Historical Irish Corpus
1600 - 1926

Eolaidhe na Cruinne

Title
Eolaidhe na Cruinne
Author(s)
Nic Gabhann, Caitlín,
Composition Date
1924
Publisher
Brún & Ó Nóláin, Teor.

Search Texts

Poetry/Prose
1600 1926



Do Naomh Fearghal, .i. “Vergilius of Salzburg,” a
mhúin cruinn-dealbh, agus, ceaptar, gluaiseacht na
Cruinne, chomh fada siar le lár na hochtmhadh aoise, an
leabhrán seo.



Lá Fhéile Colmchille, 1924.



Mac Cosse, Fear Léighind Ruis Ailithir, cct.



Ro feassa i gcuirp domhuin dúir cóic creassa cáine comh-
thúir,
Dhá uardha có nglaine gné, dhá measraighthe im theintidhe.
Teintidhe dar meadhón cuirp talmhan, teine 'n-a throm-thuirt
Dhá uardha i n-imeall thuaidh theass, dhá measraighthe im an ró-
theass.



— Sliocht as Leabhar Laighean, L. 135 de'n mhaca samhail.


L. 3


RÉAMHRÁDH



Seo é an chéad leabhar tlachteolais do cuireadh amach i
nGaedhilg. Tá tráchtais ar ranna de'n ádhbhar-léighinn sin sna
sean-sgríbhinní, agus cé nach mbéifidhe ag súil le aon eolas beacht
ionnta, tá focla úsáideacha le fágháil ionnta. Tá tagairt do ranna
de'n tlachteolas i leabhra do sgriobhadh le n-ar linne faoi ádhbhair
eile, acht nil aon tagairt in aon cheann aca acht do'n chaol-chuid
de'n cheist. Nil an oiread san leabhar seo féin agus ba mhaith liom.
D'fhéadfainn fad a bhaint as gach caibidil d'a bhfuil ann, agus cur
síos ar chúpla rud eile a bhaineas le tlachteolas, mar atá, cúrsai
Léarsgálachta agus Carraig-eolais. Ba mhaith liom a n-a theannta
sin na léarsgála agus léaráidí (nó pleananna) le n-ar múnadh na
ceachtánna seo bheith sa leabhar, acht chuirfeadh sin go mór le
toirt agus le costas an leabhair. Is fearr tús a dhéanamh agus cur
leis arís. Mar aon leis sin, is feidir le gach múinteoir “diagramma”
a líniú. Séard is mó atá uatha i láthair na huaire, focla agus
cainteanna chun na hádhbhair-sgoile a mhúnadh - an gad is goire
do'n sgórnach a réidhtiú at dtús.



Do ghlacas go buidheach beannachtach le cabhair ar bith d'a
raibh le fágháil i n-aon leabhar d'ár léigheas, go háithrid sna sean-
sgribhinni. Tá cnuasacht focla agam a bhailigheas le bliadhanta
anuas i gcóir na gceachtanna do na hoidi agus do na hádhbhair-oidi
a bhíos d'á dteagasg agam. Seo iad na leabhra is mo ar ghlacas
uatha: “Archiv für Celtische Lexikographic.” “Zeitschrift für
Celtische Philologie.” Clo Acadaimh na hÉireann, idir mhacsamhla
na sean-leabhar, agus na léigheachta, etc. do chuireadar amach, mar
aon le “hEriu”; agus saothar na sgoláiri Gearmánacha agus
Ceilteacha a chuir cló ar sgríbhinní ár sean, agus saothar lucht
foclóireachta, ó'n Ath. Pádraig go dti na sean-tsanasaidhthe. Taobh
amuigh de'n chnuasacht sin, b'éigin dom treoir a dhéanamh ar
m'aghaidh féin, toisg nár bhuail éinne an bothar romham.



Bhainfeadh sé go mór de sho-léighteacht na gceachtanna seo dá
gcuirinn figiúiri isteach i gcorp an leabhair. Tugtaoi barraidheacht
súntais d'fhigiúiri agus do dhátai san am atá caithte. Acht ó's
rud é go mbíd ag teastáil uaireannta le comparáidí a dhéanamh,
gheobhfar roint aca i bhfuirm liosta ar leathanach a 6.



Táim an-bhuidheach do mo cháirde, Pádhraic Ó Domhnalláin
agus Seán Ó Ruadháin, a léigh agus a cheartuigh formhór na
bhfromhthai dhom.



CAITLÍN NIC GHABHANN.


L. 5


CLÁR AN LEABHAIR.



I. RÉ AN AINEOLAIS. Tairbhe an oideach-
ais. Na mearbhaill a bhain d'ár sinnsear
ceal easbhaidh oideachais. 7



II. AN GHRIAN AGUS A LUCHT LEANAMH-
NA. An Réalt-eolas. Toradh breath-
nuighthe na Reanna. Comhlucht na
Gréine. 11



III. ÁR n-ÁIRDREANN FÉIN. Cruth na
Cruinne. An t-Aer. Na Samhail-línte
agus creasa. Cruthú deilbhe an domhain. 15



IV. LÁ AGUS OIDHCHE. Casadh na Cruinne
d'á chruthú. A bhaint le lá agus oidhche.
Mar tomhastar an lá. 20



V. AN BHLIADHAIN AGUS A CÓMH-
ROINNTE. Gluaiseacht bhliadhantamh-
ail na Cruinne. Na comh-réilt. Siocair
na Séasúr. Iompuighthe na Cruinne. Mar
tomhastar an bhliadhain. 25



VI. AN AORÁID. Baint na haoráide leis an
duine. Na rudai a bhaineas leis an aoráid. 32



VII. AN RÉ. Leannán do'n Chruinne. Iom-
thoiniú na Gealaighe. 36



VIII. DROMCHLA AN DOMHAIN. Ranna talmh-
an agus uisge. Plaosg chruaidh na Cruinne.
Athrú Chrutha a thagas uirthi. 38



IX. AN tAIGÉAN. Mar bhailigheas sé chuige an
t-uisge, agus sgaras arís leis. Tonntracha,
feachta, agus taoilli an aigéin. 41



X. ÁIT-CHOMHUIGHTHE AN DUINE. Fás-
lach na Cruinne. An dúil bheo. Na
cineadhacha daoine. 46.



Foclóirin. 49


L. 6


Figiúirí



Toirt na Cruinne mór-thimcheall: 25,000 míle.



Toirt na Gréine: 330,000, uair níos mó ná'n Chruinne.



Toirt na Gealaighe: 80 uair níos lugha ná'n Chruinne.



Fad na Cruinne trí n-a lár ag na Muil: 7,899 míle.



Fad na Cruinne trí n-a lár ag an Láirlíne: 7,926 míle.



Fad na Gréine trí n-a lár: 867,000 míle.



Fad na Gealaighe trí n-a lár: 2,162 míle.



Fad na Cruinne ó'n nGréin: 93 milliúin míle.



(A bhfad ó n-a chéile i Mí Eanair: 91 milliúin míle.



A bhfad ó n-a chéile i Mí Iúil: 94 milliúin míle.)



Fad na Cruinne ó'n nGealaigh: 239,000 míle.



Achar na Cruinne: 198 milliúin de mhílte cearnógacha.



Talamh na Cruinne: 52 milliúin de mhílte cearnógacha.



Uisge na Cruinne: 146 milliúin de mhílte cearnógacha.



Tiughas an chlúdaigh aeir atá thart timcheall na Cruinne:
50 — 200 míle.



(Tá furmhór an aeir taobh istigh de 5 mhíle ó'n talamh.)



Doimhne an Aigéin Atlantic: i n-aice le Talamh an Éisg:
2,600 feadha



Doimhne an Aigéin Atlantic: i n-aice leis na hIndiacha
Thiar: 3,875 feadha



Doimhne an Aigéin Indianaigh: idir An Áistrál & An Iábha
3,000 feadha



Doimhne an Aigéin Chiúin: i n-aice le hOileain Caroilín
5½ míle.



Fad céime: an 360 adh. cuid de chearcall.



Airde na Gréine sa spéir i lár an tSamhraidh, 60 céim.



Airde na Gréine sa spéir i lár an Gheimhridh, 15 céim.



Claonadh Fearsaide na Cruinne i dtreo a diaithre, 23½ céim.



Fad Iompuighthe na Cruinne ó'n Láirlíne, 23½ céim.


L. 7


EOLAIDHE NA CRUINNE.



AN DOMHAN I N-A PHLÁINÉID.



RÉ AN AINEOLAIS.



Mara mbeadh aon Sgoil ann.



Mara mbéadh sgoil ann nach sinne a bhéadh aineolach!
Ní bhéimís ábalta léigheadh ná sgríobhadh - an bhfuil aithne
agat ar aon tsean-duine nach ndeachaidh ar sgoil ariamh?
Nílid chomh líonmhar anois a's bhíodh, acht tá a léitheidí ann.
Nuair a gheibheas sé leitir ó mhac nó inghean leis atá as baile
caitheann sé a iarraidh ar dhuine eicínt eile a léigheadh dhó,
agus nuair is mian leis í a fhreagairt, bíonn air dhul faoi
chumaoin ag duine eicínt eile, comh maith, chun an freagra
a sgríobhadh dhó. Ní fhéadann an duine bocht aon bhárr
eolais a bhaint dó féin as leabhra. Níl ar a chumas a
mhíniú cé'n chaoi ar thárla dho'n chloich mhóir úd bheith ar shlios
an tsléibhe i bhfus, nó do'n loch bheith sa luig úd thall, nó
do'n oileán bheith amuigh annsin sa bhfairrge. Bhéimis-ne
ar an nós céadna marach go ndeachamar ar sgoil.



Na Mearbhaill a bhéadh orainn.



Cheapfamuis, mar cheap na mílte duine in-allód, agus
mar cheapamar féin sul a ndeachamar ar sgoil, gur clár an
domhan, a bhéadh réidh marach na sléibhte, agus go bhféadfamuis
imeall a shroichint acht siubhal sáthach fada ar aghaidh. Cheap-


L. 8


famuis gurab amhlaidh a bhíos an ghrian ag timchealladh an
domhain - go ndéanann sí aistear faoi'n talamh ar shlighe
eicínt do-thuigthe i rith na hoidhche, ó n-a dul faoi tráthnóna
go ngobann sí aníos ar maidin arís - i n-ionad a mhalairt de
sgéal ar fad a bheith ann. Ní thiocfadh sé i n-ár n-intinn go
deo, b'fhéidir, go mbéadh aon bhaint ag an bhfairrge leis an
sruth a théigheas thar dhoras againn ná leis an mbáistigh a
chuireas fás faoi na plandaí. Ní chuimhneóchamuis féin ar
aon bhaint bheith ag an ngealaigh le teacht agus imtheacht na
taoille. Ní dhéanfamuis machtnamh dhúinn féin ar céard ba
bhun leis na carraigreacha bheith lom sgríobtha stríocrach i
mbaill áithride, agus clúduighthe le cré agus le sgráitheanna
i mbaill eile, ná cad chuige a dtéigheann rud a leigtear
as an láimh chun talmhan - “Cad chuige nach dtuitfeadh sé
síos?” adéarfamuis. “Cá háit eile a rachadh sé?”
mar ní thuigfimis nach bhfuil aon bhrigh, ó cheart, leis na
focla “síos” agus “suas” ar Chruinne atá ar crochadh
sa richeadh. B'fhéidir nach dtuitfeadh sé in-ar gcáilidheacht
fiú smaoineadh ar neithe de'n tsórt seo; nó, dá smaoinigh-
eadh, agus go gcuirfimis ceist faoi aon nidh a bhéadh t'réis
iongantas a chur orainn, cuirfidhe i leith Fhinn Mhic Chumhaill
go mbíodh sé ag caitheamh cloch ar nós gasúir dhána, agus
gurbh eisean a d'fhág an chloch mhór ar thaobh an chnuic d'urchar
d'ár sgaoil sé; nó hinnseóchthaoi dhúinn gurbh eisean do
mhúnluigh log agus inis, agus meall mór talmhan a chartadh
aníos agus a chaitheamh amach sa bhfairrge, áit a dtéigheadh na
clocha i dteirce air!



Ré an Aineolais.



Seadh. Bhí an saoghal ar suidheachan ar feadh na gcianta
sul ar tháinig sé i n-intinn na ndaoine nach clár réidh an
domhan. Ceaptaoi gurabh é bun agus bárr na n-oibreacha
iongantacha go léir a bhíodh ar siubhal i n-a thimcheall. Ceap-
taoi go dtéigheadh an Ghrian thart air d'aon-toisg le teas


L. 9


agus solus a choinneál leis. Samhluighthí gur sórt síonáile
a bhí sa spéir thuas agus na réilt mar a bhéadh ornáidí ar
shíonáil seomra, nó lóchrainn a bhéadh ann chun solus do
thabhairt uatha. Bhí fíor-thuairimí ag na sean-Ghréagaigh agus
ag na sean-Rómhánaigh i dtaoibh cruinn-deilbhe an domhain,
acht leigeadh i ndearmad iad. Thagadh léas soluis air
i n-intinn duine sé nó seachráin, ó am go ham, acht múchtaoi
é ar bhás d'fágháil dó; nó b'fhéidir go leanfadh sé mar
bhéal-oideas go raibh oideam de'n tsaghas i n-intinn duine
eicínt uair. Rinne Naomh Fearghal se'againn féin staidéar
ar an gceist, agus mhúin cruinn-dealbh agus gluaiseacht an
domhain, acht bhíothas i gcoinne tuairimí de'n tsórt an uair
sin. Acht sa deire, thosnuigh a lán daoine fiosracha ag
machtnamh ar an sgéal. Gheibheadh dream amháin fios ar
neithe áithride, d'fhágaidís toradh a saothair ag an gcéad
ghlúin eile, chuiridís-sean leis an óir-chiste eolais, agus
mar sin de. Acht bhain sé na mílte bliadhain de'n chine
daonna an oiread eolais a chruinniú a's bhíos againne
t'réis tréimhse a chaitheamh ar sgoil.



An t-adh a bhí orainne.



Seadh, bhí sé d'ádh orainne gur tháinigeamar ar an saoghal
nuair a bhí sgoileanna ann, agus gur cuireadh ar sgoil sinn,
áit ar seoladh i mbealach na smaointe agus an staidéir
sinn - áit ar cuireadh toradh machtnaimh lucht eolais ar
fágháil againn. Mar sin, nuair a bhíos leisg orainn dul
chun na sgoile, mar bhíos, uaireannta, cuimhnighmís ar an
sean-duine bocht nach bhfuil ar a chumas fios a ghnótha a
choinneál aige féin, nuair d'fheilfeadh sin dó, b'fhéidir,
toisg a aineolais; nó ar na sin-sean-iondúirí nach raibh
aon tlachteolas aca de bhárr gan sgoileanna a bheith ann
ar a rachaidís chun a fhoghluma.


L. 10


Bealach na Foghluma.



Is cuimhneach linn an chaoi ar tosnuigheadh ar ár gcur
ar an eolas. Tugadh orainn áird a thabhairt ar gach a
mbíodh i n-ár dtimcheall, agus caintigheadh linn i dtaobh
gach nidh, d'fhonn sin a chur ag machtnamh dhúinn féin. Cé'n
áird a n-éirigheadh an ghrian ar maidin? Cé'n áird a
dtéigheadh sí faoi? Cé'n áit a mbíodh sí le linn caithimh
aimsire dhúinn ar mheadhon-lae? - Bhíodh orainn gach claochlódh
aimsire a thabhairt faoi deara, agus gach feic neamh-ghnáthach a
thárluigheadh i raon ár súl. Is cuimhneach linn an liathróid a
cuireadh ar casadh ar aghaidh an tsoluis le lá agus oidhche a
mhíniú dhúinn, agus an túlán d'uisge galach le n-ar cuireadh
i dtuigsint dúinn ceárd is fearthainn ann. I leabaidh a
chéile chuaidh ár n-eolas i méad, ar shlighe gur thuigeamar gur
de bhárr ar saothair féin ba mhó do bhailigheamar é, rud a
mhéaduigh ar ár muinghin asainn féin, agus a chuir fonn
orainn leanamhaint de'n staidéar.



Ní fhuighmid aon locht ar chúntas faoi thoradh ár saothair
a léigheadh thríd síos, le misneach a thabhairt dúinn féin
bualadh faoi n-a thuille eolais a bhaint amach.


L. 11


AN GHRIAN AGUS A LUCHT LEANAMHNA.



Spéis ár sean i Reanna Neimhe.



Cuirtí an-spéis i reanna neimhe ó thús aimsire. Mhion-
nuigheadh ár sinnsear féin i n-allód “Dar grian agus éasga
agus reanna neimhe.” Na draoithe a bhíodh againn fadó,
nuair a theastuigheadh fios uatha i dtaobh rudaí a bhéadh le
tuitim amach théighdís ag breathnú na spéartha, féachaint
ar alt na réalt, agus dhéanaidís tairngreacht d'á réir.



Ádhbhar-léighinn Ársa.



Is dócha gurab é an réalt-eolas an t-ádhbhar léighinn is
sine d'á bhfuil ann. Chomh fada siar a's théigheas cur-síos
na stairidhthe, léighimid go mbíthí ag grinn-bhreathnú na
spéartha féachaint le fios d'fhágháil cé'n mianach a bhí i
reanna neimhe. Tugadh faoi deara go mbíodh roint aca le
feiceál amannta seachas a chéile. Facthas go mbíodh an
suidheamh céadna agus an t-eagar céadna ar chuid aca ó
cheann ceann na bliadhna - iad siúd a bhíodh ag spréacharnaigh,
le linn cuid eile aca - iad siúd a thugadh solus glan
seasmhach uatha, bheith as alt le n-a chéile i dtóláimh. I
n-imtheacht aimsire, cruthuigheadh gur de réir riaghlacha
áithride a théigheadh reanna áithride as alt a chéile, a's go
mbídís ag déanamh cuairte torachta thart ar reanna eile.
Tugadh plainéidí (taistealaidhthe) nó áirdreanna ar na
cinn shiubhlacha, agus Reanna Suidhte (Teintidhe) ar na cinn
a mbídís ag taisteal mór-thimcheall ortha. Bíonn solus
agus teas leo féin ag na Reanna Teintidhe, agus ní


L. 12


bhíonn ag na hÁirdreanna acht an solus agus an teas a
gheibhid ó na Reanna Teintidhe.



Na Riaghail a bhaineas leis na haistir sin.



Tá dhá riaghail a bhfuil baint aca leis an gcuairt a dhéanas
na hÁirdreanna mór-thimcheall na Reanna Teintidhe.
Bíonn smacht ag rud ar rud eile - cumhacht chun a tharraingt
chuige, de réir a thoirte i gcomórtas leis, agus a fhois-
geachta dhó. Is cuimhneach linn an chloch adamuis a bhíodh ar an
mbord againn i dteach na sgoile, a tharraingeadh an brúsgar
iarainn chuice féin. Is féidir cumhacht mar sin a shamhlú, atá
d'á cur i bhfeidhm ar an gcloich a thuiteas ó bhárr claidhe, agus
a ghluaiseas gan mhoill i dtreo na talmhan, mar is toir-
teamhla an talamh ná í. Ní féidir le héinne an chumhacht sin
a thuisgint fós, ná a mhíniú. Sí an dara riaghail a bhaineas
leis an timcheall-ghluaiseacht seo, aon rud d'á gcuirtear
ag gluaiseacht, leanann sé de'n ghluaiseacht sin i gconair
dhírigh mara gcuirtear cosg leis, nó mara dtarraing-
tear as an gconair dhírigh é. An dá riaghail seo bheith
ag oibriú i gcoinne a chéile is ughdar do chuairt na bplainéid
thart ar na Reanna Teintidhe. Is toirteamhla i bhfad na
Reanna Teintidhe ná iad, agus tharraingeóchaidís na
plainéid chuca agus loisgfidhe ionnta iad, mara mbéadh
an siubhal a bhíos fútha. Agus tarraingt na Reanna
Teintidhe ar na hÁirdreanna a iompuigheas iad ó'n gconair
dhírigh a leanfaidís de réir riaghlach, agus a thugas ortha
gluaiseacht mór-thimcheall ortha féin.



An Ghrian agus a lucht Leanamhna.



Cruthuigheadh, leis an aimsir, gur Reann Teintidhe an
ghrian agus gur Áirdreann an talamh - ceann de na tais-
tealaidhthe a bhíos ag bogadh mór-thimcheall uirthi. Tugtar
comhlucht na gréine ortha uile.


L. 13


Is í an ghrian, mar sin, .i. an Reann Teintidhe is goire
dhúinn, is bun agus bárr do na hiongantais a feicimid ar
siubhal i n-ár dtimcheall. Dlúimh chruinn teintidhe í, a
bhfuil méad millteach mór innti, agus atá achar millteach
fada uainn. Anois, le cur síos ar na Reanna seo agus ar
a dtaisteal go céillidhe, ní mór dhúinn cúpla rud a shamhlú
dhúinn féin i n-a dtaoibh. Samhluighmid dúinn féin go bhfuil
mar a bhéadh cuaille i n-a gceart-lár, ar a mbíonn siad ag
casadh. Tugamuid Fearsaid na Reanna ar an gcuaille seo.
Le am nó achar nó aoráid a thomhas nó a chur i gcomparáid,
mar caithfimid a dhéanamh go minic, ní mór dhúinn línte
eile a shamhlú dhúinn féin.



Casann an ghrian thart ar a fearsaid san ionad i n-a
bhfuil sí, mar chasfadh caiseal gasúir. Casann na hÁird-
reanna thart ar an nós céadna, acht gluaisid mór-thimcheall
na gréine chomh maith.



Áirdreanna Neimhe.



Tá ocht gcinn aca ar chomhlucht na gréine s'againne - sin
a bhfuil ar eolas againn fós, ar chaoi ar bith - agus cuid aca
níos goire ná a chéile dhi. Seo iad a n-ainmneacha de réir a
bhfoisgeachta dhi; Mercuir, Bhéanus, An Talamh, Mars,
Iúpatar, Satharn, Úránus, agus Neiptiún. Tá lean-
nán leo féin ag cuid de na hÁirdreanna seo, a ghluaiseas
thart ortha díreach mar theighid-sean thart ar an ngréin.
Tá'n ghealach i n-a leannán ag an gCruinne se'againne.



Tá mion-reanna ann a dhéanas cuairt na gréine ar nós
na n-Áirdreanna. Tá réilt ann ar a dtugtar muingréilt,
nó réilt sguabacha, a théigheas timcheall ar an ngréin -
acht conair an-fhadánta a dhéanas siad-san ag taisteal
dóibh, a thóigeas as raon ár súl iad ar feadh tamaill fhada
sa turas. Tá dlúimhíní eile ann ar a dtugtar óschumaisg
nó dreaganna, a bhíos ag eiteall chomh sgriobtha sin 's go


L. 14


ngeinid mór-theas ar chuimilt d'aer na Cruinne dhóibh, agus
cuirtear tré theine iad. Ba dhóigh linn gur réilt iad a
bhíodh ag tuitim ó'n spéir agus sinn i n-ár bpáistí beaga.



Diaithir, nó Conair na n-Áirdreanna.



Ní diaithir chearcallach a dhéanas na háirdreanna dhóibh
féin ag timchealladh na gréine dóibh, acht diaithir eilioptach,
i dtreo gur goire iad do'n ghréin amannta seachas a chéile.
Nuair is goire iad do'n ghréin is mire a ngluaiseacht.
Sin ceann de na fáthanna nach mothuighimid aon bhreis teasa
ar an gCruinne an tráth is goire í do'n ghréin.


L. 15


ÁR n-ÁIRDREANN FÉIN.



An Talamh i n-a Phlainéid.



Ó's í an Chruinne ár n-Árdreann féin, sgaoilfimíd leis an
gcuid eile go fóill, agus déanfamuid mion-trácht uirthi-se.
Dlúimh chruinn í, a bhfuil trí ceathramhna d'á hachar faoi uisge.
Tá a huachtar fuar go maith acht tá teas millteach i n-a
lár istigh. Cruthuighthear sin dúinn i dtíortha i n-a mbrúcht-
ann miotal leághta agus uisge galach amach as puill sa
talamh, nó ar mhullach cnuic. Bíonn creathanna talmhan ann
sna tíortha sin, agus i dtíortha nach iad, nach bhfeictear aon
bhrúchtaighil ionnta, de bhárr go gcrapann uachtar na talmhan
de réir mar thagas athrú nó laghdú ar an ladar atá istigh.



An t-Aer.



Sin clúdach do-fheicthe gaile atá mór-thimcheall na Cruinne
amuigh, agus é mórán mílte ar thiughas. Aer a tugtar ar an
ngail sin. An Chruinne féin do tharraing an clúdach sin
i n-a timcheall, díreach mar tharraingeas sí chuice an peann
a leigtear dhó tuitim; agus dá sgaoileadh sí de'n tarraingt
atá aici air, ní mhairfeadh aon phlanda ná aon chineál de'n
dúil bheo ar an talamh. Tá'n t-aer uachtair i bhfad níos
éadtruime ná'n t-aer íochtair. Tá meadhchan áithrid ann,
agus luigheann an t-aer uachtair anuas ar an aer íochtair
agus dlúthuigheann é. San aer a déantar na sgamaill,
agus an bháisteach, an sioc agus an sneachta, an ghaoth, agus
nidhthe dhe'n tsórt a bhfuil baint aca leis an aimsir.


L. 16


Na Samhail-línte - Achair-línte.



Mar cuireadh i n-iúl cheana, samhluighimid dúinn féin
go bhfuil fearsaid i gceart-lár na Cruinne ar a gcasann sí,
ar nós reanna neimhe eile. Cuirimíd i gcéill dúinn féin,
freisin, go bhfuil línte áithride ar a dromchla, i dtreo gur
féidir linn am agus achar agus aoráid a mheas agus a
thomhas. An Deilbh de'n Chruinne atá i dteach na sgoile, tá
línte síos suas uirthi agus línte treasna uirthi. Tá líne
súntasach amháin treasna ar a ceart-lár ar a dtugamuid
Láir-líne, nó Meadhon-líne na Cruinne. Roinneann an líne
sin an Chruinne i ndá Leath-chruinne. Nuair is mian linn
achar a thomhas nó a chur i gcomparáid le hachar eile ar an
gCruinne, is ó'n Láir-líne a dhéanamuid a thomhas le congnamh
na línte atá ar comh-threo leis an Láir-líne, ar a dtugamuid
línte achar-fhaid, nó achair-línte.



Nóin-línte.



Le am a thomhas atá na línte síos suas ar an gCruinne.
Línte am-fhaid, nó nóin-línte, a thugamuid ortha. Bíonn
nóin ann san am céadna i ngach áit atá suidhte ar aon cheann
de na nóin-línte sin. Bíonn roimh-nóin ann i ngach áit atá
do'n leith thiar de'n nóin-líne an uair sin, agus iar-nóin i
ngach áit atá do'n leith thoir dhi. Baintear ceithre nóiméad
de'n am i n-aghaidh na céime siar agus cuirtear ceithre
nóiméad leis an am i n-aghaidh na céime soir ó'n nóin-líne.
Thomhaisimis-ne an t-am de réir nóin-líne i n-ár dtír féin
roint bliadhanta ó shoin, acht tomhaisimid anois é de réir
na nóin-líne atá suidhte i nGrínís i Lonndain Shasana. Tá
Oll-Dearclann annsin ó na gcraobhsgaoiltear a lán réilt-
eolais agus aimsir-eolais.



Samhail-Chreasa.



Tá réigiúin ann i n-a mbíonn brothal mór, agus réigiúin
i n-a mbíonn fuacht préachtach, agus réigiúin idir-eatorra


L. 17


i n-a mbíonn aoráid mheasardha. Samhluighmid dúinn féin
go bhfuil Áoráid-Línte ar an gCruinne leis na réigiúin
seo a dheighilt ó n-a chéile. Tá dhá cheann de na línte seo ar
gach taobh de'n Láir-líne. Tugamuid Crios ar an spás atá
idir na línte sin. An spás atá idir an dá líne is goire
do'n Láir-líne ar gach taobh tugamuid An Crios Teintidhe
(Brothallach) air, mar sin é an réigiún is mó teas. Na
Creasa atá ó thuaidh agus ó dheas uaidh sin, siad-sin An
Crios Measardha Thuaidh agus an Crios Measardha Theas.
Tugamuid An Crios Uardha (Reoidhte) Thuaidh agus An
Crios Uardha Theas ar a bhfuil ar gach taobh díobh sin, ag
gach ceann de'n Chruinne, mar sin iad na réigiúin is mó
fuacht.



Dealbh an Domhain.



Dlúimh chruinn, mar a bhéadh oráiste, atá sa talamh.
Is iomdha slighe i n-ar féidir sin a chruthú:



1. Teacht nó imtheacht luinge ar an bhfairrge.
2. Urdhú na gealaighe.
3. Cruinne na Reanna Neimhe eile.
4. Cruthú na dtaistealaidhthe.
5. Réalt an Tuaiscirt.
6. Cruinne íoghair na spéire.
7. Cruthú na gcuaillí.



1. Duine a bhéadh i n-a sheasamh cois fhairrge agus long ag
teacht i dtír, bárr na gcrann, (nó an tsimiléir) an chuid is
túisge a d'fheicfeadh sé, agus cabhail na luinge i n-a dhiaidh
sin. Dá mba rud é gur clár réidh an domhan, d'fheicfeadh sé
iomlán na luinge ó thús.



2. Caithtear sgáil na Cruinne ar an ngealaigh ó am go
ham, agus sgáil chruinn a bhíos innti i gcomhnaidhe.


L. 18


3. Cuma chruinn atá ar Reanna Neimhe eile - luigheann sé
le réasún go measfaidhe gur cuma chruinn a bhéadh ar an
talamh.



4. Dá dtéigheadh beirt taistealaidhthe ó thuaidh ó'n Láir-
líne, agus iad tuairim's seachtmhogha míle ó chéile ag imtheacht
dóibh, casfaidhe ar a chéile iad agus iad ag teannadh leis an
Mul Thuaidh. (Támuid 'ghá chur i gcás go leigfeadh an
oighear agus an doineann dóibh a shroichint).



5. D'fheicfeadh na taistealaidhthe sin Réalt an Tuais-
cirt ag bun na spéire ag imtheacht ó'n láir-líne dhóibh. D'á
fhaide ó thuaidh d'á rachaidís is airde sa spéir a bhéadh an
réalt úd, agus nuair thiocfaidís suas leis an Mul bhéadh sí
díreach os a gcionn.



6. An t-é a bhéadh amuigh ar an bhfairrge, nó ar mhachaire
réidh, d'fheicfeadh sé bun na spéire i n-a chearcall ar gach
taobh dhe. Dá dtéigheadh sé i n-áirde i n-eiteallán, bhéadh
cuma chearcallach ar bhun na spéire i gcomhnaidhe, agus d'á
airde d'á rachadh sé is amhlaidh is mó a bhéadh an cearcall.



7. Cruthuigheadh cruinne an domhain le trí cuaille a
sháthadh i linn uisge, achar áithrid ó n-a chéile. Bhí an fad
céadna de gach cuaille os cionn uisge. Ag dearcadh a
mbárr trí chiandracán facthas go raibh bárr Cuaille a dó ní
b'airde ná Cuaille a haon ná Cuaille a trí. Dá fhaide ó
chéile a cuirfidhe iad 'seadh is airde a bhéadh Cuaille a dó
ná'n dá cheann eile.



Timcheall-seoladh na Cruinne.



Is féidir a áireamh mar chruthú air nach clár réidh an
domhan gur seoladh timcheall air go minic. Do féadfaidhe
seoladh timcheall air, ar ndóigh, dá mba cuma uibhe nó cuma
fhata a bhéadh ar an gcruinne — tá sé mar chruthú a haon ar an
tslighe sin, acht timcheall-seoladh na cruinne an chéad rud


L. 19


a chruthuigh do'n tsluagh, nach clár réidh, i n-a bheag nó a mhór,
an Chruinne. Agus fíoradh na cruthuighthe thuas i ngach ball,
ag seoladh timcheall na Cruinne do mháirnéalaidhthe.



Feictear grian na maidne níos túisge i n-Oirthear ná
i n-Iarthar tíre. Dá mba clár an domhan, feicfidhe san am
céadna i ngach áit í. Ar nós na horáiste tá'n Chruinne rud
beag réidh ag an dá cheann agus rud beag buillsgeanta i
n-a lár. Acht is suarach le rádh é sin i gcomórtas le méad
na Cruinne. Agus is suarach le rádh, freisin, an sliabh is
airde ar an talamh, nó an aibhéis is doimhne san aigéan i
gcomórtas le méad na Cruinne. Níl ionnta acht mar a
bhéah an ghairbhe atá le mothú ar chadhal na horáiste.


L. 20


IV



LÁ AGUS OIDHCHE.



Samhail-Ghluaiseachta.



An t-é a bhéadh ar luing-ghaile, agus í ag fágáil calaidh,
feicfidhe dhó gurab é an caladh a bhéadh ag imtheacht uaidh-
sean, agus ag dul ó léargus air diaidh ar ndiaidh. Nuair a
rinneamar aistear ar an traen an chéad uair, facthas
dúinn go raibh crainnte agus tighthe agus tacaí na sreangán
aibhléise ag luathadh tharainne, agus sinne i n-ár gcomhnaidhe.
Anois féin, má bhíonn an traen i n-a bhfuilmuid-ne agus
traen eile i n-a stad i Stáisiún ar feadh sgathaimh, agus go
ngluaiseann ceann aca sa deire, ní thig linn a dhéanamh
amach an í ár dtraen-ne nó an ceann eile atá ag corruighe,
go bhfeicimid an bhfuil Seomraí an Stáisiúin ar ár n-aghaidh
amach go fóill nó nach bhfuil. Ní hiongnadh gur facthas do na
sean-daoine gan sgolaidheacht, agus go bhfeictear d'á lán
fós, gurab í an ghrian a ghluaiseas i n-áit na Cruinne.



An dá Ghluaiseacht úd na Cruinne.



Bíonn dhá ghluaiseacht faoi'n gCruinne — an casadh ar a
fearsaid féin uair sa ló, agus an ghluaiseacht mór-thimcheall
na ngréine uair sa mbliadhain. Bíonn Lá agus Oidhche
againn de bhárr na gluaiseachta laetheamhla, agus na Séasúir
de bhárr na gluaiseachta bliadhantamhla.



Na Cruthuighthe.



Féachamuis leis an gcéad ghluaiseacht a chruthú ar dtús.
Feictear dhúinn go n-éirigheann an ghrian san Oirthear, go


L. 21


ngluaiseann sí thar spéir ós ár gcionn, agus go dtéigheann
faoi san Iarthar. Má bhreathnuighmid Réalt Suidhte ar bith
san oidhche, samhlóchar dhúinn go n-éirigheann sé, go dtéigheann
treasna na spéire, agus go dtéigheann faoi ghruaidh na
talmhan. Anois, bíonn siad-san ag gluaiseacht mór-
thimcheall na Cruinne, nó, neachtar aca, bíonn an Chruinne ag
casadh ar a fearsaid. Níor mhór luathas do-chreidte a
bheith faoi ghluaiseacht na Reanna úd, agus cúrsa na Cruinne
a dhéanamh i gcaitheamh ceithre huaire fichead. Agus níorbh
in-chreidte go bhféadfadh Reann is lugha ná iad féin iad go
léir a tharraingt i n-a timcheall. An dealbh atá ar an
gCruinn, b'shin díreach an saghas deilbhe a thiocfadh ar mheall a
bhéadh ag casadh timcheall agus í fós i n-a shilteach nó i n-a
ghail.



Is ó Oirthear go hIarthar a ghluaiseas an taoille nuair
nach gcuirtear isteach uirthi. Ní hamhlaidh a bhéadh an sgéal
marach gur ó Iarthar go hOirthear a bhéadh an domhan ag
casadh.



Sa Leath-chruinne Thuaidh séideann na gaoithe deiseall —
mar théigheas snáthaidí cluig — sa Leath-chruinne Theas is
tuaithbheall a shéideas siad. Pé'r bith cé'n treo a ghluais-
feadh rud uaidh féin ar dhruim talmhan tá sé i n-a riaghail go
gcastar deiseall é sa Domhan Thuaidh agus tuaithbheall sa
Domhan Theas i ngeall ar chasadh na Cruinne.



Dá leigtí do chloich tuitim síos i dtiobraid doimhin nó
i n-aon aibhéis, bhuailfeadh sí i n-aghaidh balla thoir na haibhéise.
Dá leigtí do chloich tuitim ó mhullach túir shroichfeadh sí
talamh achar beag soir ó'n bpointe a bhéadh thíos díreach.



Do cheap eolaidhe Francach darbh ainm Foucault, Ollchrocha-
dán a chur ag luasgadh sa bPanteon atá i bPríomh-chathair na
Fraince. Cruthuigheadh ar dtús go luasgfadh crochadán
trom anonn's anall sa gconair chéadna i n-a gcuirfidhe ar
luasgadh é. Chruthuigh sé seo go mbíodh gach a raibh faoi'n


L. 22


gcrochadán ag casadh, mar d'athruigheadh conair an chrocha-
dáin de réir mar chasadh an Chruinne. Rinne an Foucault
céadna casadh na Cruinne a chruthú le gléas ar a dtugtar
gíorosgóip, a oibrighthear de réir na riaghlacha céadna.



Lá agus Oidhche.



De bhárr an chastha seo na Cruinne bíonn lá agus oidhche
againn. Dhá dhlúimh atá ar crochadh sa richeadh iseadh an
Ghrian agus an Chruinne. Reann ghleordha an Ghrian, Reann
dhorcha an Chruinne. Tugann an Ghrian solus uaithi ar gach
taobh, agus luigheann a gaethe ar an leath de'n Chruinn is
goire dhi. Bíonn sé i n-a lá sa leath sin, agus bíonn sé
i n-a oidhche sa leath atá iompuighthe ó'n ngréin. Dá mbéadh an
talamh i n-a chomhnaidhe, sin mar a bhéadh go síor — leath na
Cruinne faoi bhuan-tsolus, agus an leath eile faoi amardall
oidhche i gcomhnaidhe. Acht de réir mar chasas an Chruinne
ar a fearsaid, tagann gach cuid di i ndiaidh a chéile ar
aghaidh na gréine amach, agus bíonn lá agus oidhche ar uanaidh-
eacht i ngach áit.



Lá de réir na Réalt.



Is féidir an fad a bhaineas sé de'n Chruinne casadh ar a
fearsaid a thomhas go beacht acht réalt áithrid a thoghadh,
oidhche, agus a shuidheamh a thabhairt chun cruinnis. Samhlóchar,
ar ndóigh, go rachaidh sé treasna na spéire, agus ní feicfear
ar chor ar bith é de shiubhal lae, i ngeall ar shoillsiú na
gréine, acht an uair a bhéas sé san alt céadna an oidhche
dá'r gcionn, béidh Cúrsa iomlán déanta ag an gCruinne.
Sin lá de réir na réalt, agus bíonn an fad céadna i gcomh-
naidhe ann .i. trí huaire fichead agus tuairim's caogad a's
sé nóiméad.


L. 23


Lá de réir na Gréine.



Is féidir fad an lae do thomhas ó'n uair a feictear an
ghrian sa bhFíor-Dheisceart, go bhfeictear í sa bhFíor-Dheis-
ceart an lá i n-a dhiaidh, le cuaille a sháthadh sa talamh, agus
a sgáth a bhreithniú; nó le solam, nó clog gréine, gléas
suidhte a thasbánas an uair de réir suidhimh na Cruinne
faoi'n ngréin, ar nós na cuaille. Bhéadh lá de réir na
gréine bun-ós-cionn le lá de réir na réalt, mar le linn an
Chruinne bheith ag casadh ar a fearsaid, bíonn sí ag leanamh-
aint d'á turas mór-thimhcheall na gréine, agus tóigeann sé
breis a's lá de réir na réalt an nóin-líne chéadna a thabhairt
faoi'n ngréin aon dá lá i ndiaidh a chéile. I n-a theannta sin,
ní hé an siubhal céadna a bhíos faoi'n gCruinne i gcomhnaidhe,
ag timchealladh na gréine di. Is mire a gluaiseacht i
ndeire na bliadhna nuair is goire í do'n ghréin, agus is
moille í i lár na bliadhna nuair is fuide í ó'n ngréin. Ní
bhíonn an fad céadna i n-aon dá lá i ndiaidh a chéile de réir
an tsolaim.



Lá de réir an Chluig, nó an Gnáth-lá.



Tomhastar an gnáth-lá agus meadhon a dhéanamh d'fhad an
lae de réir na gréine, isteach a's amach, i rith na bliadhna.
Is fuide an lá meadhonach sin de cheithre nóiméad ná lá de
réir na réalt. Amannta is fuide é agus amannta is gair-
ide é ná lá de réir an tsolaim, agus bíonn an fad céadna
ionnta amannta eile. Níl sa lá mar tomhastar ar an
gclog é acht samhail-lá. An ceathramhadh cuid fichead de lá
mar sin 'seadh uair a chluig.



Na Saghasanna Lae atá Againn.



Tá trí saghas lae ann mar sin — lá de réir na gréine, lá
meadhonach de réir na gréine .i. an gnáth-lá, agus lá de réir
na réalt.


L. 24


1. Lá de réir na gréine iseadh an spás aimsire atá idir
an nóiméad a threasnuigheas an ghrian nóin-líne áithrid, go
dtreasnuighidh sí í arís an lá i n-a dhiaidh. Fad éagsamhail a
bhíos sa lá sin.



2. Lá meadhonach — an gnáth-lá. Sin samhail-lá — an 365adh
cuid de bhliadhain de réir na gréine. Réidhtigheann an uair
de'n chlog sa lá sin leis an uair de réir an tsolaim — sé
sin le rádh, bíd ar comhfhad — ceithre huaire sa mbliadhain
.i. i lár an Aibreáin, i lár an Mheithimh, i ndeire Lughnasa,
agus faoi Nodlaig.



3. Lá de réir na réalt. Sin lá a tomhastar ó'n uair a
feictear réalt áithridh ós nóin-líne áithrid, oidhche go
bhfeictear san alt céadna an chéad oidhche eile é. Is
ionann fad do'n lá sin i dtóláimh.


L. 25


V.



AN BHLIADHAIN AGUS A COMH-ROINNTE.



An Dara Gluaiseacht.



Gluaiseann an Chruinne mór-thimcheall na gréine uair sa
mbliadhain. Is ó ghrinn-bhreathnú reanna neimhe a cruthuigh-
thear sin.



Bíonn réilt áithride le feiceál sa spéir, uaireannta.
Bíd as amharc ar feadh bliadhna, agus annsin feictear san
alt céadna arís iad.



Is mó an Ghrian i bhfad Éireann ná'n Chruinne, agus ós
rud é go bhfuil tarraingt ruda ar rud eile de réir a
thoirte, is cosamhala go ngluaisfeadh an talamh thart ar an
ngréin ná a chontrardha ar fad.



Tá cúig cinn de leannáin ag an Áirdreann Iúpatar.
Gluaisid mór-thimcheall uirthi ar chaoi go n-urdhubhuighthear
iad go han-mhinic, cuid aca uair amháin i n-ocht n-uaire
's dachad. Is cuma í nó clog a bhéadh ar crochadh sa richeadh
do'n mháirnéalach, tá na hurdhubhuighthe chomh riaghalta sin.
Is féidir a chruthú go mbíonn a chontrardha de shuidheamh ar
fad ar an gCruinne gach leith-bhliadhain ó na hurdhubhuighthe
sin a bhreithniú.



Na Striallóga Réalt, nó Comh-shoillsí.



Feictear dhúinn go leanann an ghrian conair áithrid soir
i measg na striallóga réalt atá sa richeadh, gach bliadhain —
rud a chruthuigheas go mbíonn athrú suidhimh ar an gCruinne i
gcomparáid leis an nGréin. Seo ainmneacha na dtriopall
réalt, agus na Séasúir i n-a bhfeictear dhúinn go mbíonn an


L. 26


Ghrian i n-a gcomhluadar. De réir comhairimh lucht réalt-
eolais an liost seo, mar ní áirimhimid-ne na Séasúir i
n-Éirinn ar aon-chaoi le lucht réalt-eolais. Comhairimheann
siad-san an t-Earrach ó Chomh-oidhche an Earraigh, tuairim's
an 21adh lá de mhí na Márta, agus na Séasúir eile dhá réir.



Comharthaí an Tuaiscirt:



An t-Earrach: Aries (Airtéid) nó An Reithe.
Taurus (Táir) nó An Tarbh.
Geimini (Geimine) nó An Cúpla.



An Samhradh: Cancer (Ceansoir) nó An Portán.
Leo (Leon) nó An Leomhan.
Uirgo (Uirgeo) nó An Óigh.



Comharthaí an Deiscirt:



An Foghmhar: Libra (Liobla) nó Na Sgálaí.
Scorpio (Sgoirp) nó An Nathair.
Saigitaurus (Saigitáir) nó An Saighideóir.



An Geimhreadh: Capricornus (Capricorn) nó An Gabhar.
Acuaruis (Acuair) nó An t-Uisgidhe.
Pisces (Pisg) nó Na hÉisg.



Siocair na Séasúr.



Ag machtnamh dhúinn féin ar chéard is ughdar do na Séasúir,
ní mór dhúinn ár n-aire a dhíriú ar thrí neithe:



1. Gluaiseacht na Cruinne mór-thimcheall na gréine.



2. Claonadh Fearsaide na Cruinne i dtreo a diaithire.



3. An Fhearsaid sin bheith dírighthe ar an Tuaisceart
de shíor.



Tuigimid go ndéanann an Chruinne cuairt na Gréine,
agus go mbaineann sé bliadhain di a dhéanamh. Ní síos suas


L. 27


de réir a fearsaide a bhíos sí, ag déanamh a cuairte
torachta di, acht ar sgeamh, ar claonadh i dtreo a diaithire.



Samhail-chásanna.



Dá mba i n-a díreach a bhéadh sí, ag taisteal di, bhéadh a
mhalairt d'aoráid ann. Bhéadh teas millteach ann faoi'n
láir líne i gcomhnaidhe, agus bhéadh ag dul de'n teas de réir
mar gluaisfidhe, ó thuaidh nó ó dheas, agus nuair sroichfidhe na
Muil - ghá chur i gcás go bhféadfaidhe a sroichint - bhéadh
fuacht do-fhulaingte ann i gcomhnaidhe. Sa tír se'againne,
ní bhéadh laetheannta fada an tSamhraidh againn ná na geamh-
oidhcheannta fada. Bhéadh lá agus oidhche ar comhfhad mar
bhíos i lár an Fhoghmhair nó i lár an Earraigh, agus bhéadh an
aoráid níos fuaire. Séard is bun do'n teas, gaethe na
gréine bheith ag soillsiú anuas díreach — a bheag nó a mhór —
ar an áit. Dá mhéid as a ndíreach a bhíd 'seadh is lugha an
spás a théithid, agus sa samhail-chás seo ní bhéadh na gaethe
uair ar bith chomh gar do'n díreach anuas orainne a's bhíos sa
Samhradh anois. Agus níorbh fhéidir an oiread céadna
teasa bheith i dtaisge i gcóir an gheimhridh.



Samhail-chás eile - dá mbéadh fearsaid na Cruinne ar
aon treo le n-a diaithir bhéadh an Mul Thuaidh nó an Mul
Theas sa bponc i n-ar samhluigheadh dhúinn an Láir-líne a bheith
sa samhail-chás thuas.



An Chruinne ar Sgeamh.



Mar sin, is ar sgeamh a bhíos an Chruinne, agus an Ceann
Thuaidh d'á Fearsaid dírighthe ar an Tuaisceart, sa gcaoi
nach í an chuid chéadna dhi a thagas díreach faoi'n ngréin aon
dá lá i ndiaidh a chéile. Bíonn an ghrian idir í féin agus an
Tuaisceart cuid de'n bhliadhain — sa Samhradh. Bíonn sise
idir an ponc sin agus an ghrian sa nGeimhreadh. Bíd araon
ar an tsuidheamh céadna ar ghualainn an Tuaiscirt san


L. 28


Earrach agus san bhFoghmhar. Tuigimid anois cé'n chúis a
mbíonn fad sé mhí san lá ag gach Mul ar uanaidheacht.



Iompuighthe na Cruinne.



Nuair thugas gluaiseacht na Cruinne puinte áithrid .i.
an t-Imeall Thuaidh de'n Chrios Teintidhe - díreach faoi
ghaethe na Gréine, de bhárr an Ceann Thuaidh d'á fearsaid
bheith dírighthe ar an Tuaisceart le linn bheith ag timchealladh
na Gréine dhi, ní féidir d'aon áit atá do'n leith thuaidh de'n
Imeall sin teacht faoi ghaethe díreacha na gréine. Uaidh
sin amach, tagann gach ball atá do'n leith theas de faoi'n
ngréin i ndiaidh a chéile, go sroichtear an tImeall Theas de'n
Chrios Teintidhe. Na riaghlacha céadna bheith i bhfeidhm a
choisgeas ar aon áit do'n leith theas de sin teacht díreach
faoi'n ngréin. Tugtaoi Iompuighthe na Gréine ar na
hImill sin. Tá's againne nach í an ghrian a iontuigheas acht
an Chruinne, agus tugamuid Iompuighthe na Cruinne ortha.
An t-Iompodh Thuaidh atá ar an Imeall Thuaidh de'n Chrios
Teintidhe agus an tIompodh Theas ar an Imeall Theas de'n
Chrios sin. Tá na poncanna sin 23½ céim ó'n Láirlíne ar
gach taobh.



A Bhaint sin leis na Séasúir.



Uair amháin sa mbliadhain, mar sin, bíonn gaethe na
gréine ag soillsiú anuas díreach ar an Iompodh Thuaidh.
Bíonn teas mór againne sa Domhan Thuaidh faoi'n am sin,
de bhárr go bhfuil na gaethe sin i ndáil le bheith díreach anuas
orainn, agus bíonn an lá níos fuide ná'n oidhche, de bhárr
an Leath Chruinne Thuaidh bheith iompuighthe chun na Gréine.
Sin lár an tSamhraidh sa Leath-chruinne Thuaidh. De réir
mar thugas gluaiseacht na Cruinne na puintí atá ó dheas de
sin faoi'n ngréin maoluighthear ar an teas agus giorruighthear
na laetheannta. I lár an Fhoghmhair bíonn an Láir-líne


L. 29


díreach faoi sholus na gréine agus is comhfhad do lá agus
d'oidhche an uair sin. Tugtar Comh-oidhche an Fhoghmhair air.
Tagann an chuid theas de'n Chrios Teintidhe faoi ghaethe na
gréine de réir a chéile uaidh sin amach. Nuair bhíos an
tIompodh Theas faoi'n ngréin bíonn fuacht mór againne de
bhárr gaethe na gréine bheith comh mór sin ar fiar chugainn,
agus gan iad féin ann acht ar feadh tamaill bhig sa turas;
agus bíonn an oidhche níos fuide ná'n lá, de bhárr an Leath-
Chruinne Thuaidh bheith iontuighthe ó'n ngréin. De réir na
héagsamhlachta sin i suidheamh na Cruinne i gcomparáid leis
an ngréin bíonn an Mul Thuaidh faoi sholus an lae leath de'n
bhliadhain agus an Mul Theas sa gcás céadna an leath eile.



Ainmneacha agus Cáilidheachta na Séasúr.



I ngach bliadhain, mar sin, tá ceithre cinn de Shéasúir,
agus trí mhí, nó ráithe, i ngach ceann aca.



1. An t-Earrach, nuair thagas fás agus borradh faoi
phlandaí ag teacht d'ár Leath-Chruinne-se ar aghaidh na gréine
t'réis bheith iontuighthe uaithe tamall. Ó Fhéile Brighde go
Lá Bealtaine a áirimhimid-ne an t-Earrach.



2. An Samhradh, nuair aibigheas toradh na talmhan faoi
theas na gréine, agus Tuaisceart na Cruinne ar iompodh
chuice. Bíonn sé i n-a Shamhradh ó lá Bealtaine go Lá
Lughnasa.



3. An Foghmhar, nuair baintear na báirr, nuair thuiteas
an duilleabhar agus thosuigheas na plandaí ar dhul i bhfolach
ó'n bhfuacht atá le teacht. Ó Lá Lughnasa go Lá Samhna a
bhíos an Foghmhar againn.



4. An Geimhreadh, nuair atá na crainn maol, agus na
síolta clúduighthe faoi'n ithir, agus an sioc agus an mór-
fhuacht againn de bhárr ár Leathchruinne bheith iompuighthe ó'n
ngréin, is ughdar fáis agus borrtha do'n dúil bheo, agus do
gach a bhfásann ar talamh.


L. 30


Bliadhain de réir na Réalt.



Dá bhféadtaoi na réilt d'fheiceál i lár an lae (rud nach
bhféadfaidhe, mara mbéadh urdhú iomlán na gréine ann, nó
mara mbéithí thíos ag tóin aibhéise doimhne, de bhárr an ghrian
bheith na milliúin míle níos goire dhúinn ná iad - d'á fhaide
uainn í - agus níos gile d'á bhithín sin) d'fheicfimis an ghrian
sa treo céadna le ceann áithrid de na réilt. Uaidh sin
amach, de réir mar bhéadh an Chruinne ag timchealladh na
gréine d'fheicfimis níos fuide do'n leith thoir de'n réalt
sin í. Leis an aimsir, d'fheicfimís an ghrian do'n leith
thiar dhe, agus sa deire, bhéadh an suidheamh céadna ar an dá
Reann a's bhí nuair thosuigheamar ghá mbreathnú an chéad uair.
Bhéadh bliadhain de réir na réalt caithte annsin. Tá 365
lá, sé huaire agus tuairim's 10 nóiméad sa mbliadhain
sin.



Bliadhain de réir na Gréine.



Ag breithniú an tsolaim nó na cuaille a bhí sáithte sa
talamh againn le fad an lae a thomhas, thugamar faoi deara
gur fuide an sgáth ar maidin agus tráthnóna ná ar mheadhon
an lae, agus, freisin, nach ionann fad do'n sgáth gach lá
i lár an lae féin. Is gairide an sgáth i lár an tSamhraidh
nuair is airde an ghrian sa spéir, agus is fuide é i lár an
gheimhridh nuair is ísle an ghrian sa spéir. Bíonn an fad
céadna sa sgáth faoi dhó sa mbliadhain — sna hamannta ar a
dtugtar Comh-oidhche an Earraigh agus Comh-oidhche an Fhoghmhair.
An spás aimsire atá idir aon Chomh-oidhche Earraigh nó
Foghmhair agus an chéad Comh-oidhche Earraig nó Foghmhair eile,
sin bliadhain de réir na gréine. Tá 365 lá, 5 huaire agus
tuairim's 49 nóiméad sa mbliadhain sin.



An Ghnáth-Bhliadhain.



Ar nós an ghnáth-lae, ní tomhastar an bhliadhain ar cheachtar
de'n dá bhealach sin. Is furusta a thuigsint gur éigin an


L. 31


tsuim áithrid laetheannta céadna a chomhaireamh n-a
bhliadhain, i gcomhnaidhe, agus féachaint leis na corr-
uaireannta a shocrú ar shlighe eicínt. Mar sin, déantar an
365 lá a áireamh i n-a bhliadhain agus féachtar leis na corr-
uaireannta a ídiú tré bhliadhain bhisigh — ina mbíonn 366 lá —
a dhéanamh de gach ceathramhadh bliadhain. Ní shocruigheann sé
sin an sgéal i n-a iomlán, mar ní bhíonn an ceathramhadh cuid
de lá de bhreis ar an 365 lá i mbliadhain de réir na gréine
— bíonn roint nóiméad i n-easnamh uirthi. Socruighthear
an sgéal sin — ní i n-a iomlán ar fad fós, acht gairid go
leor dhó agus bliadhain bhisigh a sgothadh uair gach ceithre
chéad bliadhain. Tógfaidh sé tamall fada ar chaoi ar bith,
an féilire a chur bun-os-cionn leis an socrú sin.


L. 32


VI.



AN AORÁID.



Mar a dtéigheann sé i bhFeidhm ar an Duine.



Tá dlúth-bhaint ag na hathruighthe san aimsir a thagas leis
na Séasúir, agus ag an aoráid ar cheana, le saoghal an duine.
Taobh istigh de'n Chrios Teintidhe bíonn fás nádúrtha faoi
phlandaí agus faoi thoradh na talmhan, ar shlighe nach gádh
do'n duine oibriú go cruaidh le riar a cháis a chur i n-áirithe
dhó féin. Ní gádh dhó aon áird a thabhairt ar thoradh na
fairrge. Idir gan a bheith d'ialach air slighe-bheatha do bhaint
amach dhó féin, agus an teas bheith ag goilleamhaint air de
ghnáth, bíonn leisge agus spadántacht agus leaduigheacht ann
ó nádúr. Ní dhéanann sé aon nidh d'á dheoin féin leis an
saoghal a chur chun tosuigh. Taobh istigh de'n Chrios Uardha
bíonn an duine ag strachailt leis an saoghal i gcomhnaidhe.
Ní bhíonn fás faoi phlandaí sna réigiúin sin, agus ní féidir
dhó bheith ag brath ar thoradh na talmhan. I dtuilleamaigh
tortha na fairrge a bhíos sé, agus bíonn a dhá dhóthain ar a
aire, agus anam agus colann a choinneál i dteannta a
chéile, gan trácht ar fheabhas a chur ar an saoghal seo, mar
mhaithe leis féin agus le n-a dtiocfadh i n-a dhiaidh. Sna
Réigiúin mheasardha, ní bhíonn ró-theas ná ró-fhuacht ag cur
isteach ar an duine. Bíonn toradh na talmhan go flúirseach
aige, acht ní gan saothar, mar bhíos ag áitreabhaighthe na
réigiún teo, agus san am céadna ní bhíonn sé chomh flúir-
seach sin aige a's go dtig leis bheith beag-bheann ar thoradh na
fairrge. Caitheann sé oibriú le slighe mhaireachtála a réidhtiú
dhó féin, acht ní bhíonn air a chuid ama agus a chuid fuinnimh go


L. 33


léir a ídiú chuige sin. Bíonn saor-am aige agus ní bhíonn
an leisge ag gábháil dhó ó nádúr. Sin mar thuiteas sé amach
gur sa Réigiúin Mheasardha is mó a rinneadh feabhas a chur
ar shaoghal an duine ar gach slighe.



Na Nidhthe a bhfuil baint aca leis an Aoráid.



1. Sé fad na háite ó Láir-líne na Cruinne an rud is mó
a bhfuil baint aige le aoráid áite. Tá rudaí eile ann, ámh,
a bhaineas de dhaingne na riaghlach sin, agus ní mór iad
d'áireamh:



2. Airde na háite ós cionn na fairrge.



3. Fánaidh na háite i dtreo na Láir-líne.



4. Comhgaracht na háite do'n fhairrge.



5. Áird na gnáth-ghaoithe.



6. Feachta an aigéin.



7. Suidheamh na sléibhte.



8. Mianach na hithire, agus fás plandaí.



Maidir leis an gcéad nidh, mar mínigheadh cheana is teotha
áit atá i ngar dho'n Láir-líne ná áit atá achar maith uaidh.
Soillsigheann an ghrian anuas díreach i gcomhnaidhe ar áit
eicínt taobh istigh de'n Chrios Teintidhe. Nuair a shoillsigheas
gaethe na gréine anuas ar áit is lugha an t-achar eatorra,
agus is cumhainge an spás atá le téitheadh aca ná mar
bhíos nuair a thagaid ar sgeamh air. Is fairsinge an t-achar
atá le téitheadh aca, agus is doimhne an sreath aeir tré n-a
gcaitheann siad bealach a dhéanamh, ag soillsiú dhóibh ar áit
nach bhfuil díreach fútha. Luigheann sé le tuisgint, mar sin,
go mbéadh teodhacht aon áite de réir a chomhgaraighe do'n
Láir-líne.



2. Ní ó'n ngréin díreach a gheibheas an t-aer furmhór a
chuid teasa. Is beag teas a ghlacas an t-aer uachtair ó'n
ngréin, toisg é bheith chomh héadtrom sin, agus gan aon smúid
ná smáilín ann a bhféadfadh an teas dul i ngreim ann.


L. 34


Glacann an t-aer íochtair roint teasa ó'n ngréin, mar
bíonn sé níos dlúithe, agus bíonn smúid agus gail-uisge ann
le n-a choinneál. Acht is túisge a téithtear an talamh ná
an t-aer, agus dáileann an talamh an teas amach ar an aer
annsin. Éirigheann an t-aer atá téithte mar is é is éad-
truime, acht sgaiptear an teas, agus sa deire buadhann
fuacht an aeir uachtair air. Sin é an fáth go n-abartar:



“An cnoc is airde is é is fuaire,
Cé gur dhó is goire an ghrian.”



3. Soillsigheann gaethe na gréine níos dírighe ar áit atá
ar dheiseabhair na gréine. Is teotha sleasa theas na
mBeanna Beola ná na sleasa thuaidh. Aon tír a bhfuil a
fánaidh i dtreo an deiscirt is teotha í ná tír a bhfuil luighe
na talmhan ó thuaidh.



4. Is túisge a ghlacas an talamh teas na gréine ná'n
t-uisge, acht coinnigheann an t-uisge an teas i dtaisge
nuair a bhíos sé glactha aige. Aon áit atá i n-aice na mara,
mar sin, bhéadh sé níos fionnfhuaire sa Samhradh agus níos
teotha sa nGeimhreadh ná a mhalairt.



5. Má's í an ghaoth andeas nó 'niar-ndeas is minice
a shéideas thar thír, is teotha de an tír, acht tugann an ghaoth
adtuaidh mar ghnáth-ghaoith, an fuacht léi. Má's thar
fhairrge a shéideas na gaoithe baineann níos mó comhthruime
leis an aimsir, dá chionn.



6. Bíonn feachta, idir fhuar agus te, san aigéan, agus
téithid nó fuaruighid na cóstaí le n-a dteangmhuighid.
Uisge fuar bheith níos truime ná'n t-uisge té, agus séideadh
na gaoithe is mó is ughdar dhóibh. Brughann an t-uisge fuar
an t-uisge leamh-fhuar go huachtar fairrge — sin, agus gála
agus aircíní, maille leis an taoille, coinnighid síor-


L. 35


ghluaiseacht ar siubhal san aigéan — nach dtéigheann thar
dhoimhneas áithrid, ar ndóigh.



7. Ma's ar an taobh thuaidh de thír atá na sléibhte suidhte
cosnann siad an tír ó na gaoithe fuara adtuaidh sa nGeimh-
readh. Má's i ndeisceart na tíre atáid, coinnigheann siad
na gaoithe brothallacha andeas amach ó'n tír sa Samhradh.
Bíonn baint ag na sléibhte le fliche nó le tiormacht na
haimsire, chomh maith.



8. Bíonn baint ag plandaí agus fáslach de gach sórt leis
an aoráid. Ós rud é gur silteach an chuid is mó de gach
planda, bíonn an bhaint chéadna nach mór, ag foraois, nó
fáschoill, nó aon achar mór bhéadh faoi phlandaí, leis an
aoráid, a's bhéadh le n-a chomh-fhairsinge de linn uisge.
Ar shlighthe eile tá baint ag an ithir leis an aoráid, mar
shompla, na fásaigh gainimheacha, agus an teodhacht a gheinid
agus a sgaipid. Ar an taobh eile de'n sgéal, is féidir
a ndroch-cháilidheachta a lagú nó a chur chun neamhnidhe agus
crainn a chur ar a bhfuaid, mar rinneadh sna Lainn sa
bhFrainc.


L. 36


VII.



AN RÉ.



Leannán do'n Chruinne.



Do fuaramar amach go mbíonn leannáin d'á gcuid féin
ag áirdreanna áithride, a théigheas mór-thimcheall ortha
díreach mar théighid-sin thart ar an ngréin. Bíd le n-a
gcois, ár ndóigh, ag taisteal dóibh. Leannán do'n Chruinne
iseadh an Ghealach, nó an Ré. Sí an dlúimh is goire dhúinn
í d'á bhfuil san spéir. Feicthear dhúinn go bhfuil sí chomh
mór leis an nGréin, ar bheith lán di, acht i n-a ionad sin, níl
sí i n-aon ghar do bheith chomh mór leis an gCruinne. Is mar
gheall ar a foisgeacht dúinn a bhreathnuigheas sí chomh mór sin.
Cosamhail leis na háirdreanna bíonn dhá ghluaiseacht fúithi
— a casadh ar a fearsaid agus a gluaiseacht thart ar an
gCruinne. Déanann sise an dá aistear sa spás céadna
aimsire, ámh, .i. in 29½ lá. Ní thóigfeadh sé acht 27½ lá
uirthi cuairt na Cruinne a dhéanamh dá mbéadh an Cruinne gan
bheith ag déanamh cuairte na gréine san am céadna. Tá
gach mí de réir na gealaighe níos giorra ná mí de réir an
fhéilire acht amháin Mí na Féile Brighde. Ar nós na Cruinne
ní'l solus d'á cuid féin ag an ngealaigh. Gheibheann sí
iomlán a cuid soluis ó'n ngréin.



Taisbeánta na Gealaighe.



Ag féachaint ar an ngréin dúinn tré ghloine dhaithte,
feicimid i n-a dlúimh chruinn i gcomhnaidhe í. Maidir leis
an ngealaigh, feicimid i n-a cruinn uaireannta í agus i n-a
leath-chearcall uaireannta eile. Ar uaire eile, ní bhíonn le


L. 37


feiceál againn acht corráinín caol de ghealaigh, ar uaire eile
fós, ní bhíonn sí le feiceál, ar chor ar bith. Acht bíonn sí ann
i gcomhnaidhe, gan aon athrú crutha uirthi. Is amhlaidh nach
bhfeicimid-ne, uair ar bith, acht an leath dhi atá faoi sholus
na gréine, agus de bhárr a gluaiseachta timcheall na Cruinne,
ní fheicimid an méad sin féin acht amháin ar feadh tamaillín,
gach mí. Tugann a gluaiseacht í go ponc nach bhfuil ion-
tuighthe chugainne acht an taobh dorcha dhe'n ghealaigh — an taobh
a bhfuil sé i n-a oidhche ann. Sin aimsir na duibhré, nó na
gealaighe nua, de réir an fhéilire. Bíonn sí ar an taobh
i bhfus de'n ghréin annsin. De réir mar leanas sí de'n
ghluaiseacht, tagann an leath atá soillsighthe ag an ngréin
diaidh ar ndiaidh i raon ár súl.



Ní bhíonn acht dhá adhairc na gealaighe ann ar dtús, i gceann
seachtmhaine bíonn corrán na gealaighe ann, i gceann
coicíse bíonn an ghealach lán ann. Bíonn sí ar an taobh thall
ó'n ngréin an uair sin, agus is féidir dhúinne iomlán na
leithe atá faoi thaithneamh na gréine d'fheiceál. Uaidh sin
amach tugann a gluaiseacht de réir a chéile as raon ar súl í,
go sroicheann sí ponc na duibhre arís. Ní i n-aon líne le n-a
chéile a bhíos an dá dhlúimh le linn na duibhre nó na láin ré —
dá mb'eadh, bhéadh urdhú na gealaighe againn gach mí, mar
choinneóchadh an Chruinne solus na gréine amach ó'n ngealaigh
le linn í bheith ar aghaidh na gréine, agus an Chruinne eatorra,
agus bhéadh urdhú na gréine ann le linn na duibhré. Acht ní
threasnuighid conair a chéile acht go hannamh, agus ó's rud é
gur de shiubhal lae amannta, a threasnuigheas an ghealach
cosán na Cruinne agus í ar an taobh thall, agus go mbíonn sé
i n-a oidhche amannta, nuair a thagas sí treasna air agus í
ar an taobh i bhfus, ní léirighthear an t-urdhú dhúinne. Is rí-
annamh a tharluigheas urdhú iomlán na gealaighe nó na gréine
i gcomórtas le n-a mhinice a's d'fhéadfadh sé tuitim
amach.


L. 38


VII.



DROMCHLA AN DOMHAIN.



Ranna Talmhan agus Uisge.



Níl acht an ceathramhadh cuid de'n Chruinne faoi thalamh
thirim, agus tá furmhór na talmhan tirme sin san Domhan
Thuaidh — mar atá, An Eoraip agus An Áisia (nó an Eoráisia,
mar tugtar ar an dá Roinn go minic) Tuaisceart na
hAifrice, Meiriocá Thuaidh agus cuid de Mheiriocá Theas.
Níl sa Leathchruinne Theas acht An Ástráil, agus an chaol-
chuid de'n Aifric, agus de Mheiriocá Theas. Maidir leis
na hAigéin, tá'n t-Aigéan Indiach, An t-Aigéan Reoidhte
Theas agus an chuid Theas de'n Aigéan Ciúin agus de'n
Fhairrge Mhóir sa Leath-chruinne Theas — an chuid is fairsinge
d'uisgí na Cruinne.



Mar Thagas Athrú ar Phlaoisg na Cruinne.



Bíonn an t-achar atá faoi uisge ag dul i méad i n-áiteacha
agus ag dul i laighead i n-áiteacha eile. Bíonn grian agus
gaoth agus báisteach, sioc agus sneachta, aibhneacha agus
fairrgí, teas cuirp na Cruinne istigh, agus saothar an
duine féin ag dul i bhfeidhm ar phlaoisg na Cruinne, agus ag
cur buan-athruighthe uirthi, i n-imtheacht na n-Aoiseann.



Catharacha móra do bhí ann uair, táid báidhte faoi ghaineamh
ag an ngaoith. Tá talamh déanta de'n ghaineamh i n-áiteanna
a bhí faoi uisge uair.



Sughann teas na gréine gail-uisge aníos ó'n aigéan.
Fuaruighthear agus dlúthuighthear an ghail sin ar shroichint an
aeir fhuair uachtair dhi, agus tuiteann sí chun talmhan i


L. 39


bhfuirm fearthanna. Téigheann cuid di sin síos tré'n ithir
go sroicheann carraig chruaidh — plaosg chruaidh na Cruinne.
Snigheann ar aghaidh tamall, agus tibreann amach arís i n-a
fhuarán ar uachtar na talmhan agus gluaiseann chun bealaigh
i n-a shruth. Tagann uimhir eicínt de na sruthanna sin chun a
chéile agus déantar abha díobhtha. Gearrann agus tollann
an abha sin bealach chun fairrge dhi féin, tugann clocha agus
gaineamh agus créafóg léi, agus fágann a rian ar dhromchla
an domhain. Cuid eile de'n bháistigh, leaghann sí mionaráil
agus carraigreacha boga. Déantar tobair leighis i
n-áiteacha d'á bhárr, nó méaduighthear ar a dtugann na
haibhneacha chun fairrge leo. Déanann cuid de'n uisge a
bhealach chun láir te na Cruinne, áit a bhfiuchthar é agus
brúchtann sé amach le fuinneamh i n-áiteacha, mar bhrúchtfadh
uisge beirbhthe amach as gob túláin. Sa ngeimhreadh déantar
oidhear de'n uisge a thuiteas isteach i sgoilteanna na
gcarraig, agus ó's toirteamhla oidhear ná uisge, pléasg-
tar ar na carraigreacha de réir mar bhorruigheas an
t-uisge tré n-a sheactha.



Sneachta is mó a thuiteas taobh istigh de'n Chrios
Reoidhte, agus ar mhullach na sléibhte is airde. Déantar
cnuic oidhre dhe ins na Críocha Reoidhte agus sruthanna oidhre
dhe ar mhullach na sléibhte, ó na sreathanna sneachta bheith ag
luighe anuas ar a chéile. Sgaoiltear cnuic oidhre chun
bealaigh adtuaidh, i gcomhnaidhe, ar theacht do'n Chearcall
Reoidhte faoi bhuan-tsolus na gréine sa Samhradh, agus
beirid clocha agus moilléirí leo go háiteacha eile. Gluais-
eann na sruthanna oidhre anuas ó na sléibhte, d'á dtarraingt
chuige ag an meall mór talmhan thíos. Gearraid agus
sgríobaid na carraigreacha fútha. Bainid ailp mhóra
díobhtha, agus bailighid chuca féin clocha agus créafóg agus
gaineamh, agus aistrigheann iad go léir go háiteacha eile.
Sin mar thárluigheas d'eisgir nó do thulaigh ghainmh bheith i lár
tíre a bhfuil a mhalairt ar fad d'ithir innti, agus clocha


L. 40


móra nach bhfuil ar aon mhianach le carraigreacha na háite
bheith ar shleasa na sléibhte ann.



Buaileann tonntracha na fairrge i n-aghaidh na gcarraig
cois oirir. Brisid agus ídighid na carraigreacha boga
agus déanann bealaigh do'n fhairrge isteach faoin tír.
Meileann agus suaitheann siad na mealltracha briste,
aistrigheann ó áit go háit, agus buaileann i n-aghaidh a chéile
iad, agus caitheann isteach ar thráigh eile sa deire iad.
Dá bhithín sin, i n-imtheacht aimsire, déantar talamh tirim
d'aiteacha a bhí faoi uisge na fairrge, uair. Feictear
buin agus préamhacha crann cois fhairrge nuair a bhíos sé
i n-a thráigh, a chruthuigheas gur talamh faoi choillte a bhí ann
uair; agus i mbaill istigh faoi'n tír gheibhthear iarsmaí a
chruthuigheas go raibh na baill sin faoi uisge na fairrge uair.



An teas atá istigh i meadhon cuirp an domhain cuireann
sé athrú ar Dhromchla na Cruinne. Catharacha móra a bhí
ann uair, táid múchta faoi lábha a bhrúcht amach as na bolcáin.
Déantar árdán de'n ísleán agus ísleán de'n árdán, agus
báithtear tíortha i n-a n-iomlán, nuair thárluigheas creathanna
móra talmhan.



Agus i dteannta na n-athruighthe a thagas ar dhruim an
domhain de bhárr na cumhachta nádurtha seo, bíonn an duine
féin ghá athrú. Déantar bogach do thaosgadh agus do
thriomú le talamh cuir a dhéanamh dhe. Gearrthar canála i
n-áiteacha a leigeas dhá aigéan uisge chun a chéile. Tógtar
sgonnsaí le uisge na fairrge a choinneal amach ó thíortha.
Tolltar agus tochailtear agus pléasgtar agus polltar i
ndoimhneacht na talmhan. Cuirtear agus baintear foraoisí,
agus mar sin de. De bhárr na hoibre seo go léir, ní hé an
cruth céadna atá ar an gCruinne anois a's bhí uirthi na mílte
bliadhain ó shoin, agus tiocfaidh athruighthe eile leis na
bliadhanta atá romhainn.


L. 41


IX.



AN t-AIGÉAN.



Mar Líontar agus Traochtar É.



Gluaiseann bunáite a bhfuil d'aibhneacha ar an domhan
amach sa bhfairrge, acht ní mhéaduigheann sin ar a mbíonn
d'uisge innti, mar bíonn uisge ag séalú aistí de shíor i
bhfuirm gaile. Uisge guirt atá san Aigéan, mar bheireann
gach abha a bheag nó a mhór de shalann agus de mhionaráil
léi chun fairrge, agus nuair éirigheas an ghail, fágtar iad
seo ar leaghadh sa bhfairrge.



Doimhne an Aigéin.



Tomhaiseadh é i ngach roinn de'n domhan agus cruthuigheadh
gur doimhne éagsamhail atá ann — díreach mar is airde
éagsamhail atá sa talamh. Na haibhéisí is doimhne táid
san Aigéan Ciúin. Tá doimhne mhaith i n-áiteacha sa bhFairrge
Mhóir, freisin.



Gluaiseachta na Fairrge.



Idir ghluaiseachta na dtonntracha, feachta, agus na
taoille, bíonn an fhairrge ar suathadh de shíor. An ghaoth
ag séideadh thar uachtar an uisge is mó is ughdar do na
tonntracha. Teas éagsamhail an uisge sna réigiúin fhuara
agus teotha, cumhacht gála, agus gailiú an uisge is bun mar
meastar, do na caisí, nó sruthanna, san Aigéan. Tarr-
aingt gealaighe agus gréine ar an gCruinne is cionntach
leis an taoille.



1. Níl ins na gnáth-thonntracha acht uachtar an uisge.


L. 42


De réir mar thagas tonn i dtreo na trágha coinnigheann
fánaidh na talmhan amach ó'n oirear an chuid íochtar de'n
uisge siar, agus ní leigtear chun an chósta acht an chuid
uachtar. Acht le linn stoirm agus anfadh gaoithe bheith ann
séidtear breachloinní agus madhmanna móra i gcoinne
na trágha.



Na Feachta.



Na sruthanna a ghluaiseas i n-uachtar uisge an ghaoth is mó
is ughdar dóibh. Na feachta is doimhne cuirtear ag
gluaiseacht iad de bhárr go mbrughann an t-uisge fuar
íochtair as a ionad an t-uisge leamh-fhuar uachtair. Gluais-
eann an t-uisge fuar adtuaidh ó na Réigiúin Reoidhte chun
na Láir-líne. De réir mar théigheas sé i ngar do'n
Láir-líne, téithtear é. Cuirtear suas go huachtar é, agus
gluaiseann sé ar ais ó thuaidh. Fuaruighthear i leabaidh a
chéile ar an aistear é, agus tosuigheann sé ar a thimcheall-
ghluaiseacht arís.



Na feachta ó'n Láir-líne, téithid na cóstaí le n-a dteang-
mhuighid. Na feachta ó'n Aigéan Uardha, fuaruighid na
cóstaí a ngluaiseann siad tharta. An Feacht, nó Sruth, a
ghluaiseas 'niar-ndeas ó Chuan Mheacsacó, téitheann sé
cóstaí ar dtíre-ne. An Feacht Uardha a ghluaiseas adtuaidh
as an Aigéan Uardha, fuaruigheann sé cóstaí Oirthir
Mheiriocá. Sin mar thuiteas sé amach gur fuaire áiteanna
atá ar an gcósta sin ná Éire, cé go bhfuilid ar aon fhad léi
ó'n Láirlíne.



Na Taoillí.



“Tuile a's a trághadh, 'seadh chaitheas an lá,” mar adeir
an sean-fhocal. Éinne a bhain faoi cois fhairrge ariamh
thug sé faoi deara go mbíodh sé i n-a lán-mhara faoi dhó i
n-imtheacht tuille bhig a's ceithre huaire fichead. Tráigh-


L. 43


eann an t-uisge arís, go mbíonn sé i n-a thráigh, tuileann
arís, agus bíonn sé i n-a lán mhara i gceann dhá uair dhéag
agus ceithre nóiméad fichead arís.



Cuirtí a lán spéise i ngluaiseachta na fairrge 'chuile
uair ariamh. Bhíthí ag faire uirthi ag tuileadh agus ag
trághadh, agus ghá iarraidh fios d'fhágháil céard ba chionntach
leis an iongantas sin. Tugadh faoi deara go mbíodh an-
chosamhlacht idir ghluaiseachta na fairrge agus iomthoiniú
na gealaighe. Sa deire, fritheadh amach gur bhain an ghluais-
eacht leis an riaghail úd go bhfuil tarraingt ag rudaí ar a
chéile. Díreach mar tharraingeas an ghrian chuici na háird-
reanna agus na mion-reanna atá ar a comhlucht, díreach
mar tharraingeas an Chruinne chuice féin an ghealach, go
gcoinnigheann sí ag bogadh thart timcheall uirthi féin í,
díreach mar tharraingeas sí chuice féin an t-ubhall a sgaoil-
tear ó'n ngéig, tarraingeann grian agus gealach chuca an
Chruinne seo. Acht is mór an difrigheacht atá idir tar-
raingt an dá reann. De réir na riaghlach sin na tarraingte,
bíonn smacht ag rud ar rud eile de réir a thoirte i gcom-
paráid leis, agus a fhoisgeachta dhó. Is mó i bhfad Éireann
an ghrian ná'n Chruinne agus an ghealach i dteannta a chéile,
agus is treise i bhfad a tarraingt ar na háirdreanna d'á
bhárr. Tomhastar an tarringt ó lár dlúmhe amach. Anois,
is beag le rádh an t-achar atá idir lár na Cruinne agus
uachtar na Cruinne, agus is beag le rádh an Cruinne féin,
i gcomórtas leis an achar atá idir í agus an ghrian. Tar-
raingeann an ghrian iomlán na Cruinne seo chuice, acht de
bhárr an t-uisge bheith so-ghluaiste aistrigheann a ionad ar
an gCruinne rud beag, de réir na tarraingte.



Is lugha i bhfad an ghealach ná'n Chruinne, agus níl ar a
cumas acht an chuid is goire dhi de'n Chruinne a tharraingt
chuice. Ó's dlúimh dhí-shilteach an Chruinne ní féidir le
cuid di gluaiseacht gan an chuid eile a tharraingt n-a diaidh
— sin é an fáth a dtomhastar cumas tarraingte ó lár na


L. 44


dlúimhe - acht tá imthighthe de chumhacht na tarraingte ar an
taobh thall, agus ó's silteach an t-uisge, fágann an Chruinne i
n-a diaidh thall é. Bíonn sé i n-a lán-mhara san am céadna
ar an taobh thall agus ar an taobh i bhfus, agus i n-a thráigh
ar an dá thaobh de'n dá phonc sin. Mar adéarfaidhe, tá'n
ghealach chomh gar sin do'n Chruinne a's gur fiú áireamh an
t-achar atá idir lár na Cruinne agus plaosg na Cruinne,
agus tá'n ghrian chomh fada uaithi a's gur suarach le rádh an
t-achar sin. Sin é an chúis go bhfeictear dhúinne go bhfuil
tarraingt na gealaighe níos treise ar an gCruinne ná
tarraingt na gréine — rud nach bhféadfadh bheith amhlaidh.



De réir mar dhéanas an ghealach cuairt na Cruinne, mar
sin, tarraingeann sí chuici féin an taobh de'n Chruinne is
goire dhi. An t-uisge bheith so-ghluaiste agus an talamh
bheith i n-a dhlúimh dho-sgartha thoirteamhail is cionntach le
gluaiseacht an uisge amháin bheith le feiceál againn. Sgaoil-
eann sí de'n tarraingt de réir mar théigheas sí chun bealaigh
ó aon áit — nidh a leanas do'n nidh eile. Laige tarraingte
na gealaighe, mar sin, is bun le baint níos dlúithe bheith aici
leis na taoillí ná ag an ngréin. Bíonn an Chruinne ag
déanamh cuairte na gréine le linn an ghealach bheith ag
gluaiseacht thart uirthi, rud a chuireas malairt suidhimh ar
an dá dhlúimh ó ló go ló, i gcomparáid le n-a chéile, i dtreo go
dtóigeann sé an ghealach tuille a's ceithre huaire fichead
teacht suas le puinte áithrid ar an gCruinne aon dá lá
i ndiaidh a chéile. Mar gheall air sin, bíonn an taoille
ceithre noiméad fichead níos deireannaighe gach uair d’á
líonnann sí ná mar bhí an uair roimhe. Agus deirimid go
n-éirigheann an ghealach i ndáil le huair níos moille gach
oidhche ná'n oidhche roimhe.



Faoi dhó sa mí, le linn na duibhré agus le linn na láinré,
bíonn rabhartha agus lag-mhara ann ar uanaidheacht. Le
linn na duibhré bíonn tarraingt na gréine ag cuidiú le
tarraingt na gealaighe, mar bhíd ar aon tsuidheamh le n-a


L. 45


chéile ar thaobh amháin de'n Chruinne. Le linn na láinré,
bíonn tarraingt na gealaighe ar an thaobh thall agus tarraingt
na gréine ar an taobh i bhfus. Idir an dá linn, bíonn mall-
mhuir ann, seachtmhain t'réis aimsire na láinré agus na
duibhré. Ní bhíonn aon chabhair le fágháil ag an ngealaigh
ó'n ngréin faoi'n am sin, acht a mhalairt ar fad. Cuireann
tarraingt na gréine ar iomlán na Cruinne as do tharraingt
na gealaighe ar an gcuid is neasa dhi de'n Chruinne, i dtreo
nach mbíonn an taoille chomh hárd ar bheith lán di, ná chomh
híseal ar bheith i n-a thráigh dhi.



Dá mbéadh uachtar na Cruinne ar fad faoi uisge, bhéadh
an lán-mhara i ngach áit nuair a bhéadh an ré sa bhfíor-dheis-
ceart. Ní mar sin a bhíos sí, mar chuireann na Ranna
talmhan isteach ar an taoille, agus cuireann moill uirthi.
I n-áiteacha, bíonn sé i n-a lán-mhara ceithre huaire sa ló,
mar tagann an t-uisge chuca ar dhá chonair thart ar na
Ranna talmhan.


L. 46


ÁIT-CHOMHNUIGHTHE AN DUINE.



Fáslach na Cruinne.



Le fás a cur faoi aon phlanda tá gádh le biadh, le solus,
le teas agus le taisleach. Gheibheann an planda biadh ó'n
ithir agus ó'n aer. Ní mór fliuchra leis an mbiadh sin a
leághadh. Agus dá mbéadh idir ithir agus aer agus fliuchra
gan locht, ní thiocfadh fás faoi na plandaí ná aibiú ar a
dtorthaí, i n-éaghmuis soluis agus teasa na gréine. Sna
háiteanna is goire dó'n láirlíne, béidhfidhe ag súil go
mbéadh fás ar fheabhas faoi gach bárr agus glasraí agus
crainn. Bíonn fliuchra mór ann de bhárr gailiú an uisge,
agus neasacht an aigéin, agus an teas is gádh le tortha
d'aibiú. Mar sin atá. Ag teacht andeas ó'n lair-líne,
sroichtear réigiúin nach mbíonn an ithir ionnta ná'n taisleach
is gádh d'fhás, agus cé go mbíonn teas agus solus go
fairsing, ní thagann fás faoi aon nidh, acht amháin i bhfíorchorr-
áit, i n-a mbíonn tobar fíor-uisge. Sin iad na fásaigh
mhóra gainimheacha. Ag teacht andeas i gcomhnaidhe sroich-
tear na réigiúin mheasardha. Na nidhthe atá riachtanach
d'fháslach táid sna réigiúin sin, cé is moite do na háiteanna
atá i bhfad ó'n bhfairrge, nach ndéanann sé mórán báistighe
ionnta. Acht níl an mór-theas ann a aibigheas gach toradh
chomh luath sin faoi'n Láir-líne, agus is ughdar do bhuirbe
agus d'fhiatamhlacht an fháslaigh sna réigiúin sin. Sna
Críocha Reoidhte, ní fhásann aon nidh acht caonach agus corr-
thor casfháis.



Baineann airde le fáslach chomh maith le acharfhad. Bhéadh
an éagsamhlacht céadna le feiceál ag dul suas árd-shliabh a
bhéadh i ngar do'n Láirlíne, a's bhéadh ag teacht andeas
thríd na Creasa, mar luadhadh.


L. 47


Bhíodh difrigheacht mhór idir fáslach gach Ranna Talmhan -
go háithrid idir fáslach Mheiriocá agus Ástraoille, agus
fáslach na Ranna eile, i ngeall ar an Áigéan Mór bheith d'á
ndeighilt ó n-a chéile leis na haoiseanna. Acht de réir
mar théigheas muintir na hEorpa ó chrích go crích, tugaid leo
na plandaí is dual d'á Roinn féin, agus ag filleadh dhóibh
beirid leo ar ais na plandaí iasachta. Cuid aca, ar ndóigh,
ní féidir iad a phréamhú san Eoraip, acht amháin i dtighthe
gloine i n-a gcoinneochthaí teas leo.



An Dúil Bheo.



Bhíodh an éagsamhlacht chéadna ag bhaint le ainimhidhthe
gach Ranna, nach mór, acht tugann an duine leis ó thír go
tír na hainmhidhthe atá mínighthe aige agus téighid i líonmhaire
i bhfad ó n-a dtír dhúthchais. De réir mar áitighthear na
réimsí móra talmhan a bhí bán uair, téigheann na hainmhidhthe
allta i nganntacht. Na faol-choin agus na tuirc bhíodh
fiadháin i n-ár dtír féin níl tásg ná tuairisg ar a léitheidí
innti le fada an lá. De réir mar théigheas an cine daonna i
líonmhaire, téigheann na hainmhidhthe allta i dteirce.



Na Cineadhacha Daoine.



Tá trí cine móra ann .i. An Cine Cácáiseach, nó na daoine
bána; an Cine Mongóilleach, nó na daoine buidhe, agus
an Cine Gorm. Tá lucht an gheal-chneis sgaipthe ar fud an
domhain anois, acht bhí uair ann nach rabhadar le fágháil acht
san Eoraip, agus san gcuid den Aifric agus dén Áisia
is neasa di. Anois tá Meiriocá agus An Ástráil áitighthe
aca, agus réimsí móra sna Ranna eile. Na daoine buidhe,
tá comhnaidhe ortha ar Roinn na hÁisia, agus ceaptar gur
de'n chine sin príomh-áitreabhaighthe odhra Mheiriocá agus na
daoine buidhe-ordha a bhfuil comhnaidhe ortha ar na hoileáin
san Aigéan Indiach agus san Aigéan Ciúin.



19 Dawson Street, Dublin 2
D02 HH58 +353 1 676 2570 info@ria.ie
Royal Irish Academy
Cookie Use
Website developed by Niall O'Leary Services