoine — óir is dá réir do chaithid a mbeatha,
& iomchruigheann siad iad féin — ná leis an bhfirinne, nó
baramhail ionnraic ar bith eile dá ngeillfidh beagán
daoine.



Má's linn cosg do chur leis an oilbhéas atá san droch-
theagasg so, ní fuláir dhúinn sinn féin do bhrosdughadh, & a
bheódhughadh, agus comh-oibriughadh leis an gConnradh atá go
saotharach dícheallach ag iarraidh na Gaedhilge do chur ar bun
arís. D'aimhdheoin gach carad cealgach, neamh-shuimeamhuil
& gach námhaid neimhneach, éireochaidh an lá fós leis an
gConnradh, muna amadáin amach 's amach na daoine, &
tiocfaidh ciall, tuigsint, & fearamhlacht ar ais arís, & onóir


L. 14


& maoin-shaoghalta os comhair an domhain, meas againn
orainn féin & ar an sliocht do chuaidh romhainn, & is le n-a
tairbhidhibh seo do bheith againn atá saothar ar son na
Gaedhilge ar bun.



Má's mian leat mar sin, fá dheireadh thiar, t'fhaillighe
do chúitiughadh leis an nGaedhilg, brostuigh ort, & bí beó.
Tá go leór le déanamh, & tá an aimsir ag imtheacht. Tá
tú i n-ann rud éigin do dhéanamh, & déan do dhícheall air.
Fuagradh ort roimhe seo do theanga do shéanadh, nó fuagradh
ar t'athaireachaibh é, & níor chionntach iad-san ar fad nuair
do ghéilleadar; is minic nach raibh aon rogha aca acht géil-
leadh, nó bás d'fhagháil. Nuair tá duine curtha le an-shógh,
agus le an-bhroid, is forus dul chum cainte leis, acht míle
buidheachas le Dia, tá athrughadh ag teacht níos mó & níos
iongantaighe ná an t-athrughadh atá i láthair. Tá an t-ath-
rughadh so ag tiúdhchan an aer n-ar dtimcheall, agus is beag
duine nach bhfuil 'ghá shughadh isteach 'na ionathair. Ní neamh-
chosmhail le tonn spioradálta soluis an tiúdhchan so atá ag
tabhairt catha do cheó mhailisigh na Galldachta. Tá sé ag
éirghe, ag borradh, ag neartughadh gach lá, & i n-achar níos
goirde ná cheap duine dhá mhuinghínighe béidh an spiorad so
ag sughadh isteach i gcroidhthibh & i smior na muintire
nár shíl go dtiocfaidís go deó fá n-a chumhacht ná fá n-a
chumas.



Measann a lán do tháinig go haois críonnachta, agus ag
nach raibh an Ghaedhilg ó thús, nach aon tairbhe dhóibh í d'fhogh-
laim anois. Ní hamhlaidh atá, ar chor ar bith, mar is fear
fá dhó an té aga mbéidh dhá theanga. Ag so sgéilín do
dheimhneóchas fírinne na bréithre seo. Tamall gearr ó shoin
bhí mé féin agus fear eile atá a' fóghlaim na Gaedhilge ag
éisteacht le fear ag innsint sgéil & ag seanchas le fear
eile. So é an cómhrádh bhí ar bun aca. “Má tá diabhal
ann,” adeir duine aca, “le bheith ag cur cathughthe ar
dhaoinibh, tá diabhal eile ann le cathughadh chur ar bheithighibh.


L. 15


Nach bhfeicfidh tu bó, &, nuair bhéas sí ag dul thar ghort, nach
féidir léi gan breathnughadh isteach thar an gclaidhe, & ailp
do thabhairt léi, nó is cruadh an cás é? Feicfidh tú bó eile,
agus béidh sí ag dul thar an ngort go bráth gan fhéacaint
amháin isteach ann, acht 'na leabaidh sin, béidh sí ag dul ar
aghaidh choidhche no go deó, go gcastar bó eile léi, agus ní
sásta í go dtugaidh sí ropa breágh troda dhi. Céard é sin
acht sprogadh ó'n diabhal?” Mhinigh mé an sgéal go leir
do mo charaid (níor thuig sé féin iomlán na cainte), agus
nuair chríochnuigh mé, dubhairt sé dá fhaide dá maireann sé
gur amhlaidh is lugha atá meas ag fuireach aige ar an
mBéarla. “Cia an fear riamh,” adeir sé, “do chuala a
léithide sin do smuaineadh i mBéarla. Shíl mise i gcómhnaidhe
go raibh an tAidhbheirseóir sáthach mailíseach, acht níor cheap
mé go raibh sé chomh holc & go rachadh sé ag cur cathuighthe
ar an mbeitheadhach atá gan chéill. Creidim gur mór
an lear smuaintea do'n chinéal soin atá agaib-se nach
bhfuil ag Béarlóir, agus má tá féin is orraib is fearr an
aghaidh 1 iad.”



Ní'l aimhreas ar bith nach mór an tairbhe do'n inntleacht
dhá theanga seachas aon cheann amháin, thar é sin an fáth gur
hiomdha smuaineadh & slighe a ráidhte tá i gceann nach bhfuil
i gceann eile. An gcuala tú Gaedhilgeóir maith ag eas-
gainidh ariamh? Seachain ar chroiceann do chluas an dtar-
raingthá ort eisean, mar ní feairrde thú é, má tharraingir.
Is féidir a rádh go deimhin nach bhfuil fuath ná gradh, dhá mhéidh
ná dhá theo, atá do-ráidhte i nGaedhilg; is féidir, freisin, a
rádh nach bhfuil mórán bealach is fearr le faobhar do chur ar
an inntinn ná í fhóghluim. Gan aon ádhbhar eile do luadh,
acht é sin amháin, an géireas do chuireas saothar na fógh-


L. 16


lama ar an aigneadh, is sár-leór é chum an tsaothair a chaith-
tear leis an teangaidh gá fóghluim, agus má fhéachtar ar an
mbaramhail atá ag fás i bhfábhar na Gaedhilge, chífear gur
leór í chum lucht a coimhéadta do mholadh.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services