Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Gadaidhe Géar na Geamh-Oidhche

Title
Gadaidhe Géar na Geamh-Oidhche
Author(s)
Triúr Cómhdhalta Do Chuallacht Chuilm Cille,
Compiler/Editor
Triúr Cómhdhalta Do Chuallacht Chuilm Ci
Composition Date
1915
Publisher
Muinntir Gill

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


1. Bruighean Bheag na h-Almhaine



Do rinneadh fleadh agus féasta go príomh-adhbhal le
Fionn mac Cumhaill d'Fhiannnaibh Éireann i n-Almhain
luchtmhair, lán-aoibhinnn Laighean, agus an tan dob ion-
chaithmhe an fhleadh sin tángadar maithe agus mór-uaisle na
Féinne dá caitheamh, agus iad do dream do b'urranta
díobh .i. Goll mear-chalma, mór-aigeantach mac Mórna
le n-a dheichneabhar ar fhichid bráthar agus comh-bhráthar
mar aon leis; agus Diarmaid déid-gheal dreach-sholais,
dath-áluinn ua Duibhne go n-a thriúr mac mar aon ris
agus maithe chlainne Baoisgne go h-uile; Caoilte ró-
ghreannmhar mac Rónáin le maithibh chlainne Rónáin,
agus Smeig-ar-Drúcht ua Neamhain le maithibh chlainne
Neamhain; clanna Smóil le n-a sluaightibh; Goll gníomh-
achtach Golban agus maithe na Féinne Ultaighe i n-a
fhochair; agus an Corr cos-luath, céad-ghonach, rí féinne
Fiann Connacht; agus Oillte áluinn ionnsuidhtheach
mac an Choirr chos-luaith; Caireall cosgarthach
ua Corbhroinn le n-a dheich gcathaibh Albanacha agus rí
Féinne Laoighse (?) Midhe le maithibh a mhuinntire; agus
iomad de mhaithibh agus de mhór-uaislibh na h-Éireann i
n-a bhfochair.



Is annsin do shuidh Fionn i dtosach na dtréin-fhear
sin, maithe chlainne Baoisgne agus iad i n-a thimcheall,
agus Goll mac Mórna ar a cheart-aghaidh san taobh eile,


L. 4


agus mic Mhórna i n-a n-ionadaibh cinnte féin mar ba
ghnáthach leo i dteaghlach Fhinn i ngach aimsir roimhe sin.
D'éirigheadar iar sin feadhmannaigh go frithir fíor-
éasgaidh le freastal agus le friotháileamh na sluagh sin
go séimh, sochma, so-dhealbhach, agus do ghlacadar bleidhí
beol-bhuidhe, bán-airgid, agus cuirn áilne cumhduighthe
cloch-bhuadhacha, agus do dáileadh deocha dian-mhóra,
milse do na deagh-laochaibh, agus biadha saora so-
chaithmhe do na Fiannaibh go fíor-adhbhal.



D'éirigh annsin gearán agus cainnt agus glór i n-a
ngiollaíbh, meidhir agus meanmain i n-a mílíbh, luaimne
agus lán-chaint i n-a laochaibh, míne agus macántacht i
n-a mnáibh, fosadh agus foidhne i n-a bhfilíbh.



Is annsin d'éirigh bollsgaire go frith-urlamh agus
do chroith slabhradh éisteachta na bruighne agus d'éist-
eadar uile go foistineach; agus do ghaibh éirghe Feargus
Finnbheoil, file agus feallsamhan focal-cheart na
Féinne, agus do ghaibh a dhuanta agus a dheagh-dhánta i
gceann a gheinealaigh agus a chraobha coimhneasa i bhfiadh-
naise Fhinn mhic Chumhaill, agus do dhíol an flaith Féinne
Fionn an file iar sin d'fhuasgladh gacha maitheasa agus
gacha maoine, agus do-rinne Osgar agus mac Luighdheach
an nídh céadna. Do chuaidh an file iar sin i bhfiadhnaise
Ghuill mhic Mhórna agus adubhairt duanta agus deagh-
dhánta a shean agus a shinnsear i n-a fhiadhnaise agus
ba subhach, soilbhir, so-mheanmnach mac Mórna an tráth sin.



"Ca h-ionad annso," ar Goll, "i n-a bhfuil an bhaoith
mhánla, inghean Cholláin chraos-mhóir .i. mo bhain-eachlach
féin."



"Táim annso, a rígh-mhílidh," ar sí.



"An dtugais leat mo chíos ó Lochlannaibh do'n dul
so," ar Goll.


L. 5


"Tugas," ar sí; agus d'éirigh go prap príomh-éasgaidh
agus do leig eire laoich lán-chalma d'ór ath-leaghtha
áluinn i bhfiadhnaise Ghuill ar lár, agus do sgaoil Goll
an cumhdach coimeádta do bhí timcheall an chíosa agus do
leig na seoda so-mhaiseacha sin i bhfiadhnaise na sluagh
agus do dhíol Feargus Finnnbhéil mar ba leór leis;
agus ní raibh cruitire caoin-téadach, ná tiompánuidhe
toghtha, téad-bhinn, ná seanchuidhe suadh-fhoclach, ná file
faobhrach, fír-eolach, ná aon duine ealadhan d'Éireannach
nó d'Albanach annsin nár dhíol Goll go grod urlamh
mar ba leor le gach aon díobh; agus ní raibh mac ríogh
ná ró-fhlatha, ná taoiseach fíor-arrachtach Féinne ná
tréin-fhear tailc, teangmhála, ná feadhmannach foluaim-
neach, freastail ná ró-fhriotháilimh i dtigh na h-Almhaine
an oidhche sin nach tug Goll comaoin óir nó airgid nó
clocha buadh dhó.



Is annsin adubhairt Fionn go fíor-nimhneach; "A
Ghuill," ar sé, "cá faid atá an cíos úd agat ar Lochlanna-
chaibh, óir do shíleas féin nár dhual duit-se cíos do bheith
agat orra agus go bhfuil rígh féinne ag Lochlannaibh
ag coimeád mo chíosa orra agus ag tógáil mo chánachais
díobh, agus deich gcéad laoch lán-chalma mar aon leis ar
buannacht uaim-se ann?"



Annsin freagras an gnáth-fhéinnidh gleacach, glór-
bhorb .i. Goll mac Mórna, óir do thuig go raibh fearg
agus formad ag Fionn leis agus is é adubhairt: "Is
é faid atá an cíos úd agam ar Lochlannaibh, a Fhinn,
ón uair do chuir t'athair-se cogadh agus coinsgleo orm-
sa, agus d'éirigh rí Éireann le n-a chóigíbh i m'aghaidh-se
le Cumhall, agus do b'éigean dom-sa Éire d'fhágbháil
dóibh agus an méad do thogair dul liomsa de chlannaibh
Mórna; agus do ghabhas críoch Breatan go buadhach,


L. 6


agus do mharbhas rígh Breatan agus a mhac agus do
chuireas ár bhfear Breatan; agus do chuir Cumhall
le na shluaightibh as mé, agus do chuadhas as sin go
Fionnlochlann agus do thuit an rí liom, agus do chuireas
ár a mhuinntire agus do chuir Cumhall as an gcrích sin
mé. Do chuadhas as sin do'n Fhrainnc agus do mharbhas
an rí féin agus mórán dá mhuinntir agus do chuir
Cumhall as sin mé. Do ghabhas na ceithre treabha
Lochlannach agus cathair na Beirbe Lochlannaighe agus
do lean Cumhall do'n chrích sin mé. Sí sin uair fuaras
an cíos ó na Lochlannachaibh, gur chuir Conn Céadchathach,
áird-rí Éireann fios orm agus tánag go h-Éirinn
i n-aghaidh Chumhaill chun catha Chnuca do chur agus do
thuit sé liom féin san gcath-ghleo sin. An uair eile
fuaras cíos na Lochlannaighe mar aon le cúig fhir
déag d'Fhiannaibh Éireann agus fanamhaint an aimsear
dhuit ann; agus bean ríogh Lochlann do thuit i ngrádh
leat, agus do ghabháil tríd sin agus do chúig fhir déag,
agus do bheith ar láimh i gcarcair liag talmhan go ceann
bliadhna, agus lá d'áirithe chum báis d'imirt ort;
agus is cuimhin leat go ndeachas-sa agus gur chuireas
ár a mhuinntire; agus ní h-é sin, acht do thuit rí Lochlann
féin liom agus d'ionarbas cathair na Beirbe Lochlann-
aighe, agus do bhaineas a gcuid óir agus airgid díobh
agus tugas tusa as an gcarcair i n-a raibh tú mar aon
le do mhuinntir, agus do-rinneas rígh nuadh ar Lochlannaibh,
.i. Teine Tréan mac Trosgadail, agus do naisgeas cíos
air, agus tugas éadáil adhbhal duit-se féin, a Fhinn,"
ar Goll, "agus tugas slán go h-Éirinn tú; agus is í
sin an dara h-uair do naisgeas cíos láimhe ar Lochlann-
aibh; agus ag sin mar do fuaras féin an cíos úd, a rígh


L. 7


Féinne," ar Goll; "agus, a Fhinn, ní cíos láimhe atá
agat-sa ar Lochlannaibh, acht maor coimeádta atá uait
orra ag tógbháil cána sa mbeith fá chíos do rígh Éireann,
agus níor chumhduigheas-sa ort an cíos, a Fhinn, agus
ná bíodh tnúth agat liom fá mo chíos, óir dá bhfaghainn-se
ní ba mhó, is dod mhuinntir-se is d'Fhiannaibh Éireann
do-bhéarfainn é."



Adubhairt Fionn go fuathmhar, feargach: "A Ghuill,"
ar sé, "d'admhais 'san sgéal sin go dtángais go
h-Éirinn ó chathair na Beirbe ag cur catha Chnuca ar
m'athair agus gur mharbhais ann é. Is náire duit sin d'
innsin im fhiadhnaise."



Adubhairt Goll go feargach ag féachaint ar Fhionn:
"ní mise do mhairbh Cumhall. Gidheadh, is mé do sgoilt
a chroidhe i n-a chliabh gan choigilt agus do sgair a anam
leis, óir do thuill sé bás d'fághail go minic tré na uabhar
féin, agus is é breath gach deagh-dhuine, fear an ain-
dlighe do mhalartughadh go mío-thrócaireach; agus uime
sin nach mise do mhairbh Cumhall acht a mhí-ghníomha féin;
agus fós, dá bhfaghainn ní ba thúisge é, do bhainfinn a
anam as, óir tugas iarracht go minic air ins na cathaibh
a rabhas i n-a aghaidh, sroisin chuige tar imeall buidhne
cosgarthacha clainne Baoisgne, agus ó rángas chuige
i gcath Chnuca, do dhíolas m'amhgar air. Agus, a Fhinn,"
ar Goll, "dá dtiubhrthá-sa oiread easonóra dhom agus
thug Cumhall dom, do-bhéarfainn an díol céadna
ort-sa."



"A Ghuill," ar Fionn, "do bhí sé ar m'aigne gan sin
do leigean leat, óir tá céad féinnidh fíor-arrachta
ar mo theaghlach-sa i n-aghaidh gach n-aon dá bhfuil ded
mhuinntir-se." "Do b'amhlaidh sin dod athair-se," ar
Goll, "gidheadh, do dhíolas a uabhar air fá dheoidh, agus


L. 8


do dhéanfainn an nídh céadna leat-sa dá dtuillfeadh
uaim é."



Adubhairt Caireall mac Aonghusa cneis-gheal ua
Baoisgne: "A Ghuill, ar sé, "is iomdha fear do
coisgfidhe i dtigh Fhinn!"



Adubhairt Conán Maol mac Mórna: "Luighim fá
m'armaibh gaisge nach raibh Goll riamh, dá luighead
de mhuinntir do bhéadh aige, nach béadh céad fear ar
a theaghlach agus do choisgfeadh gach fear díobh tusa le do
theaghlach a Chairill."



"Ní díobh-sa tusa, a Chonáin cháintigh, chlaoidhte,
chrith-eaglaigh," ar Caireall.



"Is díobh, go deimhin, a Chairill cheann-áird mhór-
fhoclaigh, bheag-chréachtaigh," ar Conán, "agus do rachainn
dá áitiughadh ort-sa go raibh éagcóir ag Cumhall."



Adubhairt Caireall, ag éirghe i n-a sheasamh; "ní
fada go mbéidh a fhios agam cia is cionntach."



Is annsin d'éirigh Caireall i n-a sheasamh agus do
bhuail dorn dána deagh-thapaidh ar Chonán; agus ní
h-urramach do freagradh sin le Conán, óir do bhuail
dorn eile ar Chaireall, agus do dhoirt a fhuil go falcmhar
fíor-adhbhal. Do dineadh láthair fhairsing ion-bhuailte
dóibh ar urlár na bruighne, agus thugadar sáidhte síor-
luaithe sár-nimhneacha dá sleasghaibh slim-ghéara i n-a chéile
gur bh iste buan-raobtha baill agus broinne na díse
deagh-laoch sin, gur nochtadar lanna líomhtha go lán-
tapaidh agus do-rinne siad urlaidheacht agus comhrac
calma cóimh-neartmhar le chéile go mba chréachtach cnáimh-
ghearrtha iad ón ngleo sin.



Annsin d'éirigheadar dís mhac ádhmharach iolbhuadhach
Osgair mhic Oisín .i. Éachtach agus Iollan, agus do rinne
siad leibheanna dlúithe do-sgaoilte dá n-éidíbh i n-a


L. 9


dtimcheall agus tugadar cneadha doimhne do-leigheasta
ar Chonán; agus ar n-a fheicsin sin do dhís mhac Ghuill
mhic Mhórna .i. Conn agus Cónach, do cheangladar a
gcolna caomha, cneis-gheala dá gcath-éide agus do ghoin
siad go mór dís mhac Osgair. Níor éisteadh sin go
fada le h-Osgar, óir níor mhian ná maise leis amhail
mar do chonnaic a dhís mhac agus a bhráthair san gcoinsgleo
sin.



Is annsin d'éirigh an leoghan líomhtha lán-fheargach
agus a nathair neamh-eaglach nimhe .i. Osgar mac Oisín,
agus do chuir cumhdach caomh-chruaidh iarnaidhe um a
chorp agus do chuir sgiath mhór mhíleadhta um a mhuinéal
agus tug ruathar rachtmhar, rúineachtach fán gcomhrac
d'fhóirithin a dhíse mac agus Cairill agus do ghaibh dá
bhéimeannaibh borb-neartmhara bith-urlamha ar Chonán.



Agus adubhairt Conán: "A bhuidhe leis na déibh, a
Osgair, do rochtain im aghaidh chum comhraig óir gearrfad-
sa snáithe do shaoghail san ngleo seo."



Is annsin do chomhraig Osgar agus Conán le n-a chéile.
Agus ba neartmhar, námhadaidhe an comhrac sin, ionnas
gur baineadh osnadh éagcomhlainn as Conán agus
d'fhéach go truaighmhéileach ar Art óg mac Mórna; agus
níor fuilingeadh sin le h-Art ach d'éirigh go h-éasgaidh
agus chuaidh i n-a arm go h-athlámh agus do ghoin
Osgar go h-arrachtach; agus níor fuilingeadh sin
le h-Oisín fearamhail mac Finn óir do chuir a éide
catha uime agus do chuaidh san gcath go comh-dhíreach
agus thug goin ghráineamhail ghníomhachtach ar Art mac
Mórna.



Annsoin d'éirigh Garg garbh-fholtach mac Mórna
agus do ghaibh a dhíon arrachtach ath-gharbh iarnaidhe uime
agus d'fhreagair an mór-ghleo sin go mear-chalma, agus


L. 10


do goineadh Oisín leis. Annsin d'éirigh mac Luighdheach
go laochda agus do chuir cumhdach comh-dhaingean catha um
a chorp agus do chuaidh san gcóimhghleic sin agus do
goineadh Garg garbh-fholtach leis, agus thug Garg
comaoine na goine sin dó. D'éirigh annsin Aodh beag
mac Finn le n-a trí chaogad de laochaibh lán-láidre
i n-a fhochair agus do chuaidh san gcomhlann go céad-
fadhach.



D'éirigh Goll agus clanna Mórna annsin dá n-áitibh
agus dá n-ionadaibh agus do chuadar ar chúlaibh Ghuill san
ngrod-ghleo sin. Annsin cuireas Goll treallamh tait-
neamhach troda agus teangmhála air, agus a sgaball
sgiamhach sgoith-bhreágh um a mhuinéal, agus thug sidhe dána
dásachtach, do-ionnsaightheach, agus do chuaidh san mór-ghleo
sin d'fhóirithin a chlainne agus Chonáin agus claidheamh
slios-ghéar sásta so-bhuailte i n-a dheas-láimh deagh-thapaidh,
agus d'ionnsaigh a eascaraid agus do bhíodar san
gcóimhghleic sin re chéile nó nár fhágadar tápúir trom-
lasrach, ná lóchrann lonnrach ná coinneal chaomh chrioth-
sholais san mbruighin sin gan múchadh; agus fós, níor
fágadh coinnleoir gan cam-bhriseadh, bléidhe gan buan-
raobadh innte, agus d'imthigh sé féin gan fuiliughadh,
gan foir-dheargadh air. Is annsin do bhreathnuigh Fionn
a chaismirt catha agus adubhairt le Fiannaibh Éireann
clann Mórna do mhúchadh agus do mharbhadh. Is annsin
d'éirigheadar Fianna foir-neartmhara Fhinn agus do
rinneadar leibheanna daingeana dlútha do-sgaoilte
dá sgiathaibh i n-a dtimcheall, agus d'fhreagradar clanna
Mórna iad go míleadhta mear-chalma san gcath soin,
agus do chuaidh Goll féin i dtosach na dtréan-fhear
san teangmháil sin. Iar sin do ghabhadar ag cnáimh-
ghearradh a chéile gan choigilt agus rinne Goll sgiath


L. 11


dhaingean do-bhriste dhe féin ar sgáth a mhuinntire, go
nár leonadh iad tairis acht beagán do marbhadh le
h-urcharaibh díobh.



Cidh trácht, is annsin ba threise na tréan-bhuillí
agus ba mhire na mílidhe, ba chréachtmhar na colna agus
ba ghuasachtach saor-chlanna. Do b'iomdha fuinneóg fhoir-
dhearg ar na fearaibh agus cneadha do-leighis do bhí ar
na deagh-laochaibh sin. Is mairg, tra, duine anbhfann,
nó bean mhíonla mhéir-leabhair, nó seanóir seanda
saobh-chiallach, do bhéadh i mbruighin na h-Almhaine an
oidhche sin. Ba thruaighmhéileach mar do bhí an bhruighean
an oidhche sin le gárthaibh gránamhla, gáibhtheacha, gearánacha,
agus le h-osnaidhibh na n-óg dá n-éirliughadh go h-obann;
agus do bhíodar ar an amas sin go h-éirghe gréine
ar n-a bháireach gan choigilt ar a chéile.



Annsin d'éirigh Feargus Finnbhéil, file focal-cheart
fír-ghlic na Féinne agus aois ealadhan na Féinne i n-a
fhochair agus do ghaibh dréachta agus duanta agus deagh-
dhánta do na deagh-laochaibh agus do sheinneadar tiom-
páin chaomha cheol-bhinne agus cruiteanna téid-bhinne.
Dá éis sin do sguireadar an Fhiann dá n-urlaidheacht
le guth ceolmhar na bhfilí agus do leigeadar an Fhiann
a n-airm ar lár. Adubhairt Fionn nach bhfaghadh síoth
ná sár-chumann ó chlannaibh Mórna go bhfaghadh breath
ríogh Éireann .i. Cormac mac Airt, agus breath Ailbhe
gruadh-ghile, inghean Chormaic, agus Cairbre Lifeachair
ríogh-dhamhna Éireann, agus breath Fhithil agus Fhlaithrí,
bárraidheacht na breithe sin ag Fionntain mac Bochna.
Adubhairt Goll mac Mórna: "Do-bhéarfam-na an
bhreath soin duit, de chionn breithe d'fhagháil uait."
Adubhairt Fionn go dtiubhradh.



Do cuireadh coir agus slána le h-aghaidh na síthe sin


L. 12


agus do ghabhadar lá chuca chum na breithe sin .i. coicthigheas
ó'n lá soin ar faithche na Teamhrach.



D'fhéachadar an uireasbaidh an oidhche sin agus is
é bhí de dhíth ar mhuinntir Fhinn .i. aon chéad déag, agus
do bhí go leor d'fhuil ar seideadh, agus srón ar n-a
fiar-chamadh, agus cluas ar n-a comhbhrughadh, lámh
ar n-a leadradh, agus corp ar n-a chosgradh agus
ar n-a chneas-raobadh ar an méad do bhí beó de mhuinntir
Fhinn.



Agus is é ba dhíth de mhuinntir Ghuill mhic Mhórna:
seacht gcéad de mhnáibh agus aon fhear déag. Agus
ní h-é marbhadh ná mban do rinneadh acht a n-éag le
h-imeagla na n-arm ndaor-bhéimneach. Do chuireadar
a lucht othrais ar gach taobh dá leigheas. Agus do rinneadh
feart fód-bhuidhe do gach aon aca do marbhadh; agus
do nuadh-chóirigheadar an dún dá aithle sin, agus do
shuidh gach féinnidh i n-a n-ionadaibh cinnte do lán-
chaitheamh na fleidhe sin.



Coicthigheas ó'n lá sin gluaisid rómpa go faithche na
Teamhrach agus do chuireadar Cormac, Ailbhe, Cairbre,
Fitheal, Flaithrí, agus Fionntain d'ionnsaighe a n-ionad
breitheamhnais agus do chuaidh Fionn d'innsin an sgéil.
Agus adubhairt Goll nach dtiubhradh féin innsin an sgéil
sin do, "Óir, a Fhinn," ar sé, "do dhéanfá fíor
de'n bhréig."



As a h-aithle sin do fágadh innsin an sgéil fá Fheargus
Finnbhéil, agus tugadar na h-uaisle sin na déithe
ar Fheargus an fhírinne do dhéanamh. Agus d'innis
Feargus Finnbhéil mar d'éirigh an bhruighean ar dtúis,
agus d'innis gurab é Fionn do rinne tús na h-iomarca
ar Gholl, agus d'éis na h-iomarca sin gurab é Caireall
ua Corbhroinn do thosnuigh an bhruighean, agus gurab


L. 13


é do bhuail Conán mac Mórna, "agus níor fuilingeadh
sin le Conán acht an chomaoine chéadna do thabhairt dó,
agus d'éirigh an Fhiann i n-aghaidh a chéile de gach leith,
agus do bhíodar ag cnáimh-ghearradh a chéile ó úr-thosach
na h-oidhche éag-fhuaire go h-éirghe gréine ar-n-a bháireach.
Agus is é ba dhíth de mhuinntir Fhinn ris an ré sin
aon chéad déag fear. Agus is é ba dhíth de mhuinntir
Ghuill mhic Mórna seacht gcéad bean agus aon duine
déag d'fhearaibh; agus do b'iomdha fear easbadhach
leat ar leith i n-othras agus i bpiantaibh truaighmhéil-
eacha báis. Ag sin sgéala na bruighne dhíbh go fírinneach,
a righthe Éireann," ar Feargus.



Adubhairt Flaithrí eineachlann do chlannaibh Mórna,
óir is orra do rinneadh tosach na h-iomarca.



"Ní breath cheart fhíor-ollamhan sin", ar Cormac,
"óir dligheann an t-óglaoch urraim do thabhairt dá
thighearna."



"Is fíor sin," ar Flaithrí, "gidheadh, ní théidheann
urraim tar dortadh fola."



Adubhairt Fitheal: "Saoramuid clanna Mórna gan
eineachlann ó chlannaibh Baoisgne, agus saoramuid
Fionn agus clanna Baoisgne ó chlannaibh Mórna mar
an gcéadna ar aoirde díthe Fhinn."



"Is breath mhic ollamhan sin," ar Fionntain.



Do mhol Cormac, Ailbhe, agus Cairbre an bhreith soin.
Agus do gaireadh an Fhiann do láthair agus nochtadh
an bhreith dhóibh; agus do mhol siad uile í; agus do ghluais-
eadar go síothach, páirteach le chéile ó fhaithche na Teamhrach
go nuige a n-ionadaibh cinnte féin.



(Foircheann)


L. 15


Tóruigheacht Shaidhbhe inghine Éoghain óig


L. 17


2. Tóruigheacht Shaidhbhe inghine Éoghain óig



Fleadh mhór-chaomh, mhór-ádhbhal do rinneadh ré Fionn
mac Cúmhaill mic Thréin mhóir Uí Bhaoisgne i mbruighin
Theamhrach Luachradh aon do laethibh. Agus thangadar
maithe agus mór-uaisle na Féinne do chaitheamh agus do suidh
gach aon díobh 'na ionad cinnte comh-aoise, do réir
uaisle na Féinne agus a n-athardha amhail ba gnáth leo i
ngach aimsir roimhe sin. Agus do chaitheadar an chéad
trian don oidhche ré h-ól agus ré h-aoibhnis agus ré h-ur-gháirde
meanman agus aigeanta agus an dara trian ré h-oirfide
agus ré h-ealadhain agus ré céolta aoibhne agus ré dáil airgid
agus óir agus iolmhaoine agus sin dá thabhairt agus dá bhronnadh
agus dá roinnt ar éigsibh agus ar ollamhaibh agus ar aois dána agus
an trian déidheanach don oidhche ré suan agus ré sámh-chodladh.
Iar sin d'éirigheadar an Fhiann go moch do lár ar-na
mháireach agus adubhairt Fionn gur mhaith dóibh seilg ghleanna
leathain mhóir Laighean do dhéanamh agus adúbhradar cách
uile go coitcheann gurbh fhíor sin. Cídh trácht do
cómmóradh an t-seilg reamh-ráidhte leo fá thorc ós
loch agus fá fearanna breaghtha fris a ráidhtear Conall
Gabhradh an tan so agus i mbórd Locha leathain fhuair Léin
agus fán Mangartain Mongruadh agus adúbhradar dronga
d'Fhiannaibh Éireann gur bheag leo féin an lucht seilge
do bhí ann an lá sin agus olcas do bhí Rí Éireann dóibh
agus is é fa Rí ar Éirinn an tan sin .i. Cormac mac Airt
mic Chúinn chéad-chatha agus adúbhairt Fionn iar sin dá
mbeidís deich gcatha fichead bhfear n-Éireann ag cur 'na
choinne nár bheag leis féin na deich gcéad láoch laidir,
lán-chalma do bhí ag déanamh na seilge sin maille ris


L. 18


féin agus ré Goll mac Móirne agus ré Oisín mac Fhinn agus
Diarmad a Duibhne dá n-iomchosnamh orra.



Do cómmóradh an t-seilg thorrach reamhráidhte sin
leos fá fhíodhaibh agus fá fásúighibh do ba cóimh-neasa dhóibh,
agus do chuaidh gach aon díobh 'na dhúmha seilge agus 'na láithir
licthe agus 'na bhearnan baoghal mar do chleachtaidís cosgar
gacha seilge roimhe sin. Annsin do shuidh Fionn 'na
dhúmha seilge ag éisteacht ré fóghar na bhfear bhfiadhaigh
agus ré lúighibh na laoch ar na conaibh agus ré cómhmóradh cáich
mar an gcéadna agus is é ionad ar fhágadar Fiann Eireann
a mná an lá sin i dTeamhair Luachradh agus is í ba bhean
d'Fhionn an tan sin Maighnís inghean Ghairidh ghlúndubh
mhic Móirne. Iar n-imtheacht don Fhéinn adúbhairt
Maighnís:- "A bhantracht, an áil libh dul do shnámh agus
dá bhúr bhfothraghadh agus dá bhúr níghe agus dá bhúr n-iomglanadh
agus adubhairt an bhantracht d'aitheasc aon mhná gur mhaith
leo féin sin. Gidheadh adúbhairt inghean Ríogh Mumhan .i.
Sadhbh inghean Éoghain mhóir mhic Oilill Olom nách rachfadh
féin leo ó nách rabhadar Fiann Éireann dá coimhéad
agus fa h-í an Sadhbh sin ba bhean do Ghlas mac Aoinchéarda
Béara agus ba daltaidhe d'Fhionn iad araon. "Is mór an
grádh sin agat don Fhéinn" ar Maighnís, óir ní fhuilin-
geann tú bheith i n-aonach ná i n-oireachtas nó ar fleadh
nó ar féasta gan bheith friú, agus dom dhóigh féin dá mb'éol
dhuit cathughadh nó cómhrac do dhéanamh is friú do dhéantha
é, a Shadhbh." "A Mhaighnís" ar Sadhbh, "tuigim-se gur
tré aithis agus tré imdheargadh adeir tú sin liom agus ní
h-iongnadh mo ghrádh-sa don Fhéinn. Óir ní raibh seod seoidh
bréige ná dimbhréige ag fear ná ag mnaoi i n-Éirinn
ba fhearr liom d'fhághail nách bhfuaras" ar sí, "agus is
ag Fionn agus ag Fiannaibh Éireann do h-oileadh mé. An
fear ag a bhfuilím pósta .i. Glas Mac Aoin-chéarrda


L. 19


Béara mac Ríogh Éireann, adhbhar eile fa ar chóir dhom
grádh do thabhairt don Fhéinn. Óir ní tháinig draoi ná deagh-
dhuine ealadhan ag iarraidh óir ná airgid ná iolmhaitheasa
orm ná tabharfainn dó é agus biadh agus éadach agus comhnuidhe 'na
gcuideachtain agus is don Fhéinn do tháinig mé dá ndéanamh
sin uile, agus is iad sin na h-adhbhair fa dtug mise an grádh
úd don Fhéinn" ar Sadhbh. "Is fíor dhuit-se gach nídh
dhíobh sin" ar Maighnís. "Cidheadh fós ní cóir dhuit a
thoirmeasg fá bhantracht na Féinne an nídh a dtabhraidís
a dtoil uile." Adúbhairt Sadhbh: - "Rachad libh i n-aghaidh
m'aigeanta ar eagla imdheargadh níos mó do dhéanamh orm
agus ní shaoilim filleadh tar m'ais gan toirmeasg éigin
do theangbháil dhom."



D'imthigheadar an bhantracht iar sinn do snámh nó go
rangadar an Fhéille .i. an sruith 'nar bháthadh Fial inghean
Luigeach mic Íthe agus rangadar as sin go Maoildearg .i.
an sruith 'nar éirigheadh iomarsan idir muinntir Áirt
Óig mhic Móirne agus muinntir Chonáin mhic Móirne gurab
uime sin adeirthear Maoildearg fris an sruith sin
agus ní bhfuaradar uisge glé-ghlan i gceachtar dhíobh. Cidh
trácht do chuadar an bhantracht ins na deich n-aibhne
fichead do bhí ar Sliabh Luachra agus 'na thímcheall agus ní
bhfuaradar uisge do thaithn leo i n-aon abhainn dhíobh nó
go rangadar an áit 'na siubhlann uisge Sléibhe Luachradh
i n-aice mára agus mór-fhairge.



Dála an bhantracht do bhaineadar a n-éadaigh dhíobh
agus d'imthigheadar amhlaidh sin ins an sruith iasgach fhionn-
fhuar amach nó go rángadar i mbéal mara agus mór-
fhairge. Do rinneadar bolg-shnámh agus troigh-shnámh,
taobh-shnámh agus cúl-shnámh agus do rinneadar a bhfothraghadh
fá chéad uair san aibhéis.



Dála Sadhbh inghean Éoghain óig, níor bhain sí a h-éadach


L. 20


dhi. Ní mó ní rinn folcadh agus fothraghadh acht d'fhan sí
ar tír ag foirchiméad da mnáibh agus níor chian do bhí ag
feitheamh na h-aibhéise eochar-ghuirme agus na mara mór-
aidhbhle, an tan do chonnairc sí an long luchtmhar lán-
aibhseach fá lán réim seóil agus iomramha dá n-ionnsaighe.
"A mhná" ar sí, "do chím long da bhúr n-ionnsaighe agus
inneall cogaidh agus cointine uirthi agus dom dhóigh is allmhurach
éigin atá ann, ná déana maith dhíbh-se agus tigídh go luath
i dtír, agus déanaidh daingean don choill seo ré bhúr dtaobh."
Is annsin tángadar na mná i dtír agus níor ráinig leo a
n-éadaigh do chur iompa an uair d'éirigh aon óglaoch mór
míleata, mear-chalma agus tug léim luthmhar lán-éadtrom
as an luing ionas gur ghaibh leitheid a dhá bhonn don thrácht
gheal, ghainimhidhe agus culaith catha agus cómhraig uime, mar
atá, aibíd imreamhar iarainn agus claidheamh cros-órdha
craobhach tar a thaobh chlé agus altán sgeine sgoith-
ghéire i gcuideachtain an chlaidhimh cruadh-reangaigh sin;
cinn-bheart chúmhdach chloch-bhuadhach um a cheann agus dá
chraoiseach crann-ramhar cródh-fharsaing catha 'na láimh
dheagh-thapaidh dho-sgaoilte dheis agus do rug sé ar na mnáibh
ag cur a n-éadaigh orra agus is é adúbhairt: - "Na bíodh
eagla orraibh, óir ní dhéarna féin bain-éachtadh riamh."
Iar sin do labhair Maighnís agus is é adúbhairt; - "Ní
chualamar go ndéarnadh bain-éachtadh i n-aon chríoch
don dómhan agus go speisialta ní déarnadh san gcríoch
so riamh agus dá gcloinfimís go déarnadh ba móide ár
n-eagla é."



"Créad é an t-oileán so 'nar ghabhas cuan agus caladh"
ar an fear mór, "nó cá rann do rannaibh an dómhain
'na bhfuilim anois?" Adúbhairt Maighnís "i n-iathrar
na h-Eorpa .i. Éire iath-ghlas oiléanach is innti do ghabhais
cuan agus caladh-phort" ar sí. An tan do chualaidh an


L. 21


fear mór sin do thángadar éagsamhlacht na n-uile
dhatha ann ionas gur dheirge é ná rós ríogha an chéad
feacht agus gur ghile é ná sneachta adh-fhuar aon oidhche
an dara feacht agus gur dhuibhe é ná an gual gabhann an
treas feacht. Iar sin adúbhairt Maighnís:- "Dar
liom féin, a ógláoigh, ní maith leat-sa teangbháil san
oiléan so 'nar tharla tú." "Créad fáth 'nar léir leat-sa
sin," ar an fear mór?



"Ar iomad na ndath sin do thig ort" ar sí.



"Cia is rí ar Éirinn anois?" ar an fear mór.



"Cormac mac Cuinn céad-chathaigh," ar Maighnís.



"An iad so bantracht Chormaic?" ar an fear mór.



"Ní h-iad" ar Maighnís.



"Créad eile darab bantracht iad?" ar an fear mór.



"Atá, gan amhras, bantracht Fhinn mhic Cúmhaill"
ar sí.



"An bhfuil éagcóir nó foirneart ag aon duine i
n-Éirinn dá dhéanamh ar Chormac anois," ar an fear
mór? "Ní bhfuil fághail ag aon duine i n-Éirinn teacht
i n-aghaidh aon nídhe dá ndeanann sé acht bantracht
nó aois ceóil nó lucht ealadhan, óir is iad na trí dreama,
is umhla dá bhfuil-se san dómhan dóibh iad" ar Maighnís.



"Cia is tighearna ar an bhFéinn anois," ar an fear mór?



"Fionn mac Cúmhaill mhic Thréin mhóir Uí Bhaoisgne"
ar Maighnís.



"Créad iad na sochair atá ag Fionn ó Rígh Éireann?"



"Ní bhfuil a fhios sin acht ag aon cheathrar amhain i
n-Éirinn" ar Maighnís, "agus ní dhíobh sin mise. Is iad
so a n-ainm-ne .i. Goll mac Móirne, mar ba rí Féinne
i n-Éirinn é, ó marbhadh Cúmhall i gcaith Chnoca agus do bhain
Conn céad-chathach iar sin an tíghearnas de agus do thug


L. 22


d'Fhionn é do cheann Teamhar d'anacal ar losgadh, óir
do loisg aon ógláoch amhain Teamhar roimhe seo d'aimhdheoin
bhfear Éireann uile, agus d'anacail Fionn i n-uathadh agus
i n-aonar í, do cheann ríghe Fiannachta do thabhairt do féin,
Oisín mac Finn agus Caoilte mac crancair mic Ronáin .i.
mac dearbhsheathrach d'Fhionn féin agus mac Lúigheach
láimh-éachtach agus an mhéid is aithne domh-sa bhí do shochar
ag Fionn ó Rígh Éireann inneósad dhuit-se iad. Óir
atá tríucha céad i ngach cúige i n-Éirinn aige, agus tuath i
ngach triúcha céad, agus baile i ngach tuath, agus coilleán
con nó gadhair i ngach teach i n-Éirinn dá bheathughadh
dhó agus seacht gcatha na gnaith-fhéinne idir con, gadhair
giolla, agus duine ó Shamain go Béiltinne, do bheadh ar
coinmheadh uaidh ar feadh Éireann uile agus ní leomhthar
bean do mhnáibh Éireann do thabhairt d'fhear ar bith gan
a fhiafraighe fá trí an mbeadh i bhFiannaibh Éireann fear
le mbadh mhaith leis a fághail do féin mar mhnaoí, agus má
fághtar an fear sin ann dob' éigean a tabhairt do, agus
muna mbéadh, béadh ionga d'ór ag Fionn de agus ní leomhthar
bradán nó óg-laoghallaidh ná míol maighe do thógáil
den chonairt, agus dá bhfághthar marbh i gceann gacha
Earraigh iad muna dtógadh duine éigin d'Fhiannaibh
Éireann iad, ré méad an an-smacht atá ag Fionn ar
Éirinn, agus dá marbhadh i n-Éirinn aon chuid díobh sin,
do bheadh damh ceannsa i n-áit an daimh allta ag Fionn
ar a shon agus loiligheach ar son an laoigh agus gabhar ar son an
t-sionnaigh agus caora ar son míl maighe, muna marbhadh
Fionn nó Fiann Éireann iad. Is iad an mhéid is aithnid
dhómh-sa do shocar ag Fionn ó Rígh Éireann," ar Maighnís,
"agus atáid sochair eile aige nách bhfuil a bhfios agam-sa
agus dá mbeadh inneosainn dhuit-se iad mar an gcéadna."



"Beir buadh agus beannacht" ar an fear mór, "óir


L. 23


is tú an bhean-sgéalaidhe is fearr dá bhfeachaidh mé
riamh agus innis dom anois créad iad na dochair atá ag
Fionn i n-aghaidh na sochar sin?"



"Is mór iad" ar Maighnís, "óir atá sgrios na
n-uile Dhanair agus allmhurach do thiocfas go hÉirinn
air 'na ndiaigh siúd."



"Is éagcóir nach d'Fhionn féin do goireadh ríghe
Éireann" ar an fear mór, "agus tuath nó teaghlach do
thabhairt do Chormac, óir chím nach bhfuil feidhm aige i
n-Éirinn an feadh bias Fionn béo innti agus is truagh
liom-sa an bhruid sin ag Giolla an chúasáin, ar an rí
is fearr dár ghaibh flaitheas Éireann riamh agus ba bheag
an t-inmhe do bhí ag Cúmhall, athair Fhinn i n-Éirinn
an tan sin .i. Almhain Laighean, óir do chuirfinn féin
urchar dom shleigh tar an dtuath fearainn sin," ar an
fear mór.



"Maise, dar liom féin, ní maith leat-sa inmhe ná
árd-tighearnas do bheith ag Fionn," ar Maighnís.



"Bheirim mo bhriathar" ar sé "nách bhfuil anois béo
san dómhan aon duine is lugha orm ná é."



"Maise," ar Maighnís, "anois aithris dhúinn-ne
cia thú féin?"



"Aithriseóchad go dearbhtha" ar an fear mór, "óir
is mise Ciotach cruadh-armach, árd-rí na Dróluinne
Móire, agus is agam-sa atá ríghe na Dróluinne
Móire, agus is agam-sa atá ríghe Fiannachta oirthear an
dómhain agus fós is agam atá an mac is fearr láimh agus maise
atá i dtrí preamh-rannaibh an domhain .i. Dorn dórd-
shollais mac Chiotaigh."



"Maise," do ráidh Maighnís, "badh deachair do an
bárr do bhreith leis ó'n mac ríogh atá againn-ne .i. Oisín
mac Fhinn."



Do rinneadar iomarbhaidh agus cóimheas eatorra. Iar


L. 24


sin adúbhairt Ciotach:- "Atá a fhios agam-sa gur
fearr mo mhac féin ná Oisín agus béarad an bhean seo
liom chuige" (ag cur a láimhe ar ghualainn Shaidhbhe inghine
Éoghain Óig), "óir is mór a thaithneann liom a cruith agus a
caoimh-sgéimh, óir ní fheicim dá mnáibh aon bhean is fearr
deilbh agus éagcosg ná í, agus am dhóigh is deilbh ríoghain atá
uirthi agus ar an ádhbhar sin," ar sé, "béarad liom
í."



"Is féidir leat," ar Maighnís, "óir ní bhfuil fear
do thóirmisc do láthair againn-ne anois. Cidheadh is dóigh
liom-sa gur aindeis an tír 'na rachadh an Fhiann 'na diaigh."



"Do bheirim-se cead tóruigheachta don Fhéinn uile
'na diaigh" ar an fear mór, "agus aithris dom cia h-í an
bhean so atá agam uaibh?"



"Atá, inghean Ríogh Mumhan," ar Maighnís, ".i. Sadhbh
inghean Éoghain óig mhic Éoghain mhóir .i. bean Ghlais
mhic Aoin-chearda Béara, agus is daltáidhe d'Fhionn iad
araon, agus sílim-se go mbadh mhaith an tóir 'na diaigh
Glas féin, dá mbeadh nach rachadh Fionn ná'n Fhiann
ar a lorg," ar Maighnís.



"Do bheirim-se mo bhriathar," ar Ciotach, "go mbadh
fearr liom-sa féin go mbéarfainn ar Fhionn ionnas go
dtabhrainn a cheann liom mar aon ris an mnaoí seo
go críochaibh na Droluinne Móire."



As a h-aithle sin, do thóg Ciotach Sadhbh go lúith-mhear
éadtrom chum a loinge agus do chuaidh féin agus Sadhbh innti
agus do lean Maighnís an fear mór annsin agus adúbhairt
fris:- "Cuirim fá geasaibh thú gan tú féin ná fear
eile ar bith do luighe ré Sadhbh go ceann bliadhna nó go
bhfionnadh tú an leanfadh aon duine í i ndiaig an mhasla
thugais dhúinn-ne."



"Maise dá dhearbha nách bhfuil eagla na tórúigheachta


L. 25


sin orm, cóimhlionfad na geasa sin do chuiris orm,"
ar an fear mór.



Is annsin do thóg an fear mór a sheólta go luth-
gháireach ar feadh na fairge fíor-dhoimhine agus do léig Sadhbh
éighmhe fada, fíor-thruagha aisti agus do rinne faoidh fada,
foth-luaimneach ag caóineadh na h-Éireann, agus na Féinne
agus na bantrachta.



As a h-aithle d'imthigheadar an bhantracht go dúbhach,
deórach, droich-mheanmnach go Teamhar Luachradh. Iar
sin do tháinig an Fhiann um tráthnóna don bhaile agus
tugadar fiadhach feolmhach leo an oidhche sin agus d'fhiafraigh
Fionn don bhantracht créad í an ghruaim sin do
bhí orra. D'innis Maighnís dó mar do rug taisteall
talmhaidhe agus fóghmhar fairge Sadhbh ingean Éoghain óig
leis uatha.



"Is ró-olc an sgéal é sin," ar Fionn, "agus an bhfuil
aon fhios agaibh cá tír nó talamh do rugadh í?"



"Atá a fhios agam-sa." ar Maighnís, "gurbh é Chiotach
cruadh-armach árd-rí na Dróluinne Móire do rug
leis í."



"Is thruagh sin" ar Fionn, "óir ní bhfuil san dómhan
duine is lúgha ar an bhfear sin ná mise."



"Is fíor nách bhfuil," ar Maighnís, "óir ní cheileann
sé féin sin agus do chuir mise fá gheasaibh é gan fear do
leigean do luighe ré Sadhbh go ceann bliadhna."



"Is é a chiall sin," ar Fionn, "go raibh dóigh agat
go leannfainn-se fá cheann bliadhna í."



"Ní fheaca-sa do chóir ag dul re h-aoinneach riamh
go nuige seo" ar Maighnís, "agus atá dóigh agam nách
rachaidh gan díoghaltas uait."



"Is amhgarach atáim dhe sin anois," ar Fionn, "óir
dá ndeachainn i dtórúigheacht Shaidhbhe déantar Aonach


L. 26


Tailteann tar m'éis agus adéarfadh Rí Éireann gurbh
do sheachaint an aonaigh sin, d'fhágainn Éire, óir is éigean
dhom gac cóir agus gach éagcóir dá líomhantar ar Fhiannaibh
Éireann ó'n gceann bliadhna go chéile do bhreith liom
ar Aonach Tailteann an tan sin agus breith Fithcheall agus
Flaithrí nó moladh Chormaic agus Chairbre do thabhairt ann
agus cóimhlíonadh dhéanamh ann mar an gceadna.



Is annsin d'éirigh Goll greannmhar gaisgeamhail
glac-laidir, gníomhéachtach mac Móirne agus adúbhairt
do ghuth árd-shollais ghlan - "A Fhinn, Rí Féinne,
fan ris an aonach sin agus ná bíodh sé le rádh ag rígh, ná
fós ag aoinneach eile san dómhan, go ndéanthá-sa an
t-aonach sin do sheachaint ar aon eagla, agus rachaimíd na
deich gcéad láoch laidir, lán-chalma mar ataimíd annso
i dtórúigheacht Shaidhbhe agus béaraimíd as cibé críoch san
dómhan 'na bhfuil sí ar ais nó ar éigean linn í, nó
tuitfeam uile san turas."



"Do bhíodar mar sin go dtáinig an lá ar na
mháireach, agus do thionnsgnadar an Fhiann imtheacht annsin.
Do cóirígheadh an Bhreach bhúadhach .i. long Fhinn féin dóibh
agus do cuireadh lón bliadhna innti agus do chuaidh an drong
so d'Fhiannaibh Éireann innti .i. Oisín mac Fhinn, Goll
mac Móirne, Fathadh Conán mac mhic Con, Diarmaid
déad-shollais ó Duibhne, Glas mac Aoin-chéarda Béara
.i. fear Shaidhbhe, Caoilte mac cranncur mic Ronáin
mic Luigheach lan-éachtach, Conán mac Móirne agus an
deich gcéad eile don Fhéinn ó sin i leith do laochradh
láidir, lán-chalma, agus do mhór-uaisle na Féinne.



Iar sin do thugadar a dtosach do mhuir agus a n-deireadh
do thír agus do chuireadar a mbrata báin-bhreaca, buain-
ríghne 'na seasamh innti agus do shíneadar na sáir-bhréide
sáibhre snaith-ríghne siubhail sin fris na séol-chranna


L. 27


cruadh-loma go fíor adhbhal an uair sin, agus do bhaineadar
beiméanna na buan-ghaoithe fris na cranna cruadh-loma
colg-dhíreacha, ceart-sheasamhacha ionas go dtug an long
luchtmhar lán daingean sin sídhe sár-luatha seasárd
sith-nimhneach san sál-mhuir go soin-dhíreach go rangadar
i gcrioslachaibh gáibhtheacha, tonn-ghlasa, fíor-ghrána na
fairge, ionas gur éirigheadh an dubh-fhairge dóibh 'na
gleanntaibh gairbh-liatha gruam-dhoilgigh gorm-ramhra
leis an fíor-láochaibh agus do bhadar tréimhse fhada agus aimsear
im-chian ag imtheacht ar an muir gan tír gan talamh
d'fhaicsin dóibh. Adubhairt Conán mac Móirne go
bhfeaca féin talamh iongantach agus cóillte cnuas-íomdha
agus máighe móra mionn-áille agus am dóigh is iongantach
uile na crainn atá ann, agus adúbhairt Conán an rann so: -



Inis do cidh ar muir, dá mbeadh a h-eolas agaibh,
Ní aithnighim crann i gcóill acht máigh iubhra álainn;
Ní aithnighim aon duine san Inis úd do chidh;
Cé shíoraimíd tír agus tonn, ní bhfuil a h-eolas againn;
Inis íubhar is é a h-ainm: fáth gan gheis ní fheadar
cia h-í an inis.



"Seólaidh an long chum na tíre sin" ar Oisín.
Is annsin rug sídhe sánntach chum na tíre agus ar
na fhaicsin sin do lucht an oileáin .i. an long fá lán
shéoil agus iomramha agus fá ghráin gaile agus gaisge d'éirigheadar
mac aidh an oileáin agus do léigeadar sruith sáir-nímhneach
sleagh d'ionnsaighe na loinge go lúth-gháireach agus do
chuireadar an fhoireann an long i dtír don tréan-
iomramh sin. Iar sin d'éirigh Mac Luigheach do léim
lúith-mhear lán-éadtrom as an loing gur ghaibh leitheid
a dha bhonn don tracht gheal ghainimhidhe agus do chuaidh fán
macraidh agus do mhairbh naonbhar dhíobh don ruathar sin, agus
do éighmheadh san oileán dhe sin agus d'éirigh tighearna an


L. 28


oileáin amach .i. Toircheall an trom-thaghláidhe agus do
cheangail a chorp dá caith-éide agus d'ionnsaigeadar an Fhiann
é. Adubhairt Toircheall annsin gur dhóigh leis gurab í
long Fhinn mhic Cúmhaill do bhí ann agus gur fháiltigh a chroidhe
rómpa ar fheabhas leis a bhfeicsint agus adúbhairt go raibh
sé féin seacht mbliadhna mar aon ré Fionn. Do chuir
fear ealadhan dá mhuinntir dá fhios cia do bhí ann. Do
chuaidh an fear ealadhan mar a rabhadar an fhoireann agus
d'fhiafraig sgéal dhíobh.



"Ní bhfághadh tú sgéala annso" ar Conán mac
Móirne, "nó go marbham bhúr sluagh agus bhúr sochraide
agus 'na dhiaidh sin do bhéaram sgéala dhíbh."



"Ní le bagairt bréithre ná aoirde aigeanta dob
áil liom-sa sgéala d'fhághail acht i n-onóir m'éigse agus
m'ealadhan, óir is cosamhail libh-se onóir do thabhairt
do lucht ealadhan, óir is soilbhir bhúr sluagh agus is iomdha
bhúr milídhe agus is maith bhúr n-éadaigh agus bhúr n-iolfhaobhar."



"Do géabhadh tú sgeal uainn-ne" ar Oisín mac
Fhinn, "óir is drong d'Fhiannaibh Éireann atá annseo
agus ní bhfuilmíd annso acht aon mhíle amhain laoch láidir,
lán-chalma. Is iad daoine is fearr againn-ne .i. Goll
glac-laidir mac Móirne, Fathadh Conán mac mhic Con .i.
mac árd-ríogh Éireann, Diarmaid ó Duibhne, Caoilte
mac Ronáin agus mac Luigheach lámh-thréan. Is iad sin ár
sgéala féin dhuit" ar Oisín.



"Beir buadh agus beannacht, a Oisín," ar an fear
ealadhan, "óir is maith d'innisís na sgéala sin."



D'imthigh an file mar a raibh Toircheall agus d'innis
na sgéala do agus fa lúthgháireach Toircheall dhe sin, agus
tháinig féin agus a mhuinntear d'ionnsaighe na Féinne agus
craobh síotha i láimh gacha fhir díobh, agus do leigeadar ar
a nglúinibh iad féin i bhfiadhnaise Oisín agus d'fhearadar


L. 29


fíor-chaoin fáilte roimh Oisín agus ré Goll agus roimh an Fhiann
uile as sin amach. Do rug Toircheall leis iad i mbrúighin
chúplach chómh-dhaingean agus do freasdaladh agus do finthéoladh
go maith an oidhche sin leis iad agus do bhádar i bhfocair
Thoirchill go ceann cóicidhise. Lá n-aon i gceann na
h-aimsire sin, adúbhairt Glas mac Aoinchearda Béara:-
"A Fhiann Éireann," ar sé, "is mithid liom féin feasta
imteacht i n-diaigh mo mhná, cibé ar bith mar racfas dhom."
"Is mór an grádh sin agat dod mhnaoí agus í ag fear eile
dá coimhéad tar do cheann," ar Conán mac Móirne.



Iar sin do ghlac náire mór Glas agus do chuaidh chum a
loinge agus d'fhiafraigh Toircheall d'Oisín cá h-áit 'nar
bh'áil leis dul, agus adubhairt Oisín go raghaidis go críoch
na Dróluinne Móire. "Is truagh liom-sa an turas
sin do dhéanamh dhíbh-se" ar Toircheall, "óir is i gcríoch
na Dróluinne átaid an ceathrar is fearr láimh san
dómhan uile .i. Ciotach cruadh-armach árd-rí na Dróluinne
Móire agus Treathan tréan-bhuilleach mac Ríogh Gréag agus Dorn
déad-shollais mac Chiotigh agus Sgatháin sgiath-shollais
mac Ríogh Fionnlochlann agus is deacair dul i gceann na
bhfiannaidhe sin" ar Toircheall, "agus ó tharla sibh-se
ag dul ann rachadh mise féin libh agus líon mo sheacht gcatha
do chabhair dhíbh."



"Ní tiocfa tú linn," ar Conán.



"Créad an t-adhbhar sin?" ar Toirceall.



"Is maith an t-adhbhar dúinn," ar Conán, "tusa do
thuidheacht linn agus dá ndearnaimís féin aitheas, is ort-sa
do bheadh a bhlaith agus ní orainn agus do rinn an laoi mar
leanas:-



Téarnam don tír tar tuinn, annso go tígh Toirchill;



Fuaramar agat fáilte foireann-laoch na mbreac
mbárca.


L. 30


Is maith do shluagh corcra i gcaith, is álainn t'oiléan
iubhrach;
Is uasal do bhantracht ban, is ríoghraidhe do ríogna;
Is búidheach dhuit uile an Fhiann, i ngach conaire thoir
agus thíar;
Ní bhfaghaid locht ad leanamhain, a Thoirchill an trom
teaghlach,
A Iollainn mhic Móirne mhóir, a chinn comhairle an
chaomh-shlúagh,
Deanfam ár dturas go teann mar is cuibhe dúinn a
dhéanamh.



As a n-aithle sin do chuadar an Fhéinn chum a loinge
agus do thógadar a seólta go lán adhbhal agus do thiomnadar
ceileabhradh do Thoircheall go na mhuinntir agus tugadar
a dtosach do mhuir agus a ndeireadh do thír agus do chaith siad
tréimhse fhada ar an sál-mhuir gan tír gan talamh
d'fheicsin. Is annsin adubhairt Conán mac Móirne:-
"do chím féin tír nó oileán, a Fhiann Éireann."
"Dirigídh an long chum na tíre sin" ar Goll. Is annsin
do chuireadar iomramh tréan tinneasnach ar an loing
gur chuireadar i luas fáinle chum tíre í agus mar do
chonnarcadar sluagh an oileáin sin, do thógadar clocha
cruadha cómh-chruinne agus do chaitheadar leis an loing iad,
ionas gur filleadh an long ó'n gcuan amach arís. Is
annsin do sgread Conán agus adúbhairt:- "A Fhiann
Éireann is mór díth Fhinn againn anois, óir níor filleadh
a long ó chaladh riamh agus é féin innti." Mar do chualadar
an Fhiann sin do chuireadar iomramh fír-neartmhar ar
an loing ionas gur chuireadar i dtír go mileata mear
calma í. Iar sin d'éirigh Mac Luigheach do léim
láin-éadtrom lúthmhar as an loing gur ghaibh leithead a
dha bhonn don talamh agus do chuaidh fá na sluagh agus do ghaibh
ag a leodhadh agus ag a leadradh agus ag a luath-mharbhadh nó


L. 31


go bhfeaca sé macaomh óg éidighthe dá ionnsaighe agus culaith
catha agus cómhraig uime agus is é do bhí ann .i. mac tighearna
an oileáin, Síogra mac an Ghormshúiligh agus d'ionnsaigheadar
féin a chéile. Do rinneadar cómhrac dian, dána, dasachtach
agus urluidhe olbhorba ré n-a chéile.



Is annsin do chuir an Gorm-shuileach fear dána dá
mhuinntir d'fhághail sgéala ón gcobhlach, créad iad féin.
D'imthigh an fear ealadhan agus do bheannaigh dóibh agus d'fhiaf-
raigh sgéala dhíobh - "Cia h-iad féin nó cá tír nó talamh
dóibh." "Ní bhfághadh tú sgéala uainn," ar Conán,
"nó go ndéarnam airgne agus éadáil an oileáin seo, agus 'na
dhiaigh sin geabha sibh sgéala uainn."



"Na h-abair sin, a Chonáin," ar uaisle na Féinne,
"óir ní díultuighimíd duine ar bith ealadhan fa sgéala
do thabhairt dó, agus bhéaram sgéala do." Adúbhradar
gur drong d'Fhiannaibh Éireann iad ag foghluim cleasa
gaile agus gaisge ar feadh an dómhain comh-leathan "agus is
iad sin ár sgéala dhuit" ar siad. "Beiridh buadh
agus beannacht," ar an draoí, "is maith an sgéalaidhe sibh
agus rachad féin leis na sgéalaibh sin d'ionnsaighe mo
thighearna. D'imthigh gan aga d'agallamh a thighearna.
Do tháinig an Gorm-shúileach d'ionnsaighe na Féinne agus do
fearas fíor-chaoin fáilte friú go carthannach agus adúbhairt
riu:- "Truagh dóibh a mhuinntir do leigean a marbhadh,
óir ní h-iad Fiann Éireann ba baoghal liom-sa dá mharbhadh
mo mhic. "Cia h-ainm dot mhac," ar Oisín? "Síogra
is ainm do," ar sé, agus ba mhaith linn sibh-se dá anacal dá
mb'fheidir é agus fós dar mo bhríathar," ar an Gorm-shúileach,
"níor chás liom a thuitim ré neach eile san dómhan acht
libh-se amhain, óir is sibh do shílfinn dá dhíoghailt agus dá
shábháil, dá dtuitfeadh i ngliaidh le duine nó daoine
ar bith eile."


L. 32


Annsin d'éirigheadar an Fhiann agus ba neartmhar dóibh
uile a gcosg don chómhrac .i. Lúigheach agus Síogra agus ar
mhaitheas na cruinne, ní chómhracfadh Síogra le Luigheach
dá mbeadh a fhios aige gurab é do bhí ann. Iar sin do rug
an Gorm-shúileach leis iad uile dá chathair féin agus do
freasdaladh agus do fintéolághadh go sár-mhaith an oidhche
sin iad go súgach, soth-mheanmnach agus mar sin dóibh go
ceann cóicidhise i bhfochair an Gorm-shúiligh agus i gceann
na rae agus na h-aimsire sin dóibh, adúbhairt Glas
mac Aoin-chéarda Béara: "Dom dóigh féin, a Fhiann
Éireann is ag iarraidh bídh agus díghe do thángabhar ó
Éirinn."



"Maise" ar Conán, "do thugas-sa aithis ort-sa
roimhe seo gur fear aindeis tú, óir, do mhairbh grádh
mná atá ag fear eile tar do cheann, tú." Iar na chlos
sin go Ghlas do ghaibh náire mór é. Gidheadh níorbh fheidir
leis cosg do chur ar Chonán. Iar sin d'éirigheadar an
Fhiann go éadtrom úr-éasga úir-mhisneamhail ag dul
chum a luinge go lán-éasgach agus d'fhiafraigh an Gorm-
shúileach cá h-ionad i n-arbh áil leo dul? "Go críocaibh
na Dróluinne Móire" ar Oisín.



"Is truagh sin" ar an Gorm-shúileach, "is tuairim
airm na snáimh i n-aghaidh easa, nó ag cur gad ar ghainimh
nó tairgsint an sál-mhuir, do mheas go rachadh sibh-se
don Dróluinn ar a chómh beag sin do chuideachtain, óir is
iomdha fear comhlainn aoinfhir agus díse agus triúr agus ceathrar
agus ochtmhar agus céad innti agus a Ghoill," ar sé, "beir-se
leat an drong so d'Fhiannaibh Éireann tar a n-ais
agus ná leig dá marbhadh go críochaibh na Dróluinne iad."
"Ní dhéanfainn sin mar comhairle ar mhaitheas na
cruinne," ar Goll, "óir níor ghaibh eagla riamh mé roimh
tuarasgabháil dá mhéad chualadh ar thír eile, agus ní lughaide


L. 33


do rachaim go críochaibh na Dróluinne agus gach tuaras-
gabháil dá dtabhair-se uirthi" ar Goll.



"Maise, a Fhiann Éireann," ar an Gorm-shúileach,
"rachaidh mise agus líon mo shluagh mar cabhair dhíbh libh."



"Ní thiocfa tú linn" ar Conán.



"Créad an t-ádhbhar sin," ar an Gorm-shúileach?



"Atá, tusa na bhfuil a dhá oiread sluágh linn agat,"
ar Conán, "agus dá ndéanaimís-ne éacht nó aitheas, is ort-sa
a bheadh a chlú agus ní h-orainn-ne, agus ar an ádhbhar sin ní
thiocfa tú linn."



"Maise, a Oisín," ar mac an Ghorm-shúiligh, "tabhair
athchuinge dhom féin, mo léigean libh agus gan fear iomchair
mo sgeithe do chuideachtain do bhreith liom, óir do bhí
mé seacht mbliadhna i gcríochaibh na Dróluinne agus déanfad
cómhrac agus cómhlann riamh agus 'n-bhúr ndiaigh ann."



"Is cead linn sin," ar Oisín.



Iar sin do chuaidh sé leo i n-aonar agus d'fhagadar
iomarca beatha agus sláinte ag an Gorm-shúileach agus ag a
mhnaoí agus ag a mhuinntir uile agus adubhairt Oisín an laoí
seo síos:-



Marthain go h-inis úil i gcríoch Fhinn mic Cúmhaill;



Marthain uaim ós so amach go lá an luain don Ghorm-
shúileach;



Marthain do riogain an ríogh, nár thig di olc ná
imshníomh;



Marthain dá mac agus dá fear, ní dlighthear dhúinn a
ndearmhad;



Marthain dá h-ógaibh is dá sean agus dá gróidhibh ghorma
leabhra;



Marthain dá cóill ghéagach ghlas; marthain do na
h-éanlaith amhlais


L. 34


Marthain uaim go Fionn na bhFiann, cia fada gairid
uainn síar



An líon tángamar tar muir gur feardha dhíobh ar
marthain.



A h-aithle an laoí sin do chuadar an Fhiann d'ionn-
saighe a luinge agus do thógadar a seolta go fíor-adhbhal
agus do nochtadar a meirge maiseacha maothshróill agus Goll i
dtosach na luinge ag dul d'ionnsaighe na sean-fhairge
dóibh gur éirigh an ghaoth ghaibhtheach ró-láidir 'na ndiaigh go
dian dásachtach agus do mhór-las an mhuir mór-thonnach
anfadhach agus do labhradar na míolta móra lé guasacht
na gaoithe glóráidhe agus do bhadar seal fada mar sin i
nguasacht mara agus mór-fhairge nó gur íslig an ghaoth
dá glórmhaireacht agus gur chíuinaidh an cuan dá coigeadal.
Is annsin do mhéaduigh meanmna na mór-mhíleadh agus
d'árdaigh intinn na bhfear meanmnach agus do líon na
laóchraidh do lúth-gháir ar chosg na dtonn dá d-trom-
anfadh agus do chuadar go anfadh na toirmeasg nó go
rángadar agus gur ghabhadar cuan agus caladh-phort i gcríochaibh
imchiana na Dróluinne agus ní raibh Ciotach san mbaile
an uair sin, óir do bhí sé ag tógáil a chíosa ar fuid an
dómhain mhóir uile, amhail ba gnáth leis, acht do bhí a dhís
daltáidhe agus a mhac agus a mhuinntear uile ann. Tángadar
an Fhiann i dtír an tan sin, agus ar fhaicsint na Féinne do
mhac Chiotaigh .i. Dorn déad-shollais, do chuir draoí
d'fhágháil sgéala cia bhí ann agus innis Conán dó gurab
iad Fiann Éireann do bhí ann. Iar sin téidheann an fear
ealadhan tar ais agus d'innis sé do Dhorn déad-shollais
gurab iad Fiann Éireann do bhí ann. Mar do chualaidh
Sadhbh inghean Éoghain óig sin do rug a croidhe baoth-léim
adhbhal mhór le lúth-gháir agus is é adúbhairt: "Má's é Oisín


L. 35


mac Fhinn atá ann is fíor nách bhfuil ins an dómhan
aon mac ríogh is fearr ná é."



"Ní fíor dhuit a bhfuil tú do rádh," ar Treathain
tréan-bhuilleach mac Ríogh Gréag, "óir is fearr mise ná
é agus is fearr do mhac athar mé ná Oisín, agus is fearr mo
thighearnas ná thighearnas Fhinn."



"Maise do bheirim-se mo bhriathar," ar Sadhbh, "gur
fearr Oisín, óir níor éarr sé aoinneach i leith a chúil
ná aghaidh riamh 'na séad ná 'na chómhrac agus ar an ádhbhar
sin is fearr é ná tusa."



"Do bheirim mo bhriathar" ar mac Ríogh Gréag,
"gur obras go mbuailfinn lem dorn ar an mbéal tú
ionas go gcuirfinn t'fiachla in do ghoile dhuit."



"Is olc do dhéanfadh an fear le n-arbh áil mise do
luighe leis, sin do léigean leat," ar Sadhbh.



Adúbhairt Dorn déad-shollais:- "a nách bhfuil Ciotach
san mbaile," ar sé, "freasdaladh agus friothaladh an
Fhiann go maith anocht."



"Maise, ní gheabhaid siúd biadh nó deoch uaibh," ar
Sadhbh, "óir is dom iarraidh-se thángadar go dearbhtha
agus béaraid leo mé gan amhras ar ais nó ar éigean agus dá
mbadh ar ghualain Oisín do bhíadhainn féin, ní déarfadh
mac Ríogh Greag go mbuailfeadh ar an mbéal
mé."



"Maise" ar mac Ríogh Gréag," atá bruighean dhain-
gean i n-imeall na tíre seo agus rachfaimíd innti agus slán
na Féinne fúinn."



Iar sinn do chuadhar ann an triúr laoch gona mnáibh
agus gona mór-shlúaghaibh ins an mbruighin agus do bhadar
ag ól agus ag aoibhneas innti. Ar na fhaicsin sin don Fhéinn
adúbhairt Mac an Ghorm-shúiligh go rachadh féin do
thargsan Sadhbh do thabhairt leis ar ais nó ar éigean.


L. 36


"Rachad féin leat," ar Mac Ríogh ó Liathain .i.
ridire do mhuinntir Oisín.



Iar sin do chuadar go dorus na brúighne agus do chonnarcadar
na sluaighte móra innti agus do ghaibh eagla Mac Ríogh
ó Liathain.



"Maise," ar sé, "gluais rómham a Shíogra." Is
é nídh do rinne Síogra druidim roimhe agus do thugadar
ruathar ghrod tré an mbruighin mar bhfeacadar Sadhbh
agus is é áit agus ionad a raibh sí na suidhe ar ghualainn
Dhoirn déad-shollais agus do thug sé Sadhbh leis agus
tharaing a chlaideamh agus do mhairbh mórán don sluaghaibh
agus níor sgar de sin nó go ráinig an Fhiann agus gur
fhágaibh ar ghualainn a fir féin í. Iar sin do léigeadar
an Fhiann gáir maoidhte agus fonomhaide fá sluaghaibh na
Dróluinne agus do phógadar a chéile .i. Glas agus Sadhbh
go dil agus go diachrach.



"Is mór an olghaisge sin do thugadar Fiann Éireann
oraibh," ar mac Ríogh Lochlann".i. an bhean atá ré
bliadhain agaibh do bhaint díbh le h-aon uair amhain
d'oidhche."



Iar sin do cheangail Mac Ríogh Lochlonn a chorp
dá chaithéide catha agus do lean sé Sadhbh agus do chuaidh sé i
bpobal Ghlais mhic Aoinchéarda Béara agus do fuair sé
Sadhbh ar a ghualain agus iar sin do thug sé sáthadh sanntach
sleighe ar Ghlas agus do thóg sé Sadhbh leis go h-úir éadtrom
agus níor stad agus níor chómhnaigh gur fhág sé ar ghualain
Mhic Chiotaigh í.



"A Fhiann Éireann," ar Conán, "ní bhfuil feidhm agaibh
i nÉirinn go bráth tar éis Sadhbh do léigean uaibh."



Is annsin do ghaibh Goll a chulaith catha agus cómhraig
uime agus do lean sé Sadhbh agus do ghoin Mac Ríogh Gréag


L. 37


agus do thóg Sadhbh leis, agus d'fhág ar ghualain Ghlais í. D'éirigh
Mac Ríogh Loclonn arís agus do chuaidh fá phobal Ghlais
agus do mhairbh naonbhar ann agus do rug Sadhbh tar ais ar
éigean. Is annsin adúbhairt Dorn déad-shollais mac
Chiotaigh Sadhbh do chur i mbruighin daingean do-sgaoilte
agus do rinneadh amhlaidh sin, óir do cuireadh í agus an bhantracht
ag aoibhneas agus ag súgradh agus ag síor-gháireadh agus bhí Sadhbh
ag caoi go cruaidh bog-dheorach. Iar sin adúbhairt
Diarmaid a Dúibhne: "Tabhair mo chulaith catha agus
cómhlainn chugam nó go leanfad Sadhbh agus do chuaidh
Diarmaid san mbrúighin 'na raibh an bhantracht uile .i.
naonbhar agus seacht bhfichead a gcómh-líon. Is annsin
adubhairt Diarmaid leis féin: "Béarad an bhantracht
uile liom," agus do rinn amhlaidh sin. Adúbhairt Oisín mac
Fhinn Sadhbh agus an bhantracht uile do chur san loing agus nár
bheag leo a bhfuaradar do dhochar acht munab éigean
dóibh tuille d'fhágháil dá n-aimhdheoin.



Iar sin do cuireadh Sadhbh agus an bhantracht san loing.
Annsin adúbhairt Oisín ré mac mic Con mic Luigheach .i.
mac Ríogh Éireann dul dá gcoimhéad, "óir ní bhfuil do
líon sluagh ná sochraide do ba léor linn dá gcóimhead
ar neart allmharach agus fós dob olc ár dturas go h-Éirinn
agus tusa d'fhágáil i gcríochaibh na Dróluinne." Adúbhairt
Fathadh Chonáin nách rachadh sé féin ins an loing agus gurab
ag cur cátha, thainig sé féin ó Éirinn, agus adúbhairt Conán
go ndéanfadh sé féin bolg aoire agus achmhasán do, muna
ndeachaidh sé san loing i bhfocair na bantrachta. Do
chuaidh Fathadh Chonáin san loing d'eagla teanga líomhtha
lán-ghéar Chonáin do dhul faoi.



Is annsin adúbhairt Oisín mac Fhinn: - "A Fhiann
Éireann, is fada ó gach aon agaibh a dhúthchas dílis agus a
bhaile bunaidh agus is líonmhar bhúr namhaid agus is tearc bhúr


L. 38


gcarad annso agus díoghalaidh sibh féin go maith agus deanaidh
calmacht agus cruadh-chómhlann agus do bheirim-se mo bhriathar
fíorlaoich muna mbrise an talamh fúm-sa, nó muna
dtuite an firmiomant anuas orm, nách tabhrad aon
troigh ar mo chúl go bráth roimh duine nó daoine ar bith
san dómhan." 'Na dhiaigh sin d'fhiafraigh sé: - "Cia
agaibh, a óga, do gheabhas do láimh cómhrac mic Ríogh Gréag
do chosg dhínn amáireach?" "Gabhaim-se ré n-ais a chosg."
ar Goll mac Móirne. "Cia gheabas do láimh Dorn
Déad-shollais mac Chiotaigh do chosg" ar Oisín?



"Is dhomh-sa is cóir a chosg" ar Glas mac Aoin-chearda
Béara, "óir is aige bhí Sadhbh."



"Cia gheabhas do láimh Sgatháin sgiath-shollais mac
Ríogh Loclonn," ar Oisín?



"Coisgfead-sa sin diot." ar Diarmaid ó Duibhne.



Do rángadar as mar sin an oidhche sin go dtáinig
an lár na mháireach, nó gur nocht an ghrian ghlan-
radharchach ghnúis-shollais í féin. Iar sin d'éirigheadar
Fiann Éireann i gcoinne agus i gcomhdháil sluagh na
Dróluinne agus adúbhairt Oisín a chulaith catha do thabhairt
chuige .i. seacha séimh snáithchéanta sróil-mhaiseach, san-
amhail, sáir-chóirighthe agus lúireach cruaidh rinn-catha chaomh-
dhaingean do chúmhdach a chaomh-chuirp agus claidheamh clais-
leathan cros-órdha tar a thaobh clé agus sgiath dath-álainn
dearg-órdha ar stuaidh-leirg a dhroma aige agus dá shleagh
chró-fhairsing catha 'na dhóidibh daingeana deagh-thapadha
agus do chrith é féin i meadhon airm agus éide agus fógras dá
mhuinntir a chúl-choiméad agus do ghluais roimhe d'ionnsaighe
sluagh na Dróluinne fan samhail sin. Agus dobh'
iomhdha san gcaith coigeadal claidheamh clais-leathna,
colg-dhíreacha ag ciorbhadh corp agus gearradh cnámha
agus ceann-mhalaidhe a chéile. Is truagh adhbhal mar do


L. 39


bhí an cath an tan sin. Óir dob' iomdha súil ar na
saobhadh agus srón ar na sgoltadh, agus béal ar na briseadh
agus lámh ar na leadradh, agus corp ar na cosgairt agus cos ar na
teasgadh agus glún ar na crapadh agus déad ar na tromluighe
ar feadh na maighe sin go cóimh-leathan. Iar sin freagras
gach aon díobh a chéile cómhraig. Iar sin triallaid i
gcoinne agus i gcómhdháil a chéile san gcaith sin .i. Dorn
déad-shollais agus Glas mac Aoin-chearda Béara agus do
rinn siad cómhrac calma, curata, cóimh-neartmhar agus
ba dána dóitheadran an cómhlann agus an tréan-bhualadh
do thugadar an dís deaghlaoch sin ar a chéile an tan sin go
bhfuair Glas baoghal béime agus brath-bhuille ar Dorn
déad-shollais mac Chiotaigh gur bhain a cheann de. Iar
sin do comhmhaoidheadh an mór-eacht sin le Fiannaibh
Éireann.



Is annsin triallaid i gcoinne agus i gcómhdáil a chéile
Diarmaid ó Duibhne agus Sgatháin sgiath-shollais mac
Ríogh Loclonn agus do rinn siad cómhrac mear meanamnach
mór-aigeantach mí-chéilídhe mór-dhálach agus urluighe olbhorba
gan fios time tláis ná tarcuisne ag ceachtar díobh tar
a chéile go dtug Diarmaid béim claidhimh do mac Ríogh
Lochlann gur bhain a cheann san iargcúil céadna sin dhe
gan taca gan toirmeasc.



Dála Goll mac Móirne do chuardaigh an cath fa thrí
ag iarraidh mic Ríogh Gréag agus níor tharla dho é, agus ó nách
fuair é do chuaidh fa shluagh na Dróluinne agus gabhas ag a
n-oirleach agus dá ndí-cheannaghadh ionas gur ghaibh ag siubhal
agus ag imtheacht ar corpaibh curadh agus caithmhílídhe i ngach
conaire agus gach slíghe tímcheall 'nar ghaibh ionas narbh
fheidir ionad coise laoch ná dreoil-fhear don talamh
d'fhágháil ar feadh sluagh na Dróluinne le méad an áir
agus an easbadha do bhí orra ó láimh dheagh-thapaidh dhásachtach


L. 40


ghrod-mhairbheach Ghoill mhic Móirne ar an lathair céadna
sin.



Dála Mac Ríogh Gréag, ó nách bhfuair fear a choisgithe
san gcaith, do chuaidh fá sluaghaibh na Féinne agus gabhas ag cur
an áir agus an easbadha go trom neartmhar agus ba thruagh mar
do bhadar an Fhiann uile an tan sin, óir ní raibh láoch da
láidireacht nó dá thréine dá dtréan-mhíleadhaibh mór-
mheanmnacha nách raibh ag a mbualadh i n-aoinfheacht ag
sluagh na Dróluinne ré dásacht tréan-bhuillídhe mhic
Ríogh Gréag orra, óir níor fhéad neach a chabhair do
thabhairt dá chéile san gcómhrac ior-ghailleach sin le tréan-
ghreasacht mhic Ríogh Gréag orra.



"Is crádh croidhe liom féin," ar Síogra mac an Ghorm-
shúiligh, "an leadradh agus an luath-mharbhadh so do bheir mac
Ríogh Gréag ar Fhiannaibh Éireann agus is truagh liom mar
atá anois dá bhur marbhadh agus is dóigh liom-sa anois dá
mbeidís na deich gcéad mar thángamar go críoch na
Dróluinne ar aghaidh agus a láimh dheis ceangailte nach rachadh
aon agaibh d'ionach na h-Éireann go bráth ach bhúr dtuitim
uile leis féin agus do bheirim mo bhriathar" ar sé, "gurab
fearr liom féin cnéadh nó créacht d'fhághail nó fós
tuitim leis ná bheith dá fheitheamh ag buath-mharbhadh na
Féinne mar sin."



Iar sin do thainig Siogra mac an Ghorm-shúiligh i
gcoinne agus i gcómhdáil mic Ríogh Gréag agus adubhairt:-
"Iontuigh feasda orm-sa, a mhic Ríogh Gréag." Annsin
d'iompaigh Mac Ríogh Gréag air agus do rinneadar an
dís deagh-láoch sin cómhrac feargach fuilteach faobhrach
fírnímhneach. Is annsin do tharla do Mac Luigheach
lucht do mhaoin an chomraig do mharbhadh. Iar sin d'fhéach
sé mar a raibh Síogra agus do chuir a mhéar beag-altach
bharr-chaol i suaithnid na sleighe síoth-fhada sáir-nímhneach agus


L. 41


tug urchar sáir-dhíreach gur chuir gan chaime d'ionnsaighe
mhic an Ghorm-shúiligh gur chuir fad laimhe laoich don chrann
cró-ramhar na craoisighe tré chorp an chaomh-laóich mhic
an Ghorm-shúiligh. Annsin tuiteas Síogra i dtaisibh
agus i dtaimh-néalaibh báis an tan sin. Iar sin do chuaidh
Mac Luigheach i n-ionad Shiogra san gcómhrac.



"Is truagh sin, a mhic Luigheach," ar Conán mac
Móirne, "mar is mór an gníomh sin do rinnis .i. Mac
Ríogh Inse Iubhra do mharbhadh i bhfeall agus i bhfionghail
fhíor-ghrána agus níor fhealladar Éireannaigh riamh roimhe seo
ar aon dá dtainig 'na measc agus is olc an éiric thú féin
san ngníomh sin do rinnis."



"Maise, ní le rún feill ná díoghaltais do mharbhas
é" ar Mac Luigheach, "acht briathar mór iongantach
do chualaidh mé aige dá rádh .i. go gcoisgfeadh mac Ríogh
Gréag na deich gcatha thángamar ó Éirinn le na láimh
chlé dá mbeadh a lámh dheis ceangailte agus é féin do dhul
do chómhrac leis 'na dhiaigh sin, ionas go mbeadh le rádh
aige go gclaoidhfeadh sé féin an t-é do choisgfeadh Fiann
Éireann uile. Is uime sin do thugas an t-urchar
úd do."



Is annsin d'éirigh Mac an Ghorm-shúiligh as a néal
agus ní raibh pudhair air ón urchar sin agus do chuaidh d'ionn-
saighe an chómhraic iar sin, agus do chuaidh mac an Ghorm-
shúiligh do chómhrac ré mac Ríogh Gréag gur fhásgadar
na sgeithe gealbholgach i dtimige na talmhan fódáighe
i gcoinne agus i gcómhdáil a chéile agus do rinn siad cómhrac
calma fírneartmhar agus úrluigheacht bhorb gháibhtheach
ghranamhail gan fios time tláis ná tarcuisne ag ceachtar
aca tar a chéile. Is annsin do mhéadaigh aigne agus intinn
Mhic an Ghorm-shúiligh agus tug buille dicheanntha do mhac
Ríogh Gréag gur bhain a cheann dhe, agus do muidheadh an gníomh


L. 42


sin i bhfiadhnaise Oisín agus na Féinne uile. Iar sin do
leigéadar gártha cosgair le lúth-gháir ós árd asta
ar thuitim do mhac Ríogh Gréag, óir ba dearbh leo muna
marbhthadh Síogra é go dtuitfeadh an Fhiann uile leis.
Dob iomdha geilt glinne agus deamhain aeoir agus arrachta
éig-cheilge agus ualla faolán do bhí ann ar chorpaibh curadh
agus caithmhíleadh an tan sin. Is beag nár thuit urmhór
sluagh na Dróluinne agus gasradh na Gréige uile agus laochradh
Lochlonn le Fíannaibh Éireann sa gcaith sin agus na deich
gcéad laoch láidir ion-chalma d'Fhiannaibh Éireann
tháinig as Éire níor mhair díobh don ruathar sin acht
aon chéad amháin agus an t-aon céad sin do mhair dhíobh,
do chuadar fá chathair Chiotaigh agus d'argadar go h-iomlán
í, óir níor fhágadar corn ná cupán, ór ná airgead ná
iolmhaoine innti agus do chuireadar teinte agus teandála agus
d'fhágadar tré dhóighir donn-ruadh dearg-lasrach í.



Annsin do chuadar d'ionach a luinge agus ní h-aithristear
a bheag dá sgéalaibh nó go rángadar agus gur gabhadar
cuan agus caladh-phort i mBínn Éadair agus mar do chonnairc
cách a lúighead do tháinig as an loing do léigeadar
gártha cómhmóra ós árd asta ag caoineadh a gcarad agus
a gcompánach agus do bhí cuid eile aca go súgach sólásach ar
fhaicsin Oisín agus Ghoill agus Diarmada agus Mic Ríogh Éireann
agus Mhic Luigheach agus Glais mic Aoin-chearda Béara ag
teacht slán ó shluagh na Dróluinne, óir dob iad sin
daoine dob fhearr dá ndeachaigh i dtórúigheacht Shaidhbhe
fan am sin.



Iomthusa Chiotaigh an tan do bhí sé ag tuidheacht as an
dómhan mhór anoir do chonnairc sé a cathair tré dhoighir
dhonn-ruadh dhearg-lasrach. Iar sin triallas chum tíre
go tinneasnach gur gaibh cuan i gcríochaibh na Dróluinne
Móire agus a mhuinntear 'na ndronga dian-chlaoidhte


L. 43


roimhe agus do theith cuid eile aca as an gcaith fá ghleanntaibh
diamhaire daingeana do-eolais agus i gcuasaibh cair-
greacha agus crann. Iar n-aithne luinge Chiotaigh dhóibh,
thángadar 'na choinne agus 'na chómhdáil agus do léigeadar
gártha caointe agus ualla gáibhtheacha granamhla ós árd asta
ar bhfaicsin Chiotaigh dhóibh. Annsin d'fhiafraigh Ciotach:-
"An bhfuil a fhios agaibh cia do rinne na h-éachta sin?"



"Do rinne iad sin Oisín mac Fhinn agus drong d'Fhiannaibh
Éireann maille ris," ar iad sin.



"Maise, is mór na h-éachta do rinneadar dhomh-sa,"
ar Ciotach, " .i. mo mhac agus mo dhís daltáidhe agus mo mhuinn-
tear uile do mharbhadh agus mo chathair do mór-mhilleadh agus
is truagh nachar rug mise ar an muinntir do rinne
sin, do rinne mo dhíth go h-adhbhal mhór d'fhéachain an
rachadh aon duine go h-Éirinn go dtuitidís uile lem
láimh i n-éiric mo mhasla agus mo dhíoghbhála."



Iomthusa Chiotaigh ní chomhnuidhe do rinne sé acht a
shéolta do thógáil agus tosach a luinge do thabhairt siar
díreach agus ní h-aithristear a sgéala go ráinig Binn
Éadair. Do chuir a long chum tíre go prab deagh-thapaidh
agus d'fhág annsin í, agus do chuaidh féin 'na réim reatha go
Teamhair mar a raibh Rí Éireann an tan sin .i. Cormac
mac Airt mhic Chuin céad-chathaigh. Iar sin teidheann
Ciotach i bhfiadhnaise an ríogh agus is é adúbhairt:- "Do
chasadh leat-sa do thainig mé féin, a Rí Éireann" ar
sé.



"Cia casadh sin," ar Rí Éireann?



"Atá," ar sé, "Oisín mac Fhinn agus drong d'Fhiannaibh
Éireann do mharbh mo mhac agus mo dhís daltaidhe agus mo
theaghlach uile agus mo dhún do losgadh agus is dhuit-se is ceart
do chongbháil dhom," ar sé, "agus ní cara dhuit-se Fionn


L. 44


agus is mó a thighearnas ná do thíghearnas féin i n-Éirinn.
Ar an adhbhar sin, a Chormaic fáigh-se cómhrac aoinfhir
dhomh-sa ó Fhiannaibh Éireann."



Iar sin adubhairt Cormac:- "Coisgfead-sa an
Fhiann uile dhíot acht Clanna Baoisgne amhain agus fós
níor dhiultuigheadar Fiann Éireann cómhrac aoinfhir
riamh." Do ghluaiseadar Fiann Éireann go Teamhair
iar gclos dóibh Ciotach do thuidheacht ann ag iarraidh
cómhrac aoinfhir d'fhaghail uatha agus do ghreamaigh Cormac
ar an Fhiann gan dul do cómhrac ré Ciotach acht clanna
Baoisgne amhain.



Iomthusa Chiotaigh agus Shíogra mhic an Ghorm-súiligh
d'ionnsaigheadar a chéile mar dá churadh tréan-
bhorb, nó mar dá leomhan cuthaigh ar lán mhire agus do rinn
siad cómhrac fuilteach fóbharthach faobhrach fír-nimhneach
agus níor déarnadh i n-Éirinn riamh ó cómhrac Chuchulainn
agus an Garbh mic Stara nó cómhrac Chonaill Chéarnaigh agus
an Dearg Díomsáigh cómhrac dob fhearr ná an cómhrac
sin agus i bhfoircheann an chómhraic sin fuair Ciotach fuighill
béim agus brathbhuille ar Shiogra gur bhain a cheann dhe
agus níor mhairbh riamh roimhe sin aon fhear ba mheasa le
Fiannnaibh Éireann ná é.



Annsin d'fhreagair Clanna Baoisgne cómhrac Chiotaigh
agus is é cómhrac ar ar chinn siad .i. a gceann do bhaint
dá n-armaibh agus comhrac crobh-neartmhar do dhéanamh. Ní
sábháil ná corraidheacht do bhí aca roimhe sin acht amhail
do bheadh cnuic agus coillte Éireann ag tréan-thuitim
i n-aoinfheacht. Do bhadar na h-árd-ghaisgídhe sin ag
iomrasan ré chéile seal fhada agus aimsir imchian agus fá
deoidh ba tuirseach seirgthe fir fíor-chalma Clanna
Baoisgne ionas gur treasgradh le Ciotach cruadh-
armach árd-rí na Dróluinne Móire iad uile, óg agus ársa


L. 45


acht Fionn agus Osgar amhain agus ní raibh Osgar acht i gceann
a sé bliadhna déag fan am gcéadna sin.



Iar sin do ghaibh Osgar ag caoineadh agus ag tuirse go
truagh ádhbhal an uair sin do chonnairc sé Oisín agus
Clanna Baoisgne ceangailte, cruadh-chuibhrighthe ré
córdaibh cruaidh-ríghne cnáibe ag Rí na Dróluinne dá
gcur ar a gcosaibh agus ar a lámhaibh.



Is annsin adubhairt Fionn:- "A Fheargais Finnbéal
agus a fhile na Féinne do dhíol-sa go maith sibh go nuige
seo agus anois déanaidh maith dom i n-áit á dtugas díbh
ríamh .i. Osgar do bheith libh dá choimhéad chum cairde
éigin dom féin san dómhan toir, óir is éigean dom dul
do chómhrac ré Ciotach cruadh-armach anois."



"Maise do bheirim-se mo bhriathar," ar Osgar, "nách
rachfad-sa i n-áit ar bith san dómhan go bráth nó go
ndioghladh mé m'athair ar Chiotach i gcómhrac na maidne
amáireach."



"Maise, ná h-iarr-sa do dhul do chómhrac ré Ciotach,"
ar Fionn, "óir ní h-ion-chomhrac dhuit-se é," agus annsin
adúbhairt Osgar: "Cuirfead-sa i ríocht é amáireach nách
laige m'alta ná m'fhéitheacha féin ná gach ball dá bhallaibh."



Iar na chlos sin d'Fhionn do bhí sé go dúbhach droch-
mheanmnach an oidhche sin gan bhiadh, gan deoch, gan codladh
gan cómhnúidhe go maidean ar na mháireach.



Is annsin d'éirigh Osgar go moch agus níor gaibh toir-
measc ó aon duine gan dul do chómhrac le Ciotach agus ró
innsaigheadar an dís sin a chéile agus do rinn siad cómhrac
calma fír-nimhneach fuilteach faobhrach fíor-chruaidh agus
maithe agus mór-uaisle na h-Éireann uile ar faithche na
Teamhraighe ag amharc orra go dtáinig fuinneadh nóna
dá n-ionnsaidhe. Iar sin iarras Ciotach sosadh cómhlainn
ar Osgar an oidhche sin.


L. 46


"Do bhéarfad sin dhuit," ar Osgar, "má sgaoileann
tusa dhom athair go maidean."



"Ní sgaoilfead" ar Ciotach.



"Ar an adhbhar sin, is fíor nách bhfághadh tusa sosadh
cómhlainn uaim-se" ar Osgar.



Iar sin do chaitheadar an oidhche go maidean ag dian-
chómhrac.



Iomthusa Osgair agus Chiotaigh do bhadar teora lá agus
oidhche ag cómhrac ar faithche na Teamhraighe agus maithe bhfear
n-Éireann agus a mná ag feitheamh agus ag féachaint ar an
ndian-chómhrac chalma crúadhalach sin agus iad ar feadh na
rae agus na h-aimsire gan biadh, gan deoch, gan codladh,
gan suan gan cómhnúidhe ag ceachtar dhíobh. I gceann
na rae agus na h-aimsire sin dóibh .i. an treas lá do chuir
Osgar a bheag-mhéar daith-gheal donn-ingneach i suaithnid
na sleighe sáir-nimhnighe agus tug urchar ró-naitheasach
d'ionach Chiotaigh gur chuir fad láimhe laoich don chrann
cródhearg na craoisíghe tré chorp an caomh-churaidh. Iar
sin do thángadar argana an bháis do Chiotach an tráth
sin. Annsin do bhain Osgar a cheann dhe i bhfoircheann
an chómhraig sin. Do chuaidh mar a raibh Clanna Baoisgne
agus do sgaoil sé na ceangail agus na cruadh-cuibhreacha do
bhí ar a athair agus don Fhíann uile.



Gurab í sin Tórúigheacht Shaidhbhe Inghine Éoghain Óig
agus bás Shiogra mhic an Ghorm-shúiligh le Ciotach cruadh-
armach, árd-rí na Dróluinne Móire agus bás Chiotaigh féin
le h-Osgar mac Oisín go nuige seo.


L. 47


Eachtra Iollainn Iolchrothaigh mac Ríogh
na hEaspáine sonn


L. 49


3. Eachtra Iollainn Iolchrothaigh mac Ríogh na hEaspáine sonn



Rí ró-rathmhar, réim-dhíreach, cródha, cosgarthach, cath-
bhuadhach, clann-líonmhar, cosantach do ghaibh flaitheas
agus forlamhas for Eirinn iath-ghlas oileánaigh, dar ba
cómhainm Cormac mac Airt mic Cuinn Céadchathaigh,
mic Tuathail Teachtmhair, mic Féidhlime Reachtmhair, mic
Fiacha Fionnolaidh, agus ba rí i ndlighthibh agus i riaghail é agus
file i bhfilidheacht agus ba draoi i n-eólas an Cormac sin, óir
ní raibh goid ná broid, olc na éigean i gcríochaibh dath-
áille na h-Eireann re n-a linn. Triochaid bliadhain i
bhflaitheas na Fódla agus i bhfearannas Alban don Chormac
sin agus iar gcaitheamh na ré agus na haimsire sin dó, do
commóradh aonach aidhbhéil leis agus do ba iomdha gail agus
gaisgeadh agus gníomhartha rathmhara ro-fhlatha ag smachtughadh
tionóil ar an aonach sin.



Ciodh tracht, níor chian dóibh mar sin ag commóradh an
aonaigh an tan dearcas an rí i n-a thimcheall agus do chonnairc
sé an míleadh meardha, agus laoch láidir, lán-chalma ag
teacht gus an aonach go réim-dhíreach dá ionnsaighe. Is
annsin adubhairt Cormac: "An feadh atáim im rígh
for Éirinn, ní fheaca a chómhmhór súd do dhuine, do churadh,
do ghasgidheach, ná do chath-mhíleadh." Iar sin táinig an fear
mór do láthair agus fáiltigheas Cormac roimhe agus fochtas sgéala
de; créad as a dtáinig. "Is cumhang mo chuairt," ar an
fear mór, "re n-a tabhairt, óir, ní fhuil acht trí ranna
san domhan, mar atá Eoraip, Asia, agus Aifric agus is do rann
éigin díobh sin mise." "Ní cumhang linne sin," ar
Cormac, "má's cumhang leat-sa é," agus do ghaibh fearg
mhór an rígh, agus iar n-a mheas sin don fhear mhór do labhair


L. 50


agus adubhairt: "Fiafraigh feasta gach ní is áil leat agus do
bhéar-sa gach sgéal dá mbéadh agam dhuit." "Maise,"
ar Cormac," cá rabhais aréir." "I nAlmhain leathan-
mhór Laighean, mar a bhfuil Fionn fíor-ghlic ó Baoisgne
agus Fianna glan-áille Gaedheal." "An rabhais aon oidhche
riamh roimhe so i nÉirinn?" ar Cormac. "Ní rabhas go
deimhin," ar an fear mór. "Cread an toisg tug go
hÉirinn tú?" ar Cormac. "Ag iarraidh cinn ríogh
Éireann tháinig mé," ar an fear mór, "agus dar do láimh-se,
cidh nach fuil fios agam-sa nach tusa rí Éireann, dá
mbéadh seacht righthe ar Éirinn do-bhéarainn a gcinn uile
liom." "Ní mar fhírinne deirir sin a fhir mhóir," do
ráidh Cormac. "Do shiubhlas," do ráidh an fear mór,
"agus do thimcheallas mórán don domhan agus ní thiocfadh mé
go hÉirinn anois do dhéanamh bréige riot-sa."
"Máiseadh, fan againn, ar Cormac, agus do-gheabhair ceann
ríogh Éireann amáireach." D'fhan an fear mór an oidhche
sin i bhfarradh Chormaic agus do-chuadar go cathair na
Teamhrac agus do bhádar go súgach, so-mheanmnach an oidhche
sin acht go raibh eagla an fhir mhóir orra, agus iar gcaitheamh
a bproinne dhóibh do deargadh cuilceadha clúimh agus leap-
thacha lán-áille dóibh. Do chuir Cormac cuid do mhaithibh
na Teamhrach d'fhagháil sgéala uaidh agus ag tabhairt sgéala
do mar an gcéadna. Ní raibh tuath, tír, talamh ná
triúcha céad i dtrí rannaibh an domhain ná raibh i n-aithne
ag an bhfear mór. Do chodladar leath ar leath ar feadh
na h-oidhche sin go h-eirghe don gréin, glan-ruithneach
os tulchaidh an talaimh trom-fhódhach gur shoillsig sí na
cabáin ar gach tuath 'na dtimcheall, gurab annsin d'eirig
an fear mór, agus do cheangail sé a chorp caomh-áluinn
gruadh-ghlan 'na cath-éide catha agus cruadh-chómhlainn, ionnas
gurab deas, taithneamhach do thagaidh a chuid airm, agus éide


L. 51


dhó; .i. do Iollann Iolchrothach mac ríogh na h-Easpáine an
fear ba mhó gail agus gaisge, tréine agus treise, lúth agus lámhach
san gcruinnidh gceathardha go cómh-iomlán; agus do chuaidh
for an bhfaithche bhféar-uaithne agus do chuir a sgiath i dtalamh
agus do bhuail í go lom, laisgneach agus d'iarraidh cómhrac.
Do chuaidh Cormac an tan sin d'ionnsaighe an fhir mhóir
agus is é adubhairt fris; - "Ní mé féin Rí Éireann, a fhir
mhóir," do ráidh Cormac. "Cia eile, cia is rí ar Éirinn,"
ar an fear mór. "Fionn mac Cúmhaill," ar Cormac.
"Créad an sochar atá ag Fionn ar feadh Eireann," ar
an fear mór, "gcionn go mmbeadh na rígh do bhreis ort-sa."
"Atá," ar Cormac, "triúcha céad i ngach cúige, agus
tuath i ngach triúcha cead, agus baile i ngach tuath, agus teach
i ngach baile, agus coileán con nó gadhair i ngach teach, agus
ní líomhthar oiread an dubhain ná an laogh-allaidh do
ghabháil ar feadh Eireann gan chead d'Fhionn, agus gach ní
is áil leis féin do chíos agus do cháin an fhearrainn. Agus is
leis 'na dhiaigh sin é." "Má's fíor sin," do ráidh an
fear mór, "créad fá leigfeadh sé cathair uasal urramach
na ríoghachta duit-se agus é féin na h-éaghmais." "Ní gan
adhbhar go deimhin," ar Cormac, ".i. feidhmeannas atá
annso ó Fhionn mach Cúmhaill agam-sa an feadh bhias Eire
idir dá rígh." "Is mór an lán sin le rádh, a Chormac,"
ar an fear mór, "más bréag é." "Ní bréag,"
ar Cormac, "óir atá cumas na Teamhrach agus
coiméad bhfear mBréagha agus bhfear Mídhe ar a chumas."
"Ar an adhbhar sin," do ráidh an fear mór, "rachad-
sa go h-Almhain leathan-mhór Laighean, agus do-bheirim mo
mhóide, dá gcuireadh Fionn me tar ais, nách géabhadh me
leath-sgéal uait an ath-uair." Ar sin gluaireas an fear
mór i n-ath-ghearradh gach conaire agus i réidh-dhíreach gacha
cómh-eolais nó go ráinig sé go h-Almhain leathan-mhór


L. 52


Laighean, agus níor mhaith le Fionn a fheicsin an ath-uair óir
do ghaibh imeagla iad uile idir óg agus sean, agus do chlaochlaidh
dath agus deilbh na laoch láidir lán-chalma sin. Fáiltigheas
Fionn riomhe agus d'fhiafraig de:- "An ó Theamhair na
Ríogh táinig, nó an ndearnadh cómhrac ann." Adubhairt
an fear mór ná dearnadh, agus do innis d'Fhionn mar shéan
Cormac an ríoghacht. Do gheóbhfá cómhrac uaim féin,"
ar Fionn, "agus gan dul go Teamhair na Ríogh." "Dá mbeadh
a fhios sin agam-sa gur tú Rí Éireann," ar an fear
mór, "ní rachainn thort." "Ní shéanaim-se mo chuid don
ríoghacht," ar Fionn, "d'eagla catha ná cruadh-chómhlainn
agus ar an adhbhar san, a Dhiarmaid úi Dhuibhne, eirig do
chómhrac tar mo cheann ris an bhfear mór." "Ní rachadh
go deimhin," ar Diarmaid, "óir ní bhfuil aoinneach
d'fhiannaibh Eireann dárab lugha is córa dul do chómhrac
tar do cheannsa ná mise; agus is é Goll mac Mórna an
dara fear." "A Óisín mac Fínn, eirigh tar mo cheann
do chómhrac ris an bhfear mór ." "Ní rachadh go deimhin
ar Oisín, óir ní bhfuil aon laoch d'Fhíannaibh Eireann ion-
cómhrac ris an bhfear mór úd." "A Fhir-lúigheadh
mac Oisín, eirig do chómhrac tar mo cheann
leis an bhfear mór." "Ní rachadh, go deimhin," do ráidh
Fear-lúigheadh mac Oisín, "agus a Fhinn," ar sé, "an
cúimhneach leat-sa an grádh éagmhaiseach tugas-sa do
mhnaoi .i. Bé-chrothach inghean ríogh Connacht agus tug sí laoi
agus móide nách béadh aon fhear aici go bruinne an bhrátha
acht an fear do bhéaradh ceann Chonaill chluasaidh, do
bhí i n-insi Starainn chuici, do bhí san domhan toir dá
h-ionnsaighe; agus do mhéid grádh na h-inghine sin agam-sa
nár fhéadas gan dul san turas sin agus is é líon d'Fhiannaibh
Eireann do lean me, .i. dá chéad laoch láidir, lán-
chalma agus ní raibh againn giolla gan sgiath, ná laoch gan


L. 53


claidheamh, ná duine gan manaois crann-ramhar, cró-
fhairsing, cinneadh-ghéar catha; agus do lean tusa sinn go
Tráigh na dTreanfhear san gcúige Uladh agus do chongbhaís-se
céad don dá chéad sin uaim-se agus tugais móide agus mór-
briathra ná leigfeá aoinneach don chéad do chuaidh liom, i
bhfiannaigheacht go ceann bliadhna, agus dob fhearr leat mise
do theasgadh, ná do theacht slán; ionnas go mbéadh
an bhean agat féin i nÉirinn, agus ar na h-adhbharaibh sin ní
rachadh do chómhrac ris an bhfear mór tar do cheann."



"Eirig, a Osgair mhic Oisín, do chómhrac ris an bhfear
mór tar mo cheann," do ráidh Fionn. "Athair ionmhain,"
do ráidh Osgar, "ní cúibhe dhuit-se sin d'iarraidh orm-sa
ar aonchor, agus an cuimhin leat an chruadháil dhéanach do
bhí ort .i. an uair do rugadh Saidhbh iodhan inghean
Eógain óig, mhic Eoghain mhóir, mhic Oilill Oluim .i.
bean Ghlais mhic Aonchéarda Béara le Cobhthach cruadh-
armach go criochaibh na Dróluinne Móire agus níor fhágais
neach don Fhéinn nár iarrais leat dá tóirigheacht. Mar
do chonnarc-sa an Fhiann uile dod éaradh-sa, do ionn-
saigheas i ndiaigh an fhir mhóir agus is é líon d'Fhiannaibh
Éireann do lean me, deich gcéad laoch láidir lán-
chalma agus is iad so ainmne na druinge ba mhó tuaraisg
díobh .i. Óisín mac Finn, Luigheadh lán-chalma, Caoilte
Mac Rónáin, Goll gníomheachtach mac Mórna, Fiacha mac
Firchuirb mhic Breasail Bealbhuidhe, Glas mac Aonchearda
Béara, Cearbhal mac Finn, Líagán luaimneach ó
luachair-dhéagha agus rí féinne Fiann Uladh, dá rígh féinne
Fiann Laighean agus dá rígh féinne d'Fhiannaibh Connacht.



"Cíodh trácht, do chuadhmar i nár loing luchtmhar,
léir-dhídin, leabhair-théadach, sár-dhídin, snáth-ríghne agus do
tógamar na seólta i mbárr na gcrann gcómh-fhada
gcómh-dhíreach ar dromchladh na dílinne dath-áille,


L. 54


daoránaidhe. Ar chur ná dearnamar sosadh ná cómhnaidhe,
go rochtain oileán áluinn, iongantach ar lár na mara
agus níor chian dúinn ann, an tan tángadar tréin-fhir an
oileáin dá n-ionnsaighe .i. an Gorm-shúileac grod-mhear
agus an laoch tréan-fhearamhail .i. Sgiath-sholais mac Ríogh
Fionn-lochlann agus níor fuireadh idir sinne agus na tréin-
fhir sin, gan neart ár n-arm d'imirt ar a chéile, agus do
chuaidh gach n-aon ar a chlaidheamh colg-dhíreach, géar-
fhaobhrach, agus tugamar glún re gliadh, agus troigh le tacadh,
agus caismirt bas-luath, cnéadhach, créachtach, cró-líontach,
dá chéile ionnas gurbh é críoch an chómhraigh sin gur
thuiteadar tréin-fhir an Oileáin agus tréan-taoiseacha
linne agus go rabhamar féin cnéadhach, c éachtach a h-aithle
an chómhraigh sin.



"Cíodh trácht, ní dearnadh sosadh ná cómhnuidhe linne
go rochtain go críochaibh glan-áille na Dróluinne
Móire agus ní raibh Cobhthach cruadh-armach féin ins an mbaile,
acht a chlann agus a chleamhnaighthe agus Sadhbh inghean Eóghain óig
mic Eóghain mhóir, do bhí i dteaglach glan, oirdhearc
aige agus do rugamar le neart ár láimhe, Saidhbh linne
as an mbrúighean amach trí h-uaire, agus do rugadar an
ceathrar laoch do bhí san mbrúighean dár n-aimhdeóin
uainne isteach í, gach uair aca san. Iar sin do chuireamar
iad uile chum an chlaidhimh, agus an cathair tré dhonn-ruadh,
dearg-lasrach agus ní dearnadh oiríseamh ná cómhnuidhe linne
go rángamar Éire, agus tugamar Sadhbh linn agus níor chian
dúinn gur lean Cobhthach sinn agus d'iarr cómhrach orainn .i.
cómhrac aon-fhir, agus dhiúltuigheadar an Fhiann uile, dul
do chomhrac leis ar t-ímpidhe-si; agus do bhíos ag cómhrac
ris ar feadh trí lá agus trí n-oidhche gan chodla, gan
chómhnuidhe, gan chómh-shuan agus do ráinig gur thuit an
fear mór liom ar éirghe gréine an ceathramhadh lá agus is


L. 55


ar éigin do thearnuigheas le h-iomad mo chneadha agus mo
chréacht, agus do bhíos-sa ar feadh lae agus bliadhna i n-a dhiaigh
sin im luighe ar aon leabadh, agus is gearr ó d'eirgheas
as an othras sin, agus is é sin do-bheir orm gan dul do
chómhrac tar do cheann-sa, a Fhinn," ar Osgar mac Óisín.



"Ciodh trácht," adubhairt Fionn, "tugtar chugam
m'arm féin, óir is liom-sa ba gnáthaidhe gail agus gaisge
d'eirghe liom." Iar sin do tugadh arm agus éide chum
Finn, .i. a chlaidheamh líomhtha, lán-ghéar agus a sgiath
chosantach, chath-bhuadhach, agus a chraoiseach chrann-ramhar catha
agus cruadh-chómhraigh agus téid sé i gcoinne agus i gcómhdháil
Iollainn Iolchrothaigh mac riogh na h-Easpáine go
míleata, mór-chalma, agus go taidhbhseach, taithneamhnach,
treas-áluinn, ionnas gur fearadh cath féighamhail,
fíochmhar eadortha. Agus do bhí béas ró-ghnáthach ag
sgéith Fhinn óir anuair do bheadh i n-éigean i gcath nó i
gcómhlann do ghéiseadh an sgiath go h-athbhásach i gcómh-
chlos d'Fhiannaibh Éireann uile, agus ghéis sí an tan sin. Ar
na chlos sin d'Fhiannaibh Éireann tángadar na ndrongaibh
dána, dásachta agus i n-a gcipibh imdhlútha catha, d'fhóirithint
a dtighearna agus a Riogh Féinne. Ar fhaicsin sin don fhear
mhór do chuir sé Fionn ar cúlaibh a sgéithe, agus táinig
féin fo thosach na Féinne agus do ghaibh sé da leadradh agus
dá gcnámh-ghearradh dá dheis agus dá chlí ionnas nach lugha
ná dá chéad fear n-armach do gearradh leis don Fhéinn
don ruathair sin. Tárla Osgar mac Óisín leis agus is
é adubhairt:- "Sguir dod ruathair feasta, a fhir mhóir,
don Fhéinn agus do bhéar-sa cómhrac aon-fhir duit tar cheann
na Féinne." "Do ba fhearr liom-sa sin," ar an fear
mór, "ná oidheadh na Féinne do bheith orm." "Olc
fuarais," ar Osgar, "óir an díol do-bheir tú ar an
bhFéinn, ní thabharfair orm-sa é." Ar sin do rugadh


L. 56


Fionn mac Cúmhaill go Brúighean mhór na h-Almhaine
agus do cuireadh leigheas fá na chnéadhaibh.



A h-aithle sin, d'ionnsaigh Osgar agus an fear mór a
chéile go míleata, mear, meanmnach, mórdhálach gur
fearadh cath féig, fuilteach, ró-ghoineach, rachtmhar,
eascáirdeamhail, iongantach, anaithnid, bas-luath, bonn-
amhail, cnéadhach, créachtach, cliste, cosantach, eadortha.
Is annsin fá tearc na trean-bhuilidhe agus fá teirce an sár-
bhualadh, agus fá guasachtach na gaisgidhig, óir do bhádar
srotha siansánacha, síor-shiúbhlacha fola flann-ruadh re
sleasaibh na sár-laoch sin ionnas nár bhfuras do charaid
na do námhaid dul eadortha san gcath sin, agus ní raibh fios
teime, tláis, ná tarcuisne ag ceachtar díobh tar a chéile,
agus dá dtigeadh neach ó gharraidhe na h-Eispeirne atá
i n-iarthar an domhain, go cathair na dTuathfine atá
i n-iochtar, d'fhéachaint catha ná cruadh-chómhraigh, is ar an
dís deagh-laoch sin ba chóir teacht ag féachaint.



Is annsin d'iarr an fear mór sosadh cómhraigh ar
Osgar agus tug Osgar sin dó, óir ní mó do bhí an fear
mór i ngádh ná é féin; agus do chuadar ria aroile go
Brúighean mhór na h-Almhaine agus do bhadar go subhach, so-
mheanmeach an oidhche sin. Agus ar gcaitheamh a bproinne
dóibh do labhair an fear mór agus is é adubhairt: - "A
Fhinn mac Cumhaill," ar sé, "is mithid liom féin dul do
chodladh agus is díth codlata tar éis mo shiubhail tug orm
féin sgur do chómhrac anocht." Ar sin do córuigheadh
cuilcheadha clúimh agus leapthacha lán-áille, lán-chorraighthe
don fhear mhór agus dá chéile cómhraigh agus do-chuaidh an fear
mór dá árd-leabadh do chodladh. Ar sin do chuir Osgar
mac aisin fios ar Fhionn agus ar ndul d'Fhionn d'ionnsaighe
Osgair do labhair Osgar agus is é adubhairt: "Athair
ionmhain, budh bás dómh-sa amáireach muna dtigeadh dhuit-se


L. 57


mo chaomhnadh agus m'fhortacht." "A mhic ionmhain," do
ráidh Fionn, "nár leigeadh na déithe go gcaillfamaois-na
tusa i dtúis t'óige agus do nirt agus gan do chrann bagair
againn acht tú." "Athair grádhach, dá gcodladh an fear
mór anocht mairbhfeadh sé mise amáireach agus an Fhiann mar
an gcéadna agus má bhíonn sé gan codladh anocht ní dóigh
dó, mise d'ionnsaighe amáireach agus lean-sa an fear mór
anocht dá sheomra agus déin sgéaluigheacht agus caitheamh
aimsire dhó agus faighidh sgéaluigheacht uaidh mar an gcéadna.
Coingibh gan codladh é, leath ar leath, ar feadh na
h-oidhche." "Is ró-náireach an gníomh sin ré déanamh," do
ráidh Fionn; "gidheadh is fearr a dhéanamh ná tusa agus an
Fhiann do chailleamhain." Ar sin gluaiseas Fionn go
seomra an fhir mhóir. "Créad an chuairt an-mhianach
so ort, a Rí Féinn," ar an fear mór. "Dot ionnsaighe-
se," do ráidh an Fionn, "ag faghail sgéala uait agus cuid
dot imeachtaibh agus dod ghníomhaibh gaile agus gaisge, agus cuid
dar ngníomhaibh gaisge d'innsin duit mar an gcéadna."



"Dob olc an tuigse duit, a Fhinn, a mheas go mbeinn-se
ag sgéaluigheacht duit-se, agus Osgar mac Oisín, mo chéile
cómhraigh, n-a chodladh." "Ná abair sin," ar Fionn, "óir
ní chleachtann Fionn, Osgar, ná aon eile don Fhéinn
codla chómh luath so, óir atá sé agus cuid do mhaithibh na
Féinne ag ól agus ag aoibhneas i bhfochair a chéile, mar atá
Diarmaid déid-gheal ó Duibhne agus Caoilte ró-neartmhar
mac Rónáin agus Goll gníomh-eachtach mac Morna agus ní
bhfuil ar an dtalamh dtrom-fhódach neach agá ndéan-
amaois féin an ní sin air. Agas is béas againne
na h-Eireannaigh .i. an uair thig gaisgidheach tar lear,
ní h-iarramaoid cómhrac air go n-iarradh orainn é; agus ar
na h-adhbharaibh sin agus ar son t-oinig agus t-eagnamha, innis dom
créad an t-ainm atá ort nó cia d'uaislibh nó d'anuaislibh


L. 58


an domhain tú nó an bhfuil bean agat nó má tá, connus
fuarais í." "Inneósad féin sin duit," ar an fear mór,
"cia leisg liom é. Is amhlaidh fuaras an bhean atá agam
.i. lá n-aon dá rabhas féin i bhfochair m'athar, agus adubhart
nár mhaith liom gan bean do bheith agam agus adubhairt
m'athair gurab iomdha cuairt agus toisg agus turas dá ndeachas
agus gurab éagcóir ná tugas inghean Ríogh nó ró-fhlatha
liom d'áis nó d'éigean; agus is é ainm dom féin .i. Iollann
Iolchrothach mac Ríogh na h-Easpáine agus dar do láimh-se,
a mhic Cumhaill, an uair fuaras féin an oiread do thoil
m'athar d'ionnsaigheas mo loing go luath, éadtrom agus
do chuadhas innte agus do thógas na seólta snáth-ríghne tar
tonnaibh toll-bhorba na tréan-fhairrge go rochtain dam
an Oileán áluinn, iongantach; agus dar do láimh-se, Fhinn
mhic Cumhaill, is mó do dhaoinibh do chonnarc-sa san
Oileán san ná ó thúis mo bheatha gus an lá indiú. Agas
níor chian dam an tan tárla aon duine amháin don mhór-
shluagh sin dom agus do bhí dom ionnsaighe agus d'fhiafruigheas
sgéala na tíre dhe, agus adubhairt: - "An i gcuasaibh
cairgreacha, i bpollaibh talmhan, nó i maidhmnibh iar-
gcúla sléibhe do rugadh thú, mar nách fuil fios cruinnaighthe
an mhór-shluagh so agat," agus do bhí dam imdheargadh tré
gan a fhios do bheith agam agus ná tabharfadh sé féin
sgéala dham. Dar do láim-se, a mhic Cumhaill, do ghaibh
fearg mhór me féin agus do tharraingeas mo chlaidheamh
amach as a truaill taisgithe agus coimeadta agus tugas buille
treas-bhorb, tréan-láidir, trom-ghoineach don óglaoch
i gcaol na colna agus i ramhar an mhuinghíl ionnas gur
sgarras a cheann re n-a cholainn. Níor chian dom an tan
tárla aon duine amháin eile dhom don tsluagh. Fochtaim
sgéala de, agus adubhairt liom gur chosmhail gur duine
gan eólas, gan aithne me; mar ná raibh fios cruinnaighthe


L. 59


an bhaile agam, agus adubhairt leis go mbainfinn an ceann
de muna n-innseadh dom na sgéala d'iarras air. Ar
sin adubhairt liom go rabhas i gcríochaibh glan-áille
na h-India, .i. ins an Sisille, agus inghean óg áluinn aon-
tumhadh ag an Rígh, 'gus gurab í b'fhearr deilbh agus déanamh,
inneall agus éagcosg san domhain uile, agus go raibh folt fada,
fíor-fháinneach, fionn-dlúitheach, dual-bhuidhe uirthe agus
léine taobh-fhuaighte, snáth-chaoil uimpe, ionnas go
raibh a clú agus a teist, a h-ainm agus a h-áireamh, ar feadh an
domhain mhóir tímcheall, agus go dtángadar righte agus prionn
suidhe óga, áilne dá tochmharc, agus nár mhaith leis an Rígh
diombuidheachas aon aca seach a chéile, agus is é do chonnarcas
do, an t-aonach so do chommóradh agus iad uile do theacht ar
aon láthair agus an inghean do chuir na grianán os a
gcómhair agus í ag amharc na sluagh agus a rogha leannán do
bhreith asta agus d'innis dam gurab é sin lá an aonaigh
agus an chruinnighthe so agus do thaisbeáin sé dam an grianán i
na raibh an inghean agus do rugas-sa buidheachas mór leis,
agus adubhart go rachainn féin na measg agus nár dhócha fear
do-bhéarfadh sí do rogha ná mé féin. Ar sin do rinneas-sa
ród rígh-leathan agus conaire coitcheann tríd na sluagha
gus an ngrianán mar a raibh an inghean, agus tugas urchar
dá h-ionnsaighe ionnas gur shíl a raibh ar an aonach gur
bhriseas an grianán agus gur mharbhas an inghean agus ní mar
sin do bhí, a Fhínn mhic Cumhaill, óir ba slán iad araon.
Do fhiafraig an inghean díom-sa créad fá rabhas dá
teilgean mar sin, agus d'fhiafruigheas-sa di-si, cread thug
uirthe bheith dam amharc agus clanna righthe agus ró-fhlatha an
domhain dá féachain. Ar sin do chuir an inghean gean gaire
glé-mhaiseach aisti, agus an tan do fuaras-sa an oiread
san féin dá gean d'éirgheas do léim lúthmhar, lán-
éadtrom d'urlannaibh mo sleagha, agus do chrannaibh mo


L. 60


chraoisighe, ionnas go ndeachaidh don léim sin don
ghrianán agus do chuireas lámh fá chúl a cinn agus an lámh eile
fé na bráighid ionnas go dtánag do dara léim amach
ar an bhfaithche bhféar-uaithne, agus gluaisim rómham mar
luas gaoithe i meadhon Márta, ionnas go dtugadar
na sluaighte sídhe sanntach, sár-luath, síor-luaimneach
im dhiaigh, agus an uair do shriochas an long, d'fhágas mo
bhean innte agus dar mo láimh-si, a mhic Cumhaill, níor mhaith
liom a bheith mar sgéala aici orm gurab do luas mo chos
do bhéarainn liom í. Ar sin d'fhilleas tar n-ais ar an
mór-shluaigh dá n-oirleadh agus dá n-athchumadh dom dheis agus
dom chlí agus dá gcnámh-ghearradh ionnas go raibh mo neart
ar na thraochadh agus mo chrú dá dortadh ag iomad na sluagh.
Annsin do chuireas mo long ó dhásacht na bhfear agus d'eir-
gheas do léim lúthmhar, lán-éadtrom, d'urlannaibh mo
sleagha agus do chrannaibh mo chraoisighe ionnas go ndeachaidh
i gceart-mheadhon na loinge agus do thógas na seólta snáth-
righne, fíor-fhada ós dromchladh na díleann daith-áille,
daoránaidhe sin. Agus dar do láimh-se, a mhic Cúmhaill,
ba meanmnach liom an inghean do bheith ar muir agam agus
ní dearnadh sosadh ná cómhnuidhe liom go rochtain Tír
Bhreóghain don Easpáinn agus dar do láimh-se, a mhic Cumhaill,
is ann d'fhágas an bhean atá agam."



"Ar ghrádh th'oinig agus t'eagnamha," ar Fionn, "innis
dam tuille dod eachtra, óir is binne liom an glór
chanas tú, ná an canamhain chaomh dhíadha agus ná glór eanlaith
parrthais, agus má sguirfidh tú ní beó mise." "Ní sguir-
fead," do ráidh an fear mór, "óir ar chlos d'aos ghrádh
agus d'aos dána go dtugas-sa inghean ríogh ná ró-fhlatha,
táinig gach neach aca d'iarraidh a dhualgas féin, agus do
fuair gach neach aca mar ba chóir do, agus do bhámar araon
ar feadh bliadhna i n-a dhiaigh sinn fá réim toiche agus sonais,


L. 61


nó gur eirgheamar amach ar bruach na trágha grianda,
geal-ghainimhe agus do chuadhmar im loing féin ag aoibhneas
ar an bhfarraige. Agus níor chian dúinn amhlaidh sin go
bhfeachamar dár n-ionnsaighe ar dromchladh na dílinne
daith-áille, daoránaidhe sin agus tar tonnaibh toll-bhorba
na tréan-bhóchna, long luchtmhar, réim dhíreach, leabhair-
théadach, do ba fhearra cuma do longaibh an domhain mhóir
agus aon óglaoch fearamhail, fíor-mhór i gceart-mheadhon
na loinge sin, agus dar do láimh-si, a mhich Cúmhaill, ba mhó an
t-óglaoch sin ná an mór-sheisear fear is mó do chonnarcsa
riamh; agus táinig d'ionnsaighe mo loinge féin agus do chuir
a lámh innte agus do rug mo bhean leis d'á loing. D'iarras
féin air, as ucht cómhlíonta a ghaisge gan me féin d'fhágail
tar éis mo mhná, óir ní bhfaghainn a macsamhail san
domhan mhór ar feabhas a deilbh, a déanaimh agus a fionn-
chrotha. Ar sin do chuir a lámh an dara feacht im loing
agus do rug me féin leis dá loing. Fá dhó nó fá thrí huaire
san ló do chaitheadh an fear mór a phroinn nó a thómhaltas
agus ní thug aon ní dómh-sa ná dhon mhnaoi agus do bhíomair mar
sin ar feadh trí lá agus trí n-oidhche agus do thárla túr ceathar-
uileannach orainn. Is iad do áitreabhaig é .i. gaibhne;
agus d'fhiafraig an fear mór díobh ar ba ollamh dó, claidheamh
a mháighistir .i. claidheamh Ríogh na h-Anntuatha. Adubh-
radar na gaibhne nár ba ollamh d'easba fola uaisle
éigin d'fhághail chum faobhair an chlaidhimh d'fhaighirt.
Adubhairt an fear mór go mba truagh sin agus nár fhág
sé féin iath ná oileán ná inse ar feadh an domhain gan
mór-thimcheallughadh, 'gus gur bhaoth an tairbhe dó san,
muna raibh fuil uasal aige i n-a loing, agus dar do
láimh-se, a mhic Cumhaill, is chum mo mhná féin do bhádar.



"Annsin do chuireadar táclaoí anuas chum an fhir
mhóir agus do cúibhreadh go daingean do-sgaoilte sinn, agus


L. 62


b'é beagán bídh do gheabhamaois. Ní sinn féin do
chaitheadh é, acht piastaidhe fo-luaimneacha na fairrge
ag iomradh ar ár gcorpaibh. Níor chian dúinn amhlaidh
sin go rugadh mo bhean uaim agus do cuireadh a fuil tré
fhuil leómhain agus liopuird agus griobh-inginigh, ionnas gur
faighreadh an claidheamh. Is annsin d'fhiafraigh gabha
don dara gabha an bhfeacha sé a mhacsamhla sin do
chlaidheamh riamh ar fheabhas roimhe sin; agus adubhairt seisean
nách dearnas i dTuatha Bolg ná i gcríochaibh Ifrinn a
mhacsamhla do chlaidheamh riamh. Annsin do chuaidh aon
duine déag do na gaibhne a d'iarraidh éisg agus d'fhágadar
an dara gabha déag ag coimeád an chlaidhimh agus an túir agus
dom choimeád féin. Agas ar n-imtheacht do chách táinig
an gabha os mo cheann féin agus d'fhiafraig díom cá cinéal
dom. Adubhart féin gur don Spáinn me. Dubhairt
eisean gurab truagh sin agus gurab Spáinneach é féin.
Adubhart-sa lem bráthair sgaoileadh dhíom. Adubhairt
eisean go ndéanfadh, dá mba dóigh leis go ndéanfainn-se
feidhm le claidheamh. Audbhart-sa go ndeanfainn dá
mbéinn ar mo chumas féin. Ar sin táinig dom ionnsaighe
agus ní fhéadfadh aon chuibhreach do sgaoileadh dhíom. Agas
adubhart féin ris, gaethe an airm nimhe do leigean fé
cúibhreacha do bhí dom cheangal féin agus go gcríonóchaidís;
agus do rinn sé amhlaidh sin agus do chríoneadar mo tháclaoí.
D'éirgheas im sheasamh agus do chuireas an claidheamh ar mo
chumas féin agus adubhart leis an adhbhar gabhadh dul suas
mar ar fhágadar na gaibhne é, go bhfanfainn féin sa
phriosún go bhfionainn créad an rún do bhí ag na
gaibhnibh. Níor chian dam ann, an tan táinig na gaibhne,
agus tugadar mórán do gharbh-iasg na fairrge leó. Do
bhruitheadar é, agus d'itheadar a leabhair-dhóithin de.
D'fhiafruigheas-sa díobh do ghuth mhór, sholais, ghlé nár


L. 63


ba mithid leo ní ar bith do thabhairt dom féin. Adubhradar
san nár chóir dómhsa an fhiafraighe do dhéanamh, ó do
leigeadar beó an faidh sin me, agus "ní bheidh d'fhuireach
orainn," ar síad," gan do dhíthcheannadh acht ar feadh ar
gcoda do chaitheamh go h-iomlán dúinn." Ar fhághail an
oirid san dá ndroch-aigne dómh-sa, d'eirgheas agus do chuadhas
mar a rabhadar na gaibhne agus do bhaineas na cinn díobh
gan fuireach, agus do chuireas a gcorp sa bhfairrge agus na
cinn ar an dtúir agus do fuaras cloch i ndorn-chloinn mo
chlaidhimh agus do chimleas do bhrághaid mo mhná í agus do shlánaidh
an chréacht fa chéad uair. D'fhiafruigheas dom adhbhar
gabhadh an raibh aon ní eile san túr do chuirfeadh anam
innti. Adubhairt eisean gur ba truagh dómh-sa san
d'fhiafraighe, agus nách raibh ní ar bith do chuirfeadh anam
innti acht cómhachta na ndéithe. Do fhiafruigheas-sa don
adhbhar gabhadh créad do dhéanfainn len mhnaoi. Adubhairt
eisean gurab é a cur annsin, agus gur mhaith an t-ionad
aidhlicidh dhí é. Adubhart féin ná déanfainn, agus go
súibhleóchainn an domhan mór-tímcheall nó go bhfaighinn
ní éigin do chuirfeadh anam innti. Adubhairt eisean
gur dhíomhaoin domh-sa sin. Adubhart-sa ná feachainn
do san. Ar sin do chuireas an inghean im loing agus clocha
buadh agus carrabunchail do choiméad a cuirp gan truailiughadh
gan bréanadh agus ba bocht mo chuideachta .i. bean marbh,
foghlumthóidhe gabhadh. Agas gach anfa dár eirig duinn,
adeireadh an t-adhbhar gabhadh gur chóir do Dhia sin, trés
an corp marbh do bheith san loing againn. Adubhart-sa
nách feachainn do san. Is, dar do láimh-si, a mhic
Cumhaill, níor ba annsaide liom, an t-adhbhar gabhadh
sin do rádh. Agus ní dearnadh oiriseamh ná cómhnuidhe linn go
rochtain críocha glan-áille na h-Eigipte, agus ar dteacht i
dtír dúinn tárla ínse bhreagh linn, agus adubhart féin ris


L. 64


an adhbhar gabhadh go ndiongnadh me mainistear annsin
ar anam mo mhná. Adubhairt an t-adhbhar gabhann gur
maith an ní sin re déanamh agus gur chóir a chur san ínse.
Ar sin tugas dá chéad saor liom go n-a bhfuireann do
lucht oibre agus do rinneadh mainistear áluinn riú. D'fhiaf-
ruigheas féin don adhbhar gabhann créad do dhéanfainn
lem mhnaoi. Adubhairt sin gurab í cur san mainistear
agus gur mhaith an áit aidhlicidh di é. Adubhart féin nach
déanfainn agus go siubhlóchainn an domhan mór-timcheall
nó go bhfaighinn ní éigin do chuirfeadh anam innti.
Adhubhairt eisean gur dhíomhaoin dómhsa an siúbhal sin
do dhéanamh. Adubhart-sa na feachainn do sin. Ar sin
do chuadhamar i n-ár loing agus ní dearnadh sosadh ná
cómhnaidhe linn go rochtain críocha glan-áille na h-India
agus ar dteacht i dtír ann do bhí rí áluinn, oirdhearc ann
agus aonach ádhbhal-mhór dá chommóradh timcheall air. Do
bhí cathaoir óir fé; agus eangach uaithne uime, agus dealg óir
san eangach sin; agus tánag féin do láthair an ríogh agus do
rinneas cómhartha úmhlachta dho. D'fhiafraigh an rí sgéala
dhíom agus tugas gach sgéala dá raibh agam do, agus d'innseas
sgéala mo mhná do agus adubhairt liom gurab aige féin do
bhádar seóide áilne an domhain. Agus tángadar ceathrar
deagh-laoch agus eiliotrom aca, agus do rugadar mo bhean leo
go seomra na séad mar a raibh clocha buadh criosdal agus
carabúncail agus péarlaí éagsamhla mar an gcéadna ag
coiméad a cuirp gan truailiughadh. Agus ar sgaipeadh
an aonaigh réamh-ráidhte, do rug an rí dá chúirt me, agus
do bhadhas i bhfochair an ríogh sin, sealadh aimsire nó
gur eirgheas féin agus an rí amach lá n-aon. Agus níor cian
dúinn an tan do chonnarcamar a lán do chrannaibh seóil ar an
bhfairrge agus adubhart féin ris an righ go rachainn dá
n-ionnsaighe nó go bhfionnainn créad iad féin. Adubhairt


L. 65


an rí liom dul, agus do rinneas amhlaidh sin, agus ar ndul do
láthair dom do labhras do ghuth mhór, sholas, ghlé agus do
fhiafraigheas créad an lear-loingeas sin do bhí san gcuan.
D'innseadar dam gurab é rí na hAnntuatha do bhí ann
ar lorgracht Iollainn Iolchrothaigh mac ríogh na h-Easpáine,
do bhrígh gur mharbh sé gaibhne ríogh na h-Anntuatha,
agus go rug sé an claidheamh leis, agus go rabhadar féin san
Egipt dá iarraidh agus gur h-innseadh dóibh go ndeacaidh
san India, agus muna gcuirfeadh rí na h-India dá ionnsaighe
sinn go gcuirfidís an India tré smútán donn-ruadh
dearg-lasrach. Adubhart-sa gur me féin Iollann
Iolchrothach mac ríogh na h-Easpáine, agus nách leigfinn iad
san i dtír agus d'iarras cómhrac aon-fhir orra. Táinig
Allasdrom uathbhásach mac ríogh na h-Anntuatha chugam
agus do chómhracas féin agus é féin ré chéile ar feadh dá uair
an chluig, agus do ráinig liomsa gur thuit Allasdrom
uathbhásach. Is annsin do thángadar mór-shluaighthe Ríogh
na h-Anntuatha i dtír agus chruinnigh Rí na h-India a
shluaighte féin agus do bhí an cómhrac ag cothughadh eadrainn
ar feadh seacht laethe na seachtmhaine. Agus fa dhiaigh
do cuireadh an briseadh ar Rígh na h-Anntuatha, ionnas
gur thuiteadar mór-shluaighte Ríogh na h-Anntuatha linn
agus do ghlanamar as an Ríoghacht iad, agus i n-a dhiaigh sin do
chuadhas féin leis an Rígh dá chathair féin, agus do bhíos i
bhfad in fhochair ann. Agas, fa dhiaigh, adubhart féin leis
an Rígh go mbeinn ag imtheacht, agus adubhairt liom fanamhain
in fhochair féin ar feadh leath-bhliadhna agus go n-aithbheódhadh
mo bhean dom. D'fhiafraigheas de connas; agus d'innis
dam gur faraois do bhí san ríoghacht dár bha cómh-ainm
Faraois na mBeó, agus go raibh fiadh ins an bhforaois sin
dar ba cómh-ainm Fiadh Foraoise na mBeó agus go bhfaigheadh
sé an fiadh le lámhughadh an seachtmhadh bliadhain; agus gidh


L. 66


bé ainmhidhe do shanntóchadh sé d'aithbheódhacha go n-aith-
bheódhadh é le cuid d'fhuil an fhiadh, agus d'innis dom nach
raibh ach leath-bhliadhain gan caitheamh don aimsir; agus an
uair do bheadh an aimsir sin caitte go n-aithbheódhadh mo
bhean. Agus d'fhanas féin i bhfochair an ríogh; agus dar
do láimh-si, a mhic Cúmhaill, níor shia liom-sa seacht
mbliadhna dom aimsir ná an leath-bhliadhain sin. Do
chuaidh an rí agus mise go Foraois na mBeó agus do rugamar
dá ghadhar bheaga linn agus do sgaoileamar fán bhforaois
iad, agus dar do láimh-se, a mhic Cúmhaill, ní chuala féin
roimhe riamh ceól gadhar ba bhinne liom ioná é. Adubhairt
an rí liom fanamhain ar linn an líthe agus gidh bé ainmhidhe
do theangabhadh chugam a choingeáil go rochtain do féin
chugam. Níor chian dom amhlaidh sin an tan táinig an
fiadh chugam agus dar do láimh-se, a mhic Cúmhaill, níor
bhfearrde dho rochtain chugam, óir do chuireas mo bhonn
deas ar a sgórnach, go rochtain don rígh chugam. Agus
an tan táinig an rí, tug sé corn áluinn óir dómh-sa dá
choingeáil agus do gearradh brághaid an fhiadh agus do glacas-sa
an fhuil sa gcorn. Do chuir an rí órtha le brághaid an
fhiadh agus do-leig uaidh slán é.



Ciodh trácht do chuadhmar mar a raibh mo bhean féin agus
do choingeamar cuid don fhuil léi agus d'eirig mo bhean
féin chugam. Dar do láimh-se, a mhic Cumhaill, níor
bhfearr coróinn agus iolmhaoine na cruinne ná sin.
Adubhart féin leis an rígh go mbeinn ag imtheacht.
Adubhairt an rí liom fanamhaint in fhochair féin, agus go
dtabharfadh leath a ríoghachta dhom, an feadh do bhéadh beó,
agus iomlán a ríogachta ó n-a bhás amach. Do rugas féin
buidheachas leis, agus d'innseas do go raibh ríogacht agam
féin agus gur ba fhada na héagmais me agus gur mhithid dom
dul dá tóraigheacht. Ar sin do ghabhas mo chead ag an


L. 67


rígh agus do chuir iomarca bheatha agus sláinte liom, agus ní
deárnadh cómhnuidhe liom go rochtain dom don Easpáin,
agus is ann d'fhágas féin an bhean atá agam. Agus go
deimhin do bhádar tríar dearbh-chómhdhaltaidhe dhom, dom
chuardach ar feadh an domhain, agus is i n-Eirinn do h-imreadh
bás, brón agus beadh saoghal ortha, agus dár do láimh féin,
a Fhinn is ag déanamh díoghaltais, tánag féin anois
go h-Eirinn i ndiaigh a mbáis." Agas ag críochnughadh
an sgéil sin don fhear mhór, do bhuail Osgar béim
sgéithe agus d'iarraidh cómhrac air. Do labhair an fear mór
agus is é adubhairt, "A Fhinn chealgaig, mhailisig, do rinnis
feall orm agus is truagh sin tar éis ar shiubhlas do ríoghach-
taibh agus do oileánaibh, agus gurab é mo chrioch dhéanach tuitim
i n-Eirinn iath-ghlas, oileánach." "Ná bíodh san i n-iongnadh
ort," do ráidh Fionn, "ó deir tú gurab i n-Eirinn
do thuiteadar do dhearbh-chómhdhaltaidhe, créad nách tuitfá
féin mar an gcéadna."



Annsin do cheangail an fear mór a chorp cómh-áluinn
dá chath-éide catha agus cruadh-chómhlainn; agus is deas, taith-
neamhach, táinig arm agus éide dhó .i. fear ba mhó méide agus
maise, agus treise don chruinnidh cheathardha go cómh-
iomlán. Agus d'imthig amach ar an bhfaithche bhfód-ghlas,
bhféar-uaithme, d'ionnsaighe Osgair. Is annsin
fá teann na tréan-bhuillidhe agus fá seirce an sár-bhuala,
agus fá créachtach na colna agus fá mór guasacht na bhfear,
óir do bhádar srotha siansánacha fola flann-ruadh ag
silleadh re sleasaibh na sár-laoch ionnas nar bhfuras do
charaid na do neamhcharaid dul eadortha agus ní raibh fios time,
tláis ná tarcuisne ag ceachtar díobh ar a chéile. Is ar sin
tángadar filidhe, falsamhain, agus mná óga, áille na Féinne
ar an dtaobh thiar d'Osgar. Agus go ghabhadar a ghéaga


L. 68


geinealaigh agus craobha cómh-neasa a shean agus a shinnsear dó.
Is annsin d'árdaig mire meanmna, agus dásacht dian
árd-aigeanta Osgair. D'árdaigh a intinn, agus do chruaidh
a chroide, agus do luathaigh a lamha san iorghail sin, ionnas
go dtug buile trom, treasgartha don fhear mhór i gcaol
na colna agus i ramhar an muinghíl, ionnas gur thuit a
cheann ar thaobh de agus a cholann ar an dtaobh eile agus ionnas
gur thuit Iollann Iolchrothach mac ríogh na h-Easpáine
le h-aon láimh fheargaig, fhíor-neartmhar, ghlac-láidir,
ghníomh-eachtaig Osgair mhic Óisin ar an láthair sin.



Fóircheann


L. 69


Bruighean Chéise Corainn


L. 71


4. Bruighean Chéise Corainn



Sealg agus fiadhach agus fiann-chosgair do comhmóradh
le Fionn mac Cumhaill mhic Thréan-mhóir uí Bhaoisgne
fá chríochaibh caomh-áilne an Chorainn agus fá thuathaibh lán-
mhaiseacha Laighne, agus fá shléibhtibh dubha dorcha Dá
Dhamh, agus fá imeall-thráigh Eochaille agus fá chríochaibh
cnuas-torthacha Breifne, agus fá ghleanntaibh diamhaire,
daingeana do-eolais Dalláin, agus fá choilltibh buan-
torthacha Cairbreach, agus fá shléibhtibh amhra, imeall-
fhliucha na gcúigeach, agus fá mhághaibh réidhe, ró-fhairsinge
Conallach, agus fá choilltibh daingeana Chonchubhair agus
fá dhoiríbh diamhaire, daingeana an Chorr-Shléibhe.



Is annsin do shuidh Fionn mac Cumhaill i n-a dhumha
seilge ar mhullach Céise áirde an Chorainn agus níor
fhan i bhfochair Fhinn acht dá choin .i. Bran agus Sceolaing,
agus Conán Maol mac Mórna. Agus fa binn le Fionn
gotha na ngadhar agus glaodhach greannmhar na ngasraidhe;
luadhail lán-lúthmhar na laochra, torainn agus tormáin
na dtréan-fhear, feadghail agus fíor-gháir na Féinne fá
ghleanntaibh daingeana do-eolais, agus fá mhághaibh
míne, mór-áilne, maoth-thorthacha i n-a uir-thimcheall,
gur chlos fá na críochaibh ba choimh-neasa dhóibh na gártha
sealga séis-dánaidhe do leigeadar an Fhiann asta, gur
chuireadar fiadha fíor-luatha as fásaighibh, agus míolta
mong-ruadha as maoilibh maol-chnoc, agus sionnaigh ar
seachrán, bruic as broc-chlasaibh, éin ar eiteallaigh, agus
geilte as gleanntaibh, faol-choin fá árdaibh; agus


L. 72


do sgaoileadh gach cú fheargach fhíor-neimhneach dá h-éill
fá'n tulaigh an tan sin.



Agus is é ba tighearna i mbruighin Céise ceann-áirde
an Chorainn an tráth sin .i. Conarán mac Imdhile de
Thuatha De Danann; agus do chuala sé siansán seachránach
ar na conaibh an tan sin; agus do bhí Conarán agus
a thriar inghine foirbhthe fíor-ghránda lán de dhraoidheacht
agus de dhiabhlaidheacht; agus adubhairt leo éirghe, agus
cuireas iad do dhíoghail an fhiadhaigh sin ar an rígh féinne.



Do chuadar go doras na h-uaimhe do bhí ar an tulaigh
agus do shuidheadar ann agus do chuireadar trí h-iarnaidhe
garbha, glasa, geintlidhe ar trí cuaillibh fo-chama, foir-dhrise
agus gabhaid ag a dtocharais ar dtuathal agus iad i n-a shuidhe
i ndoras na h-uaimhe.



Níor chian dóibh mar sin go dtáinig Fionn agus Conán
ar úir na h-uaimhe; agus do chonnacadar na trí cailleacha
ró-ghránda i ndoras na h-uaimhe agus trí fuilt ruain-
neacha ró-gharbha go fada fíor-sgaoilte orra, agus
sé súile silteacha síor-ghéara leo, agus trí beoil dubha,
duaibhseacha, droch-dhathacha, drannt-ghránda aca, agus
fiacla fada, fiar-chama, frithir-nimhneacha i gcarbad
crain-tseileach gach caillighe dhíobh, agus trí muiníl
cnámh-altacha ag congáil a gceann ar na ruadh-chailleachaibh
fíor-ghránda sin, agus sé lámha laomdha, loma, leo, agus
ba samhalta le h-adharc bárr-chaol, bun-ramhar, buabhaill
gach ionga fhada, fhíor-ghéar, fhíor-ghonta do bhí orra,
agus sé cosa fochmacha, fiara, folt-chlúmhacha, ladhar-
bhréana, fliuch-shalacha fútha, agus trí coigeala cruadh-
ghéara i n-a lámhaibh leo. Agus do chuaidh a gcruth agus
a gcaomh-dheilbh de na curaidhibh ar n-a bhfaicsin dóibh .i. do
dheargadar ar dtúis ar mhodh nár ba deirge corcra liagh
ar lasadh ná iad; ba báine ná bán-sgotha iad don dara


L. 73


feacht, agus ba dhuibhe don treas fheacht iad ná gual
ghabhann ar n-a bháthadh i n-uisge fhuar oighreachta ar
bhfaicsin na n-iarnaidhe ngeintlidhe agus na gcailleacha
dhóibh, óir bhí draoidheacht orra nach fuilingeadh neach
a bhfaicsin gan dul i dtaisíbh agus i dtáimh-
néallaibh agus beirid na cailleacha Fionn agus
Conán leo i n-iarthar na h-uaimhe ceangailte, cruadh-
chuibhriththe.



Níor chian dóibh iar sin go dtáinig dís eile den Fhéinn,
agus tuitid i dtaisíbh mar an gcéadna ar bhfaicsin
na n-iarnaidhe dhóibh. Tángadar clanna Neamhain
mar an gcéadna i ndoras na h-uaimhe agus níor fhan
neart naoidhne i n-aon duine díobh ar bhfaicsin na
n-iarnaidhe dhóibh, agus do cheangladar na cailleacha
iad go dian, docht, do-sgaoilte, agus do chuireadar
iad mar a raibh Fionn agus Conán i bpollaibh cuas-
doimhne na sídh-bhruighne sin.



Níor chian dóibh iar sin go dtáinig Osgar agus mac
Luighdheach do láthair agus maithe agus mór-uaisle
chlanna Baoisgne mar aon leo; agus tángadar clanna
Mórna do láthair, agus ar bhfaicsin na n-iarnaidhe
dhóibh ní raibh neart mná seolta i n-aon díobh. Agus
tángadar clanna Corcoráin do láthair, agus an tan
do chonnacadar na h-iarnaidhe do chuaidh a ngail agus
a ngaisge ar gcúl; agus do rinneadh mar an gcéadna
le clannaibh Smóil agus le clannaibh Dubh-Dhíorma agus
leis an bhFéinn uile mar an gcéadna idir íseal agus
uasal, idir óg agus sean, go rugadar na cailleacha
leo iad i n-a gcimíbh craplaighthe, cruadh-chuibhrighthe i
bpollaibh diamhaire, lán-doimhne agus i ndroch-bhéalaibh
do-eolais na sídh-bhruighne.



Cidh trácht, ó do ceangal ceithre catha na Gnáth-


L. 74


Fhéinne leis na laoch-chailleachaibh, dob iomdha glam con
agus gol-gháir gadhair agus géar-chaoineadh giollaidhe
do bhí i ndoras na h-uaimhe sin ag iarraidh a dtriath
agus a dtighearna agus na laoch láidre, lán-chalma do
bhí i n-a bhfochair go nuige sin tar éis a n-aistir agus
a n-imtheachta, cidh gur iomdha fiadh créachtach, cnámh-
ghearrtha, agus muc allta ar n-a mbuan-mharbhadh, agus
broc beo-loitthe, agus míol mong-ruadh máighe ar n-a
marbhadh ar thaoibh na tulcha, ar gceangal na druinge
do bhí ag a n-iomchar go nuige sin.



Agus is annsin tángadar na trí mná móra míleadhta
sin as an uaimh mar a raibh an Fhiann craplaighthe, cruadh-
chuibhrighthe agus trí claidhmhthe clais-leathana, colg-
dhíreacha, géar-fhaobhracha i n-a lámhaibh leo, agus ní raibh
fuigheall buille ná béime ag aon chlaidheamh díobh, agus
d'fhéachadar uatha do gach leith, dá fhios an bhféacfidís
aon fhear nó taistealach slighe d'Fhiannaibh Éireann ag
teacht dá n-ionnsuidhe go dtiubhraidís bás agus buan-
oidheadh dó; agus ó nach fuaradar do b'áil leo dul
isteach san mbruighin do chosgairt agus do chnámh-
ghearradh na Féinne gan cháirde.



Níor chian dóibh mar sin go bhfeacadar an t-aon óglách
mór, míleata, mear-chalma, mórdhálach, buadh-rosgach,
béal-dhearg, díoghainn, déid-gheal, deagh-cháirdeach, agus
do b'é sin an leoghan lúthmhar, lán-fheargach, agus an
nathair nimhe neamh-eaglach, agus an t-aon-chú iorghaile,
agus an bheithir bheodha, bhuan-tiodhlaictheach, agus an
dragan dian, dásachtach, do-fhulangthach, agus an míleadh
mórdhálach, agus an curadh comhraig; óir dob é sin an
leoghan leadarthach, agus an brath-bhíodhbhadh, agus an
ceann cosanta, agus an confadh catha, agus an choinneal
adhanta, agus an ciorrbhadh mór-shluagh, agus an lámh


L. 75


thiodhlaictheach .i. Goll mac Mórna, mhic Chormaic, mic
Mhathghamhna, mhic Mhórna, mhic Gharaigh ghlún-duibh, mhic
Aodha dhuanaigh, mhic Aodha chinn-chláir, mhic Chonaill,
mhic Shaidhbhe, mhic Chéit, mhic Mhaghach, mhic Chairbre chinn-
dheirg, mhic Ríogh Chonnacht, agus claidheamh trom, tort-
bhuilleach ar a thaoibh clí, agus sleagh sith-fhada, sár-throm,
sár-nimhneach i n-a dheas-láimh dheagh-thapaidh, agus sgiath
bhall-bhreac, bhórd-uaithne, bhán-bhogóideach ar stuaidh-
leirg a dhroma, agus líne de litribh áilne óir ar n-a
sgríobh i n-imeall-bhórd na sgéithe sin dá fhaisnéis nach
raibh ar cúl sgéithe ná claidhimh 'san domhan laoch ná gais-
gidheach do b'fhearr ná an laoch sin. Ar n-a fheicsin do na
droch-mhnáibh dubha, duaibhseacha, droch-dhealbhacha sin tánga
dar go prap príomh-urlamh i n-a chomhdháil agus d'fhearadar
gleo gáibhtheach, gráineamhail, agus comhrac calma,
urlaidhe, agus imreasán ainiarmharthach, áidhbhéil, amh-
shearcach le Goll, gan fios tláis ná tarcuisne ag ceachtar
díobh ar a chéile san gcomhrac sin.



Cidh trácht, do fearguigheadh an curadh go ró-aidhbhéil
agus fearamhail, feargach, borb-neartmhar, agus do
ghaibh Goll glac-láidir de bhuillíbh buan-uamhla bith-
chalma báis ar na fiadh-mhnáibh fíor-ghránda sin. Do
thóg a chlaidheamh clais-leathan, colg-dhíreach, agus do thug
béim bhith-neartmhar do na h-arrachtaibh do bhí ar a aghaidh
.i. Camóg cruadh-chomhlannach agus Cuilleán ceann-
ruadh go ndearnaidh sé oirnighe cearta comh-throma
dhíobh den aon-bhéim sin. Agus dob é sin an bhéim is
mó tugadh i n-Éirinn riamh acht an bhéim nó an buille
thug Feargus mac Rosa ruaidh mic Ruaidhrí i gcath Mór-
Thána Bó Cuailgne dár ghearr sé teora maola Midhe
nó na trí taoisigh tarsna a gcorp d'aon bhéim, agus
buille Chonaill ghroidhe Chearnaigh do Chéit mac Mhaghach


L. 76


lé'r ghearr sé a chraoiseach ós a chionn agus é féin do
sgoltadh go talamh.



Is ann sin d'iaidh an treas chailleach a dhá láimh
i dtimcheall Ghoill do leith a dhroma .i. Iarnadh
inghean Chonaráin, an feadh do bhí sé ag dí-cheannadh na
díse eile agus iompuigheas Goll uirre dá h-aimhdheoin
agus iadhas a dhá láimh leabhra lán-chalma i n-a timcheall
agus thugadar troid teann-easnach agus cor comh-
neartmhar dá chéile re feadh na h-uaire sin, agus tug
Goll cor calma, curata don chailligh gur threasgair
go lár agus go lán-talamh í, agus ceanglas Goll go
daingean do-sgaoilte í, agus tarraingeas a chlaidheamh
clais-leathan, colg-dhíreach, géar-fhaobhrach as a truaill
taisgithe agus coiméadta do chosgairt agus do chnámh-
ghearradh na caillighe meirgighe sin, gur sgread go
truaigh tuirseach ar Gholl, agus go ndubhairt sí mar
leanas: "A laoich nár leonadh agus a thréin-fhir nár
torcharadh i gcath ná i gcruadh-chomhlann riamh, cuirim
mo chorp agus m'anam ar chomairce do ghaile agus
do ghaisge agus do bhéar Fionn agus Fianna
Éireann duit go iomshlán gan fuiliughadh gan foir-
dheargadh ar neach aca go bráth, agus luighim fá na
déithibh dá n-adhraim go coimhlionfaidh mé sin duit,"
ar sí.



Sgaoileas Goll an righ-mhíleadh, don oill-phéist caillighe
agus téid roimhe gus an gcnoc agus fuaradar Fionn
ceangailte agus ceithre catha na Gnáth-Fhéinne mar aon
leis. Agus adubhairt Goll: "Sgaoil do Fheargus
Finnbhéil agus d'aois ealadhan na Féinne ar dtúis agus
sgaoil d'Fhionn agus d'Oisín agus d'Osgar agus do
naoi macaibh fichead Mhórna agus d'fhiannaibh Éireann
uile as soin amach." Do sgaoil an chailleach díobh as


L. 77


an uaimh amhlaidh sin agus d'éirigheadar as an uaimh
amach go fann amh-neartmhar agus do shuidheadar ar
thaobh na tulcha, agus d'fhéach Feargus Finnbhéil, file
na bhFiann, ar Gholl agus do ghaibh ag a mholadh tar éis
an ghníomha do rinne go nuige sin.



Dála Fhinn agus na Féinne do chuadar as doras
bheoil na h-uaimhe agus chruinnigheadar i bhfiadhnaise Fhinn,
óir ba sgarthannach, sgaoilteach, do bhí Goll tar éis
na trí cailleacha dubha, diablaidhe, droch-dhathacha sin.
Níor chian dóibh ar an órdughadh sin go bhfeacadar ag
teacht tar dhoras bheoil na h-uaimhe broinn-fhairsinge
chúca .i. an dúil doi-dhealbhtha agus an t-arrachtach
éigcialldha .i. sean-chailleach chrap-chuisleannach, dhroch-
dhathach, chuiriceach, chrón, chiar-ingneach, ghorm-fhéitheach,
agus go bhfanfadh mion-ubhall nó mór-áirne ar gach
ruibe do na malaidhibh garbha, glas-liatha do bhí uirre
agus súile silteacha, síor-dhearga, agus srón mhór,
ghorm, ghlas, leathan, ag sileadh n-a srothaibh re sleasaibh
a sreang-bheoil dhuibh, dhuaibhsigh, dhroch-dhealbhaigh, agus
garbh-eagar gránda ar a fiaclaibh cogantacha i n-a
craois-bhéal, agus teanga líomhtha, lán-ghéar, liosta,
luath-labharthach i n-a deimheas-bhéal, agus lámha cruadh-
huisleannacha le n-a taoibh, agus ingne fiara, fíor-
ghéara, ró-nimhneacha uirre, agus dá ghéagán loma léi,
agus dá chois fhuilt-ruainneacha, bhreac-luirgneacha,
ladhar-bhréana, cham-ingneacha fúithe, agus éide daingean
do-bhriste catha uimpe, agus claidheamh trom, tort-
bhuilleach le n-a cois-tsliasaid chlí, agus sgiath mhór,
mhillte ós árd a príomh-dhroma, agus go mba chosamhail
le siansán stéad nó staille gach sraoth do cuireadh
an oill-phiast caillighe sin as a sróin, ag teacht do láthair
Fhinn agus Fhiannaibh Éireann. Agus do chuir sí fá


L. 78


gheasaibh Fionn fá n-a sáith de chomhrac aon-fhir d'fhaghbháil
dí i bhfiannaibh Éireann.



Cidh trácht, d'iarr Fionn ar Oisín an t-arrachtach
caillighe do chosg díobh. Adubhairt Oisín: "Is anbhfain-
neach atá mé tar éis a bhfuaras d'olc na caillighe úd
roimhe seo." Agus is í bhí ann .i. Iarnadh inghean Chonaráin
ag teacht do dhíoghailt a seathrach. Agus do dhiúltuigh
Oisín agus Osgar, Conán mac Luigheach, Diarmuid Ua
Duibhne, Caoilte mac Rónáin, Cearbhall agus maithe
agus mór-uaisle na Féinne uile comhrac na caillighe do
dhéanamh; agus adubhairt Fionn go rachadh sé féin do
chomhrac léi. Adubhairt Goll: "A Fhinn," ar sé, "ní
cuibhe duit comhrac caillighe do dhéanamh, agus is ann
dearbhthar an fhíor-chara an uair is mó an t-éigean."
"Ní tú do chuireas-sa fá gheasaibh, a Ghoill," ar an
cailleach, "acht Fionn agus Fianna Éireann óir do
chinn tusa orm cheana." "Ní slán an Fhiann gan mise,"
ar Goll.



Is annsin d'éirigh Goll go ró-thapaidh i gcoinne agus
i gcomhdháil na caillighe, agus do rinneadar comhrac mear,
meanmnach, míleadhta, mórdhálach agus iorghail ath-gharbh
amh-mharbhthach agus gleo dísgir, dásachtach gan fios
time, tláis, ná tarcuisne, ag ceachtar díobh ar a chéile.
Cidh trácht, cuireas Goll glac-láidir a lámh i suaithneamh
sídhe na sleighe agus tug rogha an urchair gan chloidhe
gan chaime don chailligh, gur chuir trí n-a sgiath trí
n-a gualainn, agus trí n-a croidhe é gur úrghráine (?)
na sleighe don taobh thall an san ionad i dtárla ó thúis é
gur thorchair an chailleach ar an láthair sin. Agus do
chuaidh Goll go bruighean Céise an Chorainn ar mharbhadh
triúr inghean Chonaráin agus do chuir tré dhóighir donn-
ruadh dearg-lasadh í; agus gach maitheas agus gach


L. 79


mor-ionmhas dá bhfuair innte bronnas d'Fhionn agus
d'fhiannaibh Éireann ar an láthair sin é. Agus i gcomaoin
gach cabhartha dá dtug Goll ar Fhionn san éigean soin
agus ins gach feidhm i n-a raibh roimhe thug a inghean
féin .i. Coince chneas-gheal inghean Fhinn mar mhnaoi
ar an láthair sin, go rug mac oirdheirc dó dárbh ainm
Fead mac Ghoill mic Mhórna, agus do thuit le Fionn i
gceann seacht mbliadhan déag ar an áit céadna tré éad
le Goll.



(Gona í sin Bruighean Chéise Corainn go nuige sin)


L. 81


Dithreach ghlinn an pheice annso


L. 83


5. Dithreach ghlinn an pheice annso



Rí rathmhar ró-uasal, cródha, céillidhe, ceart-bhreathach,
fleadhach, fóirneata, curanta, caomh, caithréimeach, uasal-
intinneach do ghaibh flaitheas agus forlamhas i nÉirinn
iath-ghlas, oileánaigh, darab comhainm Murchadh mac
Briain Bóirmhe gur éirig amach lá do na laethannaibh
é féin agus a ghiollaí fiannuigheachta agus fean-choscra,
agus do sgaoileadar a ngadhair chleasacha, cheann-ruadh fan
ros min maranánta agus fan gcoill úir gcasarnaig;
fá ghleanntaibh doimhne, diamhaire, is fá choillteacha
daingne, do-eolais. Dúisgeathar leó gearrfhiadh cos-
luath, ceann-éadruim agus míolta mangacha, maisliatha,
agus sionnaigh chrubacha, crónanacha, agus bruic as bruach
leasan. Do shuidh an t-Árd-rí féin ar an dtulaig
ba h-aoirde agus ba h-aoibhne do fuair sé. Níor chian dóibh
an tan do chonnairc fiadh goideach, garbh-reathach chuige,
beannadh óir agus beannadh airgid; gadhar cluas-dearg
donn i n-a dhiaigh, ag labhairt go fogharthach fírinneach;
cian-radharcach, cuas-shúileach, cleith-théagair, mór-
imeachtach, agus slabhradh snidhmhair sean-airgead air, agus
an tan do chonnairc Murchadh é, gur líon dá shearc agus dá
shíor-ghrádh, amhail mar do lionfaidhe muir rabharta i
gcorcaigh nó i gcrampan. Do ghluais an fiadh agus an
gadhar agus níor cinneadh leó ón dtaobh theas do Éirinn
i n-a raibh Murchadh go dtángadar go caol na Sionna.
Annsin do bhuaileadar an uchtar an snámh agus ba comh-
thréan Murchadh fá uisge agus os a cheann gur bhuail a
ucht sa tsnámh i n-a ndiaigh go rabhadar idir dhá uisge,


L. 84


nó go ndeachadar amach ar an dtráigh ghil, gainmhidhe,
carcuighiribh (?) darab ainm Corca Bhaoisgin indiu, gur
ghluaiseadar rompa do Shliabh Callain agus do Charcair
na gCleireach, agus níor stadaigh leó go h-iochtar Laighean
chum an tráthnóna. Annsin táinig ceó dorcha, draoidh-
eachta idir é agus an gadhar is an fiadh. "Olc atá so agam"
ar sé. "Do chailleas an chuideachta go bhfuilim n-a
ndiaigh la chuighthe, agus gan chuideachta ar bith anois." Níor
chian do ann an uair do chualaidh sé guth tuagh dá bualadh
ins an ghleann. Táinig sé gus an gcrann 'n-a raibh
an guth agus do bheannaig don té do bhí ann agus is eadh do bhí
ann, .i. Dithreach Ghlinne an Pheice agus aibíd trusailte ó
ramhar a cholpa go ramhar a shliasta agus do fhreagair an
beannachadh go h-iongantach, éagsamhlach. "Créad é
fáth t'iongantais," do ráidh Murchadh. "Atá," ar
sé, "go bhfuilim ré cian d'aimsir ar an ngleann so
agus nach fuaras neach do bheannóchadh dom gus anois."
Annsin táinig anuas agus do cheangail a bheart teine agus
do bhí luirg-fhearsad iarainn in a laimh. Do bhuail
ins an mbeart í. Agus do chuir fead bhinn cheólmhar as,
agus táinig sgaoi do gabhraibh breaca, bána timcheall air
agus do ghluais rómpa ón gcrann agus do tharraing ceó draoidh-
eachta idir Murchadh agus é. "Draoidheacht nó diabluigheacht
atá gan amhras dá imirt orm," do ráidh an Rí, "agus leanfad
lorg na ngabhar tríd an draoidheacht." Do ghluais roimhe
agus ní cian do chuaidh, an tan do chonnarc dún ríogha ro-
áluinn, agus baile breágh, britinneach, agus dorus daingean,
do-sgaoilte, an Dithreach 'n-a shuidhe i gcathaoir óir
oirloisgithe agus corn óir don tsórt sin láimh ris. Táinig
Murchadh agus do chuir 'n-a shuidhe é agus do bhí an fiadh agus an
gadhar ar an thaobh eile don teine roimhe. Tug an Rí súil
orra agus is annsin d'fhiafraig an Dithreach de, créad é


L. 85


fáth a iongantais ar an bhfiadh nó ar an ngadhar. "Fáth
m'iongantais," ar sé, "gur na ndiaigh sin atáim feadh
an lae agus nach ar fhan siad liom i n-aon áit; agus anois a mhíne
do chím ag an dteine iad." Annsin do ráidh an Díthreach,
"Measaim," ar sé, "gur do fholaibh uaisle na ríoghachta
thú agus ba mhaith liom a fhios do bheith agam cía thú féin."



"Do chlann Bhriain Boirmhe me," ar an Rí. "An tú
Murchadh nó an tú Donnchadh nó an tú Tadhg?" "Is mé
Murchadh," ar sé. "Mo mhór-fháilte rathmhar, rómhat,"
ar an Dithreach. Níor bhfada dho an uair do tháinig an géin
ghlé-mhaiseach, leathan-mhulaigh mhná do bfearr dreach agus
dealbh agus déanamh don drong daona. An méid bheireas ré
ós na raeltinnibh, agus sliabh Siodhan ós na sléibhtibh, agus
an maranan mór ós na h-éisgibh agus an sliogán slán-mhór
ós na maranaibh go mbeiridh sí ar mhéid agus ar áilleacht é, ó
mhnáibh na críche i n-a raibh sí, agus caogad do mhnáibh folt-
bhuidhe fionna i n-a diaigh. "An bhfeadaraois," ar an
Díthreach, "connus fuaras féin an gadhar nó an fiadh
úd." "Ní fheadar, go deimhin," ar Murchadh. "Lá gha
rabhas ar an ngleann úd i n-a bhfeaca tusa mé, tárla
gruagach do bhí annso im chomharsanacht orainn agus
athach mór do bhí ar an gceanntar so ag rith ar an
ngruagach, agus an fiadh agus an gadhar ag rith rómpa araon.
Táinig an gruagach ar mo chúlaibh agus do ghaibh cara agus
comairce agam agus adubhairt nach raibh do mhaoin ná do
stoc ar an ndomhan aige acht an fiadh agus an gadhar, agus
go dtabharfaidh dómh-sa iad, gan acht é a shábháil ar an
allmhurach. Is annsan do dhruideamar i gcoinne agus i
gcómhdháil aroile gur choscramair go teann, te, díofruis-
ceach, dána, do-aradhnach, fríthir, fíor-nimhneach, fíor-
uaimhneach, créachtach, cróilic i foircheadal an chómhraig
san dúinn. Ní bhfuaramar greim ar a chéile i sna harmaibh


L. 86


agus do rugamar ar chorpaibh ar a chéile agus do shíneamar
na dóideanna ríghne, ró-ramhara tar shleasaibh agus tar
for-dhromanaibh a chéile, agus i fóirmiodal an Dómhnaig
sin dúinn do thógas ar árd mo ghualann é agus do bhuaileas
fa lár agus fa lán-talamh an fear mór. Is annsin do
nochtas arm go lúth-gháireach agus do bhaineas a cheann de;
is fós, a Mhurchadh do ba deacair do aon neach a fhéachaint
liom-sa féin, agus is fada silleadh súl ar mhnaoi duine eile
agat, is ní gan ceannach fuaras-sa féin bean. Do
chailleamar an fiadh agus an gadhar annsin agus do chuadar gus
an oileán ba neasa dúinn, mar a bhfuaramar iad ar
bruach tobraid ins an oileán sin. Do shuidheamar láimh riú;
agus níor chian dúinn an uair tháinig chugainn as an dtobar
an gaisgidheach ba mhó do dhaoinibh agus dob aoirde do laochaibh
agus dob áille d'fhearaibh an domhain mhóir, gabhtha i meadhon
airm agus éide, fá chotún, soitheamhlach sróill ar uachtar
a chnis chaomh, ré sgabal ciumhais-bhuidhe, ceathar-uilleanach,
ar uachtar an chotúin sin, ré lúireach righin, loclannaig,
moghleantaigh, uilleanaig, ré cinn-bheirt chlochargha, lán
do chlochaibh criostail agus caramogaill ar uachtar a chinn
air, ré sgéith dhuinn dath-áluinn ar a thaobh dá dhiaghuin,
agus ré claidheamh trom, toirt-builleach, fada, díreach,
do-chamtha, cómhfhada, cómhdheas, cómhdhaingean, fíor-ghéar,
foilleachtail, go n-iomad láimh rí leadradh nó claidheamh
fraochda Feargusa nó an colg do cumadh re Bulcan
ar bruach linne in c. lionain (?), ré ceithre coilleacha,
cuillgeanta, ceann-ruadh i mbárr a dhóide gile ar tí an
ghruagaig do dhíthcheannadh. Annsin d'eirgheas-sa as
cath an ghruagaigh gur dhruideamar i gcoinne agas i
gcómhdháil aroile, mar dá bhéithir nimhneacha, neamh-
chlaona, nó mar dá ghríbh ghnímheachtaigh, ghonta, dhiochuiseach
nó mar dá leómhain lán-chródha. Is annsin do rinneamar


L. 87


cómhrac cuthach, cróghlidheach, cneas-ghearrtha, agus fhoircheadal
an chómhraigh sin dúinn go dtuitfeadh liom nó gur iarr
an ghruagach orm gan a dhearbhrathair do mharbhadh. "Ort
do chol agus do chontracht," ar mise "créad fá ar chuiris
me ag cómhrac ris?"



"D'innis dom gur ag déanamh fearannais agus canncais
air do bhí sé ins an oileán agus ríoghacht na h-Isbeirte aige
féin. Adubhairt an gaisgidheach gurab oighreacht athardha
dó féin an t-oileán i n-a fuair rioghacht le n-a chlaidheamh
nách chaillfeadh a dhíreacht, agus go ndéanfadh sé mo mholadh
féin ann. Do mhol mise an t-oileán don ghruagach mar
ná raibh aincheart ar a dhéanamh agus adubhairt ris sin dul
do chosnamh a ríoghachta fein. Annsin adubhart:-
"atá geasa orm nách fuilingid fíor-laoigh mo athar agus
máthar is measa ná me féin do mharbhadh i gcath agus i gcruadh-
chomhrac muna ndeachainn dá fhéachaint ar bhfurasa
a ríoghacht féin do chosnamh." Ar sin do bhuail a cheann
fán dtobraid. Do lean mise é nó go ndeachamar
go dún agus go cúirt an ríogh sin. Is annsin do fháiltig an
rí rómham. Agus ar gcaitheamh fleadh agus mór-féasta dúinn
sa ríghtheach sin go n-iomad do laochaibh lán-chródha
mar aon rinn, tháinig chugainn an gaisgidheach dob
áille agus ba chalma dar fhéach súil riamh agus mórán do
chódaíbh cruadh, cnaibe aige. Do rinne sé ar gach
nduine do na fearaibh agus ar an rígh féin maille
riú, agus do cheangail a gcinn agus a gcosa dá chéile agus tógas
leis inghean an ríogh agus is é adubhairt go raibh a shlán
fán saoghal n-a thaobh sin ó ná raibh Díthreach Ghlinne an
Pheice i bhfogus dó. "A ghaisgidhigh ghnímheachtaigh,"
ar an rí, "an gcluin tú teacht th'iorgaile dá maidhm."
"A chompánaigh ionmhain," ar sé, "tarrthaigh m'inghean
agus bíodh agat choidhche. Is fearr liom-sa a bheith agat ná


L. 88


ag an allmharach úd." Do leanas an fear mór agas
annsin do rinneamar an cómhrac ba chruadhallaidhe
agus ba ghlé-ghontach dá ndearnadar gaisgidhig riamh go
rabhamar ag leónadh, ag leadradh, agus ag cnámh-ghearradh
aroile ar feadh dá lá agus dá oidhche gurbh é chríoch agus fóir-
cheann an chómhlainn sin gur thuit an fear mór sin liom-sa
.i. an Machaomh mór mac ríogh na Sorac, gur bhaineas
a cheann de agus do rugas inghean gus an rígh agus gur sgaoileas
de agus dá mhuinntir. Do ba dheachair d'aon neach a fhéachaint
riom-sa féin, a Mhurchadh," ar an Díthreach, "is fada
silleadh súl ar mhnaoi dhuine eile agat, 's ní gan cheannach
fuaras-sa féin bean. Is annsin," ar sé, "do pósadh
mé agus an inghean sin do chídh anois. Do ghabhas mo chead
ag an rígh agus tugas liom gus an oileán céadna í. Do
fháiltig an ghruagach go ró-mhór rómham, agus is é adubhairt
nach ar chóir damhsa an t-oileán sin d'fhágáil go ndéan-
fainn sosadh agus cómhnuidhe ann. Trí lá ann d'fhanas agus
do chailleas mo bhean gach lá díobh agus do fuaras í ag
trí grúagaigh do bhí i n-oileán fairrge i bhfad uainn.
Gidheadh do leanas-sa ins an réim dhirig iad agus mharbhas
iad; an dara lá ag rígh na Sorcha; agus an treas lá ag trí
h-uiristinibh deamhnaidhe, nó gur leanas-sa iad gach
lá diobh agus gur díth-cheannas ar nós na ngruagach gach
aon díobh go dtugas liom fa dhiaigh gus an áit so í.
Agus, a Mhurchadh, is fada silleadh súl ar mhnaoi dhuine
eile agat," ar sé, "is ní gan ceannach fuaras-sa féin
bean." Iar gcríochnughadh an sgéil don Díthreach do ibh
deoch ar an Árd-rígh agus adubhairt go raibh i n-aimsir
suipéir. Tar éis an t-suipéir sin do chaitheamh dóibh
do chuaidh an rí do chodla agus is é áit i n-ar eirig an lá
ar-na mháireach air .i. ins an taobh theas do Eirinn mar
ar ghluais i ndiaigh an fhiadh agus an ghadhair, agus an fiadh agus an


L. 89


gadhar mar aon ris, mar do chuir an Dithreach in ré
geintleacht é agus iad sin maille ris, d'eagla go dtiuchfadh
Murchadh dá n-ionnsaighe an dara h-uair. Gídheadh níorbh
é eagla an ghadhair ná an fhíadh do bhí air, acht ar eagla
go gcucólfaidhe é féin ris an rígh. Ní bhfuil amhras go
ndearnaidh Murchadh mórán don ghadhar agus don fhiadh
agus nách deachaidh ag féachaint an Dithrigh an dara h-uair.
Dála an Díthrigh níor mhiste leis sin. Gídheadh níor mhaith
le n-a mhnaoi ná táinig Murchadh aríst.



Finit


L. 91


Ceisneamh inghine Ghuil


L. 93


6. Ceisneamh inghine Ghuil



Áirdrí uasal, onórach, céillidhe, ceirt-bhreathach,
líonmhar, láidir, lán-chalma, feasach, fíréanta, fír-ghlic,
foghlumtha, fír-dhlightheach, ceannsa, curanta, croidhe-
amhail, cath-líonmhar, saidhbhir, so-chineálach, saoir-bhéasach,
meanmnach, mascalach, mór-aigeantach, rathmhar, réim-
dhíreach, cosantach, cath-bhuadhach, clann-líonmar, gasta,
grádhmhar, geanamhail, mín, maordha, maiseamhail, aoibhinn,
áluinn, ádhmharach, ionnsuidhtheach, bríoghmhar, boirb-
neartmhar, buan-láidir, gan uaill, gan díomas, gan
iomarca éagcóra ná aindlighe ar lag ná ar láidir,
do ghaibh ceannas agus árd-tighearnas ar a dhá chóige mín-
leathana, mór-dhálacha Mumhan, darbh' chómhainm Feidhlime
mac Criomhthainn.



Agus is amhla do bhí an Feidhlime sin go mbuaidh oineach,
eadhnamhna, agus árd-léigheann; go mbuaidh crotha, céille
agus cómhairle; go mbuaidh catha, cogaidh agus cómhmhaoidhte. Do
bhí fírinne i n-a gheallamhain agus comhall i n-a bhréithre.
Do bhí gach aon duine i n-a dtighearnas ceart agus i n-a
ndúthchas féin le linn an áirdríogh sin, agus ní raibh cosamhlacht
ris i n-Éirinn an uair sin acht Cuimín Foda mhac Fiachna
agus Colam Cille mac fíor-áluinn Feidhlime; óir bhíodar
seacht ngrádha filidheachta leis; agus ba easbog agus mac
léighinn é; ba file agus ba fáidh é; agus ba saoi le seanchas é;
agus is é ba rí ar dhá chóige mór-dhálacha Mumhan an tan san.
Do fuagradh ó Fheidhlime d'fhearaibh Mumhan sluagh agus
sochraid do thíomsughadh chum dul leis ar mhór-chuairt
Leatha Mogha; agus tángadar chuige mór-uaisle Mumhan
Connacht agus Laighean go h-aoin-inead; agus iar a dtionól
agus ar dtíomsughadh go h-aon-láthair dóibh do gairmeadh


L. 94


chuige a mhaoir, a reachtairidhe agus a fheadhmannach do
thabhac a bhídh agus a chíosa chuige go Caiseal, an feadh do
bheadh sé féin ag gabháil giall.



Ciodh trácht iar ngabháil giall Éireann uile d'
Fheidhlime, filleas féin go Caiseal agus fiafruigheas dá
mhaoraibh ar thógbhadar cíos na Mumhan mar do theangbhaidh
dóibh do dhéanamh in sna cóigíbh eile. "Do thógbhamar,"
ar siad, "acht cíos Eoghanacht Locha Léin amháin,
óir is é freagra tugsad orrainn, nár chlú agus nár mhaise
leó a gcuid bídh do chur go Caiseal, acht teacht dá chaitheamh
i n-a dtighthibh féin. Agus iar n-a chlos sin d'Fheidhlime
do ghluais roimhe, agus maithe bhfear Mumhan idir laoch
agus cléireach, go rángadar Eoghanacht Locha Léin; agus is é
aimsear agus taca do bhliadhain sin in san bhfaoillidh earraigh;
agus fearadh sneachta mór ar na sléibhtibh, agus do bhí do mhéid
an tsneachta sin gur cuireadh a n-eich agus a ndaoine.



Is annsin ráinig Turrasán .i. giolla Feidhlime chum an
láithreach chúcha agus is é adubhairt: "A rí agus a thighearna,
dá ndéantá mo chómhairle féin is é ba indéanta dhuit
a bhfuil do shruithibh agus do ríoghdhamhnaibh gan foras gan
fearanntas gan triucha gan tighearnas gan fonn gan
fearann aca féin, a gcoinmheadh agus a leathnughadh ar na
fearainn-se is cóimhneasa dhuit id' thimcheall, agus tú féin
agus an líon atá do mhaithibh Mumhan agus d'eaglais id' fhochair
do dhul go tigh flatha nó biadhtaigh éigin dá bhfuil id'
chómhfhogus, an feadh do mhairfeadh an droch-shíon agus an
droch-aimsear so ann, agus gach n-aon díbh d'fhuireach i n-bhúr
dtighthibh leaptha agus láithreach féin go h-imtheacht do'n
tsneachta so, agus teacht go haon-láthair annsin chughat-sa."



"A Thurrasáin," ar Feidhlime, "do-ghéantaidhe an
cómhairle sin linn-ne, muna mbéadh iomad ár sluagh
agus ár n-uaisle, ár ngiollannradh agus ár n-aois dána, agus nach


L. 95


fuil fós i gcómhfhogus dúinn teach i n-a bhfuilingeochthaidhe
ná ríarfaidhe an líon atá im' fhochair-se ná rachadh acht
mar a rachainn féin."



"Ná milleadh mo chómhairle-se aon nidh umat," ar
Turrasán, "gidheadh do-gheobhainn-se ionad duit-se
agus dod' shluagh anocht i n-a bhfuileónthaoi sibh, agus ionad
i n-a ndligheann tusa d'iomchar agus aoidheacht agus friothálamh
d'fhághail ann, agus is é sin teach Ghuil ghlain-bhriathrach i
nDún Lóich .i. t'ollamh agus t'fhear dána, do sheanchaidhe, do
chara agus do chompánach féin." "A Thurrasáin," ar
Feidhlime, "dá bhfionntá-sa nó dá mbeadh a fhios agat
a bhfuil do mhuinnteardhas agus do chompántacht agus do cheangal
bunaidh againn-ne le chéile do bhrostódh-sa sinn-ne fá
dhul dá thigh sin, óir is i n-éinfheacht do bhadhmar i bhfarradh
agus i bhfochair a chéile i n-Árd Macha ag déanamh ár léighinn
agus ár bhfoghlamtha .i. eisean ag déanamh filidheachta agus
mise ag foghluim léighinn; agus mar an gcéadna is ar
aon bhiadh, ar aon bhord agus ar aon leabadh do badhmar ann.
Agus lá n-aon do thárla dhúinn beagán ghlóir-briathraibh
glice, glan-fhoillseacha agus do chómhráidhtibh caoine car-
thannacha cáirdeamhla do rádh le chéile, agus adubhairt
eisean liom-sa: "A Fheidhlime," ar sé, "dá ngeabhthá-sa
ríoghacht agus ceannas Mumhan mar do tairngireadh duit,
agus mar is dual agus is dúthchas duit, cá maitheas nó cá tairbhe
do-gheobhainn-se uait ar son mé bheith im' chómhdhalta aoin-
tighe aoin-bhidh aoin-leapthan agat seach an tí do thiocfadh
an lá sin féin chughat?" Do gheallas dó dá
ngeobhainn ríoghacht Mumhan nó Éireann, go dtabharfainn
an árd-ollamhnacht dó, agus do chóimhlíonas san do réir
mo gheallaimh. Do naisc agus do cheangail seisean orm-sa
dá dtéighinn le h-aon turas go h-Eoghanacht
Locha Léin gan gabháil tairis go ndeachainn dá fhéachain


L. 96


dá dhún agus dá dheagh-árus féin; agus gá fearr dam uair
do rachainn ann ná anocht i gcóimhlíonadh mo gheasa
dhó."



Iar gcineadh ar an gcómhairle sin dó .i. dul go teach
Ghuil, do rinneadh an coinmheadh agus an leathnughadh amhail
adubhairt Turrasán, agus do ghluaiseadar rómpa iar sin ar
amus agus ar ionnsuidhe dhúna agus deagh-áruis Ghuil go Dún
Lóich, agus do ghluaiseadar díosgar-shluagh agus fir mheara mhear-
dhána ar cóimh-rith chum an bhaile. "Créad iad an mhór-
bhuidhean úd rómhainn chum an bhaile?" ar Feidhlime, ar
n-a bhfeicsin dó. "Atáid," ar Turrasán, giollaidhe
dod' mhuinntear-sa atá ag gabháil stáblaidhe agus teacha
leaptha dhúinn-ne." "A Thurrasáin," ar Feidhlime,
"éirigh 'na ndiaigh siúd agus fost a dtosach agus nach leig neach
díobh rómhainn chum an bhaile, óir is fear feargach doilghe
ain-teangthach fear an bhaile úd, agus ba mhór agus ba iomarcach
d'aon bhaile i n-Éirinn a bhfuil i n-a rith annsúd do riar,
agus ní racham don bhaile úd anocht; acht racham ar an
dtulach taithneamhaigh taobh-uaithne úd ós cionn na faithche,
agus dá mbeadh sé ar gcumas dó ár bhfriothálamh déantar é;
agus muna mbeith sé ar gcumas dó ár bhfriothálamh
béarfar seisc agus caonach agus úr-luachair chughainn do
bhruachaibh na Leamhna lán-aoibhinn, agus déantar bóthar
agus béal sgátha dúinn, agus déantar teinte agus teann-taighe
linn amhla sin."



Téid Turrasán i ndiaigh cháich agus do chongaibh re Feidhlime
iad, agus tángadar ar an dtulach agus do sguireadar a
n-eachraidh agus a gcarbaid, agus do sheinneadar a stoic
agus a gcaismeartha catha agus a n-adharca, amhail ba ghnáth leó
i ngach inead i ndéanfaidís cathughadh cómhnuidhe nó
foslongphort. "Is fusa dhúinn," ar Feidhlime, trosgadh
aon oidhche amháin do dhéanamh ná ár nglámhadh Feidhlime fá


L. 97


bhiadh .i. dul dá iarradh nó go mbéadh a fhios againn an
bhfuil sé ann."



Ciodh trácht, do h-innseadh do Ghuil Átha Lóich Feidhlime
mac Criomhthainn .i. Áird-rí Leatha Mogha do bheith ar
faithche a dhúna go n-a dheagh-mhuinntear. Éirgheas Guil go
h-obann agus tug trí luath-chuarta dá rosgaibh géara glan-
radharcacha i dtimcheall an tighe agus an teaghlach uile, agus
ní fheacaidh neach ar ar choithig ná ar chómhnuigh a shúile ná
a fhéachain acht an inghean dob' óige aige .i. Sadhbh, agus
gabhas Guil ag síor-amharc ar an inghean. "Cá síor-
amharc atáir do dhéanamh orm seach gach aon dá bhfuil
istigh, óir," ar sí, "dob' óige mé an chéad oidhche bhíos
i n-aoin-tigh leat .i. an oidhche do rugadh mé, ná anois.
Ní bhfuil aon bhall dom' chorp nach feacaís agus nach fuil
aithne agat ortha roimh aniugh, agus cá nuadh-chruith do shíleas
tú bheith orm aniugh seach gach aon uair eile, mar go bhfuile
ag síor-amharc orm?" "A inghean," ar Guil, "is dual
damh-sa tusa d'fhéachain mar is ball dam' ballaibh tú
má's fíor do mháthair; óir adeir do mháthair gurab inghean
dam thú, agus fós dá nídh ar a bhféachain go minic, ar a
ró-ghrádh nó ar a ró-mhiosgais, agus atá do ró-ghrádh-sa
agam-sa agus ní bhfuil do ró-mhiosgais, agus atá dúthracht agam
chum do mhaitheasa agus ní bhfuil mo dhúthracht chum t'uilc."



"Is fíor sin," ar an inghean, "agus ní mó do ghrádh dam
aniugh ná gach lá eile, agus ní h-é sin an fáth fá bhfuil tú
ag sír-fhéachain orm." "Ní h-é sin go deimhin," do ráidh
Guil; "agus a inghean," ar sé, "is é fáth mo shír-fhéachain
ort, mar do chuadar m'aos dána agus mo lucht agallmha
Áirdrí uaim ar amus agus b'ionnsuidhe triatha agus tighearnas,
taoiseach agus tánaistidhe, a gcarad, agus a gcompánach, agus
daoine do bhéaradh nídh dhóibh mar luach a n-éigse agus a
n-ealadhna; agus ní bhfuil neach díobh agam anois leis


L. 98


an gcruadháil agus leis an éigean so do rug orm. Agus ó
nach fuil, a inghean," ar sé, "créad bheir ort-sa gan
dul i gcoinne na sluagh ag cur fáilte roimh Rí Mumhan
agus roimh a mhaithe, agus saoghaltacht briathra do chaitheamh ris
agus re na sluaghaibh dá fhéachain an seachnochaidís sinn
anocht, ó nach fuil acfuinn a bhfriotháilte uile againn,
nó mura seachnochaidís sinn anocht a gcongbháil an feadh
bheadh an teach dá ghlanadh dá chórughadh agus dá úrluachra,
óir ní tháinig forfhógra roimhe chughainn; agus can-sa fíor-
chaoin fáilte roimhe, óir dligheann sé fáilte d'fhághail san
mbaile seo, óir is minic fuaramar-na ór agus ionnmhas
uaidh sin." "Is briathar damh-sa," ar an inghean, "dá
mbadh neach eile adéaradh sin liom-sa go ngríosfainn a
ghruadh agus go ndeargfainn a leaca ionnas nach fágfainn
sáith dearnaite d'fhuil ná d'fheoil air idir leathar na
leacan agus an cnámh aige gan ithe agus dian-chreimeadh, óir
ní h-é sin oileamhain tugais-se orm-sa; óir is amhlaidh
d'oilis-se mise idir an lic is an losad, idir an losad
is an t-úrlár agus idir an t-úrlár is an doras; óir ciodh
gairid théid an mac beag ar adhbhar baoise agus buain-
leanbhuigheachta ní dheacas-sa an fhaid sin riamh, agus ní
fheaca dís do dheagh-dhaoine riamh ná go bhfaghainn bás
do throm-náire agus mántacht. Gidheadh, atáid trí neithe ná
dlighthear do dhalta do dhéanamh i ndiaigh a oide .i. gan
a dhiúltadh fá shéadaibh, gan a chrádh fá n-a mhnaoi, agus
gan a shéanadh fá'n fhoghluim; agus an feadh mairfeas tusa
ní chráidhfidh mise fá d'mhnaoi thú, óir ní fearr liom a
beith ag fear eile ná agat-sa; agus dá mbeidís seóide nó
maoine agam is duit-se bhéarainn iad, agus fós ní bhfuilim
do shéanadh ciodh beag m'fhoghluim gurab uait-se atá sí
agam." "Maiseadh, a inghean," ar Guil, "éirigh amach
d'fhios na sluagh agus fear fíor-chaoin fáilte roimh Fheidhlime


L. 99


agus rómpa-sa." "Rachad-sa annsin," ar an inghean,
"do chionn do bheannachta d'fhághail ciodh rachad d'éag do
náire, agus adubhairt an laoi eatartha: -



G.
"Fionntar leat, a Ghuil chródha,
Gus na géagaibh glé-mhóra,
Cia do ghní an measgadh so amuigh
Ar mhór-fhaithche mo dheagh-dhúnadh."



S.
"Ná h-abair sin, a athair dhil,
Is gur tú is náirighe fá nimh,
Dá ndearnaidh fúm gáire,
Rachad d'éag do throm-náire."



G.
"Gaibh mo léine shuaithnidh shróil,
Gaibh do chóirthear eangach óir,
Gaibh umat t'fhleasc is iomchair,
Éirghe amach agus fionntar."



Éirgheas an inghean bheag 'na seasamh agus gabhas a brat
corcrach uimpi ós a bán-bhruinnibh, agus dealg óir san
mbrat sin, agus fleasg áluinn ildhealbhach iolbhuadhach
fionndruinne go slim so-fhaicseana uim a ceann
mar chómhartha bain-fhile, agus téid sí amach ar an bhfaithche
agus tug a h-aghaidh ar na sluaighte go h-eagnaidhe úir-
mhisnigh, agus tug luath-chuaird dá rosgaibh rinn-ghéara fá
na ceithre h-áirdibh go díreach i n-a timcheall, mar atá
soir, siar, ba dheas is ba thuaidh.



Is annsin do chonairc an inghean bheag na sluagha adhbhail-
mhóra, agus is iad tárla uirthe ar dtúis triúr fileadha do
mhuinntear an ríogh agus iad ar bhfilleadh a nglún agus a
ndruim re claidhe agus iad ag cluanaigheacht. "Is i


L. 100


n-éinfheacht do doireadh na h-éigse," ar sí. "Cionnas
atá fhios sin agat-sa?" ar siad. "Mar is i
n-éinfheacht do bhéarthaoí laoigh," ar sí. "Fan-sa
'na ndiaigh go gcuirfidh tú naisg ortha," ar
siad. "Ní h-amhla is cóir," ar sí, "acht a máithreacha
féin dá lighe ar dtúis, óir is amhla is dual agus is dleacht a
dhéanamh." Do ghaibh eagla mhór na fileadha roimpi, agus
do chuir sí an triúr sin di, óir do theitheadar uaithe,
agus do ghluais roimpi go neamh-náireach gus an ionad
i n-a raibh Feidhlime, agus do chuir fíorchaoin fáilte roimhe
agus roimh mhaithe a mhuinntire agus is é adubhairt: "Dia do
bheatha, a uasail agus a áirdrí, a Fheidhlime mhic Criomhthainn."
"Go mairir, a inghean bheag," do ráidh Feidhlime, "agus is
tairise agus is maith linn t'fháilte." "Creidim sin," ar an
inghean, "agus cá h-áit ar chodlais araoir?" "Do chodlas
i Luachair Dheaghaidh," ar Feidhlime. "Is furas aithne,"
ar sí, "gurab dortadh flaithis agus díth oirbheartha agus aineólas
mór duit-se má's mar ghné cáinte ar Ghuil Dhúna Lóich
tugais amus na h-oidhche anocht air, agus atá fhios agam
féin nach raibh oirbheart aithne ná eolas agat féin san
gcríoch so agus teacht ó'n áit i raibh luachair gus an áit nach
fuil an luachair féin .i. go teach Ghuil gheanamhail ghrádhmhar
Athá Lóich ag iarraidh iostais na h-oidhche anocht, agus é
féin gan bhiadh gan deoch gan teach gan teine gan iostas,
gan cuach ar chlár ná an clár féin, gan úrlár gan leabadh
'na h-áit aige; óir níorbh' fhuláir, a uasail Fheidhlime,
forfhógra míosa, ráithe, nó bliadhna do bheith romhat
sul do thiocfá don bhaile-se."



"Cionnas atáthar agaibh, a inghean?" ar Feidhlime.
"Atáthar go h-olc," ar sí ".i. go gann gortach tirim
teirc-bhídh teirc-éadaigh táimh-néallach, gan siolla gan
seomra gan cruach gan stáca gán cúil, gan cuach ar


L. 101


chlár, ná an clár féin ar a mbeadh sé againn, go clamh
trochailte spadánta ocrach brónach imreasánach, ag
sníomh le gorta do shíor; agus an bhfaiceann tusa an teach
mór úd ós do chómhair thall?" "Do-chím," ar Feidhlime.
"Maiseadh," ar sí, "tá clochán cam sleamhain salach
so-leagaithe chuige siúd, agus casán cumhang fíor-bhréan
tolgánach chuige, agus tá cliath-shlat gan teóidhe gan téagar
'na fiar-luighe nó 'na leath-luighe leis le fíor-easbaidh
feiris-tighe. Agus atá dóirse fíor-chumhanga fír-ísle
agus fuinneóga fairseanga fíor-fhuara ar an dtigh sin.
Agus ní díon ar ghaoith ar dhuartan ná ar dhoineann é;
agus atá úrlár claiseach sopach salach sír-fhliuch ann; agus atá
cat seang siubhlach síor-dhranntánach creat-lom féitheach
ann; agus cú bheag ghearr dhorcha ghruamdha ghráineamhail
lom-easnach; cearca cos-árda caola cóir-sgríobacha;
agus leinbh bholg-mhóra chruinn-tsilleacha chorracha cham-
bhéalacha chaol-spágacha channránacha bhíos ag sír-
sgreadaigh agus ag síor-bhodhradh na muinntire; agus atá teine
dhubh dhorcha dheataigh mhór gan bhrigh gan bheartughadh gan
teas gan téagar ann; agus aráinín briosg bog blodhach
gairbh-siabhach gan snáthadh gan táthughadh dá dhéanamh
ann, agus é dá losgadh ar ghreidilín ghearra dheirg-chnaipeach
chlaigeach chlaiseach dhóighte tholgánach ag ban-óglaigh bhig
ghearra bhuidhe bhréin bhladhmannaigh bhreill-mhéaraigh mhór-
shaithigh do-mhaisigh ag arbh' mhó seacht n-uaire a ghreidhm
ná a h-uiriseacht; agus áirseóireadha do chailleacha loma
liatha fliuch-shúileacha prioslacha sreamacha cróin-
fhiaclacha do bhíos do ghnáth ag bodhradh an tighe. Maiseadh,
a Fheidhlime," ar sí, "gidheadh go bhfaigheadh maithe agus mór-
uaisle lán laghaire do bhréinim gabhair, caorach agus
anamhaidheach eile, ní bhfaigheadh daoithe ná srathairidhe ann
acht uisge oghar-phiastach na leamhna nó an tobair bhuidhe


L. 102


mar dhigh; agus atáid leapthacha cruadha cumhanga caola
ann agus iad lán de dhearnaitidhe. Atáid lucht an tighe
úd uile agus ní tháinig aoinneach fireann ná baineann, beag
ná mór, lag ná láidir, óg ná críonna, buidheach sásta
ná sáthach as riamh, dár chaith a bheag ná a mhór do bhiadh
an tighe úd. Dar an lic Phádraig atá i gCaiseal Mumhan,"
do ráidh Feidhlime, "dá mbeadh a fhios sin againn-ne a
bheith mar sin ní thiocfaimís go bruinne an bhrátha."



"A uasail Fheidhlime," ar sí, "is truagh íseal cliabh
con againn, agus is árd cliabh fiadh againn; idir na bogha
agus na boilg tángais chughainn, óir do chuaidh guith an
tsúiste uainn agus ní rug foghar an loinithe orrainn; agus is
bleachtmhar sróna linn. Níl acht anglais ag ár loilígheach-
aibh, agus iar ndísg ag ár ngabhnachaibh; agus bídh na lucha
liatha léire luaithe ag lighe ár gcneas mar iarradh bídh
ó urthosach na h-oidhche go maidean." "Dar an lic
Phádraig atá i gCaiseal Mumhan," ar Feidhlime, "dá
mbeadh a fhios againn-ne a bheith mar sin ní thiocfaimís
ann go lá an tsléibhe." "A Fheidhlime," ar sí, "an
gcuala tú sé ceólta tighe Ghuil?" "Ní chuala," ar
Feidhlime, "agus abair iad." "Éighmheach, búithreadh
sgréachach, bodhradh, béiceach agus blaidhreach," ar sí. "Agus
an gcuala tú trí h-abhráin tighe Ghuil?" ar sí. "Ní
chuala," ar sé, "agus abair iad." "Gol, gárthadh agus gla-
fairt." "Agus an gcuala tú na sé coin atá i dtigh
Ghuil?" Ní chuala," ar Feidhlime, "agus abair iad."
"Stolladh raobadh agus gearradh, fogha éigean agus stracadh,
agus ciodh h-iomdha deagh-dhaoine agus flatha tig dhon bhaile-se,
ní théid neach díobh uatha gan leonadh leadradh gearradh
agus dian-chreimeadh fá'n sliabh sin suas, gurab ar éigean
is féidir leó sgaramhain leó mar sin gan a n-itheadh
go h-uile, agus bé aca is fearr sgaras leó bí othras mí nó


L. 103


ráithe air dá n-éis," ar sí. "Agus an gcuala tú trácht
ar thrí reachtaireadha atá ann?" "Ní chuala," ar sé,
"agus abair iad." "Ruaig cruadhas agus casaoid," ar sí.
"An gcuala tú," ar sí, "na naoi feadhmannaigh atá i
dtigh Ghuil?" "Ní chuala," ar sé, "agus cad é a n-anamna?"
"Atá," ar sí, "sladuidhe braduidhe gaduidhe, cathughadh
mallughadh fad-chumha, troidéis móiréis agus ráiméis."
"An gcuala tú," ar sí, "na sé cailíní atá i dtigh
Ghuil?" "Ní chuala," ar Feidhlime, "agus abair iad."
"Daille moille agus leisge, clampar amhgar agus deifir."
"An gcuala tú," ar sí, na buachaillidhe atá ann?"
"Ní chuala," ar sé, "agus cad is ainm dóibh?" "Atá
mearughadh cailleamhain agus ciarsán, imreas uireasbaidh agus
uathbhás." "Agus an gcuala tú trácht ar an dá chailligh
déag atá i dtigh Ghuil?" "Ní chuala," ar Feidhlime,
"agus innis dam cia h-iad," ar sé. "Gruig graig agus gorta,
goin goid agus glafairt, déirc diultadh agus doicheall, ceas-
acht caol-chuid agus cannrán." "An gcuala tú," ar sí,
"anmna an dá sgológ déag atá pósta aici siúd?"
"Ní chuala," ar sé, "agus abair iad." "Bruid brad agus
basgadh, clampar clamhaire agus caismirt, guaireach
gruama agus gearán, brúghtach buithreach agus beagán; agus ba
leor d'adhbhar uireasbaidhe nó ocrais do neach san
domhan féachain ar chorpaibh daoine bochta seirgthe casa
feoidhte truagha spadánta súighte seang-chliabhacha dona
dearóile buidhe briste cruadha lúinn-leacha gacha críon-
chaillighe agus gacha críon-sgolóige, agus go bhfanfadh mion-
ubhall nó mór-áirne ar gach ruibe dá malaidhibh mothallacha
glais-liatha garbha cama cruadha casaoideacha. Agus
is amhla bíd gach aon lá agus sé cailleacha agus sé sgológa
ar gach doras de dhóirsíbh tighe Ghuil, agus iad ag creimeadh
agus ag cáinseoireacht ar gach neach dá dtig don bhaile sin,


L. 104


agus go mórmhór don teaghlach úd; agus ní shlánuigheann sé
bliadhain dá shaoghal aoinneach dá n-aoirid ná dá
n-aithisighid na h-árdhachtuighthe sin."



"Dar an lic Phádraig atá i gCaiseal ní aorfaid agus ní
ghlámhfaid siad sinn-ne óir ní fhaicfid siad sinn dá súile
agus ní mó chífeam iad. Agus a inghean," ar Feidhlime,
"an bhfuil neach don mhuinntear is measa ná a ndubhraís
fós?" "Atá go deimhin," ar sí ".i. mo chómhdhalta
féin, an fear 'gár h-oileadh agus 'gár beacht-mhúineadh mé
aige." "Cá h-ainm dó?" ar Feidhlime. "Dearóile
mac Beag-mheanman," ar sí, ".i. fear dúr dorcha diab-
laidhe droch-mhúinte dochraidh do-dhealbhach tuaisgeartach
d'iarmhar Thuatha Dé Danann, agus Dollrachtach mac
Diúlttha is ainm agus is sloinne don tsagart do bhaist é,
agus an tan do bhí sé dá bhaisteadh thug sé trí tonna baiste
thairis .i. tonn diúlttha tonn léire agus tonn ceasachta, agus a
uasail Fheidhlime," ar sí, "is sgítheach imshníomhach
athtuirseach atáthar ag muinntear an bhaile so .i. an
baile so 'na dtángaís anocht, óir atá teirce bhídh ar
ár n-áitibh, agus tart ar ár maithibh, agus díth riain ar ár
ndaoine agus ar ár n-áirnéis agus ar ár gconaibh, le h-easbaidh
bhídh agus le lán-ghorta, do bhrígh gur fhág an sean-bhiadh sinn
agus ní tháinig an biadh nuadh chughainn. Agus is árd ingneach
ár gcait agus ár ngadhar ar bheagán lúith le láin-easbaidh,
agus níl friothálamh aon chéireach aon ghéidh ná aon bheithe san
mbaile 'na dtángaís anocht. Agus dá mbadh í mo mháthair-
se nó mo shiúr mhíosa do thiocfadh amach do chreidfeá sgéal
uatha, óir is eól dóibh ceisneamh do dhéanamh ní h-ionann
is mise, óir ní h-eól dam a innsin duit-se mar atá an
baile úd, mar is am' thuirtín gan bruith gan fuineadh
gan fásgadh gan cainnt gan cruinneas gan eolas atáim-
se nár chleacht deagh-dhaoine d'fhaicsin ná d'agallamh


L. 105


riamh, óir is oileamhain mná idir a boin agus a buarach do
fuaras-sa ní h-ionann agus cách."



"Dar an lic Phádraig atá i gCaiseal," ar Feidhlime,
"dá mbadh í mo mháthair-se nó do shiúr mhíosa do thiocfadh
amach do leigfinn-se a bhfuil ó Luachair Dheaghaidh siar
dóibh, agus ós tusa tháinig ann is leigthe a bhfuil ó'n
Mangartain go Léim Lára dhuit." "Ní leigthe sin
domh-sa a uasail agus a árd-fhlaith," ar sí, agus adubhairt an
laoi:



"Ní bhfuil sáth dá bhfuil
Ár mbiadh ar Ghuil ghrinn,
Tighte nochta sona
Ná biadh ar Ghuil ghrinn.



"Ní ba fiaghach foill,
Ná biadh ar Ghuill ghrinn,
Tighte bochta sona
agus gorta go grinn.



"Tionólfaidhear díbh
Ceasacht as gach n-árd,
Fé lán gacha tulaigh
Cian is fada a mhairg."



A h-aithle na laoi sin do ghaibh fearg mhór an rí
agus adubhairt a each do ghabháil dó, agus do chuaidh uirthi go
deagh-thapa. Iar n-fheicsin sin don inghean do lean an
rí, agus do ghaibh an t-each ar a shrian agus adubhairt: "Cad is
fáth dhuit, a uasail agus a áirdrí," ar sí, "fearg do ghlacadh
mar sin, óir ní dual agus ní dleacht do rígh bheith feargach
amail adeir an Tighearna: Rí fostach, gan fearg


L. 106


gan leisge fá agallamh, gan diúltadh do dheagh-chómhairle,
agus fírinne d'fhriothálamh." "Ní bhfuilim-se feargach
a inghean," ar Feidhlime, "acht ní tráth cómhrádh dúinn
anois, óir is deireadh laoi atá ann, agus is mór an duartan
agus an do-shíon, an fuacht agus an fliuchán, agus is trom áidhbhéil
an sneachta atá ann agus ní fios dam cá slighe ná conair
'na rachainn." "Ní fásach an tír ad' thimcheall," ar sí,
"agus is leat féin a ceannas agus a cumas, agus ní féidir do
chómhmhaith do dhuine do chur amach ná do chongbháil amuigh,
gibé ionad a rachair; agus dá dteangmhadh go rachtá go
tigh cómharsan dúinn-ne adéarfaidís nachar shaidhbhre
iad féin ná sinn-ne; agus inneosad féin beagán dá
sgéalaibh an bhaile so dhuit ionnas go mbadh lugha-de
do bheadh amhras agat ar bhiadh ná ar dhigh do bheith ann
tar th'éis féin, óir tángadar ceathrar chughainn ar
aoidheacht agus coinmheadh san earrach so, agus ní fríth biadh ná
beatha sa mbaile seo dóibh, agus ní mór do fríth," ar sé,
"ar aon chor de, ciodh gur cuarduigheadh tuatha agus cealla
agus tighthe taoiseach, agus níor fríth ionnta sin féin é nó gur
fágbhadh géill agus braighde ó Ghuil .i. a mhic agus a bhráithre."
"Créad an biadh do fríth dó ar na braighdibh sin, a
inghean," ar Feidhlime. "Do fríth," ar sí, "an t-ochtmhadh
cuid fichead do cheathramhain lobhtha d'easnacha cléibh
gamhna goirm-chlitigh noch d'éag le truagh-ghalar san mí
Feabhra, agus do sgeithfidís coin gharga ghortacha agus gadhair
ghlana guith-bhinne d'éis a ithte, agus an oiread eile do
shein-bhléin sean-mhuice lochartha lán-truaighe láithighe noch
d'éag le h-ain-mheasardhacht nó le h-ain-teasaidheacht
látha, dhóiseacht, nó clódhaireacht, agus leath-bhairín sgreamh-
loiscighthe coirce d'fhás i n-iarmhar íochtar athghuirt
athmhóna ris nar bhain taithneamh gaoithe ná gréine ó'n
lá do treabhadh é gus an lá do baineadh é."


L. 107


"Créad an t-annlan eile fríth dóibh?" ar Feidhlime.
"Níor fríth," ar sí, "acht oiread trí sgiathán feidhleacáin
do ghlas-mhillín do bhréin-im gabhar agus caorach ar n-a
sleamhain tarraing tré chuair-bhéal chrín-bhrealláin mar
choigeann-bhaisín, agus an millín sin go cuas-ghorm cam-
ruibeach agus ar calcúghadh ar laghair mná mhóir-mhíolaighe
mhóir-cheannaighe bhige ghearra bhuidhe bhreill-mhéaraighe
mhór-sháithe dho-mhaisighe, agár a seacht mó a greidhm ná a
h-uiriseacht, nach cíoradh í féin acht gach Luan Cásga
agus nach h-ionnladh í féin acht gach Luan Bealtaine.
D'fhiafruigh na deoraidhthe .i. bacach agus geocach, cearrbhach
agus óinseach, an gcuirfíghear salann air siúd. Adúbhartas
leó ná raibh aoin-nidh ann ar a gcuirfidhe salann acht
muna gcurthaoi ar a dteangthaibh é. Agus is í deoch
do fríth dóibh leis leath-lán brealláin bhig ísil-fhocaill
do bhainne ós uachtar maide fearna, lán doirn i n-a
íochtar agus dhá lán doirn i n-a uachtar, agus ba folamh ó n-a
mheadhón suas an bréan-bhreallán sin, agus an bainne sin go
glórach bolg-shúileach, agus é tar éis a shuaidhte a laghraibh
mná míolaighe móir-cheannaighe; agus is mar sin do fuaradar
an beagán droich-bhídh agus droich-dhighe sin; agus fós ba mhór
an t-ádhbhar galair agus easláinte an biadh nó an deoch sin
do chaitheamh; agus adubhairt a thabhairt as críochaibh chughtha,
agus do chongaibh mac agus bráthair fir an tighe úd .i. Guil,
i ngeall ris an mbiadh agus ris an ndigh sin, gur díoladh
na fiacha do gealladh ar a son; agus is olc an t-am a dtan-
gaís chughainn, a thighearna," ar an inghean. "Is é sin an
t-am 'nar bleacht na sróna, agus 'nar seasg na ba, agus teirce
bhídh agus dighe orrainn, óir níl acht arán táith-fhliuch truagh-
choirce againn ar n-a losg-bhrúith, agus uisge odhar-phiastach
ar n-a leathsgagadh, agus foirgneamh foirfe fíor-chumhang, agus
botha croma caol-chúinneacha cam-dheataigh; agus do chuadar


L. 108


ár ndaoine aosda i laige agus ár n-daoine óga i gcliabh-
chaoile; agus is measa dhuit-se, a uasail Fheidhlime," ar sí,
"nach dóigh do thriath ná do thighearna ar bith triall fá
thuairim na h-áite i n-a mbí gach amhgar agus gach uireasbaidh
dá gcualaís agus mórán eile nach tualang mise ar a n-aithris
ná ar a bhfaisnéis díbh-se, óir ní dhearna-sa d'obair ná
do luadhail riamh acht sgoilb do bhaint do mhaoil-chléibh
nó sop d'uachtar builg an tighe, acht bheith banamhail
banda óg naoidheanda neamh-ársa, agus noch ní h-eól dam
na neithe adeiridís na mná críona do rádh, óir dá
mbadh í mo shiúr mhíosa nó mo máthair-se do thiocfadh
annso, do dhéanfaidís a dhá oiread is dhéinim-se do
cheisneamh agus do dhroch-thuar leat as a seachnóidís na sluaigh-
se iad." "Dá mbadh í mo mháthair-se nó do shiúr mhíosa
do thiocfadh ann," ar Feidhlime, "do leigfimís-ne a
bhfuil ó Dhruinne go Luachair Dheághaidh dóibh; agus tabhair
m'eich agus m'iorradh don inghin óir bhig seo," ar sé, "agus an
dara falaing óir atá agam." "Glacfad-sa sin,"
ar an inghean, "óir ní dlighthear tuarastal flatha d'obadh
ná do dhiúltadh." "Gabhtar ár n-eich dúinn," ar Feidhlime.
"Cá conair nó cá slighe 'narbh' áil leat dul?" ar
an inghean, "óir ní maise dhúinn-ne bhúr n-imtheacht an
tráth-sa acht mio-mhaise agus clú diúlttha." "Maiseadh,"
ar Feidhlime, "ní bhfuil againn acht fanamhain ar an
bhfaithche bhfód-ghlais bhféar-aithne bhfearann-bhláith so
anocht." "Ní bheadh maith dhúinn-ne de sin," ar an inghean,
"óir gé beag d'fhéar agus d'ingioltas atá san mbaile seo
d'íosaidís bhúr n-eachra-sa é, agus do loitfeadh leathan-lorg
bhúr laochradh é go nach éireochadh go bráth airís, agus ní
h-áiteóchar fós an baile seo d'bhúr n-éis go bráth."
"Ní fheadramar créad is indéanta dúinn leat mura
ndeachaimís síos fá'n dtalamh dtrom-fhódaigh." "Ba


L. 109


mheasa dúinn-ne sin ná an chuid eile, a Fheidhlime fhíor-
uasail," ar an inghean, "óir an t-ionad i ndéantaoí tusa
d'adhlacan do ba dearbh go dtógfaoí cealla agus eaglais
iongantach ann, do bhrígh gurab tusa ceann cléire agus
tuatha Leatha Mogha, agus do bhronnfaidhe d'á éis sin na
cealla san d'órd riaghalta éigin, agus do sgarfadh sé an
bhaile seo leam' athair-se agus re n-a sliocht go bruinne
an bhrátha." "Maiseadh," ar Feidhlime, "ní fheadar-sa
créad dhéan leat, óir níor fhágbhais slighe againn cum
fuireach ná imtheacht." "Maiseadh," ar an inghean bheag,
"dá mbeadhthaoí go maith againn-ne do bheadh fáilte
romhat, agus ní bhfuiltear acht go h-olc;" ar sí, "agus an
bhfaiceann tú an teach mór úd ós do chómhair thall?"
"Do-chím," ar sé. "Is amhla atá an teach úd," ar sí,
"agus a chliabh chumhang chos-árd agus solas i ngach leath-troigh
dá bhallaidhibh, agus is osgailte is gnáthach a phríomh-dhóirse
agus ní le féile acht le fír-easbaidh fearas-tighe, agus ba mhór
an t-éad-fhulang do thriath ná do thighearna mar thusa
dul isteach ann, óir atá muinntear tighe mhalluighthe mhí-
bhéasach eile ann i n-eaghmuis a ndubhart-sa leat roimhe seo.
Atá ann fós fáidh-inghean bheag bhíos ag fonomhaid agus ag
féachain fá gach aon dá dtig ann, agus an tan tig deoradh
nó duine anaithnid ann isteach eatortha, is suaill nach
éigean dóibh le h-imeagla roimh an líon liath-chailleacha lán-
ghránna agus leis an sgor sgurtaoí seirg-easnacha seang-
chliabhacha strac-shúileacha bhíos ann ag machtnamh agus ag min-
fhéachain air go bhfágbhann an teach uile aca féin, nó go
dtugann biadh, earradh, nó éadach dóibh, nó ór, nó airgead,
ar eagla a aortha nó a imdheargtha tar cheann a oinigh."



"Dar an lic Phádraig atá i gCaiseal, ní aorfaid agus ní
ghlámhfaid sinn-ne," ar Feidhlime, "óir ní bhfaghaid agus ní
fhaicfid siad go bráth sinn ná sinn iad, agus dá bhfeasaimís


L. 110


a mbeith ann ní thiocfaimís do bhaile 'na mbeidís go
bruinne an bhrátha, agus ní fheadar créad do dhéanamh leat,
óir ní bhfaghainn slighe chum imtheachta uait ná chum
fanamhna agat, agus a inghean," ar Feidhlime, "is mithid
damh-sa imtheacht feasda." "Ná dein," ar an inghean,
"agus tar liom-sa go tigh m'athar agus mo mháthar féin anocht."
"Créad do gheobhainn ann," ar Feidhlime, "d'éis an
cheisnimh mhóir do rinnis reomhainn gus an tráth seo?"
"Do-gheobhair," ar an inghean, "tighthe leath-nochtuighthe
agus miasa leath-lána agus coiridhe leath-fholamha agus cuirn leath-
fholamha agus súgha an tirtín talmhan agus deargadh donn-
bhratach agus fliuch caomhna go bun bhúr gcluas, agus bárr na
gcrann dá gcognamh, agus casúir do chnámha daoine dá
sgoltadh."



"Dar na mionnaibh," ar uaisle Mumhan, "acht cé
mór an ceisneamh is measa an geallamh." "Is fearr
an geallamh," ar Feidhlime, "óir na tighthe leath-nochtuighthe
adeir-se, atá díon don taobh amuigh orra agus gan díon
don taobh istigh, agus na miasa leath-lána adeir-se, a lán
bídh bhíos istigh orra agus iad folamh amuigh; agus na coiridhe
leath-lána an taobh istigh lán orra agus iad folamh amuigh;
súgha an tirtín talmhan, adeir-se, .i. súgha na gcriathar
meala, dá ndeárnaidh leasughadh leanna an earraigh
fá bhúr gcómhair-se, agus i mbliadhna caithfighear libh-se iad;
agus an deargadh donn-bhratach na brait dhearga cuirfighear
ar bhúr leapthacha; an fliuch caomhna go bun bhúr gcluas,
an fothragadh bhíos ar bhúr gcorpaibh agus an folcadh ar
bhúr gceannaibh; agus bárr na gcrann le cognamh, adubhairt
sí, agus na casúir do chnámhaibh daoine dá sgoltadh, .i. cnó
agus ubhla agus bhúr bhfiacla féin dá sgoltadh; agus dá bhrígh sin
rachaimíd leat, a inghean bheag," ar sé. Éirgheas an
inghean ar sin agus gabhas léi chum an dúna é, agus is amhla


L. 111


fuaradar an teaghlach taithneamhach taobh-leabhair agus
na cuilte caomhna, cúdaighthe, agus seomraidhe fairseanga,
fíneálta ar n-a gcórughadh agus ar n-a úrluachra, agus do
cuireadh céad fear fíor-uasal i ngach halla de theach
Ghuil an oidhche sin, go n-a bhfuireann d'aois ceóil,
agus oirfididh, agus ealadhan, agus tugadh coinmheadh dá n-eachaibh,
agus dá ngiollaíbh, agus dá ndaosgar-shluagh.



Do suigheadh na sár-shluaigh sin do réir a n-uaisle,
agus a n-athardha, agus a ndúthchais, agus a n-anmana; agus níor
cuireadh íseal i n-ionad an uasail, ná uasal i n-ionad
an ísil, ná tréan i n-ionad an anbhfainn, ná daoi i
n-ionad na flatha; acht gach n-aon i n-a ionad cuibhe
cómh-fhoguis féin. Agus do dáileadh biadha saora, so-
chaithmhe, séimhidhe agus deocha míne, meisgeamhla, garga,
gabhálta, agus leannta réidhe, ró-mhilse, agus fíonta falcmhara,
fíor-uaisle. Agus do bhádar ceathrar ar fhichid ann, agus ba
díobh sin Maoluinn Maoltuille, agus Maolruain Molaga
Muluaidh, agus mórán eile maille riú ná h-áirmhíghthear annso.
Agus do bhádar mar sin feadh coicthighis ar mhí ag lán-
chaitheamh na fleidhe sin, agus níor bhfearr an chéad oidhche í
ná'n oidhche dhéidheanach. Gurab annsin táinig Glomar,
giolla carpaid Feidhlime isteach, agus is é adubhairt:- "Is
mairg rí do thréig dhá chúige Mumhan ar thighearnas aon
tighe amháin, agus an tráth nach ann is dleacht do Rígh Leatha
Mogha síor-chómhnuidhe do dhéanamh is leor dúinn a
fhaid atáimid annso." "A thruagh," ar Feidhlime, "cá
fearr domh-sa ríoghacht Múmhan agam ná ríoghacht an
tighe-se. Agus ó ghabhais do láimh orrainn déanfam
imtheacht." "Mallacht ar do bhéal, a ghiolla," ar Goil,
"óir d'éirigh sonas agus saidhbhreas dúinn le linn an ríogh,
óir na dabhacha donna, dath-áille, mar do ibhthear iad do
gheibhthear lán an ath-uair iad, agus an feadh do bheadh


L. 112


Feidhlime i n-ár bhfochair, ní bhéadh easbaidh bídh na dighe
orrainn." "Innis dam anois," ar Feidhlime, "a Ghuil,
créad fár chuiris an inghean bheag so do cheisneamh, agus do
thabhairt diúlttha dhúinn agus iomad maoine agus mór-mhaitheasa
an bhaile-se?" "Ní do cheisneamh ná do dhiúltadh chuireas
í," ar Guil, "acht dá fhéachain arbh' iomchuibhe chum
labhartha le cléir í." "Is iomchuibhe," ar Feidhlime,
"agus ní h-iomchuibhe cléir chum labhartha léi-se ar a líomhthacht,
agus ar a léireacht," agus adubhairt Feidhlime an laoi: -



"Marthain duit a Ghuil, is marthain dot' inghin,
B'fearrde go mór do mhaith, feabhas ár soghainne agat.
Gidh tearc biadh do thighe, do réir briathra th-inghine,
Is amhlaidh do biadhadh sinn, mar ba bhiadh cnoc Bréanainn,
Mar ba shean-bheóir Loch Léin, mar ba mhil an Leamhain
go léir;
Ár sluagha is ár muinntear uile, is amhlaidh do riaradh
sinn-ne.
Is mise Feidhlime fial mac Criomhthainn sámh na saor-
chliar,
Fágaim ag Guil is ag á thig gach maith is gach mór-
thuinn."



A h-aithle na laoi sin éirgheas Feidhlime agus tiomnas
ceileabhradh do Ghuil agus dá theaghlach agus tug céad do gach
cró dóibh agus gabhas an inghean bheag ag síor-athchuinge
eallach agus éadáil ar an rígh. "Ní thárla aon ní im' láimh
anois," do ráidh an rí, "agus an céad uair theangmhas tú
dam arís do gheabhair ní uaim." "Naisg sin ort,"
ar an inghean. "Naisgim," ar Feidhlime. Is annsin téid
Feidhlime don doras osgailte amach agus téid an inghean
don doras iadhta agus tárla sí ar Feidhlime agus is é adubhairt:


L. 113


"A bhriathar ar gach fíréan," ar sí, "do gheallais ní
dom san céad áit a theangmhadh dá chéile sinn." Gona
de sin atá an sean-fhocal:- 'Is suairce breagh briathar
ríogh, agus is fiacha ó ghealltar do neach." Gona í sin cáirde
inghíne Ghuil um an dúthracht do ghealladh di, agus atá sin
'na shean-fhocal ó shoin i leith. Agus tug an rí a chulaith
agus a each do'n inghin agus do ghluais féin roimhe i n-ath-ghiorra
gacha slíghe agus i réim-dhíreach gacha conaire caomh-eólais trí
Luachair Dhéaghaidh soir, agus do chríoch Chonaill Ghabhra,
agus tárla i gConalladh air mac leighínn ag teacht san
gconair i n-a chómhdháil go tearc teann-asnach troigh-
éasgaidh. Agus is é do bhí annsin .i. mealltóir agus
malartóir ar mhná agus ar bhaoth-ingheanaibh Mumhan, agus is é
dob ainm dó .i. Donnúir mac Míodhbhuilge.



"Gabhaidh an cléireach," ar Feidhlime," agus ceangaltar
agus cruadh-chuibhreathar libh é." Agus do rinnsead cách mar
adubhairt an rí leó. "A uasail Fheidhlime," ar Donnúir,
"créad an fáth n-órduigheann tú mo cheangal, agus nách
feasach mé ar shárúghadh an reachta ná'n dlíghe dá ngéillid
maithe Mumhan. "Ag seo an t-adhbhar," do ráidh Feidhlime,
".i. tusa ag mealladh ban Mumhan agus aon bhean ag
mealladh bhfear n-Éireann, agus ná meallann tú í mar
chách." "Cia h-í sin?" ar Donnúir. "Sadhbh
inghean Ghuil, Átha Lóich, for Leamhain," ar Feidhlime.
"Créad do gheabhad uait-se má mheallaim í," ar
Donnúir. "Breith do bhéil féin," ar Feidhlime.



Gluaiseas Donnúir ar sin, agus ní h-aithristear a
imtheachta go Dún Lóich, agus do mheall inghean Ghuil amhail
do gheall don righ.



Dála Dhonnúir ar sin ní h-aithristear a bheag dá
sgéaltaibh go rochtain dó go Caiseal na Ríogh; agus ní
dhearna sosadh ná cómhnuidhe go rochtain na puible


L. 114


i n-a raibh Feidhlime mac Criomhthainn. Agus d'aithin
Feidhlime é agus fearas fíor-chaoin fáilte roimhe agus ro
fhiafruigh de: "Ar mheallais an fháidh-inghean bheag sin
ag Guil?" ar an rí. "Do rinneas, go deimhin," ar
Donnúir, "agus a bhriathar le gach fíoraon, agus is airighthe
briathar ríogh, agus féach an ní do gheallais." "Do bhéar
do bhreith féin duit," ar sé, agus tug saidhbhreas iomdha dó
agus cuibhreann ar gach lios dá bhfuil i n-Éirinn. Adubhairt
Donnúir ná glacfadh gan a fhearann féin Cill
Osgladh. "Bídis sin agat," ar Feidhlime, "agus beannacht
le n-a gcois."



Is annsin do freasdaladh biadh ar bórd an righe, agus
idir gach biadh dar cuireadh ar bord do cuireadh gé rósta
ann, agus adubhairt an rí le Donnúir an gé do roinnt.
"Do-bheirim an ceann duit-se, a rí onóraigh," ar sé,
"óir is teann agus is ceann ar Éirinn tú. Do-bheirim
sgiathán an ghé do na h-amhsaibh do bhrígh gurab iad do
lucht cosnaimh na críche iad. Do-bheirim sliasta an
ghé don bhantracht agus do na mnáibh uaisle. Do-bheirim
cosa an ghé do na giollaíbh turais do bhrígh gurab iad
lucht siúbhail agus taisdil na críche iad. Leis an gcill an
corp, agus mise fein Cléireach na Cille," ar Donnúir,
"agus biadh an corp agam féin." "Beir buadh agus
beannacht," ar Feidhlime, "a Dhonnúir, is maith do
roinnis an gé." Téid Donnúir go Cill Osgladh agus fanas
Feidhlime i gCaiseal go bhfuair bás so-mholta ann.



(Foircheann)


L. 115


Eachtra Léithín


L. 117


7. Eachtra Léithín



Naomh éarlamh oireadha do bhí i gcríoch n-Éireann feacht
n-aill darbh' chómhainm Ciarán Cluana. Do bhí creideamh
maith aige don Choimhdhe chómhachtach. Aon do ló d'fhógair
Ciarán dá chléircibh dul d'iarraidh tuighe chum na h-eag-
laise Dia Sathairn go sonnradh. Agus is riu adúbhradh
sin .i. fria Sailmín mac Beógain agus fris Maolán mac
Naoi; óir ba lucht úmhluigheachta do Dhia an dís sin go
nuige a ndícheall, agus rinneadh fearta iomdha do Mhaolán
amhail adubhairt Ciarán an rann: -



"Maolán mac Naoi, an cléireach,
A lámh dheas dár séanadh,
Da mbadh áil le Mac Naoi
Fearta gach naoimh do dhéanamh."



Agus fós Sailmín binn mac Beógain, fé h-é an fear
chéadna ar chéill agus ar chrábhadh agus ar chreideamh é féin fós,
agus ro-s-bheart Ciarán an rann: -



"Sailmín binn mac Beógain,
Creideamh diadha daingean,
Ní h-ain-chion a cholann,
A anam is aingeal."



Gurab é sin an seachtmhadh mac do mhacaibh Beógain
Boirne; agus ro ba iad sin seacht sailmchiallaigh Ciaráin,
gurab uatha atá Cros na Macaomh ar an Sionainn agus Cros
na Macaomh ar Shlighe Chluana. Ciodh trácht ro ghluaiseadar
na cléirigh ar fuid na Sionann siar, go rángadar go
Cluain Dóimh gur bhaineadar lán a gcuracháin do luachair
bhuinnghil, bhárr-ghlais ann. Iar sin do chualadar guith


L. 118


chluig an chléirigh i n-am easbairte Dia Domhnaigh, go
ndubhradar nach fágfaidís an t-ionad sin go n-éirgheadh
an lá Dia Luain ortha, agus adubhradar an laoi mar atá
'nár ndiaigh: -



"Guith chluig ad-chluinim i gCluain,
Oidhche Dómhnaigh, gan díombuaidh.
Ní imeóchad ó chuala siúd,
Go Luan i n-diaigh an Domhnaigh.



"Dia Domhnaigh, do dhealbhuigh Dia neamh.
Is ann do rugadh rí na n-apstal;
Do láimh Dé san tsruith shoir,
Do baisteadh é Dia Domhnaigh.



"Dia Domhnaigh, do rugadh Muire,
Máthair Ríogh na Trócaire.
Dia Domhnaigh, adeirim dhe,
Rugadh Eóin buadha Baiste.



"Dia Domhnaigh, fós, is dáil dearbh,
Tug Mac Dé an bhruid a h-ifreann.
Dia Domhnaigh, d'éis an ágha,
Bhéaras Dia breith an bhrátha.



"Oidhche Domhnaigh, is binn binn,
Guith an chléirigh ad-chluinim,
Guith an chluig ad-chluinim-se,
I nDruim Diobraid ós an linn.



"Guith an chluig do-chluinim-se,
Dom bhreith-se go Cluain;
Guith an chluig ad-chluinim-se,
Dom rad-sa go h-uain.


L. 119


"Dar do láimh-se, a mhacaoimh-se,
Is dar an Rígh ro-d-chruith,
Is ionmhain lem' chroidhe-se
An clog is an guith."



Acht ro fhanfad na cléirigh an oidhche sin ar ghrádh Ríogh
an Domhnaigh, gur ro fearadh sioc agus sír-shneachta agus reodh;
agus d'éirigh doineann agus mór-fhearthainn dóibh, agus ro éirigh
gaoth agus gairbh-shíon na fiormaimeinte re a ndíth agus re
a ndochar, gur mhairg dóibh dá raibh i ndán a gcur i
gcolann riamh, agus a mbeith an oidhche sin gan áirighthe botha
ná béal sgátha leapthan ná lán-teine leó ann. Dóigh,
ámh, muna mbeith trócaire Dé dá n-imdhíon, nach raibh i
n-aigne dhuine acu bheith beó ar na mháireach d'éis na
h-oidhche sin, le n-a bhfuaradar d'éigean agus d'uathbhás
ó mhór-anfadh na gairbh-shíne sin, go nár chuimhnigheadar
crábhadh na caoin-léaghadh do rádh ná do chantain, ná
codladh ná cómhshuan do dhéanamh, gur ro saobhadh a
gcéadfadh go ná facadar samhla ná baramhail do
dhoimhne ná do dhoininn na h-oidhche sin riamh, ar nimhnighe a
fuachta agus fós ar fhuaire na maidne, agus do bhádar ann
tráth na maidne ar na mháireach, go gcualadar an brón-
chómhrádh ciuin, uir-íseal, éagcaointeach, láin-imshníomhach,
ós a gcionn i n-áirde ar aill ur-áird phríomh-fhairsing,
gur foillsigheadh dóibh é tré fheartaibh a naomhthachta.
Gidheadh mór d'olc agus d'anró agus d'imshníomh fuaradar,
tugadar an cómhrádh dá n-uige agus dá n-aire. Agus is iad
do rinne an cómhrádh .i. fiolar darbh' ainm Léithín agus
éan dá éanaibh ag agallamh fria aroile go ciúnlánach
gearánach, ag éagcaoine a bhfuachta go truagh, tuirseach,
imshníomhach, go ndubhairt an t-éan ris an bhfiolar:
"A Léithín," ar sé, "an cuimhneach leat leithéid na


L. 120


maidne aniugh ná na h-oidhche aréir, do theacht ar t'eólas
roimhe so riamh?" "Ní cuimhin," ar Léithín, "go gcuala
ná go bhfaca a samhail ná baramhail di ó cruithnigheadh an
domhan."



"Agus an cuimhin leat féin nó an gcuala tú a leithéid?"
ar an fiolar ris an éan. "Atáid daoine le n-a cuimhin,"
ar an t-éan. "Cia h-iad féin?" ar an fiolar,
"Dubhchosach Binne Gulbain," ar an t-éan .i. "damh dío-
mhór dílionn atá ag Binn Gulbain agus is é óglaoch is sine
cuimhne dá cóimh-sine féin i n-Éirinn é." "Ort do chol
agus do dhuais! Dar ndóigh, níl a fhios sin agat-sa.
Gidheadh, ciodh fada sin uaim-se rachad dá fhéachain an
bhfaghainn sgéala uaidh." Annsin gluaiseas Léithín
roimhe go h-iméadtrom, agus nochar bhféidir leis éirghe go
h-árd le neart na gairbh-shíne, agus ní mó fhéad go h-íseal
le fuacht na fíodhbhaidhe agus le h-iliomad an uisge. Agus
gér dheacair dhó é, do ghluais go h-iméadtrom iníseal, agus
nochar bhféidir le neach ar bith a fhaisnéis ná a innsin a
bhfuair sé d'olc agus d'anró ag dul go Binn Gulbain ag
iarraidh Dhubhchosaigh. Agus ro fuair an damh ceann-bheag
cos-luath dá thochas féin le fiodh-lomán daraighe, gur
thúirlig Léithín ar bhinn don lomán maille ris, agus
beannuigheas don damh tré n-a úrlabhra féin, agus fiaf-
ruigheas de arbh' é Dubhchosach é. Adubhairt an damh
gurbh' é, agus adubhairt Léithín an laoi: -



L.
"Aoibhinn duit, a dhubhchosaigh,
Ar Bhinn Ghulbain ghéir;
Mó sreath agus anach
Tar ar lingeas léim.


L. 121


"Ní h-eagal duit cuanartach
Tar éis Fhéine Fhinn,
Acht sibh saoghlach seasgair,
Ó gach glinn go glinn.



"Abair liom, a Dhubhchosaigh,
A dhaimh, chinn ar chaoimh,
Macasamhla na maidne-se
Cuin do rála dhíbh?"



D.
"An cheist do chuiri-se,
A Léithín ghlinn ghaoith,
Mac-samhla na maidne-se
Cuin rála dhíobh."



"Innis dom, a Dhubhchosaigh," ar Léithín, "créad is
aois duit." "Inneosad," ar Dubhchosach, ".i. is cuimhin
liom an darach so shíos do bheith na darachán, agus aon
bhliadhain do rugadh mise i mbun na daraighe do bhí ann,
agus ro h-oileadh mise ar an leaba so nó gur dhamh dío-mhór
mé, gur charas an adhbhaidh so trém' oileamhain uirre, gur
fhás an dair iar sin go raibh 'na h-ógdharaigh mhóir, agus do
thiginn-se dam' ghnáth-thochas féin ria gach nóna d'éis
m'aistir agus m'imtheachta, go bhfanainn aige fan n-ionbhaidh
sin go maidin ar na mháireach, agus nocha gcuireadh taisdeal
ná trom-fhiadhach orm go soichinn an crann céadna, gur
fhásamar ria aroile, go ndeárnadh díom-sa damh dío-
mhór díomsach agus lomán lom lán-chríon don chrann so
ad-chídh-se, go bhfuil na mhaosgán mhór mhadhmtha gan bláith
gan toradh ná duilleabhar aniugh iar gcaitheamh a sheadh agus a
shaoghail. Cidh trácht chuireas lucht chúig céad bliadhan do


L. 122


leath dhíom, gidheadh ní fheaca agus ní chuala ris an ré sin
ionsamhail ná tuairim na h-oidhche aréir."



Gluaiseas Léithín roimhe d'ionnsuidhe a éan agus ar
rochtain chum baile dhó adubhairt an dara h-éan ris:
"An bhfuairis fios ná fuasgladh an sgéil um a
ndeachais?" "Ní fhuaras," ar Léithín, agus ro ghaibh
ag iomchasaoid ar an éan tré n-a bhfuair d'fhuacht
agus d'anró, go ndubhairt: "Cia aige a saoilfeá
a fhios d'fhághail dam anois" ar Léithín. "Atá a fhios sin
agam," ar an t-éan, ".i. Dubhghoire .i. lon Chluana Feasda
Bhearacháin." "Maiseadh," ar Léithín, "rachad dá ionn-
suidhe." Agus gér bhfada sin uaidh do ghluais roimhe nó
go ráinig Cluain Feasta Bhearacháin, agus ro bhí ag feitheamh
na h-éanlaithe nó go ráinig leó sgur dá n-innilt, go
bhfaca Léithín aon éan bardha baramhail bárr-áluinn
bioth-bhuadhach dá ionnsuidhe go méid loin agus go ngile eala,
agus iar dteacht chum láithrighe dhó ro fiafruigheas Léithín
de arbh' é Dubhghoire é. Adubhairt sin gurbh' é. Ro ba
iongnadh iar na n-innsin gurbh' é .i. an lon do bheith
gléigeal, go ndubhairt Léithín an laoi: -



L.
"Cionnas sin a Dhubhghoire,
Binn ar do lon-ghoire?
Minic ro chuiris cuardaighthe
Ar feadh feadha gorm-dhuille.



"A gCluain Feasda na sreabh mbán,
Sire Mágh Life lomlán,
a Mhágh Life ag teacht anoir
Go Cill Dara na dheaghoidh.


L. 123


"As sin duit-se, léim tar gach fál,
Gus an mbaile i mbí mBearachán
As sin duit-se, chuim do neid,
I gcill do bheannaigh Brighid.



"A Dhubhghoire, innis dom,
Do shaoghal iomáireamh,
Macasamhla na maidne andé
An dtárthaidh tú, a Dhubhghoire?"



D.
"Dómh-sa sin ba saoghal slán,
Trí chéad bliadhan roimh mBearachán,
Saoghal Bhearacháin do chaitheas,
Do bhíos buan a bhiothmhaitheas.



"I n-aon aimsir do bhí Lughaidh na Lann,
Seal na rígh ar Éirinn.
Ní bhfuaras ar muir ná ar tír,
Aithin na laoi sin, a Léithín."



"Maiseadh, is í mo thoisg féin chughat-sa," ar Léithín,
"dá fhiafruighe dhíot an dtárthaidh tú, nó an cuimhin leat
leithéid na maidne andé do theacht ná d'fhaicsin riamh
ar a h-olcas." "Ní cuimhin liom go bhfeaca," ar Dubh-
ghoire, "ná fós baramhail di."



Dála Léithín, bhí doilig dobrónach óir níor budh lia-de
a sgéala sin, agus gluaiseas roimhe go ráinig a nead agus
na h-éin. "Sgéala agat aniugh?" ar an t-éan. "Nárbh
soirb ná sona duit-se choidhche," ar Léithín; "ní bhfuilid
sin agam, acht mar do bhadhas ag imtheacht dam, acht
amháin méid mo thuirse ó gach siubhal agus aistear dá dtig
díot-sa dhéanamh dam, gan a bheag ná a mhór dod' thairbhe


L. 124


ná dod' thoice d'fhághail dam," go dtug sidhe sanntach
sáir-nímhneach dá ghulbain chum an éin gur fhóbair aghaidh-
foghla agus feol-sgaoilte do dhéanamh de le h-aingidheacht,
ó n-a bhfuair d'olc agus d'anró ag dul go Cill Dara, gur
sgréach an t-éan ós árd go trom-tuirseach éagcaointeach,
go ndubhairt Léithin: "Air sin is truagh agus is doilghe
liom má atá fhios i n-Éirinn ag aon duine gan a fhios
agam féin." "Maiseadh, go deimhin atá," ar an t-éan
".i. ag Goll Easa Ruadh, agus ainm eile dhó .i. Éigne Átha
Seanaigh, agus is dearbh go bhfuil a fhios siúd aige má tá
san domhan fhios." "Deacair liom imtheacht ar t'eolas,"
ar Leithín, "agus ro ba mhaith a fhios súd d'fhágail." Gidheadh
ro ghluais roimhe agus níor thúrna go ráinig Eas Ruaidh mhic
Mhoghairne, gur ghaibh ag breithniughadh agus ag mór-fhéachaint
na h-easa uadha, go bhfaca an éigne bhreac-bhallach ag
innilt for san áth, gur bheannuigh dó go ndubhairt:
"Sadhail sin, a Ghoill. Ní h-ionann sibh agus sinn-ne,
óir ní h-ionann galar dúinn," agus adubhairt an laoi: -



L.
"Sadhail sin, a Ghoill go ngrinn,
Mó sruith i n-deachais na dháil,
Ní h-ionann sibh agus sinn-ne,
Siubhlach orm dá innsin.



"Is chughat thánag ó m'thigh,
A Ghoill Easa Ruaidh ró-mhoigh;
Caidhe do chuimhne go gcionn,
Nó caidhe th'aois re a h-áireamh?"



G.
"Mo chuimhne is fada soin,
Nocha h-urasa a h-áireamh.
Ní bhfuil ar talamh na dtor,
Neach amhlaidh acht mé am aonar.


L. 125


"Is cuimhne liom, ní cuimhne géar,
Ceatha díothchuir na díleann,
Ceathrar ban is ceathrar fear,
Do bhí na ndiaigh san domhan.



"Cuimhne liom Pádraig na bpeann,
Do theacht i dtír n-Éireann,
Is Fir Bolg, feardha an dáil,
Do theacht ó'n nGréig dá gabháil.



"Fionntainn is fíor-chuímhne liom
Do theacht sa tír-se láimh riom;
Ceathrar fear lucht a loinge,
'Sa gcóimhlíon do bhanchoire.



"Cuimhin liom Párthalán cáin
Do gabháil righe ar Ultaibh,
Cuimhin liom seal roimhe sin
Glas mac Aimbite i n-Eamhain.



"Tárla mé maidean nár mhín,
Ar an abhainn-se, a Léithín;
Ní bhfuaras maidean mar sin
Riamh roimpi ná na diaigh.



"Do rugas léim i n-áirde
Fá cheannaibh mo chruadh-charraige;
Sul do thúrnas dam thigh
Do bhí an linn na lic oidhre.



"Rug orm an fiolar ós tír,
Sidhe anfadhach ain-mhín,
Do rug leis mo rosg ghorm ghlan;
Damh-sa níor shoirbh an saoghal."


L. 126


"Maiseadh is í mo thoisg féin chughat," ar Léithín,
"dá fhiafruighe díot an dtártha tú nó an cuimhin leat
leithéid na maidne andé." "Do thárthas go dearbh,"
ar Goll, "óir is cuimhin liom teacht na dilinne, agus is
cuimhin liom teacht Phártaláin agus Fionntainn agus Clanna
Neimhidh agus Fir Bolg agus Tuatha Dé Danann agus Foghmharaigh
maca Mileadh agus Pádraig mac Alphrainn; agus is cuimhin
liom gur chuir Éire an diorma sin di. Tárthaigh agus is
cuimhin liom maidin ba mheasa ná'n mhaidin sin, agus
maidean eile i n-éaghmuis an mhóir-cheatha d'ár thuit an
díleann, agus níor fhág an díle acht aon ceathrar amháin
fear agus ceathrar ban .i. Noe mac Láimhfhiadhaigh agus a bhean,
agus Sem Cam agus Iaphet agus a dtriúr ban, gurb iad sin lucht na
h-airce go deimhin, agus ní áirmheann duine ná Canóin gur
fhág Dia duine ar domhan gan díothughadh acht an t-ochtmhar
sin; gidheadh áirmhid eólaigh agus ughdair go fírinneach gur fhág
Dia ceathrar eile ag coimeád eoil agus cineóil, agus ag gabháil
geinealach go comhchoitchean, óir níorbh' áil le Dia sgéala
na ndaoine do dhíchealt, agus d'fhág Fionntainn mac Láimh-
fhiadhaigh re fuineadh na gréine theas ag coimeád feasa
iarthair an domhain, agus fós friom-sa furdhachta ag coimeád
tighearnais an tuaiscirt, agus an fáidh agus an t-easbog
ag deagh-órdughadh an deiscirt, agus is iad sin ceithre
do bhí beó i n-éaghmuis na h-airce, gur chuimhin liom-sa
an lucht sin uile a Léithín," ar Goll, "agus ní fhaca samhail
na maidne sin ar a h-olcas, acht aon mhaidin amháin
ba mheasa ná an mhaidin sin adeire-se, agus ná gach maidin
dá dtáinigh riamh roimpi .i. lá n-aon dá rabhas-sa ar
an linn-se go bhfaca eitealán niamhdhathach, ballchorcra,
ós mo chionn i n-áirde, gur lingeas dá shidhe, agus sul
thúirlig mé do rinneadh aoin-leac oidhre don linn uile tar
mh'éis, gur chongaibh mé for san oidhre sin, go dtáinig


L. 127


an fiolar dam ionnsuidhe ar nam fhaicsin dó, go dtug
sidhe sanntach sáir-nímhneach orm, gur bhain súil as mo
cheann, agus ro ba dam thruime nár fhéad mé thógbháil, gur
theilg an tsúil fá'n linn, agus ro chuireamar ar aon spar-
rainn re chéile gur bhriseamar an t-oidhre le spreoingiocht
na spairrainne sin, agus le h-iliomad na fola flannruaidhe
ag teibearsan ó m' shúil-se, gur briseadh an t-oidhre
de sin go ndeachas-sa fá'n linn ar éigean gur chailleas
mar sin mo shúil; agus is dearbh a Léithín," ar Goll, "gurbh'
í sin aon mhaidin is measa go mór dá bhfaca-sa riamh,
agus is measa ná an mhaidin sin adeire-se."



Dála na gcléireach, do chómhairligheadar re chéile
an bhfanfaidís re sgéala do bhreith ortha. Gidheadh fuaradar
an oiread san d'olc agus d'anró, d'fhuacht agus
d'imshníomh, nár fhéadadar fulang ná fuireach, agus
adubhairt Maollán an cléireach: "Guidhim féin an
Coimhdhe cómhachtach agus an Tríonoid toghuidhe go dtig
an fiolar .i. Léithín leis an sgéal do gheabhadh go Cluain
dá innsin do Chiarán."



Dála Ghoill, ar sin ro fhiafruigh do Léithín cia ro-s-chuir
d'iarraidh sgéala é. "An dara h-éan dom éanaibh féin."
"Is truagh san," ar Goll, "is mór gur sine é sin ná
tusa agus mise leis, agus ag sin an tí bhain mo shúil asam-sa,
agus dá mbadh áil leis na sgéala sin d'innsin duitse is
dó ba usa é; agus is é sin an sean-phréachán eachlach, agus
ro mhaoluigheadar a ingne le h-ársaidheacht, gurab é
is beatha dhó, ó chuaidh a lúth agus a lámhach agus a shaláthar
féin as, .i. bheith ó gach neid go chéile ag múchadh agus ag
marbhughadh ealta gacha h-éin agus ag á dtumailt, agus
dá bhrígh sin ní bhéara tusa beó ar th'éanaibh féin, agus a
chara ghrádhaigh is fearr do chonarc riamh, dá mbeire
tusa beó ar dhul tar ais fair cuimhnigh ar imir sé ort, agus


L. 128


díoghail na h-eóin agus t'aistear agus do thuras air, agus fós
cuímhnigh mo shúil do dhíoghal air."



Ceileabhras Léithín do Gholl agus gluaiseas roimhe i
bhfrithin na conaire céadna na réimibh ró-luatha, óir
ba dhóigh leis ná béaradh beó air a éanaibh ná ar a adhbha;
agus do bhí ádhbhar na h-eagla sin aige óir ní bhfuair acht áit
a neide ar dith a éan ar n-a n-itheadh don phréachán eachlach;
go nach fuair Léithín do thairbhe a thosga acht easba a
éan, agus ro imthigh an sean-phréachán eachlach d'éis na foghla
sin do dhéanamh go nár rug Léithín air, agus ní mó ro fheidir
cá conair 'na ndeachaidh. Ní eile fós, dob éigean dó
dul gach Luan tré ghuidhe an chléirigh go Cluain, mar
chuaidh an fiolar ar bhinn mhór-chluigthighe Chluana, gur
fhoillsigh é féin don naomh éarlamh .i. Ciarán, go raibh ag
fiafruighe sgéala dhe, agus adubhairt Léithín gur doilghe
leis ná sin a imtheacht agus a dheacair féin. Annsin
adubhairt Ciarán go dtiubhradh logha agus sochar a sgéaluigh-
eachta dhó .i. gach uair do h-inneosdaí a eachtra dá mbadh
doineann nó fearthainn dío-mhór do bheadh an tan sin
ann a thúrnamh i soininn agus i so-aimsir, agus adubhairt
Léithín gur tuigeadh dó nach iad na h-eóin ná an adhbha do
gheabhadh uaidh, agus ó nach iad gur mhaith leis gan a thuras
ná a aisdear do dhul i n-aisge. Agus innseas Léithín a
imtheachta ó thúis go deireadh amhail adubhramar reomhainn,
gur sgriobhamar mar a fuaramar reomhainn iad, acht
muna ndeárnamar focal dearmaid. Gonadh í sin
Eachtra Léithín go nuige sin.



(Foircheann)

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services