Historical Irish Corpus
1600 - 1926
Historical Dictionary of Irish
Search the corpus
Browse the Text Archive 1600-1926
Eolaidhe na Cruinne
Title
Eolaidhe na Cruinne
Author(s)
Nic Gabhann, Caitlín,
Composition Date
1924
Publisher
Brún & Ó Nóláin, Teor.
Téacs
Comhad TEI
Gnáth-Théacs
Comhad ePub
Search Texts
Enter word/phrase
Search Type
Headword
Standardised
Exact match
Phrase
Word Type
All
Adjective
Noun
Preposition
Pronoun
Verb
Verbal Noun
Poetry/Prose
Both
Prose
Poetry
Set Dates
1600
1926
Do Naomh Fearghal, .i. “Vergilius of Salzburg,” a mhúin cruinn-dealbh, agus, ceaptar, gluaiseacht na Cruinne, chomh fada siar le lár na hochtmhadh aoise, an leabhrán seo. Lá Fhéile Colmchille, 1924. Mac Cosse, Fear Léighind Ruis Ailithir, cct. Ro feassa i gcuirp domhuin dúir cóic creassa cáine comh- thúir, Dhá uardha có nglaine gné, dhá measraighthe im theintidhe. Teintidhe dar meadhón cuirp talmhan, teine 'n-a throm-thuirt Dhá uardha i n-imeall thuaidh theass, dhá measraighthe im an ró- theass. — Sliocht as Leabhar Laighean, L. 135 de'n mhaca samhail.
RÉAMHRÁDH Seo é an chéad leabhar tlachteolais do cuireadh amach i nGaedhilg. Tá tráchtais ar ranna de'n ádhbhar-léighinn sin sna sean-sgríbhinní, agus cé nach mbéifidhe ag súil le aon eolas beacht ionnta, tá focla úsáideacha le fágháil ionnta. Tá tagairt do ranna de'n tlachteolas i leabhra do sgriobhadh le n-ar linne faoi ádhbhair eile, acht nil aon tagairt in aon cheann aca acht do'n chaol-chuid de'n cheist. Nil an oiread san leabhar seo féin agus ba mhaith liom. D'fhéadfainn fad a bhaint as gach caibidil d'a bhfuil ann, agus cur síos ar chúpla rud eile a bhaineas le tlachteolas, mar atá, cúrsai Léarsgálachta agus Carraig-eolais. Ba mhaith liom a n-a theannta sin na léarsgála agus léaráidí (nó pleananna) le n-ar múnadh na ceachtánna seo bheith sa leabhar, acht chuirfeadh sin go mór le toirt agus le costas an leabhair. Is fearr tús a dhéanamh agus cur leis arís. Mar aon leis sin, is feidir le gach múinteoir “diagramma” a líniú. Séard is mó atá uatha i láthair na huaire, focla agus cainteanna chun na hádhbhair-sgoile a mhúnadh - an gad is goire do'n sgórnach a réidhtiú at dtús. Do ghlacas go buidheach beannachtach le cabhair ar bith d'a raibh le fágháil i n-aon leabhar d'ár léigheas, go háithrid sna sean- sgribhinni. Tá cnuasacht focla agam a bhailigheas le bliadhanta anuas i gcóir na gceachtanna do na hoidi agus do na hádhbhair-oidi a bhíos d'á dteagasg agam. Seo iad na leabhra is mo ar ghlacas uatha: “Archiv für Celtische Lexikographic.” “Zeitschrift für Celtische Philologie.” Clo Acadaimh na hÉireann, idir mhacsamhla na sean-leabhar, agus na léigheachta, etc. do chuireadar amach, mar aon le “hEriu”; agus saothar na sgoláiri Gearmánacha agus Ceilteacha a chuir cló ar sgríbhinní ár sean, agus saothar lucht foclóireachta, ó'n Ath. Pádraig go dti na sean-tsanasaidhthe. Taobh amuigh de'n chnuasacht sin, b'éigin dom treoir a dhéanamh ar m'aghaidh féin, toisg nár bhuail éinne an bothar romham. Bhainfeadh sé go mór de sho-léighteacht na gceachtanna seo dá gcuirinn figiúiri isteach i gcorp an leabhair. Tugtaoi barraidheacht súntais d'fhigiúiri agus do dhátai san am atá caithte. Acht ó's rud é go mbíd ag teastáil uaireannta le comparáidí a dhéanamh, gheobhfar roint aca i bhfuirm liosta ar leathanach a 6. Táim an-bhuidheach do mo cháirde, Pádhraic Ó Domhnalláin agus Seán Ó Ruadháin, a léigh agus a cheartuigh formhór na bhfromhthai dhom. CAITLÍN NIC GHABHANN.
CLÁR AN LEABHAIR. I. RÉ AN AINEOLAIS. Tairbhe an oideach- ais. Na mearbhaill a bhain d'ár sinnsear ceal easbhaidh oideachais. 7 II. AN GHRIAN AGUS A LUCHT LEANAMH- NA. An Réalt-eolas. Toradh breath- nuighthe na Reanna. Comhlucht na Gréine. 11 III. ÁR n-ÁIRDREANN FÉIN. Cruth na Cruinne. An t-Aer. Na Samhail-línte agus creasa. Cruthú deilbhe an domhain. 15 IV. LÁ AGUS OIDHCHE. Casadh na Cruinne d'á chruthú. A bhaint le lá agus oidhche. Mar tomhastar an lá. 20 V. AN BHLIADHAIN AGUS A CÓMH- ROINNTE. Gluaiseacht bhliadhantamh- ail na Cruinne. Na comh-réilt. Siocair na Séasúr. Iompuighthe na Cruinne. Mar tomhastar an bhliadhain. 25 VI. AN AORÁID. Baint na haoráide leis an duine. Na rudai a bhaineas leis an aoráid. 32 VII. AN RÉ. Leannán do'n Chruinne. Iom- thoiniú na Gealaighe. 36 VIII. DROMCHLA AN DOMHAIN. Ranna talmh- an agus uisge. Plaosg chruaidh na Cruinne. Athrú Chrutha a thagas uirthi. 38 IX. AN tAIGÉAN. Mar bhailigheas sé chuige an t-uisge, agus sgaras arís leis. Tonntracha, feachta, agus taoilli an aigéin. 41 X. ÁIT-CHOMHUIGHTHE AN DUINE. Fás- lach na Cruinne. An dúil bheo. Na cineadhacha daoine. 46. Foclóirin. 49
Figiúirí Toirt na Cruinne mór-thimcheall: 25,000 míle. Toirt na Gréine: 330,000, uair níos mó ná'n Chruinne. Toirt na Gealaighe: 80 uair níos lugha ná'n Chruinne. Fad na Cruinne trí n-a lár ag na Muil: 7,899 míle. Fad na Cruinne trí n-a lár ag an Láirlíne: 7,926 míle. Fad na Gréine trí n-a lár: 867,000 míle. Fad na Gealaighe trí n-a lár: 2,162 míle. Fad na Cruinne ó'n nGréin: 93 milliúin míle. (A bhfad ó n-a chéile i Mí Eanair: 91 milliúin míle. A bhfad ó n-a chéile i Mí Iúil: 94 milliúin míle.) Fad na Cruinne ó'n nGealaigh: 239,000 míle. Achar na Cruinne: 198 milliúin de mhílte cearnógacha. Talamh na Cruinne: 52 milliúin de mhílte cearnógacha. Uisge na Cruinne: 146 milliúin de mhílte cearnógacha. Tiughas an chlúdaigh aeir atá thart timcheall na Cruinne: 50 — 200 míle. (Tá furmhór an aeir taobh istigh de 5 mhíle ó'n talamh.) Doimhne an Aigéin Atlantic: i n-aice le Talamh an Éisg: 2,600 feadha Doimhne an Aigéin Atlantic: i n-aice leis na hIndiacha Thiar: 3,875 feadha Doimhne an Aigéin Indianaigh: idir An Áistrál & An Iábha 3,000 feadha Doimhne an Aigéin Chiúin: i n-aice le hOileain Caroilín 5½ míle. Fad céime: an 360 adh. cuid de chearcall. Airde na Gréine sa spéir i lár an tSamhraidh, 60 céim. Airde na Gréine sa spéir i lár an Gheimhridh, 15 céim. Claonadh Fearsaide na Cruinne i dtreo a diaithre, 23½ céim. Fad Iompuighthe na Cruinne ó'n Láirlíne, 23½ céim.
EOLAIDHE NA CRUINNE. AN DOMHAN I N-A PHLÁINÉID. RÉ AN AINEOLAIS. Mara mbeadh aon Sgoil ann. Mara mbéadh sgoil ann nach sinne a bhéadh aineolach! Ní bhéimís ábalta léigheadh ná sgríobhadh - an bhfuil aithne agat ar aon tsean-duine nach ndeachaidh ar sgoil ariamh? Nílid chomh líonmhar anois a's bhíodh, acht tá a léitheidí ann. Nuair a gheibheas sé leitir ó mhac nó inghean leis atá as baile caitheann sé a iarraidh ar dhuine eicínt eile a léigheadh dhó, agus nuair is mian leis í a fhreagairt, bíonn air dhul faoi chumaoin ag duine eicínt eile, comh maith, chun an freagra a sgríobhadh dhó. Ní fhéadann an duine bocht aon bhárr eolais a bhaint dó féin as leabhra. Níl ar a chumas a mhíniú cé'n chaoi ar thárla dho'n chloich mhóir úd bheith ar shlios an tsléibhe i bhfus, nó do'n loch bheith sa luig úd thall, nó do'n oileán bheith amuigh annsin sa bhfairrge. Bhéimis-ne ar an nós céadna marach go ndeachamar ar sgoil. Na Mearbhaill a bhéadh orainn. Cheapfamuis, mar cheap na mílte duine in-allód, agus mar cheapamar féin sul a ndeachamar ar sgoil, gur clár an domhan, a bhéadh réidh marach na sléibhte, agus go bhféadfamuis imeall a shroichint acht siubhal sáthach fada ar aghaidh. Cheap-
famuis gurab amhlaidh a bhíos an ghrian ag timchealladh an domhain - go ndéanann sí aistear faoi'n talamh ar shlighe eicínt do-thuigthe i rith na hoidhche, ó n-a dul faoi tráthnóna go ngobann sí aníos ar maidin arís - i n-ionad a mhalairt de sgéal ar fad a bheith ann. Ní thiocfadh sé i n-ár n-intinn go deo, b'fhéidir, go mbéadh aon bhaint ag an bhfairrge leis an sruth a théigheas thar dhoras againn ná leis an mbáistigh a chuireas fás faoi na plandaí. Ní chuimhneóchamuis féin ar aon bhaint bheith ag an ngealaigh le teacht agus imtheacht na taoille. Ní dhéanfamuis machtnamh dhúinn féin ar céard ba bhun leis na carraigreacha bheith lom sgríobtha stríocrach i mbaill áithride, agus clúduighthe le cré agus le sgráitheanna i mbaill eile, ná cad chuige a dtéigheann rud a leigtear as an láimh chun talmhan - “Cad chuige nach dtuitfeadh sé síos?” adéarfamuis. “Cá háit eile a rachadh sé?” mar ní thuigfimis nach bhfuil aon bhrigh, ó cheart, leis na focla “síos” agus “suas” ar Chruinne atá ar crochadh sa richeadh. B'fhéidir nach dtuitfeadh sé in-ar gcáilidheacht fiú smaoineadh ar neithe de'n tsórt seo; nó, dá smaoinigh- eadh, agus go gcuirfimis ceist faoi aon nidh a bhéadh t'réis iongantas a chur orainn, cuirfidhe i leith Fhinn Mhic Chumhaill go mbíodh sé ag caitheamh cloch ar nós gasúir dhána, agus gurbh eisean a d'fhág an chloch mhór ar thaobh an chnuic d'urchar d'ár sgaoil sé; nó hinnseóchthaoi dhúinn gurbh eisean do mhúnluigh log agus inis, agus meall mór talmhan a chartadh aníos agus a chaitheamh amach sa bhfairrge, áit a dtéigheadh na clocha i dteirce air! Ré an Aineolais. Seadh. Bhí an saoghal ar suidheachan ar feadh na gcianta sul ar tháinig sé i n-intinn na ndaoine nach clár réidh an domhan. Ceaptaoi gurabh é bun agus bárr na n-oibreacha iongantacha go léir a bhíodh ar siubhal i n-a thimcheall. Ceap- taoi go dtéigheadh an Ghrian thart air d'aon-toisg le teas
agus solus a choinneál leis. Samhluighthí gur sórt síonáile a bhí sa spéir thuas agus na réilt mar a bhéadh ornáidí ar shíonáil seomra, nó lóchrainn a bhéadh ann chun solus do thabhairt uatha. Bhí fíor-thuairimí ag na sean-Ghréagaigh agus ag na sean-Rómhánaigh i dtaoibh cruinn-deilbhe an domhain, acht leigeadh i ndearmad iad. Thagadh léas soluis air i n-intinn duine sé nó seachráin, ó am go ham, acht múchtaoi é ar bhás d'fágháil dó; nó b'fhéidir go leanfadh sé mar bhéal-oideas go raibh oideam de'n tsaghas i n-intinn duine eicínt uair. Rinne Naomh Fearghal se'againn féin staidéar ar an gceist, agus mhúin cruinn-dealbh agus gluaiseacht an domhain, acht bhíothas i gcoinne tuairimí de'n tsórt an uair sin. Acht sa deire, thosnuigh a lán daoine fiosracha ag machtnamh ar an sgéal. Gheibheadh dream amháin fios ar neithe áithride, d'fhágaidís toradh a saothair ag an gcéad ghlúin eile, chuiridís-sean leis an óir-chiste eolais, agus mar sin de. Acht bhain sé na mílte bliadhain de'n chine daonna an oiread eolais a chruinniú a's bhíos againne t'réis tréimhse a chaitheamh ar sgoil. An t-adh a bhí orainne. Seadh, bhí sé d'ádh orainne gur tháinigeamar ar an saoghal nuair a bhí sgoileanna ann, agus gur cuireadh ar sgoil sinn, áit ar seoladh i mbealach na smaointe agus an staidéir sinn - áit ar cuireadh toradh machtnaimh lucht eolais ar fágháil againn. Mar sin, nuair a bhíos leisg orainn dul chun na sgoile, mar bhíos, uaireannta, cuimhnighmís ar an sean-duine bocht nach bhfuil ar a chumas fios a ghnótha a choinneál aige féin, nuair d'fheilfeadh sin dó, b'fhéidir, toisg a aineolais; nó ar na sin-sean-iondúirí nach raibh aon tlachteolas aca de bhárr gan sgoileanna a bheith ann ar a rachaidís chun a fhoghluma.
Bealach na Foghluma. Is cuimhneach linn an chaoi ar tosnuigheadh ar ár gcur ar an eolas. Tugadh orainn áird a thabhairt ar gach a mbíodh i n-ár dtimcheall, agus caintigheadh linn i dtaobh gach nidh, d'fhonn sin a chur ag machtnamh dhúinn féin. Cé'n áird a n-éirigheadh an ghrian ar maidin? Cé'n áird a dtéigheadh sí faoi? Cé'n áit a mbíodh sí le linn caithimh aimsire dhúinn ar mheadhon-lae? - Bhíodh orainn gach claochlódh aimsire a thabhairt faoi deara, agus gach feic neamh-ghnáthach a thárluigheadh i raon ár súl. Is cuimhneach linn an liathróid a cuireadh ar casadh ar aghaidh an tsoluis le lá agus oidhche a mhíniú dhúinn, agus an túlán d'uisge galach le n-ar cuireadh i dtuigsint dúinn ceárd is fearthainn ann. I leabaidh a chéile chuaidh ár n-eolas i méad, ar shlighe gur thuigeamar gur de bhárr ar saothair féin ba mhó do bhailigheamar é, rud a mhéaduigh ar ár muinghin asainn féin, agus a chuir fonn orainn leanamhaint de'n staidéar. Ní fhuighmid aon locht ar chúntas faoi thoradh ár saothair a léigheadh thríd síos, le misneach a thabhairt dúinn féin bualadh faoi n-a thuille eolais a bhaint amach.
AN GHRIAN AGUS A LUCHT LEANAMHNA. Spéis ár sean i Reanna Neimhe. Cuirtí an-spéis i reanna neimhe ó thús aimsire. Mhion- nuigheadh ár sinnsear féin i n-allód “Dar grian agus éasga agus reanna neimhe.” Na draoithe a bhíodh againn fadó, nuair a theastuigheadh fios uatha i dtaobh rudaí a bhéadh le tuitim amach théighdís ag breathnú na spéartha, féachaint ar alt na réalt, agus dhéanaidís tairngreacht d'á réir. Ádhbhar-léighinn Ársa. Is dócha gurab é an réalt-eolas an t-ádhbhar léighinn is sine d'á bhfuil ann. Chomh fada siar a's théigheas cur-síos na stairidhthe, léighimid go mbíthí ag grinn-bhreathnú na spéartha féachaint le fios d'fhágháil cé'n mianach a bhí i reanna neimhe. Tugadh faoi deara go mbíodh roint aca le feiceál amannta seachas a chéile. Facthas go mbíodh an suidheamh céadna agus an t-eagar céadna ar chuid aca ó cheann ceann na bliadhna - iad siúd a bhíodh ag spréacharnaigh, le linn cuid eile aca - iad siúd a thugadh solus glan seasmhach uatha, bheith as alt le n-a chéile i dtóláimh. I n-imtheacht aimsire, cruthuigheadh gur de réir riaghlacha áithride a théigheadh reanna áithride as alt a chéile, a's go mbídís ag déanamh cuairte torachta thart ar reanna eile. Tugadh plainéidí (taistealaidhthe) nó áirdreanna ar na cinn shiubhlacha, agus Reanna Suidhte (Teintidhe) ar na cinn a mbídís ag taisteal mór-thimcheall ortha. Bíonn solus agus teas leo féin ag na Reanna Teintidhe, agus ní
bhíonn ag na hÁirdreanna acht an solus agus an teas a gheibhid ó na Reanna Teintidhe. Na Riaghail a bhaineas leis na haistir sin. Tá dhá riaghail a bhfuil baint aca leis an gcuairt a dhéanas na hÁirdreanna mór-thimcheall na Reanna Teintidhe. Bíonn smacht ag rud ar rud eile - cumhacht chun a tharraingt chuige, de réir a thoirte i gcomórtas leis, agus a fhois- geachta dhó. Is cuimhneach linn an chloch adamuis a bhíodh ar an mbord againn i dteach na sgoile, a tharraingeadh an brúsgar iarainn chuice féin. Is féidir cumhacht mar sin a shamhlú, atá d'á cur i bhfeidhm ar an gcloich a thuiteas ó bhárr claidhe, agus a ghluaiseas gan mhoill i dtreo na talmhan, mar is toir- teamhla an talamh ná í. Ní féidir le héinne an chumhacht sin a thuisgint fós, ná a mhíniú. Sí an dara riaghail a bhaineas leis an timcheall-ghluaiseacht seo, aon rud d'á gcuirtear ag gluaiseacht, leanann sé de'n ghluaiseacht sin i gconair dhírigh mara gcuirtear cosg leis, nó mara dtarraing- tear as an gconair dhírigh é. An dá riaghail seo bheith ag oibriú i gcoinne a chéile is ughdar do chuairt na bplainéid thart ar na Reanna Teintidhe. Is toirteamhla i bhfad na Reanna Teintidhe ná iad, agus tharraingeóchaidís na plainéid chuca agus loisgfidhe ionnta iad, mara mbéadh an siubhal a bhíos fútha. Agus tarraingt na Reanna Teintidhe ar na hÁirdreanna a iompuigheas iad ó'n gconair dhírigh a leanfaidís de réir riaghlach, agus a thugas ortha gluaiseacht mór-thimcheall ortha féin. An Ghrian agus a lucht Leanamhna. Cruthuigheadh, leis an aimsir, gur Reann Teintidhe an ghrian agus gur Áirdreann an talamh - ceann de na tais- tealaidhthe a bhíos ag bogadh mór-thimcheall uirthi. Tugtar comhlucht na gréine ortha uile.
Is í an ghrian, mar sin, .i. an Reann Teintidhe is goire dhúinn, is bun agus bárr do na hiongantais a feicimid ar siubhal i n-ár dtimcheall. Dlúimh chruinn teintidhe í, a bhfuil méad millteach mór innti, agus atá achar millteach fada uainn. Anois, le cur síos ar na Reanna seo agus ar a dtaisteal go céillidhe, ní mór dhúinn cúpla rud a shamhlú dhúinn féin i n-a dtaoibh. Samhluighmid dúinn féin go bhfuil mar a bhéadh cuaille i n-a gceart-lár, ar a mbíonn siad ag casadh. Tugamuid Fearsaid na Reanna ar an gcuaille seo. Le am nó achar nó aoráid a thomhas nó a chur i gcomparáid, mar caithfimid a dhéanamh go minic, ní mór dhúinn línte eile a shamhlú dhúinn féin. Casann an ghrian thart ar a fearsaid san ionad i n-a bhfuil sí, mar chasfadh caiseal gasúir. Casann na hÁird- reanna thart ar an nós céadna, acht gluaisid mór-thimcheall na gréine chomh maith. Áirdreanna Neimhe. Tá ocht gcinn aca ar chomhlucht na gréine s'againne - sin a bhfuil ar eolas againn fós, ar chaoi ar bith - agus cuid aca níos goire ná a chéile dhi. Seo iad a n-ainmneacha de réir a bhfoisgeachta dhi; Mercuir, Bhéanus, An Talamh, Mars, Iúpatar, Satharn, Úránus, agus Neiptiún. Tá lean- nán leo féin ag cuid de na hÁirdreanna seo, a ghluaiseas thart ortha díreach mar theighid-sean thart ar an ngréin. Tá'n ghealach i n-a leannán ag an gCruinne se'againne. Tá mion-reanna ann a dhéanas cuairt na gréine ar nós na n-Áirdreanna. Tá réilt ann ar a dtugtar muingréilt, nó réilt sguabacha, a théigheas timcheall ar an ngréin - acht conair an-fhadánta a dhéanas siad-san ag taisteal dóibh, a thóigeas as raon ár súl iad ar feadh tamaill fhada sa turas. Tá dlúimhíní eile ann ar a dtugtar óschumaisg nó dreaganna, a bhíos ag eiteall chomh sgriobtha sin 's go
ngeinid mór-theas ar chuimilt d'aer na Cruinne dhóibh, agus cuirtear tré theine iad. Ba dhóigh linn gur réilt iad a bhíodh ag tuitim ó'n spéir agus sinn i n-ár bpáistí beaga. Diaithir, nó Conair na n-Áirdreanna. Ní diaithir chearcallach a dhéanas na háirdreanna dhóibh féin ag timchealladh na gréine dóibh, acht diaithir eilioptach, i dtreo gur goire iad do'n ghréin amannta seachas a chéile. Nuair is goire iad do'n ghréin is mire a ngluaiseacht. Sin ceann de na fáthanna nach mothuighimid aon bhreis teasa ar an gCruinne an tráth is goire í do'n ghréin.
ÁR n-ÁIRDREANN FÉIN. An Talamh i n-a Phlainéid. Ó's í an Chruinne ár n-Árdreann féin, sgaoilfimíd leis an gcuid eile go fóill, agus déanfamuid mion-trácht uirthi-se. Dlúimh chruinn í, a bhfuil trí ceathramhna d'á hachar faoi uisge. Tá a huachtar fuar go maith acht tá teas millteach i n-a lár istigh. Cruthuighthear sin dúinn i dtíortha i n-a mbrúcht- ann miotal leághta agus uisge galach amach as puill sa talamh, nó ar mhullach cnuic. Bíonn creathanna talmhan ann sna tíortha sin, agus i dtíortha nach iad, nach bhfeictear aon bhrúchtaighil ionnta, de bhárr go gcrapann uachtar na talmhan de réir mar thagas athrú nó laghdú ar an ladar atá istigh. An t-Aer. Sin clúdach do-fheicthe gaile atá mór-thimcheall na Cruinne amuigh, agus é mórán mílte ar thiughas. Aer a tugtar ar an ngail sin. An Chruinne féin do tharraing an clúdach sin i n-a timcheall, díreach mar tharraingeas sí chuice an peann a leigtear dhó tuitim; agus dá sgaoileadh sí de'n tarraingt atá aici air, ní mhairfeadh aon phlanda ná aon chineál de'n dúil bheo ar an talamh. Tá'n t-aer uachtair i bhfad níos éadtruime ná'n t-aer íochtair. Tá meadhchan áithrid ann, agus luigheann an t-aer uachtair anuas ar an aer íochtair agus dlúthuigheann é. San aer a déantar na sgamaill, agus an bháisteach, an sioc agus an sneachta, an ghaoth, agus nidhthe dhe'n tsórt a bhfuil baint aca leis an aimsir.
Na Samhail-línte - Achair-línte. Mar cuireadh i n-iúl cheana, samhluighimid dúinn féin go bhfuil fearsaid i gceart-lár na Cruinne ar a gcasann sí, ar nós reanna neimhe eile. Cuirimíd i gcéill dúinn féin, freisin, go bhfuil línte áithride ar a dromchla, i dtreo gur féidir linn am agus achar agus aoráid a mheas agus a thomhas. An Deilbh de'n Chruinne atá i dteach na sgoile, tá línte síos suas uirthi agus línte treasna uirthi. Tá líne súntasach amháin treasna ar a ceart-lár ar a dtugamuid Láir-líne, nó Meadhon-líne na Cruinne. Roinneann an líne sin an Chruinne i ndá Leath-chruinne. Nuair is mian linn achar a thomhas nó a chur i gcomparáid le hachar eile ar an gCruinne, is ó'n Láir-líne a dhéanamuid a thomhas le congnamh na línte atá ar comh-threo leis an Láir-líne, ar a dtugamuid línte achar-fhaid, nó achair-línte. Nóin-línte. Le am a thomhas atá na línte síos suas ar an gCruinne. Línte am-fhaid, nó nóin-línte, a thugamuid ortha. Bíonn nóin ann san am céadna i ngach áit atá suidhte ar aon cheann de na nóin-línte sin. Bíonn roimh-nóin ann i ngach áit atá do'n leith thiar de'n nóin-líne an uair sin, agus iar-nóin i ngach áit atá do'n leith thoir dhi. Baintear ceithre nóiméad de'n am i n-aghaidh na céime siar agus cuirtear ceithre nóiméad leis an am i n-aghaidh na céime soir ó'n nóin-líne. Thomhaisimis-ne an t-am de réir nóin-líne i n-ár dtír féin roint bliadhanta ó shoin, acht tomhaisimid anois é de réir na nóin-líne atá suidhte i nGrínís i Lonndain Shasana. Tá Oll-Dearclann annsin ó na gcraobhsgaoiltear a lán réilt- eolais agus aimsir-eolais. Samhail-Chreasa. Tá réigiúin ann i n-a mbíonn brothal mór, agus réigiúin i n-a mbíonn fuacht préachtach, agus réigiúin idir-eatorra
i n-a mbíonn aoráid mheasardha. Samhluighmid dúinn féin go bhfuil Áoráid-Línte ar an gCruinne leis na réigiúin seo a dheighilt ó n-a chéile. Tá dhá cheann de na línte seo ar gach taobh de'n Láir-líne. Tugamuid Crios ar an spás atá idir na línte sin. An spás atá idir an dá líne is goire do'n Láir-líne ar gach taobh tugamuid An Crios Teintidhe (Brothallach) air, mar sin é an réigiún is mó teas. Na Creasa atá ó thuaidh agus ó dheas uaidh sin, siad-sin An Crios Measardha Thuaidh agus an Crios Measardha Theas. Tugamuid An Crios Uardha (Reoidhte) Thuaidh agus An Crios Uardha Theas ar a bhfuil ar gach taobh díobh sin, ag gach ceann de'n Chruinne, mar sin iad na réigiúin is mó fuacht. Dealbh an Domhain. Dlúimh chruinn, mar a bhéadh oráiste, atá sa talamh. Is iomdha slighe i n-ar féidir sin a chruthú: 1. Teacht nó imtheacht luinge ar an bhfairrge. 2. Urdhú na gealaighe. 3. Cruinne na Reanna Neimhe eile. 4. Cruthú na dtaistealaidhthe. 5. Réalt an Tuaiscirt. 6. Cruinne íoghair na spéire. 7. Cruthú na gcuaillí. 1. Duine a bhéadh i n-a sheasamh cois fhairrge agus long ag teacht i dtír, bárr na gcrann, (nó an tsimiléir) an chuid is túisge a d'fheicfeadh sé, agus cabhail na luinge i n-a dhiaidh sin. Dá mba rud é gur clár réidh an domhan, d'fheicfeadh sé iomlán na luinge ó thús. 2. Caithtear sgáil na Cruinne ar an ngealaigh ó am go ham, agus sgáil chruinn a bhíos innti i gcomhnaidhe.
3. Cuma chruinn atá ar Reanna Neimhe eile - luigheann sé le réasún go measfaidhe gur cuma chruinn a bhéadh ar an talamh. 4. Dá dtéigheadh beirt taistealaidhthe ó thuaidh ó'n Láir- líne, agus iad tuairim's seachtmhogha míle ó chéile ag imtheacht dóibh, casfaidhe ar a chéile iad agus iad ag teannadh leis an Mul Thuaidh. (Támuid 'ghá chur i gcás go leigfeadh an oighear agus an doineann dóibh a shroichint). 5. D'fheicfeadh na taistealaidhthe sin Réalt an Tuais- cirt ag bun na spéire ag imtheacht ó'n láir-líne dhóibh. D'á fhaide ó thuaidh d'á rachaidís is airde sa spéir a bhéadh an réalt úd, agus nuair thiocfaidís suas leis an Mul bhéadh sí díreach os a gcionn. 6. An t-é a bhéadh amuigh ar an bhfairrge, nó ar mhachaire réidh, d'fheicfeadh sé bun na spéire i n-a chearcall ar gach taobh dhe. Dá dtéigheadh sé i n-áirde i n-eiteallán, bhéadh cuma chearcallach ar bhun na spéire i gcomhnaidhe, agus d'á airde d'á rachadh sé is amhlaidh is mó a bhéadh an cearcall. 7. Cruthuigheadh cruinne an domhain le trí cuaille a sháthadh i linn uisge, achar áithrid ó n-a chéile. Bhí an fad céadna de gach cuaille os cionn uisge. Ag dearcadh a mbárr trí chiandracán facthas go raibh bárr Cuaille a dó ní b'airde ná Cuaille a haon ná Cuaille a trí. Dá fhaide ó chéile a cuirfidhe iad 'seadh is airde a bhéadh Cuaille a dó ná'n dá cheann eile. Timcheall-seoladh na Cruinne. Is féidir a áireamh mar chruthú air nach clár réidh an domhan gur seoladh timcheall air go minic. Do féadfaidhe seoladh timcheall air, ar ndóigh, dá mba cuma uibhe nó cuma fhata a bhéadh ar an gcruinne — tá sé mar chruthú a haon ar an tslighe sin, acht timcheall-seoladh na cruinne an chéad rud
a chruthuigh do'n tsluagh, nach clár réidh, i n-a bheag nó a mhór, an Chruinne. Agus fíoradh na cruthuighthe thuas i ngach ball, ag seoladh timcheall na Cruinne do mháirnéalaidhthe. Feictear grian na maidne níos túisge i n-Oirthear ná i n-Iarthar tíre. Dá mba clár an domhan, feicfidhe san am céadna i ngach áit í. Ar nós na horáiste tá'n Chruinne rud beag réidh ag an dá cheann agus rud beag buillsgeanta i n-a lár. Acht is suarach le rádh é sin i gcomórtas le méad na Cruinne. Agus is suarach le rádh, freisin, an sliabh is airde ar an talamh, nó an aibhéis is doimhne san aigéan i gcomórtas le méad na Cruinne. Níl ionnta acht mar a bhéah an ghairbhe atá le mothú ar chadhal na horáiste.
IV LÁ AGUS OIDHCHE. Samhail-Ghluaiseachta. An t-é a bhéadh ar luing-ghaile, agus í ag fágáil calaidh, feicfidhe dhó gurab é an caladh a bhéadh ag imtheacht uaidh- sean, agus ag dul ó léargus air diaidh ar ndiaidh. Nuair a rinneamar aistear ar an traen an chéad uair, facthas dúinn go raibh crainnte agus tighthe agus tacaí na sreangán aibhléise ag luathadh tharainne, agus sinne i n-ár gcomhnaidhe. Anois féin, má bhíonn an traen i n-a bhfuilmuid-ne agus traen eile i n-a stad i Stáisiún ar feadh sgathaimh, agus go ngluaiseann ceann aca sa deire, ní thig linn a dhéanamh amach an í ár dtraen-ne nó an ceann eile atá ag corruighe, go bhfeicimid an bhfuil Seomraí an Stáisiúin ar ár n-aghaidh amach go fóill nó nach bhfuil. Ní hiongnadh gur facthas do na sean-daoine gan sgolaidheacht, agus go bhfeictear d'á lán fós, gurab í an ghrian a ghluaiseas i n-áit na Cruinne. An dá Ghluaiseacht úd na Cruinne. Bíonn dhá ghluaiseacht faoi'n gCruinne — an casadh ar a fearsaid féin uair sa ló, agus an ghluaiseacht mór-thimcheall na ngréine uair sa mbliadhain. Bíonn Lá agus Oidhche againn de bhárr na gluaiseachta laetheamhla, agus na Séasúir de bhárr na gluaiseachta bliadhantamhla. Na Cruthuighthe. Féachamuis leis an gcéad ghluaiseacht a chruthú ar dtús. Feictear dhúinn go n-éirigheann an ghrian san Oirthear, go
ngluaiseann sí thar spéir ós ár gcionn, agus go dtéigheann faoi san Iarthar. Má bhreathnuighmid Réalt Suidhte ar bith san oidhche, samhlóchar dhúinn go n-éirigheann sé, go dtéigheann treasna na spéire, agus go dtéigheann faoi ghruaidh na talmhan. Anois, bíonn siad-san ag gluaiseacht mór- thimcheall na Cruinne, nó, neachtar aca, bíonn an Chruinne ag casadh ar a fearsaid. Níor mhór luathas do-chreidte a bheith faoi ghluaiseacht na Reanna úd, agus cúrsa na Cruinne a dhéanamh i gcaitheamh ceithre huaire fichead. Agus níorbh in-chreidte go bhféadfadh Reann is lugha ná iad féin iad go léir a tharraingt i n-a timcheall. An dealbh atá ar an gCruinn, b'shin díreach an saghas deilbhe a thiocfadh ar mheall a bhéadh ag casadh timcheall agus í fós i n-a shilteach nó i n-a ghail. Is ó Oirthear go hIarthar a ghluaiseas an taoille nuair nach gcuirtear isteach uirthi. Ní hamhlaidh a bhéadh an sgéal marach gur ó Iarthar go hOirthear a bhéadh an domhan ag casadh. Sa Leath-chruinne Thuaidh séideann na gaoithe deiseall — mar théigheas snáthaidí cluig — sa Leath-chruinne Theas is tuaithbheall a shéideas siad. Pé'r bith cé'n treo a ghluais- feadh rud uaidh féin ar dhruim talmhan tá sé i n-a riaghail go gcastar deiseall é sa Domhan Thuaidh agus tuaithbheall sa Domhan Theas i ngeall ar chasadh na Cruinne. Dá leigtí do chloich tuitim síos i dtiobraid doimhin nó i n-aon aibhéis, bhuailfeadh sí i n-aghaidh balla thoir na haibhéise. Dá leigtí do chloich tuitim ó mhullach túir shroichfeadh sí talamh achar beag soir ó'n bpointe a bhéadh thíos díreach. Do cheap eolaidhe Francach darbh ainm Foucault, Ollchrocha- dán a chur ag luasgadh sa bPanteon atá i bPríomh-chathair na Fraince. Cruthuigheadh ar dtús go luasgfadh crochadán trom anonn's anall sa gconair chéadna i n-a gcuirfidhe ar luasgadh é. Chruthuigh sé seo go mbíodh gach a raibh faoi'n
gcrochadán ag casadh, mar d'athruigheadh conair an chrocha- dáin de réir mar chasadh an Chruinne. Rinne an Foucault céadna casadh na Cruinne a chruthú le gléas ar a dtugtar gíorosgóip, a oibrighthear de réir na riaghlacha céadna. Lá agus Oidhche. De bhárr an chastha seo na Cruinne bíonn lá agus oidhche againn. Dhá dhlúimh atá ar crochadh sa richeadh iseadh an Ghrian agus an Chruinne. Reann ghleordha an Ghrian, Reann dhorcha an Chruinne. Tugann an Ghrian solus uaithi ar gach taobh, agus luigheann a gaethe ar an leath de'n Chruinn is goire dhi. Bíonn sé i n-a lá sa leath sin, agus bíonn sé i n-a oidhche sa leath atá iompuighthe ó'n ngréin. Dá mbéadh an talamh i n-a chomhnaidhe, sin mar a bhéadh go síor — leath na Cruinne faoi bhuan-tsolus, agus an leath eile faoi amardall oidhche i gcomhnaidhe. Acht de réir mar chasas an Chruinne ar a fearsaid, tagann gach cuid di i ndiaidh a chéile ar aghaidh na gréine amach, agus bíonn lá agus oidhche ar uanaidh- eacht i ngach áit. Lá de réir na Réalt. Is féidir an fad a bhaineas sé de'n Chruinne casadh ar a fearsaid a thomhas go beacht acht réalt áithrid a thoghadh, oidhche, agus a shuidheamh a thabhairt chun cruinnis. Samhlóchar, ar ndóigh, go rachaidh sé treasna na spéire, agus ní feicfear ar chor ar bith é de shiubhal lae, i ngeall ar shoillsiú na gréine, acht an uair a bhéas sé san alt céadna an oidhche dá'r gcionn, béidh Cúrsa iomlán déanta ag an gCruinne. Sin lá de réir na réalt, agus bíonn an fad céadna i gcomh- naidhe ann .i. trí huaire fichead agus tuairim's caogad a's sé nóiméad.
Lá de réir na Gréine. Is féidir fad an lae do thomhas ó'n uair a feictear an ghrian sa bhFíor-Dheisceart, go bhfeictear í sa bhFíor-Dheis- ceart an lá i n-a dhiaidh, le cuaille a sháthadh sa talamh, agus a sgáth a bhreithniú; nó le solam, nó clog gréine, gléas suidhte a thasbánas an uair de réir suidhimh na Cruinne faoi'n ngréin, ar nós na cuaille. Bhéadh lá de réir na gréine bun-ós-cionn le lá de réir na réalt, mar le linn an Chruinne bheith ag casadh ar a fearsaid, bíonn sí ag leanamh- aint d'á turas mór-thimhcheall na gréine, agus tóigeann sé breis a's lá de réir na réalt an nóin-líne chéadna a thabhairt faoi'n ngréin aon dá lá i ndiaidh a chéile. I n-a theannta sin, ní hé an siubhal céadna a bhíos faoi'n gCruinne i gcomhnaidhe, ag timchealladh na gréine di. Is mire a gluaiseacht i ndeire na bliadhna nuair is goire í do'n ghréin, agus is moille í i lár na bliadhna nuair is fuide í ó'n ngréin. Ní bhíonn an fad céadna i n-aon dá lá i ndiaidh a chéile de réir an tsolaim. Lá de réir an Chluig, nó an Gnáth-lá. Tomhastar an gnáth-lá agus meadhon a dhéanamh d'fhad an lae de réir na gréine, isteach a's amach, i rith na bliadhna. Is fuide an lá meadhonach sin de cheithre nóiméad ná lá de réir na réalt. Amannta is fuide é agus amannta is gair- ide é ná lá de réir an tsolaim, agus bíonn an fad céadna ionnta amannta eile. Níl sa lá mar tomhastar ar an gclog é acht samhail-lá. An ceathramhadh cuid fichead de lá mar sin 'seadh uair a chluig. Na Saghasanna Lae atá Againn. Tá trí saghas lae ann mar sin — lá de réir na gréine, lá meadhonach de réir na gréine .i. an gnáth-lá, agus lá de réir na réalt.
1. Lá de réir na gréine iseadh an spás aimsire atá idir an nóiméad a threasnuigheas an ghrian nóin-líne áithrid, go dtreasnuighidh sí í arís an lá i n-a dhiaidh. Fad éagsamhail a bhíos sa lá sin. 2. Lá meadhonach — an gnáth-lá. Sin samhail-lá — an 365adh cuid de bhliadhain de réir na gréine. Réidhtigheann an uair de'n chlog sa lá sin leis an uair de réir an tsolaim — sé sin le rádh, bíd ar comhfhad — ceithre huaire sa mbliadhain .i. i lár an Aibreáin, i lár an Mheithimh, i ndeire Lughnasa, agus faoi Nodlaig. 3. Lá de réir na réalt. Sin lá a tomhastar ó'n uair a feictear réalt áithridh ós nóin-líne áithrid, oidhche go bhfeictear san alt céadna an chéad oidhche eile é. Is ionann fad do'n lá sin i dtóláimh.
V. AN BHLIADHAIN AGUS A COMH-ROINNTE. An Dara Gluaiseacht. Gluaiseann an Chruinne mór-thimcheall na gréine uair sa mbliadhain. Is ó ghrinn-bhreathnú reanna neimhe a cruthuigh- thear sin. Bíonn réilt áithride le feiceál sa spéir, uaireannta. Bíd as amharc ar feadh bliadhna, agus annsin feictear san alt céadna arís iad. Is mó an Ghrian i bhfad Éireann ná'n Chruinne, agus ós rud é go bhfuil tarraingt ruda ar rud eile de réir a thoirte, is cosamhala go ngluaisfeadh an talamh thart ar an ngréin ná a chontrardha ar fad. Tá cúig cinn de leannáin ag an Áirdreann Iúpatar. Gluaisid mór-thimcheall uirthi ar chaoi go n-urdhubhuighthear iad go han-mhinic, cuid aca uair amháin i n-ocht n-uaire 's dachad. Is cuma í nó clog a bhéadh ar crochadh sa richeadh do'n mháirnéalach, tá na hurdhubhuighthe chomh riaghalta sin. Is féidir a chruthú go mbíonn a chontrardha de shuidheamh ar fad ar an gCruinne gach leith-bhliadhain ó na hurdhubhuighthe sin a bhreithniú. Na Striallóga Réalt, nó Comh-shoillsí. Feictear dhúinn go leanann an ghrian conair áithrid soir i measg na striallóga réalt atá sa richeadh, gach bliadhain — rud a chruthuigheas go mbíonn athrú suidhimh ar an gCruinne i gcomparáid leis an nGréin. Seo ainmneacha na dtriopall réalt, agus na Séasúir i n-a bhfeictear dhúinn go mbíonn an
Ghrian i n-a gcomhluadar. De réir comhairimh lucht réalt- eolais an liost seo, mar ní áirimhimid-ne na Séasúir i n-Éirinn ar aon-chaoi le lucht réalt-eolais. Comhairimheann siad-san an t-Earrach ó Chomh-oidhche an Earraigh, tuairim's an 21adh lá de mhí na Márta, agus na Séasúir eile dhá réir. Comharthaí an Tuaiscirt: An t-Earrach: Aries (Airtéid) nó An Reithe. Taurus (Táir) nó An Tarbh. Geimini (Geimine) nó An Cúpla. An Samhradh: Cancer (Ceansoir) nó An Portán. Leo (Leon) nó An Leomhan. Uirgo (Uirgeo) nó An Óigh. Comharthaí an Deiscirt: An Foghmhar: Libra (Liobla) nó Na Sgálaí. Scorpio (Sgoirp) nó An Nathair. Saigitaurus (Saigitáir) nó An Saighideóir. An Geimhreadh: Capricornus (Capricorn) nó An Gabhar. Acuaruis (Acuair) nó An t-Uisgidhe. Pisces (Pisg) nó Na hÉisg. Siocair na Séasúr. Ag machtnamh dhúinn féin ar chéard is ughdar do na Séasúir, ní mór dhúinn ár n-aire a dhíriú ar thrí neithe: 1. Gluaiseacht na Cruinne mór-thimcheall na gréine. 2. Claonadh Fearsaide na Cruinne i dtreo a diaithire. 3. An Fhearsaid sin bheith dírighthe ar an Tuaisceart de shíor. Tuigimid go ndéanann an Chruinne cuairt na Gréine, agus go mbaineann sé bliadhain di a dhéanamh. Ní síos suas
de réir a fearsaide a bhíos sí, ag déanamh a cuairte torachta di, acht ar sgeamh, ar claonadh i dtreo a diaithire. Samhail-chásanna. Dá mba i n-a díreach a bhéadh sí, ag taisteal di, bhéadh a mhalairt d'aoráid ann. Bhéadh teas millteach ann faoi'n láir líne i gcomhnaidhe, agus bhéadh ag dul de'n teas de réir mar gluaisfidhe, ó thuaidh nó ó dheas, agus nuair sroichfidhe na Muil - ghá chur i gcás go bhféadfaidhe a sroichint - bhéadh fuacht do-fhulaingte ann i gcomhnaidhe. Sa tír se'againne, ní bhéadh laetheannta fada an tSamhraidh againn ná na geamh- oidhcheannta fada. Bhéadh lá agus oidhche ar comhfhad mar bhíos i lár an Fhoghmhair nó i lár an Earraigh, agus bhéadh an aoráid níos fuaire. Séard is bun do'n teas, gaethe na gréine bheith ag soillsiú anuas díreach — a bheag nó a mhór — ar an áit. Dá mhéid as a ndíreach a bhíd 'seadh is lugha an spás a théithid, agus sa samhail-chás seo ní bhéadh na gaethe uair ar bith chomh gar do'n díreach anuas orainne a's bhíos sa Samhradh anois. Agus níorbh fhéidir an oiread céadna teasa bheith i dtaisge i gcóir an gheimhridh. Samhail-chás eile - dá mbéadh fearsaid na Cruinne ar aon treo le n-a diaithir bhéadh an Mul Thuaidh nó an Mul Theas sa bponc i n-ar samhluigheadh dhúinn an Láir-líne a bheith sa samhail-chás thuas. An Chruinne ar Sgeamh. Mar sin, is ar sgeamh a bhíos an Chruinne, agus an Ceann Thuaidh d'á Fearsaid dírighthe ar an Tuaisceart, sa gcaoi nach í an chuid chéadna dhi a thagas díreach faoi'n ngréin aon dá lá i ndiaidh a chéile. Bíonn an ghrian idir í féin agus an Tuaisceart cuid de'n bhliadhain — sa Samhradh. Bíonn sise idir an ponc sin agus an ghrian sa nGeimhreadh. Bíd araon ar an tsuidheamh céadna ar ghualainn an Tuaiscirt san
Earrach agus san bhFoghmhar. Tuigimid anois cé'n chúis a mbíonn fad sé mhí san lá ag gach Mul ar uanaidheacht. Iompuighthe na Cruinne. Nuair thugas gluaiseacht na Cruinne puinte áithrid .i. an t-Imeall Thuaidh de'n Chrios Teintidhe - díreach faoi ghaethe na Gréine, de bhárr an Ceann Thuaidh d'á fearsaid bheith dírighthe ar an Tuaisceart le linn bheith ag timchealladh na Gréine dhi, ní féidir d'aon áit atá do'n leith thuaidh de'n Imeall sin teacht faoi ghaethe díreacha na gréine. Uaidh sin amach, tagann gach ball atá do'n leith theas de faoi'n ngréin i ndiaidh a chéile, go sroichtear an tImeall Theas de'n Chrios Teintidhe. Na riaghlacha céadna bheith i bhfeidhm a choisgeas ar aon áit do'n leith theas de sin teacht díreach faoi'n ngréin. Tugtaoi Iompuighthe na Gréine ar na hImill sin. Tá's againne nach í an ghrian a iontuigheas acht an Chruinne, agus tugamuid Iompuighthe na Cruinne ortha. An t-Iompodh Thuaidh atá ar an Imeall Thuaidh de'n Chrios Teintidhe agus an tIompodh Theas ar an Imeall Theas de'n Chrios sin. Tá na poncanna sin 23½ céim ó'n Láirlíne ar gach taobh. A Bhaint sin leis na Séasúir. Uair amháin sa mbliadhain, mar sin, bíonn gaethe na gréine ag soillsiú anuas díreach ar an Iompodh Thuaidh. Bíonn teas mór againne sa Domhan Thuaidh faoi'n am sin, de bhárr go bhfuil na gaethe sin i ndáil le bheith díreach anuas orainn, agus bíonn an lá níos fuide ná'n oidhche, de bhárr an Leath Chruinne Thuaidh bheith iompuighthe chun na Gréine. Sin lár an tSamhraidh sa Leath-chruinne Thuaidh. De réir mar thugas gluaiseacht na Cruinne na puintí atá ó dheas de sin faoi'n ngréin maoluighthear ar an teas agus giorruighthear na laetheannta. I lár an Fhoghmhair bíonn an Láir-líne
díreach faoi sholus na gréine agus is comhfhad do lá agus d'oidhche an uair sin. Tugtar Comh-oidhche an Fhoghmhair air. Tagann an chuid theas de'n Chrios Teintidhe faoi ghaethe na gréine de réir a chéile uaidh sin amach. Nuair bhíos an tIompodh Theas faoi'n ngréin bíonn fuacht mór againne de bhárr gaethe na gréine bheith comh mór sin ar fiar chugainn, agus gan iad féin ann acht ar feadh tamaill bhig sa turas; agus bíonn an oidhche níos fuide ná'n lá, de bhárr an Leath- Chruinne Thuaidh bheith iontuighthe ó'n ngréin. De réir na héagsamhlachta sin i suidheamh na Cruinne i gcomparáid leis an ngréin bíonn an Mul Thuaidh faoi sholus an lae leath de'n bhliadhain agus an Mul Theas sa gcás céadna an leath eile. Ainmneacha agus Cáilidheachta na Séasúr. I ngach bliadhain, mar sin, tá ceithre cinn de Shéasúir, agus trí mhí, nó ráithe, i ngach ceann aca. 1. An t-Earrach, nuair thagas fás agus borradh faoi phlandaí ag teacht d'ár Leath-Chruinne-se ar aghaidh na gréine t'réis bheith iontuighthe uaithe tamall. Ó Fhéile Brighde go Lá Bealtaine a áirimhimid-ne an t-Earrach. 2. An Samhradh, nuair aibigheas toradh na talmhan faoi theas na gréine, agus Tuaisceart na Cruinne ar iompodh chuice. Bíonn sé i n-a Shamhradh ó lá Bealtaine go Lá Lughnasa. 3. An Foghmhar, nuair baintear na báirr, nuair thuiteas an duilleabhar agus thosuigheas na plandaí ar dhul i bhfolach ó'n bhfuacht atá le teacht. Ó Lá Lughnasa go Lá Samhna a bhíos an Foghmhar againn. 4. An Geimhreadh, nuair atá na crainn maol, agus na síolta clúduighthe faoi'n ithir, agus an sioc agus an mór- fhuacht againn de bhárr ár Leathchruinne bheith iompuighthe ó'n ngréin, is ughdar fáis agus borrtha do'n dúil bheo, agus do gach a bhfásann ar talamh.
Bliadhain de réir na Réalt. Dá bhféadtaoi na réilt d'fheiceál i lár an lae (rud nach bhféadfaidhe, mara mbéadh urdhú iomlán na gréine ann, nó mara mbéithí thíos ag tóin aibhéise doimhne, de bhárr an ghrian bheith na milliúin míle níos goire dhúinn ná iad - d'á fhaide uainn í - agus níos gile d'á bhithín sin) d'fheicfimis an ghrian sa treo céadna le ceann áithrid de na réilt. Uaidh sin amach, de réir mar bhéadh an Chruinne ag timchealladh na gréine d'fheicfimis níos fuide do'n leith thoir de'n réalt sin í. Leis an aimsir, d'fheicfimís an ghrian do'n leith thiar dhe, agus sa deire, bhéadh an suidheamh céadna ar an dá Reann a's bhí nuair thosuigheamar ghá mbreathnú an chéad uair. Bhéadh bliadhain de réir na réalt caithte annsin. Tá 365 lá, sé huaire agus tuairim's 10 nóiméad sa mbliadhain sin. Bliadhain de réir na Gréine. Ag breithniú an tsolaim nó na cuaille a bhí sáithte sa talamh againn le fad an lae a thomhas, thugamar faoi deara gur fuide an sgáth ar maidin agus tráthnóna ná ar mheadhon an lae, agus, freisin, nach ionann fad do'n sgáth gach lá i lár an lae féin. Is gairide an sgáth i lár an tSamhraidh nuair is airde an ghrian sa spéir, agus is fuide é i lár an gheimhridh nuair is ísle an ghrian sa spéir. Bíonn an fad céadna sa sgáth faoi dhó sa mbliadhain — sna hamannta ar a dtugtar Comh-oidhche an Earraigh agus Comh-oidhche an Fhoghmhair. An spás aimsire atá idir aon Chomh-oidhche Earraigh nó Foghmhair agus an chéad Comh-oidhche Earraig nó Foghmhair eile, sin bliadhain de réir na gréine. Tá 365 lá, 5 huaire agus tuairim's 49 nóiméad sa mbliadhain sin. An Ghnáth-Bhliadhain. Ar nós an ghnáth-lae, ní tomhastar an bhliadhain ar cheachtar de'n dá bhealach sin. Is furusta a thuigsint gur éigin an
tsuim áithrid laetheannta céadna a chomhaireamh n-a bhliadhain, i gcomhnaidhe, agus féachaint leis na corr- uaireannta a shocrú ar shlighe eicínt. Mar sin, déantar an 365 lá a áireamh i n-a bhliadhain agus féachtar leis na corr- uaireannta a ídiú tré bhliadhain bhisigh — ina mbíonn 366 lá — a dhéanamh de gach ceathramhadh bliadhain. Ní shocruigheann sé sin an sgéal i n-a iomlán, mar ní bhíonn an ceathramhadh cuid de lá de bhreis ar an 365 lá i mbliadhain de réir na gréine — bíonn roint nóiméad i n-easnamh uirthi. Socruighthear an sgéal sin — ní i n-a iomlán ar fad fós, acht gairid go leor dhó agus bliadhain bhisigh a sgothadh uair gach ceithre chéad bliadhain. Tógfaidh sé tamall fada ar chaoi ar bith, an féilire a chur bun-os-cionn leis an socrú sin.
VI. AN AORÁID. Mar a dtéigheann sé i bhFeidhm ar an Duine. Tá dlúth-bhaint ag na hathruighthe san aimsir a thagas leis na Séasúir, agus ag an aoráid ar cheana, le saoghal an duine. Taobh istigh de'n Chrios Teintidhe bíonn fás nádúrtha faoi phlandaí agus faoi thoradh na talmhan, ar shlighe nach gádh do'n duine oibriú go cruaidh le riar a cháis a chur i n-áirithe dhó féin. Ní gádh dhó aon áird a thabhairt ar thoradh na fairrge. Idir gan a bheith d'ialach air slighe-bheatha do bhaint amach dhó féin, agus an teas bheith ag goilleamhaint air de ghnáth, bíonn leisge agus spadántacht agus leaduigheacht ann ó nádúr. Ní dhéanann sé aon nidh d'á dheoin féin leis an saoghal a chur chun tosuigh. Taobh istigh de'n Chrios Uardha bíonn an duine ag strachailt leis an saoghal i gcomhnaidhe. Ní bhíonn fás faoi phlandaí sna réigiúin sin, agus ní féidir dhó bheith ag brath ar thoradh na talmhan. I dtuilleamaigh tortha na fairrge a bhíos sé, agus bíonn a dhá dhóthain ar a aire, agus anam agus colann a choinneál i dteannta a chéile, gan trácht ar fheabhas a chur ar an saoghal seo, mar mhaithe leis féin agus le n-a dtiocfadh i n-a dhiaidh. Sna Réigiúin mheasardha, ní bhíonn ró-theas ná ró-fhuacht ag cur isteach ar an duine. Bíonn toradh na talmhan go flúirseach aige, acht ní gan saothar, mar bhíos ag áitreabhaighthe na réigiún teo, agus san am céadna ní bhíonn sé chomh flúir- seach sin aige a's go dtig leis bheith beag-bheann ar thoradh na fairrge. Caitheann sé oibriú le slighe mhaireachtála a réidhtiú dhó féin, acht ní bhíonn air a chuid ama agus a chuid fuinnimh go
léir a ídiú chuige sin. Bíonn saor-am aige agus ní bhíonn an leisge ag gábháil dhó ó nádúr. Sin mar thuiteas sé amach gur sa Réigiúin Mheasardha is mó a rinneadh feabhas a chur ar shaoghal an duine ar gach slighe. Na Nidhthe a bhfuil baint aca leis an Aoráid. 1. Sé fad na háite ó Láir-líne na Cruinne an rud is mó a bhfuil baint aige le aoráid áite. Tá rudaí eile ann, ámh, a bhaineas de dhaingne na riaghlach sin, agus ní mór iad d'áireamh: 2. Airde na háite ós cionn na fairrge. 3. Fánaidh na háite i dtreo na Láir-líne. 4. Comhgaracht na háite do'n fhairrge. 5. Áird na gnáth-ghaoithe. 6. Feachta an aigéin. 7. Suidheamh na sléibhte. 8. Mianach na hithire, agus fás plandaí. Maidir leis an gcéad nidh, mar mínigheadh cheana is teotha áit atá i ngar dho'n Láir-líne ná áit atá achar maith uaidh. Soillsigheann an ghrian anuas díreach i gcomhnaidhe ar áit eicínt taobh istigh de'n Chrios Teintidhe. Nuair a shoillsigheas gaethe na gréine anuas ar áit is lugha an t-achar eatorra, agus is cumhainge an spás atá le téitheadh aca ná mar bhíos nuair a thagaid ar sgeamh air. Is fairsinge an t-achar atá le téitheadh aca, agus is doimhne an sreath aeir tré n-a gcaitheann siad bealach a dhéanamh, ag soillsiú dhóibh ar áit nach bhfuil díreach fútha. Luigheann sé le tuisgint, mar sin, go mbéadh teodhacht aon áite de réir a chomhgaraighe do'n Láir-líne. 2. Ní ó'n ngréin díreach a gheibheas an t-aer furmhór a chuid teasa. Is beag teas a ghlacas an t-aer uachtair ó'n ngréin, toisg é bheith chomh héadtrom sin, agus gan aon smúid ná smáilín ann a bhféadfadh an teas dul i ngreim ann.
Glacann an t-aer íochtair roint teasa ó'n ngréin, mar bíonn sé níos dlúithe, agus bíonn smúid agus gail-uisge ann le n-a choinneál. Acht is túisge a téithtear an talamh ná an t-aer, agus dáileann an talamh an teas amach ar an aer annsin. Éirigheann an t-aer atá téithte mar is é is éad- truime, acht sgaiptear an teas, agus sa deire buadhann fuacht an aeir uachtair air. Sin é an fáth go n-abartar: “An cnoc is airde is é is fuaire, Cé gur dhó is goire an ghrian.” 3. Soillsigheann gaethe na gréine níos dírighe ar áit atá ar dheiseabhair na gréine. Is teotha sleasa theas na mBeanna Beola ná na sleasa thuaidh. Aon tír a bhfuil a fánaidh i dtreo an deiscirt is teotha í ná tír a bhfuil luighe na talmhan ó thuaidh. 4. Is túisge a ghlacas an talamh teas na gréine ná'n t-uisge, acht coinnigheann an t-uisge an teas i dtaisge nuair a bhíos sé glactha aige. Aon áit atá i n-aice na mara, mar sin, bhéadh sé níos fionnfhuaire sa Samhradh agus níos teotha sa nGeimhreadh ná a mhalairt. 5. Má's í an ghaoth andeas nó 'niar-ndeas is minice a shéideas thar thír, is teotha de an tír, acht tugann an ghaoth adtuaidh mar ghnáth-ghaoith, an fuacht léi. Má's thar fhairrge a shéideas na gaoithe baineann níos mó comhthruime leis an aimsir, dá chionn. 6. Bíonn feachta, idir fhuar agus te, san aigéan, agus téithid nó fuaruighid na cóstaí le n-a dteangmhuighid. Uisge fuar bheith níos truime ná'n t-uisge té, agus séideadh na gaoithe is mó is ughdar dhóibh. Brughann an t-uisge fuar an t-uisge leamh-fhuar go huachtar fairrge — sin, agus gála agus aircíní, maille leis an taoille, coinnighid síor-
ghluaiseacht ar siubhal san aigéan — nach dtéigheann thar dhoimhneas áithrid, ar ndóigh. 7. Ma's ar an taobh thuaidh de thír atá na sléibhte suidhte cosnann siad an tír ó na gaoithe fuara adtuaidh sa nGeimh- readh. Má's i ndeisceart na tíre atáid, coinnigheann siad na gaoithe brothallacha andeas amach ó'n tír sa Samhradh. Bíonn baint ag na sléibhte le fliche nó le tiormacht na haimsire, chomh maith. 8. Bíonn baint ag plandaí agus fáslach de gach sórt leis an aoráid. Ós rud é gur silteach an chuid is mó de gach planda, bíonn an bhaint chéadna nach mór, ag foraois, nó fáschoill, nó aon achar mór bhéadh faoi phlandaí, leis an aoráid, a's bhéadh le n-a chomh-fhairsinge de linn uisge. Ar shlighthe eile tá baint ag an ithir leis an aoráid, mar shompla, na fásaigh gainimheacha, agus an teodhacht a gheinid agus a sgaipid. Ar an taobh eile de'n sgéal, is féidir a ndroch-cháilidheachta a lagú nó a chur chun neamhnidhe agus crainn a chur ar a bhfuaid, mar rinneadh sna Lainn sa bhFrainc.
VII. AN RÉ. Leannán do'n Chruinne. Do fuaramar amach go mbíonn leannáin d'á gcuid féin ag áirdreanna áithride, a théigheas mór-thimcheall ortha díreach mar théighid-sin thart ar an ngréin. Bíd le n-a gcois, ár ndóigh, ag taisteal dóibh. Leannán do'n Chruinne iseadh an Ghealach, nó an Ré. Sí an dlúimh is goire dhúinn í d'á bhfuil san spéir. Feicthear dhúinn go bhfuil sí chomh mór leis an nGréin, ar bheith lán di, acht i n-a ionad sin, níl sí i n-aon ghar do bheith chomh mór leis an gCruinne. Is mar gheall ar a foisgeacht dúinn a bhreathnuigheas sí chomh mór sin. Cosamhail leis na háirdreanna bíonn dhá ghluaiseacht fúithi — a casadh ar a fearsaid agus a gluaiseacht thart ar an gCruinne. Déanann sise an dá aistear sa spás céadna aimsire, ámh, .i. in 29½ lá. Ní thóigfeadh sé acht 27½ lá uirthi cuairt na Cruinne a dhéanamh dá mbéadh an Cruinne gan bheith ag déanamh cuairte na gréine san am céadna. Tá gach mí de réir na gealaighe níos giorra ná mí de réir an fhéilire acht amháin Mí na Féile Brighde. Ar nós na Cruinne ní'l solus d'á cuid féin ag an ngealaigh. Gheibheann sí iomlán a cuid soluis ó'n ngréin. Taisbeánta na Gealaighe. Ag féachaint ar an ngréin dúinn tré ghloine dhaithte, feicimid i n-a dlúimh chruinn i gcomhnaidhe í. Maidir leis an ngealaigh, feicimid i n-a cruinn uaireannta í agus i n-a leath-chearcall uaireannta eile. Ar uaire eile, ní bhíonn le
feiceál againn acht corráinín caol de ghealaigh, ar uaire eile fós, ní bhíonn sí le feiceál, ar chor ar bith. Acht bíonn sí ann i gcomhnaidhe, gan aon athrú crutha uirthi. Is amhlaidh nach bhfeicimid-ne, uair ar bith, acht an leath dhi atá faoi sholus na gréine, agus de bhárr a gluaiseachta timcheall na Cruinne, ní fheicimid an méad sin féin acht amháin ar feadh tamaillín, gach mí. Tugann a gluaiseacht í go ponc nach bhfuil ion- tuighthe chugainne acht an taobh dorcha dhe'n ghealaigh — an taobh a bhfuil sé i n-a oidhche ann. Sin aimsir na duibhré, nó na gealaighe nua, de réir an fhéilire. Bíonn sí ar an taobh i bhfus de'n ghréin annsin. De réir mar leanas sí de'n ghluaiseacht, tagann an leath atá soillsighthe ag an ngréin diaidh ar ndiaidh i raon ár súl. Ní bhíonn acht dhá adhairc na gealaighe ann ar dtús, i gceann seachtmhaine bíonn corrán na gealaighe ann, i gceann coicíse bíonn an ghealach lán ann. Bíonn sí ar an taobh thall ó'n ngréin an uair sin, agus is féidir dhúinne iomlán na leithe atá faoi thaithneamh na gréine d'fheiceál. Uaidh sin amach tugann a gluaiseacht de réir a chéile as raon ar súl í, go sroicheann sí ponc na duibhre arís. Ní i n-aon líne le n-a chéile a bhíos an dá dhlúimh le linn na duibhre nó na láin ré — dá mb'eadh, bhéadh urdhú na gealaighe againn gach mí, mar choinneóchadh an Chruinne solus na gréine amach ó'n ngealaigh le linn í bheith ar aghaidh na gréine, agus an Chruinne eatorra, agus bhéadh urdhú na gréine ann le linn na duibhré. Acht ní threasnuighid conair a chéile acht go hannamh, agus ó's rud é gur de shiubhal lae amannta, a threasnuigheas an ghealach cosán na Cruinne agus í ar an taobh thall, agus go mbíonn sé i n-a oidhche amannta, nuair a thagas sí treasna air agus í ar an taobh i bhfus, ní léirighthear an t-urdhú dhúinne. Is rí- annamh a tharluigheas urdhú iomlán na gealaighe nó na gréine i gcomórtas le n-a mhinice a's d'fhéadfadh sé tuitim amach.
VII. DROMCHLA AN DOMHAIN. Ranna Talmhan agus Uisge. Níl acht an ceathramhadh cuid de'n Chruinne faoi thalamh thirim, agus tá furmhór na talmhan tirme sin san Domhan Thuaidh — mar atá, An Eoraip agus An Áisia (nó an Eoráisia, mar tugtar ar an dá Roinn go minic) Tuaisceart na hAifrice, Meiriocá Thuaidh agus cuid de Mheiriocá Theas. Níl sa Leathchruinne Theas acht An Ástráil, agus an chaol- chuid de'n Aifric, agus de Mheiriocá Theas. Maidir leis na hAigéin, tá'n t-Aigéan Indiach, An t-Aigéan Reoidhte Theas agus an chuid Theas de'n Aigéan Ciúin agus de'n Fhairrge Mhóir sa Leath-chruinne Theas — an chuid is fairsinge d'uisgí na Cruinne. Mar Thagas Athrú ar Phlaoisg na Cruinne. Bíonn an t-achar atá faoi uisge ag dul i méad i n-áiteacha agus ag dul i laighead i n-áiteacha eile. Bíonn grian agus gaoth agus báisteach, sioc agus sneachta, aibhneacha agus fairrgí, teas cuirp na Cruinne istigh, agus saothar an duine féin ag dul i bhfeidhm ar phlaoisg na Cruinne, agus ag cur buan-athruighthe uirthi, i n-imtheacht na n-Aoiseann. Catharacha móra do bhí ann uair, táid báidhte faoi ghaineamh ag an ngaoith. Tá talamh déanta de'n ghaineamh i n-áiteanna a bhí faoi uisge uair. Sughann teas na gréine gail-uisge aníos ó'n aigéan. Fuaruighthear agus dlúthuighthear an ghail sin ar shroichint an aeir fhuair uachtair dhi, agus tuiteann sí chun talmhan i
bhfuirm fearthanna. Téigheann cuid di sin síos tré'n ithir go sroicheann carraig chruaidh — plaosg chruaidh na Cruinne. Snigheann ar aghaidh tamall, agus tibreann amach arís i n-a fhuarán ar uachtar na talmhan agus gluaiseann chun bealaigh i n-a shruth. Tagann uimhir eicínt de na sruthanna sin chun a chéile agus déantar abha díobhtha. Gearrann agus tollann an abha sin bealach chun fairrge dhi féin, tugann clocha agus gaineamh agus créafóg léi, agus fágann a rian ar dhromchla an domhain. Cuid eile de'n bháistigh, leaghann sí mionaráil agus carraigreacha boga. Déantar tobair leighis i n-áiteacha d'á bhárr, nó méaduighthear ar a dtugann na haibhneacha chun fairrge leo. Déanann cuid de'n uisge a bhealach chun láir te na Cruinne, áit a bhfiuchthar é agus brúchtann sé amach le fuinneamh i n-áiteacha, mar bhrúchtfadh uisge beirbhthe amach as gob túláin. Sa ngeimhreadh déantar oidhear de'n uisge a thuiteas isteach i sgoilteanna na gcarraig, agus ó's toirteamhla oidhear ná uisge, pléasg- tar ar na carraigreacha de réir mar bhorruigheas an t-uisge tré n-a sheactha. Sneachta is mó a thuiteas taobh istigh de'n Chrios Reoidhte, agus ar mhullach na sléibhte is airde. Déantar cnuic oidhre dhe ins na Críocha Reoidhte agus sruthanna oidhre dhe ar mhullach na sléibhte, ó na sreathanna sneachta bheith ag luighe anuas ar a chéile. Sgaoiltear cnuic oidhre chun bealaigh adtuaidh, i gcomhnaidhe, ar theacht do'n Chearcall Reoidhte faoi bhuan-tsolus na gréine sa Samhradh, agus beirid clocha agus moilléirí leo go háiteacha eile. Gluais- eann na sruthanna oidhre anuas ó na sléibhte, d'á dtarraingt chuige ag an meall mór talmhan thíos. Gearraid agus sgríobaid na carraigreacha fútha. Bainid ailp mhóra díobhtha, agus bailighid chuca féin clocha agus créafóg agus gaineamh, agus aistrigheann iad go léir go háiteacha eile. Sin mar thárluigheas d'eisgir nó do thulaigh ghainmh bheith i lár tíre a bhfuil a mhalairt ar fad d'ithir innti, agus clocha
móra nach bhfuil ar aon mhianach le carraigreacha na háite bheith ar shleasa na sléibhte ann. Buaileann tonntracha na fairrge i n-aghaidh na gcarraig cois oirir. Brisid agus ídighid na carraigreacha boga agus déanann bealaigh do'n fhairrge isteach faoin tír. Meileann agus suaitheann siad na mealltracha briste, aistrigheann ó áit go háit, agus buaileann i n-aghaidh a chéile iad, agus caitheann isteach ar thráigh eile sa deire iad. Dá bhithín sin, i n-imtheacht aimsire, déantar talamh tirim d'aiteacha a bhí faoi uisge na fairrge, uair. Feictear buin agus préamhacha crann cois fhairrge nuair a bhíos sé i n-a thráigh, a chruthuigheas gur talamh faoi choillte a bhí ann uair; agus i mbaill istigh faoi'n tír gheibhthear iarsmaí a chruthuigheas go raibh na baill sin faoi uisge na fairrge uair. An teas atá istigh i meadhon cuirp an domhain cuireann sé athrú ar Dhromchla na Cruinne. Catharacha móra a bhí ann uair, táid múchta faoi lábha a bhrúcht amach as na bolcáin. Déantar árdán de'n ísleán agus ísleán de'n árdán, agus báithtear tíortha i n-a n-iomlán, nuair thárluigheas creathanna móra talmhan. Agus i dteannta na n-athruighthe a thagas ar dhruim an domhain de bhárr na cumhachta nádurtha seo, bíonn an duine féin ghá athrú. Déantar bogach do thaosgadh agus do thriomú le talamh cuir a dhéanamh dhe. Gearrthar canála i n-áiteacha a leigeas dhá aigéan uisge chun a chéile. Tógtar sgonnsaí le uisge na fairrge a choinneal amach ó thíortha. Tolltar agus tochailtear agus pléasgtar agus polltar i ndoimhneacht na talmhan. Cuirtear agus baintear foraoisí, agus mar sin de. De bhárr na hoibre seo go léir, ní hé an cruth céadna atá ar an gCruinne anois a's bhí uirthi na mílte bliadhain ó shoin, agus tiocfaidh athruighthe eile leis na bliadhanta atá romhainn.
IX. AN t-AIGÉAN. Mar Líontar agus Traochtar É. Gluaiseann bunáite a bhfuil d'aibhneacha ar an domhan amach sa bhfairrge, acht ní mhéaduigheann sin ar a mbíonn d'uisge innti, mar bíonn uisge ag séalú aistí de shíor i bhfuirm gaile. Uisge guirt atá san Aigéan, mar bheireann gach abha a bheag nó a mhór de shalann agus de mhionaráil léi chun fairrge, agus nuair éirigheas an ghail, fágtar iad seo ar leaghadh sa bhfairrge. Doimhne an Aigéin. Tomhaiseadh é i ngach roinn de'n domhan agus cruthuigheadh gur doimhne éagsamhail atá ann — díreach mar is airde éagsamhail atá sa talamh. Na haibhéisí is doimhne táid san Aigéan Ciúin. Tá doimhne mhaith i n-áiteacha sa bhFairrge Mhóir, freisin. Gluaiseachta na Fairrge. Idir ghluaiseachta na dtonntracha, feachta, agus na taoille, bíonn an fhairrge ar suathadh de shíor. An ghaoth ag séideadh thar uachtar an uisge is mó is ughdar do na tonntracha. Teas éagsamhail an uisge sna réigiúin fhuara agus teotha, cumhacht gála, agus gailiú an uisge is bun mar meastar, do na caisí, nó sruthanna, san Aigéan. Tarr- aingt gealaighe agus gréine ar an gCruinne is cionntach leis an taoille. 1. Níl ins na gnáth-thonntracha acht uachtar an uisge.
De réir mar thagas tonn i dtreo na trágha coinnigheann fánaidh na talmhan amach ó'n oirear an chuid íochtar de'n uisge siar, agus ní leigtear chun an chósta acht an chuid uachtar. Acht le linn stoirm agus anfadh gaoithe bheith ann séidtear breachloinní agus madhmanna móra i gcoinne na trágha. Na Feachta. Na sruthanna a ghluaiseas i n-uachtar uisge an ghaoth is mó is ughdar dóibh. Na feachta is doimhne cuirtear ag gluaiseacht iad de bhárr go mbrughann an t-uisge fuar íochtair as a ionad an t-uisge leamh-fhuar uachtair. Gluais- eann an t-uisge fuar adtuaidh ó na Réigiúin Reoidhte chun na Láir-líne. De réir mar théigheas sé i ngar do'n Láir-líne, téithtear é. Cuirtear suas go huachtar é, agus gluaiseann sé ar ais ó thuaidh. Fuaruighthear i leabaidh a chéile ar an aistear é, agus tosuigheann sé ar a thimcheall- ghluaiseacht arís. Na feachta ó'n Láir-líne, téithid na cóstaí le n-a dteang- mhuighid. Na feachta ó'n Aigéan Uardha, fuaruighid na cóstaí a ngluaiseann siad tharta. An Feacht, nó Sruth, a ghluaiseas 'niar-ndeas ó Chuan Mheacsacó, téitheann sé cóstaí ar dtíre-ne. An Feacht Uardha a ghluaiseas adtuaidh as an Aigéan Uardha, fuaruigheann sé cóstaí Oirthir Mheiriocá. Sin mar thuiteas sé amach gur fuaire áiteanna atá ar an gcósta sin ná Éire, cé go bhfuilid ar aon fhad léi ó'n Láirlíne. Na Taoillí. “Tuile a's a trághadh, 'seadh chaitheas an lá,” mar adeir an sean-fhocal. Éinne a bhain faoi cois fhairrge ariamh thug sé faoi deara go mbíodh sé i n-a lán-mhara faoi dhó i n-imtheacht tuille bhig a's ceithre huaire fichead. Tráigh-
eann an t-uisge arís, go mbíonn sé i n-a thráigh, tuileann arís, agus bíonn sé i n-a lán mhara i gceann dhá uair dhéag agus ceithre nóiméad fichead arís. Cuirtí a lán spéise i ngluaiseachta na fairrge 'chuile uair ariamh. Bhíthí ag faire uirthi ag tuileadh agus ag trághadh, agus ghá iarraidh fios d'fhágháil céard ba chionntach leis an iongantas sin. Tugadh faoi deara go mbíodh an- chosamhlacht idir ghluaiseachta na fairrge agus iomthoiniú na gealaighe. Sa deire, fritheadh amach gur bhain an ghluais- eacht leis an riaghail úd go bhfuil tarraingt ag rudaí ar a chéile. Díreach mar tharraingeas an ghrian chuici na háird- reanna agus na mion-reanna atá ar a comhlucht, díreach mar tharraingeas an Chruinne chuice féin an ghealach, go gcoinnigheann sí ag bogadh thart timcheall uirthi féin í, díreach mar tharraingeas sí chuice féin an t-ubhall a sgaoil- tear ó'n ngéig, tarraingeann grian agus gealach chuca an Chruinne seo. Acht is mór an difrigheacht atá idir tar- raingt an dá reann. De réir na riaghlach sin na tarraingte, bíonn smacht ag rud ar rud eile de réir a thoirte i gcom- paráid leis, agus a fhoisgeachta dhó. Is mó i bhfad Éireann an ghrian ná'n Chruinne agus an ghealach i dteannta a chéile, agus is treise i bhfad a tarraingt ar na háirdreanna d'á bhárr. Tomhastar an tarringt ó lár dlúmhe amach. Anois, is beag le rádh an t-achar atá idir lár na Cruinne agus uachtar na Cruinne, agus is beag le rádh an Cruinne féin, i gcomórtas leis an achar atá idir í agus an ghrian. Tar- raingeann an ghrian iomlán na Cruinne seo chuice, acht de bhárr an t-uisge bheith so-ghluaiste aistrigheann a ionad ar an gCruinne rud beag, de réir na tarraingte. Is lugha i bhfad an ghealach ná'n Chruinne, agus níl ar a cumas acht an chuid is goire dhi de'n Chruinne a tharraingt chuice. Ó's dlúimh dhí-shilteach an Chruinne ní féidir le cuid di gluaiseacht gan an chuid eile a tharraingt n-a diaidh — sin é an fáth a dtomhastar cumas tarraingte ó lár na
dlúimhe - acht tá imthighthe de chumhacht na tarraingte ar an taobh thall, agus ó's silteach an t-uisge, fágann an Chruinne i n-a diaidh thall é. Bíonn sé i n-a lán-mhara san am céadna ar an taobh thall agus ar an taobh i bhfus, agus i n-a thráigh ar an dá thaobh de'n dá phonc sin. Mar adéarfaidhe, tá'n ghealach chomh gar sin do'n Chruinne a's gur fiú áireamh an t-achar atá idir lár na Cruinne agus plaosg na Cruinne, agus tá'n ghrian chomh fada uaithi a's gur suarach le rádh an t-achar sin. Sin é an chúis go bhfeictear dhúinne go bhfuil tarraingt na gealaighe níos treise ar an gCruinne ná tarraingt na gréine — rud nach bhféadfadh bheith amhlaidh. De réir mar dhéanas an ghealach cuairt na Cruinne, mar sin, tarraingeann sí chuici féin an taobh de'n Chruinne is goire dhi. An t-uisge bheith so-ghluaiste agus an talamh bheith i n-a dhlúimh dho-sgartha thoirteamhail is cionntach le gluaiseacht an uisge amháin bheith le feiceál againn. Sgaoil- eann sí de'n tarraingt de réir mar théigheas sí chun bealaigh ó aon áit — nidh a leanas do'n nidh eile. Laige tarraingte na gealaighe, mar sin, is bun le baint níos dlúithe bheith aici leis na taoillí ná ag an ngréin. Bíonn an Chruinne ag déanamh cuairte na gréine le linn an ghealach bheith ag gluaiseacht thart uirthi, rud a chuireas malairt suidhimh ar an dá dhlúimh ó ló go ló, i gcomparáid le n-a chéile, i dtreo go dtóigeann sé an ghealach tuille a's ceithre huaire fichead teacht suas le puinte áithrid ar an gCruinne aon dá lá i ndiaidh a chéile. Mar gheall air sin, bíonn an taoille ceithre noiméad fichead níos deireannaighe gach uair d’á líonnann sí ná mar bhí an uair roimhe. Agus deirimid go n-éirigheann an ghealach i ndáil le huair níos moille gach oidhche ná'n oidhche roimhe. Faoi dhó sa mí, le linn na duibhré agus le linn na láinré, bíonn rabhartha agus lag-mhara ann ar uanaidheacht. Le linn na duibhré bíonn tarraingt na gréine ag cuidiú le tarraingt na gealaighe, mar bhíd ar aon tsuidheamh le n-a
chéile ar thaobh amháin de'n Chruinne. Le linn na láinré, bíonn tarraingt na gealaighe ar an thaobh thall agus tarraingt na gréine ar an taobh i bhfus. Idir an dá linn, bíonn mall- mhuir ann, seachtmhain t'réis aimsire na láinré agus na duibhré. Ní bhíonn aon chabhair le fágháil ag an ngealaigh ó'n ngréin faoi'n am sin, acht a mhalairt ar fad. Cuireann tarraingt na gréine ar iomlán na Cruinne as do tharraingt na gealaighe ar an gcuid is neasa dhi de'n Chruinne, i dtreo nach mbíonn an taoille chomh hárd ar bheith lán di, ná chomh híseal ar bheith i n-a thráigh dhi. Dá mbéadh uachtar na Cruinne ar fad faoi uisge, bhéadh an lán-mhara i ngach áit nuair a bhéadh an ré sa bhfíor-dheis- ceart. Ní mar sin a bhíos sí, mar chuireann na Ranna talmhan isteach ar an taoille, agus cuireann moill uirthi. I n-áiteacha, bíonn sé i n-a lán-mhara ceithre huaire sa ló, mar tagann an t-uisge chuca ar dhá chonair thart ar na Ranna talmhan.
ÁIT-CHOMHNUIGHTHE AN DUINE. Fáslach na Cruinne. Le fás a cur faoi aon phlanda tá gádh le biadh, le solus, le teas agus le taisleach. Gheibheann an planda biadh ó'n ithir agus ó'n aer. Ní mór fliuchra leis an mbiadh sin a leághadh. Agus dá mbéadh idir ithir agus aer agus fliuchra gan locht, ní thiocfadh fás faoi na plandaí ná aibiú ar a dtorthaí, i n-éaghmuis soluis agus teasa na gréine. Sna háiteanna is goire dó'n láirlíne, béidhfidhe ag súil go mbéadh fás ar fheabhas faoi gach bárr agus glasraí agus crainn. Bíonn fliuchra mór ann de bhárr gailiú an uisge, agus neasacht an aigéin, agus an teas is gádh le tortha d'aibiú. Mar sin atá. Ag teacht andeas ó'n lair-líne, sroichtear réigiúin nach mbíonn an ithir ionnta ná'n taisleach is gádh d'fhás, agus cé go mbíonn teas agus solus go fairsing, ní thagann fás faoi aon nidh, acht amháin i bhfíorchorr- áit, i n-a mbíonn tobar fíor-uisge. Sin iad na fásaigh mhóra gainimheacha. Ag teacht andeas i gcomhnaidhe sroich- tear na réigiúin mheasardha. Na nidhthe atá riachtanach d'fháslach táid sna réigiúin sin, cé is moite do na háiteanna atá i bhfad ó'n bhfairrge, nach ndéanann sé mórán báistighe ionnta. Acht níl an mór-theas ann a aibigheas gach toradh chomh luath sin faoi'n Láir-líne, agus is ughdar do bhuirbe agus d'fhiatamhlacht an fháslaigh sna réigiúin sin. Sna Críocha Reoidhte, ní fhásann aon nidh acht caonach agus corr- thor casfháis. Baineann airde le fáslach chomh maith le acharfhad. Bhéadh an éagsamhlacht céadna le feiceál ag dul suas árd-shliabh a bhéadh i ngar do'n Láirlíne, a's bhéadh ag teacht andeas thríd na Creasa, mar luadhadh.
Bhíodh difrigheacht mhór idir fáslach gach Ranna Talmhan - go háithrid idir fáslach Mheiriocá agus Ástraoille, agus fáslach na Ranna eile, i ngeall ar an Áigéan Mór bheith d'á ndeighilt ó n-a chéile leis na haoiseanna. Acht de réir mar théigheas muintir na hEorpa ó chrích go crích, tugaid leo na plandaí is dual d'á Roinn féin, agus ag filleadh dhóibh beirid leo ar ais na plandaí iasachta. Cuid aca, ar ndóigh, ní féidir iad a phréamhú san Eoraip, acht amháin i dtighthe gloine i n-a gcoinneochthaí teas leo. An Dúil Bheo. Bhíodh an éagsamhlacht chéadna ag bhaint le ainimhidhthe gach Ranna, nach mór, acht tugann an duine leis ó thír go tír na hainmhidhthe atá mínighthe aige agus téighid i líonmhaire i bhfad ó n-a dtír dhúthchais. De réir mar áitighthear na réimsí móra talmhan a bhí bán uair, téigheann na hainmhidhthe allta i nganntacht. Na faol-choin agus na tuirc bhíodh fiadháin i n-ár dtír féin níl tásg ná tuairisg ar a léitheidí innti le fada an lá. De réir mar théigheas an cine daonna i líonmhaire, téigheann na hainmhidhthe allta i dteirce. Na Cineadhacha Daoine. Tá trí cine móra ann .i. An Cine Cácáiseach, nó na daoine bána; an Cine Mongóilleach, nó na daoine buidhe, agus an Cine Gorm. Tá lucht an gheal-chneis sgaipthe ar fud an domhain anois, acht bhí uair ann nach rabhadar le fágháil acht san Eoraip, agus san gcuid den Aifric agus dén Áisia is neasa di. Anois tá Meiriocá agus An Ástráil áitighthe aca, agus réimsí móra sna Ranna eile. Na daoine buidhe, tá comhnaidhe ortha ar Roinn na hÁisia, agus ceaptar gur de'n chine sin príomh-áitreabhaighthe odhra Mheiriocá agus na daoine buidhe-ordha a bhfuil comhnaidhe ortha ar na hoileáin san Aigéan Indiach agus san Aigéan Ciúin.
19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services