Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Revelation of Christ's Wounds
Title
Revelation of Christ's Wounds
Compiler/Editor
Flower, Robin
Composition Date
1665
Publisher
(B.Á.C.: An Cumann le Béaloideas Éireann, 1927)
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
{N Béal01 38-45} {L 39} {B 1665ls 17L} {G L} {U 0001} {C Prós} {M 8} Go madh soillsi damh san slighe Iosa, Muire agus Ioseph. Bél ar ttigerna Iosa Criost do rinne an foillsiughadh so don triúr naomhsa .i. Elisabet, Malachias et Brighid do hsantaighset go mór ni eigin aonaránach do tuigsin do pais ronaomhtha ar ttigherna Iosa Criost. Iar ndenamh guidhe agus urnaighthe doibh do Dé do foillsigh sé go follus na neithe so sios doibh ag radh. Ar tus do buaileadh da ced buile oram. An dara huair do buaileadh deich nduirn fichet orm. An treas uair an tan rom gabhadh san gairdin ag teacht go toigh damh do leagadh seacht n-uaire me. An cethramhadh uair do buailedh secht bfichit dorn ann m'ucht oram. An cuigeadh uair do buaileadh ceitri fichit dorn ann mo guaillibh orm. An seisedh uair do tairngedh me suas an diaigh mo gruaige da uair dég ar .xx. An sechtmhadh uair do buailedh deich n-uaire ar m'fiaclaibh me. An t-ochtmhadh uair do rinnes naoi n-osna ar chéd. An naomhadh uair do tairngedh m'fesog da uair dég ar .xx. An dechmhadh uair do rinne crann na croiche aon cnedh basamhail orm. An t-aonmhadh uair dég an tan do badhas cengailte do colamhain cloiche do rinned se mhile cnedh ar tri fichit oram. An dara huair dég do cnedhadh mo cenn mile uair. An treas
.x. an tan do crochadh no do roighedh sa croich me do rinnedh cuig hálaidhe bais orm. An cethramhadh uair .x. do gabadh do seilighibh ann m' edan oram da uair décc ar fichit. An cúigeadh uair décc do buailetur na saighdiuiridh ocht mbuille ar ceitri fichit ar cuig mile buille do sgiúrsa oram. Gidh be nech adérus go laetheamhail secht bpaidreacha agus secht n- Aue Maria ar fedh cuig mblíadhan dég a n-onoir pháisi ronaomhtha ar ttigerna Íosa - do gébha cuig sochair grasamhla. Ar tús ata loghadh iomlan na n-uile peacadh aige agus ni rachaidh go Purgadoir agus da bfagha bas fa cenn na ccoig mbliadha
.x. sin ata an luaighidhecht cetna amhail do fuileongadh martra ar son a creidimh mar do fhuilngedar na naomh mairtiridh. Et a n-airtegal an bháis tiocfaidh an Slanaightheoir fein ar cenn a anma agus ni hé amhain acht ar ceann anma 'athar agus a mhathar da ffagha i bPurgadoir iad da mbreith dochum na glóire suthaine. Et fós ata do cumachtaibh ag an bfoillsiughadh so gibe iomcoras é nach ttéid ag namhaid urchoid do denamh dhó agus ni fhuighe bas obann na toirmisge ina drochbhas ar bith oile agus gibe bean thorrach iomchoras é beraidh clann gan doghraing agus gibe teach ina mbia ní tiucfaidh easlainte truaillighthe ina olc ar bith ann agus fos gibe iomchóras é do chife an ogh ghlormhar Muire seacht bfichit lá ria mbás. Do frith an foillsiughadh so ar thomba Criost i n-Iarrusalem agus ata ar na dearbhadh on inqisision Baircelona agus o iomad uachtarán eile. Go sdiuradh Criost me, go riadhlad
Criost me go ndidnedh Criost agus ccomhdaige Criost me ar an uile olc Amen. December ye 9th, 1665.
{B 1717ls 18T} {U 0201} Na cuig paidreacha dég as coir do rádh i ccuimhne na ccuig ccás .x. as cruaidhe i raibh Criost ag faghail na paise. An cet paidir diobh so i ccuimhne na heccla do bhí ar do bhallaibh ar eccla na paisi óir do cuiris allus fola diot ag urnaighthe Dardaoin Mandala. An dara paidir i ccuimhne mar d'fagfadar na hapstail it aonaor thú. An treas paidir i ccuimhne mar do tolladh do cosa agus do lámha ag cur na ccló ionnta. An ceathramhadh paidir i ccuimhne scaoilte agus tairngthe do ball o chele. An cuigeadh paidir i ccuimh
e mar do fagbhadh it aonar thú sa croich mar uan eidir madadhaibh allta. An seiseadh paidir i ccuimhne an tarta do gabh thú. An seachtmhadh paidir i ccuimhne mar dfechais i scathan na diadhachta agus do conncais do pháis nar bhfurail í dfoirithin an cinidh daonna agus do conncais mor d'anmann nar lór doibh í da slanughadh agus do caoiis ann sin go mór annsa croich. An naoimhadh paidir i ccuimhne mar dubhrais A athair cred far fagbais am agus aicid mar digh duit agus adubhrais Consummatum est. An naoimhadh paidir i ccuimhne mar dubhrais A athair cred far fagbais am aonar me. An deichmhadh paidir i ccuimhne mar dubhrais 's do spiorait gud tagbail, In manus tuas domine commendo spiritum meum. An taonmhadh paidir .x. i ccuimhne mar do caithis do nert uile ag seirbhis don athair neamhdha. An dara paidir .x. i ccuimhne mar do bhadhais annsa croich gan aon braon fola it corp re hathaidh fhada. An treas paidir .x. i ccuimhne airde na ccnedh agus na ccrecht tucadh ort ór do bhí da n-airde go ndeachadar suas í ffiadhnusa an athar neamhdha agus do bhí dá leithne gur lionatar an domhan go coitchenn. An cethramhadh paidir .x. i ccuimhne doimhne do crecht, óir rangatar crechta do chinn an inchinn agus crechta na ccló ar ttaruing fethe agus feola agus fola do cuirp go crann na croiche agus rainic cnedh an taoibh an croidhe agus on croidhe an t-anam agus on anam an iffrinn agus do thairngis na huile anmanna naomhtha o ifrinn aníos. An cuigeadh paidir .x. i ccuimhne uilidhechta do crecht ór dob e a n-uimhir .i. sé crechta agus tri fichit agus sé ced agus se mhile crecht dfuilngis tar ceann hsiol Adhaimh etc..
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services