Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Revelation of Christ's Wounds

Title
Revelation of Christ's Wounds
Compiler/Editor
Flower, Robin
Composition Date
1665
Publisher
(B.Á.C.: An Cumann le Béaloideas Éireann, 1927)

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Go madh soillsi damh san slighe Iosa, Muire agus Ioseph.



Bél ar ttigerna Iosa Criost do rinne an foillsiughadh so don triúr naomhsa
.i. Elisabet, Malachias et Brighid do hsantaighset go mór ni eigin
aonaránach do tuigsin do pais ronaomhtha ar ttigherna Iosa Criost. Iar
ndenamh guidhe agus urnaighthe doibh do Dé do foillsigh sé go follus na
neithe so sios doibh ag radh.



Ar tus do buaileadh da ced buile oram.



An dara huair do buaileadh deich nduirn fichet orm.



An treas uair an tan rom gabhadh san gairdin ag teacht go toigh damh do
leagadh seacht n-uaire me.



An cethramhadh uair do buailedh secht bfichit dorn ann m'ucht oram.



An cuigeadh uair do buaileadh ceitri fichit dorn ann mo guaillibh orm.



An seisedh uair do tairngedh me suas an diaigh mo gruaige da uair dég
ar .xx.



An sechtmhadh uair do buailedh deich n-uaire ar m'fiaclaibh me.



An t-ochtmhadh uair do rinnes naoi n-osna ar chéd.



An naomhadh uair do tairngedh m'fesog da uair dég ar .xx.



An dechmhadh uair do rinne crann na croiche aon cnedh basamhail orm.



An t-aonmhadh uair dég an tan do badhas cengailte do colamhain cloiche
do rinned se mhile cnedh ar tri fichit oram.



An dara huair dég do cnedhadh mo cenn mile uair.



An treas <uair> .x. an tan do crochadh no do roighedh sa croich me
do rinnedh cuig hálaidhe bais orm.



An cethramhadh uair .x. do gabadh do seilighibh ann m' edan oram da
uair décc ar fichit.



An cúigeadh uair décc do buailetur na saighdiuiridh ocht mbuille ar ceitri
fichit ar cuig mile buille do sgiúrsa oram.



Gidh be nech adérus go laetheamhail secht bpaidreacha agus secht n-
Aue Maria ar fedh cuig mblíadhan dég a n-onoir pháisi ronaomhtha ar
ttigerna
Íosa - do gébha cuig sochair grasamhla. Ar tús ata loghadh iomlan na n-uile
peacadh aige agus ni rachaidh go Purgadoir agus da bfagha bas fa cenn na
ccoig mbliadha<n> .x. sin ata an luaighidhecht cetna amhail do fuileongadh
martra ar son a creidimh mar do fhuilngedar na naomh mairtiridh. Et a
n-airtegal an bháis tiocfaidh an Slanaightheoir fein ar cenn a anma agus ni
hé amhain acht ar ceann anma 'athar agus a mhathar da ffagha i bPurgadoir iad
da mbreith dochum na glóire suthaine. Et fós ata do cumachtaibh ag an
bfoillsiughadh so gibe iomcoras é nach ttéid ag namhaid urchoid do denamh
dhó agus ni fhuighe bas obann na toirmisge ina drochbhas ar bith oile agus
gibe bean thorrach iomchoras é beraidh clann gan doghraing agus gibe teach
ina mbia ní tiucfaidh easlainte truaillighthe ina olc ar bith ann agus fos
gibe iomchóras é do chife an ogh ghlormhar Muire seacht bfichit lá ria
mbás.



Do frith an foillsiughadh so ar thomba Criost i n-Iarrusalem agus ata
ar na dearbhadh on inqisision Baircelona agus o iomad uachtarán eile. Go
sdiuradh Criost me, go riadhlad<h> Criost me go ndidnedh Criost agus
ccomhdaige Criost me ar an uile olc Amen.
December ye 9th, 1665.


L. 43


B 1717ls 18T
U 0201
Na cuig paidreacha dég as coir do rádh i ccuimhne na ccuig ccás .x. as
cruaidhe i raibh Criost ag faghail na paise.



An cet paidir diobh so i ccuimhne na heccla do bhí ar do bhallaibh ar eccla
na paisi óir do cuiris allus fola diot ag urnaighthe Dardaoin Mandala.



An dara paidir i ccuimhne mar d'fagfadar na hapstail it aonaor thú.



An treas paidir i ccuimhne mar do tolladh do cosa agus do lámha ag cur
na ccló ionnta.



An ceathramhadh paidir i ccuimhne scaoilte agus tairngthe do ball o chele.



An cuigeadh paidir i ccuimh<n>e mar do fagbhadh it aonar thú sa croich
mar uan eidir madadhaibh allta.



An seiseadh paidir i ccuimhne an tarta do gabh thú.



An seachtmhadh paidir i ccuimhne mar dfechais i scathan na diadhachta
agus do conncais do pháis nar bhfurail í dfoirithin an cinidh daonna agus
do conncais mor d'anmann nar lór doibh í da slanughadh agus do caoiis ann sin
go mór annsa croich.



An naoimhadh paidir i ccuimhne mar dubhrais A athair cred far fagbais am
agus aicid mar digh duit agus adubhrais Consummatum est.



An naoimhadh paidir i ccuimhne mar dubhrais A athair cred far fagbais am
aonar me.



An deichmhadh paidir i ccuimhne mar dubhrais 's do spiorait gud tagbail,
In manus tuas domine commendo spiritum meum.



An taonmhadh paidir .x. i ccuimhne mar do caithis do nert uile ag seirbhis
don athair neamhdha.



An dara paidir .x. i ccuimhne mar do bhadhais annsa croich gan aon
braon fola it corp re hathaidh fhada.



An treas paidir .x. i ccuimhne airde na ccnedh agus na ccrecht tucadh ort
ór do bhí da n-airde go ndeachadar suas í ffiadhnusa an athar neamhdha agus do
bhí dá leithne gur lionatar an domhan go coitchenn.



An cethramhadh paidir .x. i ccuimhne doimhne do crecht, óir rangatar
crechta do chinn an inchinn agus crechta na ccló ar ttaruing fethe agus
feola agus fola do cuirp go crann na croiche agus rainic cnedh an taoibh an
croidhe agus on croidhe an t-anam agus on anam an iffrinn agus do thairngis
na huile anmanna naomhtha o ifrinn aníos.



An cuigeadh paidir .x. i ccuimhne uilidhechta do crecht ór dob e a
n-uimhir .i. sé crechta agus tri fichit agus sé ced agus se mhile crecht
dfuilngis tar ceann hsiol Adhaimh etc..



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services