Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Caitheamh Aimsire
Title
Caitheamh Aimsire
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Micil Mac Róba / Mike Robe / Roth, An /
Composition Date
1918
Publisher
Mac Goill
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Remhrádh. Mar chaitheamh aimsire iseadh do ceapadh is do cuireadh i bpratuing na hiarrachtaí atá bailighthe i dteannta a chéile sa leabhrán so. Déarfar, bfhéidir gur greannmhair an caitheamh aimisre é; acht máiseadh is fada mise gá thaithighe. Níor mhaith liom a innsint cadé an t-aos atá ar chuid dena giotaí beaga annso! Má thugann léigheamh mo leabhair bhig caitheamh aimsire le pléisiúr do dhaoine eile anois níl éinne is mó na mbeidh áthas air 'ná mé féin. Deirthar gur a gnáthshaoghal cine a fhásann leitridheacht chúcha. Ní féidir a shéanadh ná go bhfuil baint ag leitridheacht gach teangan le saoghal na ndaoine a chleachtann an teanga san. Agus i dtaobh na n-earraidhe atá fé iadh an leabhair seo, bíodh is ná leómhthainnse leitridheacht a thabhairt ortha, déarfad go bhfuil dlúthbhaint aca le saoghal duine amháin ar a laighead de mhuinntir na hÉireann. D'airighinn ósna seandaoine gur cheart an t'áth a mholadh mar do geobhthaidhe é. Ní dheárna féin acht san. TORNA. Samhain, 1917.
Caitheamh aimsire. CEIST. Ceist agamsa ar phobul Éireann, Ceist a théigheann le brígh; Is dóibh nach fuláir gan moill a fhreagairt, Nó ciúin fén ama luighe. Ar thoiligh sibhse, a chlann na ndeághaithreach, Bhur dteanga is ársa céim Do shleamhnú uaibh go scartha scáinte, 'S í dhul go bráth i n-éag? Nó ar shocruigh sibh fé rún go daingean Í bheith ar marthain buan, 'S í líonadh arís tar Éirinn iathghluis, Andeas, aniar 's adtuaidh? Cad chuige só? nó cionnus eile? Nó an bhfaigheam fé dheire a maith? Feallsamhain ag troid 's an deamhan ag sáthadh An tseóid is feárr 'nbhur nglaic! Socaruighidh 'nbhur gcroidhthibh féinig Go mbeidh an Ghaedhilg beó, 'S níl cómhacht ar domhan do sciobfadh uaibhse An teanga is dual dbhur bpór.
ROSC CATHA DO GHAEDHLAIBH. Gluaisidh go huasal, a Ghaedhla, Caithidh uaibh pléidh agus clampur! Gluaisidh, is suas leis an nGaedhilg, Go dtagaidh sí saor ó amhgur! Gluaisidh ar guaillibh a chéile, Agus leagaidh na géaga galldha Gluaisidh is buadh lenbhur saothar Don teangain um fhéil na samhna. Cuardach is cnuasach is éileamh, Is glacadh le sméide ceannsa Ní muar san do chuallacht na Gaedhilge Is bheith beannachtach buidheach gan amhrus Le suairceas a ruaidhphinginn bréagaidh Ón scafaire Ghaedheal ar gannchuid, Acht puathais nach dual dó bheith déarcach, Bata ar a thaobh dó 's pleangcaidh! Gluaisidh a shluaighte na Gaedhilge, Bhur n-aigne ar strae ná mealltar; Fuasclaidh ar stuaire atá i ngéibhinn 'S ná mairfidh gan deine bhur n-annsacht Buailimís cluain ar na cléchoin Go bpreabfaid de léim le scannradh; 'S níor thruagh linn an ruaig ar an dtréad soin Tar fairrge um fhéil na samhna.
MISNEAC. Preabaidh feasta a chlanna Gaedheal, A aicme d'fhuiling peannaid géar; Fada anois go meathta an tréad Bhí aibidh cliste i gcomhlann! Glacaidh misneach daingean cléibh; Seachanaidh an gallabhéas; Dar an bpost, sin breacadh an lae I dtaisteal chughainn go módhmhar. Caithfam deocha is dramanna uainn, Taithighe tighthe leanna ar cuaird - Beart d'fhúig sinn abhfad i nguais, Treascartha gan treóir chirt. Glacaidh misneach, agus rl. Leathaimís i bhfearann Lughaidh Fearamhlacht is cleasa lúith, Measardhacht is greantacht chlú Bhanba 's a slóighte. Glacaidh misneach, agus rl. Seasaimís go neartmhar tréan; Labhraimís ár dteanga féin; Tuillimís an rath 's an séan D'fhagháil ó Rígh na glóire. Glacaidh misneach, agus rl.
Éire bun is barra an scéil; Iarrann sise searc gach n-aon; Ca bhfuil cion is meas na nGaedheal? Fairidh! Bídh go beódha! Glacaidh misneach, agus rl.
NÍ NEART GO CUR LE CHÉILE. Díoghbháil Éireann claon n-a cloinn: iad le gach intinn éadtroim; óir an t-am n-a luighid lé 's ann nach cuirid le chéile. Minic do bhí Éire ard i mbéalaibh saoirse is sochard, í gan spleadh le héinneach as is fear dréimeach ré a dóchas. Nó gur éirigh trá dá tréad a ngéarfhala 's a ngnáithéad, thug a clár fá léan go lom 's an séan ar ál na n-eachtronn. Fóir don Phápa ní dream dil; tuilleadh 's ní charaid Cailbhin; dá ngleoágh fholamh gur fhan Seoán odhar ar uachtar. Cuid aca toghaid Toraigh; tuilleadh leanaid Liobhrolaigh; 's is biodhbhaidh fá mháchail mé lem bráthair d'fhiodhbhaidh eile.
Agso béas mo shlógh shreathas, réim tar cóir ag cúigeachas; grádh carthonnach dá chéile bhus anchobhrach d'Fhinnéire. Leansa do thuairim 'sdo thoil a chaomhthaigh i gcúis chrábhoidh, acht an foghnamh as dual dí foghbhadh an cuan ar gcingi. Cogadh bréige na dtreabh thall ná cuireadh sibh ar seachmall; féachain do leas Bhanbha abháin is feas gurb amhra an fhuráil. Do chuala mar tharla thoir forbhas cogaidh um chathroigh; fóir a gillfhear, duigh dhoilbhe, luidh do chinneadh chomhoirle. Lucht ceirde a n-áireamh uile anuas go haoi an aonduine; iad badh fachnach conn tar céad dfhonn na cathrach do choimhéad. Do ráidh an saor cloiche cuir: "Cairrge as mhianach do mhúruibh." "Éist," ar an gréasuidhe glan "mar is léasaighe an leathar."
Mar sin dóibh, is diaidh ar ndiaidh, locadh cabhair ar choimhghliaidh, an námh go ráinig isteach, dá dtáinig ár na n-éigseach. An chathair sin Fodhla Fáil; forbhus uimpi ag sluagh Seaáin; na cearda a fiarthuir phobuil, um bhriathraibh nach buanchoguidh. A fhóir Éireann, aire dhúibh, scaoilidh dhíbh bhur n-éill n-iomthnúidh; drong le glór béil séanaidh sonn; mun stór réil éaraidh eachtronn. Carthar ós neoch Banbha bheannach; féachtar d'ilghné Éireannach; fulang síor le cionta gcáigh is mionca as díon ó dhíoghbháil. D.Í.O.GH.BH.Á.I.L.
DÓCHAS. Tá glaodh agus gártha ó árdaibh sléibhe Ó bhántaibh féir 's ó ghaorthaíbh ceóidh Ag clannaibh ársa láidre Gaedheal, 'S ní f'láir sa scléip sin éisteacht leó. 'Sí Éire mhánla máthair ghlé Na ndámh na naomh na laoch na n-ógh, Agus fáisceam lámha le cáirdeas cléibh Gan stánadh lae dá caomhnadh cóir. Tá gasra bhreágh sa bheárna bhaoghail Ag claoidhe go géar le hÉirinn óig, Buidhean thug grádh dá háilleacht gné, Dá teangain léighinn, dá gléireacht nós. 'Sí Éire mhánla, agus rl. Cia deir gurab ál gan tábhacht na Gaedhil? Cia deir go staonfaidh éinne i ngleó? Cia deir ná fáiscfam báire an tséin Go deire an lae ar son Éireann óighe? 'Sí Éire mhánla, agus rl. Ní gheóbham i bpáirt lucht ráig is bréag, Ná an dream do thaobhuigh craos an óil, Do shaothróghadh cáim dá Máthair féin 'S do thabhrfadh béim ar Ghaedhil go deó. 'Sí Éire mhánla, agus rl.
A Ghaedhla fáiscidh, fáiscidh tréan! Is gabham le chéile an raon so romhainn Beidh Éire oileánach slán fé shéan - I neart na ngéag linn féin tá dóth! 'Sí Éire mhánla, agus rl.
A GHASRA BHREÁGH. Fonn: vive la. A ghasra bhreágh so 'en Tálfhuil mhuair Ar scaipeadh scáinte ó Chlár gheal Thua'mhan Seadh tógaidh gártha páirte ar luas Don táin fé bhuairt i n-iathaibh Eóghain. Is fada sinne, slógh na mbuadh, Ag braith ar filleadh i gcóir 's i bhfuaim Chun galladhronga cróna an chruais Do chur a tuathaibh Bhriain go deó. Dia go deó le slógh na nGaedheal Dia go deó le comhacht a lámh Dia dhár seóladh i gcóir an lae 'Mun Bhrianach chródha ar Éirinn bháin. Is cuimhin linn tnáthadh ár ndúithche glé - A cnaoi 's a cás 's a brúghadh age béir; 'S na buidheanta b'áille i gcumhangrach géar Thar sáile i gcéin gach bliadhain fé sheól. Acht gabhaidh misneach! músclaidh féin! Is fairidh linne lonnradh an lae N-a gcasfam uile i bhfonn 's i bhfaobhar Ar chríochaibh Gaedheal fén mBrianach mór! Dia go deó, agus rl.
Sé deir an sáirfear saor gan chluain: "Beidh deireadh lá le réim na nduairc - 'S ní theipfid táinte tréana Thuamhan I mbaoghal na ruag ná i ngliadhthaibh slógh!" Tá an seanasmior san laoch ar luadhail, Don tSacsantruip ba léir a luas Is leanfaimíd go héag, dar Duach, An raon go buadhach i ndiaidh ár leóghain! Dia go deó, agus rl.
SEÓDA NA hÉIREANN. Aoibhinn rith ar bhántaibh Éireann Lá breágh gréine buidhe; Leóithne aniar ag tiaghacht go héadtrom 'S í ag bogadh géag gach croinn; Guth fuiseóige - ceól n-a thréantshruth - It chluais ón spéir go binn, 'S an dreóilín teasbaigh aibidh aerach Ag labhairt sa bhféar gan suim. Aoibhinn tigh i ngleann i nÉirinn Mar a dtagaid céadta ar cuaird; Mar a mbíonn roimh chách gealfháilte is féile, 'S do bhochtaibh Dé ghil duais; Mar a bhfaghtar géimreach bó sa ghaorthadh; Mar a gcloistear méidhleach uan; Mar a bhfeictear tighthe snuidhte saethe, Agus iothla mhéith fé chnuas. Aoibhinn bantracht mhodhmhail na hÉireann, Do rug an chraobh ó chách Ar mhaise ghnaoi 's ar chaoine tréithe, 'S ar uaisleacht mhéinn gan cháim. An t-othar luighe bhíonn cnaoidhte taomach Is geárr uaidh faesiomh d'fhagháil, Fá fhreastal fhíor ag mnaoi de Ghaedhlaibh 'S a guidhe chun Dé n-a pháirt.
Faire chughaibhse a laochra Éireann, Bhur mbuadh ná tréigidh tráth; Gabhaidh i seilbh bánta féir ghluis Bhur nInis Éilge ar áis; A tighthe caomha uaibh ná léigidh Le dream nach Gaedhlach cáil; Is déinidh cosaint ceart is caomhnadh Dbhur mbantracht féin go bhás.
CEÓL NA PÍBE. Suairc an ceól le croidhe gach éinne - Uasal óg nó íseal aosta, Suairc fé dhó le buidhean de Ghaedhlaibh Ceól is réim na píbe. Árd a glór, má's áil leat é, Sámh nó i gcóir go breágh bog réidh; Áis dá sórd is feárr chun aéir - Grádh mo chléibh an phíb seo. Chuala ar chóisir í go héascaidh 'S sluaighte óga ag ringce céimeann, Suairceas leó agus aoibhneas aerach, Spórt is scléip gan chinnteacht; D'fhan ar siubhal go breacadh an lae, 'S tuirse bonn níor theangmhaig d'aon, Tuilleadh fonn de bharra a mhéar Thabhrfadh réic na píbe. Gluaiseacht fear i láthair éirligh, Tuar chun catha ar lár an laochuis, Suan do leanbh, báidh le béith ghil, Áis chun dréacht a shíneadh, Fuadar each ar bhántaibh réidhe, Tuargain aicme iomána ar faobhar, Duanta canta bláthscor éan - Buadh agus réim na píbe.
NUAIR BHÍODAR GAEDHIL. Fonn: Máirseáil na nIománuidhthe. Nuair bhíodar Gaedhil i bhFódla bháin Go síoch fá réim i gcómhacht an stáit, Ba chruinn a spéis i gcródhacht lámh; Is gníomhartha a laoch ba mhór le rádh. Táid Gaedhil ann fós d'éis tóra is áir, Is féith na cródhacht fós ar fagháil, Táid laochra fóghanta ar fhóirnibh Fáil A dhéanfadh gleó ar son Fódla amháin. Ba mhaith an sás ag saothrughadh buadh An ghlac le tábhacht 's an léim ar luas; I gcleasaibh áille Gaedheal go buan Is fearra atáid na tréithe luadhaim. Táid Gaedhil ann fós, agus rl. Go mairimíd an glaodhach ós árd Ar fhearaibh groidhe age Éirinn bháin; Raghaidh dafhichid míle Gaedheal dá grádh Isteach sa bhruighin ag pléidhe n-a páirt. Táid Gaedhil ann fós, agus rl. Is féacham romhainn, tá an báire ar siubhal, I n-aghaidh 'n lae chun fód ár Máthar diúil; Tá an chraobh don tslógh léi is áille clú, 'S is tréine dóirne is cnámha is lúth. Táid Gaedhil ann fós, agus rl.
TURUS AR EÓCHAILL. Eóchaill baile de bhailtibh na hÉireann, A leathtaobh gallda 's a leathtaobh Gaedhlach; Acht ní fheicfar meas ná bail ná séan air Go mbeidh gach ceann de n-a phlannda ó Éirinn. Do chonnac gasra chalma i n-éide ann, Iománuidhthe soghrádhcha séimhe, Do ringcfeadh puirt go cliste ar mhéis duit, Nó a shiubhlóghadh post let chois go gléasta. A bhuinneáin an chamáin, an chraobh dhuit! Is breágh lem chroidhe ar do ghníomh do fhéachaint, Ní hionann is goithí buicín an Bhéarla, Lena dhórnán maidí 's a bhaitín bréagach. Chonnac ann saghas nár mheidhir 's nár mhéinn liom, Seicidiúirí cumhnga caola, Spící stiucaithe i gculaidhthibh éadaigh, 'S go leaghfadh anachioth fearthainne 'en tsaoghal iad.
Bhíodar san ar mire ag scréachaigh Go huallach glórach - cóip gan bhéasa; Is gnáth na haibhne doimhne maordha, Is fuaim is cliotar ag uisce lag éadtrom. Do chonnac, dar m'fhallaing, ann anachuid béithe, Feidhliocáin sceinnte lá gréine, Gan suim aca i nídh ar an saoghal so Acht gúnaí is hataí is callaí néata. Mo thruagh go bráth fear grádhach de Ghaedhlaibh I gcuing le muirinn den bhfuirinn seo léighimse; Bheadh druinn air thiar is fiaradh ar a éadan, A bhiadh gan bheirbheadh, 's a pheiliúir gan féachaint. Do chonnac ann scata de ghaithleannaibh séimhe Ba chiúin tais banamhail mallaruisc maordha, Go raibh aigne sásta is grásta Dé aca, 'S gur bh'fhonn leó dícheall críche a dhéanamh. Sin iad an dream, dar leam, nár thaobhuigh Baois ná uabhar ná uan an éithigh, Cogar na cluaine i gcluais na féile, Ná dul thar ceart i bhfaision éadaigh.
A Eóchaill na long, is iongnadh an tsaoghail liom Méid do cheana ar an Sasanach craosach; Acht geóbhaidh sa cheann ort rabhta ó Ghaedhlaibh, A bháithfidh fút thíos súd fí'n dtréanmhuir. Cloisim an coire atá ag fiuchaidh 's ag spréachaigh Leathstiar det dhrom, a phrannsach phéacach; Tiocfaidh an tuile ort gan chuireadh lá éigin; Dé n-a beatha, 's go nglanaidh go préimh thu.
AN BÁIRE. Fonn: Port máirseála Bhriain Bhóroimhe. Táid gártha go pras sa ghaorthadh so anois 'S na táinte uile fear go saothrach ag rith Féach Pádraig Ó hAirt n-a léine 's n-a chrios - Nach ábalta an sás ar chamán é sin! Tá an leathar ag sceinnt go meidhreach meanmnach Fada do raghadh dá bhfaghadh sí cead reatha Casann le feidhm - fuair leadhb ón bhfaraire Is calma lámh chum greasála aca. Buille annso, suas a ghaibh, buille maith brostuightheach, Buille annsúd, buille glic, buille do chorruigh í, Buille thall, buille abhfus, buille i ngach áit di Fuirse ar an dtalamh dhi, clipeadh agus sult. Agus taitneamh na bhfáidhe an báire cumusach - Gasra lághach ar faithche na himeartha; Cá bhfuil a bhárr le fagháil mar chluithche agaibh? Leanaidh go bráth den chamán mar sin.
A Phádraig Uí Airt, ariú féach ortha so Agus baothchuir ná beart ní dhéanfaid indiu, A chába is a bhrat bain d'éagan aca Á rádh leis bheith spás san rí-rá so linn; Brisfimíd maidhm i n-aghaidh na n-eachtrannach Cuirfimíd faghairt n-a radharc ar machaire Priocfam is leadhbfam cladhaire Sasanaigh - Fairidh an lá is bíodh camáin agaibh. Buille annso, agus rl. Beidh dásacht is cnead beidh séide agus rith Sa láthair seo seal go dtraochtar na fir; Nach breágh bheith i measc na féinne mar seo Agus báire gan tlás dá chongbháil aca Acht stadfar gan maill is raghfar tamall beag Mar a bhfuil Meadhbh is Sadhbh is scata ban, Preabfar n-a bhfeighil ag ringce gealaphuirt - Geallaim gur feárrde an t-iománuidhe san. Buille annso, agus rl.
MICHEÁL CÍOSÓG. Rosc beag caointe ar bhás Mhichíl Cíosóg, Seanfhundúir Chumann na nGaedhlchleas, do cailleadh i Mí na Nodlag, 1906. Beannacht Dé let anam, a Mhichíl Cíosóg. Is iomdhó croidhe fé chumhaidh, agus is iomdhó súil ag sileadh deór it dhiaidh ar fuid Gaedh- ltacht na hÉireann indiu. Táid tréinfhir na nGaedheal go deacrach, gan luadhail n-a ngéagaibh, gan tapa, gan acmhuing, gan bhrígh nirt. Agus táid bantracht dílis na hÉireann at chaoineadh go deargruisc, agus ag stathadh a gcod' gruaige le corp anaithe is uaignis det bhárr. Agus ní hiongnadh go mbíd siad amhlaidh; mar Gaedheal a Gaedhlaibh a b'eadh thusa. Do scagadh do chrú a caise d'fhuil Gaedheal is Gall; caise go bhfuarthas a fhuinse agus a fhíorthosach ar chliathánaibh bánchnoc Bhoirne Bhriain; caise do bhrúcht it chuislinnse mar do bhrúctfadh tuile sléibhe thar maoilinnibh agus thar gleanntaibh, go dtí go raghadh n-a rabharta trí Éirinn go léir ghá glanadh; agus caise do scuabfaidh a fearannaibh Bhriain an t-iasacht is
an ghalldacht dfhonn athnódhchant ar scéimh scotháluinn ar dtailimh bhig dhúthcais. Gaedheal na nGaedheal a b'eadh thu. Ba thu a gceann comhairle agus a bhfál i n-aghaidh lucht na feallsamhnacht bréige. Ba thu a dtaca chun seasaimh lá an ghleóidh. Ba thu a bpeann 's a lann. Ba thu a ngleann 's a raibh ann. Ba thu a gcleite ómrach is a n-adharc comhlainn. Ba thu a ngadhar luirg is a ngroidheach cogaidh; a dtarbh tána is a seabhac chun sáithte; a gCú Chulainn is a gConall Ceárnach; a nGoll mac Móirne is a nOscar árach; a Manannán mac Lir is a Lugha Lámhfhada. Togha agus rogha na nGaedheal do b'eadh thu. Ba thu ba ghaedhlaighe is ba shéimhidhe is ba thréithighe ar Ghaedhlaibh. Ba thu ba cheann- Ghaedheal agus ba cheannmhaor ar Ghaedhlaibh. Ba ghaedhlaighde na Gaedhil thu bheith ortha; agus is céim síos ar a séimhbhuidhin do chailleamhaint Ba bhreágh leat na Gaedhil. Ba bhreágh leat an Ghaedhilg. Níor chaillis riamh ar Ghaedheal. Níor fheallais riamh ar Ghaedheal. Níor chuiris cluain ar Ghaedheal, ná níor chuiris bréag ar Ghaedheal. Beannacht Dé leat go Flaithis an Éinmhic. Dia let anam, a mharcaigh na mbánglac; Dia let anam go dtagair san Árus; Dia let anam is Peadair na páirte, Colm na Cille agus Beinin is Pádraig.
Bíodh ar mh'fhallaing gur bh'fhear thu ná stánfadh Roimh phiarda dhanair i ngleacaibh an áithis; Badh bheag ort a bhladar 's a chleasa 's a gháitse, 'S a phriocaireacht chricit cois bhuicit na hádhbhachta. Tháinig chun baile dhuit acmhuing is árdneart. Téagar cuisleann is fuinneamh nár bh'fháltha, Scóp is soineantacht, siosma le fáidhibh, Is fuath is mioscais don bhfuirinn thar sáile Minic a chonnac amuigh ar an bPáirc thu, Is do ghreim go daingean i mbarra chamáin ghil, Ag brostú fuirinne i n-imirt iomána 'S ag traochadh scata fear greanta sa bháire. Acht ó chuadhais i dtaisteal ar chathair an Árdmhic, 'S gur fhágais scaithte fir Bhanba it dheáidhse, Dia na n-aingeal at ghairm n-a láthair Ó bhuartha an tailimh go Parrathas. Ámen.
BAILE AN GHIÚIRLE. Fonn: "Caiseal Mumhan." I mBaile an Ghiúirle seadh do chonnac an iongnadh, Arsa Seán Ó hAodha: An ghasra mhúinte bhí ar árdchruinniughadh ann, 'S ba dhána a gcéim; Bhí sagart súlghlas in' fhear mhaith stiúire ann, 'S ba bhreágh do ghlaéidh Ar fhearaibh Mumhan so chun teacht i gcongnamh Do Ghráinne Mhaéil. "A fheara Mumhan," arsa an sagart clúmhail sin, "Táid bláth na nGaedheal 'N-a gceathaibh dubha ag imteacht thar tonnthaibh Chun fáin i gcéin; Is cia tá cionntach sa scaipeadh chumhadh san A háitreibh Chéin? Nó cadé an úrluibh badh leigheas don phúdhair seo Ar Ghráinne Mhaéil? Cia tá cionntach? Tá mise is túsa, 'S is nár dúinn é, Ná gabhaimíd chughainne na hearraidhe dúthchais Atá n-ár ngaor,
Acht ag rith le fústar ag ceannach úirlis Den ádhbhar bhréan Nach fios dar liúmsa cad as gur thúirling Chun Gráinne Mhaol. A mhná na múirne, gabhaidh páirt go humhal liom Sa chás so an tsaoghail; Den déantús dúthchais bíodh adhbhar an ghúna, 'S an snáth dhá réir; Ná caithidh únsa dá ndeárna allmhúrach, Dá áilleacht é; Acht bíodh ár bpúntna ag sírrith cúrsa Do Ghráinne Mhaéil." An chainnt a mhúscail an sagart fiúntach, Arsa Seán Ó hAodha, Níor mhiste liúmsa fir na Mumhan so 'S a mná go léir Gá glacadh chúcha mar theagasc múinte Sa tsráid nuair théighid; 'Sé an rud is túisce do chuirfeadh gnúis suilt Ar Ghráinne Mhaéil.
SOINÉID D'ÉIREANNCHAIBH. I gcríochaibh Fódhla chóirigh Ceárd na ndúl Dhá phór, le spás nach gnáth go dlúth mar aon; De dhruim a sceóil nach eól don fháidh le rún Cá slógh aca dfhás ón láir is clúmhla céim. Deir druing go seóltar fóir an Phápa amugha; Agus fós deir táin nach áil leó liútar méith; "Ní maoir ar ghnó go mórdhaigh d'ál thar srúill!" "Ní cródhaigh áir go bláthscor d'úrfhuil Ghaedhil!" A bhuidheanaigh ó, ní gheóbhairse i bpáirt leó súd; Féach rómhat le grádh dhon chlár so is úire féar, 'S le lán do shúl a scrúdadh déin go beacht. Ní maoidheamh a "Bóinn" ná gleóis um ádhbhar chrú Ná glórtha fáin is sás ar dtúrnadh i séan, Acht bráithreas, congnamh dúla is éantoil fear.
SÉANADH AN ÓLACHÁIN. A Ghaedhla Fódla an áthais, A phréamh ba chródha i mbeárnain 'S ba naomhtha nós is crábhadh Thar slóightibh áille an domhain, Is claon a bhreódhann 's a thnáthann An phéist seo an ólacháin sibh; Ó déinidh comhairle is stánaidh, Leóinidh lámh an lobhair. Is tréan bhur nglór ag cásamh Gach léirscrios slóigh dá ndeárnaidh An béar 's an cró is an báille Fé fhódaibh ársa Mhogha, Acht féach gur mór le háireamh Na réadhbhruigh chóra d'fhágaibh An craos dubh óil gan scáth tuir Dóighte cáithte lom. Isé chuir óigfhir áille Gan réim gan sógh gan sláinte, Agus béithe mórdha mánla Go deórach tláth gan teann; Do scéidh sé feódh agus pláigh dhubh Tré ghéagaibh gleóidhte Fáil seo; An t-aos beag óg 's an mháthair Sheóil le fán go fann.
Is géire an comhartha d'fhágann An craos so an óil ar Chlár Luirc Ná a dtéigheann dá fóirne cráidhte Thar bóchna is náire ghabhann, A méinn 's a ndóchas scáinte, Maraon 's a ngnó chun fásaigh; 'S a Dhé dhil fóir ar gcásna, Deónuigh tráth ár gcabhair.
BUINNEÁN BOG. A bhuinneáin bhuig gluis bhreágh so ar dhrom chlaidhe teórann, It luibh fásta chionnáird seadh shamhluighir fós dam; Goid spás ó dheasláimh an Teannríogh chomhach- taigh Is beir lá go bhfios chách it chrann fuinnseóige. Is cianárd ar chliathán mhaith do mhaimín mhódhmhraigh Chuir Dia láidir ag fialfhás tú it chaiscín chnó bheag; Tháinig sciardán aniar 'n-áirde agus bhear- tuighis glóiseacht, Gur thug triall gnáith do sciathán tú ar teasc fí'n bhfód so. Ní tighearna tailimh ná preabaire feirmeóra Do smaoin tú cheannach ar mhaithe le cuireadói- reacht; Bíodh do bhathas gan anachuid duille flóis air Nó chífar rascail at stathadh dfhonn cleithe dóide!
Is fíor gur danaid é i bhfearannaibh críoch Fódhla Lucht fuinn do threabhadh go seachnaid fuinn- seóga, An tír n-a machaire dealbh, 's gach claidhe teórann Fé chríonlach aitinn is daracha ar díth córach. A Rí na bhflaitheas, nach d'araidshliocht Gaedheal thar cách An tír seo an cheana do cheapais go téacht don bhráth? A maoile is mairg, ó's dearbh go ngréasann táin An nídh ina dtaiscithear taitneamh a gcléibh 's a bpáirt. Ar Ghaedhlaibh na hÉireann so guidhim, screadaim, Céibhfionn na féile atá i bhfíoreasnamh Do ghléasadh go péacach i ndíonbhrataibh Ó mhéireanna a réadhchos go dtí a bathas.
FOIDHNE. A ghiolla úd thall na mbriathar mblasta Bíodh gur canta chanair dán, Fearra dhuit an fhoidhne a cheapadh - Dá fhaid oidhche tagann lá. Ráig is bruid is deabhadh geimhridh Seachain choidhche iad 's a sórd; Bónapeart dá mhéid do mhachtnaimh, Féach gur cailleadh air fé dheóidh. Fóill, ní bhfuighir na sléibhte a chrothadh; Déin do chion go socair slán; Mura dtig do dhíol de shochar Tuillfir moladh ó Rígh na nGrás. Deacair teacht ar dhuine aonair 'S a chur ag déanamh leasa Fáil; Cá bhfuighir an tréad neamhshuime chasadh? Claoidh le haon is fanadh táin. Beir ar neach gan aois is cóirigh, Mol an óige is druidfidh leat; An tslat nuair ghabhann cruas na haoise Deacair duit í shníomh n-a gad. Leór ó laoch i ndálaibh Éireann Iompódh bráthar Gaedhil amháin; Seachain feasta an iomad bruide - Leog don tsíol san ithir fás.
GUTH NA NGAEDHEAL. Éistidh liom a chlann mo chléibh, Do chuala scéal ó bhéal gan chealg, Is b'fhonn liom sibh ghá chur do mheabhair - Ní'l treibh ar domhan nár bhreágh leó a shamhail. Oidhche dá raibh Pádraig Naomh I measc a ghaolta i bhféarghort Bhreatan, Sara bhfuair sé an cuireadh ó Dhia Chun bheith i dtriall i n-iathaibh eachtrann, Chonnaic sé an duine i bpearsain ghlé Aniar ag téacht ó Éirinn mhaisigh - Bhictoraig 's a ghnúis mar ghréin - Féna dhéin, 's is séimh dó a bheannuigh. Bhí ag an aingeal beart teann árd De leitreachaibh dob áille aitheasc; Rug sé ar cheann, is shín n-a láimh Go ciúin tais lághach é chun mhic Calphruin. D'oscail Pádraig í go réidh Go bhfaigheadh sé fios gach scéil dar aithris; Do bhraith sé ar dtúis a teideal saor, 'S gur Guth na nGaedheal bhí uirthi mar ainm.
Do chrom sé annsan ar í a léigheamh, Is do chuala an glaodhach n-a ghaor ag tarraing, Glór na mílte leanbh é - 'S do chrith an spéir le déine a screada. "Tair chughainn, tair chughainn!" adeiridís, "A ógáin naoimh, ná diúltuigh taisteal; Is fada linn go dtighir ár dtreó, 'S go siubhlair fós gan ghó n-ár meascna." D'aithin Pádraig fuaim a nglóir - Is dó dob eól a nGaedhilg ghreanta; B'in guth na nGaedheal ghá ghlaodhach air tigheacht Is bréithre Chríost don bhuidhin do theagasc. De gheit do mhúscail sé as a shuan, Do phreab sé suas - cár ghaibh an t-aingeal? Annsan seadh thuig sé an cuireadh a fuair Is fuaim an ghlóir n-a chluais ag damhas. Guidhmíd ort, a Phádraig Naomh, Ar Ghuth na nGaedheal tré rún do fhreagair, Bheith fós do chlannaibh Bhanba it stiúir 'S it eadarghuidheach i gcúirt na bFlaitheas.
AN SAMHRADH SÁMH. Grádh mo chléibh an mhaidean tsamhraidh, Breacadh an laé go modhmhail ag fás, Íoghair na gréine aníos ag sleamhnú Thar an gcnoc 's í ag damhas go hárd. Bobaró ariú an mhaidean tsamhraidh, Bobaró ariú an samhradh sámh! Bobaró ariú an mhaidean tsamhraidh, Molaimís an samhradh sámh! Preab it shuidhe! Bí mear a rúin ghil! Tréig do leabaidh, siubhail ort spás; Táid na héin sa choill n-a ndúiseacht; Eirigh, féach an drúcht fén mbán! Bobaró ariú, agus rl. Cloisfam guth na cuaiche ón mbile, Cloisfam fuaim an uisce thláith, Cloisfam luin is smólaigh bhreaca, Ba sa chlós is beacha bláith. Bobaró ariú, agus rl. Féach an ghrian thar tír ag taitneamh, Féach an spéir gan scamall smáil; Preab it shuidhe! Ná fan it chodladh! Moladh tabhair do Rígh na ngrás! Bobaró ariú, agus rl.
SIUBHAL COIS SROTHA. Ní féidir gan léimreach 's a bhuige atá an fód; Ní féidir gan phléireacht 's an ghluise ar an bhfeór; Ní thréigfinnse m'aeridheacht, go minic sa ló, Ar a saothruighid de shaoghltacht lucht cruin- nighthe stóir. Táid gaethe na gréine le mire thar meadhón Ag spréachaidh go néata as an sruthair bhig cóir, 'S an chaoltuile ag sméide n-a siosarnaigh gleóis Mar bheadh bé mhilis aerach le soilbhreacht ceóil. Is séiseach ar ghéig atá lon an ghuib óir, 'S an chéirseach ag éisteacht sa bhfuithin ar sógh, Scaodh druid sa ghaorthadh go briosc ag bocóid, Is sa spéir go gobéascaidh is clos dam fuiseóg. An traoghna sa bhféarghort chun folaigh do ghlóis Mar a scéidheann sí, 's gan staonadh uirthi, bobaireacht bhróin; Bíonn taobh liom 's i gcéin uaim gan stop ar a scóig; 'S do bhéarfainn leabhar Aonghuis ná scuirfidh dá spórt.
Tá céad beach go saothrach ag cur lena gcnós, Ón ngléscoth go chéile gan tuirse as a ngnó; Is gléire an lae ghléigil ón bhfirmimint mhóir Ag gléasadh ar an saogal n-a ghile is n-a nódh. A laogh ghil na n-ae ionnam, tar liomsa go fóill; Ná taobhuigh thu bhréagadh i measc iomad na slógh; Tá an traoghna 's an chéirseach 's an londubh i gcóir Ag glaodhach ort chun éisteacht go forusta leó. Tréig an bhálcaereacht i gconair na gcóip, Tréig an brogh aolda agus ionad an óil, Tréig na drochcaomhthaigh 's an imirt ar bórd, Is téanamh ort tréimhse cois srotha ag siubhlóid.
CATHAIR NA LAOI. Fonn: The Bowld Soldier Boy. Ós i gcathair ghil na Laoi Mar a mbíd scathmhairí 'Gus lucht reacaireachta is ghrinn Idir oidhche agus ló, 'Seadh badh liom badh thaitneamhaighe, Adamhuighim, seal a chlaoidhe, Mar níor bh'annamh ann me roimhe seo Go hintinneach sóghach. Beir beannacht bheag óm chroidhe Go dtí Cathair gheal Chorcaighe, Is beir beannacht eile óm chroidhe Go dtí Laoi na seól; Agus beannacht eile óm chroidhe Chun gach faraire le dílseacht Go gcaithinn scaitheamh oidhche Go haoibhinn n-a chomhair. O ba shuairc a rithinn síos, Maidin mhín, sara luigheadh An scamall deataigh bhuidhe ort, A Laoi seo na seód,
De bhruach na Linne duibhe Mar a mbíodh seanachoill, Is ná stadfainnse dhen scríb sin Go híochtar an Chóibh. Beir beannacht bheag, agus rl. Beidh an Gaedheal fé rath arís, Is a dhlighe againn sa tír, Is beidh Gaedhilg bhlasta ár sinsear Ar síorchlos dar ndóigh; Is ar theacht an tsoluis aoird Cloisfimíd fir na Laoi, 'S iad ag saothar ar a ndícheall 'S ag claoidhe i dtosach fhóid. Beir beannacht bheag, agus rl.
LÁ SAMHRAIDH. Táid na héin ag déanamh ceóil - Iongnadh liom a ghleóidhte chanaid; 'S is olc an mhaise dham dar ndóigh Bheith im thost 's an cór ag spreagadh. Tá spéartha Dé gan scamall cheóidh, Is teas na gréine ag scóladh an tailimh, Na feidhleacáin i mbun a ngnó, 'S ní taise, a laogh, dhon dreóilín teasbaigh, Gaoth fhionnfhuar anoir fé sheól Le blas an tsáile ó bhórd na mara, Agus bogcrónán an duilleabhair óig Ar shiosma chóir an tsrotha á mheascadh. Bíse ale, a fhir léighinn is eóil Do shéan a chómhachta ar Cheárd na bhflaitheas; An radharc so chím, 's a bhfaghaim de cheóil, Do Dhia na glóire liomsa althuigh.
SROTHÁN. Gluais ort a shrotháin, Gluais ort go síor, Gluais ort go dtagair Chun na fairrge thíos. Mo ghile thu is corruigh ort, Brostuigh ort síos; Luathuigh fén droichead, Ní'l cosc ar do shlighe. Ná cuiridís corainn Ná muilte thu amugha; Is tu scaoileann a rothanna Ag tochrais go dlúth. Bíodh glór binn do ghothasa Ar clos i n-aghaidh 'n lae, Mar ghabhair tar mionchlocha Idir phortaibh glaisfhéir. Ó d'fhágair an tobar I n-imeall an tsléibhe, Do gháire ní theipeann Go deireadh do ré. Ar gháire is ar obair Is sompla thu dhúinn; Le chéile nuair ghabhaid Tagann maitheas dá gcionn.
TRÁTHNÓNA FOGHMHAIR. Mo chion agus marthain ón leaingire leadráin seo Annso age bun scairte atá ag ceapadh 's ag grafadh dánta Don bhfuirinn ghobblasta úd i sceachaibh ag amhrantacht, Seinnidh bhur sailm go dtagann an tseanaláir gheal. Ar imeall na scairte ní fachtar acht feacadh fánach - Ar chorruigh ó mhaidin di chasfainn le smeach anáile é. Cromann an ghlasra a mbathas ar easbaidh fleádhchuis 'S an brothal so raideann liom allus n-a caise báidhte. Tá Sol féna bhratacha ag taisteal na dearbh- fhánadh, A rothanna ag casadh agus lasadh n-a leacain áluinn; Tiocfaidh an ghealach i gceannus go leathan láidir - Bruinneal n-a reathaibh tré mhachaire malla- bhlátha.
Druidfidh an dearg thar aighthibh an mharcaigh rábaigh, Is lingfidh tré scamaill go talamh Uí Bhreasail fá mhuir, Rithfidh i dtaitheac an bharrfhionn so ag strapadh i n-áirde Is coiscfar an chaismirt i sceachaibh na caidireála. Ní thugaim fé ndeara sa bhaile seo ar stad n-a ránga Acht tumadh na lachan san abhainn bhig thana láimh liom, Fuirseadh leadhb leathair ar deabhadh idir chrannaibh feárna 'S an connadh ghá chnagadh is ghá leagadh age graithin fhásaigh. A bhruinneal is aite ar na reannaibh a cheap an Ceárd maith, Soilbh liom th'amharc, ní stadair it anastáiribh; Dá bhfeicfinn cead reatha dhá shamhail ag fearaibh Fáil seo Ar chonair a leasa, do chaithfinn mo hata i n-áirde!
Ní fuirist dam feasta na ranna so bhreacadh i dtáith nuid D'imthigh mo phreabaire marcaigh - chuir a each i stábla; Le solus na barrfhinne is deacair na fleasca d'áireamh Ní miste liom stad is bheith tarraing a-bhaile láithreach.
LONDUBH. Lon ar chraoibh do luigh ar chantain cheólshaoir; moch do muscladh me dá fhaoidh aoibh. É 's é amuigh, 's mise im leastar san leabaidh; geallaim dam féin aithris air - cain? Aoibhinn ann a chéadal ceólbhras obann ag tuidheacht chugam ón gcrann thall. Uch gan mé im lon i ngaibhlibh géige, go gcead duan i rith mo ré glé! Sheinfinn duain badh leas dom Fhodhla fhionnfhuair, 's do bhéarfadh dá muinntir mhuaidh buaidh.
Mholfainn cáil, cródhacht, oineach is onáir drong 'gá raibh le fearann Fáil báidh. Ríomhfainn stair fá éachtaibh amhra ar armaibh, go mbeadh i meanmain a mair gail. Dícheall meóir glacthar uaimse gan aimhdheóin; ní duine me de chloinn cheóil bheóil. Ait an cor nach faghaim ceart um chodladh; rug mo chéill n-uaim, mór an modh, lon. L.O.N. A luin úd thuas ar bhuaic géige, Uch nach tualaing suain réidh me, Nó a thuigsin uait cá duain éigse A chuirfeadh snuadh ar shluagh Éilge. Cloiseam uait i n-uaim éigse An sioscadh suadh badh dhual Éireann; Nó leig do ghruagach dhuaircmhéinne Codladh is cnuasach nuaichéille.
AN GARRAIDHE NEÁMHDHA. Ragham ar stáir de bhárr na gcnoc Ar chapall chothrom chóir, Mar a mbíd na páirce is áille crut, 'S na héin gan sos ar cheól. Geoch a chapaill, geoch, geoch, Geoch a chapaill ó; Ragham go tiugh de bhárr na gcnoc - Is geoch a chapaill ó. Ragham ar stáir gan fán ná a chúis Fé dhéin chrann ubhall na gcomhacht, Mar a bhfeicfimíd n-a luighe ar an ndrúcht Na cáirne d'ubhlaibh óir. Geoch a chapaill, agus rl. Ragham thar íseal, ragham thar árd, Is cloisfam gártha slógh, Agus aibhne ag rith go sultmhar sámh I ngarraidhe neámhdha an cheóil. Geoch a chapaill, agus rl.
SEOTHÍN O, ragha mé féin Ar aonach Mhalla, 'S ceannógha mé bréid Dom laogh agus hata. Seothín, seothó, Seothó ariú, a leanbh; Seothín, seothó, Mo stór mo leanbh. Is sníomhfad sróll As ór na maidne Dom naoidhin bhig óig Mar róba is racaid. Seothín, seothó, agus rl. Is fighfead éill De réir an fhaisinn Don bhróigín chaol Rug craobh na maise. Seothín, seothó, agus rl.
Dom buidheanaigh ó Cóireógha mé leabaidh Badh thuar chun flós Na rós n-a leacain. Seothín, seothó, agus rl. I gcoill na gcnó Tráthnóna um shamhain Beidh fuighlach róinn Den chnósach aibidh. Seothín, seothó, agus rl. Beidh ríghthe ón nGréig Is laochra ón mBreatain Go dian ag éad Lem péarla cheannann. Seothín, seothó, agus rl.
AN BUACHAILL CAOL DUBH. Do thugas céad searc don bhuachaill chaol dhubh Ar fheabhus a mhéinne 's ar mhaise a shnóidh, Dá dhá shúil ghléinneach' mar dhrúcht an fhéir ghluis, Dá dhá ghruadh néamhracha ar dhath an róis, Dá chuachaibh néata mar chnuasach sméar dubh Is gluaire ón ghréin ortha maidin fhoghmhair; Acht b'é a chomhrádh béil sin sa teanga Ghaedhilge Do mheall thar aonrud mo ghean dá chlódh. Ar fheis nó ar aonach ní fheicim éinne Do 'neósadh scéal leis sa tseananós, Do ringcfeadh tréanphuirt ar bhínse taobh leis, Nó chasfadh dréacht leis i gceart an cheóil. Agus deir gach aonfhear: "seo chughainn an réice, Beidh báire laochuis annso go fóill," Nuair is chúcha léimeann an buachaill caol dubh 'S a chamán gléasta n-a ghlaic chun spóirt. Agus dubhairt sé féin liom de mhóid a bhéil ghil Gur mise an t-aonbhean n-a thigh a gheóbhadh, 'S go mb'feárr leis mé aige gan feóirling spré liom 'Ná toice an Bhéarla 's a cáirne 'en ór.
'S a shiúr na n-ae ionnam, ná creidse ó éinne Nach é an faision Gaedhlach is feárr mar nós, Mar isé do bhréagfadh an buachaill caol dubh Is uaisle tréithe 's is gile meóin.
A MHÁIRE A LAOGH. A Mháire a laogh na gcraobhfholt n-óir, A ghrádh na n-ae gan bhéim it chlódh, Sin fáinne an lae go héascaidh cóir, Le scéala an treó so ar stáir. Siubhail, siubhail, siubhail, a stóir, Siubhailse faram agus siubhail go deó; Téanam liúmsa ag siubhal det dheóin, A chúilfhionn óg 's a ghrádh. Do b'fheárr liom féin ná céad long seóil, 'S ná táinte ar thaobh Chnoc Féidhlim leó, Bheith spás i ngaor don chaomhghuth cheóil Ót bhéal go gleóidhte i dtrácht. Siubhail, siubhail, agus rl. Táid Cáit is Méadhbh is Béibhionn chrón, Lé ráithe im dhéidh, is Léan is Mór, Bím cráidhte ón bplé gan ghéille 'on chóip, 'S a laogh liom, gheóbha mé bás. Siubhail, siubhail, agus rl. Ná fág fén bpéin seo mé dhom breódh, Acht tárrthuigh mé 's bead buidheach lem ló; A Mháire, a laogh, tabhair saoghal is snódh Dhon éilightheóir seo it pháirt. Siubhail, siubhail, agus rl.
A BHÉ MHAISEACH. A bhé mhaiseach ghlé ghartha is áille snódh Scéalam fá scéimh aiste dána it chóir Cadé bheir gan téagar na táinte treón Is méise le haontuile ghrádh dhot chlódh. Ní hé an craobhfholt breágh néamhrach fáinneach flóis Ná an t-éadan geal déarscnaite is mánla módh Na glédhearca réilteacha ar scáil an reóidh Ná an béal blasta craorac gan smál gan mhóid. Ní hé a ghléire do fhéachann do bhrághaid istló Ná do chaolchrobh gur mhéinn liom é fháscadh im dhóid Do mhéireanna a ghréaschuireann sása ar sróll Ná do réidhchoisín éadtrom is g'lánta i mbróig. Do mhéinn mhaith do bhréithre is do gháire beóil Do chaomhchruinneas céille is do cháthadh ceóil Do dhaonnacht do ghéille is do chráibhtheacht nóis Seadh do chlaochluigh mo chéadfhaidh 's do thráigh dem dheóin.
Do léirghearrais préimh agus bláth mo shnóidh 'S do ghéarchaithis saéghda trém lár dhom dhóghadh Do bhréagais do chaochais do bhádhais do bhreódhais Go haeibh me 's is baoghlach gur geárr mo bheó. Ní fhéachair fém dhéin is ní háil leat stródh 'S má fhéachaim ort claontar an sámhrosc óighe 'S go dtréigfinn réim Chaesair 's a ráinig dó Ar sméide bheag éigin den gháire ót bheól. Ní féidir go léigfir a ghrádh me 'om dhreoghadh Ag an saobhfhuirse chléibh seo gach lá os do chomhair; Ó léanais, bí déarcach is tárrthuigh fós A bhé mhaiseach ghlé ghartha is áille snódh.
ÁINE AN GHLEANNA. Cia bhíodh im páirt 's mé im leanbh? Cia shíneadh lámh ar strapa? Cia mhúscail sníomh Im chroidhe dá gradh? An fhaoileann, Áine an Ghleanna. Cia bhíodh le ráidhte cneasta Am ghríosadh i lár mo leasa? 'S i bpongcaibh baoighil Cá díon do b'fheárr 'Ná mínghuth Áine an Ghleanna? Tráth bhínn am chrádh 's i gceastaibh Ag claoidhe le hÁireamh reaca, Mar thrúig le scíth Do thigheadh im dháil Go míonla Áine an Ghleanna. Mo shuim i nÁth na n-asal, I gqui 's i gqua na Laidne, 'S i n-úirlisí Lucht scríobhtha ar phár, Ba ghnaoi le hÁine an Ghleanna.
D'éis snaidhm na ngrás ón sagart I dtíoghbhas go dtárla faram, Mo chongnamh síor 'Dir oidhche is lá B'eadh caoindriuch Áine an Ghleanna. I n-íoc a ndeárna mhaitheas Don naoidhe seo 'n dáimh do ghreannuigh, Le dúthracht croidhe 'S le dílseacht ghrádh, An laoidh seo d'Áine an Ghleanna. Trí nídh dob áil liom, measaim: Sa Ríoghbhrogh neámhdha m'anam, Sliocht Niúil gan chíos, 'S ar thigheacht an bháis Mo shíneadh d'Áine an Ghleanna.
A CHÁIDHBHEAN. A cháidhbhean sa chúil úd thall, a ghruadhdath na gcaor gcárthann, budh neart dom chódaibh an cor - tógaibh do dhearc ót dheachtodh. Ní fhoghain do dhuais ag dearc, madh íseal é madh oirdhearc, go dteipeann san dtoisc i dtá - feiceam do roisc, a réadghla. Má bhainim díot rinn mo rosc, gan fhéachain uaim ar th'éagcosc, chugam lingidh, ní chéal clios, an sillidh ghéar a ganfhios. Mise lem báirdeacht abhos - adeir cách liom gur leamhos - 'sdo ghné ghealsa os cionn cairte, mocheansa mionn malairte. Athá fá'n mhalaigh mhaoithe iomad brosnadh biorghaoithe; a mhaoilse an éarla is annsa scaoilse éangha oramsa.
Uch nach mise an leabhar lán atá i ngreim do dhá dheaghlámh, duit dob eól ón inneach é - sceól fá'n cimeach mo chroidhe. Beag an ní sillidh na súl, gé nochtann suim is searcrún; ruaigidh feall a fódaibh bhfear; tógaibh do cheann a cháidhbhean! A.CH.Á.I.DH.BH.E.A.N.
DO CHAITILÍN. A chlanna Gaoidheal an aithnid díbh an bháb so amuigh, N-a hAnna Príor ag taisteal críoch don dáimh n-a rith? I bpratainn mhín go raidtear síos, gan ráfla guib, Ag Caitilín gach seanchaidheacht badh shámh le clos. Adamhuighim gur theangmhaig línn an mhánla shoin, 'S nach maith mhothuighim an seanachroidhe n-a deáidh ó shoin! An chreathadghail im ballaibh thríom do thárla abhfus Ag Caitilín ghá mheas gur dílleacht dána me! Don ainnir chaoin sin gheallas laoi do tháthadh i bprint, 'S mo leagadh i líonruith a chasadh i gcrích ní dáiltear dam, Is maith aithnighim gurb anarighin atáid indiu An scata síodha ón abhainn draoidheachta b'ádhbhar dam.
Acht dá gcaillimísna searc na saoithe is gnáth ár mbun, 'S go leagaithí tur balbh sínn gan ráidhte suilt, Ní chasfaimís a-bhaile arís gan dán ar bith Caitilín, 's go maire sí mo sholáthar dhi.
AN FILE SA DROICHSHÍN. Siubhal oidhche is bóthar bog ní maith do chumadh chomhad; cos má chuire fá linn fhlich ní binn do thuile tinfith! Oidhche dhorcha, cosán caol, fead gaoithe de rinn rochraobh - sin gidh dú fá Bhanbha bháin, ní tú den adhbha as iondáin Gabham sos fá'n tuighe istoigh; fanam go ló 'n-ár láthoir; le gréimdh, tríonn contibhe, bíom le déinimh deibhidhe.
IMTHEACHT NA "SPRIDÍ." Fonn: "Rye tooral allay." Cáit Ní Uallacháin Loquitur: My childher in Dublin, ach leog dham a laogh Is baoghlach go bhfuilid gan pioc ar bith chéill: Th' ould hill of Parnassus is searbh leó é Seoch spridí agus scamaill raidhcs fal do deagh lé! Raidhcs fal do deagh, agus rl. When I was a girrseach bhí filidhe ar an saoghal Ná feaca riamh spridí ná tremulous greys Nár thuig Celtic Note seochas glórtha na nGaedheal 'S ná géillfeadh dbhur mbladar raidhcs fal do deagh lé. Raidhcs fal do deagh, agus rl. Ní bhíodh aon opal hushes ann taca an mheadhán lae Ná murmuring moonshine le feiscint sa spéir, Acht daoine n-a mbeathaidh a mhaireadh go réidh Gan spridí gan glamour, raidhcs fal do deagh lé. Raidhcs fal do deagh, agus rl.
"A raghaidh chun bhur dtairbhthe i dtalamh na nGaedheal Where you'll be a malartach mhalluighthe ón nGréig, 'S go mbeamna fé ghradam, raidhcs fal do deagh lé." Raidhcs fal do deagh, agus rl. Is cuirfe mé an púca dhá spiúnadh dhen tsaoghal; Is síos ann a phreabfaid, raidhcs fal do deagh lé. Raidhcs fal do deagh, agus rl. So pack up your baggage is glanaidh libh féin We'll suffer no longer bhur masla ar na Gaedhil; Take your spooks and your glamour a hInis na Naomh Is choidhche ná casaidh, raidhcs fal do deagh lé. Raidhcs fal do deagh, agus rl.
SLÁN LEIS AN STAD Mo ghoin mo chnead an chreach a thug Mo nead mo bhoth mo bhrogh mo Stad Gan sult gan stair gan chasadh port Is Cathal bocht fén lomadh lag. Is me nár mheas, a shearc 's a chuid, Dá mairinn tuilleadh is turus na sean, Go bhfeicfinn malairt laba it bhun, Seoch Cathal san fuair hub amach. Ba mhinic flatha ag teacht dot fhios; Thar lear ba chlos na clis ba leat; 'S gach duine thagadh b'fhada a bheadh Le startha cothroma ort ar cairt. Níor scorn d'fhear cois baile abhfus Bheith tamall beag ar leith fét bhrat; Ní cuir ná camadh thagadh dho, Acht rachta suilt is truisc go prap. Do chonnac cleasa it chasc istigh, A bhainfeadh smigeadh d'othar lag, 'S a chuirfeadh flatha fearainn Luirc Le speachadh buile ar mire glan.
Do chonnac gas ba chalma gus, Ón bPampa tur do dhruid andeas, 'Sba chliste chanadh eachtra fruig Nuair bhraitheadh sult ar bun n-ár measc. Do ritheadh Pat isteach fé bhruid, Bheadh Dan is Mic istigh is Hal: Ba chlos dam tagra ó Fhear an Ghuirt Ar dheachtadh puirt le guth na sean, Do chuireadh faid mo bhaise phus Ar Ghrassaí bhocht nár chreid a leath. Mo chuisne an scata a charadh clis Bheith feasta amuigh gan smut tobac, Gan chuilt gan fail gan scraith gan strus, Is brat gach fhir ón sioc n-a shac. Is Conall, flaith na haicme sin, Feasach dham gur scoilt a scairt; Ag Lugh Lámhfhada stad "rim sim"; Do scread an File is Sceilg maith. Slán beárrtha, a Staid, Ó Thorna liot; Táir fágtha it mheaidh Fó bhrón indiu.
Tá stráille gha, Chomh mór le stoc, Sársháithte im chreat Óm gheóin dot thoisc. Áilleán na bhfear, Óstóir na mbocht, Árdbhláth na mban, Óchón do chor! Ó gheibhim ar stad thu, a Staid na múirne, 'S go ndeaghaidh ar bhflaith le calmbúireacht, Ní bhfuighinnse stad, dá gcaillinn súil leis, Gan deimhin mo cheasna im cheapadúireacht. Fé fháidhibh fhearainn Airt is Iúghain 'Seadh d'fhágaim feasta an bheart a bhrúidh sinn; Tálaidh dearca is canaidh liúgh linn, Ó thárla ar stad an Stad do bfiú rud.
TRUCAILL AN GHABHA. Fonn: An Cailín deas donn. Ó ariú bog liom é druid liom é, corruigh é, Ó ariú bog liom é, is tiocfa sé leam; Ó ariú bog liom é druid liom é, corruigh é, Ó ariú bog liom an trucaillín donn. Lá aonaigh an earraigh 's mé taisteal go trio- pallach Trasna ar an ndroichead i Muileann na hAbhann Seadh chonnac an bobby gurab ainm dó Tingimí Ó, 's é ag druidim im choinnibh go teann. Ó ariú bog lom é, agus rl. Ba ghairid go bhfeacamair asal is trucaill bheag Chughainn ar a sodar fé Mhicil an Ghabha: Ó ariú bog liom é, agus rl. "Yer name?" arsa an bobby, agus stadadh ar Mhicil bhocht. "Féach ar an dtrucaill é, a' bhfuileann tú dall -
Tá m'ainm ann breacaithe i dteangain a thuigimse, 'S fógraim thusa go hifreann lom!" Ó ariú bog liom é, agus rl. Tiomáineadh don bhearraic an t-asal 's an trucaill bheag Stracadh is stolladh sa phludaigh an gabha; 'S nuair d'eirigh leathmharbh ar maidin do tugadh é Os comhair an bhreithimh bhí oilte ar an gcam! Ó ariú bog liom é, agus rl. Next on the list," ars an breitheamh go toghmhail "Cuiridh fé ghlasaibh me feasta," arsa Micil leó, "Seóid dem thuilleamh ní fheicfe sibh ann." Ó ariú bog liom é, agus rl. Níl trucaill gan ainm bhreágh lachanta legible Ghaedhilge le feiscint i Muileann na hAbhann; Is ceárduidhthe an bhaile 'sé thugaid ar Thingimí Fós ná Trucaillín Mhicil an Ghabha. Ó ariú bog liom é, agus rl.
DUBHAIRT BEAN LIOM. Fonn: Cadé sin don té sin. A chaomhchoiste céibhfionn is binne ar bith beól, Is saoth liom bhur sméide 's bhur scige thar fóir; Dá dtéighinnse ag cúirtéireacht ar rothar bhreágh nódh, Cadé sin do thréad bhan ná baineann san leó? Badh ghlé liom an ghéithleann gheal shoineanta chóir Do réidhfeadh lem mhéinn is do thuigfeadh dhom nós; Is dá dtéighinnse ag bhálcaeriocht le duine dhá sórd, Cadé sin do thréad bhan ná baineann san leó? Dá mb'fhéidir gur chéim síos ar fhile na gcómhad Gur thaobhuigh sé bé mhaiseach mhuirinneach mhódhmhail N-ar léirchuireadh caora agus lile n-a snódh, Cadé sin do thréad bhan ná baineann san leó?
Dá dtéighinnse le craobhcha go hInis na Bó, Is céibhfionn troighéascaidh lem chois ar an ród, Badh scéal idir bhéithibh go hinid é, is dóin - Acht cadé sin do thréad bhan ná baineann san leó? Dá dtéighinn i measc aoltrup i n-imirt chamóg 'S go bpléascfadh duine éigin den bhfuirinn mo shrón, Nó 'á dtéighinn agus bé dheas as so go dtí an Cóbh, Cadé sin do thréad bhan ná baineann san leó? Ní spéis liom bhur scéala i mbárr cleithe dar ndóigh, Bhur scéitheadh gan éifeacht 's bhur ngliogram gleódh; 'S an éigse má léasaid lucht reicthe na nódhacht, Cadé sin do thréad bhan? Ní leanann san dóibh.
MO MHIANSA. Feámairí an chladaigh Tráchtaid ar chogadh, 'S ar dhálaibh an mhacha Tálaid siad focail. Meidhreach an dochthúir Nuair leighsann sé cneadghail, Tig deimhne ar a chothughadh Gan laighead ar a spaigín. Grean gnáith dlightheóra Ceannsmách na cúirte; Le fonn árd seadh dheólann Gach seanntáille a scrúdann. Cráibhtheacht a thuigim Is fearr leis an sagart, Táinte dhul chuige I leith sláinte dhá n-anam. Bíonn móiréis ar mháighistir Um ógaos deighiomchuir; A chóir féin don scoláire Bheir róréim don mhúineadh.
Is sóghach bhíonn an ceannaighe 'Mun ór bhuidhe n-a bhosca úr, Slógh síor n-a dheaghthigheas Is gnó laoi ghá mbrostughadh. Acht 'sé is aiteas le Tórna Luighe thairis ar bháinseach, Leabhar i ndóid leis, 'S a bhreacadh má's áil leis. Luigh ar an bhféar le seascaireacht shámh; Cruinnigh is léigh na leabhair is feárr; Duine gan chéill, is taithneamh sa lá, A rithfeadh le céird go cneadaigh an bháis.
TUIRSE. A phriacháin tuas, ón a phriacháin tuas, Tuirse liom do ghrága im chluais; "Is" ná "Tá" ní bhainid liot - Aoibhinn duit, a phriacháin tuas. A éin i gcraoibh, ón a éin i gcraoibh, Ceann fé eite déin go caoin; Gluais ní oireann duitse ar dhán - Codladh sámh dhuit, a éin i gcraoibh. A bha ar féar, ón a bha ar féar, Suaimhneach dhíbhse sa mhóinfhéar; Taobh le daoithe dá mbeadh sibh Dob aithreach libh, a bha ar féar. Duitse a ghrian, ón duitse a ghrian Fógraim ar do thúirling thiar Gan treibh ainiúil do tharraing ort Dob earradh an dochair duitse a ghrian Ortsa a rae, ón ortsa a rae, Lingeadh uaimse míle glaodh; Méad mo thuirse ó cheartú "Tá" N-a lasta árthaigh ortsa a rae.
Tuirse cléibh, ón tuirse cléibh Tuirseach mé den tuirse cléibh Mura mbeadh mo Bhanbha bhán Do-gheóbhainn bás den tuirse cléibh.
AN MADRA RUADH AGUS AN CÁG. Bhí maidrín ruadh Ag tarraing ar luas Tré choill bhig uair ag fiadhach; 'S isé bhí go duairc, Mar b'fhada nach fuair Amus ná uain ar bhiadh. Do fhéach sé i gcrann, Is do chonnaic sé ann N-a seasamh i ndeallramh cáig, An t-éan dubh teann Is sáithte n-a gramhas Do bhí giota maith reamhar dhen cháis. "Táid cearca age Léan," Ar seisean leis féin, "Acht is deacair an chae ortha dh'fhagháil; Is troscadh ar feadh 'n lae Níor mhaise liom é - Ar mh'fhallaing ní séanta an cháis." Do tháinig sé thíos, Is do gháir sé aníos: "Cadé seo do chím sa chrann? Is deise fé thrí Ná éan ar bith í - Go maire sí a gnaoi gan cham.
Is gile ar do shnódh 'Ná an drúcht ar an bhfeór, Maidin bhreágh Fhoghmhair roimh ghréin; Ní fhaca lem beó Do shamhailse, a stóir, Ar dheiseacht i gclódh aon éin. Acht is soith liom, a laogh, Dá fheabhus ar do scéimh, Ná tagann let chaomhghob labhairt; Bain searradh asat féin, Is oscail do bhéal, Is cloiseadh an saoghal do ghreann!" Do chorruigh an cág - Do chroith a sciatháin, Is do leig aisti grág le fonn; Acht mo chreach is mo chás, An giota breágh cháis Do thúirling ar lár go trom! "A bhriolla gan áird," Arsa an lúbaire cheárd, Sarar ghreamuigh sé an cháis n-a bhéal, "Seachain go bráth Lucht bladair is pláis, Mar is minic n-a ráidhte an claon."
BEANNACHT LÉI. Dia leis an mbliadhain atá gobhtha tharainn Dia le gach riagail dár gcosnamh ceapadh Dia leis an iarmhar do thogair seasamh Dia lena liacht díobh gan chomhall againn. Dia lenar chiap sinn den donus gharbh Dia lenar thriall chughainn den tsonus fairis Dia le gach siamsa i bhfochair charad Dia le gach gliaidh n-a raibh focail chasta. Dia le gach stialladh aca anuiridh sheasas Dia le gach iarracht de shos ó chathaibh Dia lesna briathraibh go crosta spalpas Dia leis an gciallmhar 's ar thug de thaise. Dia leis an spriata ródhona hata Dia leis an niaimh úd sa chulaith chaithte Dia lesna hiallacha a bhog ón snaidhmeadh Dia lenar fiaradh dem fholtaibh bathais. Dia leis an bhfiadhach is le gunna an aitis Dia leis an ngliadar i mbun na faithche Dia leis an riasc mar a mbogtaí an leathar Dia lenar rianas ar rothar reatha.
Sin bliadhain eile stialltha as an dtuile ghasta Is bliadhain eile priaclach ar sodar tharainn; Ár dtriallna gach bliadhain díobh ar bhreith an Athar Is Dia linn n-a dhiaidhsan nach fios cá racham. A chiallaigh i mbliadhna dein toradh deabhtha An fialmhaith do iarraidh 's an t-olc do sheachaint Bí riaghalta bí griandha bí i mbun do leasa 'S ar niamhbhrogh an Tiagharna gan ob go gcasam.
NODLAIG MHAITH. Cuirimse chughatsa an sealbhán seóidh; Nodlaig mhaith shubhach, is anamhám óir, Fuireann na múirne farat fá shógh, Seinnim ar fhliúit is amhráin cheóil. Teine let bhúnn is staic 'en bhfeárnóg Ar mire na mbrúid le cnagadh is árdghleó, An citeal ag tnúth le caidiráil glóir Is Muireann le fonn ag glanachán bórd. Friotal is flúirse is fleagain lán d'ól, Coigilt is connradh is gearradh fá róst, Cupa den lionn ná leanann ráig dó, 'S an fhinne go humhal i gceannus dfhagháil leó. An choinneal n-a clúid 's a barra ghá dhóghadh, Lingeadh gan túirse a leabaidh táimhneóll, Is imtheacht ag túr na bpaidear fá dhó - Sé is gile dar liúm den tsealbhán tseóidh.
AN NODLAIG ÚD I MBEITHIL. Anocht i mBeithil bháin Rugadh an Críost cóir, Mac Ríogh na cruinne cé, Dá bhuime - bé is óigh. Ní i roitheaghlach rán, I ndaingean ná i ndún, Do neoch dar tugadh tír, Rugadh Rígh na rún. I n-uaimh maoilinne amuigh I mbíodh asal air; An oidhche go ríomh fhraoich, Gan díon ar ghaoith ghaimh. Ar an dtalmhain iar dteacht Don leanbh dob án ocht, Léigeadh fá'n umar é 'S brat glé air gan olc. Táinig ann ós an uaimh Aingle n-a gcór chaoin; Ba chlos den fhoghar fhíor Moladh Ríogh an raoin.
"Glóir do Dhia ar neimh naoimh; Is ar talmhain truaigh Síoth don dream le méinn mhaith, I réim raith do-chuaidh." Fir chaorach ar an gcnoc, I ngaobhar na nglac, Airighid an ceól caoin N-a neól aoibh ag at. An glór binn leantar leó - I ndeilbh shuain níor shia; Annsúd d'fheartaibh an Uain San uaimh dearcaid Dia. Feacaid go fíor an ghlúin I n-aice an Ríogh ráin, Is adhraid Deaghmhac Dé N-a bheagbhrat ghlé ghráidh. A bhráthair, mairg an mart Do Dhia nach tairg tocht; Dó, as carcair do chlí Altuigh gach ní anocht. A.N.O.CH.T.
MO SHLÁNUIGHTHEÓIR. Fonn: Pé i nÉirinn í. O a Íosa bháin, it láthair geóbhad Ag caoi do bháis san árdchrois mhóir, Ó aois go bás ag tál na ndeór, 'S ag maoidheamh mo ghrádh dhom Shlánuightheóir - O a Shlánuightheóir! Céad míle fáilte, a pháirtigh, rót; Níor fríth do bhárr mar shásamh lóin; 'S is fíor gur feárr liom 'ná bruit óir An naoimhfhleadh 'tá agem Shlánuightheóir - O a Shlánuightheóir! Mo dhíon go bráth mo scáth mo threóir An Íodhbairt árd, ofráil mo stóir, In' fhíonfhuil neámhdha ghnáith 's in' fheóil: Sin maoin im láimh óm Shlánuightheóir - O a Shlánuightheóir! A Chroidhe do ghrádhuigh sliocht Ádhaimh thar meadhón, I soillse an ghrádh rug bárr na nós, Do Chroidhese fág le grádh dom shórd, Sa chroidhe seo im lár, a Shlánuightheóir - O a Shlánuightheóir!
Is guidhim thu, a bhláith fuair páis is breódh, Tré bhrígh do bháis a shlánuigh slógh, Chun Ríogh an ngrás beir slán ar seól I bpuínte an bháis me, a Shlánuightheóir - O a Shlánuightheóir
AR AN BPÁIS. Is tinn 's is tláth do bhís ar lár, O a Íosa a Shlánuightheóir, Gan scíth gan scáth, 's do Chroidhe ghá chrádh Ar íoghair an gháirdín bhróin. Do ghuidhis go hárd ar Rígh na ngrás Gan a iarraidh an t-árthach d'ól, Acht gur chlaoidhe len árdtoil féin amháin An céim do b'fhearr leat fós. Do chualaís gártha is nuaill no námhad I bhfuarbhrog Cáiphis chróin, 'S i gcúirt Phíoláid le dúil it bhás Do liúghadh go dána it dheóidh; Do luigheadh gan tlás na spíonta smáil Ar do mhaoil, ghá rádh gur choróin; 'S ót éadach áille, ar chrannaibh gnáith, Do roinnt níor stán an chóip. Mo léan na cneádha 's an ghéarsciúrsáil Gach taobh det bhánchrut mhódhmhail, Is ualach lán na croise at chrádh Go dubhach ar stáir na ndeór; Is tolladh náireach cos is lámh, At cheangal d'árdchrois mhóir, Go bhfuairis bás dot dheóin ar scáth Do thréad bheith slán go deó.
Dein díon is fábhar dúinne atá 'Get ghuidhese, a Shlánuightheóir, Ó's uaitse atá againn uain is áis Chun buaidhte ar Shátan ghó. As ucht do pháise, as ucht do bháis, Ler thugais slán ár sórd, Ón Athair neámhdha faigh dúinn áit Ar shluagh na ngrás fé dheóidh.
SEANPHEGASUS. Gléastar uaim doircheacht dimness n-a haidiacht mhóir mheaningless; má ráinig dochar dána táinig sochar solára! Fearr chun saothair an sean óg ioná an t-ualach 's an t-each-ód; adchír an chéim ó'r chasas - bím féin ar mo phegasus! Capall fromhtha fúmsa atá; ní ghlacann sceón roimh sconnsa; dúinn an rás acht mé ar a muin; ní cás don té do thaobhuigh. G.
CRAOBH FÓDHLA. Cé mór san craobh fhóghanta ag ár gConnradhna ar cairt, Is gaedhilgeóirí ag éalódh fé n-a gcoimirce isteach, Scéal nódh ná bréagnófaidh an file ná an flaith Craobh Fódhla is craobh órdha ar an bhfuirinn ar fad. Craobh Fódhla craobh ógbhan is muirinneach maith; Craobh Fódhla craobh óla dhen tsruthair seo a sean; Craobh Fódhla craobh eóluis ar bhunachadh ban; Craobh Fódhla aondóchus na buime gan fear. Tá an ré órdha ar fhéinn Fódla go follus ag teacht, A béithe óga is tréanspeóis aca i bhfriotal a mam; An Té chomhnuigheann fé ghlóire i mbrog Nimhe n-a fhlaith Ar Chraobh Fódhla d'aondeóin ghil go gcuiridh an rath.
FÁILTE. A ghaoth andeas, Beir céadtha leat De chraobh na bhfear Ón Mhumhain ghil, Go ndéanfar beart Ar Éire Airt, 'S go saorfar teanga Ár ndúthchais. A ghaoth aniar, A ghaoth tá fial, Beir laochra an Iarthair Slán leat; Tá saothar dian Roimh ghléire bhur bhfiann D'ár nÉirinn iathghluis Áluinn. A ghaoth adtuaidh, A ghaoth na sluagh Atá laochta cruaidh I gcomhrac, Do réidhthruip luath Ní staonfaid uainn, Am réitigh guais Na Fódhla.
I n-ainm na dtreón I gcreathaibh sa ghleó Ar son teangan is nós Ár Máthar, Fearaimse romhaibh, Idir shean agus óg, Dé bheatha agus scór Gealfháilte.
AN BHÁISTEACH. A bháisteach, ón, a bháisteach, Eirigh go tír na mbáirseach; Ná déin creach na hÉireann uaine, Acht éaluigh uainne, a bháisteach. Do chnagadh, ón, do chnagadh Ar an bhfuinneóig seo im aice, Do choisc mo dhúil i gcodladh 'S mo shúil le toradh ón dtalamh. An léirscrios, ón, an léirscrios: An tsráid n-a tuile éignigh, Na guirt fá bharra uisce, Agus fallaí briste réabtha. A Mháthair, ón, a Mháthair 'S a Bhuime Chríost na n-árann, Faigh ó Dhia, dhot phobul dhílis, An doineann so chlaoidhe 's an bháisteach.
CRANN LOM. A chroinn tuas do bhí fa bhláth, do bhlais do chuid den chonách, 's ó theacht an tshamhraidh gur shéid it ghabhlaibh neart ar nuaimhéid. Do fhásc tú as an talmhain tuir sásadh dá mbír it bheathuidh, ar n-ól den drúcht, do sháith shéin, do bhrúcht i dtráith ón táimhghréin. Do scéith ót mhaoil 's do mhéadaigh céadtha amuigh de mhinghéagaibh, dot chlú níor mhall an meadhon, is barr dú de dhuilleabhor. Do b'aoibhinn fán ngaoith a nguth n-a chrónán íseal aerach; 's a luascadh, nár chleacht an chlé, cnuastar le teacht na taoide. Do chuiris fós díot is dóigh blátha de dhreich nár dhearóil; meas dá ráinig síth annsoin táinig gan díth n-a ndeaghoidh.
Féachaim ort go nuadh anois: iongnadh a chruime chríonois, do bhláth do mheas fa mheadhoir is scáth deas do dhuilleabhoir. Is tu an cnámhach lúbach lom; th'fhallaing uaine ní fhanann; sin do thuit ar talmhain fúibh, duit gur chabhraigh fán gcriadhúir. Samhail duit an duine féin ar dtig an bláth fá bhuaidhréim, toradh a shaothair shreabhaigh, agus daothain duilleabhair. Iad uile imtheóchaid uaidh ar thuidheacht an bháis bhasfhuair; féach i gcoing sa chaoise é mar ataoise, a chroinn chruime. Guidheam uile dhó go docht fanacht mar thú ó tháirolc; diall ag duine don cheilg choim don bhuile is d'fheirg an achroinn. a.ch.r.o.i.n.n.
DONNCHADH 'ACH SEÓN. Fonn: I bhFearann Uí Dhála i bhfeirm bhig thailimh ann Mhaireadh gan spleádhchas Donnchadh 'ach Seón, N-a phreabaire láidir, cumusach taiticeach, Oilte thar bárr ar chasadh na bhfód; Acht briolla gan áird b'eadh Dinny the jintleman, Briolla gan áird b'eadh Donnchadh 'ach Seón, Is briolla gan áird b'eadh Dinny the jintleman D'imthigh ar stáir go Sasana Nódh. Do cheannuigh sé mhála is bosca agus hata dubh, Carabheat bán is culaith nó dhó; Bhí bata n-a láimh is feirc ar a bharrasan Leog dham a ghrádh 's nár bh'in agat seóid! Acht briolla gan áird, agus rl. Níor shaluigh sé a lámha le hobair an earraigh sin, B'aith leis an ránn a ghlacadh n-a dhóid;
Do chaitheadh sé an lá n-a chodladh go headar- shuth 'S seal i dtigh 'n tábhairne ag imirt 's ag ól. O briolla gan áird, agus rl. Ar dtarraing don lá 'nar imthigh thar fairrge Bhailigh a cháirde in' fhochair um neóin; Dob aiteas thar bárr le fuirinn an bhaile sin Fear aca ag fágaint Bhanba is dóigh. Acht briolla gan áird, agus rl. Sé seachtmhaine thárla Donnchadh i gcathair thall, Greaduithe cráidhte is follamh 'mun ór, Gur ghlac sé go sásta post ar na tramanna, 'S allus a chnámh ag sileadh ar an ród. Mar, briolla gan áird, agus rl. Dá mbeadh aige fagháil anois ar an airgead Casadh le bád a-bhaile do gheóbhadh. 'S a dhuine má táir chun imtheacht tar fairrge Machtnaimh spás ar Dhonnchadh 'ach Seón. Mar, briolla gan áird, agus rl.
AISEAG NA HIASACHTA. A ropaire an ghaid Mura dtigir go grod Is mo mhuireann it ghlaic Gan ghoimh ar a gob, Stolfad do phlait Is scriosfad do ruisc, Is scoiltfead do scairt Le huige dhem chuid! Níl tuirse níl tart I n-inis na Lorc, Ná cuirfead im cheacht Isna mullaighthibh ort, At ithe le hairc, At chreimeadh mar uirc, At mhilleadh le mairc Go ngoilfir go guirt.
AR BHRIATHRAIBH. Don Ollamh Holger Pedersen, a bhí, sa bhliadhain 1913, ag tabhairt léigheacht uaidh, i Scoil na Seanghaedhilge i mBaile Átha Cliath, ar bhriathraibh na Seanghaedhilge. Créad dobheir, agus áilleacht san aimseir, an dream beag so istigh go tur? An Bhriathur. Muir ná tráigh, coillte, garbhchnuic ná grianáin ní mheallaid ar ndualgas dil ón mBréithir. Teas ón ngréin dá líontar arda an aiéir, doní fionnfhuar dúinne digh den Bhréithir. An chrudhsoin tig a phuingc ó Phedursoin, gur neartuigh cách i ngaois ghluin um bhriathruibh. Buidhe ris ón druing fuair ceann a chaoinis dfhúig dáibh an Bhriathar gan bhrat a roghlac. C. r. é. a. d.
TEACHTAIREACHT NA SPIDEÓIGE. Ar maidin ar chlár na fuinneóige 'S mé im leabaidh gan róchumus suain An talamh n-a balcannaibh reótha, Agus fuinneamh le Bóreas adtuaidh, Seadh do dhearcassa samhail spideóige Do tharraing fém sheomra ar cuaird, Is do bhraitheas ar fhaision a snóidh bhig Gur bh'fhada léi a lón nach fuair. Do phreabas im reathaibh ar nóimeat, Is do ghabhas a stórchiste an Luain Deasca de ghearradh na bulóige Badh mhaith lena sórd sin mar nuadhacht. D'fhan sí gur halpadh n-a scórnain, Mar mheasassa, a dóithin den duais; 'S níor stad sí de bheannachadh dhamhsa Dá leathshúil ar ghleódhath an ghuail. Do fhreagaras bagradh a beódhearc Ar aiste ba nós ag lucht duan: "Taistilse ó dheas a spideóg dhil 'S ná dearmaid Eóin ar do chuaird; Tabhair don bhfaraire it cheól ghuib An scata ban módhmhail seo do luadhaim Gan scaile de bhrat ar a gclódh cuirp, Mar aiscidh ó Thorna do ghluais."
SEOTHÍN MHÁIRE. Seó leó a thoil, ná goil go fóill; Seó leó a leinbh 's a chuid 's a stóir; Seó leó is codail mar chodlaid na hóig It chró go socair gan tuisle gan sceón. Is seó leó a thoil, agus rl. Tá Máire it fharraidh, 's ní fearra dhuit Mór Ar dhrádh na haindeise at sheachaint let bheó, I gcás go mairfása an dathad fé dhó Agus ádhbhar fairis i gceannus na slógh. Agus seó leó a thoil, agus rl. Gheóbha tú salad ar bhainne na bó, Agus uibhe na lachan is meacanta ón mBóinn, Iasc ón Mhachain, is glasra ó Shórd; Is Cill na Martra a raidfidh dhuit feóil. Is seó leó a thoil, agus rl. Gheóbha tú hata agus casadh ar a choróin, Bónna leathan is carabheat nódh, Laimhinní geala agus feidhre breágh bróg, 'S an póiní ceannfhionn at tharraing sa ród. Is seó leó a thoil, agus rl.
MÓIRÍN. Fonn: Toora la lay. Dé bheathasa, a Mhóirín, a stóirín na n-ae; Dé bheatha fé dhó dhíbh, a chlódh naoidhean gan bhéim; Dé bheathasa fó thrí gan ghó dhíbh, a laogh; Go maiream do róthigheacht ar shlógh ghrinn na nGaedheal. Dé bheathasa, a Mhóirín, agus rl. I mBanba cnósuighid le mórchroidhe gach lae Fleasca béal bó buidhe agus nóiníní sléibhe, Acht ní bhraithimse pósaí badh phósaí liom féin De bharra a gcuid fóisidheacht mar Mhóirín mo chléibh. Dé bheathasa, a Mhóirín, agus rl. Scuir feasta dhet cheólaidheacht, a fhuiseóigín sa spéir; Ní cantain dar ndóigh línn do fhlór aoibhinn béil; Dá bhlastacht do nótaíse clódhfaidhear a gcéim Le spreagadh guib Mhóirín, i n-ógaois nuair théigheann. Dé bheathasa, a Mhóirín, agus rl.
Dot dhaidí is tu is seóidín, a róisín 's a réalt; Dot mhaimí is tu an cóifhrín n-a gcomhnuidheann a gné; Agus maidir le Tóirnín, níl ógnaoidhe ar an saoghal Is fearra leis, móidigheann, 'ná Móirín na n-ae. Dé bheathasa, a Mhóirín, agus rl.
MAITH GO LEÓR. Cá mbeadh aérthaisteal éadtrom ar inneal an eóin, Cá mbeadh aoncheart na hÉireann ó Dhoire 'dtí an Cóbh, Cá mbeadh réim an tsoíscéil, agus creideamh na Rómha, Dá léigtí san tsaoghal so do lucht "maith go leór"? BEANNACHADH NODLAG. Beannacht an Leinibh Do rugadh i mBeithil, Is beannacht a Bhuime Maraon leis, Go dtaga soin oraibh I gcaitheamh na Nodlag - Is beannacht ní cheilfeadsa Féin ort.
AR MO THOIL. Craobhcha croinn dom dhíon ón ghréin, píopa le diúl go dreichréidh, dréacht fá rún na dáimhe dhamh - 's is sáimhe dhúnn 'ná Dhéamar. BEANNACHT. Cad do léigfead chun caomhthaigh mo chumainn? Céad beannacht Dé ghil is Mhuire; Céad Nodlaig mhéithe go bhfeicidh, Is Éire gan éigin ó chonairt.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services