RÉAMHRÁDH
Seo dhíbh an leabhrán so a Ghaedheala agus má's
beag libh bhur n-eolas ar chomhacht uisce na hÉireann
iar n-a léigheamh díbh tuigidh nách fearr le lucht a
scríbhte rud a thiocfadh as ná bhur spreagadh chun
tuille eolais do chuardach agus do bhailiú.
Má's dóigh le haoine gur lughaide tairbhe an
leabhráin seo é do scríobhadh i nGaedhilg, bíodh a
fhios aige gur i gcomhair fíor-Ghaedheal amháin a
scríobhamar é, mar gurab é ár ndóigh-ne, an té
a thuigeann a riachtanaighe atá an Ghaedhilg do
mhuintir na hÉireann, dá gcur ar a leas, agus
gur leasc leis í fhoghluim 'na dhiaidh san, gur seacht
leisce leis cloí le saothrú comhacht a uisce:
agus an té ná tuigeann gur chomhairle in aisge
ár gcomhairle dho.
Ní mór dúinn ár mbuidheachas do bhreith leo
so: le Liam Cinnseamán, M.E., atá i gColáisde
na hOllscoile i gCorcaigh, agus le Mícheál Ó Ríoghardáin,
Innealthóir agus fear riartha lón uisce Chorcaighe,
agus le Pádraig Ó Suibhne, O.S., atá i mBeul
Átha 'n Ghaorthaigh, ar chuntaisí a thugadar dúinn;
agus le Pádraig Mac Suibhne, Scrúdathóir Gaedhilge,
ar rainnt mhóir ainm áit i gCiarraidhe do réidhteach
dúinn; agus le Tórna ar a chúramaighe a léigh
agus a dheisigh sé an láimhscríbhinn.
Sinne,
ANNRAOI BREATHNACH agus
PÁDRAIG Ó DOMHNAILL.
I nGuagán Barra dhúinn.
An 19adh lá de mhí Iúil 1919 indiu.
CORRIGENDA
Leath. 9, líne 25
Léightear "habhann" in ionad "habhainn"
Leath. 28, líne 20
léightear "40,000 eachcomhacht" in ionad "4,000 troigh sa secund"
Leath. na n-Ainmneach, líne 1
Léightear "Cloonee" in ionad "Clonlee"
Leath. an Fhoclóra, líne 26
Léightear "sruthchomhacht" in ionad "sruthchomhachtc"
<L 1 >
COMHACHT UISCE IN ÉIRINN.
CAIBIDEAL A hAON.
Ní hins an rud bheo amháin atá cumas oibre acht
ins an rud atá gan anam gan anál. Bíodh a
léiriú san ar na gleusaibh (.i. na maisíní) go
dtiomáineann an rud marbh iad agus gur mó sa mhó
atá úsáid dá dheunamh de chun tiomána do réir mar
atá an saoghal ag dul ar aghaidh. Is amhlaidh mar atá
sé láthair gur mó go mór ár mbrath agus ár seasamh
ar obair na n-inneal 'ná ar obair an duine nó an
bheithidhigh. Tá an t-inneall gaile ann agus an t-inneall
geasa, an t-inneall íle agus an t-inneall uisce,
agus na gleusa a thiomáinid siad sin is iad is mó
a dheineann obair an tsaoghail atá indiu ann. Dein-
eann na gleusa san an leasú a leathtar ar an
dtalamh chun fás do chur i mbarraí cothuighthe agus
clúdaighthe an duine; na hadhbhair bídh a fhásann
tríd an dtalamh deineann na gleusa san níos
oireamhnaighe chun a gcaithte do'n duine agus do'n
bheithidheach iad; deinid éadach de'n líon agus de'n
chotún agus de'n olainn; ollmhuighid siad adhbhar
tighthe; is congnamh iad chun tighthe do thógaint, agus
is minic gurab iad a chuireann teas agus teine ionnta;
tiomáinid siad na trucaileacha agus na traenacha,
na loingeas agus na heitealláin a iomchuireann an
duine agus a chuid ó áit go háit.
Is mór é ár mbrath dá bhrigh sin ar inneallaibh agus
ar ghleusaibh tiomána chun oibre do dheunamh, acht ní
haon mhaith iad leo féin gan comhacht do bheith taobh
thiar díobh, agus maidir le comhacht nó cumas oibre
an duine ní fiú é áireamh i gcúrsaíbh tiomána. Trí
hadhbhair mhóra comhachta ann: teas an rud bhíos dá
dhóghadh feidhm an gheasa ag pleuscadh, agus feidhm an
uisce ag tuitim. Tá dhá adhbhar díobh san nách féidir
a úsáid acht aon uair amháin. Nuair a bhíos an teine
dóighte ní bhíonn a thuille brígh ann chun oibre, agus is
ionann do'n gheas tar éis pleusctha dho. Ní mar sin
do'n uisce ámh. Tar éis an obair do dheunamh do,
rithe ann sé chun na farraige, agus eirigheann as san 'na
ghail sa spéir. Tuiteann na dhiaidh san 'na fhliuchra
ar an dtalamh, snigheann sé isteach san abhainn, agus
tiomáineann sé an t-inneall arís; agus mar sin do
san timcheall choidhche agus go bráth.
Dá mbeadh ionad na comhachta oireamhnach agus é
leagtha amach, agus na gleusa suidhte, is beag de
chostaisí a bheadh ag gabháil le comh acht an uisce 'na
dhiaidh san seachas mar a bheadh ag gabháil leis an dá
shaghas eile. Chaithfí dar ndóigh na gleusa do dheisiú
anois agus arís, agus coda beaga d'athnuachaint ionnta
ó am go ham, do réir mar a raghadh caitheamh orra.
Ní bhíonn gnáthchostas teine ag gabháil leis an inneall
uisce murab ionann is an t-inneall gaile agus an
t-inneall pleuscach. Is fíor gur lugha go mór de
chostas ceachtar díobh san do chur isteach, acht is mó
go mór de chostas iad do choimeád ar siubhal, agus
baoghal ann an costas san do dhul i méid le linn
buadhartha, do réir mar a raghadh adhbhar teine i
ndaoire. Is gnáth ceud-chostaisí na ngleus uisce
do bheith mór i gcomparáid le gleusa eile, acht is
suarach iad costaisí a gcothuighthe na dhiaidh san agus gan
aon bhaoghal air iad do dhul i ró-mhéid, pé buadhairt
a bheadh ar an saoghal mór amuigh. Dá bhrígh sin is
minic gur saoire go mór gleusa uisce, dá mhéid iad
na ceud-chostaisí, 'ná gleusa gaile, toisc gan adhbhar
teine do bheith ag teastáil uatha. Mar sin is minic
gur fearr d'adhbhar saidhbhreasa an mhonarcha a tiom-
áinfí le huisce agus í in ait cuibheasach iargcúltha,
ná an mhonarcha a tiomáinfí le gail agus í in aice
na cathrach, áit i mbíonn gach áis tráchtála.
Is beag an mhaith d'aoine tuitim mór uisce an fhaid
ná baintear obair as; acht má baintear is adhbhar
saidhbhreasa é ní hamháin d'fhear na monarchan acht do
mhuinntir na tíre coitchianta, agus 'na theannta san
adhbhar saidhbhreasa é nách féidir a ídiú. Rud eile,
ní hannamh ionad comhachta i ndúthaigh dealbh ná
cothuigheann acht beagán daoine tráth is gur mhó go
mór na daoine a chothóchadh an áit acht an t-uisce do
chur ag obair. Ba chóir go ndeunfadh lucht ceannais
na tíre a leithéid sin d'adhbhar mhaith cothuighthe daoine
d'úsáid. Mura ndeunfaid siad san é níor mhór dóibh
so atá tuisgionach sa ghnó a gcion féin do dheunamh.
Níl deunta ag lucht ceannais na tíre seo chun an
uisce do chur ag obair acht an suarachas, cé gur
mór iad 'nár gcúram — ar a mbeul. Ní hé amháin
nár shaothruigheadar comhacht an uisce acht níl acht
bliadhain ó thugadar fé n-a mheas an mór di a
bheadh le fagháil. I mbliadhain a 1918 do cuireadh
Royal Commission ag gabháil do'n cheist. Ní feic-
fear go fóil toradh a saothair sin, acht ní cuibhe
dhúinn-ne muinntear na hÉireann fanamhaint leo acht
ár n-iarracht féin do dheunamh — an cheud rud ná a
chéile a meas, gan dul ró-dhoimhin sa sceul, cad é an
chomhacht uisce atá sa tír, agus cad é an tslighe is
fearr chun í úsáid; agus annsan luighe isteach ar an
oiread agus is féidir di do chur ag obair chun leas
na ndaoine, agus cur chun gach tomhas agus áireamh
a bheadh riachtanach chun a mheas go cruinn cad é an
sruthchomhacht atá sa tír, agus an méid di atá ag
imtheacht díomhaoin, agus an t-eolas san d'fhógairt
don phobul.
Sé atá ar aigne againn-ne a dheunamh ins an aiste
seo ná a theasbáint cad é mar shaghas ceist é, agus
cad é an t-eolas nár mhór a bheith ag duine chun é
réidhteach; a theasbáint cad iad na dúithchí na bhfuil
an chomhacht le fagháil na mórchodaibh; ceann desna
dúthaighibh sin do mhionscrúdú agus ár gcomhairle féin
do thabhairt i dtaobh an chomhacht d'úsáid.
CAIBIDEAL A DÓ.
A gustal an uisce is é ag tuitim is eadh thagann
comhacht uisce. Dá mhéid an tuitim is eadh is mó
an chomhacht, agus dá mhéid an t-uisce is eadh is mó
an chomhacht. Dá bhrígh sin d'fheudfaí rainnt mhaith
chomhachta do bhaint as beagán uisce a mbeadh tuitim
mhór leis, nó neachtraca as mórán uisce agus gan leis
acht tuitim bheag. Ní féidir mór-chomhacht d'fhághail
acht mar a mbíonn mórán uisce agus tuitim cuibheasach
mór leis.
Ní mór dúinn i dtosach bárra brígh na bhfocal so
gustal agus comhacht do chur i dtuisgint, agus a
theasbáint cionnas a deintear na neithe sin do thómhas,
agus cionnas a baintear an chomhacht as an uisce is é
ag tuitim, agus cad as don uisce féin.
Sé brígh a bheidh againn le gustal ins an aiste
seo ná an obair atá foluighthe i rud, is cuma an
ndeintear an obair nó ná deintear é. Gach fear
láidir sláinteamhail bíonn obair fé cheilt ann, sé
sin d'fheudfadh sé rainnt áirithe oibre do dheunamh
i bhfaid áirithe aimsire. B'fhéidir ná cuirfí chuige go
bráth é, acht d'fheudfadh sé é do dheunamh dá gcuirfí.
D'fheudfadh capall maith i bhfad níos mó oibre do
dheunamh 'ná mar a dheunfadh fear san fhaid cheudna
aimsire. Is ionann san agus a rádh gur mó go mór an
gustal oibre atá ag an gcapall ná mar atá ag an
bhfear. Dheunfadh inneall gaile nó inneall uisce oir-
ead oibre agus a dheunfadh rainnt chapall san fhaid
cheudna aimsire; is ionann san agus a rádh go bhfuil
oiread gustail ag an inneall agus tá ag na capaillibh
go léir.
Is é is comhacht ann a thapamhlacht a deintear obair.
B'fhéidir go ndeunfadh fear oiread oibre le capall,
acht ní dheunfadh sé san fhaid cheudna aimsire é. Cuir
i gcás go dtarraingeochadh sé trucail suas cnoc i
leath-uair an chluig, acht go dtarraingeochadh an capall
an trucail cheudna suas an cnoc ceudna i ndeich
nóimeat an chluig, sé an méid cheudna oibre a
dheineann ceachtar díobh, acht deineann an capall
trí huaire níos tapamhla é ná mar a dheineann an
fear é, agus dá bhrígh sin is mó fé thrí an chomhacht
a theasbáineann an capall.
D'fhonn fustachta ní foláir tomhaiseanna cinnte do
bheith ann i gcomhair oibre agus comhacht. An méid
oibre a deintear nuair árduightear meádhchaint phúint
faid troighe is é sin is buntómhas i gcomhair oibre.
Sé ainm a bheidh againn ar sin ná an troghphúnt. Ó sé
is comhacht ann a thapamhlacht a deintear obair, sé
atá mar buntomhas ag a lán ná an líon troghphúnt
oibre a deintear in aon tsecund amháin. Acht ní
ró-oireamhnach é sin mar buntomhas toisc a luighead;
agus tá ceann níos mó ag a lán eile .i. an méid
oibre a deintear nuair árduightear meádhchaint 550
púnt faid troighe in aon tsecund amháin. Sé a bheidh
againn ar an mbuntomhas san ná eachcomhacht. Má's
é bárr iarracht innill meadhchaint ceud púnt uisce do
stealladh chúig troigh caogad in áirde sa secund, is é
a chomhacht 55 x 100/500 .i. deich n-eachcomhacht.
Is é méid oibre atá in uisce tuiteama ná
meádhchaint an uisce fé fhaid na tuiteama; dá bhrígh
sin má tá 1,100 púnt uisce ag síorthuitim cúig
troigh gach secund deineann san 5,500 troghphúnt i
ngach secund, sé sin deich n-eachcomhacht. An t-uisce
bhíos ag tuitim gan cur isteach air, is amhlaidh a caith-
tear an chomhacht ag baint d'úrlár na habhann agus dá
bruachaibh ag bun an easa. Mara leigtear le fánaidh
dhúthchais é, acht é do sheoladh isteach i bpíopaí agus
é scaoileadh ar chineulaibh áirithe gleus, is féidir a
mhalairt d'úsáid do dheunamh den chomhacht .i. na
gleusa san do chasadh leis.
Ní gábhadh in a ghiorracht so d'aiste cur síos ar
dheilbh ná ar dheunamh rothaí uisce agus tuirbíní, acht
ní foláir dúinn ar a shon san a mhíniú cad chuige
iad, mar caithfear ar ball tagairt do chailleamhaint
chomhachta ins na tuirbíní, agus d'eachcomhacht infeadhma,
agus d'éifeacht na dtuirbíní.
Tuigtear ná fuil ins an tuirbín ná ins an roth
uisce acht mar adeurfá úirlis iomchurtha comhachta,
mar is é a dheineann, comhacht an uisce do chur ag
casadh crann ceangail, agus an crann do thiomáint
gleus eile acht iad do cheangal de.
Cuir i gcás go mbeidhfí chun an sruth úd thuas do
chur ag casadh muileann olna go mbeadh ana-chuid
gleus nó maisíní le bheith ann, agus iad ceangailte
le creasa d'aon phríomh-chrann ceangail amháin, agus
an crann féin ceangailte den tuirbín. Tá deich
n-eachcomhacht ins an uisce, cuir i gcás. Ní fheudfaí
an deich n-eachcomhacht san do chur san iomlán sa
chrann ceangail, mar pé feabhas a bheadh ins an
tuirbín do caillfí cuid den chomhacht ann. Níor mhór
an t-uisce do chur isteach ins an tuirbín trí phíopa,
agus do caithfí cuid den chomhacht ag sárú na cuimilte.
Do caillfí rainnt eile den chomhacht nuair a bheadh
an t-uisce ag imtheacht tríd an tuirbín féin; bheadh
cuimilt eile idir an tuirbín agus na hiomcharáin, agus
caithfí tuilleadh comhachta ghá shárú san. An t-iomlán
a baintear den cheud chomhacht .i. de chomhacht an
tsrotha, is é tugtar ar sin ná cailleamhaint na
comhachta ins an tuirbín. An méid comhachta a chuir-
eann an tuirbín ins an gcrann ceangail is é sin an
t-eachcomhacht infeadhma. Coibhneas na comhachta in-
feadhma leis an gceud chomhacht .i. le comhacht an
uisce, is é sin éifeacht an tuirbín. Cuir i gcás go
gcaillfí a dó as an deich n-eachcomhacht ins an tuirbín
seo thuas bheadh ocht n-eachcomhacht infeadhma ann, agus
dob' é éifeacht an tuirbín 8/10 nó 80%, mar is gnáth
éifeacht do chur síos 'na oiread san fén gceud.
Bíonn ó na 75% go dtí a 85% d'éifeacht ins na
tuirbíníbh atá indiu ann, agus ní misde d'fhonn fustachta
é sin do chur síos mar 80%.
Go dtí so is mar mheádhchaint do dheineamar
stealladh na h-abhann do thomhas, ghá rádh go raibh sé
a oiread san de phúntaibh stealla sa secund, acht is
oireamhnaighe é thomhas mar toirt, ghá rádh go mbeadh
sé a oiread san de chúbthroighthibh stealla sa secund.
Má's é 62½ púnt meádhchaint cúbthroigh uisce, an
stealladh cúbthroighe sa secund n-a mbeadh tuitim 11
troigh leis d'fheudfadh sé 687 dtroghphúint oibre do
dheunamh gach secund. Dá gcuirtí tuirbín d'éifeacht
80% ag gabhail do so, d'fheudfadh an crann ceangail
687 x 80/100 .i. troghphúint oibre do dheunamh gach
secund .i. bheadh eachcomhacht amháin ann nó ana-ghairid
do. Dá bhrígh sin nuair nách gábhadh áireamh fíorchruinn,
ní misde a rádh gurab eachcomhacht amháin infeadhma
atá le fághail a stealladh cúbthroighe uisce sa secund,
nuair atá tuitim de 11 troigh leis an uisce, agus
tuirbín d'éifeacht 80% ag gabháil do. Dá bhrígh sin is
fuiris agus san mar bhuntomhas agat an méid comhachta
a bheadh le fághail in aon áit d'áireamh acht tuitim
agus stealladh na habhann do bheith ar eolus agat.
Is é an rud is deacra i gcúrsaibh comhacht uisce ná
meadhon-mhéid an uisce agus corrshuantacht a iomláine
do mheas. Chun a thuisgint a dheacra atá san ní
foláir cuimhneamh ar cad as d'uisce na habhann. Is
é atá ins na haibhnibh ná claiseanna triomuighthe na
gcríoch trí n-a mbíd ag rith. An talamh a chothuigheann
an abhainn is é sin an tsruthchríoch. Is 'na fhliuchra
ón spéir a tháinig uisce na habhainn ar dtúis; acht
ní théigheann gach a bhfeartar ar an sruthchrích isteach
san abhainn; imthigheann cuid de 'na ghail díreach tar
éis tuitim do; cuid eile dhe agus súightear beagán
isteach sa talamh é, agus tar éis tamaill tarraing-
tear go barr talmhan arís é, agus eirigheann 'na
ghail; cuid eile dá dtéigheann isteach sa talamh ólaid
plandaí é. Ní haon tairbhe don abhainn an méid sin
de. Maidir leis an gcuid eile ritheann rainnt de
feadh na talmhan ar a bharr go ruige an abhainn, agus
téigheann rainnt de síos ins an ithir agus ins na
carraigeacha má's carraigeacha iad a leigeann tríotha.
B'fhéidir go raghadh cuid de seo i bhfad síos trí
scoilteanna ins na carraigeachaibh agus ná sroisfeadh sé
an abhainn go deo, acht an chuid eile de ná himthigheann
leis an bhfán fada san snigheann go mall tríd an
dtalamh agus sroiseann sé an abhainn uair éigin.
Is é an t-uisce sin a thagann as bruinn talmhan
a chothuigheann an abhainn le linn na tiormachta.
Is iontuigthe as an méid sin thuas nách fuiris stealladh
na habhann do meas le cruinneas. Chuige sin níorbh
fholáir a fhios do bheith agat cad é méid iomlán an
fhliuchra, agus cad é an méid de a thuiteann i rith gach
faid áirithe aimsire; agus is ana-dheacair ceachtar
díobh san do meas ar a chorrshuantaighe a bhíd. Agus
ní hamháin san acht níorbh fholáir a fhios do bheith agat
cad é an saghas an talamh, agus cad é an tuitim atá
leis; cad é an saghas iad na carraigeacha atá fé
thíos. Tá d'iomadamhlacht agus d'eugsamhlacht ins na
neitibh seo, agus de chorrshuantaighe áite agus aimsire,
gurab obair chruaidh chasta stealladh na habhann do
thomhas, pé foighne agus pé eolas a bheadh ag an té
a thabharfadh fé.
Bheadh an cheist cruaidh go leor dá mbeadh an
fliuchra tar éis a thomhas mar ba cheart, agus
gach cúntas ollamh féd láimh agat, rud ná feud-
faí gan díol na hoibre de ghleusaibh tomhaiste
agus iad roinnte mar ba chóir ar na sruthchríochaibh.
Acht ón uair atá a fhios agat nác comhthrom don
fhliuchra ar fuaid na sruthchríche, agus na theannta san
gan go leor gleus tomhaiste ann chun fliuchra gach
áite fé leith do mheas, is seacht ndeacra de cheist é.
Agus is mar so atá urmhór na hÉireann .i. ar bheagán
gleus tomhaiste an fhliuchra, agus go mórmhór imeasc
na sléibhte, agus gurab iad san na h-áiteanna ba mhó
gábhadh leo. Cé gur cheist mhórbhrígh do mhuintir na
hÉireann an cheist seo níl ag gabháil di fé láthair acht
corrdhuine. Ba mhór an chabhair é dá gcuirfí gleus
tomhaiste fliuchra isteach i ngach scoil, agus cúntas
do choimeád ar an dtomhas, agus é d'fhógairt don
phobul; acht ba bheag san féin. Ba chóir go mbeadh
cuallacht phoiblidhe i gcomhair gach sruthchríche nó i
gcomhair gach duithche 'na mbeadh rainnt sruthchríoch
beag.
Chun an méid uisce a bheadh le fághail in aon ionad
comhachta ar feadh tréimhsí seachas a chéile do chruinn-
tomhas, níor mhór stealladh na habhann do thomhas gach
lá, agus é sin do dheunamh ar feadh tamaill mhóir de
bhliadhantaibh. Is beag ar fad d'aibhnibh na hÉireann
go bhfuil a leithéid sin de chuntas orra. Dá bhrígh sin,
maidir le n-a n-urmhór, níl le deunamh acht an steal-
ladh d'áireamh as pé cúntaisí atá le fagháil. Dá
mbeadh ort an ghleusradh do leagaint amach i gcomhair
ionaid áirithe níorbh fholáir bheith ar bharr t'aire ag
deunamh an áirimh seo, agus 'na theannta san steal-
ladh na h-abhann do bheith dá thomhas agat féin le n-a
fhaid agus dob' fhéidir, agus an tomhas san do bheith
mar phromhadh ar an áireamh a bheadh deunta agat as
cúntaisí an fhliuchra. I gcóir cur síos coitchianta ar
chomhacht aon duithche fé leith, mar atáimíd-ne chun
a dheunamh ins an aiste seo ar ball, ní gábhadh an
cruinneas san ar fad. Badh leor chuige sin an
t-áireamh do dheunamh as formuilíbh go bhfuil glactha
leo coitchianta. As formuilíbh P. M. Parcer a
deineadh na cúntaisí atá i gcaibideal a ceathair
againn. Formuilí iad san a deineadh as an stealladh
míosamail a thagadh as sruthchríochaibh atá ar aon
tsamhail le n-a lán eile sa tír seo. Teasbáineann
na formuilí sin an méid fén gceud den fhliuchra
a rithfeadh isteach san abhainn de bharr talmhan, agus
'na theannta san as broinn talmhan na meadhon-
tsruthchríche. Ní féidir a rádh go bhfuil na cúntaisí
againne fíorchruinn, acht do deineadh dícheall pé
locht a bheadh orra gan aon áireamh do bheith os
cionn an chirt.
CAIBIDEAL A TRÍ.
An dúthaig i gCiarraidhe go bhfuil coimhcheangal
Lios na gCeann agus Cill Áirne agus Cill Orglan
agus Bágh an Daingin ar a theorainn thuaidh, sé sin
an dúthaigh a scrúdóchaimíd ins an gcaibideal so,
feuchaint an mór é a chomhacht uisce. Áit mhór sléibhte
agus gleannta é, agus is líonmhar ann aibhne agus
locha. É garbh fiadhain, acht dá ghairbhe agus dá fhiadhaine
é ní háit iargcúltha é, mar tá comhgar loingeas agus
traen ann agus bóithre maithe ó ghleann go chéile.
Tá duine de scríbhneóiríbh na haiste seo tar éis
rainnt oibre do dheunamh ins an dúthaigh sin d'iarraidh
a chomhacht do mheas. Tá ceithre cuaird tabhartha aige
ann, agus tomhaiseanna deunta aige, cuid aca ar an
bhfód agus cuid eile ar léirscáileanna ar a raibh
línte comhaoirde. Do chuardaigh agus do scrúdaigh
sé a raibh de chúntaisíbh fliuchra le fagháil ann i
dteannta le stealladh rainnt abhann agus comhacht
rainnt ionad d'áireamh. Tá cuid de thoradh a shaothair
curtha i gcló aige féin agus ag Liam Cinnseamán, M.E.,
i bhfuirm aiste in "The Annual Journal of the
Engineering Society of University College, Cork,"
agus tá tuilleadh cúntaisí deunta aige ó scríobhadh
an aiste sin. Cuirfear síos ar na cúntaisí sin
annso, ní hamháin i dtreo gur mhóide eolas an phobuil
ar shaidhbhreas na tíre seo é, acht chun gur bhfearrde a
tuigfí an obair agus an stuidéar nách foláir do
dheunamh sar a bhfeudfaí cur síos le haon chruinneas
ar chomhacht fiú aon dúthaighe amháin. Agus is móide
is fiú deacracht an scéil do thuisgint do bhrigh go
bhfuil dhá dhream ins an tír agus gur mór taidhbhseach
iad ráidhte a mbeul agus scríobhadh a bpeann ar
chomhacht an uisce, agus gan an fhírinne ag ceachtar
aca, acht dream aca dá mheudú ró-mhór agus an
dream eile dá laighdú ró-mhór ar fad. An ceart
atá uainne, nó rud ana-ghairid do, agus ní féidir
dul in aon ghaor don cheart sa sceul so gan obair
mhór istigh agus amuigh.
Sé atá ins an aiste adubhramar thuas ná meas nó
tomhas ar an gcomhacht is lugha d'fheudfaí fhagháil ins
an tsamhradh is tiorma dá dtiocfadh. Níl ann ach
tosnú, acht tá de bhuaidh aige go gcuireann sé in iúl
na háiteanna is mó is fiú a scrúdú níos mine ar
ball. Ag deunamh an tomhais seo do cuireadh i gcás
go bhfeudfaí stealladh na hoidhche do choimeád i
dtaisce i gcomhair chaitheamh an lae 'na dhiaidh, agus
ná beadh an muileann ag obair acht deich n-uaire
an chluig sa ló, i dtreo is go bhfeudfaí na 24
uaire an chluig stealla d'úsáid insna deich n-uaire
an chluig. Tá toradh an tomhais sin agus eolas ar
gach ionad comhachta dár scrúdaigheadh le fagháil ar
Chlár 1. Chun a fhagháil amach cad é an chomhacht a
bheadh le fághail, agus san gan stad, le linn na
tiormachta ní gábadh acht na comhachta ar Chlár 1. do
roinnt fé 2.4.
Is é an cheud rud eile cur síos fé leith ar
gach abhainn .i. a mheas an mór é a stealladh ar
feadh gach mí de bhliadhain mheadhon-fhliuchra (.i. fé
ghnáthchoingheallachaibh aimsire san tír seo), agus cad
é an chomhacht a gheobhthaí saor aiste gan stad, acht an
t-uisce a bheadh le spáráil sa gheimhreadh do choimeád
i dtaisce i lochaibh nó i ndabhchaibh móra i gcomhair an
tsamhraidh. Dá gcoimeádfaí an t-uisce i dtaisce
tamall slighe suas ó adhbha na comhachta dob' fhéidir
an stealladh do riaradh agus níos mó comhacht d'fhagháil
as a chéile ná mar d'fheudfaí fhagháil dá mbeadh an
t-uisce ag imtheacht do réir dúthchais.
Maidir le haibhne seo Chiarraidhe ní raibh aon
chúntas le fagháil ar an stealladh féin, agus dá
bhrígh sin, b'éigin an tomhas do dheunamh as cúntaisí
an fliuchra. Seo mar tugadh fé:
(1) A raibh de chúntaisíbh ar fhliuchra mhíosamhail na
dúthaighe do bhailiú, acht níor leor in aon chor a raibh
le fagháil díobh.
(2) An meadhon-fhliuchra míosamhail d'áireamh do
gach áit 'na ndeintí an fliuchra do thomhas ann roimhe
sin. Nuair ná bíodh le fagháil ar ionad acht cúntaisí
cúpla bliadhain siar, do cuirtí meadhon-tomhaiseanna
an ionaid sin i gcoimhmeas le meadhon-tomhaiseanna
líonmhara ionad eile in aice leis, nó ar aon tsamhail
leis, d'fhonn a laighead cúntaisí sin do cheartú.
(3) Scaipeadh nó roinnt an fhliuchra ar gach sruth-
chrích do dheunamh amach. Ní mór san d'fhonn cruinnis,
CLÁR I.
An Abhainn
An Chladach
An Ruachtach
An tSleathana
An Abha Bheag
Ionad na Comhachta
Droichead an Phuill Ghuirm
(cois bóthair mhóir)
Dr. Uí Mhórdha
(cois bóthair mhóir)
Dá mhíle ó Chill Gharbháin
(cois bóthair mhóir)
Míle ó Chill Gharbháin
(cois bóthair mhóir)
Droichead Chúl an Easaigh
An Stad Traenach mó
an Baile Cuain is giorra
don ionad agus a fhaid
slighe uaidh
Stad Droichead na Lua,
1½ míle
Stad Dr. Uí Mhórdha
Stad Chill Garbháin, 3
míle
Stad Chill Garbháin, míle
Stad Chill Garbháin, 1¼
míle
Tomhas Cearnach
na Sruthchriche 'na
Mhíltecearnacha
An Tuitim 'na
Throighthe
Eachcomhacht Infeadhma
10 n-uaire an chluig
sa ló le linn na
triomachta
An Chlaodach
Abha na Sín
Abha Chluain Aoidh
An Dóinn
An Chumarach
An Chártha
An Chártha Bheag
Abha na n-Oileán
Lea'stuas de Dhr. an Bhóthair
Iarainn
Droichead Drom an Easaigh
Leath'stíos de Loch Cluain Aoidh
(in aice bóthair mhóir)
Droichead na Dóinne
(7 míle ó Neidín)
Comhgarach do Dhroichead Chath
air Samháin
Droichead Chártha
Barr Loch Cártha
Leath'stíos de Loch an Chuais
Leath'stíos de chumar an dá
abhann (cois bóthair mhóir)
Neidín, 2½ míle
Neidín, 4 míle
Cois Cuain Neidíneach
Cois Cuain Neidíneach
An Currán, 2 míle
Na Dumhcha, míle
Cill Orglan, 9 míle
Cill Orglan, 9 míle
Cill Áirne, 10 míle
mar is mó go mór an fliuchra imeasc na sléibhte ná
ar an dtír 'na gcomhgar nó ar bhruach na farraige.
Níorbh fhéidir é sin do dheunamh ámh, mar na cúntaisí a
bhí le fagháil, ó áiteannaibh cois farraige a thángadar,
nó ó imeallaibh thuaidh na dúthaige, acht dhá cheann
amháin, agus ní dheunfadh an dá cheann san an gnó.
Ní raibh aon leigheas air sin acht cúntaisí ó na lán
ionad do chur i gcomparáid le chéile, agus athrú
míosamhail fliucha do cheapadh asta a dheunfadh
meadhon cuibheasach maith i gcomhair urmhór na sruth-
chríoch. Teasbáintear an t-athrú san i bhFigiúir 1.
Tá na míosa ó thaobh taobh ar an bhfigiúir agus meadhon-
fhliuchra gach mí ó bhun barr.
Fig. I.
Órlaigh fliuchra
Meadhon fliuchra gach mí den bhliadhain.
(4) A mheas cad é an stealladh a thiocfadh ó
mheadhon-tsruthchrích i ngach mí de bhliadhain mheadhon-
fliuchra. Mar adubhramar i gcaibideal a haon do
baineadh feidhm a formuilíbh Pharcer ghá mheas san. Tá
cúntas míosamhail an fhliuchra i bhFigiúir 1., acht an
chi id de fhliuchra Mheitheamh an Fhoghmhair a théigheann
san tsruth is mó againne é ná mar atá sé ag
Parcer. (Tá 1/30 againne in ionad 1/40 atá aige sin).
Tá toradh an áirimh againne le fagháil i bhFigiúir II.
Sé atá ann ná meadhon-stealladh gach mí 'na oiread
san órlach fliuchra ar an sruthchrích. Is é brígh atá
leis sin ná dá leathtaí amach ar úrlár a bheadh ar
aon mhéid leis an sruthchrích iomlán stealladh mí na
Márta gurbh ionann san agus aoirde 1.1 orlach ar
an sruthchrích. Is slighe oireamhnach é sin chun stealladh
abhann d'áireamh nuair ná beadh ag duine acht cúntaisí
fliuchra, acht tuigtear nách ró-chruinn é toradh an
áirimh sin, acht go bhfuil sé cruinn go leor do chur
síos coitchianta mar atá againne. Is é ár dtuairim
ar aon chuma gur beag toradh againn atá os cionn
an chirt.
(5) Toradh gach áirimh go dtí so do chur síos ar
chuma n-a bhfeudfaí é úsáid gan mhoill i gcomhair
aon abhann sa dúthaigh .i. figiúir do dheunamh as
na meadhon-steallta míosamhla 'na dteasbáinfaí na
míosa gurab ionann agus méid áirithe stealladh na
sruthchríche ionnta. Figiúir den tsaghas san is eadh
figiúir III. Sé atá ins an bhfigiúir sin ná gach
meadhon-stealladh míosamhail 'na oiread san órlach
Fig II.
Orlach amháin fliuchra ar an sruthchrích agus é do rith de in aon mhí
amháin is ionann san agus meadhon-stealladh 0.894 cubthroigh sa
secund ó gach míle cearnach den tsruthcrích.
An meadhon-stealladh míosamhail na órlachaibh
fliuchra ar an sruthcrích.
Míosa.
Meadhon-steallta míosamhla.
Fig II.
An stealladh míosamhail na órlachaibh fliuchra
ar an sruthcrích.
Figiúir na dteasbaintear an líon mí den mheadhon-bhliadhain ghurab
ionann agus méid airithe an meadhon-stealladh ionnta, agus
an meadhon-stealladh san curtha síos mar órlacha fliuchra
ar an sruthchrích.
Deineadh an lúb so as fig. 2. Tuigtear gur
meadhon-steallta na steallta atá ar fig. 2, agus
gur mhó go mór an tapamhlacht stealla ar feadh
roinnt den mhí agus gur lugha go mór é ar feadh
roinnt eile dhe ná an meadhon-tapamhlacht stealla
a teasbaintear i gcomhair an mhí sin ar fig. 2.
Míosa
fliuchra ar an sruthchrích, agus iad ó thaobh taobh san
bhfigiúir, agus na míosa gurab ionann an stealladh
ionnta agus an stealladh a dheunfadh órlach uisce
ar an sruthchrích gach mí, ó bhun barr san bhfigiúir.
Sé príomhthoradh na hoibre sin thuas ná a theasbáint
go bhfeudfaí na heachcomhachta a fuaireamar bheith le
fagháil ar feadh deich n-uaire an chluig sa ló le linn
na tiormachta, go bhfeudfaí iad fhagháil gan stad ar
feadh ocht mí de bhliadhain mheadhon-fhliuchra, agus
gur fusa a mheas an mór de thuile an gheimhridh
nách foláir do choimeád i dtaisce, i dtreo go
bhfaghfaí na heachcomhachta thuas gan stad ar feadh
na bliadhna go léir.
I gcuid desna hionadaibh comhachta nó tamall slighe
suas uatha b'fhuiris locháin taiscthe do dheunamh a bheadh
oireamhnach; agus tá ionaid eile gur dheacair cóir
taiscidheachta d'fhagháil dóibh; agus tá rainnt bheag
ionad arís go bhfeudfaí a leordhóthain uisce do
choimeád ins na lochaibh tamall suas uatha, acht
coradha do thógaint ag beulaibh na loch. Dob fhéidir
dóthain an ionaid atá ag Droichead an Phuill Ghuirm
do choimeád i dtaisce, acht cora cuibheasach íseal do
thógaint ag Droichead na Cladaighe, agus an t-uisce
a bheadh ag teastáil ón muileann do scaoileadh 'na
chanáil amach as an abhainn. Acht i dtaobh an ionaid
atá cois na Ruachtaighe ag Droichead Uí Mhóra níl
aon áit oireamhnach i gcomhair taiscidheachta 'na aice,
agus níorbh fhuiris gan mhórchostas cóir taiscidheachta
d'fhagháil leath'stuas de. Mar sin don tSleathana
leis. An t-ionad comhachta atá cois Loch Cluain
Aoidh, agus cois na Cumaraighe, agus cois Cárta
ionaid iad san go bhfeudfaí a ndóthain uisce do
choimeád i dtaisce leath'stuas díobh. Dob' fhéidir
oiread uisce agus a dheunfadh gnó an ionaid atá
cois Loch Cluain Aoidh agus gnó an ionaid atá cois
na Cumaraighe do choimeád i dtaisce acht coradha
ceithre troigh nó mar sin do thógaint ag beul Loch
Cluain Aoidh agus ag beul Loch Doire Iadhna. Tá
buadh ag Loch Cárthaigh go scaoileann sé uaidh an
t-uisce ar chuma go bhfaghfaí 150 eachcomhacht as i
mbliadhain mheadhon-fhliuchra agus é sin gan stad
ar feadh an tsamhraidh féin; agus dá gcoimeádfaí
troigh eile uisce ann, agus breis de thrí troighthibh
do leigint as san tsamhradh, ní móide ná go
bhfeudfaí 250 eachcomhacht do sholáthar don ionad
atá cois Cártha.
Ní féidir fé láthair cur síos níos cruinne ar
thaiscidheacht gach ionaid atá ar Chlár I. Chun é
do dheunamh níor mhór gach sruthchríoch do scrúdú
go mion agus dá ndeunfaí é sin is dócha go
bhfaghfaí amach rainnt eile ionad mór agus ana-chuid
ionad beag. D'fheudfaimís ionaid eile d'ainmniú
anois féin, acht an t-eolas atá againn orra níl sé
cruinn a dhóthain chun a chur os cómhair an phobuil.
Tá buadh ag gach ionad dár luamair .i. gur fuiris
é d'aimsiú. Tá sé cinn aca comhgarach don bhóthar
iarrainn nó buailte suas leis. Cuid aca san iseadh
na cinn tábhachtacha so .i. an ceann atá ag Droichead
an Phuill Ghuirm agus an ceann atá ag Droichead
Uí Mhórdha, agus an ceann atá ag Droichead Chártha.
An dá cheann atá cois Loch Cluain Aoidh agus ag
bun Dóinne táid ar bhruach cuain Neidíneach. An
ceann atá cois na Cumaraighe tá sé comhgarach do
bhóthar mhór agus é ar bhruach Bhágh Bhaile na Sceilg i
ngiorracht dhá mhíle don Churrán. Tá an chuid eile
ana-ghairid do bhóithribh maithe. Dá bhrigh sin b'fhuiris
adhbhar deuntús do thabhairt isteach ionnta dá mbadh
ghábhadh é, agus an earradh críochnuighthe do sheoladh
i gcéin asta.
Ní deirimíd gur fíorchruinn aon áireamh dá bhfuil
sa chaibideal so, agus admhuighmíd nách cur síos iomlán
é ar chomhacht na dúthaighe seo Chiarraidhe Theas, acht
ní misde a rádh go dteasbáineann sé gur dúthaigh
thábhachtach é i dtaobh comhachta, agus gur féidir
tuairim don chomhacht san do dheunamh as, agus
dosna háiteannaibh 'na bhfuil an chomhacht le fagháil.
Má's liosta le haoine an cur síos atá ar
an obair sin thuas, bíodh a fhios aige gur d'aon
inntinn a cuireadh an oiread san ann, chun a theas-
báint gur fothram na n-árthaige folamh cainnt gan
chuardach agus friotal gan fíorthuiscint i gcúrsaíbh
comhacht uisce na hÉireann.
CAIBIDIL A CEATHAIR.
Ní mór ná go bhfuil tír na hÉireann mar a bheadh
páirc mhór agus claidhe 'na timcheall. Acht is 'mó
bearna sa chlaidhe sin, mar is minic mám i measc na
gcnoc agus ní hannamh gleann doimhin agus abha mhór
ag rith tríd ón machaire meadhoin. Tá áiteanna sa
mhachaire sin 400 troigh ós cothrom na mara, agus tá
ó 700 troigh go dtí 3,400 troigh d'aoirde ins na
cnocaibh mórdtimcheall. Tá ceithre phríomhchnuasach
sléibhte cois farraige .i. sléibhte Chiarraidhe agus
Corcaighe thiar, agus sléibhte Chonnamara, agus sléibhte
Uladh, agus sléibhte Bhaile Átha Cliath agus Cill
Manntáin.
Tá trí chinéal abhann in Éirinn ghá n-áireamh ar son
comhacht uisce, mar atá
(1) Aibhne a tharraingeann uisce as an machaire
meadhoin;
(2) Aibhne a tharraingeann uisce as na sléibhte
adubhramar thuas;
(3) An chuid eile d'aibhnibh na hÉireann agus go
mór mór na haibhne a tharraingeann uisce
as na cnocaibh beaga cois farraige.
Aibhne mórchríoch is eadh an cheud chinéal agus is
mór é a gcuid uisce, acht toisc iad d'eirghe as an
réidhe ísil i bhfad ón bhfarraige is beag é a dtuitim
de ghnáth. Aibhne an dara chinéil ní bhíonn a gcríocha
ró-bheag ná ró-mhór, acht is mór é a meadhon-tuitim.
Eirigheann aibhne an treas cinéil as talamh íseal nách
cuid den mhacaire mheadhoin é, nó as talamh árd nach
cuid desna cnuasacha sléibhte réamhráidhte é.
Cuirfimíd síos ar phríomhaibhnibh gach cinéil díobh so
i gcursaí comhacht, agus teasbáinfimíd gach áireamh
comhachta a cuireadh os comhair an phobuil, agus gach
áireamh d'fheudamar a dheunamh as aon eolas do
cuireadh ar leabhar nó ar pháipéar. Sí an tSionainn
an phríomhabhainn ar an gceud chinéal. Is beag í
tuitim na habhann so an chuid is mó dá cúrsa.
Níl acht tuitim 60 troigh ó Loch Ailinne go Loch
Deirgdheirc .i. faid ceud míle slighe; acht ó Chill
Dhá Lua go Luimneach .i. faid 13 míle slighe, tá
tuitim 97 troigh. Is soiléir go bhfeudfaí comhacht
do bhaint as an méid sin den abhainn, acht sara
bhfeudfaí a rádh ar mhór dob fhiú an obair a bhainfí
as badh cheart corrshuantacht an stealla do mheas,
agus ceist a riartha do bhreithniú, agus a fheuchaint
cad é an tuitim ba mhó dob fhéidir d'úsáid gan
ró-chostas. Chun aon ana-mhéid desna 97 troighthe
sin tuiteama d'úsáid níorbh fholáir uisce i gcomhair
na comhachta do leigint as an abhainn, agus é thabhairt
'na chanáil fhada go hadhbha na comhachta; acht is
adhbhar mór saidhbhris an chuid sin den abhainn ar
líonmhaire an éisc ann, agus tá canáil ann cheana
féin i gcomhair loingeas, agus níorbh fholáir rainnt
mhór den uisce d'fhágaint na gcomhair sin. Dá
bhrígh sin ní bheadh d'uisce i gcomhair comhachta
acht an farradh is barr.
Táthar ag tomhas stealla na Sionainne gach lá
ag Cill Dhá Lua le rainnt bhliadhan, agus tá toradh
tomhas 25 bliadhan (1893-1917) curtha os comhair
an phobuil ag M.J. Challoner Smith, M.I.C.E.I.,
i bpáipéar léigheanta do léigh sé os comhair lucht
an "Institute of Civil Engineers of Ireland,"
i mBaile Áth Cliath, mí Eanair, 1919.
Sid é an méid dá chúntas is tairbhighe dhúinne
(1) Nár mhisde 1193 cúbthroigh sa secund do chur
síos mar mheadhon-stealladh ha habhann don mhí is
tirme i mbliadhain tirm;
(2) Nár mhisde 2839 cúbthroigh sa secund do chur
síos mar mheadhon-stealladh na habhann don mhí is
tirme i mbliadhain mheadhon-fhliuchra;
(3) Go bhfuil timcheall le 30 lá den bhliadhain
mheadhon-fhliuchra agus timcheall le 70 lá de bhliadhain
ana-thirm gan oiread agus 1,500 cúbthroigh stealla
leis an abhainn.
Níl aon bhreith ar a thuille uisce do choimeád i
Loch Deirgdheirc, mar dá dtógfaí cora ag beul an
locha chun an t-uisce do choimeád do raghadh sé
thar bruachaibh níos sia suas, agus do bhádhfadh sé
rainnt mhór talmhan timcheall an locha. I dtaobh an
fhuighealaigh nár mhór d'fhágaint ins an abhainn sé rud
is mó brigh ná a mheas an mór é an t-uisce a bheadh
ag teastáil ó na pollaibh iuchrach atá leath' stíos
de Chíll Dhá Lua. Do réir chuntas Smith ní foláir
oiread uisce agus a thabharfadh comhacht 1,500 cúbthroigh
sa secund d'fhágaint i gclais na habhann gan aon
obair do bhaint as, agus dá dheascaibh sin is mar
seo a bheadh an sceul dá mbeadh tuirbín d'éifeacht
80% ag gabháil don uisce: go mbeadh 30 lá de
bhliadhain mheadhon-fhliuchra gan aon chomhacht le fagháil;
74 lá agus fé chionn 100 eachcomhacht ann do gach
troigh tuiteama; 110 lá agus fé chionn 200 eachcomhacht
ann don troigh; 170 lá agus fé chionn 400 eachcomhacht
ann don troigh; 190 lá agus fé chionn 1,000 eachcomhacht
ann don troigh. Bhí 70 lá den bhliadhain 1905 ná
beadh aon chomhacht le fagháil agus 150 lá 'na mbeadh an
chomhacht fé cheann 100 eachcomhacht don troigh tuiteama.
Dá ndeunfaí úsáid de thuitim 40 troigh is mar
seo a bheadh an réim chomhachta: neamhní ar feadh
30 lá de bhliadhain mheadhon-fhliuchra agus as san suas
go dtí 4,000 troigh sa secund ar feadh 175 lá.
B' ana-dheacair úsáid tairbheach do dheunamh dá
chorrshuantaighe sin de chomhacht.
Ná tuigtear as an méid sin thuas ámh ná feudfaí
aon chomhacht fhóghanta d'fhagháil ins an áit sin. Dob'
fhéidir tuitim bheag d'úsáid gan fuighealach mór
d'fhágaint i gclais na habhann. Tá an eas ó na
ainmnightear Dún Easa idir dhá chnuasach poll iuchrach,
agus d'fheudfaí uisce do thabhairt as an abhainn ag
barr an easa agus é scaoileadh isteach arís ag a
bhun gan baint le doimhneas an uisce ar na poll-
aibh iuchrach. Níor ghábhadh acht fírbheagán uisce do
scaoileadh síos an eas .i. a oiread san go bhfeudfadh
an t-iasc snámh síos suas ann. Tá timcheall le
17 troigh de thuitim san áit sin, agus áirmhightear
go bhfeudfaí 2,000 eachcomhacht do choimeád ag
obair gan stad ann ar feadh 10 mí de bhliadhain
meadhon-fliuchra.
Ag cur sios dúinn ar chomhacht na Sionainne ní
mór trácht ar na haibhnibh is mó a chothuigheann í.
Gheibhtear ag Dick sa pháipéar a scríobh sé ar "The
Utilisation of the Water Power in Ireland"
cúntaisí ar chomhacht chuid desna hionadaibh atá ar
bhruachaibh na n-abhann so. Na cúntaisí atá aige ar
na comhachtaibh bhíos le fagháil coitchianta ar aibhnibh
an mhacaire mheadhoin feuchtar dóibh ar Chlár II. sa
leabhar so.
CLÁR II.
Ionad na Comhachta
Cois Abhainn Mhulcaide
Baile na gCloch
Leath' stíos d'Aonach
Cois Abhainn an Chamchuir
An Bhracach
Cois na Brosnaighe
Baile an Mhaighe
An Lios Dearg
Droichead an Chlárigh
Cill Bheagáin
Cois na hOíne
Mainistir Sruthra
Cluanán
Baile Mhathghamhna
Sruthair
Eachcomhacht Infeadhma ar
feadh Deich Mí de Bliadhain
Mheadhon-Fliuchra
Is iad so príomhaibhne an mhachaire mheadhoin, an
Bhóinn agus an tSiúir agus an Feóir agus an Bhearbha.
Níl aon chúntaisí le fagháil ar an mBóinn, agus
is é is dóichighe ón saghas cúrsa atá aige ná fuil
ionaid mhóra comhachta ar a phortaibh. Sid iad 'nár
ndiaidh na cúntaisí atá aige ar an gcuid eile .i.
26 eachcomhachta infeadhma an troigh ón tSiúir ag
Cluain Meala;
20 eachcomhachta infeadhma an troigh ón bhFeóir ag
Cill Choinnigh;
25 eachcomhachta infeadhma an troigh ón mBearbha
ag Ceatharlach;
agus gach méid díobh san ar feadh 10 mí de bhliadhain
mheadhon-fhliuchra. Cuirfimíd síos anois ar an dara
cineul abhann .i. ar na haibhnibh a tharraingean uisce
as na sléibhtibh adubhramar thuas.
Theasbáineamar romhainn gurab é réim chomhachta
Chiarraidhe Theas: ó fhírbheagán suas go dtí 250
eachcomhacht, agus go mb' fhuiris cóir taiscidheachta
d'fhagháil in áiteannaibh, agus gur fuiris urmhór na
n-ionad do shroisint
Níl aon chúntaisí ar chomhacht Chonnamara agus na
dúithchí comhgarach do, acht ba dhóigh le duine ar na
léirscáileannaibh go bhfuil mórán ionad comhachta
ann, agus iad tamall anuas ó lochaibh atá oireamhnach
i gcomhair taiscidheachta. Do réir léirscaileanna
an dá dhúthaigh ba chóir gurbh fhearr mar dúthaigh
comhachta Connamara ná Ciarraidhe Theas, agus gur
líonmhaire ann áiteanna 'na bhfuil locha a riarfadh
an sruth i dtreo go meudóchthaí uisce na habhann
le linn na tiormachta.
Do scríobh T. M. Batcher, M.I.C.E., aiste in
"The Irish Builder and Engineer," an 16adh lá
de mí na Márta 1918, agus tugann sé cúntas
ar chomhacht cúpla ionad i measc sléibhte Thír Chonaill
Thiarthuaid. Ní chuireann sé síos acht ar trí haibhnibh.
Sid é an cúntas:
An Chladach — 1240 eachcomhacht infeadhma le fagháil
ag Dobhar, acht 10 dtroighthe uisce sa bhreis do
choimeád i Loch nEachung agus i Loch Dún Lughaidh.
An Ghaeth Dobhar — 450 eachcomhacht infeadhma le
fagháil gan stad ag Dobhar, acht 25 troighthe uisce
sa bhreis do choimeád i Loch an Úir agus an sruth
do riaradh.
Abha na Coradh — 810 eachcomhacht infeadhma le
fagháil ag Droichead an Leacaigh, acht breis uisce
do choimeád i Loch Abha na Coradh agus an sruth
do riaradh.
'Na n-eugmais sin tá cúntaisí eile comhachta aige
i gcomhair lae deich n-uaire an chluig: dhá ionad
comhgarach do Dhúngleó a thabharfadh 300 eachcomhacht
an ceann; ionad 200 eachcomhacht leath'stíos de
Loch Beathach cois Abha na Coradh; ionad 480 eachcomhacht
leath'stuas de Loc Gartan; agus ionad 1000
eachcomhacht cúpla míle slighe síos uaidh cois Leanain.
Níorbh fholáir obair mhór chostasamhail chun na
comhachta adeir Batcher do chur ag obair agus ba
mhó b'oiseamhnaige comhachta badh lugha do bhaint as
na hionadaibh sin.
Tá ionaid eile i measc sléibhte Uladh agus cúntaisí
ag Dick orra mar atá ar Chlár III. nár ndiaidh.
CLÁR III.
Ionad na Comhachta
Cois Abhainn Mhodhuirn
Suidhe Fhinn
Cois Banna Uladh
Port na Binne Uaine
Mágh Bheannchoir
Carn Ruadh
Cois Lagain
Lios na gCearrbhach
Comhacht Infeadhma ar
feadh Deich Mí de Bhliadhain
Mheadhon-Fhliuchra
Níl acht rainnt bheag ionad ar an gclár thuas acht
tá a lán eile ionad ná fuil cúntaisí le fagháil orra.
Cé nách den chineul so an Life le ceart ní misde é chur
síos mar abhainn d'aibhnibh sléibhte Chill Manntáin. Tá
ionad comhachta ag Léim an Bhradáin, agus ceann
ag Baile Mór Iústás, agus ceann eile ag Poll
an Phúca; acht níl áireamh cruinn le fagháil ar
chomhacht aon chinn aca. Is cosamhail go bhfuil 600
eachcomhacht le fagháil ag léim an Bhradáin, agus
é sin ar feadh deich mí de bhliadhain mheadhon-fliuchra,
acht ní'limíd cinnte den áireamh san. Tá rainnt
ionad mbeag cois an Dothra agus comhacht dá saothrú
cheana ionnta. Ní móide ná go bhfuil rainnt ionad
cois Abha Mhór Cho. Chill Manntáin acht is ó n-a bharr
san a gheibhtear lón uisce Bhaile Ath Cliath.
Na cúntaisí comhachta a gheibhtear ag Dick, agus
cúntaisí eile ar ionadaib atá ar aibhnibh den treas
cineul gheobhthar iad ar Chlár IV.
Tuigtear nách cur síos iomlán ar aibhnibh aon
chinéil a bhfuil raidhte againne orra, mar is iomdha
ionad in Éirinn gan aon chúntas le fagháil ar a
chomhacht. Sé buadh atá ag na cúntaisíbh againne ná
go gcuirid in iúl, dá neamhshoiléireacht é, cionnas atá
an chomhacht scaipthe ar fuaid na hÉireann. Is
iontuigthe as na cuntaisí sin gur ar ró-éigin
d'fheudfaí níos mó 'ná 5,000 eachcomhacht d'fhagháil
i ndúthaigh bhig agus ionaid atá comhgarach dá chéile
do chur le chéile chuige. Tá ana-chuid áit 'na
bhfeudfaí ó 500 eachcomhacht go dtí a 1,000 do chur
ag obair saor go leór, agus do réir mar théigheann
an chomhacht i laighead is líonmaire na hionaid 'narbh
fhéidir é fhaghá. Mar sin is fuirist ionaid a naoi
nó a deich d'eachcomhachtaibh d'fhagháil ar fuaid na tire.
CLÁR IV.
Ionad na Comhachta
Cois Laoi
Ceithre mhíle siar ó
Mhagh Chromtha
Ceithre mhíle soir ó
Mhagh Chromtha
Oibreacha Uisce Chor-
caighe
Cois Droighnaighe
San Droighnach Thoir
Cois Bandan
Míle soir ó Inis Caoin
Droichead na Bandan
Com Ubhla
Cois Abha na Féile
Lios Tuathail
2 míle ó Lios Tuathail
Cois Daoile
In aice Eas Géiptine
Cois Máighe
Míle ó Chromadh
Cois Abha an Chláir
Droichead na Tuaime
Sruth an Mhuilinn
Cois Abha Bhaile Easa Dara
Baile Easa Dara
Cúil Mhaoile
Cois Éirne
Ó Bheul Leice go Beul
Átha Seanaigh
(4 ionaid ann)
Cois Abha Mhór Mumhan
Mainistir Fhear Maighe
Cois Sláinge
Cloch Amuinn
Cois Banna
Baile an Gharrdha
Baile an Gharrdha
Baile Eoghan
Eachcomhacht
Infeadhma ar
feadh Deich Mí
de Bhliadhain
Mheadhon-
Fhliuchra
Fear deunta an
chuntair
Dick
A. Breachnach
Micheál Ó Rioghardáin
Liam Cinnseamán
FIG. V.
Ionaid Chomhachta na hÉireann agus comhacht gach ionaid díobh.
CAIBIDEAL A CÚIG.
Tá ionaid mhórchomhachta, agus ionaid bheagchomhachta,
agus ionaid nách ró-bheag ná ró-mhór é a gcomhacht, scaipthe
gan ordú ar fuaid na hÉireann, agus níor mhór cur síos
coitchianta orra, dá chur in iúl cionnas dob' fhéidir an
chomhacht d'úsáid. Tá ionaid ann a thabharfadh 3,000
eachcomhacht, agus ionaid ná thabharfadh acht 4 each-
comhacht nó a 5. Tá ionaid ann arís ná thabharfadh an
méid sin féin agus gurbh fhiú a gcomhacht do chur ag
obair ar ghleusaibh i gcomhair bhainne, acht ní cuirfear
síos orra san annso. Deunfaimíd trí roinnt desna
hionadaibh eile:
(1) Ionaid a thabharfadh níos mó 'ná 500 each-
comhacht;
(2) Ionad a thabharfadh ó 50 eachcomhacht go dtí
a 500;
(3) Ionad a thabharfadh ó 4 eachcomhacht go dtí
a 50;
Aon ionad comhgarach do chathair a thabharfadh os cionn
500 eachcomhacht d'fheudfaí eileictreacas do dheunamh
ann, agus é do chur isteach saor sa chathair sin, agus
'é dhíol le lucht monarchan. Dá mhéid an chomhacht a
bheadh le fagháil is eadh is sia ó bhaile d'fheudfaí é do
chur trí eileictreacas. 'Na theannta san má's fada
ó mhianachaibh an chathair agus an gual daor ann,
d'fheudfaí luach dá réir do chur ar an gcomhacht agus
dá bhrígh sin níor ghábhadh an t-ionad do bheith chomh
comhgarach don chathair agus mar ba ghábhadh dá mbeadh an
gual saor ann. Mar sin atá cathracha na h-Éireann.
In ionadaibh 'na bhfeudfaí níos mó ná 1,000 each-
comhacht d'fhagháil dheunfaí oiread eileictreacais agus
oibreochadh monarchain i gcomhair páipéar agus carbaíd
aoil. Na hionaid chomhachta den tsaghas san dob'
oireamhnaighe 'ná a chéile iad i gcomhair oibreacha gurbh
í an chomhacht an rud is mó le rádh ionnta. I gcúrsaíbh
na ndeuntuisí sin is é rud is tádhbhachtaighe ná an
chomhacht d'fhagháil ar an bpinginn is lugha; dá brigh sin
pé costas a bheadh ar iomchur na n-earraidhe, agus
pé deacracht a thiocfadh ó lucht céirde do sholáthar,
d'eireochadh go maith leis na deuntuisí sin in áiteann-
aibh iargcúltha toisc a shaoire a bheadh comhacht an uisce
ionnta. An chuid is mó desna hionadaibh a thabharfadh
ó 50 eachcomhacht suas go dtí a 500, agus go mór
mór iad so atá comhgarach don bhothar iarainn níorbh
fhearr rud a dheunfaí leo ná monarchain do chur ag
obair ionnta, nó dá mbeadh sráidbhaile sa chomharsan-
acht eileictreacas do dheunamh as an gcomhacht a
dheunfadh solas don tsráidbhaile sin. Ní mór an
rath a beidh orainne muintir na hÉireann so dtí go
mbeidh na hearraidhe coitchianta dá ndeunamh againn
féin, cuir i gcás bróga agus hataí; úirlisí tighis
agus gleusa beaga coitchianta agus trioscán; rothair
agus trucaileacha agus neithe den tsaghas san. Ba
chóir go ndeunfaí ár ndóthaín féin ar a luighead díobh
san in Éirinn. Chuige sin d'fheudfaí monarchain do
thógaint in ionadaibh 'na mbeadh ó 50 eachcomhacht go
dtí a 500 le fagháil ionnta. Tá gach aon deallramh
go bhfuil oiread comhacht uisce in Éirinn agus oibreochadh
monarchain 'na gcomhair sin go léir, agus is é is
dóichighe dá mbeadh cead a dtoile ag muintir na
hÉireann le tamall, go mbeadh áiteanna móra
monarchan i measc na sléibhte san deisceart agus san
tuaisceart agus san iarthar mar a bhfuil oireamhantas
comhacht le fagháil.
Agus na hionaid bheagchomhacht bheadh oiread le
fagháil ionnta agus oibreochadh monarchain bheaga agus
muilte, agus a chuirfeadh solas eileictreacais ins na
sráidbhailtibh agus i dtighthibh na tuaithe, agus a dheunfadh
obair tighthe uachtair agus eileictreacas i gcomhair
gleusa feirmeoireachta. Neithe iad san a deintear
le comhacht uisce anois séin, in áiteannaibh san tír,
acht tá dúithcí móra cuireadóireachta ann 'na bhfeud-
faí eileictreacas do bhaint as an uisce agus é d'úsáid
coitchianta ionnta, agus ní cuimhnightear in aon chor
ar a leithéid ins na dúithchibh sin. Dá gcuirfeadh
feirmeoirí na ndúithchí sin le chéile d'fheudfaidís an
t-uisce do chur ag obair go saor.
Is 'mó áit iargcúltha i measg na sléibhte thiar theas
'na mbainid na daoine a ndóthain féin bídh as an
dtalamh nó ana-ghairid do, agus 'na theannta san
dob' fhéidir oiread caorach do choimeád ar chliathánaibh
na gcnoc agus d'fhágfadh fuighealach mór olna aca
tar éis eudach do chur orra féin. Is minic a bhíonn
orra fé láthair an t-arbhar agus an olainn do chur
i bhfad ó bhaile chun na muilte; acht dá gcuirfidís le
chéile agus muilte arbhair agus olna do chur ag obair
le comhacht uisce, d'fheudfaidís beith beagbheann ar
an bhfear thall i gcúrsaibh bídh agus eudaigh, sé sin
chomh fada agus raghadh na príomhadhbhair, agus ní hamháin
sin acht bheadh earraidhe olna le dhíol i gcéin aca.
Bíodh a dhearbhú san ar thoradh an scrúdaighthe a dhein
Pádraig Ó Suibhne, O.S., dúinn ar an dá ghleann a
thagann le chéile ag Beul Áth an Ghaorthaidh. Fuair
sé sin gur bheag ná go bhfeudfadh muintear an
dá ghleann san oiread bídh do bhaint as an dtalamh
agus a chothóchadh iad féin agus a gcuid bheithidheach,
agus go bhfeudfaidís i bhfad níos mó caorach do
choimeád ar chliathánaibh na gcnoc ná mar a chuirfeadh
eudach orra féin. Gheobhthaí oiread comhacht in aon
ionad amháin cois Laoi i mBeul Áth an Ghaorthaidh
agus oibreochadh muileann olna agus muileann arbhair,
agus ba bheag an costas ar mhuintir an dá ghleann
é shaothrú dá gcuirfidís le chéile chuige.
Cuid den Ghaedhealtacht is eadh na dúithcí iargcúltha
so adeirimíd, agus bíonn ar a lán den mhuintir
óig dul isteach ins na cathrachaibh nó imtheacht as
an dtír ar fad cheal slighe bheathadh a choiméadfadh
sa bhaile iad. Dá gcuirtí na muilte seo ag obair
trí chomhpháirteachas do tabharfaí obair do chuid aca
so go mbíonn orra imtheacht, agus an rud is mó is
fiú le radh, ba mheudú misnigh dóibh an comhpháirteachas
san chun oibreacha eile do chur ar siubhal .i. oibreacha
a mhéadóchadh go mór saidhbhreas na ndúithcí sin agus
an líon daoine a chothóchaidís. Ní foláir dhá ní chun
an tairbhe iomlán do bhaint as uisce na hÉireann.
An cheud ní, é chur 'na luighe go daingean ar na
daoine cad é mar adhbhar saidhbhris é an t-uisce. An
tara ní, agus sé sin an ní is deacra do dheunamh .i.
gasradh fear d'fhagháil go mbeadh díol na hoibre
d'eolas aca, agus 'na mbeadh de mhisneach agus de
dhúthracht ionnta scaoileadh le saidhbhreas an tsaoghail
mhóir amuigh, agus cloí leis an obair seo na h-Éireann;
agus díreach mar gurbh é dream uasal na tréine
agus na féile a chuir anam arís ins an teangain, ní
móide na gurab é an dream ceudna a shaothróchaidh
comhacht an uisce. Tá méid mór comhachta ann agus
é saor, agus má cuirtear oiread dúthracht san obair
agus a cuireadh in aithbheochaint na Gaedhilge ba chóir
gur ghairid an tamall bliadhanta go mbeimíd
beagbheann ar an bhfear thall i gcúrsaibh earraidhe
ár gcothuighthe agus ár gclúdaigh.
Fig. IV.
COMHACHT NA CUMARAIGHE.
Tomhas cearnach sruthchríce na Cumaraighe
anuas go Dr. Chathair Samháin + 17.8m.c.
T.C. sruthchríche anuas go béal
Loch Doire Iadhna + 6.24m.c.
T.C. Loch Dhoire Iadhna + 0.91m.c.
COMHACHT NA CUMARAIGHE.
Tomhas cearnach sruthchríche na Cumaraighe
anuas to Dr. Chathair Samháin = 17.8 m.c.
T. C. sruthchríche anuas to béal
Loch Doire Iadhna = 6.24 m.c.
T. C. Loch doire Iabhna = 0.91 m.c.
Figiúir a ceathair dá mhíniú annso síos.
Léirscáil ar shruthchrích na Cumaraighe é ó bhárr na habhann go dtí
an áit in aice Droichead Chathair Samháin mar a bhfuil tuitim 100
troigh in aon mhíle amháin slighe. Teasbáintear ar an léirscáil an
áit i mbeadh sruth an mhuilinn agus adhbha na comhachta. An t-áireamh
'nár ndiaidh ag teasbáint go bhfeudfaí oiread uisce do choimeád
i dtaisce i Loch Doire Iadhna agus a dheunfadh 100 eachcomhacht
infeadhma agus san gan stad ar feadh na bliadhna go léir bíodh
sé mar leiriú ar cionnas a deintear a leithéid d'áireamh.
Chun 100 eachcomhacht infeadhma do bhaint as tuitim 100 troigh ba
ghábhadh 11 cubthroigh uisce gach secund .i. .618 cubthroigh gach secund
don mhíle chearnach, mar 17.8 míle cearnach tomhas na sruthchriche
¡ ba chóir go bhfaghfaí .618 x 6.24 .i. 3.86 cubthroigh sa secund
stealla ón sruthchrich anuas go beul Loch Doire Iadhna (= 6.24 m.c.)
agus ba chóir go bhfaghfaí 7.14 cubthroigh sa secund as an gcuid
eile den tsruthchrích (= 10.56 m.c.)
Le linn tiormachta, 5 cubthroigh an meadhon-stealladh a gheobhthaí
as an sruthchrích go léir agus chun an t-iomlán .i. 11 cubthroigh sa
secund do dheunamh suas badh ghábhadh 6 cubthroigh d'fhághail de bharr
taiscidheachta.
Cuir i gcás i mbliadhain ana-thirm gur ghábhadh sé cubthroigh gach
secund den uisce a coimeádfaí i dtaisce i Loch Doire Iadhna agus
é sin ar feadh 120 lá. Sé iomlán nár mhór do choimeád i dtaisce
ná 6 x 120 x 24 x 60 x 60 .i. 62,208,000 c.t. Sé 25,100,000 troigh
cearnach tomhas cearnach an locha. Dá bhrigh sin níorbh fholáir 2.5
troigh uisce sa bhreis do choimeád sa loch. Sé dhá throigh* uisce an
méid is mó d'imtheochadh 'na ghail i mbliadhain tirm ¡ ba ghábhadh
2.5 + 2 .i. 4.5 troigh uisce sa bhreis do choimeád i dtaisce. An
méid den tsruthcrích atá anuas go beul Loch Doire Iadhna rithfeadh
oiread uisce de sin ar feadh 7 mí de bhliadhain tirm féin agus a
thabharfadh 3.86 cubthroigh stealla don abhainn gach secund agus 'na
theannta san do chuirfeadh sé 4.5 troigh de bhreis uisce sa loch ach é do
choimeád ann. Dá bhrígh sin d'fheudfaí an 100 eachcomhacht infeadhma
d'fhagháil agus san gan stad acht cora ceithre troigh d'aoirde do
thógaint ag beul an Locha agus leathtroigh uisce do leigint as tar
mar a leigtear de ghnáth.
* As cuntaisí gaile a cuireadh os comhair an phobuil a deineadh
an t-áireamh so; vide "Sandeman on the Measurement of the
Flow of River Derwent" i dTuairiscí Gnótha "Institute of C.E.
(London)," leabhar a 194, cuid IV., leathanach a 27; agus "Dew
Ponds" a scríobh W. Vaux Graham in "Symons's Meteorological
Magazine," Meitheamh, 1919, leath. 52-3.
FOCLÓIR STAIRIÚIL NA NUA-GHAEILGE (FNG) / THE HISTORICAL DICTIONARY OF MODERN IRISH
ACADAMH RÍOGA NA HÉIREANN (ARÉ) / THE ROYAL IRISH ACADEMY (RIA)
Is cuid de Chartlann FNG de théacsanna Nua-Ghaeilge an ríomhthéacs seo. www.fng.ie
Tá an téacs seo á chur ar fáil faoi Creative Commons Attribution-NonCommercial- NoDerivs 3.0 Unported License (http://creativecommons.org/licenses/by-nc-nd/3.0/) Ní bheidh FNG ná ARÉ freagrach as úsáid an ríomhthéacs seo.
Dáta: 18/10/11