Historical Irish Corpus
1600 - 1926

An Modh Díreach

Title
An Modh Díreach
Author(s)
Mac Énrí, Seaghán P.,
Pen Name
Deóraidhe i Lonndain / Máire Ní Eaghra /
Composition Date
1922
Publisher
Gill, M. H. agus a Mhac Teór.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Cad é sin? Sagart
is eadh é. An sagart Conn? Ní headh. An mbeidh sé
i n-a shagart ar ball? B'fhéidir go mbeadh. An é sin
hata Chuinn? Ní hé. Sin é hata an tsagairt. An bhfuil
maide ag an sagart? Ní'l. An sagairt Art agus Niall?
Ní headh. Cé leis an searrach? Is leis an láir é. An bhfuil
sé óg? Tá. An bhfuil do chapall-sa i n-a shearrach fós?
Ní'l. Tá sé fásta. Put a spoon, &c., in a cup, &c., and
ask — Cá bhfuil an spiúnóg? Tá sí sa chupán. Then put
it beside the cup and ask — An bhfuil sí sa chupán anois?
Ní'l. Le hais an chupán is eadh tá sí anois. An sean-bhean
Conn Ó Briain (&c.)? Ní headh, acht sean-fhear. An bhfuil Úna
i n-a sean-mhnaoi? Ní'l. Tá sí i n-a páiste. An é sin ceann
na sean-mhná? 'Sé. An bhfuilim, im' shuidhe anois? Ní'lir.
Táir id' sheasamh. Éirigh id' sheasamh, a Airt. An bhfuil
Art i n-a sheasamh? Tá. An bhfuil Úna i n-a seasamh? Ní'l.


L. iii


Is i n-a suidhe atá sí. An bhfuil an bord i ngar do'n bhalla?
Tá. An bhfuil an stól i ngar do'n bhalla? Ní'l, acht tá sé
i ngar do'n stól eile. — Cé aca is fearr
leat — nó —?
— Is fearr liom —.
Is cuma liom, &c., &c.



SEAGHÁN P. MAC ÉNRÍ.


L. 1


AN MODH DÍREACH



CUID A DÓ.



CEACHT LVI.



Á Chéin
An chearc
Ar Chian
(Do) cheann-
uigh sé
(Do) cheap sé
Do chrios
Mo chíor
Mo cheann
Aon chiall



A Chéin, cé leis an chearc bhán
sin? Is le Cáit í. Ceannuigh
uaithi í. Tá Cian ag ceannacht na
circe báine ó Cháit. A Chiaráin
ar cheannuigh Cian cearc bhán
ó Cháit? Cheannuigh. Cé mhéad 1
a thugais 2 uirthi, a Chéin? Thugas
sé pighne 3 uirthi. An raibh 4 sí daor
ar an méid sin? Go deimhin, ní
rabh. Cheapas fhéin go rabh sí
saor. A Bhríghid, an í seo do
chrios? Ní hí, acht mo chíor. An
ar do chois atá do hata? Ní


L. 3


headh, acht ar mo cheann. 5 Is í
seo 6 mo chluas.


L. iv


Ceannuigh Cian an chearc bhán ó Cáit. Is í
seo an chaora bhán.


L. 3


1. Cá mhéad, an 'mó. 2. Thug tú. 3. Réal. 4. Raibh.
5. Chionn. 6. Seo í.



CEACHT LVII.



A Thomáis Ró-throm
Do thoil
Do thlú
Ar thuig tú
(Do) thóig sé
Níor thuit

Ró-the
Do théad



A Thomáis, tóig 1 an tlú, 2 má's
é do thoil é. Tá sé 3 thíos ag an
teinidh. Ní'l sé ró-throm. Cuir
suas os cionn an dorais é. Ar
thuig tú mé, a Pháid? Thuigeas.
Ar thóig Tomás an tlú? Thóig.
Cár chuir sé é? Chuir sé suas
os cionn an dorais é. Tá sé
thuas os cionn an dorais anois.
An é do thlú-sa é? Ní hé.
Sílim gur leat fhéin é. Ar thuit


L. 4


sé anuas? Níor thuit. Tá an
fód ar an teinidh. Ní'l an teine
ró-the. An é sin do théad? Ní
hé, acht mo thlú.


L. 2


Chuir Tomás an tlú suas os cionn an dorais


L. 4


1. Tóg. 2. Tlúgh, maide briste. 3. Sí.



CEACHT LVIII.



A Shéamuis
Á Sheórsa
Do shlis
Mo shac
Ar sheas sé
(Do) sheinn sé
A shál
Mo speal
Ar shráid



A Shéamuis, an í sin do shlis-sa?
Ní hí, acht do shlis fhéin. An é
seo mo shac? Is é. A Sheórsa, 1
seas ar an sac. 2 Tá mo shac fáoi 3
chois Sheórsa. Ar sheas Seórsa
ar mo shac? Sheas. Cas port,
a Shéamuis. Ba bhinn an port
é sin. Ar chas Séamus port
binn? Chas. Cé leis an speal
seo 4? Is le mac Sheósaimh í. Is


L. 5


é seo crann 5 na speile. Tá mo
shac faoi'n speil. An í sin glún
Sheórsa? Ní hí, acht a shál.



1. Sheóirse. 2. Ar an tsac. 3. Fá, fó, fé. 4. So.
5. Sneid, lámh-chrann.



CEACHT LIX.



(Do) ghlac sé
(Do) ghlan sé
(Do) ghoil sé
A ghuala
Ar mo
ghualainn
Do ghruag
A Ghráinne
Mo ghlún



A Ghráinne, an í seo do ghuala?
Ní hí, acht mo ghruag. Deir
Gráinne gur ab í seo a gruag
fhéin. An ar mo ghlúin atá mo
mhaide? Ní headh, acht ar do
ghualainn. Tá sé anois os cionn
do ghualann. A Ghráinne, glac
an bhróg bheag seo uaim? Ar
ghlac Gráinne an bhróg uaim?
Ghlac sí uait í. Ní'l an bhróg glan.


L. 6


Ghlan Pilib an bhróg. Dhruid (dhún) Dáithí
an fhuinneóg. Ghoil Gráinne. Ghléas Máire
í fhéin.


L. 7


Glán í, a Philib, a mhic. Ar
ghlan Pilib an bhróg? Ghlan.
Tá Gráinne ag gol. Ar ghoil
Gráinne? Ghoil.



CEACHT LX.
Do ghiall
An ghrian
An ghé
Mo gheata
(Do) ghearr

(Do ghléas

Mo ghliomach
Do ghearrán
Ró-ghéar



A Ghráinne, an í seo do ghiall?
Ní hí, acht mo ghlún. Siúd í an
ghrian sa spéir. Tá an ghé ar
mo gheata. Gearr an téad seo,
a Bhriain. Tá sí ró-fhada. Ar
ghearr Brian an téad? Ghearr.
Tá sí ró-ghearr 1 anois. An é seo
mo ghliomach? Ní hé, acht do
ghearrán. Ní'l an sgian seo ró-


L. 8


ghéar. Tá sí maol go maith.
Gléas ort, 2 a Mháire, le dhul a
bhaile. Ar ghléas Máire í fhéin?
Ghléas.



1. Ró-ghoirid, ró-ghairid. 2. Cuir umat.



CEACHT LXI.



Do dhoras
A Dháithí
A dhruidim
(Do) dhún sé
(Do) dhruid

Ar dhuine
Ar dhruim
Ar Dháithí
Ró-dhona
Nóra dhall



Arb in é do dhoras, a Dháithí?
Ní hé, acht doras na sgoile. A
Ghráinne, abair le Dáithí a dhul
go dtí an fhuinneóg le 1 n-a
druidim (dúnadh). 2 A Dháithí,
téigh 3 go dtí an fhuinneóg agus
druid (dún) í. Tá Dáithí ag
druidim (dúnadh) na fuinneóige.
An é an doras atá sé a dhruidim


L. 9


(dhúnadh)? Ní hé. Tá an fhuinn-
eóg druidte (dúnta) aige anois.
Ar dhruid (dhún) sé an fhuinneóg?
Dhruid (dhún). A Mhuiris, a mhic,
cuimil 4 an chailc de dhuine eicínt. 5
Cuimil de dhruim Dháithí í. Tá
lorg na cailce ar Dháithí anois.



1. Chun, chum. 2. Druid (N.C. and U.), dún (S.C.
and M.). 3. Téirigh, gabh. 4. Cumail. 5. Éigin,
éigint, eicínteacht, innteacht.



CEACHT LXII.



A Dhiar-
muid
Fá dhéin
(Do dhearc

Hata Dhiar-
muda
(Do) dhíol sé
Ró-dheacair
(Do) dhearg

Ró-dhian
Do dhin sé



A Dhiarmuid, a mhic, téigh chuig
an doras. 1 Dearc 2 thrí pholl
an ghlais. Ar tháinic 4 Diarmuid
ar ais? Tháinic. 5 A Bhriain,


L. 11


téigh faoi dhéin Dhiarmuda. Díol
do shlis leis. Tá Brian ag díol
a shlise le Diarmuid. Tá sí
díolta aige anois. An le Máire
a dhíol sé a shlis? Ní headh,
acht le Diarmuid. Ar thug 6 sé
punnt duit, a Bhriain? Maise,
go deimhin, níor thug. 7


L. 10


Tá Diarmuid ag dearcadh thrí pholl an ghlais. Tá Brian ag dul fá
dhéin Dhiarmuda le n-a shlis a dhíol.


L. 11


1. Go dtí an doras, chuig an ndoras, chun an dorais.
2. Féach, amharc, breathnuigh. 3. Trí, tré. 4. An
dtáinic. 5, Thainic, tháinig. 6. An dtug. 7. Ní thug.



CEACHT LXIII.



Do láir
(Do) las sé
Ar leag sé
Ró-láidir
(Do) líon sé
Mo leaba
(Do) lean

(Do) leig

Mo léine



A Chuinn, an í sin do láir? Ní
hí, acht mo chaora. A Thomáis,
las an choinneall. Tá Tomás ag


L. 13


lasadh na coinnle. Céard 1 a
rinne 2 Tomás? Las sé an choinn-
eall. Cé 3 leis ar las sé í? Le
cipín soluis. 4 A Philib, leag an
balla sin. Ní thig liom. Tá sé
déanta ró-láidir. Ar leag
Pilib an balla? Níor leag.
Ní thig leis a leagan. 5 A Úna,
líon an cupán le bainne. Tá
Úna ag líonadh an chupáin. Ar
líon sí é? Líon. Tá sé líonta
aici.


L. 12


Tá Tomás ag lasadh na coinnle. Tá Úna ag líonadh an chupáin.


L. 13


1. Créad, go céard, goidé, caidé, cad. 2. Do dhin.
3. Cad, cá. 4. Lasán, lasóg. 5. Leagadh, leagaint.



CEACHT LXIV.



Do naipcín
Mo nead
Mo neann-
tóg
A Néill
A Nóra
(Do) nigh sé
Mo náire
Mo naosg
Fá Nodl-
aic



A Néill, an eo é do naipcín
póca 1? Ní hé, acht do naipcín


L. 15


póca fhéin. Ní'l aon naipcín póca
agam-sa. An nead í seo?
'Seadh. An í do nead-sa í? Ní
hí, acht nead an éin. An dris í
sin? Ní headh, acht neanntóg.
A Nóra, nigh do naprún. 2 Ní thig
liom anois. Ní'l aon uisge te
agam. An bhfuil Nóra ag nighe a
naprúin? Ní'l. Ar nigh sí é?
Níor nigh. Níor fhéad sí a nighe.
Arb eo é do naigín? 'Sé.


L. 14


Is í nead an éin i. Is é mo rós é. Rug
an chearc dhonn ubh.


L. 15


1. Céirsiúir. 2. Aprún, práisgín.



CEACHT LXV.



A Róisín
A rúin
Do ránn
Mo rós
Ar Róisín
Rug sí
Ní rabh
Fá rún



A Néill, an in é do ráca? Ní
hé, acht mo rós. A Nóra, a rúin,
beir ar ghualainn ar Róisín. Tá
Nóra i ngreim i Róisín. An rug


L. 16


sí ar Niall? Ní rug. Is ar
Róisín a rug sí. An rug an chearc
bhán ubh ar maidin? Ní rug,
acht rug an chearc dhonn ubh. A
Róisín, a rúin, cuir an bhróg dhonn
agus an peann donn ar an stól.
Tá Róisín ag cur na bróige
duinne agus an phinn dhuinn ar
an stól. Chuir sí ar an stól iad.



CEACHT LXVI.



Ár bhfeilm
Bhur bhfeilm
A bhfeilm
An bhfuil
Nach bhfuil
Go bhfuil
Mara bhfuil
An bhfásann
An bhfanann
Go bhfillid



A Thomáis agus a Chuinn, an
bhfuil bhur 1 bhfeilm 2 mór? Ní'l ár
bhfeilm mór. Deirid 3 nach bhfuil 4 a
bhfeilm mór acht go bhfuil sí beag.
An bhfásann coirce faoi'n bhfál


L. 17


seo? Ní fhásann, acht fásann
neanntóga faoi. Deirid nach
bhfásann 5 coirce faoi'n bhfál acht
go bhfásann neanntóga faoi. An
bhfanann sibh ar sgoil ar feadh
an lae? Ní fhanamuid. An
bhfilleann 6 sibh a bhaile tráthnóna 7?
Fillimid. Deirid go bhfillid a
bhaile tráthnóna.



CEACHT LXVII.



Ár bpócaí
Bhur bpócaí
A bpócaí
An bpógann sé
Nach bpógaid
A bpógadh
Ár bpotaí
Bhur bpotaí
A bpinn



A Nóra, an bhfuil aon pholl ann
do pháirc-sa? Tá. Deir sí go
bhfuil poll ann a páirc. A Cháit


L. 19


agus a Róisín, an bhfuil pinn
luaidhe ann bhur bpócaíbh? Ní'l
aon pheann luaidhe ann ár bpócaíbh.
Deirid nach bhfuil peann luaidhe
ar bith ann a bpócaíbh. A Phóil
agus a Pheadair, an bpógann sibh
bhur bpotaí? Ní phógamuid ár
bpotaí. Ní mian linn a bpógadh.
Deirid nach bpógaid a bpinn
acht an oiread. Deir Art go
bpógann sé fhéin an coinín atá
mar pheata aige.


L. 18


Pógann Art an coinín atá mar pheata aige.
Tá na fir ag baint fhéir.


L. 19


CEACHT LXVIII.



Cá mbíonn sé
An mbíonn sé
Go mbíonn sé
Nach mbíonn sé
Go mbainid
Nach mbainir
An mbaineann
Anns an mbainne
Ar an mbord
San mbaile



A Bhriain, cá bhfuil an cupán
bainne? Tá sé ar an mbord (nó


L. 20


bhord). An mbíonn sé annsin
go minic? Ní bhíonn. Deir Brian
nach minic an cupán bainne ar
an mbord (nó bhord). Cá mbíonn
an spunóg seo? Bíonn sí anns
an mbainne (nó bhainne). A Pháid,
an mbaineann tusa féar sa
móin-fhéar? Ní bhainim. Is iad
na fir oibre a bhaineas é. Táid
ag baint fhéir indiu. Deir
Peadar nach mbaineann sé fhéin
féar. An abruigheann sé go
mbaineann na fir oibre é?
Deir sé go mbainid.



CHEACHT LXIX.



Go gcuirir
An gcuireann sé
Nach gcuirid
Ár gcorcán
Bhur gcorcán
A gcorcán
An gcluinir
I gcoinne
Ann a gcoinne
Ann ár gcoinne



A Cháit, an gcuireann tú fód


L. 21


mónadh ar an teinidh sa mbaile
gach maidin? Cuirim. Deir
sí go gcuireann sí fód mónadh
ar an teinidh. A Chormaic
agus a Chiaráin, an gcuireann
sibh plúr mín ann bhur gcorcán
(bpota) sa mbaile 1 le 2 leite
a dhéanamh? Ní chuirimid, acht
cuirimid min mhín ann ár gcor-
cán. Deirid nach gcuirid 3 plúr
mín ann a gcorcán. Deirid
go gcuirid min mhín ann. Tá na
ba sa bpáirc (nó pháirc). A Chuinn,
téigh i gcoinne 4 na mbó. An
gcluin 5 tú mé? Cluinim. 6 Táim
ag 'ul 7 ann a gcoinne anois. A
Mhuiris, téigh i gcoinne na bó
báine. Táim ag 'ul ann a coinne.


L. 22


Cuirid min mhín ann a gcorcán (bpota). Tá
na ba sa bpáirc.


L. 23


CEACHT LXX.



Nach nglacair
An nglacann sé
Go nglacaid
Anns an ngort
I gcoinne na
ngearrán
An ngléasann
sibh
Ár ngearrán
Bhur ngearrán
A ngearrán



A Ghráinne, glac an cnaipe seo
uaim. An nglacann tú cnaipe
uaim go minic? Ní ghlacaim. Cé
an fáth nach nglacann tú é? Ní
thugann tú dhom é. Deir Gráinne
nach nglacann sí cnaipe uaim. A
Chéin agus a Shéamuis, téighidh i
gcoinne na ngearrán. Táid anns
an bpáirc. An gcluin 1 sibh mé?
Cluinimid. Támuid ag 'ul ann
a gcoinne. Téighidh i gcoinne an
choirce freisin. 2 Támuid ag
dul ann a choinne. Cuir bhur
ngearrán amach as an ngort.


L. 24


An ngléasann sibh bhur gcéad-
phroinn gach maidin? Gléas-
amuid. Deirid go ngléasaid a
gcéad-phroinn.



1. Gcloiseann. 2. Fosta, leis.



CEACHT LXXI.



An dtigeann
Go dtig sé
Nach dtig sé
An dtugaim
Nach dtugaim
Go dtugaim
An dtuigeann tú
Go dtuigeann sé
An dtóigir



A Thomáis, an dtigeann 1 tú chun
na sgoile gach uile mhaidin? Ní
thigim. 2 Deir sé nach dtigeann sé
chuig an sgoil gach uile mhaidin.
An dtugaim peann duit go
minic? Bheirir 3 peann dom ó
am go ham. An dtugann pighinn
duit? Go deimhin, ní thugair.
Deir Tomás go dtugaim peann


L. 25


dó acht nach dtugaim pighinn dó.
A Philib, tóig an fód mónadh de'n
teinidh agus tóig an cupán bainne
de'n bhord. An dtuigeann tú
mé? Tuigim. 4 Deir sé go
dtuigeann sé mé. Cuir ar ais ar
an mbord (nó bhord) aríst iad.
Fág annsin iad. An dtóigeann
tú iad go minic? Ní thóigim.



CEACHT LXXII.



An ndruideann

Nach ndruideann

Go ndruideann

An ndeargann
sibh
Nach ndeargann

Go ndeargaid
Ár ndoras
Bhur ndoras
A ndoras



A Dháithí, cuir an glas ar


L. 27


an doras. An ndruideann
(ndúnann) sibh bhur ndoras sa
mbaile gach oidhche? Druidimid
(dúnamuid). Deir Dáithí go
ndruidid (ndúnaid) a ndoras
fhéin gach oidhche. An ndeargann
na fir mhóra a bpíopaí le cipín
soluis? Deargaid agus le
sméaróid freisin. Deir Dáithí go
ndeargann na fir mhóra a bpíopaí
le cipín soluis. An ndeargann
sibh bhur dteine sa mbaile le cipín
soluis? Ní dheargamuid. An
mbíonn an ghríosach agaibh ar an
teallach? Bíonn.


L. 26


Druideann (dúnann) Dáithí a ndoras féin
sa mbaile. Deargann na fir mhóra a bpíopaí
le cipíníbh soluis.


L. 27


CEACHT LXXIII.



Capall an tsag-
airt
Le hais an tsag-
airt
Ár sagairt
Do'n tsearrach
Ar an searrach
An tsean-bhean
Leis an tsean
mhnaoi
Go seasann sé
Nach seasann sé



L 28>
Tá searrach na lárach le hais an tsagairt. Tá sean-bhean i ngar
do'n tsearrach.


L. 29


A Shéamuis, cé hé sin? Is é
ár sagart é. Agus céard é sin
le hais an tsagairt? Is é
searrach na lárach 1 atá le n'ais.
An síleann tú gur sean-bhean í
sin i ngar do'n tsearrach 2?
Sílim gur ab eadh. An bhfuil an
tsean-bhean ann a seasamh? Tá.
An leis an sean-fhear nó leis an
tsean-mhnaoi an searrach? Ní'l
fhios agam cé aca ar leis é. An
seasann tú ar mo shac go minic?
Ní sheasaim acht seasaim ar ár
sac fhéin. Deir sé go seasann
sé ar a sac fhéin.



1. Láire. 2. I n-aice an tsearraigh.



CEACHT LXXIV.



Píobaire
Béidh
Fuinteóir
Athair
Maith
Mícheál
Mórán
Caoch
Radharc



Is é sin Mícheál Ó Briain. Ní'l


L. 30


sé acht ann a ghasúr 1 fós. Tá sé
ag fás. Béidh sé ann a fhear mhór
láidir amach annseo. 2 Is maith an
gasúr é. Is as Cill Dara é. Tá
a athair ann a shean-fhear anois.
Bhí radharc 3 maith aige le linn a
óige acht tá sé caoch anois. Is
beag a thig leis a fheiceál anois.



Ceisteanna.



Cé hé sin? An é Art é? An
fear aosta Mícheál? An bhfuil
sé ag fás fós? An mbéidh sé
níos áirde 4 ná mar tá sé anois?
An droch-ghasúr é? Cé'rb as é 5?
An bhfuil a athair óg fós? An
fuinteóir é? An bhfuil radharc
maith aige? An rabh sé caoch tráth
rabh sé óg?


L. 31


CEACHT LXXV.



Airgead
Ór
Óinseach
Bocht
Máthair
Fial
Céille
Gortach
Gránda
Rabh



Tá máthair Mhíchíl ann a sean-
mhnaoi anois. Is maith fial an
bhean í. Bhí sí deas ar a bheith
ann a cailín óg dhuithe. 1 Is bean
bheag í. Ní'l sí an-bhocht. 2 Ní'l
mórán óir ná airgid aici acht tá
go leór céille aici. Téigheann 3
sí go dtí an tobar gach maidin
i gcoinne fíor-uisge. Tigeann 4 sí
ar ais leis an uisge agus cuir-
eann sí sa bpota é. Bíonn teine
faoi'n bpota.



Ceisteanna.



An bhfuil máthair Mhíchíl ann


L. 33


a cailín óg fós? An droch-bhean
í? An bean ghortach í? An rabh
sí gránda nuair a bhí sí óg? An
bean mhór í? An bhfuil airgead
go leór aici? An óinseach atá
innti? Cá dtéigheann sí gach
maidin? Cé ann a choinne? An
dtigeann sí ar ais 5 aríst? Cé
ann a gcuireann sí an t-uisge?
Céard a bhíos faoi'n bpota?



CEACHT LXXVI.



Éadach
Ith
Proinn
Bóna
Bríste
Moch
Léine
Leite
Gheibheann
Ghníonn
Stoca
Suidh
Tae



Cuireann Mícheál a chuid sean-
éadaigh air 1 go moch gach maidin.
Cuireann sé air 1 a léine agus a


L. 34


bríste agus a chuid stocaí agus
a chuid bróg agus a bhóna agus
a chóta. Téigheann sé go dtí an
seomra proinne. Buaileann sé
faoi 2 ar stól ag an mbord.
Gheibheann 3 sé cupán bainne agus
pláta leite. Ólann sé an
bainne as an gcupán. Itheann
sé an leite le spunóig.


L. 32


Cuireann Mícheál a chuid sean-éadaigh air go moch ar maidin. Tá a
athair caoch. Cuireann a mháthair uisge annsa bpota ar an teinidh


L. 34


Ceisteanna.



Céard a ghníos 4 Mícheál gach
maidin? An ar an dó-dhéag a
chlog sa lá 5 a ghníos sé é? Goidé
chuireas sé air? Nuair a bhíos
sé sin déanta aige, cá dtéigheann
sé? Cá suidheann sé? Céard a
gheibheas 6 sé? An tae a ólas 7 sé?
Céard a itheas sé? Cé 8 leis a
n-itheann sé an leite?


L. 35


CEACHT LXXVII.



Asgaill
Amach
Éirigh
Bairéad
Fágh
Ceacht
Dubhach
Gabh
Leabhar
Sáith
Seasamh
Sgríobh



Chomh luath is bhíos a sháith 1 ithte
ag Mícheál éirigheann sé ann a
sheasamh. Cuireann sé air a
bhairéad. Tóigeann sé a chuid
leabhar agus cuireann sé faoi n-a
asgaill iad. Tagann sé chun na
sgoile. Foghluimeann sé a chuid
ceacht. Gheibheann sé peann agus
páipéar agus dubhach. Sgríobhann
sé ar an bpáipéar leis an
bpeann. Ghníonn sé go leór
staidéir.



Ceisteanna.



Nuair a bhíos a sháith ithte ag
Mícheál goidé ghníos se? Céard


L. 36


a chuireas sé ar 2 a cheann? An
dtóigeann sé rud ar bith de'n
bhord? Cá gcuireann sé iad?
Cá dtéigheann sé? An léigheann
sé aon cheacht? An bhfághann
sé rud ar bith ó'n oide? Cá
sgríobhann sé? An ndéanann sé
aon staidéar? An ndéanann sé
leite i dteach 3 na sgoile?



CEACHT LXXVIII.



Imir
Istigh
Peil
Báire
Caith
Cluiche
Greann
Rith
Sórt
Sgoláire
Uair



Nuair a thig an dó-dhéag a
chlog bíonn leath-uair grinn ag na
sgoláiríbh. Gabhaid 1 amach. Im-


L. 37


righid cluichí. Rithid agus léimid.
Imrighid peil agus buailid báire.
Bíonn greann mór aca. Chomh
luath is bhíos an t-am caithte agus
a sáith grinn aca, tigid isteach.
Téigheann siad ann éadan a
gceacht aríst.



Ceisteanna.



Céard a bhíos ar siubhal ag na
sgoláiríbh ar an dó-dhéag a chlog?
Cé an uair 2 a bhíos greann aca?
Cá dtéigheann siad? Goidé ghníd 3?
Cé an sórt cluichí imrighid? An
mbíonn go leór grinn aca? Cá
dtéighid nuair a bhíos an t-am
caithte? Nuair a bhíos siad istigh
sa sgoil aríst, céard a ghníd 3?



1. Gabhann siad, téigheann siad. 2. Cá huair, cá
chuin. 3. Ghníos siad, dhéanas siad.


L. 38


Rithid agus léimid. Imrighid peil agus buailid báire.


L. 39


CHEACHT LXXIX.



Abhainn
Imthigh
Páiste
Breagh
Malrach
Cumhdach
Filéad
Ceathair
Corr-dhuine
Sáile
Snámh
Lúthgháir



Nuair a bhíos sé i n' am a dhul 1
a bhaile, bíonn lúthgháir 2 ar na
páistíbh. Cuireann na cailíní a
gcuid filéad ortha. Cuireann
na malraigh a gcuid caipíní ortha.
Imthighid a bhaile. Ithid a bproinn. 3
Má bhíonn an aimsear go breagh,
téigheann na malraigh ag snámh sa
sáile nó san abhainn. Bíonn
corr-dhuine 4 aca ag cumhdach 5 na
mbó nó na gcaorach ar an gcnoc.


L. 40


Téigheann na malraigh ag snámh anns an abhainn. Bíonn cuid aca ag
cumhdach na mbó ar an gcnoc.


L. 39


Ceisteanna.



Chomh luath is thig an trí nó an
ceathair a chlog, goidé ghníos sibh,
a pháistí? Cá n-imthigheann sibh?
An itheann sibh dada 6? Cá dtéigh-


L. 41


eann sibh má bhíonn an aimsear
go breagh? Chéard a bhíos d'á
dhéanamh ag corr-dhuine agaibh?
Cá mbíonn na ba agus na
caoirigh?



CEACHT LXXX.



Aifreann
Éadan
Bearr
Deachaidh
Domhnach
Chéad
Chuaidh
Cuideachta
Gabha
Lámh
Nuair
Seaghán



D'éirigh Seaghán Mac Gabhann,
mac an fhuinteóra, ar an 1 sé a
chlog ar maidin Dia Domhnaigh.
Ghléas sé agus bhearr sé é fhéin.
Nigh sé a éadan agus a lámha.
Nuair a bhí a chéad-phroinn ithte
aige chuaidh sé chun an Aifrinn ar
an naoi a chlog. Chuaidh sé ann i


L. 43


gcuideachta a athar 2 agus a
mháthar. 3


L. 42


Chuaidh Seaghán, mac an fhuinteóra, chun an
Aifrinn i gcuideachta a athar agus a mháthar.


L. 43


Ceisteanna.



An rabh Seaghán Mac Gabhann
ann a shuidhe go moch ar maidin
Dia Domhnaigh? Arbh' é Seaghán
athair an fhuinteóra? Céard a
rinne 4 sé? Cá ndeachaidh 5 sé
thar éis 6 a chéad-phroinne a bheith
ithte aige? An ndeachaidh sé go
teach 7 an óil? Cé an uair a bhí
an tAifreann ann? Cé bhí i
gcuideachta Sheagháin?



CEACHT LXXXI.



Altóir
Amuigh
Istigh
Paidrín
Páirteach
Pobal
Dearnaidh
Taobh
Thart
Léigh
Dubhradh
Crannóg
Guidh
Seanmóir
Suidh



Chuadar 1 isteach agus shuidh siad


L. 44


síos. Chuaidh an sagart suas ar
an altóir. Léigh sé an tAifreann.
Bhí an pobal ag guidhe. 2 Chuaidh an
sagart sa gcrannóig agus rinne
seanmóir ghearr. 3 Dubhradh an
paidrín páirteach l'éis na sean-
móire. Tháinic an pobal amach
annsin. D'fhan cuid aca ag
cainnt le chéile taobh amuigh de
theach an phobail. Chuaidh an chuid
eile aca a bhaile.



Ceisteanna.



Cá ndeachaidh Seaghán agus a
athair agus a mháthair isteach?
Ar fhanadar ann a seasamh?
Cá ndeachaidh an sagart? An
ndearnaidh 4 sé rud ar bith i n-éis
an tAifreann a bheith léighte
aige? An seanmóir 5 fhada a


L. 45


rinne sé? Céard a bhí an pobal
a dhéanamh? Goidé rinneadh thar
éis na seanmóire? Ar imthigh na
daoine uile go léir a bhaile gan
mhoill?


L. 45


1. Chuaidh siad. 2. Guibhe. 3. Thug sé seanmóir
ghearr uaidh. 4. An dtearn, ar dhin. 5. Seanmóin,
searmóin.



CEACHT LXXXII.



Iarraidh
Íoc
Unnsa
Cáirde
Díth

Dóibh (dóbhtha)
Tigheacht
Teastáil
Tobac
Thug
Siopa



Ar thigheacht a bhaile dhóibh 1 bhí
tobac de dhíth 2 ar athair Sheagháin.
D'imthigh Seaghán 'ghá iarraidh.
Cheannuigh sé unnsa tobac sa
siopa agus d'íoc sé air. 3 Thug
sé a bhaile leis é agus thug sé d'á


L. 46


athair é. Thóig a athair sméaróid
agus dhearg sé a phíopa. Chaith 4
sé cuid de'n tobac. D'imthigh
Seaghán leis fhéin ag imirt peile.



Ceisteanna.



Nuair a tháinic siad a bhaile,
céard a bhí ag teastáil ó athair
Sheagháin? Goidé rinne Seaghán
annsin? An bhfuair sé an tobac?
Cá bhfuair sé é? An ar cáirde
a fuair sé é? Cé dhó a dtug sé
é? Céard a rinne a athair?
Cé leis ar dhearg sé a phíopa?
An gcaitheann tusa tobac, a
Sheagháin? Cár imthigh Seaghán?
Céard d'imir sé?


L. 47


CEACHT LXXXIII.



Ainm
Aois
Éadan
Inghean
Bliadhain
Fiche
Dath
Díreach
Cam
Clann
Gruaidh
Gruag
Smig



Tá inghean freisin 1 ag athair
agus ag máthair Sheagháin.
Máire Nic Ghabhann atá mar
ainm uirthi. Is deas an cailín í.
Tá sí fiche bliadhain d'aois. Tá
sí árd. Tá clár a héadain an-
gheal. Tá lasadh ann a gruaidh.
Tá gruag ar dhath an óir uirthi.
Tá a srón díreach. Tá a béal
deas deagh-chumtha. Tá a bruasa
dearg. Tá smig dheas uirthi
freisin.



Ceisteanna.



An bhfuil aon duine eile clainne


L. 48


ag máthair Sheagháin Mhic Ghabhann?
Cé an t-ainm atá uirthi 2? Cad
is ainm dhuit fhéin? An cailín
gránda Máire? Cé an aois í?
Cé an aois thú fhéin? An cailín
beag Máire? Cé an dath atá ar
chlár a héadain agus ar a gruaidh
agus ar a cuid gruaige? An
cam í a srón? An mór é a
béal? Cé an dath atá ar a
bruasaibh? Cé an sórt smige
atá uirthi?



1. Fosta, leis, mar an gcéadna. 2. Cad is ainm
dhi.



CEACHT LXXXIV.



Ionga
Brollach
Muineál
Caol
Com
Congnamh
Craiceann
Cruaidh
Géag
Geal
Lámh
Ramhar



Tá a súile gorm. Tá a cluasa


L. 49


deas beag. Tá a méaracha 1
caol. Tá gach ionga d'á bhfuil
uirthi deas geal. Tá a lámha agus
a cosa beag. Tá craiceann gléi-
geal ar a géagaibh agus ar a
muineál 2 agus ar a brollach.
Ní'l a com ró-chaol. Bíonn sí
ag obair go cruaidh ar feadh an
lae. Bheireann sí congnamh d'á
máthair. Is maith leis an máthair
an congnamh sin a bheith aici.



Ceisteanna.



Cé an dath atá ar shúilibh Mháire
Nic Ghabhann? An bhfuil a cluasa
ró-mhór? An dubh atá a hingne?
An bhfuil a lámha agus a cosa ró-
fhada? An bhfuil a méaracha
ramhar? An craiceann donn
atá ar a géagaibh? An bhfuil a


L. 51


com ró-chaol nó ró-ramhar? An
ndéanann sí mórán oibre? An
dtugann sí congnamh d'á máthair?
An mbíonn a máthair sásta léithi?



1. Méara, méaranna. 2. Muinéal.



CEACHT LXXXV.



Oigheann
Bác
Bairghean
Bláthach
Fuin
Taos
Toirtín
Cuirn
Salach
Suidhe



Chomh luath is bhíos sí ann a suidhe
ar maidin, nigheann sí na cupáin 1
agus na plátaí agus na cuirn 2
agus na miasa a bhíos salach.
Sguabann sí an t-urlár. Cuir-
eann sí min mhín agus uisge te
sa bpota ar an teinidh. Ghníonn
sí leite. Fuineann sí plúr as
bláthaigh. Ghníonn sí bairgheana 3


L. 52


agus toirtíní 4 as an taos.
Bácann sí anns an oigheann iad.


L. 50


Ghní Máire Nic Ghabhann bairgheana as an taos. Bácann sí san oigheann
iad.


L. 52


Ceisteanna.



Céard a ghníos Máire ar
maidin? An mbíonn na cuirn
salach? An ndéanann sí rud ar
bith leis an sguaib? An gcuireann
sí rud ar bith san bpota 5? An
bhfuineann sí an taos? Céard
a ghníos sí as? An mbácann sí
iad? Cá mbácann sí iad?



CEACHT LXXXVI.



Aghaidh
Ariamh
Bligh
Maistreadh
Miosgán
Móin-fhéar
Cuinneóg
Soitheach



Chomh luath is bhí na soithigh glanta
aici indé, do bhligh Máire an bhó


L. 53


bhainne. Nuair a bhí an bhó blighte 1
aici, ghlan sí an chuinneóg. 2 Chuir
sí an bainne ramhar innti agus
rinne maistreadh. 3 Rinne sí
miosgáin 4 de'n im úr. Chuir sí an
bhláthach i soithigh le haghaidh 5 na
bhfear oibre a bhí ag baint fhéir
sa móin-fhéar. 6



Ceisteanna.



Ar bhligh Máire an bhó bhainne?
Ar ghlan sí an chuinneóg? An
bhfacais cuinneóg ariamh? Céard
a bhíos i gcuinneóig? Cé ann ar
chuir sí an bainne ramhar? Goidé
rinne sí annsin? An ndearnaidh
sí im? Cé ann ar chuir sí an
bhláthach? Cé le n' aghaidh? Céard
a bhí na fir oibre a dhéanamh?


L. 54


CLANN LIR.



I.



Bhí rí ann fadó. Bodhbh Dearg
do bhí mar ainm air. Bhí triúr
dalta aige, Aobh, Aoife, agus
Ailbhe. Ba cailíní deasa áilne
iad agus bhí gean mór ag an rígh
ortha.



Ins an am sin bhí flaith ann
darbh' ainm Lir. Cailleadh a bhean
agus bhí brón mór air. Chualaidh
Bodhbh Dearg sin. Chuir sé sgéala
go dtí Lir ag a rádh go dtiubhradh
sé duine de'n triúr cailíní dhó
mar mhnaoi. Bhí bród mór ar Lir.
Tháinic sé go teach Buidhbh Dheirg
agus chonnaic sé an triúr i n-a
suidhe os a chomhair.


L. 55


"Bíodh do rogha agat," arsa
Bodhbh Dearg.



"Maise, ní'l a fhios agam cé
aca is fearr liom," arsa Lir,
"acht sílim gur fearr dhom an
cailín is sine do ghlacadh óir is í
is uaisle."



"Tá go maith," arsa Bodhbh
Dearg, "bíodh sise agat."



Pósadh iad an oidhche sin agus
coicís thar a éis sin thug Lir a
bhean a bhaile leis.



Ceisteanna.



Cé an t-ainm do bhí ar an rígh?
Cé an uair do bhí sé ann? Cé
mhéad dalta do bhí aige? Cé an
t-ainm do bhí ortha? Cé an sórt
cailíní do bhí ionnta? An rabh
gean ag an rígh ortha? Céard


L. 56


do b'ainm do'n fhlaith? Céard
do thárla d'á mhnaoi? An rabh
brón air? An gcualaidh Bodhbh
Dearg sin? Céard do rinne sé?
Céard adubhairt sé le Lir? An
rabh bród ar Lir? Cá dtáinic
sé? Céard do chonnaic sé? Cá
rabh na cailíní? Cé aca do
b'fhearr le Lir? Cé aca do thogh
sé? An dtug Bodhbh Dearg dhó
í? Ar pósadh iad? Cé an uair
do chuaidh siad a bhaile?



II.



Bhí ceathrar clainne aca .i.
aon inghean amháin darbh' ainm
Fionnghuala agus triúr mac,
Aodh, Conn, agus Fiachra. Mhair
Lir agus a bhean fá shólás le n-a
chéile acht, thar éis tamaill, fuair


L. 57


Aobh bás agus tháinic brón mór
ar Lir. Dubhairt Bodhbh Dearg
go dtiubhradh sé an dara cailín,
Aoife, do Lir. Pósadh iad agus
thug sé a bhaile í.



Bhí bród mór ag Lir as a
chlann agus grádh mór aige dhóibh.
Ar dtús bhí gean ag Aoife freisin
ortha acht, thar éis tamaill, tháinic
éad uirthi óir shíl sí gurbh'
annsa le Lir a chlann ná í féin.
D'éirigh sí ar buile le éad agus
ba mhian léithi na páistí do chur
chun báis. Lá amháin thug sí léithi
i n-a cóiste iad. Níor mhaith le
Fionnghuala a dhul léithi agus ba
mhian léithi fanacht sa mbaile
mar bhí amhras aici ar Aoife.
Acht ní rabh aon neart aici air
agus b'éigin di a dhul léithi.


L. 58


Ceisteanna.



Cé mhéad clainne do bhí ag Lir
agus a mhnaoi? Cé an t-ainm
do bhí ar an inghin? Céard do
b'ainm do na buachaillibh? Ar
mhair Lir agus a bhean go sólásach
le n-a chéile? Cé aca fuair
bás thar éis tamaill? An rabh
brón ar Lir? Céard adubhairt
Bodhbh Dearg? Ar phós Lir Aoife?
An rabh bród ag Lir as a chlann?
An rabh grádh aige dhóibh? An
rabh gean ag Aoife ortha?
Céard do tháinic ar Aoife thar
éis tamaill? Cé an fáth? Céard
ba mhian léithi? Céard do rinne
sí lá amháin? Ar mhaith le Fionn-
ghuala a dhul léithi? Cé an fáth
nár mhaith léithi é? An rabh uirthi
a dhul le Aoife?


L. 59


III.



Nuair tháinic siad go bruach
locha d'iarr Aoife ar an tiomán-
aidhe na páistí do chur chun báis.
Níor mhaith leis sin agus d'eitigh
sé. Annsin thug Aoife ar na páis-
tíbh a dhul isteach san loch. Nuair
bhíodar san uisge do bhuail sí le
slait iad agus rinne ceithre
healaí dhíobh. Badh thruagh leat
na páistí bochta sin agus an méid
bróin do bhí ortha. Dubhairt
Fionnghuala gurbh' olc an rud do
rinne Aoife agus go n-íocfadh sí
ann.



"Cá fhaide a bhéimid i riocht
ealaí?" arsa Fionnghuala.



"Naoi gcéad bliadhain," arsa
Aoife, "trí chéad bliadhain ar an


L. 61


loch seo agus trí chéad bliadhain
ar Shruth na Maoile idir Éire
agus Alba agus trí chéad
bliadhain i n-Iorrus."



Nuair chualaidh Bodhbh Dearg an
sgéal bhí fearg an-mhór aige le
Aoife. Bhuail sé le slait í agus
rinne deamhan aeir dhi. D'imthigh
sí as amharc agus ní facthas ó
shoin í.


L. 60


Do bhuail sí le slait iad agus rinne
ceithre healaí dhíobh.


L. 62


Rinne sí deamhan aeir dhi.


L. 61


Ceisteanna.



Céard d'iarr Aoife ar an
tiománaidhe? Ar eitigh sé?
Céard do thug Aoife ar na
páistíbh annsin? Goidé do rinne
sí dhíobh? An rabh mórán bróin
ar na páistíbh? Céard adubhairt
Fionnghuala le Aoife? Cé an
cheist do chuir sí ar Aoife? Cá


L. 63


fhaide bhíodar le bheith i riocht
ealaí? An raibh Bodhbh Dearg
sásta nuair chualaidh sé an sgéal?
Céard do rinne sé de Aoife?
Cá ndeachaidh sí?



IV.



Cé go rabh na páistí i riocht
ealaí bhí glór daonda aca agus
bhíodar i n-an an ceól ba bhinne
d'ar cloiseadh ariamh do sheinnm.
Bhíodh Lir agus Tuatha Dé Danann
go léir ag éisteacht agus ag
cainnt leóbhtha. Chaitheadar trí
chéad bliadhain ar an loch úd agus
annsin b'éigin dóibh imtheacht
leóbhtha go Sruth na Maoile idir
Éire agus Alba. Ba mhór an
brón do bhí ar na healaíbh agus


L. 65


ar a gcáirdíbh ag sgaradh le
n-a chéile dhóibh.



D'fhan na healaí trí chéad
bliadhain eile ar Shruth na Maoile
agus ba mhór an t-anró do bhí
ortha ar feadh an ama sin. Bhídís
ag snámh ar an bhfairrge nó i n-a
suidhe ar na carraigíbh fá fhuacht
agus fá shioc, fá shneachta agus
fá bháistigh. Fá dheireadh bhí a seal
ar Shruth na Maoile caithte agus
ba mhór an bród a bhí ortha faoi
sin. D'éirigh siad ar eiteall
agus chuaidh siad siar go hIorrus.
Is iomdha anró agus pian d'fhul-
aing siad annsin acht, thar éis
tamaill, chreideadar i nDia agus
fuaireadar suaimhneas agus
sólás uaidh sin amach.


L. 64


Bhídís ag snamh ar an bhfairrge nó i n-a
suidhe ar na carraigíbh fá fhuacht agus fá shioc,
fá shneachta agus fá bháistigh.


L. 66


Ceisteanna.



Cé an sórt glóir do bhí ag na
healaíbh úd? An rabhadar i n-an
ceól do sheinnm? Céard do bhíodh
Lir agus Tuatha Dé Danann a
dhéanamh? Cá fhaide do chaith na
healaí ar an loch úd? Cár
imthigh siad annsin? Cá bhfuil
Sruth na Maoile? Cé an fáth
a rabh brón ortha? Cá fhaide
do bhíodar ar Shruth na Maoile?
Céard do bhídís a dhéanamh ann-
sin? An rabh brón ortha nuair
do bhí a seal caithte annsin? Cá
ndeachaidh siad annsin? Ar
chreideadar i nDia? Ar fhulaing
siad anró agus pian thar a éis
sin?


L. 67


Nuair do bhí na trí chéad
bliadhain caithte aca i nIorrus
d'éirigh na healaí ar eiteall
arís agus chuaidh a bhaile le cuairt
do thabhairt ar Lir agus ar Bhodhbh
Dearg. Acht, fairíor, bhí an
baile fuar falamh gan duine le
feiceál ann. Tháinic brón mór
ortha agus d'imthigh siad leóbhtha
go hInis Gluaire agus chuireadar
fútha annsin. Thagadh éanlaith
na tíre go dtí an áit sin ag
éisteacht le n-a gceól binn agus
bhíodar mar sin go dtáinic
Pádhraic Naomhtha go hÉirinn.



Thárla go dtáinic fear naomhtha
go hInis Gluaire agus chualaidh
sé ceól na n-ealaí. Ar maidin


L. 68


lá ar n-a bhárach chuaidh sé go
bruach an locha agus chuir sé
aithne ar na healaíbh agus fuair
amach gur ab iad clann Lir do
bhí ann. Tháinic siad i dtír agus
d'imthigh siad leis an naomh agus
d'fhanadar aige. Bhídís ag éis-
teacht aifrinn agus ag guidhe
agus ag déanamh deagh-oibre i
dteach an naoimh. Chuir seisean
slabhraidhe airgid fá n-a muineál.



Ceisteanna.



Cá ndeachaidh na healaí nuair
d'fhágadar Iorrus? Cad chuige?
An rabh Lir agus Bodhbh Dearg
sa mbaile rómpa? An rabh
brón ar na healaíbh annsin?
Cár chuireadar fútha thar a
éis sin? Céard a thagadh ag


L. 69


éisteacht leóbhtha? Cá fhaide do
bhíodar ar Inis Gluaire? Cé
tháinic go dtí an t-oileán? An
gcualaidh sé ceól na n-ealaí? Cá
ndeachaidh sé annsin? Ar aithnigh
sé na healaí? Cár imthigheadar
annsin? Ar sgaradar leis arís?
Céard do bhídís a dhéanamh?
Céard do chuir an naomh fá n-a
muineál?



VI.



Acht bhí rí i gConnachtaibh agus
bhí bean aige agus ba mhian leis an
mnaoi úd na healaí a bheith aici.
Chuir an rí duine go dtí an naomh
ag iarraidh na n-ealaí air acht
d'eitigh an naomh é. Annsin bhí
fearg mhór ar an rígh agus tháinic
sé féin i n-a gcoinne. Bhí na


L. 71


healaí ar an altóir agus rug an
rí ar na slabhraidhe agus rug na
healaí leis. Acht is ar éigin do
bhí sé ag an doras nuair do thuit
an chluimhreach dhíobh agus rinneadh
ceathrar sean-daoine críon
caithte dhíobh agus iad beagnach
ar bhuille an bháis le aois agus
le lagar.



Annsin bhaist an naomh iad
agus fuair siad bás agus chuaidh
a n-anmanna suas go Flaithis Dé.
Cuireadh i n-aon uaigh amháin iad,
Conn agus Fiachra ar dhá thaoibh
Fhionnghuala agus Aodh i n-a hucht
agus cuireadh leacht os a gcionn.


L. 70


Rug an rí ar na slabhraidhe agus rug
na healaí leis.


L. 71


Ceisteanna.



Céard ba mhian le mnaoi ríogh
Chonnacht? Céard do rinne an


L. 72


rí? An dtug an naomh na healaí
dhó? An rabh an rí sásta leis
sin? An dtáinic sé féin i n-a
gcoinne? Cá rabh na healaí
nuair tháinic sé? Céard do
rinne sé? Céard do thárla do
na healaíbh annsin? Ar baist
an naomh iad? Ar mhaireadar
i bhfad i n-a dhiaidh sin? Cá
ndeachaidh a n-anmanna? Cár
cuireadh iad? Cé an chaoi?
Céard do cuireadh os a gcionn?


L. 73


An Dubhán-alla agus an Mhíoltóg.
(Le cead an Chraoibhín Aoibhinn).



'Sé adubhairt dubhán-alla
Le míoltóig, tráth,
"O, tar liom a bhaile,
A chréatúirín bhreágh,
Tá grian gheal an tsamhraidh
Ag damhsadh ar mo theach,
Tá ithe 'gus ól ann,
Nach dtiocfá isteach?



Dubhairt an créatúir mí-chéillidhe
Ag dearcadh isteach,
"Is tú croidhe na féile,
Is breágh é do theach,
Acht deirid go mbíonn tú
'G ithe 's ag ól
Míoltóigín mar mise,
'Dir fhuil agus fheóil."



Dubhairt an dubhán-alla
(Is é do bhí glic!)
"Is bréag mhór, dar m'anam,
Is bréag sin a mhic.
Tá caoir-fheóil, tá mairt-fheóil,
Tá branndaigh annseó,
A's an té do bhí marbh
Do dhéanfaidís beó!"


L. 74


Bhí an créatúirín meallta
Le cómhrádh mar sin,
Dubhairt sí, "tá mé sásta,
Atá tú chomh binn,
Acht ní fhanfad acht móimid."
Do chuaidh sí 'steach,
A's ní chualas go fóill
Go dtáinic amach.



An Dair 's an Tráithnín.
(Le cead an Chraoibhín Aoibhinn).



Má's fíor, mar deir tú liom
'ar uairibh,
Gur feárr do'n láidir 'ná
do'n lag,
'S fíor fós, má tá an aimsir
buaidhrighthe,
Nach olc an rud bheith íseal beag.
Dair do bhí ag fás go Flaitheas,
Leagadh í le neart na gaoithe,
Deir an tráithnín "ní bhéidh
faitchíos
Orm-sa roimh an stoirm
choidhche"!




19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services