Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Caitheamh Aimsire

Title
Caitheamh Aimsire
Author(s)
Ó Donnchadha, Tadhg,
Pen Name
Micil Mac Róba / Mike Robe / Roth, An /
Composition Date
1918
Publisher
Mac Goill

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926


Remhrádh.



Mar chaitheamh aimsire iseadh do ceapadh is
do cuireadh i bpratuing na hiarrachtaí atá
bailighthe i dteannta a chéile sa leabhrán so.
Déarfar, bfhéidir gur greannmhair an caitheamh
aimisre é; acht máiseadh is fada mise gá
thaithighe. Níor mhaith liom a innsint cadé an
t-aos atá ar chuid dena giotaí beaga annso!



Má thugann léigheamh mo leabhair bhig
caitheamh aimsire le pléisiúr do dhaoine eile
anois níl éinne is mó na mbeidh áthas air 'ná
mé féin.



Deirthar gur a gnáthshaoghal cine a fhásann
leitridheacht chúcha. Ní féidir a shéanadh ná go
bhfuil baint ag leitridheacht gach teangan le
saoghal na ndaoine a chleachtann an teanga
san. Agus i dtaobh na n-earraidhe atá fé iadh
an leabhair seo, bíodh is ná leómhthainnse
leitridheacht a thabhairt ortha, déarfad go bhfuil
dlúthbhaint aca le saoghal duine amháin ar a
laighead de mhuinntir na hÉireann. D'airighinn
ósna seandaoine gur cheart an t'áth a mholadh
mar do geobhthaidhe é. Ní dheárna féin acht
san.



TORNA.



Samhain, 1917.


L. 1


Caitheamh aimsire.



CEIST.



Ceist agamsa ar phobul Éireann,
Ceist a théigheann le brígh;
Is dóibh nach fuláir gan moill a fhreagairt,
Nó ciúin fén ama luighe.



Ar thoiligh sibhse, a chlann na ndeághaithreach,
Bhur dteanga is ársa céim
Do shleamhnú uaibh go scartha scáinte,
'S í dhul go bráth i n-éag?



Nó ar shocruigh sibh fé rún go daingean
Í bheith ar marthain buan,
'S í líonadh arís tar Éirinn iathghluis,
Andeas, aniar 's adtuaidh?



Cad chuige só? nó cionnus eile?
Nó an bhfaigheam fé dheire a maith?
Feallsamhain ag troid 's an deamhan ag sáthadh
An tseóid is feárr 'nbhur nglaic!



Socaruighidh 'nbhur gcroidhthibh féinig
Go mbeidh an Ghaedhilg beó,
'S níl cómhacht ar domhan do sciobfadh uaibhse
An teanga is dual dbhur bpór.


L. 2


ROSC CATHA DO GHAEDHLAIBH.



Gluaisidh go huasal, a Ghaedhla,
Caithidh uaibh pléidh agus clampur!
Gluaisidh, is suas leis an nGaedhilg,
Go dtagaidh sí saor ó amhgur!
Gluaisidh ar guaillibh a chéile,
Agus leagaidh na géaga galldha
Gluaisidh is buadh lenbhur saothar
Don teangain um fhéil na samhna.



Cuardach is cnuasach is éileamh,
Is glacadh le sméide ceannsa
Ní muar san do chuallacht na Gaedhilge
Is bheith beannachtach buidheach gan amhrus
Le suairceas a ruaidhphinginn bréagaidh
Ón scafaire Ghaedheal ar gannchuid,
Acht puathais nach dual dó bheith déarcach,
Bata ar a thaobh dó 's pleangcaidh!



Gluaisidh a shluaighte na Gaedhilge,
Bhur n-aigne ar strae ná mealltar;
Fuasclaidh ar stuaire atá i ngéibhinn
'S ná mairfidh gan deine bhur n-annsacht
Buailimís cluain ar na cléchoin
Go bpreabfaid de léim le scannradh;
'S níor thruagh linn an ruaig ar an dtréad soin
Tar fairrge um fhéil na samhna.


L. 3


MISNEAC.



Preabaidh feasta a chlanna Gaedheal,
A aicme d'fhuiling peannaid géar;
Fada anois go meathta an tréad
Bhí aibidh cliste i gcomhlann!
Glacaidh misneach daingean cléibh;
Seachanaidh an gallabhéas;
Dar an bpost, sin breacadh an lae
I dtaisteal chughainn go módhmhar.



Caithfam deocha is dramanna uainn,
Taithighe tighthe leanna ar cuaird -
Beart d'fhúig sinn abhfad i nguais,
Treascartha gan treóir chirt.
Glacaidh misneach, agus rl.



Leathaimís i bhfearann Lughaidh
Fearamhlacht is cleasa lúith,
Measardhacht is greantacht chlú
Bhanba 's a slóighte.
Glacaidh misneach, agus rl.



Seasaimís go neartmhar tréan;
Labhraimís ár dteanga féin;
Tuillimís an rath 's an séan
D'fhagháil ó Rígh na glóire.
Glacaidh misneach, agus rl.


L. 4


Éire bun is barra an scéil;
Iarrann sise searc gach n-aon;
Ca bhfuil cion is meas na nGaedheal?
Fairidh! Bídh go beódha!
Glacaidh misneach, agus rl.


L. 5


NÍ NEART GO CUR LE CHÉILE.



Díoghbháil Éireann claon n-a cloinn:
iad le gach intinn éadtroim;
óir an t-am n-a luighid lé
's ann nach cuirid le chéile.



Minic do bhí Éire ard
i mbéalaibh saoirse is sochard,
í gan spleadh le héinneach as
is fear dréimeach ré a dóchas.



Nó gur éirigh trá dá tréad
a ngéarfhala 's a ngnáithéad,
thug a clár fá léan go lom
's an séan ar ál na n-eachtronn.



Fóir don Phápa ní dream dil;
tuilleadh 's ní charaid Cailbhin;
dá ngleoágh fholamh gur fhan
Seoán odhar ar uachtar.



Cuid aca toghaid Toraigh;
tuilleadh leanaid Liobhrolaigh;
's is biodhbhaidh fá mháchail mé
lem bráthair d'fhiodhbhaidh eile.


L. 6


Agso béas mo shlógh shreathas,
réim tar cóir ag cúigeachas;
grádh carthonnach dá chéile
bhus anchobhrach d'Fhinnéire.



Leansa do thuairim 'sdo thoil
a chaomhthaigh i gcúis chrábhoidh,
acht an foghnamh as dual dí
foghbhadh an cuan ar gcingi.



Cogadh bréige na dtreabh thall
ná cuireadh sibh ar seachmall;
féachain do leas Bhanbha abháin
is feas gurb amhra an fhuráil.



Do chuala mar tharla thoir
forbhas cogaidh um chathroigh;
fóir a gillfhear, duigh dhoilbhe,
luidh do chinneadh chomhoirle.



Lucht ceirde a n-áireamh uile
anuas go haoi an aonduine;
iad badh fachnach conn tar céad
dfhonn na cathrach do choimhéad.



Do ráidh an saor cloiche cuir:
"Cairrge as mhianach do mhúruibh."
"Éist," ar an gréasuidhe glan
"mar is léasaighe an leathar."


L. 7


Mar sin dóibh, is diaidh ar ndiaidh,
locadh cabhair ar choimhghliaidh,
an námh go ráinig isteach,
dá dtáinig ár na n-éigseach.



An chathair sin Fodhla Fáil;
forbhus uimpi ag sluagh Seaáin;
na cearda a fiarthuir phobuil,
um bhriathraibh nach buanchoguidh.



A fhóir Éireann, aire dhúibh,
scaoilidh dhíbh bhur n-éill n-iomthnúidh;
drong le glór béil séanaidh sonn;
mun stór réil éaraidh eachtronn.



Carthar ós neoch Banbha bheannach;
féachtar d'ilghné Éireannach;
fulang síor le cionta gcáigh
is mionca as díon ó dhíoghbháil.



D.Í.O.GH.BH.Á.I.L.


L. 8


DÓCHAS.



Tá glaodh agus gártha ó árdaibh sléibhe
Ó bhántaibh féir 's ó ghaorthaíbh ceóidh
Ag clannaibh ársa láidre Gaedheal,
'S ní f'láir sa scléip sin éisteacht leó.



'Sí Éire mhánla máthair ghlé
Na ndámh na naomh na laoch na n-ógh,
Agus fáisceam lámha le cáirdeas cléibh
Gan stánadh lae dá caomhnadh cóir.



Tá gasra bhreágh sa bheárna bhaoghail
Ag claoidhe go géar le hÉirinn óig,
Buidhean thug grádh dá háilleacht gné,
Dá teangain léighinn, dá gléireacht nós.
'Sí Éire mhánla, agus rl.



Cia deir gurab ál gan tábhacht na Gaedhil?
Cia deir go staonfaidh éinne i ngleó?
Cia deir ná fáiscfam báire an tséin
Go deire an lae ar son Éireann óighe?
'Sí Éire mhánla, agus rl.



Ní gheóbham i bpáirt lucht ráig is bréag,
Ná an dream do thaobhuigh craos an óil,
Do shaothróghadh cáim dá Máthair féin
'S do thabhrfadh béim ar Ghaedhil go deó.
'Sí Éire mhánla, agus rl.


L. 9


A Ghaedhla fáiscidh, fáiscidh tréan!
Is gabham le chéile an raon so romhainn
Beidh Éire oileánach slán fé shéan -
I neart na ngéag linn féin tá dóth!
'Sí Éire mhánla, agus rl.


L. 10


A GHASRA BHREÁGH.



Fonn: vive la.



A ghasra bhreágh so 'en Tálfhuil mhuair
Ar scaipeadh scáinte ó Chlár gheal Thua'mhan
Seadh tógaidh gártha páirte ar luas
Don táin fé bhuairt i n-iathaibh Eóghain.
Is fada sinne, slógh na mbuadh,
Ag braith ar filleadh i gcóir 's i bhfuaim
Chun galladhronga cróna an chruais
Do chur a tuathaibh Bhriain go deó.



Dia go deó le slógh na nGaedheal
Dia go deó le comhacht a lámh
Dia dhár seóladh i gcóir an lae
'Mun Bhrianach chródha ar Éirinn bháin.



Is cuimhin linn tnáthadh ár ndúithche glé -
A cnaoi 's a cás 's a brúghadh age béir;
'S na buidheanta b'áille i gcumhangrach géar
Thar sáile i gcéin gach bliadhain fé sheól.
Acht gabhaidh misneach! músclaidh féin!
Is fairidh linne lonnradh an lae
N-a gcasfam uile i bhfonn 's i bhfaobhar
Ar chríochaibh Gaedheal fén mBrianach mór!
Dia go deó, agus rl.


L. 11


Sé deir an sáirfear saor gan chluain:
"Beidh deireadh lá le réim na nduairc -
'S ní theipfid táinte tréana Thuamhan
I mbaoghal na ruag ná i ngliadhthaibh slógh!"
Tá an seanasmior san laoch ar luadhail,
Don tSacsantruip ba léir a luas
Is leanfaimíd go héag, dar Duach,
An raon go buadhach i ndiaidh ár leóghain!
Dia go deó, agus rl.


L. 12


SEÓDA NA hÉIREANN.



Aoibhinn rith ar bhántaibh Éireann
Lá breágh gréine buidhe;
Leóithne aniar ag tiaghacht go héadtrom
'S í ag bogadh géag gach croinn;
Guth fuiseóige - ceól n-a thréantshruth -
It chluais ón spéir go binn,
'S an dreóilín teasbaigh aibidh aerach
Ag labhairt sa bhféar gan suim.



Aoibhinn tigh i ngleann i nÉirinn
Mar a dtagaid céadta ar cuaird;
Mar a mbíonn roimh chách gealfháilte is féile,
'S do bhochtaibh Dé ghil duais;
Mar a bhfaghtar géimreach bó sa ghaorthadh;
Mar a gcloistear méidhleach uan;
Mar a bhfeictear tighthe snuidhte saethe,
Agus iothla mhéith fé chnuas.



Aoibhinn bantracht mhodhmhail na hÉireann,
Do rug an chraobh ó chách
Ar mhaise ghnaoi 's ar chaoine tréithe,
'S ar uaisleacht mhéinn gan cháim.
An t-othar luighe bhíonn cnaoidhte taomach
Is geárr uaidh faesiomh d'fhagháil,
Fá fhreastal fhíor ag mnaoi de Ghaedhlaibh
'S a guidhe chun Dé n-a pháirt.


L. 13


Faire chughaibhse a laochra Éireann,
Bhur mbuadh ná tréigidh tráth;
Gabhaidh i seilbh bánta féir ghluis
Bhur nInis Éilge ar áis;
A tighthe caomha uaibh ná léigidh
Le dream nach Gaedhlach cáil;
Is déinidh cosaint ceart is caomhnadh
Dbhur mbantracht féin go bhás.


L. 14


CEÓL NA PÍBE.



Suairc an ceól le croidhe gach éinne -
Uasal óg nó íseal aosta,
Suairc fé dhó le buidhean de Ghaedhlaibh
Ceól is réim na píbe.
Árd a glór, má's áil leat é,
Sámh nó i gcóir go breágh bog réidh;
Áis dá sórd is feárr chun aéir -
Grádh mo chléibh an phíb seo.



Chuala ar chóisir í go héascaidh
'S sluaighte óga ag ringce céimeann,
Suairceas leó agus aoibhneas aerach,
Spórt is scléip gan chinnteacht;
D'fhan ar siubhal go breacadh an lae,
'S tuirse bonn níor theangmhaig d'aon,
Tuilleadh fonn de bharra a mhéar
Thabhrfadh réic na píbe.



Gluaiseacht fear i láthair éirligh,
Tuar chun catha ar lár an laochuis,
Suan do leanbh, báidh le béith ghil,
Áis chun dréacht a shíneadh,
Fuadar each ar bhántaibh réidhe,
Tuargain aicme iomána ar faobhar,
Duanta canta bláthscor éan -
Buadh agus réim na píbe.


L. 15


NUAIR BHÍODAR GAEDHIL.



Fonn: Máirseáil na nIománuidhthe.



Nuair bhíodar Gaedhil i bhFódla bháin
Go síoch fá réim i gcómhacht an stáit,
Ba chruinn a spéis i gcródhacht lámh;
Is gníomhartha a laoch ba mhór le rádh.
Táid Gaedhil ann fós d'éis tóra is áir,
Is féith na cródhacht fós ar fagháil,
Táid laochra fóghanta ar fhóirnibh Fáil
A dhéanfadh gleó ar son Fódla amháin.



Ba mhaith an sás ag saothrughadh buadh
An ghlac le tábhacht 's an léim ar luas;
I gcleasaibh áille Gaedheal go buan
Is fearra atáid na tréithe luadhaim.
Táid Gaedhil ann fós, agus rl.



Go mairimíd an glaodhach ós árd
Ar fhearaibh groidhe age Éirinn bháin;
Raghaidh dafhichid míle Gaedheal dá grádh
Isteach sa bhruighin ag pléidhe n-a páirt.
Táid Gaedhil ann fós, agus rl.



Is féacham romhainn, tá an báire ar siubhal,
I n-aghaidh 'n lae chun fód ár Máthar diúil;
Tá an chraobh don tslógh léi is áille clú,
'S is tréine dóirne is cnámha is lúth.
Táid Gaedhil ann fós, agus rl.


L. 16


TURUS AR EÓCHAILL.



Eóchaill baile de bhailtibh na hÉireann,
A leathtaobh gallda 's a leathtaobh Gaedhlach;
Acht ní fheicfar meas ná bail ná séan air
Go mbeidh gach ceann de n-a phlannda ó Éirinn.



Do chonnac gasra chalma i n-éide ann,
Iománuidhthe soghrádhcha séimhe,
Do ringcfeadh puirt go cliste ar mhéis duit,
Nó a shiubhlóghadh post let chois go gléasta.



A bhuinneáin an chamáin, an chraobh dhuit!
Is breágh lem chroidhe ar do ghníomh do fhéachaint,
Ní hionann is goithí buicín an Bhéarla,
Lena dhórnán maidí 's a bhaitín bréagach.



Chonnac ann saghas nár mheidhir 's nár mhéinn
liom,
Seicidiúirí cumhnga caola,
Spící stiucaithe i gculaidhthibh éadaigh,
'S go leaghfadh anachioth fearthainne 'en tsaoghal
iad.


L. 17


Bhíodar san ar mire ag scréachaigh
Go huallach glórach - cóip gan bhéasa;
Is gnáth na haibhne doimhne maordha,
Is fuaim is cliotar ag uisce lag éadtrom.



Do chonnac, dar m'fhallaing, ann anachuid
béithe,
Feidhliocáin sceinnte lá gréine,
Gan suim aca i nídh ar an saoghal so
Acht gúnaí is hataí is callaí néata.



Mo thruagh go bráth fear grádhach de Ghaedhlaibh
I gcuing le muirinn den bhfuirinn seo
léighimse;
Bheadh druinn air thiar is fiaradh ar a éadan,
A bhiadh gan bheirbheadh, 's a pheiliúir gan
féachaint.



Do chonnac ann scata de ghaithleannaibh séimhe
Ba chiúin tais banamhail mallaruisc maordha,
Go raibh aigne sásta is grásta Dé aca,
'S gur bh'fhonn leó dícheall críche a dhéanamh.



Sin iad an dream, dar leam, nár thaobhuigh
Baois ná uabhar ná uan an éithigh,
Cogar na cluaine i gcluais na féile,
Ná dul thar ceart i bhfaision éadaigh.


L. 18


A Eóchaill na long, is iongnadh an tsaoghail
liom
Méid do cheana ar an Sasanach craosach;
Acht geóbhaidh sa cheann ort rabhta ó Ghaedhlaibh,
A bháithfidh fút thíos súd fí'n dtréanmhuir.



Cloisim an coire atá ag fiuchaidh 's ag
spréachaigh
Leathstiar det dhrom, a phrannsach phéacach;
Tiocfaidh an tuile ort gan chuireadh lá éigin;
Dé n-a beatha, 's go nglanaidh go préimh thu.


L. 19


AN BÁIRE.



Fonn: Port máirseála Bhriain Bhóroimhe.



Táid gártha go pras sa ghaorthadh so anois
'S na táinte uile fear go saothrach ag rith
Féach Pádraig Ó hAirt n-a léine 's n-a chrios -
Nach ábalta an sás ar chamán é sin!
Tá an leathar ag sceinnt go meidhreach
meanmnach
Fada do raghadh dá bhfaghadh sí cead reatha
Casann le feidhm - fuair leadhb ón bhfaraire
Is calma lámh chum greasála aca.



Buille annso, suas a ghaibh, buille maith
brostuightheach,
Buille annsúd, buille glic, buille do
chorruigh í,
Buille thall, buille abhfus, buille i ngach
áit di
Fuirse ar an dtalamh dhi, clipeadh agus
sult.
Agus taitneamh na bhfáidhe an báire
cumusach -
Gasra lághach ar faithche na himeartha;
Cá bhfuil a bhárr le fagháil mar chluithche
agaibh?
Leanaidh go bráth den chamán mar sin.


L. 20


A Phádraig Uí Airt, ariú féach ortha so
Agus baothchuir ná beart ní dhéanfaid indiu,
A chába is a bhrat bain d'éagan aca
Á rádh leis bheith spás san rí-rá so linn;
Brisfimíd maidhm i n-aghaidh na n-eachtrannach
Cuirfimíd faghairt n-a radharc ar machaire
Priocfam is leadhbfam cladhaire Sasanaigh -
Fairidh an lá is bíodh camáin agaibh.
Buille annso, agus rl.



Beidh dásacht is cnead beidh séide agus rith
Sa láthair seo seal go dtraochtar na fir;
Nach breágh bheith i measc na féinne mar seo
Agus báire gan tlás dá chongbháil aca
Acht stadfar gan maill is raghfar tamall beag
Mar a bhfuil Meadhbh is Sadhbh is scata ban,
Preabfar n-a bhfeighil ag ringce gealaphuirt -
Geallaim gur feárrde an t-iománuidhe san.
Buille annso, agus rl.


L. 21


MICHEÁL CÍOSÓG.



Rosc beag caointe ar bhás Mhichíl Cíosóg,
Seanfhundúir Chumann na nGaedhlchleas, do
cailleadh i Mí na Nodlag, 1906.



Beannacht Dé let anam, a Mhichíl Cíosóg.
Is iomdhó croidhe fé chumhaidh, agus is iomdhó
súil ag sileadh deór it dhiaidh ar fuid Gaedh-
ltacht na hÉireann indiu. Táid tréinfhir na
nGaedheal go deacrach, gan luadhail n-a
ngéagaibh, gan tapa, gan acmhuing, gan bhrígh
nirt. Agus táid bantracht dílis na hÉireann
at chaoineadh go deargruisc, agus ag stathadh
a gcod' gruaige le corp anaithe is uaignis
det bhárr.



Agus ní hiongnadh go mbíd siad amhlaidh;
mar Gaedheal a Gaedhlaibh a b'eadh thusa. Do
scagadh do chrú a caise d'fhuil Gaedheal is
Gall; caise go bhfuarthas a fhuinse agus a
fhíorthosach ar chliathánaibh bánchnoc Bhoirne
Bhriain; caise do bhrúcht it chuislinnse mar do
bhrúctfadh tuile sléibhe thar maoilinnibh agus thar
gleanntaibh, go dtí go raghadh n-a rabharta
trí Éirinn go léir ghá glanadh; agus caise do
scuabfaidh a fearannaibh Bhriain an t-iasacht is


L. 22


an ghalldacht dfhonn athnódhchant ar scéimh
scotháluinn ar dtailimh bhig dhúthcais.



Gaedheal na nGaedheal a b'eadh thu. Ba thu a
gceann comhairle agus a bhfál i n-aghaidh lucht
na feallsamhnacht bréige. Ba thu a dtaca chun
seasaimh lá an ghleóidh. Ba thu a bpeann 's a
lann. Ba thu a ngleann 's a raibh ann. Ba
thu a gcleite ómrach is a n-adharc comhlainn.
Ba thu a ngadhar luirg is a ngroidheach cogaidh;
a dtarbh tána is a seabhac chun sáithte; a gCú
Chulainn is a gConall Ceárnach; a nGoll mac
Móirne is a nOscar árach; a Manannán mac
Lir is a Lugha Lámhfhada.



Togha agus rogha na nGaedheal do b'eadh thu.
Ba thu ba ghaedhlaighe is ba shéimhidhe is ba
thréithighe ar Ghaedhlaibh. Ba thu ba cheann-
Ghaedheal agus ba cheannmhaor ar Ghaedhlaibh.
Ba ghaedhlaighde na Gaedhil thu bheith ortha; agus
is céim síos ar a séimhbhuidhin do chailleamhaint
Ba bhreágh leat na Gaedhil. Ba bhreágh leat an
Ghaedhilg. Níor chaillis riamh ar Ghaedheal. Níor
fheallais riamh ar Ghaedheal. Níor chuiris cluain
ar Ghaedheal, ná níor chuiris bréag ar Ghaedheal.
Beannacht Dé leat go Flaithis an Éinmhic.



Dia let anam, a mharcaigh na mbánglac;
Dia let anam go dtagair san Árus;
Dia let anam is Peadair na páirte,
Colm na Cille agus Beinin is Pádraig.


L. 23


Bíodh ar mh'fhallaing gur bh'fhear thu ná stánfadh
Roimh phiarda dhanair i ngleacaibh an áithis;
Badh bheag ort a bhladar 's a chleasa 's a
gháitse,
'S a phriocaireacht chricit cois bhuicit na
hádhbhachta.



Tháinig chun baile dhuit acmhuing is árdneart.
Téagar cuisleann is fuinneamh nár bh'fháltha,
Scóp is soineantacht, siosma le fáidhibh,
Is fuath is mioscais don bhfuirinn thar sáile



Minic a chonnac amuigh ar an bPáirc thu,
Is do ghreim go daingean i mbarra chamáin ghil,
Ag brostú fuirinne i n-imirt iomána
'S ag traochadh scata fear greanta sa bháire.



Acht ó chuadhais i dtaisteal ar chathair an
Árdmhic,
'S gur fhágais scaithte fir Bhanba it dheáidhse,
Dia na n-aingeal at ghairm n-a láthair
Ó bhuartha an tailimh go Parrathas. Ámen.


L. 24


BAILE AN GHIÚIRLE.



Fonn: "Caiseal Mumhan."



I mBaile an Ghiúirle seadh do chonnac an
iongnadh,
Arsa Seán Ó hAodha:
An ghasra mhúinte bhí ar árdchruinniughadh ann,
'S ba dhána a gcéim;
Bhí sagart súlghlas in' fhear mhaith stiúire ann,
'S ba bhreágh do ghlaéidh
Ar fhearaibh Mumhan so chun teacht i gcongnamh
Do Ghráinne Mhaéil.



"A fheara Mumhan," arsa an sagart clúmhail
sin,
"Táid bláth na nGaedheal
'N-a gceathaibh dubha ag imteacht thar tonnthaibh
Chun fáin i gcéin;
Is cia tá cionntach sa scaipeadh chumhadh san
A háitreibh Chéin?
Nó cadé an úrluibh badh leigheas don phúdhair
seo
Ar Ghráinne Mhaéil?



Cia tá cionntach? Tá mise is túsa,
'S is nár dúinn é,
Ná gabhaimíd chughainne na hearraidhe dúthchais
Atá n-ár ngaor,


L. 25


Acht ag rith le fústar ag ceannach úirlis
Den ádhbhar bhréan
Nach fios dar liúmsa cad as gur thúirling
Chun Gráinne Mhaol.



A mhná na múirne, gabhaidh páirt go humhal liom
Sa chás so an tsaoghail;
Den déantús dúthchais bíodh adhbhar an ghúna,
'S an snáth dhá réir;
Ná caithidh únsa dá ndeárna allmhúrach,
Dá áilleacht é;
Acht bíodh ár bpúntna ag sírrith cúrsa
Do Ghráinne Mhaéil."



An chainnt a mhúscail an sagart fiúntach,
Arsa Seán Ó hAodha,
Níor mhiste liúmsa fir na Mumhan so
'S a mná go léir
Gá glacadh chúcha mar theagasc múinte
Sa tsráid nuair théighid;
'Sé an rud is túisce do chuirfeadh gnúis suilt
Ar Ghráinne Mhaéil.


L. 26


SOINÉID D'ÉIREANNCHAIBH.



I gcríochaibh Fódhla chóirigh Ceárd na ndúl
Dhá phór, le spás nach gnáth go dlúth mar aon;
De dhruim a sceóil nach eól don fháidh le rún
Cá slógh aca dfhás ón láir is clúmhla céim.



Deir druing go seóltar fóir an Phápa amugha;
Agus fós deir táin nach áil leó liútar méith;
"Ní maoir ar ghnó go mórdhaigh d'ál thar
srúill!"
"Ní cródhaigh áir go bláthscor d'úrfhuil
Ghaedhil!"



A bhuidheanaigh ó, ní gheóbhairse i bpáirt leó
súd;
Féach rómhat le grádh dhon chlár so is úire
féar,
'S le lán do shúl a scrúdadh déin go
beacht.
Ní maoidheamh a "Bóinn" ná gleóis um ádhbhar
chrú
Ná glórtha fáin is sás ar dtúrnadh i séan,
Acht bráithreas, congnamh dúla is éantoil
fear.


L. 27


SÉANADH AN ÓLACHÁIN.



A Ghaedhla Fódla an áthais,
A phréamh ba chródha i mbeárnain
'S ba naomhtha nós is crábhadh
Thar slóightibh áille an domhain,
Is claon a bhreódhann 's a thnáthann
An phéist seo an ólacháin sibh;
Ó déinidh comhairle is stánaidh,
Leóinidh lámh an lobhair.



Is tréan bhur nglór ag cásamh
Gach léirscrios slóigh dá ndeárnaidh
An béar 's an cró is an báille
Fé fhódaibh ársa Mhogha,
Acht féach gur mór le háireamh
Na réadhbhruigh chóra d'fhágaibh
An craos dubh óil gan scáth tuir
Dóighte cáithte lom.



Isé chuir óigfhir áille
Gan réim gan sógh gan sláinte,
Agus béithe mórdha mánla
Go deórach tláth gan teann;
Do scéidh sé feódh agus pláigh dhubh
Tré ghéagaibh gleóidhte Fáil seo;
An t-aos beag óg 's an mháthair
Sheóil le fán go fann.


L. 28


Is géire an comhartha d'fhágann
An craos so an óil ar Chlár Luirc
Ná a dtéigheann dá fóirne cráidhte
Thar bóchna is náire ghabhann,
A méinn 's a ndóchas scáinte,
Maraon 's a ngnó chun fásaigh;
'S a Dhé dhil fóir ar gcásna,
Deónuigh tráth ár gcabhair.


L. 29


BUINNEÁN BOG.



A bhuinneáin bhuig gluis bhreágh so ar dhrom
chlaidhe teórann,
It luibh fásta chionnáird seadh shamhluighir fós
dam;
Goid spás ó dheasláimh an Teannríogh chomhach-
taigh
Is beir lá go bhfios chách it chrann fuinnseóige.



Is cianárd ar chliathán mhaith do mhaimín
mhódhmhraigh
Chuir Dia láidir ag fialfhás tú it chaiscín chnó
bheag;
Tháinig sciardán aniar 'n-áirde agus bhear-
tuighis glóiseacht,
Gur thug triall gnáith do sciathán tú ar teasc
fí'n bhfód so.



Ní tighearna tailimh ná preabaire feirmeóra
Do smaoin tú cheannach ar mhaithe le cuireadói-
reacht;
Bíodh do bhathas gan anachuid duille flóis air
Nó chífar rascail at stathadh dfhonn cleithe
dóide!


L. 30


Is fíor gur danaid é i bhfearannaibh críoch
Fódhla
Lucht fuinn do threabhadh go seachnaid fuinn-
seóga,
An tír n-a machaire dealbh, 's gach claidhe
teórann
Fé chríonlach aitinn is daracha ar díth córach.



A Rí na bhflaitheas, nach d'araidshliocht Gaedheal
thar cách
An tír seo an cheana do cheapais go téacht don
bhráth?
A maoile is mairg, ó's dearbh go ngréasann
táin
An nídh ina dtaiscithear taitneamh a gcléibh 's
a bpáirt.



Ar Ghaedhlaibh na hÉireann so guidhim,
screadaim,
Céibhfionn na féile atá i bhfíoreasnamh
Do ghléasadh go péacach i ndíonbhrataibh
Ó mhéireanna a réadhchos go dtí a bathas.


L. 31


FOIDHNE.



A ghiolla úd thall na mbriathar mblasta
Bíodh gur canta chanair dán,
Fearra dhuit an fhoidhne a cheapadh -
Dá fhaid oidhche tagann lá.



Ráig is bruid is deabhadh geimhridh
Seachain choidhche iad 's a sórd;
Bónapeart dá mhéid do mhachtnaimh,
Féach gur cailleadh air fé dheóidh.



Fóill, ní bhfuighir na sléibhte a chrothadh;
Déin do chion go socair slán;
Mura dtig do dhíol de shochar
Tuillfir moladh ó Rígh na nGrás.



Deacair teacht ar dhuine aonair
'S a chur ag déanamh leasa Fáil;
Cá bhfuighir an tréad neamhshuime chasadh?
Claoidh le haon is fanadh táin.



Beir ar neach gan aois is cóirigh,
Mol an óige is druidfidh leat;
An tslat nuair ghabhann cruas na haoise
Deacair duit í shníomh n-a gad.



Leór ó laoch i ndálaibh Éireann
Iompódh bráthar Gaedhil amháin;
Seachain feasta an iomad bruide -
Leog don tsíol san ithir fás.


L. 32


GUTH NA NGAEDHEAL.



Éistidh liom a chlann mo chléibh,
Do chuala scéal ó bhéal gan chealg,
Is b'fhonn liom sibh ghá chur do mheabhair -
Ní'l treibh ar domhan nár bhreágh leó a shamhail.



Oidhche dá raibh Pádraig Naomh
I measc a ghaolta i bhféarghort Bhreatan,
Sara bhfuair sé an cuireadh ó Dhia
Chun bheith i dtriall i n-iathaibh eachtrann,



Chonnaic sé an duine i bpearsain ghlé
Aniar ag téacht ó Éirinn mhaisigh -
Bhictoraig 's a ghnúis mar ghréin -
Féna dhéin, 's is séimh dó a bheannuigh.



Bhí ag an aingeal beart teann árd
De leitreachaibh dob áille aitheasc;
Rug sé ar cheann, is shín n-a láimh
Go ciúin tais lághach é chun mhic Calphruin.



D'oscail Pádraig í go réidh
Go bhfaigheadh sé fios gach scéil dar aithris;
Do bhraith sé ar dtúis a teideal saor,
'S gur Guth na nGaedheal bhí uirthi mar ainm.


L. 33


Do chrom sé annsan ar í a léigheamh,
Is do chuala an glaodhach n-a ghaor ag
tarraing,
Glór na mílte leanbh é -
'S do chrith an spéir le déine a screada.



"Tair chughainn, tair chughainn!" adeiridís,
"A ógáin naoimh, ná diúltuigh taisteal;
Is fada linn go dtighir ár dtreó,
'S go siubhlair fós gan ghó n-ár meascna."



D'aithin Pádraig fuaim a nglóir -
Is dó dob eól a nGaedhilg ghreanta;
B'in guth na nGaedheal ghá ghlaodhach air tigheacht
Is bréithre Chríost don bhuidhin do theagasc.



De gheit do mhúscail sé as a shuan,
Do phreab sé suas - cár ghaibh an t-aingeal?
Annsan seadh thuig sé an cuireadh a fuair
Is fuaim an ghlóir n-a chluais ag damhas.



Guidhmíd ort, a Phádraig Naomh,
Ar Ghuth na nGaedheal tré rún do fhreagair,
Bheith fós do chlannaibh Bhanba it stiúir
'S it eadarghuidheach i gcúirt na bFlaitheas.


L. 34


AN SAMHRADH SÁMH.



Grádh mo chléibh an mhaidean tsamhraidh,
Breacadh an laé go modhmhail ag fás,
Íoghair na gréine aníos ag sleamhnú
Thar an gcnoc 's í ag damhas go hárd.



Bobaró ariú an mhaidean tsamhraidh,
Bobaró ariú an samhradh sámh!
Bobaró ariú an mhaidean tsamhraidh,
Molaimís an samhradh sámh!



Preab it shuidhe! Bí mear a rúin ghil!
Tréig do leabaidh, siubhail ort spás;
Táid na héin sa choill n-a ndúiseacht;
Eirigh, féach an drúcht fén mbán!
Bobaró ariú, agus rl.



Cloisfam guth na cuaiche ón mbile,
Cloisfam fuaim an uisce thláith,
Cloisfam luin is smólaigh bhreaca,
Ba sa chlós is beacha bláith.
Bobaró ariú, agus rl.



Féach an ghrian thar tír ag taitneamh,
Féach an spéir gan scamall smáil;
Preab it shuidhe! Ná fan it chodladh!
Moladh tabhair do Rígh na ngrás!
Bobaró ariú, agus rl.


L. 35


SIUBHAL COIS SROTHA.



Ní féidir gan léimreach 's a bhuige atá an fód;
Ní féidir gan phléireacht 's an ghluise ar an
bhfeór;
Ní thréigfinnse m'aeridheacht, go minic sa ló,
Ar a saothruighid de shaoghltacht lucht cruin-
nighthe stóir.



Táid gaethe na gréine le mire thar meadhón
Ag spréachaidh go néata as an sruthair bhig
cóir,
'S an chaoltuile ag sméide n-a siosarnaigh
gleóis
Mar bheadh bé mhilis aerach le soilbhreacht ceóil.



Is séiseach ar ghéig atá lon an ghuib óir,
'S an chéirseach ag éisteacht sa bhfuithin ar sógh,
Scaodh druid sa ghaorthadh go briosc ag bocóid,
Is sa spéir go gobéascaidh is clos dam
fuiseóg.



An traoghna sa bhféarghort chun folaigh do ghlóis
Mar a scéidheann sí, 's gan staonadh uirthi,
bobaireacht bhróin;
Bíonn taobh liom 's i gcéin uaim gan stop ar
a scóig;
'S do bhéarfainn leabhar Aonghuis ná scuirfidh
dá spórt.


L. 36


Tá céad beach go saothrach ag cur lena gcnós,
Ón ngléscoth go chéile gan tuirse as a ngnó;
Is gléire an lae ghléigil ón bhfirmimint mhóir
Ag gléasadh ar an saogal n-a ghile is n-a nódh.



A laogh ghil na n-ae ionnam, tar liomsa go
fóill;
Ná taobhuigh thu bhréagadh i measc iomad na
slógh;
Tá an traoghna 's an chéirseach 's an londubh i
gcóir
Ag glaodhach ort chun éisteacht go forusta leó.



Tréig an bhálcaereacht i gconair na gcóip,
Tréig an brogh aolda agus ionad an óil,
Tréig na drochcaomhthaigh 's an imirt ar bórd,
Is téanamh ort tréimhse cois srotha ag
siubhlóid.


L. 37


CATHAIR NA LAOI.



Fonn: The Bowld Soldier Boy.



Ós i gcathair ghil na Laoi
Mar a mbíd scathmhairí
'Gus lucht reacaireachta is ghrinn
Idir oidhche agus ló,
'Seadh badh liom badh thaitneamhaighe,
Adamhuighim, seal a chlaoidhe,
Mar níor bh'annamh ann me roimhe seo
Go hintinneach sóghach.



Beir beannacht bheag óm chroidhe
Go dtí Cathair gheal Chorcaighe,
Is beir beannacht eile óm chroidhe
Go dtí Laoi na seól;
Agus beannacht eile óm chroidhe
Chun gach faraire le dílseacht
Go gcaithinn scaitheamh oidhche
Go haoibhinn n-a chomhair.



O ba shuairc a rithinn síos,
Maidin mhín, sara luigheadh
An scamall deataigh bhuidhe ort,
A Laoi seo na seód,


L. 38


De bhruach na Linne duibhe
Mar a mbíodh seanachoill,
Is ná stadfainnse dhen scríb sin
Go híochtar an Chóibh.



Beir beannacht bheag, agus rl.



Beidh an Gaedheal fé rath arís,
Is a dhlighe againn sa tír,
Is beidh Gaedhilg bhlasta ár sinsear
Ar síorchlos dar ndóigh;
Is ar theacht an tsoluis aoird
Cloisfimíd fir na Laoi,
'S iad ag saothar ar a ndícheall
'S ag claoidhe i dtosach fhóid.
Beir beannacht bheag, agus rl.


L. 39


LÁ SAMHRAIDH.



Táid na héin ag déanamh ceóil -
Iongnadh liom a ghleóidhte chanaid;
'S is olc an mhaise dham dar ndóigh
Bheith im thost 's an cór ag spreagadh.



Tá spéartha Dé gan scamall cheóidh,
Is teas na gréine ag scóladh an tailimh,
Na feidhleacáin i mbun a ngnó,
'S ní taise, a laogh, dhon dreóilín teasbaigh,



Gaoth fhionnfhuar anoir fé sheól
Le blas an tsáile ó bhórd na mara,
Agus bogcrónán an duilleabhair óig
Ar shiosma chóir an tsrotha á mheascadh.



Bíse ale, a fhir léighinn is eóil
Do shéan a chómhachta ar Cheárd na bhflaitheas;
An radharc so chím, 's a bhfaghaim de cheóil,
Do Dhia na glóire liomsa althuigh.


L. 40


SROTHÁN.



Gluais ort a shrotháin,
Gluais ort go síor,
Gluais ort go dtagair
Chun na fairrge thíos.



Mo ghile thu is corruigh ort,
Brostuigh ort síos;
Luathuigh fén droichead,
Ní'l cosc ar do shlighe.



Ná cuiridís corainn
Ná muilte thu amugha;
Is tu scaoileann a rothanna
Ag tochrais go dlúth.



Bíodh glór binn do ghothasa
Ar clos i n-aghaidh 'n lae,
Mar ghabhair tar mionchlocha
Idir phortaibh glaisfhéir.



Ó d'fhágair an tobar
I n-imeall an tsléibhe,
Do gháire ní theipeann
Go deireadh do ré.



Ar gháire is ar obair
Is sompla thu dhúinn;
Le chéile nuair ghabhaid
Tagann maitheas dá gcionn.


L. 41


TRÁTHNÓNA FOGHMHAIR.



Mo chion agus marthain ón leaingire leadráin
seo
Annso age bun scairte atá ag ceapadh 's ag
grafadh dánta
Don bhfuirinn ghobblasta úd i sceachaibh ag
amhrantacht,
Seinnidh bhur sailm go dtagann an tseanaláir
gheal.



Ar imeall na scairte ní fachtar acht feacadh
fánach -
Ar chorruigh ó mhaidin di chasfainn le smeach
anáile é.
Cromann an ghlasra a mbathas ar easbaidh
fleádhchuis
'S an brothal so raideann liom allus n-a caise
báidhte.



Tá Sol féna bhratacha ag taisteal na dearbh-
fhánadh,
A rothanna ag casadh agus lasadh n-a leacain
áluinn;
Tiocfaidh an ghealach i gceannus go leathan
láidir -
Bruinneal n-a reathaibh tré mhachaire malla-
bhlátha.


L. 42


Druidfidh an dearg thar aighthibh an mharcaigh
rábaigh,
Is lingfidh tré scamaill go talamh Uí Bhreasail
fá mhuir,
Rithfidh i dtaitheac an bharrfhionn so ag strapadh
i n-áirde
Is coiscfar an chaismirt i sceachaibh na
caidireála.



Ní thugaim fé ndeara sa bhaile seo ar stad n-a
ránga
Acht tumadh na lachan san abhainn bhig thana
láimh liom,
Fuirseadh leadhb leathair ar deabhadh idir
chrannaibh feárna
'S an connadh ghá chnagadh is ghá leagadh age
graithin fhásaigh.



A bhruinneal is aite ar na reannaibh a cheap an
Ceárd maith,
Soilbh liom th'amharc, ní stadair it anastáiribh;
Dá bhfeicfinn cead reatha dhá shamhail ag
fearaibh Fáil seo
Ar chonair a leasa, do chaithfinn mo hata i
n-áirde!


L. 43


Ní fuirist dam feasta na ranna so bhreacadh i
dtáith nuid
D'imthigh mo phreabaire marcaigh - chuir a each i
stábla;
Le solus na barrfhinne is deacair na fleasca
d'áireamh
Ní miste liom stad is bheith tarraing a-bhaile
láithreach.


L. 44


LONDUBH.



Lon ar chraoibh
do luigh ar chantain cheólshaoir;
moch do muscladh me dá fhaoidh
aoibh.



É 's é amuigh,
's mise im leastar san leabaidh;
geallaim dam féin aithris air -
cain?



Aoibhinn ann
a chéadal ceólbhras obann
ag tuidheacht chugam ón gcrann
thall.



Uch gan mé
im lon i ngaibhlibh géige,
go gcead duan i rith mo ré
glé!



Sheinfinn duain
badh leas dom Fhodhla fhionnfhuair,
's do bhéarfadh dá muinntir mhuaidh
buaidh.


L. 45


Mholfainn cáil,
cródhacht, oineach is onáir
drong 'gá raibh le fearann Fáil
báidh.



Ríomhfainn stair
fá éachtaibh amhra ar armaibh,
go mbeadh i meanmain a mair
gail.



Dícheall meóir
glacthar uaimse gan aimhdheóin;
ní duine me de chloinn cheóil
bheóil.



Ait an cor
nach faghaim ceart um chodladh;
rug mo chéill n-uaim, mór an modh,
lon.



L.O.N.



A luin úd thuas ar bhuaic géige,
Uch nach tualaing suain réidh me,
Nó a thuigsin uait cá duain éigse
A chuirfeadh snuadh ar shluagh Éilge.



Cloiseam uait i n-uaim éigse
An sioscadh suadh badh dhual Éireann;
Nó leig do ghruagach dhuaircmhéinne
Codladh is cnuasach nuaichéille.


L. 46


AN GARRAIDHE NEÁMHDHA.



Ragham ar stáir de bhárr na gcnoc
Ar chapall chothrom chóir,
Mar a mbíd na páirce is áille crut,
'S na héin gan sos ar cheól.



Geoch a chapaill, geoch, geoch,
Geoch a chapaill ó;
Ragham go tiugh de bhárr na gcnoc -
Is geoch a chapaill ó.



Ragham ar stáir gan fán ná a chúis
Fé dhéin chrann ubhall na gcomhacht,
Mar a bhfeicfimíd n-a luighe ar an ndrúcht
Na cáirne d'ubhlaibh óir.
Geoch a chapaill, agus rl.



Ragham thar íseal, ragham thar árd,
Is cloisfam gártha slógh,
Agus aibhne ag rith go sultmhar sámh
I ngarraidhe neámhdha an cheóil.
Geoch a chapaill, agus rl.


L. 47


SEOTHÍN



O, ragha mé féin
Ar aonach Mhalla,
'S ceannógha mé bréid
Dom laogh agus hata.



Seothín, seothó,
Seothó ariú, a leanbh;
Seothín, seothó,
Mo stór mo leanbh.



Is sníomhfad sróll
As ór na maidne
Dom naoidhin bhig óig
Mar róba is racaid.



Seothín, seothó, agus rl.



Is fighfead éill
De réir an fhaisinn
Don bhróigín chaol
Rug craobh na maise.
Seothín, seothó, agus rl.


L. 48


Dom buidheanaigh ó
Cóireógha mé leabaidh
Badh thuar chun flós
Na rós n-a leacain.
Seothín, seothó, agus rl.



I gcoill na gcnó
Tráthnóna um shamhain
Beidh fuighlach róinn
Den chnósach aibidh.
Seothín, seothó, agus rl.



Beidh ríghthe ón nGréig
Is laochra ón mBreatain
Go dian ag éad
Lem péarla cheannann.
Seothín, seothó, agus rl.


L. 49


AN BUACHAILL CAOL DUBH.



Do thugas céad searc don bhuachaill chaol dhubh
Ar fheabhus a mhéinne 's ar mhaise a shnóidh,
Dá dhá shúil ghléinneach' mar dhrúcht an fhéir
ghluis,
Dá dhá ghruadh néamhracha ar dhath an róis,
Dá chuachaibh néata mar chnuasach sméar dubh
Is gluaire ón ghréin ortha maidin fhoghmhair;
Acht b'é a chomhrádh béil sin sa teanga
Ghaedhilge
Do mheall thar aonrud mo ghean dá chlódh.



Ar fheis nó ar aonach ní fheicim éinne
Do 'neósadh scéal leis sa tseananós,
Do ringcfeadh tréanphuirt ar bhínse taobh leis,
Nó chasfadh dréacht leis i gceart an cheóil.
Agus deir gach aonfhear: "seo chughainn an
réice,
Beidh báire laochuis annso go fóill,"
Nuair is chúcha léimeann an buachaill caol dubh
'S a chamán gléasta n-a ghlaic chun spóirt.



Agus dubhairt sé féin liom de mhóid a bhéil ghil
Gur mise an t-aonbhean n-a thigh a gheóbhadh,
'S go mb'feárr leis mé aige gan feóirling
spré liom
'Ná toice an Bhéarla 's a cáirne 'en ór.


L. 50


'S a shiúr na n-ae ionnam, ná creidse ó éinne
Nach é an faision Gaedhlach is feárr mar
nós,
Mar isé do bhréagfadh an buachaill caol dubh
Is uaisle tréithe 's is gile meóin.


L. 51


A MHÁIRE A LAOGH.



A Mháire a laogh na gcraobhfholt n-óir,
A ghrádh na n-ae gan bhéim it chlódh,
Sin fáinne an lae go héascaidh cóir,
Le scéala an treó so ar stáir.



Siubhail, siubhail, siubhail, a stóir,
Siubhailse faram agus siubhail go deó;
Téanam liúmsa ag siubhal det dheóin,
A chúilfhionn óg 's a ghrádh.



Do b'fheárr liom féin ná céad long seóil,
'S ná táinte ar thaobh Chnoc Féidhlim leó,
Bheith spás i ngaor don chaomhghuth cheóil
Ót bhéal go gleóidhte i dtrácht.



Siubhail, siubhail, agus rl.



Táid Cáit is Méadhbh is Béibhionn chrón,
Lé ráithe im dhéidh, is Léan is Mór,
Bím cráidhte ón bplé gan ghéille 'on chóip,
'S a laogh liom, gheóbha mé bás.



Siubhail, siubhail, agus rl.



Ná fág fén bpéin seo mé dhom breódh,
Acht tárrthuigh mé 's bead buidheach lem ló;
A Mháire, a laogh, tabhair saoghal is snódh
Dhon éilightheóir seo it pháirt.



Siubhail, siubhail, agus rl.


L. 52


A BHÉ MHAISEACH.



A bhé mhaiseach ghlé ghartha is áille snódh
Scéalam fá scéimh aiste dána it chóir
Cadé bheir gan téagar na táinte treón
Is méise le haontuile ghrádh dhot chlódh.



Ní hé an craobhfholt breágh néamhrach fáinneach
flóis
Ná an t-éadan geal déarscnaite is mánla
módh
Na glédhearca réilteacha ar scáil an reóidh
Ná an béal blasta craorac gan smál gan
mhóid.



Ní hé a ghléire do fhéachann do bhrághaid istló
Ná do chaolchrobh gur mhéinn liom é fháscadh im
dhóid
Do mhéireanna a ghréaschuireann sása ar sróll
Ná do réidhchoisín éadtrom is g'lánta i
mbróig.



Do mhéinn mhaith do bhréithre is do gháire beóil
Do chaomhchruinneas céille is do cháthadh ceóil
Do dhaonnacht do ghéille is do chráibhtheacht nóis
Seadh do chlaochluigh mo chéadfhaidh 's do thráigh
dem dheóin.


L. 53


Do léirghearrais préimh agus bláth mo shnóidh
'S do ghéarchaithis saéghda trém lár dhom
dhóghadh
Do bhréagais do chaochais do bhádhais do
bhreódhais
Go haeibh me 's is baoghlach gur geárr mo
bheó.



Ní fhéachair fém dhéin is ní háil leat stródh
'S má fhéachaim ort claontar an sámhrosc óighe
'S go dtréigfinn réim Chaesair 's a ráinig dó
Ar sméide bheag éigin den gháire ót bheól.



Ní féidir go léigfir a ghrádh me 'om dhreoghadh
Ag an saobhfhuirse chléibh seo gach lá os do
chomhair;
Ó léanais, bí déarcach is tárrthuigh fós
A bhé mhaiseach ghlé ghartha is áille snódh.


L. 54


ÁINE AN GHLEANNA.



Cia bhíodh im páirt 's mé im leanbh?
Cia shíneadh lámh ar strapa?
Cia mhúscail sníomh
Im chroidhe dá gradh?
An fhaoileann, Áine an Ghleanna.



Cia bhíodh le ráidhte cneasta
Am ghríosadh i lár mo leasa?
'S i bpongcaibh baoighil
Cá díon do b'fheárr
'Ná mínghuth Áine an Ghleanna?



Tráth bhínn am chrádh 's i gceastaibh
Ag claoidhe le hÁireamh reaca,
Mar thrúig le scíth
Do thigheadh im dháil
Go míonla Áine an Ghleanna.



Mo shuim i nÁth na n-asal,
I gqui 's i gqua na Laidne,
'S i n-úirlisí
Lucht scríobhtha ar phár,
Ba ghnaoi le hÁine an Ghleanna.


L. 55


D'éis snaidhm na ngrás ón sagart
I dtíoghbhas go dtárla faram,
Mo chongnamh síor
'Dir oidhche is lá
B'eadh caoindriuch Áine an Ghleanna.



I n-íoc a ndeárna mhaitheas
Don naoidhe seo 'n dáimh do ghreannuigh,
Le dúthracht croidhe
'S le dílseacht ghrádh,
An laoidh seo d'Áine an Ghleanna.



Trí nídh dob áil liom, measaim:
Sa Ríoghbhrogh neámhdha m'anam,
Sliocht Niúil gan chíos,
'S ar thigheacht an bháis
Mo shíneadh d'Áine an Ghleanna.


L. 56


A CHÁIDHBHEAN.



A cháidhbhean sa chúil úd thall,
a ghruadhdath na gcaor gcárthann,
budh neart dom chódaibh an cor -
tógaibh do dhearc ót dheachtodh.



Ní fhoghain do dhuais ag dearc,
madh íseal é madh oirdhearc,
go dteipeann san dtoisc i dtá -
feiceam do roisc, a réadghla.



Má bhainim díot rinn mo rosc,
gan fhéachain uaim ar th'éagcosc,
chugam lingidh, ní chéal clios,
an sillidh ghéar a ganfhios.



Mise lem báirdeacht abhos -
adeir cách liom gur leamhos -
'sdo ghné ghealsa os cionn cairte,
mocheansa mionn malairte.



Athá fá'n mhalaigh mhaoithe
iomad brosnadh biorghaoithe;
a mhaoilse an éarla is annsa
scaoilse éangha oramsa.


L. 57


Uch nach mise an leabhar lán
atá i ngreim do dhá dheaghlámh,
duit dob eól ón inneach é -
sceól fá'n cimeach mo chroidhe.



Beag an ní sillidh na súl,
gé nochtann suim is searcrún;
ruaigidh feall a fódaibh bhfear;
tógaibh do cheann a cháidhbhean!



A.CH.Á.I.DH.BH.E.A.N.


L. 58


DO CHAITILÍN.



A chlanna Gaoidheal an aithnid díbh an bháb so
amuigh,
N-a hAnna Príor ag taisteal críoch don dáimh
n-a rith?
I bpratainn mhín go raidtear síos, gan ráfla
guib,
Ag Caitilín gach seanchaidheacht badh shámh le
clos.



Adamhuighim gur theangmhaig línn an mhánla
shoin,
'S nach maith mhothuighim an seanachroidhe n-a
deáidh ó shoin!
An chreathadghail im ballaibh thríom do thárla
abhfus
Ag Caitilín ghá mheas gur dílleacht dána me!



Don ainnir chaoin sin gheallas laoi do tháthadh
i bprint,
'S mo leagadh i líonruith a chasadh i gcrích ní
dáiltear dam,
Is maith aithnighim gurb anarighin atáid indiu
An scata síodha ón abhainn draoidheachta
b'ádhbhar dam.


L. 59


Acht dá gcaillimísna searc na saoithe is gnáth
ár mbun,
'S go leagaithí tur balbh sínn gan ráidhte suilt,
Ní chasfaimís a-bhaile arís gan dán ar bith
Caitilín, 's go maire sí mo sholáthar dhi.


L. 60


AN FILE SA DROICHSHÍN.



Siubhal oidhche is bóthar bog
ní maith do chumadh chomhad;
cos má chuire fá linn fhlich
ní binn do thuile tinfith!



Oidhche dhorcha, cosán caol,
fead gaoithe de rinn rochraobh -
sin gidh dú fá Bhanbha bháin,
ní tú den adhbha as iondáin



Gabham sos fá'n tuighe istoigh;
fanam go ló 'n-ár láthoir;
le gréimdh, tríonn contibhe,
bíom le déinimh deibhidhe.


L. 61


IMTHEACHT NA "SPRIDÍ."



Fonn: "Rye tooral allay."



Cáit Ní Uallacháin Loquitur:



My childher in Dublin, ach leog dham a laogh
Is baoghlach go bhfuilid gan pioc ar bith chéill:
Th' ould hill of Parnassus is searbh leó é
Seoch spridí agus scamaill raidhcs fal do
deagh lé!



Raidhcs fal do deagh, agus rl.



When I was a girrseach bhí filidhe ar an saoghal
Ná feaca riamh spridí ná tremulous greys
Nár thuig Celtic Note seochas glórtha na
nGaedheal
'S ná géillfeadh dbhur mbladar raidhcs fal do
deagh lé.



Raidhcs fal do deagh, agus rl.



Ní bhíodh aon opal hushes ann taca an mheadhán
lae
Ná murmuring moonshine le feiscint sa spéir,
Acht daoine n-a mbeathaidh a mhaireadh go réidh
Gan spridí gan glamour, raidhcs fal do deagh
lé.



Raidhcs fal do deagh, agus rl.


L. 62


"A raghaidh chun bhur dtairbhthe i dtalamh na
nGaedheal
Where you'll be a malartach mhalluighthe ón
nGréig,
'S go mbeamna fé ghradam, raidhcs fal do
deagh lé."



Raidhcs fal do deagh, agus rl.



Is cuirfe mé an púca dhá spiúnadh dhen tsaoghal;



Is síos ann a phreabfaid, raidhcs fal do deagh
lé.



Raidhcs fal do deagh, agus rl.



So pack up your baggage is glanaidh libh féin
We'll suffer no longer bhur masla ar na
Gaedhil;
Take your spooks and your glamour a hInis
na Naomh
Is choidhche ná casaidh, raidhcs fal do deagh lé.



Raidhcs fal do deagh, agus rl.


L. 63


SLÁN LEIS AN STAD



Mo ghoin mo chnead an chreach a thug
Mo nead mo bhoth mo bhrogh mo Stad
Gan sult gan stair gan chasadh port
Is Cathal bocht fén lomadh lag.



Is me nár mheas, a shearc 's a chuid,
Dá mairinn tuilleadh is turus na sean,
Go bhfeicfinn malairt laba it bhun,
Seoch Cathal san fuair hub amach.



Ba mhinic flatha ag teacht dot fhios;
Thar lear ba chlos na clis ba leat;
'S gach duine thagadh b'fhada a bheadh
Le startha cothroma ort ar cairt.



Níor scorn d'fhear cois baile abhfus
Bheith tamall beag ar leith fét bhrat;
Ní cuir ná camadh thagadh dho,
Acht rachta suilt is truisc go prap.



Do chonnac cleasa it chasc istigh,
A bhainfeadh smigeadh d'othar lag,
'S a chuirfeadh flatha fearainn Luirc
Le speachadh buile ar mire glan.


L. 64


Do chonnac gas ba chalma gus,
Ón bPampa tur do dhruid andeas,
'Sba chliste chanadh eachtra fruig
Nuair bhraitheadh sult ar bun n-ár measc.



Do ritheadh Pat isteach fé bhruid,
Bheadh Dan is Mic istigh is Hal:



Ba chlos dam tagra ó Fhear an Ghuirt
Ar dheachtadh puirt le guth na sean,
Do chuireadh faid mo bhaise phus
Ar Ghrassaí bhocht nár chreid a leath.



Mo chuisne an scata a charadh clis
Bheith feasta amuigh gan smut tobac,
Gan chuilt gan fail gan scraith gan strus,
Is brat gach fhir ón sioc n-a shac.



Is Conall, flaith na haicme sin,
Feasach dham gur scoilt a scairt;
Ag Lugh Lámhfhada stad "rim sim";
Do scread an File is Sceilg maith.



Slán beárrtha, a Staid,
Ó Thorna liot;
Táir fágtha it mheaidh
Fó bhrón indiu.


L. 65


Tá stráille gha,
Chomh mór le stoc,
Sársháithte im chreat
Óm gheóin dot thoisc.



Áilleán na bhfear,
Óstóir na mbocht,
Árdbhláth na mban,
Óchón do chor!



Ó gheibhim ar stad thu, a Staid na múirne,
'S go ndeaghaidh ar bhflaith le calmbúireacht,
Ní bhfuighinnse stad, dá gcaillinn súil leis,
Gan deimhin mo cheasna im cheapadúireacht.



Fé fháidhibh fhearainn Airt is Iúghain
'Seadh d'fhágaim feasta an bheart a bhrúidh sinn;
Tálaidh dearca is canaidh liúgh linn,
Ó thárla ar stad an Stad do bfiú rud.


L. 66


TRUCAILL AN GHABHA.



Fonn: An Cailín deas donn.



Ó ariú bog liom é druid liom é, corruigh é,
Ó ariú bog liom é, is tiocfa sé leam;
Ó ariú bog liom é druid liom é, corruigh é,
Ó ariú bog liom an trucaillín donn.



Lá aonaigh an earraigh 's mé taisteal go trio-
pallach
Trasna ar an ndroichead i Muileann na
hAbhann
Seadh chonnac an bobby gurab ainm dó Tingimí
Ó, 's é ag druidim im choinnibh go teann.



Ó ariú bog lom é, agus rl.



Ba ghairid go bhfeacamair asal is trucaill
bheag
Chughainn ar a sodar fé Mhicil an Ghabha:



Ó ariú bog liom é, agus rl.



"Yer name?" arsa an bobby, agus stadadh
ar Mhicil bhocht.
"Féach ar an dtrucaill é, a' bhfuileann tú
dall -


L. 67


Tá m'ainm ann breacaithe i dteangain a
thuigimse,
'S fógraim thusa go hifreann lom!"



Ó ariú bog liom é, agus rl.



Tiomáineadh don bhearraic an t-asal 's an
trucaill bheag
Stracadh is stolladh sa phludaigh an gabha;
'S nuair d'eirigh leathmharbh ar maidin do
tugadh é
Os comhair an bhreithimh bhí oilte ar an gcam!



Ó ariú bog liom é, agus rl.



Next on the list," ars an breitheamh go
toghmhail
"Cuiridh fé ghlasaibh me feasta," arsa Micil
leó,
"Seóid dem thuilleamh ní fheicfe sibh ann."



Ó ariú bog liom é, agus rl.



Níl trucaill gan ainm bhreágh lachanta legible
Ghaedhilge le feiscint i Muileann na
hAbhann;
Is ceárduidhthe an bhaile 'sé thugaid ar Thingimí
Fós ná Trucaillín Mhicil an Ghabha.



Ó ariú bog liom é, agus rl.


L. 68


DUBHAIRT BEAN LIOM.



Fonn: Cadé sin don té sin.



A chaomhchoiste céibhfionn is binne ar bith beól,
Is saoth liom bhur sméide 's bhur scige thar
fóir;
Dá dtéighinnse ag cúirtéireacht ar rothar
bhreágh nódh,
Cadé sin do thréad bhan ná baineann san leó?



Badh ghlé liom an ghéithleann gheal shoineanta
chóir
Do réidhfeadh lem mhéinn is do thuigfeadh dhom
nós;
Is dá dtéighinnse ag bhálcaeriocht le duine dhá
sórd,
Cadé sin do thréad bhan ná baineann san leó?



Dá mb'fhéidir gur chéim síos ar fhile na
gcómhad
Gur thaobhuigh sé bé mhaiseach mhuirinneach
mhódhmhail
N-ar léirchuireadh caora agus lile n-a snódh,
Cadé sin do thréad bhan ná baineann san leó?


L. 69


Dá dtéighinnse le craobhcha go hInis na Bó,
Is céibhfionn troighéascaidh lem chois ar an
ród,
Badh scéal idir bhéithibh go hinid é, is dóin -
Acht cadé sin do thréad bhan ná baineann san
leó?



Dá dtéighinn i measc aoltrup i n-imirt chamóg
'S go bpléascfadh duine éigin den bhfuirinn
mo shrón,
Nó 'á dtéighinn agus bé dheas as so go dtí an
Cóbh,
Cadé sin do thréad bhan ná baineann san leó?



Ní spéis liom bhur scéala i mbárr cleithe dar
ndóigh,
Bhur scéitheadh gan éifeacht 's bhur ngliogram
gleódh;
'S an éigse má léasaid lucht reicthe na
nódhacht,
Cadé sin do thréad bhan? Ní leanann san
dóibh.


L. 70


MO MHIANSA.



Feámairí an chladaigh
Tráchtaid ar chogadh,
'S ar dhálaibh an mhacha
Tálaid siad focail.



Meidhreach an dochthúir
Nuair leighsann sé cneadghail,
Tig deimhne ar a chothughadh
Gan laighead ar a spaigín.



Grean gnáith dlightheóra
Ceannsmách na cúirte;
Le fonn árd seadh dheólann
Gach seanntáille a scrúdann.



Cráibhtheacht a thuigim
Is fearr leis an sagart,
Táinte dhul chuige
I leith sláinte dhá n-anam.



Bíonn móiréis ar mháighistir
Um ógaos deighiomchuir;
A chóir féin don scoláire
Bheir róréim don mhúineadh.


L. 71


Is sóghach bhíonn an ceannaighe
'Mun ór bhuidhe n-a bhosca úr,
Slógh síor n-a dheaghthigheas
Is gnó laoi ghá mbrostughadh.



Acht 'sé is aiteas le Tórna
Luighe thairis ar bháinseach,
Leabhar i ndóid leis,
'S a bhreacadh má's áil leis.



Luigh ar an bhféar le seascaireacht shámh;
Cruinnigh is léigh na leabhair is feárr;
Duine gan chéill, is taithneamh sa lá,
A rithfeadh le céird go cneadaigh an bháis.


L. 72


TUIRSE.



A phriacháin tuas, ón a phriacháin tuas,
Tuirse liom do ghrága im chluais;
"Is" ná "Tá" ní bhainid liot -
Aoibhinn duit, a phriacháin tuas.



A éin i gcraoibh, ón a éin i gcraoibh,
Ceann fé eite déin go caoin;
Gluais ní oireann duitse ar dhán -
Codladh sámh dhuit, a éin i gcraoibh.



A bha ar féar, ón a bha ar féar,
Suaimhneach dhíbhse sa mhóinfhéar;
Taobh le daoithe dá mbeadh sibh
Dob aithreach libh, a bha ar féar.



Duitse a ghrian, ón duitse a ghrian
Fógraim ar do thúirling thiar
Gan treibh ainiúil do tharraing ort
Dob earradh an dochair duitse a ghrian



Ortsa a rae, ón ortsa a rae,
Lingeadh uaimse míle glaodh;
Méad mo thuirse ó cheartú "Tá"
N-a lasta árthaigh ortsa a rae.


L. 73


Tuirse cléibh, ón tuirse cléibh
Tuirseach mé den tuirse cléibh
Mura mbeadh mo Bhanbha bhán
Do-gheóbhainn bás den tuirse cléibh.


L. 74


AN MADRA RUADH AGUS AN CÁG.



Bhí maidrín ruadh
Ag tarraing ar luas
Tré choill bhig uair ag fiadhach;
'S isé bhí go duairc,
Mar b'fhada nach fuair
Amus ná uain ar bhiadh.



Do fhéach sé i gcrann,
Is do chonnaic sé ann
N-a seasamh i ndeallramh cáig,
An t-éan dubh teann
Is sáithte n-a gramhas
Do bhí giota maith reamhar dhen cháis.



"Táid cearca age Léan,"
Ar seisean leis féin,
"Acht is deacair an chae ortha dh'fhagháil;
Is troscadh ar feadh 'n lae
Níor mhaise liom é -
Ar mh'fhallaing ní séanta an cháis."



Do tháinig sé thíos,
Is do gháir sé aníos:
"Cadé seo do chím sa chrann?
Is deise fé thrí
Ná éan ar bith í -
Go maire sí a gnaoi gan cham.


L. 75


Is gile ar do shnódh
'Ná an drúcht ar an bhfeór,
Maidin bhreágh Fhoghmhair roimh ghréin;
Ní fhaca lem beó
Do shamhailse, a stóir,
Ar dheiseacht i gclódh aon éin.



Acht is soith liom, a laogh,
Dá fheabhus ar do scéimh,
Ná tagann let chaomhghob labhairt;
Bain searradh asat féin,
Is oscail do bhéal,
Is cloiseadh an saoghal do ghreann!"



Do chorruigh an cág -
Do chroith a sciatháin,
Is do leig aisti grág le fonn;
Acht mo chreach is mo chás,
An giota breágh cháis
Do thúirling ar lár go trom!



"A bhriolla gan áird,"
Arsa an lúbaire cheárd,
Sarar ghreamuigh sé an cháis n-a bhéal,
"Seachain go bráth
Lucht bladair is pláis,
Mar is minic n-a ráidhte an claon."


L. 76


BEANNACHT LÉI.



Dia leis an mbliadhain atá gobhtha tharainn
Dia le gach riagail dár gcosnamh ceapadh
Dia leis an iarmhar do thogair seasamh
Dia lena liacht díobh gan chomhall againn.



Dia lenar chiap sinn den donus gharbh
Dia lenar thriall chughainn den tsonus fairis
Dia le gach siamsa i bhfochair charad
Dia le gach gliaidh n-a raibh focail chasta.



Dia le gach stialladh aca anuiridh sheasas
Dia le gach iarracht de shos ó chathaibh
Dia lesna briathraibh go crosta spalpas
Dia leis an gciallmhar 's ar thug de thaise.



Dia leis an spriata ródhona hata
Dia leis an niaimh úd sa chulaith chaithte
Dia lesna hiallacha a bhog ón snaidhmeadh
Dia lenar fiaradh dem fholtaibh bathais.



Dia leis an bhfiadhach is le gunna an aitis
Dia leis an ngliadar i mbun na faithche
Dia leis an riasc mar a mbogtaí an leathar
Dia lenar rianas ar rothar reatha.


L. 77


Sin bliadhain eile stialltha as an dtuile ghasta
Is bliadhain eile priaclach ar sodar tharainn;
Ár dtriallna gach bliadhain díobh ar bhreith an
Athar
Is Dia linn n-a dhiaidhsan nach fios cá racham.



A chiallaigh i mbliadhna dein toradh deabhtha
An fialmhaith do iarraidh 's an t-olc do
sheachaint
Bí riaghalta bí griandha bí i mbun do leasa
'S ar niamhbhrogh an Tiagharna gan ob go
gcasam.


L. 78


NODLAIG MHAITH.



Cuirimse chughatsa an sealbhán seóidh;
Nodlaig mhaith shubhach, is anamhám óir,
Fuireann na múirne farat fá shógh,
Seinnim ar fhliúit is amhráin cheóil.



Teine let bhúnn is staic 'en bhfeárnóg
Ar mire na mbrúid le cnagadh is árdghleó,
An citeal ag tnúth le caidiráil glóir
Is Muireann le fonn ag glanachán bórd.



Friotal is flúirse is fleagain lán d'ól,
Coigilt is connradh is gearradh fá róst,
Cupa den lionn ná leanann ráig dó,
'S an fhinne go humhal i gceannus dfhagháil leó.



An choinneal n-a clúid 's a barra ghá dhóghadh,
Lingeadh gan túirse a leabaidh táimhneóll,
Is imtheacht ag túr na bpaidear fá dhó -
Sé is gile dar liúm den tsealbhán tseóidh.


L. 79


AN NODLAIG ÚD I MBEITHIL.



Anocht i mBeithil bháin
Rugadh an Críost cóir,
Mac Ríogh na cruinne cé,
Dá bhuime - bé is óigh.



Ní i roitheaghlach rán,
I ndaingean ná i ndún,
Do neoch dar tugadh tír,
Rugadh Rígh na rún.



I n-uaimh maoilinne amuigh
I mbíodh asal air;
An oidhche go ríomh fhraoich,
Gan díon ar ghaoith ghaimh.



Ar an dtalmhain iar dteacht
Don leanbh dob án ocht,
Léigeadh fá'n umar é
'S brat glé air gan olc.



Táinig ann ós an uaimh
Aingle n-a gcór chaoin;
Ba chlos den fhoghar fhíor
Moladh Ríogh an raoin.


L. 80


"Glóir do Dhia ar neimh naoimh;
Is ar talmhain truaigh
Síoth don dream le méinn mhaith,
I réim raith do-chuaidh."



Fir chaorach ar an gcnoc,
I ngaobhar na nglac,
Airighid an ceól caoin
N-a neól aoibh ag at.



An glór binn leantar leó -
I ndeilbh shuain níor shia;
Annsúd d'fheartaibh an Uain
San uaimh dearcaid Dia.



Feacaid go fíor an ghlúin
I n-aice an Ríogh ráin,
Is adhraid Deaghmhac Dé
N-a bheagbhrat ghlé ghráidh.



A bhráthair, mairg an mart
Do Dhia nach tairg tocht;
Dó, as carcair do chlí
Altuigh gach ní anocht.



A.N.O.CH.T.


L. 81


MO SHLÁNUIGHTHEÓIR.



Fonn: Pé i nÉirinn í.



O a Íosa bháin, it láthair geóbhad
Ag caoi do bháis san árdchrois mhóir,
Ó aois go bás ag tál na ndeór,
'S ag maoidheamh mo ghrádh dhom Shlánuightheóir -
O a Shlánuightheóir!



Céad míle fáilte, a pháirtigh, rót;
Níor fríth do bhárr mar shásamh lóin;
'S is fíor gur feárr liom 'ná bruit óir
An naoimhfhleadh 'tá agem Shlánuightheóir -
O a Shlánuightheóir!



Mo dhíon go bráth mo scáth mo threóir
An Íodhbairt árd, ofráil mo stóir,
In' fhíonfhuil neámhdha ghnáith 's in' fheóil:
Sin maoin im láimh óm Shlánuightheóir -
O a Shlánuightheóir!



A Chroidhe do ghrádhuigh sliocht Ádhaimh thar
meadhón,
I soillse an ghrádh rug bárr na nós,
Do Chroidhese fág le grádh dom shórd,
Sa chroidhe seo im lár, a Shlánuightheóir -
O a Shlánuightheóir!


L. 82


Is guidhim thu, a bhláith fuair páis is breódh,
Tré bhrígh do bháis a shlánuigh slógh,
Chun Ríogh an ngrás beir slán ar seól
I bpuínte an bháis me, a Shlánuightheóir -
O a Shlánuightheóir


L. 83


AR AN BPÁIS.



Is tinn 's is tláth do bhís ar lár,
O a Íosa a Shlánuightheóir,
Gan scíth gan scáth, 's do Chroidhe ghá chrádh
Ar íoghair an gháirdín bhróin.
Do ghuidhis go hárd ar Rígh na ngrás
Gan a iarraidh an t-árthach d'ól,
Acht gur chlaoidhe len árdtoil féin amháin
An céim do b'fhearr leat fós.



Do chualaís gártha is nuaill no námhad
I bhfuarbhrog Cáiphis chróin,
'S i gcúirt Phíoláid le dúil it bhás
Do liúghadh go dána it dheóidh;
Do luigheadh gan tlás na spíonta smáil
Ar do mhaoil, ghá rádh gur choróin;
'S ót éadach áille, ar chrannaibh gnáith,
Do roinnt níor stán an chóip.



Mo léan na cneádha 's an ghéarsciúrsáil
Gach taobh det bhánchrut mhódhmhail,
Is ualach lán na croise at chrádh
Go dubhach ar stáir na ndeór;
Is tolladh náireach cos is lámh,
At cheangal d'árdchrois mhóir,
Go bhfuairis bás dot dheóin ar scáth
Do thréad bheith slán go deó.


L. 84


Dein díon is fábhar dúinne atá
'Get ghuidhese, a Shlánuightheóir,
Ó's uaitse atá againn uain is áis
Chun buaidhte ar Shátan ghó.
As ucht do pháise, as ucht do bháis,
Ler thugais slán ár sórd,
Ón Athair neámhdha faigh dúinn áit
Ar shluagh na ngrás fé dheóidh.


L. 85


SEANPHEGASUS.



Gléastar uaim doircheacht dimness
n-a haidiacht mhóir mheaningless;
má ráinig dochar dána
táinig sochar solára!



Fearr chun saothair an sean óg
ioná an t-ualach 's an t-each-ód;
adchír an chéim ó'r chasas -
bím féin ar mo phegasus!



Capall fromhtha fúmsa atá;
ní ghlacann sceón roimh sconnsa;
dúinn an rás acht mé ar a muin;
ní cás don té do thaobhuigh. G.


L. 86


CRAOBH FÓDHLA.



Cé mór san craobh fhóghanta ag ár gConnradhna
ar cairt,
Is gaedhilgeóirí ag éalódh fé n-a gcoimirce
isteach,
Scéal nódh ná bréagnófaidh an file ná an
flaith
Craobh Fódhla is craobh órdha ar an bhfuirinn
ar fad.



Craobh Fódhla craobh ógbhan is muirinneach
maith;
Craobh Fódhla craobh óla dhen tsruthair seo a
sean;
Craobh Fódhla craobh eóluis ar bhunachadh ban;
Craobh Fódhla aondóchus na buime gan fear.



Tá an ré órdha ar fhéinn Fódla go follus ag
teacht,
A béithe óga is tréanspeóis aca i bhfriotal a
mam;
An Té chomhnuigheann fé ghlóire i mbrog Nimhe
n-a fhlaith
Ar Chraobh Fódhla d'aondeóin ghil go gcuiridh
an rath.


L. 87


FÁILTE.



A ghaoth andeas,
Beir céadtha leat
De chraobh na bhfear
Ón Mhumhain ghil,
Go ndéanfar beart
Ar Éire Airt,
'S go saorfar teanga
Ár ndúthchais.



A ghaoth aniar,
A ghaoth tá fial,
Beir laochra an Iarthair
Slán leat;
Tá saothar dian
Roimh ghléire bhur bhfiann
D'ár nÉirinn iathghluis
Áluinn.



A ghaoth adtuaidh,
A ghaoth na sluagh
Atá laochta cruaidh
I gcomhrac,
Do réidhthruip luath
Ní staonfaid uainn,
Am réitigh guais
Na Fódhla.


L. 88


I n-ainm na dtreón
I gcreathaibh sa ghleó
Ar son teangan is nós
Ár Máthar,
Fearaimse romhaibh,
Idir shean agus óg,
Dé bheatha agus scór
Gealfháilte.


L. 89


AN BHÁISTEACH.



A bháisteach, ón, a bháisteach,
Eirigh go tír na mbáirseach;
Ná déin creach na hÉireann uaine,
Acht éaluigh uainne, a bháisteach.



Do chnagadh, ón, do chnagadh
Ar an bhfuinneóig seo im aice,
Do choisc mo dhúil i gcodladh
'S mo shúil le toradh ón dtalamh.



An léirscrios, ón, an léirscrios:
An tsráid n-a tuile éignigh,
Na guirt fá bharra uisce,
Agus fallaí briste réabtha.



A Mháthair, ón, a Mháthair
'S a Bhuime Chríost na n-árann,
Faigh ó Dhia, dhot phobul dhílis,
An doineann so chlaoidhe 's an bháisteach.


L. 90


CRANN LOM.



A chroinn tuas do bhí fa bhláth,
do bhlais do chuid den chonách,
's ó theacht an tshamhraidh gur shéid
it ghabhlaibh neart ar nuaimhéid.



Do fhásc tú as an talmhain tuir
sásadh dá mbír it bheathuidh,
ar n-ól den drúcht, do sháith shéin,
do bhrúcht i dtráith ón táimhghréin.



Do scéith ót mhaoil 's do mhéadaigh
céadtha amuigh de mhinghéagaibh,
dot chlú níor mhall an meadhon,
is barr dú de dhuilleabhor.



Do b'aoibhinn fán ngaoith a nguth
n-a chrónán íseal aerach;
's a luascadh, nár chleacht an chlé,
cnuastar le teacht na taoide.



Do chuiris fós díot is dóigh
blátha de dhreich nár dhearóil;
meas dá ráinig síth annsoin
táinig gan díth n-a ndeaghoidh.


L. 91


Féachaim ort go nuadh anois:
iongnadh a chruime chríonois,
do bhláth do mheas fa mheadhoir
is scáth deas do dhuilleabhoir.



Is tu an cnámhach lúbach lom;
th'fhallaing uaine ní fhanann;
sin do thuit ar talmhain fúibh,
duit gur chabhraigh fán gcriadhúir.



Samhail duit an duine féin
ar dtig an bláth fá bhuaidhréim,
toradh a shaothair shreabhaigh,
agus daothain duilleabhair.



Iad uile imtheóchaid uaidh
ar thuidheacht an bháis bhasfhuair;
féach i gcoing sa chaoise é
mar ataoise, a chroinn chruime.



Guidheam uile dhó go docht
fanacht mar thú ó tháirolc;
diall ag duine don cheilg choim
don bhuile is d'fheirg an achroinn.



a.ch.r.o.i.n.n.


L. 92


DONNCHADH 'ACH SEÓN.



Fonn:



I bhFearann Uí Dhála i bhfeirm bhig thailimh ann
Mhaireadh gan spleádhchas Donnchadh 'ach
Seón,
N-a phreabaire láidir, cumusach taiticeach,
Oilte thar bárr ar chasadh na bhfód;



Acht briolla gan áird b'eadh Dinny the
jintleman,
Briolla gan áird b'eadh Donnchadh 'ach
Seón,
Is briolla gan áird b'eadh Dinny the
jintleman
D'imthigh ar stáir go Sasana Nódh.



Do cheannuigh sé mhála is bosca agus hata
dubh,
Carabheat bán is culaith nó dhó;
Bhí bata n-a láimh is feirc ar a bharrasan
Leog dham a ghrádh 's nár bh'in agat seóid!



Acht briolla gan áird, agus rl.



Níor shaluigh sé a lámha le hobair an earraigh
sin,
B'aith leis an ránn a ghlacadh n-a dhóid;


L. 93


Do chaitheadh sé an lá n-a chodladh go headar-
shuth
'S seal i dtigh 'n tábhairne ag imirt 's ag
ól.



O briolla gan áird, agus rl.



Ar dtarraing don lá 'nar imthigh thar fairrge
Bhailigh a cháirde in' fhochair um neóin;
Dob aiteas thar bárr le fuirinn an bhaile sin
Fear aca ag fágaint Bhanba is dóigh.



Acht briolla gan áird, agus rl.



Sé seachtmhaine thárla Donnchadh i gcathair thall,
Greaduithe cráidhte is follamh 'mun ór,
Gur ghlac sé go sásta post ar na tramanna,
'S allus a chnámh ag sileadh ar an ród.



Mar, briolla gan áird, agus rl.



Dá mbeadh aige fagháil anois ar an airgead
Casadh le bád a-bhaile do gheóbhadh.
'S a dhuine má táir chun imtheacht tar fairrge
Machtnaimh spás ar Dhonnchadh 'ach Seón.



Mar, briolla gan áird, agus rl.


L. 94


AISEAG NA HIASACHTA.



A ropaire an ghaid
Mura dtigir go grod
Is mo mhuireann it ghlaic
Gan ghoimh ar a gob,



Stolfad do phlait
Is scriosfad do ruisc,
Is scoiltfead do scairt
Le huige dhem chuid!



Níl tuirse níl tart
I n-inis na Lorc,
Ná cuirfead im cheacht
Isna mullaighthibh ort,



At ithe le hairc,
At chreimeadh mar uirc,
At mhilleadh le mairc
Go ngoilfir go guirt.


L. 95


AR BHRIATHRAIBH.



Don Ollamh Holger Pedersen, a bhí, sa bhliadhain 1913, ag
tabhairt léigheacht uaidh, i Scoil na Seanghaedhilge i mBaile
Átha Cliath, ar bhriathraibh na Seanghaedhilge.



Créad dobheir,
agus áilleacht san aimseir,
an dream beag so istigh go tur?
An Bhriathur.



Muir ná tráigh,
coillte, garbhchnuic ná grianáin
ní mheallaid ar ndualgas dil
ón mBréithir.



Teas ón ngréin
dá líontar arda an aiéir,
doní fionnfhuar dúinne digh
den Bhréithir.



An chrudhsoin
tig a phuingc ó Phedursoin,
gur neartuigh cách i ngaois ghluin
um bhriathruibh.



Buidhe ris
ón druing fuair ceann a chaoinis
dfhúig dáibh an Bhriathar gan bhrat
a roghlac.



C. r. é. a. d.


L. 96


TEACHTAIREACHT NA SPIDEÓIGE.



Ar maidin ar chlár na fuinneóige
'S mé im leabaidh gan róchumus suain
An talamh n-a balcannaibh reótha,
Agus fuinneamh le Bóreas adtuaidh,
Seadh do dhearcassa samhail spideóige
Do tharraing fém sheomra ar cuaird,
Is do bhraitheas ar fhaision a snóidh bhig
Gur bh'fhada léi a lón nach fuair.



Do phreabas im reathaibh ar nóimeat,
Is do ghabhas a stórchiste an Luain
Deasca de ghearradh na bulóige
Badh mhaith lena sórd sin mar nuadhacht.
D'fhan sí gur halpadh n-a scórnain,
Mar mheasassa, a dóithin den duais;
'S níor stad sí de bheannachadh dhamhsa
Dá leathshúil ar ghleódhath an ghuail.



Do fhreagaras bagradh a beódhearc
Ar aiste ba nós ag lucht duan:
"Taistilse ó dheas a spideóg dhil
'S ná dearmaid Eóin ar do chuaird;
Tabhair don bhfaraire it cheól ghuib
An scata ban módhmhail seo do luadhaim
Gan scaile de bhrat ar a gclódh cuirp,
Mar aiscidh ó Thorna do ghluais."


L. 97


SEOTHÍN MHÁIRE.



Seó leó a thoil, ná goil go fóill;
Seó leó a leinbh 's a chuid 's a stóir;
Seó leó is codail mar chodlaid na hóig
It chró go socair gan tuisle gan sceón.



Is seó leó a thoil, agus rl.



Tá Máire it fharraidh, 's ní fearra dhuit Mór
Ar dhrádh na haindeise at sheachaint let bheó,
I gcás go mairfása an dathad fé dhó
Agus ádhbhar fairis i gceannus na slógh.



Agus seó leó a thoil, agus rl.



Gheóbha tú salad ar bhainne na bó,
Agus uibhe na lachan is meacanta ón mBóinn,
Iasc ón Mhachain, is glasra ó Shórd;
Is Cill na Martra a raidfidh dhuit feóil.



Is seó leó a thoil, agus rl.



Gheóbha tú hata agus casadh ar a choróin,
Bónna leathan is carabheat nódh,
Laimhinní geala agus feidhre breágh bróg,
'S an póiní ceannfhionn at tharraing sa ród.



Is seó leó a thoil, agus rl.


L. 98


MÓIRÍN.



Fonn: Toora la lay.



Dé bheathasa, a Mhóirín, a stóirín na n-ae;
Dé bheatha fé dhó dhíbh, a chlódh naoidhean gan
bhéim;
Dé bheathasa fó thrí gan ghó dhíbh, a laogh;
Go maiream do róthigheacht ar shlógh ghrinn na
nGaedheal.



Dé bheathasa, a Mhóirín, agus rl.



I mBanba cnósuighid le mórchroidhe gach lae
Fleasca béal bó buidhe agus nóiníní sléibhe,
Acht ní bhraithimse pósaí badh phósaí liom féin
De bharra a gcuid fóisidheacht mar Mhóirín mo
chléibh.



Dé bheathasa, a Mhóirín, agus rl.



Scuir feasta dhet cheólaidheacht, a fhuiseóigín
sa spéir;
Ní cantain dar ndóigh línn do fhlór aoibhinn
béil;
Dá bhlastacht do nótaíse clódhfaidhear a gcéim
Le spreagadh guib Mhóirín, i n-ógaois nuair
théigheann.



Dé bheathasa, a Mhóirín, agus rl.


L. 99


Dot dhaidí is tu is seóidín, a róisín 's a réalt;
Dot mhaimí is tu an cóifhrín n-a gcomhnuidheann
a gné;
Agus maidir le Tóirnín, níl ógnaoidhe ar an
saoghal
Is fearra leis, móidigheann, 'ná Móirín na
n-ae.



Dé bheathasa, a Mhóirín, agus rl.


L. 100


MAITH GO LEÓR.



Cá mbeadh aérthaisteal éadtrom ar inneal an
eóin,
Cá mbeadh aoncheart na hÉireann ó Dhoire 'dtí
an Cóbh,
Cá mbeadh réim an tsoíscéil, agus creideamh
na Rómha,
Dá léigtí san tsaoghal so do lucht "maith go
leór"?



BEANNACHADH NODLAG.



Beannacht an Leinibh
Do rugadh i mBeithil,
Is beannacht a Bhuime
Maraon leis,
Go dtaga soin oraibh
I gcaitheamh na Nodlag -
Is beannacht ní cheilfeadsa
Féin ort.


L. 101


AR MO THOIL.



Craobhcha croinn dom dhíon ón ghréin,
píopa le diúl go dreichréidh,
dréacht fá rún na dáimhe dhamh -
's is sáimhe dhúnn 'ná Dhéamar.



BEANNACHT.



Cad do léigfead chun caomhthaigh mo chumainn?
Céad beannacht Dé ghil is Mhuire;
Céad Nodlaig mhéithe go bhfeicidh,
Is Éire gan éigin ó chonairt.

19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services