Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
An Modh Díreach
Title
An Modh Díreach
Author(s)
Mac Énrí, Seaghán P.,
Pen Name
Deóraidhe i Lonndain / Máire Ní Eaghra /
Composition Date
1922
Publisher
Gill, M. H. agus a Mhac Teór.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Cad é sin? Sagart is eadh é. An sagart Conn? Ní headh. An mbeidh sé i n-a shagart ar ball? B'fhéidir go mbeadh. An é sin hata Chuinn? Ní hé. Sin é hata an tsagairt. An bhfuil maide ag an sagart? Ní'l. An sagairt Art agus Niall? Ní headh. Cé leis an searrach? Is leis an láir é. An bhfuil sé óg? Tá. An bhfuil do chapall-sa i n-a shearrach fós? Ní'l. Tá sé fásta. Put a spoon, &c., in a cup, &c., and ask — Cá bhfuil an spiúnóg? Tá sí sa chupán. Then put it beside the cup and ask — An bhfuil sí sa chupán anois? Ní'l. Le hais an chupán is eadh tá sí anois. An sean-bhean Conn Ó Briain (&c.)? Ní headh, acht sean-fhear. An bhfuil Úna i n-a sean-mhnaoi? Ní'l. Tá sí i n-a páiste. An é sin ceann na sean-mhná? 'Sé. An bhfuilim, im' shuidhe anois? Ní'lir. Táir id' sheasamh. Éirigh id' sheasamh, a Airt. An bhfuil Art i n-a sheasamh? Tá. An bhfuil Úna i n-a seasamh? Ní'l.
Is i n-a suidhe atá sí. An bhfuil an bord i ngar do'n bhalla? Tá. An bhfuil an stól i ngar do'n bhalla? Ní'l, acht tá sé i ngar do'n stól eile. — Cé aca is fearr leat — nó —? — Is fearr liom —. Is cuma liom, &c., &c. SEAGHÁN P. MAC ÉNRÍ.
AN MODH DÍREACH CUID A DÓ. CEACHT LVI. Á Chéin An chearc Ar Chian (Do) cheann- uigh sé (Do) cheap sé Do chrios Mo chíor Mo cheann Aon chiall A Chéin, cé leis an chearc bhán sin? Is le Cáit í. Ceannuigh uaithi í. Tá Cian ag ceannacht na circe báine ó Cháit. A Chiaráin ar cheannuigh Cian cearc bhán ó Cháit? Cheannuigh. Cé mhéad 1 a thugais 2 uirthi, a Chéin? Thugas sé pighne 3 uirthi. An raibh 4 sí daor ar an méid sin? Go deimhin, ní rabh. Cheapas fhéin go rabh sí saor. A Bhríghid, an í seo do chrios? Ní hí, acht mo chíor. An ar do chois atá do hata? Ní
headh, acht ar mo cheann. 5 Is í seo 6 mo chluas.
Ceannuigh Cian an chearc bhán ó Cáit. Is í seo an chaora bhán.
1. Cá mhéad, an 'mó. 2. Thug tú. 3. Réal. 4. Raibh. 5. Chionn. 6. Seo í. CEACHT LVII. A Thomáis Ró-throm Do thoil Do thlú Ar thuig tú (Do) thóig sé Níor thuit sé Ró-the Do théad A Thomáis, tóig 1 an tlú, 2 má's é do thoil é. Tá sé 3 thíos ag an teinidh. Ní'l sé ró-throm. Cuir suas os cionn an dorais é. Ar thuig tú mé, a Pháid? Thuigeas. Ar thóig Tomás an tlú? Thóig. Cár chuir sé é? Chuir sé suas os cionn an dorais é. Tá sé thuas os cionn an dorais anois. An é do thlú-sa é? Ní hé. Sílim gur leat fhéin é. Ar thuit
sé anuas? Níor thuit. Tá an fód ar an teinidh. Ní'l an teine ró-the. An é sin do théad? Ní hé, acht mo thlú.
Chuir Tomás an tlú suas os cionn an dorais
1. Tóg. 2. Tlúgh, maide briste. 3. Sí. CEACHT LVIII. A Shéamuis Á Sheórsa Do shlis Mo shac Ar sheas sé (Do) sheinn sé A shál Mo speal Ar shráid A Shéamuis, an í sin do shlis-sa? Ní hí, acht do shlis fhéin. An é seo mo shac? Is é. A Sheórsa, 1 seas ar an sac. 2 Tá mo shac fáoi 3 chois Sheórsa. Ar sheas Seórsa ar mo shac? Sheas. Cas port, a Shéamuis. Ba bhinn an port é sin. Ar chas Séamus port binn? Chas. Cé leis an speal seo 4? Is le mac Sheósaimh í. Is
é seo crann 5 na speile. Tá mo shac faoi'n speil. An í sin glún Sheórsa? Ní hí, acht a shál. 1. Sheóirse. 2. Ar an tsac. 3. Fá, fó, fé. 4. So. 5. Sneid, lámh-chrann. CEACHT LIX. (Do) ghlac sé (Do) ghlan sé (Do) ghoil sé A ghuala Ar mo ghualainn Do ghruag A Ghráinne Mo ghlún A Ghráinne, an í seo do ghuala? Ní hí, acht mo ghruag. Deir Gráinne gur ab í seo a gruag fhéin. An ar mo ghlúin atá mo mhaide? Ní headh, acht ar do ghualainn. Tá sé anois os cionn do ghualann. A Ghráinne, glac an bhróg bheag seo uaim? Ar ghlac Gráinne an bhróg uaim? Ghlac sí uait í. Ní'l an bhróg glan.
Ghlan Pilib an bhróg. Dhruid (dhún) Dáithí an fhuinneóg. Ghoil Gráinne. Ghléas Máire í fhéin.
Glán í, a Philib, a mhic. Ar ghlan Pilib an bhróg? Ghlan. Tá Gráinne ag gol. Ar ghoil Gráinne? Ghoil. CEACHT LX. Do ghiall An ghrian An ghé Mo gheata (Do) ghearr sí (Do ghléas sé Mo ghliomach Do ghearrán Ró-ghéar A Ghráinne, an í seo do ghiall? Ní hí, acht mo ghlún. Siúd í an ghrian sa spéir. Tá an ghé ar mo gheata. Gearr an téad seo, a Bhriain. Tá sí ró-fhada. Ar ghearr Brian an téad? Ghearr. Tá sí ró-ghearr 1 anois. An é seo mo ghliomach? Ní hé, acht do ghearrán. Ní'l an sgian seo ró-
ghéar. Tá sí maol go maith. Gléas ort, 2 a Mháire, le dhul a bhaile. Ar ghléas Máire í fhéin? Ghléas. 1. Ró-ghoirid, ró-ghairid. 2. Cuir umat. CEACHT LXI. Do dhoras A Dháithí A dhruidim (Do) dhún sé (Do) dhruid sé Ar dhuine Ar dhruim Ar Dháithí Ró-dhona Nóra dhall Arb in é do dhoras, a Dháithí? Ní hé, acht doras na sgoile. A Ghráinne, abair le Dáithí a dhul go dtí an fhuinneóg le 1 n-a druidim (dúnadh). 2 A Dháithí, téigh 3 go dtí an fhuinneóg agus druid (dún) í. Tá Dáithí ag druidim (dúnadh) na fuinneóige. An é an doras atá sé a dhruidim
(dhúnadh)? Ní hé. Tá an fhuinn- eóg druidte (dúnta) aige anois. Ar dhruid (dhún) sé an fhuinneóg? Dhruid (dhún). A Mhuiris, a mhic, cuimil 4 an chailc de dhuine eicínt. 5 Cuimil de dhruim Dháithí í. Tá lorg na cailce ar Dháithí anois. 1. Chun, chum. 2. Druid (N.C. and U.), dún (S.C. and M.). 3. Téirigh, gabh. 4. Cumail. 5. Éigin, éigint, eicínteacht, innteacht. CEACHT LXII. A Dhiar- muid Fá dhéin (Do dhearc sé Hata Dhiar- muda (Do) dhíol sé Ró-dheacair (Do) dhearg sé Ró-dhian Do dhin sé A Dhiarmuid, a mhic, téigh chuig an doras. 1 Dearc 2 thrí pholl an ghlais. Ar tháinic 4 Diarmuid ar ais? Tháinic. 5 A Bhriain,
téigh faoi dhéin Dhiarmuda. Díol do shlis leis. Tá Brian ag díol a shlise le Diarmuid. Tá sí díolta aige anois. An le Máire a dhíol sé a shlis? Ní headh, acht le Diarmuid. Ar thug 6 sé punnt duit, a Bhriain? Maise, go deimhin, níor thug. 7
Tá Diarmuid ag dearcadh thrí pholl an ghlais. Tá Brian ag dul fá dhéin Dhiarmuda le n-a shlis a dhíol.
1. Go dtí an doras, chuig an ndoras, chun an dorais. 2. Féach, amharc, breathnuigh. 3. Trí, tré. 4. An dtáinic. 5, Thainic, tháinig. 6. An dtug. 7. Ní thug. CEACHT LXIII. Do láir (Do) las sé Ar leag sé Ró-láidir (Do) líon sé Mo leaba (Do) lean sé (Do) leig sé Mo léine A Chuinn, an í sin do láir? Ní hí, acht mo chaora. A Thomáis, las an choinneall. Tá Tomás ag
lasadh na coinnle. Céard 1 a rinne 2 Tomás? Las sé an choinn- eall. Cé 3 leis ar las sé í? Le cipín soluis. 4 A Philib, leag an balla sin. Ní thig liom. Tá sé déanta ró-láidir. Ar leag Pilib an balla? Níor leag. Ní thig leis a leagan. 5 A Úna, líon an cupán le bainne. Tá Úna ag líonadh an chupáin. Ar líon sí é? Líon. Tá sé líonta aici.
Tá Tomás ag lasadh na coinnle. Tá Úna ag líonadh an chupáin.
1. Créad, go céard, goidé, caidé, cad. 2. Do dhin. 3. Cad, cá. 4. Lasán, lasóg. 5. Leagadh, leagaint. CEACHT LXIV. Do naipcín Mo nead Mo neann- tóg A Néill A Nóra (Do) nigh sé Mo náire Mo naosg Fá Nodl- aic A Néill, an eo é do naipcín póca 1? Ní hé, acht do naipcín
póca fhéin. Ní'l aon naipcín póca agam-sa. An nead í seo? 'Seadh. An í do nead-sa í? Ní hí, acht nead an éin. An dris í sin? Ní headh, acht neanntóg. A Nóra, nigh do naprún. 2 Ní thig liom anois. Ní'l aon uisge te agam. An bhfuil Nóra ag nighe a naprúin? Ní'l. Ar nigh sí é? Níor nigh. Níor fhéad sí a nighe. Arb eo é do naigín? 'Sé.
Is í nead an éin i. Is é mo rós é. Rug an chearc dhonn ubh.
1. Céirsiúir. 2. Aprún, práisgín. CEACHT LXV. A Róisín A rúin Do ránn Mo rós Ar Róisín Rug sí Ní rabh Fá rún A Néill, an in é do ráca? Ní hé, acht mo rós. A Nóra, a rúin, beir ar ghualainn ar Róisín. Tá Nóra i ngreim i Róisín. An rug
sí ar Niall? Ní rug. Is ar Róisín a rug sí. An rug an chearc bhán ubh ar maidin? Ní rug, acht rug an chearc dhonn ubh. A Róisín, a rúin, cuir an bhróg dhonn agus an peann donn ar an stól. Tá Róisín ag cur na bróige duinne agus an phinn dhuinn ar an stól. Chuir sí ar an stól iad. CEACHT LXVI. Ár bhfeilm Bhur bhfeilm A bhfeilm An bhfuil Nach bhfuil Go bhfuil Mara bhfuil An bhfásann An bhfanann Go bhfillid A Thomáis agus a Chuinn, an bhfuil bhur 1 bhfeilm 2 mór? Ní'l ár bhfeilm mór. Deirid 3 nach bhfuil 4 a bhfeilm mór acht go bhfuil sí beag. An bhfásann coirce faoi'n bhfál
seo? Ní fhásann, acht fásann neanntóga faoi. Deirid nach bhfásann 5 coirce faoi'n bhfál acht go bhfásann neanntóga faoi. An bhfanann sibh ar sgoil ar feadh an lae? Ní fhanamuid. An bhfilleann 6 sibh a bhaile tráthnóna 7? Fillimid. Deirid go bhfillid a bhaile tráthnóna. CEACHT LXVII. Ár bpócaí Bhur bpócaí A bpócaí An bpógann sé Nach bpógaid A bpógadh Ár bpotaí Bhur bpotaí A bpinn A Nóra, an bhfuil aon pholl ann do pháirc-sa? Tá. Deir sí go bhfuil poll ann a páirc. A Cháit
agus a Róisín, an bhfuil pinn luaidhe ann bhur bpócaíbh? Ní'l aon pheann luaidhe ann ár bpócaíbh. Deirid nach bhfuil peann luaidhe ar bith ann a bpócaíbh. A Phóil agus a Pheadair, an bpógann sibh bhur bpotaí? Ní phógamuid ár bpotaí. Ní mian linn a bpógadh. Deirid nach bpógaid a bpinn acht an oiread. Deir Art go bpógann sé fhéin an coinín atá mar pheata aige.
Pógann Art an coinín atá mar pheata aige. Tá na fir ag baint fhéir.
CEACHT LXVIII. Cá mbíonn sé An mbíonn sé Go mbíonn sé Nach mbíonn sé Go mbainid Nach mbainir An mbaineann Anns an mbainne Ar an mbord San mbaile A Bhriain, cá bhfuil an cupán bainne? Tá sé ar an mbord (nó
bhord). An mbíonn sé annsin go minic? Ní bhíonn. Deir Brian nach minic an cupán bainne ar an mbord (nó bhord). Cá mbíonn an spunóg seo? Bíonn sí anns an mbainne (nó bhainne). A Pháid, an mbaineann tusa féar sa móin-fhéar? Ní bhainim. Is iad na fir oibre a bhaineas é. Táid ag baint fhéir indiu. Deir Peadar nach mbaineann sé fhéin féar. An abruigheann sé go mbaineann na fir oibre é? Deir sé go mbainid. CHEACHT LXIX. Go gcuirir An gcuireann sé Nach gcuirid Ár gcorcán Bhur gcorcán A gcorcán An gcluinir I gcoinne Ann a gcoinne Ann ár gcoinne A Cháit, an gcuireann tú fód
mónadh ar an teinidh sa mbaile gach maidin? Cuirim. Deir sí go gcuireann sí fód mónadh ar an teinidh. A Chormaic agus a Chiaráin, an gcuireann sibh plúr mín ann bhur gcorcán (bpota) sa mbaile 1 le 2 leite a dhéanamh? Ní chuirimid, acht cuirimid min mhín ann ár gcor- cán. Deirid nach gcuirid 3 plúr mín ann a gcorcán. Deirid go gcuirid min mhín ann. Tá na ba sa bpáirc (nó pháirc). A Chuinn, téigh i gcoinne 4 na mbó. An gcluin 5 tú mé? Cluinim. 6 Táim ag 'ul 7 ann a gcoinne anois. A Mhuiris, téigh i gcoinne na bó báine. Táim ag 'ul ann a coinne.
Cuirid min mhín ann a gcorcán (bpota). Tá na ba sa bpáirc.
CEACHT LXX. Nach nglacair An nglacann sé Go nglacaid Anns an ngort I gcoinne na ngearrán An ngléasann sibh Ár ngearrán Bhur ngearrán A ngearrán A Ghráinne, glac an cnaipe seo uaim. An nglacann tú cnaipe uaim go minic? Ní ghlacaim. Cé an fáth nach nglacann tú é? Ní thugann tú dhom é. Deir Gráinne nach nglacann sí cnaipe uaim. A Chéin agus a Shéamuis, téighidh i gcoinne na ngearrán. Táid anns an bpáirc. An gcluin 1 sibh mé? Cluinimid. Támuid ag 'ul ann a gcoinne. Téighidh i gcoinne an choirce freisin. 2 Támuid ag dul ann a choinne. Cuir bhur ngearrán amach as an ngort.
An ngléasann sibh bhur gcéad- phroinn gach maidin? Gléas- amuid. Deirid go ngléasaid a gcéad-phroinn. 1. Gcloiseann. 2. Fosta, leis. CEACHT LXXI. An dtigeann Go dtig sé Nach dtig sé An dtugaim Nach dtugaim Go dtugaim An dtuigeann tú Go dtuigeann sé An dtóigir A Thomáis, an dtigeann 1 tú chun na sgoile gach uile mhaidin? Ní thigim. 2 Deir sé nach dtigeann sé chuig an sgoil gach uile mhaidin. An dtugaim peann duit go minic? Bheirir 3 peann dom ó am go ham. An dtugann pighinn duit? Go deimhin, ní thugair. Deir Tomás go dtugaim peann
dó acht nach dtugaim pighinn dó. A Philib, tóig an fód mónadh de'n teinidh agus tóig an cupán bainne de'n bhord. An dtuigeann tú mé? Tuigim. 4 Deir sé go dtuigeann sé mé. Cuir ar ais ar an mbord (nó bhord) aríst iad. Fág annsin iad. An dtóigeann tú iad go minic? Ní thóigim. CEACHT LXXII. An ndruideann tú Nach ndruideann sé Go ndruideann sé An ndeargann sibh Nach ndeargann sé Go ndeargaid Ár ndoras Bhur ndoras A ndoras A Dháithí, cuir an glas ar
an doras. An ndruideann (ndúnann) sibh bhur ndoras sa mbaile gach oidhche? Druidimid (dúnamuid). Deir Dáithí go ndruidid (ndúnaid) a ndoras fhéin gach oidhche. An ndeargann na fir mhóra a bpíopaí le cipín soluis? Deargaid agus le sméaróid freisin. Deir Dáithí go ndeargann na fir mhóra a bpíopaí le cipín soluis. An ndeargann sibh bhur dteine sa mbaile le cipín soluis? Ní dheargamuid. An mbíonn an ghríosach agaibh ar an teallach? Bíonn.
Druideann (dúnann) Dáithí a ndoras féin sa mbaile. Deargann na fir mhóra a bpíopaí le cipíníbh soluis.
CEACHT LXXIII. Capall an tsag- airt Le hais an tsag- airt Ár sagairt Do'n tsearrach Ar an searrach An tsean-bhean Leis an tsean mhnaoi Go seasann sé Nach seasann sé L 28> Tá searrach na lárach le hais an tsagairt. Tá sean-bhean i ngar do'n tsearrach.
A Shéamuis, cé hé sin? Is é ár sagart é. Agus céard é sin le hais an tsagairt? Is é searrach na lárach 1 atá le n'ais. An síleann tú gur sean-bhean í sin i ngar do'n tsearrach 2? Sílim gur ab eadh. An bhfuil an tsean-bhean ann a seasamh? Tá. An leis an sean-fhear nó leis an tsean-mhnaoi an searrach? Ní'l fhios agam cé aca ar leis é. An seasann tú ar mo shac go minic? Ní sheasaim acht seasaim ar ár sac fhéin. Deir sé go seasann sé ar a sac fhéin. 1. Láire. 2. I n-aice an tsearraigh. CEACHT LXXIV. Píobaire Béidh Fuinteóir Athair Maith Mícheál Mórán Caoch Radharc Is é sin Mícheál Ó Briain. Ní'l
sé acht ann a ghasúr 1 fós. Tá sé ag fás. Béidh sé ann a fhear mhór láidir amach annseo. 2 Is maith an gasúr é. Is as Cill Dara é. Tá a athair ann a shean-fhear anois. Bhí radharc 3 maith aige le linn a óige acht tá sé caoch anois. Is beag a thig leis a fheiceál anois. Ceisteanna. Cé hé sin? An é Art é? An fear aosta Mícheál? An bhfuil sé ag fás fós? An mbéidh sé níos áirde 4 ná mar tá sé anois? An droch-ghasúr é? Cé'rb as é 5? An bhfuil a athair óg fós? An fuinteóir é? An bhfuil radharc maith aige? An rabh sé caoch tráth rabh sé óg?
CEACHT LXXV. Airgead Ór Óinseach Bocht Máthair Fial Céille Gortach Gránda Rabh Tá máthair Mhíchíl ann a sean- mhnaoi anois. Is maith fial an bhean í. Bhí sí deas ar a bheith ann a cailín óg dhuithe. 1 Is bean bheag í. Ní'l sí an-bhocht. 2 Ní'l mórán óir ná airgid aici acht tá go leór céille aici. Téigheann 3 sí go dtí an tobar gach maidin i gcoinne fíor-uisge. Tigeann 4 sí ar ais leis an uisge agus cuir- eann sí sa bpota é. Bíonn teine faoi'n bpota. Ceisteanna. An bhfuil máthair Mhíchíl ann
a cailín óg fós? An droch-bhean í? An bean ghortach í? An rabh sí gránda nuair a bhí sí óg? An bean mhór í? An bhfuil airgead go leór aici? An óinseach atá innti? Cá dtéigheann sí gach maidin? Cé ann a choinne? An dtigeann sí ar ais 5 aríst? Cé ann a gcuireann sí an t-uisge? Céard a bhíos faoi'n bpota? CEACHT LXXVI. Éadach Ith Proinn Bóna Bríste Moch Léine Leite Gheibheann Ghníonn Stoca Suidh Tae Cuireann Mícheál a chuid sean- éadaigh air 1 go moch gach maidin. Cuireann sé air 1 a léine agus a
bríste agus a chuid stocaí agus a chuid bróg agus a bhóna agus a chóta. Téigheann sé go dtí an seomra proinne. Buaileann sé faoi 2 ar stól ag an mbord. Gheibheann 3 sé cupán bainne agus pláta leite. Ólann sé an bainne as an gcupán. Itheann sé an leite le spunóig.
Cuireann Mícheál a chuid sean-éadaigh air go moch ar maidin. Tá a athair caoch. Cuireann a mháthair uisge annsa bpota ar an teinidh
Ceisteanna. Céard a ghníos 4 Mícheál gach maidin? An ar an dó-dhéag a chlog sa lá 5 a ghníos sé é? Goidé chuireas sé air? Nuair a bhíos sé sin déanta aige, cá dtéigheann sé? Cá suidheann sé? Céard a gheibheas 6 sé? An tae a ólas 7 sé? Céard a itheas sé? Cé 8 leis a n-itheann sé an leite?
CEACHT LXXVII. Asgaill Amach Éirigh Bairéad Fágh Ceacht Dubhach Gabh Leabhar Sáith Seasamh Sgríobh Chomh luath is bhíos a sháith 1 ithte ag Mícheál éirigheann sé ann a sheasamh. Cuireann sé air a bhairéad. Tóigeann sé a chuid leabhar agus cuireann sé faoi n-a asgaill iad. Tagann sé chun na sgoile. Foghluimeann sé a chuid ceacht. Gheibheann sé peann agus páipéar agus dubhach. Sgríobhann sé ar an bpáipéar leis an bpeann. Ghníonn sé go leór staidéir. Ceisteanna. Nuair a bhíos a sháith ithte ag Mícheál goidé ghníos se? Céard
a chuireas sé ar 2 a cheann? An dtóigeann sé rud ar bith de'n bhord? Cá gcuireann sé iad? Cá dtéigheann sé? An léigheann sé aon cheacht? An bhfághann sé rud ar bith ó'n oide? Cá sgríobhann sé? An ndéanann sé aon staidéar? An ndéanann sé leite i dteach 3 na sgoile? CEACHT LXXVIII. Imir Istigh Peil Báire Caith Cluiche Greann Rith Sórt Sgoláire Uair Nuair a thig an dó-dhéag a chlog bíonn leath-uair grinn ag na sgoláiríbh. Gabhaid 1 amach. Im-
righid cluichí. Rithid agus léimid. Imrighid peil agus buailid báire. Bíonn greann mór aca. Chomh luath is bhíos an t-am caithte agus a sáith grinn aca, tigid isteach. Téigheann siad ann éadan a gceacht aríst. Ceisteanna. Céard a bhíos ar siubhal ag na sgoláiríbh ar an dó-dhéag a chlog? Cé an uair 2 a bhíos greann aca? Cá dtéigheann siad? Goidé ghníd 3? Cé an sórt cluichí imrighid? An mbíonn go leór grinn aca? Cá dtéighid nuair a bhíos an t-am caithte? Nuair a bhíos siad istigh sa sgoil aríst, céard a ghníd 3? 1. Gabhann siad, téigheann siad. 2. Cá huair, cá chuin. 3. Ghníos siad, dhéanas siad.
Rithid agus léimid. Imrighid peil agus buailid báire.
CHEACHT LXXIX. Abhainn Imthigh Páiste Breagh Malrach Cumhdach Filéad Ceathair Corr-dhuine Sáile Snámh Lúthgháir Nuair a bhíos sé i n' am a dhul 1 a bhaile, bíonn lúthgháir 2 ar na páistíbh. Cuireann na cailíní a gcuid filéad ortha. Cuireann na malraigh a gcuid caipíní ortha. Imthighid a bhaile. Ithid a bproinn. 3 Má bhíonn an aimsear go breagh, téigheann na malraigh ag snámh sa sáile nó san abhainn. Bíonn corr-dhuine 4 aca ag cumhdach 5 na mbó nó na gcaorach ar an gcnoc.
Téigheann na malraigh ag snámh anns an abhainn. Bíonn cuid aca ag cumhdach na mbó ar an gcnoc.
Ceisteanna. Chomh luath is thig an trí nó an ceathair a chlog, goidé ghníos sibh, a pháistí? Cá n-imthigheann sibh? An itheann sibh dada 6? Cá dtéigh-
eann sibh má bhíonn an aimsear go breagh? Chéard a bhíos d'á dhéanamh ag corr-dhuine agaibh? Cá mbíonn na ba agus na caoirigh? CEACHT LXXX. Aifreann Éadan Bearr Deachaidh Domhnach Chéad Chuaidh Cuideachta Gabha Lámh Nuair Seaghán D'éirigh Seaghán Mac Gabhann, mac an fhuinteóra, ar an 1 sé a chlog ar maidin Dia Domhnaigh. Ghléas sé agus bhearr sé é fhéin. Nigh sé a éadan agus a lámha. Nuair a bhí a chéad-phroinn ithte aige chuaidh sé chun an Aifrinn ar an naoi a chlog. Chuaidh sé ann i
gcuideachta a athar 2 agus a mháthar. 3
Chuaidh Seaghán, mac an fhuinteóra, chun an Aifrinn i gcuideachta a athar agus a mháthar.
Ceisteanna. An rabh Seaghán Mac Gabhann ann a shuidhe go moch ar maidin Dia Domhnaigh? Arbh' é Seaghán athair an fhuinteóra? Céard a rinne 4 sé? Cá ndeachaidh 5 sé thar éis 6 a chéad-phroinne a bheith ithte aige? An ndeachaidh sé go teach 7 an óil? Cé an uair a bhí an tAifreann ann? Cé bhí i gcuideachta Sheagháin? CEACHT LXXXI. Altóir Amuigh Istigh Paidrín Páirteach Pobal Dearnaidh Taobh Thart Léigh Dubhradh Crannóg Guidh Seanmóir Suidh Chuadar 1 isteach agus shuidh siad
síos. Chuaidh an sagart suas ar an altóir. Léigh sé an tAifreann. Bhí an pobal ag guidhe. 2 Chuaidh an sagart sa gcrannóig agus rinne seanmóir ghearr. 3 Dubhradh an paidrín páirteach l'éis na sean- móire. Tháinic an pobal amach annsin. D'fhan cuid aca ag cainnt le chéile taobh amuigh de theach an phobail. Chuaidh an chuid eile aca a bhaile. Ceisteanna. Cá ndeachaidh Seaghán agus a athair agus a mháthair isteach? Ar fhanadar ann a seasamh? Cá ndeachaidh an sagart? An ndearnaidh 4 sé rud ar bith i n-éis an tAifreann a bheith léighte aige? An seanmóir 5 fhada a
rinne sé? Céard a bhí an pobal a dhéanamh? Goidé rinneadh thar éis na seanmóire? Ar imthigh na daoine uile go léir a bhaile gan mhoill?
1. Chuaidh siad. 2. Guibhe. 3. Thug sé seanmóir ghearr uaidh. 4. An dtearn, ar dhin. 5. Seanmóin, searmóin. CEACHT LXXXII. Iarraidh Íoc Unnsa Cáirde Díth Dó Dóibh (dóbhtha) Tigheacht Teastáil Tobac Thug Siopa Ar thigheacht a bhaile dhóibh 1 bhí tobac de dhíth 2 ar athair Sheagháin. D'imthigh Seaghán 'ghá iarraidh. Cheannuigh sé unnsa tobac sa siopa agus d'íoc sé air. 3 Thug sé a bhaile leis é agus thug sé d'á
athair é. Thóig a athair sméaróid agus dhearg sé a phíopa. Chaith 4 sé cuid de'n tobac. D'imthigh Seaghán leis fhéin ag imirt peile. Ceisteanna. Nuair a tháinic siad a bhaile, céard a bhí ag teastáil ó athair Sheagháin? Goidé rinne Seaghán annsin? An bhfuair sé an tobac? Cá bhfuair sé é? An ar cáirde a fuair sé é? Cé dhó a dtug sé é? Céard a rinne a athair? Cé leis ar dhearg sé a phíopa? An gcaitheann tusa tobac, a Sheagháin? Cár imthigh Seaghán? Céard d'imir sé?
CEACHT LXXXIII. Ainm Aois Éadan Inghean Bliadhain Fiche Dath Díreach Cam Clann Gruaidh Gruag Smig Tá inghean freisin 1 ag athair agus ag máthair Sheagháin. Máire Nic Ghabhann atá mar ainm uirthi. Is deas an cailín í. Tá sí fiche bliadhain d'aois. Tá sí árd. Tá clár a héadain an- gheal. Tá lasadh ann a gruaidh. Tá gruag ar dhath an óir uirthi. Tá a srón díreach. Tá a béal deas deagh-chumtha. Tá a bruasa dearg. Tá smig dheas uirthi freisin. Ceisteanna. An bhfuil aon duine eile clainne
ag máthair Sheagháin Mhic Ghabhann? Cé an t-ainm atá uirthi 2? Cad is ainm dhuit fhéin? An cailín gránda Máire? Cé an aois í? Cé an aois thú fhéin? An cailín beag Máire? Cé an dath atá ar chlár a héadain agus ar a gruaidh agus ar a cuid gruaige? An cam í a srón? An mór é a béal? Cé an dath atá ar a bruasaibh? Cé an sórt smige atá uirthi? 1. Fosta, leis, mar an gcéadna. 2. Cad is ainm dhi. CEACHT LXXXIV. Ionga Brollach Muineál Caol Com Congnamh Craiceann Cruaidh Géag Geal Lámh Ramhar Tá a súile gorm. Tá a cluasa
deas beag. Tá a méaracha 1 caol. Tá gach ionga d'á bhfuil uirthi deas geal. Tá a lámha agus a cosa beag. Tá craiceann gléi- geal ar a géagaibh agus ar a muineál 2 agus ar a brollach. Ní'l a com ró-chaol. Bíonn sí ag obair go cruaidh ar feadh an lae. Bheireann sí congnamh d'á máthair. Is maith leis an máthair an congnamh sin a bheith aici. Ceisteanna. Cé an dath atá ar shúilibh Mháire Nic Ghabhann? An bhfuil a cluasa ró-mhór? An dubh atá a hingne? An bhfuil a lámha agus a cosa ró- fhada? An bhfuil a méaracha ramhar? An craiceann donn atá ar a géagaibh? An bhfuil a
com ró-chaol nó ró-ramhar? An ndéanann sí mórán oibre? An dtugann sí congnamh d'á máthair? An mbíonn a máthair sásta léithi? 1. Méara, méaranna. 2. Muinéal. CEACHT LXXXV. Oigheann Bác Bairghean Bláthach Fuin Taos Toirtín Cuirn Salach Suidhe Chomh luath is bhíos sí ann a suidhe ar maidin, nigheann sí na cupáin 1 agus na plátaí agus na cuirn 2 agus na miasa a bhíos salach. Sguabann sí an t-urlár. Cuir- eann sí min mhín agus uisge te sa bpota ar an teinidh. Ghníonn sí leite. Fuineann sí plúr as bláthaigh. Ghníonn sí bairgheana 3
agus toirtíní 4 as an taos. Bácann sí anns an oigheann iad.
Ghní Máire Nic Ghabhann bairgheana as an taos. Bácann sí san oigheann iad.
Ceisteanna. Céard a ghníos Máire ar maidin? An mbíonn na cuirn salach? An ndéanann sí rud ar bith leis an sguaib? An gcuireann sí rud ar bith san bpota 5? An bhfuineann sí an taos? Céard a ghníos sí as? An mbácann sí iad? Cá mbácann sí iad? CEACHT LXXXVI. Aghaidh Ariamh Bligh Maistreadh Miosgán Móin-fhéar Cuinneóg Soitheach Chomh luath is bhí na soithigh glanta aici indé, do bhligh Máire an bhó
bhainne. Nuair a bhí an bhó blighte 1 aici, ghlan sí an chuinneóg. 2 Chuir sí an bainne ramhar innti agus rinne maistreadh. 3 Rinne sí miosgáin 4 de'n im úr. Chuir sí an bhláthach i soithigh le haghaidh 5 na bhfear oibre a bhí ag baint fhéir sa móin-fhéar. 6 Ceisteanna. Ar bhligh Máire an bhó bhainne? Ar ghlan sí an chuinneóg? An bhfacais cuinneóg ariamh? Céard a bhíos i gcuinneóig? Cé ann ar chuir sí an bainne ramhar? Goidé rinne sí annsin? An ndearnaidh sí im? Cé ann ar chuir sí an bhláthach? Cé le n' aghaidh? Céard a bhí na fir oibre a dhéanamh?
CLANN LIR. I. Bhí rí ann fadó. Bodhbh Dearg do bhí mar ainm air. Bhí triúr dalta aige, Aobh, Aoife, agus Ailbhe. Ba cailíní deasa áilne iad agus bhí gean mór ag an rígh ortha. Ins an am sin bhí flaith ann darbh' ainm Lir. Cailleadh a bhean agus bhí brón mór air. Chualaidh Bodhbh Dearg sin. Chuir sé sgéala go dtí Lir ag a rádh go dtiubhradh sé duine de'n triúr cailíní dhó mar mhnaoi. Bhí bród mór ar Lir. Tháinic sé go teach Buidhbh Dheirg agus chonnaic sé an triúr i n-a suidhe os a chomhair.
"Bíodh do rogha agat," arsa Bodhbh Dearg. "Maise, ní'l a fhios agam cé aca is fearr liom," arsa Lir, "acht sílim gur fearr dhom an cailín is sine do ghlacadh óir is í is uaisle." "Tá go maith," arsa Bodhbh Dearg, "bíodh sise agat." Pósadh iad an oidhche sin agus coicís thar a éis sin thug Lir a bhean a bhaile leis. Ceisteanna. Cé an t-ainm do bhí ar an rígh? Cé an uair do bhí sé ann? Cé mhéad dalta do bhí aige? Cé an t-ainm do bhí ortha? Cé an sórt cailíní do bhí ionnta? An rabh gean ag an rígh ortha? Céard
do b'ainm do'n fhlaith? Céard do thárla d'á mhnaoi? An rabh brón air? An gcualaidh Bodhbh Dearg sin? Céard do rinne sé? Céard adubhairt sé le Lir? An rabh bród ar Lir? Cá dtáinic sé? Céard do chonnaic sé? Cá rabh na cailíní? Cé aca do b'fhearr le Lir? Cé aca do thogh sé? An dtug Bodhbh Dearg dhó í? Ar pósadh iad? Cé an uair do chuaidh siad a bhaile? II. Bhí ceathrar clainne aca .i. aon inghean amháin darbh' ainm Fionnghuala agus triúr mac, Aodh, Conn, agus Fiachra. Mhair Lir agus a bhean fá shólás le n-a chéile acht, thar éis tamaill, fuair
Aobh bás agus tháinic brón mór ar Lir. Dubhairt Bodhbh Dearg go dtiubhradh sé an dara cailín, Aoife, do Lir. Pósadh iad agus thug sé a bhaile í. Bhí bród mór ag Lir as a chlann agus grádh mór aige dhóibh. Ar dtús bhí gean ag Aoife freisin ortha acht, thar éis tamaill, tháinic éad uirthi óir shíl sí gurbh' annsa le Lir a chlann ná í féin. D'éirigh sí ar buile le éad agus ba mhian léithi na páistí do chur chun báis. Lá amháin thug sí léithi i n-a cóiste iad. Níor mhaith le Fionnghuala a dhul léithi agus ba mhian léithi fanacht sa mbaile mar bhí amhras aici ar Aoife. Acht ní rabh aon neart aici air agus b'éigin di a dhul léithi.
Ceisteanna. Cé mhéad clainne do bhí ag Lir agus a mhnaoi? Cé an t-ainm do bhí ar an inghin? Céard do b'ainm do na buachaillibh? Ar mhair Lir agus a bhean go sólásach le n-a chéile? Cé aca fuair bás thar éis tamaill? An rabh brón ar Lir? Céard adubhairt Bodhbh Dearg? Ar phós Lir Aoife? An rabh bród ag Lir as a chlann? An rabh grádh aige dhóibh? An rabh gean ag Aoife ortha? Céard do tháinic ar Aoife thar éis tamaill? Cé an fáth? Céard ba mhian léithi? Céard do rinne sí lá amháin? Ar mhaith le Fionn- ghuala a dhul léithi? Cé an fáth nár mhaith léithi é? An rabh uirthi a dhul le Aoife?
III. Nuair tháinic siad go bruach locha d'iarr Aoife ar an tiomán- aidhe na páistí do chur chun báis. Níor mhaith leis sin agus d'eitigh sé. Annsin thug Aoife ar na páis- tíbh a dhul isteach san loch. Nuair bhíodar san uisge do bhuail sí le slait iad agus rinne ceithre healaí dhíobh. Badh thruagh leat na páistí bochta sin agus an méid bróin do bhí ortha. Dubhairt Fionnghuala gurbh' olc an rud do rinne Aoife agus go n-íocfadh sí ann. "Cá fhaide a bhéimid i riocht ealaí?" arsa Fionnghuala. "Naoi gcéad bliadhain," arsa Aoife, "trí chéad bliadhain ar an
loch seo agus trí chéad bliadhain ar Shruth na Maoile idir Éire agus Alba agus trí chéad bliadhain i n-Iorrus." Nuair chualaidh Bodhbh Dearg an sgéal bhí fearg an-mhór aige le Aoife. Bhuail sé le slait í agus rinne deamhan aeir dhi. D'imthigh sí as amharc agus ní facthas ó shoin í.
Do bhuail sí le slait iad agus rinne ceithre healaí dhíobh.
Rinne sí deamhan aeir dhi.
Ceisteanna. Céard d'iarr Aoife ar an tiománaidhe? Ar eitigh sé? Céard do thug Aoife ar na páistíbh annsin? Goidé do rinne sí dhíobh? An rabh mórán bróin ar na páistíbh? Céard adubhairt Fionnghuala le Aoife? Cé an cheist do chuir sí ar Aoife? Cá
fhaide bhíodar le bheith i riocht ealaí? An raibh Bodhbh Dearg sásta nuair chualaidh sé an sgéal? Céard do rinne sé de Aoife? Cá ndeachaidh sí? IV. Cé go rabh na páistí i riocht ealaí bhí glór daonda aca agus bhíodar i n-an an ceól ba bhinne d'ar cloiseadh ariamh do sheinnm. Bhíodh Lir agus Tuatha Dé Danann go léir ag éisteacht agus ag cainnt leóbhtha. Chaitheadar trí chéad bliadhain ar an loch úd agus annsin b'éigin dóibh imtheacht leóbhtha go Sruth na Maoile idir Éire agus Alba. Ba mhór an brón do bhí ar na healaíbh agus
ar a gcáirdíbh ag sgaradh le n-a chéile dhóibh. D'fhan na healaí trí chéad bliadhain eile ar Shruth na Maoile agus ba mhór an t-anró do bhí ortha ar feadh an ama sin. Bhídís ag snámh ar an bhfairrge nó i n-a suidhe ar na carraigíbh fá fhuacht agus fá shioc, fá shneachta agus fá bháistigh. Fá dheireadh bhí a seal ar Shruth na Maoile caithte agus ba mhór an bród a bhí ortha faoi sin. D'éirigh siad ar eiteall agus chuaidh siad siar go hIorrus. Is iomdha anró agus pian d'fhul- aing siad annsin acht, thar éis tamaill, chreideadar i nDia agus fuaireadar suaimhneas agus sólás uaidh sin amach.
Bhídís ag snamh ar an bhfairrge nó i n-a suidhe ar na carraigíbh fá fhuacht agus fá shioc, fá shneachta agus fá bháistigh.
Ceisteanna. Cé an sórt glóir do bhí ag na healaíbh úd? An rabhadar i n-an ceól do sheinnm? Céard do bhíodh Lir agus Tuatha Dé Danann a dhéanamh? Cá fhaide do chaith na healaí ar an loch úd? Cár imthigh siad annsin? Cá bhfuil Sruth na Maoile? Cé an fáth a rabh brón ortha? Cá fhaide do bhíodar ar Shruth na Maoile? Céard do bhídís a dhéanamh ann- sin? An rabh brón ortha nuair do bhí a seal caithte annsin? Cá ndeachaidh siad annsin? Ar chreideadar i nDia? Ar fhulaing siad anró agus pian thar a éis sin?
Nuair do bhí na trí chéad bliadhain caithte aca i nIorrus d'éirigh na healaí ar eiteall arís agus chuaidh a bhaile le cuairt do thabhairt ar Lir agus ar Bhodhbh Dearg. Acht, fairíor, bhí an baile fuar falamh gan duine le feiceál ann. Tháinic brón mór ortha agus d'imthigh siad leóbhtha go hInis Gluaire agus chuireadar fútha annsin. Thagadh éanlaith na tíre go dtí an áit sin ag éisteacht le n-a gceól binn agus bhíodar mar sin go dtáinic Pádhraic Naomhtha go hÉirinn. Thárla go dtáinic fear naomhtha go hInis Gluaire agus chualaidh sé ceól na n-ealaí. Ar maidin
lá ar n-a bhárach chuaidh sé go bruach an locha agus chuir sé aithne ar na healaíbh agus fuair amach gur ab iad clann Lir do bhí ann. Tháinic siad i dtír agus d'imthigh siad leis an naomh agus d'fhanadar aige. Bhídís ag éis- teacht aifrinn agus ag guidhe agus ag déanamh deagh-oibre i dteach an naoimh. Chuir seisean slabhraidhe airgid fá n-a muineál. Ceisteanna. Cá ndeachaidh na healaí nuair d'fhágadar Iorrus? Cad chuige? An rabh Lir agus Bodhbh Dearg sa mbaile rómpa? An rabh brón ar na healaíbh annsin? Cár chuireadar fútha thar a éis sin? Céard a thagadh ag
éisteacht leóbhtha? Cá fhaide do bhíodar ar Inis Gluaire? Cé tháinic go dtí an t-oileán? An gcualaidh sé ceól na n-ealaí? Cá ndeachaidh sé annsin? Ar aithnigh sé na healaí? Cár imthigheadar annsin? Ar sgaradar leis arís? Céard do bhídís a dhéanamh? Céard do chuir an naomh fá n-a muineál? VI. Acht bhí rí i gConnachtaibh agus bhí bean aige agus ba mhian leis an mnaoi úd na healaí a bheith aici. Chuir an rí duine go dtí an naomh ag iarraidh na n-ealaí air acht d'eitigh an naomh é. Annsin bhí fearg mhór ar an rígh agus tháinic sé féin i n-a gcoinne. Bhí na
healaí ar an altóir agus rug an rí ar na slabhraidhe agus rug na healaí leis. Acht is ar éigin do bhí sé ag an doras nuair do thuit an chluimhreach dhíobh agus rinneadh ceathrar sean-daoine críon caithte dhíobh agus iad beagnach ar bhuille an bháis le aois agus le lagar. Annsin bhaist an naomh iad agus fuair siad bás agus chuaidh a n-anmanna suas go Flaithis Dé. Cuireadh i n-aon uaigh amháin iad, Conn agus Fiachra ar dhá thaoibh Fhionnghuala agus Aodh i n-a hucht agus cuireadh leacht os a gcionn.
Rug an rí ar na slabhraidhe agus rug na healaí leis.
Ceisteanna. Céard ba mhian le mnaoi ríogh Chonnacht? Céard do rinne an
rí? An dtug an naomh na healaí dhó? An rabh an rí sásta leis sin? An dtáinic sé féin i n-a gcoinne? Cá rabh na healaí nuair tháinic sé? Céard do rinne sé? Céard do thárla do na healaíbh annsin? Ar baist an naomh iad? Ar mhaireadar i bhfad i n-a dhiaidh sin? Cá ndeachaidh a n-anmanna? Cár cuireadh iad? Cé an chaoi? Céard do cuireadh os a gcionn?
An Dubhán-alla agus an Mhíoltóg. (Le cead an Chraoibhín Aoibhinn). 'Sé adubhairt dubhán-alla Le míoltóig, tráth, "O, tar liom a bhaile, A chréatúirín bhreágh, Tá grian gheal an tsamhraidh Ag damhsadh ar mo theach, Tá ithe 'gus ól ann, Nach dtiocfá isteach? Dubhairt an créatúir mí-chéillidhe Ag dearcadh isteach, "Is tú croidhe na féile, Is breágh é do theach, Acht deirid go mbíonn tú 'G ithe 's ag ól Míoltóigín mar mise, 'Dir fhuil agus fheóil." Dubhairt an dubhán-alla (Is é do bhí glic!) "Is bréag mhór, dar m'anam, Is bréag sin a mhic. Tá caoir-fheóil, tá mairt-fheóil, Tá branndaigh annseó, A's an té do bhí marbh Do dhéanfaidís beó!"
Bhí an créatúirín meallta Le cómhrádh mar sin, Dubhairt sí, "tá mé sásta, Atá tú chomh binn, Acht ní fhanfad acht móimid." Do chuaidh sí 'steach, A's ní chualas go fóill Go dtáinic amach. An Dair 's an Tráithnín. (Le cead an Chraoibhín Aoibhinn). Má's fíor, mar deir tú liom 'ar uairibh, Gur feárr do'n láidir 'ná do'n lag, 'S fíor fós, má tá an aimsir buaidhrighthe, Nach olc an rud bheith íseal beag. Dair do bhí ag fás go Flaitheas, Leagadh í le neart na gaoithe, Deir an tráithnín "ní bhéidh faitchíos Orm-sa roimh an stoirm choidhche"!
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services