Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Gadaidhe Géar na Geamh-Oidhche
Title
Gadaidhe Géar na Geamh-Oidhche
Author(s)
Triúr Cómhdhalta Do Chuallacht Chuilm Cille,
Compiler/Editor
Triúr Cómhdhalta Do Chuallacht Chuilm Ci
Composition Date
1915
Publisher
Muinntir Gill
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
1. Bruighean Bheag na h-Almhaine Do rinneadh fleadh agus féasta go príomh-adhbhal le Fionn mac Cumhaill d'Fhiannnaibh Éireann i n-Almhain luchtmhair, lán-aoibhinnn Laighean, agus an tan dob ion- chaithmhe an fhleadh sin tángadar maithe agus mór-uaisle na Féinne dá caitheamh, agus iad do dream do b'urranta díobh .i. Goll mear-chalma, mór-aigeantach mac Mórna le n-a dheichneabhar ar fhichid bráthar agus comh-bhráthar mar aon leis; agus Diarmaid déid-gheal dreach-sholais, dath-áluinn ua Duibhne go n-a thriúr mac mar aon ris agus maithe chlainne Baoisgne go h-uile; Caoilte ró- ghreannmhar mac Rónáin le maithibh chlainne Rónáin, agus Smeig-ar-Drúcht ua Neamhain le maithibh chlainne Neamhain; clanna Smóil le n-a sluaightibh; Goll gníomh- achtach Golban agus maithe na Féinne Ultaighe i n-a fhochair; agus an Corr cos-luath, céad-ghonach, rí féinne Fiann Connacht; agus Oillte áluinn ionnsuidhtheach mac an Choirr chos-luaith; Caireall cosgarthach ua Corbhroinn le n-a dheich gcathaibh Albanacha agus rí Féinne Laoighse (?) Midhe le maithibh a mhuinntire; agus iomad de mhaithibh agus de mhór-uaislibh na h-Éireann i n-a bhfochair. Is annsin do shuidh Fionn i dtosach na dtréin-fhear sin, maithe chlainne Baoisgne agus iad i n-a thimcheall, agus Goll mac Mórna ar a cheart-aghaidh san taobh eile,
agus mic Mhórna i n-a n-ionadaibh cinnte féin mar ba ghnáthach leo i dteaghlach Fhinn i ngach aimsir roimhe sin. D'éirigheadar iar sin feadhmannaigh go frithir fíor- éasgaidh le freastal agus le friotháileamh na sluagh sin go séimh, sochma, so-dhealbhach, agus do ghlacadar bleidhí beol-bhuidhe, bán-airgid, agus cuirn áilne cumhduighthe cloch-bhuadhacha, agus do dáileadh deocha dian-mhóra, milse do na deagh-laochaibh, agus biadha saora so- chaithmhe do na Fiannaibh go fíor-adhbhal. D'éirigh annsin gearán agus cainnt agus glór i n-a ngiollaíbh, meidhir agus meanmain i n-a mílíbh, luaimne agus lán-chaint i n-a laochaibh, míne agus macántacht i n-a mnáibh, fosadh agus foidhne i n-a bhfilíbh. Is annsin d'éirigh bollsgaire go frith-urlamh agus do chroith slabhradh éisteachta na bruighne agus d'éist- eadar uile go foistineach; agus do ghaibh éirghe Feargus Finnbheoil, file agus feallsamhan focal-cheart na Féinne, agus do ghaibh a dhuanta agus a dheagh-dhánta i gceann a gheinealaigh agus a chraobha coimhneasa i bhfiadh- naise Fhinn mhic Chumhaill, agus do dhíol an flaith Féinne Fionn an file iar sin d'fhuasgladh gacha maitheasa agus gacha maoine, agus do-rinne Osgar agus mac Luighdheach an nídh céadna. Do chuaidh an file iar sin i bhfiadhnaise Ghuill mhic Mhórna agus adubhairt duanta agus deagh- dhánta a shean agus a shinnsear i n-a fhiadhnaise agus ba subhach, soilbhir, so-mheanmnach mac Mórna an tráth sin. "Ca h-ionad annso," ar Goll, "i n-a bhfuil an bhaoith mhánla, inghean Cholláin chraos-mhóir .i. mo bhain-eachlach féin." "Táim annso, a rígh-mhílidh," ar sí. "An dtugais leat mo chíos ó Lochlannaibh do'n dul so," ar Goll.
"Tugas," ar sí; agus d'éirigh go prap príomh-éasgaidh agus do leig eire laoich lán-chalma d'ór ath-leaghtha áluinn i bhfiadhnaise Ghuill ar lár, agus do sgaoil Goll an cumhdach coimeádta do bhí timcheall an chíosa agus do leig na seoda so-mhaiseacha sin i bhfiadhnaise na sluagh agus do dhíol Feargus Finnnbhéil mar ba leór leis; agus ní raibh cruitire caoin-téadach, ná tiompánuidhe toghtha, téad-bhinn, ná seanchuidhe suadh-fhoclach, ná file faobhrach, fír-eolach, ná aon duine ealadhan d'Éireannach nó d'Albanach annsin nár dhíol Goll go grod urlamh mar ba leor le gach aon díobh; agus ní raibh mac ríogh ná ró-fhlatha, ná taoiseach fíor-arrachtach Féinne ná tréin-fhear tailc, teangmhála, ná feadhmannach foluaim- neach, freastail ná ró-fhriotháilimh i dtigh na h-Almhaine an oidhche sin nach tug Goll comaoin óir nó airgid nó clocha buadh dhó. Is annsin adubhairt Fionn go fíor-nimhneach; "A Ghuill," ar sé, "cá faid atá an cíos úd agat ar Lochlanna- chaibh, óir do shíleas féin nár dhual duit-se cíos do bheith agat orra agus go bhfuil rígh féinne ag Lochlannaibh ag coimeád mo chíosa orra agus ag tógáil mo chánachais díobh, agus deich gcéad laoch lán-chalma mar aon leis ar buannacht uaim-se ann?" Annsin freagras an gnáth-fhéinnidh gleacach, glór- bhorb .i. Goll mac Mórna, óir do thuig go raibh fearg agus formad ag Fionn leis agus is é adubhairt: "Is é faid atá an cíos úd agam ar Lochlannaibh, a Fhinn, ón uair do chuir t'athair-se cogadh agus coinsgleo orm- sa, agus d'éirigh rí Éireann le n-a chóigíbh i m'aghaidh-se le Cumhall, agus do b'éigean dom-sa Éire d'fhágbháil dóibh agus an méad do thogair dul liomsa de chlannaibh Mórna; agus do ghabhas críoch Breatan go buadhach,
agus do mharbhas rígh Breatan agus a mhac agus do chuireas ár bhfear Breatan; agus do chuir Cumhall le na shluaightibh as mé, agus do chuadhas as sin go Fionnlochlann agus do thuit an rí liom, agus do chuireas ár a mhuinntire agus do chuir Cumhall as an gcrích sin mé. Do chuadhas as sin do'n Fhrainnc agus do mharbhas an rí féin agus mórán dá mhuinntir agus do chuir Cumhall as sin mé. Do ghabhas na ceithre treabha Lochlannach agus cathair na Beirbe Lochlannaighe agus do lean Cumhall do'n chrích sin mé. Sí sin uair fuaras an cíos ó na Lochlannachaibh, gur chuir Conn Céadchathach, áird-rí Éireann fios orm agus tánag go h-Éirinn i n-aghaidh Chumhaill chun catha Chnuca do chur agus do thuit sé liom féin san gcath-ghleo sin. An uair eile fuaras cíos na Lochlannaighe mar aon le cúig fhir déag d'Fhiannaibh Éireann agus fanamhaint an aimsear dhuit ann; agus bean ríogh Lochlann do thuit i ngrádh leat, agus do ghabháil tríd sin agus do chúig fhir déag, agus do bheith ar láimh i gcarcair liag talmhan go ceann bliadhna, agus lá d'áirithe chum báis d'imirt ort; agus is cuimhin leat go ndeachas-sa agus gur chuireas ár a mhuinntire; agus ní h-é sin, acht do thuit rí Lochlann féin liom agus d'ionarbas cathair na Beirbe Lochlann- aighe, agus do bhaineas a gcuid óir agus airgid díobh agus tugas tusa as an gcarcair i n-a raibh tú mar aon le do mhuinntir, agus do-rinneas rígh nuadh ar Lochlannaibh, .i. Teine Tréan mac Trosgadail, agus do naisgeas cíos air, agus tugas éadáil adhbhal duit-se féin, a Fhinn," ar Goll, "agus tugas slán go h-Éirinn tú; agus is í sin an dara h-uair do naisgeas cíos láimhe ar Lochlann- aibh; agus ag sin mar do fuaras féin an cíos úd, a rígh
Féinne," ar Goll; "agus, a Fhinn, ní cíos láimhe atá agat-sa ar Lochlannaibh, acht maor coimeádta atá uait orra ag tógbháil cána sa mbeith fá chíos do rígh Éireann, agus níor chumhduigheas-sa ort an cíos, a Fhinn, agus ná bíodh tnúth agat liom fá mo chíos, óir dá bhfaghainn-se ní ba mhó, is dod mhuinntir-se is d'Fhiannaibh Éireann do-bhéarfainn é." Adubhairt Fionn go fuathmhar, feargach: "A Ghuill," ar sé, "d'admhais 'san sgéal sin go dtángais go h-Éirinn ó chathair na Beirbe ag cur catha Chnuca ar m'athair agus gur mharbhais ann é. Is náire duit sin d' innsin im fhiadhnaise." Adubhairt Goll go feargach ag féachaint ar Fhionn: "ní mise do mhairbh Cumhall. Gidheadh, is mé do sgoilt a chroidhe i n-a chliabh gan choigilt agus do sgair a anam leis, óir do thuill sé bás d'fághail go minic tré na uabhar féin, agus is é breath gach deagh-dhuine, fear an ain- dlighe do mhalartughadh go mío-thrócaireach; agus uime sin nach mise do mhairbh Cumhall acht a mhí-ghníomha féin; agus fós, dá bhfaghainn ní ba thúisge é, do bhainfinn a anam as, óir tugas iarracht go minic air ins na cathaibh a rabhas i n-a aghaidh, sroisin chuige tar imeall buidhne cosgarthacha clainne Baoisgne, agus ó rángas chuige i gcath Chnuca, do dhíolas m'amhgar air. Agus, a Fhinn," ar Goll, "dá dtiubhrthá-sa oiread easonóra dhom agus thug Cumhall dom, do-bhéarfainn an díol céadna ort-sa." "A Ghuill," ar Fionn, "do bhí sé ar m'aigne gan sin do leigean leat, óir tá céad féinnidh fíor-arrachta ar mo theaghlach-sa i n-aghaidh gach n-aon dá bhfuil ded mhuinntir-se." "Do b'amhlaidh sin dod athair-se," ar Goll, "gidheadh, do dhíolas a uabhar air fá dheoidh, agus
do dhéanfainn an nídh céadna leat-sa dá dtuillfeadh uaim é." Adubhairt Caireall mac Aonghusa cneis-gheal ua Baoisgne: "A Ghuill, ar sé, "is iomdha fear do coisgfidhe i dtigh Fhinn!" Adubhairt Conán Maol mac Mórna: "Luighim fá m'armaibh gaisge nach raibh Goll riamh, dá luighead de mhuinntir do bhéadh aige, nach béadh céad fear ar a theaghlach agus do choisgfeadh gach fear díobh tusa le do theaghlach a Chairill." "Ní díobh-sa tusa, a Chonáin cháintigh, chlaoidhte, chrith-eaglaigh," ar Caireall. "Is díobh, go deimhin, a Chairill cheann-áird mhór- fhoclaigh, bheag-chréachtaigh," ar Conán, "agus do rachainn dá áitiughadh ort-sa go raibh éagcóir ag Cumhall." Adubhairt Caireall, ag éirghe i n-a sheasamh; "ní fada go mbéidh a fhios agam cia is cionntach." Is annsin d'éirigh Caireall i n-a sheasamh agus do bhuail dorn dána deagh-thapaidh ar Chonán; agus ní h-urramach do freagradh sin le Conán, óir do bhuail dorn eile ar Chaireall, agus do dhoirt a fhuil go falcmhar fíor-adhbhal. Do dineadh láthair fhairsing ion-bhuailte dóibh ar urlár na bruighne, agus thugadar sáidhte síor- luaithe sár-nimhneacha dá sleasghaibh slim-ghéara i n-a chéile gur bh iste buan-raobtha baill agus broinne na díse deagh-laoch sin, gur nochtadar lanna líomhtha go lán- tapaidh agus do-rinne siad urlaidheacht agus comhrac calma cóimh-neartmhar le chéile go mba chréachtach cnáimh- ghearrtha iad ón ngleo sin. Annsin d'éirigheadar dís mhac ádhmharach iolbhuadhach Osgair mhic Oisín .i. Éachtach agus Iollan, agus do rinne siad leibheanna dlúithe do-sgaoilte dá n-éidíbh i n-a
dtimcheall agus tugadar cneadha doimhne do-leigheasta ar Chonán; agus ar n-a fheicsin sin do dhís mhac Ghuill mhic Mhórna .i. Conn agus Cónach, do cheangladar a gcolna caomha, cneis-gheala dá gcath-éide agus do ghoin siad go mór dís mhac Osgair. Níor éisteadh sin go fada le h-Osgar, óir níor mhian ná maise leis amhail mar do chonnaic a dhís mhac agus a bhráthair san gcoinsgleo sin. Is annsin d'éirigh an leoghan líomhtha lán-fheargach agus a nathair neamh-eaglach nimhe .i. Osgar mac Oisín, agus do chuir cumhdach caomh-chruaidh iarnaidhe um a chorp agus do chuir sgiath mhór mhíleadhta um a mhuinéal agus tug ruathar rachtmhar, rúineachtach fán gcomhrac d'fhóirithin a dhíse mac agus Cairill agus do ghaibh dá bhéimeannaibh borb-neartmhara bith-urlamha ar Chonán. Agus adubhairt Conán: "A bhuidhe leis na déibh, a Osgair, do rochtain im aghaidh chum comhraig óir gearrfad- sa snáithe do shaoghail san ngleo seo." Is annsin do chomhraig Osgar agus Conán le n-a chéile. Agus ba neartmhar, námhadaidhe an comhrac sin, ionnas gur baineadh osnadh éagcomhlainn as Conán agus d'fhéach go truaighmhéileach ar Art óg mac Mórna; agus níor fuilingeadh sin le h-Art ach d'éirigh go h-éasgaidh agus chuaidh i n-a arm go h-athlámh agus do ghoin Osgar go h-arrachtach; agus níor fuilingeadh sin le h-Oisín fearamhail mac Finn óir do chuir a éide catha uime agus do chuaidh san gcath go comh-dhíreach agus thug goin ghráineamhail ghníomhachtach ar Art mac Mórna. Annsoin d'éirigh Garg garbh-fholtach mac Mórna agus do ghaibh a dhíon arrachtach ath-gharbh iarnaidhe uime agus d'fhreagair an mór-ghleo sin go mear-chalma, agus
do goineadh Oisín leis. Annsin d'éirigh mac Luighdheach go laochda agus do chuir cumhdach comh-dhaingean catha um a chorp agus do chuaidh san gcóimhghleic sin agus do goineadh Garg garbh-fholtach leis, agus thug Garg comaoine na goine sin dó. D'éirigh annsin Aodh beag mac Finn le n-a trí chaogad de laochaibh lán-láidre i n-a fhochair agus do chuaidh san gcomhlann go céad- fadhach. D'éirigh Goll agus clanna Mórna annsin dá n-áitibh agus dá n-ionadaibh agus do chuadar ar chúlaibh Ghuill san ngrod-ghleo sin. Annsin cuireas Goll treallamh tait- neamhach troda agus teangmhála air, agus a sgaball sgiamhach sgoith-bhreágh um a mhuinéal, agus thug sidhe dána dásachtach, do-ionnsaightheach, agus do chuaidh san mór-ghleo sin d'fhóirithin a chlainne agus Chonáin agus claidheamh slios-ghéar sásta so-bhuailte i n-a dheas-láimh deagh-thapaidh, agus d'ionnsaigh a eascaraid agus do bhíodar san gcóimhghleic sin re chéile nó nár fhágadar tápúir trom- lasrach, ná lóchrann lonnrach ná coinneal chaomh chrioth- sholais san mbruighin sin gan múchadh; agus fós, níor fágadh coinnleoir gan cam-bhriseadh, bléidhe gan buan- raobadh innte, agus d'imthigh sé féin gan fuiliughadh, gan foir-dheargadh air. Is annsin do bhreathnuigh Fionn a chaismirt catha agus adubhairt le Fiannaibh Éireann clann Mórna do mhúchadh agus do mharbhadh. Is annsin d'éirigheadar Fianna foir-neartmhara Fhinn agus do rinneadar leibheanna daingeana dlútha do-sgaoilte dá sgiathaibh i n-a dtimcheall, agus d'fhreagradar clanna Mórna iad go míleadhta mear-chalma san gcath soin, agus do chuaidh Goll féin i dtosach na dtréan-fhear san teangmháil sin. Iar sin do ghabhadar ag cnáimh- ghearradh a chéile gan choigilt agus rinne Goll sgiath
dhaingean do-bhriste dhe féin ar sgáth a mhuinntire, go nár leonadh iad tairis acht beagán do marbhadh le h-urcharaibh díobh. Cidh trácht, is annsin ba threise na tréan-bhuillí agus ba mhire na mílidhe, ba chréachtmhar na colna agus ba ghuasachtach saor-chlanna. Do b'iomdha fuinneóg fhoir- dhearg ar na fearaibh agus cneadha do-leighis do bhí ar na deagh-laochaibh sin. Is mairg, tra, duine anbhfann, nó bean mhíonla mhéir-leabhair, nó seanóir seanda saobh-chiallach, do bhéadh i mbruighin na h-Almhaine an oidhche sin. Ba thruaighmhéileach mar do bhí an bhruighean an oidhche sin le gárthaibh gránamhla, gáibhtheacha, gearánacha, agus le h-osnaidhibh na n-óg dá n-éirliughadh go h-obann; agus do bhíodar ar an amas sin go h-éirghe gréine ar n-a bháireach gan choigilt ar a chéile. Annsin d'éirigh Feargus Finnbhéil, file focal-cheart fír-ghlic na Féinne agus aois ealadhan na Féinne i n-a fhochair agus do ghaibh dréachta agus duanta agus deagh- dhánta do na deagh-laochaibh agus do sheinneadar tiom- páin chaomha cheol-bhinne agus cruiteanna téid-bhinne. Dá éis sin do sguireadar an Fhiann dá n-urlaidheacht le guth ceolmhar na bhfilí agus do leigeadar an Fhiann a n-airm ar lár. Adubhairt Fionn nach bhfaghadh síoth ná sár-chumann ó chlannaibh Mórna go bhfaghadh breath ríogh Éireann .i. Cormac mac Airt, agus breath Ailbhe gruadh-ghile, inghean Chormaic, agus Cairbre Lifeachair ríogh-dhamhna Éireann, agus breath Fhithil agus Fhlaithrí, bárraidheacht na breithe sin ag Fionntain mac Bochna. Adubhairt Goll mac Mórna: "Do-bhéarfam-na an bhreath soin duit, de chionn breithe d'fhagháil uait." Adubhairt Fionn go dtiubhradh. Do cuireadh coir agus slána le h-aghaidh na síthe sin
agus do ghabhadar lá chuca chum na breithe sin .i. coicthigheas ó'n lá soin ar faithche na Teamhrach. D'fhéachadar an uireasbaidh an oidhche sin agus is é bhí de dhíth ar mhuinntir Fhinn .i. aon chéad déag, agus do bhí go leor d'fhuil ar seideadh, agus srón ar n-a fiar-chamadh, agus cluas ar n-a comhbhrughadh, lámh ar n-a leadradh, agus corp ar n-a chosgradh agus ar n-a chneas-raobadh ar an méad do bhí beó de mhuinntir Fhinn. Agus is é ba dhíth de mhuinntir Ghuill mhic Mhórna: seacht gcéad de mhnáibh agus aon fhear déag. Agus ní h-é marbhadh ná mban do rinneadh acht a n-éag le h-imeagla na n-arm ndaor-bhéimneach. Do chuireadar a lucht othrais ar gach taobh dá leigheas. Agus do rinneadh feart fód-bhuidhe do gach aon aca do marbhadh; agus do nuadh-chóirigheadar an dún dá aithle sin, agus do shuidh gach féinnidh i n-a n-ionadaibh cinnte do lán- chaitheamh na fleidhe sin. Coicthigheas ó'n lá sin gluaisid rómpa go faithche na Teamhrach agus do chuireadar Cormac, Ailbhe, Cairbre, Fitheal, Flaithrí, agus Fionntain d'ionnsaighe a n-ionad breitheamhnais agus do chuaidh Fionn d'innsin an sgéil. Agus adubhairt Goll nach dtiubhradh féin innsin an sgéil sin do, "Óir, a Fhinn," ar sé, "do dhéanfá fíor de'n bhréig." As a h-aithle sin do fágadh innsin an sgéil fá Fheargus Finnbhéil, agus tugadar na h-uaisle sin na déithe ar Fheargus an fhírinne do dhéanamh. Agus d'innis Feargus Finnbhéil mar d'éirigh an bhruighean ar dtúis, agus d'innis gurab é Fionn do rinne tús na h-iomarca ar Gholl, agus d'éis na h-iomarca sin gurab é Caireall ua Corbhroinn do thosnuigh an bhruighean, agus gurab
é do bhuail Conán mac Mórna, "agus níor fuilingeadh sin le Conán acht an chomaoine chéadna do thabhairt dó, agus d'éirigh an Fhiann i n-aghaidh a chéile de gach leith, agus do bhíodar ag cnáimh-ghearradh a chéile ó úr-thosach na h-oidhche éag-fhuaire go h-éirghe gréine ar-n-a bháireach. Agus is é ba dhíth de mhuinntir Fhinn ris an ré sin aon chéad déag fear. Agus is é ba dhíth de mhuinntir Ghuill mhic Mórna seacht gcéad bean agus aon duine déag d'fhearaibh; agus do b'iomdha fear easbadhach leat ar leith i n-othras agus i bpiantaibh truaighmhéil- eacha báis. Ag sin sgéala na bruighne dhíbh go fírinneach, a righthe Éireann," ar Feargus. Adubhairt Flaithrí eineachlann do chlannaibh Mórna, óir is orra do rinneadh tosach na h-iomarca. "Ní breath cheart fhíor-ollamhan sin", ar Cormac, "óir dligheann an t-óglaoch urraim do thabhairt dá thighearna." "Is fíor sin," ar Flaithrí, "gidheadh, ní théidheann urraim tar dortadh fola." Adubhairt Fitheal: "Saoramuid clanna Mórna gan eineachlann ó chlannaibh Baoisgne, agus saoramuid Fionn agus clanna Baoisgne ó chlannaibh Mórna mar an gcéadna ar aoirde díthe Fhinn." "Is breath mhic ollamhan sin," ar Fionntain. Do mhol Cormac, Ailbhe, agus Cairbre an bhreith soin. Agus do gaireadh an Fhiann do láthair agus nochtadh an bhreith dhóibh; agus do mhol siad uile í; agus do ghluais- eadar go síothach, páirteach le chéile ó fhaithche na Teamhrach go nuige a n-ionadaibh cinnte féin. (Foircheann)
Tóruigheacht Shaidhbhe inghine Éoghain óig
2. Tóruigheacht Shaidhbhe inghine Éoghain óig Fleadh mhór-chaomh, mhór-ádhbhal do rinneadh ré Fionn mac Cúmhaill mic Thréin mhóir Uí Bhaoisgne i mbruighin Theamhrach Luachradh aon do laethibh. Agus thangadar maithe agus mór-uaisle na Féinne do chaitheamh agus do suidh gach aon díobh 'na ionad cinnte comh-aoise, do réir uaisle na Féinne agus a n-athardha amhail ba gnáth leo i ngach aimsir roimhe sin. Agus do chaitheadar an chéad trian don oidhche ré h-ól agus ré h-aoibhnis agus ré h-ur-gháirde meanman agus aigeanta agus an dara trian ré h-oirfide agus ré h-ealadhain agus ré céolta aoibhne agus ré dáil airgid agus óir agus iolmhaoine agus sin dá thabhairt agus dá bhronnadh agus dá roinnt ar éigsibh agus ar ollamhaibh agus ar aois dána agus an trian déidheanach don oidhche ré suan agus ré sámh-chodladh. Iar sin d'éirigheadar an Fhiann go moch do lár ar-na mháireach agus adubhairt Fionn gur mhaith dóibh seilg ghleanna leathain mhóir Laighean do dhéanamh agus adúbhradar cách uile go coitcheann gurbh fhíor sin. Cídh trácht do cómmóradh an t-seilg reamh-ráidhte leo fá thorc ós loch agus fá fearanna breaghtha fris a ráidhtear Conall Gabhradh an tan so agus i mbórd Locha leathain fhuair Léin agus fán Mangartain Mongruadh agus adúbhradar dronga d'Fhiannaibh Éireann gur bheag leo féin an lucht seilge do bhí ann an lá sin agus olcas do bhí Rí Éireann dóibh agus is é fa Rí ar Éirinn an tan sin .i. Cormac mac Airt mic Chúinn chéad-chatha agus adúbhairt Fionn iar sin dá mbeidís deich gcatha fichead bhfear n-Éireann ag cur 'na choinne nár bheag leis féin na deich gcéad láoch laidir, lán-chalma do bhí ag déanamh na seilge sin maille ris
féin agus ré Goll mac Móirne agus ré Oisín mac Fhinn agus Diarmad a Duibhne dá n-iomchosnamh orra. Do cómmóradh an t-seilg thorrach reamhráidhte sin leos fá fhíodhaibh agus fá fásúighibh do ba cóimh-neasa dhóibh, agus do chuaidh gach aon díobh 'na dhúmha seilge agus 'na láithir licthe agus 'na bhearnan baoghal mar do chleachtaidís cosgar gacha seilge roimhe sin. Annsin do shuidh Fionn 'na dhúmha seilge ag éisteacht ré fóghar na bhfear bhfiadhaigh agus ré lúighibh na laoch ar na conaibh agus ré cómhmóradh cáich mar an gcéadna agus is é ionad ar fhágadar Fiann Eireann a mná an lá sin i dTeamhair Luachradh agus is í ba bhean d'Fhionn an tan sin Maighnís inghean Ghairidh ghlúndubh mhic Móirne. Iar n-imtheacht don Fhéinn adúbhairt Maighnís:- "A bhantracht, an áil libh dul do shnámh agus dá bhúr bhfothraghadh agus dá bhúr níghe agus dá bhúr n-iomglanadh agus adubhairt an bhantracht d'aitheasc aon mhná gur mhaith leo féin sin. Gidheadh adúbhairt inghean Ríogh Mumhan .i. Sadhbh inghean Éoghain mhóir mhic Oilill Olom nách rachfadh féin leo ó nách rabhadar Fiann Éireann dá coimhéad agus fa h-í an Sadhbh sin ba bhean do Ghlas mac Aoinchéarda Béara agus ba daltaidhe d'Fhionn iad araon. "Is mór an grádh sin agat don Fhéinn" ar Maighnís, óir ní fhuilin- geann tú bheith i n-aonach ná i n-oireachtas nó ar fleadh nó ar féasta gan bheith friú, agus dom dhóigh féin dá mb'éol dhuit cathughadh nó cómhrac do dhéanamh is friú do dhéantha é, a Shadhbh." "A Mhaighnís" ar Sadhbh, "tuigim-se gur tré aithis agus tré imdheargadh adeir tú sin liom agus ní h-iongnadh mo ghrádh-sa don Fhéinn. Óir ní raibh seod seoidh bréige ná dimbhréige ag fear ná ag mnaoi i n-Éirinn ba fhearr liom d'fhághail nách bhfuaras" ar sí, "agus is ag Fionn agus ag Fiannaibh Éireann do h-oileadh mé. An fear ag a bhfuilím pósta .i. Glas Mac Aoin-chéarrda
Béara mac Ríogh Éireann, adhbhar eile fa ar chóir dhom grádh do thabhairt don Fhéinn. Óir ní tháinig draoi ná deagh- dhuine ealadhan ag iarraidh óir ná airgid ná iolmhaitheasa orm ná tabharfainn dó é agus biadh agus éadach agus comhnuidhe 'na gcuideachtain agus is don Fhéinn do tháinig mé dá ndéanamh sin uile, agus is iad sin na h-adhbhair fa dtug mise an grádh úd don Fhéinn" ar Sadhbh. "Is fíor dhuit-se gach nídh dhíobh sin" ar Maighnís. "Cidheadh fós ní cóir dhuit a thoirmeasg fá bhantracht na Féinne an nídh a dtabhraidís a dtoil uile." Adúbhairt Sadhbh: - "Rachad libh i n-aghaidh m'aigeanta ar eagla imdheargadh níos mó do dhéanamh orm agus ní shaoilim filleadh tar m'ais gan toirmeasg éigin do theangbháil dhom." D'imthigheadar an bhantracht iar sinn do snámh nó go rangadar an Fhéille .i. an sruith 'nar bháthadh Fial inghean Luigeach mic Íthe agus rangadar as sin go Maoildearg .i. an sruith 'nar éirigheadh iomarsan idir muinntir Áirt Óig mhic Móirne agus muinntir Chonáin mhic Móirne gurab uime sin adeirthear Maoildearg fris an sruith sin agus ní bhfuaradar uisge glé-ghlan i gceachtar dhíobh. Cidh trácht do chuadar an bhantracht ins na deich n-aibhne fichead do bhí ar Sliabh Luachra agus 'na thímcheall agus ní bhfuaradar uisge do thaithn leo i n-aon abhainn dhíobh nó go rangadar an áit 'na siubhlann uisge Sléibhe Luachradh i n-aice mára agus mór-fhairge. Dála an bhantracht do bhaineadar a n-éadaigh dhíobh agus d'imthigheadar amhlaidh sin ins an sruith iasgach fhionn- fhuar amach nó go rángadar i mbéal mara agus mór- fhairge. Do rinneadar bolg-shnámh agus troigh-shnámh, taobh-shnámh agus cúl-shnámh agus do rinneadar a bhfothraghadh fá chéad uair san aibhéis. Dála Sadhbh inghean Éoghain óig, níor bhain sí a h-éadach
dhi. Ní mó ní rinn folcadh agus fothraghadh acht d'fhan sí ar tír ag foirchiméad da mnáibh agus níor chian do bhí ag feitheamh na h-aibhéise eochar-ghuirme agus na mara mór- aidhbhle, an tan do chonnairc sí an long luchtmhar lán- aibhseach fá lán réim seóil agus iomramha dá n-ionnsaighe. "A mhná" ar sí, "do chím long da bhúr n-ionnsaighe agus inneall cogaidh agus cointine uirthi agus dom dhóigh is allmhurach éigin atá ann, ná déana maith dhíbh-se agus tigídh go luath i dtír, agus déanaidh daingean don choill seo ré bhúr dtaobh." Is annsin tángadar na mná i dtír agus níor ráinig leo a n-éadaigh do chur iompa an uair d'éirigh aon óglaoch mór míleata, mear-chalma agus tug léim luthmhar lán-éadtrom as an luing ionas gur ghaibh leitheid a dhá bhonn don thrácht gheal, ghainimhidhe agus culaith catha agus cómhraig uime, mar atá, aibíd imreamhar iarainn agus claidheamh cros-órdha craobhach tar a thaobh chlé agus altán sgeine sgoith- ghéire i gcuideachtain an chlaidhimh cruadh-reangaigh sin; cinn-bheart chúmhdach chloch-bhuadhach um a cheann agus dá chraoiseach crann-ramhar cródh-fharsaing catha 'na láimh dheagh-thapaidh dho-sgaoilte dheis agus do rug sé ar na mnáibh ag cur a n-éadaigh orra agus is é adúbhairt: - "Na bíodh eagla orraibh, óir ní dhéarna féin bain-éachtadh riamh." Iar sin do labhair Maighnís agus is é adúbhairt; - "Ní chualamar go ndéarnadh bain-éachtadh i n-aon chríoch don dómhan agus go speisialta ní déarnadh san gcríoch so riamh agus dá gcloinfimís go déarnadh ba móide ár n-eagla é." "Créad é an t-oileán so 'nar ghabhas cuan agus caladh" ar an fear mór, "nó cá rann do rannaibh an dómhain 'na bhfuilim anois?" Adúbhairt Maighnís "i n-iathrar na h-Eorpa .i. Éire iath-ghlas oiléanach is innti do ghabhais cuan agus caladh-phort" ar sí. An tan do chualaidh an
fear mór sin do thángadar éagsamhlacht na n-uile dhatha ann ionas gur dheirge é ná rós ríogha an chéad feacht agus gur ghile é ná sneachta adh-fhuar aon oidhche an dara feacht agus gur dhuibhe é ná an gual gabhann an treas feacht. Iar sin adúbhairt Maighnís:- "Dar liom féin, a ógláoigh, ní maith leat-sa teangbháil san oiléan so 'nar tharla tú." "Créad fáth 'nar léir leat-sa sin," ar an fear mór? "Ar iomad na ndath sin do thig ort" ar sí. "Cia is rí ar Éirinn anois?" ar an fear mór. "Cormac mac Cuinn céad-chathaigh," ar Maighnís. "An iad so bantracht Chormaic?" ar an fear mór. "Ní h-iad" ar Maighnís. "Créad eile darab bantracht iad?" ar an fear mór. "Atá, gan amhras, bantracht Fhinn mhic Cúmhaill" ar sí. "An bhfuil éagcóir nó foirneart ag aon duine i n-Éirinn dá dhéanamh ar Chormac anois," ar an fear mór? "Ní bhfuil fághail ag aon duine i n-Éirinn teacht i n-aghaidh aon nídhe dá ndeanann sé acht bantracht nó aois ceóil nó lucht ealadhan, óir is iad na trí dreama, is umhla dá bhfuil-se san dómhan dóibh iad" ar Maighnís. "Cia is tighearna ar an bhFéinn anois," ar an fear mór? "Fionn mac Cúmhaill mhic Thréin mhóir Uí Bhaoisgne" ar Maighnís. "Créad iad na sochair atá ag Fionn ó Rígh Éireann?" "Ní bhfuil a fhios sin acht ag aon cheathrar amhain i n-Éirinn" ar Maighnís, "agus ní dhíobh sin mise. Is iad so a n-ainm-ne .i. Goll mac Móirne, mar ba rí Féinne i n-Éirinn é, ó marbhadh Cúmhall i gcaith Chnoca agus do bhain Conn céad-chathach iar sin an tíghearnas de agus do thug
d'Fhionn é do cheann Teamhar d'anacal ar losgadh, óir do loisg aon ógláoch amhain Teamhar roimhe seo d'aimhdheoin bhfear Éireann uile, agus d'anacail Fionn i n-uathadh agus i n-aonar í, do cheann ríghe Fiannachta do thabhairt do féin, Oisín mac Finn agus Caoilte mac crancair mic Ronáin .i. mac dearbhsheathrach d'Fhionn féin agus mac Lúigheach láimh-éachtach agus an mhéid is aithne domh-sa bhí do shochar ag Fionn ó Rígh Éireann inneósad dhuit-se iad. Óir atá tríucha céad i ngach cúige i n-Éirinn aige, agus tuath i ngach triúcha céad, agus baile i ngach tuath, agus coilleán con nó gadhair i ngach teach i n-Éirinn dá bheathughadh dhó agus seacht gcatha na gnaith-fhéinne idir con, gadhair giolla, agus duine ó Shamain go Béiltinne, do bheadh ar coinmheadh uaidh ar feadh Éireann uile agus ní leomhthar bean do mhnáibh Éireann do thabhairt d'fhear ar bith gan a fhiafraighe fá trí an mbeadh i bhFiannaibh Éireann fear le mbadh mhaith leis a fághail do féin mar mhnaoí, agus má fághtar an fear sin ann dob' éigean a tabhairt do, agus muna mbéadh, béadh ionga d'ór ag Fionn de agus ní leomhthar bradán nó óg-laoghallaidh ná míol maighe do thógáil den chonairt, agus dá bhfághthar marbh i gceann gacha Earraigh iad muna dtógadh duine éigin d'Fhiannaibh Éireann iad, ré méad an an-smacht atá ag Fionn ar Éirinn, agus dá marbhadh i n-Éirinn aon chuid díobh sin, do bheadh damh ceannsa i n-áit an daimh allta ag Fionn ar a shon agus loiligheach ar son an laoigh agus gabhar ar son an t-sionnaigh agus caora ar son míl maighe, muna marbhadh Fionn nó Fiann Éireann iad. Is iad an mhéid is aithnid dhómh-sa do shocar ag Fionn ó Rígh Éireann," ar Maighnís, "agus atáid sochair eile aige nách bhfuil a bhfios agam-sa agus dá mbeadh inneosainn dhuit-se iad mar an gcéadna." "Beir buadh agus beannacht" ar an fear mór, "óir
is tú an bhean-sgéalaidhe is fearr dá bhfeachaidh mé riamh agus innis dom anois créad iad na dochair atá ag Fionn i n-aghaidh na sochar sin?" "Is mór iad" ar Maighnís, "óir atá sgrios na n-uile Dhanair agus allmhurach do thiocfas go hÉirinn air 'na ndiaigh siúd." "Is éagcóir nach d'Fhionn féin do goireadh ríghe Éireann" ar an fear mór, "agus tuath nó teaghlach do thabhairt do Chormac, óir chím nach bhfuil feidhm aige i n-Éirinn an feadh bias Fionn béo innti agus is truagh liom-sa an bhruid sin ag Giolla an chúasáin, ar an rí is fearr dár ghaibh flaitheas Éireann riamh agus ba bheag an t-inmhe do bhí ag Cúmhall, athair Fhinn i n-Éirinn an tan sin .i. Almhain Laighean, óir do chuirfinn féin urchar dom shleigh tar an dtuath fearainn sin," ar an fear mór. "Maise, dar liom féin, ní maith leat-sa inmhe ná árd-tighearnas do bheith ag Fionn," ar Maighnís. "Bheirim mo bhriathar" ar sé "nách bhfuil anois béo san dómhan aon duine is lugha orm ná é." "Maise," ar Maighnís, "anois aithris dhúinn-ne cia thú féin?" "Aithriseóchad go dearbhtha" ar an fear mór, "óir is mise Ciotach cruadh-armach, árd-rí na Dróluinne Móire, agus is agam-sa atá ríghe na Dróluinne Móire, agus is agam-sa atá ríghe Fiannachta oirthear an dómhain agus fós is agam atá an mac is fearr láimh agus maise atá i dtrí preamh-rannaibh an domhain .i. Dorn dórd- shollais mac Chiotaigh." "Maise," do ráidh Maighnís, "badh deachair do an bárr do bhreith leis ó'n mac ríogh atá againn-ne .i. Oisín mac Fhinn." Do rinneadar iomarbhaidh agus cóimheas eatorra. Iar
sin adúbhairt Ciotach:- "Atá a fhios agam-sa gur fearr mo mhac féin ná Oisín agus béarad an bhean seo liom chuige" (ag cur a láimhe ar ghualainn Shaidhbhe inghine Éoghain Óig), "óir is mór a thaithneann liom a cruith agus a caoimh-sgéimh, óir ní fheicim dá mnáibh aon bhean is fearr deilbh agus éagcosg ná í, agus am dhóigh is deilbh ríoghain atá uirthi agus ar an ádhbhar sin," ar sé, "béarad liom í." "Is féidir leat," ar Maighnís, "óir ní bhfuil fear do thóirmisc do láthair againn-ne anois. Cidheadh is dóigh liom-sa gur aindeis an tír 'na rachadh an Fhiann 'na diaigh." "Do bheirim-se cead tóruigheachta don Fhéinn uile 'na diaigh" ar an fear mór, "agus aithris dom cia h-í an bhean so atá agam uaibh?" "Atá, inghean Ríogh Mumhan," ar Maighnís, ".i. Sadhbh inghean Éoghain óig mhic Éoghain mhóir .i. bean Ghlais mhic Aoin-chearda Béara, agus is daltáidhe d'Fhionn iad araon, agus sílim-se go mbadh mhaith an tóir 'na diaigh Glas féin, dá mbeadh nach rachadh Fionn ná'n Fhiann ar a lorg," ar Maighnís. "Do bheirim-se mo bhriathar," ar Ciotach, "go mbadh fearr liom-sa féin go mbéarfainn ar Fhionn ionnas go dtabhrainn a cheann liom mar aon ris an mnaoí seo go críochaibh na Droluinne Móire." As a h-aithle sin, do thóg Ciotach Sadhbh go lúith-mhear éadtrom chum a loinge agus do chuaidh féin agus Sadhbh innti agus do lean Maighnís an fear mór annsin agus adúbhairt fris:- "Cuirim fá geasaibh thú gan tú féin ná fear eile ar bith do luighe ré Sadhbh go ceann bliadhna nó go bhfionnadh tú an leanfadh aon duine í i ndiaig an mhasla thugais dhúinn-ne." "Maise dá dhearbha nách bhfuil eagla na tórúigheachta
sin orm, cóimhlionfad na geasa sin do chuiris orm," ar an fear mór. Is annsin do thóg an fear mór a sheólta go luth- gháireach ar feadh na fairge fíor-dhoimhine agus do léig Sadhbh éighmhe fada, fíor-thruagha aisti agus do rinne faoidh fada, foth-luaimneach ag caóineadh na h-Éireann, agus na Féinne agus na bantrachta. As a h-aithle d'imthigheadar an bhantracht go dúbhach, deórach, droich-mheanmnach go Teamhar Luachradh. Iar sin do tháinig an Fhiann um tráthnóna don bhaile agus tugadar fiadhach feolmhach leo an oidhche sin agus d'fhiafraigh Fionn don bhantracht créad í an ghruaim sin do bhí orra. D'innis Maighnís dó mar do rug taisteall talmhaidhe agus fóghmhar fairge Sadhbh ingean Éoghain óig leis uatha. "Is ró-olc an sgéal é sin," ar Fionn, "agus an bhfuil aon fhios agaibh cá tír nó talamh do rugadh í?" "Atá a fhios agam-sa." ar Maighnís, "gurbh é Chiotach cruadh-armach árd-rí na Dróluinne Móire do rug leis í." "Is thruagh sin" ar Fionn, "óir ní bhfuil san dómhan duine is lúgha ar an bhfear sin ná mise." "Is fíor nách bhfuil," ar Maighnís, "óir ní cheileann sé féin sin agus do chuir mise fá gheasaibh é gan fear do leigean do luighe ré Sadhbh go ceann bliadhna." "Is é a chiall sin," ar Fionn, "go raibh dóigh agat go leannfainn-se fá cheann bliadhna í." "Ní fheaca-sa do chóir ag dul re h-aoinneach riamh go nuige seo" ar Maighnís, "agus atá dóigh agam nách rachaidh gan díoghaltas uait." "Is amhgarach atáim dhe sin anois," ar Fionn, "óir dá ndeachainn i dtórúigheacht Shaidhbhe déantar Aonach
Tailteann tar m'éis agus adéarfadh Rí Éireann gurbh do sheachaint an aonaigh sin, d'fhágainn Éire, óir is éigean dhom gac cóir agus gach éagcóir dá líomhantar ar Fhiannaibh Éireann ó'n gceann bliadhna go chéile do bhreith liom ar Aonach Tailteann an tan sin agus breith Fithcheall agus Flaithrí nó moladh Chormaic agus Chairbre do thabhairt ann agus cóimhlíonadh dhéanamh ann mar an gceadna. Is annsin d'éirigh Goll greannmhar gaisgeamhail glac-laidir, gníomhéachtach mac Móirne agus adúbhairt do ghuth árd-shollais ghlan - "A Fhinn, Rí Féinne, fan ris an aonach sin agus ná bíodh sé le rádh ag rígh, ná fós ag aoinneach eile san dómhan, go ndéanthá-sa an t-aonach sin do sheachaint ar aon eagla, agus rachaimíd na deich gcéad láoch laidir, lán-chalma mar ataimíd annso i dtórúigheacht Shaidhbhe agus béaraimíd as cibé críoch san dómhan 'na bhfuil sí ar ais nó ar éigean linn í, nó tuitfeam uile san turas." "Do bhíodar mar sin go dtáinig an lá ar na mháireach, agus do thionnsgnadar an Fhiann imtheacht annsin. Do cóirígheadh an Bhreach bhúadhach .i. long Fhinn féin dóibh agus do cuireadh lón bliadhna innti agus do chuaidh an drong so d'Fhiannaibh Éireann innti .i. Oisín mac Fhinn, Goll mac Móirne, Fathadh Conán mac mhic Con, Diarmaid déad-shollais ó Duibhne, Glas mac Aoin-chéarda Béara .i. fear Shaidhbhe, Caoilte mac cranncur mic Ronáin mic Luigheach lan-éachtach, Conán mac Móirne agus an deich gcéad eile don Fhéinn ó sin i leith do laochradh láidir, lán-chalma, agus do mhór-uaisle na Féinne. Iar sin do thugadar a dtosach do mhuir agus a n-deireadh do thír agus do chuireadar a mbrata báin-bhreaca, buain- ríghne 'na seasamh innti agus do shíneadar na sáir-bhréide sáibhre snaith-ríghne siubhail sin fris na séol-chranna
cruadh-loma go fíor adhbhal an uair sin, agus do bhaineadar beiméanna na buan-ghaoithe fris na cranna cruadh-loma colg-dhíreacha, ceart-sheasamhacha ionas go dtug an long luchtmhar lán daingean sin sídhe sár-luatha seasárd sith-nimhneach san sál-mhuir go soin-dhíreach go rangadar i gcrioslachaibh gáibhtheacha, tonn-ghlasa, fíor-ghrána na fairge, ionas gur éirigheadh an dubh-fhairge dóibh 'na gleanntaibh gairbh-liatha gruam-dhoilgigh gorm-ramhra leis an fíor-láochaibh agus do bhadar tréimhse fhada agus aimsear im-chian ag imtheacht ar an muir gan tír gan talamh d'fhaicsin dóibh. Adubhairt Conán mac Móirne go bhfeaca féin talamh iongantach agus cóillte cnuas-íomdha agus máighe móra mionn-áille agus am dóigh is iongantach uile na crainn atá ann, agus adúbhairt Conán an rann so: - Inis do cidh ar muir, dá mbeadh a h-eolas agaibh, Ní aithnighim crann i gcóill acht máigh iubhra álainn; Ní aithnighim aon duine san Inis úd do chidh; Cé shíoraimíd tír agus tonn, ní bhfuil a h-eolas againn; Inis íubhar is é a h-ainm: fáth gan gheis ní fheadar cia h-í an inis. "Seólaidh an long chum na tíre sin" ar Oisín. Is annsin rug sídhe sánntach chum na tíre agus ar na fhaicsin sin do lucht an oileáin .i. an long fá lán shéoil agus iomramha agus fá ghráin gaile agus gaisge d'éirigheadar mac aidh an oileáin agus do léigeadar sruith sáir-nímhneach sleagh d'ionnsaighe na loinge go lúth-gháireach agus do chuireadar an fhoireann an long i dtír don tréan- iomramh sin. Iar sin d'éirigh Mac Luigheach do léim lúith-mhear lán-éadtrom as an loing gur ghaibh leitheid a dha bhonn don tracht gheal ghainimhidhe agus do chuaidh fán macraidh agus do mhairbh naonbhar dhíobh don ruathar sin, agus do éighmheadh san oileán dhe sin agus d'éirigh tighearna an
oileáin amach .i. Toircheall an trom-thaghláidhe agus do cheangail a chorp dá caith-éide agus d'ionnsaigeadar an Fhiann é. Adubhairt Toircheall annsin gur dhóigh leis gurab í long Fhinn mhic Cúmhaill do bhí ann agus gur fháiltigh a chroidhe rómpa ar fheabhas leis a bhfeicsint agus adúbhairt go raibh sé féin seacht mbliadhna mar aon ré Fionn. Do chuir fear ealadhan dá mhuinntir dá fhios cia do bhí ann. Do chuaidh an fear ealadhan mar a rabhadar an fhoireann agus d'fhiafraig sgéal dhíobh. "Ní bhfághadh tú sgéala annso" ar Conán mac Móirne, "nó go marbham bhúr sluagh agus bhúr sochraide agus 'na dhiaidh sin do bhéaram sgéala dhíbh." "Ní le bagairt bréithre ná aoirde aigeanta dob áil liom-sa sgéala d'fhághail acht i n-onóir m'éigse agus m'ealadhan, óir is cosamhail libh-se onóir do thabhairt do lucht ealadhan, óir is soilbhir bhúr sluagh agus is iomdha bhúr milídhe agus is maith bhúr n-éadaigh agus bhúr n-iolfhaobhar." "Do géabhadh tú sgeal uainn-ne" ar Oisín mac Fhinn, "óir is drong d'Fhiannaibh Éireann atá annseo agus ní bhfuilmíd annso acht aon mhíle amhain laoch láidir, lán-chalma. Is iad daoine is fearr againn-ne .i. Goll glac-laidir mac Móirne, Fathadh Conán mac mhic Con .i. mac árd-ríogh Éireann, Diarmaid ó Duibhne, Caoilte mac Ronáin agus mac Luigheach lámh-thréan. Is iad sin ár sgéala féin dhuit" ar Oisín. "Beir buadh agus beannacht, a Oisín," ar an fear ealadhan, "óir is maith d'innisís na sgéala sin." D'imthigh an file mar a raibh Toircheall agus d'innis na sgéala do agus fa lúthgháireach Toircheall dhe sin, agus tháinig féin agus a mhuinntear d'ionnsaighe na Féinne agus craobh síotha i láimh gacha fhir díobh, agus do leigeadar ar a nglúinibh iad féin i bhfiadhnaise Oisín agus d'fhearadar
fíor-chaoin fáilte roimh Oisín agus ré Goll agus roimh an Fhiann uile as sin amach. Do rug Toircheall leis iad i mbrúighin chúplach chómh-dhaingean agus do freasdaladh agus do finthéoladh go maith an oidhche sin leis iad agus do bhádar i bhfocair Thoirchill go ceann cóicidhise. Lá n-aon i gceann na h-aimsire sin, adúbhairt Glas mac Aoinchearda Béara:- "A Fhiann Éireann," ar sé, "is mithid liom féin feasta imteacht i n-diaigh mo mhná, cibé ar bith mar racfas dhom." "Is mór an grádh sin agat dod mhnaoí agus í ag fear eile dá coimhéad tar do cheann," ar Conán mac Móirne. Iar sin do ghlac náire mór Glas agus do chuaidh chum a loinge agus d'fhiafraigh Toircheall d'Oisín cá h-áit 'nar bh'áil leis dul, agus adubhairt Oisín go raghaidis go críoch na Dróluinne Móire. "Is truagh liom-sa an turas sin do dhéanamh dhíbh-se" ar Toircheall, "óir is i gcríoch na Dróluinne átaid an ceathrar is fearr láimh san dómhan uile .i. Ciotach cruadh-armach árd-rí na Dróluinne Móire agus Treathan tréan-bhuilleach mac Ríogh Gréag agus Dorn déad-shollais mac Chiotigh agus Sgatháin sgiath-shollais mac Ríogh Fionnlochlann agus is deacair dul i gceann na bhfiannaidhe sin" ar Toircheall, "agus ó tharla sibh-se ag dul ann rachadh mise féin libh agus líon mo sheacht gcatha do chabhair dhíbh." "Ní tiocfa tú linn," ar Conán. "Créad an t-adhbhar sin?" ar Toirceall. "Is maith an t-adhbhar dúinn," ar Conán, "tusa do thuidheacht linn agus dá ndearnaimís féin aitheas, is ort-sa do bheadh a bhlaith agus ní orainn agus do rinn an laoi mar leanas:- Téarnam don tír tar tuinn, annso go tígh Toirchill; Fuaramar agat fáilte foireann-laoch na mbreac mbárca.
Is maith do shluagh corcra i gcaith, is álainn t'oiléan iubhrach; Is uasal do bhantracht ban, is ríoghraidhe do ríogna; Is búidheach dhuit uile an Fhiann, i ngach conaire thoir agus thíar; Ní bhfaghaid locht ad leanamhain, a Thoirchill an trom teaghlach, A Iollainn mhic Móirne mhóir, a chinn comhairle an chaomh-shlúagh, Deanfam ár dturas go teann mar is cuibhe dúinn a dhéanamh. As a n-aithle sin do chuadar an Fhéinn chum a loinge agus do thógadar a seólta go lán adhbhal agus do thiomnadar ceileabhradh do Thoircheall go na mhuinntir agus tugadar a dtosach do mhuir agus a ndeireadh do thír agus do chaith siad tréimhse fhada ar an sál-mhuir gan tír gan talamh d'fheicsin. Is annsin adubhairt Conán mac Móirne:- "do chím féin tír nó oileán, a Fhiann Éireann." "Dirigídh an long chum na tíre sin" ar Goll. Is annsin do chuireadar iomramh tréan tinneasnach ar an loing gur chuireadar i luas fáinle chum tíre í agus mar do chonnarcadar sluagh an oileáin sin, do thógadar clocha cruadha cómh-chruinne agus do chaitheadar leis an loing iad, ionas gur filleadh an long ó'n gcuan amach arís. Is annsin do sgread Conán agus adúbhairt:- "A Fhiann Éireann is mór díth Fhinn againn anois, óir níor filleadh a long ó chaladh riamh agus é féin innti." Mar do chualadar an Fhiann sin do chuireadar iomramh fír-neartmhar ar an loing ionas gur chuireadar i dtír go mileata mear calma í. Iar sin d'éirigh Mac Luigheach do léim láin-éadtrom lúthmhar as an loing gur ghaibh leithead a dha bhonn don talamh agus do chuaidh fá na sluagh agus do ghaibh ag a leodhadh agus ag a leadradh agus ag a luath-mharbhadh nó
go bhfeaca sé macaomh óg éidighthe dá ionnsaighe agus culaith catha agus cómhraig uime agus is é do bhí ann .i. mac tighearna an oileáin, Síogra mac an Ghormshúiligh agus d'ionnsaigheadar féin a chéile. Do rinneadar cómhrac dian, dána, dasachtach agus urluidhe olbhorba ré n-a chéile. Is annsin do chuir an Gorm-shuileach fear dána dá mhuinntir d'fhághail sgéala ón gcobhlach, créad iad féin. D'imthigh an fear ealadhan agus do bheannaigh dóibh agus d'fhiaf- raigh sgéala dhíobh - "Cia h-iad féin nó cá tír nó talamh dóibh." "Ní bhfághadh tú sgéala uainn," ar Conán, "nó go ndéarnam airgne agus éadáil an oileáin seo, agus 'na dhiaigh sin geabha sibh sgéala uainn." "Na h-abair sin, a Chonáin," ar uaisle na Féinne, "óir ní díultuighimíd duine ar bith ealadhan fa sgéala do thabhairt dó, agus bhéaram sgéala do." Adúbhradar gur drong d'Fhiannaibh Éireann iad ag foghluim cleasa gaile agus gaisge ar feadh an dómhain comh-leathan "agus is iad sin ár sgéala dhuit" ar siad. "Beiridh buadh agus beannacht," ar an draoí, "is maith an sgéalaidhe sibh agus rachad féin leis na sgéalaibh sin d'ionnsaighe mo thighearna. D'imthigh gan aga d'agallamh a thighearna. Do tháinig an Gorm-shúileach d'ionnsaighe na Féinne agus do fearas fíor-chaoin fáilte friú go carthannach agus adúbhairt riu:- "Truagh dóibh a mhuinntir do leigean a marbhadh, óir ní h-iad Fiann Éireann ba baoghal liom-sa dá mharbhadh mo mhic. "Cia h-ainm dot mhac," ar Oisín? "Síogra is ainm do," ar sé, agus ba mhaith linn sibh-se dá anacal dá mb'fheidir é agus fós dar mo bhríathar," ar an Gorm-shúileach, "níor chás liom a thuitim ré neach eile san dómhan acht libh-se amhain, óir is sibh do shílfinn dá dhíoghailt agus dá shábháil, dá dtuitfeadh i ngliaidh le duine nó daoine ar bith eile."
Annsin d'éirigheadar an Fhiann agus ba neartmhar dóibh uile a gcosg don chómhrac .i. Lúigheach agus Síogra agus ar mhaitheas na cruinne, ní chómhracfadh Síogra le Luigheach dá mbeadh a fhios aige gurab é do bhí ann. Iar sin do rug an Gorm-shúileach leis iad uile dá chathair féin agus do freasdaladh agus do fintéolághadh go sár-mhaith an oidhche sin iad go súgach, soth-mheanmnach agus mar sin dóibh go ceann cóicidhise i bhfochair an Gorm-shúiligh agus i gceann na rae agus na h-aimsire sin dóibh, adúbhairt Glas mac Aoin-chéarda Béara: "Dom dóigh féin, a Fhiann Éireann is ag iarraidh bídh agus díghe do thángabhar ó Éirinn." "Maise" ar Conán, "do thugas-sa aithis ort-sa roimhe seo gur fear aindeis tú, óir, do mhairbh grádh mná atá ag fear eile tar do cheann, tú." Iar na chlos sin go Ghlas do ghaibh náire mór é. Gidheadh níorbh fheidir leis cosg do chur ar Chonán. Iar sin d'éirigheadar an Fhiann go éadtrom úr-éasga úir-mhisneamhail ag dul chum a luinge go lán-éasgach agus d'fhiafraigh an Gorm- shúileach cá h-ionad i n-arbh áil leo dul? "Go críocaibh na Dróluinne Móire" ar Oisín. "Is truagh sin" ar an Gorm-shúileach, "is tuairim airm na snáimh i n-aghaidh easa, nó ag cur gad ar ghainimh nó tairgsint an sál-mhuir, do mheas go rachadh sibh-se don Dróluinn ar a chómh beag sin do chuideachtain, óir is iomdha fear comhlainn aoinfhir agus díse agus triúr agus ceathrar agus ochtmhar agus céad innti agus a Ghoill," ar sé, "beir-se leat an drong so d'Fhiannaibh Éireann tar a n-ais agus ná leig dá marbhadh go críochaibh na Dróluinne iad." "Ní dhéanfainn sin mar comhairle ar mhaitheas na cruinne," ar Goll, "óir níor ghaibh eagla riamh mé roimh tuarasgabháil dá mhéad chualadh ar thír eile, agus ní lughaide
do rachaim go críochaibh na Dróluinne agus gach tuaras- gabháil dá dtabhair-se uirthi" ar Goll. "Maise, a Fhiann Éireann," ar an Gorm-shúileach, "rachaidh mise agus líon mo shluagh mar cabhair dhíbh libh." "Ní thiocfa tú linn" ar Conán. "Créad an t-ádhbhar sin," ar an Gorm-shúileach? "Atá, tusa na bhfuil a dhá oiread sluágh linn agat," ar Conán, "agus dá ndéanaimís-ne éacht nó aitheas, is ort-sa a bheadh a chlú agus ní h-orainn-ne, agus ar an ádhbhar sin ní thiocfa tú linn." "Maise, a Oisín," ar mac an Ghorm-shúiligh, "tabhair athchuinge dhom féin, mo léigean libh agus gan fear iomchair mo sgeithe do chuideachtain do bhreith liom, óir do bhí mé seacht mbliadhna i gcríochaibh na Dróluinne agus déanfad cómhrac agus cómhlann riamh agus 'n-bhúr ndiaigh ann." "Is cead linn sin," ar Oisín. Iar sin do chuaidh sé leo i n-aonar agus d'fhagadar iomarca beatha agus sláinte ag an Gorm-shúileach agus ag a mhnaoí agus ag a mhuinntir uile agus adubhairt Oisín an laoí seo síos:- Marthain go h-inis úil i gcríoch Fhinn mic Cúmhaill; Marthain uaim ós so amach go lá an luain don Ghorm- shúileach; Marthain do riogain an ríogh, nár thig di olc ná imshníomh; Marthain dá mac agus dá fear, ní dlighthear dhúinn a ndearmhad; Marthain dá h-ógaibh is dá sean agus dá gróidhibh ghorma leabhra; Marthain dá cóill ghéagach ghlas; marthain do na h-éanlaith amhlais
Marthain uaim go Fionn na bhFiann, cia fada gairid uainn síar An líon tángamar tar muir gur feardha dhíobh ar marthain. A h-aithle an laoí sin do chuadar an Fhiann d'ionn- saighe a luinge agus do thógadar a seolta go fíor-adhbhal agus do nochtadar a meirge maiseacha maothshróill agus Goll i dtosach na luinge ag dul d'ionnsaighe na sean-fhairge dóibh gur éirigh an ghaoth ghaibhtheach ró-láidir 'na ndiaigh go dian dásachtach agus do mhór-las an mhuir mór-thonnach anfadhach agus do labhradar na míolta móra lé guasacht na gaoithe glóráidhe agus do bhadar seal fada mar sin i nguasacht mara agus mór-fhairge nó gur íslig an ghaoth dá glórmhaireacht agus gur chíuinaidh an cuan dá coigeadal. Is annsin do mhéaduigh meanmna na mór-mhíleadh agus d'árdaigh intinn na bhfear meanmnach agus do líon na laóchraidh do lúth-gháir ar chosg na dtonn dá d-trom- anfadh agus do chuadar go anfadh na toirmeasg nó go rángadar agus gur ghabhadar cuan agus caladh-phort i gcríochaibh imchiana na Dróluinne agus ní raibh Ciotach san mbaile an uair sin, óir do bhí sé ag tógáil a chíosa ar fuid an dómhain mhóir uile, amhail ba gnáth leis, acht do bhí a dhís daltáidhe agus a mhac agus a mhuinntear uile ann. Tángadar an Fhiann i dtír an tan sin, agus ar fhaicsint na Féinne do mhac Chiotaigh .i. Dorn déad-shollais, do chuir draoí d'fhágháil sgéala cia bhí ann agus innis Conán dó gurab iad Fiann Éireann do bhí ann. Iar sin téidheann an fear ealadhan tar ais agus d'innis sé do Dhorn déad-shollais gurab iad Fiann Éireann do bhí ann. Mar do chualaidh Sadhbh inghean Éoghain óig sin do rug a croidhe baoth-léim adhbhal mhór le lúth-gháir agus is é adúbhairt: "Má's é Oisín
mac Fhinn atá ann is fíor nách bhfuil ins an dómhan aon mac ríogh is fearr ná é." "Ní fíor dhuit a bhfuil tú do rádh," ar Treathain tréan-bhuilleach mac Ríogh Gréag, "óir is fearr mise ná é agus is fearr do mhac athar mé ná Oisín, agus is fearr mo thighearnas ná thighearnas Fhinn." "Maise do bheirim-se mo bhriathar," ar Sadhbh, "gur fearr Oisín, óir níor éarr sé aoinneach i leith a chúil ná aghaidh riamh 'na séad ná 'na chómhrac agus ar an ádhbhar sin is fearr é ná tusa." "Do bheirim mo bhriathar" ar mac Ríogh Gréag, "gur obras go mbuailfinn lem dorn ar an mbéal tú ionas go gcuirfinn t'fiachla in do ghoile dhuit." "Is olc do dhéanfadh an fear le n-arbh áil mise do luighe leis, sin do léigean leat," ar Sadhbh. Adúbhairt Dorn déad-shollais:- "a nách bhfuil Ciotach san mbaile," ar sé, "freasdaladh agus friothaladh an Fhiann go maith anocht." "Maise, ní gheabhaid siúd biadh nó deoch uaibh," ar Sadhbh, "óir is dom iarraidh-se thángadar go dearbhtha agus béaraid leo mé gan amhras ar ais nó ar éigean agus dá mbadh ar ghualain Oisín do bhíadhainn féin, ní déarfadh mac Ríogh Greag go mbuailfeadh ar an mbéal mé." "Maise" ar mac Ríogh Gréag," atá bruighean dhain- gean i n-imeall na tíre seo agus rachfaimíd innti agus slán na Féinne fúinn." Iar sinn do chuadhar ann an triúr laoch gona mnáibh agus gona mór-shlúaghaibh ins an mbruighin agus do bhadar ag ól agus ag aoibhneas innti. Ar na fhaicsin sin don Fhéinn adúbhairt Mac an Ghorm-shúiligh go rachadh féin do thargsan Sadhbh do thabhairt leis ar ais nó ar éigean.
"Rachad féin leat," ar Mac Ríogh ó Liathain .i. ridire do mhuinntir Oisín. Iar sin do chuadar go dorus na brúighne agus do chonnarcadar na sluaighte móra innti agus do ghaibh eagla Mac Ríogh ó Liathain. "Maise," ar sé, "gluais rómham a Shíogra." Is é nídh do rinne Síogra druidim roimhe agus do thugadar ruathar ghrod tré an mbruighin mar bhfeacadar Sadhbh agus is é áit agus ionad a raibh sí na suidhe ar ghualainn Dhoirn déad-shollais agus do thug sé Sadhbh leis agus tharaing a chlaideamh agus do mhairbh mórán don sluaghaibh agus níor sgar de sin nó go ráinig an Fhiann agus gur fhágaibh ar ghualainn a fir féin í. Iar sin do léigeadar an Fhiann gáir maoidhte agus fonomhaide fá sluaghaibh na Dróluinne agus do phógadar a chéile .i. Glas agus Sadhbh go dil agus go diachrach. "Is mór an olghaisge sin do thugadar Fiann Éireann oraibh," ar mac Ríogh Lochlann".i. an bhean atá ré bliadhain agaibh do bhaint díbh le h-aon uair amhain d'oidhche." Iar sin do cheangail Mac Ríogh Lochlonn a chorp dá chaithéide catha agus do lean sé Sadhbh agus do chuaidh sé i bpobal Ghlais mhic Aoinchéarda Béara agus do fuair sé Sadhbh ar a ghualain agus iar sin do thug sé sáthadh sanntach sleighe ar Ghlas agus do thóg sé Sadhbh leis go h-úir éadtrom agus níor stad agus níor chómhnaigh gur fhág sé ar ghualain Mhic Chiotaigh í. "A Fhiann Éireann," ar Conán, "ní bhfuil feidhm agaibh i nÉirinn go bráth tar éis Sadhbh do léigean uaibh." Is annsin do ghaibh Goll a chulaith catha agus cómhraig uime agus do lean sé Sadhbh agus do ghoin Mac Ríogh Gréag
agus do thóg Sadhbh leis, agus d'fhág ar ghualain Ghlais í. D'éirigh Mac Ríogh Loclonn arís agus do chuaidh fá phobal Ghlais agus do mhairbh naonbhar ann agus do rug Sadhbh tar ais ar éigean. Is annsin adúbhairt Dorn déad-shollais mac Chiotaigh Sadhbh do chur i mbruighin daingean do-sgaoilte agus do rinneadh amhlaidh sin, óir do cuireadh í agus an bhantracht ag aoibhneas agus ag súgradh agus ag síor-gháireadh agus bhí Sadhbh ag caoi go cruaidh bog-dheorach. Iar sin adúbhairt Diarmaid a Dúibhne: "Tabhair mo chulaith catha agus cómhlainn chugam nó go leanfad Sadhbh agus do chuaidh Diarmaid san mbrúighin 'na raibh an bhantracht uile .i. naonbhar agus seacht bhfichead a gcómh-líon. Is annsin adubhairt Diarmaid leis féin: "Béarad an bhantracht uile liom," agus do rinn amhlaidh sin. Adúbhairt Oisín mac Fhinn Sadhbh agus an bhantracht uile do chur san loing agus nár bheag leo a bhfuaradar do dhochar acht munab éigean dóibh tuille d'fhágháil dá n-aimhdheoin. Iar sin do cuireadh Sadhbh agus an bhantracht san loing. Annsin adúbhairt Oisín ré mac mic Con mic Luigheach .i. mac Ríogh Éireann dul dá gcoimhéad, "óir ní bhfuil do líon sluagh ná sochraide do ba léor linn dá gcóimhead ar neart allmharach agus fós dob olc ár dturas go h-Éirinn agus tusa d'fhágáil i gcríochaibh na Dróluinne." Adúbhairt Fathadh Chonáin nách rachadh sé féin ins an loing agus gurab ag cur cátha, thainig sé féin ó Éirinn, agus adúbhairt Conán go ndéanfadh sé féin bolg aoire agus achmhasán do, muna ndeachaidh sé san loing i bhfocair na bantrachta. Do chuaidh Fathadh Chonáin san loing d'eagla teanga líomhtha lán-ghéar Chonáin do dhul faoi. Is annsin adúbhairt Oisín mac Fhinn: - "A Fhiann Éireann, is fada ó gach aon agaibh a dhúthchas dílis agus a bhaile bunaidh agus is líonmhar bhúr namhaid agus is tearc bhúr
gcarad annso agus díoghalaidh sibh féin go maith agus deanaidh calmacht agus cruadh-chómhlann agus do bheirim-se mo bhriathar fíorlaoich muna mbrise an talamh fúm-sa, nó muna dtuite an firmiomant anuas orm, nách tabhrad aon troigh ar mo chúl go bráth roimh duine nó daoine ar bith san dómhan." 'Na dhiaigh sin d'fhiafraigh sé: - "Cia agaibh, a óga, do gheabhas do láimh cómhrac mic Ríogh Gréag do chosg dhínn amáireach?" "Gabhaim-se ré n-ais a chosg." ar Goll mac Móirne. "Cia gheabas do láimh Dorn Déad-shollais mac Chiotaigh do chosg" ar Oisín? "Is dhomh-sa is cóir a chosg" ar Glas mac Aoin-chearda Béara, "óir is aige bhí Sadhbh." "Cia gheabhas do láimh Sgatháin sgiath-shollais mac Ríogh Loclonn," ar Oisín? "Coisgfead-sa sin diot." ar Diarmaid ó Duibhne. Do rángadar as mar sin an oidhche sin go dtáinig an lár na mháireach, nó gur nocht an ghrian ghlan- radharchach ghnúis-shollais í féin. Iar sin d'éirigheadar Fiann Éireann i gcoinne agus i gcomhdháil sluagh na Dróluinne agus adúbhairt Oisín a chulaith catha do thabhairt chuige .i. seacha séimh snáithchéanta sróil-mhaiseach, san- amhail, sáir-chóirighthe agus lúireach cruaidh rinn-catha chaomh- dhaingean do chúmhdach a chaomh-chuirp agus claidheamh clais- leathan cros-órdha tar a thaobh clé agus sgiath dath-álainn dearg-órdha ar stuaidh-leirg a dhroma aige agus dá shleagh chró-fhairsing catha 'na dhóidibh daingeana deagh-thapadha agus do chrith é féin i meadhon airm agus éide agus fógras dá mhuinntir a chúl-choiméad agus do ghluais roimhe d'ionnsaighe sluagh na Dróluinne fan samhail sin. Agus dobh' iomhdha san gcaith coigeadal claidheamh clais-leathna, colg-dhíreacha ag ciorbhadh corp agus gearradh cnámha agus ceann-mhalaidhe a chéile. Is truagh adhbhal mar do
bhí an cath an tan sin. Óir dob' iomdha súil ar na saobhadh agus srón ar na sgoltadh, agus béal ar na briseadh agus lámh ar na leadradh, agus corp ar na cosgairt agus cos ar na teasgadh agus glún ar na crapadh agus déad ar na tromluighe ar feadh na maighe sin go cóimh-leathan. Iar sin freagras gach aon díobh a chéile cómhraig. Iar sin triallaid i gcoinne agus i gcómhdháil a chéile san gcaith sin .i. Dorn déad-shollais agus Glas mac Aoin-chearda Béara agus do rinn siad cómhrac calma, curata, cóimh-neartmhar agus ba dána dóitheadran an cómhlann agus an tréan-bhualadh do thugadar an dís deaghlaoch sin ar a chéile an tan sin go bhfuair Glas baoghal béime agus brath-bhuille ar Dorn déad-shollais mac Chiotaigh gur bhain a cheann de. Iar sin do comhmhaoidheadh an mór-eacht sin le Fiannaibh Éireann. Is annsin triallaid i gcoinne agus i gcómhdáil a chéile Diarmaid ó Duibhne agus Sgatháin sgiath-shollais mac Ríogh Loclonn agus do rinn siad cómhrac mear meanamnach mór-aigeantach mí-chéilídhe mór-dhálach agus urluighe olbhorba gan fios time tláis ná tarcuisne ag ceachtar díobh tar a chéile go dtug Diarmaid béim claidhimh do mac Ríogh Lochlann gur bhain a cheann san iargcúil céadna sin dhe gan taca gan toirmeasc. Dála Goll mac Móirne do chuardaigh an cath fa thrí ag iarraidh mic Ríogh Gréag agus níor tharla dho é, agus ó nách fuair é do chuaidh fa shluagh na Dróluinne agus gabhas ag a n-oirleach agus dá ndí-cheannaghadh ionas gur ghaibh ag siubhal agus ag imtheacht ar corpaibh curadh agus caithmhílídhe i ngach conaire agus gach slíghe tímcheall 'nar ghaibh ionas narbh fheidir ionad coise laoch ná dreoil-fhear don talamh d'fhágháil ar feadh sluagh na Dróluinne le méad an áir agus an easbadha do bhí orra ó láimh dheagh-thapaidh dhásachtach
ghrod-mhairbheach Ghoill mhic Móirne ar an lathair céadna sin. Dála Mac Ríogh Gréag, ó nách bhfuair fear a choisgithe san gcaith, do chuaidh fá sluaghaibh na Féinne agus gabhas ag cur an áir agus an easbadha go trom neartmhar agus ba thruagh mar do bhadar an Fhiann uile an tan sin, óir ní raibh láoch da láidireacht nó dá thréine dá dtréan-mhíleadhaibh mór- mheanmnacha nách raibh ag a mbualadh i n-aoinfheacht ag sluagh na Dróluinne ré dásacht tréan-bhuillídhe mhic Ríogh Gréag orra, óir níor fhéad neach a chabhair do thabhairt dá chéile san gcómhrac ior-ghailleach sin le tréan- ghreasacht mhic Ríogh Gréag orra. "Is crádh croidhe liom féin," ar Síogra mac an Ghorm- shúiligh, "an leadradh agus an luath-mharbhadh so do bheir mac Ríogh Gréag ar Fhiannaibh Éireann agus is truagh liom mar atá anois dá bhur marbhadh agus is dóigh liom-sa anois dá mbeidís na deich gcéad mar thángamar go críoch na Dróluinne ar aghaidh agus a láimh dheis ceangailte nach rachadh aon agaibh d'ionach na h-Éireann go bráth ach bhúr dtuitim uile leis féin agus do bheirim mo bhriathar" ar sé, "gurab fearr liom féin cnéadh nó créacht d'fhághail nó fós tuitim leis ná bheith dá fheitheamh ag buath-mharbhadh na Féinne mar sin." Iar sin do thainig Siogra mac an Ghorm-shúiligh i gcoinne agus i gcómhdáil mic Ríogh Gréag agus adubhairt:- "Iontuigh feasda orm-sa, a mhic Ríogh Gréag." Annsin d'iompaigh Mac Ríogh Gréag air agus do rinneadar an dís deagh-láoch sin cómhrac feargach fuilteach faobhrach fírnímhneach. Is annsin do tharla do Mac Luigheach lucht do mhaoin an chomraig do mharbhadh. Iar sin d'fhéach sé mar a raibh Síogra agus do chuir a mhéar beag-altach bharr-chaol i suaithnid na sleighe síoth-fhada sáir-nímhneach agus
tug urchar sáir-dhíreach gur chuir gan chaime d'ionnsaighe mhic an Ghorm-shúiligh gur chuir fad laimhe laoich don chrann cró-ramhar na craoisighe tré chorp an chaomh-laóich mhic an Ghorm-shúiligh. Annsin tuiteas Síogra i dtaisibh agus i dtaimh-néalaibh báis an tan sin. Iar sin do chuaidh Mac Luigheach i n-ionad Shiogra san gcómhrac. "Is truagh sin, a mhic Luigheach," ar Conán mac Móirne, "mar is mór an gníomh sin do rinnis .i. Mac Ríogh Inse Iubhra do mharbhadh i bhfeall agus i bhfionghail fhíor-ghrána agus níor fhealladar Éireannaigh riamh roimhe seo ar aon dá dtainig 'na measc agus is olc an éiric thú féin san ngníomh sin do rinnis." "Maise, ní le rún feill ná díoghaltais do mharbhas é" ar Mac Luigheach, "acht briathar mór iongantach do chualaidh mé aige dá rádh .i. go gcoisgfeadh mac Ríogh Gréag na deich gcatha thángamar ó Éirinn le na láimh chlé dá mbeadh a lámh dheis ceangailte agus é féin do dhul do chómhrac leis 'na dhiaigh sin, ionas go mbeadh le rádh aige go gclaoidhfeadh sé féin an t-é do choisgfeadh Fiann Éireann uile. Is uime sin do thugas an t-urchar úd do." Is annsin d'éirigh Mac an Ghorm-shúiligh as a néal agus ní raibh pudhair air ón urchar sin agus do chuaidh d'ionn- saighe an chómhraic iar sin, agus do chuaidh mac an Ghorm- shúiligh do chómhrac ré mac Ríogh Gréag gur fhásgadar na sgeithe gealbholgach i dtimige na talmhan fódáighe i gcoinne agus i gcómhdáil a chéile agus do rinn siad cómhrac calma fírneartmhar agus úrluigheacht bhorb gháibhtheach ghranamhail gan fios time tláis ná tarcuisne ag ceachtar aca tar a chéile. Is annsin do mhéadaigh aigne agus intinn Mhic an Ghorm-shúiligh agus tug buille dicheanntha do mhac Ríogh Gréag gur bhain a cheann dhe, agus do muidheadh an gníomh
sin i bhfiadhnaise Oisín agus na Féinne uile. Iar sin do leigéadar gártha cosgair le lúth-gháir ós árd asta ar thuitim do mhac Ríogh Gréag, óir ba dearbh leo muna marbhthadh Síogra é go dtuitfeadh an Fhiann uile leis. Dob iomdha geilt glinne agus deamhain aeoir agus arrachta éig-cheilge agus ualla faolán do bhí ann ar chorpaibh curadh agus caithmhíleadh an tan sin. Is beag nár thuit urmhór sluagh na Dróluinne agus gasradh na Gréige uile agus laochradh Lochlonn le Fíannaibh Éireann sa gcaith sin agus na deich gcéad laoch láidir ion-chalma d'Fhiannaibh Éireann tháinig as Éire níor mhair díobh don ruathar sin acht aon chéad amháin agus an t-aon céad sin do mhair dhíobh, do chuadar fá chathair Chiotaigh agus d'argadar go h-iomlán í, óir níor fhágadar corn ná cupán, ór ná airgead ná iolmhaoine innti agus do chuireadar teinte agus teandála agus d'fhágadar tré dhóighir donn-ruadh dearg-lasrach í. Annsin do chuadar d'ionach a luinge agus ní h-aithristear a bheag dá sgéalaibh nó go rángadar agus gur gabhadar cuan agus caladh-phort i mBínn Éadair agus mar do chonnairc cách a lúighead do tháinig as an loing do léigeadar gártha cómhmóra ós árd asta ag caoineadh a gcarad agus a gcompánach agus do bhí cuid eile aca go súgach sólásach ar fhaicsin Oisín agus Ghoill agus Diarmada agus Mic Ríogh Éireann agus Mhic Luigheach agus Glais mic Aoin-chearda Béara ag teacht slán ó shluagh na Dróluinne, óir dob iad sin daoine dob fhearr dá ndeachaigh i dtórúigheacht Shaidhbhe fan am sin. Iomthusa Chiotaigh an tan do bhí sé ag tuidheacht as an dómhan mhór anoir do chonnairc sé a cathair tré dhoighir dhonn-ruadh dhearg-lasrach. Iar sin triallas chum tíre go tinneasnach gur gaibh cuan i gcríochaibh na Dróluinne Móire agus a mhuinntear 'na ndronga dian-chlaoidhte
roimhe agus do theith cuid eile aca as an gcaith fá ghleanntaibh diamhaire daingeana do-eolais agus i gcuasaibh cair- greacha agus crann. Iar n-aithne luinge Chiotaigh dhóibh, thángadar 'na choinne agus 'na chómhdáil agus do léigeadar gártha caointe agus ualla gáibhtheacha granamhla ós árd asta ar bhfaicsin Chiotaigh dhóibh. Annsin d'fhiafraigh Ciotach:- "An bhfuil a fhios agaibh cia do rinne na h-éachta sin?" "Do rinne iad sin Oisín mac Fhinn agus drong d'Fhiannaibh Éireann maille ris," ar iad sin. "Maise, is mór na h-éachta do rinneadar dhomh-sa," ar Ciotach, " .i. mo mhac agus mo dhís daltáidhe agus mo mhuinn- tear uile do mharbhadh agus mo chathair do mór-mhilleadh agus is truagh nachar rug mise ar an muinntir do rinne sin, do rinne mo dhíth go h-adhbhal mhór d'fhéachain an rachadh aon duine go h-Éirinn go dtuitidís uile lem láimh i n-éiric mo mhasla agus mo dhíoghbhála." Iomthusa Chiotaigh ní chomhnuidhe do rinne sé acht a shéolta do thógáil agus tosach a luinge do thabhairt siar díreach agus ní h-aithristear a sgéala go ráinig Binn Éadair. Do chuir a long chum tíre go prab deagh-thapaidh agus d'fhág annsin í, agus do chuaidh féin 'na réim reatha go Teamhair mar a raibh Rí Éireann an tan sin .i. Cormac mac Airt mhic Chuin céad-chathaigh. Iar sin teidheann Ciotach i bhfiadhnaise an ríogh agus is é adúbhairt:- "Do chasadh leat-sa do thainig mé féin, a Rí Éireann" ar sé. "Cia casadh sin," ar Rí Éireann? "Atá," ar sé, "Oisín mac Fhinn agus drong d'Fhiannaibh Éireann do mharbh mo mhac agus mo dhís daltaidhe agus mo theaghlach uile agus mo dhún do losgadh agus is dhuit-se is ceart do chongbháil dhom," ar sé, "agus ní cara dhuit-se Fionn
agus is mó a thighearnas ná do thíghearnas féin i n-Éirinn. Ar an adhbhar sin, a Chormaic fáigh-se cómhrac aoinfhir dhomh-sa ó Fhiannaibh Éireann." Iar sin adubhairt Cormac:- "Coisgfead-sa an Fhiann uile dhíot acht Clanna Baoisgne amhain agus fós níor dhiultuigheadar Fiann Éireann cómhrac aoinfhir riamh." Do ghluaiseadar Fiann Éireann go Teamhair iar gclos dóibh Ciotach do thuidheacht ann ag iarraidh cómhrac aoinfhir d'fhaghail uatha agus do ghreamaigh Cormac ar an Fhiann gan dul do cómhrac ré Ciotach acht clanna Baoisgne amhain. Iomthusa Chiotaigh agus Shíogra mhic an Ghorm-súiligh d'ionnsaigheadar a chéile mar dá churadh tréan- bhorb, nó mar dá leomhan cuthaigh ar lán mhire agus do rinn siad cómhrac fuilteach fóbharthach faobhrach fír-nimhneach agus níor déarnadh i n-Éirinn riamh ó cómhrac Chuchulainn agus an Garbh mic Stara nó cómhrac Chonaill Chéarnaigh agus an Dearg Díomsáigh cómhrac dob fhearr ná an cómhrac sin agus i bhfoircheann an chómhraic sin fuair Ciotach fuighill béim agus brathbhuille ar Shiogra gur bhain a cheann dhe agus níor mhairbh riamh roimhe sin aon fhear ba mheasa le Fiannnaibh Éireann ná é. Annsin d'fhreagair Clanna Baoisgne cómhrac Chiotaigh agus is é cómhrac ar ar chinn siad .i. a gceann do bhaint dá n-armaibh agus comhrac crobh-neartmhar do dhéanamh. Ní sábháil ná corraidheacht do bhí aca roimhe sin acht amhail do bheadh cnuic agus coillte Éireann ag tréan-thuitim i n-aoinfheacht. Do bhadar na h-árd-ghaisgídhe sin ag iomrasan ré chéile seal fhada agus aimsir imchian agus fá deoidh ba tuirseach seirgthe fir fíor-chalma Clanna Baoisgne ionas gur treasgradh le Ciotach cruadh- armach árd-rí na Dróluinne Móire iad uile, óg agus ársa
acht Fionn agus Osgar amhain agus ní raibh Osgar acht i gceann a sé bliadhna déag fan am gcéadna sin. Iar sin do ghaibh Osgar ag caoineadh agus ag tuirse go truagh ádhbhal an uair sin do chonnairc sé Oisín agus Clanna Baoisgne ceangailte, cruadh-chuibhrighthe ré córdaibh cruaidh-ríghne cnáibe ag Rí na Dróluinne dá gcur ar a gcosaibh agus ar a lámhaibh. Is annsin adubhairt Fionn:- "A Fheargais Finnbéal agus a fhile na Féinne do dhíol-sa go maith sibh go nuige seo agus anois déanaidh maith dom i n-áit á dtugas díbh ríamh .i. Osgar do bheith libh dá choimhéad chum cairde éigin dom féin san dómhan toir, óir is éigean dom dul do chómhrac ré Ciotach cruadh-armach anois." "Maise do bheirim-se mo bhriathar," ar Osgar, "nách rachfad-sa i n-áit ar bith san dómhan go bráth nó go ndioghladh mé m'athair ar Chiotach i gcómhrac na maidne amáireach." "Maise, ná h-iarr-sa do dhul do chómhrac ré Ciotach," ar Fionn, "óir ní h-ion-chomhrac dhuit-se é," agus annsin adúbhairt Osgar: "Cuirfead-sa i ríocht é amáireach nách laige m'alta ná m'fhéitheacha féin ná gach ball dá bhallaibh." Iar na chlos sin d'Fhionn do bhí sé go dúbhach droch- mheanmnach an oidhche sin gan bhiadh, gan deoch, gan codladh gan cómhnúidhe go maidean ar na mháireach. Is annsin d'éirigh Osgar go moch agus níor gaibh toir- measc ó aon duine gan dul do chómhrac le Ciotach agus ró innsaigheadar an dís sin a chéile agus do rinn siad cómhrac calma fír-nimhneach fuilteach faobhrach fíor-chruaidh agus maithe agus mór-uaisle na h-Éireann uile ar faithche na Teamhraighe ag amharc orra go dtáinig fuinneadh nóna dá n-ionnsaidhe. Iar sin iarras Ciotach sosadh cómhlainn ar Osgar an oidhche sin.
"Do bhéarfad sin dhuit," ar Osgar, "má sgaoileann tusa dhom athair go maidean." "Ní sgaoilfead" ar Ciotach. "Ar an adhbhar sin, is fíor nách bhfághadh tusa sosadh cómhlainn uaim-se" ar Osgar. Iar sin do chaitheadar an oidhche go maidean ag dian- chómhrac. Iomthusa Osgair agus Chiotaigh do bhadar teora lá agus oidhche ag cómhrac ar faithche na Teamhraighe agus maithe bhfear n-Éireann agus a mná ag feitheamh agus ag féachaint ar an ndian-chómhrac chalma crúadhalach sin agus iad ar feadh na rae agus na h-aimsire gan biadh, gan deoch, gan codladh, gan suan gan cómhnúidhe ag ceachtar dhíobh. I gceann na rae agus na h-aimsire sin dóibh .i. an treas lá do chuir Osgar a bheag-mhéar daith-gheal donn-ingneach i suaithnid na sleighe sáir-nimhnighe agus tug urchar ró-naitheasach d'ionach Chiotaigh gur chuir fad láimhe laoich don chrann cródhearg na craoisíghe tré chorp an caomh-churaidh. Iar sin do thángadar argana an bháis do Chiotach an tráth sin. Annsin do bhain Osgar a cheann dhe i bhfoircheann an chómhraig sin. Do chuaidh mar a raibh Clanna Baoisgne agus do sgaoil sé na ceangail agus na cruadh-cuibhreacha do bhí ar a athair agus don Fhíann uile. Gurab í sin Tórúigheacht Shaidhbhe Inghine Éoghain Óig agus bás Shiogra mhic an Ghorm-shúiligh le Ciotach cruadh- armach, árd-rí na Dróluinne Móire agus bás Chiotaigh féin le h-Osgar mac Oisín go nuige seo.
Eachtra Iollainn Iolchrothaigh mac Ríogh na hEaspáine sonn
3. Eachtra Iollainn Iolchrothaigh mac Ríogh na hEaspáine sonn Rí ró-rathmhar, réim-dhíreach, cródha, cosgarthach, cath- bhuadhach, clann-líonmhar, cosantach do ghaibh flaitheas agus forlamhas for Eirinn iath-ghlas oileánaigh, dar ba cómhainm Cormac mac Airt mic Cuinn Céadchathaigh, mic Tuathail Teachtmhair, mic Féidhlime Reachtmhair, mic Fiacha Fionnolaidh, agus ba rí i ndlighthibh agus i riaghail é agus file i bhfilidheacht agus ba draoi i n-eólas an Cormac sin, óir ní raibh goid ná broid, olc na éigean i gcríochaibh dath- áille na h-Eireann re n-a linn. Triochaid bliadhain i bhflaitheas na Fódla agus i bhfearannas Alban don Chormac sin agus iar gcaitheamh na ré agus na haimsire sin dó, do commóradh aonach aidhbhéil leis agus do ba iomdha gail agus gaisgeadh agus gníomhartha rathmhara ro-fhlatha ag smachtughadh tionóil ar an aonach sin. Ciodh tracht, níor chian dóibh mar sin ag commóradh an aonaigh an tan dearcas an rí i n-a thimcheall agus do chonnairc sé an míleadh meardha, agus laoch láidir, lán-chalma ag teacht gus an aonach go réim-dhíreach dá ionnsaighe. Is annsin adubhairt Cormac: "An feadh atáim im rígh for Éirinn, ní fheaca a chómhmhór súd do dhuine, do churadh, do ghasgidheach, ná do chath-mhíleadh." Iar sin táinig an fear mór do láthair agus fáiltigheas Cormac roimhe agus fochtas sgéala de; créad as a dtáinig. "Is cumhang mo chuairt," ar an fear mór, "re n-a tabhairt, óir, ní fhuil acht trí ranna san domhan, mar atá Eoraip, Asia, agus Aifric agus is do rann éigin díobh sin mise." "Ní cumhang linne sin," ar Cormac, "má's cumhang leat-sa é," agus do ghaibh fearg mhór an rígh, agus iar n-a mheas sin don fhear mhór do labhair
agus adubhairt: "Fiafraigh feasta gach ní is áil leat agus do bhéar-sa gach sgéal dá mbéadh agam dhuit." "Maise," ar Cormac," cá rabhais aréir." "I nAlmhain leathan- mhór Laighean, mar a bhfuil Fionn fíor-ghlic ó Baoisgne agus Fianna glan-áille Gaedheal." "An rabhais aon oidhche riamh roimhe so i nÉirinn?" ar Cormac. "Ní rabhas go deimhin," ar an fear mór. "Cread an toisg tug go hÉirinn tú?" ar Cormac. "Ag iarraidh cinn ríogh Éireann tháinig mé," ar an fear mór, "agus dar do láimh-se, cidh nach fuil fios agam-sa nach tusa rí Éireann, dá mbéadh seacht righthe ar Éirinn do-bhéarainn a gcinn uile liom." "Ní mar fhírinne deirir sin a fhir mhóir," do ráidh Cormac. "Do shiubhlas," do ráidh an fear mór, "agus do thimcheallas mórán don domhan agus ní thiocfadh mé go hÉirinn anois do dhéanamh bréige riot-sa." "Máiseadh, fan againn, ar Cormac, agus do-gheabhair ceann ríogh Éireann amáireach." D'fhan an fear mór an oidhche sin i bhfarradh Chormaic agus do-chuadar go cathair na Teamhrac agus do bhádar go súgach, so-mheanmnach an oidhche sin acht go raibh eagla an fhir mhóir orra, agus iar gcaitheamh a bproinne dhóibh do deargadh cuilceadha clúimh agus leap- thacha lán-áille dóibh. Do chuir Cormac cuid do mhaithibh na Teamhrach d'fhagháil sgéala uaidh agus ag tabhairt sgéala do mar an gcéadna. Ní raibh tuath, tír, talamh ná triúcha céad i dtrí rannaibh an domhain ná raibh i n-aithne ag an bhfear mór. Do chodladar leath ar leath ar feadh na h-oidhche sin go h-eirghe don gréin, glan-ruithneach os tulchaidh an talaimh trom-fhódhach gur shoillsig sí na cabáin ar gach tuath 'na dtimcheall, gurab annsin d'eirig an fear mór, agus do cheangail sé a chorp caomh-áluinn gruadh-ghlan 'na cath-éide catha agus cruadh-chómhlainn, ionnas gurab deas, taithneamhach do thagaidh a chuid airm, agus éide
dhó; .i. do Iollann Iolchrothach mac ríogh na h-Easpáine an fear ba mhó gail agus gaisge, tréine agus treise, lúth agus lámhach san gcruinnidh gceathardha go cómh-iomlán; agus do chuaidh for an bhfaithche bhféar-uaithne agus do chuir a sgiath i dtalamh agus do bhuail í go lom, laisgneach agus d'iarraidh cómhrac. Do chuaidh Cormac an tan sin d'ionnsaighe an fhir mhóir agus is é adubhairt fris; - "Ní mé féin Rí Éireann, a fhir mhóir," do ráidh Cormac. "Cia eile, cia is rí ar Éirinn," ar an fear mór. "Fionn mac Cúmhaill," ar Cormac. "Créad an sochar atá ag Fionn ar feadh Eireann," ar an fear mór, "gcionn go mmbeadh na rígh do bhreis ort-sa." "Atá," ar Cormac, "triúcha céad i ngach cúige, agus tuath i ngach triúcha cead, agus baile i ngach tuath, agus teach i ngach baile, agus coileán con nó gadhair i ngach teach, agus ní líomhthar oiread an dubhain ná an laogh-allaidh do ghabháil ar feadh Eireann gan chead d'Fhionn, agus gach ní is áil leis féin do chíos agus do cháin an fhearrainn. Agus is leis 'na dhiaigh sin é." "Má's fíor sin," do ráidh an fear mór, "créad fá leigfeadh sé cathair uasal urramach na ríoghachta duit-se agus é féin na h-éaghmais." "Ní gan adhbhar go deimhin," ar Cormac, ".i. feidhmeannas atá annso ó Fhionn mach Cúmhaill agam-sa an feadh bhias Eire idir dá rígh." "Is mór an lán sin le rádh, a Chormac," ar an fear mór, "más bréag é." "Ní bréag," ar Cormac, "óir atá cumas na Teamhrach agus coiméad bhfear mBréagha agus bhfear Mídhe ar a chumas." "Ar an adhbhar sin," do ráidh an fear mór, "rachad- sa go h-Almhain leathan-mhór Laighean, agus do-bheirim mo mhóide, dá gcuireadh Fionn me tar ais, nách géabhadh me leath-sgéal uait an ath-uair." Ar sin gluaireas an fear mór i n-ath-ghearradh gach conaire agus i réidh-dhíreach gacha cómh-eolais nó go ráinig sé go h-Almhain leathan-mhór
Laighean, agus níor mhaith le Fionn a fheicsin an ath-uair óir do ghaibh imeagla iad uile idir óg agus sean, agus do chlaochlaidh dath agus deilbh na laoch láidir lán-chalma sin. Fáiltigheas Fionn riomhe agus d'fhiafraig de:- "An ó Theamhair na Ríogh táinig, nó an ndearnadh cómhrac ann." Adubhairt an fear mór ná dearnadh, agus do innis d'Fhionn mar shéan Cormac an ríoghacht. Do gheóbhfá cómhrac uaim féin," ar Fionn, "agus gan dul go Teamhair na Ríogh." "Dá mbeadh a fhios sin agam-sa gur tú Rí Éireann," ar an fear mór, "ní rachainn thort." "Ní shéanaim-se mo chuid don ríoghacht," ar Fionn, "d'eagla catha ná cruadh-chómhlainn agus ar an adhbhar san, a Dhiarmaid úi Dhuibhne, eirig do chómhrac tar mo cheann ris an bhfear mór." "Ní rachadh go deimhin," ar Diarmaid, "óir ní bhfuil aoinneach d'fhiannaibh Eireann dárab lugha is córa dul do chómhrac tar do cheannsa ná mise; agus is é Goll mac Mórna an dara fear." "A Óisín mac Fínn, eirigh tar mo cheann do chómhrac ris an bhfear mór ." "Ní rachadh go deimhin ar Oisín, óir ní bhfuil aon laoch d'Fhíannaibh Eireann ion- cómhrac ris an bhfear mór úd." "A Fhir-lúigheadh mac Oisín, eirig do chómhrac tar mo cheann leis an bhfear mór." "Ní rachadh, go deimhin," do ráidh Fear-lúigheadh mac Oisín, "agus a Fhinn," ar sé, "an cúimhneach leat-sa an grádh éagmhaiseach tugas-sa do mhnaoi .i. Bé-chrothach inghean ríogh Connacht agus tug sí laoi agus móide nách béadh aon fhear aici go bruinne an bhrátha acht an fear do bhéaradh ceann Chonaill chluasaidh, do bhí i n-insi Starainn chuici, do bhí san domhan toir dá h-ionnsaighe; agus do mhéid grádh na h-inghine sin agam-sa nár fhéadas gan dul san turas sin agus is é líon d'Fhiannaibh Eireann do lean me, .i. dá chéad laoch láidir, lán- chalma agus ní raibh againn giolla gan sgiath, ná laoch gan
claidheamh, ná duine gan manaois crann-ramhar, cró- fhairsing, cinneadh-ghéar catha; agus do lean tusa sinn go Tráigh na dTreanfhear san gcúige Uladh agus do chongbhaís-se céad don dá chéad sin uaim-se agus tugais móide agus mór- briathra ná leigfeá aoinneach don chéad do chuaidh liom, i bhfiannaigheacht go ceann bliadhna, agus dob fhearr leat mise do theasgadh, ná do theacht slán; ionnas go mbéadh an bhean agat féin i nÉirinn, agus ar na h-adhbharaibh sin ní rachadh do chómhrac ris an bhfear mór tar do cheann." "Eirig, a Osgair mhic Oisín, do chómhrac ris an bhfear mór tar mo cheann," do ráidh Fionn. "Athair ionmhain," do ráidh Osgar, "ní cúibhe dhuit-se sin d'iarraidh orm-sa ar aonchor, agus an cuimhin leat an chruadháil dhéanach do bhí ort .i. an uair do rugadh Saidhbh iodhan inghean Eógain óig, mhic Eoghain mhóir, mhic Oilill Oluim .i. bean Ghlais mhic Aonchéarda Béara le Cobhthach cruadh- armach go criochaibh na Dróluinne Móire agus níor fhágais neach don Fhéinn nár iarrais leat dá tóirigheacht. Mar do chonnarc-sa an Fhiann uile dod éaradh-sa, do ionn- saigheas i ndiaigh an fhir mhóir agus is é líon d'Fhiannaibh Éireann do lean me, deich gcéad laoch láidir lán- chalma agus is iad so ainmne na druinge ba mhó tuaraisg díobh .i. Óisín mac Finn, Luigheadh lán-chalma, Caoilte Mac Rónáin, Goll gníomheachtach mac Mórna, Fiacha mac Firchuirb mhic Breasail Bealbhuidhe, Glas mac Aonchearda Béara, Cearbhal mac Finn, Líagán luaimneach ó luachair-dhéagha agus rí féinne Fiann Uladh, dá rígh féinne Fiann Laighean agus dá rígh féinne d'Fhiannaibh Connacht. "Cíodh trácht, do chuadhmar i nár loing luchtmhar, léir-dhídin, leabhair-théadach, sár-dhídin, snáth-ríghne agus do tógamar na seólta i mbárr na gcrann gcómh-fhada gcómh-dhíreach ar dromchladh na dílinne dath-áille,
daoránaidhe. Ar chur ná dearnamar sosadh ná cómhnaidhe, go rochtain oileán áluinn, iongantach ar lár na mara agus níor chian dúinn ann, an tan tángadar tréin-fhir an oileáin dá n-ionnsaighe .i. an Gorm-shúileac grod-mhear agus an laoch tréan-fhearamhail .i. Sgiath-sholais mac Ríogh Fionn-lochlann agus níor fuireadh idir sinne agus na tréin- fhir sin, gan neart ár n-arm d'imirt ar a chéile, agus do chuaidh gach n-aon ar a chlaidheamh colg-dhíreach, géar- fhaobhrach, agus tugamar glún re gliadh, agus troigh le tacadh, agus caismirt bas-luath, cnéadhach, créachtach, cró-líontach, dá chéile ionnas gurbh é críoch an chómhraigh sin gur thuiteadar tréin-fhir an Oileáin agus tréan-taoiseacha linne agus go rabhamar féin cnéadhach, c éachtach a h-aithle an chómhraigh sin. "Cíodh trácht, ní dearnadh sosadh ná cómhnuidhe linne go rochtain go críochaibh glan-áille na Dróluinne Móire agus ní raibh Cobhthach cruadh-armach féin ins an mbaile, acht a chlann agus a chleamhnaighthe agus Sadhbh inghean Eóghain óig mic Eóghain mhóir, do bhí i dteaglach glan, oirdhearc aige agus do rugamar le neart ár láimhe, Saidhbh linne as an mbrúighean amach trí h-uaire, agus do rugadar an ceathrar laoch do bhí san mbrúighean dár n-aimhdeóin uainne isteach í, gach uair aca san. Iar sin do chuireamar iad uile chum an chlaidhimh, agus an cathair tré dhonn-ruadh, dearg-lasrach agus ní dearnadh oiríseamh ná cómhnuidhe linne go rángamar Éire, agus tugamar Sadhbh linn agus níor chian dúinn gur lean Cobhthach sinn agus d'iarr cómhrach orainn .i. cómhrac aon-fhir, agus dhiúltuigheadar an Fhiann uile, dul do chomhrac leis ar t-ímpidhe-si; agus do bhíos ag cómhrac ris ar feadh trí lá agus trí n-oidhche gan chodla, gan chómhnuidhe, gan chómh-shuan agus do ráinig gur thuit an fear mór liom ar éirghe gréine an ceathramhadh lá agus is
ar éigin do thearnuigheas le h-iomad mo chneadha agus mo chréacht, agus do bhíos-sa ar feadh lae agus bliadhna i n-a dhiaigh sin im luighe ar aon leabadh, agus is gearr ó d'eirgheas as an othras sin, agus is é sin do-bheir orm gan dul do chómhrac tar do cheann-sa, a Fhinn," ar Osgar mac Óisín. "Ciodh trácht," adubhairt Fionn, "tugtar chugam m'arm féin, óir is liom-sa ba gnáthaidhe gail agus gaisge d'eirghe liom." Iar sin do tugadh arm agus éide chum Finn, .i. a chlaidheamh líomhtha, lán-ghéar agus a sgiath chosantach, chath-bhuadhach, agus a chraoiseach chrann-ramhar catha agus cruadh-chómhraigh agus téid sé i gcoinne agus i gcómhdháil Iollainn Iolchrothaigh mac riogh na h-Easpáine go míleata, mór-chalma, agus go taidhbhseach, taithneamhnach, treas-áluinn, ionnas gur fearadh cath féighamhail, fíochmhar eadortha. Agus do bhí béas ró-ghnáthach ag sgéith Fhinn óir anuair do bheadh i n-éigean i gcath nó i gcómhlann do ghéiseadh an sgiath go h-athbhásach i gcómh- chlos d'Fhiannaibh Éireann uile, agus ghéis sí an tan sin. Ar na chlos sin d'Fhiannaibh Éireann tángadar na ndrongaibh dána, dásachta agus i n-a gcipibh imdhlútha catha, d'fhóirithint a dtighearna agus a Riogh Féinne. Ar fhaicsin sin don fhear mhór do chuir sé Fionn ar cúlaibh a sgéithe, agus táinig féin fo thosach na Féinne agus do ghaibh sé da leadradh agus dá gcnámh-ghearradh dá dheis agus dá chlí ionnas nach lugha ná dá chéad fear n-armach do gearradh leis don Fhéinn don ruathair sin. Tárla Osgar mac Óisín leis agus is é adubhairt:- "Sguir dod ruathair feasta, a fhir mhóir, don Fhéinn agus do bhéar-sa cómhrac aon-fhir duit tar cheann na Féinne." "Do ba fhearr liom-sa sin," ar an fear mór, "ná oidheadh na Féinne do bheith orm." "Olc fuarais," ar Osgar, "óir an díol do-bheir tú ar an bhFéinn, ní thabharfair orm-sa é." Ar sin do rugadh
Fionn mac Cúmhaill go Brúighean mhór na h-Almhaine agus do cuireadh leigheas fá na chnéadhaibh. A h-aithle sin, d'ionnsaigh Osgar agus an fear mór a chéile go míleata, mear, meanmnach, mórdhálach gur fearadh cath féig, fuilteach, ró-ghoineach, rachtmhar, eascáirdeamhail, iongantach, anaithnid, bas-luath, bonn- amhail, cnéadhach, créachtach, cliste, cosantach, eadortha. Is annsin fá tearc na trean-bhuilidhe agus fá teirce an sár- bhualadh, agus fá guasachtach na gaisgidhig, óir do bhádar srotha siansánacha, síor-shiúbhlacha fola flann-ruadh re sleasaibh na sár-laoch sin ionnas nár bhfuras do charaid na do námhaid dul eadortha san gcath sin, agus ní raibh fios teime, tláis, ná tarcuisne ag ceachtar díobh tar a chéile, agus dá dtigeadh neach ó gharraidhe na h-Eispeirne atá i n-iarthar an domhain, go cathair na dTuathfine atá i n-iochtar, d'fhéachaint catha ná cruadh-chómhraigh, is ar an dís deagh-laoch sin ba chóir teacht ag féachaint. Is annsin d'iarr an fear mór sosadh cómhraigh ar Osgar agus tug Osgar sin dó, óir ní mó do bhí an fear mór i ngádh ná é féin; agus do chuadar ria aroile go Brúighean mhór na h-Almhaine agus do bhadar go subhach, so- mheanmeach an oidhche sin. Agus ar gcaitheamh a bproinne dóibh do labhair an fear mór agus is é adubhairt: - "A Fhinn mac Cumhaill," ar sé, "is mithid liom féin dul do chodladh agus is díth codlata tar éis mo shiubhail tug orm féin sgur do chómhrac anocht." Ar sin do córuigheadh cuilcheadha clúimh agus leapthacha lán-áille, lán-chorraighthe don fhear mhór agus dá chéile cómhraigh agus do-chuaidh an fear mór dá árd-leabadh do chodladh. Ar sin do chuir Osgar mac aisin fios ar Fhionn agus ar ndul d'Fhionn d'ionnsaighe Osgair do labhair Osgar agus is é adubhairt: "Athair ionmhain, budh bás dómh-sa amáireach muna dtigeadh dhuit-se
mo chaomhnadh agus m'fhortacht." "A mhic ionmhain," do ráidh Fionn, "nár leigeadh na déithe go gcaillfamaois-na tusa i dtúis t'óige agus do nirt agus gan do chrann bagair againn acht tú." "Athair grádhach, dá gcodladh an fear mór anocht mairbhfeadh sé mise amáireach agus an Fhiann mar an gcéadna agus má bhíonn sé gan codladh anocht ní dóigh dó, mise d'ionnsaighe amáireach agus lean-sa an fear mór anocht dá sheomra agus déin sgéaluigheacht agus caitheamh aimsire dhó agus faighidh sgéaluigheacht uaidh mar an gcéadna. Coingibh gan codladh é, leath ar leath, ar feadh na h-oidhche." "Is ró-náireach an gníomh sin ré déanamh," do ráidh Fionn; "gidheadh is fearr a dhéanamh ná tusa agus an Fhiann do chailleamhain." Ar sin gluaiseas Fionn go seomra an fhir mhóir. "Créad an chuairt an-mhianach so ort, a Rí Féinn," ar an fear mór. "Dot ionnsaighe- se," do ráidh an Fionn, "ag faghail sgéala uait agus cuid dot imeachtaibh agus dod ghníomhaibh gaile agus gaisge, agus cuid dar ngníomhaibh gaisge d'innsin duit mar an gcéadna." "Dob olc an tuigse duit, a Fhinn, a mheas go mbeinn-se ag sgéaluigheacht duit-se, agus Osgar mac Oisín, mo chéile cómhraigh, n-a chodladh." "Ná abair sin," ar Fionn, "óir ní chleachtann Fionn, Osgar, ná aon eile don Fhéinn codla chómh luath so, óir atá sé agus cuid do mhaithibh na Féinne ag ól agus ag aoibhneas i bhfochair a chéile, mar atá Diarmaid déid-gheal ó Duibhne agus Caoilte ró-neartmhar mac Rónáin agus Goll gníomh-eachtach mac Morna agus ní bhfuil ar an dtalamh dtrom-fhódach neach agá ndéan- amaois féin an ní sin air. Agas is béas againne na h-Eireannaigh .i. an uair thig gaisgidheach tar lear, ní h-iarramaoid cómhrac air go n-iarradh orainn é; agus ar na h-adhbharaibh sin agus ar son t-oinig agus t-eagnamha, innis dom créad an t-ainm atá ort nó cia d'uaislibh nó d'anuaislibh
an domhain tú nó an bhfuil bean agat nó má tá, connus fuarais í." "Inneósad féin sin duit," ar an fear mór, "cia leisg liom é. Is amhlaidh fuaras an bhean atá agam .i. lá n-aon dá rabhas féin i bhfochair m'athar, agus adubhart nár mhaith liom gan bean do bheith agam agus adubhairt m'athair gurab iomdha cuairt agus toisg agus turas dá ndeachas agus gurab éagcóir ná tugas inghean Ríogh nó ró-fhlatha liom d'áis nó d'éigean; agus is é ainm dom féin .i. Iollann Iolchrothach mac Ríogh na h-Easpáine agus dar do láimh-se, a mhic Cumhaill, an uair fuaras féin an oiread do thoil m'athar d'ionnsaigheas mo loing go luath, éadtrom agus do chuadhas innte agus do thógas na seólta snáth-ríghne tar tonnaibh toll-bhorba na tréan-fhairrge go rochtain dam an Oileán áluinn, iongantach; agus dar do láimh-se, Fhinn mhic Cumhaill, is mó do dhaoinibh do chonnarc-sa san Oileán san ná ó thúis mo bheatha gus an lá indiú. Agas níor chian dam an tan tárla aon duine amháin don mhór- shluagh sin dom agus do bhí dom ionnsaighe agus d'fhiafruigheas sgéala na tíre dhe, agus adubhairt: - "An i gcuasaibh cairgreacha, i bpollaibh talmhan, nó i maidhmnibh iar- gcúla sléibhe do rugadh thú, mar nách fuil fios cruinnaighthe an mhór-shluagh so agat," agus do bhí dam imdheargadh tré gan a fhios do bheith agam agus ná tabharfadh sé féin sgéala dham. Dar do láim-se, a mhic Cumhaill, do ghaibh fearg mhór me féin agus do tharraingeas mo chlaidheamh amach as a truaill taisgithe agus coimeadta agus tugas buille treas-bhorb, tréan-láidir, trom-ghoineach don óglaoch i gcaol na colna agus i ramhar an mhuinghíl ionnas gur sgarras a cheann re n-a cholainn. Níor chian dom an tan tárla aon duine amháin eile dhom don tsluagh. Fochtaim sgéala de, agus adubhairt liom gur chosmhail gur duine gan eólas, gan aithne me; mar ná raibh fios cruinnaighthe
an bhaile agam, agus adubhairt leis go mbainfinn an ceann de muna n-innseadh dom na sgéala d'iarras air. Ar sin adubhairt liom go rabhas i gcríochaibh glan-áille na h-India, .i. ins an Sisille, agus inghean óg áluinn aon- tumhadh ag an Rígh, 'gus gurab í b'fhearr deilbh agus déanamh, inneall agus éagcosg san domhain uile, agus go raibh folt fada, fíor-fháinneach, fionn-dlúitheach, dual-bhuidhe uirthe agus léine taobh-fhuaighte, snáth-chaoil uimpe, ionnas go raibh a clú agus a teist, a h-ainm agus a h-áireamh, ar feadh an domhain mhóir tímcheall, agus go dtángadar righte agus prionn suidhe óga, áilne dá tochmharc, agus nár mhaith leis an Rígh diombuidheachas aon aca seach a chéile, agus is é do chonnarcas do, an t-aonach so do chommóradh agus iad uile do theacht ar aon láthair agus an inghean do chuir na grianán os a gcómhair agus í ag amharc na sluagh agus a rogha leannán do bhreith asta agus d'innis dam gurab é sin lá an aonaigh agus an chruinnighthe so agus do thaisbeáin sé dam an grianán i na raibh an inghean agus do rugas-sa buidheachas mór leis, agus adubhart go rachainn féin na measg agus nár dhócha fear do-bhéarfadh sí do rogha ná mé féin. Ar sin do rinneas-sa ród rígh-leathan agus conaire coitcheann tríd na sluagha gus an ngrianán mar a raibh an inghean, agus tugas urchar dá h-ionnsaighe ionnas gur shíl a raibh ar an aonach gur bhriseas an grianán agus gur mharbhas an inghean agus ní mar sin do bhí, a Fhínn mhic Cumhaill, óir ba slán iad araon. Do fhiafraig an inghean díom-sa créad fá rabhas dá teilgean mar sin, agus d'fhiafruigheas-sa di-si, cread thug uirthe bheith dam amharc agus clanna righthe agus ró-fhlatha an domhain dá féachain. Ar sin do chuir an inghean gean gaire glé-mhaiseach aisti, agus an tan do fuaras-sa an oiread san féin dá gean d'éirgheas do léim lúthmhar, lán- éadtrom d'urlannaibh mo sleagha, agus do chrannaibh mo
chraoisighe, ionnas go ndeachaidh don léim sin don ghrianán agus do chuireas lámh fá chúl a cinn agus an lámh eile fé na bráighid ionnas go dtánag do dara léim amach ar an bhfaithche bhféar-uaithne, agus gluaisim rómham mar luas gaoithe i meadhon Márta, ionnas go dtugadar na sluaighte sídhe sanntach, sár-luath, síor-luaimneach im dhiaigh, agus an uair do shriochas an long, d'fhágas mo bhean innte agus dar mo láimh-si, a mhic Cumhaill, níor mhaith liom a bheith mar sgéala aici orm gurab do luas mo chos do bhéarainn liom í. Ar sin d'fhilleas tar n-ais ar an mór-shluaigh dá n-oirleadh agus dá n-athchumadh dom dheis agus dom chlí agus dá gcnámh-ghearradh ionnas go raibh mo neart ar na thraochadh agus mo chrú dá dortadh ag iomad na sluagh. Annsin do chuireas mo long ó dhásacht na bhfear agus d'eir- gheas do léim lúthmhar, lán-éadtrom, d'urlannaibh mo sleagha agus do chrannaibh mo chraoisighe ionnas go ndeachaidh i gceart-mheadhon na loinge agus do thógas na seólta snáth- righne, fíor-fhada ós dromchladh na díleann daith-áille, daoránaidhe sin. Agus dar do láimh-se, a mhic Cúmhaill, ba meanmnach liom an inghean do bheith ar muir agam agus ní dearnadh sosadh ná cómhnuidhe liom go rochtain Tír Bhreóghain don Easpáinn agus dar do láimh-se, a mhic Cumhaill, is ann d'fhágas an bhean atá agam." "Ar ghrádh th'oinig agus t'eagnamha," ar Fionn, "innis dam tuille dod eachtra, óir is binne liom an glór chanas tú, ná an canamhain chaomh dhíadha agus ná glór eanlaith parrthais, agus má sguirfidh tú ní beó mise." "Ní sguir- fead," do ráidh an fear mór, "óir ar chlos d'aos ghrádh agus d'aos dána go dtugas-sa inghean ríogh ná ró-fhlatha, táinig gach neach aca d'iarraidh a dhualgas féin, agus do fuair gach neach aca mar ba chóir do, agus do bhámar araon ar feadh bliadhna i n-a dhiaigh sinn fá réim toiche agus sonais,
nó gur eirgheamar amach ar bruach na trágha grianda, geal-ghainimhe agus do chuadhmar im loing féin ag aoibhneas ar an bhfarraige. Agus níor chian dúinn amhlaidh sin go bhfeachamar dár n-ionnsaighe ar dromchladh na dílinne daith-áille, daoránaidhe sin agus tar tonnaibh toll-bhorba na tréan-bhóchna, long luchtmhar, réim dhíreach, leabhair- théadach, do ba fhearra cuma do longaibh an domhain mhóir agus aon óglaoch fearamhail, fíor-mhór i gceart-mheadhon na loinge sin, agus dar do láimh-si, a mhich Cúmhaill, ba mhó an t-óglaoch sin ná an mór-sheisear fear is mó do chonnarcsa riamh; agus táinig d'ionnsaighe mo loinge féin agus do chuir a lámh innte agus do rug mo bhean leis d'á loing. D'iarras féin air, as ucht cómhlíonta a ghaisge gan me féin d'fhágail tar éis mo mhná, óir ní bhfaghainn a macsamhail san domhan mhór ar feabhas a deilbh, a déanaimh agus a fionn- chrotha. Ar sin do chuir a lámh an dara feacht im loing agus do rug me féin leis dá loing. Fá dhó nó fá thrí huaire san ló do chaitheadh an fear mór a phroinn nó a thómhaltas agus ní thug aon ní dómh-sa ná dhon mhnaoi agus do bhíomair mar sin ar feadh trí lá agus trí n-oidhche agus do thárla túr ceathar- uileannach orainn. Is iad do áitreabhaig é .i. gaibhne; agus d'fhiafraig an fear mór díobh ar ba ollamh dó, claidheamh a mháighistir .i. claidheamh Ríogh na h-Anntuatha. Adubh- radar na gaibhne nár ba ollamh d'easba fola uaisle éigin d'fhághail chum faobhair an chlaidhimh d'fhaighirt. Adubhairt an fear mór go mba truagh sin agus nár fhág sé féin iath ná oileán ná inse ar feadh an domhain gan mór-thimcheallughadh, 'gus gur bhaoth an tairbhe dó san, muna raibh fuil uasal aige i n-a loing, agus dar do láimh-se, a mhic Cumhaill, is chum mo mhná féin do bhádar. "Annsin do chuireadar táclaoí anuas chum an fhir mhóir agus do cúibhreadh go daingean do-sgaoilte sinn, agus
b'é beagán bídh do gheabhamaois. Ní sinn féin do chaitheadh é, acht piastaidhe fo-luaimneacha na fairrge ag iomradh ar ár gcorpaibh. Níor chian dúinn amhlaidh sin go rugadh mo bhean uaim agus do cuireadh a fuil tré fhuil leómhain agus liopuird agus griobh-inginigh, ionnas gur faighreadh an claidheamh. Is annsin d'fhiafraigh gabha don dara gabha an bhfeacha sé a mhacsamhla sin do chlaidheamh riamh ar fheabhas roimhe sin; agus adubhairt seisean nách dearnas i dTuatha Bolg ná i gcríochaibh Ifrinn a mhacsamhla do chlaidheamh riamh. Annsin do chuaidh aon duine déag do na gaibhne a d'iarraidh éisg agus d'fhágadar an dara gabha déag ag coimeád an chlaidhimh agus an túir agus dom choimeád féin. Agas ar n-imtheacht do chách táinig an gabha os mo cheann féin agus d'fhiafraig díom cá cinéal dom. Adubhart féin gur don Spáinn me. Dubhairt eisean gurab truagh sin agus gurab Spáinneach é féin. Adubhart-sa lem bráthair sgaoileadh dhíom. Adubhairt eisean go ndéanfadh, dá mba dóigh leis go ndéanfainn-se feidhm le claidheamh. Audbhart-sa go ndeanfainn dá mbéinn ar mo chumas féin. Ar sin táinig dom ionnsaighe agus ní fhéadfadh aon chuibhreach do sgaoileadh dhíom. Agas adubhart féin ris, gaethe an airm nimhe do leigean fé cúibhreacha do bhí dom cheangal féin agus go gcríonóchaidís; agus do rinn sé amhlaidh sin agus do chríoneadar mo tháclaoí. D'éirgheas im sheasamh agus do chuireas an claidheamh ar mo chumas féin agus adubhart leis an adhbhar gabhadh dul suas mar ar fhágadar na gaibhne é, go bhfanfainn féin sa phriosún go bhfionainn créad an rún do bhí ag na gaibhnibh. Níor chian dam ann, an tan táinig na gaibhne, agus tugadar mórán do gharbh-iasg na fairrge leó. Do bhruitheadar é, agus d'itheadar a leabhair-dhóithin de. D'fhiafruigheas-sa díobh do ghuth mhór, sholais, ghlé nár
ba mithid leo ní ar bith do thabhairt dom féin. Adubhradar san nár chóir dómhsa an fhiafraighe do dhéanamh, ó do leigeadar beó an faidh sin me, agus "ní bheidh d'fhuireach orainn," ar síad," gan do dhíthcheannadh acht ar feadh ar gcoda do chaitheamh go h-iomlán dúinn." Ar fhághail an oirid san dá ndroch-aigne dómh-sa, d'eirgheas agus do chuadhas mar a rabhadar na gaibhne agus do bhaineas na cinn díobh gan fuireach, agus do chuireas a gcorp sa bhfairrge agus na cinn ar an dtúir agus do fuaras cloch i ndorn-chloinn mo chlaidhimh agus do chimleas do bhrághaid mo mhná í agus do shlánaidh an chréacht fa chéad uair. D'fhiafruigheas dom adhbhar gabhadh an raibh aon ní eile san túr do chuirfeadh anam innti. Adubhairt eisean gur ba truagh dómh-sa san d'fhiafraighe, agus nách raibh ní ar bith do chuirfeadh anam innti acht cómhachta na ndéithe. Do fhiafruigheas-sa don adhbhar gabhadh créad do dhéanfainn len mhnaoi. Adubhairt eisean gurab é a cur annsin, agus gur mhaith an t-ionad aidhlicidh dhí é. Adubhart féin ná déanfainn, agus go súibhleóchainn an domhan mór-tímcheall nó go bhfaighinn ní éigin do chuirfeadh anam innti. Adubhairt eisean gur dhíomhaoin domh-sa sin. Adubhart-sa ná feachainn do san. Ar sin do chuireas an inghean im loing agus clocha buadh agus carrabunchail do choiméad a cuirp gan truailiughadh gan bréanadh agus ba bocht mo chuideachta .i. bean marbh, foghlumthóidhe gabhadh. Agas gach anfa dár eirig duinn, adeireadh an t-adhbhar gabhadh gur chóir do Dhia sin, trés an corp marbh do bheith san loing againn. Adubhart-sa nách feachainn do san. Is, dar do láimh-si, a mhic Cumhaill, níor ba annsaide liom, an t-adhbhar gabhadh sin do rádh. Agus ní dearnadh oiriseamh ná cómhnuidhe linn go rochtain críocha glan-áille na h-Eigipte, agus ar dteacht i dtír dúinn tárla ínse bhreagh linn, agus adubhart féin ris
an adhbhar gabhadh go ndiongnadh me mainistear annsin ar anam mo mhná. Adubhairt an t-adhbhar gabhann gur maith an ní sin re déanamh agus gur chóir a chur san ínse. Ar sin tugas dá chéad saor liom go n-a bhfuireann do lucht oibre agus do rinneadh mainistear áluinn riú. D'fhiaf- ruigheas féin don adhbhar gabhann créad do dhéanfainn lem mhnaoi. Adubhairt sin gurab í cur san mainistear agus gur mhaith an áit aidhlicidh di é. Adubhart féin nach déanfainn agus go siubhlóchainn an domhan mór-timcheall nó go bhfaighinn ní éigin do chuirfeadh anam innti. Adhubhairt eisean gur dhíomhaoin dómhsa an siúbhal sin do dhéanamh. Adubhart-sa na feachainn do sin. Ar sin do chuadhamar i n-ár loing agus ní dearnadh sosadh ná cómhnaidhe linn go rochtain críocha glan-áille na h-India agus ar dteacht i dtír ann do bhí rí áluinn, oirdhearc ann agus aonach ádhbhal-mhór dá chommóradh timcheall air. Do bhí cathaoir óir fé; agus eangach uaithne uime, agus dealg óir san eangach sin; agus tánag féin do láthair an ríogh agus do rinneas cómhartha úmhlachta dho. D'fhiafraigh an rí sgéala dhíom agus tugas gach sgéala dá raibh agam do, agus d'innseas sgéala mo mhná do agus adubhairt liom gurab aige féin do bhádar seóide áilne an domhain. Agus tángadar ceathrar deagh-laoch agus eiliotrom aca, agus do rugadar mo bhean leo go seomra na séad mar a raibh clocha buadh criosdal agus carabúncail agus péarlaí éagsamhla mar an gcéadna ag coiméad a cuirp gan truailiughadh. Agus ar sgaipeadh an aonaigh réamh-ráidhte, do rug an rí dá chúirt me, agus do bhadhas i bhfochair an ríogh sin, sealadh aimsire nó gur eirgheas féin agus an rí amach lá n-aon. Agus níor cian dúinn an tan do chonnarcamar a lán do chrannaibh seóil ar an bhfairrge agus adubhart féin ris an righ go rachainn dá n-ionnsaighe nó go bhfionnainn créad iad féin. Adubhairt
an rí liom dul, agus do rinneas amhlaidh sin, agus ar ndul do láthair dom do labhras do ghuth mhór, sholas, ghlé agus do fhiafraigheas créad an lear-loingeas sin do bhí san gcuan. D'innseadar dam gurab é rí na hAnntuatha do bhí ann ar lorgracht Iollainn Iolchrothaigh mac ríogh na h-Easpáine, do bhrígh gur mharbh sé gaibhne ríogh na h-Anntuatha, agus go rug sé an claidheamh leis, agus go rabhadar féin san Egipt dá iarraidh agus gur h-innseadh dóibh go ndeacaidh san India, agus muna gcuirfeadh rí na h-India dá ionnsaighe sinn go gcuirfidís an India tré smútán donn-ruadh dearg-lasrach. Adubhart-sa gur me féin Iollann Iolchrothach mac ríogh na h-Easpáine, agus nách leigfinn iad san i dtír agus d'iarras cómhrac aon-fhir orra. Táinig Allasdrom uathbhásach mac ríogh na h-Anntuatha chugam agus do chómhracas féin agus é féin ré chéile ar feadh dá uair an chluig, agus do ráinig liomsa gur thuit Allasdrom uathbhásach. Is annsin do thángadar mór-shluaighthe Ríogh na h-Anntuatha i dtír agus chruinnigh Rí na h-India a shluaighte féin agus do bhí an cómhrac ag cothughadh eadrainn ar feadh seacht laethe na seachtmhaine. Agus fa dhiaigh do cuireadh an briseadh ar Rígh na h-Anntuatha, ionnas gur thuiteadar mór-shluaighte Ríogh na h-Anntuatha linn agus do ghlanamar as an Ríoghacht iad, agus i n-a dhiaigh sin do chuadhas féin leis an Rígh dá chathair féin, agus do bhíos i bhfad in fhochair ann. Agas, fa dhiaigh, adubhart féin leis an Rígh go mbeinn ag imtheacht, agus adubhairt liom fanamhain in fhochair féin ar feadh leath-bhliadhna agus go n-aithbheódhadh mo bhean dom. D'fhiafraigheas de connas; agus d'innis dam gur faraois do bhí san ríoghacht dár bha cómh-ainm Faraois na mBeó, agus go raibh fiadh ins an bhforaois sin dar ba cómh-ainm Fiadh Foraoise na mBeó agus go bhfaigheadh sé an fiadh le lámhughadh an seachtmhadh bliadhain; agus gidh
bé ainmhidhe do shanntóchadh sé d'aithbheódhacha go n-aith- bheódhadh é le cuid d'fhuil an fhiadh, agus d'innis dom nach raibh ach leath-bhliadhain gan caitheamh don aimsir; agus an uair do bheadh an aimsir sin caitte go n-aithbheódhadh mo bhean. Agus d'fhanas féin i bhfochair an ríogh; agus dar do láimh-si, a mhic Cúmhaill, níor shia liom-sa seacht mbliadhna dom aimsir ná an leath-bhliadhain sin. Do chuaidh an rí agus mise go Foraois na mBeó agus do rugamar dá ghadhar bheaga linn agus do sgaoileamar fán bhforaois iad, agus dar do láimh-se, a mhic Cúmhaill, ní chuala féin roimhe riamh ceól gadhar ba bhinne liom ioná é. Adubhairt an rí liom fanamhain ar linn an líthe agus gidh bé ainmhidhe do theangabhadh chugam a choingeáil go rochtain do féin chugam. Níor chian dom amhlaidh sin an tan táinig an fiadh chugam agus dar do láimh-se, a mhic Cúmhaill, níor bhfearrde dho rochtain chugam, óir do chuireas mo bhonn deas ar a sgórnach, go rochtain don rígh chugam. Agus an tan táinig an rí, tug sé corn áluinn óir dómh-sa dá choingeáil agus do gearradh brághaid an fhiadh agus do glacas-sa an fhuil sa gcorn. Do chuir an rí órtha le brághaid an fhiadh agus do-leig uaidh slán é. Ciodh trácht do chuadhmar mar a raibh mo bhean féin agus do choingeamar cuid don fhuil léi agus d'eirig mo bhean féin chugam. Dar do láimh-se, a mhic Cumhaill, níor bhfearr coróinn agus iolmhaoine na cruinne ná sin. Adubhart féin leis an rígh go mbeinn ag imtheacht. Adubhairt an rí liom fanamhaint in fhochair féin, agus go dtabharfadh leath a ríoghachta dhom, an feadh do bhéadh beó, agus iomlán a ríogachta ó n-a bhás amach. Do rugas féin buidheachas leis, agus d'innseas do go raibh ríogacht agam féin agus gur ba fhada na héagmais me agus gur mhithid dom dul dá tóraigheacht. Ar sin do ghabhas mo chead ag an
rígh agus do chuir iomarca bheatha agus sláinte liom, agus ní deárnadh cómhnuidhe liom go rochtain dom don Easpáin, agus is ann d'fhágas féin an bhean atá agam. Agus go deimhin do bhádar tríar dearbh-chómhdhaltaidhe dhom, dom chuardach ar feadh an domhain, agus is i n-Eirinn do h-imreadh bás, brón agus beadh saoghal ortha, agus dár do láimh féin, a Fhinn is ag déanamh díoghaltais, tánag féin anois go h-Eirinn i ndiaigh a mbáis." Agas ag críochnughadh an sgéil sin don fhear mhór, do bhuail Osgar béim sgéithe agus d'iarraidh cómhrac air. Do labhair an fear mór agus is é adubhairt, "A Fhinn chealgaig, mhailisig, do rinnis feall orm agus is truagh sin tar éis ar shiubhlas do ríoghach- taibh agus do oileánaibh, agus gurab é mo chrioch dhéanach tuitim i n-Eirinn iath-ghlas, oileánach." "Ná bíodh san i n-iongnadh ort," do ráidh Fionn, "ó deir tú gurab i n-Eirinn do thuiteadar do dhearbh-chómhdhaltaidhe, créad nách tuitfá féin mar an gcéadna." Annsin do cheangail an fear mór a chorp cómh-áluinn dá chath-éide catha agus cruadh-chómhlainn; agus is deas, taith- neamhach, táinig arm agus éide dhó .i. fear ba mhó méide agus maise, agus treise don chruinnidh cheathardha go cómh- iomlán. Agus d'imthig amach ar an bhfaithche bhfód-ghlas, bhféar-uaithme, d'ionnsaighe Osgair. Is annsin fá teann na tréan-bhuillidhe agus fá seirce an sár-bhuala, agus fá créachtach na colna agus fá mór guasacht na bhfear, óir do bhádar srotha siansánacha fola flann-ruadh ag silleadh re sleasaibh na sár-laoch ionnas nar bhfuras do charaid na do neamhcharaid dul eadortha agus ní raibh fios time, tláis ná tarcuisne ag ceachtar díobh ar a chéile. Is ar sin tángadar filidhe, falsamhain, agus mná óga, áille na Féinne ar an dtaobh thiar d'Osgar. Agus go ghabhadar a ghéaga
geinealaigh agus craobha cómh-neasa a shean agus a shinnsear dó. Is annsin d'árdaig mire meanmna, agus dásacht dian árd-aigeanta Osgair. D'árdaigh a intinn, agus do chruaidh a chroide, agus do luathaigh a lamha san iorghail sin, ionnas go dtug buile trom, treasgartha don fhear mhór i gcaol na colna agus i ramhar an muinghíl, ionnas gur thuit a cheann ar thaobh de agus a cholann ar an dtaobh eile agus ionnas gur thuit Iollann Iolchrothach mac ríogh na h-Easpáine le h-aon láimh fheargaig, fhíor-neartmhar, ghlac-láidir, ghníomh-eachtaig Osgair mhic Óisin ar an láthair sin. Fóircheann
Bruighean Chéise Corainn
4. Bruighean Chéise Corainn Sealg agus fiadhach agus fiann-chosgair do comhmóradh le Fionn mac Cumhaill mhic Thréan-mhóir uí Bhaoisgne fá chríochaibh caomh-áilne an Chorainn agus fá thuathaibh lán- mhaiseacha Laighne, agus fá shléibhtibh dubha dorcha Dá Dhamh, agus fá imeall-thráigh Eochaille agus fá chríochaibh cnuas-torthacha Breifne, agus fá ghleanntaibh diamhaire, daingeana do-eolais Dalláin, agus fá choilltibh buan- torthacha Cairbreach, agus fá shléibhtibh amhra, imeall- fhliucha na gcúigeach, agus fá mhághaibh réidhe, ró-fhairsinge Conallach, agus fá choilltibh daingeana Chonchubhair agus fá dhoiríbh diamhaire, daingeana an Chorr-Shléibhe. Is annsin do shuidh Fionn mac Cumhaill i n-a dhumha seilge ar mhullach Céise áirde an Chorainn agus níor fhan i bhfochair Fhinn acht dá choin .i. Bran agus Sceolaing, agus Conán Maol mac Mórna. Agus fa binn le Fionn gotha na ngadhar agus glaodhach greannmhar na ngasraidhe; luadhail lán-lúthmhar na laochra, torainn agus tormáin na dtréan-fhear, feadghail agus fíor-gháir na Féinne fá ghleanntaibh daingeana do-eolais, agus fá mhághaibh míne, mór-áilne, maoth-thorthacha i n-a uir-thimcheall, gur chlos fá na críochaibh ba choimh-neasa dhóibh na gártha sealga séis-dánaidhe do leigeadar an Fhiann asta, gur chuireadar fiadha fíor-luatha as fásaighibh, agus míolta mong-ruadha as maoilibh maol-chnoc, agus sionnaigh ar seachrán, bruic as broc-chlasaibh, éin ar eiteallaigh, agus geilte as gleanntaibh, faol-choin fá árdaibh; agus
do sgaoileadh gach cú fheargach fhíor-neimhneach dá h-éill fá'n tulaigh an tan sin. Agus is é ba tighearna i mbruighin Céise ceann-áirde an Chorainn an tráth sin .i. Conarán mac Imdhile de Thuatha De Danann; agus do chuala sé siansán seachránach ar na conaibh an tan sin; agus do bhí Conarán agus a thriar inghine foirbhthe fíor-ghránda lán de dhraoidheacht agus de dhiabhlaidheacht; agus adubhairt leo éirghe, agus cuireas iad do dhíoghail an fhiadhaigh sin ar an rígh féinne. Do chuadar go doras na h-uaimhe do bhí ar an tulaigh agus do shuidheadar ann agus do chuireadar trí h-iarnaidhe garbha, glasa, geintlidhe ar trí cuaillibh fo-chama, foir-dhrise agus gabhaid ag a dtocharais ar dtuathal agus iad i n-a shuidhe i ndoras na h-uaimhe. Níor chian dóibh mar sin go dtáinig Fionn agus Conán ar úir na h-uaimhe; agus do chonnacadar na trí cailleacha ró-ghránda i ndoras na h-uaimhe agus trí fuilt ruain- neacha ró-gharbha go fada fíor-sgaoilte orra, agus sé súile silteacha síor-ghéara leo, agus trí beoil dubha, duaibhseacha, droch-dhathacha, drannt-ghránda aca, agus fiacla fada, fiar-chama, frithir-nimhneacha i gcarbad crain-tseileach gach caillighe dhíobh, agus trí muiníl cnámh-altacha ag congáil a gceann ar na ruadh-chailleachaibh fíor-ghránda sin, agus sé lámha laomdha, loma, leo, agus ba samhalta le h-adharc bárr-chaol, bun-ramhar, buabhaill gach ionga fhada, fhíor-ghéar, fhíor-ghonta do bhí orra, agus sé cosa fochmacha, fiara, folt-chlúmhacha, ladhar- bhréana, fliuch-shalacha fútha, agus trí coigeala cruadh- ghéara i n-a lámhaibh leo. Agus do chuaidh a gcruth agus a gcaomh-dheilbh de na curaidhibh ar n-a bhfaicsin dóibh .i. do dheargadar ar dtúis ar mhodh nár ba deirge corcra liagh ar lasadh ná iad; ba báine ná bán-sgotha iad don dara
feacht, agus ba dhuibhe don treas fheacht iad ná gual ghabhann ar n-a bháthadh i n-uisge fhuar oighreachta ar bhfaicsin na n-iarnaidhe ngeintlidhe agus na gcailleacha dhóibh, óir bhí draoidheacht orra nach fuilingeadh neach a bhfaicsin gan dul i dtaisíbh agus i dtáimh- néallaibh agus beirid na cailleacha Fionn agus Conán leo i n-iarthar na h-uaimhe ceangailte, cruadh- chuibhriththe. Níor chian dóibh iar sin go dtáinig dís eile den Fhéinn, agus tuitid i dtaisíbh mar an gcéadna ar bhfaicsin na n-iarnaidhe dhóibh. Tángadar clanna Neamhain mar an gcéadna i ndoras na h-uaimhe agus níor fhan neart naoidhne i n-aon duine díobh ar bhfaicsin na n-iarnaidhe dhóibh, agus do cheangladar na cailleacha iad go dian, docht, do-sgaoilte, agus do chuireadar iad mar a raibh Fionn agus Conán i bpollaibh cuas- doimhne na sídh-bhruighne sin. Níor chian dóibh iar sin go dtáinig Osgar agus mac Luighdheach do láthair agus maithe agus mór-uaisle chlanna Baoisgne mar aon leo; agus tángadar clanna Mórna do láthair, agus ar bhfaicsin na n-iarnaidhe dhóibh ní raibh neart mná seolta i n-aon díobh. Agus tángadar clanna Corcoráin do láthair, agus an tan do chonnacadar na h-iarnaidhe do chuaidh a ngail agus a ngaisge ar gcúl; agus do rinneadh mar an gcéadna le clannaibh Smóil agus le clannaibh Dubh-Dhíorma agus leis an bhFéinn uile mar an gcéadna idir íseal agus uasal, idir óg agus sean, go rugadar na cailleacha leo iad i n-a gcimíbh craplaighthe, cruadh-chuibhrighthe i bpollaibh diamhaire, lán-doimhne agus i ndroch-bhéalaibh do-eolais na sídh-bhruighne. Cidh trácht, ó do ceangal ceithre catha na Gnáth-
Fhéinne leis na laoch-chailleachaibh, dob iomdha glam con agus gol-gháir gadhair agus géar-chaoineadh giollaidhe do bhí i ndoras na h-uaimhe sin ag iarraidh a dtriath agus a dtighearna agus na laoch láidre, lán-chalma do bhí i n-a bhfochair go nuige sin tar éis a n-aistir agus a n-imtheachta, cidh gur iomdha fiadh créachtach, cnámh- ghearrtha, agus muc allta ar n-a mbuan-mharbhadh, agus broc beo-loitthe, agus míol mong-ruadh máighe ar n-a marbhadh ar thaoibh na tulcha, ar gceangal na druinge do bhí ag a n-iomchar go nuige sin. Agus is annsin tángadar na trí mná móra míleadhta sin as an uaimh mar a raibh an Fhiann craplaighthe, cruadh- chuibhrighthe agus trí claidhmhthe clais-leathana, colg- dhíreacha, géar-fhaobhracha i n-a lámhaibh leo, agus ní raibh fuigheall buille ná béime ag aon chlaidheamh díobh, agus d'fhéachadar uatha do gach leith, dá fhios an bhféacfidís aon fhear nó taistealach slighe d'Fhiannaibh Éireann ag teacht dá n-ionnsuidhe go dtiubhraidís bás agus buan- oidheadh dó; agus ó nach fuaradar do b'áil leo dul isteach san mbruighin do chosgairt agus do chnámh- ghearradh na Féinne gan cháirde. Níor chian dóibh mar sin go bhfeacadar an t-aon óglách mór, míleata, mear-chalma, mórdhálach, buadh-rosgach, béal-dhearg, díoghainn, déid-gheal, deagh-cháirdeach, agus do b'é sin an leoghan lúthmhar, lán-fheargach, agus an nathair nimhe neamh-eaglach, agus an t-aon-chú iorghaile, agus an bheithir bheodha, bhuan-tiodhlaictheach, agus an dragan dian, dásachtach, do-fhulangthach, agus an míleadh mórdhálach, agus an curadh comhraig; óir dob é sin an leoghan leadarthach, agus an brath-bhíodhbhadh, agus an ceann cosanta, agus an confadh catha, agus an choinneal adhanta, agus an ciorrbhadh mór-shluagh, agus an lámh
thiodhlaictheach .i. Goll mac Mórna, mhic Chormaic, mic Mhathghamhna, mhic Mhórna, mhic Gharaigh ghlún-duibh, mhic Aodha dhuanaigh, mhic Aodha chinn-chláir, mhic Chonaill, mhic Shaidhbhe, mhic Chéit, mhic Mhaghach, mhic Chairbre chinn- dheirg, mhic Ríogh Chonnacht, agus claidheamh trom, tort- bhuilleach ar a thaoibh clí, agus sleagh sith-fhada, sár-throm, sár-nimhneach i n-a dheas-láimh dheagh-thapaidh, agus sgiath bhall-bhreac, bhórd-uaithne, bhán-bhogóideach ar stuaidh- leirg a dhroma, agus líne de litribh áilne óir ar n-a sgríobh i n-imeall-bhórd na sgéithe sin dá fhaisnéis nach raibh ar cúl sgéithe ná claidhimh 'san domhan laoch ná gais- gidheach do b'fhearr ná an laoch sin. Ar n-a fheicsin do na droch-mhnáibh dubha, duaibhseacha, droch-dhealbhacha sin tánga dar go prap príomh-urlamh i n-a chomhdháil agus d'fhearadar gleo gáibhtheach, gráineamhail, agus comhrac calma, urlaidhe, agus imreasán ainiarmharthach, áidhbhéil, amh- shearcach le Goll, gan fios tláis ná tarcuisne ag ceachtar díobh ar a chéile san gcomhrac sin. Cidh trácht, do fearguigheadh an curadh go ró-aidhbhéil agus fearamhail, feargach, borb-neartmhar, agus do ghaibh Goll glac-láidir de bhuillíbh buan-uamhla bith- chalma báis ar na fiadh-mhnáibh fíor-ghránda sin. Do thóg a chlaidheamh clais-leathan, colg-dhíreach, agus do thug béim bhith-neartmhar do na h-arrachtaibh do bhí ar a aghaidh .i. Camóg cruadh-chomhlannach agus Cuilleán ceann- ruadh go ndearnaidh sé oirnighe cearta comh-throma dhíobh den aon-bhéim sin. Agus dob é sin an bhéim is mó tugadh i n-Éirinn riamh acht an bhéim nó an buille thug Feargus mac Rosa ruaidh mic Ruaidhrí i gcath Mór- Thána Bó Cuailgne dár ghearr sé teora maola Midhe nó na trí taoisigh tarsna a gcorp d'aon bhéim, agus buille Chonaill ghroidhe Chearnaigh do Chéit mac Mhaghach
lé'r ghearr sé a chraoiseach ós a chionn agus é féin do sgoltadh go talamh. Is ann sin d'iaidh an treas chailleach a dhá láimh i dtimcheall Ghoill do leith a dhroma .i. Iarnadh inghean Chonaráin, an feadh do bhí sé ag dí-cheannadh na díse eile agus iompuigheas Goll uirre dá h-aimhdheoin agus iadhas a dhá láimh leabhra lán-chalma i n-a timcheall agus thugadar troid teann-easnach agus cor comh- neartmhar dá chéile re feadh na h-uaire sin, agus tug Goll cor calma, curata don chailligh gur threasgair go lár agus go lán-talamh í, agus ceanglas Goll go daingean do-sgaoilte í, agus tarraingeas a chlaidheamh clais-leathan, colg-dhíreach, géar-fhaobhrach as a truaill taisgithe agus coiméadta do chosgairt agus do chnámh- ghearradh na caillighe meirgighe sin, gur sgread go truaigh tuirseach ar Gholl, agus go ndubhairt sí mar leanas: "A laoich nár leonadh agus a thréin-fhir nár torcharadh i gcath ná i gcruadh-chomhlann riamh, cuirim mo chorp agus m'anam ar chomairce do ghaile agus do ghaisge agus do bhéar Fionn agus Fianna Éireann duit go iomshlán gan fuiliughadh gan foir- dheargadh ar neach aca go bráth, agus luighim fá na déithibh dá n-adhraim go coimhlionfaidh mé sin duit," ar sí. Sgaoileas Goll an righ-mhíleadh, don oill-phéist caillighe agus téid roimhe gus an gcnoc agus fuaradar Fionn ceangailte agus ceithre catha na Gnáth-Fhéinne mar aon leis. Agus adubhairt Goll: "Sgaoil do Fheargus Finnbhéil agus d'aois ealadhan na Féinne ar dtúis agus sgaoil d'Fhionn agus d'Oisín agus d'Osgar agus do naoi macaibh fichead Mhórna agus d'fhiannaibh Éireann uile as soin amach." Do sgaoil an chailleach díobh as
an uaimh amhlaidh sin agus d'éirigheadar as an uaimh amach go fann amh-neartmhar agus do shuidheadar ar thaobh na tulcha, agus d'fhéach Feargus Finnbhéil, file na bhFiann, ar Gholl agus do ghaibh ag a mholadh tar éis an ghníomha do rinne go nuige sin. Dála Fhinn agus na Féinne do chuadar as doras bheoil na h-uaimhe agus chruinnigheadar i bhfiadhnaise Fhinn, óir ba sgarthannach, sgaoilteach, do bhí Goll tar éis na trí cailleacha dubha, diablaidhe, droch-dhathacha sin. Níor chian dóibh ar an órdughadh sin go bhfeacadar ag teacht tar dhoras bheoil na h-uaimhe broinn-fhairsinge chúca .i. an dúil doi-dhealbhtha agus an t-arrachtach éigcialldha .i. sean-chailleach chrap-chuisleannach, dhroch- dhathach, chuiriceach, chrón, chiar-ingneach, ghorm-fhéitheach, agus go bhfanfadh mion-ubhall nó mór-áirne ar gach ruibe do na malaidhibh garbha, glas-liatha do bhí uirre agus súile silteacha, síor-dhearga, agus srón mhór, ghorm, ghlas, leathan, ag sileadh n-a srothaibh re sleasaibh a sreang-bheoil dhuibh, dhuaibhsigh, dhroch-dhealbhaigh, agus garbh-eagar gránda ar a fiaclaibh cogantacha i n-a craois-bhéal, agus teanga líomhtha, lán-ghéar, liosta, luath-labharthach i n-a deimheas-bhéal, agus lámha cruadh- huisleannacha le n-a taoibh, agus ingne fiara, fíor- ghéara, ró-nimhneacha uirre, agus dá ghéagán loma léi, agus dá chois fhuilt-ruainneacha, bhreac-luirgneacha, ladhar-bhréana, cham-ingneacha fúithe, agus éide daingean do-bhriste catha uimpe, agus claidheamh trom, tort- bhuilleach le n-a cois-tsliasaid chlí, agus sgiath mhór, mhillte ós árd a príomh-dhroma, agus go mba chosamhail le siansán stéad nó staille gach sraoth do cuireadh an oill-phiast caillighe sin as a sróin, ag teacht do láthair Fhinn agus Fhiannaibh Éireann. Agus do chuir sí fá
gheasaibh Fionn fá n-a sáith de chomhrac aon-fhir d'fhaghbháil dí i bhfiannaibh Éireann. Cidh trácht, d'iarr Fionn ar Oisín an t-arrachtach caillighe do chosg díobh. Adubhairt Oisín: "Is anbhfain- neach atá mé tar éis a bhfuaras d'olc na caillighe úd roimhe seo." Agus is í bhí ann .i. Iarnadh inghean Chonaráin ag teacht do dhíoghailt a seathrach. Agus do dhiúltuigh Oisín agus Osgar, Conán mac Luigheach, Diarmuid Ua Duibhne, Caoilte mac Rónáin, Cearbhall agus maithe agus mór-uaisle na Féinne uile comhrac na caillighe do dhéanamh; agus adubhairt Fionn go rachadh sé féin do chomhrac léi. Adubhairt Goll: "A Fhinn," ar sé, "ní cuibhe duit comhrac caillighe do dhéanamh, agus is ann dearbhthar an fhíor-chara an uair is mó an t-éigean." "Ní tú do chuireas-sa fá gheasaibh, a Ghoill," ar an cailleach, "acht Fionn agus Fianna Éireann óir do chinn tusa orm cheana." "Ní slán an Fhiann gan mise," ar Goll. Is annsin d'éirigh Goll go ró-thapaidh i gcoinne agus i gcomhdháil na caillighe, agus do rinneadar comhrac mear, meanmnach, míleadhta, mórdhálach agus iorghail ath-gharbh amh-mharbhthach agus gleo dísgir, dásachtach gan fios time, tláis, ná tarcuisne, ag ceachtar díobh ar a chéile. Cidh trácht, cuireas Goll glac-láidir a lámh i suaithneamh sídhe na sleighe agus tug rogha an urchair gan chloidhe gan chaime don chailligh, gur chuir trí n-a sgiath trí n-a gualainn, agus trí n-a croidhe é gur úrghráine (?) na sleighe don taobh thall an san ionad i dtárla ó thúis é gur thorchair an chailleach ar an láthair sin. Agus do chuaidh Goll go bruighean Céise an Chorainn ar mharbhadh triúr inghean Chonaráin agus do chuir tré dhóighir donn- ruadh dearg-lasadh í; agus gach maitheas agus gach
mor-ionmhas dá bhfuair innte bronnas d'Fhionn agus d'fhiannaibh Éireann ar an láthair sin é. Agus i gcomaoin gach cabhartha dá dtug Goll ar Fhionn san éigean soin agus ins gach feidhm i n-a raibh roimhe thug a inghean féin .i. Coince chneas-gheal inghean Fhinn mar mhnaoi ar an láthair sin, go rug mac oirdheirc dó dárbh ainm Fead mac Ghoill mic Mhórna, agus do thuit le Fionn i gceann seacht mbliadhan déag ar an áit céadna tré éad le Goll. (Gona í sin Bruighean Chéise Corainn go nuige sin)
Dithreach ghlinn an pheice annso
5. Dithreach ghlinn an pheice annso Rí rathmhar ró-uasal, cródha, céillidhe, ceart-bhreathach, fleadhach, fóirneata, curanta, caomh, caithréimeach, uasal- intinneach do ghaibh flaitheas agus forlamhas i nÉirinn iath-ghlas, oileánaigh, darab comhainm Murchadh mac Briain Bóirmhe gur éirig amach lá do na laethannaibh é féin agus a ghiollaí fiannuigheachta agus fean-choscra, agus do sgaoileadar a ngadhair chleasacha, cheann-ruadh fan ros min maranánta agus fan gcoill úir gcasarnaig; fá ghleanntaibh doimhne, diamhaire, is fá choillteacha daingne, do-eolais. Dúisgeathar leó gearrfhiadh cos- luath, ceann-éadruim agus míolta mangacha, maisliatha, agus sionnaigh chrubacha, crónanacha, agus bruic as bruach leasan. Do shuidh an t-Árd-rí féin ar an dtulaig ba h-aoirde agus ba h-aoibhne do fuair sé. Níor chian dóibh an tan do chonnairc fiadh goideach, garbh-reathach chuige, beannadh óir agus beannadh airgid; gadhar cluas-dearg donn i n-a dhiaigh, ag labhairt go fogharthach fírinneach; cian-radharcach, cuas-shúileach, cleith-théagair, mór- imeachtach, agus slabhradh snidhmhair sean-airgead air, agus an tan do chonnairc Murchadh é, gur líon dá shearc agus dá shíor-ghrádh, amhail mar do lionfaidhe muir rabharta i gcorcaigh nó i gcrampan. Do ghluais an fiadh agus an gadhar agus níor cinneadh leó ón dtaobh theas do Éirinn i n-a raibh Murchadh go dtángadar go caol na Sionna. Annsin do bhuaileadar an uchtar an snámh agus ba comh- thréan Murchadh fá uisge agus os a cheann gur bhuail a ucht sa tsnámh i n-a ndiaigh go rabhadar idir dhá uisge,
nó go ndeachadar amach ar an dtráigh ghil, gainmhidhe, carcuighiribh (?) darab ainm Corca Bhaoisgin indiu, gur ghluaiseadar rompa do Shliabh Callain agus do Charcair na gCleireach, agus níor stadaigh leó go h-iochtar Laighean chum an tráthnóna. Annsin táinig ceó dorcha, draoidh- eachta idir é agus an gadhar is an fiadh. "Olc atá so agam" ar sé. "Do chailleas an chuideachta go bhfuilim n-a ndiaigh la chuighthe, agus gan chuideachta ar bith anois." Níor chian do ann an uair do chualaidh sé guth tuagh dá bualadh ins an ghleann. Táinig sé gus an gcrann 'n-a raibh an guth agus do bheannaig don té do bhí ann agus is eadh do bhí ann, .i. Dithreach Ghlinne an Pheice agus aibíd trusailte ó ramhar a cholpa go ramhar a shliasta agus do fhreagair an beannachadh go h-iongantach, éagsamhlach. "Créad é fáth t'iongantais," do ráidh Murchadh. "Atá," ar sé, "go bhfuilim ré cian d'aimsir ar an ngleann so agus nach fuaras neach do bheannóchadh dom gus anois." Annsin táinig anuas agus do cheangail a bheart teine agus do bhí luirg-fhearsad iarainn in a laimh. Do bhuail ins an mbeart í. Agus do chuir fead bhinn cheólmhar as, agus táinig sgaoi do gabhraibh breaca, bána timcheall air agus do ghluais rómpa ón gcrann agus do tharraing ceó draoidh- eachta idir Murchadh agus é. "Draoidheacht nó diabluigheacht atá gan amhras dá imirt orm," do ráidh an Rí, "agus leanfad lorg na ngabhar tríd an draoidheacht." Do ghluais roimhe agus ní cian do chuaidh, an tan do chonnarc dún ríogha ro- áluinn, agus baile breágh, britinneach, agus dorus daingean, do-sgaoilte, an Dithreach 'n-a shuidhe i gcathaoir óir oirloisgithe agus corn óir don tsórt sin láimh ris. Táinig Murchadh agus do chuir 'n-a shuidhe é agus do bhí an fiadh agus an gadhar ar an thaobh eile don teine roimhe. Tug an Rí súil orra agus is annsin d'fhiafraig an Dithreach de, créad é
fáth a iongantais ar an bhfiadh nó ar an ngadhar. "Fáth m'iongantais," ar sé, "gur na ndiaigh sin atáim feadh an lae agus nach ar fhan siad liom i n-aon áit; agus anois a mhíne do chím ag an dteine iad." Annsin do ráidh an Díthreach, "Measaim," ar sé, "gur do fholaibh uaisle na ríoghachta thú agus ba mhaith liom a fhios do bheith agam cía thú féin." "Do chlann Bhriain Boirmhe me," ar an Rí. "An tú Murchadh nó an tú Donnchadh nó an tú Tadhg?" "Is mé Murchadh," ar sé. "Mo mhór-fháilte rathmhar, rómhat," ar an Dithreach. Níor bhfada dho an uair do tháinig an géin ghlé-mhaiseach, leathan-mhulaigh mhná do bfearr dreach agus dealbh agus déanamh don drong daona. An méid bheireas ré ós na raeltinnibh, agus sliabh Siodhan ós na sléibhtibh, agus an maranan mór ós na h-éisgibh agus an sliogán slán-mhór ós na maranaibh go mbeiridh sí ar mhéid agus ar áilleacht é, ó mhnáibh na críche i n-a raibh sí, agus caogad do mhnáibh folt- bhuidhe fionna i n-a diaigh. "An bhfeadaraois," ar an Díthreach, "connus fuaras féin an gadhar nó an fiadh úd." "Ní fheadar, go deimhin," ar Murchadh. "Lá gha rabhas ar an ngleann úd i n-a bhfeaca tusa mé, tárla gruagach do bhí annso im chomharsanacht orainn agus athach mór do bhí ar an gceanntar so ag rith ar an ngruagach, agus an fiadh agus an gadhar ag rith rómpa araon. Táinig an gruagach ar mo chúlaibh agus do ghaibh cara agus comairce agam agus adubhairt nach raibh do mhaoin ná do stoc ar an ndomhan aige acht an fiadh agus an gadhar, agus go dtabharfaidh dómh-sa iad, gan acht é a shábháil ar an allmhurach. Is annsan do dhruideamar i gcoinne agus i gcómhdháil aroile gur choscramair go teann, te, díofruis- ceach, dána, do-aradhnach, fríthir, fíor-nimhneach, fíor- uaimhneach, créachtach, cróilic i foircheadal an chómhraig san dúinn. Ní bhfuaramar greim ar a chéile i sna harmaibh
agus do rugamar ar chorpaibh ar a chéile agus do shíneamar na dóideanna ríghne, ró-ramhara tar shleasaibh agus tar for-dhromanaibh a chéile, agus i fóirmiodal an Dómhnaig sin dúinn do thógas ar árd mo ghualann é agus do bhuaileas fa lár agus fa lán-talamh an fear mór. Is annsin do nochtas arm go lúth-gháireach agus do bhaineas a cheann de; is fós, a Mhurchadh do ba deacair do aon neach a fhéachaint liom-sa féin, agus is fada silleadh súl ar mhnaoi duine eile agat, is ní gan ceannach fuaras-sa féin bean. Do chailleamar an fiadh agus an gadhar annsin agus do chuadar gus an oileán ba neasa dúinn, mar a bhfuaramar iad ar bruach tobraid ins an oileán sin. Do shuidheamar láimh riú; agus níor chian dúinn an uair tháinig chugainn as an dtobar an gaisgidheach ba mhó do dhaoinibh agus dob aoirde do laochaibh agus dob áille d'fhearaibh an domhain mhóir, gabhtha i meadhon airm agus éide, fá chotún, soitheamhlach sróill ar uachtar a chnis chaomh, ré sgabal ciumhais-bhuidhe, ceathar-uilleanach, ar uachtar an chotúin sin, ré lúireach righin, loclannaig, moghleantaigh, uilleanaig, ré cinn-bheirt chlochargha, lán do chlochaibh criostail agus caramogaill ar uachtar a chinn air, ré sgéith dhuinn dath-áluinn ar a thaobh dá dhiaghuin, agus ré claidheamh trom, toirt-builleach, fada, díreach, do-chamtha, cómhfhada, cómhdheas, cómhdhaingean, fíor-ghéar, foilleachtail, go n-iomad láimh rí leadradh nó claidheamh fraochda Feargusa nó an colg do cumadh re Bulcan ar bruach linne in c. lionain (?), ré ceithre coilleacha, cuillgeanta, ceann-ruadh i mbárr a dhóide gile ar tí an ghruagaig do dhíthcheannadh. Annsin d'eirgheas-sa as cath an ghruagaigh gur dhruideamar i gcoinne agas i gcómhdháil aroile, mar dá bhéithir nimhneacha, neamh- chlaona, nó mar dá ghríbh ghnímheachtaigh, ghonta, dhiochuiseach nó mar dá leómhain lán-chródha. Is annsin do rinneamar
cómhrac cuthach, cróghlidheach, cneas-ghearrtha, agus fhoircheadal an chómhraigh sin dúinn go dtuitfeadh liom nó gur iarr an ghruagach orm gan a dhearbhrathair do mharbhadh. "Ort do chol agus do chontracht," ar mise "créad fá ar chuiris me ag cómhrac ris?" "D'innis dom gur ag déanamh fearannais agus canncais air do bhí sé ins an oileán agus ríoghacht na h-Isbeirte aige féin. Adubhairt an gaisgidheach gurab oighreacht athardha dó féin an t-oileán i n-a fuair rioghacht le n-a chlaidheamh nách chaillfeadh a dhíreacht, agus go ndéanfadh sé mo mholadh féin ann. Do mhol mise an t-oileán don ghruagach mar ná raibh aincheart ar a dhéanamh agus adubhairt ris sin dul do chosnamh a ríoghachta fein. Annsin adubhart:- "atá geasa orm nách fuilingid fíor-laoigh mo athar agus máthar is measa ná me féin do mharbhadh i gcath agus i gcruadh- chomhrac muna ndeachainn dá fhéachaint ar bhfurasa a ríoghacht féin do chosnamh." Ar sin do bhuail a cheann fán dtobraid. Do lean mise é nó go ndeachamar go dún agus go cúirt an ríogh sin. Is annsin do fháiltig an rí rómham. Agus ar gcaitheamh fleadh agus mór-féasta dúinn sa ríghtheach sin go n-iomad do laochaibh lán-chródha mar aon rinn, tháinig chugainn an gaisgidheach dob áille agus ba chalma dar fhéach súil riamh agus mórán do chódaíbh cruadh, cnaibe aige. Do rinne sé ar gach nduine do na fearaibh agus ar an rígh féin maille riú, agus do cheangail a gcinn agus a gcosa dá chéile agus tógas leis inghean an ríogh agus is é adubhairt go raibh a shlán fán saoghal n-a thaobh sin ó ná raibh Díthreach Ghlinne an Pheice i bhfogus dó. "A ghaisgidhigh ghnímheachtaigh," ar an rí, "an gcluin tú teacht th'iorgaile dá maidhm." "A chompánaigh ionmhain," ar sé, "tarrthaigh m'inghean agus bíodh agat choidhche. Is fearr liom-sa a bheith agat ná
ag an allmharach úd." Do leanas an fear mór agas annsin do rinneamar an cómhrac ba chruadhallaidhe agus ba ghlé-ghontach dá ndearnadar gaisgidhig riamh go rabhamar ag leónadh, ag leadradh, agus ag cnámh-ghearradh aroile ar feadh dá lá agus dá oidhche gurbh é chríoch agus fóir- cheann an chómhlainn sin gur thuit an fear mór sin liom-sa .i. an Machaomh mór mac ríogh na Sorac, gur bhaineas a cheann de agus do rugas inghean gus an rígh agus gur sgaoileas de agus dá mhuinntir. Do ba dheachair d'aon neach a fhéachaint riom-sa féin, a Mhurchadh," ar an Díthreach, "is fada silleadh súl ar mhnaoi dhuine eile agat, 's ní gan cheannach fuaras-sa féin bean. Is annsin," ar sé, "do pósadh mé agus an inghean sin do chídh anois. Do ghabhas mo chead ag an rígh agus tugas liom gus an oileán céadna í. Do fháiltig an ghruagach go ró-mhór rómham, agus is é adubhairt nach ar chóir damhsa an t-oileán sin d'fhágáil go ndéan- fainn sosadh agus cómhnuidhe ann. Trí lá ann d'fhanas agus do chailleas mo bhean gach lá díobh agus do fuaras í ag trí grúagaigh do bhí i n-oileán fairrge i bhfad uainn. Gidheadh do leanas-sa ins an réim dhirig iad agus mharbhas iad; an dara lá ag rígh na Sorcha; agus an treas lá ag trí h-uiristinibh deamhnaidhe, nó gur leanas-sa iad gach lá diobh agus gur díth-cheannas ar nós na ngruagach gach aon díobh go dtugas liom fa dhiaigh gus an áit so í. Agus, a Mhurchadh, is fada silleadh súl ar mhnaoi dhuine eile agat," ar sé, "is ní gan ceannach fuaras-sa féin bean." Iar gcríochnughadh an sgéil don Díthreach do ibh deoch ar an Árd-rígh agus adubhairt go raibh i n-aimsir suipéir. Tar éis an t-suipéir sin do chaitheamh dóibh do chuaidh an rí do chodla agus is é áit i n-ar eirig an lá ar-na mháireach air .i. ins an taobh theas do Eirinn mar ar ghluais i ndiaigh an fhiadh agus an ghadhair, agus an fiadh agus an
gadhar mar aon ris, mar do chuir an Dithreach in ré geintleacht é agus iad sin maille ris, d'eagla go dtiuchfadh Murchadh dá n-ionnsaighe an dara h-uair. Gídheadh níorbh é eagla an ghadhair ná an fhíadh do bhí air, acht ar eagla go gcucólfaidhe é féin ris an rígh. Ní bhfuil amhras go ndearnaidh Murchadh mórán don ghadhar agus don fhiadh agus nách deachaidh ag féachaint an Dithrigh an dara h-uair. Dála an Díthrigh níor mhiste leis sin. Gídheadh níor mhaith le n-a mhnaoi ná táinig Murchadh aríst. Finit
Ceisneamh inghine Ghuil
6. Ceisneamh inghine Ghuil Áirdrí uasal, onórach, céillidhe, ceirt-bhreathach, líonmhar, láidir, lán-chalma, feasach, fíréanta, fír-ghlic, foghlumtha, fír-dhlightheach, ceannsa, curanta, croidhe- amhail, cath-líonmhar, saidhbhir, so-chineálach, saoir-bhéasach, meanmnach, mascalach, mór-aigeantach, rathmhar, réim- dhíreach, cosantach, cath-bhuadhach, clann-líonmar, gasta, grádhmhar, geanamhail, mín, maordha, maiseamhail, aoibhinn, áluinn, ádhmharach, ionnsuidhtheach, bríoghmhar, boirb- neartmhar, buan-láidir, gan uaill, gan díomas, gan iomarca éagcóra ná aindlighe ar lag ná ar láidir, do ghaibh ceannas agus árd-tighearnas ar a dhá chóige mín- leathana, mór-dhálacha Mumhan, darbh' chómhainm Feidhlime mac Criomhthainn. Agus is amhla do bhí an Feidhlime sin go mbuaidh oineach, eadhnamhna, agus árd-léigheann; go mbuaidh crotha, céille agus cómhairle; go mbuaidh catha, cogaidh agus cómhmhaoidhte. Do bhí fírinne i n-a gheallamhain agus comhall i n-a bhréithre. Do bhí gach aon duine i n-a dtighearnas ceart agus i n-a ndúthchas féin le linn an áirdríogh sin, agus ní raibh cosamhlacht ris i n-Éirinn an uair sin acht Cuimín Foda mhac Fiachna agus Colam Cille mac fíor-áluinn Feidhlime; óir bhíodar seacht ngrádha filidheachta leis; agus ba easbog agus mac léighinn é; ba file agus ba fáidh é; agus ba saoi le seanchas é; agus is é ba rí ar dhá chóige mór-dhálacha Mumhan an tan san. Do fuagradh ó Fheidhlime d'fhearaibh Mumhan sluagh agus sochraid do thíomsughadh chum dul leis ar mhór-chuairt Leatha Mogha; agus tángadar chuige mór-uaisle Mumhan Connacht agus Laighean go h-aoin-inead; agus iar a dtionól agus ar dtíomsughadh go h-aon-láthair dóibh do gairmeadh
chuige a mhaoir, a reachtairidhe agus a fheadhmannach do thabhac a bhídh agus a chíosa chuige go Caiseal, an feadh do bheadh sé féin ag gabháil giall. Ciodh trácht iar ngabháil giall Éireann uile d' Fheidhlime, filleas féin go Caiseal agus fiafruigheas dá mhaoraibh ar thógbhadar cíos na Mumhan mar do theangbhaidh dóibh do dhéanamh in sna cóigíbh eile. "Do thógbhamar," ar siad, "acht cíos Eoghanacht Locha Léin amháin, óir is é freagra tugsad orrainn, nár chlú agus nár mhaise leó a gcuid bídh do chur go Caiseal, acht teacht dá chaitheamh i n-a dtighthibh féin. Agus iar n-a chlos sin d'Fheidhlime do ghluais roimhe, agus maithe bhfear Mumhan idir laoch agus cléireach, go rángadar Eoghanacht Locha Léin; agus is é aimsear agus taca do bhliadhain sin in san bhfaoillidh earraigh; agus fearadh sneachta mór ar na sléibhtibh, agus do bhí do mhéid an tsneachta sin gur cuireadh a n-eich agus a ndaoine. Is annsin ráinig Turrasán .i. giolla Feidhlime chum an láithreach chúcha agus is é adubhairt: "A rí agus a thighearna, dá ndéantá mo chómhairle féin is é ba indéanta dhuit a bhfuil do shruithibh agus do ríoghdhamhnaibh gan foras gan fearanntas gan triucha gan tighearnas gan fonn gan fearann aca féin, a gcoinmheadh agus a leathnughadh ar na fearainn-se is cóimhneasa dhuit id' thimcheall, agus tú féin agus an líon atá do mhaithibh Mumhan agus d'eaglais id' fhochair do dhul go tigh flatha nó biadhtaigh éigin dá bhfuil id' chómhfhogus, an feadh do mhairfeadh an droch-shíon agus an droch-aimsear so ann, agus gach n-aon díbh d'fhuireach i n-bhúr dtighthibh leaptha agus láithreach féin go h-imtheacht do'n tsneachta so, agus teacht go haon-láthair annsin chughat-sa." "A Thurrasáin," ar Feidhlime, "do-ghéantaidhe an cómhairle sin linn-ne, muna mbéadh iomad ár sluagh agus ár n-uaisle, ár ngiollannradh agus ár n-aois dána, agus nach
fuil fós i gcómhfhogus dúinn teach i n-a bhfuilingeochthaidhe ná ríarfaidhe an líon atá im' fhochair-se ná rachadh acht mar a rachainn féin." "Ná milleadh mo chómhairle-se aon nidh umat," ar Turrasán, "gidheadh do-gheobhainn-se ionad duit-se agus dod' shluagh anocht i n-a bhfuileónthaoi sibh, agus ionad i n-a ndligheann tusa d'iomchar agus aoidheacht agus friothálamh d'fhághail ann, agus is é sin teach Ghuil ghlain-bhriathrach i nDún Lóich .i. t'ollamh agus t'fhear dána, do sheanchaidhe, do chara agus do chompánach féin." "A Thurrasáin," ar Feidhlime, "dá bhfionntá-sa nó dá mbeadh a fhios agat a bhfuil do mhuinnteardhas agus do chompántacht agus do cheangal bunaidh againn-ne le chéile do bhrostódh-sa sinn-ne fá dhul dá thigh sin, óir is i n-éinfheacht do bhadhmar i bhfarradh agus i bhfochair a chéile i n-Árd Macha ag déanamh ár léighinn agus ár bhfoghlamtha .i. eisean ag déanamh filidheachta agus mise ag foghluim léighinn; agus mar an gcéadna is ar aon bhiadh, ar aon bhord agus ar aon leabadh do badhmar ann. Agus lá n-aon do thárla dhúinn beagán ghlóir-briathraibh glice, glan-fhoillseacha agus do chómhráidhtibh caoine car- thannacha cáirdeamhla do rádh le chéile, agus adubhairt eisean liom-sa: "A Fheidhlime," ar sé, "dá ngeabhthá-sa ríoghacht agus ceannas Mumhan mar do tairngireadh duit, agus mar is dual agus is dúthchas duit, cá maitheas nó cá tairbhe do-gheobhainn-se uait ar son mé bheith im' chómhdhalta aoin- tighe aoin-bhidh aoin-leapthan agat seach an tí do thiocfadh an lá sin féin chughat?" Do gheallas dó dá ngeobhainn ríoghacht Mumhan nó Éireann, go dtabharfainn an árd-ollamhnacht dó, agus do chóimhlíonas san do réir mo gheallaimh. Do naisc agus do cheangail seisean orm-sa dá dtéighinn le h-aon turas go h-Eoghanacht Locha Léin gan gabháil tairis go ndeachainn dá fhéachain
dá dhún agus dá dheagh-árus féin; agus gá fearr dam uair do rachainn ann ná anocht i gcóimhlíonadh mo gheasa dhó." Iar gcineadh ar an gcómhairle sin dó .i. dul go teach Ghuil, do rinneadh an coinmheadh agus an leathnughadh amhail adubhairt Turrasán, agus do ghluaiseadar rómpa iar sin ar amus agus ar ionnsuidhe dhúna agus deagh-áruis Ghuil go Dún Lóich, agus do ghluaiseadar díosgar-shluagh agus fir mheara mhear- dhána ar cóimh-rith chum an bhaile. "Créad iad an mhór- bhuidhean úd rómhainn chum an bhaile?" ar Feidhlime, ar n-a bhfeicsin dó. "Atáid," ar Turrasán, giollaidhe dod' mhuinntear-sa atá ag gabháil stáblaidhe agus teacha leaptha dhúinn-ne." "A Thurrasáin," ar Feidhlime, "éirigh 'na ndiaigh siúd agus fost a dtosach agus nach leig neach díobh rómhainn chum an bhaile, óir is fear feargach doilghe ain-teangthach fear an bhaile úd, agus ba mhór agus ba iomarcach d'aon bhaile i n-Éirinn a bhfuil i n-a rith annsúd do riar, agus ní racham don bhaile úd anocht; acht racham ar an dtulach taithneamhaigh taobh-uaithne úd ós cionn na faithche, agus dá mbeadh sé ar gcumas dó ár bhfriothálamh déantar é; agus muna mbeith sé ar gcumas dó ár bhfriothálamh béarfar seisc agus caonach agus úr-luachair chughainn do bhruachaibh na Leamhna lán-aoibhinn, agus déantar bóthar agus béal sgátha dúinn, agus déantar teinte agus teann-taighe linn amhla sin." Téid Turrasán i ndiaigh cháich agus do chongaibh re Feidhlime iad, agus tángadar ar an dtulach agus do sguireadar a n-eachraidh agus a gcarbaid, agus do sheinneadar a stoic agus a gcaismeartha catha agus a n-adharca, amhail ba ghnáth leó i ngach inead i ndéanfaidís cathughadh cómhnuidhe nó foslongphort. "Is fusa dhúinn," ar Feidhlime, trosgadh aon oidhche amháin do dhéanamh ná ár nglámhadh Feidhlime fá
bhiadh .i. dul dá iarradh nó go mbéadh a fhios againn an bhfuil sé ann." Ciodh trácht, do h-innseadh do Ghuil Átha Lóich Feidhlime mac Criomhthainn .i. Áird-rí Leatha Mogha do bheith ar faithche a dhúna go n-a dheagh-mhuinntear. Éirgheas Guil go h-obann agus tug trí luath-chuarta dá rosgaibh géara glan- radharcacha i dtimcheall an tighe agus an teaghlach uile, agus ní fheacaidh neach ar ar choithig ná ar chómhnuigh a shúile ná a fhéachain acht an inghean dob' óige aige .i. Sadhbh, agus gabhas Guil ag síor-amharc ar an inghean. "Cá síor- amharc atáir do dhéanamh orm seach gach aon dá bhfuil istigh, óir," ar sí, "dob' óige mé an chéad oidhche bhíos i n-aoin-tigh leat .i. an oidhche do rugadh mé, ná anois. Ní bhfuil aon bhall dom' chorp nach feacaís agus nach fuil aithne agat ortha roimh aniugh, agus cá nuadh-chruith do shíleas tú bheith orm aniugh seach gach aon uair eile, mar go bhfuile ag síor-amharc orm?" "A inghean," ar Guil, "is dual damh-sa tusa d'fhéachain mar is ball dam' ballaibh tú má's fíor do mháthair; óir adeir do mháthair gurab inghean dam thú, agus fós dá nídh ar a bhféachain go minic, ar a ró-ghrádh nó ar a ró-mhiosgais, agus atá do ró-ghrádh-sa agam-sa agus ní bhfuil do ró-mhiosgais, agus atá dúthracht agam chum do mhaitheasa agus ní bhfuil mo dhúthracht chum t'uilc." "Is fíor sin," ar an inghean, "agus ní mó do ghrádh dam aniugh ná gach lá eile, agus ní h-é sin an fáth fá bhfuil tú ag sír-fhéachain orm." "Ní h-é sin go deimhin," do ráidh Guil; "agus a inghean," ar sé, "is é fáth mo shír-fhéachain ort, mar do chuadar m'aos dána agus mo lucht agallmha Áirdrí uaim ar amus agus b'ionnsuidhe triatha agus tighearnas, taoiseach agus tánaistidhe, a gcarad, agus a gcompánach, agus daoine do bhéaradh nídh dhóibh mar luach a n-éigse agus a n-ealadhna; agus ní bhfuil neach díobh agam anois leis
an gcruadháil agus leis an éigean so do rug orm. Agus ó nach fuil, a inghean," ar sé, "créad bheir ort-sa gan dul i gcoinne na sluagh ag cur fáilte roimh Rí Mumhan agus roimh a mhaithe, agus saoghaltacht briathra do chaitheamh ris agus re na sluaghaibh dá fhéachain an seachnochaidís sinn anocht, ó nach fuil acfuinn a bhfriotháilte uile againn, nó mura seachnochaidís sinn anocht a gcongbháil an feadh bheadh an teach dá ghlanadh dá chórughadh agus dá úrluachra, óir ní tháinig forfhógra roimhe chughainn; agus can-sa fíor- chaoin fáilte roimhe, óir dligheann sé fáilte d'fhághail san mbaile seo, óir is minic fuaramar-na ór agus ionnmhas uaidh sin." "Is briathar damh-sa," ar an inghean, "dá mbadh neach eile adéaradh sin liom-sa go ngríosfainn a ghruadh agus go ndeargfainn a leaca ionnas nach fágfainn sáith dearnaite d'fhuil ná d'fheoil air idir leathar na leacan agus an cnámh aige gan ithe agus dian-chreimeadh, óir ní h-é sin oileamhain tugais-se orm-sa; óir is amhlaidh d'oilis-se mise idir an lic is an losad, idir an losad is an t-úrlár agus idir an t-úrlár is an doras; óir ciodh gairid théid an mac beag ar adhbhar baoise agus buain- leanbhuigheachta ní dheacas-sa an fhaid sin riamh, agus ní fheaca dís do dheagh-dhaoine riamh ná go bhfaghainn bás do throm-náire agus mántacht. Gidheadh, atáid trí neithe ná dlighthear do dhalta do dhéanamh i ndiaigh a oide .i. gan a dhiúltadh fá shéadaibh, gan a chrádh fá n-a mhnaoi, agus gan a shéanadh fá'n fhoghluim; agus an feadh mairfeas tusa ní chráidhfidh mise fá d'mhnaoi thú, óir ní fearr liom a beith ag fear eile ná agat-sa; agus dá mbeidís seóide nó maoine agam is duit-se bhéarainn iad, agus fós ní bhfuilim do shéanadh ciodh beag m'fhoghluim gurab uait-se atá sí agam." "Maiseadh, a inghean," ar Guil, "éirigh amach d'fhios na sluagh agus fear fíor-chaoin fáilte roimh Fheidhlime
agus rómpa-sa." "Rachad-sa annsin," ar an inghean, "do chionn do bheannachta d'fhághail ciodh rachad d'éag do náire, agus adubhairt an laoi eatartha: - G. "Fionntar leat, a Ghuil chródha, Gus na géagaibh glé-mhóra, Cia do ghní an measgadh so amuigh Ar mhór-fhaithche mo dheagh-dhúnadh." S. "Ná h-abair sin, a athair dhil, Is gur tú is náirighe fá nimh, Dá ndearnaidh fúm gáire, Rachad d'éag do throm-náire." G. "Gaibh mo léine shuaithnidh shróil, Gaibh do chóirthear eangach óir, Gaibh umat t'fhleasc is iomchair, Éirghe amach agus fionntar." Éirgheas an inghean bheag 'na seasamh agus gabhas a brat corcrach uimpi ós a bán-bhruinnibh, agus dealg óir san mbrat sin, agus fleasg áluinn ildhealbhach iolbhuadhach fionndruinne go slim so-fhaicseana uim a ceann mar chómhartha bain-fhile, agus téid sí amach ar an bhfaithche agus tug a h-aghaidh ar na sluaighte go h-eagnaidhe úir- mhisnigh, agus tug luath-chuaird dá rosgaibh rinn-ghéara fá na ceithre h-áirdibh go díreach i n-a timcheall, mar atá soir, siar, ba dheas is ba thuaidh. Is annsin do chonairc an inghean bheag na sluagha adhbhail- mhóra, agus is iad tárla uirthe ar dtúis triúr fileadha do mhuinntear an ríogh agus iad ar bhfilleadh a nglún agus a ndruim re claidhe agus iad ag cluanaigheacht. "Is i
n-éinfheacht do doireadh na h-éigse," ar sí. "Cionnas atá fhios sin agat-sa?" ar siad. "Mar is i n-éinfheacht do bhéarthaoí laoigh," ar sí. "Fan-sa 'na ndiaigh go gcuirfidh tú naisg ortha," ar siad. "Ní h-amhla is cóir," ar sí, "acht a máithreacha féin dá lighe ar dtúis, óir is amhla is dual agus is dleacht a dhéanamh." Do ghaibh eagla mhór na fileadha roimpi, agus do chuir sí an triúr sin di, óir do theitheadar uaithe, agus do ghluais roimpi go neamh-náireach gus an ionad i n-a raibh Feidhlime, agus do chuir fíorchaoin fáilte roimhe agus roimh mhaithe a mhuinntire agus is é adubhairt: "Dia do bheatha, a uasail agus a áirdrí, a Fheidhlime mhic Criomhthainn." "Go mairir, a inghean bheag," do ráidh Feidhlime, "agus is tairise agus is maith linn t'fháilte." "Creidim sin," ar an inghean, "agus cá h-áit ar chodlais araoir?" "Do chodlas i Luachair Dheaghaidh," ar Feidhlime. "Is furas aithne," ar sí, "gurab dortadh flaithis agus díth oirbheartha agus aineólas mór duit-se má's mar ghné cáinte ar Ghuil Dhúna Lóich tugais amus na h-oidhche anocht air, agus atá fhios agam féin nach raibh oirbheart aithne ná eolas agat féin san gcríoch so agus teacht ó'n áit i raibh luachair gus an áit nach fuil an luachair féin .i. go teach Ghuil gheanamhail ghrádhmhar Athá Lóich ag iarraidh iostais na h-oidhche anocht, agus é féin gan bhiadh gan deoch gan teach gan teine gan iostas, gan cuach ar chlár ná an clár féin, gan úrlár gan leabadh 'na h-áit aige; óir níorbh' fhuláir, a uasail Fheidhlime, forfhógra míosa, ráithe, nó bliadhna do bheith romhat sul do thiocfá don bhaile-se." "Cionnas atáthar agaibh, a inghean?" ar Feidhlime. "Atáthar go h-olc," ar sí ".i. go gann gortach tirim teirc-bhídh teirc-éadaigh táimh-néallach, gan siolla gan seomra gan cruach gan stáca gán cúil, gan cuach ar
chlár, ná an clár féin ar a mbeadh sé againn, go clamh trochailte spadánta ocrach brónach imreasánach, ag sníomh le gorta do shíor; agus an bhfaiceann tusa an teach mór úd ós do chómhair thall?" "Do-chím," ar Feidhlime. "Maiseadh," ar sí, "tá clochán cam sleamhain salach so-leagaithe chuige siúd, agus casán cumhang fíor-bhréan tolgánach chuige, agus tá cliath-shlat gan teóidhe gan téagar 'na fiar-luighe nó 'na leath-luighe leis le fíor-easbaidh feiris-tighe. Agus atá dóirse fíor-chumhanga fír-ísle agus fuinneóga fairseanga fíor-fhuara ar an dtigh sin. Agus ní díon ar ghaoith ar dhuartan ná ar dhoineann é; agus atá úrlár claiseach sopach salach sír-fhliuch ann; agus atá cat seang siubhlach síor-dhranntánach creat-lom féitheach ann; agus cú bheag ghearr dhorcha ghruamdha ghráineamhail lom-easnach; cearca cos-árda caola cóir-sgríobacha; agus leinbh bholg-mhóra chruinn-tsilleacha chorracha cham- bhéalacha chaol-spágacha channránacha bhíos ag sír- sgreadaigh agus ag síor-bhodhradh na muinntire; agus atá teine dhubh dhorcha dheataigh mhór gan bhrigh gan bheartughadh gan teas gan téagar ann; agus aráinín briosg bog blodhach gairbh-siabhach gan snáthadh gan táthughadh dá dhéanamh ann, agus é dá losgadh ar ghreidilín ghearra dheirg-chnaipeach chlaigeach chlaiseach dhóighte tholgánach ag ban-óglaigh bhig ghearra bhuidhe bhréin bhladhmannaigh bhreill-mhéaraigh mhór- shaithigh do-mhaisigh ag arbh' mhó seacht n-uaire a ghreidhm ná a h-uiriseacht; agus áirseóireadha do chailleacha loma liatha fliuch-shúileacha prioslacha sreamacha cróin- fhiaclacha do bhíos do ghnáth ag bodhradh an tighe. Maiseadh, a Fheidhlime," ar sí, "gidheadh go bhfaigheadh maithe agus mór- uaisle lán laghaire do bhréinim gabhair, caorach agus anamhaidheach eile, ní bhfaigheadh daoithe ná srathairidhe ann acht uisge oghar-phiastach na leamhna nó an tobair bhuidhe
mar dhigh; agus atáid leapthacha cruadha cumhanga caola ann agus iad lán de dhearnaitidhe. Atáid lucht an tighe úd uile agus ní tháinig aoinneach fireann ná baineann, beag ná mór, lag ná láidir, óg ná críonna, buidheach sásta ná sáthach as riamh, dár chaith a bheag ná a mhór do bhiadh an tighe úd. Dar an lic Phádraig atá i gCaiseal Mumhan," do ráidh Feidhlime, "dá mbeadh a fhios sin againn-ne a bheith mar sin ní thiocfaimís go bruinne an bhrátha." "A uasail Fheidhlime," ar sí, "is truagh íseal cliabh con againn, agus is árd cliabh fiadh againn; idir na bogha agus na boilg tángais chughainn, óir do chuaidh guith an tsúiste uainn agus ní rug foghar an loinithe orrainn; agus is bleachtmhar sróna linn. Níl acht anglais ag ár loilígheach- aibh, agus iar ndísg ag ár ngabhnachaibh; agus bídh na lucha liatha léire luaithe ag lighe ár gcneas mar iarradh bídh ó urthosach na h-oidhche go maidean." "Dar an lic Phádraig atá i gCaiseal Mumhan," ar Feidhlime, "dá mbeadh a fhios againn-ne a bheith mar sin ní thiocfaimís ann go lá an tsléibhe." "A Fheidhlime," ar sí, "an gcuala tú sé ceólta tighe Ghuil?" "Ní chuala," ar Feidhlime, "agus abair iad." "Éighmheach, búithreadh sgréachach, bodhradh, béiceach agus blaidhreach," ar sí. "Agus an gcuala tú trí h-abhráin tighe Ghuil?" ar sí. "Ní chuala," ar sé, "agus abair iad." "Gol, gárthadh agus gla- fairt." "Agus an gcuala tú na sé coin atá i dtigh Ghuil?" Ní chuala," ar Feidhlime, "agus abair iad." "Stolladh raobadh agus gearradh, fogha éigean agus stracadh, agus ciodh h-iomdha deagh-dhaoine agus flatha tig dhon bhaile-se, ní théid neach díobh uatha gan leonadh leadradh gearradh agus dian-chreimeadh fá'n sliabh sin suas, gurab ar éigean is féidir leó sgaramhain leó mar sin gan a n-itheadh go h-uile, agus bé aca is fearr sgaras leó bí othras mí nó
ráithe air dá n-éis," ar sí. "Agus an gcuala tú trácht ar thrí reachtaireadha atá ann?" "Ní chuala," ar sé, "agus abair iad." "Ruaig cruadhas agus casaoid," ar sí. "An gcuala tú," ar sí, "na naoi feadhmannaigh atá i dtigh Ghuil?" "Ní chuala," ar sé, "agus cad é a n-anamna?" "Atá," ar sí, "sladuidhe braduidhe gaduidhe, cathughadh mallughadh fad-chumha, troidéis móiréis agus ráiméis." "An gcuala tú," ar sí, "na sé cailíní atá i dtigh Ghuil?" "Ní chuala," ar Feidhlime, "agus abair iad." "Daille moille agus leisge, clampar amhgar agus deifir." "An gcuala tú," ar sí, na buachaillidhe atá ann?" "Ní chuala," ar sé, "agus cad is ainm dóibh?" "Atá mearughadh cailleamhain agus ciarsán, imreas uireasbaidh agus uathbhás." "Agus an gcuala tú trácht ar an dá chailligh déag atá i dtigh Ghuil?" "Ní chuala," ar Feidhlime, "agus innis dam cia h-iad," ar sé. "Gruig graig agus gorta, goin goid agus glafairt, déirc diultadh agus doicheall, ceas- acht caol-chuid agus cannrán." "An gcuala tú," ar sí, "anmna an dá sgológ déag atá pósta aici siúd?" "Ní chuala," ar sé, "agus abair iad." "Bruid brad agus basgadh, clampar clamhaire agus caismirt, guaireach gruama agus gearán, brúghtach buithreach agus beagán; agus ba leor d'adhbhar uireasbaidhe nó ocrais do neach san domhan féachain ar chorpaibh daoine bochta seirgthe casa feoidhte truagha spadánta súighte seang-chliabhacha dona dearóile buidhe briste cruadha lúinn-leacha gacha críon- chaillighe agus gacha críon-sgolóige, agus go bhfanfadh mion- ubhall nó mór-áirne ar gach ruibe dá malaidhibh mothallacha glais-liatha garbha cama cruadha casaoideacha. Agus is amhla bíd gach aon lá agus sé cailleacha agus sé sgológa ar gach doras de dhóirsíbh tighe Ghuil, agus iad ag creimeadh agus ag cáinseoireacht ar gach neach dá dtig don bhaile sin,
agus go mórmhór don teaghlach úd; agus ní shlánuigheann sé bliadhain dá shaoghal aoinneach dá n-aoirid ná dá n-aithisighid na h-árdhachtuighthe sin." "Dar an lic Phádraig atá i gCaiseal ní aorfaid agus ní ghlámhfaid siad sinn-ne óir ní fhaicfid siad sinn dá súile agus ní mó chífeam iad. Agus a inghean," ar Feidhlime, "an bhfuil neach don mhuinntear is measa ná a ndubhraís fós?" "Atá go deimhin," ar sí ".i. mo chómhdhalta féin, an fear 'gár h-oileadh agus 'gár beacht-mhúineadh mé aige." "Cá h-ainm dó?" ar Feidhlime. "Dearóile mac Beag-mheanman," ar sí, ".i. fear dúr dorcha diab- laidhe droch-mhúinte dochraidh do-dhealbhach tuaisgeartach d'iarmhar Thuatha Dé Danann, agus Dollrachtach mac Diúlttha is ainm agus is sloinne don tsagart do bhaist é, agus an tan do bhí sé dá bhaisteadh thug sé trí tonna baiste thairis .i. tonn diúlttha tonn léire agus tonn ceasachta, agus a uasail Fheidhlime," ar sí, "is sgítheach imshníomhach athtuirseach atáthar ag muinntear an bhaile so .i. an baile so 'na dtángaís anocht, óir atá teirce bhídh ar ár n-áitibh, agus tart ar ár maithibh, agus díth riain ar ár ndaoine agus ar ár n-áirnéis agus ar ár gconaibh, le h-easbaidh bhídh agus le lán-ghorta, do bhrígh gur fhág an sean-bhiadh sinn agus ní tháinig an biadh nuadh chughainn. Agus is árd ingneach ár gcait agus ár ngadhar ar bheagán lúith le láin-easbaidh, agus níl friothálamh aon chéireach aon ghéidh ná aon bheithe san mbaile 'na dtángaís anocht. Agus dá mbadh í mo mháthair- se nó mo shiúr mhíosa do thiocfadh amach do chreidfeá sgéal uatha, óir is eól dóibh ceisneamh do dhéanamh ní h-ionann is mise, óir ní h-eól dam a innsin duit-se mar atá an baile úd, mar is am' thuirtín gan bruith gan fuineadh gan fásgadh gan cainnt gan cruinneas gan eolas atáim- se nár chleacht deagh-dhaoine d'fhaicsin ná d'agallamh
riamh, óir is oileamhain mná idir a boin agus a buarach do fuaras-sa ní h-ionann agus cách." "Dar an lic Phádraig atá i gCaiseal," ar Feidhlime, "dá mbadh í mo mháthair-se nó do shiúr mhíosa do thiocfadh amach do leigfinn-se a bhfuil ó Luachair Dheaghaidh siar dóibh, agus ós tusa tháinig ann is leigthe a bhfuil ó'n Mangartain go Léim Lára dhuit." "Ní leigthe sin domh-sa a uasail agus a árd-fhlaith," ar sí, agus adubhairt an laoi: "Ní bhfuil sáth dá bhfuil Ár mbiadh ar Ghuil ghrinn, Tighte nochta sona Ná biadh ar Ghuil ghrinn. "Ní ba fiaghach foill, Ná biadh ar Ghuill ghrinn, Tighte bochta sona agus gorta go grinn. "Tionólfaidhear díbh Ceasacht as gach n-árd, Fé lán gacha tulaigh Cian is fada a mhairg." A h-aithle na laoi sin do ghaibh fearg mhór an rí agus adubhairt a each do ghabháil dó, agus do chuaidh uirthi go deagh-thapa. Iar n-fheicsin sin don inghean do lean an rí, agus do ghaibh an t-each ar a shrian agus adubhairt: "Cad is fáth dhuit, a uasail agus a áirdrí," ar sí, "fearg do ghlacadh mar sin, óir ní dual agus ní dleacht do rígh bheith feargach amail adeir an Tighearna: Rí fostach, gan fearg
gan leisge fá agallamh, gan diúltadh do dheagh-chómhairle, agus fírinne d'fhriothálamh." "Ní bhfuilim-se feargach a inghean," ar Feidhlime, "acht ní tráth cómhrádh dúinn anois, óir is deireadh laoi atá ann, agus is mór an duartan agus an do-shíon, an fuacht agus an fliuchán, agus is trom áidhbhéil an sneachta atá ann agus ní fios dam cá slighe ná conair 'na rachainn." "Ní fásach an tír ad' thimcheall," ar sí, "agus is leat féin a ceannas agus a cumas, agus ní féidir do chómhmhaith do dhuine do chur amach ná do chongbháil amuigh, gibé ionad a rachair; agus dá dteangmhadh go rachtá go tigh cómharsan dúinn-ne adéarfaidís nachar shaidhbhre iad féin ná sinn-ne; agus inneosad féin beagán dá sgéalaibh an bhaile so dhuit ionnas go mbadh lugha-de do bheadh amhras agat ar bhiadh ná ar dhigh do bheith ann tar th'éis féin, óir tángadar ceathrar chughainn ar aoidheacht agus coinmheadh san earrach so, agus ní fríth biadh ná beatha sa mbaile seo dóibh, agus ní mór do fríth," ar sé, "ar aon chor de, ciodh gur cuarduigheadh tuatha agus cealla agus tighthe taoiseach, agus níor fríth ionnta sin féin é nó gur fágbhadh géill agus braighde ó Ghuil .i. a mhic agus a bhráithre." "Créad an biadh do fríth dó ar na braighdibh sin, a inghean," ar Feidhlime. "Do fríth," ar sí, "an t-ochtmhadh cuid fichead do cheathramhain lobhtha d'easnacha cléibh gamhna goirm-chlitigh noch d'éag le truagh-ghalar san mí Feabhra, agus do sgeithfidís coin gharga ghortacha agus gadhair ghlana guith-bhinne d'éis a ithte, agus an oiread eile do shein-bhléin sean-mhuice lochartha lán-truaighe láithighe noch d'éag le h-ain-mheasardhacht nó le h-ain-teasaidheacht látha, dhóiseacht, nó clódhaireacht, agus leath-bhairín sgreamh- loiscighthe coirce d'fhás i n-iarmhar íochtar athghuirt athmhóna ris nar bhain taithneamh gaoithe ná gréine ó'n lá do treabhadh é gus an lá do baineadh é."
"Créad an t-annlan eile fríth dóibh?" ar Feidhlime. "Níor fríth," ar sí, "acht oiread trí sgiathán feidhleacáin do ghlas-mhillín do bhréin-im gabhar agus caorach ar n-a sleamhain tarraing tré chuair-bhéal chrín-bhrealláin mar choigeann-bhaisín, agus an millín sin go cuas-ghorm cam- ruibeach agus ar calcúghadh ar laghair mná mhóir-mhíolaighe mhóir-cheannaighe bhige ghearra bhuidhe bhreill-mhéaraighe mhór-sháithe dho-mhaisighe, agár a seacht mó a greidhm ná a h-uiriseacht, nach cíoradh í féin acht gach Luan Cásga agus nach h-ionnladh í féin acht gach Luan Bealtaine. D'fhiafruigh na deoraidhthe .i. bacach agus geocach, cearrbhach agus óinseach, an gcuirfíghear salann air siúd. Adúbhartas leó ná raibh aoin-nidh ann ar a gcuirfidhe salann acht muna gcurthaoi ar a dteangthaibh é. Agus is í deoch do fríth dóibh leis leath-lán brealláin bhig ísil-fhocaill do bhainne ós uachtar maide fearna, lán doirn i n-a íochtar agus dhá lán doirn i n-a uachtar, agus ba folamh ó n-a mheadhón suas an bréan-bhreallán sin, agus an bainne sin go glórach bolg-shúileach, agus é tar éis a shuaidhte a laghraibh mná míolaighe móir-cheannaighe; agus is mar sin do fuaradar an beagán droich-bhídh agus droich-dhighe sin; agus fós ba mhór an t-ádhbhar galair agus easláinte an biadh nó an deoch sin do chaitheamh; agus adubhairt a thabhairt as críochaibh chughtha, agus do chongaibh mac agus bráthair fir an tighe úd .i. Guil, i ngeall ris an mbiadh agus ris an ndigh sin, gur díoladh na fiacha do gealladh ar a son; agus is olc an t-am a dtan- gaís chughainn, a thighearna," ar an inghean. "Is é sin an t-am 'nar bleacht na sróna, agus 'nar seasg na ba, agus teirce bhídh agus dighe orrainn, óir níl acht arán táith-fhliuch truagh- choirce againn ar n-a losg-bhrúith, agus uisge odhar-phiastach ar n-a leathsgagadh, agus foirgneamh foirfe fíor-chumhang, agus botha croma caol-chúinneacha cam-dheataigh; agus do chuadar
ár ndaoine aosda i laige agus ár n-daoine óga i gcliabh- chaoile; agus is measa dhuit-se, a uasail Fheidhlime," ar sí, "nach dóigh do thriath ná do thighearna ar bith triall fá thuairim na h-áite i n-a mbí gach amhgar agus gach uireasbaidh dá gcualaís agus mórán eile nach tualang mise ar a n-aithris ná ar a bhfaisnéis díbh-se, óir ní dhearna-sa d'obair ná do luadhail riamh acht sgoilb do bhaint do mhaoil-chléibh nó sop d'uachtar builg an tighe, acht bheith banamhail banda óg naoidheanda neamh-ársa, agus noch ní h-eól dam na neithe adeiridís na mná críona do rádh, óir dá mbadh í mo shiúr mhíosa nó mo máthair-se do thiocfadh annso, do dhéanfaidís a dhá oiread is dhéinim-se do cheisneamh agus do dhroch-thuar leat as a seachnóidís na sluaigh- se iad." "Dá mbadh í mo mháthair-se nó do shiúr mhíosa do thiocfadh ann," ar Feidhlime, "do leigfimís-ne a bhfuil ó Dhruinne go Luachair Dheághaidh dóibh; agus tabhair m'eich agus m'iorradh don inghin óir bhig seo," ar sé, "agus an dara falaing óir atá agam." "Glacfad-sa sin," ar an inghean, "óir ní dlighthear tuarastal flatha d'obadh ná do dhiúltadh." "Gabhtar ár n-eich dúinn," ar Feidhlime. "Cá conair nó cá slighe 'narbh' áil leat dul?" ar an inghean, "óir ní maise dhúinn-ne bhúr n-imtheacht an tráth-sa acht mio-mhaise agus clú diúlttha." "Maiseadh," ar Feidhlime, "ní bhfuil againn acht fanamhain ar an bhfaithche bhfód-ghlais bhféar-aithne bhfearann-bhláith so anocht." "Ní bheadh maith dhúinn-ne de sin," ar an inghean, "óir gé beag d'fhéar agus d'ingioltas atá san mbaile seo d'íosaidís bhúr n-eachra-sa é, agus do loitfeadh leathan-lorg bhúr laochradh é go nach éireochadh go bráth airís, agus ní h-áiteóchar fós an baile seo d'bhúr n-éis go bráth." "Ní fheadramar créad is indéanta dúinn leat mura ndeachaimís síos fá'n dtalamh dtrom-fhódaigh." "Ba
mheasa dúinn-ne sin ná an chuid eile, a Fheidhlime fhíor- uasail," ar an inghean, "óir an t-ionad i ndéantaoí tusa d'adhlacan do ba dearbh go dtógfaoí cealla agus eaglais iongantach ann, do bhrígh gurab tusa ceann cléire agus tuatha Leatha Mogha, agus do bhronnfaidhe d'á éis sin na cealla san d'órd riaghalta éigin, agus do sgarfadh sé an bhaile seo leam' athair-se agus re n-a sliocht go bruinne an bhrátha." "Maiseadh," ar Feidhlime, "ní fheadar-sa créad dhéan leat, óir níor fhágbhais slighe againn cum fuireach ná imtheacht." "Maiseadh," ar an inghean bheag, "dá mbeadhthaoí go maith againn-ne do bheadh fáilte romhat, agus ní bhfuiltear acht go h-olc;" ar sí, "agus an bhfaiceann tú an teach mór úd ós do chómhair thall?" "Do-chím," ar sé. "Is amhla atá an teach úd," ar sí, "agus a chliabh chumhang chos-árd agus solas i ngach leath-troigh dá bhallaidhibh, agus is osgailte is gnáthach a phríomh-dhóirse agus ní le féile acht le fír-easbaidh fearas-tighe, agus ba mhór an t-éad-fhulang do thriath ná do thighearna mar thusa dul isteach ann, óir atá muinntear tighe mhalluighthe mhí- bhéasach eile ann i n-eaghmuis a ndubhart-sa leat roimhe seo. Atá ann fós fáidh-inghean bheag bhíos ag fonomhaid agus ag féachain fá gach aon dá dtig ann, agus an tan tig deoradh nó duine anaithnid ann isteach eatortha, is suaill nach éigean dóibh le h-imeagla roimh an líon liath-chailleacha lán- ghránna agus leis an sgor sgurtaoí seirg-easnacha seang- chliabhacha strac-shúileacha bhíos ann ag machtnamh agus ag min- fhéachain air go bhfágbhann an teach uile aca féin, nó go dtugann biadh, earradh, nó éadach dóibh, nó ór, nó airgead, ar eagla a aortha nó a imdheargtha tar cheann a oinigh." "Dar an lic Phádraig atá i gCaiseal, ní aorfaid agus ní ghlámhfaid sinn-ne," ar Feidhlime, "óir ní bhfaghaid agus ní fhaicfid siad go bráth sinn ná sinn iad, agus dá bhfeasaimís
a mbeith ann ní thiocfaimís do bhaile 'na mbeidís go bruinne an bhrátha, agus ní fheadar créad do dhéanamh leat, óir ní bhfaghainn slighe chum imtheachta uait ná chum fanamhna agat, agus a inghean," ar Feidhlime, "is mithid damh-sa imtheacht feasda." "Ná dein," ar an inghean, "agus tar liom-sa go tigh m'athar agus mo mháthar féin anocht." "Créad do gheobhainn ann," ar Feidhlime, "d'éis an cheisnimh mhóir do rinnis reomhainn gus an tráth seo?" "Do-gheobhair," ar an inghean, "tighthe leath-nochtuighthe agus miasa leath-lána agus coiridhe leath-fholamha agus cuirn leath- fholamha agus súgha an tirtín talmhan agus deargadh donn- bhratach agus fliuch caomhna go bun bhúr gcluas, agus bárr na gcrann dá gcognamh, agus casúir do chnámha daoine dá sgoltadh." "Dar na mionnaibh," ar uaisle Mumhan, "acht cé mór an ceisneamh is measa an geallamh." "Is fearr an geallamh," ar Feidhlime, "óir na tighthe leath-nochtuighthe adeir-se, atá díon don taobh amuigh orra agus gan díon don taobh istigh, agus na miasa leath-lána adeir-se, a lán bídh bhíos istigh orra agus iad folamh amuigh; agus na coiridhe leath-lána an taobh istigh lán orra agus iad folamh amuigh; súgha an tirtín talmhan, adeir-se, .i. súgha na gcriathar meala, dá ndeárnaidh leasughadh leanna an earraigh fá bhúr gcómhair-se, agus i mbliadhna caithfighear libh-se iad; agus an deargadh donn-bhratach na brait dhearga cuirfighear ar bhúr leapthacha; an fliuch caomhna go bun bhúr gcluas, an fothragadh bhíos ar bhúr gcorpaibh agus an folcadh ar bhúr gceannaibh; agus bárr na gcrann le cognamh, adubhairt sí, agus na casúir do chnámhaibh daoine dá sgoltadh, .i. cnó agus ubhla agus bhúr bhfiacla féin dá sgoltadh; agus dá bhrígh sin rachaimíd leat, a inghean bheag," ar sé. Éirgheas an inghean ar sin agus gabhas léi chum an dúna é, agus is amhla
fuaradar an teaghlach taithneamhach taobh-leabhair agus na cuilte caomhna, cúdaighthe, agus seomraidhe fairseanga, fíneálta ar n-a gcórughadh agus ar n-a úrluachra, agus do cuireadh céad fear fíor-uasal i ngach halla de theach Ghuil an oidhche sin, go n-a bhfuireann d'aois ceóil, agus oirfididh, agus ealadhan, agus tugadh coinmheadh dá n-eachaibh, agus dá ngiollaíbh, agus dá ndaosgar-shluagh. Do suigheadh na sár-shluaigh sin do réir a n-uaisle, agus a n-athardha, agus a ndúthchais, agus a n-anmana; agus níor cuireadh íseal i n-ionad an uasail, ná uasal i n-ionad an ísil, ná tréan i n-ionad an anbhfainn, ná daoi i n-ionad na flatha; acht gach n-aon i n-a ionad cuibhe cómh-fhoguis féin. Agus do dáileadh biadha saora, so- chaithmhe, séimhidhe agus deocha míne, meisgeamhla, garga, gabhálta, agus leannta réidhe, ró-mhilse, agus fíonta falcmhara, fíor-uaisle. Agus do bhádar ceathrar ar fhichid ann, agus ba díobh sin Maoluinn Maoltuille, agus Maolruain Molaga Muluaidh, agus mórán eile maille riú ná h-áirmhíghthear annso. Agus do bhádar mar sin feadh coicthighis ar mhí ag lán- chaitheamh na fleidhe sin, agus níor bhfearr an chéad oidhche í ná'n oidhche dhéidheanach. Gurab annsin táinig Glomar, giolla carpaid Feidhlime isteach, agus is é adubhairt:- "Is mairg rí do thréig dhá chúige Mumhan ar thighearnas aon tighe amháin, agus an tráth nach ann is dleacht do Rígh Leatha Mogha síor-chómhnuidhe do dhéanamh is leor dúinn a fhaid atáimid annso." "A thruagh," ar Feidhlime, "cá fearr domh-sa ríoghacht Múmhan agam ná ríoghacht an tighe-se. Agus ó ghabhais do láimh orrainn déanfam imtheacht." "Mallacht ar do bhéal, a ghiolla," ar Goil, "óir d'éirigh sonas agus saidhbhreas dúinn le linn an ríogh, óir na dabhacha donna, dath-áille, mar do ibhthear iad do gheibhthear lán an ath-uair iad, agus an feadh do bheadh
Feidhlime i n-ár bhfochair, ní bhéadh easbaidh bídh na dighe orrainn." "Innis dam anois," ar Feidhlime, "a Ghuil, créad fár chuiris an inghean bheag so do cheisneamh, agus do thabhairt diúlttha dhúinn agus iomad maoine agus mór-mhaitheasa an bhaile-se?" "Ní do cheisneamh ná do dhiúltadh chuireas í," ar Guil, "acht dá fhéachain arbh' iomchuibhe chum labhartha le cléir í." "Is iomchuibhe," ar Feidhlime, "agus ní h-iomchuibhe cléir chum labhartha léi-se ar a líomhthacht, agus ar a léireacht," agus adubhairt Feidhlime an laoi: - "Marthain duit a Ghuil, is marthain dot' inghin, B'fearrde go mór do mhaith, feabhas ár soghainne agat. Gidh tearc biadh do thighe, do réir briathra th-inghine, Is amhlaidh do biadhadh sinn, mar ba bhiadh cnoc Bréanainn, Mar ba shean-bheóir Loch Léin, mar ba mhil an Leamhain go léir; Ár sluagha is ár muinntear uile, is amhlaidh do riaradh sinn-ne. Is mise Feidhlime fial mac Criomhthainn sámh na saor- chliar, Fágaim ag Guil is ag á thig gach maith is gach mór- thuinn." A h-aithle na laoi sin éirgheas Feidhlime agus tiomnas ceileabhradh do Ghuil agus dá theaghlach agus tug céad do gach cró dóibh agus gabhas an inghean bheag ag síor-athchuinge eallach agus éadáil ar an rígh. "Ní thárla aon ní im' láimh anois," do ráidh an rí, "agus an céad uair theangmhas tú dam arís do gheabhair ní uaim." "Naisg sin ort," ar an inghean. "Naisgim," ar Feidhlime. Is annsin téid Feidhlime don doras osgailte amach agus téid an inghean don doras iadhta agus tárla sí ar Feidhlime agus is é adubhairt:
"A bhriathar ar gach fíréan," ar sí, "do gheallais ní dom san céad áit a theangmhadh dá chéile sinn." Gona de sin atá an sean-fhocal:- 'Is suairce breagh briathar ríogh, agus is fiacha ó ghealltar do neach." Gona í sin cáirde inghíne Ghuil um an dúthracht do ghealladh di, agus atá sin 'na shean-fhocal ó shoin i leith. Agus tug an rí a chulaith agus a each do'n inghin agus do ghluais féin roimhe i n-ath-ghiorra gacha slíghe agus i réim-dhíreach gacha conaire caomh-eólais trí Luachair Dhéaghaidh soir, agus do chríoch Chonaill Ghabhra, agus tárla i gConalladh air mac leighínn ag teacht san gconair i n-a chómhdháil go tearc teann-asnach troigh- éasgaidh. Agus is é do bhí annsin .i. mealltóir agus malartóir ar mhná agus ar bhaoth-ingheanaibh Mumhan, agus is é dob ainm dó .i. Donnúir mac Míodhbhuilge. "Gabhaidh an cléireach," ar Feidhlime," agus ceangaltar agus cruadh-chuibhreathar libh é." Agus do rinnsead cách mar adubhairt an rí leó. "A uasail Fheidhlime," ar Donnúir, "créad an fáth n-órduigheann tú mo cheangal, agus nách feasach mé ar shárúghadh an reachta ná'n dlíghe dá ngéillid maithe Mumhan. "Ag seo an t-adhbhar," do ráidh Feidhlime, ".i. tusa ag mealladh ban Mumhan agus aon bhean ag mealladh bhfear n-Éireann, agus ná meallann tú í mar chách." "Cia h-í sin?" ar Donnúir. "Sadhbh inghean Ghuil, Átha Lóich, for Leamhain," ar Feidhlime. "Créad do gheabhad uait-se má mheallaim í," ar Donnúir. "Breith do bhéil féin," ar Feidhlime. Gluaiseas Donnúir ar sin, agus ní h-aithristear a imtheachta go Dún Lóich, agus do mheall inghean Ghuil amhail do gheall don righ. Dála Dhonnúir ar sin ní h-aithristear a bheag dá sgéaltaibh go rochtain dó go Caiseal na Ríogh; agus ní dhearna sosadh ná cómhnuidhe go rochtain na puible
i n-a raibh Feidhlime mac Criomhthainn. Agus d'aithin Feidhlime é agus fearas fíor-chaoin fáilte roimhe agus ro fhiafruigh de: "Ar mheallais an fháidh-inghean bheag sin ag Guil?" ar an rí. "Do rinneas, go deimhin," ar Donnúir, "agus a bhriathar le gach fíoraon, agus is airighthe briathar ríogh, agus féach an ní do gheallais." "Do bhéar do bhreith féin duit," ar sé, agus tug saidhbhreas iomdha dó agus cuibhreann ar gach lios dá bhfuil i n-Éirinn. Adubhairt Donnúir ná glacfadh gan a fhearann féin Cill Osgladh. "Bídis sin agat," ar Feidhlime, "agus beannacht le n-a gcois." Is annsin do freasdaladh biadh ar bórd an righe, agus idir gach biadh dar cuireadh ar bord do cuireadh gé rósta ann, agus adubhairt an rí le Donnúir an gé do roinnt. "Do-bheirim an ceann duit-se, a rí onóraigh," ar sé, "óir is teann agus is ceann ar Éirinn tú. Do-bheirim sgiathán an ghé do na h-amhsaibh do bhrígh gurab iad do lucht cosnaimh na críche iad. Do-bheirim sliasta an ghé don bhantracht agus do na mnáibh uaisle. Do-bheirim cosa an ghé do na giollaíbh turais do bhrígh gurab iad lucht siúbhail agus taisdil na críche iad. Leis an gcill an corp, agus mise fein Cléireach na Cille," ar Donnúir, "agus biadh an corp agam féin." "Beir buadh agus beannacht," ar Feidhlime, "a Dhonnúir, is maith do roinnis an gé." Téid Donnúir go Cill Osgladh agus fanas Feidhlime i gCaiseal go bhfuair bás so-mholta ann. (Foircheann)
Eachtra Léithín
7. Eachtra Léithín Naomh éarlamh oireadha do bhí i gcríoch n-Éireann feacht n-aill darbh' chómhainm Ciarán Cluana. Do bhí creideamh maith aige don Choimhdhe chómhachtach. Aon do ló d'fhógair Ciarán dá chléircibh dul d'iarraidh tuighe chum na h-eag- laise Dia Sathairn go sonnradh. Agus is riu adúbhradh sin .i. fria Sailmín mac Beógain agus fris Maolán mac Naoi; óir ba lucht úmhluigheachta do Dhia an dís sin go nuige a ndícheall, agus rinneadh fearta iomdha do Mhaolán amhail adubhairt Ciarán an rann: - "Maolán mac Naoi, an cléireach, A lámh dheas dár séanadh, Da mbadh áil le Mac Naoi Fearta gach naoimh do dhéanamh." Agus fós Sailmín binn mac Beógain, fé h-é an fear chéadna ar chéill agus ar chrábhadh agus ar chreideamh é féin fós, agus ro-s-bheart Ciarán an rann: - "Sailmín binn mac Beógain, Creideamh diadha daingean, Ní h-ain-chion a cholann, A anam is aingeal." Gurab é sin an seachtmhadh mac do mhacaibh Beógain Boirne; agus ro ba iad sin seacht sailmchiallaigh Ciaráin, gurab uatha atá Cros na Macaomh ar an Sionainn agus Cros na Macaomh ar Shlighe Chluana. Ciodh trácht ro ghluaiseadar na cléirigh ar fuid na Sionann siar, go rángadar go Cluain Dóimh gur bhaineadar lán a gcuracháin do luachair bhuinnghil, bhárr-ghlais ann. Iar sin do chualadar guith
chluig an chléirigh i n-am easbairte Dia Domhnaigh, go ndubhradar nach fágfaidís an t-ionad sin go n-éirgheadh an lá Dia Luain ortha, agus adubhradar an laoi mar atá 'nár ndiaigh: - "Guith chluig ad-chluinim i gCluain, Oidhche Dómhnaigh, gan díombuaidh. Ní imeóchad ó chuala siúd, Go Luan i n-diaigh an Domhnaigh. "Dia Domhnaigh, do dhealbhuigh Dia neamh. Is ann do rugadh rí na n-apstal; Do láimh Dé san tsruith shoir, Do baisteadh é Dia Domhnaigh. "Dia Domhnaigh, do rugadh Muire, Máthair Ríogh na Trócaire. Dia Domhnaigh, adeirim dhe, Rugadh Eóin buadha Baiste. "Dia Domhnaigh, fós, is dáil dearbh, Tug Mac Dé an bhruid a h-ifreann. Dia Domhnaigh, d'éis an ágha, Bhéaras Dia breith an bhrátha. "Oidhche Domhnaigh, is binn binn, Guith an chléirigh ad-chluinim, Guith an chluig ad-chluinim-se, I nDruim Diobraid ós an linn. "Guith an chluig do-chluinim-se, Dom bhreith-se go Cluain; Guith an chluig ad-chluinim-se, Dom rad-sa go h-uain.
"Dar do láimh-se, a mhacaoimh-se, Is dar an Rígh ro-d-chruith, Is ionmhain lem' chroidhe-se An clog is an guith." Acht ro fhanfad na cléirigh an oidhche sin ar ghrádh Ríogh an Domhnaigh, gur ro fearadh sioc agus sír-shneachta agus reodh; agus d'éirigh doineann agus mór-fhearthainn dóibh, agus ro éirigh gaoth agus gairbh-shíon na fiormaimeinte re a ndíth agus re a ndochar, gur mhairg dóibh dá raibh i ndán a gcur i gcolann riamh, agus a mbeith an oidhche sin gan áirighthe botha ná béal sgátha leapthan ná lán-teine leó ann. Dóigh, ámh, muna mbeith trócaire Dé dá n-imdhíon, nach raibh i n-aigne dhuine acu bheith beó ar na mháireach d'éis na h-oidhche sin, le n-a bhfuaradar d'éigean agus d'uathbhás ó mhór-anfadh na gairbh-shíne sin, go nár chuimhnigheadar crábhadh na caoin-léaghadh do rádh ná do chantain, ná codladh ná cómhshuan do dhéanamh, gur ro saobhadh a gcéadfadh go ná facadar samhla ná baramhail do dhoimhne ná do dhoininn na h-oidhche sin riamh, ar nimhnighe a fuachta agus fós ar fhuaire na maidne, agus do bhádar ann tráth na maidne ar na mháireach, go gcualadar an brón- chómhrádh ciuin, uir-íseal, éagcaointeach, láin-imshníomhach, ós a gcionn i n-áirde ar aill ur-áird phríomh-fhairsing, gur foillsigheadh dóibh é tré fheartaibh a naomhthachta. Gidheadh mór d'olc agus d'anró agus d'imshníomh fuaradar, tugadar an cómhrádh dá n-uige agus dá n-aire. Agus is iad do rinne an cómhrádh .i. fiolar darbh' ainm Léithín agus éan dá éanaibh ag agallamh fria aroile go ciúnlánach gearánach, ag éagcaoine a bhfuachta go truagh, tuirseach, imshníomhach, go ndubhairt an t-éan ris an bhfiolar: "A Léithín," ar sé, "an cuimhneach leat leithéid na
maidne aniugh ná na h-oidhche aréir, do theacht ar t'eólas roimhe so riamh?" "Ní cuimhin," ar Léithín, "go gcuala ná go bhfaca a samhail ná baramhail di ó cruithnigheadh an domhan." "Agus an cuimhin leat féin nó an gcuala tú a leithéid?" ar an fiolar ris an éan. "Atáid daoine le n-a cuimhin," ar an t-éan. "Cia h-iad féin?" ar an fiolar, "Dubhchosach Binne Gulbain," ar an t-éan .i. "damh dío- mhór dílionn atá ag Binn Gulbain agus is é óglaoch is sine cuimhne dá cóimh-sine féin i n-Éirinn é." "Ort do chol agus do dhuais! Dar ndóigh, níl a fhios sin agat-sa. Gidheadh, ciodh fada sin uaim-se rachad dá fhéachain an bhfaghainn sgéala uaidh." Annsin gluaiseas Léithín roimhe go h-iméadtrom, agus nochar bhféidir leis éirghe go h-árd le neart na gairbh-shíne, agus ní mó fhéad go h-íseal le fuacht na fíodhbhaidhe agus le h-iliomad an uisge. Agus gér dheacair dhó é, do ghluais go h-iméadtrom iníseal, agus nochar bhféidir le neach ar bith a fhaisnéis ná a innsin a bhfuair sé d'olc agus d'anró ag dul go Binn Gulbain ag iarraidh Dhubhchosaigh. Agus ro fuair an damh ceann-bheag cos-luath dá thochas féin le fiodh-lomán daraighe, gur thúirlig Léithín ar bhinn don lomán maille ris, agus beannuigheas don damh tré n-a úrlabhra féin, agus fiaf- ruigheas de arbh' é Dubhchosach é. Adubhairt an damh gurbh' é, agus adubhairt Léithín an laoi: - L. "Aoibhinn duit, a dhubhchosaigh, Ar Bhinn Ghulbain ghéir; Mó sreath agus anach Tar ar lingeas léim.
"Ní h-eagal duit cuanartach Tar éis Fhéine Fhinn, Acht sibh saoghlach seasgair, Ó gach glinn go glinn. "Abair liom, a Dhubhchosaigh, A dhaimh, chinn ar chaoimh, Macasamhla na maidne-se Cuin do rála dhíbh?" D. "An cheist do chuiri-se, A Léithín ghlinn ghaoith, Mac-samhla na maidne-se Cuin rála dhíobh." "Innis dom, a Dhubhchosaigh," ar Léithín, "créad is aois duit." "Inneosad," ar Dubhchosach, ".i. is cuimhin liom an darach so shíos do bheith na darachán, agus aon bhliadhain do rugadh mise i mbun na daraighe do bhí ann, agus ro h-oileadh mise ar an leaba so nó gur dhamh dío-mhór mé, gur charas an adhbhaidh so trém' oileamhain uirre, gur fhás an dair iar sin go raibh 'na h-ógdharaigh mhóir, agus do thiginn-se dam' ghnáth-thochas féin ria gach nóna d'éis m'aistir agus m'imtheachta, go bhfanainn aige fan n-ionbhaidh sin go maidin ar na mháireach, agus nocha gcuireadh taisdeal ná trom-fhiadhach orm go soichinn an crann céadna, gur fhásamar ria aroile, go ndeárnadh díom-sa damh dío- mhór díomsach agus lomán lom lán-chríon don chrann so ad-chídh-se, go bhfuil na mhaosgán mhór mhadhmtha gan bláith gan toradh ná duilleabhar aniugh iar gcaitheamh a sheadh agus a shaoghail. Cidh trácht chuireas lucht chúig céad bliadhan do
leath dhíom, gidheadh ní fheaca agus ní chuala ris an ré sin ionsamhail ná tuairim na h-oidhche aréir." Gluaiseas Léithín roimhe d'ionnsuidhe a éan agus ar rochtain chum baile dhó adubhairt an dara h-éan ris: "An bhfuairis fios ná fuasgladh an sgéil um a ndeachais?" "Ní fhuaras," ar Léithín, agus ro ghaibh ag iomchasaoid ar an éan tré n-a bhfuair d'fhuacht agus d'anró, go ndubhairt: "Cia aige a saoilfeá a fhios d'fhághail dam anois" ar Léithín. "Atá a fhios sin agam," ar an t-éan, ".i. Dubhghoire .i. lon Chluana Feasda Bhearacháin." "Maiseadh," ar Léithín, "rachad dá ionn- suidhe." Agus gér bhfada sin uaidh do ghluais roimhe nó go ráinig Cluain Feasta Bhearacháin, agus ro bhí ag feitheamh na h-éanlaithe nó go ráinig leó sgur dá n-innilt, go bhfaca Léithín aon éan bardha baramhail bárr-áluinn bioth-bhuadhach dá ionnsuidhe go méid loin agus go ngile eala, agus iar dteacht chum láithrighe dhó ro fiafruigheas Léithín de arbh' é Dubhghoire é. Adubhairt sin gurbh' é. Ro ba iongnadh iar na n-innsin gurbh' é .i. an lon do bheith gléigeal, go ndubhairt Léithín an laoi: - L. "Cionnas sin a Dhubhghoire, Binn ar do lon-ghoire? Minic ro chuiris cuardaighthe Ar feadh feadha gorm-dhuille. "A gCluain Feasda na sreabh mbán, Sire Mágh Life lomlán, a Mhágh Life ag teacht anoir Go Cill Dara na dheaghoidh.
"As sin duit-se, léim tar gach fál, Gus an mbaile i mbí mBearachán As sin duit-se, chuim do neid, I gcill do bheannaigh Brighid. "A Dhubhghoire, innis dom, Do shaoghal iomáireamh, Macasamhla na maidne andé An dtárthaidh tú, a Dhubhghoire?" D. "Dómh-sa sin ba saoghal slán, Trí chéad bliadhan roimh mBearachán, Saoghal Bhearacháin do chaitheas, Do bhíos buan a bhiothmhaitheas. "I n-aon aimsir do bhí Lughaidh na Lann, Seal na rígh ar Éirinn. Ní bhfuaras ar muir ná ar tír, Aithin na laoi sin, a Léithín." "Maiseadh, is í mo thoisg féin chughat-sa," ar Léithín, "dá fhiafruighe dhíot an dtárthaidh tú, nó an cuimhin leat leithéid na maidne andé do theacht ná d'fhaicsin riamh ar a h-olcas." "Ní cuimhin liom go bhfeaca," ar Dubh- ghoire, "ná fós baramhail di." Dála Léithín, bhí doilig dobrónach óir níor budh lia-de a sgéala sin, agus gluaiseas roimhe go ráinig a nead agus na h-éin. "Sgéala agat aniugh?" ar an t-éan. "Nárbh soirb ná sona duit-se choidhche," ar Léithín; "ní bhfuilid sin agam, acht mar do bhadhas ag imtheacht dam, acht amháin méid mo thuirse ó gach siubhal agus aistear dá dtig díot-sa dhéanamh dam, gan a bheag ná a mhór dod' thairbhe
ná dod' thoice d'fhághail dam," go dtug sidhe sanntach sáir-nímhneach dá ghulbain chum an éin gur fhóbair aghaidh- foghla agus feol-sgaoilte do dhéanamh de le h-aingidheacht, ó n-a bhfuair d'olc agus d'anró ag dul go Cill Dara, gur sgréach an t-éan ós árd go trom-tuirseach éagcaointeach, go ndubhairt Léithin: "Air sin is truagh agus is doilghe liom má atá fhios i n-Éirinn ag aon duine gan a fhios agam féin." "Maiseadh, go deimhin atá," ar an t-éan ".i. ag Goll Easa Ruadh, agus ainm eile dhó .i. Éigne Átha Seanaigh, agus is dearbh go bhfuil a fhios siúd aige má tá san domhan fhios." "Deacair liom imtheacht ar t'eolas," ar Leithín, "agus ro ba mhaith a fhios súd d'fhágail." Gidheadh ro ghluais roimhe agus níor thúrna go ráinig Eas Ruaidh mhic Mhoghairne, gur ghaibh ag breithniughadh agus ag mór-fhéachaint na h-easa uadha, go bhfaca an éigne bhreac-bhallach ag innilt for san áth, gur bheannuigh dó go ndubhairt: "Sadhail sin, a Ghoill. Ní h-ionann sibh agus sinn-ne, óir ní h-ionann galar dúinn," agus adubhairt an laoi: - L. "Sadhail sin, a Ghoill go ngrinn, Mó sruith i n-deachais na dháil, Ní h-ionann sibh agus sinn-ne, Siubhlach orm dá innsin. "Is chughat thánag ó m'thigh, A Ghoill Easa Ruaidh ró-mhoigh; Caidhe do chuimhne go gcionn, Nó caidhe th'aois re a h-áireamh?" G. "Mo chuimhne is fada soin, Nocha h-urasa a h-áireamh. Ní bhfuil ar talamh na dtor, Neach amhlaidh acht mé am aonar.
"Is cuimhne liom, ní cuimhne géar, Ceatha díothchuir na díleann, Ceathrar ban is ceathrar fear, Do bhí na ndiaigh san domhan. "Cuimhne liom Pádraig na bpeann, Do theacht i dtír n-Éireann, Is Fir Bolg, feardha an dáil, Do theacht ó'n nGréig dá gabháil. "Fionntainn is fíor-chuímhne liom Do theacht sa tír-se láimh riom; Ceathrar fear lucht a loinge, 'Sa gcóimhlíon do bhanchoire. "Cuimhin liom Párthalán cáin Do gabháil righe ar Ultaibh, Cuimhin liom seal roimhe sin Glas mac Aimbite i n-Eamhain. "Tárla mé maidean nár mhín, Ar an abhainn-se, a Léithín; Ní bhfuaras maidean mar sin Riamh roimpi ná na diaigh. "Do rugas léim i n-áirde Fá cheannaibh mo chruadh-charraige; Sul do thúrnas dam thigh Do bhí an linn na lic oidhre. "Rug orm an fiolar ós tír, Sidhe anfadhach ain-mhín, Do rug leis mo rosg ghorm ghlan; Damh-sa níor shoirbh an saoghal."
"Maiseadh is í mo thoisg féin chughat," ar Léithín, "dá fhiafruighe díot an dtártha tú nó an cuimhin leat leithéid na maidne andé." "Do thárthas go dearbh," ar Goll, "óir is cuimhin liom teacht na dilinne, agus is cuimhin liom teacht Phártaláin agus Fionntainn agus Clanna Neimhidh agus Fir Bolg agus Tuatha Dé Danann agus Foghmharaigh maca Mileadh agus Pádraig mac Alphrainn; agus is cuimhin liom gur chuir Éire an diorma sin di. Tárthaigh agus is cuimhin liom maidin ba mheasa ná'n mhaidin sin, agus maidean eile i n-éaghmuis an mhóir-cheatha d'ár thuit an díleann, agus níor fhág an díle acht aon ceathrar amháin fear agus ceathrar ban .i. Noe mac Láimhfhiadhaigh agus a bhean, agus Sem Cam agus Iaphet agus a dtriúr ban, gurb iad sin lucht na h-airce go deimhin, agus ní áirmheann duine ná Canóin gur fhág Dia duine ar domhan gan díothughadh acht an t-ochtmhar sin; gidheadh áirmhid eólaigh agus ughdair go fírinneach gur fhág Dia ceathrar eile ag coimeád eoil agus cineóil, agus ag gabháil geinealach go comhchoitchean, óir níorbh' áil le Dia sgéala na ndaoine do dhíchealt, agus d'fhág Fionntainn mac Láimh- fhiadhaigh re fuineadh na gréine theas ag coimeád feasa iarthair an domhain, agus fós friom-sa furdhachta ag coimeád tighearnais an tuaiscirt, agus an fáidh agus an t-easbog ag deagh-órdughadh an deiscirt, agus is iad sin ceithre do bhí beó i n-éaghmuis na h-airce, gur chuimhin liom-sa an lucht sin uile a Léithín," ar Goll, "agus ní fhaca samhail na maidne sin ar a h-olcas, acht aon mhaidin amháin ba mheasa ná an mhaidin sin adeire-se, agus ná gach maidin dá dtáinigh riamh roimpi .i. lá n-aon dá rabhas-sa ar an linn-se go bhfaca eitealán niamhdhathach, ballchorcra, ós mo chionn i n-áirde, gur lingeas dá shidhe, agus sul thúirlig mé do rinneadh aoin-leac oidhre don linn uile tar mh'éis, gur chongaibh mé for san oidhre sin, go dtáinig
an fiolar dam ionnsuidhe ar nam fhaicsin dó, go dtug sidhe sanntach sáir-nímhneach orm, gur bhain súil as mo cheann, agus ro ba dam thruime nár fhéad mé thógbháil, gur theilg an tsúil fá'n linn, agus ro chuireamar ar aon spar- rainn re chéile gur bhriseamar an t-oidhre le spreoingiocht na spairrainne sin, agus le h-iliomad na fola flannruaidhe ag teibearsan ó m' shúil-se, gur briseadh an t-oidhre de sin go ndeachas-sa fá'n linn ar éigean gur chailleas mar sin mo shúil; agus is dearbh a Léithín," ar Goll, "gurbh' í sin aon mhaidin is measa go mór dá bhfaca-sa riamh, agus is measa ná an mhaidin sin adeire-se." Dála na gcléireach, do chómhairligheadar re chéile an bhfanfaidís re sgéala do bhreith ortha. Gidheadh fuaradar an oiread san d'olc agus d'anró, d'fhuacht agus d'imshníomh, nár fhéadadar fulang ná fuireach, agus adubhairt Maollán an cléireach: "Guidhim féin an Coimhdhe cómhachtach agus an Tríonoid toghuidhe go dtig an fiolar .i. Léithín leis an sgéal do gheabhadh go Cluain dá innsin do Chiarán." Dála Ghoill, ar sin ro fhiafruigh do Léithín cia ro-s-chuir d'iarraidh sgéala é. "An dara h-éan dom éanaibh féin." "Is truagh san," ar Goll, "is mór gur sine é sin ná tusa agus mise leis, agus ag sin an tí bhain mo shúil asam-sa, agus dá mbadh áil leis na sgéala sin d'innsin duitse is dó ba usa é; agus is é sin an sean-phréachán eachlach, agus ro mhaoluigheadar a ingne le h-ársaidheacht, gurab é is beatha dhó, ó chuaidh a lúth agus a lámhach agus a shaláthar féin as, .i. bheith ó gach neid go chéile ag múchadh agus ag marbhughadh ealta gacha h-éin agus ag á dtumailt, agus dá bhrígh sin ní bhéara tusa beó ar th'éanaibh féin, agus a chara ghrádhaigh is fearr do chonarc riamh, dá mbeire tusa beó ar dhul tar ais fair cuimhnigh ar imir sé ort, agus
díoghail na h-eóin agus t'aistear agus do thuras air, agus fós cuímhnigh mo shúil do dhíoghal air." Ceileabhras Léithín do Gholl agus gluaiseas roimhe i bhfrithin na conaire céadna na réimibh ró-luatha, óir ba dhóigh leis ná béaradh beó air a éanaibh ná ar a adhbha; agus do bhí ádhbhar na h-eagla sin aige óir ní bhfuair acht áit a neide ar dith a éan ar n-a n-itheadh don phréachán eachlach; go nach fuair Léithín do thairbhe a thosga acht easba a éan, agus ro imthigh an sean-phréachán eachlach d'éis na foghla sin do dhéanamh go nár rug Léithín air, agus ní mó ro fheidir cá conair 'na ndeachaidh. Ní eile fós, dob éigean dó dul gach Luan tré ghuidhe an chléirigh go Cluain, mar chuaidh an fiolar ar bhinn mhór-chluigthighe Chluana, gur fhoillsigh é féin don naomh éarlamh .i. Ciarán, go raibh ag fiafruighe sgéala dhe, agus adubhairt Léithín gur doilghe leis ná sin a imtheacht agus a dheacair féin. Annsin adubhairt Ciarán go dtiubhradh logha agus sochar a sgéaluigh- eachta dhó .i. gach uair do h-inneosdaí a eachtra dá mbadh doineann nó fearthainn dío-mhór do bheadh an tan sin ann a thúrnamh i soininn agus i so-aimsir, agus adubhairt Léithín gur tuigeadh dó nach iad na h-eóin ná an adhbha do gheabhadh uaidh, agus ó nach iad gur mhaith leis gan a thuras ná a aisdear do dhul i n-aisge. Agus innseas Léithín a imtheachta ó thúis go deireadh amhail adubhramar reomhainn, gur sgriobhamar mar a fuaramar reomhainn iad, acht muna ndeárnamar focal dearmaid. Gonadh í sin Eachtra Léithín go nuige sin. (Foircheann)
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services