Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Comhacht Uisce in Éirinn
Title
Comhacht Uisce in Éirinn
Author(s)
Breathnach, Annraoi / Ó Domhnaill, Pádraig,
Composition Date
1919
Publisher
Acadamh de Hindeberg
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
RÉAMHRÁDH Seo dhíbh an leabhrán so a Ghaedheala agus má's beag libh bhur n-eolas ar chomhacht uisce na hÉireann iar n-a léigheamh díbh tuigidh nách fearr le lucht a scríbhte rud a thiocfadh as ná bhur spreagadh chun tuille eolais do chuardach agus do bhailiú. Má's dóigh le haoine gur lughaide tairbhe an leabhráin seo é do scríobhadh i nGaedhilg, bíodh a fhios aige gur i gcomhair fíor-Ghaedheal amháin a scríobhamar é, mar gurab é ár ndóigh-ne, an té a thuigeann a riachtanaighe atá an Ghaedhilg do mhuintir na hÉireann, dá gcur ar a leas, agus gur leasc leis í fhoghluim 'na dhiaidh san, gur seacht leisce leis cloí le saothrú comhacht a uisce: agus an té ná tuigeann gur chomhairle in aisge ár gcomhairle dho. Ní mór dúinn ár mbuidheachas do bhreith leo so: le Liam Cinnseamán, M.E., atá i gColáisde na hOllscoile i gCorcaigh, agus le Mícheál Ó Ríoghardáin, Innealthóir agus fear riartha lón uisce Chorcaighe, agus le Pádraig Ó Suibhne, O.S., atá i mBeul
Átha 'n Ghaorthaigh, ar chuntaisí a thugadar dúinn; agus le Pádraig Mac Suibhne, Scrúdathóir Gaedhilge, ar rainnt mhóir ainm áit i gCiarraidhe do réidhteach dúinn; agus le Tórna ar a chúramaighe a léigh agus a dheisigh sé an láimhscríbhinn. Sinne, ANNRAOI BREATHNACH agus PÁDRAIG Ó DOMHNAILL. I nGuagán Barra dhúinn. An 19adh lá de mhí Iúil 1919 indiu.
CORRIGENDA Leath. 9, líne 25 Léightear "habhann" in ionad "habhainn" Leath. 28, líne 20 léightear "40,000 eachcomhacht" in ionad "4,000 troigh sa secund" Leath. na n-Ainmneach, líne 1 Léightear "Cloonee" in ionad "Clonlee" Leath. an Fhoclóra, líne 26 Léightear "sruthchomhacht" in ionad "sruthchomhachtc"
COMHACHT UISCE IN ÉIRINN. CAIBIDEAL A hAON. Ní hins an rud bheo amháin atá cumas oibre acht ins an rud atá gan anam gan anál. Bíodh a léiriú san ar na gleusaibh (.i. na maisíní) go dtiomáineann an rud marbh iad agus gur mó sa mhó atá úsáid dá dheunamh de chun tiomána do réir mar atá an saoghal ag dul ar aghaidh. Is amhlaidh mar atá sé láthair gur mó go mór ár mbrath agus ár seasamh ar obair na n-inneal 'ná ar obair an duine nó an bheithidhigh. Tá an t-inneall gaile ann agus an t-inneall geasa, an t-inneall íle agus an t-inneall uisce, agus na gleusa a thiomáinid siad sin is iad is mó a dheineann obair an tsaoghail atá indiu ann. Dein- eann na gleusa san an leasú a leathtar ar an dtalamh chun fás do chur i mbarraí cothuighthe agus clúdaighthe an duine; na hadhbhair bídh a fhásann tríd an dtalamh deineann na gleusa san níos oireamhnaighe chun a gcaithte do'n duine agus do'n bheithidheach iad; deinid éadach de'n líon agus de'n chotún agus de'n olainn; ollmhuighid siad adhbhar tighthe; is congnamh iad chun tighthe do thógaint, agus is minic gurab iad a chuireann teas agus teine ionnta; tiomáinid siad na trucaileacha agus na traenacha, na loingeas agus na heitealláin a iomchuireann an duine agus a chuid ó áit go háit.
Is mór é ár mbrath dá bhrigh sin ar inneallaibh agus ar ghleusaibh tiomána chun oibre do dheunamh, acht ní haon mhaith iad leo féin gan comhacht do bheith taobh thiar díobh, agus maidir le comhacht nó cumas oibre an duine ní fiú é áireamh i gcúrsaíbh tiomána. Trí hadhbhair mhóra comhachta ann: teas an rud bhíos dá dhóghadh feidhm an gheasa ag pleuscadh, agus feidhm an uisce ag tuitim. Tá dhá adhbhar díobh san nách féidir a úsáid acht aon uair amháin. Nuair a bhíos an teine dóighte ní bhíonn a thuille brígh ann chun oibre, agus is ionann do'n gheas tar éis pleusctha dho. Ní mar sin do'n uisce ámh. Tar éis an obair do dheunamh do, rithe ann sé chun na farraige, agus eirigheann as san 'na ghail sa spéir. Tuiteann na dhiaidh san 'na fhliuchra ar an dtalamh, snigheann sé isteach san abhainn, agus tiomáineann sé an t-inneall arís; agus mar sin do san timcheall choidhche agus go bráth. Dá mbeadh ionad na comhachta oireamhnach agus é leagtha amach, agus na gleusa suidhte, is beag de chostaisí a bheadh ag gabháil le comh acht an uisce 'na dhiaidh san seachas mar a bheadh ag gabháil leis an dá shaghas eile. Chaithfí dar ndóigh na gleusa do dheisiú anois agus arís, agus coda beaga d'athnuachaint ionnta ó am go ham, do réir mar a raghadh caitheamh orra. Ní bhíonn gnáthchostas teine ag gabháil leis an inneall uisce murab ionann is an t-inneall gaile agus an t-inneall pleuscach. Is fíor gur lugha go mór de chostas ceachtar díobh san do chur isteach, acht is mó go mór de chostas iad do choimeád ar siubhal, agus
baoghal ann an costas san do dhul i méid le linn buadhartha, do réir mar a raghadh adhbhar teine i ndaoire. Is gnáth ceud-chostaisí na ngleus uisce do bheith mór i gcomparáid le gleusa eile, acht is suarach iad costaisí a gcothuighthe na dhiaidh san agus gan aon bhaoghal air iad do dhul i ró-mhéid, pé buadhairt a bheadh ar an saoghal mór amuigh. Dá bhrígh sin is minic gur saoire go mór gleusa uisce, dá mhéid iad na ceud-chostaisí, 'ná gleusa gaile, toisc gan adhbhar teine do bheith ag teastáil uatha. Mar sin is minic gur fearr d'adhbhar saidhbhreasa an mhonarcha a tiom- áinfí le huisce agus í in ait cuibheasach iargcúltha, ná an mhonarcha a tiomáinfí le gail agus í in aice na cathrach, áit i mbíonn gach áis tráchtála. Is beag an mhaith d'aoine tuitim mór uisce an fhaid ná baintear obair as; acht má baintear is adhbhar saidhbhreasa é ní hamháin d'fhear na monarchan acht do mhuinntir na tíre coitchianta, agus 'na theannta san adhbhar saidhbhreasa é nách féidir a ídiú. Rud eile, ní hannamh ionad comhachta i ndúthaigh dealbh ná cothuigheann acht beagán daoine tráth is gur mhó go mór na daoine a chothóchadh an áit acht an t-uisce do chur ag obair. Ba chóir go ndeunfadh lucht ceannais na tíre a leithéid sin d'adhbhar mhaith cothuighthe daoine d'úsáid. Mura ndeunfaid siad san é níor mhór dóibh so atá tuisgionach sa ghnó a gcion féin do dheunamh. Níl deunta ag lucht ceannais na tíre seo chun an uisce do chur ag obair acht an suarachas, cé gur
mór iad 'nár gcúram — ar a mbeul. Ní hé amháin nár shaothruigheadar comhacht an uisce acht níl acht bliadhain ó thugadar fé n-a mheas an mór di a bheadh le fagháil. I mbliadhain a 1918 do cuireadh Royal Commission ag gabháil do'n cheist. Ní feic- fear go fóil toradh a saothair sin, acht ní cuibhe dhúinn-ne muinntear na hÉireann fanamhaint leo acht ár n-iarracht féin do dheunamh — an cheud rud ná a chéile a meas, gan dul ró-dhoimhin sa sceul, cad é an chomhacht uisce atá sa tír, agus cad é an tslighe is fearr chun í úsáid; agus annsan luighe isteach ar an oiread agus is féidir di do chur ag obair chun leas na ndaoine, agus cur chun gach tomhas agus áireamh a bheadh riachtanach chun a mheas go cruinn cad é an sruthchomhacht atá sa tír, agus an méid di atá ag imtheacht díomhaoin, agus an t-eolas san d'fhógairt don phobul. Sé atá ar aigne againn-ne a dheunamh ins an aiste seo ná a theasbáint cad é mar shaghas ceist é, agus cad é an t-eolas nár mhór a bheith ag duine chun é réidhteach; a theasbáint cad iad na dúithchí na bhfuil an chomhacht le fagháil na mórchodaibh; ceann desna dúthaighibh sin do mhionscrúdú agus ár gcomhairle féin do thabhairt i dtaobh an chomhacht d'úsáid.
CAIBIDEAL A DÓ. A gustal an uisce is é ag tuitim is eadh thagann comhacht uisce. Dá mhéid an tuitim is eadh is mó an chomhacht, agus dá mhéid an t-uisce is eadh is mó an chomhacht. Dá bhrígh sin d'fheudfaí rainnt mhaith chomhachta do bhaint as beagán uisce a mbeadh tuitim mhór leis, nó neachtraca as mórán uisce agus gan leis acht tuitim bheag. Ní féidir mór-chomhacht d'fhághail acht mar a mbíonn mórán uisce agus tuitim cuibheasach mór leis. Ní mór dúinn i dtosach bárra brígh na bhfocal so gustal agus comhacht do chur i dtuisgint, agus a theasbáint cionnas a deintear na neithe sin do thómhas, agus cionnas a baintear an chomhacht as an uisce is é ag tuitim, agus cad as don uisce féin. Sé brígh a bheidh againn le gustal ins an aiste seo ná an obair atá foluighthe i rud, is cuma an ndeintear an obair nó ná deintear é. Gach fear láidir sláinteamhail bíonn obair fé cheilt ann, sé sin d'fheudfadh sé rainnt áirithe oibre do dheunamh i bhfaid áirithe aimsire. B'fhéidir ná cuirfí chuige go bráth é, acht d'fheudfadh sé é do dheunamh dá gcuirfí. D'fheudfadh capall maith i bhfad níos mó oibre do dheunamh 'ná mar a dheunfadh fear san fhaid cheudna aimsire. Is ionann san agus a rádh gur mó go mór an gustal oibre atá ag an gcapall ná mar atá ag an
bhfear. Dheunfadh inneall gaile nó inneall uisce oir- ead oibre agus a dheunfadh rainnt chapall san fhaid cheudna aimsire; is ionann san agus a rádh go bhfuil oiread gustail ag an inneall agus tá ag na capaillibh go léir. Is é is comhacht ann a thapamhlacht a deintear obair. B'fhéidir go ndeunfadh fear oiread oibre le capall, acht ní dheunfadh sé san fhaid cheudna aimsire é. Cuir i gcás go dtarraingeochadh sé trucail suas cnoc i leath-uair an chluig, acht go dtarraingeochadh an capall an trucail cheudna suas an cnoc ceudna i ndeich nóimeat an chluig, sé an méid cheudna oibre a dheineann ceachtar díobh, acht deineann an capall trí huaire níos tapamhla é ná mar a dheineann an fear é, agus dá bhrígh sin is mó fé thrí an chomhacht a theasbáineann an capall. D'fhonn fustachta ní foláir tomhaiseanna cinnte do bheith ann i gcomhair oibre agus comhacht. An méid oibre a deintear nuair árduightear meádhchaint phúint faid troighe is é sin is buntómhas i gcomhair oibre. Sé ainm a bheidh againn ar sin ná an troghphúnt. Ó sé is comhacht ann a thapamhlacht a deintear obair, sé atá mar buntomhas ag a lán ná an líon troghphúnt oibre a deintear in aon tsecund amháin. Acht ní ró-oireamhnach é sin mar buntomhas toisc a luighead; agus tá ceann níos mó ag a lán eile .i. an méid oibre a deintear nuair árduightear meádhchaint 550 púnt faid troighe in aon tsecund amháin. Sé a bheidh againn ar an mbuntomhas san ná eachcomhacht. Má's
é bárr iarracht innill meadhchaint ceud púnt uisce do stealladh chúig troigh caogad in áirde sa secund, is é a chomhacht 55 x 100/500 .i. deich n-eachcomhacht. Is é méid oibre atá in uisce tuiteama ná meádhchaint an uisce fé fhaid na tuiteama; dá bhrígh sin má tá 1,100 púnt uisce ag síorthuitim cúig troigh gach secund deineann san 5,500 troghphúnt i ngach secund, sé sin deich n-eachcomhacht. An t-uisce bhíos ag tuitim gan cur isteach air, is amhlaidh a caith- tear an chomhacht ag baint d'úrlár na habhann agus dá bruachaibh ag bun an easa. Mara leigtear le fánaidh dhúthchais é, acht é do sheoladh isteach i bpíopaí agus é scaoileadh ar chineulaibh áirithe gleus, is féidir a mhalairt d'úsáid do dheunamh den chomhacht .i. na gleusa san do chasadh leis. Ní gábhadh in a ghiorracht so d'aiste cur síos ar dheilbh ná ar dheunamh rothaí uisce agus tuirbíní, acht ní foláir dúinn ar a shon san a mhíniú cad chuige iad, mar caithfear ar ball tagairt do chailleamhaint chomhachta ins na tuirbíní, agus d'eachcomhacht infeadhma, agus d'éifeacht na dtuirbíní. Tuigtear ná fuil ins an tuirbín ná ins an roth uisce acht mar adeurfá úirlis iomchurtha comhachta, mar is é a dheineann, comhacht an uisce do chur ag casadh crann ceangail, agus an crann do thiomáint gleus eile acht iad do cheangal de. Cuir i gcás go mbeidhfí chun an sruth úd thuas do chur ag casadh muileann olna go mbeadh ana-chuid
gleus nó maisíní le bheith ann, agus iad ceangailte le creasa d'aon phríomh-chrann ceangail amháin, agus an crann féin ceangailte den tuirbín. Tá deich n-eachcomhacht ins an uisce, cuir i gcás. Ní fheudfaí an deich n-eachcomhacht san do chur san iomlán sa chrann ceangail, mar pé feabhas a bheadh ins an tuirbín do caillfí cuid den chomhacht ann. Níor mhór an t-uisce do chur isteach ins an tuirbín trí phíopa, agus do caithfí cuid den chomhacht ag sárú na cuimilte. Do caillfí rainnt eile den chomhacht nuair a bheadh an t-uisce ag imtheacht tríd an tuirbín féin; bheadh cuimilt eile idir an tuirbín agus na hiomcharáin, agus caithfí tuilleadh comhachta ghá shárú san. An t-iomlán a baintear den cheud chomhacht .i. de chomhacht an tsrotha, is é tugtar ar sin ná cailleamhaint na comhachta ins an tuirbín. An méid comhachta a chuir- eann an tuirbín ins an gcrann ceangail is é sin an t-eachcomhacht infeadhma. Coibhneas na comhachta in- feadhma leis an gceud chomhacht .i. le comhacht an uisce, is é sin éifeacht an tuirbín. Cuir i gcás go gcaillfí a dó as an deich n-eachcomhacht ins an tuirbín seo thuas bheadh ocht n-eachcomhacht infeadhma ann, agus dob' é éifeacht an tuirbín 8/10 nó 80%, mar is gnáth éifeacht do chur síos 'na oiread san fén gceud. Bíonn ó na 75% go dtí a 85% d'éifeacht ins na tuirbíníbh atá indiu ann, agus ní misde d'fhonn fustachta é sin do chur síos mar 80%. Go dtí so is mar mheádhchaint do dheineamar stealladh na h-abhann do thomhas, ghá rádh go raibh sé a oiread san de phúntaibh stealla sa secund, acht is
oireamhnaighe é thomhas mar toirt, ghá rádh go mbeadh sé a oiread san de chúbthroighthibh stealla sa secund. Má's é 62½ púnt meádhchaint cúbthroigh uisce, an stealladh cúbthroighe sa secund n-a mbeadh tuitim 11 troigh leis d'fheudfadh sé 687 dtroghphúint oibre do dheunamh gach secund. Dá gcuirtí tuirbín d'éifeacht 80% ag gabhail do so, d'fheudfadh an crann ceangail 687 x 80/100 .i. troghphúint oibre do dheunamh gach secund .i. bheadh eachcomhacht amháin ann nó ana-ghairid do. Dá bhrígh sin nuair nách gábhadh áireamh fíorchruinn, ní misde a rádh gurab eachcomhacht amháin infeadhma atá le fághail a stealladh cúbthroighe uisce sa secund, nuair atá tuitim de 11 troigh leis an uisce, agus tuirbín d'éifeacht 80% ag gabháil do. Dá bhrígh sin is fuiris agus san mar bhuntomhas agat an méid comhachta a bheadh le fághail in aon áit d'áireamh acht tuitim agus stealladh na habhann do bheith ar eolus agat. Is é an rud is deacra i gcúrsaibh comhacht uisce ná meadhon-mhéid an uisce agus corrshuantacht a iomláine do mheas. Chun a thuisgint a dheacra atá san ní foláir cuimhneamh ar cad as d'uisce na habhann. Is é atá ins na haibhnibh ná claiseanna triomuighthe na gcríoch trí n-a mbíd ag rith. An talamh a chothuigheann an abhainn is é sin an tsruthchríoch. Is 'na fhliuchra ón spéir a tháinig uisce na habhainn ar dtúis; acht ní théigheann gach a bhfeartar ar an sruthchrích isteach san abhainn; imthigheann cuid de 'na ghail díreach tar éis tuitim do; cuid eile dhe agus súightear beagán isteach sa talamh é, agus tar éis tamaill tarraing- tear go barr talmhan arís é, agus eirigheann 'na
ghail; cuid eile dá dtéigheann isteach sa talamh ólaid plandaí é. Ní haon tairbhe don abhainn an méid sin de. Maidir leis an gcuid eile ritheann rainnt de feadh na talmhan ar a bharr go ruige an abhainn, agus téigheann rainnt de síos ins an ithir agus ins na carraigeacha má's carraigeacha iad a leigeann tríotha. B'fhéidir go raghadh cuid de seo i bhfad síos trí scoilteanna ins na carraigeachaibh agus ná sroisfeadh sé an abhainn go deo, acht an chuid eile de ná himthigheann leis an bhfán fada san snigheann go mall tríd an dtalamh agus sroiseann sé an abhainn uair éigin. Is é an t-uisce sin a thagann as bruinn talmhan a chothuigheann an abhainn le linn na tiormachta. Is iontuigthe as an méid sin thuas nách fuiris stealladh na habhann do meas le cruinneas. Chuige sin níorbh fholáir a fhios do bheith agat cad é méid iomlán an fhliuchra, agus cad é an méid de a thuiteann i rith gach faid áirithe aimsire; agus is ana-dheacair ceachtar díobh san do meas ar a chorrshuantaighe a bhíd. Agus ní hamháin san acht níorbh fholáir a fhios do bheith agat cad é an saghas an talamh, agus cad é an tuitim atá leis; cad é an saghas iad na carraigeacha atá fé thíos. Tá d'iomadamhlacht agus d'eugsamhlacht ins na neitibh seo, agus de chorrshuantaighe áite agus aimsire, gurab obair chruaidh chasta stealladh na habhann do thomhas, pé foighne agus pé eolas a bheadh ag an té a thabharfadh fé. Bheadh an cheist cruaidh go leor dá mbeadh an fliuchra tar éis a thomhas mar ba cheart, agus gach cúntas ollamh féd láimh agat, rud ná feud-
faí gan díol na hoibre de ghleusaibh tomhaiste agus iad roinnte mar ba chóir ar na sruthchríochaibh. Acht ón uair atá a fhios agat nác comhthrom don fhliuchra ar fuaid na sruthchríche, agus na theannta san gan go leor gleus tomhaiste ann chun fliuchra gach áite fé leith do mheas, is seacht ndeacra de cheist é. Agus is mar so atá urmhór na hÉireann .i. ar bheagán gleus tomhaiste an fhliuchra, agus go mórmhór imeasc na sléibhte, agus gurab iad san na h-áiteanna ba mhó gábhadh leo. Cé gur cheist mhórbhrígh do mhuintir na hÉireann an cheist seo níl ag gabháil di fé láthair acht corrdhuine. Ba mhór an chabhair é dá gcuirfí gleus tomhaiste fliuchra isteach i ngach scoil, agus cúntas do choimeád ar an dtomhas, agus é d'fhógairt don phobul; acht ba bheag san féin. Ba chóir go mbeadh cuallacht phoiblidhe i gcomhair gach sruthchríche nó i gcomhair gach duithche 'na mbeadh rainnt sruthchríoch beag. Chun an méid uisce a bheadh le fághail in aon ionad comhachta ar feadh tréimhsí seachas a chéile do chruinn- tomhas, níor mhór stealladh na habhann do thomhas gach lá, agus é sin do dheunamh ar feadh tamaill mhóir de bhliadhantaibh. Is beag ar fad d'aibhnibh na hÉireann go bhfuil a leithéid sin de chuntas orra. Dá bhrígh sin, maidir le n-a n-urmhór, níl le deunamh acht an steal- ladh d'áireamh as pé cúntaisí atá le fagháil. Dá mbeadh ort an ghleusradh do leagaint amach i gcomhair ionaid áirithe níorbh fholáir bheith ar bharr t'aire ag deunamh an áirimh seo, agus 'na theannta san steal- ladh na h-abhann do bheith dá thomhas agat féin le n-a
fhaid agus dob' fhéidir, agus an tomhas san do bheith mar phromhadh ar an áireamh a bheadh deunta agat as cúntaisí an fhliuchra. I gcóir cur síos coitchianta ar chomhacht aon duithche fé leith, mar atáimíd-ne chun a dheunamh ins an aiste seo ar ball, ní gábhadh an cruinneas san ar fad. Badh leor chuige sin an t-áireamh do dheunamh as formuilíbh go bhfuil glactha leo coitchianta. As formuilíbh P. M. Parcer a deineadh na cúntaisí atá i gcaibideal a ceathair againn. Formuilí iad san a deineadh as an stealladh míosamail a thagadh as sruthchríochaibh atá ar aon tsamhail le n-a lán eile sa tír seo. Teasbáineann na formuilí sin an méid fén gceud den fhliuchra a rithfeadh isteach san abhainn de bharr talmhan, agus 'na theannta san as broinn talmhan na meadhon- tsruthchríche. Ní féidir a rádh go bhfuil na cúntaisí againne fíorchruinn, acht do deineadh dícheall pé locht a bheadh orra gan aon áireamh do bheith os cionn an chirt.
CAIBIDEAL A TRÍ. An dúthaig i gCiarraidhe go bhfuil coimhcheangal Lios na gCeann agus Cill Áirne agus Cill Orglan agus Bágh an Daingin ar a theorainn thuaidh, sé sin an dúthaigh a scrúdóchaimíd ins an gcaibideal so, feuchaint an mór é a chomhacht uisce. Áit mhór sléibhte agus gleannta é, agus is líonmhar ann aibhne agus locha. É garbh fiadhain, acht dá ghairbhe agus dá fhiadhaine é ní háit iargcúltha é, mar tá comhgar loingeas agus traen ann agus bóithre maithe ó ghleann go chéile. Tá duine de scríbhneóiríbh na haiste seo tar éis rainnt oibre do dheunamh ins an dúthaigh sin d'iarraidh a chomhacht do mheas. Tá ceithre cuaird tabhartha aige ann, agus tomhaiseanna deunta aige, cuid aca ar an bhfód agus cuid eile ar léirscáileanna ar a raibh línte comhaoirde. Do chuardaigh agus do scrúdaigh sé a raibh de chúntaisíbh fliuchra le fagháil ann i dteannta le stealladh rainnt abhann agus comhacht rainnt ionad d'áireamh. Tá cuid de thoradh a shaothair curtha i gcló aige féin agus ag Liam Cinnseamán, M.E., i bhfuirm aiste in "The Annual Journal of the Engineering Society of University College, Cork," agus tá tuilleadh cúntaisí deunta aige ó scríobhadh an aiste sin. Cuirfear síos ar na cúntaisí sin annso, ní hamháin i dtreo gur mhóide eolas an phobuil ar shaidhbhreas na tíre seo é, acht chun gur bhfearrde a
tuigfí an obair agus an stuidéar nách foláir do dheunamh sar a bhfeudfaí cur síos le haon chruinneas ar chomhacht fiú aon dúthaighe amháin. Agus is móide is fiú deacracht an scéil do thuisgint do bhrigh go bhfuil dhá dhream ins an tír agus gur mór taidhbhseach iad ráidhte a mbeul agus scríobhadh a bpeann ar chomhacht an uisce, agus gan an fhírinne ag ceachtar aca, acht dream aca dá mheudú ró-mhór agus an dream eile dá laighdú ró-mhór ar fad. An ceart atá uainne, nó rud ana-ghairid do, agus ní féidir dul in aon ghaor don cheart sa sceul so gan obair mhór istigh agus amuigh. Sé atá ins an aiste adubhramar thuas ná meas nó tomhas ar an gcomhacht is lugha d'fheudfaí fhagháil ins an tsamhradh is tiorma dá dtiocfadh. Níl ann ach tosnú, acht tá de bhuaidh aige go gcuireann sé in iúl na háiteanna is mó is fiú a scrúdú níos mine ar ball. Ag deunamh an tomhais seo do cuireadh i gcás go bhfeudfaí stealladh na hoidhche do choimeád i dtaisce i gcomhair chaitheamh an lae 'na dhiaidh, agus ná beadh an muileann ag obair acht deich n-uaire an chluig sa ló, i dtreo is go bhfeudfaí na 24 uaire an chluig stealla d'úsáid insna deich n-uaire an chluig. Tá toradh an tomhais sin agus eolas ar gach ionad comhachta dár scrúdaigheadh le fagháil ar Chlár 1. Chun a fhagháil amach cad é an chomhacht a bheadh le fághail, agus san gan stad, le linn na tiormachta ní gábadh acht na comhachta ar Chlár 1. do roinnt fé 2.4.
Is é an cheud rud eile cur síos fé leith ar gach abhainn .i. a mheas an mór é a stealladh ar feadh gach mí de bhliadhain mheadhon-fhliuchra (.i. fé ghnáthchoingheallachaibh aimsire san tír seo), agus cad é an chomhacht a gheobhthaí saor aiste gan stad, acht an t-uisce a bheadh le spáráil sa gheimhreadh do choimeád i dtaisce i lochaibh nó i ndabhchaibh móra i gcomhair an tsamhraidh. Dá gcoimeádfaí an t-uisce i dtaisce tamall slighe suas ó adhbha na comhachta dob' fhéidir an stealladh do riaradh agus níos mó comhacht d'fhagháil as a chéile ná mar d'fheudfaí fhagháil dá mbeadh an t-uisce ag imtheacht do réir dúthchais. Maidir le haibhne seo Chiarraidhe ní raibh aon chúntas le fagháil ar an stealladh féin, agus dá bhrígh sin, b'éigin an tomhas do dheunamh as cúntaisí an fliuchra. Seo mar tugadh fé: (1) A raibh de chúntaisíbh ar fhliuchra mhíosamhail na dúthaighe do bhailiú, acht níor leor in aon chor a raibh le fagháil díobh. (2) An meadhon-fhliuchra míosamhail d'áireamh do gach áit 'na ndeintí an fliuchra do thomhas ann roimhe sin. Nuair ná bíodh le fagháil ar ionad acht cúntaisí cúpla bliadhain siar, do cuirtí meadhon-tomhaiseanna an ionaid sin i gcoimhmeas le meadhon-tomhaiseanna líonmhara ionad eile in aice leis, nó ar aon tsamhail leis, d'fhonn a laighead cúntaisí sin do cheartú. (3) Scaipeadh nó roinnt an fhliuchra ar gach sruth- chrích do dheunamh amach. Ní mór san d'fhonn cruinnis,
CLÁR I. An Abhainn An Chladach An Ruachtach An tSleathana An Abha Bheag Ionad na Comhachta Droichead an Phuill Ghuirm (cois bóthair mhóir) Dr. Uí Mhórdha (cois bóthair mhóir) Dá mhíle ó Chill Gharbháin (cois bóthair mhóir) Míle ó Chill Gharbháin (cois bóthair mhóir) Droichead Chúl an Easaigh An Stad Traenach mó an Baile Cuain is giorra don ionad agus a fhaid slighe uaidh Stad Droichead na Lua, 1½ míle Stad Dr. Uí Mhórdha Stad Chill Garbháin, 3 míle Stad Chill Garbháin, míle Stad Chill Garbháin, 1¼ míle Tomhas Cearnach na Sruthchriche 'na Mhíltecearnacha An Tuitim 'na Throighthe Eachcomhacht Infeadhma 10 n-uaire an chluig sa ló le linn na triomachta
An Chlaodach Abha na Sín Abha Chluain Aoidh An Dóinn An Chumarach An Chártha An Chártha Bheag Abha na n-Oileán Lea'stuas de Dhr. an Bhóthair Iarainn Droichead Drom an Easaigh Leath'stíos de Loch Cluain Aoidh (in aice bóthair mhóir) Droichead na Dóinne (7 míle ó Neidín) Comhgarach do Dhroichead Chath air Samháin Droichead Chártha Barr Loch Cártha Leath'stíos de Loch an Chuais Leath'stíos de chumar an dá abhann (cois bóthair mhóir) Neidín, 2½ míle Neidín, 4 míle Cois Cuain Neidíneach Cois Cuain Neidíneach An Currán, 2 míle Na Dumhcha, míle Cill Orglan, 9 míle Cill Orglan, 9 míle Cill Áirne, 10 míle
mar is mó go mór an fliuchra imeasc na sléibhte ná ar an dtír 'na gcomhgar nó ar bhruach na farraige. Níorbh fhéidir é sin do dheunamh ámh, mar na cúntaisí a bhí le fagháil, ó áiteannaibh cois farraige a thángadar, nó ó imeallaibh thuaidh na dúthaige, acht dhá cheann amháin, agus ní dheunfadh an dá cheann san an gnó. Ní raibh aon leigheas air sin acht cúntaisí ó na lán ionad do chur i gcomparáid le chéile, agus athrú míosamhail fliucha do cheapadh asta a dheunfadh meadhon cuibheasach maith i gcomhair urmhór na sruth- chríoch. Teasbáintear an t-athrú san i bhFigiúir 1. Tá na míosa ó thaobh taobh ar an bhfigiúir agus meadhon- fhliuchra gach mí ó bhun barr. Fig. I. Órlaigh fliuchra Meadhon fliuchra gach mí den bhliadhain.
(4) A mheas cad é an stealladh a thiocfadh ó mheadhon-tsruthchrích i ngach mí de bhliadhain mheadhon- fliuchra. Mar adubhramar i gcaibideal a haon do baineadh feidhm a formuilíbh Pharcer ghá mheas san. Tá cúntas míosamhail an fhliuchra i bhFigiúir 1., acht an chi id de fhliuchra Mheitheamh an Fhoghmhair a théigheann san tsruth is mó againne é ná mar atá sé ag Parcer. (Tá 1/30 againne in ionad 1/40 atá aige sin). Tá toradh an áirimh againne le fagháil i bhFigiúir II. Sé atá ann ná meadhon-stealladh gach mí 'na oiread san órlach fliuchra ar an sruthchrích. Is é brígh atá leis sin ná dá leathtaí amach ar úrlár a bheadh ar aon mhéid leis an sruthchrích iomlán stealladh mí na Márta gurbh ionann san agus aoirde 1.1 orlach ar an sruthchrích. Is slighe oireamhnach é sin chun stealladh abhann d'áireamh nuair ná beadh ag duine acht cúntaisí fliuchra, acht tuigtear nách ró-chruinn é toradh an áirimh sin, acht go bhfuil sé cruinn go leor do chur síos coitchianta mar atá againne. Is é ár dtuairim ar aon chuma gur beag toradh againn atá os cionn an chirt. (5) Toradh gach áirimh go dtí so do chur síos ar chuma n-a bhfeudfaí é úsáid gan mhoill i gcomhair aon abhann sa dúthaigh .i. figiúir do dheunamh as na meadhon-steallta míosamhla 'na dteasbáinfaí na míosa gurab ionann agus méid áirithe stealladh na sruthchríche ionnta. Figiúir den tsaghas san is eadh figiúir III. Sé atá ins an bhfigiúir sin ná gach meadhon-stealladh míosamhail 'na oiread san órlach
Fig II. Orlach amháin fliuchra ar an sruthchrích agus é do rith de in aon mhí amháin is ionann san agus meadhon-stealladh 0.894 cubthroigh sa secund ó gach míle cearnach den tsruthcrích. An meadhon-stealladh míosamhail na órlachaibh fliuchra ar an sruthcrích. Míosa. Meadhon-steallta míosamhla.
Fig II. An stealladh míosamhail na órlachaibh fliuchra ar an sruthcrích. Figiúir na dteasbaintear an líon mí den mheadhon-bhliadhain ghurab ionann agus méid airithe an meadhon-stealladh ionnta, agus an meadhon-stealladh san curtha síos mar órlacha fliuchra ar an sruthchrích. Deineadh an lúb so as fig. 2. Tuigtear gur meadhon-steallta na steallta atá ar fig. 2, agus gur mhó go mór an tapamhlacht stealla ar feadh roinnt den mhí agus gur lugha go mór é ar feadh roinnt eile dhe ná an meadhon-tapamhlacht stealla a teasbaintear i gcomhair an mhí sin ar fig. 2. Míosa
fliuchra ar an sruthchrích, agus iad ó thaobh taobh san bhfigiúir, agus na míosa gurab ionann an stealladh ionnta agus an stealladh a dheunfadh órlach uisce ar an sruthchrích gach mí, ó bhun barr san bhfigiúir. Sé príomhthoradh na hoibre sin thuas ná a theasbáint go bhfeudfaí na heachcomhachta a fuaireamar bheith le fagháil ar feadh deich n-uaire an chluig sa ló le linn na tiormachta, go bhfeudfaí iad fhagháil gan stad ar feadh ocht mí de bhliadhain mheadhon-fhliuchra, agus gur fusa a mheas an mór de thuile an gheimhridh nách foláir do choimeád i dtaisce, i dtreo go bhfaghfaí na heachcomhachta thuas gan stad ar feadh na bliadhna go léir. I gcuid desna hionadaibh comhachta nó tamall slighe suas uatha b'fhuiris locháin taiscthe do dheunamh a bheadh oireamhnach; agus tá ionaid eile gur dheacair cóir taiscidheachta d'fhagháil dóibh; agus tá rainnt bheag ionad arís go bhfeudfaí a leordhóthain uisce do choimeád ins na lochaibh tamall suas uatha, acht coradha do thógaint ag beulaibh na loch. Dob fhéidir dóthain an ionaid atá ag Droichead an Phuill Ghuirm do choimeád i dtaisce, acht cora cuibheasach íseal do thógaint ag Droichead na Cladaighe, agus an t-uisce a bheadh ag teastáil ón muileann do scaoileadh 'na chanáil amach as an abhainn. Acht i dtaobh an ionaid atá cois na Ruachtaighe ag Droichead Uí Mhóra níl aon áit oireamhnach i gcomhair taiscidheachta 'na aice, agus níorbh fhuiris gan mhórchostas cóir taiscidheachta
d'fhagháil leath'stuas de. Mar sin don tSleathana leis. An t-ionad comhachta atá cois Loch Cluain Aoidh, agus cois na Cumaraighe, agus cois Cárta ionaid iad san go bhfeudfaí a ndóthain uisce do choimeád i dtaisce leath'stuas díobh. Dob' fhéidir oiread uisce agus a dheunfadh gnó an ionaid atá cois Loch Cluain Aoidh agus gnó an ionaid atá cois na Cumaraighe do choimeád i dtaisce acht coradha ceithre troigh nó mar sin do thógaint ag beul Loch Cluain Aoidh agus ag beul Loch Doire Iadhna. Tá buadh ag Loch Cárthaigh go scaoileann sé uaidh an t-uisce ar chuma go bhfaghfaí 150 eachcomhacht as i mbliadhain mheadhon-fhliuchra agus é sin gan stad ar feadh an tsamhraidh féin; agus dá gcoimeádfaí troigh eile uisce ann, agus breis de thrí troighthibh do leigint as san tsamhradh, ní móide ná go bhfeudfaí 250 eachcomhacht do sholáthar don ionad atá cois Cártha. Ní féidir fé láthair cur síos níos cruinne ar thaiscidheacht gach ionaid atá ar Chlár I. Chun é do dheunamh níor mhór gach sruthchríoch do scrúdú go mion agus dá ndeunfaí é sin is dócha go bhfaghfaí amach rainnt eile ionad mór agus ana-chuid ionad beag. D'fheudfaimís ionaid eile d'ainmniú anois féin, acht an t-eolas atá againn orra níl sé cruinn a dhóthain chun a chur os cómhair an phobuil. Tá buadh ag gach ionad dár luamair .i. gur fuiris é d'aimsiú. Tá sé cinn aca comhgarach don bhóthar iarrainn nó buailte suas leis. Cuid aca san iseadh
na cinn tábhachtacha so .i. an ceann atá ag Droichead an Phuill Ghuirm agus an ceann atá ag Droichead Uí Mhórdha, agus an ceann atá ag Droichead Chártha. An dá cheann atá cois Loch Cluain Aoidh agus ag bun Dóinne táid ar bhruach cuain Neidíneach. An ceann atá cois na Cumaraighe tá sé comhgarach do bhóthar mhór agus é ar bhruach Bhágh Bhaile na Sceilg i ngiorracht dhá mhíle don Churrán. Tá an chuid eile ana-ghairid do bhóithribh maithe. Dá bhrigh sin b'fhuiris adhbhar deuntús do thabhairt isteach ionnta dá mbadh ghábhadh é, agus an earradh críochnuighthe do sheoladh i gcéin asta. Ní deirimíd gur fíorchruinn aon áireamh dá bhfuil sa chaibideal so, agus admhuighmíd nách cur síos iomlán é ar chomhacht na dúthaighe seo Chiarraidhe Theas, acht ní misde a rádh go dteasbáineann sé gur dúthaigh thábhachtach é i dtaobh comhachta, agus gur féidir tuairim don chomhacht san do dheunamh as, agus dosna háiteannaibh 'na bhfuil an chomhacht le fagháil. Má's liosta le haoine an cur síos atá ar an obair sin thuas, bíodh a fhios aige gur d'aon inntinn a cuireadh an oiread san ann, chun a theas- báint gur fothram na n-árthaige folamh cainnt gan chuardach agus friotal gan fíorthuiscint i gcúrsaíbh comhacht uisce na hÉireann.
CAIBIDIL A CEATHAIR. Ní mór ná go bhfuil tír na hÉireann mar a bheadh páirc mhór agus claidhe 'na timcheall. Acht is 'mó bearna sa chlaidhe sin, mar is minic mám i measc na gcnoc agus ní hannamh gleann doimhin agus abha mhór ag rith tríd ón machaire meadhoin. Tá áiteanna sa mhachaire sin 400 troigh ós cothrom na mara, agus tá ó 700 troigh go dtí 3,400 troigh d'aoirde ins na cnocaibh mórdtimcheall. Tá ceithre phríomhchnuasach sléibhte cois farraige .i. sléibhte Chiarraidhe agus Corcaighe thiar, agus sléibhte Chonnamara, agus sléibhte Uladh, agus sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Cill Manntáin. Tá trí chinéal abhann in Éirinn ghá n-áireamh ar son comhacht uisce, mar atá (1) Aibhne a tharraingeann uisce as an machaire meadhoin; (2) Aibhne a tharraingeann uisce as na sléibhte adubhramar thuas; (3) An chuid eile d'aibhnibh na hÉireann agus go mór mór na haibhne a tharraingeann uisce as na cnocaibh beaga cois farraige. Aibhne mórchríoch is eadh an cheud chinéal agus is mór é a gcuid uisce, acht toisc iad d'eirghe as an
réidhe ísil i bhfad ón bhfarraige is beag é a dtuitim de ghnáth. Aibhne an dara chinéil ní bhíonn a gcríocha ró-bheag ná ró-mhór, acht is mór é a meadhon-tuitim. Eirigheann aibhne an treas cinéil as talamh íseal nách cuid den mhacaire mheadhoin é, nó as talamh árd nach cuid desna cnuasacha sléibhte réamhráidhte é. Cuirfimíd síos ar phríomhaibhnibh gach cinéil díobh so i gcursaí comhacht, agus teasbáinfimíd gach áireamh comhachta a cuireadh os comhair an phobuil, agus gach áireamh d'fheudamar a dheunamh as aon eolas do cuireadh ar leabhar nó ar pháipéar. Sí an tSionainn an phríomhabhainn ar an gceud chinéal. Is beag í tuitim na habhann so an chuid is mó dá cúrsa. Níl acht tuitim 60 troigh ó Loch Ailinne go Loch Deirgdheirc .i. faid ceud míle slighe; acht ó Chill Dhá Lua go Luimneach .i. faid 13 míle slighe, tá tuitim 97 troigh. Is soiléir go bhfeudfaí comhacht do bhaint as an méid sin den abhainn, acht sara bhfeudfaí a rádh ar mhór dob fhiú an obair a bhainfí as badh cheart corrshuantacht an stealla do mheas, agus ceist a riartha do bhreithniú, agus a fheuchaint cad é an tuitim ba mhó dob fhéidir d'úsáid gan ró-chostas. Chun aon ana-mhéid desna 97 troighthe sin tuiteama d'úsáid níorbh fholáir uisce i gcomhair na comhachta do leigint as an abhainn, agus é thabhairt 'na chanáil fhada go hadhbha na comhachta; acht is adhbhar mór saidhbhris an chuid sin den abhainn ar líonmhaire an éisc ann, agus tá canáil ann cheana féin i gcomhair loingeas, agus níorbh fholáir rainnt
mhór den uisce d'fhágaint na gcomhair sin. Dá bhrígh sin ní bheadh d'uisce i gcomhair comhachta acht an farradh is barr. Táthar ag tomhas stealla na Sionainne gach lá ag Cill Dhá Lua le rainnt bhliadhan, agus tá toradh tomhas 25 bliadhan (1893-1917) curtha os comhair an phobuil ag M.J. Challoner Smith, M.I.C.E.I., i bpáipéar léigheanta do léigh sé os comhair lucht an "Institute of Civil Engineers of Ireland," i mBaile Áth Cliath, mí Eanair, 1919. Sid é an méid dá chúntas is tairbhighe dhúinne (1) Nár mhisde 1193 cúbthroigh sa secund do chur síos mar mheadhon-stealladh ha habhann don mhí is tirme i mbliadhain tirm; (2) Nár mhisde 2839 cúbthroigh sa secund do chur síos mar mheadhon-stealladh na habhann don mhí is tirme i mbliadhain mheadhon-fhliuchra; (3) Go bhfuil timcheall le 30 lá den bhliadhain mheadhon-fhliuchra agus timcheall le 70 lá de bhliadhain ana-thirm gan oiread agus 1,500 cúbthroigh stealla leis an abhainn. Níl aon bhreith ar a thuille uisce do choimeád i Loch Deirgdheirc, mar dá dtógfaí cora ag beul an locha chun an t-uisce do choimeád do raghadh sé thar bruachaibh níos sia suas, agus do bhádhfadh sé rainnt mhór talmhan timcheall an locha. I dtaobh an fhuighealaigh nár mhór d'fhágaint ins an abhainn sé rud
is mó brigh ná a mheas an mór é an t-uisce a bheadh ag teastáil ó na pollaibh iuchrach atá leath' stíos de Chíll Dhá Lua. Do réir chuntas Smith ní foláir oiread uisce agus a thabharfadh comhacht 1,500 cúbthroigh sa secund d'fhágaint i gclais na habhann gan aon obair do bhaint as, agus dá dheascaibh sin is mar seo a bheadh an sceul dá mbeadh tuirbín d'éifeacht 80% ag gabháil don uisce: go mbeadh 30 lá de bhliadhain mheadhon-fhliuchra gan aon chomhacht le fagháil; 74 lá agus fé chionn 100 eachcomhacht ann do gach troigh tuiteama; 110 lá agus fé chionn 200 eachcomhacht ann don troigh; 170 lá agus fé chionn 400 eachcomhacht ann don troigh; 190 lá agus fé chionn 1,000 eachcomhacht ann don troigh. Bhí 70 lá den bhliadhain 1905 ná beadh aon chomhacht le fagháil agus 150 lá 'na mbeadh an chomhacht fé cheann 100 eachcomhacht don troigh tuiteama. Dá ndeunfaí úsáid de thuitim 40 troigh is mar seo a bheadh an réim chomhachta: neamhní ar feadh 30 lá de bhliadhain mheadhon-fhliuchra agus as san suas go dtí 4,000 troigh sa secund ar feadh 175 lá. B' ana-dheacair úsáid tairbheach do dheunamh dá chorrshuantaighe sin de chomhacht. Ná tuigtear as an méid sin thuas ámh ná feudfaí aon chomhacht fhóghanta d'fhagháil ins an áit sin. Dob' fhéidir tuitim bheag d'úsáid gan fuighealach mór d'fhágaint i gclais na habhann. Tá an eas ó na ainmnightear Dún Easa idir dhá chnuasach poll iuchrach, agus d'fheudfaí uisce do thabhairt as an abhainn ag barr an easa agus é scaoileadh isteach arís ag a
bhun gan baint le doimhneas an uisce ar na poll- aibh iuchrach. Níor ghábhadh acht fírbheagán uisce do scaoileadh síos an eas .i. a oiread san go bhfeudfadh an t-iasc snámh síos suas ann. Tá timcheall le 17 troigh de thuitim san áit sin, agus áirmhightear go bhfeudfaí 2,000 eachcomhacht do choimeád ag obair gan stad ann ar feadh 10 mí de bhliadhain meadhon-fliuchra. Ag cur sios dúinn ar chomhacht na Sionainne ní mór trácht ar na haibhnibh is mó a chothuigheann í. Gheibhtear ag Dick sa pháipéar a scríobh sé ar "The Utilisation of the Water Power in Ireland" cúntaisí ar chomhacht chuid desna hionadaibh atá ar bhruachaibh na n-abhann so. Na cúntaisí atá aige ar na comhachtaibh bhíos le fagháil coitchianta ar aibhnibh an mhacaire mheadhoin feuchtar dóibh ar Chlár II. sa leabhar so. CLÁR II. Ionad na Comhachta Cois Abhainn Mhulcaide Baile na gCloch Leath' stíos d'Aonach Cois Abhainn an Chamchuir An Bhracach Cois na Brosnaighe Baile an Mhaighe An Lios Dearg Droichead an Chlárigh Cill Bheagáin Cois na hOíne Mainistir Sruthra Cluanán Baile Mhathghamhna Sruthair Eachcomhacht Infeadhma ar feadh Deich Mí de Bliadhain Mheadhon-Fliuchra
Is iad so príomhaibhne an mhachaire mheadhoin, an Bhóinn agus an tSiúir agus an Feóir agus an Bhearbha. Níl aon chúntaisí le fagháil ar an mBóinn, agus is é is dóichighe ón saghas cúrsa atá aige ná fuil ionaid mhóra comhachta ar a phortaibh. Sid iad 'nár ndiaidh na cúntaisí atá aige ar an gcuid eile .i. 26 eachcomhachta infeadhma an troigh ón tSiúir ag Cluain Meala; 20 eachcomhachta infeadhma an troigh ón bhFeóir ag Cill Choinnigh; 25 eachcomhachta infeadhma an troigh ón mBearbha ag Ceatharlach; agus gach méid díobh san ar feadh 10 mí de bhliadhain mheadhon-fhliuchra. Cuirfimíd síos anois ar an dara cineul abhann .i. ar na haibhnibh a tharraingean uisce as na sléibhtibh adubhramar thuas. Theasbáineamar romhainn gurab é réim chomhachta Chiarraidhe Theas: ó fhírbheagán suas go dtí 250 eachcomhacht, agus go mb' fhuiris cóir taiscidheachta d'fhagháil in áiteannaibh, agus gur fuiris urmhór na n-ionad do shroisint Níl aon chúntaisí ar chomhacht Chonnamara agus na dúithchí comhgarach do, acht ba dhóigh le duine ar na léirscáileannaibh go bhfuil mórán ionad comhachta ann, agus iad tamall anuas ó lochaibh atá oireamhnach i gcomhair taiscidheachta. Do réir léirscaileanna an dá dhúthaigh ba chóir gurbh fhearr mar dúthaigh comhachta Connamara ná Ciarraidhe Theas, agus gur
líonmhaire ann áiteanna 'na bhfuil locha a riarfadh an sruth i dtreo go meudóchthaí uisce na habhann le linn na tiormachta. Do scríobh T. M. Batcher, M.I.C.E., aiste in "The Irish Builder and Engineer," an 16adh lá de mí na Márta 1918, agus tugann sé cúntas ar chomhacht cúpla ionad i measc sléibhte Thír Chonaill Thiarthuaid. Ní chuireann sé síos acht ar trí haibhnibh. Sid é an cúntas: An Chladach — 1240 eachcomhacht infeadhma le fagháil ag Dobhar, acht 10 dtroighthe uisce sa bhreis do choimeád i Loch nEachung agus i Loch Dún Lughaidh. An Ghaeth Dobhar — 450 eachcomhacht infeadhma le fagháil gan stad ag Dobhar, acht 25 troighthe uisce sa bhreis do choimeád i Loch an Úir agus an sruth do riaradh. Abha na Coradh — 810 eachcomhacht infeadhma le fagháil ag Droichead an Leacaigh, acht breis uisce do choimeád i Loch Abha na Coradh agus an sruth do riaradh. 'Na n-eugmais sin tá cúntaisí eile comhachta aige i gcomhair lae deich n-uaire an chluig: dhá ionad comhgarach do Dhúngleó a thabharfadh 300 eachcomhacht an ceann; ionad 200 eachcomhacht leath'stíos de Loch Beathach cois Abha na Coradh; ionad 480 eachcomhacht leath'stuas de Loc Gartan; agus ionad 1000 eachcomhacht cúpla míle slighe síos uaidh cois Leanain.
Níorbh fholáir obair mhór chostasamhail chun na comhachta adeir Batcher do chur ag obair agus ba mhó b'oiseamhnaige comhachta badh lugha do bhaint as na hionadaibh sin. Tá ionaid eile i measc sléibhte Uladh agus cúntaisí ag Dick orra mar atá ar Chlár III. nár ndiaidh. CLÁR III. Ionad na Comhachta Cois Abhainn Mhodhuirn Suidhe Fhinn Cois Banna Uladh Port na Binne Uaine Mágh Bheannchoir Carn Ruadh Cois Lagain Lios na gCearrbhach Comhacht Infeadhma ar feadh Deich Mí de Bhliadhain Mheadhon-Fhliuchra Níl acht rainnt bheag ionad ar an gclár thuas acht tá a lán eile ionad ná fuil cúntaisí le fagháil orra. Cé nách den chineul so an Life le ceart ní misde é chur síos mar abhainn d'aibhnibh sléibhte Chill Manntáin. Tá ionad comhachta ag Léim an Bhradáin, agus ceann ag Baile Mór Iústás, agus ceann eile ag Poll an Phúca; acht níl áireamh cruinn le fagháil ar chomhacht aon chinn aca. Is cosamhail go bhfuil 600 eachcomhacht le fagháil ag léim an Bhradáin, agus é sin ar feadh deich mí de bhliadhain mheadhon-fliuchra, acht ní'limíd cinnte den áireamh san. Tá rainnt
ionad mbeag cois an Dothra agus comhacht dá saothrú cheana ionnta. Ní móide ná go bhfuil rainnt ionad cois Abha Mhór Cho. Chill Manntáin acht is ó n-a bharr san a gheibhtear lón uisce Bhaile Ath Cliath. Na cúntaisí comhachta a gheibhtear ag Dick, agus cúntaisí eile ar ionadaib atá ar aibhnibh den treas cineul gheobhthar iad ar Chlár IV. Tuigtear nách cur síos iomlán ar aibhnibh aon chinéil a bhfuil raidhte againne orra, mar is iomdha ionad in Éirinn gan aon chúntas le fagháil ar a chomhacht. Sé buadh atá ag na cúntaisíbh againne ná go gcuirid in iúl, dá neamhshoiléireacht é, cionnas atá an chomhacht scaipthe ar fuaid na hÉireann. Is iontuigthe as na cuntaisí sin gur ar ró-éigin d'fheudfaí níos mó 'ná 5,000 eachcomhacht d'fhagháil i ndúthaigh bhig agus ionaid atá comhgarach dá chéile do chur le chéile chuige. Tá ana-chuid áit 'na bhfeudfaí ó 500 eachcomhacht go dtí a 1,000 do chur ag obair saor go leór, agus do réir mar théigheann an chomhacht i laighead is líonmaire na hionaid 'narbh fhéidir é fhaghá. Mar sin is fuirist ionaid a naoi nó a deich d'eachcomhachtaibh d'fhagháil ar fuaid na tire.
CLÁR IV. Ionad na Comhachta Cois Laoi Ceithre mhíle siar ó Mhagh Chromtha Ceithre mhíle soir ó Mhagh Chromtha Oibreacha Uisce Chor- caighe Cois Droighnaighe San Droighnach Thoir Cois Bandan Míle soir ó Inis Caoin Droichead na Bandan Com Ubhla Cois Abha na Féile Lios Tuathail 2 míle ó Lios Tuathail Cois Daoile In aice Eas Géiptine Cois Máighe Míle ó Chromadh Cois Abha an Chláir Droichead na Tuaime Sruth an Mhuilinn Cois Abha Bhaile Easa Dara Baile Easa Dara Cúil Mhaoile Cois Éirne Ó Bheul Leice go Beul Átha Seanaigh (4 ionaid ann) Cois Abha Mhór Mumhan Mainistir Fhear Maighe Cois Sláinge Cloch Amuinn Cois Banna Baile an Gharrdha Baile an Gharrdha Baile Eoghan Eachcomhacht Infeadhma ar feadh Deich Mí de Bhliadhain Mheadhon- Fhliuchra Fear deunta an chuntair Dick A. Breachnach Micheál Ó Rioghardáin Liam Cinnseamán
FIG. V. Ionaid Chomhachta na hÉireann agus comhacht gach ionaid díobh.
CAIBIDEAL A CÚIG. Tá ionaid mhórchomhachta, agus ionaid bheagchomhachta, agus ionaid nách ró-bheag ná ró-mhór é a gcomhacht, scaipthe gan ordú ar fuaid na hÉireann, agus níor mhór cur síos coitchianta orra, dá chur in iúl cionnas dob' fhéidir an chomhacht d'úsáid. Tá ionaid ann a thabharfadh 3,000 eachcomhacht, agus ionaid ná thabharfadh acht 4 each- comhacht nó a 5. Tá ionaid ann arís ná thabharfadh an méid sin féin agus gurbh fhiú a gcomhacht do chur ag obair ar ghleusaibh i gcomhair bhainne, acht ní cuirfear síos orra san annso. Deunfaimíd trí roinnt desna hionadaibh eile: (1) Ionaid a thabharfadh níos mó 'ná 500 each- comhacht; (2) Ionad a thabharfadh ó 50 eachcomhacht go dtí a 500; (3) Ionad a thabharfadh ó 4 eachcomhacht go dtí a 50; Aon ionad comhgarach do chathair a thabharfadh os cionn 500 eachcomhacht d'fheudfaí eileictreacas do dheunamh ann, agus é do chur isteach saor sa chathair sin, agus 'é dhíol le lucht monarchan. Dá mhéid an chomhacht a bheadh le fagháil is eadh is sia ó bhaile d'fheudfaí é do chur trí eileictreacas. 'Na theannta san má's fada ó mhianachaibh an chathair agus an gual daor ann, d'fheudfaí luach dá réir do chur ar an gcomhacht agus
dá bhrígh sin níor ghábhadh an t-ionad do bheith chomh comhgarach don chathair agus mar ba ghábhadh dá mbeadh an gual saor ann. Mar sin atá cathracha na h-Éireann. In ionadaibh 'na bhfeudfaí níos mó ná 1,000 each- comhacht d'fhagháil dheunfaí oiread eileictreacais agus oibreochadh monarchain i gcomhair páipéar agus carbaíd aoil. Na hionaid chomhachta den tsaghas san dob' oireamhnaighe 'ná a chéile iad i gcomhair oibreacha gurbh í an chomhacht an rud is mó le rádh ionnta. I gcúrsaíbh na ndeuntuisí sin is é rud is tádhbhachtaighe ná an chomhacht d'fhagháil ar an bpinginn is lugha; dá brigh sin pé costas a bheadh ar iomchur na n-earraidhe, agus pé deacracht a thiocfadh ó lucht céirde do sholáthar, d'eireochadh go maith leis na deuntuisí sin in áiteann- aibh iargcúltha toisc a shaoire a bheadh comhacht an uisce ionnta. An chuid is mó desna hionadaibh a thabharfadh ó 50 eachcomhacht suas go dtí a 500, agus go mór mór iad so atá comhgarach don bhothar iarainn níorbh fhearr rud a dheunfaí leo ná monarchain do chur ag obair ionnta, nó dá mbeadh sráidbhaile sa chomharsan- acht eileictreacas do dheunamh as an gcomhacht a dheunfadh solas don tsráidbhaile sin. Ní mór an rath a beidh orainne muintir na hÉireann so dtí go mbeidh na hearraidhe coitchianta dá ndeunamh againn féin, cuir i gcás bróga agus hataí; úirlisí tighis agus gleusa beaga coitchianta agus trioscán; rothair agus trucaileacha agus neithe den tsaghas san. Ba chóir go ndeunfaí ár ndóthaín féin ar a luighead díobh san in Éirinn. Chuige sin d'fheudfaí monarchain do
thógaint in ionadaibh 'na mbeadh ó 50 eachcomhacht go dtí a 500 le fagháil ionnta. Tá gach aon deallramh go bhfuil oiread comhacht uisce in Éirinn agus oibreochadh monarchain 'na gcomhair sin go léir, agus is é is dóichighe dá mbeadh cead a dtoile ag muintir na hÉireann le tamall, go mbeadh áiteanna móra monarchan i measc na sléibhte san deisceart agus san tuaisceart agus san iarthar mar a bhfuil oireamhantas comhacht le fagháil. Agus na hionaid bheagchomhacht bheadh oiread le fagháil ionnta agus oibreochadh monarchain bheaga agus muilte, agus a chuirfeadh solas eileictreacais ins na sráidbhailtibh agus i dtighthibh na tuaithe, agus a dheunfadh obair tighthe uachtair agus eileictreacas i gcomhair gleusa feirmeoireachta. Neithe iad san a deintear le comhacht uisce anois séin, in áiteannaibh san tír, acht tá dúithcí móra cuireadóireachta ann 'na bhfeud- faí eileictreacas do bhaint as an uisce agus é d'úsáid coitchianta ionnta, agus ní cuimhnightear in aon chor ar a leithéid ins na dúithchibh sin. Dá gcuirfeadh feirmeoirí na ndúithchí sin le chéile d'fheudfaidís an t-uisce do chur ag obair go saor. Is 'mó áit iargcúltha i measg na sléibhte thiar theas 'na mbainid na daoine a ndóthain féin bídh as an dtalamh nó ana-ghairid do, agus 'na theannta san dob' fhéidir oiread caorach do choimeád ar chliathánaibh na gcnoc agus d'fhágfadh fuighealach mór olna aca tar éis eudach do chur orra féin. Is minic a bhíonn
orra fé láthair an t-arbhar agus an olainn do chur i bhfad ó bhaile chun na muilte; acht dá gcuirfidís le chéile agus muilte arbhair agus olna do chur ag obair le comhacht uisce, d'fheudfaidís beith beagbheann ar an bhfear thall i gcúrsaibh bídh agus eudaigh, sé sin chomh fada agus raghadh na príomhadhbhair, agus ní hamháin sin acht bheadh earraidhe olna le dhíol i gcéin aca. Bíodh a dhearbhú san ar thoradh an scrúdaighthe a dhein Pádraig Ó Suibhne, O.S., dúinn ar an dá ghleann a thagann le chéile ag Beul Áth an Ghaorthaidh. Fuair sé sin gur bheag ná go bhfeudfadh muintear an dá ghleann san oiread bídh do bhaint as an dtalamh agus a chothóchadh iad féin agus a gcuid bheithidheach, agus go bhfeudfaidís i bhfad níos mó caorach do choimeád ar chliathánaibh na gcnoc ná mar a chuirfeadh eudach orra féin. Gheobhthaí oiread comhacht in aon ionad amháin cois Laoi i mBeul Áth an Ghaorthaidh agus oibreochadh muileann olna agus muileann arbhair, agus ba bheag an costas ar mhuintir an dá ghleann é shaothrú dá gcuirfidís le chéile chuige. Cuid den Ghaedhealtacht is eadh na dúithcí iargcúltha so adeirimíd, agus bíonn ar a lán den mhuintir óig dul isteach ins na cathrachaibh nó imtheacht as an dtír ar fad cheal slighe bheathadh a choiméadfadh sa bhaile iad. Dá gcuirtí na muilte seo ag obair trí chomhpháirteachas do tabharfaí obair do chuid aca so go mbíonn orra imtheacht, agus an rud is mó is fiú le radh, ba mheudú misnigh dóibh an comhpháirteachas san chun oibreacha eile do chur ar siubhal .i. oibreacha
a mhéadóchadh go mór saidhbhreas na ndúithcí sin agus an líon daoine a chothóchaidís. Ní foláir dhá ní chun an tairbhe iomlán do bhaint as uisce na hÉireann. An cheud ní, é chur 'na luighe go daingean ar na daoine cad é mar adhbhar saidhbhris é an t-uisce. An tara ní, agus sé sin an ní is deacra do dheunamh .i. gasradh fear d'fhagháil go mbeadh díol na hoibre d'eolas aca, agus 'na mbeadh de mhisneach agus de dhúthracht ionnta scaoileadh le saidhbhreas an tsaoghail mhóir amuigh, agus cloí leis an obair seo na h-Éireann; agus díreach mar gurbh é dream uasal na tréine agus na féile a chuir anam arís ins an teangain, ní móide na gurab é an dream ceudna a shaothróchaidh comhacht an uisce. Tá méid mór comhachta ann agus é saor, agus má cuirtear oiread dúthracht san obair agus a cuireadh in aithbheochaint na Gaedhilge ba chóir gur ghairid an tamall bliadhanta go mbeimíd beagbheann ar an bhfear thall i gcúrsaibh earraidhe ár gcothuighthe agus ár gclúdaigh.
Fig. IV. COMHACHT NA CUMARAIGHE. Tomhas cearnach sruthchríce na Cumaraighe anuas go Dr. Chathair Samháin + 17.8m.c. T.C. sruthchríche anuas go béal Loch Doire Iadhna + 6.24m.c. T.C. Loch Dhoire Iadhna + 0.91m.c.
COMHACHT NA CUMARAIGHE. Tomhas cearnach sruthchríche na Cumaraighe anuas to Dr. Chathair Samháin = 17.8 m.c. T. C. sruthchríche anuas to béal Loch Doire Iadhna = 6.24 m.c. T. C. Loch doire Iabhna = 0.91 m.c.
Figiúir a ceathair dá mhíniú annso síos. Léirscáil ar shruthchrích na Cumaraighe é ó bhárr na habhann go dtí an áit in aice Droichead Chathair Samháin mar a bhfuil tuitim 100 troigh in aon mhíle amháin slighe. Teasbáintear ar an léirscáil an áit i mbeadh sruth an mhuilinn agus adhbha na comhachta. An t-áireamh 'nár ndiaidh ag teasbáint go bhfeudfaí oiread uisce do choimeád i dtaisce i Loch Doire Iadhna agus a dheunfadh 100 eachcomhacht infeadhma agus san gan stad ar feadh na bliadhna go léir bíodh sé mar leiriú ar cionnas a deintear a leithéid d'áireamh. Chun 100 eachcomhacht infeadhma do bhaint as tuitim 100 troigh ba ghábhadh 11 cubthroigh uisce gach secund .i. .618 cubthroigh gach secund don mhíle chearnach, mar 17.8 míle cearnach tomhas na sruthchriche ¡ ba chóir go bhfaghfaí .618 x 6.24 .i. 3.86 cubthroigh sa secund stealla ón sruthchrich anuas go beul Loch Doire Iadhna (= 6.24 m.c.) agus ba chóir go bhfaghfaí 7.14 cubthroigh sa secund as an gcuid eile den tsruthchrích (= 10.56 m.c.) Le linn tiormachta, 5 cubthroigh an meadhon-stealladh a gheobhthaí as an sruthchrích go léir agus chun an t-iomlán .i. 11 cubthroigh sa secund do dheunamh suas badh ghábhadh 6 cubthroigh d'fhághail de bharr taiscidheachta. Cuir i gcás i mbliadhain ana-thirm gur ghábhadh sé cubthroigh gach secund den uisce a coimeádfaí i dtaisce i Loch Doire Iadhna agus é sin ar feadh 120 lá. Sé iomlán nár mhór do choimeád i dtaisce ná 6 x 120 x 24 x 60 x 60 .i. 62,208,000 c.t. Sé 25,100,000 troigh cearnach tomhas cearnach an locha. Dá bhrigh sin níorbh fholáir 2.5 troigh uisce sa bhreis do choimeád sa loch. Sé dhá throigh* uisce an méid is mó d'imtheochadh 'na ghail i mbliadhain tirm ¡ ba ghábhadh 2.5 + 2 .i. 4.5 troigh uisce sa bhreis do choimeád i dtaisce. An méid den tsruthcrích atá anuas go beul Loch Doire Iadhna rithfeadh oiread uisce de sin ar feadh 7 mí de bhliadhain tirm féin agus a thabharfadh 3.86 cubthroigh stealla don abhainn gach secund agus 'na theannta san do chuirfeadh sé 4.5 troigh de bhreis uisce sa loch ach é do choimeád ann. Dá bhrígh sin d'fheudfaí an 100 eachcomhacht infeadhma d'fhagháil agus san gan stad acht cora ceithre troigh d'aoirde do thógaint ag beul an Locha agus leathtroigh uisce do leigint as tar mar a leigtear de ghnáth. * As cuntaisí gaile a cuireadh os comhair an phobuil a deineadh an t-áireamh so; vide "Sandeman on the Measurement of the Flow of River Derwent" i dTuairiscí Gnótha "Institute of C.E. (London)," leabhar a 194, cuid IV., leathanach a 27; agus "Dew Ponds" a scríobh W. Vaux Graham in "Symons's Meteorological Magazine," Meitheamh, 1919, leath. 52-3.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services